Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Notices of books.
Title
Notices of books.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Craobho coibhneasa agas geuga gacha gabhála dar ghabh Ere ón amsa go h-Adamh (acht Fomhoraigh, Lochlannaigh, agus Saxghaill amháin, lámha ó thánghadar d'ár ttír) go naoimhsherchas, agas réim ríoghraidhe Fodhla fós, agas fa dheoigh clár na ccuimsighthear (iar nurd aibghidre) na Slointe agus na h-áite oirdhearca luaiter isin leabharsa do teaglomadh leis an Dubhal- tach MacFirbisigh Leacain 1650. Bíoth umorro, gurab fon samhail sin as gnaithche tabhairt tiodail do leabhraib re lin an linesi, ní léig- feam lorg ar sean, an seanghnás grianach, Gaoidhealach dhinn, oir ase as soiléire, marso. Loc, aimsir, persa, agus tugaid sgríbhne don leabharsa. Loc dho, Colaiste S. Niocol i n-Gaillimh, aimsir dho, aimsir an Cogadh chreidhmhigh edir Chatoilcibh Erennn, agas Erticibh Erenn, Albun, agus Saxan, go háiridhe isin mbliadhain do aois Crist, 1650; Pearsa dho Dubhaltach mac Giolla-iosa Mhoir Mhec Fhirbisigh, Seanchaidh, etc., a leacain Mhec Fhirbisigh i tTír Fhiachrach Muaidhe, agas tugaid sgribhne an leabhair cheudna do mhorughadh De, agus do gheunamh iúil do chach i ccoitchinne. Tegeumhad tra go measfadh neach egin iongnadh isin obairsi tre adhbhle agas fhoirleithne na Senghenelachsa siar ar na ceudaibh cindeadh coirighthear ann go hAdham iar nurd a ngaol re raile, uair ad chluinim fen dron- gaib a deirid nach édir Getealaigh Gaoidheal do bhret go bun mar soin. Gibe fáth ma nabraid sin do bhearmaois baramhuil da madh brigh linn air ni do atamuid, acht do thaispeunaid na Finne iar fensgribhribh suidhighthe Suadh, Sean-naomh agas sruith-sheanchadh Erenn ol-ceana, ó ceudtos na naimsior gur aniu, ní nach cuirthe i gcunta- bhairt, uair as radh coitcheann coimhliondraic do ghlain- labhraibh Gaoidhelge aosda Erenn na briathraso sios ag foillsiighadh Lucht coimhéuda an Fheanchais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services