Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalta Gearra an Iarthair 2
Title
Sgéalta Gearra an Iarthair 2
Author(s)
In eagar ag Micheál Ó Tiománaidhe,
Compiler/Editor
Ó Tiománaidhe, Micheál
Composition Date
1906
Publisher
Gill, M. H. & Son.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CONNACHTACH A CHUAIDH GO CÚIG' ULADH. Thar éis Cheannairce Chathaoir Uí Dhochartaigh, tháinig go leor Sasanach go Cúig' Uladh na hÉireann, agus chuir siad fútha mar sgológa ar a chuid talmhan. Ins an tráth céadna chuaidh buachaill as Cúige Chonnacht síos ann ag saothrughadh páighe. Chonnaic sé tidheacht amach as teach sgolóige, buachaill maith, agus sruth fola le n-a dhá leiceann. D'fhiafruigh an Connachtach dhe goidé d'éirigh dhó, agus dubhairt an buachaill leis, "Tá an sgológ atá annseo istigh ag mealladh go leor buachaillí, tá lán ciseáin de chluasaibh bainte aige de bhuachaillibh a rinne aimsir leis, agus meallann sé iad le sórt margaidh a dhéanas sé leo. "Geallfaidh sé deich bpunt a thabhairt dobhtha, nó go ngoiridh an chuach agus bhéarfaidh sé cead dóibh a dhá chluais a bhaint de féin, lá ar bith fheicfeas siad fearg air, agus bhéarfaidh sé iomlán páighe dhóibh, agus má thigeann fearg ar an mbuachaill, bainfidh sé an dá chluais de agus cuirfidh sé ar siubhal é, gan pighinn ar bith. Ní thiubharfaidh sé éan ghreim le n-ithe dhó acht éan bhéile amháin sa' lá, agus sin é an méid bhéas le fágháil nó go raibh an aimsir istigh aige." "Féachfaidh mé leis é," adubhairt an Connachtach. Chuaidh sé isteach; ní raibh an margadh i bhfad dá dhéanamh. Leagadh a dhinnéar faoi, agus mar bhí 'fhios aige ó'n bhfear a chaill na clusa nach mbeadh éan ghreim eile le fágháil aige, chuir sé an fuighleach ins na pócaibh. Chuaidh sé amach ag bualadh eornan ins an sgioból. Ní raibh ag an Sgolóig acht a mháthair agus é féin; bhí sí críon liath. Nuair tháinig an oidhche dorcha le bheith ag
obair, tháinig an Connachtach isteach; ní raibh éan fhocal labhartha le suipéar a thabhairt dó; thoisigh sé triall le dhul a chodladh, agus thoisigh sé ag ithe as na pócaibh. Dubhairt an chailleach le n-a mac an Sgológ, "Rachaidh mise i mbannaí gur buachaill atá ins an gConn- achtach," nuair thoisigh sé ag ithe. Nuair a d'éirigh sé ar maidin, dubhradh leis a dhul ag obair aríst ins an sgioból, agus chuaidh sé ag cáthadh agus ag glanadh na heornan nó gur ghlan sé lán dhá shac dhí. Chonnaic sé carréara ag gabháil an bóthar, agus ghlaodh sé chuige air, agus dubhairt leis, "Tabhair leat an dá shac seo agus díol dom iad, agus tabhair chugam a-bhaile an cheathramha mairt-fheola is fearr a gheobhas tú, agus dhá bhuideál cárta lán le uisge-beatha, agus bhí agam annseo i n-am dinnéir." Chomh luath agus tháinig an fheoil agus an t-uisge beatha chuige rinne sé teine agus thoisigh sé ag róstadh na feola. Nuair chuaidh baladh na feola go dtí an Sgológ thaínig sé isteach agus dubhairt sé, "A Chonnachtaigh! cia'n áit a bhfuair tú an t-ualach feola agus an t-uisge beatha?" Dubhairt an Conn- achtach, "Lán dhá shac de'n eornain seo a dhíol an carréara dhom; thug sé chugam an méid seo, agus an bhfuil fearg ort?" "Ó! níl fearg orm," adubhairt an Sgológ. "An bhfuil fearg ort-sa, a Chonnachtaigh?" "Níl, ná ádhbhar ar bith leis," adubhairt an buachaill, ag baint stróic' as an bhfeoil agus ghá hithe. "Ní bhfuair mé éan áit riamh chomh maith agus atá agam." Tháinig an Sgológ isteach chuig an gcailligh agus d'innis sé dhi faoi 'n ualach feola agus an uisge beatha a bhí ag an gConnachtach. "Á," adubhairt an chail- leach, "ní fhágfaidh sé luach feoirlinge in do sheilbh, acht
cuirfidh mise deis i mbárach dhuit air." "Abair leis, cuingir de na caiple atá ins an stábla nár cuireadh éan ughaim riamh ortha, a thabhairt amach ag treabhadh i mbárach, agus cuirfidh siad fearg air; tioc- faidh leat na cluasa a bhaint de annsin agus a chur chun bealaigh." Thug an Connachtach leis na caiple ar maidin agus cheangail sé a dhá leiceann le chéile; chuir sé an ughaim ortha agus an chéachta i n-a ndiaidh. Thoisigh siad ag sianghail agus ag stealladh. Chonnaic sé stánaire ag teacht an bóthar le dhá shean-ghearrán bhána, agus adubhairt sé leis, "déan malrait liom idir an chuingir atá agam agus do dhá chapall bhána." Bhí sé sásta. Chuir sé isteach an dá ghearrán bhána ag treabhadh. Bhí na cnámha amach thríd a gcraiceann, bhí siad chomh claoidhte bocht sin. Thaínig an Sgológ agus adubhairt se - "A Chonnachtaigh! cá bhfuil mo chuingir capall a thug tú amach ar maidin?" Adubhairt an Connachtach - "Seo iad, is leat iad seo; ní raibh féidhm ar bith le baint as an gcuingir a thug mé amach, agus rinne mé malrait le stánaire, agus atá siad seo ag obair go deas dhom." "Tá mé sgriosta agat," adubhairt an Sgológ. "An bhfuil fearg ort?" adubhairt an Connachtach, agus é ag ithe na feola. "Ó! níl," adubhairt an Sgológ, "éan fhearg orm. Bhuail fearg ort-sa, a Chonn- achtaigh?" "Ó! níl," adubhairt sé, "ná ádhbhar agam leis," ag baint deoch as an mbuidéal. D'innis sé do'n chailligh an chaoi a raibh na caiple imthighthe, agus adubhairt sí, "Cuirfidh mise deis i mbárach air. Abair leis, an casán atá amach ó dhoras an halla bheith faluighthe aige tráthnóna leis na bratacha is cos- tasaighe atá le fagháil, go raibh do dhaoine muinntreacha
ag teacht ar cuairt chugat as Sasana, agus é bheith críochnuighthe tráthnóna aige, agus ní thiocfaidh leis a dhéanamh gan fearg a chur air." Chomh luath agus d'éirigh an lá d'éirigh an Connachtach. Thoisigh sé ag róstadh feola agus ag ól uisge beatha. Thug sé leis tuagh mhór le loisead fada, agus chruinnigh sé an méid bulán mór agus bearach dhá rabh ar an bhfeilm isteach i n-áit cheaptha. Bhuail sé buille de'n tuaigh ar cheann díobhtha agus mharbhuigh sé é. Bhain sé an craiceann de, agus sgar sé ar an gcasán é, agus mharbhuigh sé ceann agus ceann eile, nó gur chuir sé falach ar an gcasán. Nuair tháinig an Sgológ tráthnóna, chonnaic sé an leagan a bhí déanta ag an gConnachtach, agus adubhairt sé, "Goidé'n sórt oibre í seo?" "Obair mhaith, a mháigistir," adubhairt an Connachtach. "Ní thig liom bratacha ar bith fhagháil níos costasaighe ná craicne bulán agus bearach dhe do chuir féin, a chur ar do chasán." "Tá mé sgriosta agat," adubhairt an Sgológ. "Agus an bhfuil fearg ort?" adubhairt an Connachtach. "Ó! níl," adubhairt an Sgológ. "Bhfuil fearg ort- sa, a Chonnachtaigh?" adubhairt sé. "Níl éan fhearg orm-sa," adubhairt an Connachtach, "ná éan ádhbhar agam leis," ag tabhairt an bhuidéil as a phóca agus ag ól deoch as." Adubhairt an chailleach, "Gabhfaidh mise i mbárach faoi dhraoidheacht, agus déanfaidh mé cuach dhíom féin. Gabhfaidh mé isteach ins an tom cuilinn atá amach ó'n bhfuinneóig, agus déanfaidh mé goireamhaint, cluinfidh sibh uilig mé. Tiocfaidh leat a pháighe a thabhairt dó agus a dhíbirt as do sheilbh." Chomh luath agus d'éirigh an lá d'éirigh an chailleach. Rinne sí cuach dhi féin, agus chuaidh sí isteach ins an tom
agus chuir sí cuach aisti, agus cuach eile, agus chualaidh an Connachtach é. Rug sé ar ghunna mór a bhí i n-aice leis. Loisg sé urchar léithi, agus chaith sé anuas de'n tom í. Tháinig an Sgológ chuige, agus adubhairt sé, "A Chonn- achtaigh! goidé'n cleas é seo atá déanta agat?" "Cleas maith," adubhairt an Connachtach. "Ní cuach chearc í siúd atá ag goireamhaint idir Shamhain agus Nodlaig, an tráth de bhliadhain nár ghoir éan chuach riamh roimhe." "Nach í mo mháthair a mharbhuigh tú?" adubhairt an Sgológ. "Tá fearg ort," adubhairt an Connachtach. "Atá," adubhairt an Sgológ, agus ádhbhar agam; mo mháthair mhaith atá marbh agat." "Bainfidh mise an dá chluais díot, agus píosa de'n leiceann." "Ná déan, a Chonnachtaigh! agus bhéarfaidh mé míle punt dhuit, agus do thuarastal go hiomlán." Thug sé sin dó, agus d'imthigh sé a-bhaile agus phós sé a mhac samhail de chailín dóigheamhail a raibh gabhaltas maith talmhan aici. Tá a shliocht ar fágháil i gConndae Mhuigh Eó faoi láthair, agus iad saidhbhir, sáthach. 'Liam Pléimeann d'aithris.
AN CHAOI A BHFUAIR FIONN MAC CUMHAILL FIOS. Ní raibh duine beo de bhunadh Fhinn acht bean fhir aca agus éan fhear amháin a bhí i gcuais chairrge, naoi gcéad bliadhain d'aois. De bhunadh na Lochlannach do b'eadh iad. Ní raibh fhios ag an mnaoi cia'n chaoi a ndídeochadh sí í féin ar an ngéar-leanamhaint a bhí i n-a diaidh, acht imtheacht agus crann a thoghadh dhi féin a raibh bríoghmhar, agus fuair sí seimhnéire annsin gur rinne sé a háit istigh ins an gcrann nach n-aithneochadh súil d'á ghéire gur leagadh aon-bhall uirnise riamh air, nach n-aith- neochthaoi ar chraiceann an chrainn é. Nuair a bhí an obair déanta annsin aige, chuaidh sí isteach ins an gcrann, agus d'fhiafruigh an saor dhi go té mar thaithnigh an áit léithi. Dubhairt sí leis go raibh éan nidh amháin ag cur ionáis uirthi istigh, agus é an tuagh a shíneadh chuici isteach, agus go gcuirfeadh sí féin bail air. Shín. Dubhairt sí leis annsin a chloigeann a chur isteach go bhfeiceadh sé an raibh sé déanta i gceart. Nuair a chuir sé isteach a cheann thar an doras, thar- raing sí an tuagh a bhí i n-a láimh, agus sgiob sí an ceann de ar fhaitchíos go n-innseochadh sé é, nó go bhfuighthí amach an áit a raibh sí. Is fíor an sean-fhocal, "An
tuagh as láimh an tsaoir is mairg a thaobhuigheanns leis na mná." Nuair a chuaidh sí ann rugadh páiste dhí, agus d'fhan sí ins an gcrann ar feadh ocht mbliadhan déag gur dhubhairt sí le n-a mac go raibh sé i n-am ainm baistidh a chur air. Ní raibh fear ar bith le n-a bhaisteadh an uair sin acht éan fhear amháin de na Fiannaibh arbh' ainm dó Garraidh. Dubhairt sí leis, "Tá sé chomh maith dhúinn imtheacht indiu agus ainm fhagháil ort." Chuaidh siad annsin, í féin agus a mac, ag tarraingt ar theach Teamhrach. Nuair a tháinig siad go dtí an áit a raibh i ngar do theach Teamhrach, bhí trí chéad stócach ag imirt báire, de chlainn na bhFiann. Chuaidh a mac isteach i n-a measg agus thóg sé camán, agus bhuail sé an liathróid agus chuir sé amach góraidh. Chuir sé fearg mhór ortha, coimhthidheach a theacht isteach i n-a measg, agus dubhairt sé leo má bhí fearg ortha go rachadh seisean ar thaoibh agus iad-san uilig a léir ar thaoibh eile. Dhá gcuireadh sé an báire amach ortha-san, trí bhuille dhá chamán fhagháil ar gach éan fhear aca; agus dá gcuireadh siad-san airsean góraidh go raibh trí bhuille dhá gcamán ag gach éan fhear aca le fagháil air. Bhíodar sásta go maith leis an margadh sin, go mba mhór an gníomh dh'fhear amháin a chur i n-aghaidh trí chéad. D'éirigh leis annsin gur chuir sé an liathróid amach ar an gcéad iarraidh. Nuair a chuir, thoisigh sé ghá mbualadh, trí bhuille ar gach duine aca; bhí sé ghá marbhadh gur mharbhuigh sé seisear aca, agus bhris sé ceathramha triuir eile. An fear a bhí leis an ainm a thabhairt air, bhí sé os cionn staighre ghá bhfaire, agus nuair a chonnaic sé an coimhthidheach ag rith ortha agus ghá marbhadh, dubhairt sé le n-a mhnaoi -
"Níl a fhios agam chor ar bith go té'n fionnánach fionn atá i measg chloinne theach Teamhrach ghá marbhadh. Éirigidh agus leanaigidh é siúd, agus marbhuigidh é." "A mhic," ars an mháthair, "atá d'ainm baistthe ort anois, agus ba(dh) é an t-ainm a bhí air as sin amach, Fionn mac Cumhaill. Leanadar annsin é, agus nuair a chonnaic sé an námhaid ag teacht i ngar dhó, chroch sé a mháthair leis ar a ghuailne thríd chrannaibh agus coillte go ndeachaidh sé go Cúig' Uladh na h-Éireann. Ní raibh de'n mháthair aige acht an dá lurgain ag crannaibh agus ag géagáin ghá stialladh ó chéile ar an mbealach. Rug sé ar an dá lurgain, agus chaith sé amach i loch iad, agus tá Loch Lurgan baistthe uirthi ó shoin, agus béidh go bráthach. Chuaidh sé annsin agus rinne sé aimsir le feilméara i gCúig' Uladh na hÉireann, gur chaith sé seacht mbliadna ar aimsir aige. I gcionn na seacht mbliadhan dubhairt sé leis féin go rachadh sé ag iarraidh a fhortúin thar a bheith ar aimsir, go mba mhór an sgéal gaisgidheach chomh maith leis a bheith ag caitheamh a shaoghail go dona. Ar imtheacht dó annsin tháinig sé suas le triúr daoine uaisle a bhí ar feadh seacht mbliadhan ar thóir bradáin an Easa Ruadh a mharbhadh. D'éirigh leo gur mharbhuigh siad an bradán ins an am céadna ar tháinig sé suas leo. Chuireadar mura annsin air gur chosamhail le tais- tealach é. Dubhairt sé gur bh'eadh. D'fhiafruigh siad de té fáth a shiubhail. Labhair sé leo gur ag iarraidh aim- sire a bhí sé. D'fhreagair siad é go dtiubharfadh siad beatha dhuine uasail dó acht é fuireacht aca féin, agus go gcaithfeadh sé an bradán a bhí aca a bhruith leis an teinidh gan ball ruadh ná loisge a bheith air, nó má bhíonn go mbainfeadh
siad an ceann de. Rinne sé an margadh sin leo. D'éirigh bolgóg ar chraiceann an bhradáin nuair a bhí sé dhá bhruith, agus leag sé a ordóg ar an mbolgóig agus bruitheadh í. Chuir sé an ordóg i n-a bhéal ag tabhairt fóirithne dhó ar an bpian a bhí air i n-éis a dóighthe. Bhí fios annsin aige as an ordóig, ar an toirt, a n-éireochadh siad go mbainfeadh siad an ceann de. Bhíodar i n-a gcnap codlata agus bhí a gcuid claidhmhthe le n-a n-ais. Dubhairt sé gurbh'é an cás céadna dhó é go n-íosfadh sé a sháith de'n bhradán agus d'ith. Ar an toirt annsin ar ith sé a sháith dhe, thug sé leis ceann de na claidhmhthe agus bhain sé na cinn díobhtha. Ní raibh éan lá ní ba mhó nach mbaineadh sé fios as a ordóig 'chuile uair dhá gcuireadh sé i n-a bhéal í faoi n-a fhiacail agus a cangailt. Bhain sé fios annsin as a ordóig go raibh duine muinn- teardhach leis i gcuais chairrge, agus ní raibh éan obair ar an bhfear a bhí i gcuais na cairrge d'oidhche nó de lá acht súiste aige agus buille dhá bhualadh ó'n bhfár-doras go dtí an ceap tairsighe aige ar fhaitchíos go dtiocfadh éan duine isteach air. D'éirigh le Fionn go ndeachaidh sé isteach idir an dá bhuille. "Is gearr é do shaoghal," ar seisean le Fionn. "Ná déan sin," arsa Fionn. "Tá mise muinnteardhach dhuit." "De bhárr do chuid cainnte is bocht an bás a gheobhas tú faoi rádh's gur dhubhairt tú go raibh tú muinnteardhach dhom-sa." "Go deimhin atá," arsa Fionn. "Má tá tú muinnteardhach dhom-sa," ar seisean, "cuir anall crobh do láimhe chugam agus béidh a fhios agam an bhfuil tú muinnteardhach dhom."
Chuir sé anall crobh a láimhe chuige, agus dubhairt sé go raibh sé muinnteardhach go maith dhó, agus adubhairt sé, "Is fíor sin, atá mo lá-sa indiu tugtha; anocht Oidhche Shamhna, agus níl éan Oidhche Shamhna ó marbhuigheadh ár muinntir nach gcuirinn-se teach Teamhrach thrí theinidh, agus anois," ar seisean, "gabh anonn agus fiafruigh go cia'n duais a bhéarfadh siad do'n t-é a thárrthóchadh teach Teamhrach dhobhtha." Ní raibh na geasa le baint de go bráthach go dtigeadh seisean agus go mbaineadh sé an ceann de. "Bhéarfaidh siad duais ar bith dhuit acht an teach a thárrtháil. Ná glac ór ná airgead acht abair leo nach n-iarrfaidh tú de dhuais ar bith ortha acht thú bheith in do righ os a gcoinn. "Déarfaidh siad leat go dtiubharfaidh siad sin duit. Abair leo go gcaithfidh tú ceithre bannaí fhagháil. Fiaf- róchaidh siad díot go cé na bannaí atá tú ag iarraidh. Abair leo gurab é Goll agus Garraidh, Conán agus Grainigh." 'Sé an t-ainm baistidh a bhí ar Ghrainigh, Méadhbh Ní Chonaill Chruadhach. Chuaidh sé i láthair na bhFiann, agus mhínigh sé an chúis dóibh le teach Teamhrach a thárrtháil agus na bannaí a bhí sé ag iarraidh. Thugadar na bannaí sin dó go toil- teanach acht an teach a thárrthaíl dobhtha. Tháinig Soilseán mac Maedhir, an fear a bhíodh ag cur Teamhrach thrí theinidh, ins an oidhche chuig Fionn Mac Cumhaill. "Anois," ar seisean, "tháinig mise chugat le thú an ceann a bhaint anois díom, agus nuair a bhain- feas tú an ceann díom, beir ar mo chloigeann agus caith thar theach Teamhrach é." "Déarfaidh Conán leat, an fear is dona ar an bhFéinn, go ndéanfadh sé féin é sin. "Abair leis nach bhfuil éan fhear ar an bhFéinn ábalta
ar a dhéanamh, agus má tá nach n-iarrfaidh tú an ríogh- amhlacht ortha. "Éireochaidh Goll agus rachaidh sé ag breith air go gcuiridh sé féin anonn é. Rachaidh sé go dtí a bhásta síos thríd an gcarraig ag féachaint le n-a thógbháilt, agus sháróchaidh sé air ar a thógbháil ó'n talamh." Bhain Fionn mac Cumhaill an ceann de Shoilseán mac Maedhir, mar dhubhradh leis. D'fhéach na Fianna leis an gcloigeann a chorrughadh ó'n talamh, agus sháruigh sé ortha a thógáilt. D'fhág sin an ríoghamhlacht ag Fionn mac Cumhaill mac Móirne mac Airt ar Fhiannaibh na h-Éireann agus ar theach Teamhrach. 'Sé Seaghan Ó Beaidh atá i n-a chomhnaidhe i n-íochtar an tSean-bhaile i n-Acaill d'aithris é seo dhom.
MAC UÍ BHRÁDAIGH Seachrán sidhe bhain san oidhche dhom, 'S sé deir mo dhaoine uilig gur bréag é, Acht dar a bhfuil de Bhíoblaí ag Seaghan na Saortha, Chaith mé an oidhche sin seal ghá bréagadh; Tidheacht chun láithreach dhom 'seadh rinne sí gáire, Is chuir sí fáilte mhór is céad romham, D'iarr sí an táiplis thidheacht chun láthair, Nó paca cárdaí go ndéanadh pléisiúr.
"Gabhaim do phárdún, a chiúin-bhean mhodhamhail, Ní fhéadaim faillighe mhór a dhéanamh, Go Buaile Árthain 'seadh atá mo mháirseál Ag faire mná breágh 'gus 'sí Méadhbh í." Crádh "do chléibh ort, nach mise Méadhbh? Ó! 'sé do chéad chroidhe atá gan eolas, Nó go té bhfuil na bhéarsaí bhí tú ráidht aréir dhom? Is sinn le chéile ag gabháil na móinte." Suidh síos is caith an féasta, Is fearr ar bhainfheis go mór ná ar thórramh, Tidheacht chun láithreach dhuit dá leagthá lámh orm, Uch! bheadh Conchubhar Ó Dálaigh anocht gan céile; Nó comhartha-chéasta le bárr do mhéire, Ar chlár m'éadain le suarcas, Is maith a bhéinn i mbárach leat go Buaile Árthain, Chuig mo mháithrín atá ag géar-ghol. Níor chuir mé sgáth ar bith ins an gcainnt a bhí sí rádh liom, Go bhfaca mé an lánamhain ag dul le chéile, Gan sgáth gan náire ar bhárr láimhe, Is aoibh an gháiridhe ní raibh ar Mhéidhbh ann; Bhí togha gach bidh ann, bhí rogha gach dighe, Is bhí soithigh fíon' ann dhá réabadh, Is daoine saoghalta go ndéanfadh iongantas, De'n chulaidh shíoda a bhí ar Mhéidhbh ann. Mac Uí Bhrádaigh tháinig agus d'iarr Méadhbh le pósadh. Fuair sé í. Bhí sé i n-a chomhnaidhe i mBuaile Árthain. Chaith sé oidhche i dteach a hathar. Tráthnóna an darna lá thriall sé a-bhaile. Chuaidh Méadhbh leis ghá íodhlacan sgathamh de'n bhealach, agus bhí sé ag múineadh bhéarsaí di an fhad 's bhí sí leis.
Ar a filleadh a-bhaile di, tugadh as í, agus tugadh isteach ins an mbruighin í, & fágadh sean-bhean ghránna i n-a háit. Chuaidh an tsean-bhean sin a-bhaile go Buaile Árthain, agus shíleadar gurab í Méadhbh a bhí ann, agus bhí sí marbh sul má dtáinig maidin lá ar n-a bhárach. Cuireadh cunntas chuig Mac Uí Bhrádaigh go bhfuair Méadhbh bás. Ar a thriall chun an tórraimh dhó tháinig an oidhche dorcha air, agus cuireadh amudha é. Bhí sé ag siubhal i bhfad agus ar deireadh fuair sé é féin istigh ins an ráith, agus bhí Méadhbh istigh roimhe agus níor aithin sé é, acht d'aithin sise eisean. Ba hí ba chionntaighe le n-a thabhairt isteach ann ag dúil go mbainfeadh sé amach í, agus go mbeadh sí leis a-bhaile go Buaile Árthain. 'Sé Anoine Sírín a d'aithris é seo dhom i dteach na mbocht, Béal an Mhuirthid.
SEAGHAN AN CRÁIDHTEACHÁN Bhí Seaghan i n-a chomhnaidhe ag Bruach an tSléibhe. Ba é a mhian a bheith níos saidhbhre 'ná duine ar bith dhá chomhursnaibh. D'fhág a athair agus a mháthair saidhbhreas mór aige - ór agus airgead, ba, caoirigh, agus capaill. Ní phósfadh sé ingean chomhursan ar bith, muna bhfuigh- eadh sé bean nach n-íosfadh greim ar bith, agus bhí sé ag seargadh le aois, agus bhí sé ag tabhairt caill agus riachtanais dó féin i ndíoghbháil bidh agus éadaigh. Bhí cailín ann a bhí measamhail spórtamhail, a raibh fios aici le greann a labhairt agus a dhéanamh, acht nach raibh éan phighinn spré aici le fágháil. Dubhairt sí le Seaghan, "Is mise a d'fóirfeadh dhuit, mar nár ith mé éan ghreim bidh riamh, agus nach n-íosfad chomh fhad 's mhairfeas mé beo. Goidé mhéad saidhbhreas a bheadh againn dá mbéimís pósta agus ag cur le chéile ghá chruinniughadh." Chlaon Seaghan agus dubhairt sé, "A Shorcha, réidhtigh thú féin i mbárach agus téighmís go teach an tsagairt, agus béidh an margadh déanta." Bhí Sorcha faoi réir. Tháinig Seaghan agus an t-athair dálaigh le seasamh leis. Pósadh Sorcha agus Seaghan an tráthnóna céadna. Nuair a tháinig siad a-bhaile dubhairt Seaghan le Sorcha, "Is cóir dhuit greim beag ithe anocht, a Shorcha." "Dubhairt mé cheana leat, a Sheagain," adubhairt Sorcha, "nár ith mé éan ghreim riamh agus nach n-íosfad choidhche." Ó! goidé'n bród a bhí ar Sheaghan í a bheith aige. I gcionn cúpla mí n-a dhiaidh i rith an ama go dtí sin, bhí Sorcha ag ithe a sáith i gan fhios de Sheaghan, agus dubhairt sí leis,
"Ba chóir dhuit foghluim a dhéanamh gan éan ghreim ithe, agus d'fheicfeá féin goidé'n saidhbhreas a bheadh cruinn againn i ngearr-am." "Ara! goidé'n chuma," adubhairt Seaghan, "a' ndéan- fainn foghluim?" "Beir ar do phiocóid ar maidin," adubhairt Sorcha, "congbhuigh do cheann crom ag obair go láidir ag rómhar na sráide sin amuigh. Má chuimhnigheann tú ar éan ghreim le n-ithe go dtí an oidhche, cuimhnigh ar rud eicínt eile, agus caith as do cheann é." Rinne Seaghan mar dubhradh leis. Tháinig sé isteach tráthnóna agus dubhairt sé, "A Shorcha, té mé lag." "Cuir an oidhche anocht tharad," adubhairt Sorcha, "mar atá tú, agus béidh an chuid is mó de'n fhoghluim déanta annsin." Chuaidh Seaghan a chodladh, agus bhí sé lag ar maidin. "Fan ar do leabaidh indiu," adubhairt Sorcha. D'fhan, agus an tríomhadh lá bhí an bás i ngar do Sheaghan. Chuir Sorcha duine i gcoinne an tsagairt dó leis an ola dhéidheanach a chur air. Rug sí ar franncach mór a bhí ins an teach, mharbhuigh sí é, agus chuir sí sa bpota é dhá bhruith. Nuair a bhí sé bruiththe, thoisigh sí ghá ithe agus Seaghan lag ins an leabaidh os a comhair. "A' n-íosfaidh tú an méid sin?" adubhairt Seaghan léithi. "Íosfad," adubhairt sí, "agus oiread agus oiread eile." "Ó!" adubhairt Seaghan — agus a chroidhe briste — le mí-chéad, "oiread agus oiread eile." Dubhairt Seaghan na focla céadna aríst, "oiread agus oiread eile." Nuair a tháinig an sagart isteach, dubhairt sé, "Cé chaoi a bhfuil tú, a dhuine chóir?" Dubhairt Seaghan, "Oiread agus oiread eile."
"Goidé sgial de'n chainnt seo atá aige?" adubhairt an sagart le Sorcha. "Atá," adubhairt sí, "bhí faithchíos air go bhfuigheadh sé bás sul má dtiocfá, agus dubhairt sé liom a rádh leat "dá mbeadh oiread agus oiread eile saidhbhris aige gur agam-sa a d'fhágfadh sé é. "Ní bhainfidh mise dhíot é," adubhairt an sagart. Níor tháinig Seaghan as, óir shín sé siar agus fuair sé bás sul már fhág an sagart an teach. Tá Sorcha saidhbhir anois i ndiaidh báis an chráidhteacháin. 'Liam Pléimeann d'aithris é seo dhom. AN LÁNAMHAIN DÍLIS Bhí lánamhain ann suim bliadhanta ó shoin, agus bhí a sáith de shaidhbhreas an tsaoghail seo aca. Théidheadh siad i gcuideachta ins gach uile áit, agus bhí sise i n-a togha daimhseora, agus bhí an fear ró-bhród-
amhail aisti; ní thiocfadh leis a leigean as amharc. Bhí siad mar sin nó go dtáinig an droch-shaoghal agus go dtáinig an lobhadh ar na fataí. Bochtuigheadh chomh mór sin iad, agus nach raibh mórán aca le caitheamh le siamsa ná le súgradh. Tháinig an aicíd annsin ortha, agus ghuidh sí Dia dhá gcailltí a fear, í féin bás fhagháil chomh luath leis. Bhí a shliocht uirthí; fuair sí a guidhe; fuair a fear bás ins an oidhche agus fuair sise bás ins an oidhche dár gcionn, agus bhí an bheirt i gcuideachta chun na cille. D'imthigh an chlann go fánach agus d'imthigh an teach ar an gcaoi chéadna. Tháinig stoirm, agus fuaduigheadh an cumhdach sgraith agus taobhán, agus cuireadh poll ins an teach. Bhí seisear fear ag dul ag iasgaireacht ins an oidhche, agus bhí an teach ar a mbealach, agus chonnaic siad solas amach ar an bpoll seo, agus tháinig siad go dtí é, agus dhearcadar isteach ar an bpoll, agus chonnaiceadar an fear a cailleadh ins an teach, ag congbháil coinnle agus a bhean ag damhsa le fear eile, agus píobaire ag seinnm dóbhtha. Nuair b'fhada leis na hiasgairí a bhí siad ag amharc ortha, d'imthigheadar chun na fairrge ag iasgaireacht, agus nuair thainigeadar a-bhaile d'innis siad do dhear- bhráthair an fhir mhairbh an t-amharc do chonnaic siad, go raibh a dhearbhráthair ag congbháil soluis agus a bhean ag damhsa le fear eile, agus culaidh éadaigh chomh geal leis an tsneachta uirthi, mar ba ghnáthach léithi nuair a bhí sí beo. Bhí iongantas mór ar a dhcarbhráthair faoi sin; chuaidh sé agus chuir sé deis ar an teach i riocht agus dá mbeadh siad ann aríst nach bhfeicfidhe iad. Bhí an teach mar sin gur leag an ghaoth mhór é, agus tá na ballaí le feiceáil i gcomhnaidhe.
Pádhraic Mac Gréil a d'aithris é seo dhom. AN CHÚ A BHÍ FAOI GHEASAIBH Tháinig gaisgidheach as an Domhan Thoir, agus cú leis ag cur a dhubhshláin nach raibh éan mhadadh ag an bhFéinn a throidfeadh a mhadadh féin. Chuir Fionn mac Cumhaill geall leis go raibh. Is é an gheall a chuir an dá laoch le chéile, dá mbuaileadh madadh an ghaisgidhigh madadh Fhinn, Fionn a chloigeann a leagan síos ar an mbloc, go mbaineadh an gaisgidheach an ceann de; agus dá mbuaileadh madadh Fhinn é, go gcaillfeadh sé a cheann. Bhí an oiread de gheasaibh ar an gcoin do tháinig nár bh'fhéidir a marbhadh, ná buaidh 'fhagháil uirthi go gcastaoi a hainm i n-a haghaidh. Chuir Fionn a ordóg i n-a bhéal, mar bhí fios ins an ordóig, agus bhain sé fios aisti gurab é an t-ainm do
bhí uirthi, "Cor agus Craith an coileán." Chuaidh Bran, madadh Fhinn, agus tharraing sé an píobán aisti. Imthigheann an gaisgidheach agus leag sé a cheann ar an mbloc, agus chuaidh sé ag caoineadh. Rug Conán ar an tuaigh, agus nuair a chonnaic sé ag caoineadh é, shíl sé gur ag gáiridhe bhí sé, agus dubhairt sé. "Ó thárlaidh go bhfuil tú chomh toilteanach do'n bhás, fágfaidh mé ort do chloigeann le pianús ort." Níl aon bhliadhain beo nach dtigeadh sé le lán curach d'ór chuige. Shíl sé gur ar mhaithe leis bhí sé nuair a d'fhág sé air a cheann. Nuair a d'fhághadh Conán an t-ór cheannuigheadh sé biotáilte air. "Siúd oraibh," adeireadh sé, "a chlanna saoite, "ólaigidh féin bhur ndeoch, an bhfaca sibh éan ghaisgidheach riamh ab'fhearr ná an fear ar leag mé a cheann ar an bloc?" 'Sé Seaghan O Beaidh, a chomhnuigheanns i n-íochtar an tSean Bhaile, Acaill, a d'aithris é seo dhom.
CE DÉARFADH NACH I Tá teine faduighthe ar thóin Oileáin fraoigh, Tá teine faduighthe ar thóin Oileáin fraoigh, Tá teine faduighthe ar thóin Oileáin fraoigh, Is cosmhail le sighin atá déanta do Bhrighid. Curfa Is a bú mo leanbh! Is a bú mo laogh! Is a bú mo leanbh! Cé déarfadh nach í. Grádh mo chroidhe is m'anam an píobaire bán! Grádh mo chroidhe is m'anam an píobaire bán! Grádh mo chroidhe is m'anam an píobaire bán! 'Sé bhéarfadh Siubhán as teach Pháidín Bháin. Curfa Is a bú mo leanbh! &c,. An t-é gheobhadh táir-chéim ar amharc mo shúl, An t-é gheobhadh táir-chéim ar amharc mo shúl, An t-é gheobhadh táir-chéim ar amharc mo shúl, Ba léir dhó an rud a bhí thiar in mo chúl. Curfa Is a bú mo leanbh! &c. Tá trí mhionna an leabhair ar Thadhg is ar Joe, Tá trí mhionna an leabhair ar Thadhg is ar Joe, Tá trí mhionna an leabhair ar Thadhg is ar Joe, Go dtiubharfaidh siad Sighle leo, go mblighidh sí an bhó. Curfa Is a bú mo leanbh! &c.
Acht a beag siopa na racaí bhí thiar i dteach Joe, Acht a beag siopa na racaí bhí thiar i dteach Joe, Acht a beag siopa na racaí bhí thiar i dteach Joe, Bheadh cailíní na nglais-oileán sgunta go leor. Curfa Is a bú mo leanbh! &c. Rachaidh mé i mbannaí is cuirfidh mé geall, Rachaidh mé i mbannaí is cuirfidh mé geall, Rachaidh mé i mbannaí is cuirfidh mé geall, Go gcuirfidh mé buairthín thall ar an bhfeall. Curfa Is abú mo leanbh! &c. 'Sí Máire Ní Fhalamhain d'aithris an t-abhrán seo. Comhnuigheann sí i nDún-Inbhir, Acaill, Condae Mhuigheó. AN DREOILÍN Fear beag a bhí ins an Dreoilín agus bhí a bhean níos lugha ná é. Bhí dhá'r'éag mac aca agus bhí an samhradh daor. Bhí go leor le déanamh ag an athair agus an máthair le biadh agus éadach' fhagháil dóibh. D'éirigh an t-athair amach ag soláthar breicfeasta do'n mhuirighin, mar bhí an teach follamh. Chonnaic sé meacan mór ag fás, agus adubhairt sé i n-a intinn féin go mbadh mhaith an congnamh é dhá mbeadh
sé aige, leis an ocras a bhaint de na malracha óga. Rug sé ar an meacan greim caol cruaidh le dúil a tharraingt agus sháruigh sé é a thabhairt leis. Chuimhnigh sé i n-a intinn, dá mbeadh éanmhar aige an mac ba sine go dtiubharfadh sé congnamh chun a tharraingt. Tháinig éanmhar agus rug sé ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus sháruigh ortha a tharraingt. Dubhairt an t-athair, "téiridh isteach aonmhar agus abair le dómhar a theacht amach ag cuideachan linn." Tháinig dómhar, rug sé greim ar éanmhar, rug éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh sé air a tharraingt. "Á!" adubhairt an t-athair, "béidh breicfeasta mall againn indiu." "Téiridh isteach dómhar agus abair le tríomhar a theach amach." Tháinig tríomhar amach. Rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh órtha a tharraingt. "Á!" adubhairt an t-athair, "goidé'n sórt ball- labhair í seo?" "Téiridh isteach tríomhar agus abair le ceathrar a thidheacht amach chugam, bhí sé láidir ó rugadh é agus tarraingeochaidh sé an meacan linn." Tháinig ceathrar, rug sé greim cruaidh ar tríomhar rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh ortha a tharraingt. Dubhairt an t-athair, "Maise! Maise!" Béidh sé i n-am dinnéir de lá sul má mbéidh breicfeasta ar an stól againn, Gabh isteach a cheathrair i gcoinne cúigmhair, bhí sé maith riamh agus cuideochaidh sé linn a tharraingt." Tháinig cúigmhar amach, rug sé greim cruaidh ar ceathrar, rug ceathrar ar triúrmhar, rug triúrmhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an athair, rug an
t-athair greim ar an meacan agus sháruigh sé iad a tharraingt. "Goidé seo! Goidé seo!" adubhairt an t-athair. "Gabh isteach a chúigmhar agus tabhair amach sémhar níor loic sé riamh orm agus tarraingeochamuid an meacan." Táinig sémhar amach, rug sémhar ar cúigmhar, rug cúigmhar ar ceathrar, rug ceathrar ar tríomhar, rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh sé iad a tharraingt. "Dia ghé réidhteach!" adubhairt an t-athair, "béidh sé thar am dinnéir, agus ní bhéidh an meacan linn. Gabh isteach sémhar agus tabhair amach seachtmhar, chugam." Tháinig seachtmhar amach, rug seachtmhar ar sémhar, rug sémhar ar cúigmhar, rug cúigmhar ar ceathrar, rug ceathrar ar tríomhar, rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éan- mhar, rug éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh sé iad uilig a tharraingt. "Gabh isteach a sheachtmhar agus abair le hochtmhar a theacht amach chugam, béidh sé i n-a thráthnóna sul má mbéidh breicfeasta ar an stól againn." Tháinig ochtmhar amach rug sé ar seachtmhar, rug seachtmhar ar sémhar, rug sémhar ar cúigmhar, rug cúigmhar ar ceathrar, rug ceathrar ar tríomhar, rug tríomhar, ar dómhar, rug dó- mhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh sé iad uilig a tharraingt. "A ochtmhair," adubhairt an t-athair, "Goidé'n t-am de lá anois é?" Antráthach le hagaidh breicfeasta. Bhí naonbhar cruaidh gníomharthach ó rugadh é agus abair leis a thidheacht amach chugainn nó go dtarrnuighmid an meacan. Tháinig naonbhar amach. Rug naonbhar ar ochtmhar,
rug ochtmhar ar seachtmhar, rug seachtmhar ar sémhar, rug sémhar ar cúigmhar, rug cúigmhar ar ceathrar, rug ceathrar ar tríomhar, rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh sé iad uilig a tharraingt. "Ara maise, maise!" adubhairt an t-athair, "béidh mo mharlacha ógo chun báis le díoghbháil breicfeasta. Gabh isteach a naonbhar agus abair le deichneabhar a theacht amach chugam, bhí sé láidir riamh agus tarraing- eochaidh sé an meacan." Tháinig deichneabhar amach, rug sé ar naonbhar, rug naonbhar ar ochtmhar, rug ochtmhar ar seachtmhar, rug seachtmhar ar sémhar, rug sémhar ar cúigmhar, rug cúig- mhar ar cheathrar, rug ceathrar ar tríomhar, rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh sé iad uilig a tharraingt. "Gabh isteach," ars an t-athair le deichneabhar," agus abair le héan'r 'éag a theacht amach nó go dtarrnuighmid an meacan." Tháinig éan'r 'éag amach, rug éan'r 'éag ar deich- neabhar, rug deichneabhar ar naonbhar, rug naonbhar ar ochtmhar, rug ochtmhar ar seachtmhar, rug seachtmhar ar sémhar, rug sémhar ar cúigmhar, rug cúigmhar ar ceathrar rug ceathrar ar tríomhar, rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug éanmhar ar an athaír, rug an t-athair ar an meacan agus sháruigh sé ortha uilig a tharraingt. "Ara! Goidé seo! Goidé seo! a chlann Ó!" adubhairt an t-athair, támuid ftiúcuighthe i ndíoghbháil bidh. Céard a dhéanfas muid chor ar bith! Gabh isteach éan'r 'éag agus abair le dó'réag a theacht amach chugann nó go dtarrnguighmid an meacan.
Tháinig dór 'éag amach. Chuireadar an t-athair ann- sin ar deireadh an ranca. Rug an t-athair ar dó'r 'éag, rug dór 'éag ar éan'r 'éag, rug éan'r 'éag ar deichneabhar, rug deichneabhar ar naonbhar, rug naonbhar ar ochtmhar, rug ochtmhar ar seacht- mhar, rug seachtmhar ar sémhar, rug sémhar ar cúigmhar, rug cúigmhar ar ceathrar, rug ceathrar ar tríomhar, rug tríomhar ar dómhar, rug dómhar ar éanmhar, rug éanmhar greim caol cruaidh ar an meacan, chuir sé éan bhéic amháin as a thug misneach do'n chuid eile agus tharraing- eadar an meacan. Nuair a tháinig sé leobhtha thuiteadar uilig siar i mullach an athair agus bhriseadar a chos. Cuireadh duine i gcoinne an leagha le cliath a chur léithi. Ní raibh siad i n-ann an liaigh 'íoc nuair a tháinig sé ag iarraidh a thuarastail. Bhí an chlann agus an t-athair i gcóiméid an t-am sin agus gléasta i n-éan chineál amháin triubhais. Ní raibh a fhios aige cia aca an t-athair, nó go bhfuigh- eadh sé íocaidheacht as, acht d'fhág sé an cat a' faire mar spídeoir. Lá dhá raibh siad ag bualadh eornan ins an sgioból, thainig clampar eatortha agus thoisigh ceann díobhtha ag déanamh casaoide. Dubhairt éanmhar, "tá a fhios agat-sa a athair gur mise tharraing an meacan mór agus gur mé an fear is fearr dhe do chlann." "Tá fios ar sin agam gur tú," adubhairt an t-athair. Léim an cat agus fuair sé greim sgornaigh ar an athair, agus thug sé leis é gur cuireadh coiste air go mb' éigean dó an liaigh 'íoc a shnaidhm a chos dhó. D'íoc a dhá réag mac an cháin dó agus sgaoileadh chun bealaigh é.
D'éirigheadar saidhbhir i n-a dhiaidh sin agus phós an dá 'réag mac, dhá 'réag ban agus tá a sliocht chomh cumasach le n-a bhfaca tú riamh gan beann aca anois ar dhuine ar bith. Fuair an t-athair saoghal fada le séan i ndiaidh an mhéid anró fuair sé 'ghá dtógáil. PÉARLA AN CHÚIL BHÁIN Is truagh gan mé i Sasana, Ins an bhFrainnc nó ins an Spáinn! Nó thall ins na hIndiacha, An áit a gcomhnuigheann mo bhláth bán; Ag Máire an chúil dualaigh, Is í a bheith idir mo dhá láimh, Is go mbéinn-se ghá bréagadh, Nó go n-éirigheadh an lá. A Mháire! cuirim léan ort, Is buadhartha d'fhágaidh tú mé, Ag imtheacht éan lá, Le Féidhlim Ó Néill, Muna dtugaidh tú do lámh dhom, Nó bárra do chúig méar, Béidh mé máirseáil Lá Fhéil' Pádhraic, Le grádh geal mo chléibh.
Ar luighe dhom ar mo leabaidh, Gan suaimhneas fhagháil ann, Tháinig aruinn in mo thaoibh dheas, Is leonta in mo lár; Dochtúirí na Cruinne, Is iad uilig a bheith ann, Is mo leigheas ní fhuil ag an méid sin, Acht ag Péarla an Chúil Bháin. AN CUIREADH DO HEITIGHEADH Bhí fear tidheacht a-bhaile ó aonach agus é marcaidheacht ar dhruim beithidheach capaill antráthach ins an oidhche. Bhí codladh a' tidheacht air, agus rinne sé smaoineamh, nuair a chasfaidhe áit deas leis agus féar maith go n-ísleochadh sé de'n bheithidheach agus go gcodlóchadh sé sgathamh, agus go n-íosfadh an beithidheach sglámh de'n fhéar, go mbeadh sé féin nidh b'fhearr faoi chomhair an bhóthair. Chuaidh sé ar aghaidh gur casadh an áit sin leis. Do thuirling sé de dhruim an bheithidhigh, agus shín sé ar an talamh, agus chuaidh an beithidheach ag ithe an fhéir. Ní raibh duine ná daoine ghá chomhair, teach ná áit- reabh, agus thuit sé i n-a chodladh. Má's am fada nó gearr chaith sé i n-a chodladh, ins an am ar dhúisigh sé, bhí
bean uasal bhreágh agus a dhá láimh thimcheall air. Dhearc sé faoi agus thairis agus ní raibh a fhios aige chor ar bith cé'n rud thárlaidh air. "Codladh amuigh aréir," adubhairt sé, "rinne mo bhuaidhreamh, Luighe trasna i mbéal dorais na ráithe fuaire, Go dtáinig faoi mo dhéin an bhraighid gheal uasal, Go leamh-eaglach faoi mo thuairim; Gur chuir snaidhm thimcheall faoi mo ghuailne, Ba gile a dhá taoibh ná léana na luachra, Bhí a dhá mala mar bheadh aol dhá shughadh, Agus dar liom ba glaise a súile ná fiodán uaithne. "An inghean tú d'a Chuinn nó d'a Ruiadhirc?" Níor labhair sí leis sin, "Ceist agam ort agus fuasgail, Té'r ab inghean an uaisle-bhean? Nó má atá iarla thiar i dTuaidh Finn, Ar mian leat féin anocht, É bheith seal dhá luadh leat. Labhair sí annsin: - Ní inghean mé d'éinneach fhéin dár luadhais, Acht is mé bainríoghan chaol na bruidhne buaidheartha, Inghean de dhalta an Deirg, A mbíonn aige an lámh i n-uachtar; Taraidh thusa liom agus ná cuir suas díom. (Fear pósta a bhí ann) Tá bean agam-sa cheana, Agus ó'n eaglais fuaras, Dhá mbeadh bean eile agam, Bhéinn ró-bhuaidheartha; Le faithchíos go mbeadh m'anam i n-ifreann, Na naithreacha gan fuasgailt, Agus nach bhfuighinn Flaitheas, I bhfairsingeacht ná i gcruadhtan.
Gluais liom-sa go sochraoid duit, Is ann a gheobhas tú an boglach féin gan cruaidhtean, Uisge beatha as an bhfiodán uaithne, An plúr a mbéidh an cúigear ghá shughadh; An tseisg-fheoil nár láimhsigheadh riamh agus nár súigheadh, Agus cead caomhasach gach oidhche le sgaith ban uasal. A bhean! nach leamh, lag do thuairim, Le liachta marcach áluinn agus atá ins an Dún seo, Ar mhian leis thidheacht anocht gha d'fhuadach, Agus gan mise féin go héag go luadh leat. Labhair sise annsin: - A mhic an tsionnaigh bhriotaigh bhréagaigh! Má fuair tusa bean agus go bhfuair tusa spré léi, Go mba í sin an bhean mhío-fhortúnach mheilmeach bhréagach! Chuirfeas na seacht mbailte thrí n-a chéile; Rith na teineadh ort féin ar do mhaoin agus ar do chéile, Le laighead an nidh agus dhéanfadh mise réidhteach, Neoinín buidhe nó neoinín glégeal, Gas de chachlann dearg i léana, Nó lán do dhuirn d'fhraoch an tsléibhe. Seo é an tairsgint a thugaim-se dhuit, Gach a bhfuil ó mhullach Shliabh Bheara, Go mullach Sliabh Luachra agus Sliabh na mBan bhFionn, Ar an gcundar cur suas duit. B'éigean di bogadh léithi, agus tháinig seisean a-bhaile chuig a mhnaoi féin. 'Sé Antoine Sírín d'aithris é seo.
AN DÁ FHILE Bhí Riocard Bairéad ag dul suas chuig patrún a bhí ag an gCruaich, agus bhí an Suibhneach ar a thóir. Chonnaic sé an fear, agus léir mar chualaidh sé, ba cosamhail leis an mBairéadach é. "Ceist agam ort a ghiolla seo, Thárlaidh orm péin ó'n tslighe, Cia againn is gile finne, Nó is áilne gnaoi?"
Adubhairt an Bairéadach: - "Tá fear againn crosach, Agus an fear eile againn manntach buidhe, Agus níor bhfearrde an pobal, A mbuailfeadh an péire faoi." AN SGÉAL IONGANTACH Bhí bean ann a dtugadh siad Áine an Chnuic uirthi, agus 'sé an áit a raibh sí i n-a comhnaidhe ag Céis a' Chuirn. Tháinig duine uasal dárbh' ainm Conn Ó Domhnaill isteach chuice lá, é féin agus a ghíománach, agus bhí sí ag bogadh fir a bhí ins an aois leanbaidhe ins an gcliabhán. Rinne Conn Ó Domhnaill iongantas mór d'fhear ar bith a bheith chomh sean agus go mbeithí 'ghá bhogadh i gcliabhán, agus d'fhiafruigh sé d'Áine ar ab é sin a h-athair a bhí sí bogadh, agus dubhairt sí leis nár bh'é. D'fhiafruigh sé dhi go t-é é féin, agus dubhairt sí leis go mbadh é mac a mic a bhí sí a bhogadh. Bhí iongantas mór ar Chonn Ó Domhnaill faoi sin agus d'fhiafruigh sé d'Áine go té'n aois í féin agus dubhairt sí nach raibh a fhios aici, go raibh sí chomh fada ar an tsaoghal, agus nár choinnigh sí éan chunntas air acht mar seo ar sise - "Níor tháinic éan Fhéil' Mártain ó tháinig mé ar
an t-saoghal nach bhfuil righe mhairt ar an bhfaradh údaigh thíos i n' aghaidh." Dubhairt Conn Ó Domhnaill le n-a ghíománach, "Gadh suas ar an bhfaradh agus comhair iad go bhfeicidh mé cia'n aois Áine." Thug an gíománach chuige an dréimide agus chuaidh sé suas ar an bhfaradh agus thoisigh sé ag comhair- eadh agus agus cur thairis na rightheacha mart agus bhí sé mar sin ar feadh trí h-uaire an chluig. D'fhiafruigh an duine uasal de, an é nach raibh siad comhairthe go fóill aige. Dubhairt an gíománach leis nach raibh, dhá gcaitheadh sé lá agus bliadhain ar an lota nach mbeadh a ndeireadh cunntaiste aige. D'iarr an duine uasal air a dhul anuas de'n lota nuair nach dtainig leis a gcunntas. Shiubhail an gíománach anuas an dréimide agus sháruigh siad air a gcunntas. Dubhairt Conn Ó Domhnaill le hÁine an Cnuic, de bhean ach chomh sean léithi gurab iomdha rud uathbhásach chonnaic sí ó tháinig sí ar an tsaoghal, go mbeadh sé buidheach dhi dhá n-innisigheadh sí dhó roinn de na h-ion- gantais is mó chonnaic sí. Dubhairt sí leis, an rud is mó do chuir sí iongantas riamh ann, go raibh sí ag dul ghá innsin anois dó, ó chuir sé an cheist uirthi. "Bhí mise ar an mbaile seo fadó, ins an tsean- tsaoghal, agus bhí maor againn ann agus hoin Dia leis, go bhfuair sé bás." Dubhairt sí gur nigheadh é, agus gur glanadh é mar dhéanfaidhe le corp ar bith, agus gur cuireadh os cionn cláir é, agus go ndearnadh a thórramh, dhá lá agus dhá oidhche, mar bhí sé feileamhnach a dhéanamh le n-a mhac samhail ar bith.
An lá bhíthear le n-a chur, tháinig cónra, agus cuireadh isteach innti é, agus leagadh dhá stól ar an tsráid amach ó'n doras, agus thug beirt fhear amach an corp as an teach, agus leag siad an chónra suas ar an dá stól, agus fuair na fir deich bhfeadh de rópa cnáibe agus dhá phíosa de mhaide, thimcheall ceithre troighthe ar fad ins gach ceann aca. Tháinig fear stuamdha gur cheangail sé an dá mhaide ar an taoibh íochtair de'n chónra. Chruinnigh sochraoid mhór fhada fhairsing go dtugadh siad an maor chun na roilge go gcuireadh siad ins an uaigh é. Tháinig ceathrar buachaillí óga agus rug fear aca ar gach éan mhaide, beirt ar' chaon taoibh de'n chróchar nó go dtóigeadh siad é de na stólta, agus go siubhladh siad leis chomh fada leis an roilig, agus sháruigh sé ortha a chorrughadh. Shiubhail an ceathrar sin amach agus d'fhágaidh siad annsin é, nuair bhí sé sáruighthe ortha an cróchar a thóg- bháil, agus dá dtéidheadh an méid fear a bhí ar an tsochraoidh faoi ní chorróchadh siad é. B'éigean dóbhtha mathadh thabhairt air, agus é fhághbháil annsin, agus bhí sáruighthe ar na fir uilig an cróchar a chorrughadh de na stólta. Bhí iongantas agus uathbhás ar an méid daoine bhí ar an gcruinniughadh uilig faoi. Chonnaic fear de na fir annsin each dubh tidheacht an bóthar, agus marcach air, agus níor chomhnuigh sé go dtáinig sé go dtí an áit a raibh an cróchar. Bhí gach duine dhá raibh ar an gcruinn- iughadh annsin ag amharc ar an bhfear a bhí ar an each dubh, agus d'fhiafruigh sé dhíobhtha go té'n fhaillighe a bhí siad a dhéanamh. D'fhreagair fear dhó dh'á raibh ar an gcruinniughadh go raibh sé sáruighthe ortha an cróchar a chorrughadh as sin.
D'fhiafruigh an fear a bhí ar an each dubh go té'n sórt duine a bhí ins an bhfear a bhí marbh, nó go té'n cheird a lean sé an fhad 's bhí sé beo. Dubhradh leis - an fear ba shine bhí ar an trochraoid is é dubhairt leis é - go raibh sé féin ag amharc air, agus an-eolas aige air ó tháinig sé i gcéill nó i meabhair agus nach bhfaca sé ceird ar bith ná ealadhain aige, ach ag maoirseanacht, gur ghlac sé tinneas a bháis agus go bhfuair sé bás. "Má's mar sin a bhí," dubhairt an fear a bhí ar an each dubh, "caithfidh sibh a fhágháilt annsin go dtí i mbárach agus dá siubhladh sibh an tír, fághaigidh ceathrar maor eile agus bíodh siad annseo i mbárach agaibh go bhfeicidh sibh an mbéidh siad ábalta an cróchar a thógbháil." Sgar an tsochraoid annsin, agus b'éigean an cróchar fhágháil annsin agus shiubhail teachtairí 'chaon áit a raibh maor ag iarraidh ortha theacht chun na sochraoide, lá ar na bhárach. Tháinig ceathrar maor lá ar n-a bhárach, agus chruinnigh an tsochraoid aríst, mar chruinnigh indé roimhe sin, agus tháinig fear an eich dhuibh chomh maith. D'iarr marcach an eich dhuibh ar an gceathrar maor a dhul faoi'n gcróchar, agus sheas beirt aca ar gach aon taoibh dhe, agus rug fear aca ar 'chaon spéice, agus thóg siad an cróchar, ach chomh réidh gan streobh le cróchar ar bith dhár tóigeadh riamh. Shiubhail siad leo, agus shiubhail marcach an eich dhuibh i n-a gcuideachta amach ar thoiseach na sochraoide, agus an ceathrar maor agus an cróchar dhá iomchar leo, ag siubhal aniar 'n-a dhiaidh. Arsa Áine an Chnuic le Conn Ó Domhnaill, "An bhfaca tú an charraig mhór údaigh thíos le taoibh an bhóthair?" "Chonnaiceas," adubhairt sé. "Shiubhail marcach an eich dhuibh," ar sise, "agus an ceathrar maor agus an cróchar leo dhá iomchar, nuair
chuaidh siad síos iad féin agus fear an eich dhuibh go dtí an charraig, d'fhosgail éadan na cairrge, shiubhail an t-each dubh agus a mharcach air, isteach ins an gcar- raig, shiubhail an ceathrar maor agus an cróchar leo isteach i n-a ndiaidh, agus nuair bhí siad istigh, dhún an charraig suas ar ais, mar bhí sí riamh, agus ní raibh sé le n-aithne go ndeachaidh duine isteach riamh innti." D'fhill an tsochraoid a-bhaile annsin, mar nach raibh éan ghraithe nidh b'fhuide aca. "Ní bhfuarthas éan fháirneis ar mharcach an eich dhuibh," ar sise, "ná ar an gceathrar maor, ná ar an gcróchar, ó'n lá sin go dtí an lá seo, i mbeo nó i marbh, cnámh nó croiceann i n-úr nó i gcrín, ní raibh éan fháirneis ortha ní ba mhó." "Sin é an rud is mó ar chuir mé iongantas riamh ann," ar sise, " a dhuine uasail!" "Dar m'fhocal agus dar m'onóir! ba mhór an t-ion- gantas é," adubhairt Conn a Domhnaill le hÁine an Chnuic. "Ba mhor an t-iongantas é gan aimhreas!" 'Sé Peadar Mac Énrí a d'aithris an sgéal seo dhom ar Oileán Inis Bigil, Cuan an Fhóid Duibh.
DOMHNALL MEIRGEACH Níl sé acht ráithe is seachtmhain, a d'fhág mé an baile lán de spur is d'éadach, Níor shanntuigh mé beannacht mháthar ná athar, Gur náireach é mo sgéal le innsin; A óg-bhruinneall mhaiseach mhodhamhail chiuin chneasta! Déan thusa do leas má fhéadair, Slán is beannacht fhágaim féin leat, Is d'fhágaidh sin mo chreach-sa déanta. Shíl mé tráth nuair a bhí mé is tú i ngrádh, Go mb'aoibhinn do chách acht a bheith pósta. Uch! 'Sé mo chreach is mo chrádh! níor bheartuigh mé an cás, Go bhfuair mé mo dhá láimh dóighte; A' gcluin sibh me a mhná! na ndlaoin fada bán, Coinngidh sás bhur bpócaí, Óir is mise fuair mo chrádh, is gan fortún choidhche le fagháil, Uch! mo chúig mhile slán do'n óige. 'Sé mo chreach is mo chrádh! gach maidin is gach tráth, Nach agam bhí an sgéal brónach! Ag imtheach liom féin i dtaisteal is i dtréas, Is a Mhic Mhuire! nach mé an truaighe? Mo cháirde uilig a léir, an méid aca nár éag, Is go dtugadar go léir fuath dhom, Is gan focal i n-a mbéal acht "ó mhill tu thú féin, Fulaing dhá mhéad d'ualach." Mo bheannacht is mo chumha chuirim sa ród, Gan filleadh le seol gaoithe, Do Chonnacht an tsleoghailt, an mhisnigh is an spóirt, Le imirt is le ól a dhéanamh;
Nach minic sin is nach mór mo mheisge sa ló? Is mé ag éisteacht le gleo Muimhneach. Is an t-é is glic' uilig dhár bpór níor thuigeadar go fóill, Siolladh de mo ghlór-sa díreach. 'Sé mo chreach is mo dhíth! nach meanmnach a bhíos, Ag éirghe dhom ar maidin domhnaigh? Is as sin go dtí an oidhche, b'éigean dom luighe síos Ag leabaidh is mé lag brónach; Óir is rud é bhí in mo cheann is gur caitheadh liom an saighead, Is gur leagadh mo i leithridh an bhóthair, Mo chumann go deo le mnaoi ní leigfidh mé chroidhche, Dhá ngealladh sí dhá mhíle bó dhom. A Athair Ó! na rún, nach meathta an chúis? Gur cheangail tú mé le cumhaidh an tsaoghail seo, Gur chuir tú do shúil i n-airgead is i mbuaibh, 'S i speadóga ruadha an tsléibhe; Nár bh'fhearr liom-sa ar dtús mo cheangal go dlúth? Le cailín baramhail breág fionn glégeal, A n-imreochainn léithi cúig ar chluithchibh na lúb, Is go gcaithfinn go súgach a saoghal léithi. Ar bhruach Loch Céis' do hoileadh go glan mé, 'Sí an fhairrge mo réim dhúthchais, Ní bhfuil baile cuain dhá dtéighim nach dtigeann bláth glas ar an bhféar, Is duilleabhar ar an gcraoibhín cumhra; Tuigim, is ní bréag, go bhfuil duibhthean ar an spéir, Is gan fasgadh ar bith ó fhraoch na dúithche. Éanlaith an aeir is go ndeachadar i léic, Ó d'imthigh mé féin uatha. Seo fear agus phós á athair é le saidhbhreas an tsaoghail. Domhnall Mac Namara ba hainm dó, agus chomhnuigh sé i Loch Céise. Ní raibh sé sásta leis an
mnaoi a fuair sé, agus níor fhan sé aici acht ráithe agus seachtmhain gur imthigh sé leis, is níor tháinig sé ar a hamharc as sin amach. Chuaidh sé go Cúige Mumhan agus chuir sé faoi ann. 'Sí Brighid Ní Bhradáin d'aithris dom an t-abhrán seo. Comhnuigheann sí i nDubh Each, Acaill. 'LIAM GABHA Bhí 'Liam Gabha i n-a chomhnaidhe i bparáiste Loch Ladhair agus bhí ceardcha aige i ngar do'n bhóthar, agus bhí a theach féin ar an taoibh eile dhe, ar aghaidh a chéile. Ba gabha maith a bhí ann, acht bhí an iomarca dúil' aige ins an ól. Nuair a bheadh sgilling saothruighthe aige, ní bhfuigheadh sé suaimhneas nó go gcaitheadh sé í. Bhí sé chomh tugtha do'n ól is go bhfágadh sé an t-iarann ins an teinidh go minic nó go dtigeadh sé ar ais as teach an óil. Ar deireadh thiar ghlac an pobal fuath leis, agus ní raibh sé ag fágháil rud ar bith le déanamh. Bhí 'Liam lá breágh samhraidh i n-a sheasamh ag doras
a cheardchan, agus tháinig i n-a láthair fear mór áluinn. Bhí tart ar 'Liam. D'fhiafruigh an fear mór dhe a' gceannóchadh sé deoch biotáilte, agus dubhairt 'Liam leis nach raibh a luach aige; nach raibh sé ag fagháil éan obair le déanamh, agus go raibh tart air. Dubhairt an fear mór leis, "Béarfaidh mise do sháith airgid duit go ceann seacht mbliadhan. Béidh tú i n-ann gach uile shórt a cheannach a theastóchas uait, agus déan- faidh mé féin obair na ceardchan duit; tiocfaidh leat a bheith in do chodladh agus in do chomhnaidhe ag ithe agus ag ól má thugann tú d'ainm sgríobhtha dhom mar bhannaí go dtiocfaidh tú liom ar dheireadh na seacht mbliadhan, agus go mbéidh tú faoi mo smacht ar feadh na síorraidheachta." 'Sé an sórt a bhí ins an bhfear mór, splannc as ifreann. Thug 'Liam sin dó agus rinneadh an margadh. Bhí sé socair sámh é féin agus a shean-bhean gach nidh dhár theastuigh uaidh, bhí airgead réidh i n-a phóca le n-a cheannach. Tháinig lá fuar le síon sneachta agus sioc. Tháinig bochtán isteach i n-a theach, ní raibh sé i n-ann siubhal ó'n doras go dtí an teine, bhí sé chomh han-róiteach sin. Chonguigh 'Liam leis a theacht chuig an teinidh nó go ndearna sé a ghoradh agus ghearr sé amach stróic de'n fheoil a bhí ar a phláta féin go ndearna sé breicfeasta maith suas do'n fhear bocht. "A 'Liam!" adubhairt an fear bocht, "trí nidh ar bith is mian leat 'fhagháil mar ghuidhe gheobhaidh tú iad." "Dubhairt 'Liam, "Duine ar bith a bhéarfas ar mo chasúr, gan é bheith i n-ann sgaramhaint uaidh gur toil liom féin é." Ba hí sin an chéad ghuidhe. Dubhairt sé "Duine ar bith a shuidhfeas ar mo chathaoir, gan é bheith i n-ann éirghe aisti gur toil liom féin a thógáil as." Ba hí sin an darna guidhe.
Bhíodh 'Liam ar meisge, agus ní fhágthaoi pighinn airgid i n-a hócha go minic nach mbaintí as. Chuimhnigh sé gan éan phighinn a thabhairt as a sparán nó go mba toil leis féin é. Ba hí sin an tríomhadh guidhe. "Ó!" adubhairt an duine bocht, "A 'Liaim cad chuige nár iarr tú na Flaithis," adubhairt 'Liam, "b'fhéidir go bhfuighinn sin féin go fóill." Nuair a bhí na seacht mbliadna caithte, dubhairt an splannc, "A 'Liaim! atá an t-am thuas, béidh tú anois liom." "Tá mé réidh," adubhairt 'Liam. Seo ball theastuigheas ó chomhursain, is cóir dhúinn buille a bhualadh air, fágh greim ar an gcasúr agus buail an t-iarann chomh fhad agus atá sé te. Chaith 'Liam an t-iarann as a láimh féin agus adubhairt sé leis an splannc, "tá mise ag imtheacht anois agus ná déan thusa éan mhoill." Níor tháinig leis an splannc an casúr a chaitheadh as a lámha, bhuail sé é ar an talamh nó go dtarraingigheadh sé a lámha as agus chuir sé a dhá chois ar a mhullach agus d'fhastuigh a dhá chois do'n chasúr agus sháruigh air a sgaoil- eadh le n-a bhéal, ghreamhigh an béal do'n loisead agus bhí sé cruptha craptha. D'imthigh 'Liam an bóthar agus chaith sé dhá oidhche agus dhá lá ag ithe agus ól. Nuair a tháinig 'Liam a-bhaile fuair sé an splannc annsin caithte ceangailte agus adubhairt sé leis, "A rógaire! rinne tú margadh liom-sa agus bhris tú féin é, agus saghadfaidh mé an méid madaidhe atá sa' mbaile ort." "Ná déan sin a 'Liaim," adubhairt an splannc, "bhéar- faidh mé seacht mbliadna eile dhuit, agus béidh siad níos fearr faoi dhó ná na seacht mbliadna a chaitheadh." "Margadh déanta é," adubhairt 'Liam. Rug sé ar an gcasúr agus tháinig sé leis agus chuaidh an splannac chun na ceardchan ag cur toisigh ar a théarma, ar na seacht mbliadna eile. Chuaidh 'Liam isteach i n-a
theach agus bhí sé fhéin agus a shean-bhean ag cainnt agus ag comhrádh, ag ithe agus ag ól agus níor thairig siad greim ná deoch do'n splannc nó go raibh na seacht mbliadna caithte. Nuair a bhí an téarma thuas, léim an splannc amach as an gceardchain agus adubhairt sé, "A 'Liaim! taraidh liom anois nó bainfidh mé an fheoil anuas dhe do chnámha. Ní bhfuighidh tú mise chomh sodhanta anois agus fuair tú cheana mé." Shiubhail 'Liam amach leis, agus adubhairt sé, "fág- faidh mé slán agus beannacht ag mo shean-mhnaoi." Chuaidh an bheirt isteach go teach 'Liaim. "Suidh síos annsin," adubhairt 'Liam, "ar an gcathaoir." Shuidh sé. Chomh luath agus fuair 'Liam i n-a shuidhe é, "taraidh liom," adubhairt sé agus é féin ag dul amach an doras. Nuair d'éirigh an splannc, bhí an cathhaoir fastuighthe dhe. Chuir sé a dhá láimh innti go gcaitheadh sé uaidh í agus d'fhastuigh na lámha dhi. Bhuail sé a dhá chois ar an gcathaoir go sgaoileadh sé an greim agus ghreamuigh an dá chois di. D'imthigh 'Liam chun an bhaile mhóir agus chaith an tsean- bhean amach an splannc, agus bhí na muca 'ghá sglamhairt agus an chathaoir fastuighthe dhe, agus níor fhéad sé é féin a chosaint ortha. Nuair a tháinig 'Liam a-bhaile i ndiaidh dhá lá a chathadh ins an mbaile mór ag ithe agus ag ól, chonnaic sé an splannc ins an tsinc, agus shaghad sé an madadh mór ann. "Stad de'n obair seo," adubhairt an splannc le 'Liam, "agus bhéarfaidh mé seacht mbliadna eile dhuit, a bhéas níos fearr ná an méid a caitheadh uilig a léir." "Déanfaidh sin," adubhairt 'Liam. Rug sé ar an gcathaoir agus sgaoil sé an ceangal agus chaith sé na seacht mbliadna le sáimheacht.
Nuair a bhí an téarma caithte, léim an splannc amach as an gceardchain agus adubhairt sé, "A 'Liaim! ní bhéidh éan mhargadh le déanadh anois agat. Tiocfaidh tú liom-sa díreach an bóthar." D'imthigh an bheirt i n-éinfhe- acht, agus nuair a bhí siad i ngar do'n bhaile mhór, chonnaic siad ag tidheacht ar an mbóthar páirtí d'fhir, agus adubh- airt 'Liam - "A shean-dhiabhail! níl maith ar bith ionnat, sin fir a bheadh linn, comrádaidhthe liom-sa iad, dá mbeadh air- gead agam le biotáilte a cheannach dhóibh." Dubhairt an splannc, "déanfaidh mise airgead díom féin duit, agus tabhair a sáith dhóibh." Rinne sé airgead de féin agus rug 'Liam air agus chuir sé isteach i n-a sparán é. D'ól sé féin a sháith agus níor chuir sé áird ar bith ar na fir. Tháinig sé a-bhaile ag á n-a shean-mhnaoi féin, agus bhí an sparán i bpóca a bhríste, agus nuair a chuaidh sé a chodladh chuir sé an bríste faoi 'n bpeiliúr, faoi n-a cheann agus thoisigh an splannc ag feadghail agus ag sglamadghail. D'fhiafruigh an bhean de goidé'n sórt oibre í sin, agus adubhairt 'Liam, "Socróchaidh mise an obair seo uilig i mbárach; seo é an splannc atá ins an sparán agam. Bhéarfaidh mise amach chun na ceardchan i mbárach é, agus cuirfidh mé isteach ins an teinidh é. Séidfidh mé na builg, agus bhéarfaidh mé goradh maith dhó, agus smíochairt mhaith de'n ord mór ar an inneoin." "Ná déan sin, a 'Liaim!" ars an splannc, istigh ins an sparán. "Ní iarrfaidh mé thú féin ná duine ar bith eile." "Margadh é," adubhairt 'Liam, "acht ar ais go bráthach ní bhéidh cead agat a thidheacht as an áit a d'fhágaidh tú." I n-a ghearr-am i n-a dhiaidh sin fuair 'Liam bás. Chuaidh sé go geataí na bhFlaitheas, agus bhuail sé buille ar an
doras, agus tháinig Naomh Peadar amach chuige. "Cé hé thusa?" adubhairt Naomh Peadar. "Is mise 'Liam Gaibhne as paráiste Loch Ladhair." "Ó!" adubhairt Peadar, "a 'Liaim, nuair a bhí ath- chuinge le fagháil agat níor iarr tú a thidheacht annseo." "Cia'n áit a ngabhfaidh mé?" adubhairt 'Liam. "Téiridh síos an bóthar dorcha sin nó go dtigidh geata romhat." D'imthigh 'Liam an bóthar go dtáinig sé chuig an ngeata dubh. Bhuail sé buille ar an doras. Dubhairt an splannc istigh, "Cé thú féin?" agus dubhairt 'Liam, "Is mé 'Liam Gaibhne as paráiste Loch Ladhair." "Ó!" adubhairt an splannc, "druid an doras i n-a aghaidh. Má thigeann sé isteach, déanfaidh sé amadáin dínn uilig. 'Sé rinne gach cleas orm-sa nach gcaillfidh mo chuimhne go bráthach." Bhuaileadar iad féin i n-aghaidh an dorais, agus ní leigfeadh siad 'Liam isteach. B'éigean dó a theacht ar ais an bóthar céadna. Chonnaic Peadar a' tidheacht é, agus dubhairt sé, "Goidé d'éirigh dhuit, a 'Liaim?" Adubhairt 'Liam, "Ní leigfeadh an droch-éadáil sin isteach mé, agus b'fhéidir gurab é mo leas é. Déan truaighe dhom, a Pheadair! agus ná fág ins an dorchadas seo mé." "A 'Liaim," arsa Peadar, "ó chuaidh tonn bhaistidh ort bhéarfaidh mé solas duit." Tharraing sé sop tuighe as a leabaidh; las sé é, agus thug sé do 'Liam é, agus adubhairt sé, "Ní mhúchfaidh an solas sin go lá an bhreitheamhnais." Is iomdha duine a chonnaic coinneal 'Liaim lasta ó'n lá sin go dtí lá indiu. 'Liam Pléimeann d'aithris é seo.
AN CHOMHAIRLE CHÓIR Do léigheas deas milis tír-ghrádhach, Ar Shean-Dún na nGall, 'S ar ár dteangaidh bhinn dílis, A bhéas aithbheodhuighthe go coitcheann ar báll; Nuair a bhéas croidhthe ár ndaoine uilig dúisighthe, Le teas-ghrádh ar theangaidh 's ar thír, Mar do choidhe-sa, a Phádhraic Uí Chíosóig! A fhile is a Éireannaigh fhír! Curfa Mo ghoirm ort, a Éireannaigh thréanmhair! Do shláinte! go raibh tú i bhfad beo! Go mairidh do threabh láidir líonmhar! I gConnachta 's i gConndae Mhuighe Eó. Tá do chroidhe-sa go mór leis an gCruinne, Ní fhuil d'intinn beag cumhang mar an dream, A sgapadh clann Fódla ó chéile, Mar bhíodh siad, fairíor! sa' tsean-am;
Tá do thír-ghrádh go fairsing le hÉirinn, Go léimeann sé teorainn is crí, Ní fhéachann tú conndae ná cúige, Acht Oileán na Naomh is na Saoi. Curfa Mo ghoirm oirt, a Éireannaigh thréanmhair! etc. Go tuige mbéadh Éireannaigh sgartha? Ní fhuil ionnainn acht teaghlach amháin, Sliocht Ádhaimh is Éabha, síol Mhíleadh, A tháinig fad ó as an Spáinn; Clann Ghráinne Ní Mháille, síol Chearbhaill. Síol an tréin-fhir O Súilleabháin Mhóir, Clann Chonaill, síol Bhriain, sliocht Uí Fhearghail, Síol Néill, is Ruaidhrí Uí Mhórdha. Curfa I n-a cheann sin mo lámh dhuit, a bhráthair! Do shláinte! is cáirdeas go deo! Is go mairidh sinn clann an éan-mháthar! a Bhinn Éadair go h-Iarthar Mhuighe Eó! Chuir fear ins an Oileán Úr an t-abhrán seo mar fhreagradh litre chuig an charaid i nDubh hÚma, Iarros. Níl a fhios agam ainm an fhir thall, acht do réir briathra an abhráin is Pádhraic Ó Cíosóg, atá mar ainm ar an bhfear i bhfus. Fuaras é ó mo charaid tír-ghrádhach, Séamus Mac Énrí, Dubh hÚma, Iarros.
SGÉAL SHEAGHAIN MHIC AN NIALLAIGH AGUS PHÁIDÍN UÍ CHEALLAIGH Bhí beirt fhear i nGaillimh éan uair amháin, dárbh' ainm Seaghan Mac an Niallaigh agus Páidín Ó Ceallaigh, agus bhí cruit ar 'chaon fhear aca ó bhíodar i n-a ngasúir. Bhí Seaghan ag imtheacht as baile lá, agus thárla dhó go ndeachaidh sé thart le ráith bhí ins an áit, agus ag dul thart léithi dhó, chualaidh sé guth istigh sa' ráith a rádh: - "Dia Luain, is Dia Máirt! Dia Luain, is Dia Máirt!" Sheas Seaghan ag éisteacht. "Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Déadaoin ! Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin!" arsa Seaghan Mac an Niallaigh. "Cia h-é sin a chuir fad as mo rann?" ars an fear istigh. "Mise," arsa Seaghan Mac an Niallaigh. "Taraidh isteach annseo," ar seisean, "agus impidhe ar bith a iarrfas tú, tá sé le fágháil agat." Fosgluigheadh doras annsin do Sheaghan, agus chuaidh sé isteach. Fiafruigheadh dhe, céard a bhí a' teastáil uaidh. "Maise atá," ar seisean, "an cruit seo a bhaint díom." "Déanfar sin duit agus fáilte," arsa fear na ráithe. D'ionnsuigh sé é, agus dheamhan i bhfad a bhí sé leis, go raibh an cruit bainte de Sheaghan, aige. Rug sé ar an gcruit agus chroch sé suas é ar thaoibh an bhalla. "Bí ag dul a-bhaile anois," ar seisean le Seaghan, "atá tú ceart go leor." D'imthigh Seaghan a-bhaile agus lúthgháir a sháith air faoi'n gcruit a bhaint de.
Nuair a chonnaic muinntir an bhaile ag teacht é, bhí iongnamh ortha mar bhí sé chomh díreach le baraille gunna, gan cruit, gan cromadh, agus ba bheag an bhrigh sin gur chualaidh Páidín Ó Ceallaigh é. Tháinig sé chuig Seaghan agus d'fhiafruigh sé dhe, cia 'n chaoi ar baineadh an cruit de. "Maise," arsa Seaghan, "bhíos ag dul thart leis an ráith údaigh thall indé, agus chualaidh mé guth a' rádh: - "Dia Luain, is Dia Máirt! Dia Luain, is Dia Máirt!" "Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin! Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin," arsa mise. "Cia hé sin a chuir fad as mo rann?" ars an guth. "Seaghan Mac an Niallaigh," arsa mé féin. Ghlaodh sé isteach annsin orm, agus dubhairt sé liom; cébí nidh a bhí teastáil uaim go raibh sé le fágháil agam. Annsin dubhairt mé leis, an cruit a bhaint díom, agus rinne sé liom mar fheiceas tú anois mé. "Mo choinsias!" arsa Páidín, "rachaidh mise go dtí an ráth i mbárach, go mbaintear an cruit díom féin." Bhí go maith, d'imthigh Páidín ar maidin lá ar n-a bhárach chomh fada leis an ráith, agus nuair a tháinig sé chomh fada léithi, chualaidh sé an guth a rádh: - "Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin, Lá fighe an bhréidín; Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin, Lá fighe an bhréidín," Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin, Diardaoin, Dia hAoine, Dia Sathairn, Is Dia Domhnaigh.
"Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin, Diardaoin, Dia hAoine, Dia Sathairn, Is Dia Domhnaigh." arsa Páidín Ó Ceallaigh. "Cia h-é sin a mhill mo rann?" ars an fear istigh. "Mise," arsa Páidín Ó Ceallaigh. "Gabh isteach go ndéanad rud eicínt leat," ar seisean. Chuaidh Páidín isteach agus nuair a fuair fear na ráithe istigh é, céard a dhéanfadh sé acht breith ar an gcruit a baineadh de Sheaghan Mac an Niallaigh agus a bhualadh aniar ar a dhruim os cionn an chruit eile. Seoladh amach as an ráith annsin é agus thriall sé a-bhaile, agus mo dhuine bocht bhí sé brónach easanórach faoi n-a dhá chruit. Dá mhéad an t-iongnamh a bhí ar mhuinntir an bhaile faoi Sheaghan Mac an Niallaigh 'fheiceál ag teacht a-bhaile gan éan chruit; ba mhó seacht n-uaire é, ar fheicsint dóibh, Páidín ag teacht agus an dá chruit air. Bhí an t-ádh ar Sheaghan acht bhí a mhalrait ar Pháidín, agus deirim-se libh go mb' fhearr do Pháidín, fanacht sa' mbaile agus éan chruit amháin a iomchar go foigdeach, ná an dá cheann a bheith ar a dhruim go dtí lá a bháis. 'Sé Séamus Mac Énrí a chuir an sgéal seo ag triall orm.
AN CHAILLEACH MHÓR Bhí sean-lánamhain ann fad ó agus is fadó bhí. Dhá mbéinn an uair sin ann, ní bhéinn anois ann, bheadh sgéal úr nó sean-sgéal agam, agus b'fhéidir nár dhóichide sin ná bheith gan éan sgéal. Bhí an sean-fhear deich mbliadna agus trí fichid d'aois, agus an tsean-bhean trí fichid, agus ní raibh éinne cloinne riamh aca acht gheall Dia do'n tsean-mhnaoi go raibh sí le riocht cloinne. An oidhche bhuail tinneas na cloinne í, d'imthigh an sean-fhear faoi dhéin mná-ghlún, agus casadh an cóiste cinn dó ag teacht i n'aghaidh ar an mbóthar agus ceithre cinn de chapallaibh 'ghá tharraingt, faoi n-a chuid fuinneog gloine agus dhá lanndéir ar a thoiseach. Chuir Cailleach Mhór a cloigeann amach ar fhuinneoig an chóiste agus dubhairt sí leis an sean-fhear filleadh a-bhaile, go raibh ingean óg ag á n-a mhnaoi agus í go maith agus nach raibh éan chall aige a dhul nidh b'fhuide ins an turas a raibh sé ag dul ann. "Nuair a ghabhfas tú a-bhaile," ar sise, "Fosgail a leitheide seo de chomhra atá in do theach, agus gheobhaidh tú 'chuile chineál éadaigh ins an gcomhra sin dár chóir a chur ar leanbh ar bith dhá fheabhas, agus cuirigidh ar an bpáiste iad. Gheobhaidh tú biotáilte ann, agus gheobhaidh tú fíon ann, gheobhaidh tú arán agus tae ann, agus gheobhaidh tú min choirce ann, agus gheobhaidh tú 'chuile shórt ins an gcomhra a fhoghnanns do mhnaoi ar bith a bheith i ndiaidh cloinne. "Tá fleasg óir i gclár éadain an pháiste agus fleasg airgid i gcúl a cinn, agus is é an t-ainm a bhéarfas tú uirthi, "Lasair Ghorm Dhearg," agus tóg go maith an páiste le sgoil agus le léigheann, chomh maith le ingin duine uasail ar bith, agus gheobhaidh tú neart óir agus airgid
in do chomhra lá ar bith fhosglóchas tú é, nó bhéas graithe agat de, acht go bhfuil tú 'ghá geallamhaint dom-sa nuair a bhéas sí ocht mbliadna déag d'aois agus tiocfaidh mise faoi n-a déin an uair sin, agus tóg go maith í agus b'fhéidir go mb'fhearrde dhuit féin é." D'fhill sé a-bhaile agus bhí 'chuile shórt dhár dhubhairt an Chailleach Mhór leis, i n-a fhírinne. Nuair a tháinig an páiste i n-éifeacht, chuir sé sgoil agus léigheann roimpi, agus thóg sé í chomh maith le ingin duine uasail ar bith dhá raibh ins an tír. Bhíthear ag caitheamh an ama go raibh "Lasair Ghorm Dhearg" ocht mbliadna déag d'aois, agus nuair a bhí, tháinig an Chailleach Mhór faoi n-a déin, le n-a cóiste mór, agus d'iarr sí a hingean a chur amach chuici, agus chuir an sean-fhear amach chuice í, agus bhí an tsean-lánamhain buadhartha uaigneach i n-a diaidh, mar nach raibh comhluadar ar bith aca acht í. D'iarr an Chailleach Mhór uirthi a dhul isteach ins an gcóiste chuici, agus chuaidh sí isteach, agus d'fhill an Chailleach Mhór an cóiste ar ais, agus bhí sí ag imtheacht agus níor stad sí agus níor chomhnuigh sí nó go dtug sí isteach i gcúirt agus i gcaisleán breagh í, go dtug sí suas chun a párlúis í. Bhí togha gach bidh agus rogha gach dighe leagtha ar bord annsin. "A ingean," ar sise, "suidh agus ith do dhin- néar." Shuidh agus d'ith, agus níor fhan an Chailleach Mhór aici. Nuair a bhí an dinnéar caithte aici, tháinig an Chail- leach Mhór chuici agus bioráin chniteála leithi agus ceartlín snáith. "A ingean," ar sise, "an bhfuil tusa ábalta péire stocaí a chniteál?" "Atá," adubhairt sí. "Seo dhuit iad seo," adubhairt sí, "agus gabh ag cniteál." Rug sí uaithi ortha agus chuaidh sí ag cniteál na stocaí, agus d'imthigh an Chailleach Mhór uaithi. Nuair
a bhí sí sgathamh ag obair, thuit an ceartlín amach as a hucht agus roil sé ar an urlár go ndeachaidh sé isteach faoi bhun dorais seomra a bhí ann, agus sháruigh sé uirthi a thabhairt amach ó bhun an chomhnlaidh, agus b'éigean dí cromadh agus a lámh a chur isteach, ag tabhairt amach an cheartlín, agus nuair a chrom, chonnaic sí an Chailleach Mhór ag oibriughadh a cuid droma draoidheachta go huathbhásach. Tháinig iongantas ar an mnaoi óig agus má tháinig féin, níor leig sí uirthi féin é, óir shuidh sí síos ag cniteál ar ais. Ba gearr a bhí sí annsin go dtáinig an Chailleach Mhór chuici. "A ingean," ar sise, "go té'n rud chonnaic tú in mo sheomra?" "Ní fhaca mé dadaidh agus ní innseochaidh mé tadaidh," ar sise. "Siubhail amach liom-sa ann seo go fóill," ars an Chailleach Mhór, "agus leag do bhrat ar do ghuailneacha," leag, agus shiubhail an bheirt amach, agus thug an Chailleach Mhór síos go bord an locha í. "Anois," ar sise, "innis dom téard a chonnaic tú in mo sheomra?" "Ní innseochaidh mé tadaidh," ar sise, "mar nach bh'fhaca mé tadaidh," "bain díot do chuid éadaigh," ars an Chail- leach Mhór, "gach uile snáithe dhá bhfuil ar do chraiceann." Thoisigh sí ag baint dí na h-éadaighe. Nuair a bhí na héadaighe bainte dhi beag nach. "Anois," ars an Chailleach Mhór, "innis dom céard a chonnaic tú in mo sheomra." "Ní innseochaidh mé tadaidh," ar sise, "mar nach bhfaca mé tadaidh." Rug an Chailleach Mhór uirthi idir a dhá láimh agus thóg sí í agus chaith sí amach i lár an locha í, agus d'imthigh sí agus d'fhág sí annsin í. Bhí mac duine uasail ag iasgaireacht ar an loch i n-a bhád beag, agus nuair a chonnaic sé dhá báthadh í, thóg sé isteach ins an mbád í, agus chas sé a chóta mór thimcheall uirthi, agus thug sé a-bhaile leis í, agus chuir sé isteach
i seomra dhi féin í, agus thug sé culaidh éadaigh chuici a bhí sáthach maith ag aon bhean uasal dá raibh ins an domhan, agus annsin chuir sé fios ar sagart agus pósadh an lánamhain i gan fhios dá mhuinntir. Cébí chaoi ar theangmhuigh eochair an tseomra ar a dheirbhshiair lá, bhain sí an glas de'n doras agus chonnaic sí ise annsin agus níor labhair sí acht filleadh amach ar ais. D'fhiafruigh sí dh'á dearbhráthair go té'n áit a bhfuair sé an bhean bhreágh a bhí ins an seomra. D'innis sé dhí an chuma ar theangmhuigh sí air, agus an chaoi a bhfuair sé í, agus an chuma ar thárrthuigh sé a báthadh í agus go raibh sí ó shoin annsin. Thug a athair agus a mháthair agus a mhuinntir uilig milleán mór dhó, go mba mhór an náire dhó é, í bheith mar sin faoi ghlas agus é a dhul agus a tabhairt i n-a measg go haibéil. Chuaidh sé, agus thug sé leis í, agus bhí sí ar fud an tighe annsin mar bhí 'chuile dhuine aca féin, agus ní raibh éan bhean le fágháil i n-áit ar bith, a bhí leath chomh breágh léithi, agus bhí sí aige annsin go raibh mac óg aici. Cúpla oidhche i ndiaidh an naoidheanán a theacht ar an tsaoghal, tháinig an Chailleach Mhór chuici. "Sé do bheatha, a mháthair," ar sise, "Go mairidh tú," ars an Chailleach. "Anois, innis dom téard a chonnaic tú in mo sheomra?" "Ní innseochaidh mé tadaidh," ar sise, "mar nach bhfaca mé rud ar bith." Beireann an Chailleach Mhór ar an bpáiste, agus tugann sí léithi é, agus sgap sí beagáinín fola ar na héadaighe leabtha, agus thart ar éadaigh máthar an leinbh. Bhí 'chuile dhuine ins an teach i n-a gcodladh an uair sin. D'imthigh an Chailleach Mhór léithi, agus d'fhág sí annsin í. Nuair a dhúisigh na daoine, ní raibh an naoidheanán le
fágháil, agus bhí an fhuil sgaptha ar a héadan agus ar a lámha agus i n-a timcheall ar gach uile áit. D'fhiafruigh siad dí go té raibh an naoidheanán, nó go té d'éirigh dhó. Dubhairt sí nach n-innseochadh sí é. Dubhairt siad annsin nár bhean cheart a bhí innti; bean a fuarthas ar an loch mar fuarthas í, agus gurab é an chaoi a mharbhuigh sí an naoidheanán, agus dubhairt siad go mb'fhearr teine a dhéanamh agus a doghadh. D'iarr a fear feín impidhe ar a athair, a párdún an uair sin, agus thug an t-athair sin dó. Bhí sí aige annsin go raibh an darna mac aici, agus bhí neart ban coimhreach 'ghá fhaire. Thuit 'chuile dhuine aca i n-a gcodladh, acht máthair an naoidheanáin, agus bhí sí i n-a dúiseacht nuair a tháinig an Chailleach Mhór isteach. "Sé do bheatha, a mháthair!" ar sise. "Go mairidh tú, a ingean," ars an Chailleach Mhór. "Anois," ar sise, "innis dom go té'n rud a chonnaic tú in mo sheomra?" "Ní innseochaidh mé tadaidh," ar sise, "mar nach bhfaca mé tadaidh." Rug an Chailleach Mhór ar an naoidheanán, agus chuir sí isteach faoi n-a com é, agus sgapann sí beagáinín fola ar a héadan agus ar a lámha agus ar a cuid éadaigh, agus imthigheann sí agus an naoidheanán léithi. Nuair a dhúisigh muinntir an tighe uilig, ní raibh tuairisg an naoidheanáin le fágháil thall ná i bhfus ná i n-áit ar bith, agus d'fhiafruigh siad di go té'n áit a raibh an naoidheanán. Dubhairt sí nach n-innseochadh sí sin dóbhtha. Dubhairt gach duine annsin nár bhean cheart í, agus gurab é an chaoi a mharbhuigh sí an páiste go cinnte, agus go mb'fhearr a cur chun báis go haibéil, nó go mb'fhéidir go ndéanfadh sí rud ba mheasa 'ná sin. D'iarr an fear óg maithteanas a thabhairt di an uair sin, agus nach n-iarrfadh sé nidh ba mhó é, agus fuair sé
sin. Do rith léithi go raibh ingean óg aici, agus má bhí riamh agus go raibh cheana, bhí dhá'réag ban coimhreach 'ghá faire ins an oidhche, agus thuit gach uile dhuine aca i n-a gcodladh, acht máthair an naoidheanáin. Tháinig an Chailleach Mhór chuici, "Sé do bheatha, a mháthair," ar sise. "Go raibh maith agat, a ingean!" ars an Chailleach Mhór léithi. "Anois," ar sise, "innis dom go té'n rud a chonnaic tú in mo sheomra?" "Ní inn- seochaidh mé tadaidh, mar nach bhfaca mé tadaidh." Beireann sí ar an bpáiste, agus cuireann sí isteach faoi n-a com í, agus dhóirt sí beagáinín fola thart thimcheall uirthi, agus cuid de'n fhuil sgaptha ar a lámha agus ar a héadan. D'imthigh an Chailleach Mhór léithi, agus fágann sí annsin í, agus an chuma sin uirthi. Nuair a dhúisigh gach uile dhuine ins an teach, ní raibh an naoidheanán le fágháil. D'fhaifruigh siad di, go cé'n áit a raibh an páiste, nó téard d'éirigh dhó, nó ar thug duine ar bith uaith í. Dubhairt sí nach n-innseochaidh sí sin dobhtha, tadaidh faoi'n naoidheanán, ná go té'n rud a d'éirigh dhí, agus gurab in rud nach n-innseochadh sí go deo dhóibh, agus gan iad a bheith 'ghá fhaifruighe dhi. Tháinig athair an fhir óig i láthair. "A mhic," ar seisean, "ná hiarr maithteanas di níos mó, óir níl sé le fágháil agat. B'fhurus d'aithne do 'chuile dhuine, nár bhean cheart a bhí innti, bean ar bith a cheap tú ar loch mar í, gan duine a bheith léithi, nó bheith i n-a cuideachta. Níor innis sí dhuit go t-é hí féin, agus níor innis sí dhuit go t-é hé a hathair ná a máthair, agus níl fios ar bith agat go t-é hí féin, agus caithfidhear ins an teinidh ar an dó dhéag indiú í" Faduigheadh an teine, agus bhíthear 'ghá fágháil faoi réir le n-a caitheamh ins an teinidh ar uair a dó dhéag. Dubhairt a fear féin nach mbeadh sé beo dhá mbeadh sé
ag faire uirthi nuair a bheithí 'ghá cur ins an teinidh, agus go n-imtheochadh sé sgathamh ó'n teach; nach dtiocfadh leis fanacht ann, agus í dhá doghadh. D'imthigh sé leis, agus nuair a bhí sé míle bealaigh ó'n áit, chonnaic sé an cóiste mór ag teacht air i n-'aghaidh ar an mbóthar, agus ceithre cinn de chapallaibh 'ghá thar- raingt, agus fear i n-a shuidhe taobh amuigh dhe, agus é ag greadadh na gcapall ag baint siubhail asta. Nuair a casadh dhó an cóiste, chuir bean uasal bhreágh a ceann amach ar fhuinneoig an chóiste, agus d'fhiafruig sí dhe, ar chaitheadh an bhean sin ins an teinidh go fóill. Dubhairt sé léithi go raibh leath-uair eile de spás aici sul dá gcaithtí ins an teinidh í. "Cad chuige," ar sise, "nár fhan tusa 'ghá faire nuair a bheadh sí dhá doghadh?" "Is mé a fear pósta," ar seisean, "agus ní bhéinn beo dhá mbéinn ag amharc uirthi dhá róstadh ins an teinidh." "Gabh isteach annseo ins an gcóiste chugam-sa go haibhéil," ar sise. Chuaidh sé isteach chuici. "Seo iad do thriúr páistí liom-sa anois," ar sise, agus spreag sí an tiománaidhe gan na caiple a spáráil, agus ghread siad ar siubhal. Bhí an t-am caithte acht trí móiméid, nuair a tháinig siad go dtí an teine, agus iad faoi réir ise a chaitheamh innti nuair a léim an Chailleach Mhór amach as an gcóiste agus thug sí amach an triúr páistí, agus chuaidh sí go dtí an bhean óg, agus rug sí ar bhárr dhá lámh uirthi agus phóg sí í. "A' ingean," ar sise, "ab'fhearr a thóig éan bhean riamh, agus ba hí sin thusa. Bhí tú 'fulaingt leisg tadaidh 'innsin orm-sa, agus is maith dhuit féin sin. Bhí na geasa sin orm-sa le trí chéad bliadhain, agus bheadh go bráthach go n-iomchruigheadh do mhac samhail-se an méid sin, a ndeachaidh tú thríd, agus is liom-sa indiu thú d'aindeóin ceachtar aca. Seo iad do thriúr páistí, slán,
tárrthuighthe, tógtha go maith, chomh maith agus do b'fhéidir a mac samhail ar bith a thógbháil. Siubhail isteach annseo anois chun mo chóste-se. Ní fhágfaidh mé ag ceachtar aca thú. Tá áit agam-sa dhuit níos fearr dhuit 'ná fanacht aca-san. Is tú an t-oighre istigh agus amuigh ar an méad atá agam-sa, go bráthach." Shiubhail sí féin agus a fear isteach ins an gcóiste, agus a dtriúr páistí, agus an Chailleach Mhór í féin, agus d'fhill siad an cóiste ar ais. Níor stadadar agus níor chomhnuigheadar go dtug sí isteach chun a cúirte agus chun a cathrach féin iad, agus go ndearna sí oighre de'n fhear óg agus d'á mhnaoi, ar a raibh istigh agus amuigh aici dhá 'chuile mhíle sórt a b'fhearr ná a chéile, agus bhí sin aici, saidhbhreas ag an gCailligh Mhoir. Chaitheadar an oidhche sin, trian le fiannaidheacht, trian le sgéalaidheacht, trian le solm sámh agus le síor- chodladh go dtáinig maidin lá ar n-a bhárach, gur itheadar agus gur óladar a sáith, blas na meala ar gach éan ghreim aca, agus gan dhá ghreim ar éan bhlas, agus gan éan ghreim tur. "A ingean, anois!" ar sise, "gabh thú féin agus d'fhear isteach ins an gcóiste seo, agus gabh go dtí d'athair agus do mháthair go bhfeicidh tú an bhfuil siad beo, nó an maireann siad, agus má tá siad beo, tabhair chugam-sa annseo iad." Bhí go maith, a dhuine chóir! D'imthigh siad agus níor stadadar agus níor chómh- nuigheadar go ndeachaidh siad go dtí an áit a raibh an tsean-lánamhain go bhfuaireadar annsin iad, a dhuine mo chroidhe! i n-a sean-lánamhain caithte críon liath, duine i bhfus agus duine thall ar gach éan taoibh de'n teinidh, agus gan duine ar bith le dearcadh i n-a ndiaidh. Thóigeadar leo isteach ins an gcóiste iad. D'fhill an cóiste ar ais go dtáinig siad go dtí teach na Caillighe
Móire. Bí sí i n-a n-aircis amach ó dhoras a halla, agus chuir sí céad míle fáilte agus sláinte roimh an tsean-lánamhain, agus níorbh' lánamhain gan fáilte aici iad. Bhí an lánamhain óg agus an tsean-lánamhain agus an Chailleach Mhór annsin i gcuidechta, nó gur sgar an bás ó n-a chéile iad, agus go deimhin ní raibh tart ná ocras ortha, chomh fhad 's mhair siad beo. 'Sé Antoine Sírín a d'aithris é seo.
SEAGHAN BÁN Dá bhfeictheá Seaghan Bán, Is a charaidh ba breac ó'n tsliabh, Bhí cion ag na mná air, Is bhí a lán aca marbh i n-a dhiaidh; Níl gile, níl áilne, níl breághthachte, Dhá raibh i n-éan fhear ariamh, Nach raibh roinn de in mo ghrádh-sa, Is ní náir dhom bheith brónach i n-a dhiaidh. Is maith a d'aithneochainn mo chéad ghrádh, I n-éideadh fir siopa i bhfad uaim, Bhí deallradh ó'n ngréin ann, Is é féachaint orm go cruaidh; 'Sé an tsamhail a bhéarfainn dá mhéin mhaith, Is do leagan a shúl, Mar bheith fíor-uisge sléibhe Bheadh ag éalughadh maidin lae chiuin. A chuisle is a annsacht! i dtús an tsamhraidh, A' dtiocfá-sa chun siubhail, Amach faoi na gleannta ar na tamhnacha, An áit a sgallanns an ghrian; Ba breaca nó gamhna ní shanntóchainn Leat-sa mar spré, Acht mo dhá láimh faoi do cheann, Is sinn a bheith ag cainnt go huair an dó dhéag. Dhá bhfanthá go dtí an Fhéil' Brigdhe, Ar m'fhírinne bhéarfainn duit duais, Go gcruinnighmís ár ndaoine, Is go ndéanamuis an t-eadarshudh seo thuas; Béidh againn ba is caoirigh ar réidhteach, Ar mhalaí an Chnuic Ruaidh, Is béidh cead agat a dhul chun tíoghbhais, Má's mian leat le malaí gan gruaim.
Déanfaidh mé teach mór, An bhruach an chladaigh úd thiar, An áit a bhfeicfidh mé mo stóirín, Tráthnóna is ar maidin ag triall; A ghruaidh dhearg mar an rós; Nach tinn brónach bhéas mise in do dhiaidh, Is mí ní bhéidh mé beo, Má phósann tú an bhean dubh ó'n tsliabh. 'Sé Seaghan O Bláthmhail ata i n-a chomhnaidhe i nDún Inbhir a d'aithris é seo dhom. GOBÁN SAOR Bhí fear annseo i nÉirinn a dtugtaoi Gobán Saor air, agus mhair sé ins an seachtmhadh haois. Ba de shliocht Thaidhg mac Chiain, mac Oiliolla Oluim é, do chuir faoi i gConndae na Midhe ins an tríomhadh haois. Chomhnuigh Gobán i gCartún i bhfuisgeacht míle de Chill Alaidh i gConndae Mhuighe Eó. Tá lorg a thighe le feiceál annsin i gcomhnaidhe. Tugtar Garrdha Ghobáin Saoir air, agus bíonn an garrdha sin glas i gcomhnaidhe. Ba saor cloiche agus ádhmaid a bhí ann, agus bhí sé go han-chliste ar fad le stuaim agus intleacht. D'imthigh
sé go hAlbain ag iarraidh oibre dhó féin. Chuaidh sé i n-áit a raibh saortha ag obair, agus thoisigh siad ag gáiridhe faoi. Nuair a chuaidh siad chun a ndinnéir d'fhiaf- ruigh Gobán díobhtha, céard a bheadh sé féin a dhéanamh go dtigeadh siad ar ais. Dubhairt an máighistir a bhí os cionn na hoibre leis, cat agus dhá iarball a dhéanamh, agus cat gan éan iar- ball ar bith. Nuair a tháinig siad ar ais agus chonnaic siad an rud a bhí déanta aige, i n-áit iad-san a bheith ag magadh air, bhí seisean ag magadh ortha-san. Dubhairt an máighistir annsin leis na hoibridhtheoirí, "Ní dhearnaidh éan fhear riamh sin acht Gobán Saor as Éirinn, agus má's é atá ann, caithfidh sé máighistreacht na hoibre 'fhagháil." Fuair sé sin, agus ní raibh éan chaisleán ins an domhan a dtáinig leis bheith níos breaghthachte 'ná an ceann a rinne sé. Nuair a bhí sé críochnuighthe annsin aige, thug an máighistir duais mhór dhó le cois a thuarastail, agus dubhairt sé go raibh an-bhród air gur casadh air é. Sgar an bheirt buidheach beannachtach, agus dubhairt Gobán Saor go dtiocfadh sé a-bhaile go hÉirinn. Nuair a tháinig sé a-bhaile bhí mío-shásamh mór air mar nach raibh éan mhac aige - acht clann ingean uilig - go múineadh sé an chéird dó, agus thar éis seal gearr a chathadh sa mbaile, dubhairt sé le n-a mhnaoi go gcaithfeadh sé imtheacht aríst go Baile Átha Cliath ag foirgint chaisleáin do dhuine uasal ann, agus deir sé léithi, "Nuair a thiocfas mé ar ais b'fhéidir, le congnamh Dé, go mbeadh malrait sgéil agat le innsin dom a thóigfeadh mo chroidhe." D'imthigh sé annsin agus hoin Dia le n-a mhnaoi go raibh ingean eile aici. Bhí taoiseach ar bh'ainm dó Franaidh Mór i n-a chomh- naidhe i bhfuisgeacht leith-mhíle de theach Ghobáin. Bhí an
abhainn eatortha. Bhí muirighin mhór de chlainn mac aige, gan éan ingean ar bith a bheith aca. Ó thárla go raibh an sgéal mar sin, rinne ar bheirt bhan, 'sé sin bean Ghobáin agus bean Fhranaidh marlait páistí, agus ní raibh fios ar bith ag Gobán faoi. Nuair a tháinig Gobán a-bhaile, bhí bród mór air nuair a chonnaic sé go raibh athrughadh cloinne ag a mhnaoi. Thóg sé le árd-sgoil agus le léigheann é. Go raibh sé suas le bliadhain agus fiche d'aois. Bhí sé i n-a bhail- labhair annsin, ní raibh a fhios aige cia'n chaoi a dtogh- fadh sé bean dó. Dubhairt Gobán leis dul chun an aonaigh agus craiceann caorach a thabhairt leis, agus an craiceann a bheith a-bhaile leis agus a luach. Chuaidh sé ann agus chaith sé trí lá ar an aonach, agus ní bhfuigheadh sé éan duine a bhéarfadh dhó é, nó go raibh sé ag teacht a-bhaile tráthnóna, an tríomhadh lá, nuair a casadh an bhean seo leis, agus í ag nighe éadaigh cois abhann. Rinneadh ball magaidh dhe ar an aonach. D'fhiafruigh sí dhe cé raibh sé ó mhaidin. "Bhí mé ag díol an chraicinn seo," ar seisean, "agus ní bhfuighinn éan duine a cheannóchadh é." "Is mór an t-iongantas sin," ar sise. Caithfidh go raibh tú ag iarraidh a dhíol go hiongantach daor." "Ní raibh," ar seisean, "acht dubhairt m'athair liom gan sgaradh leis go bhfuighinn é féin agus a luach." "Bhéarfaidh mise é féin agus a luch dhuit," ar sise." "Bíodh sé i n-a mhargadh," arsa Mac Ghobáin. Rug sí ar an gcraiceann, agus bhain sí an olann de. Chongbhuigh sí an olann agus chaith sí chuige an craiceann agus tuis- tiún, mar b'in é a luach. Chuaidh sé a-bhaile agus d'fhiafruigh an t-athair dhe, cé thug an craiceann agus a luach dhó. Dubhairt sé gurab í a leitheide seo de mhnaoi a bhí ag
nighe éadaigh cois abhann a thug dhó é. "Tá go maith, a mhic," adubhairt sé, "caithfidh tú í sin a phósadh." D'imthigh sé agus d'iarr sé an bhean dá mhac, agus is beag a bhí fhios aige gur b'í a ingean féin í, agus b'í, agus ní raibh gaol ná páirt aige leis an bhfear a shíl sé gur bh'é a mhac é. B'in é an t-ádhbhar go raibh sé chomh mío-thuisginteach le taoibh a ingine. Gléasadh an bhainfheis agus pósadh an lánamhain. Bhí bainfheis bhreagh aca, mar bhí neart airgid ag Gobán. Thar éis na bainse, líon sé soitheach le ór, agus shín sé chuig mhnaoi a mhic é, agus dubhairt sé gur deas an éadáil é sin, agus dubhairt sise nach raibh caill ar bith ann acht a bheith ag cur i n-a cheann. Thug sé soitheach eile annsin di. "Is fearr anois é 'ná an chéad uair," ar sise. "Is fearr," ar seisean, "agus ní dadaidh sin le taoibh a bhfuil le fagháil agat. Nó sílim," ar seisean, "gur fiú thú é, rud ar bith a gheobhas tú." Thug sé a-bhaile leis annsin í, agus fáilte mhór a bhí ag Gobán roimpi. D'fhanadar i bhfochair a chéile ar feadh dhá bhliadhan gur sgríobh Rí Shasana faoi n-a dhéin go ndéanadh sé caisleán dó. Nuair a bhí sé ag dul ann, thug sé leis a mhac, agus nuair a chuaidh siad sgathamh de'n bhóthar, dubhairt Gobán leis, an bóthar a ghiorrughadh, agus dubhairt an mac nach dtáinig leis. "Muna dtig, a mhic, fill a-abhaile," adubhairt Gobán leis, agus d'fhilleadar a-bhaile an lá sin. Maidin lá ar n-a bhárach, dubhairt sé le mhnaoi a mhic an chéad-phroinn a réidhteach, go dtéigheadh siad go Sasana an lá sin. Nuair a chuadhadar timcheall an fhaid chéadna a ndeach- adar an lá roimhe sin, dubhairt sé leis, an bóthar a ghiorrughadh. Dubhairt an mac leis nach dtáinig leis. "Fill a-bhaile," adubhairt an t-athair leis. Chuaidh siad
a-bhaile agus bhí iongántas mór ar a mhnaoi, go tuige a raibh siad a' teacht a-bhaile mar sin, acht níor labhruigheadh éan fhocal faoi go ndeachadar a chodladh, agus nuair a chuaidh, d'fhiafruigh sí dh'á fear go cé'n fáth a raibh siad ag filleadh mar sin le dhá lá. "D'abruigheadh m'athair liom an bóthar a ghiorrughadh dhó, agus dubhairt mé leis nach dtáinic liom." "Nuair a iarrfas sé i mbárach ort é," ar sise, "toisigh ar phaiste de sgéal maith, agus creid mise dhuit nach bhfillfidh sé, agus cébí rud a dhéanfas tú nuair a rachas tú go Sasanaibh, bí mór leis na mnáibh." Nuair a chuaidh siad ar an mbóthar an tríomhadh lá, agus nuair a shiubhail siad sgathamh de'n bhóthar, d'iarr Gobán ar a mhac, an bóthar a ghiorrughadh. Dubhairt sé leis go ngiorróchadh, agus thoisigh sé ar sgéal. "Déanfaidh tú na graithe anois," adubhairt Gobán leis. D'imthigheadar leo go Sasana annsin, agus chuaidh siad i gcionn a gcuid oibre, agus bhíodar ag dul chun tosaigh go féidhmeamhail leis an obair. Bhí mac Ghobáin ag déanamh iongantach mór leis an mnaoi a bhí ag réidh- teach an bidh i dteach an ríogh, agus níor innis sé riamh dhi go raibh sé pósta. Nuair a bhí an caisleán réidh, dubhairt an rí go mbain- feadh sé an ceann de Ghobán ar fhaitchíos go ndéanadh sé éan cheann eile a bheadh chomh breágh leis, agus bhí an searbhfhoghanta seo a bhí ag suirgheacht le mac Ghobáin ag éisteacht leis an righ dhá ráidhe, agus dubhairt sí le mac Ghobáin, "Is gearr bhur saoghal." "Tuige?" adubhairt seisean. D'innis sí dhó an sgéal ó bhun go dtí a bhárr mar chualaidh sí féin é. D'imthigh mac Ghobáin agus d'innis sé dhá athair é. "Ní fiú biorán é," adubhairt an t-athair leis. "Nuair a tháinig an rí go dtí Gobán agus é a' dul 'ghá mharbhadh, adubhairt sé, "A Ghobáin, an bhfuil éan
chaisleán ins an domhan chomh breágh leis seo?" Dubhairt Gobán nach raibh, "dá mbeadh trí nidh atá sa' mbaile agam, annseo agam, acht gan na trí nidh sin atá sé i n-a bhail-labhair, agus is fearr dhúinn dul go hÉirinn faoi n-a ndéain." "Ó! ní rachaidh," ars an rí, "cuirfidh mé mo mhac féin faoi n-a ndéir." "Cé hainm a bhéarfas sé ortha?" ars an rí. "Bhéarfaidh sé "cor i n-aghaidh an choir; cam i n-aghaidh an chaim; agus beart i n-aghaidh na beirte."" "Go té'n chaoi a bhfuighidh mé amach do theach-sa i n-Éirinn?" adubhairt mac an ríogh. "Bí ag imtheacht go bráthach," arsa Gobán, "nó go dtigidh tú ar theach breágh, agus béidh cnap mór aoiligh amach ó'n doras ann; gabh isteach annsin agus gheobhaidh tú teine bhreágh ann; bean ar leath-láimh agus páiste ar leath-shúil." Bhí sé ag siubhal go bhfuair sé amach teach Ghobáin. Nuair a chuaidh sé isteach, d'fhiafruigh sé de mhnaoi mhic Ghobáin, ar bh'é seo teach Ghobáin i nÉirinn? Dubhairt sí gurab é. "Dubhairt sé liom-sa go raibh tú ar leath- láimh," adubhairt mac an ríogh, "agus go raibh an páiste ar leath-shúil." Rug sí ar an bpáiste, agus chuir sí ar a leath-láimh é. "Anois," ar sise, "nach bhfuil mise ar leath-láimh?" Chuir sí próiste i láimh an pháiste, agus dubhairt sí go raibh an páiste ar leath-shúil anois. "Níl a fhios cia'n móiméad," adubhairt sí, "a chuirfeadh sé an próiste sin i n-a shúil, agus bhainfeadh sé an tsúil as féin." Dubhairt sé léithi gur chuir Gobán i gcoinne na dtrí neithe é. "Go cé'n t-ainm atá ortha?" adubhairt sí leis. "Atá cor i n-aghaidh an choir; cam i n-aghaidh an chaim; agus beart i n-aghaidh na beirte," adubhairt mac an ríogh. "Tá siad thíos annsin ins an gcomhra, agus gabh síos
agus tabhair leat iad," ar sise. Chrom sé isteach i gcomhra mhór mhiotail a bhí ann; chuaidh sí síos agus rug sí ar dhá chois air, agus chaith sí isteach é. Chuir sí an glas ar an gcomhra, agus d'fhág sí annsin é, agus dubhairt sí, "Béidh tusa annsin anois, nó go dtigidh Gobán agus a mhac a-bhaile chugam-sa." Bhí baramhail aici go raibh Gobán agus a mhac i ngéibheann thall. Fuair sí seoladh an ríogh ó'n ngiolla a bhí ins an gcomhra. Do sgríobh sí litir a chuig an righ, agus dubhairt sí leis, go raibh a mhac i gcéibheann aici, agus nach bhfágfadh sé choidhche an áit sin, nó go dtigeadh Gobán agus a mhac slán chuici féin. Ba bhuidhe bocht leis an rígh, Gobán agus a mhac leigint a-bhaile, agus nuair a shroich siad an baile, thugadar cead a chinn do mhac an riogh, agus sgaoil siad chun bealaigh é. Sin é an chaoi a chruthuigh bean mhic Ghobáin do'n bheirt aca. Dubhairt Gobán annsin go dtiubharfadh sé suas dul go Sasana níos mó. Tá siad annsin socair sáthach ó shoin. Antoine Giontaidh a d'aithris, atá i n-a chomhnaidhe i nDún-Inbhir, ar Oileán Acla.
CÚIG' ULADH AN tSÉIN A Chúig' Uladh an tséin! 'sé mo léan géar, Nach bhfuil mé anocht le do thaoibh, Is go deimhin dhá mbéinn, Is maith a d'fhágfainn Cúige Chonnacht 'mo dhiaidh; Ní fhuil maidin dhá n-éirighim, Nach réabthar míle osna in mo lár, Ag smaoiniughadh ar an t-é, fairíor! Nach bhfeicfead go bráthach. Buachaillín caol árd atá i n mo ghrádh-sa, Bán tanaidhe fionn, Is a mhuinntir ghá rádh leis, Go mbíonn sé a' tidheacht chugam ar cuairt; Béal an Átha Buidhe, Is bíodh sé breac ballach le maoin, Is go mb'fhearr liom-sa ins an sgraith-chrith leis, Seal oidhche, ná ar mhalaí an Chruic Ruaidh. Is tá mé i n mo shuidhe, a d'éirigh an ghealach seo aréir, Ag cur na teineadh seo síos do dhian-ghrádh, Is ghá fadóghadh liom féin; Tá muinntir an tighe i n-a luighe síos uilig, An leabaidh chlumach éan, Is tá na coiligh a' ghlaodhach, Is Rinn a' Mhaoile i n-a gcodladh acht mé. Gabhfaidh mé suas ar cuairt, Chun a' bhaile a mbíonn sí, Is ní thiocfaidh mé anuas go dtugaidh mé, An chuach liom atá ar bhárra na ngéag;
Is buachaillín suairc mé, Ar uaisle mo shinnsear má's fíor, Is tá siad ghá luadh liom, Gur truagh sin grádh fir bheith ar mhnaoi. Is grádh mo chroidhe do bhéilín binn bréagach, Nár chan riamh acht greann, Má bhí mise seal aréir leat, Ní féidir go raibh dochair dhom ann; Acht a beag lucht na mbréag, Is iad a bheith chomh follasach ann, Is maith a nighfinn do léine is gan bréag ar bith, Is maith a d'oilfinn do chlann. Is binne liom thú ná fliut, Is ná an fhidil ar téad, Agus is glaise do shúil Ná an t-ubhall atá ar bhárra na ngéag; Le n-a dheiseacht is shiubhlanns tú an drúcht, Is ní bhrúigheann tú an féar, Is do mhac samhail ar stuaim, Ar an dún seo ní feicthear dhom é. Is a Bhrighideog na gcuach! An truagh leat mise a bheith tinn? Is an aruinn go buan, Ag dul thrí cheart-lár mo chuim; Muna dtigidh tú ar cuairt chugam, Anuas ins an mbaile a mbím ann, Uch! tuitfidh an ghruag dhíom, Is ní dual díthi fás aríst trom. A ógánaigh óig! ní ádhbhar ar bith, Magaidh dhuit mé, Níor thug mé féin grádh dhuit, Is mo chrádh geal nílim i n-a dhiaidh;
Níl agat le rádh liom, Acht amháin nach bhfuil agam spré, Is má tá mé féin gan ór buidhe. Uch! is eol dom codladh liom féin. Máire Phádraic, Dubh-Each, Acaill, a d'aithris. MÚIRNÍN NA GRUAIGE BÁINE Is fada mise tinn 'Mo luighe an chúl mo chinn, Is marc agam ar ghreim mo mhéar; Ar oileáinín cois chuain, Is mé ag éisteacht leis an gcuaich, Is tá an aruinn seo go buan 'mo thimcheall. Is truagh nach sa gcill a bhíos, Nó a' faire mo cháirde gaol, Nó ar mhullaigh cnuic gan díon gan árus; Sul má dtug mé grádh do mhnaoi, An bhean do chráidh mo chroidhe, Is d'fhágaidh mé chomh dubh le áirne. Ní chomhnóchaidh mé gan spás Go dtéighead do'n Droichead Árd, Go mbreathnuighidh mé ar bhárr na sgéimhe Má tá sí dhom-sa i ndán, Péarla an bhrollaigh bháin, Go bhfillidh sí slán ó'n aonach. I mbaile na h-Inse thiar Atá mo ghrádh le bliadhain,
'S is áilne í ná grian an tsamhraidh; Fásann mil i n-a diaidh, Ar lorg a cos sa tsliabh, 'Sa mbaile a mbíonn mo ghrádh le bréagadh. Dhéanfainn bád is long, 'S stiúrfainn í go cruinn, Shníomhfainn gad is dhéanfainn céachta; Bhréagfainn-se go binn Mo leanbáinín fionn. Is rachainn seal a' comhrádh léithi. Tá siad ghá shíor-rádh Go dtug mé grádh do mhná, Is níor thug mé riamh mo ghean acht do chúigear; Go dtiubharfadh bean a grádh Dh'indeoin feara Fáil Do'n chleasaidhe údaigh is gráinte ar aonach. Is gile a píob is a brágha Ná cubhar na tuinne ar an tráigh, Is ná aol a bheadh ann lá breágh gréine; Dhá dtéighinn-se anonn do'n Spáinn, is a thidheacht a-bhaile slán, 'Sí Múirnín na Gruaige Báine a b'fhearr liom. Niall Ó Falamhain Dún Inbhir, Acaill, a d'aithris é seo. Gabhaim buidheachas le Micheál Mac Ruaidhrí, óir, 'sé a chuidigh liom, nuair a bhí an leabhar seo dhá cheartughadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services