Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caoch The Piper.
Title
Caoch The Piper.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Russell, Wm.
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Caoch The Piper I. Lá geimhre n-aon, fad' o, fad' o, 'Nuair bhíos am ghárlach gairid, Do ghluaisios píobaire liath, dall, crón, Ag taisdiol chum ar n-doruis, Ach O! mar líon mo chroidhe le meídhir, Cé 'r dubh é aoir na spéire, 'Nuair dhearc me'n siúblaidhe 'gus a ghadhar, “Pinch” bocht agus Caoch O'Laoghaire. II. Ach 'nuair do sguir dá phíb amach A mála síoghach, tamall,
Dubhairt me “ní'l a n-Éirinn ghlas Go léir, le fághail a shamhailt:” Agus ritheann Fionn do Bourc go prab, Fós Eibhlín, Cáit a's Mary, Agus Seaghan Macaoidh, le luas isteach Ag fáiltiughadh Chaoich Ui Laoghaire. III. O! beannacht leis an aimsir ghrín; Beannacht le laethibh m' óige! 'Nuair bhídhinn air thuairisg neadracha Ó mhaidin go tráth-nóna — Ní dhearmadfad na tratha séin, Tré ádh no bliaghanta daora — Ní dhearmadfad mo cháirde sean, Ná Caoch gan meang O'Laoghaire. IV. Do chuaidh Caoch a's Pinch a d-tráth chum suain, Ach air maidin, le moch-óirighe, Glaodhann me suas go g-cloisinn uaig “An ghaoth do chroith an órna;” Annsan do bhuail mo chiabh líon-bhán, Agus ghoir-sé dia dhom chaomhna — Ach ghoil me 'nuair a dubhairt sé, “slán, Agus smaoin air Chaoch O'Laoghaire. V. Do thugsad fithche samhradh cuairt Do bhí grian na lúine air goradh, Agus mise 'm' fhear am' shuidhe go duairc, A smaoineamh, ag am dhorus; Gluaisios maidrin chugham sa t-slíge, Ba cortha mall go léir é; Agus na dhiaig bacach gan bhrígh — Siad Pinch agus Caoch O'Laoghaire. VI. Sean-Chaoch, mo nuar! is dreoil a chruit Agus lúbadh dhó is éigion; Is bán a lamha 's is lom a chruit, 'S na datha táid ag tréigion Air a mhala críon gan snas,— Agus Pinch faoi dho níos géire, 'S níos gruagaidhe 'na 'nuair chonairc me'r d-túis É féin a's Caoch O'Laoghaire. VII. “Dia dhíbh,” ar-san deoraidhe tláith, “Gura fada uaibh gach aimhleas; A mairionn aoin-ne beo san áit Ar cuímin leis Caoch na Píbe?” Le croídhe bo lán d'fháisg mé a ghlac Sé dubhairt go caoin “mo laogh thú, An tusa leanbh an chinn ba tais, Do ghradhuigh sean Chaoch O'Laoghaire?” VIII. Dubhras gur má — do bhéic an fear Mar bheith a chroidhe dhá raoba — “'S cá bhfuil,” air-sé, an spórt air fad San áras so ba léir dom Timchioll fithche bliaghain o shoin?” - Mo sgéal — osnaighim — cé daor é, Ní'l beo ach me chum fáilte chur Anois roimh Chaoch O'Laoghaire.” IX. “Óbhó bhó!” air-sé, ag caoi, 'S go dian do ghread a bhasa; Ó léig me 'steach a stór mo chroidhe, 'S a máireach raighead a bhaile: Fagfaidh me an saogal fuar, díth, Mar ar fada me am straedhire, Agus coinne-se mo ghadhar 's mo phíob, Agus guidhig air Chaoch O'Laoghaire.” X. Le Pinch beag fairim é go ló; Ach air maidin, mar ba mhéin leis, D'éag-sé, agus aifrionn báis dó Radhann an-t-athair Séamus — Na comharsain téighid, 's do dhéinid uagh 'Ngar Eibhlín, Chaite a's Mhary, Mar ar síoch a dheire-shuan — Beannacht le Caoch O'Laoghaire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services