Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Sgeuluidhe Gaodhalach I,II,III
Title
An Sgeuluidhe Gaodhalach I,II,III
Author(s)
De hÍde, Dubhghlas,
Pen Name
Craoibhín Aoibhinn, An
Composition Date
1895
Publisher
Oberthür
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cuid 1 le Dubhglas De h-Íde, LL. d. (An Chraoibhín Aoibhinn) I An Sagart agus an t-Easbog. Tháinig difir bheag éigin idir triúr mac. Mic feilméara do bhí ionnta. Dubhairt fear aca go bhfágfadh sé an teach agus go rachfadh sé ar oileán. Chuaidh fear eile ann a shagart, agus d'fhan an dearbhráthair is sine anns an teach. Níor stop an sagart óg so go ndeachaidh sé amach go B'l'áthluain anns an gcoláiste, agus d'fhan sé ann sin i n-imtheacht cúig bliadhna, go raibh a theurma caithte, agus bhí sé riaghalta amach 'nna shagart. Ghleus sé é fein suas anns an gcoláiste ann sin, agus dubhairt go rachfadh sé a-bhaile ag feuchaint a athar 's a mháthar. Cheangail sé a chuid leabhar le chéile ann a mhála, agus thug sé ann sin ar an mbaile. Ní raibh aon ghleus iomchair ann san am sin ann; b'éigin do siúbhal. Shiúbhail sé ar feadh an laé go raibh an oidhche ag teacht. Chonnairc sé solas uaidh. Chuaidh sé chuige, agus fuair sé teach mór duine-uasail. Tháinig sé asteach ar an tsráid agus d'iarr sé lóistin go maidin. Fuair sé sin ó'n duine-uasal agus fáilte, agus ní raibh fhios ag an duine-uasal creud dheunfadh sé dhó, leis an meas do bhí aige air. Bhí an sagart 'nn a fhear breágh, agus thug inghean an duine- uasail, taithneamh dhó, mar deurfá, nuair bhí sí a' leagan a
shuipéir - fuair sé togha suipéir. Nuair chuadar 'nna gcodladh ann sin, chuaidh an bhean óg asteach san tseomra 'n-áit a raibh an sagart. Thosaigh sí ag iarraidh air, an eaglais do thabhairt suas agus í féin do phósadh. Ni raibh aon inghean ag an duine- uasal acht í féin agus bhí an t-árus le bheith aici ar fad, agus dubhairt sí sin leis an tsagart. 'Deir an sagart, "na' h-innis t'inntinn dam," adeir sé, "ní 'l aon mhaith ann, tá mise pósta cheana le Muire Máthair, agus ní bhéidh aon bhean eile go bráth agam," adeir sé. Thug sí suas ann sin é, nuair chonnairc sí nach raibh aon mhaith aici leis, agus d'imthigh sí. Bhí pláta óir ann san teach, agus nuair thuit an sagart óg 'nn a chodladh, tháinig sise ar ais arís ann a sheomra, agus chuir sí an pláta óir a gan fhios dó ann a mhála, agus amach arís léithe. Nuair d'éirigh sé ann sin ar maidin bhí sé d'á fhághail réidh bheith 'g imtheacht arís. Budh aoine, lá trosgtha, do bhí ann, acht fuair sise píosa feóla agus chuir sí asteach ann a phóca é, a gan fhios dó. Anois bhí an fheóil agus an pláta óir aige ann a mhála, agus d'imthigh mo dhuine bocht gan aon bhéile ar maidin. Nuair bhí sé cúpla mile imthighthe ann san mbóthar, d'éirigh sí agus d'innis sí d'a hathair: an fear do bhí aréir aige gur droch-duine do bhí ann, gur ghoid sé an pláta óir agus go raibh feóil ann a phóca ag imtheacht dó, go bfhacaidh sí féin é g'á h-ithe agus é ag dul an bhóthair 'san maidin. Fuair an t-athair ann sin capall réidh agus lean sé é agus tháinig sé suas leis agus fuair sé gabhtha é, agus thug sé ar ais arís chuige féin é, gur chuir sé fios ar na peelers. "Shaoil mise," adeir sé, "gur fear cneasta bhí ionnat, agus rógaire thu," adeir sé. Tugadh amach ann sin é, agus tugadh do'n jury é le n-a thry- ál, agus frith cionntach é. Thaisbeán an t-athair amach as an mála an pláta óir, do'n jury ar fad. Tugadh breith crochta air ann sin. Dubhradh gur fear ar bith do rinne rud de'n tsórt sin, nár bh-fiú é acht a cheann do chur asteach 'san gcroich agus a chrochadh. Bhi sé shuas ar an stage dul d'á chrochadh nuair d'iarr sé cead
labhartha os cómhair na ndaoine. Tugadh sin dó. Sheas sé suas ann sin agus dubhairt sé leis na daoinibh uile cia bhí sé féin, agus ca raibh sé ag dul, agus créad do rinne sé, mar do bhí sé ag dul a-bhaile d'a athair agus d'á mháthair, agus mar thainig sé go tigh an duine-uasail seó. "Ní'l fhios agam go ndearna mé aon droch rud," ar sé, "acht an inghean do bhí ag an duine-uasal so, tháinig sí asteach chugam ann san tseomra 'n-áit a raibh mé mo chodladh, agus d'iarr sí orm an eaglais d'fhágbháil agus í féin do phósadh, agus ni phósfainn í, agus is dóigh gur b'ise do chuir an pláta óir agus an t-iasg ann mo mhála," agus chuaidh sé síos ar a dhá ghlúin ann sin, agus chuir sé athchuinge ar Dhia solus do chur chuca uile nach é féin do bhí cionntach. "O ní iasg bhí ann do phóca chor ar bith, acht feóil," ar san inghean. "Is feóil, b'éidir, do chuir tusa ann, acht is iasg do fuair mise ann," ar san sagart. Nuair chualaidh na daoine sin, dubhairt siad an mála do thabh- airt ann a bh-fiadhnuise, agus fuair siad gur iasg i n-áit feóla do bhí ann. Thug siad breith ann sin an bhean óg do chrochadh i n-áit an t-sagairt. Do cuireadh í suas ann sin ann a áit le crochadh, agus nuair bhí sí shuas ar an stage dul d'á crochadh, dubhairt sí leis an sagart, do bhí shíos, "well, a dhiabhail," ar sí, "béidh tu agam-sa ar neamh no ar talamh," agus leis sin do crochadh í. D'imthigh an sagart leis, tar éis sin, ag tarraingt a-bhaile. Nuair tháinig sé a-bhaile tar éis seal, fuair sé séipéal agus paráiste, agus bhí sé go socair sásta agus bhí meas mór air ag uile dhuine ann san áit, mar bhí sé 'nna shagart breágh ann san b-paráiste. Bhí sé mar sin le tamall maith, go dtáinig lá ann a n-deachaidh sé ar cuairt go duine-uasal mór do bhí ann san áit sin, mar thiucfá féin asteach ann san ngardha so, no mar sin, agus bhiadar ag siúbhal ann san ngardha amuigh, an duine-uasal agus é féin. Nuair bhí sé dul suas cosáin ann san ngáirdin seó, do casadh bean-uasal dó, agus nuair bhí sí gabhail thairis an
t-sagairt ar an gcosán, do bhuail sí buille bheag eud-trom d'á láimh air, asteach ar a leithcinn. Is í an bhean-uasal so do crochadh do bhí innti, acht níor aithin an sagart beó í, acht shaoil se gur bean-uasal bhreágh eile do bhí ann. Ghabh sí asteach ann sin ann san teach-gréine, agus ghabh an sagart asteach ann 'nna diaigh agus rinne sé píosa comhrádh léithe ann. Agus cosmhúil gur bhreug sí é le cómhrádh binn agus le n-a pógaibh sul ar ghabh sé amach. Nuair bhí se féin agus í féin réidh le chéile ann sin, agus nuair bhiadar ag imtheacht ó n-a chéile, thionntaigh sí agus dubhairt sí, "budh chóir dhuit aithne do bheith agad orm-sa," ar sise, "is mé an bhean do chroch tusa; dubhairt mé leat an lá sin go mbeitheá agam-sa fós, agus béidh tu. Tháinig mé chugad anois le do dhamnughadh" Ann sin d'imthigh uaidh as a amharc. Thug sé é féin suas ann sin, dubhairt sé go raibh sé damanta go bráth. Ni raibh sé ag fághail suaimhnis ann sin, i siúbhal oidhche ná laé, leis an bhfaitchios do bhí air, faoi í do chasadh leis ar ais. Dubhairt sé nach raibh dul ar a chúl ná ar a aghaidh aige - go raibh sé le bheith damanta go bráth. Bhí an cuimh- niughadh sin ag goill air, lá agus oidhche. D'imthigh sé leis ann sin agus chuaidh sé chuig an easbog agus d'innis sé an sgeul dó, agus rinne sé faoistin leis, agus dubhairt sé gur casadh í air, agus gur chuir sí cathughadh air. Ann sin dubhairt an t-easbog leis go raibh sé damanta go bráth agus nach raibh rud ar bith san domhan le n-a shábháil, ná ionánn a shábháil. "Ní'l aon tsúil ar bith agam", mar sin ar san sagart. Dubhairt an t-easbog leis, "Ní'l aon tsúil ar bith agad no go bhfághaidh tu ualach beag snáthaide céimbric - na snáthaide is caoile ar bith - agus go bhfágh' tu long, agus go dtéidh tu amach ar fairrge, agus dá réir mar shiúbhalfas tu ceud slat ar an bhfairrge snáthaid do chathadh uait as an luing amach. Bí 'g imtheacht ann sin," ar sé, "go bráth," ar sé, "no go mbéidh a n-deire sin caithte amach agad. Muna bhfuil tu ionnán iad sin uile do chruinniughadh suas as an bhfairrge
agus iad uile do thabhairt chugam-sa ar ais arís ann so, béidh tu caillte go bráth." "Well sin rud nach ndeunfaidh mise choidhche, tá sé sin cliste orm a dheunamh," ar san sagart. Fuair sé long agus na snáthaide agus d'imthigh amach ar fairrge. Dá reir mar shiúbhalfadh sé píosa, chaitheadh sé snáthaid uaidh. Bhí sé ar siúbhal go raibh sé an-fhada as an tir, go raibh an tsnáthaid deire caithte uaidh. 'San am a raibh deire na snáthaid caithte uaidh bhí a bheatha féin caithte, mar nach raibh aon rud le n-ithe aige. Chaith sé tri lá ann sin 'nna sheasamh gan greim, gan blogam, gan deoch, ná fághail air. Ann sin, an tríomhadh lá, chonnairc sé talamh tirm uaidh anonn. "Rachaidh mé," adeir sé, "chuig an talamh tirm úd thall, agus b'éidir go bhfághamaoid rud éigin ann a íosamaoid." Bhí an fear ar bealach do bheith caillte. Tharraing sé ar an áit agus shiúbhail sé amach ar talamh tirm. Chaith sé ó'n dó-déug ann san lá ag siúbhal go raibh sé 'nna h-ocht a clog ann san oidhche. Nuair bhí an oidhche ann sin tuitte dubh, fuair sé é féin i gcoill mhóir, agus chonnairc sé solas uaidh ann san gcoill agus tharraing sé air. Bhí dá r'eug cailín beag ann sin roimhe agus teine mhaith aca, agus d'iarr sé greim le n-ithe orra ar son De. Frith greim le n-ithe réidh dhó. Fuair sé ann sin suipéar maith, agus nuair bhí an suipéar ithte aige, thosaigh sé ag caint leó, agus ag innseacht dóibh cia an chaoi ar fhág sé an baile, agus creud do rinne sé as bealach, agus an breitheamhnas aithrighe do cuireadh air leis an easbog, agus mar b' éigin dó dul amach ar fairrge agus na snáthaide do chathadh uaidh. "Go raigh (?) (bhfóiridh) Dia ort a dhuine bhoicht," ar sa ceann de na mnáibh, "is cruaidh an breitheamhnas-aithrighe cuireadh ort." Adeir sé, "tá faitchios orm nach rachaidh mé ar ais go bráth, ní 'l súil agam leis. Bhfuil tuairisg ar bith agaibh dam o fhlaitheas anuas cá bhfághaidh mé an duine innseóchas dam an sábhálfaidh mé mé féin as na peacaidh' atá deunta agam.
"Ní 'l fhios agam," ar cailín beag aca, "acht tá aifrionn ann san teach so againn uile lá 'san mbliadhain ag a dó-deug a chlog. Tagann sagart ann ag léigheadh aifrinn dúinn agus muna bhfuil an sagart sin ionnánn a innseacht duit, ní'l aon mhaith dhuit dul ar ais go bráth." Bhi an sagart bocht tuirseach ann sin agus chuaidh sé ann a chodladh. Well anois bhí sé chomh tuirseach sin nár airigh sé éirighe, agus nár airigh sé an sagart ann san teach ag léigheadh an aifrinn go raibh an t-aifrionn léighte agus an sagart imthighthe. Dhúisigh sé ann sin agus d'fhiafruigh sé ar mhnaoi aca an dtáinig an sagart fós. Dubhairt sí go dtáinig agus go raibh aifrionn léighte aige agus é imthighthe. Bhí trioblóid mhór air ann sin agus catha (?) andhiaigh an tsagairt. Anois le faitchios go nach ndúiseóchadh sé an lá ar n-a mhárach, thug sé asteach cliath agus luidh sé síos ar an gcliath, i riocht nach mbeidheadh, shaoil sé, suaimhneas ar bith le fághail aige. Do ghoill an codladh air chomh mór sin, 'nna dhéigh sin, nár airigh sé éirighe go raibh an t-aifrionn léighte agus an sagart imthighthe an darna lá. Bhí dá lá caillte aige anois agus dubhairt na cailinidh leis muna bhfághadh sé an sagart an tríomhadh lá gur b'éigin dó dul ó n-a measg féin. Chuaidh sé amach ann sin agus thug sé leabuidh drisneacha asteach, a raibh deilgne ann ag gortughadh a chraicinn, agus luidh sé síos orra, gan a léine, ann san gclúid, agus le uile shórt pionnúis do bhí sé ag cur air féin , do chongbhaigh sé é féin ann a dhúiseacht ar feadh na h-oidche no go dtáinig an sagart. Do léigh an sagart sin an t-aifrionn agus nuair bhí sé léighte aige agus é ag imtheacht, chuaidh mo dhuine bocht suas chuige agus d'iarr air fanamhaint, go raibh sgeul aige le n-innsint dó, agus d'innis sé dhó ann sin an chaoi (ann) a raibh sé, agus an breitheamhnas aithrighe do bhí air, agus mar d'fhág sé an baile agus mar chaith sé na snáthaide 'nn a dhiaigh anns an bhfairrge, agus uile shórt do ghabh sé thríd. Naomh do bhí ann san sagart sin do léigh an t-aifrionn, agus
nuair chualaidh sé an méad do bhí ag an sagart le n-innsint dó; "amárach" adeir an naomh leis "teirigh suas ann a leitheid seó de shráid" do bhí ann san mbaile mór ann san tír sin. "Tá bean ann sin," - adeir sé - "ag díol iasganna, agus an cheud cheann a mbeurfaidh tu air, tabhair leat é. Tuistiún a bhainfeas an bhean díot ar an iasg, agus so tuistiún duit le tabhairt dí; agus nuair bhéidheas an t-iasg ceannaighthe agad, fosgail air, agus ní'l aon snáthaid da 'r chaith tu ann san bhfairrge nach bhfuil astigh ann a bholg. Fág an t-iasg do dhiaigh ann sin; tá gach (rud) a theas- tuigheas uait ann a bholg: tabhair leat na snáthaide acht fág an t-iasg." D'imthigh an naomh uaidh ann sin. Chuaidh an sagart do'n tsráid sin a raibh an bhean innti, ag díol iasg, mar d'ordaigh an naomh, agus cheannaigh sé an cheud iasg do rug sé air, agus d'fhosgail sé air, agus bhain sé amach an rud do bhí ann a bholg, agus fuair sé na snáthaide ann mar dubhairt an naomh leis. Rug sé leis iad agus d'fhág sé an t-iasg 'nna dhiaigh. Thionntaigh sé ar ais go dtáinig sé chuig an teach arís. Chaith sé an oidhche sin ann go maidin. D'éirigh sé an lá ar n-a mhárach, agus nuair bhí a chuid aige, d'fhág sé a bheannacht leis na mnáibh, agus thug sé a aghaidh ar an mbaile aige féin. Bhí sé ar siúbhal ann sin go dtáinig sé a-bhaile aige féin. Nuair chualaidh an t-easbog do chuir an breitheamhnas aithrighe air, go dtáinig sé a-bhaile, chuaidh sé ar cuairt chuige. "Tháinig tu a-bhaile", adeir an t-easbog. "Tháingeas", ar sé. "Agus na snáthaide leat?" ar san t-easbog. "'Seadh," ar san sagart, "seó iad." "Maiseadh is mó na peacaidh atá orm-sa," ar san t-easbog, "'ná atá ort-sa." Ni raibh aon suaimhneas ar an easbog ann sin, go ndeachaidh sé chuig an Pápa, agus d'innis sé dó gur chuir sé an breitheamhnas aithrighe seó ar an sagart, "agus ní raibh súil agam go dtiucfadh sé ar ais go bráth go mbáithfidhe é," ar sé. "Caithfidh tu an breitheamhnas-aithrighe do chuir tu ar an
sagart, chur ort fein anois," ar san Pápa, "agus an t-aistear ceudna dheunamh. Tá an fear naomhtha," adeir sé. D'imthigh an t-easbog agus chuaidh sé ar an aistear ceudna, agus ní tháinig sé a-bhaile ó shoin. II Éirighe Chuinn faoi na gabhair. Ní 'l aon oidhche Mhártain tháinig ariamh nach marbhóchadh Conn mart no caora. An cheud bhean do bhí aige cailleadh í, agus phós sé arís - agus an cheud bhean do bhí aige níor chuir sí suas ariamh do'n mhart do mharbhadh. Acht an dara bean so do phós sé arís chuir sí anaghaidh an mart do mharbhadh, chor ar bith. Chuadar thar a chéile le caint, agus mar sin féin thug sé asteach an mart agus mharbh sé é gan bhuidheachas di. Nuair bhí an mart marbh, "go dtachtaidh an diabhal," ar san bhean, "an cheud duine íosfas greim dé." (Do) feannadh an mart ann sin agus chuaidh pota dhó síos, oidhche Mhártain, agus d' freastail sí ar an bpota go maith chomh fhad a's bhí sé (ag) bruith. Agus nuair bhí sé bruithte, thóg sí é agus thug sí soir an pota, agus 's é an cheud rud rinne sí - a lámh (do) chur síos ann san bpota agus píosa de 'n fheóil do thógbháil agus do chur ann a beul. Thacht an greim í. Bhí sí shoir o na daoinibh, agus níor airigh an cómhluadar d'á tachtadh í, chor ar bith. B' fhada leó bhí sí shoir díobh gan caint do dheunamh, agus d'fheucadar créad do bhí d' á congbháil agus fuaradar tachta í.
"'S fíor sin," adeir Mártain, "bíonn uair na h-athchuinge ann, sin an athchuinge rinne sí - an cheud duine d'íosfadh píosa de'n mhart, go dtachtfaidhe é." Chuaidh an sgeul amach tríd an mbaile gur éirigh an saothar léithe. Tóraigheadh í agus lá ar na mhárach cuireadh í. 'R éis í (do) chur ag an roilig, tháinig siad a-bhaile. Chuaidh Mártain agus Conn d'á dteach féin. Bhí an trathnóna ann, an t-am sin, agus chuir siad a suipéar síos. Nuair bhí an suipéar ithte aca agus iad ag dul a' codladh, bhuail sí an dorus agus d'iarr sí a leigean asteach. "Seó an bhean d' fhágamar ag an roilig," ar san mac, "aithnighim a glór, agus tá eagla orm." "Má 's í, ná leig asteach í," ar san t-athair. "Tiucfaidh sí asteach gan buidheachas dam," ar san mac. D'éirigh an mac mar sin féin, agus leig sé asteach í, agus le teannadh uathbháis do bhí ag an mac roimpi chuaidh sé ar chúl an dorais nuair d'fhosgail sé é. Agus 'sé an áit chuaidh sise t' r éis a leigean asteach - suas san tseomra chuig an athair, agus mharbh sí an t-athair. Nuair fuair an mac ann san tseomra í, agus nuair chualaidh sé an sgread do chuir an t-athair as, rith sé féin amach, agus chuaidh sé asteach i dteachín a mbidheadh gabhair agus pocaide gabhair ann, agus chuir sé é féin a bfholach ann sín. Nuair bhí an t-athair marbh aici, chuaidh sí ag leanamhaint an mhic le n-a mharbhadh chomh maith leis an athair, agus tháinig sí go dorus botháinin na ngabhar 'n áit a raibh an mac astigh, acht nuair shaoil sí teacht asteach sheas an pocaide roimpi, agus bhuail sé poc d'a adhairc uirri agus chuir sé amach í. Chas sí arís ag teacht asteach agus an pocaide ann san dorus roimpi, agus gach am do dheunfadh sí iarraidh ar teacht asteach do bhuailfeadh an pocaide adharc uirri d'á tiomáint amach arís. Lean sí do'n obair sin go dti a dó a chlog 'san oidche, agus nuair nár bhféidir léithi teacht asteach b'éigin dí imtheacht, agus bhí an mac sábhálta an oidche sin.
Nuair tháinig an lá ar maidin d'imthigh an mac leis ag géir- imtheacht uaithi - nach bhfághadh sí amach é, agus chaith sé an lá ag siúbhal go dti oidhche. Nuair bhí an oidhche ag tuitim, tháinig sé asteach ar shráid fheilméir agus d'iarr sé lóistin air, go maidin. Fuair sé sin. Bhi sé 'r éis a shuipéir agus é (ag) brath ar dhul a codladh an t-am a tháinig sí seó do bhí 'nna dhiaigh go dti an geata, agus thosaigh sí ag tuargaint an gheata, ag iarraidh fághail asteach. "Gabh 'mach," ar fear a tighe leis an mbuachaill do bhí aige, "agus féach cia tá ag an ngeata." Ghabh an buachaill sin amach, agus mharbh sí é. "Gabh amach," ar sé leis an gcailín, "agus féach cia sin tá ag an ngeata." Chuaidh an cailín amach agus mharbh sí í. "O ná leig aon duine eile amach," ar Conn, "tá fhios agam- sa cia tá ann; sin ainspiorad atá ag leanamhaint mo dhiaigh agus mharbhóchadh sí an domhan dá mbeurfadh sí orra." Bhí faitchios mór ar gach uile dhuine do bhí ann san teach nuair chualaidh siad sin, agus bhí sise amuigh ag tuargaint an gheata ag tabhairt gach uile bhuille dhó. Ann sin do sgaoil an feilméar amach péire madraidh fiadháine do bhí aige, agus bhí muinntir an tighe ag éisteacht le toran na troide sin ar feadh na h-oidhche, agus le gach sgread agus béic do chuir siad asta agus iad ag gabháil d'á cheile. Ar mhaidin an laé ghlais, frith í féin agus an péire madraidh marbh ag an ngeata. Bhí náire mhór ar Chonn ann sin, mar gheall ar an saothar do bhí deunta aige - an cailín agus an buachaill do bheith marbh mar gheall air féin. D'fhág sé teach an fheilméir agus thionntaigh sé ar ais; agus casadh bean ar an mbóthair dó, agus d'fhiafruigh sí cá raibh sé dul, agus d'innis sé dí go raibh sé ag filleadh a- bhaile agus go raibh buachaill agus cailín marbh mar gheall air féin. Creidim gur b'í a mháthair féin d' imthigh as a saoghal roimhe seó, do casadh dó ann sin. Thug sí buideull dó agus
dubhairt sí leis filleadh arís, agus braon d'á raibh 'san mbuideull do chur i mbeul gach duine de'n bheirt do marbhaigheadh an oidhche roimhe, agus b'fhéidir go ndeunfadh sé níos féarr iad. Chuaidh sé ar ais arís go teach an fheilméir, agus chuir sé braon as an mbuideull i mbeul an chailín agus sheas sí suas chomh maith agus bhí sí ariamh. Rinne sé an rud ceudna leis an mbuachaill ann sin. D'fhág sé an feilméar ann sin agus chuaidh sé a-bhaile go teach a athar. Chuir sé an t-athair, agus do chómhnuigh sé féin ann san teach. Ní tháinig aon droch-rud ag cur buaidheartha air ó shoin. III Seághan Tinncéar. Beirt bhocht do bhí ann san bhfear agus ann san mnaoi. Ní raibh slighe ar bith ann san domhan aige acht a lá páidhe, dul anonn agus dul anall, agus ag saothrughadh a laé ó áit go h-áit. Tháinig tús an fhóghmhair anois, agus chuaidh sé asteach chuig an mbean (mnaoi) agus dubhairt sé léithi - 'sé an t-ainm do bhí ar an mbean Eilis - "Eilis," adeir sé, "seas suas," adeir sé, "agus deun mo bhéile dham, go rachaidh mé go Cill Dara amárach." Rinne Eilís an béile dhó chomh maith agus bhí sé aici, agus nigh sí a's ghlan sí é, agus chuir sí bríste maith glan air, agus fuair sé féin réidh le bheith 'g imtheacht, agus d'imthigh mo dhuine bocht, d'imthigh sé leis. Ní raibh lón ar bith aige ag imtheacht ann sin, acht ceithre scillinn mar chostas. Bhí sé ag imtheacht ann sin agus ag siúbhal no go dtáinig sé go mullach droichid agus baineadh truisle as, agus cuireadh ar
a leath-ghlúin é. "O maiseadh," adeir sé, "go mbrisfidh an diabhal mo mhuineul nuair ghabhas mé an bealach so arís." D'imthigh sé ann sin agus níor chómhnaigh sé go dtáinig sé asteach go Cill-Dara, agus shocraigh sé le feilméar ann, agus chaith sé ceithre bliadhna aige gan teacht a-bhaile, chor ar bith. Níor thóg sé aon leithphighin ó'n bhfeilméar i n-imtheacht na ceithre bliadhan acht oiread 's do chuir eudach air. Anois i gceann na ceithre bliadhan, chuir sé ann a cheann, é bheith dul a-bhaile arís. Agus sé r'd do bhí ann san mbliadhain dó, cúig púnta. Agus cosmhúil, nuair chuir sé ann a cheann bheith 'g imtheacht, go dubhairt sé leis an bhfeilméar agus le bean an fheilméir go raibh sé le bheith 'g imtheacht ar maidin. Thugadar a chuid airgid dó ann sin. Thug sé ann sin ar a bhaile, agus cúig púnta deug do bhí aige, ag teacht a-bhaile dhó. Níor chaith sé acht cúig púnta ar a eudach c'fhad a's bhí sé leis an bhfeilméar. Bhí sé ag teacht agus ag síor-theacht leis, ann san mbóthar ann sin, no go dtáinig sé go coirneull ceithre bóthar. Casadh duine bocht dó agus d'iarr déirc air. "Go mbeannaighidh Dia dhuit" adeir sé. "Go mbeannaigh Dia 'gus Muire dhuit" ar Seághan. "I gCill Dara bhí tu?" adeir sé. "Well seadh," deir Seághan. "Tá airgiod mar sin agad," adeir sé, "agus tá mé ag iarraidh mo dhéirce ort, i n-onóir do Dhia agus do Mhuire." Thug sé déirc dó ann sin. - Cúig púnta thug sé dhó. "Anois, a Sheághain," adeir sé, nuair bhí sé ag imtheacht uaidh, "ní maith liom thu d'imtheacht gan luach saoruighthe do thabhairt duit, ar son do chúig púnta, créad is mó bheidheadh tóir agad air?" ar sé. "Rud ar bith d'iarrfainn," ar Seághan, "neart airgid do bheith agam dó, ann mo phóca, nuair theastuigheas uaim é, agus rud ar bith do bheith ag cur buaidheartha orm cead do bheith agam a dhruidmheál suas ann san mbuideull so ann mo láimh."
"Geobhaidh tu sin" ar sé. Bhi (sé) ag imtheacht leis ann sin go dtáinig sé go coirneull ceithre bóthar eile, agus casadh duine bocht eile dhó. "Go mbeannaigh' Dia dhuit," ar san duine bocht. "Go mbeannaigh' Dia 'gus Muire dhuit." "Bhí tu i gCill Dara," ar san duine bocht. "Sin an áit do bhí mé," ar Seághan. "Má tá tu teacht ar ais as Chill Dara ní 'l tu gan airgiod, agus tá mise ag iarraidh mo dhéirce ort i n-onóir do Dhia agus do Mhuire." "'S gearr go mbéidh mo chuid airgid caithte agam," deir Seághan, "acht seó," adeir sé, ag cur na láimhe ann a phóca, "seó cúig púnta dhuit." Nuair thug sé dhó é, dubhairt an duine bocht, "ní maith liom thu (d) 'imtheacht gan luach saothraighthe do thabhairt duit ar son do chúig púnta, cia an sórt is mó chuirfeá spéis ann, do bheith agad?" "Duine ar bith do bheidheadh ag deunamh aon cheó as bealach liom, é do chur asteach ann mo bhudget, agus (a) fhannacht ann sin go dtugfainn féin cead dó (d) 'imtheacht no go leigfinn féin amach é." "Béidh sin le fághail agad" adeir sé. D'imthigh sé ann sin agus bhí sé ag siúbhal go ndeachaidh sé i gcómhgar ceithre bóthar eile. Bhí duine bocht eile roimhe ann sin. "Seó é an triómhadh fear," ar Seághan. "Go mbeannaighidh Dia dhuit a sheághain Tinncear," ar sé, nuair tháinig Seághan suas leis. "Go mbeannaighidh Dia 'gus Muire dhuit." "Tá tu teacht as Chill Dara, a Sheághain," ar sé. "Tá mé, go deimhin" ar Seághan, agus dubhairt sé leis fein "Nach maith a n-aith- nigheann uile fear mé agus gan aithne agam-sa orra." "Tá mise ag iarraidh mo dhéirc' ort i n-onóir do Dhia agus do Mhuire, má tá aon airgiod leat ag teacht as Chill Dara." "O maiseadh, tiubhraidh mé sin duit agus mo bheannacht; casadh beirt eile orm roimhe seó agus thug mé cúig púnta do gach duine aca,
agus ag so cúig púnta dhuit-se." "Ní maith liom, a Sheághain, thu d' imtheacht gan do luach saoruighthe, agus cia an rud is mó do bheidheadh dúil agad ann? "Maiseadh," ar Seághan, "nuair bhí mé ann san mbaile bhí crann ubhaill agam ar chúl an tighe ann san ngardha, agus do bhí mé buaidheartha le gasúraibh ag teacht ann agus ag goid na n-úbhal. Budh mhaith liom ó tá mé dul a-bhaile anois arís, gach duine acht mé féin a leagfas a lámh ar an gcrann sin, a lámh do ghreamughadh ann, agus gan neart aige air féin d'imtheacht gan cead uaimse." "Geobhaidh tu sin, a Sheághain," ar sé. Bhi sé ag siúbhal ann sin go dtáinig sé chum an droichid air (ar) baineadh an truisle as ag dul go Cill Dara, nuair cuireadh ar a leathghlúin é. Cia bheidheadh 'nna sheasamh ar an droichead roimhe acht an Diabhal. "Cia h-é thusa," ar sa' Seághan Tinncéar. "Tá mise an Diabhal" adeir sé. "Agus creud do chuir thusa ann so," ar Seághan. "Tá," ar sé, "nuair ghabh tu an bealach so roimhe nach dubhairt tu dá ngabhá an bealach so arís: go mbrisidh an Diabhal do mhuinéal?" "Dubhras," ar Seághan. "Well tháinig mise rómhat anois go mbrisfinn do mhuineul." "Feuch má thig leat é" ar Seághan. Do dhruid an Diabhal anall chuige agus bhí sé dul a mharbhadh nuair dubhairt Seágan, "Asteach leat ann mo mhála ar an móimid agus ná bí 'gam bhuaidhreadh." B'éigin do'n Diabhal dul asteach 'san mála, mar bhí an bhuaidh sin ag Seághan. Bhí Séaghan ag imtheacht ann sin agus an Diabhal shiar ar a dhruim ann san mála. Nuair tháinig sé go dti an chéad droichead eile, sheas sé ag leigean a sgith, agus bhi beirt mná ag nigheachán ann. "Tiubhraidh mé cúig púnta dhaoibh agus buailidh dreas maith ar mo mhála," ar sé, "leis na sliosannaibh." Thosaigh siad d'á bhualadh. "Is cruaidhe an mála," adeir siad, 'ná an diabhal féin." "Is é an diabhal féin atá ann," ar seághan, "agus leagaidh air." Bhuaileadar dá ríribh é ann sin go dtugadar a sháith dhó.
Bhuail sé shiar ar a dhruim é ann sin, agus d'imthigh leis, no go dtáinig se chuig ceartaidh. Chuaidh sé asteach 'san gceartaidh. "Tiubhraidh mé cúig púnta dhuit," ar sé leis an ngobha, "agus buailidh dreas maith ar mo mhála. Bhí beirt goibhne ann agus thosaigh siad ag tuargaint an mhála." "Maiseadh," ar ceann de na goibhnibh, "is cruaidhe do mhála 'ná an diabhal féin." "Is é an diabhal féin atá ann," ar Seághan "agus leagaidh air agus buailidh é." Chuir fear aca poll ann san mála leis an mbuille thug sé dhó, agus dhearc sé asteach 'san bpoll agus chonnairc sé súil an diabhail ar an bpoll. Bhí an prócar ann san teine agus é dearg. Sháith an gobha asteach ar an bpoll é gur chuir sé i súil an diabhail é agus sin é an rud d'fhág an sean diabhal caoch ó shoin. Thóg sé an mála air, ann sin, nuair d'fhág sé an cearta, agus bhí sé ag imtheacht, nuair d'éirigh an diabhal, phleusg sé an mála, agus d'imthigh sé uaidh. Tháinig Seághan a-bhaile. I gceann ráithche nuair bhí Seághan 'san mbaile leis an mnaoi tháinig an diabhal chuige arís. "Caithfidh tu teacht liom, a Sheághain," ar sé, "deun t-anam," ar sé, "tiubhraidh mise an bás duit gan cáirde." "Rachfaidh mise leat," ar Seághan, "acht tabhair cáirde dham go dti amárach go mbéidh gach uile shórt réidh agam, agus rachfaidh mé leat ann sin agus fáilte." "Ní thiubhraidh mise cáirde ar bith dhuit, lá ná uair, a bhitheamhnaigh." "Ní iarrfaidh mé aon cháirde ort," ar Seághan, "acht chomh fhad agus do bheithinn ag ithe aon úbhaill amháin de 'n chrann sin. Bain ceann dam, thu féin, agus béidh mé leat." Do dhruid an sean-diabhal anonn do'n chrann agus rug sé ar gheugán ag baint úbhaill dé, agus ghreamaigh sé do'n gheugán agus níor fheud sé é féin sgaoileadh. D'fhan sé ann sin, ann san ngeugán i n-imtheacht seacht mbliadhan. Lá d'á raibh Seághan 'san ngardha arís leis féin, níor chuimh- nigh sé air féin, acht chuaidh sé ag cruinniughadh cuaille
cipinidh d'Eilis mar úghdar teine dí, agus cia an geugán do thuitfeadh dhó do bhaint d'Eilis acht an geugán a raibh an diabhal ann. Rinne an diabhal léim ann san spéir, "'Nois a Sheághain," ar sé, "bí réidh, ni rachfaidh tu ar d'aghaidh ná ar do chúl go bráth, caithfidh tu teacht liom-sa ar an mball." "Well rachfad," ar Seághan, "rachfaidh mé leat," adeir sé, "acht is fada sinn ag plé le chéile agus budh chóir dúinn deoch do bheith againn le chéile. Tá buideul maith ag Eilís agus tarr asteach go n-ólfamaoid braon dé sul imtheóchamaoid." "Maiseadh rachfaidh mé leat," ar san diabhal, mar bhí tart an diabhail air, 'réis a bheith shuas ann san gcrann chomh fada sin. D'óladar a sáith ann sin astigh i bpoll Eilís, agus nuair bhí an buideull folamh ag an diabhal, d'éirigh sé 'nna sheasamh go mbeurfadh sé ar phíobán Sheághain go dtachtfadh sé é. "'Steach leat 'san mbuideull" ar Seághan, "'steach leat an móimid seo," adeir sé, "ar shaoil tu go n-imeórá orm-sa," adeir sé. B'éigin do'n diabhal dul asteach 'san mbuideull agus chaith sé seacht mbliadhna astigh ann san mbuideull ag Seághan gan a leigean amach. Thuit amach anois go raibh clann óg ag Eilís - bhí mac aici - agus bhí buideull a' teastál le dul a gcoinne stuif le h-agh- aidh Eilís. Cia an buideull bheurfadh siad leó acht an buideull a raibh an diabhal shíos ann, agus nuair bhaineadar an corca as, d'imthigh an diabhal leis. Bhí Seághan imthighthe (ag) tóiraigheacht cáirdis Chríosta d'á mhac. Casadh mac Dé leis. "Go mbeannaighidh Dia dhuit, a Sheághain," adeir sé. "Go mbeannaighidh Dia 'gus Muire dhuit." "Cá raibh tu dul anois? a Sheághain," adeir sé. "Bhi mé ag tóraigheacht cairdis Chríosta do m' mhac," ar Seághan. "An dtiubhrá dhamh-sa é, agus rachfainn chum baistidh leis." "Cia h-é thusa?" ar Seághan Tinncéar.
"Mise Mac Dé," ar sé. "Maiseadh go deimhin ní thiúbhrad duit-se é," ar Seághan, "ní fear comhthrom thu, tugann tu a seacht sáith do dhaoinibh, agus ní thugann tu a leath-sháith do dhaoinibh eile." D'imthigh Mac Dé. Casadh Righ an Dómhnaigh leis ann sin agus bheannaigh siad d'á chéile. "Ca raibh tu dul?" ar Righ an Dómhnaigh. "Maiseadh bhí mé dul ag tóruigheacht cáirdis Chríosta do m' mhac." "An dtiúbhrá dhamh-sa é?" ar san Righ an Dómhnaigh. "Cia h-é thusa" ar Seághan. "Mise Righ an Dómhnaigh." "Maiseadh ní thiúbhrad," ar Seághan, "ní'l agad acht aon lá amháin 'san tseachtmhain, agus ní'l tu ionnánn mórán maithis do dheunamh an lá sin féin." Thug sé eiteach dó mar sin, agus d'imthigh Righ an Dómh- naigh uaidh. Cia chasfaidh dhó ann sin agus é ag teacht a-bhaile acht an Bás. (Bhí faitchios ar an diabhal dul anaice leis arís acht chuir sé an Bás 'nna choinne). "Deun t-anam anois, a Sheághain," ar sé, "tá tu agam." "O ní fheudfá bás thabhairt dam anois," ar Seághan, "go mbaistfidh mé mo mhac." "Tá go maith, baist é," ar san Bás. "Cia chuirfeas tu chum baisdidh leis?" "Ní fheicim aon duine," ar Seághan, "is fearr 'ná thu féin. Is tu is faide fhágfas beó é," ar seisean. Nuair fuair sé an mac baistte, thug sé bás do Sheághan. Ní leigfeadh sé dhó bheith a' magadh faoi. Tá sgeul maith eile ann ar Mhac an Tinncéir. Bhí an mac so, 'nna dhoctúir agus mheall sé an Bás, mar mheall an t-athair an Diabhal. Ní'l an sgeul agam, faraor. Tá faitchios orm nach bhfuil an sgeul iomlán agam ann so, acht is mar sin do fuaireas é.
IV Ridire na gcleas. Bhí feilméar (no duine-uasal) ann san tír agus ní raibh aige acht aon mhac amháin. Tháinig sé seó (Ridire na gcleas) chuige asteach trathnóna oidhche, agus d'iarr sé lóistin dó féin agus do'n dá-'r-'eug do bhí i n-éinfheacht leis. "Suarach liom mar tá sé agam le t'aghaidh," ar san feilméar, "acht tiúbhraidh mé dhuit é agus do d' dhá'r-'eug." Frith suipéar réidh dóibh chomh maith a's bhí sé aige, agus nuair bhí an suipéar caithte, d'iarr an Ridire ar an dá-'r-'eug so éirighe suas agus píosa gaisgidheachta do dheunamh do'n fhear so, ag taisbeán na ngníomhartha bhí aca. D'éirigh an dá-'r-'eug agus rinneadar gaisgidheacht dó, agus ní fhaca an duine seo ariamh píosa gaisgidheachta mar iad sin, "maiseadh," adeir an duine-uasal, fear an tighe, "níor bhfearr liom an oiread so (de shaidhbhreas) 'ná dá mbeidheadh mo mhac ionnánn sin (do) dheunamh." "Leig liom-sa é," ar Ridire na gcleas, "go ceann lá agus bliadhain, agus béidh sé chomh maith le ceachtar de na bua- chaillibh seó atá agam." "Leigfead," ar san duine-uasal, "acht go dtiúbhraidh tu ar ais chugam é i gceann na bliadhna." "O tiúbhrad," ar Ridire na gcleas, "ar ais chugad é." Frith bréacfast ar maidin , lá ar na mhárach, dóibh nuair bhiadar ag dul ag imtheacht, agus leig an duine-uasal an mac leó, agus d'fhan siad amuigh lá agus bliadhain.
I gceann a' lá agus bliadhain tháinig siad arís a-bhaile chuige agus a mhac féin i n-éinfheacht leó. Bhí sé (ag) faire orra, agus bhí fáilte rompa aige, agus bhí oidhche mhaith aca. Nuair bhíodar taréis a suipéir, dubhairt Ridire na gcleas leis an da-'r-'eug éirighe suas arís agus gaisgidheacht do dheunamh do'n duine- uasal do bhí tabhairt an tsuipéir dóibh. Anois bhí a mhac féin ann freisin, agus bhí sé i ngar do bheith chomh maith le ceachtar aca. "Ní'l sé 'nna ghaisgidheach fós chomh maith le mo chuid-se fear, acht leig liom-sa é," ar Ridire na gcleas, "ar feadh lá agus bliadhain eile." "Leigfead," ar seisean, "acht go dtiúbhraidh tu ar ais chu- gam é i gceann an lá agus bliadhain." Dubhairt sé go dtiúbh- radh. D'imthigh leó, an lá ar na mhárach 'réis bidh na maidne, agus d-fhanadar amuigh lá agus bliadhain eile. Agus i gceann an lá agus bliadhain chonnairc an duine-uasal an comhluadar ag teacht chuige arís. Thug sé fáilte agus suipéar dóibh, le lúthgháire iad do bheith ar ais arís agus a mhac leó. Chaitheadar an suipéar, agus nuair bhíodar 'réis a suipéir, dubhairt sé le n-a chuid fear éirighe suas agus píosa gaisg- idheachta do dheunamh do'n duine-uasal do bhí tabhairt na gnaoimhúileacht (?) dóibh. D'éirigh siad suas, trí fir deug, agus bhí a mhac an fear do b'fhearr de 'n méad sin. Ní raibh fear ar bith ionnánn ceart do bhaint dé acht Ridire na gcleas féin. Deir an duine-uasal, "ní'l fear ar bith aca ionnánn gaisgidh- eacht do dheunamh le mo mhac féin." "Ní'l, go deimhin," ar Ridire na gcleas "aon fhear ionnánn a dheunamh acht mise; agus ma leigeann tu dhamh-sa é lá agus bliadhain eile, béidh sé 'nna ghaisgidheach chomh maith liom féin." "Maiseadh, leigfead," ar san duine-uasal, "leigfidh mé leat é," adeir sé. Anois, níor iarr sé air an t-am so a thabhairt ar ais arís,
mar rinne sé na h-amannta eile, agus níor chuir sé ann a gheasaibh é. I gceann an lá agus bliadhain, bhí an duine-uasal ag fanamh- aint agus ag súil le n-a mhac, acht ní tháinig an mac ná Ridire na gcleas. Bhí an t-athair ann sin faoi imnidhe mhóir nach raibh an mac ag teacht a-bhaile chuige, agus dubhairt sé: "pé b'é áit de'n domhan a bhfuil sé, caithfidh mé a fhághail amach." D'imthigh sé ann sin agus bhí sé ag imtheacht gur chaith sé trí oidhche agus trí lá ag siúbhal. Tháinig ann sin asteach i n-áit a raibh árus breágh, agus amuigh anaghaidh an doruis mhóir bhí trí fir deug ag bualadh báire ann; agus sheas sé ag feuchaint ar na trí fearaibh deug d'á bualadh, agus bhí aon fhear amháin d'á bualadh le dá-'r-'eug aca. Tháinig sé 'san áit a rabhadar asteach ann a measg ann sin, agus 'sé a mhac féin bhí ag bualadh na báire leis an dá-'r-'eug eile. Chuir sé fáilte roimh an athair ann sin. "O, a athair," adeir sé, "ní'l aon fhághail agad orm. Ni rinne tusa," adeir sé, "do ghnatha (gnódh) ceart, nuair bhí tu (ag) deunamh margaidh leisean níor iarr tu air mise (do) thabhairt ar ais chugad." "Is fíor sin," adeir an t-athair. "Anois," adeir an mac, "ní bhfuighfidh feuchaint orm anocht, acht deunfar trí colaim deug dínn agus caithfidhear grána coirce ar an urlár agus deurfaidh Ridire na gcleas má aithnigheann tu do mhac orra sin (= ann a measg-san) go bhfuighfidh tu é. Ní bhéidh mise ag ithe aon ghrán agus béidh na cinn eile ag ithe. Béidh mise dul anonn 's anall 's ag bualadh prioca ann san gcuid eile de na colamaibh. Geobhaidh tu do roghan agus déarfaidh tu leis gur b'é mé thógfas tu. Sin é an comartha bheirim duit, i riocht go n-aithneochaidh tu mise ameasg na gcolam eile, agus ma thoghann tu go ceart, béidh mé agad an uair sin." D'fág an mac é ann sin, agus tháinig sé asteach ann san teach,
agus chuir Ridire na gcleas fáilte roimhe. Dubhairt an duine- uasal go dtáinig sé ag iarraidh a mhic nuair nach dtug an Ridire ar ais leis é i gceann na bliadhna. "Níor chuir tu sin ann san margadh," ar san Ridire, "acht ó tháinig tu chomh fada sin d'á iarraidh, caithfidh sé bheith agad, má 's féidir leat a thoghadh amach." Rug sé asteach ann sin é go seomra a raibh trí colaim deug ann agus dubhairt sé leis a rogha colaim do thoghadh amach, agus dá mbudh h-é a mhac féin do thoghfadh sé go dtiuc- fadh leis a chongbháil. Bhí na colaim uile ag piocadh na ngrána coirce de'n urlár acht aon cheann amháin do bhí gabhail thart agus ag bualadh prioca ann san gcuid eile aca. Do thogh an duine-uasal an ceann sin. "Tá do mhac gnóthaighthe agad," ar san Ridire. Chaith siad an oidhche sin buil (?) a chéile, agus d'imthigh an duine-uasal agus a mhac an lá ar na mhárach agus dfhágadar Ridire na gcleas. Nuair bhí siad ag dul a-bhaile ann sin tháinig siad go baile-mór, agus bhí aonach ann, agus nuair bhíodar dul asteach ann san aonach d'iarr an mac ar a athair sreang do cheannach agus do dheunamh adhastair dhó. "Deunfaidh mise stail díom féin," adeir sé, "agus díolfaidh tu mé ar an aonach so. Tiucfaidh Ridire na gcleas chugad ar an aonach, - tá sé do d' leanamhaint anois - agus ceannóchaidh sé mise uait. Nuair bhéidheas tu i gcuma (?) a dhíol, ná tabhair an t-adhastar uait acht congbhaigh chugad féin é, agus (is) féidir liom-sa teacht ar ais chugad - acht an t-adhastar do chongbháil." Rinne an mac stail dé féin ann sin, agus fuair an t-athair adhastar agus chuir sé air é. Tharraing sé suas ann sin ar an aonach é, agus is gearr do bhí sé 'nna sheasamh ann sin, nuair tháinig Ridire na gcleas chuige agus d'iarr sé cia mhéad do bheidheadh ar an stail aige. "Trí ceud púnta" deir an duine-uasal. "Tiubhraidh mise sin duit," deir Ridire na gcleas; - thiubhradh sé rud ar bith dó ag súil go bhfuighfeadh sé an mac ar ais, mar bhí fhios aige go maith
gur b'é do bhí ann san stail. "Tiubhraidh mise dhuit é ar an airgiod sin," ar san duine-uasal, "acht ní thiúbhraidh mé an t-adhastar." "Budh cheart an t-adhastar do thabhairt," ar san Ridire. D'imthigh an Ridire ann sin agus an stail leis, agus d'imthigh an duine-uasal ar a bhealach fein ag dul a-bhaile. Acht ní raibh sé acht amuigh as an aonach 'san am a dtáinic an mac suas leis arís. "A athair," adeir sé, "tá mé ar fághail andiú agad, acht tá aonach ann a leitheid seo d'áit amárach agus rachamaoid asteach ann." An lá ar na mhárach, nuair bhíodar ag dul asteach ann san aonach eile, dubhairt an mac: "Deunfaidh mé stail díom féin agus tiucfaidh Ridire na gcleas arís dom' cheannach. Tiúbhraidh sé airgiod air bith orm a iarrfas tu, acht cuir ann san margadh nach dtiubhraidh tusa an t-adhastar dó." Tharraingeadar suas ar an aonach ann sin, agus rinne sé stail dé féin agus chuir an t-athair adhastar air agus is gearr do bhí sé ann, 'nna sheasamh, nuair tháinig Ridire na gcleas chuige agus d'fhiafruigh sé dhé cia mhéad do bheitheadh ar an stail aige. "Sé ceud púnta," ar san duine-uasal. "Tiúbhraidh mise sin duit," adeir sé, "acht ní thiúbhraidh mé an t-adhastar duit." "Budh cheart an t-adhastar thabhairt asteach 'san margadh," ar an Ridire, acht ní bhfuair sé é. D'imthigh Ridire na gcleas ann sin agus an stail leis, agus d'imthigh an duine-uasal ar a bhealach ag dul a-bhaile, acht ní raibh sé i mbearna a' chostuim ag dul amach as an aonach am (nuair) a dtáinig an mac arís suas leis. "Tá go maith, athair" adeir sé, "tá an uair seó gnóthaighthe againn, acht ní'l fhios agam creud dheunfas an lá-amárach linn. Tá aonach ann a leitheid seó d'áit amárach agus tarróngamaoid ann." Chuadar mar sin ar an aonach an lá ar n-a mhárach, agus rinne an mac stail dé féin, agus chuir an t-athair adhastar air, agus is gearr do bhí sé 'nna sheasamh ar an aonach i n-am
tháinig Ridire na gcleas arís chuige. D'fhiafruigh an Ridire cia mhéad do bheidheadh sé ag iarraidh ar an stail bhreágh sin do bhí aige ann san adhastar. "Naoi gceud púnta tá mise ag iarraidh air," ar san duine-uasal. Níor shaoil sé go dtiubhradh sé sin dó. Acht ní chongbhóchadh airgiod ar bith an stail ó'n Ridire. "Tiúbhraidh mé sin duit," adeir sé. Chuir sé a lámh ann a phóca agus thug sé an naoi gceud púnta dhó, agus rug sé ar an stail leis an láimh eile agus d'imthigh sé leis chomh luath sin gur dhearmad an duine-uasal é do chur ann san margadh an t-adhastar thabh- airt ar ais dó. D'fhan sé ag súil do bhfillfeadh an mac, acht níor fhill sé. Thug sé suas é ann sin agus dubhairt sé nach raibh aon mhaith dhó trufón (?) (bheith an súil) go bráth eis, ná e n-a theacht ar ais arís go bráth. Thug Ridire na gcleas ann sin an mac leis, agus bhí sé tabhairt uile shórt pionnúis agus droch-usáide dhó, agus ní leigfeadh sé ar bord le aon duine ag ithe a bheatha, acht bhí sé ann sin ceangailte, agus an lá leigfeadh sé na gaisgidhigh eile amach, ní leigfeadh sé eisean leó. Bhí sé seal fada mar sin, agus Ridire na gcleas ag cur droch-mheas air agus ag tabhairt uile shóirt pion- núis dó. Thuit sé amach gur imthigh Ridire na gcleas an lá so as baile, agus d'fhágbhaidh sé eisean ann san bhfuinneóig is áirde 'san teach, 'n áit nach raibh rud ar bith le fághail aige; agus é cean- gailte ann sin, shuas i n-áirde. Agus nuair bhí uile dhuine imthighthe ann sin, agus gan ar an t-sráid acht é féin agus an cailín, d'iarr sé deoch uisge i n-ainm Dé ar an gcailín. Dubhairt an cailín go mbeidheadh faitchios uirri da bhfághadh a máighistir amach í, go marbhóchadh sé í. "Ní chloisfidh duine ar bith go deó é," adeir sé, "ná bíodh faitchios ar bith ort, ní mise innseóchas (= inneósas) dó é." Thug sí suas an deoch uisge chuige ann sin, agus nuair chuir sé a chloigionn ann san uisge, ag ól an uisge, rinne sé eascon dé féin agus chuaidh sé síos ann san soitheach. Bhí srothán beag uisge
taobh de 'n dorus bhí (ag) rith go ndeachaidh sé asteach ann san abhainn agus chaith sí amach ann san srothán gach a raibh d' fhuighleach 'san soitheach aici. Bhí seisean ag imtheacht ann sin agus é 'nna eascuin ann san abhainn, ag tarraingt a-bhaile. Nuair tháinig Ridire na gcleas a-bhaile, chuaidh sé suas go bhfeicfeadh sé an fear d'fhág sé ceangailte, agus ní bhfuair sé é roimhe ann. D'fhiafruigh sé de 'n chailín ar airigh sí ag imth- eacht é, no ar airigh sí rud ar bith thug cead dó imtheacht. Dubhairt an cailín nár airigh acht go dtug sí féin braon uisge suas chuige. "Agus cá 'r chuir tu án fuighleach do bhí agad?" adeir sé. "Chaith mé 'san srothán amach é," ar sise. "Tá sé imthighthe 'nna eascuin ann san abhain," adeir sé, "gleusaigidh suas," adeir sé, leis an dá-'r-'eug gaisgidheach, "go leanfamaoid é." Rinneadar dá mhadaidh deug uisge díobh féin agus leanadar ann san abhain é; agus nuair bhíodar ag teacht suas leis ann san abhainn d'éirigh sé 'nna eun as an abhainn ann san aér. Nuair fuair siad sin amach gur imthigh sé as an abhainn rinneadar dá sheabhac deug díobh féin agus d'imthigheadar andiaigh an éin - fuiseóg do rinne sé dé féin - agus bhíodar ag teacht suas leis. Nuair fuair sé iad ag teannadh leis, agus nach raibh sé ionnánn dul uatha, bhí faitchios mór air. Bhí bean ag cáthadh amuigh ar pháirc bháin. Thuirling sé 'nuas as an aér, ó bheith 'nna eun , i ngar do'n choirce, agus rinne sé grána coirce dhé féin. Thuirling siad féin 'nna dhiaigh agus rinneadar dá chearc- francach deug, (agus bhí an Ridire 'nna choileach-francach). Thosaigheadar ag ithe an choirce ann sin agus shaoil siad é bheith ithte aca, acht ní raibh. Bhí siad ag ithe an choirce go raibh siad i ngar do beith sáthach.
Nuair mheas seisean go raibh a sáith ithte aca, agus nach rabhadar ionnánn mórán eile do dheunamh, d'éirigh sé suas agus rinne sé sionnach dé féin, agus bhain sé an cloigionn de'n dá fhrancach deug agus de'n choileach. Bhí cead aige dul a-bhaile d'á athair ann sin nuair bhíodar uile marbh aige. Agus sin deire Ridire na gcleas. V An buachaill do bhí a bhfad air a mháthair. A bhfad ó shoin, bhí lánamhain phósta dar b' ainm Pádraig agus Nuala ní Chiaracháin. Bhídheadar bliadhain agus fiche pósta gan aon chlann do bheith aca, agus bhí brón mór orra, mar nach raibh aon oidhre aca le na gcuid saidhbhris d' fhágbháil aige. Bhí dá acra talmhan, bó agus péire gabhar aca, agus bhí tuairm aca go rabhadar saidhbhir. Aon oidhche amháin, bhí Pádraig teacht a-bhaile o theach duine mhuinntirigh, agus nuair tháinig sé chomh fada leis an roilig mhaoil, tháinig sean duine liath amach agus dubhairt: "Go mbeannaigh' Dia dhuit." "Go mbeannaigh' Dia 'gus Muire dhuit," ar Pádraig. "Cad atá ag cur bróin ort?", ar san sean duine. "Ní 'l morán go deimhin," ar Pádraig, "ni bhéidh mé a bhfad beó, agus ní 'l mac 'ná inghean le caoineadh mo dhiaigh nuair gheobhas mé bás." "B' éidir nach mbeidheá mar sin," ar san sean-duine. "Faraor! béidhead," ar Pádraig, "táim bliadhain agus fiche pósta, agus ní 'l aon chosamlacht fós." "Glac m'focal-sa go mbéidh mac óg ag do mhnaoi, trí ráithe ó'n oidhche anocht." Chuaidh Pádraig a-bhaile, lúthgháireach go leór, agus d'innis an sgeul do Nuala. "Ara! ní raibh
ann san tsean duine acht gogaille, a bhí ag deunamh magaidh ort," ar Nuala. "Is maith an sgeuluidh an aimsir," ar Pádraig. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc; seal má (sul) ndeachaidh leith-bhliadhain thart, chonnairc Pádraig go raibh Nuala dul oidhre do tabhairt dó, agus bhí bród mor air. Thosuigh sé ag cur na feilme i n-ordughadh, agus ag fágbháil gach nídh réidh le h-aghaidh an oidhre óig. An lá tháinig tinneas cloinne air Nuala, bhí Pádraig ag cur crainn óig a láthair dorais an tighe. Nuair tháinig an sgeul chuige go raibh mac óg ag Nuala, bhí an oiread sin lúthgháire air gur thuit sé marbh le tinneas croidhe. Bhí brón mór air Nuala, agus dubhairt sí leis an naoidheanán: "Ní choisgfidh mé thu óm' chích go mbéidh tu ionánn an crann do bhí d' athair ag cur nuair fuair sé bás do tharraing as na fréamhaibh." Goireadh Páidín air an naoidheanán, agus thug an mháthair cíoch dó go raibh sé seacht mbliadhna d'aois. Ann sin thug sí amach é le feuchaint an raibh sé ionánn an crann do tharraing, acht ní raibh. Níor chuir sin aon droch-mheisneach air an mháthair, thug sí asteach é, agus thug cíoch seacht mbliadhna eile dhó, agus ní raibh aon bhuachaill ann san tír ionánn theacht suas leis i n-obair. Faoi cheann deiridh na ceithre bliadhna deug thug a mháthair amach é, le feuchaint an raibh sé ionánn an crann do thar- raing, acht ní raibh, mar bhí an crann i n-íthir mhaith, agus ag fás go mór. Níor chuir sin aon droch-mhisneach air an mháthair. Thug sí cíoch sheacht mbliadhna eile dhó, agus faoi cheann deiridh an ama sin, bhí sé chomh mór agus chomh láidir le fathach. Thug an mháthair amach é agus dubhairt: "Mur (muna) bhfuil tu ionánn an crann sin do tharraing anois, ní thiubhraidh mé aon bhraon eile cíche dhuit." Chuir Páidín smugairle air a
lámhaibh, agus fuair greim air bhonn an chrainn. An cheud- iarraidh do thug sé, chraith sé an talamh seacht bpéirse air gach taoibh dé, agus leis an dara iarraidh thóg sé an crann as na fréamhaibh, agus timchioll fiche tonna de chréafóig leis. "Grádh mo chroidhe thu," ar san mháthair, "is fiú cíche bliadhain agus fiche thu." "A mháthair," ar Páidín, "d'oibrigh tu go cruaidh le biadh agus deoch do tabhairt damh-sa ó rugadh mé, agus tá sé i n-am dam anois rud éigin do dheunamh duit-se, ann do shean-laethibh. Is é seó an cheud-chrann do tharraing mé agus deunfaidh mé maide láimhe dham féin dé." Ann sin fuair sé sábh agus tuagh, agus ghearr an crann, ag fágbháil timchioll fiche troigh de 'n bhonn, agus bhí cnap air, chomh mór le túr de na túraibh cruinne do bhídheadh i n-Éirinn an t-am sin. Bhí os cionn tonna meadhacain ann san maide láimhe nuair bhí sé gleusta ag Páidín. Air maidin, lá air na mhárach, fuair Páidín greim air a mhaide, d'fhág a bheannacht ag a mháthair, agus d'imthigh ag tóruigheacht seirbhíse. Bhí sé ag siúbhal go dtáinig sé go caisleán rígh Laighin. D'fhiafruigh an rígh dhé cad do bhí sé ag iarraidh. "Ag iarraidh oibre, má sé do thoil," ar Páidín. "Bfuil aon cheird agad?" ar san rígh. "Ní 'l," ar Páidín, "acht tig liom obair air bith dá ndearnaidh fear ariamh dheunamh." "Deunfaidh mé margadh leat," ar san rígh, "má thig leat uile nidh a ordóchas mise dhuit a dheunamh air fead sé mí, bheurfaidh mé do mheadhachan féin d'ór duit, agus m'inghean mar mhnaoi-phósta, acht muna dtig leat gach nidh do dheu- namh, caillfidh tu do cheann." "Táim sásta leis an margadh sin," ar Páidín. "Teidh asteach 'san sgioból, agus bí ag bualadh coirce do na ba (buaibh) go mbéidh do cheud-phronn réidh." Chuaid Páidín asteach agus fuair an súiste, acht ní raibh an súistín acht mar thraithnin i láimh Phádraig, agus dubhairt sé leis féin, "is fearr mo mhaide-láimh' na an gleus sin." Thosuigh sé ag bualadh leis an maide-láimh' agus níor bhfad go raibh an
méad a bhí ann san sgioból buailte aige. Ann sin chuaidh sé amach ann san ngardha agus thosuigh ag bualadh na stáca coirce agus cruithneachta, gur chuir sé cítheanna gráin air feadh na tíre. Tháinig an rígh amach agus dubhairt, "Coisg do lámh, adeirim, no sgriosfaidh tu mé. Téidh agus beir cúpla buiceud uisge chum na searbhfhóganta as an loch úd shíos, agus béidh an leite fuar go leór nuair thiucfas tu air ais." D'fheuch Páidín thart, agus chonnairc sé dá bháirille mór folamh, le cois balla. Fuair sé greim orra, ceann aca ann gach láimh, chuaidh chum an locha, agus thug iad líonta go cúl dorais an chaisleáin. Bhí ionghantas air an rígh nuair chon- nairc sé Pádraig ag teacht, agus dubhairt sé leis: "Téidh asteach, tá an leite réidh dhuit." Chuaidh Páidín asteach, agus chuaidh an rígh chum Daill ghlic do bhí aige, agus d'innis sé dhó an margadh do rinne sé le Páidín, agus d'fhia- fruigh sé dhé, creud do budh chóir dó thabhairt le deunamh do Pháidín. "Abair leis dul síos agus an loch do thaodhmadh, agus é do bheith deunta aige, seal má dtéidh an ghrian faoi, an trathnóna so." Ghair an rígh ar Pháidín agus dubhairt leis . "Taodhm an loch sin shíos agus bíodh sé deunta agad seal má dtéidh an ghrian faoi an trathnóna so." "Maith go léor," ar Páidín, "acht cia an áit a chuirfeas mé an t-uisge?" "Cuir ann san ngleann mór atá i ngar do'n loch é," ar san rígh. Ní raibh idir an gleann agus an loch acht sgonsa, agus bhídheadh na daoine ag deunamh bóthair-coise dhé. Fuair Páidín buiceud, picóid agus láidhe, agus chuaidh chum an locha. Bhí bonn an ghleanna cothrom le bonn an locha. Chuaidh Páidín asteach 'san ngleann agus rinne poll asteach go bonn an locha. Ann sin chuir sé a bheul ar an bpoll, tharraing anál fada, agus níor fhág sé braon uisge, iasg, ná bád, ann san loch, nár tharraing sé tríd a chorp amach ar an taoibh shiar, agus asteach 'sa' ngleann. Ann sin dhún sé suas an poll. Nuair d'fheuch an rígh síos, chonnairc sé an loch chomh tirm
le bois do láimhe, agus níor bfhad go dtáinig Páidín chuige agus dubhairt: "Tá an obair sin críochnuighthe, cad deun- fas mé dhuit anois?" "Ní 'l aon rud eile le deunamh agad andiú, acht béidh neart agad le deunamh amárach." An oidhche sin, chuir an rígh fios air an nDall glic, agus d'innis dó an chaoi ar thaodhm Páidín an loch, agus nach raibh fhios aige creud do bhéarfadh sé dhó le deunamh. "Tá fhios agam- sa an nidh nach mbéidh sé ionánn a dheunamh, air maidin amárach, tabhair sgríbhinn dó chum do dhearbhráthar i nGaillimh, agus abair leis dá fhichid tonna cruithneachta do thabhairt chugad, agus do bheith air ais ann so faoi cheann ceithre uaire air fhichid. Tabhair an seanláir agus an cháirt dó, agus tig leat bheith cinnte nach dtiucfaidh sé air ais." Air maidin, lá ar na mhárach, ghair an rígh Páidín, agus thug an sgríbhinn dó, agus dubhairt leis, "Fágh an láir agus an cháirt agus téidh go Gaillimh. Tabhair an sgríbhinn seo dom' dhearbhráthair, agus abair leis dá fhichid tonna cruithneachta do thabhairt duit, agus bí ar ais ann so faoi cheann ceithre uaire ar fhichid." Fuair Páidín an láir agus an cháirt, agus chuaidh air an mbóthar. Ní raibh an láir ionánn níos mó ná ceithre míle san uair do shiúbhal. Cheangail Páidín an láir air an gcairt, chuir ar a ghualain é, agus as go bráth leis, tar cnocaibh agus gleanntaibh, go ndeachaidh sé go Gaillimh. Thug sé an litir do dhearbhráthair an rígh, fuair an chruithneacht agus chuir ar an gcairt é. Nuair chuir sé an láir faoi an gcairt, rinneadh dá leith d'á druim. Chuir Páidín an chruithneacht ann san sgioból. Nuair chuaidh muinntir an chaisleáin 'nna gcodladh, chuaidh Páidín chum an chuain, agus níor fhág sé slabhra air an loingeas nár thug sé leis. Ann sin rómhair sé faoi an sgioból, cheangaíl na slabhracha timchioll air, agus as go bráth leis, agus an sgioból agus gách a raibh ann air a dhruim. Chuaidh sé tar cnocaibh agus gleanntaibh, agus níor stop gur fhág sé an sgioból i láthair chaisleáin an rígh. Bhí lachain, cearca, agus
géidheacha ann san sgioból. Air maidin go moch, d'feuch an rígh amach as a sheomra agus creud d'fheicfeadh sé acht sgioból a dhearbhráthar. "M' anam ó'n diabhal," ar san rígh "sé sin an fear is iongantaighe 'san domhan." Tháinig sé anuas agus fuair Páidin le na mhaide ann a láimh, 'nna sheasamh le cois an sgiobóil. "An dtug tu an chruithneacht chugam?" ar san rígh. "Thugas," ar Páidin, "acht tá an tsean láir marbh." Ann sin d'innis sé do'n rígh gach nídh d'á ndearnaidh sé ó d'imthigh sé go dtáinig sé ar ais. Ní raibh fhios ag an rígh creud do dheunfadh sé, agus d'imthigh sé chum an Daill Ghlic, agus dubhairt leis, "mur (muna) n-innsigheann tu dham nídh nach mbéidh an fear sin ionnán a dheunamh, bainfidh mé an ceann díot." Smuain an Dall Glic tamall agus dubhairt, "abair leis go bhfuil do dhearbhráthair i n-ifrionn, agus go mbudh mhaith leat amharc do bheith agad air, agus abair leis é do thabhairt chugad, go mbéidh amharc agad air; nuair a gheobhas siad i n-ifrionn é, ní leigfidh siad dó teacht ar ais." Gháir an rígh Páidín agus dubhairt leis, "tá dearbhráthair dham i n-ifrionn agus tabhair chugam é, go mbéidh amharc agam air." "Cia an chaoi aithneóchaidh mé do dhearbhráthair ó na daoinibh eile atá 'san áit sin?" ar Páidín. "Tá fiacail fhada i gceart-lár a charbaid uachtaraigh," ar san rígh. Chuir Páidín smugairle air a mhaide, bhuail an bóthar, agus níor bhfad go dtáinig sé go geata ifrinn. Bhuail sé buille air an ngeata do chuir asteach ameasg na ndiabhal é, agus shiúbail sé féin asteach 'nna dhiaigh. Nuair chonnairc Belsibúb é ag teacht, tháinig faitchios air, agus d'fiafruigh sé dhé creud do bhí a' teastál uaidh: "Dearbhráthair rígh Laighin atá a' teastál uaim," ar Páidín. "Pioc amach é," ar Belsibúb. D'fheuch Páidín thart, acht fuair sé níos mó ná dá fhichid fear a raibh fiacail fhada i gceart-lár a gcarbaid uachtaraigh aca. "Air faitchios nach mbeidheadh an fear ceart agam," ar Páidín, "tiománfaidh mé an t-iomlán aca liom, agus tig leis an rígh a dhearbhráthair phiocadh asta."
Thiomáin sé dá fhichid aca amach roimhe, agus níor stop go dtáinig sé i láthair chaisleáin an rígh. Ann sin ghair sé an rígh agus dubhairt leis, "pioc amach do dhearbhráthair as na fir (fearaibh) seó." Nuair d'fheuch an rígh agus chonnairc sé na diabhail le h-adharcaibh orra, bhí faitchios air, sgread sé ar Pháidín agus dubhairt, "tabhair ar ais iad." Thosuigh Páidin 'gá mbualadh le na mhaide, gur chuir sé ar ais go h-ifrionn iad. Chuaidh an rígh chum an Daill ghlic, agus d'innis dó an nídh do rinne Páidín, agus dubhairt leis, "ní thig leat innsint dam aon nídh nach bhfuil sé ionánn a dheunamh, agus caillfidh tu do cheann air maidin amárach." "Tabhair iarraidh eile dham." ar san Dall glic, "agus ní bhéidh an Connachtach a bhfad beó. Air maidin amárach, abair leis, an tobar atá i láthair an chaisleáin do thaodhmadh; bíodh fir réidh agad, agus nuair a gheobhas tu shíos ann san tobar é, abair leis na fir (fearaibh), an chloch mhuilinn atá le cois an bhalla do chathadh síos 'nna mhullach, agus marbhfaidh sin é." Ar maidin, lá ar na mhárach, ghair an rígh Páidín agus dubhairt leis: "téidh agus taodhm an tobar sin tá i láthair an chaisleáin, agus nuair a bhéidheas sé deunta agad, bheurfaidh mé hata nuadh dhuit, is suarach an cáibín é sin atá ort." Bhí na fir réidh ag an rígh le Páidín bocht do mharbhadh, dá bhfeudfadh siad é. Chuaidh Pádraig go bruach an tobair, luidh síos air a bheul faoi, agus thosuigh ag tarraing an uisge asteach ann a bheul, agus dá sgártadh amach ar an taoibh shiar go raibh an tobar ionnann agus tirm aige. Bhí roinn bheag i mbonn an tobair nach raibh taodhmtha, agus chuaidh Pádraig síos le na tirmiughadh. Tháinig na fir leis an gcloich mhóir mhuilinn agus chaitheadar síos ar mhullach Pháidín é. Bhí an poll do bhí i lár na cloiche go díreach chomh mór le ceann Pháidín, agus shaoil sé gur b' é an hata nuadh do chaith an rígh síos chuige, agus ghlaodh sé suas: "táim buidheach díot a mháigistir, ar son an hata nuaidh." Ann
sin tháinig sé suas leis an gcloich mhuilinn ar a cheann. Bhí bród mór aige as an hata nuadh. Bhí iongantas ar an rígh agus ar uile dhuine eile, nuair chonnairc siad Páidín leis an gcloich mhuilinn ar a cheann. Bhí fhios ag an rígh nach raibh aon mhaith dhó aon nidh eile do thabhairt do Pháidin le deunamh, agus dubhairt sé leis, "is tu an searbhfhóghanta is fearr do bhí agam ariamh; ní'l aon nídh eile agam duit le deunamh, agus tar liom-sa, go dtugaidh mé do thuarastal duit. Ní 'l m' inghean sean go leór le pósadh, acht nuair a bhéidheas sí bliadhain agus fiche d'aois, tig leat í do bheith agad." "Ní 'l d'inghean a' teastál uaim," ar Páidín. Thug an rígh é chum an chiste, an áit a raibh go leór óir, agus dubhairt leis: "bain díot do hata nuadh, agus téidh asteach 'sa' sgála." "Go deimhin, ní bhainfidh mé mo hata dhíom, bhronn tusa orm é," ar Páidín, "bheidheadh sé chomh maith dhuit mo bhríste do bhaint díom." Ní raibh an oiread óir agus a mheadhóchadh hata Pháidín, acht shocruigh an rígh leis ag tabhairt dó dá mhála óir. Chuir Páidín ceann aca faoi gach ascall, fuair greim air a mhaide, an hata nuadh ar a cheann, agus as go bráth leis, tar cnocaibh agus gleanntaibh, go dtáinig sé a-bhaile. Nuair chonnairc daoine an bhaile Páidín ag teacht leis an gcloic mhuilinn ar a cheann, bhí iongantas mór orra; acht nuair chonnairc an mháthair an dá mhála óir, budh bheag nár thuit sí marbh le lúthgháire. Thosuigh Páidín, agus chuir sé teach breágh ar bonn dó féin, agus d'á mháthair. Rinne sé ceithre leith (leathanna) de 'n hata nuadh, agus rinne clocha cúinne dhíobh do 'n teach. Chongbhuigh sé a mháthair mar mhnaoi uasail go bhfuair sí bás le sean-aois, agus chaith sé féin beatha mhaith i ngrádh Dé agus na g-cómharsan.
VI Carbad Cruaidh, Cos Luath, Ioscad Láidir agus Giolla gan Súilibh. Ann san aimsir ársa, a-bhfad o shoin, bhí sean bhean 'na cómhnuidhe i mbaile beag a-bhfogus do Loch Measg. Bhí sí pósta le bliadhantaibh gan clann do bheith aici. Aon trathnóna amháin, chuaidh sí le crúisgin uisge d' fhághail as tobar beag do bhí ag bonn sgeich ar thaoibh an bhóthair i ngar do 'n tigh. Nuair bhí an crúisgin líonta aici, chonnairc sí sean bhean 'na suidhe ar gheug de 'n sgeach agus í ag ciaradh a cinn os cionn an tobair. "Go deimhin," arsa Máire Ruadh (b'é sin ainm na mná), budh chóir dhuit áit éigin eile d'fhághail le do cheann do chiaradh gan bheith ag salughadh an tobair." "A Mháire" ar san tsean bhean, "rinne mé sin le caint do bhaint asad; is fada mé ag iarraidh cainte leat." "Créad tá agad le rádh liom?" ar san Máire Ruadh. "Tá tu a-bhfad pósta gan cloinn, agus tá tu féin agus do chéile aosta, agus b'éidir go mbudh mhaith leat clann do bheith agad." "Ní'l aon nídh 'san domhan do b'fhearr liom," ar sa Máire Ruadh ni Chiarbháin. "Naoi míosa ó'n lá so, béidh clann agad," arsan tsean-bhean, "agus cuirfidh siad iongantus ar an domhan, acht ná h-innis d'aon neach go bhfacaidh tu mise." Is doiligh le bean (mnaoi) rún do chongbháil, acht chongbhaigh Máire Ruadh an rún so, cidh gur beag nár phleusg sí leis. Faoi cheann naoi mí, tháinig tinneas cloinne uirri, agus 'san am ceudna, ghlac Diarmuid a fear pian ann a chroidhe agus thuit sé marbh, acht ní chualaidh Máire sgeul ar bhás Dhiarmada, oir bhí sí ro thinn, agus bhí faitchios ar na mnáibh do bhí ag freastal
uirri go ngoillfeadh an droch-nuaidheacht uirri. Timchioll an mheadhon-oidhche, chualaidh na mná freastail gáir mhór, agus rith siad amach le feuchaint cad é ádhbhár na gáire. Ní fhacaidh siad aon nídh acht nuair tháinig siad ar ais bhí ceathrar mac ag Máire Ruadh. Bhí iongantas mór ar na mnáibh freastail agus ar uile dhuine eile do bhí ann san mbaile beag. Acht nuair chuaidh na mná leis na naoidheanáin do nighe, budh mhóide a n-iongantus go mór. Shaoil siad i dtosach go raibh aon aca gan súilibh, acht chonnairc siad gan mhaill go raibh aon tsúil bheag aige i gcúl a chinn, agus gan súil ar bith aige ann a eudan. D'fhás na dearbhráithreacha suas, acht níor fhás aon fhiacal i gcarbad fir aca, cidh go raibh a charbad chomh cruaidh le iarann, agus gháir na daoine Carbad Cruaidh air. Bhí fear eile aca do bhí chomh cos-luath sin nár fhág sé geirrfhiadh timchioll na h-áite nár ghabh sé, agus gháir na daoine Cos-Luath air. An treas dearbhráthair - bhí iosgad chomh láidir sin air, go leag- fadh sé balla le buille dhí, agus gháir na daoine Iosgad Láidir air. Budh iad so na h-ainmneacha do bhí ar cheathar cloinne Mháire Ruaidhe, - Carbad Cruaidh, Cos Luath, Iosgad Láidir, agus Giolla gan Súilibh. Ann san am so, bhí Tomás Fuilteach de Búrca 'na chómhnuide i gcaisleán i Loch Measg. Is cinnte go raibh cúmhacht draoidh- eachta aige agus gur mharbh sé cuid mhór d'uaislibh na tíre. Aon lá amháin, bhí Tomás Fuilteach agus a bheirt dhearbhráthar ag teacht tríd an mbaile beag ann ar chómhnaigh Máire Ruadh, agus chonnairc sé na ceithre dearbhráithreacha. "Cad is ainm duit, a bhuachaill?" ar seisean. "Carbad Cruaidh," ar san buachaill. "Cad fáth ar tugadh an t-ainm sin ort?" ar sa Tomás Fuilteach. "Mar nár fhás aon fhiacal im' charbad riamh, agus tá sé chomh cruaidh le iarann," ar san buachaill. "Feuch an dtig leat mo mhaide bhriseadh le do charbad," ar san Tomás Fuilteach, agus sheachaid sé a mhaide dhó. Chuir Carbad Cruaidh an maide ann a bheul, agus bhain sé
píosa as, bhain sé giota andhiaigh giota as, go raibh fiche píosa deunta aige de 'n maide. "Mo chóinsias!" ar Tomás Fuilteach, "ní breug Carbad Cruaidh do ghairm ort. Cad is ainm duit-se?" ar sé ann sin, leis an dara buachaill. "Iosgad Láidir," ar seisean. "Cad fáth ar tugadh an t-ainm sin ort, a mhic?" "Mar tig liom balla cloiche do leagan le buille de m' iosgaid," ar seisean. "Feuch an dtig leat an balla sin ar thaoibh an bhóthair do leagan," ar san Tomás Fuilteach. "Tig liom go maith," ar san buachaill, "acht dá leagfainn é, do bhuailfeadh mo mháthair mé." "Rachaidh mise i mbannaidh nach leagfaidh sí lámh ort," ar san Tomás Fuilteach. Chuaidh sé chum an bhalla ann sin, agus thug buille d'á iosgaid dó, do leag níos mó 'ná péirse dhé, "Dar m'fhocal, ní breug é, Iosgad Láidir, do ghairm ort-sa," ar san Tomás Fuilteach. Ann sin, d'fhiafruigh sé de 'n treas buachaill cad é an t-ainm do bhí air. "Cos Luath," ar san buachaill. "Cad chuige fuair tu an t-ainm sin?" "Mar nach bhfuil geirrfhiadh i bhfoigseacht fiche mile dhuit nach ngabhainn." "An bhfeudfá rith anaghaidh mo chapaill-se?" ar san Tomás Fuilteach. "D'fheudfainn, agus ní a-bhfad do bheithinn 'gá fhágbháil mo dhiaigh," ar san Cos Luath. "Feicfimid sin," ar seisean, "tá sé míle go dti an crois-bhóthar, agus má théidheann tu ann sin agus ar ais rómham-sa, bheurfaidh mé seacht n-acra talmhan duit gan cíos, fad do bheatha; agus má bhidhim-se ar m'ais rómhad-sa, béidh mé dod' bhualadh go mbéidh mé tuirseach." "Is margadh é," ar Cos Luath.
D'imthigh an bheirt ann a sean-rása, acht bhí Cos Luath ag an gcrois-bhóthar seal má (sul) raibh Tomás Fuilteach leath- bhealaigh. Nuair tháinig sé suas le Cos Luath, dubhairt sé, "tá an geall gnóthaighthe agad, siúbhalfamaoid ar ais." Nuair tháinig siad ar ais, d'fhiafruigh sé de 'n buachaill eile cad é an t-ainm do bhí air-sean. "Giolla gan Súilibh," ar seisean, "nach bhfeiceann tu nach bhfuil súil agam mar duine eile, acht tá súilín bheag gheur agam i gcúl mo chinn, agus tig liom an rud atá fiche míle uaim d'fheiceál léithe. Feicim fear d'á bháthadh anois ar bhruach an locha." "B'éidir go mbeidhinn-se i n-am le na shábháil," ar Cos Luath, agus as go bráth leis, agus chomh cinnte a's tá tu beó, bhí sé i n-am leis an bhfear do shábháil. Aon lá amháin, bhí dream daoine uasal ag Caisleán Locha Measg, agus bhí siad le seilg do bheith aca. Chuir Tomás Fuil- teach sgeul chuig Carbad Cruaidh, Iosgad Láidir, Cos Luath, agus Giolla gan Súilibh, agus dubhairt leó teacht chum an chaisleáin, go mbeidheadh seilg mhór aca an lá sin. D'innis siad do 'n mháthair an cuireadh do fuair siad ó Thomás Fuilteach. "Téirigh chum na seilge," ar sise, "acht na fan anns an gcaisleán anocht agus budh chóir do Ghiolla gan Súilibh fanacht 'san mbaile!" "Dar m'anam, ní fhanfad-sa" ar san Giolla, "muna bhfan- faidh an chuid eile liom." Ar maidin, lá ar na mhárach, d'imthigh an ceathrar chum an chaisleáin, agus bhí na daoine uaisle uile i láthair an chaisleáin, ag marcuigheacht agus réidh le tosughadh ar an tseilg. Níor bhfada gur sgaoileadh sionnach amach agus d'imthigh na fir seilge 'na dhiaigh. Tháinig Tomás Fuilteach chuig Cos Luath agus dubhairt, "congbhaigh chomh fogus damh-sa a's thig leat, agus cas an sionnach dam, nuair bheurfas mé an comhartha dhuit." Ann sin d'imthigh sé andiaigh an tsionnaigh agus Cos Luath
le n-a chois, agus níor bhfada go rabhadar shuas leis na daoinibh eile. Bhí an sionnach ag dul ar aghaidh agus na gadhair ag teannadh air, go dtáinig sé go balla cloiche do bhí timchioll sean- theampoill, chuaidh sé de léim thar an mballa, acht ní raibh na gadhair no na capaill ionnán é do leanamhaint. Sheas siad uile ag an mballa. "Cá 'uil Iosgad Laidir?" ar sa Tomás Fuilteach. "Táim i ngar duit," ar seisean. "Leag an balla so," ar sa Tomás Fuilteach. Thug sé buille do 'n bhalla agus leag seacht bpéirse dhé go talamh. Bhí iongantas ar na fir (fearaibh) seilge, acht ní raibh am cainte aca, mar bhí an sionnach imthighthe a bhfad rompa, agus nuair chuaidh siad asteach 'san tsean-roilig, nior fheud siad amharc d'fhághail ar an sionnach, agus bhí an boladh caillte ag na gadharaibh. "Bheurfainn ór agus airgiod," ar tighearna saidhbhir do bhí i láthair, "dá mbeidh' fhios agam cia 'n áit a ndeachaidh an sionnach glic sin." "Bhí mise ar bhárr cnuic agus chonnairc mé é ag dul asteach a bpoll faoi bhonn carraige," ar san Giolla gan Súilibh. "Cuirfimid amach é gan mhaill," ar san Cos Luath, agus d'im- thigh na ceithre dearbhráithreacha amach roimh na fir seilge go dtáncadar chomh fada leis an bpoll, acht níor fheudadar aon am- harc d'fhághail ar an sionnach. Bhuail Iosgad Láidir buille ar an gcarraig, acht bhí sí chomh daingean ann san talamh nár fheud sé a chorughadh. Tháinig Carbad Cruaidh i láthair agus fuair greim uirri le n-a charbad, agus tharraing sé suas as an talamh í. Amach leis an sionnach ann sin. Thug sé aghaidh ar an gcaisleán agus na fir seilge agus na gadhair 'na dhiaigh, acht chaill siad arís é, óir chuaidh sé asteach i bpoll do bhí faoi an gcaisleán sin, agus ní raibh fhios ag duine ar bith ar dheireadh an phuill sin. Chuir sin críoch ar sheilg an laé sin, acht gháir an tighearna saidhbhir ar na ceithre dearbhráthrachaibh, agus thug sé ór agus airgiod dóibh, ar son na h-oibre do rinne siad.
Tháinig siad a-bhaile, trathnóna, agus d'innis siad do'n mhá- thair an obair mhaith laé do rinneadar. "Seadh," ar san Giolla gan Súilibh, "acht muna mbeidh' go raibh mise libh, ní bheith ór ná airgiod agaibh." Aon lá amháin, seal gearr tar éis na seilge seó, chuaidh an Giolla gan Súilibh go Dún-sidh le sméura dubha do phiocadh dhó féin. Tháinig iolar amach as an dún agus dubhairt. "Cia 'n chaoi bhfuil tu, a Ghiolla gan Súilibh?" "Táim go maith, slán go raibh an te fhiafruigheas." "Bhfuil aon nídh d'fheudfainn a dheunamh dhuit?" "Ní'l go deimhin," ar seisean, "go raibh maith agad-sa." "Tar," ar sise, "agus tarraing cleite as mo sgiathán clé, agus tig leat nídh ar bith d'athrughadh le buille dhé. Tig leat gabhar do dheunamh de 'n chapall, no capall de 'n ghabhar, no nidh ar bith eile is mian leat." "Go raibh maith agad," ar seisean, "thug an sagart buille d'á fhuip dam andé agus imeóraidh mé cleas air chomh luath agus geobhas mé faill." Tharraing sé amach an cleite agus tháinig sé abhaile. Bhí sean-ghabhar ag a mháthair, agus dubhairt sé le n-a mháthair, "a mháthair" ar seisean, "nár bhfearr leat bó 'ná an sean ghabhar gránna sin?" "Do bhfearr go deimhin, a mhic, acht cá 'uil an bhó le fághail?" "Deunfaidh mise malrait (malairt) gan mhaill" ar seisean. Thug sé amach an sean ghabhar go cúl an ghárdha, bhuail buille de 'n chleite uirri, agus dubhairt, "Bi do bhó bhreágh bainne." Ní luaithe dubhairt sé an focal 'ná chonnairc sé bó bhreágh 'na fhiadhnuise i n-áit an tsean ghabhair. Thiomáin sé asteach d'á mháthair í, agus dubhairt, "feuch, a mháthair, nach maith an malrait rinne mé?" "Deun do mhagadh faoi dhuine éigin eile," ar san mháthair, "tiomáin amach an bhó sin." "Dar m'anam, ní'l mé ag magadh, is leat féin an bhó."
"Maiseadh, agus cia an t-amadan do rinne an malrait leat?" "Nach cuma dhuit-se," ar seisean, "fuair mé an bhó go cneasta." Lá ar na mhárach, bhí an Giolla gan súilibh amuigh, agus chonnairc sé an sagart ag teacht chuig fear tinn. Bhí bóthairín cúmhang bog dul síos go teach an fhir tinn, agus níor fheud sé a chapall thabhairt síos leis. Chaith sé an srian thar gheugán crainn bhig, agus d'fhág sé an capall ann sin. Bhí an Giolla gan Súilibh ag faire, agus nuair fuair sé an sagart imthighthe, bhuail sé buille de 'n chleite ar an gcapall agus dubhairt, "bi do reithe mór gránna le adharcaibh fada ort," agus chomh luath a's bhí an focal as a bheul, chonnairc sé an reithe mór i n-áit an chap- aill. D'imthigh sé leis ann sin ag gáiridhe agus ag rádh, "b'éidir go bhfuil mé díreach leat anois ar son do bhuille." Nuair bhí an sagart réidh leis an bhfear tinn, tháinig sé go bonn an bhóthairín, agus créad d'fheicfeadh sé i n-áit a chapaill bhreágh acht reithe mór gránna agus srian agus diallaid air. Bhí fearg an-mhór ar an sagart agus thug sé buille fuipe do 'n reithe. Bhris an reithe an srian agus as go bráth leis, agus an sagart agus daoine an bhaile 'na dhiaigh. Thug sé aghaidh ar an loch agus nuair tháinig sé go dti an bruach, thug sé léim asteach ar oileán beag do bhí ar an loch. Bliadhanta 'na dhiaigh seó, bhí an reithe le feiceál uile lá ag siúbhal suas 's anuas ar an oileán. Tugadh "Oileán an reithe" mar ainm do 'n oileán, agus tá an t-ainm ceudna air fós. Chuaidh na dearbhráitheacha ar aghaidh go maith go bhfuair an mháthair bás. An oidhche fuair sí bás, chualaidh uile dhuine ann san mbaile an bhean-sidhe ag caoineadh go brónach, acht níor chuireadar suim ann, mar budh ghnáthach léithe caoineadh oidhche bháis duine. Chuireadar an mháthair go geanamhail. Bhí trácht mór, an t-am sin, ar eascoin do tháinig amach as an loch, dubhairt siad, leis na cuirp d'ithe.
An trathnóna, tar éis an mháthair do chur, bhí na dearbh- ráithreacha ann san tigh leó féin, brónach go leór, nuair tháinig sean-bhean asteach agus dubhairt, "Bhfuil sibh dul anocht le faire do dheunamh ag uaigh bhur máthar; agus gan leigean do na h-eascoin í d'ithe sul bhéidh si fuar?" "Támaoid dul ann," ar siad-san. Nuair tháinig dorchadas na h-oidhche, chuaidh na dearbh- ráithreacha chum na roilige, agus shuidh siad a-bhfogus d'uaigh na máthar. Bhidheadar ag caint 's ag cómhrádh go raibh sé a- bhfad 'san oidhche, gan aon nidh do chlos agus bhí siad ag brath ar imtheacht a-bhaile, nuair chualaidh siad toran ann san bhfeur fada i ngar dóibh. 'Siad na h-eascuin do bhí ann. Thángadar chomh fada le uaigh Mháire Ruaidhe, agus thosaigh siad ag tolladh puill, leis an gcorp d'ithe. Léim siad suas. Thug Iosgad Láidir buille d'á iosgaid ar cheann aca do rinne dá leith dhé, agus fuair Carbad Cruaidh greim ar cheann eile agus rinne dá leith dhé, acht chomh tapa agus do dheunfadh na dearbhráithreacha dá leith díobh, bheidheadh siad greamuighthe le chéile arís. Throid na dearbhráithreacha ar feadh na h-oidhche, acht, mo bhrón! fuair na h-eascuin an lámh láidir orra. Nuair bhí siad buailte ar fad, chuir na h-eascuin iad féin 'na dtimchioll agus tharraing siad asteach 'san loch leó iad faoi an uisge. Tugadh iad go caisleán faoi 'n loch, agus cuireadh iad faoi draoidheacht. Rinneadh teachdaire de Chos Luath, dá fhear-catha de Charbad Cruaidh agus d'Iosgad Láidir, agus rinneadh de 'n Ghiolla gan súilibh an píobaire is fearr do chualaidh cluas ariamh. 'S iomdha uair do chualaidh na daoine é ag seinm ceóil bhinn ar an loch ó shoin, acht níor fheud siad teacht i ngar dó. Budh é Tomás Fuilteach siocair bháis na ndearbhráthar, mar bhí fhios aige go maith go dtagadh na h-eascuin leis na cuirp d'ithe, agus budh é do chuir an tsean-bhean chuig na dearbh- ráithreachaibh le rádh leó faire do dheunamh ag uaigh a máthar. Acht fuair sé féin bás obann d'á thaoibh 'na dhiaigh sin.
VII Tomás Fuilteach de Burca TOMÁS FUILTEACH DE BURCA AGUS TIGHEARNA AN CHLÁIR Nuair bhí Tomás Fuilteach de Búrca 'na chómhnuidhe i gcaisleán Locha Measg, bhidheadh go leór daoine uasal ag teacht ar cuairt chuige, óir bhí sé faoi cháil go raibh ruda iongantacha aige, acht is iomdha duine uasal chuaidh asteach 'san gcaisleán nach dtáinig ar ais beó, ná tuairisg, ná teachtaireacht uatha. Mharbh Tomás Fuilteach iad, agus budh é sin an t-ádhbhar do gháir na daoine Tomás Fuilteach air. Aon am amháin, bhí Tighearna an Chláir ar cuairt ag an gcaisleán, agus d'fhiafruigh sé de Thomás Fuilteach: an raibh aon fhear ceóil aige. "Tá," ar seisean, "agus sé an fidiléir is fearr in n-Eirinn é, acht tá sé chomh leisgeamhail nach seinnfeadh sé port i láthair aon duine, dá bhfághadh sé Eire gan roinn." "Cuirfidh mé míle púnt leat," ar san Tighearna an Chláir, "go bhfuil fidiléir agam-sa níos fearr 'na é." "Cuirfidh mé an geall leat," ar Tomás Fuilteach, "acht ní'l duine ar bith le feuchaint ar 'm fhidiléir-se, acht tig leis an té atá le breitheamhnas do thabhairt, éisteacht leis an mbeirt, ann sin nuair cluinfidh sé iad, tig leis a bhreitheamhnas thabhairt cia aca is fearr." "Maith go leór," ar san Tighearna an Chláir, "cuirfidh mé fios ar m'fhidiléir-se an trathnóna so, agus fágfaidh mé an breitheamhnas ag beirt fhear ceóil." Anois, tá fhios ag uile dhuine go raibh draoidheacht ag Tighearna an Chláir agus ag a sheacht sinnsearaibh roimhe.
Chuir sé fios ar Dhall Glic do bhí aige 'san mbaile. D'fheudfadh an giolla-so ceól do sheinm gan aon fhidil, do bhidheadh cipín maide ann a láimh chomh maith le fidil agus sheinneadh sé ceól air. Anois, budh gheirrfhiadh dubh an fidiléir do bhí ag Tomás Fuilteach, agus budh é an geirrfhiadh dubh so a máthair mhór féin. Bhidheadh sí i bpoll an tseomra mhóir i n-uachtar an chaisleáin, agus ní fheudfadh duine ar bith dul i n-aice léithe, acht Tomás Fuilteach féin. Ar maidin, lá ar na mhárach, tháinig an Dall Glic go caisleán Locha Measg, agus do bhí an Dall Glic seó i bpáirt leis na daoinibh maithe. Fuair siad beirt fhear, máighistridh ceóil, le breitheamhnas do dheunamh idir an dá fhidiléir. Thosaigh fidiléir Thomáis Fhuiltigh, agus chomh luath agus chualaidh an Dall Glic ceól an fhidiléir eile, d'aithnigh sé cia an té bhí d'á sheinm, agus dubhairt sé le Tighearna an Chláir: "Sin é an fidiléir do mhúin mise, ní'l aon mhaith dham ag dul ag seinm ceóil 'na aghaidh, mar ní'l mise leath chomh maith leis." "Cia an fáth bhfuil d'fhidiléir-se chomh leisgeamhail," ar Tighearna an Chláir le Tomás Fuilteach, "budh mhaith liom a ghnúis d'fheiceál." "Tá galar éigin air," ar sa Tomás Fuilteach, "agus dá bhfeicfeadh aon duine é, thuitfeadh sé marbh." "Dar m'anam," ar sa Tighearna an Chláir leis féin, "béidh amharc agam ar ghnúis an fhidiléir sin." Sgrúdaigh sé an Dall Glic i dtaoibh fhidiléir Thomáis Fhuiltigh, acht níor fheud sé aon eólas d' fhághail uaidh. An oidhche sin, nuair bhí uile dhuine ann san gcaisleán 'na chodhladh, d'éirigh Tighearna an Chláir agus chuaidh suas go doras an tseomra ann a raibh an fidiléir agus d'fheuch sé asteach ar pholl na h-eochrach. Bhí solas breágh ann san tseomra, acht ní fhacaidh sé aon duine. D'fhosgail sé an dorus, acht chomh luath agus chuir sé a cheann asteach, bhuai{l} an geirrfhiadh dubh 'san dá shúil é le steall uisge, agus bhí sé
chomh dall nár fheud sé aon nidh d'fheiceál, agus bí cinnte nach ndeachaidh se' níos faide. Lá ar na mhárach, dubhairt Tighearna an Chláir go mbudh mhaith leis dul ag seilg. "Maith go leór," ar sa Tomás Fuilteach, "tá sean-gheirrfhiadh dubh i ngleann idir an loch agus an roilig. Tá mé 'na diaigh le tamall fada, acht ní fheudaim í do ghabháil." "Cuirfidh mé míle púnt leat go ngabhaidh cú atá agam-sa é," ar Tighearna an Chláir. "Cuirfead an geall sin leat," ar san Tomás Fuilteach, "agus cuir fios ar do chú, chomh luath agus thig leat." Chuir sé teachtaire i gcoinne na con, agus ar maidin an lá ar na mhárach bhí sí ag Caisleán Locha Measg. Ann sin dubhairt Tighearna an Chláir "Tarr agus ruaigfimid an geirrfhiadh." Chuaidh an bheirt amach agus thugadar aghaidh ar an ngleann. Nuair thángadar chomh fada le aiteannaibh do bhí ag fás ann san ngleann, leig Tomás Fuilteach sgread, do ghread sé a bhosa, agus amach leis an ngeirrfhiadh dubh. Sgaoil Tighearna an Chláir a chú 'na diaigh, agus as go bráth leó. Bhidheadar dul suas 's anuas, siar agus aniar, ar feadh seacht n-uaire, ann a láin- rith, agus níor fheud an cú greim d'fhághail uirri ar feadh an ama sin. Bhí an cú chomh tuirseach sin gur b'éigin dí luidhe síos, agus chuaidh an geirrfhiadh asteach anns na h-aiteannaibh arís. "Bhéarfainn mo mhionna gur geirrfhiadh draoidheachta é sin," ar Tighearna an Chláir. "N'íl fhios agam-sa cad é 'n sórt geirrfhiadh í," ar Tomás Fuilteach, "chuir mise cú agus urchar go minic 'na diaigh acht níor fheud mé fancadh (?) bhaint aisti." Shiúbhail Tighearna an Chláir asteach tríd na h-aiteannaibh, agus tháinig sé go poll ann san talamh, acht bhí boladh chomh breun sin ag teacht as, nár fheud sé a bhreathnughadh go géar, acht bhí tuairm gur b'é sin poll an gheirrfhiadh draoidheachta. Gháir sé ar Thomás Fuilteach agus dubhairt: "Gabh a-leith ann so, go mbéidh amharc agad ar an bpoll so."
"Chonnairc mé go minic roimhe seó é," ar sa Tomás, "agus ní rachaidh mé i n-aice leis níos mó, tá mo gheall gnóthaighthe agam." "Ní'l," ar Tighearna an Chláir, "is geirrfhiadh draoidh- eachta bhí ann, agus ní'l cú 'san domhan do gabhfadh é agus troidfidh mé sul má thugaim suas an geall." "Má's troid atá teastál uait, bhéarfaidh mise troid do sháith dhuit," ar Tomás Fuilteach, "tarraing do chlaidheamh agus deun dídionn ort féin." Tharraing gach aon aca a chlaidheamh agus throideadar, agus thug Tighearna an Chláir sáthadh do Thomás Fuilteach do chrapail a lámh dheas, agus 'na dhiaigh sin bhí sé ag fághail na láimhe láidre air, go dtáinig an geirrfhiadh agus bhuail sí Tighearna an Chláir idir an dá shúil le steall uisge, agus budh bheag nár dhall sí é. Nuair bhí sé leath-dhall, thug Tomás Fuilteach sáthadh 'san mbolg dó, agus tháinig a chuid potóg amach ar an bhféar. "Anois, b'éidir go bhfuil troid do sháith agad," ar sa Tomás Fuilteach. Nuair bhí an Tighearna marbh, chaith Tomás Fuilteach é asteach ann san bpoll breun, agus d'imthigh sé a-bhaile, acht d'fhan cú an Tighearna ag an bpoll, ag caoineadh go h-árd- bhrónach agus níor fhág sí an áit sin go bhfuair sí bás. Ar maidin, lá ar na mhárach, nuair nach raibh Tighearna an Chláir le fághail, d'fhiafruigh a shearbhfóghantaidh de Thomás Fuilteach an bhfacaidh sé é, no an raibh fhios aige cia an áit a raibh sé. Dubhairt seisean gur fhág sé an Tighearna agus a chú ann san ngleann ar bhruach an locha, agus nach bhfacaidh sé é o shoin. Chuartaigh na searbhfóghantaidh gach uile áit ar shaoil siad go rachadh an Tighearna, acht ní raibh aon chúntas air agus dubhairt na daoine gur báitheadh é 'san loch. An geirrfiadh dubh, budh í máthair mhór Thomáis Fhuiltigh í, agus d'fheudfadh sí easóg, eascoin, no nidh ar bith eile dheunamh dhí féin am ar bith.
MÁTHAIR-MHÓR THOMÁIS, AGUS A BHEIRT DHEIRBHSHIUR Anois, bhí beirt dheirbhshiúr ag Tomás Fuilteach, agus bhí siad faoi dhraoidheacht ag an máthair-mhóir. Chuir siad fearg uirri aon lá amháin agus ann sin chuir an chailleach faoi dhraoidheacht iad le na droch-inntinn do shásughadh. Bhí bealach gearrtha amach faoi thalamh o pholl na caillighe 'san gcaisleán go dti oileán ar Loch Measg, agus bhí caisleán ar an oileán dar b' ainm "Caisleán an dá chailligh," agus bhí dá charnáin mhóra cloch i láthair an chaisleáin, agus b'éigin do 'n bheirt dheirbhshiúr beith ag gabháil na gcloch ar a chéile go mbeidheadh gach uile chloch ann san dá charnán buailte ar a chéile aca, agus b'éigin dóibh sin do dheunamh uile mhaidin 'san mbliadhain, agus bhidheadh an mháthair-mhór 'na láthair go mbeidheadh an chloch dhéigheanach caithte aca. Ann sin do ghnidheadh sí dá charnán eile de na clochaibh, le bheith réidh ar an maidin amárach. Budh mhór an geur-chrádh do na deirbhshiúrachaibh é seó, agus ghlacadar rún an mháthair-mhór do mharbhadh, acht bhí sí ró ghlic dóibh ar feadh moráin bliadhan. Fá dheóigh, rinneadar dá easóig díobh féin, agus nuair tháinic an mháthair-mhór ar maidin le feuch- aint orra ag bualadh a-chéile leis na clochaibh, agus nuair d'fhosgail sí a beul le rádh "Tosuigh," do léim ceann aca asteach ann a beul agus thacht sí an chailleach. Ann sin rómhair siad poll i n-urlár an chaisleáin agus chuireadar colann na caillighe ann, agus an dá charnán cloch os a cionn. Agus muna gcreideann tu mo sgeul, má théidheann tu go Loch Measg, feicfidh tu an dá charnán mhór cloch i láthair "Chaisleáin an dá chailligh," mar chrothughadh go bhfuil an sgeul fíor. Tar éis seachtmhaine, nuair nach bhfacaidh Tomás Fuilteach an chailleach ag teacht ar ais chum an chaisleáin, chuir sé ceist air an mbeirt dheirbhshiúr d'á taoibh, acht dubhairt siad-san nach raibh fhios aca creud thárla dhí, agus nach bhfacaidh siad í ar feadh seachtmhaine, agus dubhairt siad 'san am ceudna, "nár thagaidh sí ar ais go deó, ná cúntas uaithi."
AN CHRÁIN-MHUICE DO BHÍ AG TOMÁS Bhí cráin-mhuice ag Tomás Fuilteach agus bhidheadh ál banbh aici uile mí 'san mbliadhain. Budh leis an mháthair mhóir an chráin seó i dtosach, acht bhronn sí ar Thomás í, agus bí cinnte gur b' aisteach an chráin í, nuair bhidheadh ál banbh aici uile mí. An t-am so air a bhfuil mé ag innsint mo sgéil, bhí fiche banbh ag an gcráin seó, agus nuair bhiadar mí d'aois, thug sé iad go Gaillimh le na ndíol. Thárla gur cheannuigh sagart paráisde na Gaillimhe sé cinn díobh, agus nuair thug fear an tsagairt iad a-bhaile, thug sé neart le n-ithe dhóibh, agus tháinig an sagart féin amach le feuchaint na caoi a raibh siad ag borradh. Bhí an sagart ar an tsráid agus bhí sé 'gá moladh nuair leig siad sgiatháin amach mar géidhibh, agus d'eitill siad suas san spéir, agus d'imthigh siad as amharc. Choisrigh an sagart é féin agus dubhairt le na fhear, "budh bhainbh draoidheachta iad sin, acht tá fhios agam gur ó Thomás Fuilteach de Búrca do fuaireas iad, agus níor chóir dham roinn ná páirt do bheith agam leis an draoidheadóir gránna sin, acht rachaidh mé chuige amárach agus cuirfidh mé iac (d'fhiacha?) air mo chuid airgid do thabhairt ar ais dam." Ar maidin, lá ar na mhárach, chuaidh an sagart chuig Tomás Fuilteach, agus dubhairt, "cia 'n sórt banbh do dhíol tu liom andé?" "Na bainbh is fearr i n-Éirinn," ar sa Tomás Fuilteach. "A bheitheamhnaigh bhradaigh, budh bhainbh draoidheachta iad," ar san sagart, "agus muna dtugann tu mo chuid airgid ar ais dam deunfaidh mise sompla dhíot." "Deun do dhíthchioll," ar Tomás Fuilteach, "tá do bhainbh 'san mbaile ann do chró, is ar do shúilibh tá an draoidheacht. Agus maidir le sompla do dheunamh dhíom-sa, ní'l sé ann do chúmhachta, ní'l níos mó de bheann agam ort 'ná atá agam ar an salachar atá ar bhonn mo choise. Teirigh a-bhaile anois, tá do bhainbh ann san mbaile rómhad."
Chuaidh an sagart a-bhaile, agus fuair na bainbh roimhe i gcró na muc. D'fhiafruigh sé de'n tsearbhfhóghanta cia 'n uair tháinig na bainbh ar ais. "Ní'l fhios agam," ar seisean, "ní fhacaidh mise iad ag teacht." "Saoilim nach bainbh chearta iad," ar san sagart, "agus nach cóir dúinn iad do chongbháil; tabhair go Gaillimh iad amárach agus díol iad." Ar maidin, nuair d'éirigh an searbhfhóghanta, chuaidh sé amach le biadh do thabhairt do na banbhaibh, acht ar éigin d' aithnigh sé iad, d'fhásadar chomh mór sin. D'innis sé do 'n tsagart gur mhéadaigh na bainbh go h-iongantach, agus go mbudh mhór an truagh iad do dhíol. "Is cuma liom," ar san sagart, "ní bhéidh siad timchioll mo thighe-se, chor ar bith." Ar maidin, lá ar na mhárach, thug fear an tsagairt na bainbh go Gaillimh, acht ní bainbh do bhí ionnta anois acht muca, d'fhásadar chomh mór sin i n-am gearr. Ní raibh sé a-bhfad ann san mbaile-mór, nuair cheannuigh fear d'arb' ainm Tadhg Mór Mac Dómhnaill na muca, agus thug luach mór orra. Nuair d'íoc sé fear an tsagairt, d' fhiafruigh sé dhé cia 'n áit a raibh sé 'na chómhnuidhe. "Is mise buachaill an athar Mac Diarmuid," ar san fear. "Is maith liom sin," ar sa Tadhg Mór, "béidh an t-ádh ar na mucaibh sin, mar budh leis an sagart iad." Thiomáin Tadhg Mór na muca a-bhaile, chuir asteach i gcró na muc iad, agus thug neart le n'ithe dhóibh. Ar maidin, lá ar na mhárach, chuaidh sé amach le feuchaint ar na mucaibh, acht chomh luath a's d'fhosgail sé doras an chró, créad d'fheicfeadh sé, acht sé gadhair mhóra dhubha i n-áit na sé muc. Bhí faitchios agus iongantas ar Thadhg, thug sé coiscéim ar gcúl, agus amach leis na gadhair ag tathfaint mar bheidheadh siad ar lorg sionnaigh. Bhí faitchios ar Thadhg iad do leanamhaint, acht chuaidh sé, agus fearg mhór air, go tigh an tsagairt, agus d' fhiafruigh sé dhé: cia an sórt muc do dhíol sé leis.
"Níor dhíol mise muc ar bith leat," ar san sagart. "Mur (muna) dhíol tusa liom iad, dhíol do bhuachaill-aimsire liom iad, agus 's é an cás ceudna é." "Créad thárla do na mucaibh?" ar san sagart. "Innseóchaidh mise sin duit," ar sa Tadhg Mór, "créad thárla dhóibh. Thug mé iad a-bhaile agus chuir mé asteach i gcró iad, thug mé neart le n'ithe dhóibh agus bhí leabuidh mhaith aca le luidhe uirri, agus ar maidin, lá ar na mhárach, chuaidh mé féin amach le feuchaint orra, agus créad d'fheicfinn i n-áit na sé muc acht sé gadhair mhóra dhubha. Thug mé coiscéim ar gcúl, mar bhí faitchios orm, agus léim na gadhair amach ar an dorus, agus iad ag tathfaint, go saoilfeá gur ar lorg sionnaigh do bhí siad - agus sin é anois," ar sé, "an rud thárla do do mhucaibh." "Dona go leór," ar san sagart, "acht bhéarfaidh mise do chuid airgid ar ais duit." Thug an sagart luach na muc do Thadhg, agus nuair bhí sé imthighthe, ghleus sé é féin agus chuaidh go Caisleán Locha Measg, agus d'iarr sé ar Thomás Fuilteach luach na mbanbh do thabhairt ar ais dó, agus gan aon thrioblóid eile do chur air. "Maith go leór," ar sa Tomás Fuilteach, "bhéarfaidh mé luach na mbanbh seacht n-uaire, dhuit, má thugann tu do bhriathar dam nach dtiucfaidh tu dom' bhodharúghadh níos mó." "Go deimhim, ní thiucfad," ar san sagart. Thug Tomás Fuilteach an t-airgiod dó, agus d'imthigh an sagart a-bhaile sásta go leór, oir bhí sochar maith aige as na banbhaibh mar shaoil sé féin. Ar maidin, lá ar na mhárach, d'imthigh an sagart le cíos bliadhna d'íoc leis an tighearna talmhan, agus nuair tharraing sé amach an sporán ar chuir sé an t-airgiod ann, ní raibh dada ann acht clocha beaga. "Ní féidir gur sgrios mo bhuachaill aimsire mé," ar san sagart leis féin; "is cinnte gur b'é an draoidheadóir Tomás Fuilteach d'imir an cleas so orm, acht deunfaidh mé mo dhithchioll le bheith comhthrom leis am eile."
Thug sé mar leithsgeul do 'n tighearna talmhan gur dhearmuid sé an t-airgiod do thabhairt leis, agus d'imthigh sé. Ní raibh fhios ag an sagart créad dheunfadh sé anois, acht sgríobh sé chuig an easbog ag iarraidh cómhairle air. Fuair sé freagra ó'n easbog ag rádh leis gan roinn ná páirt do bheith aige feasta le Tomás Fuilteach, mar budh bhall de 'n diabhal do bhí ann. MAR DO CHUIR TOMÁS BUAIDHREADH AR AN SAGART Acht ní raibh Tomás Fuilteach réidh leis an sagart fós. Ar maidin Dia Dómhnaigh, nuair bhí an poball cruinnighthe le aif- rionn d'éisteacht, tháinig dá ghadhair i láthair an dorais, agus thosaigh siad ag tathfaint chomh h-árd sin nár fheud na daoine focal do chloisteál. Agus ann sin, nuair tháinig an sagart ar an altóir agus nuair thosaigh sé an t-aifrionn do léigheadh, tháinig na ceudta préachán mór ingneach, agus thosaigh siad ag scrí- och chomh h-árd sin go saoilfeá nach raibh préachán ingneach 'san domhan nach raibh cruinnighthe ann. Níor fhéad an sagart léigheadh ná an poball éisteacht. Fuair an sagart an t-uisge coisreagtha agus chuaidh amach, acht níor fheud sé gadhar ná préachán ingneach d'fheiceál. Acht ní túisge tháinig sé asteach 'ná thosaigheadar arís, agus b'éigin dó an t-aifrionn do chur ar gcúl an Dómhnach sin. Sgríobh sé ann sin chuig an easbog agus d' innis dó gach nidh thárla. Fuair sé freagra le rádh go dtiucf- adh an t-easbog é féin, agus go dtabhairfeadh sé Fiacail Phádraig leis. Bhí an fhiacail sin ionnán draoidheadóiridh an domhain do dhíbirt. An Dómhnach 'na dhiaigh sin, bhí an t-easbog ag an teach- pobuill roimh an aifrionn. Tháinig na gadhair agus thosaigh siad ag tathfaint chomh h-árd a 's d'fheudadar. Níor mhothaigh siad go dtáinig an t-easbog taobh shiar díobh agus bhuail buille d'fhiacail Phádraig orra, agus rinne dá charraig díobh. D'eitill na préacháin ingneach' suas san aér, acht chaith an t-easbog fiacail Phadraig ar an talamh agus thuiteadar uile marbh 'na
mhullach. Chuir sin deireadh ar thrioblóid an tsagairt. 'S iad an bheirt dheirbhshiúr do bhí ag Tomás Fuilteach do bhí ann san dá ghadhair, acht chuir fiacail Phádraig críoch orra. Mhair Tomás Fuilteach bliadhanta andhiaigh seó, acht níor chuir sé buaidhreadh ar sagart ná brathair ó 'n lá sin. VIII Bás Thomáis Fhuiltigh de Búrca. A bhfad o shoin, nuair bhí Tomás Fuilteach 'na chómhnuidhe a gcaisleán Locha Measg, bhidheadh Righ O Conchubhair ag teacht go minic chuige ar cuairt. Leig Tomás Fuilteach air féin gach am go raibh meas mór aige ar O Conchubhair, agus go mbudh carad mhaith dhó é, acht níor bhfíor dó é sin, óir bhí sé 'na námhaid geur dó. Shaoil Tomás Fuilteach go ndeunfadh na daoine righ dhé féin dá mbeidheadh O Conchubhair marbh. Budh mhinic thug sé ór agus airgiod do dhaoinibh leis an righ do mharbhadh, acht bhí an iomarcuidh meas' ag na daoinibh ar O Conchubhair, agus ní bhfuair sé duine ariamh do dheunfadh aon anachain air. Aon lá amháin ann san ngeimhreadh nuair bhí sioc agus sneachta trom ar an talamh, chuir Tomás Fuilteach cuireadh chuig an righ le teacht ar cuairt chuige féin, ag rádh 'san am ceudna go raibh rún aige le n'innseacht dó. Tháinig an righ gan duine ar bith ann a chuideachta, mar shaoil sé nach raibh baoghal ar bith air, chomh fada agus bheidheadh sé i g-comhluadar Thomáis Fhuiltigh. Anois, bhí beirt Ghall íoctha agus faoi mhionna ag Tomás Fuilteach le O Conchubhair do mharbhadh, agus nuair bheidheadh an obair deunta aca, bhí long réidh le iad do thabhairt go Sacsana.
Bhí go leór de dhaoinibh uaisle ag an gcaisleán nuair tháinig O Conchubhair. Chuir Tomás Fuilteach fáilte mhór roimhe agus chuir sé é 'na shuidhe ag ceann an bhoird ag dinéar. Nuair bhí an dinéar ithte, tháinig fíon ar an mbord, acht ní bhlasfadh Righ O Conchubhair dé, mar fuair sé cogar ann a chluais ó fhear de na searbhfhóghantaibh go raibh nimh ann a chorn, agus thug sé leithsgeul go gcuirfeadh fíon tinneas cinn air. D'ól duine-uasal do bhí i n-aice leis an corn do bhí gleusda do 'n righ, agus níor bhfada gur thuit sé marbh faoi an mbord. Ní raibh fhios ag aon duine ann san gcomhluadar siocair a bháis, acht ag Tomás Fuilteach agus ag Righ O Conchubhair amháin. Bhí faitchios ar an righ do rádh go raibh nimh ann san gcorn mar bhidheadh piostal ag Tomás Fuilteach ann a bhrollach i gcómhnuidhe, acht bhí rún daingean aige Tomás do thabhairt chum dlighe chomh luath agus do bheidheadh sé féin saor ó'n gcaisleán. Chomh luath agus tháinig doctúir agus dubhairt sé go raibh an duine-uasal marbh, do bhris an comhluadar suas agus d'imthigh siad a- bhaile. Bhí Righ O Conchubhair ag dul a-bhaile leis féin, acht nuair tháinig sé chomh fada le áit uaignigh faoi sgáile chrainn mhóir, do buaileadh é le cloich mhóir ann san gcloigionn agus thuit sé ar an talamh, acht seal má (sul ar) fheud sé éirighe, do cuireadh sgian tríd a chroidhe. Dubhairt daoine gur ab é Tomás Fuilteach do mharbh e, acht ní raibh an fhiadhnuise láidir go leór 'na aghaidh le n-a chrochadh. Bhí madadh beag le O Conchubhair, agus nuair thuit an righ, thosaigh an madadh beag ag caoineadh agus ag deunamh torain mhóir. Shaoileadar greim d'fhághail ar an madadh beag, acht níor fheudadar. B'iomdha urchar do sgaoileadar 'na dhiaigh, acht níor fheudadar a mharbhadh, agus faoi dheireadh, nuair bhí an lá ag teacht, d'imthigheadar a-bhaile. Acht ní fhágfadh an madadh beag a mháighistir, agus nuair tháinig solus an laé, chualaidh daoine na mbailteadh, thart timchioll, an madadh beag ag caoineadh agus thángadar chum na h-áite, agus fuaradar an righ marbh.
Chuaidh an gháir amach, agus faoi cheann uaire, ní raibh fear ná bean ná paiste i bhfoigseacht seacht míle do Loch Measg nach raibh eólas aca ar an sgeul brónach sin, agus bhí brón mór ar gach uile dhuine d'á raibh eólas aige ar an righ. Tháinig Tomás Fuilteach i lathair agus do leig air féin go raibh brón mór air- sean. An oidhche sin, bhí Tomás Fuilteach ann a sheomra, nuair d'fhosgail an dorus agus shiúbhail tais an righ mhairbh asteach, fuair greim air, agus chaith anaghaidh na talmhan é. Níor fheud sé focal do labhairt, bhí an oiread sin faitchis air. Bhí an fhuil dhearg ag rith as an righ, agus chumail sé roinn dí ar Thomás Fuilteach, agus ní bhainfeadh an meud uisge 'san loch an fhuil sin dé. Nuair tháinig sé chuige féin rud-beag, shaoil sé an seomra d'fhágbháil, acht fuair tais an righ greim eile air agus bhuail anaghaidh na talmhan é arís, gur shaoil sé go raibh gach uile chnámh ann a chorp briste, agus níor shiúbhail sé coiscéim ó sin amach. Nuair bhuail an clog an dó-deug 'san oidhche, d'fhág an tais é, acht ní raibh sé ionnán cor do chur as féin. Ar maidin, lá ar na mhárach, nuair tháinig na searbhfhóghan- taidh, fuair siad Tomás Fuilteach ar an urlár cosmhúil le fear marbh. Chuireadar ar a leabuidh é, agus chuireadar fios ar dhoctúir. B'éigin do bheirt fhear fanacht 'san seomra leis. Nuair tháinig an doctúir, shaoil sé gur parailíse do bhí air, acht bhí iongantus ró mhór air, nuair chonnairc sé an fhuil do bhí ar Thomás, agus nuair fuair sé nár fheud sé an fhuil sin do nighe dhé. An oidhche sin, d'fhan beirt fhear ann san seomra leis, agus bhí solus maith aca, acht timchioll a h-aon-deug a chlog chualaidh siad an focal "Ub-ub-ó, Righ O Conchubhair." Leis sin d'fhosgail an doras, múchadh an solas, tháinig an tais asteach, fuair greim ar Thomás Fuilteach agus bhuail anaghaidh talmhan é. Acht is iongantach an sgeul é le rádh nach
bhfacaidh an bheirt fhear an tais. Do sgread Tomás Fuilteach; "Nach bhfeiceann sibh é dom' mharbhadh, congbhaigh uaim é." "Ní fheicmid aon nídh" ar siad, agus do shaoilfeadh siad gur ar mire do bhí sé, muna mbeidheadh go bhfacaidh siad é d'á bhualadh anaghaidh na talmhan. Tháinig faitchios mór ar na fir (fearaibh) agus bhí siad ag brath ar imtheacht, nuair chualaidh siad guth ag rádh "ná bíodh faitchios orraibh, ní dheunfar aon anachain orraibh." Chuireadar Tomás Fuilteach ann san leabuidh arís, acht ní túisge do bhí sé innti, 'ná fuair an tais greim air agus chaith anaghaidh na talmhan é. Seal gearr 'na dhiaigh sin, do bhuail an clog, agus dubhairt Tomás Fuilteach, "tá sé imthigthe; cuir ar mo leabuidh mé." Chuireadar ar a leabuidh é agus thuit sé 'na chodladh mío- shuaimhneach, agus thosaigh sé ag caint. "Níor chreid mé ariamh" a-dubhairt sé agus é 'na chodladh, "go raibh taise ann, agus níor chreid mé go bhfeudfadh duine marbh teacht as an uaigh, acht creidim anois é. 'Séan diabhal do chuir iac (d'fhiacha?) orm an righ do mharbhadh." Bhí an bheirt fhear ag éisteacht leis an gcaint seó agus dubhradar le chéile, "is cinnte gur mharbh sé Righ O Conchu- bhair agus budh chóir a chrochadh." Ar maidin, nuair mhúsgail Tomás Fuilteach, dubhairt sé leis an mbeirt fhear. "Ná h-innis d'aon neach aon nidh d'á bhfacaidh sibh aréir, agus íocfaidh mise sibh go maith." "Bhí tu ag caint ann do chodladh" ar siad, "agus dubhairt tu gur mharbh tu Righ O Conchubhair, agus go mbudh é a thais do bhí dod' bhualadh anaghaidh na talmhan." "Budh é trioblóid inntinne do chuir orm an chaint sin do dheunamh," ar seisean. "Tá amhras mór ag na daoinibh gur tusa do mharbh é," ar na fir, "agus nuair cluinfidh siad go dubhairt tu féin é, ni ghlan- fadh an meud uisge 'san loch thu." "Ní'l aon ocáid agaibh-se labhairt air," ar sa Tomás Fuilteach,
"agus bhearfaidh mé fiche púnt daoibh ar son an rún do chongbháil." "Geobhamaoid níos mó 'ná sin, ar son a innseacht," ar siad. "Bhéarfaidh mé dá fhichid púnt daoibh," ar seisean. "Ní ghlacfamaoid níos lúgha 'ná ceud," ar siad, agus 'san am ceudna d'éirigh siad suas le bheith ag imtheacht. "Fan, fan," ar seisean, "agus bhéarfaidh mé céad daoibh, agus talamh gan cíos nuair geobhas mé biseach," ar seisean. An oidhche sin, bhí na fir 'na suidhe ag an teine, agus Tomás Fuilteach ann a leabuidh, nuair tháinig sionnán mór gaoithe, agus shaoil siad go leagfadh sé an caisleán 'na mullach, óir chraith sé é o bhonn go bárr. D'fhosgail an doras, tháinig an tais asteach, fuair greim ar Thomás Fuilteach, agus bhuail anaghaidh na talmhan é. Sgairt fuil as a bheul, as a shróin, as a dhá shúil. 'San am ceudna, mheudaigh an ghaoth agus an sionnán mór agus bhain sé an chleith de 'n gcaisleán. Nuair chuaidh na fir le Tomás Fuilteach do thogbháil suas, bhí sé marbh. Tar éis a bháis thionntaigh sé chomh dubh leis an ngual, agus is ar éigin d'fheud na fir a chur i gcónra (cómhra), bhí an oiread sin de dhroch-bholadh uaidh. Fuair fear-gaoil do Thomás Fuilteach an talamh timchioll an chaisleáin, agus níor bhfad gur chuir sé cleith úr ar an gcaisleán féin. Tar éis sin, phós sé bean óg. Oidhche na bainnse, nuair bhí gaolta na lánamhna nuadh- phósta 'na suidhe ag bord, ag ithe seire 'san gcaisleán, tháinig crith-talmhan do chraith an caisleán, agus do bhris uile ghreim troscáin ann. Tháinig faitchios mór ar an gcómhluadar, agus níor bhfada gur sgap siad, acht beirt no triúr a raibh meisneach ionnta, d'fhan leis an lanamhain óig. Timchioll a h-aoin-deug a chlog bhidheadar uile i n-aon seomra i n-íochtar an chaisleáin, nuair chualaidh siad toran mór os a gcionn mar bheidheadh daoine ag troid agus ag gárthaoil (?). Thuit
an bhean nuadh-phósta i laige, agus nuair tháinig sí chuici féin, dubhairt sí nach bhfanfadh sí oidhche eile, 'san gcaisleán, dá bhfághadh sí Eire gan roinn. Ar maidin, lá ar na mhárach chuaidh sí chum a h-athar agus lean an fear í. Seachtmhain 'na dhiaigh sin , chuaidh maor do chómhnuidhe ann san gcaisleán, acht níor fheud sé fanacht ann an dara oidhche. Dubhairt sé go dtáinig Tomás Fuilteach chuige agus sgian ann a láimh le na mharbhadh. 'Na dhiaigh sin, chuaidh mórán daoine eile ó am go h-am le cómhnuidhe ann san gcaisleán, acht aon dream d'á ndeachaidh ann, níor fhanadar an dara oidhche. Fá dheóigh, ní rachadh duine ar bith ag cómhnuidhe ann, agus ní rachadh siad i ngar dó 'san oidhche ar ór ná ar airgiod. Cidh nach raibh aon duine 'na chómhnuidhe ann san gcaisleán, d'fheiceadh na daoine solas ann, agus chluineadh siad gáir mhór, cosmhúil agus dá mbeidheadh daoine ag troid agus ag clampar ann; agus dubhairt na daoine gur b'iad Tomás Fuilteach agus an diabhal do bhidheadh ag troid le chéile ann. Bhí uile fhuinneóg do bhí ann briste, agus bhidheadh na préacháin ag dul asteach 's amach ann. Bhí an caisleán gan tionónta le bliadhantaibh, agus ar feadh an ama sin, ní raibh beithidheach ceithre cos d'á ndeachaidh ar feurach ar thalamh an chaisleáin nach bhfuair bás, acht gabhair, agus bhidheadh go leór aca sin ann. Tar éis na mbliadhan fada, cheannaigh duine uasal an caisleán agus an talamh timchioll air. Chuir sé fir-oibre ag obair le deise do chur air, agus nuair bhí sé réidh, chuir sé fios ar an easbog agus ar bheirt shagart le aifrionn do léigheadh ann. Nuair chuir siad críoch ar an aifrionn, dubhradar leis, "Tig leat do chómh- nuidhe ann san gcaisleán anois, ni thiucfaidh Tomás Fuilteach ag cur trioblóide ort níos mó, agus tá Righ O Conchubhair imthighthe go suaimhneas síorruidhe.
IX Iolar Clumhaigh an Óir. A bhfad ó shoin, bhí sean righ 'na chómhnuidhe i n-Éirinn, agus bhí triúr mac aige do rugadh ag an aon gheineamhain amháin. Bhí meas mór aige orra, acht ní raibh fhios aige cia aca do bheidheadh 'na oidhre ar an ríoghacht, mar rugadh iad ann san am ceudna, agus mar bhí an meas ceudna aige orra. Bhí crann-úbhall i ngáirdín an righ, agus do bhidheadh dá- fhichid úbhall air gach uile bhliadhain, acht sul do bheidheadh siad leath-apuidh, bhidheadh siad goidte. Aon lá amháin, chuir an righ fios ar a thriúr mac agus dubhairt sé leó: "bidheann m' úbhalla breágha d'á ngoid uaim gach uile bhliadhain, cidh go mbidheann fir-faire agam oidhche agus lá faoi an gcrann ó'n am thuiteas na blátha. Anois, má dheunann sibh-se faire, an té gheobhas an gaduidh, béidh mo ríoghacht aige am' dhiaigh." Is iad so ainmneacha an triúir, Aodh, Art agus Niall. Labhair Aodh i dtosach agus dubhairt, "deunfaidh mise faire anocht, ní dóigh go dtiucfaidh an gaduidh ar feadh an laé." "Deunfaidh mise faire an oidhche amárach," ar sa Art. "Agus mise an treas oidche," ar sa Niall. An oidhche sin, seal gearr roimh clap-sholus, chuaidh Aodh ar gárda san ngáirdín, agus thug sé arm leis, agus fíon agus neart le n-ithe. Timchioll uaire an mheadhon-oidche, tháinig codladh air, agus b'éigin dó a shúile do chuimilt go cruaidh le n-a gcongbháil fosgailte. Tháinig toran mór os a chionn san spéir, cosmhúil agus dá mbeidheadh na mílte eun ag eitiollacht thairis. Tháinig eagla mhór air, agus nuair d'fheuch sé suas, chonnairc sé eun mór. Bhí a shúile chomh mór leis an ngealaigh agus chomh
lonnrach leis an ngréin. Tháinig sí anuas ar na h-úballaibh agus d'fhuadaigh léithe gach uile úbhall do bhí ar an taoibh sin de 'n crann. Sgaoil Aodh urchar 'na diaigh acht níor bhain sé cleite aisti. Ar maidin, tháinig an righ amach agus d'fhiafruigh sé d'Aodh ar ghabh sé an gaduidh. "Níor ghabhas í, acht connairceas í, agus sgaoileas urchar 'na diaigh," ar sa Aodh. "Ní bhfuighfidh tusa mo ríoghacht," ar san righ. An lá ar na mhárach, nuair bhí dorchadas na h-oidhche ag teacht, fuair Art a chuid arm, fíon, agus neart le n-ithe, agus chuaidh sé amach 'san ngáirdín le faire na h-oidche do dheunamh. Shuidh sé ag bonn an chrainn agus thosaigh sé ag smuaíneadh. Timchioll uaire an mheadhon-oidhche, chualaidh sé toran 'san aér, mar bheidheadh na mílte eun ag eitiollach os a chionn. Nuair d'fhéach sé suas, chonnairc sé an t-eun mór le súilibh innti chomh mór leis an ngealaigh agus chomh lonnrach leis an ngréin. Tháinig sí anuas ar an gcrann-úbhall agus d'fhuadaigh sí léithe cuid de na h-úbhallaibh. Sgaoil Art urchar 'na diaigh, acht níor bhain cleite aisti. Ar maidin, roimh ghréin, go moch, tháinig an righ chuige agus d'fhiafruigh dhé ar ghabh sé an gaduidh. "Níor ghabhas," ar sé, "acht saoilim gur loit mé í." "Ní bhfuighfidh tusa mo ríoghacht," ar san righ. An treas oidhche, chuaidh Niall ag faire na n-úbhall. Tim- chioll uaire an mheadhon-oidhche, chualaidh sé toran an éin mhóir ag teacht. Bhí a shuile chomh mór leis an ngealaigh agus chomh lonnrach leis an ngréin. Nuair bhí sí teacht anuas ar na h-úbhallaidh, sgaoil Niall urchar, agus is cinnte gur loit sé í, óir tháinig cith de 'n clúmhach anuas aisti go bonn an chrainn. Nuair dhfeuch sé ar an gclúmhach le solas an laé, fuair sé go raibh na cleitidhe de 'n ór buidhe, agus b' áluinn iad le feuchaint orra. Ar maidin, roimh ghréin, go moch, tháinig an righ agus d'fhiafruigh sé ar ghabh sé an gaduidh. "Níor ghabhas," arsa Niall, "acht sgaoileas urchar 'na
diaigh, agus bhaineas clúmhach go leór dí, feuch é faoi an gcrann, agus is cinnte mé nach dtug sí aon úbhall léithe." D'fheuch an righ ar an gclúmhach óir, smuaín sé tamall beag aige féin, agus ann sin dubhairt sé, "caithfidh mé eun clúmhaigh an óir d'fhághail, no ní bhéidh mé 'bhfad beó, agus an té gheobhas dam í, béidh mo ríoghacht agus mo mhaoin shaoghaltach aige mo dhiaigh." An lá sin, chuir an righ fios ar chómhairleóir críona do bhí aige ann a sheirbhís, agus thaisbéan sé dhó clumhach an óir, agus d'fhiafruigh sé cia an sórt éin ar fhás an clúmhach sin uirri. D'fheuch an cómhairleóir ar an gclúmhach agus dubhairt: "D'fhás an clúmhach sin ar eun iongantach, ní'l a leithéid le fághail ar an talamh. Tá dá sheód innti i n-áit na súl, agus is luachmhaire iad 'ná do ríoghacht-sa, agus fásann clúmhach an óir uirri uile mí 'san mbliadhain." "Agus cia an áit bhfuil an t-eun sin le fághail no cá bhfuil sí 'na cómhnuidhe?" ar san righ. "Tá sí 'na cómhnuidhe ar thaoibh sléibhe áird atá 'san Spáin, tá caisleán breágh aici ann sin, agus is í an bhean is áille 'san domhan, bidheann sí 'na mnaoi 'san lá, agus 'na iolar le clúmhach an óir 'san oidhche." "Ní thig liom-sa bheith a-bhfad beó," ar san righ, "muna bhfágh' mé í, agus an té bheurfas chugam í, béidh mo ríoghacht agus iomlán mo mhaoine saoghaltaighe aige." Bhí an triúr mac i láthair ag éisteacht, agus dubhradar go gcaillfidís a mbeatha no go bhfuighidís iolar clumhaigh an óir. Ar maidin, lá ar na mhárach, thug an righ sporán óir agus capall maith do gach mac, agus d'imthigheadar ag tóruigheacht iolair clúmhaigh an óir. Nuair tháinig siad go dti crois-bhóthar, dubhairt Niall: "Sgaramaois ann so, agus an té thiucfas slán ar ais i dtosach, gearradh sé lorg croise ar an gcloich mhóir sin ar thaoibh an bhóthair." Dubhairt siad go ndeunfaidís sin. Sgar na dearbhráithreacha tar éis sin agus lean gach fear aca a bhóthar
féin. Anois leanfamaoid na dearbhráithreacha mar chuadar ag faire na n-úbhall; budh h-é Aodh do chuaidh ag faire an cheud- oidhche. Chuaidh sé ar aghaidh an cheud-lá maith go leór, agus nuair bhí dorchadus ag teacht, chuir sé faoi i dtigh beag ar bhruach coille. Nuair bheannaigh sé asteach, chuir an chailleach do bhí ann san tigh fáilte roimhe, agus dubhairt go raibh biadh, deoch agus leabuidh le fághail aige, gan ór, gan airgiod. Thug sé buidheachas dí, agus dubhairt go raibh neart óir agus airgid aige le na bhealach d'íoc. "Tá's agam sin," ar san chailleach, "acht nior ghlac mé íocaidheacht ar son lóistín oidhche ariamh, agus ní ghlacfad fad mo bheatha; acht fág agam trí ribe róin as ruball (earball) do chapaill, sul má n-imtheóchaidh tu ar maidin." "Go deimhin, fágfad, agus ceud ribe, má tá dúil agad ionnta," ar sa Aodh. Faoi cheann tamaill bhig, bhí biadh deoch agus fíon ar bord i láthair mhic an righ. D'ith agus d'ól sé a sháith. Chuir an chailleach an bord le cois bhalla an tighe. Ann sin, thug sí coirce do 'n chapall, agus shuidh sí ann san gcoirneull agus thosaigh ag cómhrádh le mac an righ. "An ceart é fiafruighe dhíot cá fhada rachfas tu?" ar sise. "Seadh," ar seisean, "táim ag dul chum na Spáine ag tóruigheacht éin éigin dom' athair, ní bhéidh sé beó gan í, agus ma éirigheann dam i d'fhághail, tá ríoghacht m'athar agus a mhaoin shaoghalta go h-iomlán le bheith agam-sa." "Cia 'n sórt éin í, no cia 'n t-ainm atá uirri?" ar san chailleach. "'Sí iolar clúmhaigh an óir atáim ag tóruigheacht," ar san mac righ. "Go deimhin, do rinne an bitheamhnach ceudna feall mhór orm-sa," ar san chailleach. "Tháinig sí ann san oidhche agus d'fhuadaigh sí uaim m'aon mhac amháin, agus ní thig liom é d'fhághail ar ais go bhfágh' mé trí ribe róin as ruball capaill
gach uile dhuine thiucfas ag iarraidh lóistín oidhche orm, go mbéidh an oiread ribe agam a 's atá ar cheann iolair clúmhaigh an óir, agus ní thig liom níos mó 'ná trí ribe do tharraingt as capall ar bith. B'éidir nach bhfuil fhios agad go m-bidheann sí 'na mnaoi ann san lá agus na h-iolar ann san oidhche. Tá sí faoi dhraoidheacht, agus 's é mo chómhairle dhuit gan dul a n-aice léithe." "Dubhairt mé sul ar fhág mé an baile, go gcaillfinn m'anam no go bhfuighfinn í, agus ní thig liom dul ar m'ais," ar san mac righ. "Bidheadh do thoil féin agad," ar sise, "acht tar anois agus taisbéanfaidh mé do leabuidh dhuit." Thug sí an mac righ asteach ann san seomra agus d'fhág sí ann sin é. Ar maidin, go moch, d'éirigh Aodh, d'ith agus d'ól a sháith, tharraing trí ribe as ruball an chapaill, sheachaid iad do 'n chailligh agus d'imthigh ar siúbhal ag marcuigheacht ar a chapall. An dara oidhche, chuir sé faoi i dtigh beag eile cosmhúil leis an tigh a raibh sé ann an oidhche aréir. Nuair bheannuigh sé asteach, chuir cailleach fáilte roimhe, agus dubhairt go raibh biadh, deoch agus leabuidh le fághail aige, gan ór ná airgiod. Thug sé buidheachas dí agus dubhairt go raibh neart óir agus airgid aige féin le na bhealach d' íoc. "Tá 's agam sin," ar san chailleach, "acht níor ghlac mé íocaidheacht ar son lóistín oidhche ariamh agus ní ghlacfad, fad mo bheatha, acht fág agam trí ribe róin as ruball do chapaill sul má n-imthéocaidh tu ar maidin." "Go deimhin fágfad, agus ceud ribe," ar sa Aodh. Faoi cheann tamaill, bhí biadh, deoch agus fíon ar bord i láthair mhic an righ. D'ith agus d'ól sé a sháith. Chuir an chailleach an bord le cois bhalla an tighe, thug coirce do 'n chapall agus shuidh sí ann san gcoirneull. Thosaigh sí ag cómhrádh le mac an righ. D'fhiafruigh sí dhé creud do bhí sé ag tóruigheacht no cá fhada bhí sé ag dul, agus dubhairt sí leis go direach mar dubhairt an
chailleach eile, agus mar tháinig iolar clúmhaigh an óir agus mar ghoid sí a haon mhac amháin, agus ar n-imtheacht dó, an lá ar na mhárach, b'éigin dó trí ribe róin as ruball a chapaill do thabhairt dí. An treas oidhche, chuir sé faoi i dtigh caillighe eile, agus thárla an nídh ceudna dhó mar thárla an dá oidhche roimhe sin - b'éigin dó trí ribe róin do thabhairt do'n chailligh, agus leis an sgeul do dheunamh gearr, bhí sé ag fágbháil trí ribe róin 'na dhiaigh go laétheamhail, go raibh ruball a chapaill chomh lom le lár do bhaise, agus bhidheadh na creabhair ag deunamh baillseire dhé, mar nach raibh aon ribe róin ann san ruball iad do dhíbirt, agus gháir na daoine Ruball Lom air. Nuair tháinig sé go bruach na fairrge, chuir sé faoi i dtigh do bhí ann sin, acht tháinig sgriosadóiridh ann san oidhche nuair bhí sé 'na chodladh, agus cheangail siad é, agus d'iomchar siad é ar bord a loinge féin. Níor sgaoileadar é go raibh siad amuigh ar an muir mhóir. Ann sin chuireadar é i gcionn oibre cruaidhe. Acht aon lá amháin, chuaidh na sgriosadóiridh ag troid le loing eile, agus, mo leun, do buaileadh Aodh le urchar agus fuair sé bás. Anois ní'l mórán againn le h-innsint i dtaoibh Airt, acht gur chuir sé faoi ann sna tighthibh ceudna agus gur thárla na neithe ceudna dhó-san agus do thárla d'Aodh, agus ní raibh sé acht aon lá amháin andhiaigh a dhearbhráthar ag cur faoi ann sna tighthibh ceudna go dtáinig sé go bruach na fairrge. Chuir sé faoi i dtigh caiptín loinge ann sin, agus d'íoc é ar son é do thabhairt chum na Spáine. Ar maidin go moch chuaidh sé ar bord loinge, sgaoileadar na seólta, agus thugadar a n-aghaidh ar an Spáin. Acht an treas lá, d'éirigh stoirm mhór, chuaidh an long go bonn na fairrge agus báitheadh iad uile. Leanfamaoid Niall anois. Nuair sgar sé le na dhearbhráith- reachaibh, ní dheacaidh sé a bhfad gur casadh sean-bhean air, agus í seargtha le h-aois. "'Nidh Dia dhuit" ar sí.
"Go mbudh h-é dhuit," ar seisean. "Bhfuil am agad cómhairle do ghlacadh," ar sise. "Tá go deimhin," ar seisean, "agus béidh mé buidheach díot ar a son." "Má 's amhlaidh atá," ar sise, "na sgar le ribe róin as ruball do chapaill go dtagaidh tu ó'n Spáin, má sgarair, táir caillte, agus ní bhfuighfidh tu iolar clúmhaigh an óir." "Go raibh maith agad faoi do chómhairle," ar sé, "seó dhuit píosa óir." "Tá croidhe-na-féile agad," ar san tsean bhean, "agus má ghlacann tu mo chómhairle éireóchaidh leat. Tá 's agad gur bean draoidheachta iolar clúmhaigh an óir. Nuair rachfas tu chum an chaisleáin ann a bhfuil sí 'na cómhnuidhe, tabhair amach as do phóca an bosca beag púdair seo a bheirim anois duit, agus caith uirri é. Congbhaigh an bosca fosgailte: deunfaidh sí í féin chomh beag le dróilín agus bhéarfaidh sí léim asteach 'san mbosca. Dun uirri é, agus tar ar ais chugam-sa, acht má sgarair le ribe róin as ruball do chapaill, tá tu caillte." Ní thárla aon droch-rud ar Niall go dtáinig sé go caisleán iolair clúmhaigh an óir ann san Spáin, acht níor fheud sé dul asteach ar feadh trí lá, óir bhí an geata dúnta. Acht trathnóna an treas laé, tháinig sí féin amach ann a cóiste óir, agus nuair bhí sí ag gabhail thairis, dhruid Niall anonn léithe agus chaith sé an púdar uirri. Nuair chuaidh an púdar uirri, rinne sí í féin chomh beag le dróilín agus thug léim asteach 'san mbosca. Léim Niall ar a chapall, acht fuair an cóisteóir greim-rubaill air agus níor fheud sé imtheacht. Chualaidh sé guth ann a chluais ag rádh. "Greim cruaidh, ualach-eudtrom, agus marcuigheacht 'san aér." "Greim cruaidh, ualach-eudtrom, agus marcuigheacht 'san aér," ar sa Niall, agus ní luaithe bhí an focal as a bheul 'ná d'éirigh an capall suas 'san aér, thug aghaidh ar Éirinn, ag imtheacht chomh tapa le gaoith Mhárta, agus an cóisteóir greamaighthe do' n ruball, ag sgreadach chomh h-árd a 's d'fheud sé.
Níor bhfada go dtáinig an capall slán foláin go talamh, ann san áit ar casadh Niall agus an tsean-bhean ar a chéile. Bhí sise ann san áit roimhe, agus dubhairt, "Fáilte rómhad ar ais ó'n Spáin, feicim go bhfuil searbhfhóghanta leat, a mhic an righ." "Tá, go raibh maith agad-sa," ar seisean, "agus tá iolar clúmhaigh an óir go cúramach agam ann san mbosca beag." "Taisbéan dam í," ar san tsean bhean, "is fada ó bhí radharc agam uirri." D'fhosgail Niall an bosca, acht i n-áit éinín, léim an bhean is deise d'á bhfacaidh súil ariamh amach as. "O m'inghean áluinn thu," ar san tsean bhean, "is fada thu imthighthe uaim, agus ní fheicfinn thu go deó muna mbeidheadh an mac-righ seó; agus bronnaim air thu, má 's mian leis." "Go deimhin, is fearr liom í 'ná ríoghacht agus maoin shaogh- alta m'athar, acht budh mhaith liom í do thaisbéant do m' athair i riocht iolair clúmhaigh an óir, ar eagla go mbeidheadh amhras aige nach í atá ann." "Bídheadh mar sin," ar san tsean-bhean, "acht ó'n oidhche seó amach, tá sí saor o dhraoidheacht." "Tá focal agam-sa le rádh," ar san bhean-óg, "créad dheunfas sibh le mo chóisteóir?" "Nídh ar bith is maith leat," ar siad-san. "Cuir ar ais é chum mo chaisleáin," ar sise, "tá cúmhacht agad-sa, a mháthair." Tharraing an tsean-bhean eudtromán amach, sheachaid do 'n chóisteóir é, agus dubhairt leis a shéideadh, agus greim cruaidh do chongbháil air, agus go dtiúbhradh sé chum an chaisleáin é, Rinne sé amhlaidh, agus nuair bhí sé imthighthe, dubhairt an tsean-bhean leis an mac-righ, "Tabhair do bhean a-bhaile leat, an méad do bhí agam le deunamh, tá sé críochnuighthe. Is mithid dam imtheacht chum suaimhnis. Beannacht libh," agus d'im- thigh sí as radharc. Bhí an righ ag spaisdeóracht i láthair a chaisleáin nuair chon-
nairc sé Niall agus a bhean ag teacht. Rith sé chuige, chuir sé a dhá láimh faoi na mhuinéal agus phóg sé é. Níor fheud sé labhairt le teann-lúthgháire, acht thosaigh sé ag seilt na ndeór go fras. "Naoi gceud míle fáilte rómhad, a mhic mo chroidhe, cia h-í seo leat?" "Sin mo bhean, iolar clúmhaigh an óir," ar seisean. Bhí an cómhairleóir críona i láthair, agus dubhairt sé, "Is í, go deimhin, agus is inghean righ í." An oidhche sin, chonnairc an righ í, i riocht iolair clúmhaigh an óir, agus bhí an oiread sin lúthgháire air gur thuit sé siar marbh le racht gáire do tháinig air. Bhí an ríoghacht agus maoin shaoghalta a athar ag Niall ann sin agus ag iolar clúmhaigh an óir. X Taidhbhse an Chrainn. Ann san tsean-aimsir, bhí fear ann dar ab ainm Páidín Ruadh O Ceallaigh agus bhí sé 'na chómhnuidhe ag bonn cnuic Néifin- Bhig. Bhí sé pósta, acht ní raibh aon chlann aige acht aon inghean amháin, agus bhí sise dall ó rugadh í. 'Sé an t-ainm do bhidheadh ag na cómharsannaibh uirri Nóra Dall, agus bhí tuairm aca go mbidheadh sí leis na daoinibh maithe. Ní raibh de ghabháltas ag Páidín acht dá acra talmhan, agus ar an ádhbhar sin, bhí sé an-bhocht. Bhidheadh sé amuigh gach uile oidhche, fliuch no tirm, fuar no teith, agus ní raibh fhios aige créad do bheidheadh d'á thabhairt amach, acht bhí inntinn mío-shuaimhneach aige agus níor fheud sé fanacht astigh. Ann san tsean-aimsir, chreid na daoine go mbidheadh gach uile
phúca agus taidhbhse 'san tír amuigh Oidhche Shamhna, le sgrios do dheunamh ar na smeura-dubha, agus ni chuirfidis smeur- dubh ann a mbeul tar éis na h-oidhche sin ar aon chor. Acht ní raibh faitchios ar Pháidín roimh rud ar bith. Oidhche Shamhna, chuaidh Páidín amach, mar budh ghnáthach leis, agus do bhí sé ag siúbhal go dtáinig sé chomh fada le sean- chill. Bhí crann árd ann san gcill. Bhí an ghealach lán agus bhí sí ag tabhairt soluis bhreágh. D'fheuch Páidin suas agus chon- nairc sé fear mór ag léimnigh ó chrann go crann. D'éirigh gach uile ribe gruaige do bhí ar a cheann 'na sheasamh, agus thosaigh an fuar-allus ag tuitim dé. Níor fheud sé a chos do chor- ughadh. Léim an taidhbhse anuas, agus sheas sé i láthair Pháidín agus dubhairt. "Ná bidheadh faitchios ort rómham-sa, ní dheunfad aon anachain ort, bidheadh meisneach maith agad agus taisbéan- faidh mé sluagh sidhe Chonnacht agus Mhúmhain duit ag bualadh báire ar bhárr cnuic Néifin Mhóir." Fuair sé greim ar dhá láimh Pháidín agus chaith sé suas ar a dhruim é, mar chaithfeadh bean páiste-bliadhna, thug léim suas ar chrann agus as go bráth leis ó chrann go crann, go ndeachaidh sé go bárr Néifin Mhóir, agus leag sé Páidín síos go socair suaimhneach ar bhárr an chnuic. Níor bhfada go dtáinig sluagh-sidhe Chonnacht agus Mhúmhan agus thosaigh ag bualadh báire i láthair Phádraig agus na taidh- bhse, agus ní fhacaidh aon fhear beó ariamh a leithéid de ghreann roimhe, agus bhí Páidin ag gáiridhe gur shaoil sé go bpleusgfadh sé. Fá dheóigh do sgread righ sluaigh-sidhe Chonnacht, "Hái! a thaidhbhse-na-gcrann, cia an sluagh a bhfuil an báire gnóthuighthe aige?" "Sluagh Chonnacht," ar san taidhbhse. "Táir ag innsint bréige," ar san righ sluaigh-sidhe Mhúm- han, "agus troidfimid sul ma dtiúbhramaoid an báire do mhuinntir Chonnacht." Thosaigh an troid, agus níor mhagadh troid do thabhairt air.
Briseadh cloigne agus lámha agus cosa, agus bhí an cnoc dearg le fuil. Do gháir righ sluaigh-sidhe Mhúmhan fá dheóigh, agus dubhairt: "Síothchán! bheirim an bhuaidh dhaoibh an t-am so, acht troidfimid arís oidhche Bhealtaine." Ann sin dubhairt Taidhbhse na gcrann leis an dá rígh; "íoc an fear beó so do thug mé do bheith i láthair, ní fheudfadh sibh báire do bhualadh gan é." "'S fíor dhuit," ar sa righ sluaigh-sidhe Chonnacht agus sheachaid sé sporán óir do Pháidin. "Ni bhéidh mise níos measa na eisean," ar sa righ sluaigh- sidhe Mhúmhan agus sheachaid sé sporán eile dhó, agus le casadh do láimhe bhí an dá shluagh imthighthe. "Ann sin dubhairt an Taidhbhse leis: "Tá go leór airgid agad anois; bhfuil aon nidh eile budh mhaith leat?" "Maiseadh, go deimhin tá," ar sa Páidin, "tá inghean agam agus tá sí dall ó rugadh í, agus budh mhaith liom dá mbeidheadh a h-amharc aici." "Béidh a h-amharc aici seal má dtéidheann an ghrian faoi, trathnóna amárach," ar san Taidhbhse, "má ghlacann tu mo chómhairle. Tá sgeathach beag ag fás os cionn uaighe do mháthar; fágh dealg dé, agus cuir é tri ghoirín atá ar chúl cinn d'inghine, agus béidh amharc aici chomh maith agus atá agad féin, acht má innsigheann tu do rún d'aon neach beó, béidh sí dall aris. Is mithid dúinn bheith ag imtheacht anois, mar tá m'áit-chómh- nuidhe le taisbéant duit seal má dteidh' tu a-bhaile." Ann sin, fuair sé greim da láimh ar Pháidin, chaith ar a dhruim é, agus as go bráth leis, agus níor stad sé gur leag sé faoi an gcrann mór ann san gcill é, go socair suaimhneach. Ann sin fuair sé greim ar an gcrann, tharraing suas é, agus dubhairt "lean mise." Thug Páidin coiscéim asteach, agus tharraing an Taidhbhse an crann 'na dhiaigh. Chuaidh siad síos staighre bhreágh go dtáinig siad go dorus mor. D'fhosgail an dorus agus chuaidh siad asteach. Nuair d'fheuch Páidin thart, chonnairc sé cuid mhaith daoine do fuair bas ann a chómharsanacht féin
bliadhanta roimhe sin. Chuir cuid aca fáilte roimh Pháidín agus d'fhiafruigh siad dé cia an uair fuair sé bás. "Ní bhfuair mé bás fós," ar sa Páidin. "Is ag magadh atá tu," ar siad-san, "agus muna mbeidh- eadh go bhfuair tu bás ni bheidhtheá ann so, ameasg sluaigh na marbh." Tháinig an Taidhbhse i láthair agus dubhairt, "ná creid na daoine seó, tá beatha fhada sheunmhar rómhad. Tar liom-sa anois, béidh sé i n-am duit dul a-bhaile. Seo dhuit pota beag, agus am ar bith bhéidheas biadh ag teastál uait, buail trí buille ar an leic, agus abair: "biadh agus deoch, agus lucht-freastail," agus béidh gach nídh ar do mhian agad, acht má sgarann tu leis, béidh aithreachas ort; agus seó dhuit fídeóg bheag, agus am ar bith bhéidheas cruadhóg ort, séid í, agus geobaidh tu cabhair, acht ar d' anam, ná sgar léithe." Ann sin, thug sé Páidín suas, agus d'fhág ar an mbóthar é, agus dubhairt: "ar d' anam ná h-innis do neach beó aon nídh d'á bhfacaidh tu anocht." Tháinig Páidín a-bhaile le fáinne an laé, agus d'fhiafruigh an bhean dé cia 'n áit ar chaith sé an oidhche. "Ní ar seachrán do bhí mé," ar seisean. Leag sé síos an pota beag agus dubhairt: "biadh 'gus deoch," acht dhearmuid sé na trí buille do bhualadh ar an leic, agus ní tháinig dada. Chuimhnigh sé air féin ann sin, agus bhuail sé na trí buille agus léim beirt mná óg amach agus leag siad bord, agus uile nídh le n-ithe agus le n-ól air, chomh maith agus do bhí ar bhord an righ. D'ith agus d'ól Páidín agus a bhean agus Nóirín Dall sáith mhaith, agus nuair bhí siad réidh, chuaidh na mná óga asteach 'san bpota agus chuir Páidin an leac air. Ann sin dubhairt sé le na mhnaoi: "ní bhéidh Nóirín a-bhfad dall, geobhaidh me leigheas dí gan mhaill, acht ná cuir tuairisg orm d'á thaoibh, óir ni thig liom a innsint." "Is ag magadh fúm atá tu," ar san bhean, "rugadh í dall." "Fan go bhfeicfidh tu," ar sa Páidín, agus amach leis, agus
níor stad go dtáinig sé go dti an sgeathach do bhí ag fás ar uaigh a mháthar. Fuair sé an dealg agus tháinig sé a-bhaile. Fuair sé greim ar Nóirín, agus chuir sé an dealg tríd an ngoirín, agus gháir sí amach , "Feicim uile rud," agus ghread an mhátháir a basa le lúthgháire, agus dubhairt le Páidín: "Grádh agus cuisle mo chroidhe thu, is tu an fear is fearr 'san domhan." Ann sin, bhuail sé trí buille ar leic an phota bhig agus dubhairt: "biadh agus freastal." Ní luaithe do bhí an focal as a bheul 'ná léim an bheirt mná amach, agus leag siad bord i láthair Pháidín, agus uile nídh air níos fearr ,ná bhí ar bhord an righ. D'ith agus d'ól seisean agus a bhean agus Nóirín sáith mhaith, agus nuair bhí siad réidh, chuir na mná óga gach nídh asteach 'san bpota, agus chuaidh siad féin asteach ann, agus chuir Páidín an leac ar an bpota. Chuaidh an cháil amach go raibh saidhbhreas mór agus gach nídh ar a mhian ag Páidín. Bhí siad líonta le eud, agus dubhradar le chéile nár chóir é bheith beó, agus bhí rún daingean aca é do mharbhadh. Acht bhí caraid 'na measg, dearbhráthair do mhnaoi Pháidín, agus thug sé fuagradh dhó. Chuir sé an fhídeóg ann a bheul agus shéid sé í, agus níor bhfada go dtáinig cogar ann a chluais ag rádh "teirigh amach agus fágh luibh atá ann do gháirdín le cois an bhalla. Ith cuid dí agus tabhair an chuid eile do d' mhnaoi agus do d' inghin, agus béidh neart fir ag gach aon díbh anaghaidh uile ribe gruaige atá ar bhur gcinn. Leis an tuairgin atá ar bhalla do thighe is féidir leat an méad daoine atá san bparáiste do bhualadh." Ar maidin, lá ar na mhárach, tháinig fir agus mná an bhaile le Páidín do mharbhadh. Ghlaodh siad "lorgadán" agus "fear-sidh" air, agus dubhradar muna dtiucfadh sé amach go ndóithfeadh siad an teach os a chionn. Tháinig Páidín go dti an . dorus agus dubhairt leó imtheacht a-bhaile, nach ndearnaidh sé aon díoghbháil ar aon duine aca; acht ní bheidheadh siad sásta le nídh ar bith acht Páidín do mharbhadh. Fuair Páidín greim
air an tuairgín agus ghlac an bhean fac láidhe, agus an inghean lámh luithne agus amach leó. D'ionnsaigh na daoine do bhí amuigh timchioll an tighe iad, acht níor bhfada gur chuir Páidín ruaig orra, agus d'fhág sé an leath aca sínte ar an talamh, agus níor chuir siad aon trioblóid eile ó'n lá sin air. Is fíor an rádh nach dtig le mnaoi rún do chongbháil, agus tháinig an rádh ceudna fíor anois. D'innis bean Pháidín i dtaoibh an phota bhig do mhnaoi eile, agus d'innis sise do mhnaoi eile é, agus mar sin d'imthigh an sgeul o bheul go beul go dtáinig sé go cluasaibh an tighearna talmhan. Tháinig seisean chuig Páidín agus dubhairt: "Chualaidh mé go bhfuil pota iongantach agad, taisbéan dam é." Thaisbéan Páidín an pota beag dó, agus ann sin dubhairt an tighearna leis: "Taisbéan dam an bhrigh atá ann." Bhuail Páidín trí buille ar leic an phota, agus dubhairt, "biadh agus freasdal." Ní túisge dubhairt sé an focal 'ná léim an bheirt mná óg amach, agus leag siad bord le biadh agus deoch air, i láthair Pháidín agus an Tighearna. "Dar mo láimh," ar seisean, "is maith an pota é, budh chóir dhuit a iasacht do thabhairt dam aon lá amháin, mar tá daoine-uaisle le teacht ar cuairt chugam, an t-seachtmhain seó chugainn." Smuaín Páidín creud do dheunfadh sé, agus faoi dheóidh dubhairt sé: "Ní bheidheadh aon mhaith ann san bpota muna mbeidhinn-se i láthair." "Tig leat teacht, agus fáilte," ar san Tighearna talmhan, "acht bí gleusta go maith." "Béidhead," ar Páidín, mar tháinig bród air, bheith ameasg na ndaoine-uasal. "Ar maidin Dia Luain, bí ag mo thigh-se, agus ar d'anam, ná clis orm," ar san Tighearna. Lá ar na mhárach, cheannaigh Páidín culaidh úr éadaigh, agus nuair chuir sé sin air, d'fheuch sé chomh geanamhail sin gur beag nár aithnigh an bhean agus an inghean é.
Ar maidin Dia Luain, thug sé an pota beag leis, agus chuaidh go tigh an Tighearna. Bhí cruinniughadh mór de dhaoinibh uaisle i láthair. Thug an Tighearna Páidín agus an pota beag asteach san seomra mór, agus dubhairt, "Fágh biadh agus deoch réidh go bhfeicfidh mé bhfuil sé ionnánn a sáith do thabhairt do na daoinibh uaisle seó." Bhuail Páidín trí buille ar leic an phota agus dubhairt: "Biadh, deoch agus lucht freasdail." Ar an mball, léim seisear ban óg amach, leagadar bord breágh, agus bhí uile nidh níos fearr 'ná a chéile le n'ithe agus le n'ól air. Thug an Tighearna cuireadh do na daoinibh-uaisle, ann sin, agus shiúbhail siad asteach, agus bhí iongantus orra nuair chonnairc siad an bord breágh agus gach nidh d'á raibh air. D'itheadar agus d'óladar a sáith, acht níor bhfada go dtáinig trom-chodladh orra uile, agus nuair mhúsgail siad, bhí cleith an tighe imthighthe gan cúntas air. Bhí an pota beag, an fhideóg agus an dá sporán óir imthighthe ó Pháidín, agus bhí sé chomh bocht agus bhí sé ariamh. Nuair bhí an codladh-meisge air, tháinig lorgadán agus d'fhuadaigh leis an t-iomlán, agus tháinig mi-ádh ar Pháidín, mar nár chongbhaigh sé rún a charad, Taidhbhse na gcrann.
AN SGEULUIDHE GAODHALACH CUID II LE DÚBHGLAS DE h-ÍDE, LL.D. (An Chraoibhín Aoibhinn) XI Righ an Fhásaigh Dhuibh. Nuair bhí O Conchúbhair 'na righ ar Eirinn bhí sé 'na chómh- nuidhe i Ráth-chruacháin Chonnacht. Bhí aon mhac amháin aige, acht nuair d'fhás sé suas, bhí sé fiadháin, agus níor fheud an righ smacht do chur air, mar bheidheadh a thoil féin aige ann s gach uile nídh. Aon mhaidin amháin chuaidh sé amach, A chú le na chois A sheabhac ar a bhois A's a chapall breágh dubh d'á iomchar, agus d'imthigh sé ar aghaidh, ag gabháil rainn abhráin dó féin go dtáinig sé chomh fad le sgeathach mór do bhí ag fás ar bhruach gleanna. Bhí sean-duine liath 'na shuidhe ag bonn na sgeiche, agus dubhairt sé: "A mhic an righ, má thig leat imirt chomh maith a's thig leat abhrán do ghabháil, budh mhaith liom cluiche d'imirt leat." Shaoil mac an righ gur sean-duine
mi-chéillidhe do bhí ann, agus thuirling sé, chaith srian thar gheug, agus shuidh síos le taoibh an tsean-duine liath. Tharraing seisean paca cárdaidh amach agus d' fhiafruigh: "An dtig leat iad so d'imirt?" "Tig liom," ar san mac-righ. "Créad imeóramaoid air?" ar san sean-duine liath. "Nídh ar bith is mian leat," ar san mac-righ. "Maith go leór, má ghnóthaighim-se caithfidh tusa nídh ar bith a iarrfas mé dheunamh dam, agus má ghnóthaigheann tusa, caithfidh mise nídh ar bith iarrfas tusa orm dheunamh dhuit- se," ar san sean-duine liath. "Tá mé sásta," ar san mac-righ. D'imir siad an cluiche agus bhuail an mac righ an sean duine liath. Ann sin dubhairt sé, "créad do budh mhian leat mise do dheunamh dhuit, a mhic an righ?" "Ní iarrfaidh mé ort nídh ar bith do dheunamh dam," ar san mac-righ, "saoilim nach bhfuil tu ionnánn mórán do dheunamh." "Ná bac leis sin," ar san sean duine, "caithfidh tu iarraidh orm rud éigin do dheunamh, níor chaill mé geall ariamh nár fheud mé a íoc." Mar dubhairt mé, shaoil an mac righ gur sean duine mi- chéillidh do bhí ann, agus le na shásughadh dubhairt sé leis: "Bain an ceann de mo leasmháthair agus cuir ceann gabhair uirri ar feadh seachtmhaine." "Deunfad sin duit," ar san sean duine liath. Chuaidh an mac righ ag marcuigheacht ar a chapall, A chú le na chois A sheabhac ar a bhois, agus thug sé a aghaidh ar áit eile, agus níor chuimhnigh sé níos mó ar an sean duine liath, go dtáinig sé a-bhaile. Fuair sé gáir agus brón mór ann san gcaisleán. D'innis na searbhfhóghantaidh dhó go dtáinig draoidheadóir asteach 'san
seomra 'n áit a raibh an bhainríoghan agus gur chuir sé ceann gabhair uirri i n-áit a cinn féin. "Dar mo láimh, is iongantach an nídh é sin," ar san mac righ, "dá mbeidhinn 'san mbaile do bhainfinn an ceann dé le mo chloidheamh." Bhí brón mór ar an righ agus chuir sé fios ar chómhairleóir críona agus d'fhiafruigh sé dhé an raibh fhios aige cia an chaoi thárla an nídh seo do'n bhainríoghain. "Go deimhin ní thig liom sin innseacht duit" ar seisean, "is obair draoidheachta é." Níor leig an mac righ air féin go raibh eólas ar bith aige ar an gcúis, acht ar maidin amárach d'imthigh sé amach, A chú le na chois A sheabhac ar a bhois 's a chapall breágh dubh d'á iomchar, agus níor tharraing sé srian go dtáinig sé chomh fada leis an sgeich mhóir ar bhruach an ghleanna. Bhí an sean duine liath 'na shuidhe ann sin faoi an sgeich agus dubhairt sé: "A mhic an righ, mbéidh cluiche agad andiú?" Thuirling an mac righ agus dubhairt: "Beidh." Leis sin, chaith sé an srian thar gheug, agus shuidh síos le taoibh an tsean duine. Tharraing seisean na cárdaidh amach, agus d'fhiafruigh de'n mac righ an bhfuair sé an nídh do ghnóthaigh sé andé. "Tá sin ceart go leór," ar san mac righ. "Imeóramaoid ar an ngeall ceudna andiú," ar san sean duine liath. "Tá mé sásta," ar san mac righ. D'imir siad, agus ghnóthaigh an mac righ. "Créad do budh mhian leat mise do dheunamh dhuit an t-am so?" ar san sean duine liath. Smuain an mac righ agus dubhairt leis féin, "bheurfaidh mé obair chruaidh dhó an t-am so." Ann sin dubhairt sé: "Tá páirc seacht n-acra ar chúl caisleáin m'athar, bidheadh sí líonta ar maidin amárach le bath (buaibh) gan aon bheirt aca do bheith ar aon dath, ar aon áirde, no ar aon aois amháin."
"Béidh sin deunta," ar san sean duine liath. Chuaidh an mac righ ag marcuigheacht ar a chapall, A chú le na chois A sheabhac ar a bhois, agus thug aghaidh a-bhaile. Bhí an righ go brónach i dtaoibh na bainríoghna. Bhí doctúiridh as uile áit i n-Éirinn, acht níor fheud siad aon mhaith do dheunamh dhí. Ar maidin, lá ar na mhárach, chuaidh maor an righ amach go moch, agus chonnairc sé an pháirc ar chúl an chaisleáin líonta le bath (buaibh) agus gan aon bheirt aca de 'n dath ceudna no de 'n aois cheudna, no de 'n áirde cheudna. D'imthigh sé asteach, agus d'innis sé an sgeul iongantach do'n righ. "Teirigh agus tiomáin iad amach," ar san righ. Fuair an maor fir, agus chuaidh sé leó ag tiomáint na mbó amach, acht ní luaithe chuirfeadh sé amach ar aon taoibh iad 'ná thiucfadh siad asteach ar an taoibh eile. Chuaidh an maor do'n righ arís, agus dubhairt leis nach bhfeudfadh an méad fear bhí i n-Eirinn na bath sin do bhí san bpáirc do chur amach. "Is bath draoidheachta iad," ar san righ. Nuair chonnairc an mac righ na bath, dubhairt sé leis féin: "Béidh cluiche eile agam leis an sean duine liath andiú." D'imthigh sé amach an mhaidin sin, A chú le na chois A sheabhac ar a bhois A's a chapall breágh dubh d'á iomchar, agus níor tharraing sé srian go dtáinig sé chomh fada leis an sgeich mhóir ar bhruach an ghleanna. Bhí an sean duine liath ann sin roimhe agus d'iarr sé air an mbeidheadh cluiche cárdaidh aige. "Béidh," ar san mac righ, "acht tá fhios agad go maith go dtig liom thu bhualadh ag imirt cárda." "Béidh cluiche eile againn," ar san sean duine liath, "ar imir tu liathróid ariamh?"
"D'imreas go deimhin," ar san mac righ, "acht saoilim go bhfuil tusa ró shean le liathróid d'imirt, agus chor leis sin ní'l aon áit againn ann so le n'imirt." "Má tá tusa úmhal le imirt, geobhaidh míse áit," ar san sean duine liath. "Táim úmhal," ar san mac righ. "Lean mise," ar san sean duine liath. Lean an mac righ é tríd an ngleann, go dtangadar go cnoc breágh glas. Ann sin, tharraing sé amach slaitín draoidheachta, agus dubhairt focla nár thuig mac an righ, agus faoi cheann móimid, d'osgail an cnoc agus chuaidh an bheirt asteach, agus chuaidh siad trid a lán de hállaibh breágha go dtángadar amach i ngáirdín. Bhí gach uile nídh níos breágha 'ná chéile ann san ngáirdín sin, agus ag bonn an gháirdín, bhí áit le liathróid d'imirt. Chaith siad píosa airgid suas le feicsint cia aca bheidheadh lámh-astigh aige, agus fuair an sean duine liath sin. Thosaigh siad ann sin, agus níor stad an sean duine gur ghnóthaigh sé an cluiche. Ní raibh fhios ag an mac righ créad do dheunfadh sé. Faoi dheóidh d'fhiafruigh sé de'n tsean-duine créad do budh mhaith leis é do dheunamh dhó. "Is mise righ ar an bhFásach Dubh, agus caithfidh tusa mé féin agus m'áit-chómhnuidhe d'fhághail amach faoi cheann lá agus bliadhain, no geobhaidh mise thusa amach agus caillfidh tu do cheann." Ann sin thug sé an mac righ amach an bealach ceudna ann a ndeachaidh sé asteach. Dhruid an cnoc glas 'na dhiaigh agus d'imthigh an sean duine liath as amharc. Chuaidh an mac righ ag marcuigheacht ar a chapall, A chú le na chois A sheabhac ar a bhois agus é bronach go leór. An trathnóna sin, do bhreathnuigh an righ go raibh brón agus buaidhreadh mór ar an mac óg, agus nuair chuaidh sé 'na
chodladh, chualaidh an righ agus gach uile dhuine do bhí ann san gcaisleán trom-osnaoil agus rámhalaidh uaidh. Bhí an righ faoi bhrón, ceann gabhair do bheith ar an mbainríoghain acht budh mheasa é seacht n-uaire, nuair d'innis an mac dó an sgeul, mar thárla o thús go deireadh. Chuir sé fios ar chómairleóir críona agus d'fhiafruigh sé dhé an raibh fhios aige cia an áit a raibh an righ ar an bhFásach Dubh 'na chómhnuidhe. "Ní'l, go deimhin," ar seisean, "acht chomh cinnte a's tá ruball (iarball) ar an gcat muna bhfághaidh an t-oidhre óg an draoidheadóir sin amach, caillfidh sé a cheann." Bhí brón mór i gcaisleán an righ an lá sin. Bhí ceann gabhair ar an mbainríoghain, agus an mac-righ dul ag tóruigheacht draoidheadóra, gan fhios an dtiucfadh sé ar aís go deó. Tar éis seachtmhaine (do) baineadh an ceann gabhair de'n bhainríoghain, agus cuireadh a ceann féin uirri. Nuair chualaidh sí an chaoi do cuireadh an ceann gabhair uirri, tháinig fuath mór uirri anaghaidh an mhic righ, agus dubhairt sí: "Nár thagaidh sé ar ais beó no marbh." Ar maidin, Dia Luain, d'fhág sé a bheannacht ag a athair agus ag a ghaol, bhí a mhála-siúbhail ceangailte ar a dhruim, agus d'imthigh sé, A chú le na chois A sheabhac ar a bhois A's a chapall breágh dubh d'á iomchar. Shiúbhail sé an lá sin go raibh an ghrian imthighthe faoi sgáile na gcnoc, agus go raibh dorchadas na h-oidhche ag teacht, gan fhios aige cia 'n áit a bhfuighfeadh sé lóistín. Bhreathnuigh sé coill mhór ar thaoibh a láimhe clé, agus tharraing sé uirri chomh tapa agus d'fheud sé, le súil an oidhche do chathadh faoi fhasgadh na gcrann. Shuidh sé síos faoi bhonn crainn mhóir darach, d'fhosgail sé a mhála-siúbhail le biadh agus deoch do chathadh, nuair chonnairc sé iolar mór ag teacht chuige.
"Ná bíodh faitchios ort rómham-sa, a mhic righ. Aithnighim thu, is tu mac Ui Chonchubhair righ Éireann. Is caraid mé, agus má thugann tu do chapall damh-sa le tabhairt le n'ithe do ceithre éanlaith ocracha atá agam, béarfaidh mise níos faide 'ná do bhéarfadh do chapall thu, agus b'éidir go gcuirfinn thu ar lorg an té atá tu ag tóruigheacht." "Tig leat an capall do bheith agad agus fáilte," ar san mac righ, "cidh gur brónach mé ag sgaramhaint leis." "Tá go maith, béidh mise ann so ar maidin amárach le h-éirghe na gréine." Ann sin d'fhosgail sí a gob mór, rug greim ar an gcapall, bhuail a dhá thaoibh anaghaidh a chéile, ghlac sgiathán agus d'imthigh as amharc. D'ith agus d'ól an mac righ a sháith, chuir an mála-siúbhail faoi na cheann, agus níor bhfada go raibh sé 'na chodladh, agus níor dhúisigh sé go dtáinig an t-iolar agus gur dubhairt: "Tá sé i n-am dúinn bheith 'g imtheacht, tá aistear fada rómhainn, beir greim ar do mhála agus léim suas ar mo dhruim." "Acht, mo bhrón!" ar seisean, "caithfidh mé sgaramhaint le mo chú agus le mo sheabhac." "Ná bidheadh brón ort," ar sise, "béidh siad ann so rómhad nuair thiucfas tu ar ais." Ann sin léim sé suas ar a druim, ghlac sise sgiathán, agus as go bráth léithe 'san aér. Thug sí é thar chnocaibh agus gleanntaibh, thar mhuir mhóir agus thar choilltibh, gur shaoil sé go raibh sé ag deireadh an domhain. Nuair bhí an ghrian ag dul faoi sgáile na gcnoc, tháinig sí go talamh i lár fásaigh mhóir, agus dubhairt leis: "Lean an casán ar thaoibh do láimhe deise, agus béarfaidh sé thu go teach carad. Caithfidh mise filleadh ar ais le soláthar do m'éanlaith." Lean seisean an casán, agus níor bhfada go dtáinig sé go dti an teach, agus chuaidh sé asteach. Bhí sean-duine liath 'na shuidhe 'san gcoirneull; d'éirigh sé agus dubhairt, "ceud míle fáilte rómhad, a Mhic Righ as Ráth-Chruachan Chonnacht." "Ní'l eólas agam-sa ort," ar san mac righ.
"Bhí aithne agam-sa ar do shean-athair," ar san sean duine liath, "suidh síos is dóigh go bhfuil tart agus ocras ort." "Ní'l mé saor uatha," ar san mac righ. Bhuail an sean duine a dhá bhois anaghaidh a chéile, agus tháinig beirt sheirbhiseach, agus leagadar bord le mairt-fheoil, caoir-fheoil, muic-fheóil agus le neart aráin i láthair an mhic righ, agus dubhairt an sean duine leis: "Ith agus ól do sháith, b'éidir go mbudh fada go bhfuighfidh tu a leitheid arís." D'ith agus d'ól sé oiread agus budh mhian leis, agus thug buidheachas ar a shon. Ann sin dubhairt an sean duine, "tá tu dul ag tóruigheacht righ an fhásaigh dhuibh, teirigh ag codladh anois, agus rachaidh mise tre mo leabhraibh le feuchaint an dtig liom áit-chómh- nuidhe an righ sin d'fhághail amach." Ann sin, bhuail sé a bhosa; tháinig seirbhiseach, agus dubhairt sé leis "tabhair an mac righ go dti a sheomra." Thug sé go seomra breágh é, agus níor bhfada gur thuit sé 'na chodladh. Ar maidin, lá ar na mhárach, tháinig an sean duine agus dubhairt: "Éirigh, tá aistear fada rómhad. Caithfidh tu cúig ceud míle dheunamh roimh meadhon-laé." "Ni fheudfainn e do dheunamh," ar san mac righ. "Má's marcach maith thu, bhéarfaidh mise capall duit bhéarfas thu an t-aistear." "Deunfad mar déarfas tusa," ar san mac righ. Thug an sean duine neart le n'ithe agus le n'ól dó, agus nuair bhí sé sáthach, thug sé gearrán beag bán dó, agus dubhairt; "tabhair cead a chinn do'n gearrán, agus nuair stopfas sé, féach suas 'san aér agus feicfidh tu trí ealaidhe chomh geal le sneachta. Is iad sin trí ingheana righ an Fhásaigh Dhuibh. Béidh naipicín glas i mbeul eala aca, sin í an inghean is óige agus ní'l neach beó d'fheudfadh thu do thabhairt go tigh righ an Fhásaigh Dhuibh acht í. Nuair stopfas an gearrán, béidh tu i ngar do loch; tiucfaidh na trí ealaidhe go talamh ar bhruach an locha sin, agus deunfaid triúr mná (ban) óg díobh féin, agus rachaidís asteach 'san loch ag snámh agus ag rinc. Congbhaigh do shúil ar an
naipicín glas agus nuair gheobhas tu na mná óga 'san loch, teirigh agus fágh an naipicín agus na sgar leis. Teirigh i bhfolach faoi chrann agus nuair thiucfaidh na mná óga amach, deunfaidh beirt aca ealaidhe dhíobh féin agus imtheóchaidh siad 'san aér. Ann sin, déarfaidh an inghean is óige, "deunfaidh mé nídh ar bith do'n té bhéarfas mo neipicín dam." Tar i láthair ann sin, agus tabhair an naipicín dí, agus abair nach bhfuil nídh ar bith ag teastál uait, acht do thabhairt go tigh a h-athar, agus innis dí gur mac righ thu as tír chumhachtaigh." Rinne an mac righ gach nídh mar dubhairt an sean duine leis, agus nuair thug sé an naipicín d'inghin righ an Fhásaigh Dhuibh, dubhairt sé: "Is mise mac Ui Chonchubhair righ Chonnacht, tabhair mé go dti d'athair: fada mé d'á thóruigheacht." "Nár bhfearr dhuit mé nídh éigin eile do dheunamh dhuit?" ar sise. "Ní'l aon nídh eile ag teastál uaim," ar seisean. "Má thaisbéanaim an teach duit nach mbéidh tu sásta?" ar sise. "Béidhead," ar seisean. "Anois," ar sise, "ar d'anam ná h-innis dom' athair gur mise do thug chum a thigh-sean thu, agus béidh mise mo charaid mhaith dhuit; agus leig ort féin," ar sise, "go bhfuil mór- chúmhacht draoidheachta agad." "Deunfad mar deir tu," ar seisean. Ann sin rinne sí eala dhí fein agus dubhairt: "Léim suas ar mo mhuin, agus cuir do lámha faoi mo mhuinéal, agus congbhaigh greim cruaidh." Rinne sé amhlaidh, agus chraith sí a sgiathána, agus as go bráth léithe thar chnocaibh a's thar ghleanntaibh, thar mhuir agus thar shléibhtibh, go dtáinig sí go talamh mar do bhí an ghrian ag dul faoi. Ann sin dubhairt sí leis: "an bhfeiceann tu an teach mór sin thall? sin teach m'athar; slán leat; am ar bith bhéidheas baoghal ort, béidh mise le do thaoibh." Ann sin d'imthigh sí uaidh.
Chuaidh an mac righ chum an tigh, chuaidh asteach, agus cia d'fheicfeadh sé ann sin 'na shuidhe i gcáthaoir óir, acht an sean duine liath, d'imir na cárdaidh agus an liathróid leis. "Feicim, a mhic righ," ar seisean, "go bhfuair tu mé amach roimh lá agus bliadhain, cá fhad ó d' fhág tu an baile?" "Ar maidin andiú, nuair bhí mé ag éirghe as mo leabuidh chonnairc mé tuagh-ceatha, rinne mé léim, sgar mé mo dhá chois air, agus shleamhnaigh mé chomh fada leis seó." "Dar mo láimh, is mór an ghaisgidheacht do rinne tu," ar san sean righ. "D'fheudfainn rud níos iongantaighe 'ná sin do dheunamh, dá n-ógróchainn," ar san mac righ. "Tá trí neithe agam duit le deunamh," ar san sean righ, "agus má's féidir leat iad do dheunamh, beidh rogha mo thriúir inghean agad mar mhnaoi, agus muna dtig leat iad do dheunamh, caillfidh tu do cheann mar chaill cuid mhaith de dhaoinibh óga rómhad." Ann sin dubhairt sé, "ni bhíonn ithe ná ól ann mo thigh-se, acht aon uair amháin 'san tseachtmhain, agus bhí sé againn ar maidin andiú." "Is cuma liom-sa," ar san mac righ, "tig liom trosgadh do dheunamh an feadh míosa da mbeidheadh cruadhóg orm." "Is dóigh go dtig leat dul gan chodladh mar an gceudna," ar san sean righ. "Tig liom gan amhras," ar san mac righ. "Béidh leabuidh cruaidh agad anocht mar sin," ar san sean righ, "tar liom go dtaisbéanfaidh mé dhuit é." Thug sé amach ann sin é, agus thaisbéan sé dhó crann mór le gabhlóig air, agus dubhairt: "Teirigh suas ann sin agus codail ann san ngabhlóig, agus bí réidh le h-éirghe na gréine." Chuaidh sé suas ann san ngabhlóig, acht chomh luath agus bhí an sean righ 'na chodladh, tháinig an inghean óg agus thug asteach go seomra breágh é, agus chongbhaigh sí ann sin é go raibh an sean righ ar ti éirghe. Ann sin chuir sí é amach arís i ngabhlóig an chrainn.
Le h-éirghe na gréine, tháinig an sean righ chuige agus dubhairt, "tar anuas anois, agus tar liom-sa go dtaisbéanfaidh mé dhuit an nídh atá agad le deunamh andiú." Thug sé an mac righ go bruach locha agus thaisbéan sé dhó sean-chaisleán, agus dubhairt leis, "caith gach uile chloch 'san gcaisleán sin amach 'san loch, agus bidheadh sé deunta agad seal má dtéidheann an ghrian faoi, trathnóna." D'imthigh sé uaidh ann sin. Thosaigh an mac righ ag obair, acht bhí na clocha greamuighthe d'á chéile chomh cruaidh sin, nár fheud sé aon chloch aca do thógbháil, agus dá mbeidheadh sé ag obair go dtí an lá so, ní bheidheadh cloch as an gcaisleán. Shuidh sé sios ann sin ag smuaíneadh créad do budh chóir dhó dheunamh, agus níor bhfada go dtáinig inghean an tsean-righ chuige, agus dubhairt, "cad é fáth do bhróin?" D' innis sé dhí an obair do bhí aige le deunamh. "Ná cuireadh sin brón ort, deunfaidh mise é," ar sise. Ann sin thug sí arán, mairtfheóil agus fíon dó, tharraing amach slaitín draoidheachta, bhuail buille ar an t-sean- chaisleán, agus faoi cheann móimid, bhí gach uile chloch dé ar bhonn an locha. "Anois," ar sise, "ná h-innis do m' athair gur mise do rinne an obair duit." Nuair bhí an ghrian ag dul faoi, trathnoná, tháinig an sean righ agus dubhairt: "Feicim go bhfuil d'obair laé deunta agad." "Tá," ar san mac righ, "tig liom obair ar bith do dheu- namh." Shaoil an sean righ anois go raibh cúmhacht mhór draoidh- eachta ag an mac righ, agus dubhairt leis, "'sé d' obair laé amárach na clocha do thógbháil as an loch, agus an caisleán do chur ar bonn mar bhí sé cheana." Thug sé an mac righ a-bhaile agus dubhairt leis, "teirigh do chodladh 'san áit a raibh tu an oidhche aréir." Nuair chuaidh an sean-righ 'na chodladh tháinig an inghean óg agus thug asteach é chum a seomra féin, agus chongbhaigh
ann sin é go raibh an sean righ ar ti éirghe ar maidin; ann sin chuir sí amach arís é i ngabhlóig an chrainn. Le h-éirghe na gréine, tháinig an sean righ agus dubhairt; "tá sé i n-am duit dul i gcionn d'oibre." "Ní'l deifir ar bith orm," ar san mac righ, "mar tá fhios agam go dtig liom m'obair laé dheunamh go réidh." Chuaidh sé go bruach an locha ann sin, acht níor fheud sé cloch d'fheiceál, bhi an t-uisge chomh dubh sin. Shuidh sé síos ar charraig; agus níor bhfada go dtáinig Fionnghuala, budh h-é sin ainm inghine an tsean righ, chuige, agus dubhairt; "cad tá agad le deunamh andiú?" D'innis sé dhí, agus dubhairt sí; "ná bíodh brón ort, tig liom-sa an obair sin dheunamh dhuit." Ann sin, thug sí dhó arán, mairt-fhéoil agus caoir-fheóil agus fíon. Ann sin tharraing sí amach an tslaitín draoidheachta, bhuail uisge an locha léithe, agus faoi cheann móimid bhí an sean- chaisleán ar bonn mar bhí sé an lá roimhe. Ann sin dubhairt sí leis; "ar d'anam, ná h-innis do m' athair go ndearnaidh mise an obair seó dhuit, no go bhfuil eólas ar bith agad orm." Trathnóna an laé sin, tháinig an sean righ agus dubhairt, "feicim go bhfuil obair an laé deunta agad." "Tá," ar san mac righ, "obair shói-dheunta í sin!" Ann sin shaoil an sean righ go raibh níos mó de chúmhacht draoidheachta ag an mac righ 'ná do bhí aige féin, agus dubhairt sé: "Ní'l acht aon rud eile agad le deunamh." Thug sé a-bhaile ann sin é, agus chuir sé é le codladh i ngabhlóig an chrainn, acht tháinig Fionnghuala agus chuir sí ann a seomra féin é, agus ar maidin, chuir sí amach arís ar an gcrann é. Le h-éirghe na gréine, tháinig an sean righ chuige agus dubhairt leis: "Tar liom go dtaisbéanfaidh mé dhuit d'obair laé." Thug sé an mac righ go gleann mór, agus thaisbéan dó tobar, agus dubhairt; "chaill mo mháthair-mhór fáinne ann san tobar sin, agus fágh dham é seal má dtéidh an ghrian faoi, trathnóna." Anois bhí an tobar so ceud troigh ar dhoimhne agus fiche
troigh timchioll, agus bhí sé líonta le uisge, agus bhí arm as ifrionn ag faire an fháinne. Nuair d'imthigh an sean righ, tháinig Fionnghuala agus d'fhiafruigh "cad tá agad le deunamh andiú?" D'innis sé dhí, agus dubhairt sí, "is deacair an obair í sin, acht deunfaidh mé mo dhithchioll le do bheatha do shábháil." Ann sin thug sí dhó mairtfheóil, arán agus fíon. Rinne sí rideach dí féin agus chuaidh síos 'san tobar. Níor bhfada go bfhacaidh sé deatach agus tinnteach ag teacht amach as an tobar, agus toran ann mar toir- neach árd, agus duine ar bith do bheidheadh ag éisteacht leis an toran sin shaoilfeadh sé go raibh arm ifrinn ag troid. Faoi cheann tamaill, d'imthigh an deatach, choisg an tinnteach agus an toirneach, agus tháinig Fionnghuala aníos leis an bhfáinne. Sheachaid sí an fáinne do mhac an righ, agus dubhairt sí: "Ghnothaigh mé an cath, agus tá do bheatha sábhálta, acht feuch, tá laidhircín mo láimhe deise briste. Acht b'éidir gur ádhamhail an nídh gur briseadh é. Nuair thiucfas m' athair, ná tabhair an fáinne dho, acht bagair é go cruaidh. Béarfaidh sé thu ann sin le do bhean do thoghadh, agus seo an chaoi dheunfas tu do rogha. Béidh mise agus mo dheirbhshiúracha i seomra, béidh poll ar an doras, agus cuirfimid uile ár lámha amach mar chruimisgín (?). Cuirfidh tusa do lámh tríd an bpoll, agus an lámh chongbhochas tu greim uirri nuair fhosgólaidh m' athair an doras, is í sin lámh an té bhéidheas agad mar mhnaoi. Tig leat mise d'aithne ar mo laidhircín briste." "Tig liom, agus grádh mo chroidhe thu, a Fhionnghuala," ar san mac righ. Trathnona an laé sin, tháinig an sean righ agus d'fhiafruigh; "an bhfuair tu fáinne mo mháthar-móire?" "Fuaireas go deimhin," ar san mac righ, "bhí arm g'á chúmhdach as ifrionn, acht bhuail mise iad, agus bhuailfinn a seacht n-oiread, nach bhfuil fhios agad gur Connachtach mé?"
"Tabhair dham an fáinne," ar san sean righ. "Go deimhin, ní thiubhrad," ar seisean, "throid mé go cruaidh ar a shon, acht tabhair dhamh-sa mo bhean. Teastaigh' uaim bheith ag imtheacht." Thug an sean righ asteach é agus dubhairt; "tá mo thriúr inghean 'san seomra sin id' láthair. Tá lámh gach aoin aca sínte amach, agus an té chongbhóchas tu greim uirri go bhfosgólaidh mise an doras, sin í do bhean." Chuir an mac righ a lámh tríd an bpoll do bhí ar an doras, agus fuair sé greim ar láimh an laidhircín bhriste, agus chongbhaigh greim cruaidh air, gur fhosgail an sean righ doras an tseomra. "'S í seó mo bhean," ar san mac righ, "tabhair dham anois spré d'inghine." "Ní'l de spré aici le fághail acht caoil-each donn le sibh do thabhairt abhaile, agus nár thagaidh sibh ar ais, beó ná marbh, go deó!" Chuaidh an mac righ agus Fionnghuala ag marcuigheacht ar an gcaoil-each donn; agus níor bhfada go dtángadar go dti an choill ann ar fhág an mac righ a chú agus a sheabhac. Bhí siad ann sin roimhe, mar aon le na chapall breágh dubh. Chuir sé an t-each caol donn ar ais ann sin. Chuir sé Fionnghuala ag marcuigheacht ar a chapall, agus léim suas, é féin, A chú le n-a chois, A sheabhac ar a bhois, agus níor stad sé go dtáinig sé go Ráth-Chruacháin. Bhí fáilte mhór roimhe ann sin, agus níor bhfada gur pósadh é féin agus Fionnghuala. Chaith siad beatha fhada sheunmhar, - acht is beag má tá lorg an tsean-chaisleáin le fághail andiú i Ráth-Chruacháin Chonnacht.
XII Mac na Sgolóige agus an Gearrán glas. Ann san aimsir fad ó, bhí sgológ shaidhbhir 'na chómhnuidhe i gCúige Múmhan. Bhí aon mhac amháin aige dar b' ainm Tadhg. An oidhche do rugadh an mac óg tháinig sean bhráthair chuige chum an dorais, agus d' iarr lóistin oidhche i n-onóir do Dhia. "Bhéarfainn sin duit agus fáilte," ar san sgológ, "acht tá mo bhean i dtinneas cloinne, agus ní'l aon duine agam le biadh do réidhteach duit." "Tá fhios agam go maith go bhfuil tinneas cloinne ar do mhnaoi, sin í an ocáid do thug ann so mé," ar san bráthair. "Ní'l biadh ná deoch ag teastál uaim, acht abair le do mhnaoi má thig léithe an gheineamhain do chur ar gcúl go dti uair an mheadhon-oidhche, béidh mac iongantach aici, agus muna dtig léithe a chur ar gcúl, béidh sé 'na amadán fad a bheatha." "Tar asteach," ar san sgológ, "deunfaidh mé dhuit chomh maith a's thig liom." Tháinig an bráthair asteach, tharraing amach sean-leabhar, agus thosaigh ag léigheadh. Chuaidh an sgológ chuig a mhnaoi agus d' innis dí an nídh a-dubhairt an sean-bhráthair. "Teirigh chuige," ar san bhean, "agus abair leis guidhe ar mo shon, agus deunfaidh mise mo dhithchioll leis an ngeineamhain do chur ar gcúl." Thosaigh an sean-bhráthair ag guidhe agus níor sguir go dtáinig an sgológ chuige andhiaigh uaire an mheadhon- oidhche, agus dubhairt go raibh mac óg ag a mhnaoi. "Tá go maith," ar san bráthair. Do baisteadh an t-oidhre óg agus tugadh Tadhg mar ainm air. Nuair d'fhás sé suas 'na bhuachaill óg, bhí sé lúthmhar láidir agus glic agus meisneamhail.
Nuair bhí sé bliadhain agus fiche, bhí sé féin agus a athair, trathnóna, 'na suidhe 'san tigh, nuair bheannaigh an sean- bhráthair asteach, agus é beag-nach cromtha síos go talamh leis an aois. D'aithnigh an sgológ é, agus chuir fáilte roimhe, agus dubhairt leis suidhe síos, agus go bhféadfadh sé fanacht leó chomh fada agus bheidheadh sé beó. "Go deimhin, ní bhéidh mé a-bhfad ar an saoghal so," ar san sean-bhráthair. "Bíodh sé fada no gearr," ar san sgológ "ní fhágfaidh tu an teach so, agus nuair gheobhas tu bás cuirfimid thu go geanamhail." "Go raibh maith agad," ar san sean-bhráthair, "is dóigh go mbéidh mo sheirbhís ag teastal san tigh go seó seal má dti 'bhfad." Tháinig an bhean i láthair ann sin, agus d'innis an sgológ di-se agus do'n mac, go raibh an sean-bhráthair 'san tigh nuair rugadh Tadhg óg, agus go mbudh h-é a chómhairle-sean an gheineamhain do chur ar gcúl. D'éisteadar leis an sgeul, agus andhiaigh a chlos, bhí meas mór aca ar an sean-bhráthair. An oidhche sin, chuadar uile a' codladh i sláinte mhaith, acht timchioll uaire an mheadhon-oidhche, tháinig tinneas ar an sean sgolóig agus ar a mhnaoi. Mhúsgail Tadhg óg an sean- bhráthair agus dubhairt leis go raibh a athair agus a mháthair i riocht báis. Chuaidh an bráthair chuca, acht is ar éigin do bhí an t-am aige leis an ola dhéigheannach do chur orra nuair fuair siad bás. Bhí brón mór ar Thadhg óg. Bhí sé fágtha leis féin gan athair gan mháthair. Chuir sé an sean-lánamhain go geanamhail, acht ní leigfeadh sé do'n tsean-bhráthair imtheacht uaidh, chor ar bith, agus budh ghnáthach leis a chómhairle do leanamhaint anns gach uile nídh. Chuaidh gach uile shórt ar aghaidh go maith le Tadhg go bhfuair an sean-bhráthair bás. Bhí dá láir dhéag ag Tadhg óg. Agus bhí súil aige go mbeidheadh searrach aige as gach aon aca. Aon lá amháin
chuaidh sé amach le amharc do bheith aige ar na lárachaibh, agus feuch! bhí searrach ag gach uile láir. Acht budh hé an nídh is mó do chuir iongantas air, nuair chonnairc sé aon searrach aca chomh glas le féar an ghuirt. Chuaidh Tadhg óg le breathnugh- adh air nuair labhair an searrach agus dubhairt: "Ná bíodh faitchios ná iongantas ort de m' thaoibh-se. Má ghlacann tu mo chómhairle, cuirfidh mise ar bhealach do leasa thu." "Cad é an chómhairle agad le tabhairt dam?" ar sa Tadhg óg. "Ann san gceud áit," ar san searrach, "éist liom tamall beag. Béidh tu bocht sul bhéidheas seacht mbliadhna thart ó'n lá so, tá sé i ndán duit, agus ní thig leat dul uaidh. Caithfidh tu do theach agus do thalamh dhíol, agus imtheacht ar siúbhal ag iarraidh seirbhis mar fhear bocht. Anois, marbhaigh na searraigh eile, agus fág bainne na láir uile dam féin go mbéidh mé sé míosa d'aois, ann sin geobhaidh siad bás; acht deunfaidh mise níos mó oibre dhuit 'ná an t-iomlán. Bain ruainne as mo rubal (earball) agus buail na searraigh eile leis. 'Na dhiaigh sin athróchaidh mise mo dhath, agus béidh mé mo shearrach deas." Nuair chualaidh Tadhg sin, chuaidh sé anonn, agus bhain sé ruainne as an searrach agus bhuail sé na searraigh eile leis, agus thuit gach aon aca marbh. Ann sin d' athraigh an searrach glas a dhath agus ní fhacaidh aon neach riamh searrach chomh deas leis. 'Na dhiaigh sin, chuaidh gach nídh anaghaidh Taidhg óig. Fuair a chuid bó agus caora bás, agus b' eígin dó an talamh agus na capaill do dhíol, agus ní raibh aon nídh aige anois acht an gearrán. Aon lá amháin, nuair bhí bunáit seacht mbliadhna imthighthe thart, dubhairt an gearrán le Tadhg óg: "Caithfidh mé imth- eacht uait; abair le na cómharsanaibh go ndeachaidh mé amugh', agus go gcaithfidh tu dul do m' thóruigheacht. Nuair rachas tu ar siúbhal, tabhair d' aghaidh ar chaisleán an righ, agus iarr seirbhís air. Fiafróchaidh sé dhíot créad thig leat déanamh; Abair leis: nídh ar bith dá' ndearnaidh fear ariamh. Ann sin
deunfaidh sé margadh leat, is é sin - má dheunann tusa 'chuile nídh ordóchas sé dhuit ar feadh sé mí go bhfuighfidh tu do mheadhachan féin d'ór buidhe. Deun an margadh sin leis. Acht déarfaidh sé leat muna dtig leat 'chuile nídh ordóchas sé dhuit dheunamh, go gcaillfidh tu do cheann. Abair leis go bhfuil tu sásta. Bhí mise i gcaisleán an righ agus chuir mé a chuid capall faoi dhraoidheacht, agus ó shoin ní thig le duine ar bith iad thabhairt amach as an stábla. 'Sé an cheud nídh iarrfas sé ort, na capaill do thabhairt amach le uisge d'ól. Beidh mise taobh astigh de'n doras; cinnir amach mé agus leanfaidh h-uile chapall 'san stábla mé; agus deunfad h-uile nídh dhuit mar ordóchas an righ, acht ná dearmad greim le n-ithe do thabhairt chugam h-uile am gheobhas tu faill, agus congbhaigh an rún agad féin." "Deunfad gach uile nídh mar deir tu," ar sa Tadhg óg. "Slán leat go bhfeicfidh mé thu arís," ar san gearrán, agus leis sin d'imthigh sé as amharc. Ar maidin, lá ar na mhárach, rinne Tadhg óg tuairisg ameasg na gcómharsan an bhfacaidh siad an gearrán, acht ní fhacaidh aon duine é. "Tá sé imthighthe ar seachrán agus caithfidh mé dul d'á thóruigheacht," ar sa Tadhg. D'imthigh sé ar siúbhal ann sin, agus thug aghaidh ar chaisleán an righ. Nuair tháinig sé chomh fada leis an gcaisleán, chonnairc sé an righ agus d'iarr sé seirbhis air. "Créad thig leat deunamh?" ar san righ. "Nídh ar bith tá ar chúmhacht fir bheó," ar sa Tadhg óg. "Dar m' focal, tá cíall ann do leitheid," ar san righ, "agus deunfaidh mé margadh leat: má thig leat h-uile nídh ordóchas mise dhuit ar feadh sé mí do dheunamh, bhéarfaidh mise do mheadhachan féin d'ór buidhe dhuit, acht má theipeann sé ort sin do dheunamh, caillfidh tu do cheann." "Táim sásta," ar sa Tadhg óg. "Teirigh asteach 'san stábla agus tabhair mo chapaill chum an tsrotha sin atá os cómhair an chaisleáin, agus leig dóibh uisge d'ól."
Chuaidh Tadhg chum an stábla, agus dubhairt a ghearrán féin leis: "atáim ann so, deun mar dubhairt mé leat." Chinnir Tadhg óg an gearrán amach agus ní raibh capall 'san stábla nár lean é. Bhí iongantas mór ar an righ nuair chonnairc sé Tadhg óg agus na capaill; mar nár fheud an méad fear do bhí aige iad do thabhairt amach ar feadh seachtmhaine roimhe sin. Nuair d'ól siad a sáith, chinnir sé an gearrán ar ais, agus lean an chuid eile é. Ghlaodh an righ ar Thadhg agus dubhairt leis, "is tu an fear is fearr do bhí ann mo sheirbhís le tamall fada, téidh anois agus fágh nídh le n-ithe, agus nuair bhéidheas tu réidh, tar chugam- sa; teastuigheann uaim thu do chur ar theachtaireacht." Chuaidh Tadhg óg asteach, d'ith agus d'ól a sháith, agus níor dhearmaid giota maith aráin do thabhairt do'n ghearrán; ann sin chuaidh sé chuig an righ agus dubhairt leis, "táim réidh anois." "Maith go leór," ar san righ, "teirigh chuig caisleán Bhranduibh, agus tabhair inghean atá aige chugam go bpósfaidh mé í." "Is fada an t-aistear é sin, do dhul ann ag coisidheacht," ar Tadhg óg, "b'éidir go dtiubhrá capall dam." "Tig leat do rogha de na caplaibh thabhairt leat," ar san righ. Chuaidh Tadhg óg agus d'innis do'n ghearrán an nídh do bhí aige le deunamh. "Is sói-dheunta an nídh é sin," ar san gearrán, "tabhair mise leat agus ní chlisfidh mé ort." "Gan amhras," ar sa Tadhg, "is tusa bhéarfas mé liom." "Maith go leór," ar san gearrán, "cinnir mé amach, acht na teirigh ag marcuigheacht orm go dtéid' tu as amharc muinntire an chaisleáin, ann sin teirigh ag marcuigheacht, agus ní bhéidh mé a bhfad ag dul go caisleán Bhranduibh; bhí mé ann go minic. Nuair rachfas muid (sinn) go geata an chaisleáin, tuirling, agus feicfidh tu inghean an righ ag siúbhal taobh-astigh
de'n gheata, agus iarrfaidh sí ort leigean dí marcuigheacht do bheith aici orm-sa. Cuir ar mo dhruim í, agus léim suas taobh- shiar dí, thu féin, agus ní bhéidh mise a-bhfad ag dul ar ais." Chinnir Tadhg óg an gearrán amach agus shiúbhail le na thaoibh go ndeachaidh sé as amharc muinntire an chaisleáin. Ann sin léim sé suas, agus d'imthigh an gearrán mar an ngaoith, agus faoi cheann dá uair bhí sé ag geata caisleáin Bhranduibh. Thuirling sé, agus faoi cheann cúpla móimid, chonnairc sé inghean an righ ag siúbhal taobh-astigh de'n gheata. Níor bhfada go dtáinig sí chuige agus d'iarr air leigean dí marcuigheacht do bheith aici ar a ghearrán deas. "Leigfead, agus fáilte," ar Tadhg óg, d'á cur suas, agus léim sé féin suas taobh-shiar dí. Bhuail an gearrán an bóthar; agus chomh tapa agus d'imthigh sé, tháinig sé an ais níos tapa. Nuair bhí sé i ngar do bhaile, thuirling Tadhg, agus rug sé inghean Bhranduibh i láthair an righ, agus dubhairt leis, "seó dhuit anois inghean righ Laighean." "Ní mór le rádh é, acht is tusa an fear is fearr do bhí ann mo sheirbhis ariamh agus fágh sagart anois go bpósfaidh sé sinn," ar san righ. "Ní thig liom pósadh go bhfágh' mé na h-éadaigh atá i mbosca ann mo sheomra ann san mbaile," ar sise. "Imthigh, a Thaidhg óig, agus fágh dhúinn bosca na mná- uaisle seo," ar san righ. "Tabhair am dam le biadh do chathadh," ar Tadhg óg. "Ní thig leis an bosca d'fhághail go mbéidh mé féin i láthair," ar sa inghean an righ. "Má tá sé ann san gcaisleán geobhaidh mise é," ar Tadhg óg. D'ith sé biadh, agus thug sé leath-bhuillín aráin chuig an ngearrán, agus d'innis dó an nidh do bhí aige le deunamh. "Och, is foras é sin do dheunamh," ar san gearrán, "cinnir amach mé, agus teirigh ag marcuigheacht orm. Nuair rachfas muid (sinn) go dorus mór caisleáin Bhranduibh, tarraing amach corca beag atá ann mo chluais chlé, agus caith asteach 'san halla é.
Faoi cheann móimide, béidh an caisleán le teine. Tosóchaidh na searbhfhóghantaidh ag cur amach an trosgáin, agus an dara bosca thiucfas amach beir air, agus léim suas ar mo mhuin, agus ní bhéidh mise a-bhfad ag teacht ar ais." Chinnir Tadhg óg an gearrán amach, chuaidh ag marcuigh- eacht air, agus ní raibh sé a-bhfad ag dul go caisleán righ Laighean. Thuirling Tadhg óg, tharraing amach an corca, agus chaith asteach san halla é. Faoi cheann móimid', bhí an caisleán le teine. Thosaigh na searbhfhóghantaidh ag cathadh amach trosgáin, agus an dara bosca do tháinig amach fuair Tadhg greim air. Léim sé suas ar an ngearrán, agus níor bhfada go raibh sé ar ais agus go dtug sé an bosca do'n righ. "Anois," ar sé, "bhfuil aon leith-sgeul agad gan mé do phósadh?" "Tá," ar sise, "ní thig liom pósadh go bhfágh' mé fáinne- posta do thug mo mháthair mhór dam. Tá sé ag bonn tobair fíor- uisge i ngáirdín m'athar." "Teirigh, a Thaidhg óig, agus fágh an fáinne sin dam," ar san righ. "Nach dtig liom fanamhaint go maidin," ar sa Tadhg óg. "Tig leat," ar seisean, "teirigh anois agus leig do sgith, acht bí ar do chois go moch ar maidin." An oidhche sin, thug Tadhg neart le n'ithe do'n gearrán agus chuaidh na chodladh san mainséar. Ar maidin go moch, d'éirigh sé, chinnir amach an gearrán, chuaidh ag marcuigheacht air, agus níor bhfada go raibh sé ag bruach an tobair i n-gáirdín righ Laighean. Ann sin, thuirling sé, agus rinne an gearrán cearc-uisge dhé féin, agus chuaidh síos go bonn an tobair, agus thug suas an fáinne leis. Rinne sé gearrán dé féin arís agus dubhairt, "léim suas." Rinne Tadhg amhlaidh, agus níor bhfad go raibh siad ar ais ag caisleán an righ. Thug Tadhg óg an fáinne dho, agus dubhairt: "B'éidir go bhfuil leithsgeul eile aici anois. "Ní'l fhios agam," ar san righ, "fan go bhfeicfidh mé."
Thug sé an fáinne dhí, agus d'iarr an raibh aon leithsgeul eile aici gan a phósadh. "Tá," ar sise, "ní thig liom thu phósadh go gcuirfidh tu cill ar bonn, amuigh 'san bhfairrge, míle ó'n tráigh, nuair dheunfas tu sin, pósfaidh mé thu." Chuir an righ fios ar Thadhg óg agus d'innis dó an nídh do bhí aige le deunamh. "Ní iarrfaidh mé aon nidh eile ort agus bhéarfaidh mé iomlán do thuarasdail duit," ar seisean. "Maith go leór," ar Tadhg, "béidh iarraidh agam le na dheunamh amárach." An oidhche sin, thug sé neart le n'ithe do'n gearrán, agus d'innis dó an nídh do bhí aige le deunamh. "Maith go leór," ar san gearrán, "cuirfidh an lá amárach críoch ar do thrioblóid-se agus ar mo thrioblóid-se. Ar maidin amárach, teirigh ag marcuigheacht orm-sa, agus tabhair m' aghaidh ar an bhfairrge, agus deunfidh mise an obair. Innseóch- aidh mé dhuit-se 'na dhiaigh sin, créad is eigin duit-se do dheunamh." Ar maidin, go moch, chinnir Tadhg óg an gearrán amach, chuaidh ag marcuigheacht air, agus thug aghaidh ar an bhfairrge. Nuair tháinig sé go bruach an uisge, dubhairt sé le Tadhg óg lámh do chur ann a chluais dheis, agus cloch bheag agus sprúille gainnimh do bhí innti do chathadh 'san uisge. Rinne Tadhg óg amhlaidh, agus ní fhacaidh súil ariamh droichead chomh breágh agus d'éirigh suas 'san bhfairrge. D'imthigh an gearrán ar aghaidh fad míle, ann sin chas sé thart, bhuail le n-a chois agus le casadh do láimhe bhí an chill ar bonn; ann sin dubhairt sé le Tadhg óg "tiomáin a-bhaile, agus abair leis an righ go bhfuil an obair deunta. Déarfaidh seisean leat a chapla (chapaill) agus a chóiste d'fhághail réidh, agus ar do bheatha ná dearmaid mise do chur faoi an gcóiste." Chuaidh Tadhg óg chuig an righ agus dubhairt, "d'éirigh liom, tá an chill ar bonn." "Teirigh agus fágh mo chóiste agus mo chapla (chapaill) réidh," ar san righ.
Fuair Tadhg óg an cóiste agus na capla réidh, agus bí cinnte nár dhearmaid sé an gearrán do chur faoi an gcóiste. Ann sin thug sé an cóiste go doras mór an chaisleáin agus níor bhfada go dtáinig an righ agus an bhean óg amach, agus chuadar asteach 'san gcóiste. Thiomáin Tadhg óg go dtángadar go bruach na fairrge, agus nuair chonnairc an righ agus an bhean óg an droichead breágh, thángadar amach as an gcóiste le amharc do bheith aca air. Bhidheadar ag siúbhal le chéile ar an droichead, nuair chuir an bhean óg a guala anaghaidh gualann an righ agus chaith asteach 'san bhfairrge é. Ni fhacaidh aon neach é agus ní chualaidh sgeul uaidh ó shoin. Léim an gearrán amach as an gcóiste agus rinne fear óg dé féin. Bhí sé chomh cosmhúil leis an righ nach bhfeudfadh duine ar bith iad d'aithne ó chéile. D'fhill siad uile a-bhaile agus shaoil gach uile dhuine gurab é an righ do bhí ann. Chuireadar fios ar shagart agus pósadh iad. D'fhan Tadhg óg ann san gcaisleán leó, agus chaith sé beatha fhada shona, agus níor innis sé a rún d'aon-neach go raibh sé ag fághail bháis. Ann sin d'innis sé é, no ní bheidheadh sé againn-ne. XIII An tarbh breac. Bhí fear ann a-bhfad ó shoin, agus is fad ó bhí, agus dá mbeidheadh sé ann an uair sin ní bheidheadh sé ann anois. Pósadh é, agus cailleadh an bhean, agus ní raibh acht aon mhac amháin aige leis an gceud-mhnaoi. Ann sin phós sé an dara bean. Ní raibh mórán suim' ag an dara mnaoi seó ann san mac, agus
b'éigin dó dul amach ar an t-sliabh a-bhfad ó'n teach, ag tabhairt aire do'n eallach. Bhí tarbh breac ameasg na mbó amuigh ar an t-sliabh, agus lá d'á raibh ocarus mór ar an ngasúr, chualaidh an tarbh breac é ag ceasacht, agus ag fásgadh a dhá láimh, agus dhruid sé anonn chuige agus dubhairt sé leis. "Tá ocarus ort-sa, acht bain an adharc díom-sa, agus leag ar an talamh í; cuir do lámh asteach i n-áit a raibh an adharc agus geobhaidh tu biadh." Nuair chualaidh sé sin, chuaidh sé anonn do'n tarbh, rug sé ar an adhairc, chas sé í, agus tháinig sí leis ann a láimh. Leag sé ar an talamh í, chuir sé a lámh asteach, agus tharraing sé amach biadh agus deoch agus éadach-cláir. Sgar sé an t-éadach- cláir ar an talamh, leag sé an biadh agus an deoch air, agus ann sin d'ith sé agus d'ól sé a sháith. Nuair bhí a sháith ithte agus ólta aige, chuir sé an t-eudach-cláir ar ais arís, agus d'fhág sé an adharc ann san áit á raibh sí roimhe. Nuair tháinig sé a-bhaile an trathnóna sin, níor ith sé greim d'á shuipéar, agus dubhairt a leas-mháthair (léithe-féin) go bhfuair sé rud éigin le n-ithe amuigh ar an tsliabh nuair nach raibh sé ag ithe dada d'á shuipéar. Nuair chuaidh sé amach leis an eallach an lá ar na mhárach, chuir a leas-mhathair a h-inghean féin amach 'na dhiaigh, agus dubhairt léithe do bheith 'gá fhaire go bhfeicfeadh sí cá raibh sé ag fághail an bhidh. D'imthigh an inghean, agus chuir sí í féin i bhfolach, agus bhí sí 'gá fhaire go dtáinig teas an laé, acht nuair tháinig meadhon an laé, chualaidh sí gach ceól do b' éifeachtaighe 'ná a-chéile, agus do cuireadh í ann a codladh leis an gceól fíor-bhinn sin. Tháinig an tarbh ann sin, agus chas an buachaill an adharc dé, agus tharraing amach an t-éadach-cláir, an biadh, agus an deoch, agus d'ith agus d'ól sé a sháith. Chuir sé an adharc ar ais arís ann sin. Cosgadh an ceól agus dhúisigh an inghean agus bhí sí 'ga fhaire go dtáinig an trathnóna, agus thiomáin sé na bath a-bhaile ann sin. D'fhiafruigh an mháthair dí an bhfacaidh sí aon nídh ann san bpáirc, agus dubhairt sise
nach bhfacaidh. Níor ith an gasúr dá ghreim d'a shuipéar, agus bhí iongantas ar an leas-mháthair. An lá ar na mhárach, nuair thiomáin sé na bath amach, dubhairt an leas-mháthair leis an dara inghin é do leanamhaint agus do bheith 'gá fhaire go bhfeicfeadh sí cá raibh sé ag fághail ruid le n-ithe. Lean an inghean é, agus chuir sí í fein i bhfolach, acht nuair tháinig teas an laé, thosaigh an céol agus do thuit sí 'na codhladh. Bhain an gasúr an adharc de'n tarbh, tharraing sé amach an t-éadach-cláir an biadh agus an deoch, d'ith agus d'ól sé a shaith agus chuir sé an adharc ar ais arís. Dhúisigh an inghean ann sin agus bhí 'gá fhaire go dti an trathnóna. Nuair tháinig an trathnóna, thiomáin sé na bath a-bhaile, agus níor fheud sé a shuipéar ithe, níos mó 'ná an dá thrathnóna roimhe sin. D'fhiafruigh an leas-mháthair de'n inghin an bhfacaidh sí dada, agus dubhairt sise nach bhfacaidh. Bhí iongantas ar an leas-mháthair. An lá ar na mhárach, nuair chuaidh an gasúr ag buachailleacht na mbó, chuir an leas-mháthair an tríomhadh inghean amach 'na dhiaigh, agus bhagair sí uirri gan tuitim 'na codladh acht faire mhaith do bheith aici. Lean an inghean an gasúr agus chuaidh sí i bhfolach. Bhí trí súile ag an inghin seo mar bhí súil aici ar chúl a cinn. Nuair thosaigh an tarbh breac ag seinm uile ceóil do b' éifeachtaighe 'ná a chéile, chuir sé na súile eile 'na gcodladh acht níor fheud sé an tríomhadh súil chur 'na codladh. Nuair tháinig teas an laé, chonnairc sí au tarbh breac ag teacht go dti an buachaill, agus an buachaill ag baint na h-adhairce dhé agus ag ithe. Rith sí a-bhaile ann sin, agus dubhairt sí le n-a máthair nach raibh a leitheid de dhinéar ar an domhan agus do bhí d'á leagadh i láthair an bhuachaill as adhairc an tairbh bhric. Ann sin, leig an mháthair uirri go raibh sí tinn agus mharbh sí coilleach, agus leig sí síos a chuid fola ann a leapa, agus chuir sí suas blogam de'n fhuil ann a beul, agus chuir sí fios ar a fear ag rádh go raibh sí ag fághail bháis. Tháinig a fear asteach agus
chonnairc sé an fhuil, agus dubhairt sé "rud ar bith do bhí ar an domhan do léighseóchadh í, go gcaithfeadh sí a fhághail." Dubhairt sise nach raibh rud ar bith ar an domhan do leigh- seóchadh í, acht greim de'n tarbh breac do bhí ar an tsliabh. "Caithfidh tu sin fhághail," ar seisean. B'é an tarbh breac an chéad-cheann de'n áirnéis do thigeadh asteach uile oidhche, agus chuir an leas-mháthair fios ar dhá bhúistéar, agus chuir sí iad ar gach taoibh de'n geata, leis an tarbh breac do mharbhadh nuair thiocfadh sé. Dubhairt an tarbh breac leis an mbuachaill; "béidh mé sguabtha anocht muna rachaidh bó eile rómham." Chuir sé bó eile amach roimhe agus bhí an dá bhúistéar 'na seasamh ar gach taoibh de'n geata leis an gceud-cheann do thiucfadh asteach do mharbhadh. Do chuir an tarbh an bhó amach roimhe ag dul tríd an ngeata agus mharbh siad í, agus fuair an leas-mháthair greim dí le n-ithe, agus shaoil sí gur b'é an tarbh breac do bhí sí ag ithe, agus tháinig biseach uirri ann sin. An cheud-oidhche eile, nuair tháinig an buachaill a-bhaile leis an eallach, níor ith sé níos mó d'á shuipéar 'ná aon oidhche eile, agus bhí iongantas ar an leas-mháthair. Chualaidh sí 'na dhiaigh sin go raibh an tarbh breac ann ar fad, agus nár marbh- aigheadh é an uair sin. Nuair chualaidh sí sin, mharbh sí coilleach agus leig sí síos cuid d'á fhuil ann a leapa, agus chuir sí blogam de'n fhuil ann a beul agus rinne sí an cleas ceudna ar ais arís, agus dubhairt nach raibh rud ar bith le n-a leigheas acht píosa de'n tarbh breac. Cuireadh fios ar na búistéaraibh agus bhí siad réidh leis an tarbh breac do mharbhadh nuair thiucfadh sé asteach. Chuir an tarbh breac ceann eile de'n áirnéis asteach roimhe féin, agus mharbh na búistéaraidh é. Fuair an bhean cuid de'n fheóil agus shaoil sí gur b'é cuid de'n tarbh breac do bhí sí ag ithe, agus fuair sí biseach. Fuair sí amach 'na dhiaigh sin nac é an tarbh breac do bhí marbh, agus dubhairt sí "ná bac leis! Marbhóchaidh mé an tarbh breac go fóil."
An lá ar na mhárach, nuair bhí an gasúr ag buachailleacht na mbó ar an tsliabh, tháinig an tarbh breac agus dubhairt leis: "Bain an adharc díom agus ith do sháith anois, sin é an t-am deire agad anois. Tá siad ag fanamhaint le mo mharbhabh anocht acht ná bíodh faitchíos ort. Ní iad-san mharbhóchas mé, acht marbhóchaidh tarbh eile mé. Téidh suas ar mo dhruim anois." Chuaidh an buachaill suas ar a mhuin ann sin, agus chuaidh siad a-bhaile. Bhí an dá bhuistéar ar gach taoibh de'n geata ag fanamhaint leis. Bhuail an tarbh breac adharc ar gach taoibh dé, agus mharbh sé an dá bhúistéar. Amach leis ann sin, agus an buachaill ar a mhuin. Chuaidh sé asteach i gcoill fhiadháin, agus chaith sé féin agus an buachaill an oidhche ann san gcoill sin. Bhí sé le troid leis an tarbh eile an lá ar na mhárach. Nuair tháinig an lá, dubhairt an tarbh breac, "bain an adharc díom agus ith do sháith, sin é an t-ádh deire atá agad. Tá mé le troid leis an tarbh eile ar ball, agus gabhaidh mé uaidh an lá so, acht béidh mé marbh aige amárach ag an dó-deug a chlog." Throid sé féin agus an tarbh eile an lá sin, agus tháinig an tarbh breac ar ais 'san trathnóna agus chuir sé féin agus an buachaill an oidhche sin thart ann san gcoill. Nuair tháinig an lá ar na mhárach, dubhairt an tarbh breac leis, "cas an adharc díom agus ith do sháith, sin é an t-ádh deire bhéidheas agad. Éist anois leis an rud atá mé 'g innseacht duit. Nuair fheicfeas tu mise marbh, téidh agus bain stiall droma agus stiall táire dhíom, ó bháitheas mo chinn go bonn mo rubaill (earbaill) agus deun beilt dé, agus uair ar bith bhéidheas géibhionn ar bith ort, béidh mo neart-sa agad-sa." Chuaidh an tarbh breac ann sin le troid leis an tarbh eile, agus mharbh an tarbh eile é. D'imthigh an tarbh eile ann sin. Tháinig an gasur go dti an tarbh breac, 'n áit a raibh sé 'na luidhe ar an talamh, agus ní raibh sé marbh amach 's amach. Nuair chonnairc sé an gasúr ag teacht dubhairt sé, "o," ar seisean, "deun deifir, chomh maith agus thig leat 'san domhan
agus tabhair amach do sgian agus bain an stiall sin díom, no marbhóchar thusa chomh maith liom féin." Bhí crathadh ar láimh an chreatúir bhoicht, agus níor fheud sé píosa ar bith bhaint de'n tarbh, 'r éis é a chothughadh chomh fada sin, agus 'r éis an chineáltais fuair sé uaidh. Labhair an tarbh breac arís agus dubhairt sé an stiall do bhaint dé ar an móimid, acht ní raibh dúil aige a dheunamh. Labhair sé leis an tríomhadh uair agus dubhairt sé an stiall do bhaint dé, agus go gcuideochadh sé leis, fhad agus bheidheadh sé beó. Bhain sé stiall de'n druim ann sin agus stiall eile de'n bolg, agus d'imthigh sé. Bhí a sháith buaidheartha agus bróin air, ar n-imtheacht dó, agus ní mhór dó sin do bheith air, agus é ag imtheacht gan fhios cá raibh sé dul no cá rachfadh sé. Bualadh duine-uasal air, ar an mbóthar, agus d'fhiafruigh sé dhé cá raibh sé ag dul. Dubhairt an buachaill nach raibh fhios aige féin cá raibh sé ag dul, acht go raibh sé dul ag iarraidh oibre. "Créad thig leat dheunamh?" ar san duine-uasal. "Tá mé mo mhaor chomh maith agus chonnairc tu ariamh, acht ní innséochaidh mé breug duit, ní thig liom dada dheunamh acht maoracht, acht go deimhin deunfaidh mé sin chomh maith le duine ar bith chonnairc tu ariamh." "Is tu theastaigh uaim-se," ar san duine-uasal. "Tá triúr fathach shuas le mo chuid-se talmhan, ar aon teórain amháin liom-sa, agus rud ar bith rachas asteach ar a dtalamh féin congbhóchaidh siad é, agus ní thig liom-sa a bhaint díobh arís. Sin an méad atá siad ag iarraidh, - m'eallach-sa do dhul asteach thar an teórain chuca." "Na bac leó, rachaidh mise mo bhannaidh go dtiubhraidh mise aire mhaith dhóibh agus nach leigfidh mé dada asteach chuca." Rug an duine-uasal a-bhaile é ann sin agus chuaidh sé ag buachailleacht dó. Nuair bhí an féar ag éirighe gann, bhí sé ag
tiomáint na mbó níos faide amach. Bhí balla mór cloiche idir talamh na bhfathach agus talamh a mháighistir. Bhí féar breágh ar an taoibh eile de'n balla. Nuair chonnairc sé sin, leag sé bearna ann san mballa agus leig sé na muca agus na bath asteach. Chuaidh sé suas ar chrann ann sin agus bhí sé ag cathadh síos ubhall agus uile shóirt do na mucaibh. Tháinig fathach amach, agus nuair chonnairc sé an buachaill shuas ar an gcrann ag cathadh síos na n-ubhall chuig na mucaibh, d'éirigh an ceann air (i. e. tháinig fearg áidhbhéal air). Tháinig sé go dti an crann, "Gabh anuas as sin," ar sé, "is mór liom de ghreim thu, agus is beag liom de dhá ghreim thu. Gabh anuas go dtarróngaidh mé faoi m' fhiaclaibh fada fuara thu." "Ara, glac thu féin go socair," ar san buachaill, "b'éidir gur ró luath do thiucfainn anuas chugad." "Ni bhéidh mé níos faide ag caint leat," ar san fathach; fuair sé barróg ar an gcrann agus tharraing sé as na fréamhaibh é. "Gabh síos a iall dubh, agus fáisg é sin," ar san gasur, mar chuimnigh sé ar chómhairle an tairbh bhric. Ar an móimid, léim an iall dubh as a láimh agus d' fháisg an fathach chomh cruaidh sin go raibh an dá shúil ag dul amach ar a cheann, mar budh láidre neart an tairbh 'ná neart an fhathaigh. Níor fhéad an fathach cor do chur as, agus gheall sé rud ar bith - acht an t-anam do shábháil dó. "Rud ar bith theastuigheas uait," ar sé leis an ngasúr, "caithfidh tu a fhághail uaim." "Ní'l mé ag iarraidh ruid ar bith acht iasacht an chloidhimh atá faoi do leapa," ar seisean. "Bheirim duit é agus fáilte," ar san fathach. Chuaidh sé asteach agus rug sé amach an cloidheamh leis. "Féach é ar na trí crainn (crannaibh) is mó atá 'san gcoill, agus ní mhothóchaidh tu ann do láimh é ag dul tríotha," ar san fathach. "Ní fheicim aon chrann ann san gcoill is mó ná is gránta (gránna) 'ná thu féin," ar seisean, ag tarraing an chloidheimh agus ag baint an chinn dé, gur chuir sé seacht n-iomairidhe agus seacht n-eitrige é de'n bhuille sin.
"Dá bhfághainn ar an gcolainn arís," ar san ceann, agus é ag caint, "agus ní bhfuighfeadh an domhan de'n cholainn arís mé." "Bhéarfaidh mise féin aire dhó sin," ar san buachaill. Nuair thiomáin sé na bath a-bhaile 'san trathnóna bhí an oiread sin bainne aca nach raibh leath a sáith soitheach aca, agus b' éigin do dhá chúipéar, soithighe úra dheunamh, leis an méad bainne do bhí aca do chongbháil. "Is tu an buachaill is fearr do bualadh orm ariamh," ar san duine-uasal, agus bhí sé buidheach dó. Chuireadh na fathaigh, gach fear aca, gáir as, uile thrathnóna. Ní chualaidh na daoine acht dá gháir an trathnóna so. "Tá athrughadh éigin ann san gcáthair anocht," ar san duine uasal, nuair chualaidh sé an dá gháir. "O!" ar san gasúr, "chonnairc mé ceann aca ag imtheacht leis féin andiu, agus níor tháinig sé a-bhaile go fóil." An lá ar na mhárach, thiomáin an buachaill a chuid eallaigh amach, go dtáinig sé go dti an balla mór cloiche, agus leag sé bearna ann, agus leig sé an t-eallach asteach 'san áit chéadna. Chuaidh sé suas ar chrann agus thosaigh sé ag cathadh síos na n-úbhall. Tháinig an dara fathach ag rith, agus dubhairt sé, "Cad é 'n chiall mo bhalla leagan, agus do chuid eallaigh leigean asteach ar mo dhúithche-se? Gabh anuas as sin feasta. Mharbh tu mo dhearbhráthair andé." "Gabh síos, a iall dubh agus ceangail é sin," ar san buachaill. D'fháisg an iall é i riocht nár fheud sé cor do chur as, agus gheall sé rud ar bith do'n buachaill - acht a anam shábháil. "Ní'l mé ag iarraidh dada ort acht iasacht an tsean- chloidhimh atá faoi do leapa." "Bhéarfaidh mé sin duit agus fáilte." Chuaidh sé asteach agus rug sé amach an cloidheamh leis. Bhí cloidheamh ag gach fear aca, agus uile chloidheamh is fearr 'ná a chéile. "Féach an cloidheamh sin ar na sé crainn is mó atá 'san gcoill, agus rachaidh sé tríotha gan maigheas (?) d'fhághail."
"Ní fheicim aon chrann ann san gcoill is mó ná is gránna 'ná thu féin," ar seisean, ag tarraing an chloidhimh, agus ag baint an chinn dé gur chuir sé seacht n-iomairidhe agus seacht n-eitrige ó'n gcolainn é. "O!" ar san ceann, "dá bhfághainn dul ar an gcolainn arís, agus fir an domhain ní bhfuighfeadh siad dí arís mé." "O! bhéarfaidh mise féin aire dhó sin," ar san buachaill. Nuair thiomáin sé na bath a-bhaile an oidhche sin, bhí iongantas ar na daoinibh nuair chonnairc siad an méad bainne do bhí aca. Dubhairt an duine uasal go raibh athrugadh eile ann san gcáthair an lá sin arís, mar nach gcualaidh sé acht aon gháir amháin, acht dubhairt an buachaill go bhfacaidh sé fear eile ag imtheacht an lá sin, agus gurab cosmhúil nach dtáinig sé ar ais go fóil. An lá ar na mhárach, chuaidh sé amach, agus thiomáin sé na muca agus na bath suas go dorus an halla, agus bhí sé ag cathadh síos na n-ubhall dóibh. Tháinig an tríomhadh fathach amach, an fear is sine aca, agus bhí sé lán-chothach 'r éis a dhá dhearbhráthair bheith marbh, agus bhí na fiacla do bhí ann a cheann ag deunamh maide-láimhe dhó. Dubhairt sé leis an mbuachaill teacht anuas, nach raibh fhios aige créad dheunfadh sé dhó 'r eís a dha dhearbhráthair do bheith marbh aige. "Tar anuas," ar sé, "go dtarraingidh mé faoi m' fhiaclaibh fada fuara thu." Agus is air do bhí na fiacla fada fuara gan bhréig! "Gabh anuas, a iall dubh, agus fáisg é sin go mbéidh na súile ag dul amach ar a cheann le neart-fáisgthe bhéarfas tu dhó." Léim an iall dubh uaidh, agus cheangail sé an fathach go raibh an dá shúil ag dul amach ar a cheann leis an bhfásgadh agus leis an teannadh do thug sé dhó, agus gheall ar fathach sin nídh ar bith do thabhairt dó, "acht spóráil m'anam," ar sé. "Ní'l mé acht ag iarraidh iasacht' an tsean-chloidhimh atá faoi do leapa," ar san buachaill. "Bíodh sé agad agus fáilte" ar san fathach. Chuaidh sé
asteach agus rug sé amach an cloidheamh leis. "Anois," ar san fathach, "buail an dá chnapán is gránna 'san gcoill, agus bainfidh an cloidheamh sin iad gan maoidheacht (?) d'fhághail." "Muire, maiseadh! ní fheicim aon chnapán ann san gcoill is gránna 'ná thu féin," ar san buachaill, "agus bhuail sé é gur chuir sé a cheann seacht n-iomairidhe agus seacht n-eitrige ó'n gcolainn." "Ochón go deó!" ar san ceann, "dá bhfághainn dul ar an gcolainn arís, - fir an domhain ní bhfuighfeadh siad de'n cholainn arís mé." "Bhéarfaidh mé féin aire dhó sin," ar san buachaill. Nuair tháinig sé a-bhaile an oidhche sin níor fheud na cúipéaraidh a sáith soitheach dheunamh dóibh, leis an méad bainne do bhí ag na bath (buaibh) do chongbháil, agus níor fheud na muca ithe, leis an méad úbhall do bhí ithte aca roimhe sin. Bhí sé seal mar sin ag buachailleacht na mbó, agus uile rud do bhí ann san gcaisleán bhí sé aige. Ní raibh duine ar bith ag dul anaice leis an gcaisleán mar bhí faitchios orra. Bhí dragún teineadh ann san tír sin, agus thigeadh sé uile sheacht mbliadhna, agus muna mbeitheadh bean óg réidh ceangailte roimhe, do chuirfeadh sé an fhairrge tríd an talamh, agus do sgriosfadh sé na daoine. Tháinig an lá a raibh an dragún le teacht, agus d'iarr an buachaill ar a mháighistir leigean dó dul chum na h-áite a raibh an dragún ag tigheacht. "Cad é an graitheach (gnó) atá agad ann sin," ar san máighistir, "béidh marcaigh agus cóistidhe agus daoine móra ann sin, agus béidh na sluaighte cruinnighthe le chéile ann, as gach uile áit; d'éiréochadh na capla ar do mhullach agus do bheitheá brúighte faoi na gcosaibh; agus is fearr duit fanamhaint 'san mbaile." "Fanfad," ar san gasúr; acht nuair fuair sé iad uile imthighthe, chuaidh sé go caisleán na trí fhathach, agus chuir sé diallaid ar an each is fearr do bhí aca, agus culaidh bhreágh
air féin, agus ghlac sé cloidheamh an cheud-fhathaigh ann a láimh agus chuaidh sé 'n áit a raibh an dragún. Bhí sé cosmhuil le aonach ann sin, leis an méad marcach agus cóiste agus capall agus daoine do bhí cruinnighthe ann. Bhí bean-uasal óg ceangailte do phosta ar bhruach na fairrge, agus í ag fanamhaint leis an dragún do theacht d'á slugadh. Is inghean an righ do bhí ann, mar nach nglacfadh an dragún bean ar bith eile. Nuair tháinig an dragún amach as an bhfairrge chuaidh an buachaill 'na aghaidh, agus throid siad le chéile agus bhí siad ag troid go dti an trathnóna, go raibh an dragún ag cur cúbhair thar a bheul, agus go raibh an fhairrge dearg le n-a chuid fola. D'iompaigh sé an dragún amach 'san bhfairrge faoi dheireadh. D'imthigh sé an sin agus dubhairt sé go bhfillfeadh sé an lá ar na mhárach. D'fhág sé an t-each arís 'san áit a bhfuair sé é, agus bhain sé an chulaidh bhreágh dhé, agus nuair d'fhill na daoine eile, bhí sé rompa. Nuair tháinig na daoine a- bhaile an oidhche sin bhí siad uile ag caint agus ag rádh go dtáinig gaisgidheach éigin do throid leis an dragún, agus do thionntaigh amach 'san bhfairrge é. 'Sé sin an sgeul do bhí ag uile dhuine, acht ní raibh fhios aca cia h-é an gaisgidheach do rinne é. An lá ar na mhárach, nuair bhí a mháighistir agus na daoine eile imthighthe, chuaidh sé go caisleán na trí fhathach arís, agus thóg sé amach each eile agus culaidh gaisge eile, agus thug sé leis cloidheamh an dara fathaigh, agus chuaidh sé chum na h-áite a raibh an dragún le teacht. Bhí inghean an righ ceangailte do'n phosta ar an tráigh ag fanamhaint leis, agus na súile ag dul amach ar a ceann ag feuchaint an bhfeicfeadh sí an gaisgidheach do throid an dragun an lá roimhe, ag teacht. Bhí dá uair an oiread daoine ann agus do bhí an lá eile, agus iad uile ag fanamhaint go bhfeicfeadh siad an gaisgidheach ag tigheacht. Nuair tháinig an dragún chuaidh an buachaill ann a eudan, acht bhí an dragún leath-shuaithte agus breóidhte 'r éis na troide do rinne sé an lá roimhe sin. Bhí siad ag bualadh a chéile go dti am
eadarthra, agus ann sin chuir sé an dragún chum bealaigh. D'iarr na daoine a chongbháil, acht níor fheud siad. D'imthigh sé uatha. Nuair tháinig a mháighistir a-bhaile an trathnóna sin, bhí an buachaill ann san teach roimhe. D'innis an máighistir dhó go dtáinig gaisgidheach eile an lá sin, agus gur chuir sé an dragún amach 'san bhfairrge; acht, stócaigh! ('s dóigh?) bhí an sgeul aige féin níos fearr 'ná aige-sean. An lá ar na mhárach, nuair bhí an duine-uasal imthighthe, chuaidh sé go cáthair na bhfathach, agus thug sé leis each eile agus culaidh eile, agus cloidheamh an tríomhadh fathaigh, agus nuair tháinig sé le troid leis an dragún, shaoil na daoine gur b'é gaisgidheach eile do bhí ann. Bhí sé féin agus an dragún ag gabháil dá' chéile ann sin agus niún (= deamhan?) a leithéid de throid chonnairc tu ariamh. Bhí sgiatháin ar an dragún agus nuair bhí sé d'á fhághail druidte (i.e. nuair bhí sé dul go cruaidh air) d'éirigh sé suas ann sna spéirthibh, agus do bhí sé ag greadadh agus ag bualadh an bhuachaill ann san gcloigionn go raibh sé beag-nach cráidhte. Chuimnigh sé ar an iall (éill) duibh ann sin, agus dubhairt sé, "a iall dubh, ceangail é sin chomh cruaidh sin go mbéidh siad ag éisteacht le na sgreadaoil ann san dá rann de'n domhan, leis an bhfásgadh bhéarfas tu dhó." Léim an iall dubh agus cheangail sí é, agus ann sin do bhain an buachaill an ceann dé, agus bhí an fhairrge dearg le n-a chuid fola, agus bhí na tonnta fola ag dul ar bhárr an uisge. Tháinig an buachaill chum na talmhan ann sin, agus d'iarr siad a chongbháil, acht d'imthigh sé uatha, agus mar bhí sé ag marcuigheacht thart do sgiob an bhean-uasal an bhróg dé. D'imthigh sé ann sin, agus d'fhág sé an t-each agus an cloidheamh agus an chulaidh gaisge ann san áit a bhfuair sé iad, agus nuair tháinig an duine-uasal agus na daoine eile a-bhaile bhí sé 'na shuidhe rompa ag an teine. D'fhiafruigh sé dhíobh cia an chaoi chuaidh an troid, agus d'innis siad dó gur mharbh an
gaisgidheach an dragún teineadh, acht go raibh sé imthighthe agus nach raibh fhios ag duine ar bith cia h-é. Nuair tháinig inghean an righ a-bhaile, dubhairt sí nach bpósfadh sí aon fhear go bráth acht an fear a d'fhóirfeadh an bhróg sin dó. Bhí mic righteadh agus daoine móra ag teacht ann sin, agus iad ag rádh gur b'iad féin do mharbh an dragún, acht dubhairt sise nach iad, muna bhfóirfeadh an bhróg dóibh. Bhí cuid aca ag baint na méar d'á gcosaibh, agus cuid ag baint giota de'n tsáil, agus cuid eile ag baint na h-ordóige dhíobh féin, ag feuchaint an bhfóirfeadh an bhróg dóibh. Ní raibh aon mhaith aca ann. Dubhairt inghean an righ nach bpósfadh sí fear ar bith aca. Chuir sí saighdiúraidh amach ann sin, agus an bhróg leó, le féachaint an bhfóirfeadh sí do dhuine ar bith. Uile dhuine, bocht agus saidhbhir, budh chuma cá 'r b'as é, chaithfeadh sé an bhróg fhéachaint air. Bhí an buachaill sínte, 'na luidhe ar an bhféur, nuair tháinig na saighdiúraidh, agus nuair chonnairc siad é dubhairt siad leis "taisbéan do chos." "O! na bí ag magadh fum-sa," ar sé. "Tá ordughadh againn-ne," ar siad-san, "agus ní thig linn gan an bhróg fhéachaint ar uile dhuine, bocht agus saidhbhir, agus sín amach do chos." Rinne se sin, agus d'imthigh an bhróg asteach ar a chois, ar an móimid. Dubhairt siad leis go gcaith- feadh sé teacht leó. "O! éist liom" (i. e. tabhair am dam) ar sé, "go ngléusaim mé féin." Chuaidh sé go cáthair na bhfathach agus chuir sé culaidh bhreágh úr air, agus d'imthigh sé leó ann sin. Sin í an áit a raibh an fháilte roimhe, agus é chomh gléusta le duine ar bith aca. Bhí bainfheis aca ar feadh trí lá agus trí oidhche.
Fuair siad-san an t-áth agus mise an lochán. Báitheadh iad agus tháinig mise. Agus mar tá sé agam-sa anocht ná raibh sé agaibh-se an oidhche amárach, agus má bhíonn sé féin, na caill- eadh sibh leis acht na cúl-fhiacla. XIV Coirnín na h-Aitine. A bhfad ó shoin, ann san t-sean-aimsir, bhí baintreabhach darab ainm Brighid Ni Ghrádaigh, 'na cómhnuidhe i gcondaé na Gaill- imhe. Bhí aon mhac amháin aici dar bh' ainm Tadhg. Rugadh é mí tar éis báis a athar ameasg coille bige aitinne do bhí ag fás ar thaoibh chnuic i ngar do'n tigh. Ar an ádhbhar sin, gháir na daoine Coirnín na h-Aitinne mar leas-ainm air. Tháinig tinneas obann ar an mnaoi bhoicht nuair bhí sí ag seóladh na mbó suas ar thaoibh an chnuic. Nuair rugadh Tadhg, bhí sé 'na naoidheanán breágh, agus mhéadaigh sé go maith go raibh sé ceithre bliadhna d'aois, acht ó'n am sin amach níor fhás sé ordlach go raibh sé trí bliadhna deug, no níor chuir sé cos faoi le coiscéim do shiúbhal, acht d'fheudfadh sé imtheacht go tapa go leór ar a dhá láimh agus ar a thaoibh shiar, agus dá gcluinfeadh sé aon duine ag teacht chum an tighe, so bhuailfeadh sé a dhá láimh faoi, agus do rachadh sé d'aon léim amháin ó'n teine go dti an doras; agus do chuirfeadh ceud míle fáilte roimh an té tháinig. Bhí gean mór ag aois óig an bhaile air, mar do gheibheadh siad greann mór as, uile oidhche. O'n am bhí sé seacht mbliadhna d'aois, bhí sé deas-lámhach agus úsáideach d'á mháthair agus d'á mháthair-mhóir do bhí 'na cómhnuidhe i n-aon tigh leis. Ann san bhfóghmhar, théidheadh sé ar a lámhaibh agus ar a thaoibh-shiar, suas ar thaoibh an chnuic agus bhidheadh ag ithe bláth na h-aitinne mar ghabhar.
Bhí abhann bheag ann, idir an teach agus an cnoc, agus do rachadh sé de léim thar an abhainn chomh h-aérach le geirrfh- iadh. Budh shean-ghogaide an mháthair-mhór. Bhí sí bodhar agus beag-nach balbh, agus b' iomdha troid do bhidheadh aici féin agus ag Tadhg. Aon lá amháin, dubhairt an mháthair le Tadhg, "caithfidh mé, a Thaidhgín, tóin leathair chur ar do bhrístibh; tá mé sgriosta ag ceannach bréidín, agus nuair bhéidheas sé deunta agam caithfidh tu dul go tailliúr le ceird d'fhóghluim." "Dar m'fhocal," ar sa Tadhg, "ní h-é sin an cheird bhéidheas agam. Ní'l ann san tailiúr acht an naomhadh cuid d'fhear. Má thugann tu ceird ar bith dham, deun píobaire dhíom, tá spéis mhór agam ann san gceól." "Bíodh mar sin," ar san mháthair. An lá 'na dhiaigh sin, chuaidh sí chum an bhaile mhóir leis an leathar d'fhághail agus nuair fuair buachaillidh beaga an bhaile go raibh an mháthair imthighthe, fuaradar poc gabhair do bhí ag Paidín Bacach O Ceallaigh, agus chuir siad Coirnín ag mar- cuigheacht air. As go bráth leis an bpoc, ag meigilt chomh h-árd agus d'fheud sé, agus Coirnín ar a mhuin ag sgreadaoil mar dhuine as a chéill, le faitchios go dtuitfeadh sé, agus buachaillidh an bhaile 'na dhiaigh. Thug an poc aghaidh ar bhothán Pháidín, agus nuair chonnairc Páidín an poc agus a mharcach ag teacht, shaoil sé gur b'é an sean-bhuachaill do bhí ag teacht 'na choinne. Níor shiúbhail Páidín coiscéim le seacht mbliadhanaibh roimhe sin, acht nuair chonnairc sé an poc ag teacht asteach ar an doras, chuaidh sé d'aon léim amháin amach ar an bhfuinneóig, agus gháir sé ar na cómharsannaibh é do shábháil ó'n diabhal do bhí 'na dhiaigh. Bhí na buachaillidh ag gáiridhe agus ag greadadh bos gur chuir siad an poc ar mire, agus amach arís leis, as an teach. Nuair chonnairc Páidín é ag teacht an dara uair, as go bráth leis, agus an poc agus Coirnín ar a mhuin 'na dhiaigh. Bhí
adharca fada ar an bpoc, agus bhí greim an fhir bháidhte ag Coirnín orra. Thug Páidín aghaidh ar Ghaillimh, agus an poc d'á leanamhaint. D'éirigh an gháir agus tháinig daoine na mbailteadh ar gach taoibh de'n bóthar amach, agus a leitheid de ghárthaoil ní raibh ariamh i gcondaé na Gaillimhe. Níor stad Páidín go ndeachaidh sé asteach i gcáthair na Gail- limhe agus an poc agus a mharcach le na shálaibh. Budh lá margaidh é agus bhí na sráideanna líonta le daoinibh. Thosaigh Páidín ag glaodhach agus ag gárthaoil ar na daoinibh é do shábháil agus bhí siad-san ag deunamh magaidh faoi. Chuaidh sé suas sráid agus anuas sraid eile, agus bhí ag imtheacht go raibh an ghrian ag dul faoi 'san trathnóna. Chonnairc Coirnín úbhla breágha ar chlár, agus sean-bhean anaice leó, agus tháinig dúil mhór air, cuid de na h-úbhlaibh do bheith aige. Sgaoil sé a ghreim ar adharcaibh an phuic agus chuaidh de léim ar chlár na n-úbhall. As go bráth leis an t-sean- bhean agus d'fhág sí na h-úbhla 'na diaigh, oir bhí sí leath- mharbh leis an sgannradh. Níor bhfada bhí Coirnín ag ithe na n-úbhall nuair tháinig a mháthair i láthair, agus nuair chonnairc si Coirnín, ghearr sí lorg na croise uirri féin, agus dubhairt, "i n-ainm Dé, a Choirnín, cad do thug ann so thu?" "Fiafruigh sin de Pháidín O Ceallaigh agus d'á phoc gabhair, tá an t-ádh ort a mháthair, nach bhfuil mo mhuineul briste." Chuir sí Coirnín asteach ann a práisge agus thug aghaidh ar an mbaile. Acht is aisteach an nidh thárla do Pháidín O Ceallaigh. Nuair sgar Coirnín leis an bpoc lean sé Páidín amach ar an mbóthar mór, tháinig suas leis, chuir a dhá adhairc faoi, chaith ar a dhruim é, agus níor sheas go dtáinig sé a-bhaile. Thuirling Páidín ag an doras, agus thuit an poc marbh ar an tairsigh. Chuaidh Páidín 'na chodhladh, óir bhí sé leath-mharbh agus bhi sé mall 'san oidhche, agus nuair d'éirigh sé ar maidin, ní raibh an poc le fághail beó ná marbh, agus dubhairt na daoine uile go mbudh
poc draoidheachta do bhí ann. Ar chaoi ar bith thug sé coisidh- eacht do Pháidín O Ceallaigh, rud nach raibh aige le seacht mbliadhnaibh roimhe sin. Chuaidh an sgeul tríd an tír, go gcualaidh gach uile fear bean agus páiste i gcondaé na Gaillimhe é, agus is iomdha cur-síos do bhí air, roimh trathnóna an laé sin. Dubhairt cuid gur poc draoidheachta do bhí i bpoc Pháidín, agus go raibh sé rann- pháirteach leis; dubhairt cuid eile go mbudh fear sidhe Coirnín, agus go mbudh chóir a dhóghadh. An oidhche sin, d'innis Coirnín uile nídh i dtaoibh na caoi do thug an poc go Gaillimh é, agus tháinig na buachaillidh go teach Bhríghid Ni Ghrádaigh agus bhí greann mór aca ag éisteacht le Coirnín ag innsint i dtaoibh na marcuigheachta do bhí aige go Gaillimh ar mhuin phuic Pháidín Ui Cheallaigh, agus gach nídh thárla leis ar feadh an laé. An oidhche sin, nuair chuaidh Coirnín ar a leabuidh, tháinig brón éigin air, agus i n-áit codalta thosaigh sé ag seitríl. D'fhiaf- ruigh a mháthair dhé créad do bhí air. Dubhairt seisean nach raibh fhios aige. "Ní'l ort acht seafóid," ar sise, "stop do chuid seitríl agus leig dúinn codladh," acht níor stop sé go maidin. Ar maidin níor fheud sé greim d'ithe, agus dubhairt sé le na mháthair "rachad amach, go bfeicfidh mé an ndeunfaidh an t-aér maith dham." "B'éidir go ndeunfadh," ar sise. Leis sin, bhuail sé a dhá láimh faoi, agus chuaidh d'aon léim amháin go dti an doras, agus amach leis. Thug sé aghaidh ar na h-aiteannaibh, agus níor stad go ndeachaidh sí asteach 'na measg. Shín sé é féin idir dá sgeach agus níor bhfada go raibh sé 'na chodladh. Bhí brionglóid aige go raibh an poc le n-a thaoibh, ag iarraidh caint do chuir air. Dhúisigh sé acht i n-áit an phuic bhí fear breágh gruagach taobh leis, agus dubhairt sé, "a Choirnín, ná bidheadh eagla ort rómham-sa, is carad mé, agus tá mé ann so le cómhairle do leasa do thabhairt duit, má ghlacann tu uaim í. Tá tu do chláiríneach ó rugadh thu, agus do chúis-
mhagaidh ag buachaillibh an bhaile. Is mise an poc gabhair do thug go Gaillimh thu, acht tá mé athruighthe anois go dti an riocht ann a bhfeiceann tu mé. Ní fheudfainn an t-athrughadh d'fhághail go dtugfainn an mharcuigheacht sin duit, agus anois tá cúmhacht mhór agam. D'fheudfainn do leasughadh ar ball, acht déarfadh na cómharsanna go raibh tu rann-pháirteach leis na sidhe, agus ní fheudfá an bharamhail sin bhaint díobh. Tá tu do shuidhe anois go díreach ann san áit ar rugadh thu, agus tá pota óir i bfoigseacht troithe dod' thaoibh-shiar, acht ní'l tu le baint leis go fóil, mar ní fheudfá úsáid mhaith do dheunamh dhé. Teirigh a-bhaile anois agus ar maidin amárach, abair le do mháth- air go raibh brionglóid bhreágh agad go raibh luibh ag fás le cois na h-aibhne do bhéarfadh siúbhal agus lúth dhuit; abair an rud ceudna léithe trí mhaidin andhiaigh a chéile agus creidfidh sí go bhfuil sé fíor. Nuair rachas tu ag tóruigheacht na luibhe, geobhaidh tu í ag fás taobh-shíos dé'n chloich mhóir nigheacháin atá ag bruach na h-aibhne; tabhair leat í agus bruith í, agus ól an súgh, agus béidh tu ionnán rása do rith anaghaidh buachaill ar bith ann san bparráiste. Béidh iongantas ar na daoinibh i dtos- ach, acht ní mhairfidh sin a-bhfad. Béidh tu trí bliadhna déag an lá sin. Tar 'san oidhche chum na h-áite seo, béidh an pota óir tógtha agam-sa, acht ar do bheatha, congbhaigh d'inntinn agad féin, agus ná h-innis do dhuine ar bith go bhfacaidh tu mise. Imthigh anois, slán leat." Gheall Coirnín go ndeunfadh sé gach nídh dubhairt an gruag- ach beag leis, agus tháinig sé a-bhaile lúthgháireach go leór. Bhreathnaigh an mháthair nach raibh sé chomh gruamach agus bhí sé sul ma ndeachaidh sé amach, agus dubhairt sí, "saoilim, a mhic, go ndearnaidh an t-aér maith dhuit." "Rinne go deimhin," ar seisean, "agus tabhair rud le n'ithe dham anois." An oidhche sin, i n-áit do bheith ag seitríl, chodail sé go breágh, agus ar maidin dubhairt sé le n-a mháthair, "bhí brionglóid bhreágh agam aréir, a mháthair."
"Ná tabhair aon áird ar bhrionglóid," ar san mháthair "is contrálta tuiteann siad amach." Chaith Coirnín an lá ag smuaineadh ar an gcómhrádh do bhí aige leis an ngruagach beag, agus ar an saidhbreas mór do bhí le fághail aige. Ar maidin, lá ar na mhárach, dubhairt sé le n-a mháthair, "bhí an bhrionglóíd bhreágh sin agam aréir arís." "Go méadaighidh Dia an mhaith, agus go laghdaighidh sé an t-olc," ar san mháthair, "chualaidh mé go minic dá mbeidh- eadh an bhrionglóid chéadna ag duine trí oidhche andhiaigh a chéile, go mbeidheadh sí fíor." An tríomhadh maidin, d'éirigh Coirnín go moch agus dubhairt sé le n-a mháthair, "bhí an bhrionglóid bhreágh sin agam aréir arís, agus ó thárla go dtáinig sé chugam trí oidhche andhiaigh a chéile, rachaidh mé le feuchaint bhfuil aon fhírinn innti. Chon- nairc mé luibh ann mo bhrionglóid do bhéarfadh mo shiúbhal agus mo lúth dham." "An bhfacaidh tu ann san mbrionglóid cá raibh an luibh ag fás?" ar san mháthair. "Chonnarcas go deimhin," ar seisean, "tá sí ag fás taobh leis an gcloich mhóir nigheacháin atá ar bhruach na h-aibhne." "Go deimhin, ní'l aon luibh ag fás anaice leis an gcloich nigh- eacháin," ar san mháthair, "bhí mé 'san áit sin go minic agus ní fheudfadh sí bheith ann a gan fhios dam." "B'éidir gur fhás sí ann ó shoin," ar sa Coirnín, "agus rachaidh mise dá tóraigheacht." Bhuail sé a dhá láimh faoi, agus chuaidh d'aon léim amháin go dti an doras, agus amach leis. Níor bhfada go raibh sé ag an gcloich nigheacháin, agus fuair sé an luibh. Thug sé léimeanna mar fhiadh a mbeidheadh gadhar 'gá leanamhaint, ag teacht a-bhaile le teann-lúthgháire. "A mháthair," ar seisean, "b'fhíor dam mo bhrionglóid, fuair mé an luibh. Cuir síos dam an pota agus bruith dham é." Chuir an mháthair an luibh 'san bpota, agus timchioll cárta
uisge leis, agus nuair bhí sí bruithte agus an sugh fuar, d'ól Coirnín é. Ní raibh sé móimid ann a bholg nuair sheas sé suas ar a chosaibh agus thosaigh sé ag rith suas agus anuas. Bhí ion- gantas mór ar a mháthair. Thosaigh sí ag tabhairt míle glóir agus altughadh do Dhia; ann sin gháir sí ar na cómarsannaibh agus d'innis dóibh brionglóid Choirnín, agus an chaoi fuair sé úsáid a chos. Bhí luthgháire mhór orra uile, mar bhí Brighid ni Ghrádaigh 'na cómharsain mhaith agus bhí meas aca uile uirri. An oidhche sin, chruinnigh buachaillidh an bhaile asteach le luthgháire do dheunamh le Coirnín agus le n-a mháthair. Nuair bhíodar uile ag cómhrádh cia shiúbhalfadh asteach acht Páidín O Ceallaigh. Bhí siad uile ag caint faoi an gcaoi do fuair Coirnín a shiúbal agus lúth a chnámh. "Go deimhin is damh-sa budh chóir dhó bheith buidheach, 'sé an crathadh do thug mo phoc-gabhair-se dhó, do rinne an obair, agus tá fhios ag uile dhuine go dtug an mharcuigheacht do rinne sé, usáid mo chos ar ais dam féin. Och mo bhrón, go bhfuair mo phoc breágh bás!" "Thug tu h-éitheach," ar Coirnín, "'sí an luibh do léigheas- aigh mé. Rinne mé brionglóid trí oidhche andhiaigh a chéile go leighséochadh an luibh mé, agus tig le mo mháthair a chro- thughadh - go raibh mé mo chláirineach tar éis mo theacht ó Ghaillimh, gur ól mé súgh na luibhe." "D'fheudfainn mo mhionna thabhairt go bhfuil mo mhac ag innsint na fírinne glaine," ar san mháthar. Ann sin thosaigh cách ag deunamh magaidh faoi Pháidín, gur imthigh sé amach. Chuaidh gach uile nídh go maith le Coirnín agus le n-a mháthair 'na dhiaigh seó. Aon oidhche amháin nuair chuaidh an mháthair agus na cómharsanna 'na gcodladh, chuaidh Coirnín chum na h-aitinne. Bhí a charad, an gruagach beag, ann sin roimhe, agus bhí an pota óir réidh dhó.
"seó dhuit anois an pota óir, cuir i dtaisge é i n-áit ar bith is toil leat, tá an oiread ann agus dheunfas duit fad do bheatha." "Saoilim go bhfágfaidh mé é ann san bpoll a raibh sé ann," ar sa Coirnín, "acht béarfaidh mé roinn dé a-bhaile liom." "Ná tabhair leat fós é, acht bíodh brionglóid eile agad mar bhí agad cheana, agus 'na dhiaigh sin, tig leat roinn dé do thabhairt leat. Ceannaigh an talamh so agus cuir teach ar bonn ann san mball ar rugadh thu agus ní fheicfidh tu féin, ná aon duine i n-aon tigh leat, lá bocht fad do bheatha. Slán leat anois, ní fheicfidh tu mé níos mó." Chuir Coirnín an pota síos ann san bpoll, agus créafóg os a chionn, agus tháinig sé a-bhaile. Ar maidin, dubhairt sé le n-a mháthair: "bhí brionglóid eile agam aréir, acht ní innseóchaidh mé dhuit-se í go bhfeicfidh mé an mbéidh sí agam trí oidhche andhiaigh a chéile." An dara maidin dubhairt sé "bhí an bhrionglóid agam aréir arís," agus an treas maidin, dubhairt sé léithe "tá mo bhrion- glóid fíor anois gan amhras, bhí sí agam aréir go díreach mar bhí sí agam an dá uair eile; sin trí uaire andhiaigh a chéile, agus tig liom é seó innseacht duit nach bhfeicfidh tu lá bocht fad do bheatha, acht ní thig liom aon rud eile do rádh leat d'á thaoibh." An oidhche sin, chuaidh sé chum an phota óir, agus thug lán sporáin dé abhaile leis, agus ar maidin thug sé do 'n mháthair é. "Tá níos mó," a deir sé, "ann san áit a dtáinig sin as, agus geobhaidh mé dhuit é nuair bhéidheas sé ag teastál uait, acht ná cuir aon cheist orm d'á thaoibh." Níor bhfada 'na dhiaigh seo, gur cheannaigh Brighid ni Ghrád- aigh bó-bhainne agus chuir ar feurach é. Chuaidh sí fein agus Coirnín ar aghaidh go maith, agus nuair bhí sé fiche bliadhain d'aois, cheannaigh sé gabháltas mór talmhan timchioll na h-ait- inne, agus chuir teach breágh ar bonn ar an mball ar rugadh é.
Seal gearr 'na dhiaigh sin phós sé bean. Bhí muiríghin mhór aige, agus nuair fuair sé bás le sean-aois, d'fhág sé ór agus airgiod ag a chloinn, agus ní fhacaidh aon duine do chómhnaigh ann san tigh sin lá bocht ariamh. XV Cúmhdach na bhfeadóg. Bean do bhí ann agus bhí triur mac aici. Dubhairt an cheud- mhac go raibh sé fada go leór ann san mbaile agus go mbudh mhithid dó dul ag tóruigheacht fortúin. "Maith go leór," ar san mháthair, "maith go leór, a mhic," ar sise, "tig leat bheith ag siubhal ar maidin amárach." An lá ar na mhárach, rinne an mháthair cáca, agus nuair bhí sé réidh le bheith ag imtheacht, dubhairt sí leis, "cia aca is fearr leat, a mhic," ar sí, "an leath beag le mo bheannacht, no an leath mór agus mo mhallacht?" "O maiseadh," ar sé, "'s fearr liom an leath mór pé ar bith rud chuirfeas tu leis." Thug sí an leath mór dó ann sin, agus chuir sé ann a mhála é, agus d'imthigh sé, agus d'fhan sise ann san dorus ag cur mallacht 'na dhiaigh go raibh sé imthighthe as amharc. Bhí sé ag imtheacht ann sin go raibh sé tuirseach, agus nuair bhí an meadhon laé ann, tháinig sé go bruach coille, agus bhí páirc bhán ann sin ar bhruach na coille, agus tobar faoi chrann ann san gcoirnéall. "Maith mar thárla," ar sé leis féin, "suidhfidh mé ann so ag an tobar agus íosfaidh mé greim, ó tá mé sáruighthe agus tá ocras orm." Shuidh sé ag an tobar agus nuair dhearc sé asteach ann, chonnairc sé go raibh uachtar meala agus íochtar fola ann. Tharraing sé amach a cháca agus thosaigh sé ag ithe, nuair tháinig coileán beag madaidh an taobh shiar dé agus d'iarr cuid d'á cháca air. "Go deimhin, ní thiúbhraidh mise dhuit greim
ar bith beag na mór dé," ar seisean. D'imthigh an coileán madaidh agus chuir sé a ruball (earball) ann san tobar, agus rinne sé uachtar fola agus íochtar meala dhé. "B' fhearrde thu," adeir se, "dá dtiubhrá dham an greim d'iarr mé ort." D'imthigh an mac roimhe ann sin ann san t-saoghal, ag iarraidh fortúin, agus tháinig sé go teach mór a raibh feilméar ann. "Créad tá tu ag iarraidh?" ar san feilméar leis. "Tá mé ag iarraidh seirbhís," ar sé. "An maith an buachaill aimsire thu?" ar san feilméar. "Go reusúnta," ar seisean, "déanfaidh mé aon rud is féidir liom." "Maith go leór," ar san fear an tighe, "acht sé an margadh dheunfas mise leat, muna bhfuil tu ionnánn an obair bhéarfas mise dhuit dheunamh, bainfidh mé do chloigionn díot." Rinne siad an margadh sin le chéile. Fuair sé suipéar maith ann sin, agus leaba, agus d'imthigh sé 'na chodladh. Ar maidin, an lá ar na mhárach, d'éirigh sé, agus nuair bhí a bhréacfast ithte aige, thug an feilméar amach é go dti stábla do bhí aige. D' fhosgail sé an doras, agus créad d'imthigh amach as acht dá fheadóig déag. "Is é an obair bheirim-se dhuit," ar sé, "iad sin do chúmhdach ar feadh an laé agus iad do thiomáint abhaile leat 'san trathnóna." Leis sin, d'fhág sé é. "O maiseadh," ar san buachaill, "sin obair tá cliste orm do dheunamh, tá mé caillte," adeir sé. D'imthigh na feadóga uaidh, agus bhí sé 'gá leanamhaint, acht níor bhfada go raibh siad eile as a radharc, agus bhí mo dhuine bocht sáruighthe d'á n-iarraidh. B'éigin dó teacht a-bhaile gan iad 'san trathnóna agus baineadh an ceann dé. Anois bliadhain 'na dhiaigh sin, dubhairt an dara mac go rachadh sé féin ag iarraidh fortúin, agus fuair an mháthair cáca réidh dhó, agus d'fhiafruigh sí dhé cia aca b'fhearr leis, an leath beag le n-a beannacht no an leath mór le na mallacht. "O tabhair dham an leath mór," ar seisean, "cia bé ar bith rud, beannacht
no mallacht, chuirfeas tu leis." D'imthigh sé ann sin agus sheas an mháthair ag cur mallacht 'na dhiaigh go raibh sé as amharc. Nuair tháinig sé go dti an tobar a raibh uachtar meala agus íochtar fola ann, tháinig an coileán madaidh agus d'iarr greim air, agus ní bhfuair sé é, agus chuir sé a ruball 'san tobar go ndearnaidh sé uachtar fola agus íochtar meala dhé. Tháinig sé roimhe, ann sin, go dti teach an fheilméir cheudna a raibh a dhearbhráthair ann, agus rinne fear an tighe an margadh ceudna leis, agus nuair nár fheud sé na feadóga do chúmhdach baineadh an ceann dé. Anois bliadhain 'na dhiaigh sin, dubhairt an mac is óige leis an mháthair, "is mithid damh-sa, a mháthair," ar sé, "bheith ag imtheacht anois ag tóruigheacht fortúin dam féin." "Tig leat, a mhic," ar sise, "fan go dti an lá amárach, agus tig leat imtheacht ann sin," ar sise. Ar maidin, an lá ar na mhárach, rinne sí cáca, agus d'fhiafraigh sí dhé, "cia aca is fearr leat, an leath mór agus mo mhallacht, no an leath beag agus mo bheannacht." "B'fhearr liom," ar seisean, "an leath beag agus do bheannacht." "Geobhaidh tu sin, a mhic," ar sise. D'imthigh sé ann sin, agus sheas sise ag cur beannacht 'na dhiaigh go raibh sé as amharc. Bhí sé ag coisidheacht ann sin go raibh meadhon an laé ann, agus go dtáinig sé go dti an tobar a raibh uachtar meala agus íochtar fola ann. Shuidh sé ann sin agus tharraing sé amach a cháca. Tháinig an coileán madaidh taobh shiar dé agus d'iarr sé deoch agus blogam air. "O ní deoch ná blogam bhéarfas mé dhuit," ar seisean, "acht gabh ann so chugam agus ith do chuid mar mé féin. Roinnfidh mé leat an méad atá agam." "Croidhe na féile thu," ar san coileán madaidh, "agus ní misde thu." D'itheadar agus d'óladar a sáith le chéile ann sin. Nuair d'éirigh sé suas ann sin le bheith ag imtheacht, dubhairt an madadh beag leis, "tá tu dul ag iarraidh fortúin, mar d'imthigh do bheirt dhearbhráthair rómhat. Tiucfaidh tu go
teach mór, agus iarrfaidh fear an tighe an rachaidh tu ar aimsir leis. Bhí do bheirt dhearbhráthair ann san tigh sin rómhad, agus nuair nár fheudadar a n-obair do dheunamh do baineadh na cinn díobh. Sí an obair bhéarfas fear an tighe dhuit le deunamh dá fheadóig deug do chúmhdach agus do thabhairt a-bhaile leat 'san trathnóna. Ní fheudfá sin do dheunamh gan congnamh. Seó fídeóigín bheag duit. Séid í, agus tiucfaidh na feadóga chugad, acht ar d'anam, ná sgar léithe, no caillfidhear thu." D'imthigh an madadh uaidh ann sin. Chuaidh an buachaill ar aghaidh, agus bhí sé ag imtheacht agus ag síor-imtheacht, go dtáinig sé chomh fada leis an teach mór, agus tháinig fear an tighe amach agus d'fhiafruigh sé dhé créad do bhí sé ag iarraidh. "Tá mé ag iarraidh aimsire," ar seisean. "Créad is féidir leat do dheunamh?" "Obair ar bith bhéarfas tu dham le deunamh, deunfaidh mise mo dhíthchioll leis," ar seisean. "Seó é an margadh dheunfas mise leat," ar san fear an tighe, "muna bhfuil tu ionnánn an obair bhéarfas mise dhuit do dheunamh bainfidh mise an cloigionn díot." "Agus má tá mé ionnánn a dheunamh," ar san buachaill, "bhéarfaidh tusa cead dam an cloigionn do bhaint díot-sa?" "Ní thiúbhrad go deimhin," ar seisean, "acht bhéarfaidh mé luach do shaothair go maith dhuit." Rinne siad an margadh, agus shocraigh siad le chéile mar sin, agus fuair an buachaill a shuipéar agus leabuidh mhaith, agus chuaidh sé 'na chodladh. Ar maidin, an lá ar na mhárach, nuair raibh a bhréacfast ithte aige, thug an feilméar amach chum an stábla é, agus d' fhosgail sé an doras agus d'imthigh an dá fheadóig deug amach as ar an móimid; agus suas san aer leó. "'Sí an obair atá agad le deunamh andiú, iad sin do chumhdach," ar san feilméar, "agus bíodh siad uile agad ar dteacht duit 'san trathnóna no bainfidh mise an ceann díot." D'imthigh sé ann sin uaidh.
Nuair bhí sé as amharc tharraing an buachaill a fhídeóg amach, agus shéid sé í, agus tháinig na feadóga uile 'na thim- chioll. "Ná téidhidh ró fhada uaim anois," ar seisean. Tháinig searbhfhóghanta amach chuige le n-a dhinéar. Nuair bhí sé ithte aige agus an searbhfhóghanta imthighthe, shéid sé an fhídeóg agus tháinig na feadóga 'na thimchioll. "Ná teirigh ró fhada uaim," ar seisean. Nuair bhí sé dul a-bhaile 'san trathnóna ann sin, shéid sé an fhídeóg arís agus bhailigh sé iad uile le chéile, agus nuair chonnairc an feilméar agus muinntir an tighe é ag teacht, do bhí iongantas an domhain orra uile, an dá fheadóig deug do bheith leis. "Feicim go bhfuil d'obair deunta agad an uair seo," ar san feilméar leis. "O! tá; níor dhoiligh é," ar seisean. Fuair sé a shuipéar an oidhche sin agus chuaidh sé chum a leabuidh. Anois bhí iongantas mór ar an bhfeilméar agus ar a mhnaoi cia an chaoi ar fheud sé na feadóga thabhairt a-bhaile leis, agus bhí siad ag deunamh cómhairle le chéile ar feadh na h-oidhche créad dheunfadh siad le fághail amach cia an sórt ruid do bhí aige leis na feadóga do chruinniughadh. An lá ar n-a mhárach, nuair bhí sé ag cúmhdach na bhfeadóg, timchioll an mheadhon-laé, chuir siad a n-inghean óg amach chuige le na dhinéar. Nuair bhí sé ag ithe bhí sise ag caint leis, agus d'fhiafruigh sí dhé cia an chaoi ar fheud sé na feadóga fiadháine sin do chruinniughadh. "Leis an bhfídeóig bhig seo," ar seisean, 'gá tarraing amach, "fan go fóil go mbéidh mo dhinéar ithte agam agus taisbeán- faidh mé dhuit mar thiucfas siad nuair shéidfidh mé i." Nuair bhí a dhinéar ithte aige ann sin, shéid sé an fhídeóg agus tháinig na feadóga 'na thimchioll. "Cruinnighim iad dá uair 'san lá," ar seisean, "'san meadhon-laé ar eagla go rachfaidís ro fhada uaim, agus arís ar dteacht a-bhaile san trathnóna dham." D'imthigh an inghean a-bhaile, agus d'innis sí dhóibh go raibh
fídeóg ag an mbuachaill , agus gur chruinnigh sé na feadóga léithe. "Caithfimid a fághail uaidh," ar siad-san. Nuair tháinig sé a-bhaile an oidhche sin, dubhairt an máighistir go mbfearr leis dá ndíolfadh sé an fhídeóg do bhí aige, agus go bhfeudfadh a bhean féin dul ag cúmhdach na bhfeadóg, agus nach mbeidheadh dada aige-sean le deunamh. "O!" ar seisean, "ní maith liom sgaramhaint léithe." Dubhairt an bhean ann sin, go rachadh sí féin agus go gceannóchadh sí uaidh í. Bean bhreágh sgiamhach do bhí innti, Chuaidh sí féin chuige an lá ar n-a mhárach le n-a dhinéar, agus dubhairt sí leis gur chualaidh sí ó'n inghin go raibh fídeóg aige do chruinneóchadh na feadóga. "Tá," ar seisean. "Nach dtais- beánfá dham í," ar sise. Tharraing sé amach é, agus thaisbeán sé dhi í. "Nach ndiolfá liom í?" ar sise. "Go deimhin, ní raibh sí le díol agam," ar seisean, "acht créad do bhéarfá dham uirri?" "Bhéarfainn cúig punta dhuit," ar sise. "Ní thiubhrainn uaim i," ar seisean. "Bhéarfaidh mé deich bpunta dhuit," ar sise. "Ní thiúbhrad," ar seisean. "Bhéarfad leith-cheud punta," ar sise. "Ní thiúbhrad," ar seisean. D'imthigh sí a-bhaile, agus chruinnigh sé na feadóga agus thiomáin sé iad a-bhaile leis an oidhche sin. An lá ar na mhárach, tháinig sí chuige arís le n-a dhinéar, agus thairg sí ceud púnta dhó ar an bhfídeóig. "Ní'l m' fhídeóg le díol agam chor ar bith," ar seisean. Bhí fearg ar an bhfear nuair tháinig an bhean a-bhaile chuige gan an fhídeóig. An lá ar n-a mhárach, tháinig sí chuige arís le n-a dhinéar. "Innseóchaidh mé dhuit," a-deir sí, "créad dheunfas mé leat. Bhéarfaidh mé dá cheud punta dhuit ar d' fhídeóig, agus aguisín." "Cad é an t-aguisín?" ar seisean.
"Cead bheith do m' phógadh ar feadh leath-uaire," ar sise. "Caithfidh mé an t-aguisín fhághail i dtosach," ar seisean. Fuair sé an t-aguisin. "Anois," ar sise, "tabhair dam an fhídeóg." "Go deimhin, ní thiúbhrad," ar seisean, "ní'l baoghal orm a tabhairt duit, dubhairt mé leat cheana nach raibh sí le díol." B'éigin dí dul a-bhaile mar sin gan aon fhídeóig. Bhí fearg mhór uirri, agus dubhairt sí le n-a fear, "an bitheamhnach bradach sin do tháinig ann so," ar sí, "ní thig liom seasamh leis. Díbir as an áit é, ar fad, é féin agus a fhídeóg. Ní bhéidh mé ag amharc air níos mó." Nuair tháinig an buachaill a-bhaile le n'a chuid feadóg an oidhche sin, dubhairt an máighistir leis, nach raibh aon bhua- chaill-aimsire ag teastál uaidh níos mó. "Bí 'g imtheacht uaim," ar sé. "Rinne mé an obair do thug tu dham le deunamh, agus rinne mé go maith í" ar san buachaill, "agus gheall tu luach-saothair maith dham. Caithfidh mé lán dá mhála óir fhághail uait, agus a gcur ar an tsean-láir sin." Dhiúltaigh sé sin dó, acht faoi dheireadh, nuair sheas sé amach go teann, thug sé mála óir dó. D'imthigh an buachaill ann sin, tháinig sé a-bhaile chuig a mháthair, agus bhí sé 'na fhear saidhbhir ó'n lá sin. XVI Mar fuair Diarmuid a bhall-seirc. D'imthigh Diarmuid agus Conán agus Goll agus Osgar, an ceathrar, ag fiadhach, lá, agus d'imthigheadar chomh fada sin ó'n mbaile nach rabhadar ionánn tarraingt a-bhaile, an trathnóna.
Chaitheadar tosach na h-oidche astigh 'san gcoill. Bhí siad ag siúbhal na coille agus ag baint toraidh dhí, agus 'gá ithe. Nuair dhírigh sé amach ann san meadhon-oidhche, chonnairc siad solus uatha ann san gcoill, agus rinneadar ar an solus. Fuair siad teach beag rómpa, agus bhí an solus ag teacht as. Thángadar asteach ann, agus an sean-fhear do bhí ann san gclúid, chuir sé ceud míle fáilte, ann a n-ainm agus ann a sloinneadh, rómpa. Ní raibh duine ar bith ann san teach, acht an sean fhear, agus cailín óg, agus cuit (cat). Dubhairt an sean-fhear dinéar d'fhághail réidh d'Fhiantaibh Eireann; go raibh ocras mór orra, agus a fhághail réidh go beó. Frith an suipéar, agus nuair bhí an bord leagtha agus an suipéar air, tháinig molt caorach do bhí ceangailte shoir i dtóin an tighe, agus d'éirigh sé suas ar an mbord an áit a rabhadar ag ithe a mbeatha. D'fheuchadar ar a chéile nuair chonnairc siad sin. "Éirigh, a Chonáin," ar Goll, "agus ceangail an molt sin, 'san áit a raibh sé cheana." D'éirigh Conán go gceangóladh sé an molt, agus rug sé air. Bhain an molt crathadh as féin agus leag sé Conán faoi n-a leath-chois. D'fheuch an mhuinntir eile ann sin ar an saothar do rinne an molt le Conán. "Éirigh, a Dhiarmuid," adeir Goll, "agus ceangail an molt sin, ann san áit a raibh sé cheana." D'éirigh Diarmuid agus rug sé ar an molt, agus má rug, chuir an molt crathadh as féin, agus leag sé Diarmuid agus chuir sé é faoi n-a leath-chois eile. D'fheuch Goll agus Osgar ar a chéile agus tháinig náire orra, agus budh shuarach leó é, an saothar do rinne an molt. "Éirigh, a Osgair, agus ceangail an molt sin ann san áit a raibh sé cheana," Rug Osgar ar an molt, agus má rug chuir an molt é faoi an
gcois eile. Anois bhí an triúr faoi n-a chosaibh agus bhí cos falamh fós aige. D'éirigh Goll ann sin agus rug sé féin air, agus má rug, bhain sé leagan as an molt, acht d'éirigh an molt gan bhuidheachas dó, agus chuir sé Goll faoi an gcois eile. Is mór an náire, "adeir an sean-fhear, "a leitheid d' úsáid do bheith d'á tabhairt d'Fhiantaibh Éireann, éirigh, a chuit (a chait), agus ceangail é sin 'san áit a raibh sé." D'éirigh an cuit agus rug sé air agus sgar sé a chrúb thart thimchioll air, agus rug sé an molt leis gan buidheachas dó, gur cheangail sé é arís i dtóin an tighe. D'éirigh na fir, agus 'r éis éirighe dhoíbh, ni rabhadar ag ithe, bhí náire orra ag an saothar do rinne an molt. "Ithigidh bhur ndinéar," adubhairt an sean-fhear, "agus nuair bhéidheas sé ithte agaibh, innseóchaidh mise gur sibh-se na gaisgidhigh is fearr 'san domhan." D'itheadar a ndinéar ann sin. "A Ghoill," adeir an sean-fhear, "is tu an gaisgidheach is fearr 'san domhan. Bhain tu cor as an Domhan. Tá neart an Domhain ann san molt, acht tá dul ag an mBás ar an Domhan féin, agus sin é an Bás," ar sé, leis an gcuit. Bhí an suipéar ithte aca ann sin, agus iad ag caint le chéile, agus dubhairt an sean-fhear leapacha d'fhághail réidh dóibh, agus iad (do) dhul na gcodladh. Chuadar 'na gcodladh, an ceathrar, i n-aon t-seomra amháin, agus nuair chuadar na gcodladh, tháinig an bhean óg ag codladh i n-aon t-seomra amháin leó, agus an bhreághacht do bhí innti bhí sí ag soillsiughadh ar an mballa mar bheidheadh solas coinnle. Rinne Conán smaointiughadh (smuaineamh) agus é astigh ar a leaba (do) dhul buil? (= mar a raibh) an bhean óg, agus chuaidh sé chuici ar cholbh a leaptha. 'Sí an Óige do bhí ann san bhean (mnaoi) óig. "O! a Chonáin," adeir sí, "téidh ar d'ais go do leaba, bhí mise agad cheana, agus ní bhéidh mé agad arís go bráth."
Chuaidh Conán ar ais chum a leaptha féin agus d'éirigh Osgar ann sin, agus b'áil leis teacht mar a raibh sí. Agus dubhairt sí le Osgar: "cá bhfuil tu dul?" "Sgathadh do chathadh buil (= áit) a bhfuil tu féin," ar Osgar. "Teirigh ar d' ais, a Osgair, bhí mé agad cheana, agus ní bhéidh mé agad arís go bráth." D'fhill Osgar chum a leaptha. D'éirigh Diarmuid ann sin go dtiucfadh sé féin mar a raibh sí. "Cá rachas tu, a Dhiarmuid?" ar sise. "Is chugad-sa tá mé ag dul, sgathadh beag do chathadh leat," ar Diarmuid. "O! a Dhiarmuid," ar sise, "ní thig leat, bhí mise agad cheana, a Dhiarmuid," ar sise, "agus ní bhéidh mé agad arís go bráth; acht iompaigh orm anall a Dhiarmuid," adeir sí, "agus bhéarfaidh mise ball-searc (seirc) duit (i riocht) nach bhfeicfidh aon bhean go bráth thu nach meallfaidh tu." D'iompaigh Diarmuid chuici, agus chuimil sí a lámh ar a eudan, agus d'fhág sí an ball-searc air, agus ní raibh bean do chonnairc Diarmuid ó shoin amach nach meallfadh sé. XVII Seunadh na mná óige. Bhí cailín óg ann, agus fear d'á cúirtéaracht. Agus rinneadar suas le chéile mar sin - go ndubhradar nach bpósfadh sí choidhche aon fhear acht é féin. Bhí sé aici, go dtainig fear eile d'á cúir- téaracht, agus an fear deire do tháinig, budh mhó an meas do bhí aici air, 'ná ar an cheud-fhear.
Bhí an fear deire seó agus í féin deunta suas le pósadh, agus nuair chualaidh an cheud-fhear do bhí 'g'á cúirtéaracht, tháinig sé an oidhche sul do bhí sí le pósadh, agus dubhairt sé go mbeidh- eadh sí aige féin an oidhche seo. D'iarr sí spás air go gcoigligheadh (= gcoigleóchadh) sí an teine; bhí sise ann a léine, agus bhí seisean shiar ann san tseomra. Dubhairt sé go dtiúbhradh sé sin di. Nuair bhí sí shuas, i n-áIt an teine do choigilt, 'sé rinne sí imtheacht amach ag siúbhal na h-oidche. D'imthigh sí ann sin chomh fada ann san tír - agus í ann a craicionn acht a léine - nach raibh fhios aici fá dheireadh cá raibh sí. Do casadh teach léithe ann sin, agus tháinig sí asteach ann, agus ní raibh astigh roimpi acht aon fhear amháin. "Goirim agus casraighim thu," adeir sé, "agus créad tá ort?" D'innsigh (d'innis) sí dhó an fear do bhí 'na diaigh ar a leitheid sin de chaoi. "O! ní'l baoghal ar bith ort ann so," adeir sé, "fan ann so ar aimsir agam-sa, agus béidh tu níos fearr." Chuir sí suas leis ann sin, agus d'fhan sí aige, agus bhí sí ag deunamh gach uile shóirt dó, mar bhí foilleamhnach, go dtáinig an oidhche. Nuair dhírigh sé amach sgathadh ann san oidhche d' fhág sé an teach agus d'imthigh sé uaidh. Bhí sé mar sin ag dul amach gach aon oidhche i n-imtheacht seachtmhaine. Thug sí ann a ceann é go mb'ait léithe fios fhághail cá raibh sé ag dul amach gach uile oidhche mar sin, agus lean sí an oidhche seó é a gan fhios dó. 'Sí an áit a ndeachaidh sé - chum na roilige ag tógbháil corp. Chonnairc sí sin, agus bhí faitchios mór uirri, agus rith sí a-bhaile arís, chomh luath agus do bhí innti. Acht nuair bhí sí ag rith a-bhaile chaill sí a leath-bhróg, agus nuair bhí seisean ag filleadh fuair sé í. Nuair tháinig seisean ar a ais, bhí sise ann a h-áit féin, agus leig sí uirri do bheith ann a codladh. Ar maidin an lá ar n-a mhárach, dubhairt seisean léithe, "Cá bhfuil an leath-bhróg," adeir sé, "do bhí ort andé?"
"Chaill mé í," ar sise, "ag beathughadh na laoghanna (laogh)." "Fágh do bhróg ar mhaithe leat féin, bíodh do bhróg ort amárach," adeir sé. 'San oidhche 'na dhiaigh sin d'imthigh sé arís ag tabhairt aire d'á ghnatha (gnódh) féin ameasg na gcorp. Nuair tháinig sí a-bhaile ar maidin, d'fhiafruigh sé an raibh an bhróg ar fághail; "Innis dam cá 'r chaill tu í," adeir sé. "Chaill mé í," adeir sí, "nuair bhí mé ag beathughadh na laoghanna (laogh)." "Anois," ar sé, "innis damh-sa, a chailín, cá' r chaill tu do bhróg; acht muna bhfuil sé agad ar maidin amárach dam, bainfidh mise an ceann díot." D'imthigh sé amach arís ann sin, an tríomhadh oidhche, acht nuair tháinig sé abhaile ní raibh sise roimhe. Bhí faitchios uirri, agus d'fhág sí an teach agus d'imthigh sé ag tóruigheacht aimsire. Bhí an bhean óg ag imtheacht andhéigh a cinn roimpi, ag sír-imtheacht le teannadh faitchis, no go dtáinig sí asteach ag teach mór breágh, agus shocraigh sí ar aimsir ann sin, agus má shocraigh féin bhí meas mór uirri, mar budh sheirbhiseach breágh gnaoidheamhail do bhí innti, a raibh fios aici ar 'ch-uile shórt do dhéanamh dá bhfoillfeadh do mhnaoi ar bith do dheunamh. Ghlac mac an duine uasail ar leis an teach mór, taithneamh dí, agus dubhairt sé nach mbeidheadh aon bhean choidhche aige acht í. Dubhairt sise ann sin nach raibh sé acht ag magadh fúithche agus nach bpósfadh sé í chor ar bith, agus ní thug seisean sin dí le rádh, acht dubhairt go bpósfadh go cinnte í. Nuair fuair sí an geall sin, chuir sí fios ar an sagart agus pósadh iad. Trí ráithe ó'n lá sin bhí mac óg aici. Tuairm a do-deug a chlog 'san oidhche, nuair bhí a gcodladh ag tuitim ar na cailleachaibh do bhí ag faire léithe, d'fhosgail an dorus, agus tháinig an máighistir do bhí uirri asteach chuici,
ann san t-seomra. Bhí na mná uile ann a gcodladh agus ní fhacaidh siad é. Chuir sí ceud fáilte roimhe. "Ora, a mháighistir is fearr do bhí ann san domhan ariamh agam," adeir sí, "ceud míle fáilte rómhad." "Ní'l aon tóir agam ar do chuid cainte," adeir sé, "agus ná bí 'gam bhodhrughadh léithe, acht innis dam ar an móimid seó cá 'r chaill tu do leath-bhróg?" "Chaill mé í," ar sí, "nuair bhí mé ag beathughadh na laoghanna." "Anois," adeir sé, "béarfaidh mise do pháiste uait muna n-innsigheann tu dham cá'r chaill tu do leath-bhróg, agus béidh tu gan páiste." "O! maiseadh," ar sise, "ní thig liom a rádh acht gur chaill mé í nuair bhí mé dul ag beathughadh na laoghanna." Nuair nach raibh sé ag fághail aon fhreagartha eile uaithi acht sin, thug sé an páiste leis ó n-a taoibh agus d'imthigh sé. Nuair dhúisigh na sean-mhná, fuaireadar an páiste imthighthe. D'innis siad do'n máighistir gur chuir an máighstreas droch-chor éigin ar an bpáiste, agus nach raibh sé le fághail. Dubhairt seisean go mbudh chuma leis créad do dheunfadh an páiste, acht í féin do bheith go maith. Thuit sé amach bliadhain 'na dhiaigh sin go raibh páiste eile aici. Bhí cúmhlódar (cómhluadar) ag faire léithe ann san oidhche acht thuiteadar 'na gcodladh. Tháinig an fear ceudna asteach. "Ceud míle fáilte rómhad, a mháighistir is fearr do bhí agam ariamh," ar sise. "Ní 'l mé ag tóruigheacht do chuid cainte anois," ar seisean, "acht innis dam cá 'r chaill tu do leath-bhróg. Muna n-innsigheann tu dham cá 'r chaill tu do leath-bhróg tiúbhraidh mise an páiste seó uait arís." "O!" ar sise, "chaill mé í nuair bhí mé dul ag beathughadh na laoghanna." "Innis dam an móimid seo cá' r chaill tu do leath-bhróg no béidh tu gan páiste."
"Ní'l agam le rádh acht gur chaill mé í nuair bhí mé ag beathughadh na laoghanna." Thug sé an páiste leis ó n-a taoibh, agus d'imthigh sé. Nuair dhúisigh na sean-mhná ní raibh aon pháiste ann. Chuaidh an sgeul ann sin chuig an máighistir nach raibh an páiste le fághail, agus go raibh an páiste eile seo imthighthe uaidh. "O" dubhairt bean-uasal mhór do bhí ann san teach, "thairg mise m'inghean duit sul ar phós tu í seó, agus dá bposfá m'inghean-sa an t-am sin, bheidheadh bean agus clann agad anois!" "Má d'imthigh an páiste," adeir sé, "cad é an neart atá agam- sa air. Bhéarfaidh mé féachaint eile di." I gceann bliadhna eile bhí páiste eile aici, agus thuit amach go raibh cúmhlódar d'á faire arís an oidhche seó, no go raibh sé a bhfad 'san oidhche. Mac óg eile do bhí aici. Ann san am a dtáinig a gcodladh orra ar fad, shiúbhail sé seó asteach. "Maiseadh! ceud míle fáilte rómhad, a mháighistir is fearr do bhí ann san domhan ariamh agam," ar sise. "Ní ag tóruigheacht do chuid cainte ná do chuid bladair, tháinig mé," ar seisean, "acht innis dam cá'r chaill tu do leath- bhróg?" "Ag beathughadh na laoghanna," ar sise. "Innis dam ar an móimíd cá'r chaill tu do leath-bhróg," ar seisean, "no béarfaidh mise an páiste uait." "Ora! a mháighistir," ar sise, "do chaill mé é nuair bhí mé dul ag beathughadh na laoghanna." Thug sé fuil coiligh leis an oidhche seó, agus chuimil sé sin dí ar beul, go raibh a beul uile smeadarálta leis an bhfuil. Thug sé an páiste leis, agus d'imthigh sé. Nuair dhúisigh na sean-mhná fuaradar an páiste imthighthe agus í féin agus fuil ar a beul agus ar 'ch-uile áit dí. An bhean- uasal so do bhí astigh dubhairt sí, "is fada mé ag innseacht
duit," ar sí, "dá bpósfá m'inghean féin, nach mbeidheá mar sin." Rinneadh amach aici (= chuir sí i gcéill dó) gur ithe a páiste do rinne a bhean. "Dá bpósfá m'inghean-sa ar dtús," ar sí, "ní bheidheá anois gan chlainn." "Ní bhéidh mé mar sin," ar seisean, "pósfaidh mé d'inghean." Lá ar na mhárach, tugadh breitheamhnas crochta ar an mnaoi, mar gheall ar a páiste d'ithe. Ní raibh spás ar bith le fághail aici, acht a crochadh. Do cuireadh croch suas ann sin os coinne an dorais mhóir, agus tugadh í amach le n-a crochadh, agus nuair bhí sí shuas ar an gcroich, dul d'á crochadh, créad d'fheicfeadh siad ag teacht acht cóiste ceithre capall agus fear innti. D'fhan siad, ann sin, go dtáinig an cóiste suas, agus tháinig an fear so as, agus rug sé amach triúr páiste as. Chuaidh sé suas go dti an áit (ann) a raibh sí féin dul d'á crochadh, é féin agus a thriúr clainne. Nuair tháinig sé chomh fada léithe dubhairt sé "cá raibh tu nuair chaill tu do leath-bhróg?" "Ag beathughadh na laoghanna do bhí mé," ar sise. "Tar anuas," adeir sé, "seo iad do thriúr clainne dhuit. Is tu an bhean is fearr," ar sé, "abhos no thall, no a thiucfas go bráth. Sheun tu mé go srig (go dti) an bás. Anois tá do thriúr clainne tógtha agam-sa 'na bpáistibh maithe. Agus an bhean sin," adubhairt sé, "do bhí ag rádh go raibh tusa ag ithe na bpáiste agus do bhí ag tabhairt a h-inghine féin dod' fhear mar mhnaoi, téidheadh an bhean sin anois ann san áit a bhfuil tusa agus crochtar í. Ní raibh aon nídh ionnánn mo shábháil go seuntaoi (seunfaoi) mé go dti an bás tra uaire. Bhí mé faoi draoidheacht. Sheun tusa mé, agus do cheann ann san rópa; shábháil tu me o draoidheacht." (Tháinig sí anuas ann sin, agus phóg an duine uasal í féin agus a thriúr clainne, agus bhí lúthgháire mhór air; acht do cuireadh an bhean eile suas ann a h-áit agus do crochadh í. Bhí an seun agus an sonas orra o shoin amach).
XVIII Cailleach ghleanna-na-mBiorach, agus an Tarbh Dubh. Ann san t-sean-aimsir, do bhí cailleach 'na cómhnuidhe i nGleann-na-mbiorach, i gcondaé an Chiarraidh. Ní raibh teach ná árus aici, acht poll do bhí faoi bhonn carraige móire, ar thaoibh an ghleanna. Bhí sí ann san áit sin le linn an duine is sine ann san gcómharsanacht, agus níor athraigh sí pioc, ar feadh an ama sin. Ní raibh aon tslighe bheatha aici d'á bhfacaidh aon neach, agus ní facas í ariamh péirse ó bheul an phuill, agus ní fhacaidh na daoine biadh ná deoch ag dul chuici, acht bhí tuairm ag gach uile dhuine 'san áit gur cailleach draoidheachta do bhí innti; agus ní rachfadh duine ar bith, sean no óg, dá bhfághadh siad ór agus airgiod, tré Ghleann-na-mbiorach tar éis dorchadais na h-oidhche. Ní raibh oidhche 'san mbliadhain nach gcluinfeadh na daoine tathfan mór ann san ngleann, amhail agus da mbeidheadh na ceudta madadh ag troid innti. Aon lá amháin, roimh éirghe na gréine, chuaidh sean-fhear dar bh' ainm Murchadh Ruadh O Conchubhair, tre Ghleann-na- mbiorach le punnann choirce do thabhairt do tharbh dubh do bhí aige ar feurach 'san ngleann. Nuair d'fheuch sé ar bheul poill na caillighe, agus é ag gabhail thart, chonnairc sé cor-ghlas agus easconn mhór fhada ann a gob; leig sí do'n eascuinn thuitim ag beul an phoill, agus níor bhfada go dtáinig madadh bán amach agus thug an easconn asteach leis. Bhreathnuigh Murchadh Ruadh go raibh ocht gcosa faoi an madadh bán, agus chuir sin iongantas agus eagla mhór air. "Dar m'anam," ar sé, "tá tuairm na ndaoine ceart, is cailleach draoidheachta atá ann san bpoll úd thall."
Bhí an tarbh dubh ag eisteacht le Murchadh Ruadh ag rádh na bhfocal sin, agus chuir sé a chluasa i n-áirde, rinne géim bheag, agus dubhairt: "A Mhurchaidh Ruaidh, ná bíodh iongantas ná eagla ort, acht éist le mo bhriathraibh mar tá siad fíor. Tá an chailleach liath ann san bpoll sin ó aimsir na bhFear bolgach (= Bolg), agus is í do chuir an slad mór ar bhath (bhuaibh) na tíre; b'éidir nach gcualaidh tu an slad mór do rinne an phláigh cheudna. Níor fhág an phláigh sin tarbh, bó, ná biorach ann san tír, acht mise agus biorach óg do bhí 'san ngleann so, agus is uainn do tháinig an chuid is mó de bhath na tíre. Ní'l acht aon chaoi amháin leis an gcailleach agus a mac, sé sin madadh na n-ocht gcos, do chlaoi. Fágh an oiread de mo bhualtrach-sa agus dheunfas teine mhór, agus nuair bhéidheas sé tirm agad, deun cárnán dé i mbeul puill na caillighe, agus cuir splanc faoi. Béarfaidh sin í féin amach, agus a mac, madadh na n-ocht gcos, léithe. Is máthair na caillighe an chor-ghlas. Seachain thu féin uirri, no ní fhágfaidh sí súil ann do cheann. Tabhair súiste leat, ná buail an chailleach, acht tabhair faoi an madadh agus faoi an gcor-ghlas má thagann siad i n-aice leat, agus troidfidh mé féin an chailleach." "Mise mo bhanaidhe go ndeunfaidh mé mar deir tu," ar sa Murchadh Ruadh, "acht cogair! An innseóchaidh mé do na buachaillibh gur labhair tu liom?" ar seisean. "Go deimhin is cuma liom," ar san tarbh dubh, "mar nuair mharbhóchas mé an chailleach liath, a mac agus a máthair, béidh mo theurma saoghalta caithte, acht b'fhearr duit féin gan labhairt air." Bhí imnidhe mhór ar Mhurchadh Ruadh ag imtheacht a-bhaile dhó. Ar maidin, an lá ar na mhárach, gháir sé ar a mhnaoi agus dubhairt léithe iasacht súiste d'fhághail dó. "Cia an gnaithe (gnó) atá agad le súiste?" ar san bhean, "ní'l coirce ná cruithneacht agad le bualadh." "Nach cuma dhuit cia an gnaithe atá 'gam leis, acht fágh dham é." D'ith Murchadh a bhéile ann sin, agus 'na dhiaigh sin
d'imthigh leis go Gleann-na-mbiorach, agus chruinnigh sé roinn mhór de bhualtrach an tairbh dhuibh, agus chuir sé ar bhárr cloiche móire é le tirmiughadh. Tháinig se a-bhaile arís, ann sin, agus d'fhiafruigh de'n mhnaoi an bhfuair sí an súiste. "Fuaireas," ar sí, "tá sé ann san gcoirneull, agus tá mé le na thabhairt ar ais amárach, má bhidhim beó." "Seadh!" ar seisean, "muna mbéidh sé briste." Lá ar na mhárach, chuaidh sé go Gleann-na-mbiorach, agus rinne sé cárnán de'n bualtrach tirm i mbeul puill na caillighe, agus chuir splanc faoi, agus níor bhfada go raibh sé 'na lasair, agus bhí an deatach ag dul asteach 'san bpoll. Fuair Murchadh greim ar a shúiste, agus dhruid sé amach ó bheul an phuill, 'san ngleann; agus níor bhfada gur chualaidh sé tathfan agus casachta 'san bpoll. Níor bhfada ann sin go dtáinig an chailleach agus an madadh bán amach. Bhí fhios ag an tarbh dubh go rabhadar ag teacht. Tháinig sé ann a láin-rith agus d'ionnsaigh sé madadh na n-ocht gcos. Ghread an chailleach a bosa agus ghlaodh sí: "Fágh greim air, a choileáin, fágh greim air, no béidh tu sguabtha, agus mise leat; an tarbh sin atá ann do láthair is Domblas Mór é, námhad láidir, do chongbhaigh mé faoi gheur-chrádh ó aimsir phláighe na mbó." "Seadh! a chailleach ghránna, mharbh tu na mílte bó, agus d'fhág tu na ceudta agus na mílte daoine i n-easbhuidh, gan bainne, gan feóil," ar san tarbh dubh. Rinne an madadh léim ann sin, agus shaoil sé greim sróna d'fhághail ar an tarbh, acht chuir an tarbh a dhá adhairc faoi, do chaith sé suas 'san aér é mar do chaithfeá meuróg láimhe, agus nuair bhí sé teacht anuas, tharraing Murchadh an súiste agus bhuail sé buille air idir an dá shúil, agus sgoilt sé a chloigionn. Acht ní raibh madadh na n-ocht gcos marbh. D'ionnsaigh sé an tarbh an dara uair agus shaoil sé a thabhairt go bruach an phuill, acht bhí an tarbh ró ghlic dó, thug sé árdughadh eile 'san aér dó, níos áirde 'ná an cheud-cheann, agus nuair bhí sé teacht anuas bhí Murchadh reidh le buille eile do thabhairt dó, acht
mar bhí sé ag tarraingt na buille tháinig an chor-ghlas agus shaoil sí gob 'san tsúil do thabhairt dó, acht ní ann san tsúil bhuail sí é, acht ar a chlár-eudain, agus chuir sí ar a thár-a-n- aírde é. Rith an chailleach agus fuair greim air, agus bhí d'á chrathadh agus d'á thachtadh, gur shaoil sé go rachfadh an t-anam as. Bheidheadh sé marbh aici acht go dtáinig an tarbh dubh, agus thug sé buille coise do'n chailligh, do chuir go taoibh eile an ghleanna í. D' fhill sí arís go tapa, agus dubhairt leis an tarbh dubh, "fág an cath idir mé féin agus Murchadh." "Tá mise sásta," ar sa Murchadh, "acht fuair tu buntáiste orm, nuair bhí mé ar lár le buille-ghuib ó do mháthair draoidh- eachta." Leis sin tharraing sé an súiste agus bhuail í ann san gclár-eudain, gur chuir sí sgread aisti gur cluinneadh seacht míle ó'n ngleann í. Bhí madadh na n-ocht gcos sínte, amhail mar bheidheadh sé marbh, acht nuair chualaidh sé sgread na caillighe d'éirigh sé, agus thug léim, agus fuair greim sgornaigh ar Mhurchadh, agus bhí 'gá thachtadh, go dtáinig an tarbh dubh le na bheul fosgailte, fuair greim ar an madadh, agus rinne min- midirlínidh (?) de gach uile chnáimh ann a chorp. "Bheirim buaidh agus mo sheacht míle mallacht leis, duit," ar san chaill- each agus thuit sí marbh os cionn madaidh na n-ocht gcos. Tháinig an chor-ghlas ag scríoch go h-árd, agus thug sí iarraidh ar Mhurchadh, acht bhí sé ar a choimhéad, agus bhris sé a muinéal le buille de'n tsúiste, agus thuit sí marbh ar mhullach na beirte eile. "Dar m'fhocal is maith an laoch thu," ar san tarbh, "lean mise agus taisbéanfaidh mé ciste óir agus airgid duit." Lean Murchadh é asteach i bpoll na caillighe, agus a leithéid d'amharc ní fhacaidh súil ariamh roimhe. Bhí bord mór de'n ór buidhe i lár an t-seomra, agus carnán de phíosaibh óir agus airgid air. "Anois," ar san tarbh dubh, "beir leat an oiread de'n ór agus de'n airgiod agus bhéidheas ag teastál uait féin ar feadh do bheatha, agus má chuireann aon duine ceist ort d'á thaoibh, abair gur dhíol tu mise ar luach mór, óir ní fheicfidh aon duine mé ó'n lá so amach."
"Go deimhin tá brón orm faoi sin, budh mhaith an carad thu, acht ó thárla nach bhfuil neart air, bheirim mo mhíle beannacht duit," ar sa Murchadh. "Tá sporán leathair faoi an mbord, líon é go tapa, agus bí 'g imtheacht," ar san tarbh dubh. Rinne Murchadh amhlaidh, agus nuair thainig sé amach, thuit carnán íthire síos i mbeul an phuill agus (do) dúnadh suas é. Bhí sé mall 'san lá nuair tháinig Murchadh a-bhaile. Bhí buailtín an tsúiste briste. "Cia an ait a raibh tu, no cia an chaoi ar bhris tu buailtín Pháidín Sheumais?" ar san bhean. "Bhris mé an buailtín ag bualadh mo thairbh dhána: tháinig tighearna as Chonnacht, agus dhíol mé mo tharbh leis, tá mé ró shean agus ró lag le smacht do chur air." "Cia an luach fuair tu air?" ar sise. Tharraing sé amach an sporán mór, agus dubhairt, "féach, tá an sporán so líonta le ór agus le airgiod. Sin an luach is mó fuair fear ar tharbh ariamh." "Grádh mo chroidhe thu," ar sise, "támaoid saidhbhir go bráth." Chaith Murchadh agus a bhean beatha shona 'na dhiaigh sin, acht nuair bhí fhios aige go raibh an bás i bhfogus dó, chuir sé fios ar charaid, agus d'innis an sgeul dó o thús go deireadh. Chuaidh an sgeul ó bheul go beul, go bhfuair mo mháthair mhór é, agus is uaithe fuair mise é. XIX Seághan an dá chaora. Ann san tsean-aimsir bhí firín beaga gruagacha agus lioprach- áin le fághail i n-Éirinn, acht dhíbir na Gaill mhallaighthe iad,
agus d'imthigh ádh na tíre leó. Tá go leór óir agus airgid faoi an talamh i n-Eirinn ó aimsir na Lochlanach, acht ní'l fhios ag aon duine anois cia an áit le n-a bhfághail, acht bhí eólas maith ag na lioprachánaibh, a bhfad ó, cia an áit a raibh siad le fághail, agus is iomdha fear d'fhágadar saidhbhir. Ann san am sin, bhí fear óg darabh ainm Seághan O Súil- liobháin 'na chómhnuidhe i dTurloch-mór, i ngar do Chaisleán- a'-bharra, i gcondae Mhuigh-Eó. Do tógadh é i dtigh a mháthar- mhór, mar fuair a athair agus a mháthair bás, nuair bhí sé bliadhain d'aois. Nuair bhí sé i n-aois a deich mbliadhain bhí sé na bhuachaill deas-lámhach, agus usáideach d'á mháthair-mhór agus bhí cion mór aici air. Bhidheadh sé amuigh gach uile lá ag tabhairt aire do na bath (buaibh) agus do na caorchaidh, agus gheall sí dhó dá mbeidheadh sé 'na bhuachaill maith go bhfágfadh sí dá chaora aige, nuair bheidheadh sí ag fághail bháis. Ar maidin, lá ar na mhárach, chuaidh Seághan tríd na bailtibh, agus d'innis do gach uile dhuine, sean agus óg, go mbeidheadh dá chaora aige, nuair gheobhadh a mháthair-mhór bás. O'n lá sin amach níor thug na daoine aon ainm air acht "Seághan a' dá chaora," agus d'fhreagróchadh sé do'n ainm sin chomh maith agus d'á ainm féin. Bhí go maith, agus ní raibh go h-olc. Nuair bhí Seághan cúig bliadhna déag d'aois, fuair a mháthair-mhór bás, agus d'fhág dá chaora aige, othaisg agus molt. Ni rabhadar acht sé míosa d'aois, agus ní raibh páirc dheas fheurmhar i bhfoigseacht míle nach dtiubhradh Seághan a dhá chaora, agus nach gcuir- feadh sé iad ar inbhear innti. Dá mbeidheadh cloidhe árd idir é féin agus an pháirc, gheibheadh sé greim ar chaora faoi gach ascall agus do bheireadh sé iad thar an gcloidhe. Ní thug na daoine aon áird ar rud ar bith do dheunfadh Seághan, mar shaoil siad gur amadán do bhí ann: acht budh amadán- iarainn é! Aon lá amháin bhí Seághan ag tiomáint asail fhallsa, agus nuair nach siúbhalfadh sé go tapa dhó, thosaigh sé g'á bhualadh
le maide mor do bhí aige. Thárla go raibh sagart ag dul na slighe, agus dubhairt sé, "is mór an peacadh dhuit, a Sheághain, an t-asal bocht do bhualadh chomh millteach sin, is beithidheach beannaighthe an t-asal, nach bhfeiceann tu lorg na croise ar a dhruim, agus is ar asal chuaidh do Shlánuightheóir ag marcuigh- eacht, ag dul asteach go h-Iarusalem." "Dar m'anam," adeir seághan, "dá mbeidheadh sé ag mar- cuigheacht ar an mbitheamhnach fallsa so, diabhal amharc d'fheicfeadh sé go deo ar Iarusalem!" "Go bhfóirigh Dia ort, a bhuachaill gan chéill," ar san Sagart, "tig le ár slánuightheóir gach uile nidh do dheunamh, agus má iarrmaoid aon nidh air deunfaidh sé dhúinn é." "Ní chreidim focal d'á n-abrann tu," ar Seághan, "deir na daoine gur fear naomtha thu, acht cuirfidh mé mo dhá chaora anois anaghaidh fiche "trí-deug," má théidheann tu ag mar- cuigheacht ar an mbitheamhnach fallsa so nach mbéidh tu ag an gcrois-bhóthar roimh luidhe na gréine, trathnóna, gan buille do bhualadh air, agus ni'l acht míle gearr go dti an crois- bhóthar." Budh fhear greannamhail an sagart agus dubhairt sé"cuir- fead an geall leat a Sheághain," agus chuaidh sé ag marcuigh- eacht ar an asal, agus thug aghaidh an asail ar an gcroisbhóthar. Bhí sé ag cuimilt muinéil an asail agus ag bladar leis, le na dheifriughadh, acht is ar éigin bhí an t-asal ag cur coise roimh cois eile: do rachfadh seilmide chomh tapa leis. Bhí na daoine ag teacht amach as na tighthibh, ar gach taoibh de'n bóthar, agus ag deunamh gáire faoi an sagart agus faoi Sheághan. Bhí Seágham amach roimh an sagart, ag greadadh a bhos chomh cruaidh agus d'fheud sé. Bhí tom fóthanán ar thaoibh an bhóthair, agus thosaigh an t-asal g'á ithe, agus ní chorróchadh sé go raibh a sháith ithte aige, agus ann sin, féin, i n-áit siúbhal do dheunamh, luidh sé síos, agus budh bheag nár bhris sé cos an tsagairt faoi. "Muna ndeunfaidh tu deifír mhór," ar Seághan, "tá an
geall gnóthaighthe agam, tá tu dá uair ar an mbóthar, agus ní'l tu leath-bhealaigh go fóil." "Biónn ádh ar amadán," ar san sagart, "agus seó dhuit do gheall, tá níos mó de chéill ann do cheann 'ná do shaoil mé; imthigh as m'amharc, thu féin agus d'asal, agus ná tar anaice liom níos mó." Léim Seághan ar an asal, thosaigh 'ga' leadradh leis an maide, agus as go bráth leó. Bhí Seághan lúthgháireach go leór faoi an gcaoi ar imir sé ar an sagart. An trathnóna sin, thug Seághan an dá chaora a-bhaile leis mar budh ghnáthach, agus chuir sé ar fosgadh iad, faoi bhinn an tighe, agus chuaidh sé féin 'na chodladh. Tháinig an faolchu ann san oidhche, nuair bhí sé 'na chodladh, agus mharbh sé an molt agus d'fhág ann sin é. Nuair chuaidh Seághan amach ar maidin, fuair sé an molt marbh, agus chaoin sé níos mó 'na dhiaigh 'ná chaoin sé andhiaigh a mháthar-mhór. Nuair bhí sé tuirseach ag caoineadh, chuaidh sé chum na h-othaisge, agus dubhairt sé léithe, "ara, a chréatúir bhoicht, nach bhfuil brón ort faoi do chéile do bheith marbh, agus gan aon d'á phór beó acht tusa!" Nuair labhair sé mar sin léithe, créad do rinne sí acht suidhe suas ar a taoibh- shiar, d'fhéach sí thart, agus dubhairt sí le guth duine: "Bí foighdeach agus tiucfaidh an molt chum beatha arís, má ghlacann tusa mo chómhairle. Ná h-innis d'aon duine beó go bhfuil do mholt marbh. Teirigh chum an bhaile-mhóir, agus ceannaigh croiceann caorach leis an ollainn air. Tiucfaidh an faolchu ar mo thóir-se anocht, acht béidh tusa le mo thaoibh, agus croiceann na caorach ort, agus do sgian gheur ann do dheas-láimh, agus nuair bhéarfas sé iarraidh orm-sa, cuir do sgian go dti an croidhe ann, agus tuitfidh sé marbh. Ann sín bain amach an croidhe agus cuimil ar theangaidh do mhuilt é, agus tiucfaidh sé chum beatha, chomh maith agus bhí sé ariamh. Agus rud eile: tá sparán óir i lár builg an fhaol-chú, agus ní bhéidh sé folamh go deó, acht má leigeann tu do rún le aon duine beó, béidh tusa agus mise agus an molt caillte go bráth."
"Grádh mo chroidhe thu," ar sa Seághan, "deunfaidh mé gach nidh mar deir tu liom, acht nach fada gur labhair tu liom, agus mé i m'aonar ó fuair mo mháthair mhór bás, beannacht Dé le n-a h-anam." - Níor fheud sé tuilleadh rádh, mar dubhairt an othaisg: "Coisg do bheul, 'sí do mháthair-mhór atá ag caint leat, agus 'sé d'athair-mór an molt atá sínte marbh ag binn an tighe. Tá iongantas ort faoi sinne d'fheiceál i riocht dá chaora, acht ní bhéidh iongantas ort nuair chluinfeas tu an sgeul. Nuair bhí do mháthair ag fághail bháis, d'fhág sí d'ualach orrainn aire do thabairt duit-se, bíodh muid (sinn) beó no marbh, go mbeidheá bliadhain agus fiche, agus gheallamar sin dí. Nuair chuamar i láthair an bhreithimh mhóir, do cuireadh sinn ar ais ann san riocht so, le n-ár ngeallamhaint de chóimhlíonadh." "Tá mé buidheach díot," ar Seághan, "agus déanfaidh mé gach nidh mar deir tu, agus, maidir leis an rún, feicfidh tu go gcongbhóchaidh mé é, cidh go saoileann daoine gur amadán mé." Chuaidh Seághan chum an bhaile-mhóir, cheannaigh sé an croiceann agus tháinig sé a-bhaile. Thug sé neart féir thirm do'n othaisg, agus nuair tháinig dorchadas na h-oidhche, chuir sé an croiceann timchioll air féin, agus shín sé le cois binne an tighe. "Béidh tu priachta leis an bhfuacht sul má dtagann an faol- chu," ar san othaisg, "suidh astigh le cois na teineadh go gcluinfidh tu "má má" uaim-se." Chuaidh sé asteach, chuir sé síos teine, agus shuidh sé féin síos, ag smuaíneadh ar gach uile nidh thárla dhó. Bhí codladh ag teacht air, nuair chualaidh sé "má má" ó'n othaisg, agus amach leis. "Deun deifir," ar sise, "tá sé ag teacht." Chaith Seághan an croiceann air, agus luidh sé síos le cois binne an tighe. Níor bhfada go dtáinig an faolchu, acht nuair shaoil sé greim d' fagháil ar an othaisg thug Seághan sáthadh dhó, gur chuir sé an sgian trid a chroidhe, agus thuit sé marbh. D'fhosgail sé a bholg ann sin, agus bhain sé amach an croidhe,
agus chuimil sé ar theangaidh an mhuilt é, agus d'éirigh an molt suas, chomh maith agus bhí sé ariamh. Nuair bhí an molt agus an othaisg ag pógadh achéile, chuar- taigh Seághan, agus fuair sé an sporán óir; bhí an sporán sin níos luachmhaire 'ná iomlán condae Mhuigh-Eó, óir ní bheidheadh sé falamh go deo! Bhí cómhrádh fada idir Sheághan agus an dá chaora. Dubh- airt an othaisg leis go mbeidheadh dá uan aici gach uile bhliadhain, agus nach mbeidheadh aon uan 'san aonach leath chomh maith leó. "Má chuireann aon duine tuairisg ort cia an athair do bhí aca, abair nach bhfuil fhios agad. Teirigh chum do leabuidh anois, agus ar maidin amárach tig leat a innseacht do na cómharsannaibh gur mharbh tu an faolchu do tháinig ag brath ar do dhá chaora, agus do bhí ag deunamh slaid mhóir ar chaorchaibh na tíre. Geobhaidh tu moladh mór, go speisealta ó'n sagart, mar mharbh sé mórán uan air; ní bhéidh aon chómhrádh eile agam leat, no go mbéidh mo chómhairle ag teastál uait." "Tá cúpla focal agam-sa le rádh leis," ar san molt, "budh é Páidín Eamoin an faolchu; is cuimhin leat gur crochadh é seacht mbliadhna ó shoin, faoi Fhéilim Mac Gríomh do mharbhadh, agus faoi a chuid caora do ghoid. Nuair chuaidh sé i láthair an bhreithimh mhóir, do cuireadh ar ais ar an tsaoghal so é, i riocht faolchu, ar feadh seacht mbliadhain, agus anois tá sé ceangailte i lár Locha-Dearg i riocht uillphéiste, agus béidh sé ann sin go deireadh an domhain." "Tá cuimhne mhaith agam air," ar Seághan, "is beag nár bhain sé an chluas díom aon lá amháin, nuair chuaidh mé le nead do thóruigheacht ar a thalamh." "Teirigh do chodladh anois, ní'l aon fhocal eile agam le rádh," ar san molt. Ar maidin go moch, chuir Seághan an dá chaora i bpáirc fhéir ghlaís, agus an sin chuaidh sé go tigh an tsagairt, agus d'innis
dó gur mharbh sé faolchu an oidhche aréir. Níor chreid an sagart é, agus dubhairt sé, "imthigh a-bhaile a bhitheamhnaigh, fuair mé mo sháith mhagaidh uait féin agus ó d' asal, seal gearr o shoin." "Dar m'anam tá mé ag innseacht na fírinne glaine, bhí mo dhá chaora ar fosgadh binne an tighe, agus tháinig sé ag brath orra, nuair chuir mé mo sgian go croidhe ann, agus níor fhág mé putóg ann a bholg nach bhfuil caithte ar an talamh anois, i ngar do bhinn an tighe." "Béidh mé ag gabháil an bealach sin faoi cheann uaire no dó," ar san sagart, "agus má tá tu ag innseacht bréige dham, bris- fidh mé gach uile chnámh ann do chorp." Chuaidh Seághan tre na bailtibh, agus d' innis sé an sgeul dóibh. Chreid cuid aca é, acht bhí amhras ar chuid eile aca. Tháinig cuid díobh leis, chum an tighe, agus chonnairc siad an faolchu marbh, agus níor bhfada go raibh teangtha go leór ag bogadh, ag moladh Seághain an-dá-chaora. Nuair tháinig an sagart, dubhairt sé, "bheirim maitheamhnas duit faoi chleas-magaidh an asail, agus seo dhuit píosa óir bhuidhe." "Ni'l ór ná airgiod ag teastál uaim, tabhair do bhochtaibh na parráiste é, d'fhág mo mháthair-mhór roinn d' ór agus d' airgiod agam." "Tabhair dham do lámh, dar m' fhocal is buachaill fearamhail thú," ar san sagart, agus chraith sé lámh leis, agus dubhairt sé leis na daoinibh bhí i láthair, "budh chóir dhaoibh meas mór do bheith agaibh ar Sheághan, rinne sé maith mhór 'san bparráiste nuair mharbh sé an beithidheach millteach sin. Deun poll agus cuir ann é." An cheud-lá de chéid-mhi an earraigh, bhí dá uan ag othaisg Sheághain, agus ní fhacaidh aon duine i n-Éirinn ariamh aon uan do bhí leath chomh breágh leó. Bhí ollann orra do bhí leath-throigh ar faide, agus í chomh mín leis an
tsíoda is míne. Nuair bhí siad sé míosa d'aois, thug sé iad chum an aonaigh, agus ní raibh fear d' á bhfacaidh iad nach ndearnaidh tuairisg cá'r b' as iad. Dubhairt Seághan go raibh an othaisg 'san mbaile aige féin. Ní raibh feilméar ná ridire- caorach i bhfoigseacht dá fhichid míle, nach dtáinig le amharc do bheith aige ar othaisg Sheághain, agus bhí siad réidh airgiod ar bith do thabhairt uirri, acht ní dhíolfadh Seághan í. Gach uile bhliadhain tar éis sin, do bhidheadh dá uan ag an othaisg, acht budh uain bhoinionna do bhí ionnta uile, agus bhí brón mór ar na feilméaraibh faoi sin. Chuaidh Seághan ar aghaidh go maith ar feadh cúig bliadhain. Do gheibheadh sé luach mór ar na h-uain (h-uanaibh) gach bliadhain, agus cheannnaigh sé feilm bheag gach uile bhliadhain, agus bhí go leór talmhan aige nuair bhí sé fiche bliadhain d' aois, agus ní raibh cailín óg i bhfoigseacht fiche míle dhó, nach raibh i ngrádh leis. Acht tháinig athrughadh mór ar Sheághan. An trathnóna roimh aois a bhliadhain agus fiche, dubhairt an othaisg leis: "béidh tu bliadhain agus fiche amárach, agus ní bhéidh do chúram orm-sa ná ar d' athair-mór níos faide; tá an geallamhaint do thugamar cóimhlíonta, agus rachamaoid chum suaimhnis shíorruidhe. Ar maidin amárach geobhaidh tu marbh sinn ag binn an tighe. Deun poll doimhin, agus folaigh sinn ann." Bhí bron mór ar Sheághan, agus dubhairt sé, "budh mhaith liom dul libh, brisfidh mo chroidhe le brón agus le uaigneas." "Ni thig leat dul linn," ar san othaisg, "ní'l d'am saoghalta caithte, tá bliadhanta fada rómhad fós." An trathnóna sin thug Seághan an dá chaora a-bhaile leis, agus chuir sé iad faoi fhosgadh binne an tighe, acht níor chodail sé támh. Ar maidin, go moch, chuaidh sé amach, agus fuair sé an dá chaora marbh. Rinne sé poll mór doimhin, agus d'fholaigh sé iad ann.
"Anois," ar sé, leis féin, "tá mé bliadhain agus fiche d' aois andiú, agus béidh deoch biotáile agam mar gheall air sin, agus le mo bhrón do dhíbirt." Chuaidh sé chum an bhaile-mhóir, agus cheannaigh sé crúisgín biotáile, agus tháinig sé a-bhaile. Thosaigh sé ag ól, agus níor bhfada go raibh sé dall ar meisge. Tháinig cómharsa asteach chuige, thosaigh sé ag caint leis, agus leig sé amach rún an dá chaora. Chuaidh an sgeul ó bheul go beul go raibh sé ag gach uile dhuine 'san bparráiste. Ar maidin, bhí an sporán óir imthighthe uaidh, agus níor stad sé de'n ól gur chaith sé gách uile phighin d'á raibh aige, agus 'na dhiaigh sin do bhidheadh sé ag dul ó bhaile go baile, mar leath-amadán, ag tóruigheacht ruid le n' ithe. Anois, an fear críona no amadán do bhí ann? XX An chailleach Bhéarach. Bhí cailleach ann, agus is fad ó bhí, agus dá mbeidheadh sinne an uair sin ann, ní bheidheadh sinn ann anois; bheidheadh sgeul úr no sean-sgeul againn, agus níor dhóighe sin 'ná bheith gan aon sgeul! Bhí an chailleach an-tsean, agus ní raibh fios a h-aois' aici féin ná ag duine ar bith eile. Bhí bráthair agus a bhuachaill ag siúbhalóideacht aon lá amháin, agus tháinig siad asteach go teach na caillighe Béaraighe. "Go mbeannuighidh Dia ann so," ar san bráthair. "Go mbeannuighidh an fear ceudna dhuit," ar san chailleach, "sé do bheatha, suidh síos ag an teine agus deun do ghoradh." Shuidh an bráthair síos agus nuair bhí a ghoradh deunta go
maith aige, thosaigh sé ag caint 's ag cómhrádh leis an t-sean- chailligh. "Muna bhfuil dochar dam fiafruighe dhíot budh mhaith liom fios fhághail ar d' aois, mar tá 's agam go bhfuil tu an-tsean." "Ní dochar ar bith dhuit fiafruighe dhíom," ar san chailleach, "freagróchaidh mé thu chomh maith agus thig liom. Ní'l aon bhliadhain ó tháinig mise ann (chum) aois nach marbhaighinn mart, agus nach gcaithfinn cnámha an mhairt suas ar an lota tá os do chionn, má 's maith leat fios do bheith agad ar m' aois-se, tig leat do bhuachaill do chur suas ar an lota agus na cnámha do chómhaireamh." B' fhíor an sgeul. Chuir an bráthair an buachaill suas ar an lota agus thosaigh sé ag cómhaireamh na gcnámh, agus leis an méad cnámh do bhí ar an lota ní raibh achar (áit go leór) aige ar an lota le n-a gcómhaireamh, agus dubhairt sé leis an mbráthair go gcaithfeadh sé na cnámha chathamh anuas ar an urlár, nach raibh achar aige ar an lota. "'Nuas leó," ar san bráthair, "agus congbhóchaidh mise cuntas orra ann so ó íochtar." Thosaigh an buachaill ag cathamh anuas, agus thosaigh an bráthair ag sgríobh síos, go raibh sé bunáite tuirseach, agus d'fhiafruigh sé de'n buachaill an raibh siad i g-ionnsuidhe (beag- nach) cómhairthe aige; agus d'freagair an buachaill an bráthair anuas de'n lota nach raibh coirneull de'n lota folmhuighthe go fóil. "Má 's cúrsaidh mar sin é, gabh anuas de'n lota agus caith na cnámha suas arís," ar san bráthair. Tháinig an buachaill anuas, agus chaith sé na cnámha suas, agus bhí an bráthair chomh críona ag teacht asteach dó, agus do bhí sé ag dul amach. "Nuair nach bhfuil fios d' aois' agam," ar san bráthair leis an gcailligh, "tá 's agam nach bhfuil tu go dti an trath so gan iongantais fheiceál ar feadh do shaoghail, agus an t-iongantas is
mó do chonnairc tu riamh innis damh-sa é, má sé do thoil é." "Chonnairc mé iongantas amháin do chuir íongnadh mór orm," adubhairt an chailleach. "Aithris dam é," ar san bráthair, "má 's é do thoil é." "Bhí mé féin agus mo chailín, lá amháin, amuigh ag bleághan na mbó, agus bhí sé 'na lá breágh aoibhinn agus bhí mé tar éis ceann de na bath (buaidh) do bhleághan; agus nuair thóg mé mo cheann, dhearc me tharm taobh mo láimhe chléithe dhíom, agus chonnairc mé duibheachán mór ag teacht os mo chionn ann san spéir. "Deun deifir," arsa mé féin, leis an an gcailín, "go mblighfidh sinn na bath go h-aibéal (tapa) no béidh sinn fliuch báidhte sul ma sroithidh sinn a-bhaile, leis an bhfearrthain." Bhí bruith-á-ladhair (deifir áidhbheul) orm-sa agus ar mo chailín leis na bath do bhleaghan, sul má bhfuigheadh sinn an cith, mar shaoil mé féin gur cith do bhí ag teacht, agus ar tógbháil mo chinn dam arís dhearc me tharm, agus chonnairc mé bean ag tigheacht chomh geal le eala bruaich na toinne. Chuaidh sí tharm mar sinneán gaoithe, agus an ghaoth do bhí roimpi bhí sí ag breith uirri, agus an ghaoth do bhí 'na diaigh níor fheud sí teacht suas léithe. Níor bhfada go bhfacaidh mé andhiaigh na mna dá mhaistín agus da shlait d'á dteangaidh casta timchioll a muinéill agus caor teineadh as a mbeul; agus chuir mé íongnadh mór ann sin. Agus andhiaigh na madadh chonnairc mé cóiste dubh, agus cuingir capall 'gá tarraing. agus bhí caoir-teineadh gach aon taobh as an gcóiste. Agus ag dul tharm de'n cóiste, sheas na beithigh, agus chuir rud éigin alagur (guth no fuaim gan chéill) as, ann san gcóiste, agus sgannruigh mé, agus tháinig laige-beó orm, agus nuair tháinig mé ar ais as an laige mhothaigh mé an glór ann san gcóiste arís, ag fiafruighe dhíom an bhfacaidh mé rud an bith ag gabhail tharm ó tháinig mé ann sin; agus d'innis mé dhó mar tá mise ag innsint duit-se, agus d'fhiafruigh mé cia é féin, no créad is brigh do'n bhean agus do na maistínibh do chuaidh tharm. "Mise an Diabhal, agus sin dá mhaistin do chuir mise andhiaigh an anam' sin."
"Agus bhfuil dochar dam fiafruighe," ar sa mise, "cad é an choir rinne an bhean sin nuair bhí sí ar an saoghal." "Bean í sin," ar san diabhal, "thug sganall ar shagart, agus fuair sí bás i stáid pheacaidh mhairbh, agus ní dhearnaidh sí aithrighe ann, agus muna dtigeann na maistínidh suas léithe sul má dtigeann sí go geataibh flaithis tiucfaidh an mhaighdean ghlórmhar agus iarrfaidh sí impidhe ar a h-aon mhac maith- eamhnas do thabhairt di, ann a cuid peacadh, agus geobhaidh sí párdún dí, agus béidh mise aisti (caillfidh mé í). Acht má thigeann na maistínidh suas léithe sul má dtéidheann sí go dti an flaitheas, is liom-sa í." Thiomáin an diabhal mór a bheithigh agus d'imthigh sé as m'anc (m'amharc) agus tháinig mé féin agus mo chailín a-bhaile, agus bhí mé trom tuirseach brónach ag cuimhniughadh ar an taisbeánadh do chonnairc mé, agus chuir mé íongnadh mór ann san iongantas sin, agus luidh mé ar mo leabuidh ar feadh trí lá, agus an ceathramhadh lá d'éirigh mé an-chlaoidhte lag, agus ní gan ádhbhar, mar bean ar bith d' fheicfeadh an taisbeánadh do chonnairc mise bheidheadh sí liath ceud bliadhain roimh a h-aois do bheith caithte." "An bhfacaidh tu aon iongantus eile ann d'am?" ar san bráthair leis an gcailligh. "Seachtmhain 'réis mo leabuidh d'fhágbháil fuair mé litir ag innsint dam go raibh carad liom marbh agus go g-caithfinn dul chum na sochraide. Ghluais mé féin chum na sochraide, agus ar dul dam go teach-an-chuirp bhí an corp ann san gcónra (cómhra) agus bhí an cónra leagtha síos ar an gcrócar, agus chuaidh ceathrar fear faoi an gcrócar go n-iomchróchadh siad an cónra, agus ní raibh siad ionnánn gaéth do thabhairt do'n chrócar de'n talamh. Agus tháinig ceathrar eile agus níor fheud siad a chorrughadh de'n talamh. Bhí siad ag tigheacht, duine ar dhuine, go dtáinig dá 'r 'eug, agus go ndeachaidh siad faoi an gcrócar, agus níor fheud siad a thógbháil.
Labhair mé féin, agus d'fhiafruigh mé de na daoinibh do bhí ar an socraid cad é an sórt ceird do bhí ag an bhfear so nuair bhí sé ar an tsaoghal agus h-innseadh dham gur maor do bhí ann. Agus d' fhiafruigh mé de na daoinibh do bhí ann sin, raibh aon mhaor eile ar an sochraid. Tháinig ann sin ceathrar fear nach raibh aithne ná eólas ag duine ar bith do bhí ar an sochraid, orra, agus dubhairt siad liom gur ceathrar maor do bhí ionnta. Agus chuaidh siad faoi an gcrócar, agus thóg siad é mar thógfá greim lócháin, agus d'imthigh siad leó, chomh tiugh, geur, agus d'fheud siad cos do thógbháil. Bhí siúbhal maith fútha, agus bhí coiscéim bhreágh fhada agam féin, agus bhain mé amach 'na ndiaigh, agus ní raibh fios ag mac-máthar cia an áit a raibh siad ag dul leis an gcorp, agus bhíomar ag imtheacht agus ag sír- imtheacht go raibh an oidhche agus an lá ag sgaramhaint o chéile, go raibh an oidhche ag tigheacht dubh dorcha dannartha, go raibh an capall glas ag dul ar sgáth na cupóige, go raibh an chopóg ag imtheacht ar teitheamh roimhe, Go raibh na freumhacha dul faoi an talamh, Na duilleóga dul 'san speir, An capall glas ag teitheadh, Agus mise liom féin. Ar dearcadh tharm díom ní raibh aon ar an sochraid im' dhiaigh acht beirt eile. Do buaileadh síos an mhuinntir eile, agus ní raibh siad abalta tigheacht leath-bhealaigh, cuid aca do thuit i laige agus cuid eile do fuair bás. Ar dhul chum cinn dam dá choiscéim eile ar m' aghaidh, bhí mé astigh i gcoill dhorcha fhliuch fhuair, agus d'fhosgail an talamh agus slugadh síos mé i bpoll dubh dorcha, gan mac- máthar ná inghean-fhir ann mo ghoire na ann mo ghaobhar, gan fear mo chaointe ná mo shínte le fághail, gur chaith mé mé féin ar mo dhá ghlúin, agus bhí mé ann sin ar feadh ceithre lá, ag guidhe suas go Dia mo thabhairt as sin go luath agus go tapa. Agus leis an gceathramhadh lá tháinig poll beag mar chró na
snáthaide ar choirneull de'n áras a raibh mé ann; agus bhí mé ag guidhe i gcómhnuidhe, agus bhí an poll ag meudughadh lá ar lá. Ar an seachtmhadh lá mheudaigh sé chomh mór go bhfuair mé amach as. Thug mé do na boinn ann sin, nuair fuair mé mo chosa liom, ar an taoibh amuigh ag dul a-bhaile. An méad do shiúbhail mé aon lá amháin ag leanamhaint na cónra, chaith mé cúig seacht- mhainidh ag tigheacht ar ais an bealach ceudna, agus nach bhfeiceann tu féin anois go bhfuair mé ádhbhar le bheith críon, sean, aosta, liath, agus mo shaoghal ag giorrachan, ar an dá ghábha sin a raibh mé ann." "Is maith cruaidh an chailleach thu i gcómhnuidhe," ar san bráthair. XXI An Luragán Dubh, agus an Fathach Dearg. Ann san tsean-aimsir a bhfad ó shoin, bhí Righ 'na chómh- nuidhe i dtaoibh ó thuaith d'Eirinn. Bhí clann mhac agus inghean aige, acht fuair siad uile bás, acht aon mhac agus aon inghean amháin. Níor fhás an mac orlach ó bhí sé deich mbliadhain d'aois, mar chuir gabha-dubh faoi draoidheacht é, agus bhíodh sé 'na luidhe i gcliabhán 'san seomra a bhfuair a mháthair bás ann. D'fhás an inghean go raibh sí 'na cailín áluinn, agus do bhí an oiread meas' ag an righ uirri agus go bhí aige an an tsúil do bhí ann a cheann. Bhí fathach mór i n-Albain dar' bh ainm an Fathach Dearg, agus chualaidh sé trácht ar inghin áluinn an righ, agus tháinig sé go h-Eirinn, agus d'fhuadaigh sé leis í, i n-aimhdheóin a h-athar agus a chuid saighdiúr. Thug sé leis go h-Albain í, agus
chongbhaigh sé dúnta suas, ar feadh aon bhliadhain déag í, ann a chaisleán, 'gá bualadh, agus ag tabhairt droch-láimhsighthe dhí. Bhí croidhe an righ briste le brón. Thairg sé na mílte púnt do'n té sin do bhéarfadh a inghean ar ais chuige, acht ní raibh aon mhaith ann. Ní thiubhradh an fathach dó í ar shaidhbhreas an domhain. Ní raidh aon bheann ag an bhFathach Dearg ar urchar no ar bhuille cloidhimh, níos mó 'ná do bheidheadh aige ar bhuille thráinín, agus budh é tuairm na ndaoine nach raibh a bheatha ar iomchar leis féin, mar fuair sé an oiread sin de bhualadh agus do mharbhóchadh na ceudta. Do fágadh marbh é go minic, acht thigeadh sé chum beatha arís; má ta naoi mbeatha ag an gcat, bhi naoi míle beatha ag an bhFathach Dearg. Aon lá amháin tháinig sean-chailleach go caisleán an righ; dubhairt sí go raibh sgeul aici do chluais an righ do chuirfeadh lúthgháire ar a chroidhe, agus nach bhfeudfadh sí an sgeul d'innseacht do dhuine ar bith acht do'n righ féin. Tugadh í go seomra an righ, agus nuair d'imthigh an seirbhiseach, dhún sí an dorus agus chuir sí glas air. "Tabhair maitheamhnas dam, a righ," ar sise, "acht ní thig liom mo theachtaireacht d'innseacht acht do d' chluais féin. Tháinig mé ó d'inghín, atá faoi gheur-chrádh ag an bhFathach Dearg, ann a chaisleán i n-Albain. Ní'l acht aon fhear amháin beó le d'inghean do shaoradh, agus is é sin do mhac féin, an Luragán Dubh atá ann san gcliabhán bliadhain agus fiche. Teirigh anois chum do ghabha dubh, agus abair leis cloidheamh dá fhaobhar do dheunamh do d' mhac atá ag dul ag troid leis an bhFathach Dearg, i n-Albain. Seó dhuit buidéilín a bhfuil roinn de m' fhuil-se ann, agus abair leis an ngabha trí bhraoin d'fhuil mháthar Chaoilte do chur ar an gcloidheamh, nuair bhéidheas sé 'g á chruadhughadh. Nuair bhéidheas an cloidheamh réidh tabhair chugam-sa é. Treóraigh mé anois go seomra do mhic, caithfidh mé cómhrádh dheunamh leis."
Threóraigh an righ an chailleach go seomra an Luragáin Dhuibh, d'fhág ann sin í, agus d'imthigh go cearda (ceardcha) an ghabha-dubh, gan fhios d'aon duine ann san gcaisleán. Nuair bheannaigh sé asteach chum na cearda, chuir an gabha fáilte roimhe, agus dubhairt "is mór an chúis onóra dham mo righ do theacht asteach ann mo chearda bhoicht." "Tosaigh anois," ar san righ, "agus deun cloidheamh dá fhaobhar do m' mhac, tá sé dul ag troid leis an bhFathach Dearg i n-Albain, is é sin d'fhuadaigh m'inghean áluinn leis aon bhliadhain deug o shoin, agus tá a dearbhráthair dul anois d'á saoradh." "O! a righ," ar san gabha-dubh, "deunfaidh me cloidheamh chomh maith agus thig liom, acht ní'l aon mhaith i gcloidheamh- aibh an domhain anaghaidh an fhathaigh sin, mar nach bhfuil a bheatha ar iomchar leis, agus ní'l sé le bheith claoidhte acht leis an aon rud amháin, 'sé sin le cloidheamh do cóimheagadh (?) le trí braontaibh d' fhuil mháthar Chaoilte, agus ní bhfuighidh tu sin ar do ríoghacht." "Tá an fhuil sin ann mo sheilbh," ar san righ, "tosaigh, thusa, agus deun an cloidheamh." Fuair an gabha-dubh an chruaidh, agus nuair bhí sí dearg ar an inneóin, agus é 'gá bualadh le casúr trom, dubhairt sé leis an righ, "anois caith na braonta air." Rinne sé amhlaidh, agus lean an gabha do'n obair go raibh an cloidheamh deunta. An t-am do bhí an righ leis an ngabha, bhí an chailleach ag caint le n-a mhac. "Anois," ar sí, leis an Luragán, "tá tu bliadhain agus fiche ann san gcliabhán, agus saoilim gur mithid duit do dheirbhshiúr do shaoradh ó'n bhFathach Dearg." "Tá fhios agad nach dtig liom sin do dheunamh gan do chong- namh-sa," ar seisean, "agus má tá tu úmhall le sin do thabh- airt dam, ní bhéidh mé móimid eile ann san gcliabhán." "Léim amach," ar san chailleach, "go gcuirfidh mé athrugh- adh ort béidh d'athair ann so gan mhoill le cloidheamh dá
fhaobhar duit, agus tá trí braonta de m'fhuil-se ann san gcloidh- eamh, agus na bíodh eagla ar bith ort roimh an bhFathach Dearg." Léim sé amach ar an urlár, chomh aérach le geirrfhiadh Márta. Bhí a ghruag chomh dubh leis an bhfiach, agus í ag sguabadh síos ar an talamh. Budh é sin an fáth ar gáireadh an Luragán Dubh air. Tharraing an chailleach slaitín draoidheachta amach, bhuail trí bhuille air, agus le casadh do láimhe, bhí sé níos mó 'ná sé troighe ar áirde, agus leathan dá réir, agus é gleusta mar budh chóir do mhac righ. Nuair d' fheuch sé ann san sgáthán do bhí crochta ar an mballa, níor aithnigh sé é féin, agus dubhairt sé, "ní mise an Luragán Dubh, agus ní'l fhios agam cia mé." "Is tu fíor-mhac an righ," ar san chailleach, "agus is tu tá ceaptha leis an bhFathach Dearg do chlaoidh, bhí fhios agam sin, sul má rugadh thu, agus béidh mé i láthair lá an chatha." Tháinig an righ ar ais leis an gcloidheamh deunta, agus nuair d'fhosgail sé dorus seomra a mhic, agus nuair chonnairc sé an fear breágh mór i n-éinfheacht leis an gcailligh, bhí iongantas mór air. "Cá bhfuil mo mhac, an Luragán Dubh?" ar sé. "Tá sé 'na sheasamh ann do láthair," ar san chailleach, "nach bhfuil cuma na maitheasa air, ó d'imthigh tu?" "Ní chreidim gur ab é mo mhac atá ann," ar san righ. "Tig leat bheith cinnte dhe," ar san mac, "b' éigin dam bheith mo luragán go mbeidhinn bliadhain agus fiche d'aois, agus anois tá neart ceud fear ionnam, agus claoidhfidh mé an Fathach Dearg chomh luath agus rachas mé ag troid leis." "Bíodh long réidh dhó faoi cheann trí lá," ar san chailleach, "acht caithfimid bheith glic agus an rún chongbháil againn féin. Tabhair do mhac amach anocht ar an dorus atá i gcúl an chais- leáin, chomh luath agus thuitfeas an oidhche, tarr timchioll an chaisleáin go dti an dorus mór agus lorg (buail) é, agus
abair leis na searbhfóghantaibh gur ab é seo do mhac, atá andhiaigh teacht' ó'n spáin. 'San am sin cuirfidh mise lorgadán ann san gcliabhán cosmhuil leis an Luragán Dubh. Béidh sé marbh, agus tig leat a rádh go bhfuair sé bás obann, agus ann san gcaoi sin ní bhéidh aon amhras ar bith ar na daoinibh i dtaoibh an sgéil." "Dar m'focal deunfad mar deir tu," ar san righ, "mar feicim gur maith an cara thu, bhfuil rud ar bith ann d'fheudfainn a dheunamh dhuit-se?" "Ni'l, acht mo chómhairle do ghlacadh," ar san chailleach, "agus béidh mé réidh ar bhruach na fairrge le dul libh go h-Albain." D'imthigh an chailleach, ann sin, gan fhios d'aon duine ann san gcaislean acht do'n righ agus d'a mhac. An oidhche sin, tar éis dorchadais na h-oidhche, thug an righ an mac amach ar an gcul-dorus agus thart chum an doruis mhóir. Bhuail sé go dian, agus nuair d'fhosgail an doirseóir, dubhairt sé, "is é seó mo mhac is sine ata andhiaigh teachta ó'n Spáin." Chuir an doirseóir fáilte roimhe, agus níor bhfada go raibh an sgeul i mbeul gach uile dhuine ann san gcaisleán. Thug an righ a mhac go seomra breágh, acht níor bhfada gur fhill sé ar ais le rádh go raibh an luragán bocht marbh ann san gcliabhán. Ní raibh mórán cúmha 'na dhiaigh, acht do cuireadh é mar budh chóir. Dhá lá 'na dhiaigh sin, fuair an righ long agus loingseóiridh, agus chuir sé fuagradh amach go raibh a mhac do tháinig as an Spáin, ag dul go h-Albain, le troid leis an bhFathach Dearg, agus go mbudh mhaith leis comhluadar na n-uasal do bheith leis. Nuair bhí an long réidh, tháinig sluagh mór le dul go h-Albain, leis an righ. Nuair bhíodar ar bord na luinge, chonnairc an righ an chailleach ag teacht chum an bhruaich, agus í gleusta i gculaidh ghlais. "A righ mhóir," ar sise, "an leigfeá do shean-mhnaoi dul leat." "Tarr ar bord," ar san righ. Tháinig
sí ar bord ann sin, d'árduigheadar na seólta, agus thugadar aghaidh ar Albain. Nuair thángadar go dti an cuan, d'fhágadar an long ag na loingseóiridhibh agus chuadar féin go dti caisleán an Fhathaigh Dheirg. Bhí balla mór daingionn timchioll an chaisleáin, agus ní raibh air acht aon gheata amháin. Bhí an Fathach ag feuchaint amach as fhuinneóig, agus nuair chonnairc sé an sluagh mór ag an ngeata, d'fhiafruigh sé de ghuth uathbhásach, "cía sibh féin, no cad tá uaibh?" Labhair an righ, agus dubhairt, "is mise righ as Éirínn, agus tá mé ag iarraidh m' inghine alúinn', agus muna gcuireann tu amach í, tá mo mhac ann so, agus saorfaidh sé í le n-a chloidh- eamh." Tháinig an Fathach amach, agus cloidheamh mór ann a láimh. Tharraing an mac righ a chloidheamh dhá fhaobhar, agus d'ionnsaigheadar a chéile. Throideadar fad trí uair, gan gearr- adh ná sáthadh thabhairt dá' chéile. Tháinig fearg ar an bhFathach agus dubhairt sé, "is tu an fear is fearr do sheas ariamh ann mo láthair, acht caithfidh mé do mharbhadh," acht ní raibh an focal as a bheul gur sgoilt an mac righ a chloigionn. "A! A!" ar san Fathach, "tá nimh ann do chloidheamh, no tá sé measgtha le fuil mháthar Chaoilte!" Tháinig an chailleach i láthair, ag greadadh a bos, agus dubhairt, "is mise máthair Chaoilte, agus tá bród orm faoi. Tabhair buille eíle dhó, a mhic an righ, agus cuir críoch ar an bhfealltóir, is le feall do mharbh sé mo mhac, fíor-laoch Chon- nachta." Bhain an mac righ an chloigionn dé ann sin, agus thuit sé marbh. Tharraing an chailleach sgian dubh amach, agus bhain sí an croidhe as an bhFathach Dearg, agus dubhairt, "béarfaidh mé é seo a-bhaile liom go Connachtaibh, mar chomh- artha buaidhe do na daoinibh." Chuaidh an righ agus a mhac asteach ann san gcaisleán, agus thugadar amach an righ-bhean áluinn. Níor fheud sí labhairt le teann-áthas, go bhfacaidh sí an tsean bhean 'san gculaidh ghlais.
Rith sí chuici agus phóg sí í, agus dubhairt sí, "O! a athair 'is i seó an bhean-uasal d'oibrigh amach mo shaoirse, agus thug meisneach agus solás dam ann mo dhaoirse. Muna mbeidheadh í, do bheidhinn marbh a bhfad ó shoin. Thug sí roinn d' fhuil a croidhe féin ar mo shon, agus ní'l fhios agam cia an cúitiughadh bhéarfas mé dhí." "Ní'l aon chúitiughadh ag teastál uaim" ar sise. "Tá sásadh agam faoi bhás mo mhic do mharbh an Fathach Dearg le feall, an rud nár fheud sé a dheunamh le neart. Rachaidh mé anois chum suaimhnis, mar tá fhios agam go bhfuil an fealltóir marbh." Tháinig an righ agus a chuideachta ar ais go h-Éirinn, agus rinne sé fleadh mór do mhair seacht lá agus seacht n-oidhche, agus bhí fáilte ann roimh saidhbhir agus roimh bocht. Seal gearr 'na dhiaigh sin, tháinig mac righ ó'n Spáin agus phós sé an inghean áluinn, agus phós mac an righ inghean righ na Spáine, agus bhí bainfheis ann san gcaisleán, do mhair fad míosa. Bhí mé féin ag dul na slighe, agus fuair mé neart le n-ithe agus le n-ól.
AN SGEULUIDHE GAODHALACH CUID III LE DÚBHGLAS DE h-ÍDE, LL.D. (An Chraoibhín Aoibhinn) XXII Goll agus Bhean Mhór. Inghean áird-rígh Ghréige (do) chuir cuntas chuig Fionn, go raibh cáil mhór ar Fhiantaibh Éireann, nach raibh lucht-fiadhaigh ar bith chomh maith leó, acht go gcuirfeadh sí geall ar bith leó, go ndeunfadh sí féin teach agus áras i nÉrinn, a-gan-fhios dóibh. Ó'n lá fauradar an cuntas so go dti an lá (ar) casadh leó í, bhíodar uile ar an tóir. Bhí a madraidh agus a gconraite (conairte) aca, agus a gcuid gadhar ag tóruigheacht. Bhíodar 'na suidhe, an lá so, ar chnocán bán, agus na gadhra agus na madraidh ar an tóir tríd na gleanntaibh timchioll orra, nuair d'éirigh sí rompa, agus bhí a leath-thaobh aici chomh dubh leis an ngual, agus budh mhire í na seabhac ar coill. D'imthigh sí féin, agus na madraidh as a diaigh, agus ní raibh fhios aca cá ndeachaidh sí agus le méad agus rinne sí siúbhal, (i. e. leis an
méad siúbhail do rinne sí) ar feadh an laé cailleadh na madraidh, agus ní raibh aon mhadadh tháinig ar ais acht Bran. Agus í suaidhte sáruighthe fliuch Ag gul go caoin a's ag sgread go cruaidh (truagh). "Is cosmhúil, a choileáin," do ráidh Fionn, "Go bhfuil ár gcineamhain de'n tsaoghal i gcontabhairt cruaidh." Tháinig an bhean mhór suas ann sin, ann a bhfiadhnuise, agus thosaigh ag caint leó, - an bhean budh bhreágha bhí ar an domhan, - agus thug sí cuireadh dinéir d'Fhionn agus d'á chómhluadar, ann san áras do bhí deunta aici. Ní raibh uatha acht cuireadh an dinéir d'fághail; bhí ocaras orra. Chuadar léithe, agus fuaradh réidh dóibh suipéar maith. Bhí gach uile shórt d'á bhfoillfeadh, aca, le n'ithe agus le n'ól. Nuair bhíodar tar éis a suipéar d'ithe, ann sin dubhairt an bhean mhór leó go mbudh cheart dóibh dul a' codladh; agus dubhairt siad go mbudh mhaith leó cead fhághail, má bhí áit aici le n-a n-aghaidh. Thug sí asteach i seomra iad, agus fuair sí leabuidh réidh dhóibh, agus bhí togha na leabuidh aici. Agus nuair bhí siad uile ann a gcodladh tháinig sí buil (?) (i. e. mar a raibh) Fionn, agus d'fhiafruigh sí dhé an bpósfadh sé í. Dubhairt Fionn léithe go bposfadh sé i, acht go raibh deirbh- shiúr Ghoill pósta cheana aige, "agus má phósaim thu anois, marbhóchaidh Goll mé féin agus thu féin." "Cá bhfuil Goll 'na sheasamh?" adeir sí. "Tá Goll," ar Fionn, "i mBinn Éadair Mághgeamhlaigh (?) ag faire cuanach (cuan), taobh shuas de Bh'l'ath-cliath." (D'imthigh sí ann sin uaidh, agus thuit Fionn 'na chodladh). Nuair fuair sí iad uile ann a gcodladh, cheangail sí iad, agus nuair bhí siad uile ceangailte aici, d'imthigh sí féin go dti an áit a raibh Goll, agus d'fág sí an cailín do bhí aici ag cúmhdach na bhFiann, le faitchios go sgaoilfeadh aon duine iad. Thosaigh sí agus Goll ag troid, agus nuair dhúisigheadar na Fianta fuaradar iad féin ceangailte, agus an bhean mhór imthighthe uatha.
Dubhairt Fionn leó gur imthigh an bhean mhór nuair cheangail sí iad, go marbhóchadh sí Goll. Thosaigh Cónán ag caoineadh ann sin, mar budh é dearbhráthair Chónáin Goll, le faitchios go marbhóchadh sí é, agus d'fhógair sé ar Dhiarmuid an ball- searc do thaisbeánt do'n chailín, agus b'éidir go sgaoilfeadh sí iad. Chomh mear (luath) agus chonnairc sí an ball-searc ar Dhiar- muid, sgaoil sí ar fad iad. Ann sin nuair fuair Cónán é féin sgaoilte, mharbh sé an cailín; agus an brat-brághaid do bhí uirri, chuir sé ar a bhrághad féin é. D'imthigheadar leó go dtángadar chum na h-áite a raibh an bhean mhór agus Goll ag troid, agus ní raibh, an t-am tháinig siad, acht an t-anál i nGoll, agus é ar éigin beó. Bhí ceithre mná fichead timchioll ar an mBean mhóir, agus sgiath-cosanta ag gach mnaoi dhíobh, agus ní leigfidís buille anaice léithe. Nuair tháinig Cónán, chonnairc sé na mná, acht ní fhacaidh duine ar bith iad acht é féin, mar bhí siad faoi draoidheachta; acht bhí an brat do bhí ag an gcailín roimhe sin ag Cónán ar a bhrághad féin, agus bhí an bhuaidh sin ann san mbrat go mbudh léir iad do'n té a mbeidheadh an brat aige. Chuaidh Cónán tríotha agus mharbh sé iad. Nuair bhí na mná marbh, bhí Goll currtha, agus chomh lag sin nár fheud sé aon rud dheunamh ar an mBean mhóir. D'iarr Osgar ar Gholl a sgith do leigean, agus é féin do leigean dul ag cómhrac, sgathadh, leis an mBean Mhóir. Budh shuarach le Goll leigean d'Osgar dul 'na áit féin, óir b'fhearr an fear é féin seacht n-uaire 'ná Osgar. D'iarr Fionn, ann sin, ar Gholl, Osgar do leigean 'na áit, no go leigfeadh sé féin a sgith; agus ar chómhairle Fhinn thuit Goll síos, agus leig d'Osgar dul ag cómhrac léithe. Mharbh Osgar í ar ball, agus nuair chonnairc Goll go raibh sí marbh ag Osgar, chuir sé fearg mhór air féin. D'éirigh Goll go marbhóchadh sé Osgar, mar gheall gur mharbh sé an Bhean Mhór, agus gur chlis sé air féin (a marbhadh).
Bhí an Bhean Mhór ionnánn labhairt ar éigin. "O!" ar sí, "fágaim buaidh gaisge ag Goll," adeir sí, "d'fhágaidh (d'fhág) lag ag Osgar mé." Chlaon sé Goll, an focal adubhairt an Bhean Mhór, agus níor fhág sé fearg ar bith air. XXIII An Buighdeach, an Tincéar agus an t Asal Dubh. Ann san aimsir a bhfad ó shoin, bhí baintreabhach bhocht 'na cómhnuidhe i ngar do Chaisleán-a-bharra, i gconndaé Mhuigh Eó. Bhí aon mhac amháin aici, agus níor fhás sé orlach ó bhí sé cuig bliadhna d'aois, agus gháir na daoine "Buighdeach" mar leas-ainm air. Aon lá amháin, nuair bhí an Buighdeach timchioll cúig bliadhna deug d'aois, d'imthigh a mháthair go Caisleán a' bharra. Ní raibh sí imthighthe níos mó 'ná uair, nuair tháinig tincéar mór, agus asal dubh leis, chum an dorais, agus "bhfuil tu astigh a bhean a'tighe?" ar san tincéar. "Ní'l," ar san Buighdeach, "agus dubhairt sí liom gan aon duine do leigean asteach go dtiucfadh sí féin a-bhaile." Shiúbhail an tincéar asteach, agus nuair d'fheuch sé ar an mBuighdeach dubhairt sé, "go deimhin is deas an buachaill thusa, le duine ar bith do chongbháil amach; ní fheudfá coileach Franncach do chongbháil amach." D'éirigh an Buighdeach de léim, agus thug dorn do'n tincéar mór, eidir a dhá shúil, agus chuir amach ar mhullach a chinn é, faoi chosaibh an asail dhuibh. D'éirigh an tincéar go feargach, agus thug iarraidh le greim
d'fhághail ar an mBuighdeach, acht thug seisean dorn eile dhó, faoi bhonn na cluaise, agus chuir amach arís é faoi chosaibh an asail dhuibh. Thosaigh an t-asal ag sgreadaoil go brónach, agus nuair chuaidh an Buighdeach amach, bhí an tincéar marbh. "Mharbh tu mo mháighistir," ar san t-asal dubh, "agus go deimhin ní'l brón orm faoi, is minic thug sé bualadh trom dam gan ádhbhar." Bhí iongantas ar an mBuighdeach nuair chualaidh sé an t-asal dubh ag caint, agus dubhairt sé, "ní asal ceart thu." "Go deimhin ní'l mé im' asal acht seacht mbliadhna; is brónach mo sgeul, mar budh mhac duine-uasail mé." "Maiseadh budh mhaith liom do sgeul do chlos," ar san Buighdeach. "Tar asteach go tóin an tighe, cuir folach ar an tincéar ann san gcarn-aoiligh, agus innseóchaidh mé dhuit mo sgeul." Tharraing an Buighdeach an fear marbh go dti an carn-aoiligh, agus chuir folach air. Tháinig an t-asal dubh asteach, agus dubhairt. "Budh mhac duine-uasail mé, acht budh dhroch-mhac mé, agus fuair mé bás faoi throm-ualach peacadh marbhtha ar m'anam bocht, agus do bheidhinn do m' losgadh i n-ifrionn anois, muna mbeidheadh an Mhaighdean Muire. Budh ghnáthach liom paidir bheag do rádh i n-onóir dí gach uile oidhche, agus nuair chuaidh mé i láthair an Bhreithimh mhóir, tugadh breith- eamhnas ifrinn orm, gur labhair a mháthair leis an mBreitheamh, agus d' athraigh sé a bhreitheamhnas, agus rinneadh asal dubh díom, agus tugadh do'n tincéar mé fad seacht mbliadhain, go bhfuighfeadh sé bás saoghalta. Is ball de'n diabhal an tincéar, agus is mise do thug neart duit le n-a mharbhadh, acht ní 'l tu réidh leis fós. Tiucfaidh sé chum beatha arís faoi cheann seacht lá, agus má tá tu ann so roimhe, marbhóchaidh sé thu, chomh cinnte agus tá tu beó." "Níor fhág mé an baile seó ó rugadh mé," ar san Buighdeach, "agus níor mhaith liom mo mháthair d'fhágbháil."
"Nach fearr dhuit do mháthair d'fhágbháil, 'ná do bheatha do chailleamhaint i stáid pheacaidh mharbhtha, agus bheith do d' losgadh i n-ifrionn go siorruidhe?" "Ní'l eólas agam ar aon áit a bhféadfainn mé féin do chur i bhfolach innti," ar san Buighdeach, "acht ó thárla gur tusa do chuir neart ann mo láimh leis an tincéar do mharbhadh, b'éidir go dtiúbhraidh tu eólas dam ar áit a mbeidhinn saor ó'n tincéar." "An gcualaidh tu caint ariamh ar Loch Dearg?" "Go deimhin chualas," ar san Buighdeach, "bhí mo mháthair mhór ar turas ann, acht ní'l fhios agam cá bhfuil sé." "Béarfaidh mise ann thu, an oidhche amárach. Tá mainisdir faoi thalamh, ar an oileán, agus tá sean-bhráthair ann, a fheiceas an mhaighdean Muire gach uile Dia Sáthairn. Aithris do chúis dó, agus glac a chómhairle ann s gach nidh: cuirfidh sé thu faoi aithrighe, acht is feárr aithreachas ar an tsaoghal so 'ná pianta ifrinn go síorruidhe. Tá fhios agad cá bhfuil an dún beag atá taobh-shiar de'n tsean-chaisleán, má tá tu ann san dún, timchioll trí uaire tar éis tuitim' na h-oidhche, béidh mise ann rómhad, agus bearfaidh mé go Loch Dearg thu." "Béidhead ann, má bhídhim beó," ar san Buighdeach, "acht bhfuil aon bhaoghal orm go n-éireóchaidh an tincéar roimh an am sin?" "Ní'l," ar san t-asal dubh, "muna n-innsigheann tu d'aon neach gur mharbh tu é. Má innsigheann tu aon nidh d'á thaoibh, éireóchaidh sé, agus marbhóchaidh sé thu féin agus do mháthair." "Dar m'anam! béidh mise mo thost d'á thaoibh," ar san Buighdeach. An trathnóna sin, nuair tháinig máthair an Bhuighdigh a-bhaile, d'fhiafruigh sí dhé, an dtáinig aon duine chum an tighe, ó d' imthigh sí. "Ní fhaca mé aon duine," ar seisean, "acht sean-cheannuighe mála, agus ní bhfuair sé aon nidh uaim-sé." "Feicim lorg crúidh capaill no asail, taobh amuigh de'n
dorus, agus ní raibh sé ann ar maidin, nuair bhí mise ag imth- eacht," ar sise. "Budh é Páidin Éamoin an t-amadán, ag marcuigheacht ar asal Mháire mhóir ni Bhriain," ar san Buighdeach. Níor chodail an Buighdeach támh an oidhche sin, acht ag cuimhniughadh ar an tincéar agus ar an asal dubh. An lá ar na mhárach, bhí sé faoi imnidhe mhóir. D'airigh an mháthair sin, agus d'fhiafruigh sí cad do bhí air. - "Ní'l ceó orm," ar seisean. An oidhche sin, nuair bhí an mháthair ann a codladh, d'éaluigh an Buighdeach amach, agus níor stop go dtáinig sé go dti an dún beag. Bhí an t-asal dubh roimhe, agus dubhairt, "Bhfuil tu réidh?" "Táim," ar san Buighdeach, "acht tá brón orm faoi nach bhfuair mé beannacht mo mháthar, béidh sí faoi imnidhe go dtagaidh mé ar ais." "Go deimhin ni bhéidh sí faoi imnidhe ar bith, mar tá Buighdeach eile, le taoibh do mháthair, 'san mbaile, chomh cosmhúil leat nach n-aithneóchaidh sí nach tusa atá ann, agus béarfad liom é sul má dtagann tu ar ais." "Tá mé an-bhuidheach díot, agus tá mé réidh le dul leat," ar seisean. "Léim suas ar mo dhruim, atá aistear fada rómham," ar san t-asal. Léim an Buighdeach ar a dhruim, agus ar an mball chual- aidh sé toirneach agus chonnairc sé teintreach mhór. Tháinig neull mór anuas agus chuaidh faoi an asal dubh agus faoi a mharcach. Chaill an Buighdeach amharc a shul, agus tháinig trom-chodladh air, agus nuair mhúsgail sé bhí sé ar oileán i Loch Dearg, 'na sheasamh i láthair an tsean-bhráthar. Chuir an bráthair caint air, agus dubhairt, "cad do thug ann so thu, a mhic?" "Maiseadh! go deimhin, ní maith atá fhios agam," ar san Buighdeach.
"Béidh fhios agam-sa gan mhoill," ar san bráthair, "tar liom-sa." Lean sé an sean-bhráthair síos faoi an talamh, go dtángadar go dti seomra beag do bhí gearrtha as an gcarraig. "Anois," ar san bráthair, "teirigh síos ar do ghlúnaibh, agus deun d' fhaoisidin, agus ná ceil aon choir." Chuaidh an Buighdeach síos ar a ghlúnaibh, agus d'innis dó gach nidh thárla dhó, leis an tincéar agus leis an asal dubh. Chuir an bráthair é faoi aithrighe seacht lá, agus seacht n-oidhche, gan greim ná deoch, ag siúbhal ar a ghlúnaibh noch- tuighthe, ameasg na gcarraig agus na gcloch géar. Rinne sé an aithrighe, agus an seachtmhadh lá ní raibh greim croicinn ná féola ar a ghlúnaibh, agus bhí sé mar sgáile leis an ocarus. Nuair bhí an aithrighe críochnuighthe aige, tháinig an sean- bhráthair, agus dubhairt, "is mithid duit do bheith dul a-bhaile." "Ni'l aon eólas agam ar mo bhealach le dul ar ais," ar san Buighdeach. "Béarfaidh do chara, an t-asal dubh, ar ais thu," ar san bráthair, "béidh sé ann so anocht; agus nuair rachas tusa a-bhaile, caith do bheatha go cráibhtheach, agus ná h-innis d'aon neach acht do d' oide-faoisidin go raibh tu ann so." "Innis dam, a athair, bhfuil baoghal orm ó'n tincéar?" "Ni'l, go deimhin," ar san bráthair, "tá sé 'na asal ag tincéar i gCúige Múmhan, agus béidh sé 'san riocht sin bliadhain agus fiche, agus 'na dhiaigh sin rachaidh sé go suaimhneas síor- ruidhe. Teirigh anois go dti do sheomra. Cluinfidh tu clog beag andhiaigh dorchadais na h-oidhche, agus chomh luath agus chluinfeas tu é, teirigh suas ar an oileán, agus béidh an t-asal dubh ann sin rómhad, agus béarfaidh sé a-bhaile thu, agus mo bheannacht leat!" Chuaidh an Buighdeach chum an tseomra, agus chomh luath agus chualaidh sé an clog, chuaidh sé suas ar an oileán, agus bhí a chara, an t-asal dubh, ag fanacht leis.
"Léim suas ar mo dhruim, a Bhuighdigh, ní'l móimid agam le cailleamhaint," ar san t-asal. Rinne sé amhlaidh, agus ar an mball chualaidh sé an toirneach, agus chonnairc sé an teintreach. Tháinig neull mór anuas, agus chuaidh faoi an asal dubh agus faoi a mharcach. Tháinig trom- chodladh ar an mBuighdeach, agus nuair mhúsgail sé, fuair sé é féin ann san dún beag, san mbaile, 'na sheasamh i láthair an asail dhuibh. "Imthigh a-bhaile chum do mháthar anois. Tá an Buighdeach eile imthighthe ó n-a taoibh, tá trom-chodladh uirri, agus ní mhothóchaidh sí thusa ag dul asteach." "Bhfuil aon bhaoghal orm ó'n tincéar?" ar seisean. "Nár innis an bráthair beannaighthe dhuit nach bhfuil," ar san t-asal dubh. "Deunfaidh mise dídionn ort. Cuir do lámh ann mo chluais chlé, agus geobhaidh tu sporán ann, nach mbéidh folamh fad do bheatha. Bí go maith leis na daoinibh bochta, agus le baintreabhachaibh, agus le díleachtaibh, agus geobhaidh tu beatha fhada, bás aoibhinn, agus flaitheas 'na dhiaigh." Chuaidh an Buighdeach a-bhaile, agus chuaidh 'na chodladh, agus níor bhreathnuigh an mháthair nár bh'é a mac féin do bhí ann san mBuighdeach eile. Faoi cheann seachtmhaine 'na dhiaigh seo, dubhairt an Buighdeach le n-a mháthair, "nach é seó lá aonaigh Chaisleáin- a-bharra?" "Seadh go deimhin," ar sise. "Maiseadh, budh chóir dhuit dul ann, agus bó (do) cheann- ach," an seisean. "Ná bí (ag) deunamh magaidh faoi do mháthair, no ní bhéidh aon ádh ort," ar sise. "Dar m'fhocal, ní'l mé ag magadh," ar seisean. "Chuir Dia sporán ann mo bhealach, agus tá níos mó 'ná luach bó ann." "B'éidir nach bhfuair tu (go) cneasta é. Innis dam cia 'n áit a bhfuair tu é."
"Ní innseóchaidh mé aon nidh ar bith d' á thaoibh duit, acht go bhfuair mé é go cneasta, agus má tá amhras agad faoi m'fhocal, leig dó." Bíonn saint ar na mnáibh i gcómhnuidhe, beag-nach, agus ní raibh sise saor uaithe. "Tabhair dham luach na bó." Sheachaid sé fiche píosa óir dí, "geobhaidh tu bó mhaith ar an méad sin," ar seisean. "Geobhad," ar sise, "acht budh mhaith liom luach muice do bheith agam." "Ná bí sanntach, a mháthair," ar seisean, "ní bhfuighidh tu níos mó an t-am so." Chuaidh an mháthair chum an aonaigh, agus cheannaigh sí bó bhainne, agus roinn éadaigh le h-aghaidh an Bhuighdigh, agus nuair fuair seisean í imthighthe, chuaidh sé chum an tsagairt parráiste, agus dubhairt go mbudh mhaith leis faoisidin do dheunamh. D'innis sé dhó, ann sin, gach rud thárla leis, ó casadh an tincéar agus an t-asal dubh air. "Go deimhin is deagh-bhuachaill thu," ar san sagart, "tabhair roinn de'n ór dam." Thug an Buighdeach fiche píosa dhó, acht ní raibh sé sásta leis sin, agus d'iarr sé luach capaill air. "Níor shaoil mé go mbeidheadh saint ar shagart," ar seisean, "acht feicim anois go bhfuil siad chomh sanntach le mnáibh; seó dhuit fiche píosa eile, bhfuil tu sásta anois?" "Táim, agus ní'lim," ar san sagart. "Ó thárla go bhfuil sporán agad nach mbéidh folamh fad do bheatha, d' fheudfá an oiread do thabhairt dam agus do chuirfeadh cill bhreágh ar bonn, i n-áit na cille suaraighe seó atá againn ann san bparráiste anois." "Fágh fir-oibre, agus saoir, agus tosaigh an chill, agus bhéarfaidh mise tuarasdal na bhfear-oibre dhuit, ó sheachtmhain go seachtmhain," ar san Buighdeach. "B'fhearr liom é do bheith agam anois," ar san sagart,
"dheunfadh míle píosa an obair, agus má thugann tu dham iad, cuirfidh mé an chill ar bonn." Thug an Buighdeach míle píosa óir dó, as an sporán, agus ní raibh an sporán níos eudtroime faoi. Tháinig an Buighdeach a-bhaile, agus bhí a mháthair ann sin roimhe, le bó bhreágh bhainne, agus le éadach nuadh dhó. "Go deimhin, is maith an bhó í sin," ar seisean, "tig linn roinn bhainne thabhairt do na daoinibh bochta gach uile mhaidin." "Go deimhin, caithfidh siad fanacht go ndeunfaidh mé máis- treadh agus bhéarfaidh mé an bláthach dóibh go gceannaighidh mé muc." "Is í an leamhnacht bhéarfas tu do na daoinibh bochta," ar san Buighdeach, "tig linn im do cheannach." "Saoilim gur chaill tu do chiall," ar san mháthair, "béidh an roinn bheag shaidhbris do chuir Dia chugad, ag teastál uait, sul bhéidheas mise bliadhain san uaigh." "Cá fhios duit nach mbeidhinn-se ann san uaigh rómhad?" ar seisean, "acht, ar chaoi ar bith, cuirfidh Dia mo sháith chugam." Nuair bhíodar ag caint, tháinig bean bhocht agus triúr páiste, chum an dorais, agus d'iarr siad déirc i n-onóir do Dhia agus do Mhuire. "Ní'l rud ar bith agam dhaoibh an t-am so," ar san bhain- treabhach. "Ná h-abair sin, a mháthair," ar san Buighdeach, "tá déirc agam-sa le tabhairt i n-ainm Dé agus a mháthar Muire." Leis sin chuaidh sé amach agus thug piósa óir do'n mhnaoi bhoicht, agus dubhairt sé le n-a mháthair. "Bligh an bhó agus tabhair deoch do na páistidh' bochta sin." "Ní thiubhrad," ar san mháthair. "Deunfaidh mé féin é, mar sin," ar seisean, Fuair sé an soitheach, bhligh sé an bhó, agus thug neart leamhnachta do na páistidh' bochta agus do'n mhnaoi. Nuair bhí siad imthighthe,
dubhairt an mháthair leis, "béidh do sporán folamh gan mhoill." "Ní'l eagla orm faoi sin," ar seisean, "'sé Dia do chuir chugam é, agus deunfaidh mé úsáid mhaith dhé," ar seisean. "Deun do thoil féin," ar sise, "acht béidh aithreachas ort go fóil." An lá ar na mhárach, tháinig go leór de dhaoinibh bochta chum an Bhuighdigh, ag iarraidh déirce, agus níor leig sé aon duine uaidh folamh. Chuaidh trácht agus cáil an Bhuighdigh tríd an tír, mar rachfadh teintreach, agus dubhairt daoine go raibh sé rann-pháirteach leis na daoinibh maithe. Agus dubhairt daoine eile go mbudh é an diabhal do bhí ag tabhairt an óir dó, agus rinne siad casaoid leis an sagart parráiste 'na aghaidh, acht dubhairt seisean go mbudh dheagh-bhuachaill cneasta an Buigh- deach, agus go mbudh é Dia do thug an mhaoin dó, agus go raibh sé ag deunamh úsáide maithe dhí. Chuaidh an Buighdeach ar aghaidh go maith anois, agus thosaigh sé ag fás go raibh sé beag-nach sé troighe air áirde. Fuair a mháthair bás, agus thuit sé i ngrádh le cailín deas, agus níor bhfada gur pósadh iad. Ní raibh lá de'n ádh air, ó'n am sin amach. Fuair a bhean eólas go raibh sporán iongantach aige, agus ní bheidheadh sí sasta go bhfághadh sí é. D'eitigh sé í go minic, acht ní raibh sí ag tabhairt suaimhnis dó, lá ná oidhche, go bhfuair sí an sporán uaidh faoi dheireadh. Ann sin nuair fuair sí é, ní raibh meas ar bith aici air. Chuaidh sí go Caisleán a' bharra le síoda agus sról do cheannach, acht nuair d' fhosgail sí an sporán, i n-áit píosaidh óir do bheith ann, ní raibh ann acht píosaidh de leacrachaibh beaga. Thainig sí ar ais, agus fearg mhor uirri, agus dubhairt, "nach deas an t-amadán do rinne tu dhíom, ag tabhairt sporáin líonta le clochaibh beaga dham, i n-áit an sporáin leis an ór ann."
"Thug mé an sporán ceart duit," ar seisean, "ní'l an dara ceann agam." Rug sé ar an sporán agus d'fhosgail é, agus chomh cinnte agus atá mise 'gá innseacht duit, ní raibh ann acht píosaidh de leacrachaibh beaga. Bhí brón áidhbheul ar an mBuighdeach, agus níor bhfada go raibh sé ar mire, ag réabadh a ghruaige, agus ag bualadh a chinn anaghaidh an bhalla. Cuireadh fios ar an sagart, acht níor fheud sé ciall ná réasún d'fhághail as an mBuighdeach. Stróic sé a chuid éadaigh agus d'imthigh nochtuighthe, agus ar mire, tríd an tir. Timchioll seachtmhaine 'na dhiaigh sin, fuair na cómharsanna an Buighdeach bocht marbh, faoi bhonn sgeiche ann san dún beag. Tá an tsean-sgeach sin ag fás ar an dún fós, agus glaodhann na daoine "sgeach an Bhuighdigh" air, acht is cinnte go ndeachaidh sé go flaitheas. XXIV An cheud-chogadh tháinig go h-Eirinn. Ceathrar dearbhráthair do bhí ionnta. Chualaidh mé a n-ainmneacha go minic acht ní chuimhnighim orra anois. Bhí fear aca 'na righ i gCúige Connacht, fear aca 'na righ i gCúige Laighean, fear aca 'na righ i gCúige Múmhan, agus an fear eile aca 'na righ i gCúig Uladh. Bhí ceithre righ i n-Éirinn 'san am sin. Bhí buachaill ag righ Chúige Uladh, a dtugadaois Bric na Buaire air, agus chaith sé a bhfad aige, agus ann san aimsir dheiridh fuair an máighistir droch-mheas éigin ar a ghnatha (ghnó), agus, dóigh leat, gur thuit siad amach le céile; agus d'imthigh Bric na Buaire ó righ Chúige Uladh. D'imthigh sé uaidh, agus bhí sé ar siúbhal go dtáinig sé go Connachtaibh.
Chaith sé sgathadh, ann sin, i gConnachtaibh, agus é ag rádh le righ Chonnachta, go raibh righ Chúige Uladh ag deunamh airm suas, le teacht, agus le n-a chloigionn do bhaint dé féin. Agus nuair bhí sgathadh caithte i gConnachtaibh aige, agus an righ suas (corruighthe) aige go ceart, d'imthigh sé, agus níor stop sé go ndeachaidh sé buil (áit a raibh) an righ eile, righ Chúige Laighean, i gcondaé Chille-dara; agus leig sé a rún leis ann sin, agus d'innis sé dhó, muna seasfadh sé ar a shon féin, agus arm do dheunamh suas, go dtiucfadh fear Chúige Uladh faoi, agus go mbainfeadh an chloigionn dé. Chuaidh sé go Cúige Mumhan ann sin, agus dubhairt leis an righ go raibh righ Chúige Uladh ag teacht leis an gceann do bhaint dé, agus le Éire do bheith aige féin. "Anois," adeir righ Chúige Múmhan, "marbh ná beó damh-sa," adeir sé, "ní stopfaidh mé, go rachaidh mé, agus go bhfeicfidh mé, an fior an sgeul sin, no bhfuil mo dhearbhráthair ag deunamh airm i m'aghaidh." Dubhairt fear Chúige Laighean leis, dá rachfadh sé go cuirt Chúige Uladh go marbhóchaoi é. Dubhairt righ Chúige Múmhan gur cuma leis, go raibh sé chomh mór sin le n-a dhearbhráthair nár chreid sé go ndeunfadh sé aon cheó air. Níor stop sé go ndeachaidh sé go Cúig Uladh, buil a dhearbh- áthar, agus gur fhiafruigh sé, "an fíor an sgeul do cuireadh amach air, go raibh sé (ag) deunamh airm suas le n-a thriúr dearbhráthar do mharbhadh, agus le Éire do bheith aige féin." Dubhairt fear Chúige Uladh, leis, nach raibh rud ar bith d'á shórt ann a inntinn, agus nár smaointigh (smuain) sé ariamh air. Dubhairt fear Chúige Múmhan nár chreid sé féin é, acht gur maith leis bheith cinnte dhé, agus gur b'é sin an t-ádhbhar tháinig sé féin. "Ní stopfaidh mise go bráth," (ar righ Chúige Uladh) "go rachfaidh mé go Connachtaibh, go bhfeicfidh mé mo dhearbh- ráthair, agus go bhfeicfidh mé an fíor an sgeul go bhfuil sé ráidhte orm go bhfuil mé déanamh suas airm 'na aghaidh."
Rinneadar an bheirt suas ann a n-inntinn, mar sin, teacht le chéile go Connachtaibh, go bhfeicfidís righ Chonnachta, agus chrapadar leó, agus chuadar ann; agus níor stopadar go dtángadar buil an righ. Bhí an triúr dearbháthair ann sin, buil a chéile, an triúr righ; agus anois d'fhiafruigh righ Chúige Uladh cia dubhairt le righ Chonnachta go raibh sé déanamh airm suas 'na aghaidh. Dubhairt seisean gur b'é Bric na Buaire. "Cá bhfuil Bric na Buaire anois?" adeir sé. "Tá sé ag mo dhearbhráthair i gCúige Laighean." Cuireadh litir chum bealaigh ann sin, i gcoinne righ Laighean agus i gcoinne Bric na Buaire, - na ceithre dearbhráthair do theacht le chéile. Anois, nuair tháinigh Bric na Buaire ar an tsráid, ní leigfeadh an faitchios do teacht asteach, agus nuair chuadar na ceathrar dearbhráthair le chéile, agus nuair fuaradar amach go ceart gur b'é Bric na Buaire dubhairt an sgeul sin, agus do chuir amach orra é, níor bhfiu leó, é (do) mharbhadh, acht sé do rinneadar, é do chur asteach i soitheach no i ndabhaic, agus a chathadh amach 'san bhfairrge. Caitheadh amach, mar sin, é, 'san bhfairrge, astigh 'san dabhaic, agus bhí sé ag imtheacht ann sna tonntrachaibh, go dtáinig sé ann sna h-Inniachaibh soir. Thárla sé asteach ar chuan, shoir, agus bhí fear amuigh ann sin (ag) seilg, agus chonnairc sé an dabhac ag teacht ar an uisge chuige, agus chuir sé amach an madadh do bhí aige, go bhfeicfeadh sé an dtiúbhradh sé asteach chuige é. Bhí poll beag ar an soitheach, do bhí (ag) tabhairt anáil dó-san, agus chuir an madadh a ruball (earball) asteach ann. Rug Bric na Buaire, astigh, ar an ruball, agus rug an madadh an soitheach amach as an gcuan go dti Garbh Mór, sin ainm an fhir. D'fhosgail sé amach an soitheach, agus fuair sé Bric na Buaire ann, astigh, agus bhí sé chomh beag sin ann a shúilibh gur b'é an áit ar thóg sé é suas ar a bhois! Bhí an Garbh chomh mór sin,
gur ar éigin do dhúnfadh Bric na Buaire na cnaipidh do bhí i nglúin a bhríste. Thug an Garbh leis a-bhaile é, agus nuair chuaidh sé a-bhaile ní fhacaidh tu ariamh a leithéid de riméad (lúthgháire) agus bhí aige as an bpáiste. Mar páiste do bhí Bric na Buaire aige. Thosaigh sé féin agus Bric na Buaire, ag caint le chéile, agus dubhairt Bric na Buaire leis, dá mbeidheadh sé i n-Éirinn, go gcuirfeadh sé í faoi áird-chíos, agus nach raibh maille ar bith air, sin do dhéanamh. Dubhairt an Garbh nach gcualaidh sé aon chaint ariamh ar Éirinn, agus, "saoilim," ar seisean, "nach bhfuil ann acht áitín bheag." "Ait bhreágh í," ar Bric na Buaire, "agus ní'l ort acht dul ann, agus ór agus airgiod do tharraingt as, gach uile bhliadhain. "Dá mbeidh' fhios agam sin," ar san Garbh, "rachfainn féin agus thu féin ar n-ais ann." "Tír mhaith í," ar Bric na Buaire, "tír mhaith í," adeir sé. Bhí sé ag gabhail dó ann sin, go dtug sé (i.e. an Garbh) toil dó dul leis. 'Sé an áit do thugadh an Garbh a long féin i gcómnuidhe, suas go dti a dhorus féin, as an bhfairrge, ar a ghualainn. Rug sé anois ar a luing agus chuir ar fairrge í, agus d'imthigeadar, é féin agus Bric na Buaire, agus níor stopadar go dtángadar go h-Éirinn. Ní raibh Bric na Buaire ag tóruigheacht ruid ar bith, acht cead aige féin teacht go h-Éirinn ar ais. Bhí Éire ar fad, an t-am sin, faoi áird-chíos ag Cuchulain. Nuair thángadar asteach bhí an Garbh ag tabhairt a luinge leis 'ga h-iomchar ar a dhruim, agus níor stop sé go dtainig sé go dti an áit a raibh Cuchulain ag tógbháil cíosa an lá so. Tháinig sé chuig an dorus, an áit a raibh Cuchulain, agus d'iarr sé teacht asteach. Dubhairt an doirseóir leis nach raibh aon chead aige a leigean asteach, "acht rachfaidh mé," ar sé, "go n-iarrfaidh mé cead ar mo mháighistir." D'imthigh an doirseóir go Cuchulain, agus d'innis sé dhó go raibh fear mór amuigh, (do) thug a long ar a dhruim go dti an
dorus, agus go raibh sé ag iarraidh teacht asteach, agus nach leigfeadh sé féin dó, gan cead uaidh-sean. Dubhairt Cuchulain leis é (do) leigean asteach, go bhfeicfeadh sé créad do bhí uaidh. Tháinig an Garbh, agus d'fhiafruigh Cuchulain créad do bhí uaidh. Dubhairt an Garbh go raibh sé ag tóruigheacht Éire ar fad do bheith faoi áird-chíos aige féin. Dubhairt Cuchulain leis go bhfuighfeadh sé sin dá mbeidheadh sé ionnánn a shaothrughadh. D'fhiafruigh an Garbh de Chuchulain an é féin an máighistir do bhí ar Éirinn, agus dubhairt Cuchulain go mbudh h-é. "O! rachfaidh mé ar m'ais," ar san Garbh, "chum mo thíre féin," mar tháinig faitchios air roimhe. "O! ná teirigh, go mbéidh fhios agad an mbéidh tu ionnánn an rud atá rómhad do bhaint amach." "Ní'l aon sgiath-cosanta orm," ar san Garbh. "Ní bhéidh, ná orm-sa," ar Cuchulain, agus chaith sé a sgiath-cosanta féin uaidh - (ar) faitchios go mbeidheadh aon leithsgeul ar bith aige. "Súd mise gan sgiath," ar san Garbh. "Súd mise gan sgiath," ar Cuchulain, 'gá sgaoileadh dhí siar ar an bhfaithche, "agus má 's imtheacht a-bhaile saoileas tu (do) dheunamh, ní imtheóchaidh tu choidhche a Ghairbh." Throid siad ann sin, agus mharbh Cuchulain é. Sin a raibh de bhárr ag Bric na Buaire as an nGarbh, go dtug sé as an domhan shoir é, go h-Éirinn, agus gur bhain Cuchulain an chloigionn dé. Bhí sé ráidhte gur b'é sin an cheud-chogadh tháinig go h-Éirinn. ("Cad thárla do Bhric na Buaire," ar sa mise, leis an sgeuluidhe). "Ní chualaidh mé úghdar ar bith ar sin," (ar sé) "d'imthigh sé léis."
XXV Inghean Righ Ghleanna-an-Uaignis. A bhfad ó shoin, nuair bhí Branndubh 'na righ ar chúige Laighean, bhí bainríoghain áluinn pósta leis. Bhí aon mhac amháin aca agus nuair bhí sé bliadhain agus fiche d'aois fuair an bhainríoghain bás, agus mar budh mhaith leis an righ bean eile do phósadh chuir sé an mac i dteach dó féin ar oileán 'san bhfairrge. Nuair bhí an mac socruighthe mar sin aige, phós sé bean eile, acht níor innis sé dhí go raibh aon mhac aige. Timchioll míosa tar éis an phósta chuaidh Branndubh go dti an Spáin, agus d'fhág sé an bhainríoghain ann san mbaile. Ní raibh sé a bhfad imthighthe gur innis cailleach do bhí ann san tigh do'n bhainríoghain go raibh mac ag an righ, agus go raibh sé ar oileán ann san bhfairrge. D'orduigh an bhainríoghain bad do ghleusadh dhí, agus thug sí an mac-righ a-bhaile. Ann san am sin do bhí go leór draoidheachta i n-Éirinn, agus ní raibh mórán de rightibh ná de thighearnaibh ann san tír nach raibh eólas, beag no mór, ag gach aon aca ar draoidheacht, agus bhí an t-eólas sin ag na mnáibh mar an gceudna. Aon lá amháin dubhairt an bhainríoghain leis an mac-righ: "An dtig leat táiplis d'imirt?" "Tig liom," ar san mac-righ. Tugadh an clár i láthair, agus shuidheadar síos ag an mbord. "Anois," ar san bhainríoghain "imeóramaoid go h-onóireach agus béidh geall onóireach againn." "Bíodh mar sin," ar san mac-righ. D'imir siad agus ghnóthaigh an mac-righ.
"Cuir do gheasa," ar san bhainríoghain. "Ní chuirfead fós," ar san mac-righ. D'imir siad arís agus ghnóthaigh an bhainríoghain. "Cuir do gheasa," ar san mac-righ. "Tá tú le bheith ag imtheacht go bhfágh' tú amach inghean righ Ghleanna-an-Uaignis, agus na tar ar ais gan í." "'S iad na geasa chuirfeas mise ort-sa, dul suas go bárr an chaisleáin agus gan greim d'ithe go dtagaidh mé ar ais, acht an méad gheobhas tú tre chró snáthaide bhéarfas mise dhuit." "Maith dham, agus maithfidh mise dhuit-se," ar san bhain- rioghain. "Ní dhéanfaidh mé sin," ar san mac-righ, "is tú féin do chuir na ceud-gheasa." "Ní raibh mé acht ag magadh fút," ar san bhainríoghain. "Ní fear-magaidh dhuit mise," ar san mac-righ. Ann sin chuaidh sé chuig an cócaire, agus d'innis dí an rud do bhí aige le deunamh. "Tá aistear fada baoghalach rómhad," ar san cócaire, "acht ó thárla gur fhág do mháthair thú faoi mo chúram, déanfad mo dhithchioll duit." Anois budh bhean-draoidheachta an cócaire, agus rinne sí cáca dhó, agus do fhliuch sí é le n-a bainne-cích, thug dó é, agus dubhairt: "ní bhéidh aon bhaoghal ort chomh fad agus atá an cáca so agad; tiucfaidh tú go teach mo dhearbhráthar anocht, agus nuair rachfas tú asteach, cuir do cháca faoi n-a shróin go bhfágh' sé boladh mo bhainne-cích, agus cuirfidh sé ar bhealach do leasa thú. Ann sin dubhairt sí leis, "tar liom go bhfágh' mé each duit." Chuaidh sé léithe go cúl an gharrdha, chraith sí clog beag, agus níor bhfada go dtáinig each bhán chuici, agus dá sgiatháin air. "Teirigh ag marcuigheacht ar an each sin, agus béarfaidh sé go teach mo dhearbhráthar thú."
Chuaidh sé ag marcuigheacht air, leathnaigh an each (an t-each) a sgiathána, agus as go bráth leis tríd an aér. Bhí sé ag imtheacht agus ag sír-imtheacht go raibh an ghrian ag dul faoi sgáile na gcnoc. Ann sin tháinig sé go talamh i bhfogus do theach mór. Thuirling an mac-righ agus chuaidh asteach, agus chon- nairc sé fathach mór. Dubhairt an fathach: "Fú fá fum Is Éireannach tá ann." Agus bhí sé dul leis an mac-righ do mharbhadh, nuair chuir sé an cáca faoi n-a shróin. "Grádh mo chroidhe thú," ar san fathach, "bhí mé dul dod' mharbhadh, go bhfuair mé boladh bainne-cích mo dhearbh- shiúra, cia an chaoi bhfuil sí?" "Tá sí go maith," ar san mac-righ. Ann sin thug an fathach neart le n'ithe agus le n'ól dó, agus d'fhiafruigh sé "Cá bhfuil tu ag dul?" "Táim ag tóruigheacht inghine righ Ghleanna-an-Uaignis, agus ní thig liom dul ar ais gan í." "Tá mise ann so cúig céad bliadhain, agus ní chualaidh mé caint ar Ghleann-an-Uaignis roimhe seó," ar san fathach, "acht tá déarbhráthair agam do rugadh dá chéad bliadhain rómham, agus b' éidir go bhfuil eólas aige ar an áit." Béidh an each bhán ann so ar maidin, agus béarfaidh sé go teach mo dhearbhráthar thú, agus ná dearmad boladh an cháca do thabhairt dó, no marbhóchaidh sé thú." Dfhan sé ag teach an fhathaigh an oidhche sin, agus ar maidin, lá ar na mhárach, d'éirigh sé go moch, agus d'ith agus d'ól a sháith. Ann sin thug an fathach go cúl an tighe é, chraith sé clog beag, agus níor bhfada go dtáinig an each bhán. "Teirigh ag marcuigheacht air anois," ar san fathach, "agus béarfaidh sé go teach mo dhearbhráthar thú." Chuaidh an mac-righ ag marcuigheacht, leathnaigh an each bhán a sgiathána, agus as go bráth leis, tríd an aer. Bhí siad ag
imtheacht agus ag sír-imtheacht an lá sin, go raibh an ghrian ag dul faoi sgáile na gcnoc, agus ann sin tháinig an each go talamh i láthair tighe mhóir. Thuirling an mac-righ agus chuaidh asteach. Chonnairc sé fathach mór, agus dubhairt an fathach "Fú fá fum Is Eireannach bradach tá ann." Agus bhí sé ag teacht le n-a mharbhadh, gur chuir an mac- righ an cáca faoi n-a shróin. "Grádh mo chroidhe thu, is beag nár mharbh mé thú," ar san fathach, "cia an chaoi bhfuil mo dheirbhshiúr?" "Tá sí go maith," ar san mac-righ. "Cá bhfuil tú ag dul?" ar san fathach. "Ag tóruigheacht inghine righ Ghleanna-an-Uaignis, agus ní thig liom dul ar ais gan í." "Tá sí faoi draoidheacht," ar san fathach, "agus feicfidh tú í amárach ar loch beag atá taobh-shiar dem' theach-sa; ni'l fhios agam cá mbíonn sí 'na cómhnuidhe, acht tagann sí féin agus dá' r'éug de mnáibh-coimhideacht le snámh ann san loch. Béidh naipicín glas i mbeul inghine an righ. Is mar trí eala déag tiucfaidh siad, agus má tá tu ag an loch rompa feicfidh tú iad ag deunamh mná (ban) óg díobh féin, agus ag dul asteach 'san loch. Má thig leat éadach inghine an righ do ghoid, ní bhéidh aon chúmhacht draoidheachta aici go bhfuighfidh sí an t-éadach, agus b'éidir go dtiúbhradh sí geallamhuint duit, ar son an éadaigh do thabhairt dí." D'fhan sé i dteach an fhathaigh an oidhche sin, agus ar maidin roimh ghréin go moch, d'éirigh sé agus chuaidh sé go bruach an locha. D'fhéach sé 'na thimchioll, agus chonnairc sé crann mór darach, agus chuaidh sé taobh-shiar dé. Bhí sé ag féachaint suas san aér, agus níor bhfada go bhfacaidh sé trí eala déag ag teacht go bruach an locha, agus naipicín glas i ngob eala aca. Budh h-í sin inghean righ Ghleanna-an-Uaignis. Nuair thán- gadar go talamh, ar bhruach an locha, rinneadar mná dhíobh féin,
agus chuadar asteach 'san loch ag snámh agus ag rinc. D'éaluigh an mac-righ síos, fuair sé éadach inghine an righ, agus tháinig sé ar ais go bun an chrainn mhóir. Nuair bhíodar tuirseach ag snámh, thángadar amach as an uisge agus ghleusadar iad féin acht ní raibh aon tsnáithe ag inghin an righ le cur uirri. Ann sin dubhairt si, "cia b'é duine bhéarfas mo chuid éadaigh dham bhéarfaidh mé luach a thrioblóide dhó." Bhí an mac-righ ag éisteacht agus tháinig sé agus thug sé an t-éadach dí. Ann sin thug sí trí ubhla móra dhó, rinne eala dhí féin, agus d'fhág sí an mac-righ. Tháinig seisean ar ais ann sin go teach an fhath- aigh, agus d'innis dó gach nídh. "Má's féidir liom," ar san fathach, "geobhaidh mé amach duit cá bhfuil righ Ghleanna-an-Uaignis 'na chómhnuide. Tá h-uile eun 'san domhan faoi chíos agam-sa, agus b'éidir go bhfuil eólas ag eun éigin ar an righ sin." Chuir sé stoc le n-a bheul, shéid sé é, agus faoi cheann leath- uaire de'n chlog bhí eun de gach uile threibh 'na láthair. D'fhiafruigh an fathach díobh an raibh eólas ag ceann ar bith aca cia an áit a raibh righ Ghleanna-an-Uaignis 'na chómhnuidhe. Tháinig iolar mór i láthair agus dubhairt: "tá sé 'na chómh- nuidhe anns an teach is foisge (foigse) dhamh-sa." "Tabhair an mac-righ seo go dti caisleán righ Ghleanna-an- Uaignis," ar san fathach. Chuaidh an mac-righ ar dhruim an iolair, agus as go bráth léithe tríd an aér. Bhí sí ag imtheacht agus ag sír-imtheacht, go dtáinig sí os cionn fairrge móire. Ann sin dubhairt sí leis an mac-righ, "tá laige ag teacht orm leis an ocrus, agus caithfidh mé leigean duit tuitim, muna bhfuil aon nídh agad a bhéarfas tú dham le n-ithe." "Tá úbhall mór agam ann so," ar san mac-righ. "Caith ann mo bheul é," ar san t-iolar. Chuir sé an t-úbhall ann a beul, agus d'imthigh sí sgathadh eile. Ann sin dubhairt sí: "Tá laige an ocruis ag teacht orm arís."
Chuir an mac-righ úbhall eile ann a beul, agus d'imthigh sí sgathadh eile. Ann sin dubhairt sí: "Tá laige an ocruis ag teacht orm arís." Chuir sé an treas úbhall ann a beul, agus bhí sí ag imtheacht go dtáinig sí go talamh, in n Gleann-an-Uaignis, agus thaisbeán sé teach dó le fanamhaint ann go maidin. Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh sé go caisleán an righ, tharraing sé an chuaille-cómhraic agus tháinig an righ amach. "Cad tá tú 'iarraidh, no cad is ainm duit?" ar sé. "Tá mé ag iarraidh d'inghine, agus Diarmuid is ainm dam," ar san mac-righ. "Tá trí neithe agam le deunamh, duit," ar san righ, "agus má's féidir leat iad do dheunamh béidh m'inghean agad, acht muna bhfuil tú ionánn iad do dheunamh caillfidh tú do cheann. Tá sean-chaisleán ann sin shíos, ná fág cloch dé nach mbéidh caithte asteach 'san bhfairrge agad sul má dtéideann an ghrian faoi, an trathnóna so." Fuair sé ord, piocóid, agus casúr, agus chuaidh go dti an sean- chaisleán. Thosaigh sé ag obair, acht 's dócha! dá mbeidheadh sé ann sin go dti an lá so ní fheudfadh sé aon chloch do chorrughadh. Nuair bhí sé tuirseach, shuidh sé síos, brónach go leór. Chonnairc sé bean áluinn ag teacht. Inghean an righ do bhí innti. D'fhiafruigh sí dhé créad do chuir an brón sin air, agus d' innis sé dhí. Dubhairt sí ann sin leis, "déanfaidh mise an obair dhuit, acht ar d' anam ná h-innis do m'athair gur mise do rinne dhuit í, acht cuir i gcéill do, má thig leat, go bhfuil cúmhachta mhór draoidheachta agad féin." "Deunfaidh mé mar deir tu, a bhean áluinn," ar san mac- righ. Ann sin tharraing sí piocóid bheag amach, sgaoil sí cloch leithe, chaith sí an chloch sin asteach 'san bhfairrge, agus ní raibh cloch 'san gcaisleán nár lean í. Faoi cheann leath-uaire ní raibh cloch le feiceál ar lorg an chaisleáin. Ann sin d'fhág si é agus d' imthigh a-bhaile.
Nuair thainig an trathnóna, chuaidh sé chuig an righ agus d' innis dó go raibh an obair sin déanta. "Maith go leór," ar san righ, "béidh obair-laé níos cruaidhe agad amárach." "Ní'l aon obair ann d'á ndearnaidh fear ariamh nach bhfuil mise ionnánn a deunamh." "Teirigh amárach agus ná fág cloch de'n mhéad do chaith tú ann san bhfairrge nach dtiubhraidh tú amach, agus cuir an caisleán ar bonn arís ann san áit a raibh sé andé." "Tig liom an obair sin dheunamh anocht má's mian leat é," ar san mac-righ. "Ná bac leis go maidin," ar san righ, "béidh solus an laé ag teastál uait; tá láir dhonn ann mo stábla, agus tig leat codladh léithe." Chuaidh an mac-righ go dti an stábla agus luidh sé síos. Níor bhfada go dtáinig inghean an righ chuige agus dubhairt, "is olc an leabuidh é sin do mhac righ." Ann sin d'fhosgail sí bolg na lárach, agus thug amach leabuidh bhreágh chlúimh as, agus shocruigh do'n mhac-righ í. Ann sin thug sí arán, mairt-fheóil agus fíon dó, agus dubhairt, "béidh mé ag imtheacht anois, acht béidh mé ar m'ais go moch ar maidin le do leabuidh do chur ann a h-áit féin." Ar maidin go moch d'éirigh sé, agus níor bhfada go dtáinig inghean an righ chuige. Chuir sí an leabuidh ar ais i mbolg na lárach, thug arán, mairt-fheóil, agus fíon do'n mhac-righ, agus ann sin dubhairt sí, "béidh mé ag imtheacht anois, acht tiucfaidh mé chugad arís. Tá fhios agam an nídh atá le deunamh agad." Chuaidh an mac-righ go bruach na fairrge; bhí sé ag smuaineadh cia an chaoi a bhfeudfadh sé an obair do dheunamh. Timchioll a do-deug a chlog tháinig inghean an righ chuige agus dubhairt; "Níor fheud mé teacht nios luaithe, acht ní bhéidh mé a bhfad ag deunamh na h-oibre dhuit." Ann sin tharraing sí amach slaitin draoidheachta, bhuail sí an t-uisge léithe agus
faoi cheann leath-uaire bhí an caisleán ar bonn mar bhí sé an lá roimhe. Ann sin dubhairt sí leis, "fan ann so go dtagaidh m'athair, agus cuir aghaidh mhaith ar an sgeul innseóchas tu dhó. Tiucfaidh me chugad arís anocht." Ann sin d' im- thigh sí. Tháinig an righ chuige ann san trathnóna, agus bhí iongantas air nuair chonnairc sé an caisleán ar bonn, agus dubhairt sé, "is maith an fear-oibre thu." "Is iomdha obair níos cruaidhe 'ná í sin do rinne mé," ar san mac-righ. "Teirigh chuig an stábla agus codail leis an láir dhoinn, agus ar maidin innseóchaidh mé dhuit cad atá agad le deunamh." Chuaidh sé chum an stábla, agus nuair tháinig dorchadus na h-oidhche tháinig inghean an righ agus thug arán, mairt-fheóil agus fíon dó. Ann sin d'fhosgail sí bolg na lárach, agus thug amach as leabuidh clúimh, agus shocruigh dhó í. Ann sin dubhairt sí leis: "Ní'l agad acht aon obair eile le déanamh, tá tarbh-nimhe ag m'athair, agus ní dheachaidh duine ar bith anaice leis ariamh nár mharbh sé. Ar maidin amárach bhéarfaidh m'athair ordughadh dhuit-se an tarbh do thabhairt chuige. Seó dhuit srian beag, agus nuair rachfas tú asteach san bpáirc a bhfuil an tarbh innti, craith an srian, agus leanfaidh an tarbh thu. Tiucfaidh mise chugad ar maidin." Ann sin d'imthigh sí uaidh, agus chuaidh sé 'na chodladh. Ar maidin, an lá ar n-a mhárach, d'éirigh sé go moch, agus níor bhfada go dtáinig inghean an righ chuige agus thug sí arán, mairt-fheóil, agus fíon dó. Ann sin chuir sí an leabuidh ar ais i mbolg na lárach agus dubhairt, "caithfidh mé imtheacht anois." Chuaidh sé chuig an righ ann sin, agus dubhairt sé, "tá mé réidh leis an tríomhadh obair do dhéanamh, acht ní thug tú dham aon nidh le n'ithe ó tháinig mé chugad." "Ní ithim féin aon ghreim acht aon uair amháin 'san tseacht- mhain," ar san righ. "Tá tarbh ann san bpáirc sin shíos, agus
má thugann tu chugam é sul ma dtéidheann an ghrian faoi, béidh m'inghean agad." Chuaidh an mac-righ chum na páirce, chraith sé an srian, agus lean an tarbh é. Bhí iongantus mór ar an righ nuair thug sé chuige é, agus dubhairt sé leis, "tabhair ar ais é, agus teirigh chum an stábla go gcuirfidh mé fios ort." Thug sé an tarbh ar ais, agus chuaidh sé féin chum an stábla. Anois shaoil an righ go raibh cúmhachta mhór draoidheachta ag an mac-righ, agus chuaidh sé chum a sheomra le smuaíneadh cia an chaoi a bhfeudfadh sé a chur chum báis. Tháinig an inghean chuig an mac-righ, agus d' innis dó go raibh a h-athair ag smuaíneadh cia an chaoi a gcuirfeadh sé chum báis é. "seó dhuit trí cáca," ar sí, "agus nuair chuirfeas an righ fios ort, fág cáca aca ann san halla, taobh leis an dorus mór, agus cáca eile aca ag bárr na staighre, agus an tríomhadh cáca ag dorus m'athar, agus tar ar ais chugam-sa. Béarfaidh an cáca bhéidheas ag an dorus freagradh i d'áit-se, agus innseóchaidh sé sgeul, innseóchaidh an dara cáca sgeul, agus innseóchaidh an tríomhadh cáca sgeul, agus sul má bhéidh siad críochnuighthe, béidh tusa agus mise leath-bhealaigh go h-Éirinn." Nuair d'imthigh sí uaidh chualaidh sé an righ ag glaodhach air. Chuaidh sé tríd an halla, agus suas an staighre, ann sin, agus d'fhág na cácaidh mar dubhairt sí leis, agus nuair leag sé an cáca déigheannach ag dorus an righ, tháinig sé ar ais, agus chuaidh sé féin agus an inghean ag marcuigheacht ar an láir dhoinn, agus as go bráth leó. Nuair shaoil Righ Ghleanna-an-Uaignis go raibh an mac-righ taobh amuigh de'n dorus, dubhairt sé "innis sgeul dam." Thosaigh an cáca, agus d'innis sgeul breágh. Thaithnigh sé leis an righ, agus dubhairt sé "innis sgeul eile." D'innis an dara cáca sgeul, agus bhí sé níos fearr 'ná an chéad cheann. "Innis ceann eile," ar san righ. D'innis an tríomhadh cáca sgeul fada, agus budh h-é an focal deiridh do bhí ann, "tá mac Bhrannduibh an righ, agus inghean righ Ghleanna-an-Uaignis leath-bhealaigh go h-Éirinn."
Léim an righ suas, agus fearg mhór air. Chuaidh sé ag mar- cuigheacht ar an tarbh nimhe, agus d'imthigh sé ar tóir a inghine agus an mhic-righ. Bhí fhios aici-se go raibh sé 'gá leanamhaint agus dubhairt sí leis an mac-righ, "feuch taobh-shiar dhíot." D'fheuch sé, agus chonnairc sé an righ ag teacht ag marcuigh- eacht ar an tarbh dubh nimhe, agus é ag cur teineadh as a bheul. D'innis sé sin dí, agus chaith sí píosa leac-oidhre taobh-shiar dhí, agus rinneadh fairrge dhé, eatorra féin agus an righ. D'imthigheadar sgathadh eile agus dubhairt sí, "feuch do dhiaigh arís." D'fheuch sé agus dubhairt, "tá cobhlach mór luingis ag teacht. Chaith sí cloch bheag 'na diaigh, agus d'éirigh balla dá fhichid troigh ar áirde, eatorra féin agus an luingeas. Ann sin b'éigin do'n righ filleadh a-bhaile. Thug an mac-righ inghean righ Ghleanna-an-Uaignis a-bhaile, agus bhí fáilte mhór roimhe. Bhí na seacht mbáis ar a leas-mháthair leis an ocras, mar nár ith sí greim ó d'imthigh sé no go dtáinig sé ar ais acht an méad do fuair sí tre chró na snáthaide míne do thug sé dhí, agus níor bhfada go bhfuair sí bás. Phós sé inghean righ Ghleanna-an-Uaignis ann sin, agus bhí muirighin mhór aca. Fuair siad-san an doimhneacht agus muid- ne (sinn-ne) an clochán. Báitheadh iad-san agus tháinig muid-ne slán. XXVI Murchadh, mac Righ Laighean. A bhfad ó shoin, ann san tsean-aimsir, bhí righ i gcúige Laighean agus bhí triur mac aige, dar bh' ainm Dómhnall, Brian, agus Murchadh. Bhí Dómhnall, agus Brian fóghlamtha agus ciallmhar, agus ní raibh ciall ná fóghluim ag Murchadh, acht bhí sé chomh láidir agus chomh treun le leómhan.
Chualaidh an righ, go raibh inghean ag righ na Spáine, agus nach raibh aon bhean 'san domhan leath chomh breágh léithe. D'innis sé an sgeul d'á chloinn mhac, agus dubhairt Dómhnall agus Brian, "béarfamaoid go h-Éirinn í, no geobhamaoid féin bás ag iarraidh í do thabhairt linn." " Rachaidh mise libh," ar sa Murchadh, "mar tá mise i m'fhear chomh maith libh-se, no níos fearr 'ná sibh." An oidhche sin, d' imthigh Dómhnall agus Brian a-gan-fhios do Mhurchadh. Ar maidin, an lá ar n-a mhárach, nuair fuair Murchadh amach go rabhadar imthighthe, as go bráth leis 'na ndiaigh, agus níor bhfada go dtáinig sé suas leó mar bhíodar ag dul asteach i gcoill mhóir. Bhí fearg orra eisean do bheith d'á leanamhaint, agus cheangail siad é le teudaibh agus le córdaibh láidre, do chrann mór darach, agus d'imthigheadar leó. Acht ní raibh siad leath-uair imthigthe nuair tharraing Murchadh an crann mór as na fréamhachaibh, agus as go bráth leis 'na ndiaigh. Rug sé orra mar bhíodar ag dul cois gheata mhóir. Thug siad bualadh millteach dó, agus cheangail siad le teudaibh é do 'n gheata mór iarainn, é féin agus an crann, agus d'imthigh siad ar a n-aghaidh. Acht ní raibh siad níos mó 'ná leath-uair imthighthe nuair tharraing Murchadh an geata as na postaibh, agus as go bráth leis 'na ndiaigh. Nuair rug sé orra an t-am so dubhairt siad go raibh sé chomh maith dhóibh é do sgaoileadh agus searbhfhóghanta do dheunamh dhé. Rinne siad sin, agus bhí sé 'na shearbhfhóghanta aca. Bhíodar ann sin ag imtheacht agus ag sír-imtheacht go dtángadar i ngar do chaisleán righ na Spáine. Ann sin dubhairt Dómhnall, "rachaidh mé go mbeidh amharc agam ar inghin an righ, and fanadh sibh-se ann so go dtagaidh mise ar m'ais." D'imthigh sé leis agus nuair tháinig sé i ngar do'n chaisleán, chonnairc sé leómhan mór ar gach taoibh de'n gheata. Tháinig faitchios air, agus d'imthigh sé ar ais, agus dubhairt sé le n-a dhearbhráithreachaibh, "ní fhacaidh mé aon bhean ariamh chomh gránna le inghin an righ."
"Béidh amharc agam-sa air," ar sa Brian. Chuaidh sé féin chomh fada agus chuaidh Dómhnall, acht nuair chonnairc sé an dá leómhan, bhí faitchios air, agus d'fhill sé ar ais, agus bhí a chroidhe ann a bheul le faitchios, agus dubhairt sé, "Is fíor dhuit a Dhómhnaill," ar sé, "ní'l bean ann san domhan leath chomh gránna." "O thárla go dtáinig mé chomh fada sin béidh amharc agam féin uirri," ar sa Murchadh. Nuair d'imthigh sé dubhairt Dómhnall le Brian: "Marbhóchaidh na leómhain Murchadh, agus tá sé chomh maith dhúinn bheith dul a-bhaile." "Táim leat ann sin," ar sa Brian. Chuaidh an bheirt go dti an cuan, agus chuaidh siad ar bord loinge le dul abhaile, agus fágfamaoid ann sin iad. Anois nuair tháinig Murchadh i ngar do'n gheata, chonnairc sé an dá leómhain agus dubhairt sé leis féin, "Dar m'anam! is mór an dá mhadadh sibh, acht ní chongbhóchaidh sibh mise amach." Ann sin d'éirigh sé agus chuaidh sé de léim thar a gcionn. D'fheuch sé suas agus chonnairc sé inghean an righ ann san gcaisleán, agus ní fhacaidh sé aon bhean ariamh leath chomh breágh agus bhí sí. "Tháinig mé as Éirinn le d'fheiceál má's é do thoil é," ar sa Murchadh, "agus le nidh beag d'innseacht duit." "Imthigh leat, imthigh leat," ar sí, "no marbhóchaidh na léomhain thú, tá h-uile dhoras ann san gcaisleán dúnta agus tá na h-eochracha ag m'athair." "Fosgail an fhuinneóg dam," ar sa Murchadh, "agus rach- aidh mé de léim asteach ann do sheomra." D'fhosgail sí an fhuinnéog, agus chuaidh sé de léim asteach ann san tseomra. Chuir sí failte roimhe, agus do fhliuch sí é le pógaibh. Ann sin thug sí neart le n'ithe agus le n'ól dó. D'fhan sé ag cómhrádh léithe go raibh dorchadus na h-oidhche ag teacht. Ann sin léim sé suas, agus dubhairt, "Caithfidh mé bheith ag
imtheacht, tá mo bheirt dhearbhráthar ag fanamhaint liom." "Budh chóir dhuit mise do thabhairt leat," ar sa Bhénis, budh h-é sin ainm inghine an righ. "Bhéarfainn agus fáilte, dá mbeidheadh aon tslighe agam le do thabhairt," ar sa Murchadh. Thug Bhéinis cáthaoir dhó ann sin, agus dubhairt sí leis, "suidh ann san gcáthaoir sin agus abair, "budh mhaith liom bheith ann a leitheid seo no ann a leitheid sin d'áit," agus béidh tu innti gan mhoill." Do shuidh sé ann san gcáthaoir agus Bhénis ar a dhá ghlúin, agus dubhairt sé, "budh mhaith liom bheith i mB'l'áth-cliath," agus le casadh do láimhe chuaidh an cháthaoir tríd an bhfuin- neóig, tar muir agus tír, agus faoi cheann leath-uaire bhíodar i mB'l'áthcliath. Ann sin cheannaigh Murchadh teach agus chuaidh sé féin agus Bhénis ag cómhnuidhe ann. Faoi cheann cúpla lá 'na dhiaigh sin, chuaidh Murchadh go tighearna Bhl'ath'cliath agus d'iarr obair air. "Cad é do cheird?" ar san tighearna leis. "Is mé an tincéar is fearr i n-Éirinn," ar sa Murchadh. "Tá obair seacht mbliadhan agam duit," ar san tighearna. Thug sé Murchadh leis agus thaisbeán sé dhó cárnán mór stáin, agus dubhairt sé leis, "deun bád dé sin." Thosaigh Murchadh ag obair, agus bhí an bád críochnuighthe aige sul má ndeachaidh an ghrian faoi, an trathnóna sin. Chuaidh sé chuig an tighearna ann sin, agus d'innis sé dhó go raibh an bád críochnuighthe aige. Níor chreid an tighearna é go bhfac- aidh sé an bád, ann sin d'íoc sé é agus dubhairt, "ní breug le rádh gur tú an fear-ceirde is fearr i nEirinn, seo dhuit croiceann tairbh le bád do dheunamh dhuit féin." Rinne sé an bád dó féin agus do Bhénis. Tar éis sin chualaidh sé trácht mhór ar Fhionn mac Cúmhail agus ar a chuid Fianta (Féinne), agus chuaidh sé chuig Fionn agus d'iarr sé obair air.
"Cad é do cheird?" ar sa Fionn. "Tincéar mise," ar seisean, "acht tig liom obair ar bith do dheunamh d'á ndearnaigh fear ariamh." "Is úsáideach an fear thú," ar sa Fionn, "agus bhéarfaidh mé seirbhís duit." Ar maidin, lá ar n-a mhárach, bhí Fionn agus na Fiannta ag cathadh uird mhóir, nuair tháinig Murchadh amach, fuair greim ar an ord, agus chaith é fiche péirse níos faide 'ná an fear is láidre aca. Bhí iongantas mór ar Fhionn, chuir sé a mhéar ann a bheul, agus ghearr sé é asteach go dti an smior. Tháinig eólas chuige nach raibh aon fhear i nÉirinn chomh maith le Murchadh, mar bhí dá chúmhachta aige, bhí draoidheacht aige ó n-a mhnaoi, agus bhí neart aige ó nádúir. Seal gearr 'na dhiaigh sin chuir bainríoghain an domhain shoir fuagradh ar Fhionn, agus chuir sí dubhshlán faoi, troid léithe. Cailleach draoidheachta do bhí innti. D'innis Fionn do Mhurchadh cad é an fuagradh do fuair sé ó'n mbainríoghain, agus d'iarr sé air do theacht leis. "Rachad agus fáilte," ar sa Murchadh. Fuair Fionn míle fear de na Fianntaibh, agus chuaidh sé ar bord luinge, agus d'iarr ar Mhurchadh do theacht ar bord luinge leis. "Béidh mise ann san domhan shoir rómhad," ar sa Murchadh. Nuair bhí Fionn níos mó 'ná mí imthighthe, chuaidh Murchadh asteach ann a bhád beag féin, agus ní raibh sé i bhfad ag dul go dti an domhan shoir. Bhí sé ann, lá roimh Fionn agus na Fiann- taibh. Bhí triúr fathach ar thalamh na caillighe do mharbh na ceudta. Chuaidh Murchadh go teach na bhfathach, agus chuireadar fáilte roimhe, agus thosaigh siad ag gáiridhe. "Cad fáth bhfuil sibh ag gáiridhe?" ar sa Murchadh. "Mar támaoid dul do d' shlugadh," ar siad-san. Tharraing Murchadh a chloidheamh agus dubhairt, "cia agaibh an fear is fearr, go mbainfidh mé an ceann dé." "Tá
meisneach agad," ar fear de na fathaigh' ag dul 'na aghaidh, "acht fan go fóil." D'ionnsaigh siad a chéile, acht bhain Murchadh an ceann dé de 'n chéad bhuille. Tháinig an bheirt eile amach 'na aghaidh ann sin agus thuit siad leis. Ann sin chuaidh sé go caisleán na caillighe agus tharraing sé an chuaille cómhraic agus níor fhág sé leanbh le mnaoi ná bo le laoigh i bhfoigseacht fichid míle dhó nár mharbh sé leis an bhfuaim do bhain sé as an gcuaille cómhraic. Tháinig an chailleach amach agus dubhairt "cad tá tú 'iarraidh?" "Arán, mairt-fheóil, agus fíon, d' Fhionn mac Cúmhail agus d' Fhianntaibh Eireann, béidh siad ann so amárach," ar sa Murchadh. "Teirigh chuig mo shearbhfhóghantaibh," ar san chailleach, "agus fágh uatha gach nidh tá ag teastál uait." Chuaidh sé chuig an báicéar agus d'iarr sé air an t-arán do thabhairt dó. "Ní'l agam acht an oiread agus dheunfas d'arm na bainríoghna amárach, agus ní thiúbhraidh mé do smearthachán mar thusa é," ar san báicéar. Bhain Murchadh an ceann dé. Rug sé an t-arán leis, agus d' fhág sé i dtigh an fhathaigh é. Ann sin chuaid sé go dti an búistéar agus d'iarr an mhairt-fheóil air. Thug an buistéar cnámh mór dhó, agus dubhairt sé le Murchadh. "Sin an méad atá le fághail agad." Bhuail Murchadh buille de'n chnámh air, do mharbh é, agus rug sé an mhairt-fheóil leis, agus d' fhág sé leis an arán é. Ann sin chuaidh sé go dti an fíonadóir agus d'iarr an fíon air. "Imthigh as m'amharc go tapa no báithfidh mé i bhfíon thu," ar san fíonadóir. Bhain Murchadh an ceann dé. Rug sé báirille fíona leis, agus chuaidh sé go teach au fhathaigh. Thosaigh sé ann sin ag gleus dinéir d' Fhionn agus d' Fianntaibh Eireann. Ar maidin, lá ar n-a mhárach, tháinig Fionn agus na Fiannta, agus thug Murchadh go teach na bhfathach iad. Agus nuair
d'fhág sé iad ag ithe agus ag ól, chuaidh sé go teach na caillighe, agus tharraing sé an chuaille cómhraic. Tháinig an chailleach amach agus dubhairt sí "cad tá tú 'iarraidh?" "Troid d'Fhionn mac Chúmhail agus do na Fianntaibh," ar sa Murchadh. "Tá go maith," ar san chailleach, "béidh mile fear réidh agam ar maidin amárach le dul ag troid leó." D'fhill Murchadh agus d'innis sé an sgeul do Fhionn. "Maith go leór," ar sa Fionn, "béidh cath cruaidh againn." "Déan dá roinn de na Fianntaibh," ar sa Murchadh, "agus tabhair aon roinn damh-sa, agus congbhaigh an chuid eile, thú féin." "Bíodh sé mar sin," ar sa Fionn. Chaith síad an oidhche sin go súgach, agus ar maidin go moch, an lá ar n-a mhárach, chuir Fionn ordughadh catha ar na Fianntaibh, agus chuadar go caisleán na caillighe. Thosaigh an cath dá-ríribh ann sin. Bhí Murchadh ag baint na gcloigionn de dhaoinibh na caillighe, mar bheidheadh speala- dóir ag baint fóthanán, agus sul ma ndeachaidh an ghrian faoi sgáile na gcnoc an trathnóna sin, bhí an chuid is mó d'arm na caillighe marbh. "Grádh mo chroidhe thú a Mhurchadh," ar sa Fionn, "acht go raibh tusa linn do gheobhamaois druidte (teann) é." "Fíor dhuit," ar sa Murchadh, "acht tá tuilleadh le deunamh againn." Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh Murchadh go caisleán na caillighe arís, agus tharraing sé an chuaille cómhraic. Tháinig sí amach, agus d'fhiafruigh sí créad do bhí sé 'iarraidh. "Troid no buaidh, d'Fhionn agus do na Fianntaibh," ar sa Murchadh. "Tá mé réidh," ar san chailleach, "acht budh mhaith liom an cath do bheith idir mé féin agus Fionn." Chuaidh Murchadh go Fionn agus d'innis dó mar dubhairt an chailleach.
"Maith go leór," ar sa Fionn, "níor buaileadh mé ariamh." "Acht tá cú nimhe ag an gcailligh," ar sa Murchadh. "Is truagh nach bhfuil mo chu, Bran, agem féin," ar sa Fionn. "Béidh sí agad," ar sa Murchadh, "má tá sí beó." Ann sin chuaidh sé amach agus leig sé gáir. Do chualaidh a bhean i nÉirinn é, agus gháir sí ar ais, "cad tá uait?" "Cuir chugam Bran, cú Fhinn Mhic Chúmhail, chomh tapa agus thig leat," ar sa Murchadh. Fuair si an chú, chuir sí séideóg gaoithe fúithe, agus faoi cheann leath-uaire bhí sí ag Fionn. Ann sin chuadar go caisleán na caillighe, agus d'ionnsuigh sí féin agus Fionn a chéile. Nuair bhí Fionn ag fághail na lámh- uachtar uirri, labhair sí leis an gcoin nimhe, agus léim sí suas le greim sgornaigh d'fhághail ar Fhionn, acht fuair Bran greim sgornaigh uirri féin, agus tachtadh í le Bran. Nior bhfada, ann sin, gur mharbh Fionn an chailleach. Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh Fionn agus na Fiannta ar bord loinge agus thángadar a-bhaile. Bhí Murchadh ann rompa, agus dubhairt sé le Fionn, "is mac righ Laighean mé, agus rachaidh mé a-bhaile anois." Bhí luthgháire mhór ar an righ nuair tháinig Murchadh a-bhaile, agus an bhean áluinn leis, mar shaoil sé go raibh sé marbh a bhfad roimhe sin. D'innis Bhéinis an sgeul uile do'n righ, o bhonn go bárr. "Fágfaidh mé mo ríoghacht ag Murchadh," ar san righ. "Ní ghlacfaidh sé í," ar sa Bhéinis, "tá an Spáin go h-iomlán aige mar ríoghacht." Ar maidin, lá ar n'a mhárach, chuaidh Murchadh agus a bhean chum na Spáine agus ní'l aon sgeul againn air ó shoin.
XXVII Caoilte na gcos fada. Rugadh Caoilte i n Gráin-leathan, i gCondaé Roscomáin. Cidh go rugadh é o bhean (mhnaoi), bhí fuil fhiadháin na ngeirr- fhiadh-draoidheachta ann. Bhí a athair aosta sul má rugadh é ó mhnaoi, acht bhí tuairm ag na sean daoinibh go raibh sé ar an tsaoghal so na ceudta bliadhain roimhe sin, mar bhí eólas aige ar neithibh chomh fada siar, beag-nach, leis an dílinn mhóir, nuair báitheadh an domhan. Nuair d' fhág Caoilte Gráin-leathan tugadh é chum bruidhean faoi Chreig-leathan, ann a chondaé féin, agus bhidheadh sé dul ó bhruidhean go bruidhean h-uile oidhche ann san mbliadhain. (Rinneadh teachtaire dhé ameasg na ndaoine-sidhe) agus ní'l bruidhean, ráth, ná cnoc-sidhe i n-Éirinn, nár shiúbhail sé sul má bhí sé mi, 'na theachtaire. Aon oidhche amháin fuair sé teachtaireacht le tabhairt chum righ na bhfear-sidhe i nDún-Laoghaire i n-aice le Bail-ath-cliath. D'fheuch an righ air agus dubhairt "cá 'r b' as thú?" "Is fíor-Chonnachtach mé," arsa Caoilte, "nár claoidheadh ariamh." Thug an righ clapóg 'san éadan dó, agus dubhairt "Claoidh- fidh mise Fionn mac Cúmhaill agus Fiannta Eireann." "Ní chreidim thú," ar sa Caoilte. "Tá teachtaireacht agam chum Righ Teamhra, agus is dóigh go bhfeicfidh mé Fionn agus a chuid fear 'san árd-bhruidhean, acht ar chaoi ar bith, tiucfaidh mé le cómhrac aoin-fhir do bheith agam leat 'san oidhche amárach." Gháir an righ ar a ghárda, le Caoilte do chur i ngéibheann,
acht bhí sé ró ghlic agus ró chos-luath, agus d'imthigh sé uatha mar an teinntreach. Nuair tháinig sé chum an árd-bhruidhin i dTeamhra, thug sé a theachtaireacht uaidh do'n righ, agus d'fhiafraigh sé an bhféadfadh sé Fionn agus Fiannta Éireann fheiceál. "Tig leat agus fáilte," ar seisean, "tá siad i bpálás áluinn faoi Alamin (Almhain). Tar liom, agus cuirfidh mé ar an mbóthar díreach thú." Lean Caoilte é, go dtángadar chum crainn mhóir agus úbhla air a raibh gach úbhall aca chomh mór le báraille. D'árduigh an righ an crann as an talamh, agus dubhairt "teirigh síos i lorg an chrainn, agus feicfidh tú an bóthar díreach a bhéarfas thu go h-Almhain, agus nuair thiucfas tú ar ais béidh mise ann so rómhad." As go bráth le Caoilte, agus níor bhfada go raibh sé ag pálás Fhinn. Bhí Fionn agus a chuid fhear amuigh ar mhachaire bhreágh, ag bualadh báire. Bhí seisear ar aon taoibh, agus bhí móirsheisear ar an taoibh eile. "Tá fear ag teacht," ar sa Diar- muid. Chuir Fionn a ordóg ann a bheul, agus fuair sé eólas gur ab é Caoilte na gcos fada as Chonnachtaibh do bhí ann, agus go mbudh é an laoch is fearr do bhuail báire ariamh i n-Éírinn. D'innis sé an t-eólas do fuair sé do na fir (fearaibh), agus dubhairt sé go raibh sé níos láidre agus níos cos-luaithe 'ná aon fhear 'san tír. "Ní chreidim go bhfuil sé níos láidre 'ná mise," ar sa Goll mór, "stop an báire agus déanfamaoid caraigheacht leis." "Bíodh mar sin," ar seisean. Tháinig Caoilte i láthair, agus chuir Fionn agus na Fiannta fáilte roimhe, agus d'fhiafraigh siad dé cia an chaoi a raibh Éire dul ar aghaidh. "Go maith," ar seisean, "acht tá mise dul ag troid le righ Dhún-Laoghaire an oidhche amárach, agus budh mhaith liom dá bhfeudfá-sa bheith i láthair." "Go deimhin tá brón mór orm nach dtig liom, acht tá fuagradh
catha agam féin ó'n Dearg Mór, an oidhche amárach, i dtír na Gréige," arsa. Fionn, "agus tá sé i mbruidhean, agus sluagh mor leis." "Glac mo chómhairle," arsa Caoilte, "cuir d'ordóg faoi d'fhiacail, agus fágh eólas an bhfuil tu ionnán troid leis, no an dtig leat a chlaoidh, mar tá tú anois ann do shean-aois." Chuir Fionn a ordóg ann a bheul agus chogain í go dti an smior, agus fuair sé eólas nach raibh aon fhear 'san domhan ionnán an Dearg Mór do chlaoidh acht Caoilte na gcos fada as Chonnachtaibh. D'innis sé an t-eólas do fuair sé do Chaoilte agus d' Fhianntaibh Éireann, agus dubhradar uile, nuair chualaidh siad sin, "is olc an lá dúinn nach bhfuil fear 'n ár measg féin ionnán an Dearg Mór do chlaoidh, agus b' fhearr dúinn bheith marbh!" "Ní'l neart air," ar sa Fionn, "acht ní'l clú na h-Éireann caillte chomh fhad agus atá fear innti a chlaoidhfeas é. Anois a Chaoilte," ar seisean, "cuir do chath le righ Dhún-Laoghaire ar gcúl, no béidh clú na tíre caillte, agus níor cailleadh é ariamh roimhe seo." Bhí Fiannta Éireann gruamach, agus líonta le eud a n-aghaidh Caoilte, agus dubhairt Goll mór go mbudh mhaith leis dreas caraigheachta do bheith aige le Caoilte. "Táim-se sásta," ar Caoilte. D'ionnsaigheadar a chéile ar an machaire, agus an cheud- fhásgadh thug Caoilte dhó, is beag nach ndearnaidh sé dá leith dhé, agus leis an dara fásgadh leag sé ar an machaire é, gan cor ann. Nuair d' éirigh Goll ann sin dubhairt sé, "Níor bhain tu acht aon tuitim asam fós, béidh iarraidh eile agam". Fuair Caoilte greim barróige air, agus thug fásgadh dhó, acht sgread seisean "Sgaoil mé, tá mo chaol-droma briste agad". Sgaoil Caoilte é, agus dubhairt, "Bhfuil aon laoch eile ann, ar mhaith leis dreas eile caraigheachta do bheith aige liom?" acht bhíodar uile 'na sost. Faoi cheann tamaill bhig dubhairt Fionn, "cuirfimid críoch
ar an mbáire anois, agus rachaidh Caoilte ar thaoibh an tseisir." Thosaigh an báire, acht níor bhfada go raibh críoch air. Fuair Caoilte an liathróid agus níor sgar sé léi go bhfuair sé an góraidh, Bhí sé chomh cos-luath le geirrfhiadh Márta, agus níor fheud duine ar bith teacht suas leis. Ann sin chuadar uile asteach ann san bpálás, agus bhí siad ag ól ann. "Anois a Chaoilte," arsa Fionn, "budh chóir dhuit m' áit-se, do ghlacadh, a n-aghaidh an Dheirg Mhóir, agus nuair bhéidh sé claoidhte agad rachaidh mise leat-sa go Righ Dhún- Laoghaire." "Go deimhin, deanfaidh mé sin duit, agus fáilte," ar sa Caoilte, "agus béidh mé ar m' ais trathnóna amárach, agus béidh an obair deunta agam." "Beir leat mo chloidheamh-sa," ar sa Fionn, "is cloidheamh é nár chlis ariamh." Fuair Caoilte an cloidheamh, agus as go bráth leis! agus níor bhfada go raibh sé ag bruidhean an Dheirg Mhóir. Gháir sé ar an Dearg Mór agus dubhairt leis teacht amach. "Cia thusa? no cad tá tú 'iarraidh?" "Is mé Caoilte, an laoch is measa atá ag Fionn mac Cúmhaill, agus chuir sé mé ag troid leat-sa, níor bhfiú leis féin teacht." "Is tu Caoilte! má tá tu caol anois deunfaidh mé tiugh thú ar ball le bualadh." D'ionnsuigheadar a chéile, agus bhí siad ag troid le chéile ar feadh sé uair, acht bhí Caoilte ag fághail an lámh-láidir air, nuair ghlaodh sé "cabhair! cabhair!" "Ní'l aon chabhair agad le fághail, tabhair dham an bhuaidh no bainfidh mé an ceann díot." "Bhéarfaidh mé an bhuaidh dhuit-se, acht ní thiubhraidh mé í d' Fhionn mac Cúmhaill." Bhí fearg áidhbheul ar mhuinntir an Dheirg Mhóir nuair chon- nairc siad go raibh sé buailte ag Caoilte, agus d'ionnsaigh fiche fear aoa Caoilte, acht níor bhfada gur fhág sé cúigear aca sínte ar
an machaire, agus rith an chuid eile aca asteach 'san mbruidhean, agus do fágadh Caoilte 'na aonar leis an Dearg Mór. "Cá fhada thú id' laoch ag Fionn mac Cúmhaill?" ar san Dearg. "Ó chuir tusa fuagradh troide chuige," arsa Caoilte. "Tamaoid le seilg do bheith againn amárach i gCáthair na Gréine," ar san Dearg mór, "agus duine ar bith gheobhas fiadh an lomra óir, tá inghean an righ le fághail aige mar mhnaoi, agus an Ghréig mar ríoghacht andhiaidh báis an righ, agus budh chóir dhuit-se fanamhaint le h-aghaidh na seilge." "Go deimhin, budh mhaith liom fanamhaint, acht tá troid agam le deunamh le righ na bhfear sidhe i nDún-Laoghaire," ar sa Caoilte. "Glac mo chómhairle-se, cuir an troid sin ar gcúl, agus gnóthaigh inghean an righ má thig leat. Béidh daoine ag an tseilg as h-uile thír 'san domhan, agus b' éidir go mbeidheadh righ Dhún-Laoghaire ann, agus b'éidir go mbeidheadh Fionn mac Cúmhaill féin agus a mhuinntir ann," ar san Dearg Mór. "Fanfad, mar sin," arsa Caoilte, budh mhaith liom an tseilg mhór sin d'fheiceál." An oidhche sin bhí fleidh (fleadh) bhreágh i mbruidhean an Dheirg Mhóir, agus bhí rún ag cuid d'á mhuinntir Caoilte do mharbhadh le nimh, mar bhí eud mór orra, 'na aghaidh. Ghleus- adar an copán agus chuireadar an oiread nimhe ann agus do mharbhóchadh móir-sheisear, acht bhí a charad, an geirrfhiadh as Gráin-leathan i láthair, gidh nach bhfacaidh duine ar bith é; d'athraigh sí an copán nimhe agus chuir sí é i láthair an té do ghleus é. D'ól siad uile - gach fear aca a chopán féin - acht ní túisge d'ól an fear sin a chopán nimhe 'ná thuit sé marbh faoi an mbord. "Dún na doirse," ar san Dearg Mór, "tá námhaid ann ár measg, agus caithfimid a fhághail amach." "Is forus a fhághail amach," ar Caoilte, "feuch é marbh faoi an mbord. Shaoil sé mise do mharbhadh le nimh, acht bhí
mé ró ghlic agus d'athraigh mé an copán do ghleus sé dham. D'ól sé féin é, agus anois tá sé marbh." "Thuill sé a bhás mar gheall ar an gcleas fealltach do rinne sé," ar san Dearg Mór, "níor shaoil mé go raibh aon fhear ameasg mo mhuinntire do bhí gan onóir, mar an cladhaire sin." An lá ar n-a mhárach, ar maidin go moch, chuaidh Caoilte go Cáthair na Gréine. Bhí righ na Gréige agus a inghean áluinn i lathair. Ní raibh righ ná tighearna 'san domhan nach raibh ann, agus bí cinnte go raibh Fionn Mac Cúmhaill agus a chuid gaisgidheach ann. Bhí fáilte aige roimh Caoilte agus d'fhiafruigh sé ar éirigh leis, no ar chlaoidh sé an Dearg Mór. D'fhreagair Caoilte, "Chlaoidh mise an Dearg Mór I láthair a chuid fear féin. Anois atáim le inghean an righ Do thabhairt as Cháthair na Gréin'. Tá eolas agam ar fhiadh Lomra áluinn an óir, 'On lá ruaigeadh o Bhaile-an-locha Go lá (a theacht) go Breuna-mór." Timchioll an mheadhon-laé do séideadh stoc, agus sgaoileadh amach fiadh an lomra óir. D'imthigh sluagh mór 'na dhiaigh, acht d'imthigh sise mar siolla de'n ghaoith Mhárta, agus níor bhfada go raibh sí imthighthe as amharc a lucht-leanta uile - acht amháin as amharc Chaoilte. Nuair tháinig sí go gleann uaigneach, sheas sí, agus dubhairt, "a Chaoilte, is leat-sa buaidh mo ghabhála, acht cuirim geasa ort nach n-innseóchaidh tú do neach ar bith, beó no marbh, an run atá mé dul do leigean leat. Is mise an chéad bhainrio- ghain do bhí riamh i gConnachtaibh, agus rinne mé coireacha móra ann mo chúige dhúthchais féin. (D'á ndíol sin atá mé ann san riocht so). Tabhair mé chum righ na Gréige, agus geobhaidh tu a inghean mar mhnaoi, agus béidh a ríoghacht agad gan
mhoill, mar tuitfidh sé marbh le mo thaoibh-se, agus béidh an inghean agus an ríoghacht agad i n-éinfheacht. Cuir lámh, anois, ann mo chluais chlé, agus geobhaidh tú buidéillín beag: ól é agus cuirfidh sé athrughadh mór ort." Rinne Caoilte sin, agus chomh luath agus bhí sé ólta aige, bhí sé 'na fhear chomh deas le aon fhear do bhi i gCáthair na Gréine. Rug sé an fiadh leis, agus thug sé do righ na Gréige í, agus dubhairt, "seó dhuit anois fiadh lomra an óir." "Agus seó dhuit-se m'inghean, an duais do gheall mé do dhuine ar bith do gheobhadh dham an fiadh. Is fiú í thu, ni'l laoch eile beó mar thu," ar san righ, Tháinig righ Dhún-Laoghaire i láthair ann sin, agus dubhairt sé, "saoilim gur tú Caoilte na gcos fada, cídh go bhfuil athrughadh éigin ort. Thug mé clapóg 'san éadan duit aon am amháin, agus dubhairt tú go dtiucfá le cath do bheith agad liom, acht bhris tú ar d'fhocal." "Ní'l sé ró mhall fós," ar sa Caoilte, "tarraing do chloidh- eamh agus deun dídion ort féin." D'ionnsaigheadar a chéile, acht an chéad bhuille bhuail Caoilte air, chuir sé cloidheamh an righ eile céad troigh suas san aér as a láimh, agus tháinig sé anuas 'na giotaibh beaga ar an talamh. "Bheirim buaidh dhuit," ar san righ. "Connacht go deó," ar sa Caoilte, "níor claoidheadh a cuid fear ariamh." D'éirigh righ na Gréige, agus bhí sé dul ag labhairt nuair thuit sé marbh le taoibh fhiadh lomra an óir. Rinneadh righ de Chaoilte ar an mball ann a áit. Bhí fleidh mhór ar feadh míosa i gCáthair na Gréine 'na dhiaigh sin. Thug Caoilte a bhean a-bhaile leis go h-Éirinn go dti an bruidhean i gCreig-leathan, acht níor thaithnigh an áit léi, agus chuadar ar ais go Cathair na Gréine agus táid ann go sona, fós. Tagann Caoilte agus sluagh mór de laochaibh leis go Gráin- leathan h-uile oidhche Samhna, agus cluineann na daoine iad
ag seinm ceóil sidhe, agus is gnáthach leis na sean-daoinibh a rádh leis an aois óig nuair bhíonn siad ag dul amach 'san oidhche. "Seachain sibh ar Chaoilte agus ar an sluagh sidhe." XXVII Fionn Mac Cúmhaill agus an Bhean Ruadh. Aon lá amháin bhí Fionn Mac Cúmhaill agus a chuid fear i n- Almhuin Laighean. Bhíodar andhiaigh arbhar cruithneachta do chur an lá roimhe sin, agus ní raibh aon nídh aca le deunamh. Bhí an mhaidin ceódhach, agus bhí faitchios ar Fhionn go dtiucfadh fallsacht orra. D'éirigh sé agus dubhairt sé "Gleus- aidh sibh féin, agus rachamaoid go Gleann-na-smól ag seilg." Dubhradar uile go raibh an aimsir ro cheódhach le dul ag seilg, acht ní raibh aon mhaith i gcaint, b' éigin dóibh deunamh mar d'orduigh Fionn. Ghleusadar iad féin agus thugadar aghaidh ar Ghleann-na-smól. Níor shiúbhaladar níos mó 'ná trí mhíle nuair d'árduigh an ceó agus tháinig an ghrian amach go breágh lonnrach. Bhíodar ar bhruach coille bige, nuair chonncadar beithidheach iongantach ag teacht chuca chomh luath leis an ngaoith, agus bean ruadh ar a bhun-lorg. Bhí ceithre cosa caola faoi an mbeithidheach, bhí ceann air mar ceann cullaigh, agus adharca fada air, acht bhí an chuid eile dhé mar eilit, agus bhí gealach lonnrach ar gach taoibh dé. Sheas Fionn agus dubhairt: "A fheara, an bhfacaidh sibh aon bheithidheach ariamh roimhe seó mar é sin?" "Go deimhin, ní fhacamar," ar siad-san, "budh chóir dhúinn na gadhair do sgaoileadh 'na dhiaigh." Fear dar bh'ainm Seághan Wynne ó áit darab ainm an Carraigín Ruadh i gcondae Shligidh d'innis an sgeul so do Phróinsias O Conchubhair i mBaile- ath-luain ó á bhfuair mise é.
"Fan! Fan!" arsa Fionn, "go mbéidh caint agam leis an mbean (mnaoi) ruaidh, agus ná leigidh-se do'n bheithidheach dul tharraibh." Shaoileadar dul roimh an mbeithidheach agus a chosgadh ó dhul ar aghaidh, acht níor fheudadar acht bac beag do chur air, agus rith sé amach tríotha. Nuair tháinig an bhean ruadh 'na láthair d'fhiafruigh Fionn dí cad é an t-ainm do bhí ar an mbeithidheach do bhí sí d'á leanamhaint. "Ni'l fhios agam," ar sise, "tá mé 'gá lorgadh ó d'fhág mé talamh Ui Chúbhláin, ar bhruach Locha. Deirg, mi ó shoin, agus níor chailleas amharc air ó thosaigheas 'gá thóruigheacht. Lasann an dá ghealaigh atá ar a dhá thaoibh, an tír timchioll air, ann san oidhche. Is éigin damh-sa bheith 'gá leanamhaint go dtuit- fidh sé no go gcaillfidh mé féin mo bheatha agus beatha mo thriúir mac, agus is iad-san na gaisgidhigh is fearr 'san domhan mor." "Geobhamaoid-ne an beithidheach duit, má 's maith leat," arsa Fionn. "Ní maith liom," ar sí, "ar do bheatha ná corruigh cos 'na dhiaigh, tá mé féin níos cos-luaithe na sibh-se, agus ní thig liom teacht suas leis." "Ní thig linn leigean dó imtheacht gan fhios fhághail cia an sórt beithidhigh é," arsa Fionn. "Má théidheann tu féin no do chuid fear 'na dhiaigh, creaplóchaidh mé sibh cos agus lámh," ar san bhean ruadh. "Tá tu ag labhairt (go) ró theann, nach bhfuil fhios agad gur mise Fionn mac Cúmhaill, agus go bhfuil ceithre fichid gaisgidh- each agam i láthair nár claoidheadh riamh." "Ni'l beann ar bith agam ort féin ná ar do chuid ghaisgidh- each," ar san bhean ruadh, "agus dá mbeidheadh mo thriúr mac ann so, bhéarfadh siad troid duit agus do d' chuid ghaisgidh- each." "Go deimhin is olc an lá do chuirfeadh bagairt bean
(mná) eagla ar Fhionn mac Cúmhaill agus ar Fhiantaibh Éireann." Leis sin shéid sé adharc agus dubhairt "imthighidh uile, fir agus gadhair, andhiaigh an bheithidhigh sin do chonncamar." Chomh luath agus dubhairt sé an focal, rinne an bhean uillph- eist dí féin, agus d'ionnsuigh sí Fionn, agus mharóchadh sí é ar an mball muna mbeidheadh go raibh Bran, cú Fhinn, i láthair. Fuair Bran greim ar an uillphéist agus thug crathadh dhí. Lúb an uillpheist í féin timchioll collainn an chú (chon), agus bhí ag fásgadh an anam' aistí, go dtug Fionn sáthadh dhí le n-a chloidh- eamh geur an san sgornach. "Coisg do lámh," ar sise, "agus bhéarfad buaidh dhuit, agus ná biodh mallacht bhaintreabhaighe ort." "Saoilim," arsa Fionn, "nach dtiubhrá mo bheatha dham dá bhfeudfá a baint díom, acht innis dam cia thu." "Is mise Coilgín Aérach, máthair Londubh, Chéiteach agus an Chrochadóir cheusta. Is dóigh gur chualaidh tu caint ar thréithribh an triúir sin: a leithéid ni'l le fághail faoi 'n ngréin." "Go deimhin chualaidh me trácht orra go minic," arsa Fionn, "acht ní dearbhráitheacha iad." "Ni h-é aon athair amháin do bhí aca, acht is mise máthair an triúir, tá siad anois i gCnoc-na-righ i ngar do Shligeach." "Imthigh as m'amharc," arsa Fionn, "agus ná fheicim arís go deó thu." Ann sin do rinne sí bean ruadh dhi féin agus chuaidh sí asteach 'san gcoill. Bhí na Fiannta uile imthighthe ar lorg an bheithidhigh, chomh fad agus bhí Fionn ag caint agus ag troid leis an mbean ruaidh, agus ní raibh fhios aige cia an áit a raibh siad, acht d'imthigh sé ar aghaidh 'na ndiaigh, é féin agus Bran. Go mall 'san trathnóna tháinig sé suas le cuid aca agus iad fós ar bhun-lorg an bheith- idhigh. Tháinig dorchadus na h-oidhche ann sin, acht thug an dá ghealaigh do bhí ar dhá thaoibh an bheithidhigh solus breágh
dhóibh, agus níor chailleadar a amharc. Leanadar é i gcómhnuidhe, agus timchioll uaire an mheadhon-oidhche bhíodar ag teannadh leis, nuair thosaigh sé ag sgartadh fola taobh-shiar dhé, agus níor bhfada go raibh Fionn agus a chuid fear dearg o bhonn go báthais. Acht níor chuir sin aon toirmeasg orra, agus leanadar é go bhfacadar é ag dul asteach faoi bhun Chnuic-na-righ, le breacadh an laé. Nuair thángadar go bun an chnuic bhí an bhean ruadh 'na seasamh ann sin rompa, agus dubhairt sí, "níor ghabh sibh an beithidheach." "Níor ghabhamar, acht tá fhios againn cá bhfuil sé," ar sa Fionn. Tharraing sí amach slaitín draoidheachta, bhuail buille ar thaoibh an chnuic, agus le casadh do láimhe d'fhosgail dorus mór 'na láthair agus chualadar ceól binn ag teacht amach as. "Tarr asteach anois," ar san bhean ruadh, "go bhfeicfidh sibh an beithidheach iongantach." "Tá ár ngleus salach," ar sa Fionn, "agus níor mhaith linn dul asteach ameasg cúmhlódair (comhluadair), agus sinn-ne 'san riocht so." Chuir sí adharc chum a béil, shéid í, agus ar an mball tháinig deichneabhar fear óg i láthair. "Uisge le ionladh, ceithre fichid culaidh éadaigh, agus culaidh breágh agus cróin-seód d' Fhionn mac Cúmhaill," ar sise. D'imthigh na fir óga agus faoi cheann móimid d'fhilleadar leis an uisge agus leis an éadach. Nuair nigheadar agus ghleusadar iad féin thug an bhean ruadh iad asteach go halla mór do bhí lasta le gréin agus le gealaigh ar gach taoibh. As sin thug sí iad go seomra mór eile. B'iomdha amharc breágh chonnairc Fionn agus a chuid fear le n-a linn, acht ní fhacadar ariamh aon amharc roimhe sin do bhí leath chomh breágh le n-a bhfacadar ann sin. Bhí righ 'na shuidhe i gcáthaoir óir, bhí éadach glas agus éadach óir air, agus bhí a chuid daoine-uasal 'na suidhe 'na thimchioll, agus na fir ceóil ag seinm. Níor fheud Fionn innseacht cia an dath do bhí i n-éad-
aighibh na bhfear-ceóil, mar nach raibh dath ann san mbógha- uisge nach raibh orra. Bhí bord mór i lár an tseomra, agus bhí gach uile nidh níos fearr 'ná a chéile air. D'éirigh an righ agus chuir fáilte roimh Fhionn mac Cúmhaill, agus roimh a chuid daoine. Cuireadh iad 'na suidhe ag bord, agus d'itheadar agus d'óladar a sáith, agus níor mhór dhóibh sin tar éis seilge an laé. Ann sin d'éirigh an bhean ruadh agus dubhairt. "A Righ na gCnoc, má 's é do thoil, budh mhaith le Fionn mac Cúmhaill agus le n-a chuid fear an beithidheach iongantach d'fheiceál. Chaitheadar tamall fada 'g á leanamhaint, agus is é do thug ann so iad." Bhuail an righ buille ar an gcáthaoir óir, agus ar an mball d'fhosgail dorus taobh-shiar dhé, agus tháinig an beithidheach iongantach amach, agus sheas i láthair an righ. D'úmhlaigh an beithidheach do'n righ agus dubhairt. "Faoi cheann leath-uaire béidh mé ar an mbealach chum mo thíre féin. Ní'l aon choisidhe ann san domhan chomh maith liom-sa. Tá an mhuir chomh réidh dham leis an talamh. An té a dtig leis teacht suas liom anois tigeadh sé - tá mise ag imtheacht." Rith an beithidheach amach as an gcnoc chomh luath le séideóig gaoithe, agús rith gach uile dhuine do bhí ann sin amach 'na dhiaigh 'gá leanamhaint. Níor bhfada go raibh Fionn agus a chuid daoine féin amach roimh na daoinibh eile, i dtosach na seilge, agus ag teannadh leis ar mbeithidheach. Timchioll an mheadhon-laé bhain Bran, cú Fhinn, casadh as an mbeithidheach, bhain sí an dara casadh as, agus thosaigh sé ag cur a chuid photóg amach ar a thaoibh-shiar, agus níor bhfada gur thosaigh sé ag eirighe lag. Faoi dheireadh, mar do bhí an ghrian ag dul síos, thuit sé marbh, agus bhí Bran le n-a thaoibh nuair thuit sé. Tháinig Fionn agus a chuid fear suas ann sin, acht i n-áit beithidhigh fuaradar fear mór. Tháinig an bhean ruadh i láthair 'san am céadna agus dubhairt, "a righ uasail na Féinne," ar sí, "'sé sin righ na bhFearbolg atá marbh agaibh, agus cuirfidh
a mhuinntir buaidhreadh mór ar an tír seo 'san am le teacht, nuair bhéidheas tusa, a Fhinn, agus do chuid ghaisgidheach faoi an bhfód. Tá mise ag dul go Tír-na-nÓg anois, agus béarfaidh me sibh-se liom, má's mian libh é. Is mise do rug Oisín liom chum na tíre áluinn' sin, roimhe seó." "Támaoid ro-bhuidheach díot, ar fad," arsa Fionn, "acht ní fhágfamaois ár dtír féin dá bhfághmaois an domhan mór mar dhúitche, agus Tir-na-n-Óg leis." "Tá go maith," ar san bhean ruadh, "acht tá sibh dul a-bhaile gan aon chreach do dhéanamh andhiaigh bhur seilgir- eachta." "Is dóigh go bhfuighfimid eilit i nGleann-na-Smól, sul má dtéidhmid a-bhaile," arsa Fionn. "Tá eilit ramhar faoi bhonn an chrainn ud thall," ar san bhean ruadh, "dúiseóchaidh mé dhaoibh í." Leis sin leig sí sgread, agus d'éirigh an eilit amach. As go bráth léi, agus Fionn agus a chuid fhear 'na diaigh. Thug sí aghaidh ar Ghleann-na- smól agus níor stad sí go dtáinig sí chum an ghleanna. Bhí sí dul suas agus síos tríd an nGleann go raibh an ghrian ag dul faoi 'san trathnóna, agus níor fhéadadar í do ghabháil. Bhí siad ag brath ar leigean dí, nuair tháinig an bhean ruadh i láthair agus dubhairt, "saoilim go bhfuil sibh tuirseach andhiaigh na h-eilte sin, glaodh ar bhur gcoin, agus leigfidh mé amach mo chú bheag féin, agus maróchaidh sise an eilit." Shéid Fionn adharc bheag do bhí le n-a thaoibh, agus ar an móimid tháinig na coin ar ais, taobh-shiar dhé. Tharraing an bhean ruadh amach cu bheag chomh geal le sneachta an tsléibhe, agus chuir sí andhiaigh na h-eilte í. Budh í sin an chú chos-luath; níor bhfada go dtáinig sí suas leis an eilit agus mharbh sí í. Ann sin tháinig sí ar ais agus thug léim asteach faoi bhrat na mná ruaidhe. Bhí iongantas mór ar Fhionn, acht sul má 'r fhéad sé ceist do chur ar an mnaoi ruaidh, bhí sí imthighthe as amharc. Bhí fhios ag Fionn go mbudh eilit draoidheachta do bhí ann san eilit sin, agus d'fhág sé ann sin í.
Tháinig Fionn agus a chuid fhear a-bhaile an oidhche sin, agus iad tuirseach ocrach, agus chomh folamh agus bhí siad ar n-imtheacht dóibh ar maidin. Do ghlaoidh daoine na h-áite Sráid-na-bputóg ar an áit ar chuir an beithidheach iongantach a phutóga amach, agus ghlaoidh siad Cill-a'-bheithigh ar an áit ar thuit sé marbh. Ni'l fhios agam ar cuireadh cill ar bonn 'san áit sin, acht sin é an t-ainm tugadh ar an áit, agus ta sé uirri fós. Tá an sgeul so d'á innseacht ag na daoinibh anaice le Cnoc-na- righ, n'áit ar thárla sé ar dtús. Is cinnte go bhfuil go leór óir agus airgid faoi Chnoc-na-righ, dá mbeidheadh meisneach ag duine le n-a fhághail. Tá na righte imthighthe chum suaimhnis síorruidhe, agus bi cinnte nach dtugadar an t-ór agus an t-airgiod leó. XXIX Mac Rígh Eireann agus Ceann Gruágach na g-Cleasann. Bhí sin ann, mar is fad ó shoin, do bhí rígh agus báinrioghan i n-Éirinn agus ní rabh aca acht aon mhac amháin. Ní raibh sé acht óg nuair a fuair a athair agus a mháthair bás agus fágadh é 'na dhíleachta. Lá amháin chuaidh sé a' marcuidheacht air a each caol donn agus d'imthigh leis go dtáinig sé go bárr na d-trí rása agus go bun na dtrí sruthan. Ní luaithe bhí sé ann sin 'ná bhí Ceann Gruagach na g-Cleasann roimhe. "An imreóchaidh tú cluiche indiu, a mhic an rígh?" ars an Gruagach. "Ní rabhas aríamh nach n-imreóchainn ," arsa mac an rígh. Ní luaithe bhí siad 'na suidhe, 'ná 'na seasamh agus an cluiche bainte ag mac an righ.
"Cuir do gheasa anois a mhic an rígh," ars an Gruagach. "Cuirim faoi gheasaibh troma draoidheachda thú a bheith anns an lúth is meataidheacha (meataighe) agus is míothrór (?) do cheann agus do chosa agus do chaoi bheatha a bheith bainte díot, muna d-tugaidh tú damh-sa mo raegha (rogha) de mhnaoi," arsa mac an rígh. "Geobhaidh tú sin," ars an Gruagach. Thug sé leis mac an rígh chum a chaisleáin. Nuair a bhí siad aig dul thríd an chisteanaigh thug cailín a bhí ann cogar do mhac an rígh í féin do thoghadh. Thaisbeán an Gruagach lán seómra de mhnáibh dubha dhó. "Ní'l mo raegha ionnta so," arsa mac an righ. Tugadh ann sin thríd seómraibh de mhnáibh ruadh, bána, donna agus gach dath eile, acht dubhairt sé nach rabh a raegha i g-ceachtar díobhtha (díobh). "Sin a bh-fuil de mhnáibh agam," ars an Gruagach, "acht cailín-chisteanaigh nach bh-fuil deas no sgéimheamhail." "B' fhéidir gur b'í is feárr," arsa mac an rígh. Chuaidh siad chum an chisteanaigh agus thóg mac an righ an cailín do bhí aig timthireachd ann sin mar a raegha. "Mo bheannacht duit-se, agus mo mhallacht do oide an dheagh- mhúinte," ars an Gruagach. Chuir mac an rígh an cailín ar a chúlaibh air a each caol donn, agus ní dheachaidh siad a bh-fad ar an bhealach gur éirigh sí 'na bean (mnaoi) budh bhreághtha air ar shoillsigh grian no gealach ariamh. D'innis sí dó annsin cad é mar thug an Gruagach o'n Domhan Shoir í, agus mar chuir sé faoi gheasaibh í go d-tugadh sí isteach (go n-géillfeadh sí) é do phósadh. D' fhiafruigh mac an rígh a' b-pósfadh sí é féin, agus dubhairt sí go ndéanfadh. Righneadh banais chúrtha (?) chártha (?), a mhair naoi n-oidhche agus naoi lá, agus gur bh-feárr an lá deireannach no'n chéad lá. Andéigh bháis an t-sean righ sgabadh móran d'á rabh de eallachaibh fa'n áit, agus chuir an mac ann a cheann go bh-
feuchfadh sé cluiche eile le Ceann Gruagach na g-Cleasann. D'fheuch a bhean cómhairle do chur air gan so a dheanamh, acht ní rabh gar dí ann. Nuair do chonnairc sí nach rabh maith do bheith leis, thug sí leabhar beag dó agus dubhairt leis é do chur ann a phóca an taobh astigh, agus go n-éireóchadh leis an cluiche do bhaint. Righne sé sin agus d'imthigh leis go d-táinig sé go bárr na d-tri rása agus go bun na d-trí sruthán. Bhí Ceann Gruagach na g-Cleasann ann roimhe, agus d'fhiafruigh dé an imreóchadh sé cluiche. "Ní rabhas ariamh nach n-imreóchainn," arsa mac an righ. Ní luaithe bhí siad 'na suidhe 'na 'na seasamh, agus an cluiche bainte aig mac an righ. "Cuir do gheasa," ars an Gruagach. "Cuirim faoi gheasaibh troma draoidheachda thú bheith anns an lúth is meataidheacha agus is mío-thrór, do cheann agus do chosa agus do chaoi-bheatha do bheith bainte díot, muna d-tugaidh tu dam dubh na g-cnoc de eallaighibh rómham agus mo dhéigh." "Bheurfad sin duit," ars an Gruagach. Chuaidh siad go caisleán an Ghruagaigh agus cuireadh dubh na g-cnoc de eallaighibh roimhe mhac an rígh agus 'na dhéigh. Bhí an lá teith agus thosuigh cuid de n' eallaighibh ag imtheacht anonn agus anall agus thosuigh seisean d'á g-ceapadh, acht sháruigh siad air, agus anns an deireadh ní rabh aon cheann amháin aige. Tháinig sé a-bhaile go brúighte brónach, shuidh sé síos í g-cáthaoir an t-sólais agus chur sé osna as féin. D'fhiafruigh a bhean do (dé) cad é a bhí aig cur imnídhe air. D'innis sé dí mar d'éirigh dó. "Orm féin a bhí an locht," ar sise, "nár iarr ort do chur anns na geasaibh gan dul air ais a bheith air an eallaighibh (eallach)." Lá ar na mhárach d'imthigh mac an rígh leis, ar ais, agus casadh an Gruagach dó aig bárr na d-trí rása agus bun na d-trí
sruthán. D'imir siad cluiche agus bhain mac an rígh. Chuir sé de gheasaibh ar an Ghruagach dubh na g-cnoc de eallaighibh a chur roimhe agus 'na dhéigh, agus gan dul ar ais do bheith orra. "Mo bheannacht duit-se agus mo mhallacht do oide an dheagh- mhúinte," ars an Gruagach, mar bhí a fhios aige gur bh'í bean mhic an rígh budh chionntach leis na geasaibh do bheith curtha chomh daingean. Chuir an Gruagach dubh na g-cnoc de eallaigh- ibh roimhe agus 'na dhéigh, agus thiomáin sé leis ann (chum) an bhaile iad, gan aon cheann filleadh ar ais. Lá ar na northaidhir dubhairt mac an rígh le na mhnaoi go rachfadh sé go bárr na d-trí rása agus go bun na d-trí sruthán. Chuir sí ann aghaidh é dhul, acht sháruigh uirrí cómhairle do chur air. Nuair a bhí sé aig imtheacht, d'iarr sí air da n-eireóch- adh leis an cluiche do chur, an bromaistín a bhí aig an Gruagach do thabhairt leis. Casadh an Gruagach air mar budh ghnáthach aig bun na d-trí sruthán. D'imir siad agus bhain mac an rígh an cluiche. "Cuir do gheasa," ars an Gruagach. "Cuirim faoi gheasaibh troma draoidheachda thú do bheith anns an lúth is meataidheacha agus is mío-thrór, do cheann agus do chosa agus do chaoi-bheatha do bheith bainte díot muna d- tugaidh tú mo raegha beithigh capaill damh," arsa mac an rígh. "Gheobhaidh tú sin," ars an Gruagach. Thaisbeán an Gruagach ann sin beithigh bána, donna, gorma agus an uile dhath ar shoillsigh grian no gealach ariamh air, acht dubhairt mac an rígh nach rabh a raegha i g-ceachtar díobh. Fa dheireadh tugadh isteach é go stábla lán de asailibh agus beathach capaill amháin ag n-a d-tóinibh, rabh clibeóga fada air agus é ann a riocht go sílfeadh (saoilfeadh) duine nár bh-fiú é thiomaint amach roimhe. "So mo raegha," arsa mac an rígh. "Mo bheannacht duit-se agus mo mhallacht do oide an dheagh- mhúinte" ars an Gruagach.
Thug mac an rígh an bromaistín leis agus chomh luath agus fuair sé é amach ar an fheur ghlas d'éirigh sé 'na bheathach chomh breágh agus shoillsigh grían no gealach aríamh air. Bhí luath- gháire mhór ar an bhainríoghan roimhe a fear agus an bromais- tín, agus dubhairt sí le na fear gur chóir dó a bheith sásta anois agus gan do dhul ag imirt leis an Ghruagach níos mó, no go g-cuirfeadh sé cluiche air fá dheireadh. Lá ar na mhárach chuaidh mac an righ go bárr na d-trí rása agus bhí 'n Gruagach ann roimhe. Thosuigh siad aig imirt acht ní dheachaidh ag ceachtar aca cluiche do chur. "Caithimid dínn ar g-cuid éadach," ars an Gruagach. "Táim sásta," arsa mac an rígh. Thosuigh an imirt eatorra ar ais, agus bhain an Gruagach. "Cuir do gheasa," arsa mac an rígh. "Cuirim faoi gheasaibh troma draoidheachda thú do bheith anns an luth etc. muna d-tugaidh tú chugamsa cloidheamh solusda mhic rígh na Binne Breice agus sgeula cia mharbh an t-An-Chríosdaigh, faoi cheann lá agus bliadhain," ars an Gruagach. Chuaidh mac an rígh abhaile go dólasach, dóbrónach, shuidh i g-cáthaoir an t-sólais agus léig sé osna as féin. Thug a bhean fa deara nach rabh sé mar budh ghnáthach agus d' fhiafruigh sí dhe cad é mar d'eirigh leis an lá sin. D'innis sé dhí gur chaill sé, agus gur cuireadh faoi gheasaibh é cloidheamh solusda mhic righ na Binne Breice agus sgeula cia mharbh an t-An-Chríosdaigh do bheith aige roimhe lá agus bliadhain. Dubhairt sí leis gur bh' é righ na Binne Breice a h-athair, agus go rabh sé 'na chómhnuidhe anns an Dómhan Shoir, agus go d-tabhairfeadh an bromaistín é slán go d-tí an áit. D'innis sí dhó mar a' g-céadna go rabh cúirt a h-athar ar imioll na fairrge agus nuair do chídh- feadh bunadh na cuirte an bromaistín aig tarraingt orrtha, go spréidhfeadh (sgarfadh) siad síoda agus sról ó'n fhairrge go d-tí an caisleán agus thug sí cómhairle dó nuair do rachfadh sé i d-tír na spuir a thabhairt do'n bhromaistín agus gan an t-éadach do
spárail, acht strócadh leis, agus go m-béidheadh a fhios aca ann sin gur mac rígh a bhí ann. Lá ar na mhárach ghleus mac an righ air, chuaidh ag marcaigheachd ar an bhromaistín agus thosuigh ar a thurus chum an Dómhain Shoir. Bheireadh an bromaistin léim ó chnoc go cnoc agus ó thulaigh go tulaigh, agus sheachain sé na logacha agus na gleanntain, go ndeachaidh sé chum na fairrge. Léim sé isteach agus do shnámh leis go d-táinic sé í d-tír faoi chaislean rígh na Binne Breice anns an Dómhan Shoir. Bhí síoda agus sról leagtha ar an bhealach suas go d-tí an caisleán agus thug mac an righ na spuir do'n bhromaistín agus chuaidh sé ar chos 'an áirde ag reubadh agus ag strócadh leis, go rabh sé aig dorus an chaisleáin. Thosuigh an uile bheathach capaill d'a rabh fa na stáblaibh ag sitrigh le teann luathgháire roimhe an bhromaistín. Cuireadh farradh (?) na fáilte roimhe mhac an rígh, agus nuair a d'innis sé go rabh sé pósda ar inghin righ na Binne Breice ní rabh cuimse ar an athas agus ar an luathgháire a bhí aca roimhe. Lá ar na mhárach nochduigh sé brígh a shiúbhail; agus d'innis an rígh dó go rabh a mhac 'na chómhnuidhe ndeas dó acht níos faide isteach an tír, agus nach rabh aon nídh anns an dómhan budh dheacra a fhághail no'n cloidheamh solusda agus go m- bídheadh coimhead geur air oidhche agus lá, acht go d-teidheadh siad a chodhladh trí oidhche a g-ceann an uile sheachtmhadh bliadhna agus gur bh'é anochd an chéad oidhche díobh, agus mar sin féin gur doiligh an cloidheamh solusda do bhreith uatha. Dubhairt sé leis go g-caithfeadh sé dul an oidhche sin leis an bheathach do b' fheárr ann a stábla-san agus nuair a rachfadh sé chómh fada leis an chúirt go g-cuirfeadh an cloidheamh solusda béic as, a mhúsglóchadh an uile dhuine fa'n chaisleán agus gur bh' éigin dó teitheadh chomh tapaidh agus thiocfadh leis; agus go g-caithfeadh sé an rud céadna do dheanadh an dara h- oidhche, agus an tríomhadh h-oidhche gur bh'é an bromaistín budh chóir dó a thabhairt leis agus da n-eireóchadh leis an
cloidheamh d'fhághail gur bh'é an dóigh a b' fheárr dó gan leigean do'n bh-feur fás faoi n-a chosaibh. Chuaidh mac an rígh an oidhche sin go caisleán mhic rígh na Binne Breice, agus nuair do chuaidh sé ar amharc na h a'ite bhí an caisleán agus a rabh thart fá d-taobh dé lasta suas mar bheidh- eadh an lá ann, le méid an t-soluis a bhí as an chloidheamh solusda. Chuaidh sé ann tosuigh, go geata an chaisleáin, agus léig an cloidheamh solusda béic as, a mhúsgail a rabh fa'n áit. Thionntaigh sé thart chomh luath geur agus thainig leis, agus ní rabh acht an beathach anns an stábla aige nuair a bhí mac rígh na Binne Breice agus a chuid fear ann sin 'na dhéigh agus iad ar mire agus ar buile. D' fhiafraigh mac rígh na Binne Breice d'a athair caid é an bítheamhnach a bhí sé aig congbhail fa na thigh-sean, a bhí aig cur buaidhridh air-sean, ar a leithid do dhóigh, agus dubhairt an t-athair, an rud nar bhreug dó, nach rabh bítheamhnach ar bith fa na thigh-sean. An dara h-oidhche righne mac an rígh an cleas céadna agus cuireadh tóir air mar an oidhche roimhe. An tríomhadh h-oidhche thug sé an bromaistín leis agus chuaidh isteach anns an chaisleán gan bacadh gan toirmeasg, agus rug greim ar an chloidheamh solusda a bhí aig ceann na leaptha ann a rabh mac rígh na Binne Breice 'na chodladh. Chómh luath agus rug sé greim ar an chloidheamh chuir sé béic as do chluintídhe a bh-fad agus i ngar, agus do mhúsgail mac rígh na Binne Breice. D' fhiafruigh sé go cúthach, feargach, cad é budh chiall dó a bheith aig tabhairt an chloidhimh sin nach rabh baint aige leis, ar siúbhal uaidh-sean. D'innis an fear eile dó go rabh sé faoi gheasaibh ag Ceann Gruagach na g-Cleasann an cloidheamh d' fhághail agus sgeula cia mharbh an t-An- Chríosduigh. "Tá 'n cloidheamh agat anois agus ma shuidheann tú síos innseóchaidh mise sgeul an chloidhimh duit agus cia mharbh an t-An-Chríosduigh," arsa mac rígh na Binne Breice. Shuidh mac an rígh síos agus d'innis an fear eile mar leanas:
"Ní rabhas acht coradh le bliadhain pósda nuair do thug mo bhean fuath damh mar gheall ar fhear dubh a bhí léi ó na tír féin, a chur faoi gheasaibh í, agus aon la amháin bhuail sí le slaitín draoidheachda mé, agus righne sí sean chapall bán díom. Cuireadh síos a chois na h-abhna mé agus bhídinn aig iomchar na ndaoineadh anonn agus anall, agus fa dheireadh thosuigh cuid aca do bheith go h-an-mhaith damh agus bhidheadh siad aig tabhairt punnann coirce leó go minic chugam. Shíl mo bhean fa dheireadh go rabhas aig fághail saoghail ró-shocamhlach agus bhuail sí le slait na draoidheachda arís mé agus rinne sí mactíre dhíom. Sin í féin ar mo chúl 'sa leabuidh agus má thig léi mo bhreugnughadh déanadh sí é. Thógas suas leis na mictíribh eile, agus bhidheamar ag deanadh slaoda air chaorchaibh go minic. Chuir mo bhean casaoid chuig m'athair aon lá amháin, go rabh a cuid caorach sgriosta ag na mictíribh, agus ghuidh sí air do theacht agus cuidiúghadh le a fearaibh, na mictíre do dhíbirt. Tháinic sé féin agus achuid fear, lá ar na mhárach, agus thosuigh siad aig marbhadh na mactíre. Bhí ciall an duine agus naduir an bheithigh agam-sa, agus chonnarcas damh nach rabh imtheacht agam ó mo mharbhadh. Thug mé rása ar siúbhal ó'n chuid eile de na mictíribh agus asteach liom eidir dhá chois m'athar. "A choileain uasail," ar seisean, "ó thárla gur chuiris thú féin faoi mo choimirce-se ní bhainfidh aon neach leat." Thug sé leis abhaile mé agus bhidhinn aige go gnáthach an uile bhealach d'á d-téidheadh sé, agus gheibhinn cead luidhe 'sa chaisleán. Bhí páisde óg, dearbhráthair damh, i g-cliabhán, anns an áit a luidhinn, 'san am céadna, agus bhí triúr ban 'ga choimhéad mar goideadh ar siúbhal gan mhothughadh beirt dhearbhráthair eile damh. Aon oidhche amháin tháinic an ceól budh bhinne agus budh mhilse da g-cualaidh cluas aríamh, agus thuit na mná coimhideach' 'na g-codhladh. Ní rabh sé a bh-fad 'na dhéigh sin gur cuireadh lámh fhada ghránda anuas an t-seimleir, agus rug sí ar an chliabhan ag dul é do tharraingt suas. Thug mise léim suas agus bhuain mé an cliabhan anuas. Nuair do cuireadh an
lámh anuas arís fuair mé greim uirrí, agus tharraing mé chómh cruaidh sin go d-táinic an lámh liom. Bhí mé chómh sáruighthe sin gur thuit mé mo chodladh, agus nuair a mhúsgail mé bhi'n cliabhan agus an leanbh ar siúbhal. Lá ar na mhárach budh í mo bhean an chéad duine a mhúsgail agus fuair sí an lámh mhór ghránda ann áit an chliabháin. Thug sí léi í agus chúmhduigh sí í le créafóig amuigh anns an choill, agus chuir sí i g-céill do m'athair gur mise do mharbh an leanbh, agus le na chinnteadh thaisbeán sí dhó an fhuil a tháinic as an láimh a bhí fa mo bheul. Dubhairt m'athair go mairbhfeadh sé mé chómh luath agus gheobhadh sé a chloidheamh. Leis sin rith mise anonn, agus thosuigheas 'ga tharraingt liom gur thaisbeán mé dhó an poll a rabh an lámh curtha ann, agus scríob mé an chréafóg di go bh-facaidh m'athair í. "A choileáin uasail," ar seisean, "bhidh- thear ag cur breug ort; ann áit dadaidh do dheanadh ar an pháisde rinne tú do dhíthchioll é do chongbháil." 'Na dhéigh sin bhidhthear go h-an-mhaith damh, agus ní rabh mo bhean leath- shásda. Aon lá amháin bhí m'athair ag amharc thríd chófra agus bhain sé móran de neithibh as, agus imeasg na codach eile, slaitín draoidheachda. Chómh luath agus chonnarcas í, chuadhas anonn, agus thosuigh mé aig buaint leumog as m'athair, agus thóg sé an slaitín agus thug buille dhí damh agus rinne duine dhíom arís. Ar ndóighche (dar ndoigh) bhí sé luathgháireach, agus mise mar a' g-céadna, acht faoi cheann tamaill d'éirigh mé mío- shásda fa'n droch-úsáid a tugadh orm, agus fa'n droch-mheas a bhí aig mo mhnaoi orm. D'imthigh an fear dubh a chuir faoi gheasaibh í, agus bhí sí féin le dóghadh, acht ghuidh mise agus d'agair mé orra gan í do chur ann (chum) báis, agus fa dheir- eadh chómhairligh siad sin a dheanadh. Sin í féin, agus má thig léi mo bhreugnughadh, déanadh sí é. Aon lá amhain tamall gearr 'na dhéigh sin, chuadhas amach i m-bád ar an fhairrge liom féin, agus ní dhearnas stad no go bh-fac- aidh mé oileán mór agus an iomad crann ag fás air, agus gan comhartha duine ar bith do bheith 'na chómhnuidhe air.
Chuadhas a d-tír ann agus níor bh-fada go bh-facaidh mé beirt ógánach ag teacht go tobar fíor uisge, agus ag líonadh soitheach (soithigh) agus ag imtheacht leó. Tháinic siad ar ais gan mhoill fa choinne tuilleadh, agus chuadhas chum cainte leó. D'innis siad damh gur buaineadh an lámh as a n-athair agus go rabh sé ag fulaingt pían mhór, agus nach rabh faoiseadh le fághail aige acht chómh fada agus bhidheadh siad-san ag dórtadh uisge fuair ar an chnéadh, agus nach d-téidheadh stad orrtha lá no oidhche acht ag an obair sin. D'iarr mé orrtha innsint d'a n-athair go rabh doctúr ar an oilean, agus go m-b' fhéidir go d-tiocfadh leis an lámh do chneasughadh. Níor bh' fhada go d-táinig sgeula chug- am a dhul suas go bh-feuchfainn an d-tiocfadh liom gar ar bith a dheanadh. Chuadhas chum an chaisleáin, agus chómh luath agus leag mé mo shúile ar an fhear ghránda a bhí 'na luidhe, d'aithin mé gur bh'é an fear céadna é ar bhuain mé an lámh as, agus a ghoid mo chuid dearbhráthar, acht níor léig mé dadaidh orm. Chuir mé ceirthín luibh leis an chnéadh a thug pian mhór do'n bhitheamhnach an chéad oidhche. An dara h-oidhche rinne mé an rud céadna, acht an tríomhadh oidhche chuireas ceirthín leis an loit a thug sócamhal agus suaimhneas dó, agus thuit sé 'na chodladh. Bhí'n caisleán uile lasda suas anns an oidhche chómh geal leis an lá, agus chuir so ionghantas mór orm. Ar amharc thart go geur damh, bhreathnuigheas go rabh an solus ag teacht ó chloidheamh a bhí os ceann leabtha an fhir a bhí 'na chodhladh. Rug mé greim daingean ar an chloidheamh, agus chuir sé béic as, a chluinfídh anns an dómhan shoir, agus anns an dómhan shiar, agus a mhúsgail an fear a bhí anns an leabuidh. Thug sé iarraidh éirighe, acht sul a rabh faill aige sin a dheanadh, thug mise buille de'n chloidheamh dó anns an mhuineal agus bhuain mé an ceann dé, agus sin agad mar fuair mise an cloidheamh solusda. Fuair mé amach gur b'iad mo dhá dhearbhráthair a bhí ag iomchar an uisge, agus go raibh an páisde deireannach a goid-
eadh, ar fághail fós, agus thug mé an triúr liom a-bhaile. Tig liom a rádh leat go rabh fáilte agus luathgháir rómhainn. Budh dearbhráthair do Cheann Gruagach na g-Cleasan an fear a marbhadh, agus is é an t-ainm a bhí air an t-An-Chríosduidh, agus tá a fhios agad anois gur mise a mharbh é. Tabhair thusa an cloidheamh solusda leat, agus nuair rachfas tú chómh fada le Ceann Gruagach na g-Cleasann béar- faidh sé air ann a láimh, agus fiafróchaidh sé dhíot an síleann (saoileann) tú an bh-fuil aon seód eile anns an domhan chomh luachmhar no chomh deas leis an chloidheamh sin. Abair, thusa, go bh-fuil sé deas go leór, acht "muna b'é." Fiafróchaidh sé dhíot caid é an muna b'é a tá air. Beir thusa ar an chloidheamh agus sgiob an ceann de 'n Ghruagach, agus muna ndeanaidh tú sin leis, deanfaidh seisean leat-sa é. Na síl (saoil) nach cóir duit Ceann Gruagach na g-Cleasann do mharbhadh, mar is iomdha cleas cam, droch-bheartach a d'imir sé ar m'athair. Imeasg an iomaid eile d'a(n)dearn' se, ghoid sé mo dheirbhshiúir, agus ni'l fios a tuaraisge againn ó shoin, agus an oidhche chéadna ghoid sé an bromaistín maol, an beathach budh bhreághtha agus a b' fhéarr a bhí anns an dómhan ariamh." "Tá mise pósda ar do dheirbhshiúir, agus tá'n bromaistín agam mar a' g-céadna," arsa mac an rígh, ag tosughadh agus ag innsint an sgéil mar thárla dó, ó thús go deireadh. Dubhairt mac rígh na Binne Breice nach g-cualaidh sé an sgeul aríamh a chuir oiread áthais air leis an sgeul sin. D'iarr sé ar mhac an rígh, an cloidheamh solusda do chathadh suas anns an aiér nuar do bheideadh sé réidh leis agus go d-tiocfadh sé ar ais chuige-san. D' fhág mac rígh Éireann slán ag a chliamhuin, thug an cloidh- eamh solusda leis, chuaidh a' marcaidheacht air an bhrom- aistín, thug a aghaidh ar an dómhan shiar agus ní dhearn' stad no fad-chómhnuidhe go raibh sé ag caisleán an Ghruagaigh. Tháinig an Gruagach amach, rug sé greim ar an chloidheamh solusda ann a láimh, agus thosuigh a mholadh. D'fhiosruigh sé de
mhac an rígh ar shíl sé go rabh aon seód anns an domhan chómh measamhail no chómh deas leis an t-seód sin. Dubhairt mac an righ go raibh sé deas go léor acht "muna b'é." "Cad é an "muna b'é" atá air," ars an Gruagach? "Ni fheicim-se muna b'é air bith air." "Taisbeanfaidh mise sin duit," arsa mac an rígh, ag breith greama ar an chloidheamh. Leis sin thug sé buille do'n Ghruag- ach anns an mhuineal, agus bhuain sé 'n ceann dé. Chaith sé 'n cloidheamh suas anns an aiér, agus chuaidh sé féin a-bhaile chuig a mhnaoi. Phlúch sí le pógaibh é, bháith sí le deóraibh é, agus thiormuigh sí le brat síoda agus sróil é. Chaith siad beatha shona, sheunmhar, fhada, le chéile, agus thóg siad clann mac agus inghean a thug bárr feabhais agus sgéimh ar fhearaibh agus mhnáibh an domhain go léir. XXX An Lacha Dhearg. Bhí righ i n-Éirinn, fad ó shoin, agus bhí dá 'r 'éag mac aige. Agus ghabh sé amach lá ag siúbhal anaice le loch, agus chonnairc sé lacha agus dhá cheann déag d' éanachaibh léithe. Bhí sí (ag) bualadh an dómhadh ceann déag uaithi, agus ag congbháil aoin cheann déag léithe féin. Agus tháinig an righ a-bhaile chuig a bhean féin, agus dubhairt sé léithe go bhfacaidh sé iongnadh mór andhiú, go bhfacaidh sé lacha agus dhá cheann déag d' éanachaibh léithe, agus go raibh sí ag díbirt an dómhadh ceann déag uaithi. Agus dubhairt an bhean leis, "ní de thír ná de thalamh thú, nach bhfuil fhios agad gur gheall sí ceann do'n Deachmhaidh agus go raibh sí chomh cineálta agus go dtug sí amach an dá cheann déag." "Ní de thír ná de thalamh thu," ar seisean, "tá dhá cheann
déag de mhacaibh agam-sa, agus caithfidh ceann dul chuig an Deachmhaidh." "Ní h-ionnann na daoine agus eánacha na gcnoc le chéile," (ar sise). Ghabh sé síos ann sin chuig an Sean-Dall Glic, agus dubhairt an Sean-Dall Glic nach ionnann daoine agus éanacha na gcnoc le chéile. Dubhairt an righ go gcaithfidh ceann aca dul chuig an Deachmhaidh, "agus cad é an ceann," ar seisean, "bhéarfas mé chuig an Deachmhaidh?" "Tá do dhá-déag cloinne ag dul chum sgoile, agus abair leó lámh thabhairt i láimh a-chéile, dul chum sgoile, agus an chéad fhear aca bhéidheas 'san mbaile agad go dtiúbhraidh tú dinéar maith dhó, agus cuir an fear deiridh chum bealaigh ann sin." Rinne sé sin. An t-oidhre do bhí ar deireadh, agus níor fhéad sé an t-oidhre chur chum bealaigh. Chuir sé amach ag tiomáint ann sin iad, seisear ar gach taoibh, agus an taobh do bhí ag gnóthughadh, bhí sé ag tarraing fear (fir) uaithi, agus d'á thabhairt do'n taoibh do bhí ag cailleamhain. Faoi dheireadh bhain aon fhear amháin an liathróid de'n aon fhear déag. Dubhairt an t-athair leis, ann sin, "a mhic," ar seisean, "caithfidh tú dul chuig an Deachmhaidh." "Ní rachaidh mise chuig an Deachmhaidh, a athair," ar seisean, "tabhair dham costas, agus rachaidh mé ag féachain m' fhortúin." D'imthigh sé ar maidin, agus bhí sé ag siúbhal go dtáinig an oidhche, agus casadh asteach i dteach beag é nach raibh ann acht sean-fhear, agus chuir sé fáilte roimh Réalandar mac righ Éireann. "Ní'l mall ort" (ar seisean leis an mac righ) "do shaidhbhreas do dheunamh amárach má tá aon mhaith ionnat id' fowl-éiridh, (seilgire). Tá inghean righ an Domhain-Shoir ag tigheacht chuig an loch beag sin shíos, amárach, agus níor tháinig si le seacht mbliadhnaibh roimhe; agus béidh dá cheann déag de mhnáibh-coimhdeacht léithe. Teirigh i bhfolach ann san tseisg go gcaithfidh siad a dá cheann déag de cochaill díobh.
Leagfaidh sise a cochall féin leith-thaobh, mar tá (an oiread sin) d' onóir innti, agus nuair gheobhas tusa amuigh ann san tsnámh iad, éirigh agus beir ar an gcochall. Fillfidh sise, asteach ar ais, agus déarfaidh sí, "a mhic righ Éireann tabhair dham mo chochall." Agus déarfaidh tusa nach dtiubhraidh (tú). Agus déarfaidh sise leat, "muna dtugann tú ded' dheóin go dtiubh- raidh tú ded' aimhdheóin é." Abair léithe nach dtiubhraidh tú ded' dheóin, ná de d' aimhdheóin dí é (muna ngeallann sí do phósadh). Déarfaidh sí, ann sin, nach bhfuil sin le fághail agad mur (= muna) n-aithnigheann tú í arís. Geóbhaidh siad amach uait ann san tsnámh arís, agus déanfaidh siad trí easconna déag díobh féin. Béidh sise 'na rubailín (earbaillín) suarach ar uachtar; ní thig léithe bheith ar deireadh, mar tá onóir innti, agus béidh sí ag caint leat. Aithneóchaidh tú air sin í, agus abair go dtógfaidh tú í féin i gcómhnuidhe, an ceann a bhéidheas ag caint leat. Déarfaidh sise ann sin, "Caillte an sgeul, an fear thug a athair do'n Deachmhaidh aréir, geallamhain pósta ag inghin Righ an Domhain-Shoir andhiú air'!" (Dubhairt an mac righ leis an sean-fhear go ndéanfadh sé gach rud mar dubhairt sé leis. Chuaidh sé amach ar maidin chuig an loch agus thárla h-uile shórt go díreach mar dubhairt an sean- fhear. Nuair bhí an bhean gnóthaighthe aige) d'imthigh an dá-'r'eug cailín a-bhaile. Tharraing sise amach slaitín draoidheachta, agus bhuail sí ar dhá bhuachallán buidhe í, agus rinne sí dá chapall marcuigheachta dhíobh. Bhí siad ag siúbhal ann sin, go dtáinig an oidhche, agus bhí sí ag teach oncail dí, ar dtuitim na h-oidhche. Agus dubhairt sí le mac righ Éireann eochair rúma na séad d' iarraidh ar an oncal, agus go bhfuighfeadh sé í féin astigh ann san rúma roimhe. (Ní raibh fhios ag an oncal, go raibh sise ann, chor ar bith, agus shaoil sé gur ag iarraidh a inghine féin tháinig mac righ Eireann chuige). Fuair sé an eochair ó'n oncal, agus chuaidh sé asteach, agus
fuair sé mar bean bhreágh astigh ann san rúma í. Bhí siad ag caint go h-am suipéir. D'iarr sí air, a cheann do leagan ar a h-uchd. Rinne sé sin, agus chuir sí biorán suain ann a cheann go maidin. Nuair tharraing sí amach an biorán ar maidin, dhúisigh sé, agus dubhairt sí leis go raibh fathach mór le marbhadh aige ar son inghine a h-oncail. Ghabh sé amach chum na coille (ag iarraidh an fhathaigh). "Fud, fad, féasóg!" ar san fathach, "mothaighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh." "Nár ba soirmid (?) bidh ná digh ort, a fhathaigh bhróich!" "Cad é (is) fearr leat-sa caraigheacht ar leacachaibh dearga no gabhail de sgeannaibh glasa i mbárr easnacha a-chéile?" "Is fearr liom-sa caraigheacht ar leacachaibh dearga, 'n áit a mbéidh mo chosa míne uaisle i n-uachtar, agus do spága mío- stuamacha ag dul i n-íochtar." Rug an dias gaisgidheach ar a chéile, agus dá dtéidhfidhe ag amharc ar ghaisge ar bith ná ar chruadh-chómhrac, is orra rachá d'amharc. Dhéanfadh siad cruadhán de 'n bhogán agus bogán den chruadhán, agus tharróngadh siad toibreacha fíor-uisge tre lár na gcloch glas. (Bhí siad ag troid mar sin) gur chuimhnigh mac righ Eireann nach raibh fear a chaointe ná a shínte aige. Leis sin thug sé fásgadh do'n fhathach do chuir go dti na glúna é, agus an dara fásgadh go dti an básta, agus an tríomhadh fásgadh go meall a bhrághaid go doimhin. "Fód glas os do chionn a fhathaigh!" "Is fíor sin; seóide mac-righ agus tighearna bhéarfas mé dhuit, acht spóráil m'anam dam." "Do sheóide i láthair a bhodaigh!" "Bhéarfaidh mé cloidh- eamh solais a bhfuil faobhar an ghearrtha agus faobhar an bhearrtha (air agus) treas faobhar, teine 'na chúl, agus ceól ann a mhaide." "Cia (chaoi) bhféachaidh mé mianach do chloidhimh?" "Sin thall sean-smotán maide (atá ann sin) le bliadhain agus seacht gcéad bliadhan."
"Ní fheicim aon smota 'san gcoill is mó chuir gráin orm 'ná do shean-cheann féin." Bhuail sé i gcómhgar a chinn a bhinn agus a mhuinéill é. Bhain sé an ceann dé, gan meisge gan mearbhal. Chaith sé naoi n-iomaire agus naoi n-eitrighe uaidh é. "Is fíor sin," ar san ceann, "dá dtéidhinn suas ar an gcolainn arís, a raibh i n-Éirinn ní bhainfeadh siad anuas mé!" "Is dona an ghaisgidheacht do rinne tú nuair bhí tu shuas!" Tháinig sé abhaile (agus ceann an fhathaigh ann a láimh) agus dubhairt an t-oncal go raibh trian d'á inghin gnóthaighthe aige. "Ní buidheach díot-sa tá mé, a bhodaigh," ar sé. Ghabh sé asteach ann sin go dti a chailín mná féin, agus chuir sí biorán suain ann a cheann arís go d' éirigh an lá. Bhí dólás mór air nuair nach raibh cead cainte aige léithe go maidin. (Nuair dhúisigh sé ar maidin dubhairt sí leis) "tá fathach eile le marbhadh agad, sin d' obair andiú ar son inghine m' oncail arís." Chuaidh sé chum na coille, agus tháinig an fear mór roimhe. "Fud, fad, féasóg! mothaighim boladh an Éireannaigh bhra- daigh bhréagaigh ar fud m' fhóidín dúthaigh!" "Ní Éireannach bradach ná bréagach mé, acht fear le ceart agus le cóir do bhaint asad-sa." "Cia fearr leat, caraigheacht ar leacachaibh dearga na gabhail de sgeannaibh glasa i mbárr easnacha a-chéile?" "Is fearr liom-sa caraigheacht ar leacachaibh dearga, 'n áit a mbéidh mo chosa míne uaisle i n-uachtar, agus do spága mío- stuamacha ag dul i n-íochtar." Bhí siad ag troid ann sin gur chuimhnigh mac righ Éireann nach raibh fear a chaointe ná a shínte aige. Leis sin thug sé fásgadh do'n fhathach go dti na glúna, agus an dara fásgadh go di an básta, agus an tríomhadh fásgadh go dti meall a bhrághaíd 'san talamh. "Fód glas os do chionn a fhathaigh!" "Is fíor sin, is tú an gaisgidheach is fearr d'á bhfacaidh mé riamh no d'á bhfeicfidh mé choidhche. Agus bhéarfaidh mé seóide mac-righ agus tighearna dhuit, acht spóráil m'anam."
"Do sheóide i láthair a bhodaigh!" "Bhéarfaidh mé each caol donn duit, bhéarfas naoi n-uaire ar an ngaoith roimpi, sul mbeiridh (sul do bheir) an ghaoth 'na diaigh aon uair amháin uirri." Thóg sé an cloidheamh agus chaith sé an ceann dé, agus chuir sé naoi n-iomaire agus naoi n-eitrighe uaidh é le neart na buille sin. "Ochón go deó!" ar san ceann, "dá bhfághainn dul suas ar an gcolainn arís, agus a bhfuil i n-Éirinn ní bhéarfadh siad anuas mé." "Budh bheag an ghaisgidheacht do rinne tú, nuair bhí tú shuas uirri cheana!" Tháinig sé a-bhaile ann sin, agus tháinig an t-oncal amach roimhe arís: "Ta dá dtrian de m' inghin gnóthuighthe agad anocht." "Ní buidheach díot-sa tá mé, a bhodaigh." Ghabh sé asteach ann sin ann san rúma, agus fuair sé a chailin mná féin roimhe, agus ní raibh bean 'san domhan budh bhreágh- dha 'ná i. Bhí siad ag caint go h-am suipéir, agus dubhairt sí leis tar éis an t-suipéir a cheann do leagan ar a h-uchd, agus nuair rinne sé sin chuir sí biorán suain ann go maidin. Bhí sé trioblóideach nuair nach raibh cead cainte aige léithe go maidin. (Nuair dhúisigh sé dubhairt sí leis.) "Tá fathach eile le marbh- adh agad ar son inghine m' oncail arís andiú, agus tá faitchios orm go bhfuighfidh tú cruaidh é seó. Acht seó coileáinín beag madaidh dhuit, agus leig amach faoi n-a chosaibh é, agus b' éidir go dtiubhraidh sé congnamh beag duit. Agus amharc ar an meadhon-laé de'n lá, ar do ghualainn dheis, agus geobhaidh tú mise mo cholum geal, agus bhéarfaidh mé congnamh dhuit." Chuaidh sé chum na coille agus tháinig an fathach mór chuige. "Ní mharbhóchaidh tú mise le do choinín gránna mar mharbh tú mo bheirt dhearbhráthar, a raibh fear aca cúig bliadhna agus fear aca seacht mbliadhna go leith." "Fuair mé garbh go leór iad sin féin," ar sa mac righ Éireann.
Ghabh siad de na sgeannaibh glasa i mbárr easnacha a-chéile, chuirfeadh siad cith teineadh d'á gcroicionn arm agus éadaigh. Nuair tháinig an meadhon-laé, d'amharc sé ar a ghualainn dheis agus chonnairc sé an colum geal. Nuair chonnairc an fathach mór an colum, rinne sé seabhac dé féin, acht rinne sise trí meirrliúin dí féin, de'n choileán, agus de mhac righ Éireann, agus throid siad leis an seabhac ann san aér, agus thuirling siad ar an talamh arís. Dubhairt an fathach mór ann sin, "is tú an fear gan chéill, cad é 'n sórt act-ál atá agad, thú féin agus an dá ruidín gránna sin? Ní'l aon fhear le fághail le mise do mharbhadh acht Réalandar mac righ Éireann." "Mise an fear sin." "Má's tu é," ar san fathach, "tarrnóchaidh (tarróngaidh) tú an cloidheamh so." Sháith sé a chloidheamh asteach 'san gcarraig, agus dubhairt, "tarraing an cloidheamh so má 's tú Réalandar." Tharraing sé an cloidheamh, agus bhuail sé an fathach mór leis, agus chaith sé an ceann dé. Bhí sé féin loite. Bhí gearradh mór faoi bhonn a chích' deas (deise). Tharraing sí amach buideull beag íocshláinte, agus chneasaigh sí é. Chuaidh sé a- bhaile ann sin, agus tháinig an t-oncal roimhe. "Tá m'inghean gnóthuighthe agad anocht." "Ní buidheach díot-sa atá mise a bhodaigh." Ghabh sé asteach ann a rúma féin, agus fuair sé a bhean astigh ann roimhe. Dubhairt sí leis, "a mhic righ Éireann, leagfaidhear biadh agus deoch fút andiú, nach bhfacaidh tú i dteach d' athar ná do mháthar féin roimhe, ná do dhiaigh," ar sise. "Tiucfaidh fear freastail thart, agus suidhfidh sé ar an mbac, agus déarfaidh sé leat, a mhic righ Éireann, an bhfacaidh tú a leitheid de bhiadh ná de dheoch i dteach d' athar ná do mháthar féin ariamh?" Abair leis nach bhfacais. Leigfidh sé dhuit, go mbéidh leath do chuid bidh caithte agad. Tiucfaidh sé arís ann sin, agus suidhfidh sé ann san áit chéadna, agus déarfaidh sé "a mhic righ Éireann an bhfacais a leitheid de bhiadh
ná de dheoc i dteach d'athar ná do mháthar féin ariamh?" Abair nach bhfacais. Tá fhios aige go bhfuil tú tuirseach, agus leigfidh sé dhuit do sháith de'n bhiadh ithe. Tiucfaidh sé agus suidhfidh sé ann san áit chéadna, agus déarfaidh sé "a mhic righ Éireann an bhfacais a leitheid de bhiadh ná de dheoch i dteach d'athar ná do mháthar féin ariamh." Abair leis go bhfacais a leitheid de bhiadh agus de dheoch ag buachaill-na-mbó d'athar, agus go bhfuil an chailleach-cearc do bhí ag do mháthair níos breághta (breághdha) 'ná an bhainríoghain óg, agus muna n-abraigheann (n-abrann) tú sin, ní fheicfidh tú mise arís a-choidhche." (Thárla gach uile rud mar dubhairt a bhean leis, acht) mhol sé an biadh chomh mór go raibh náire air a cáineadh an tríomhadh uair. Rinne sé stad nuair bhí a sháith ithte aige, agus dubhairt sé an chaint chéadna ar deireadh, agus dubhairt sé an dá uair roimhe. D'éirigh sé go léir ann sin, agus ghabh sé asteach ann san rúma agus fuair sé í 'na préachán dubh roimhe. Thosaigh sé ag caoineadh agus ag tarraing na gruaige d'á cheann. Bhí sí ag dul ó'n ngualainn thall go dti an gualann abhos ag tiormughadh na ndeóra (ndeór) d'á shúilibh, go dtáinig an mheadhon-oidhche, agus (ann sin) d' imthigh sí amach ar an tsimiléir uaidh. Ar maidin nuair d'éirigh sé shaoil an t-oncal a phósadh le n-a inghin féin. "Fóil ort! ní'l mise ionnánn do phósadh ná do shásughadh, go gcaithfidh mé seachtmhain andhiaigh na trí fhathaigh sin do mharbhadh." Ghlac an t-oncal sin uaidh, agus nuair fuair sé an áit uaig- neach, d' imthigh sé síos go sean-chailleach na gcearc, "A shean- chailleach," ar sé, "cuir i bhfolach mise, agus ná h-amhduigh (h-admhuigh) go bhfacaidh tú mise ariamh." (Rinne sí sin dó.) Tháinig an dinéar. Chuaidh tóir ar mhac righ Éireann chum a dhinéir, agus ní raibh sé le fághail. Ghabh na daoine síos chuig cailleach na gcearc, agus d' fhiafruigh siad dí an bhfacaidh sí a leitheid de fhear. Dubhairt sí leó nach bhfacaidh sí é chor ar bith, ó tháinig sé chum na h-áite.
Nuair tháinig an trathnóna agus d' imthigh an tóir dhe, thug sé leigean reatha dhó féin siar i sléibh. Bhí sé ag imtheacht gur casadh asteach i dteach beag é. Ní raibh roimhe ann acht sean-bhean, agus d'iarr sé lóistín uirri. Thug sí lóistín dó go maidin. "Is tú Réalandar mac righ Éireann a bhfuil an Lacha Dhearg i ngrádh leat, agus ní bhéidh sí beó le cúmha do dhiaigh, agus chodail sí ann so aréir." "Is mé go deimhin," ar seisean, "cad é an bealach a ndeachaidh sí?" "Ghabh sí siar, an sliabh." D'éirigh sé ar maidin, agus d' imthigh sé, agus níor stop gur bhain an oidhche dhó arís, agus casadh asteach é i dteach beag eile, agus ni raibh ann acht sean-bhean eile. "Is tú Réalandar mac righ Éireann a bhfuil an Lacha Dhearg i ngrádh leat." "Go deimhin is mé," ar seisean. "Chodail sí ann so athrugh' aréir agus ní bhéidh sí beó le cúmha do dhiaigh." "Cia ar bealach a ndeachaidh sí?" "Ghabh sí siar, an sliabh." Dhá mhoichte d'ár eirigh (= dá mhoiche d'éirigh) an lá, d'éirigh mac righ Eireann (níos moiche), agus ghabh sé siar an sliabh, agus bhí sé ag imtheacht agus ag síor-imtheacht gur casadh asteach i dteach beag eile é, agus bhí cailín óg agus sean-bhean ann san teach sin. Fuair siad biadh agus deoch réidh dhó, agus shaoil an tsean-bhean a chongbháil do'n chailín óg, a h-inghean; agus nuair sháruigh uirri, "is tu Réalandar mac righ Eireann a bhfuil an Lacha Dhearg i ngrádh leat, agus chodail sí ann so aréir, agus ní bhéidh sí beó le cúmha do dhiaigh, chuir sí fuil a croidhe amach ann so aréir. Is tú tá gan céill, cuimh- niughadh go bhéadfaidh tú dul chomh fada léithe sin! Tá dá cheann déag de mhadraibh alla rómhad ann sin shíos, tá caol- amhain rómhad, agus má chaitheann tú í sin féin de léim, tá
bóthar mór rómhad ann sin, agus nuair bhéidheas tú ann a lár, fosglóchaidh sé suas, agus sluigfidh sé síos thú." "Tabhair dham an fléad (filéad) a shean-bhean ar chuir sí fuil a croidhe amach ann." "Ní thiúbhrad, caithfidh mé a nighe." "Tabhair, thusa, an fléad dam a chailín, no caithfidh mé an cloigionn díot." Thug sí an fléad dó, agus d'imthigh sé leis. (Tháinig na madraidh alla amach 'na aghaidh.) Rug sé greim dá-chois ar an gcéad mhadra-alla (do) casadh dhó, agus mharbh sé an dá cheann déag leis. Bhí fear de na Braonánaigh' ag amharc air ag déanamh na gaisge sin (agus dubhairt sé go gcuideóchadh sé leis). Chaith sé úbhall anall trasna na h-amhna. Rinne an t-úbhall bóthar mór dhó, go ndeachaidh sé anonn. (Lean sé an bóthar do rinne an t-úbhall dó agus níor fhosgail an bóthar sin le n-a shlugadh) agus chuaidh an t-úbhall ar ais arís i bpóca an Bhraonánaigh. (Nuair tháinig sé trasna na h-amhna chonnairc sé teach mór uaidh). D'fhágbhaigh sé a chulaidh gaisgidhigh i dteach an Bhraonánaigh, agus ghabh sé chum an tighe mhóir, agus d'iarr sé bheith 'na ghiolla-capall ag an teach mór. Is ann san teach mór do bhí an Lacha Dhearg - an bhean óg do bhí sé ag tóruigh- eacht. Fuair sé bheith 'na ghrúma ag capall nach raibh ag tabhairt aire dhó acht sean-fhear. (Athair na Lachan Deirge do bhí 'na chómhnuidhe ann san teach mór so). Bhí cogadh ag righ eile ar a h-athair ag iarraidh a h-inghine le pósadh, agus chuaidh an t-athair chum briste leis. Nuair fuair sé imthighthe iad chum an bhriste, d'imthigh sé, agus chuaidh sé go teach an Bhraonánaigh, agus chuir sé air a chulaidh gaisgidheacht', agus chuaidh sé ag marcuigheacht ar an stail dhuibh. Bhain sé trí léim ar a cul, trí léim ar a h-aghaidh,
agus trí léim ar gach taoibh d'á taobhannaibh, nár baineadh a leitheid roimhe ná 'na dhiaigh ó shoin, acht ar bhain sé féin. Chuir an bhean óg a ceann amach ar an bhfuinneóig. "Go déimhin is breágh an t-ógánach thú, bail ó Dhia ort; dá bpósfainn aon fhear go bráth phósfainn thú, acht ní phósfaidh mé aon fhear go bráth le cúmha andhiaigh Réalandair, mac righ Éireann." Níor aithin sí é, mar shaoil sí nach bhféadfadh sé teacht chomh fada léithe, agus chreid sí gur duine éigin eile do bhí ann. Ghabh sé chum an bhriste i gceann a h-athar, agus dubhairt sé le n-a h-athair "cia is fearr leat-sa fear ag cur leat no fear ag cur ar t-aghaidh (i d'aghaidh)." "Is fearr liom-sa fear ag cur liom lá ar bith, 'ná fear ag cur i m'aghaidh." Níor fhág sé ceann ar bhrághaid dhíobh nár chaith sé dhíobh - (de náimhdibh an righ). Tháinig sé chuig an athair arís. "Teirigh a-bhaile go maidin, tá an námhaid údi (úd) marbh." Ghabh an t-athair a-bhaile agus d'innis sé do'n inghin go dtáinig gaisgidheach breágh chuige andhiú. "O! ' athair, saoileann tú gur gaisgidheach é sin, acht dá bhfeicfeá an gaisgidheach a raibh geallamhain pósta agam i n- Eirinn air!" Lá ar n-a mhárach, b'éigin do'n athair dul chum an bhriste arís, agus rinne sé an cleas céadna, bhain sé trí léim as an stail, trí léim ar a cul, trí léim ar a h-aghaidh agus trí léim ar gach taoibh d'á taobhannaibh, nach ndearnadh a leitheid ariamh réir mar bhain sé féin aisti. Chuir an bhean óg a ceann amach ar an bhfuinneóig, "go deimhin is breágh an t-ógánach thú, bail ó Dhia ort, dá bpósfainn fear ar bith go bráth is tusa phósfainn, acht ní phósfaidh mé fear a-choidhche ná go bráth le cúmha i ndiaigh Réalandair, mac righ Éireann." Chuaidh sé chum an bhriste an dara lá i gceann a h-athar. "Cia aca is fearr leat," (ar seisean leis an righ) "fear ag cur leat no fear ag cur i d'aghaidh."
"Is fearr liom fear ag cur liom la ar bith 'na fear ag cur i m'aghaidh." "Fan ann sin go bhfeicfidh mé cad é tá siad seó ag rádh leat!" Ghabh sé siar agus níor fhág sé ceann aca gan mabhadh. Tháinig sé chuig an athair agus dubhairt sé leis "gabh abhaile go maidin, ní chuirfidh siad sin aon chogadh ort feasta." Nuair ghabh an righ a-bhaile chuig an inghin, dubhairt sé go dtáinig na gaisgidheach céadna arís andiú. A athair," ar sise, "saoileann tú gur gaisgidheach é sin, acht dá bhfeicfeá an gaisgidheach a raibh geallamhain pósta agam-sa i n-Éirinn air! Acht, mar sin féin 'athair, ma thagann an fear céadna chugad amárach tabhair chugam-sa ann so é." An lá ar n-a mhárach d'imthigh an t-athair chum an bhriste arís. Nuair bhí sé imthighthe rinne mac righ Eireann an rud céadna do rinne sé an dá lá roimhe sin. Chuaidh sé ar an stail agus bhain sé tri léim aisti ar a cúl, tri léim ar a h-aghaidh agus tri léim ar gach taoibh d'á taobhannaibh. Níor baineadh a leithéid de léimeannaibh as capall ariamh agus do bhain seisean as an stail. Chuir an inghean a ceann amach ar an bhfuinneóig arís, "go deimhin is breágh an t-ógánach thú, bail o Dhia ort, dá bpósfainn fear ar bith go bráth is tusa phósfainn, acht ní phósfaidh mé aon fhear go bráth le cúmha andhiaigh Réalandair mac righ Éireann." Chuaidh sé chuma n bhriste ann sin i gceann a h-athar, agus dubhairt sé leis mar dubhairt sé an da lá eile. "O!" ar san righ, "ní raibh me i gcás na i gcruaidhóig ariamh chomh mór agus tá mé 'san lá tá i láthair." "Fan ann sin go bhfeicfidh mise cad é tá siad so ag rádh leat." (Chuaidh sé chuca agus dubhairt). "Teannaigidh liom i n-aon chroimisgín amháin, fear mé tá ar tóir inghine an righ." Nuair fuair sé cruinnighthe iad, chaith sé an ceann díobh uile go léir.
"Gabh a-bhaile, ní chuirfidh an righ sin cogadh ort chomh fad a's mhairfeas tú arís a-choidhche." "Fóil ort! caithfidh mé do thabhairt a-bhaile chuig m'inghin anocht." Shiúbhail sé a-bhaile leis an righ go dtáinig siad asteach chum an tighe mhóir. Ghabh sé suas an párlúis chuig an bhean- uasail óig. Bhí sí 'na suidhe í gcáthaoir óir, agus cáthaoir airgid le n-a h-ais. D'éirigh sí de'n cháthaoir óir agus shuidh sí ann san gcáthaoir airgid. "Fóil ort a bhean-uasal, tá cáthaoir airgid sáith maith agam- sa (damh-sa)." Nuair chuaidh sé chum a h-amhairc, astigh, thosaigh sé ag cur alluis. D'éirigh sise agus thug si léi naipicín geal, agus chuaidh sí dá thriomughadh, agus d'aithin sí an marc (comhartha) do chuir an fathach mór air, nuair bhíodar ag troid. D'aithin sí é nuair d'fhosgail sé a bhrollach, agus dubhairt sí go raibh a gais- gidheach ar fághail. Chuir siad fios amach ar mhinistéir míosa agus ar chléireach seachtmhaine, gur chaith siad trí oidhche le fleidh agus le feusta. "Agus cad é an mhaith dhuit mé, agus gur chuir mé fuil mo chroidhe amach ann san teach deiridh ar chodail mé ann, agus dá mbeidheadh sé sin agam bheidhinn chomh slán agus chomh folláin agus bhí mé oidhche ná lá roimhe." Ghlaodh sé suas ar báisín uisge, agus nigh sé an fléad, agus bhain sé an fhuil as, agus thug sé dhi le n' ól í; agus bhí sí chomh slán folláin agus bhi sí oidhche no lá ariamh. Ní bhfuair mé acht bróga páipéir, bútaisidh bainne ramhair, agus chaith mé leó féin ann san tsiúbhal iad.
XXXI An Chailleach Bhéarach agus Donnchadh Mór Mac Mánais. Ann san tsean-aimsir tháinig cailleach agus a h-inghean léi go Gleann-na-madadh (i gconndae na Gaillimhe). Ní raibh fhios ag duine ar bith cia an áit a dtáncadar as, agus níor cuireadh aon tuairisg orra. Bhí go leór sadhbhris ag an gcailligh, agus nior bhfada gur thaisbeán sí sin. Cheannaigh sí teach mór, gabhaltas talmhan, capall, ba agus caoirigh, agus thosaigh sí ag feilméaracht. Ní ghlacfadh sí aon bhuachaill-aimsire acht an té do shocróchadh léi ar feadh leith-bhliadhna, agus ní raibh aon pháidhe aige le fághail ag deireadh na leith-bhliadhna muna mbeidheadh sé ionnánn congbháil suas leis an gcailligh anns gach obair da mbeidheadh i láimh aici, agus ní raibh aon bhiadh le fághail aige acht arán, min-choirce, brochán, agus leite. Anois budh chailleach draoidheachta an chailleach Bhéarach, agus níor fhéad aon bhuachaill-aimsire chongbháil suas léi ag obair, agus is iomdha buachaill breágh do mharbh sí. Níor fhéad aon bhuachaill fanacht léi an dara seachtmhain, théidheadh siad a-bhaile agus gheibheadh siad bás. Aon lá amháin chualaidh Donnchadh Mór Mac Mánais trácht mór ar an gcailligh, - nach raibh aon fhear san tír ionnánn congbháil suas léi ag obair, agus dubhairt sé go mbudh shuarach na fir do bhí ann san tír, nuair nár fheud siad congbháil suas le sean-chailligh ag obair. "Rachaidh mise chuici amárach" ar
seisean, "agus muna mbuailfead í báithfead mé féin." Anois bhí an Donnchadh so chomh láidir le stail agus chomh luath-chosach le fiadh, agus ní raibh margadh ná aonach nach nglanfadh sé le plannda fuinnseóige dá mbeidheadh fearg air, agus is annamh théidheadh sé i n-áit ar bith gan an plannda. Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh Donnchadh mór go tigh na caillighe agus dubhairt sé léi go gcualaidh sé go raibh sí ag tóruigheacht buachaill-aimsire. "Tá easbhaidh buachaill' orm," ar sí, acht ní'l aon mhaith ann sna buachaillibh atá ann san áit seó, ní fiú a gcuid salainn iad; bhí go leór aca do shocruigh liom ar feadh leith-bhliadna, acht níor fhan aon fhear amháin aca liom an dara seachtmhain." "Cuirfidh mise mo bheatha leat anaghaidh caora ramhair' go bhfanfaidh mé leat leith-bhliadhain má thugann tú páidhe mháith dham, agus mo sháith le n'ithe," ar seisean. "Deunfaidh mé an margadh céadna leat-sa do rinne mé leis na buachaillibh eile," ar san chailleach. "Cad é sin?" ar sa Donnchadh Mór. "Trí fichid píosa deich bpighne, agus an oiread céadna mí an fhóghmhair, agus caora ramhar lá Samhna, má tá tú ionnánn a cathadh thar balla na páirce an lá sin; acht muna dtig leat congbháil suas liom ag obair, ní bhéidh aon pháidhe agad le fághail." "Saoilim gur ag magadh fúm i dtaoibh na caorach ramhair' atá tu," ar sa Donnchadh, "acht ó thárla gur magadh é, deun magadh maith dhe, abair scór caora, agus deunfad an margadh leat." Cidh gur cailleach-draoidheachta bhí innti, níor shaoil sí go bhféadfadh aon fhear san domhan caora ramhar chathadh thar balla cloiche do bhí fiche troigh ar áirde; ar an ádhbhar sin dubhairt sí, "bíodh sé 'na scór, agus rud eile," ar sise, "bhfuil fhios agad an biadh gheobhfas tú le n'ithe ann mo thigh-se?" "Go deimhin ni'l fhios," ar seisean, "níl mo ghoile mór, ní deacair mo shásughad."
"Geobhaidh tú leite, min-choirce, arán agus brochán, agus feóil mhuice Dómhnach Cásga." "Tá mé sásta leis an margadh sin," ar seisean, "agus tiucfad chugad ar maidin amárach má bhím beó." Chuaidh Donnchadh a-bhaile agus d'innis sé d'á mháthair an margadh do rinne sé leis an gcailligh. "A chuisle mo chroidhe," ar san mháthair, "is mi-ádhamhail an chailleach í sin, ní dheachaidh aon bhuachaill ar aimsir chuici nach bhfuil san uaigh anois." "Feicfidh tú fein a mháthair go gcuirfidh mise síos í, roimh mi ó'n lá so. Chualaidh mé go minic gur fearr stuaim 'ná neart, agus tá neart agus stuaim agam-sa." Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh Donnchadh go tigh na caillighe. Nuair bheannuigh sé asteach bhí mias leite ar an mbord, agus dubhairt sí leis, "suidh síos agus ith, ní thig le bolg folamh obair chruaidh dhéanamh." Shuidh Donnchadh, acht níor ith mórán. Tháinig inghean na caillighe i láthair, agus bhí gnúis uirri chomh gránna leis an mbás. Acht thosaigh Donnchadh d'á moladh, agus dubhairt go raibh an t-adh air seirbhís d'fhághail san tigh a raibh cailín deas mar í ann! "Bí do thost," ar sise, "b'éidir go bhfuil mo mháthair ag éisteacht." "Dá mbeidheadh an poball ag éisteacht, mholfainn cailín deas," ar seisean. Níor bhfada go dtáinig an chailleach, agus dubhairt, "teannam, rachamaoid ag rómhar conlaigh andhiú." Chuadar amach 'san bpáirc, agus thosuigheadar ag rómhar. Thug an chailleach leath- iomaire i dtosach, agus Donnchadh leath-iomaire 'na diaigh. Níor bhfada go raibh an t-allus ag rith as Dhonnchadh mór. Chong- bhaigh sé suas léi fad an laé, acht níor oibrigh sé aon lá ariamh chomh cruaidh, agus bhí sé beag-nach marbh trathnóna. Bhí sé ag brath ar éalódh a-bhaile an oidhche sin, agus d'imtheóchadh, muna mbeidheadh inghean na caillighe. Nuair
fuair sise faill ar a máthair, d'fiafruigh sí de Dhonnchadh cia an chaoi chuaidh sé ar aghaidh ar feadh an laé. D'innis sé dhí nach bhfanfadh sé fad laé eile, acht go raibh sé i ngrádh léi féin. Dubhairt sise má bhi seisean i ngrádh léi go raibh sise i ngrádh leisean, agus dubhairt sí dá bhfanfadh sé nach mbeidheadh aon obair chruaidh air níos mó, agus go ndeanfadh sí é chomh láidir le leómhan. Bhí cú dubh ag an gcailligh, agus cia bé d' ólfadh bainne an chú (na chon) bheidheadh sé chomh láidir le trí fichid fear. Ar maidin, lá ar n-a mhárach, do fhliuch an inghean arán Dhonn- chaidh le bainne an chú, agus nuair chuaidh sé ag rómhar leis an gcailligh an lá sin d'fheud sé congbháil suas léi go réidh. An dara lá bhí sé níos láidre, agus an tríomhadh lá d'fheud sé an chailleach do bhualadh, gan dochar ar bith do chur air féin. Bhidheadh sé ag éirighe níos láidre ó lá go lá, agus bhidheadh iomaire fad na páirce rómhartha aige sul do bheidheadh an chailleach leath-bhealaigh. Bhidheadh sise ar mire agus ag fághail lochd ar a láidhe h-uile lá. Chuaidh sí go gabha draoidheachta agus dubhairt leis láidhe úr do dhéanamh dí. Rinne sé sin, acht níor fheud sí Donnchadh do bhualadh le láidhe ar bith, mar bhí an inghean ag fliuchadh a chuid aráin le bainne an chu dhuibh, agus bhí sé ag éirighe níos láidre h-uile lá. Aon uair amháin bhíodar ag rómhar le chéile ann san bpáirc agus chuaidh Donnchadh amach roimh an gcailligh, agus chuir sin fearg uirri. "Congbhaigh taobh-shiar díom," ar sise. "Ní chongbhóchad," ar seisean, "muna bhfuil tú ionnánn congbháil rómham tabhair tosach dam." "Níor thug mé tosach d'aon fhear ariamh, agus ní'l tusa dul d'á fhághail uaim," ar sise. "Fan mo dhiaigh," ar sa Donnchadh. Leis sin tháinig lasadh feirge uirri, agus thug sí iarraidh ar bhuille de'n láidhe do thabhairt dó, acht fuair seisean greim ar chois an láidhe, tharraing uaithe é, agus chaith sé seacht bpéirse
taobh-amuigh de'n pháirc é. Ann sin fuair sí greim sgornaigh air, agus thug iarraidh le n-a thachdadh. Chuir seisean í faoi, acht níor fhéad sé an greim do bhí aici ar a sgornach do sgaoil- eadh, agus bhí sé tachdta aici go cinnte, acht go dtáinig an inghean go díreach i n-am le n-a shábháil, agus sgaoil sise greim na caillighe. Rinne sí síothcháin idir an mbeirt, agus thug sí an mháthair a-bhaile léi. 'Ná dhiaigh sin chuadar ar aghaidh go maith go dtáinig aimsir bainte an fhéir. Ghleus an chailleach speal dí féin, agus ghleus Donnchadh ceann eile. Trathnóna Dia Dómhnaigh dubhairt an chailleach "béidhmid ag spealadóireacht amárach." "Maith go léór," ar sa Donnchadh, "táim réidh." An oidhche sin dubhairt inghean na caillighe le Donnchadh, "táir (tá tu) dul ag spealadóireacht amárach, agus tabhair aire dhuit féin. Cuirfead spícidhe cliath (spícidhe cléithe) síos san talamh i mbouta (lorg) mo mháthair, agus ní bhéidh trioblóid ar bith ort ag congbháil suas léi." "Go raibh maith agad, a chuisle mo chroidhe," ar sa Donn- chadh, "tig liom congbháil suas léi go réidh." "Ní thig leat," ar sise, "tá speal ag mo mháthair agus congbhaigheann sí an faobhar ar feadh an ama bhéidheas an féar d'á bhaint, go mbéidh deireadh an fhéir gearrtha, acht má chaill- eann sí an faobhar aon uair amháin, ní bhéidh sí níos fearr 'ná aon speal eile. (Is faobhar iongantach atá ar speil mo mháthar. H-uile shéasur sul thosaigheann sí ag baint léi tugann sí go srothán uisge í. Cuireann sí an lann ann san uisge. Ann sin sgaoileann sí ribeacha d'ollann anuas ag snámh leis an sruth agus ní'l sí sásta muna ngearrtar h-uile ribe aca bhaineas le lann na speile nuair thiucfas siad chomh fada leis). Ar maidin Dia Luain chuaidh an chailleach agus Donnchadh chum an mhóinfhéir ag baint. Thosaigh an chailleach ar an mbouta tosaigh, an áit a raibh na spícidhe sáighte ann san talamh
ag an inghin. Níor bhfada gur casadh ceann aca léi. Ghearr sí í, acht bhain sí an faobhar de'n speil. "Cupóg chruaidh," ar sise. "'Seadh" ar sa Donnchadh. Casadh ceann eile léi agus rinne sí an rud céadna leis. "Dar m'anam," ar sise, "is cruaidh na cupóga atá ann san móinfheur i mbliadhna." "Is cruaidh go deimhin," ar sa Donnchadh. Chuaidh sí píosa eile, acht ní raibh an speal ag gearradh go maith dhí, agus ghlaodh sí "Faobhar, a Donnchaidh." Chuir sí suas faobhar, acht ní dheachaidh sí cúig slata gur gháir sí amach arís. "Faobhar, a Dhonnchaidh." Thug sé am dí an dara faobhar do chur suas, acht faoi cheann cúpla móimid ghlaodh sí arís "Faobhar a Dhonnchaidh (le faobhar gearrtar féar." "Ní h-eadh, a chailleach," ar seisean, "acht le fear maith agus le sean-speil ghéir). Agus muna bhfágann tú mo bhealach bainfidh mé na loirgne dhíot." "Tabhair am dam leis an bhfaobhar do chur suas an uair seó, agus má chliseann mo speal orm arís go mbéidh an cúrsa so críoch- nuighthe déanfaidh mé da leith de'n lann." Chuir sí suas faobhar eile agus thosaigh sí ag baint, acht ní dheachaidh sí fiche troigh go raibh an faobhar imthighthe arís. Bhí sí ar mire, agus thug sí iarraidh le lann na speile do bhris- eadh ar a glúin, acht thionntaigh an lann agus ghearr sé an ghlún go doimhin, agus b'éigin di fios do chur ar a h-inghin le n-a h-iomchar a-bhaile; agus ní tháinig sí anaice le Donnchadh go raibh an móinfhéar gearrtha. Chuaidh Donnchadh ar aghaidh go maith ann sin, go raibh an coirce apuidh. Bhí glún na caillighe cneasuighthe an uair sin, agus í ionnánn obair do dheunamh. Trathnóna Dia Dómhnaigh dubhairt sí le Donnchadh, "bí réidh, ar maidin amárach, béidhmid ag baint coirce." "Tá mé réidh am ar bith," ar seisean. Dubhairt an inghean, an oidhche sin, le Donnchadh, "tá tú
dul ag baint coirce amárach. Tabhair aire mhaith dhuit féin, no buailfidh mo mháthair thú ag an obair sin." "Ní'l baoghal orm," ar seisean, "thig liom dá oiread léi 'bhaint." "Muna mbeidheadh aon nidh amháin, d'fheudfá," ar sise, "acht ní'l fhios agad go bhfuil dardaol i lámh chorráin mo mhathair, agus chomh fad agus béidh sé ann ní bhéidh sé ar chumas aon duine san domhan congbháil suas léi." "A stóir mo chroidhe," ar sa Donnchadh, "bheidhinn marbh a-bhfad ó shoin muna mbeidheadh go bhfuil tusa ag cuidiughadh liom, acht béidh laéthanta maithe againn go fóil, nuair bhéidheas do mháthair ann san gcré." Ar maidin Dia Luain chuaidh an bheirt chum an ghuirt agus thosuigheadar ag baint coirce. Do ghlac an chailleach an chéad bout-a agus bhí Donnchadh ar a cúl ag baint 'na diaigh. Níor bhfada gur imthigh sí amach uaidh, agus níor fheud sé congbháil suas léi ar aon chor. Nuair bhí sí timchioll fiche troigh amach roimhe gháir sí "A Dhonnchaidh, saoilim go bhfuil fallsacht éigin ort andhiú." "Créad deir tú a chailleach?" ar sa Donnchadh, agus 'san am céadna rith sé chuici agus sgiob sé an corrán uaithi, tharraing an lámh as, agus thuit an dardaol ar an talamh. "Ha ha! a chailleach bhradach, tá tú gabhtha anois, acht cuirfidh mise deireadh le do chleasaibh draoidheachta, is iomdha fear óg do mharbh tú leó, acht ní mharóchaidh tú mise." Thug an chailleach iarraidh greim d'fhághail ar an dardaol, acht leag Donnchadh a chos air, gur chuir sé a putóga amach as a bhéal. "Anois a chailleach," ar seisean, "teídh ar d'aghaidh leis an mbaint." "Ní bhainfidh mé níos mó," ar sise, "acht ceanglóchaidh mé do dhiaigh, suidh síos agus leig do sgith." "Ni'l easbhuidh sgith orm," ar sa Donnchadh, "dá luaithe thagann lá Samhna is é is fearr liom." "Tig leat imtheacht amárach agus geobhaidh tú an oiread
agus dá bhfanfá go lá Samhna. Má thugann tu d' fhocal dam go gcongbhóchaidh tú mo rún go bhfágh' mé bás - agus ní'l an t-am sin a bhfad uaim, mar tá mé an-aosta - bhéarfaidh mé do pháidhe dhuit amárach agus leigfidh mé dhuit imtheacht." "Cad é an aois thu?" ar sa Donnchadh. "Tá mé níos mo 'ná naoi fichid bliadhain d'aois," ar sise, "agus má gheallann tú dham nach n-innseochaidh tú mo rún, innseochaidh mé dhuit sgeul mo bheatha." "Dar m'fhocal," ar sa Donnchadh "ní chluinfidh cluas aon duine bheó do rún uaim-se, chomh fad agus bhéidheas tú beó." Ann sin thosaigh an chailleach, agus dubhairt mar so. "Nuair bhí mé mo chailin óg thuit mé i ngrádh le mac cómh- arsan, agus gheall sé mo phósadh, acht ann san deireadh thréig sé mé, agus phós sé cailín eile. Aon oidhche amháin d'éaluigh mé as tigh m'athar, agus chuaidh mé go tigh gabha draoidheachta, agus d'fiafruigh mé dhé an bhféadfadh sé cúmhachta draoidh- eachta do thabhairt dam." "Bhéarfad agus fáilte," ar seisean. "Seó dhuit casarán (?) agus biombol (?): tabhair leat iad go bonn crainn úbhall atá i ngáirdín d' athar. Caith iad ann san tobar atá ag bonn an chrainn, agus tiucfaidh cúmhacht na draoidheachta chugad. D'imthigh mé agus chaith mé na neithe sin san tobar, agus ar an mball tháinig cú dubh agus dardaol amach as an tobar. Tá an cú (chú) agam fós, acht mo bhrón! mharbh tú an dardaol orm. Tá brigh mhór i mbainne an chú (na con), aon neach d'ólfadh é bheidheadh sé chomh láidir le leómhan, agus duine ar bith a mbeidheadh an dardaol ar iomchar leis ní fheudfá a bhualadh ag obair. Ní raibh mé a bhfad ag ól bainne an chú go raibh mé an-láidir. Chuaidh mé san oidhche go tigh an bhuachaill' do thréig mé, agus mharbh mé é féin agus a bhean, agus ní raibh amhras ag duine an bith gur mise do rinne an choir sin. D'fhan mé i dtigh m'athar go raibh mé mór le cloinn, gan fhios dóibh. Ann sin d'fhág mé teach agus baile le náire. Lean mo chú dubh mé, agus chuir mé fúm an oidhche sin i dtigh an ghabha draoidheachta, agus is ann do rugadh
m'inghean. Ar maidin, lá ar n-a mhárach, d'fhiafruigh an gabha dhíom cia an áit rachainn. "Áit ar bith le mo náire chur i bhfol- ach," ar sa mise. Ann sin thug sé éadach fir dham, le cur orm, agus d'athruigh sé mé i riocht nach n-aithneóchadh m'athair no mo mháthair féin mé. Chaith mé dá fhichid bliadhan aige ag séideadh na mbolg agus ag cuidiughadh leis ann s gach uile obair. Aon lá amháin do bhí mé ag bualadh an uird thruim dó, agus bhuail mé ar an ordóig é. Chuir sin fearg air, agus bhuail sé mé le slaitín draoidheachta agus rinne cráin-mhuice dhíom, agus chuir sé go Cnoc-Meadha ar feadh céad bliadhan mé. Nuair sgaoileadh as an áit sin mé, cuireadh ar ais chuig an sean-ghabha mé, agus tugadh dham sporán líonta le ór agus le airgiod. Fuair mé m'inghean mo chú agus mo dhardaol rómham gan athrughadh ar bith orra no orm féin. Thug mé iad liom go dti an áit seó. Cheannuigh mé í, agus chuir mé fúm innti. Sin chugad mo sgeul anois, agus agraim ort gan a leigean amach as do bheul chomh fad agus bhéidheas mise beó." "Ní leigfead go deimhin," ar sa Donnchadh. D'imthigh an fóghmhar agus tháinig an Samhan. Ar maidin, lá Samhna, thug an chailleach a phíosaidh airgid do Dhonnchadh, agus dubhairt leis teacht léi go páirc na gcaorach leis na caoirigh do chathadh thar an mballa. Nuair thángadar asteach ann san bpáirc rug sé greim ar an gcaora budh thruime do bhí ann sin, agus chaith sé í thar an mballa mar chaithfeadh sé meuróg. Bhí sé d'á gcathadh thar an mballa go raibh scór aige. "Dar m'fhocal ní h-olc é do pháidhe leith-bhliadhna," ar san chailleach. "Ní fearr 'ná shaothruigh mé," ar sa Donnchadh, agus leis sin do thiomáin sé a fiche caora amach roimhe, agus chuaidh sé a-bhaile leó. Níor bhfada 'na dhiaigh sin go dtáinig tinneas ar an gcailligh. Tháinig sean-mhná an bhaile le freastal uirri. "Cad é an aois thu?" arsa bean de na mnáibh.
"Níos mó na naoi fichid bliadhan," ar sise. "Agus cia an fáth thusa bheith chomh buan?" "Ní dheachaidh gaoth na maidne ann mo bholg follamh ariamh; níor fhliuch drúcht roimh ghréin mo chos; chaith mé teith agus chaith mé fuar, agus sin é an fáth mise bheith chomh buan sin." Acht tá fhios againn go raibh bréag ann a béal agus í ag fághail bháis. An oidhche sin tháinig stoirm mhór, agus toirneach agus teintreach, agus leagadh teach na caillighe go talamh. Marbh- uigheadh an chailleach an inghean agus an cú. Ar maidin, lá ar na mhárach, bhí na céadta madadh timchioll an tighe, agus ó'n lá sin go dti an lá so ní'l aon ainm ar an áit sin acht Gleann- na-madadh. XXXII Caoilte na gcos Fada. 'S an aimsir í n allód, bhí lánamhain phósta 'na gcómhnuidhe i nGráin-leathan i n gar do Bhaile-an-locha, i gcondaé Ros- Comáin. Bhíodar níos mó 'ná fiche bliadhan pósta gan aon chlann do bheith aca. Aon mhaidin amháin chuaidh Diarmuid (an fear) amach le feuchaint an bhfeudfadh sé geirrfhiadh do mharbhadh. Bhí sneachta mór ar an talamh, agus bhí ceó dubh ann, agus í chomh tiugh sin nach bhféadfadh duine aon rud do bhreathnúghadh leath-phéirse uaidh. Bhi eólas maith ag Diar- muid ar h-uile orlach de'n talamh, míle ar gach taoibh, acht 'na
dhiaigh sin chuaidh sé amúgha. Bhí sé ag iarraidh dul go h-áit fhraochmhair ar chiúmhais an phurtaigh a mbidheadh na geirr- fhiadhacha ann. Bhí sé ag imtheacht agus ag sír-imtheacht ar feadh mórán uair, agus níor fheud sé ciúmhais an phurtaigh fhághail amach. Faoi dheireadh, shaoil sé a bhealach dheunamh a-bhaile, acht níor fheud sé. Bhí sé ag siúbhal go raibh sé sáraighthe, agus bhí sé dul ag suidhe síos nuair chonnairc sé sean gheirrfhiadh ag teacht ann a láthair. Tharraing Diarmuid an lámh, agus shaoil sé buille do thabhairt dí, acht léim sí d' aon taoibh agus dubhairt sí, "Coisg do lámh a Dhiarmuid, agus ná buail do chara." Thuit Diarmuid i laige, agus nuair tháinig sé chuige féin bhí an geirrfhiadh dubh i láthair, agus dubhairt sí, "ná bíodh aon fhaitchios ort rómham-sa. Ni le h-olc acht le maith do dheunamh duit tháinig mé chugad an uair seó. Bíodh meisneach agad, agus éist liom-sa. Tá tu amúgh' anois; shiúbhail tú ar an bhfóidín-mire (mearaighthe?) agus bheidhtheá caillte ann san tsneachta, muna mbeidh' gur ghlac mise truaigh ort. Tá fhios agad go maith gur mharbh tú go leór de mo shliocht, agus ní dhearnadar aon díoghbháil ort. Acht andhiaigh an uile do rinne tú, deunfaidh mise maith dhuit-se. Innis dam anois cad é an mian is mó atá ann do chroidhe, acht an flaitheas amháin, agus deunfaidh mé dhuit é." Smuaín Diarmuid tamall, agus dubhairt sé, "tá mé níos mó 'ná fiche bliadhan pósta gan aon chlann do bheith agam, agus ní bhéidh' duine ar bith agam-sa ná ag mo mhnaoi le congnamh do thabhairt dúinn ann ár sean-aois, agus le n-ár síneadh agus le n-ár gcaoineadh andhiaigh ár mbáis. Sé an mian is mó tá ann mo chroidhe agus i gcroidhe mo mhná, mac do bheith againn, acht tá faitchios orm go bhfuilmid ró aosta anois." "Go deimhin ní'l sibh," ar san geirrfhiadh, "béidh mac ag do mhnaoi trí ráithe ó'n lá andhiú, agus ní bhéidh a shamhail le fághail ar thalamh an domhain. Anois lean mo lorg san tsneachta, agus bhéarfaidh mise a-bhaile thu. Acht ar a bhfacaidh tú ariamh
ná h-innis d' aon neach beó go bhfacaidh tú mise, agus geall dam nach marbhóchaidh tú aon gheirrfhiadh ó'n am so amach." "Geallaim sin duit," ar sa Diarmuid. Ann sin shiúbhail an geirrfhiadh amach roimhe go dtángadar go binn an tighe. "Sin é do theach anois," ar san geirrfhiadh, "asteach leat!" Nuair chuaidh Diarmuid asteach, chuir Róise, a bhean, fáilte roimhe agus dubhairt, "cá raibh tú ar feadh an laé, bhí mé ag brath ar dhul amach do d' thóruigheacht. Tá tú priachta (cráidhte) ag an bhfuacht agus leath-mharbh leis an ocarus." "Go deimhin is ádhamhail an bhean thú nach bhfuil mé baidhte i bpoll-móna no i gclais ghainnimh. Shiubhail mé ar an bhfóidín mire agus cuireadh amúgh' mé, acht glac m' fhocal nach rachad ag tóruigheacht aon gheirrfhiadh arís chomh fad agus tá mé beó." Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Níor smuaín Diarmuid ar aon rud eile acht ar an oidhre do bhí geallta dhó. Nuair chonnairc sé go raibh Róise dul oidhre do thabhairt dó go cinnte, ní raibh aon fhear san domhan chomh lúthgháireach leis. Fuair sé cliabhán deunta, agus h-uile shórt réidh do'n oidhre óg do bhí le teacht. Nuair bhreathnuigh na cómharsanna go raibh Róise ann san riocht sin, dubhairt siad go mbudh iongantus thar bárr é, mar bhí Róise níos mo 'ná deich mbliadhna a's dá- fhichiod, agus ní raibh greim féola uirri, acht í chomh seargtha le bean deich agus tri fichid. Bhí h-uile dhuine ag caint i dtaoibh Róise agus Diarmada. Nuair bhí trí ráithe caithte, bhí mac óg ag Róise. Thug Diarmuid cuireadh do shean-mhnáibh an bhaile go fleidh agus féasta, an lá baisteadh an leanbh; acht b'fhearr dhó a leigean mar bhíodar. Nuair rugadh an naoidheanán ní raibh sé mar aon naoidheanán eile, bhí sé ceithre troigh ar faide, agus bhí sé chomh caol le maide, agus bhí a chosa níos faide 'ná troigh. Bhí iongantus ar na mnáibh, sean agus óg, mar nach bhfacadar ariamh aon naoidheanán roimhe sin mar é. Thug Diarmuid
uisge-beatha dhóibh, agus bhíodar ag moladh an leinbh go raibh sé uile ólta. Ann sin thosaigheadar d'á cháineadh. "Nach Diarmuid atá mar ainm air," arsa sean-chailleach do bhí leath ar meisge. "'Seadh," arsa cailleach eile, "acht is mór an eugcóir Diarmuid do ghlaodhach air, is Caoilte na gcos fada budh chóir dhóibh thabhairt air." "Agus sin é an t-ainm bhéarfas muid-ne air," ar san chéad chailleach. Bhí Róise ag éisteacht leis an gcómhrádh so, agus chuir sé fearg uirri. Ghlaodh sí ar Dhiarmuid agus dubhairt sí leis i gcogar cluaise, go raibh na mná ag cúl-chaint ar Dhiarmuid óg, agus dubhairt sí leis a ndíbirt amach as an teach. D'ionnsuigh Diarmuid ná mná, le n-a gcur amach, agus ní raibh i nGráin-Leathan, ariamh roimhe, a leithéid de bháirs- igheacht agus do bhí idir Diarmuid agus na mnáibh. Niún (deamhan) cos rachadh siad amach dó, agus b'éigin do Dhiarmuid crúisgin poitín do thabhairt dóibh sul choróchadh siad. Acht, ar chaoi ar bith, d'fhan "Caoílte na gcos-fada," ar Dhiarmuid óg, fad a bheatha. Nuair bhí Diarmuid óg deich mbliadhan d'aois bhí sé níos mó 'ná sé troighe ar áirde, acht bhí sé chomh caol le slait iasgaireachta, agus bhí a chosa, ó na ruitínibh amach, troigh go leith ar fad, agus chomh caol le d'ordóig. Agus ní raibh gadhar ná cú i n- Eirinn nach mbéarfadh sé air, ag rith. Ní théidheadh sé amach acht go h-annamh, mar bhíodh na daoine ag deunamh magaidh faoi. Dá mbeidh' báire le bualadh, ní iarrfadh an Caoilte aon chomán; bhuailfeadh an liathróid le n-a chosaibh, agus dá bhfághadh sé amach roimhe í ní raibh aon bhreith air. Mar chuaidh na bliadhanta thart, bhí an Caoilte ag fás, agus nuair bhí sé bliadhain agus fiche, bhí sé níos mó 'na seacht dtroighe go leith, agus ní raibh greim de níos tiuighe 'ná nuair bhi sé i n-aois a dheich mbliadhan, agus ní raibh pioc feóla air níos mó 'ná ar an teangas, cidh go raibh biadh agus deoch go leór aige,
agus go n-íosfadh sé níos mó 'ná móir-sheisear. Dubhairt na daoine nach duine ceart do bhí ann, acht sean lorgadán, agus nach raibh putóga ar bith ann; acht shaoil Diarmuid agus Róise nach raibh ógánach ann san tír leath chomh breágh leis, agus shaoil siad go n-éireochadh sé tiugh agus go ramhróchadh sé nuair sguirfeadh sé de bheith ag fás, agus do dtiucfadh feóil air - acht ní tháinig. Aon lá amháin bhí Caoilte le n-a athair ar an bpurtach ag gróigiughadh móna, nuair chonnairc síad geirrfhiadh ag rith chomh tapa agus d'fhéad sé, agus easóg 'na dhiaigh. Bhí an easóg ag teannadh air, agus í ag sgreadaoil chomh h-árd agus d'fheud sé. Rith Caoilte andhiaigh an gheirrfhiadh agus ghabh é sul má tháinig an easóg suas leis. Bhí fearg mhór ar an easóig, agus d'ionnsuigh sí Caoilte; stróic sí agus scríop sí é, agus chaith sí smugairle air a shúil dheis, do dhall é. Ann sin d'imthigh sí uaidh asteach i gcruaich mhóna. Bhí an geirrfhiadh, fad an ama so, i mbrollach Chaoilte, agus nuair d'imthigh an easóg dubhairt an geirrfhiadh leis, "tá mé buidheach díot a Chaoilte, shábhail tú mo bheatha an t-am so, acht tá tu féin i mbaoghal. Is cailleach draoidheachta an easóg. Tá tú ar leath-shúil anois, acht cuir do lámh ann mo chluais dheis agus geobhaidh tú buideuillín ola innti, agus coimil le do shúil é, agus béidh amharc do shúile agad chomh maith agus bhí sé ariamh." Rinne sé sin agus fuair sé amharc a shúile. Ann sin dubhairt an geirrfhiadh leis, "sgaoil chum bealaigh anois mé, agus am ar bith is toil leat geirrfhiadh do mhúsgailt do na fir-seilge, tar go dti an turtóg seisge sin ar chiúmhais an locha, agus béidh mise ann. Ní'l gadhar ná cú 'san domhan ionnánn teacht suas liom, acht tig leat-sa mo ghabháil am ar bith is toil leat, acht ar a bhfacaidh tú ariamh ná tabhair mé do na coin no do na fir-seilge. Anois bí ar do choimhéad an oidhche seo. Tiucfaidh an easóg chugad anocht, agus gearrfaidh sí do phíobán muna mbéidh cat firionn Bhríghid Ní Mhathghamhna ann do leabaidh agad. Cluinfidh tú guth ag rádh.
Is cat Bhrighid Ni Mhath'úin A d'ith an bagún. 'S cat Bhrighid Ni Mhath'úin A d'ith an bagún. Nuair chluinfeas tú é an tríomhadh uair sgaoil an cat amach, agus ní bhéidh aon bhaoghal ort féin." Sgaoil an Caoilte an geirrfhiadh amach, agus tháinig sé féin ar ais chum an athar agus d'innis dó gach nidh, mar thárla. "A-ha!" ar san t-athair. "'Sé an geirrfhiadh do charaid is fearr, agus lean a chómairle, acht tabhair aire dhuit féin, agus ná h-innis rud ar bith d'á thaoibh do na cómharsannaibh agus na tabhair ádhbhar cainte dhóibh; má innsigheann tu an sgeul dóibh ní bhéidh cómhnuidhe agad ann san bparráiste seó ná ann sna seacht bparráistibh is foisge (foigse) dhuit." "Go deimhin ní'l mé chomh mi-chéillidhe sin," ar sa Caoilte, "ní raibh mé cabach ó rugadh mé, acht agraim ort-sa gan aon fhocal d'innseacht do mo mháthair." Chuaidh sé amach an oidhche sin le dul go teach Bhríghde ní Mhathghamhain le iasacht an chait d'fhághail uaithi, agus nuair bhí sé i bhfogus do'n tigh chonnairc sé sionnach agus gandal Bhrighde ni Mhathghamhain goidte aige. Rith Caoilte 'na dhiaigh agus nuair bhí sé ag teannadh air leig an sionnach do'n ghandal tuitim uaidh, agus chuaidh sé féin asteach i gcoill bhig do bhí i bhfogus dó. Thug Caoilte an gandal go teach Bhrighde ni Mhathghamhain agus dubhairt léithe "bhí sé ar ghualainn an tsionnaigh no gur bhain mé dhé é." "Tá mé an-bhuidheach," ar sise, "bhfuil aon rud ag teastál uait, ní minic thagann tú ar cuairt." "Tá mé ag iarraidh iasacht do chait, tá ár sac mine millte ag na luchógaibh." "Tabhair leat é agus fáilte," ar sise, "agus congbhuigh é go mbéidh h-uile luchóg san tigh marbh aige; agus is é an buachaill atá ionnánn iad do dhíbirt."
Thug Caoilte an cat a-bhaile agus chuaidh ar a leabaidh, acht ní tháinig támh ar a shúilibh. Timchioll leath-uair roimh an meadhon-oidhce chualaidh sé an t-abhrán. Is cat Bhrighid Ni Mhathgh'úin A d'ith an bagún. Is cat Bhrighid Ni Mhathgh'úin A d'ith an bagún. Is cat Bhrighid Ni Mhathgh'úin A d'ith an bagún. An tríomhadh uair do chualaidh sé na focla, bhí an guth i bhfogus do, agus budh mhaith an mhaise do'n chat, léim sé amach, agus dubhairt "a bhreugadóir draoidheachta, ní mé acht tusa do ghoid é," agus d'ionnsuigh sé an easóg, agus a leithéid de ghearradh agus de scríopadh agus de ghárthaoil, ní chualaidh aon duine riamh. Bhí Róise bhocht ar mire le faitchios, agus níor fheud sí aon fhocal do rádh acht "huis! Cait amach?" Agus bhí d'á rádh sin go raibh píochán uirri. Chuaidh an troid ar aghaidh go breacadh an laé, agus ann sin chuir an easóg suas do'n troid, agus chuaidh sí asteach i bpuirín (?) áithche-aoil. Bhí an cat bocht gan fionnach gan croicionn an uair sin, agus nuair shaoil Caoilte breith air, dubhairt sé leis, "coimil mé leis an ola fuair tú i gcluais an gheirrfhiadh." Rinne Caoilte sin agus leigheas sé é chomh maith agus bhí sé aon lá ariamh. "Anois," ar sé le Caoilte, "tá do námhaid marbh, ná bíodh faitchios ort roimpi níos mó.". Fuair Caoilte bainne agus thug do'n chat é, agus ann sin d'imthigh an cat a-bhaile. Fuair Caoilte sguab agus chuir sé amach an fionnach agus an croicionn; acht bhí spotaidh fola ar an urlár agus ní bhainfeadh an méad uisge bhí ann san loch amach iad. Aon lá amháin bhí seilg mhór i gcondae Ros-Comáin agus thug an fiadh aghaidh ar Ghráin-leathan. Bhí Caoilte amuigh agus chonnairc sé an fiadh ag teacht agus na gadhair agus na marcaigh
'na dhiaigh. Thosaigh Caoilte ag rith andhiaigh an fhiadh, agus dubhairt fear de na seilgiribh "má thig leat a chasadh sul má théidheann sé thar an abhainn bhéarfaidh mé píosa de'n ór buidhe dhuit." Nuair bhí sé ag caint le Caoilte bhí an fiadh imthighthe a bhfad roimhe, acht níor bhfada go rug Caoilte air agus chas sé é. Sheas sé ann sin go dtáinig an seilgire, agus thug an fear sin píosa óir dhó. Thug an fiadh aghaidh ar an loch, agus nuair bh na gadhair ag teannadh air thug sé léim asteach 'san loch agus shnámh sé go dti an taobh eile, agus ní rachadh na gadhair 'na dhiaigh. Nuaír tháinig na fir-seilge go bruach an locha dubhradar le chéile, "tá an fiadh imthighthe uainn, agus ní thig linn aon amharc eile fhághail air andhiú, rachaidh sé go coill Loch-Ghlinne." Bhí Caoilte ag éisteacht agus dubhairt, "cuirfidh mé mo cheann anaghaidh píosa deich bpighne go dtiucfaidh mé suas leis an bhfíadh, agus go gcuirfidh mé an ais chugaibh é, sul má théidheann sé leath-bhealaigh go Loch-Ghlinne; má 's é bhur dtoil fanamhaint leath-uair ann san áit seó tiomáinfidh mise an fiadh ar ais, no bhéarfaidh mé cead daoibh an ceann do bhaint díom." "Tá go maith," ar siad-san, "fanfamaoid leath-uair." Leis sin d'imthigh an Caoilte chomh tapa agus d'fheud sé, agus tháinig sé suas leis an bhfiadh ag cnoc Breuna-mór. Chas sé é agus níor bhfada gur thiomáin sé ar ais go bruach an locha é. Nuair chonnairc na fir-seilge an fiadh ag teacht, agus Caoilte le n-a thóin, bhí iongantus orra, agus dubhradar go mbudh tácharán (?) Caoilte, agus go mbudh chóir dhoibh a dhíbirt as an áit. Acht ní raibh an t-am aca le aon nidh do dheunamh dhó an uair sin, mar d'imthigh na gadhair andhiaigh an fhiadh agus b'éigin dóibh a leanamhaint. Chuaidh an fiadh rompa, agus thug aghaidh ar an gCaisleán Riabhach, agus chuaidh asteach i gcoill bhig i ngar do Bhaile- an-locha, agus chailleadar é. D'imthigh na fir seilge asteach chum an Chaisleáin Riabhaigh, agus chuir sin críoch ar sheilg an laé. Chuaidh Caoilte a-bhaile agus é sásta go leór leis an bpíosa óir
do bhí aige, de bhárr oibre a laé. Thug sé d'á athair é, agus d'innis dó gach nidh mar thárla. Timchioll seachtmhaine 'na dhiaigh sin bhí Caoilte ar an bpurtach ag tarraing fraoich le leabaidh do'n bhó (bhoin) nuair tháinig na fir seilge arís an bealach sin, agus d'fhiafruigh siad dé an bhfacaidh sé aon gheirrfhiadh. "Ní fhacas," ar seisean, "acht tá fhios agam cá bhfuil geirrfhiadh." "Músgail duinn é," ar sa fear aca, "agus bhéarfamaoid luach péire bróg duit." "Sin rud nár chaith mé ariamh," ar sé, "acht tabhair luach péire bríste dham?" "Bhéarfamaoid," ar siad-san. "Tabhair dham é," ar seisean. "Ghnóthaigh mé piósa deich bpingne ó na fir-seilge an tseachtmhain seó chuaidh thart, agus níor thugadar dam fós é! Má tá mé aisteach le feuchaint orm ní amadán mé!" Thugadar na cúig píosaidh dhó, agus dubhradar leis, an geirrfhiadh do mhúsgailt dóibh. Chuaidh sé chum na turtóige seisge ag bruach an locha, agus mhúsgail sé a charad, an geirrfhiadh. D'imthigh na coin agus na seilgiridhe 'na dhiaigh. Thug sé aghaidh ar an bportach agus níor fheud siad teacht suas leis. Tháinig na seilgiridhe cúig lá andhiaigh a-chéile, agus mhúsgail Caoilte an geirrfhiadh dhóibh h-uile lá, acht níor fhéadadar teacht suas leis. An seiseadh lá dubhradar le Caoilte go mbudh draoidheadóir é, agus go mbudh gheirrfhiadh draoidheachta do bhí sé d'á mhúsgailt dóibh. "Má sé sin bhur dtuairm fághaidh geirrfhiadh dhaoibh féin," ar sa Caoilte. Leis sin shaoileadar greim d' fhághail air, acht bhí sé ró thapa dhóibh. Leanadar a-bhaile é agus d' iarradar ar an athair agus ar an mháthair a chur amach chuca go marbhóchadaois é. "Créad do rinne sé orraibh?" ar san t-athair. "Is tácharán (?) draoidheachta é," ar siad-san.
Nuair chualaidh Róise sin, rith sí amach, agus bí cinnte go dtug sí fúfa le n-a teangaidh. Acht ní raibh aon mhaith ann a cuid cainte, dubhairt siad muna dtiucfadh Caoilte amach go gcuirfeadh siad an teach tre theine. Nuair chualaidh Caoilte sin rug sé greim ar fac láidhe, fuair Diarmuid an teangas, agus Róise an haingín. Rith Caoilte amach agus d'ionnsuigh iad leis an bhfac, agus bhí sé d'á leagadh roimhe, agus mar bhí seisean d'á gcur síos bhí an t'athair agus an mháthair ag gabhail orra leis an teangas agus leis an haingín, go raibh siad uile sínte ar lár, agus gan ionnta aon bhuille bhualadh. Do réir mar bhíodar ag teacht chuca féin bhíodar ag imtheacht, go raibh an fear deireannach imthighthe. Faoi cheann cúpla lá 'na dhiaigh sin chuadar chum an tsagairt parráiste agus rinneadar casaoid mhór a dtaoibh Chaoilte agus i dtaoibh a athar agus a mháthar. "Rachad go Diarmuid," ar san sagart, "agus cuirfidh mé tuairisg, i dtaoibh na cúise." Ar maidin, lá ar n-a mhárach, chuaidh an sagart go teach Dhiarmada, agus fuair sé eólas ar ádhbhar na troide. Tháinig sé a-bhaile agus chuir sé fios ar na daoinibh do rinne an chasaoid, agus dubhairt leó, "ní'l milleán ar bith ar Dhiarmuid ná ar a mhnaoi ná ar a mhac. Ní dhearnadar aon anachain orraibh-se, gur thosaigh sibh féin i dtosach, agus is í mo chómhairle dhaoibh leigean dóibh." Ní rabhadar sásta le cómhairle an tsagairt, agus ghlacadar rún le teach Dhiarmada do dhóghadh ann san oidhche, nuair bheidh- eadh sé féin agus a bhean agus a mhac ann a gcodladh. Bhí Caoilte ag dul an lá sin chum an phurtaigh le cliabh móna do tharraing a-bhaile, nuair casadh an geirrfhiadh, air agus adubhairt, "A Chaoilte, tá dream daoine ag teacht anocht leis an teach do dhóghadh ort féin ar d'athair agus ar do mháthair, acht cuirfidh mise ceó ar a gcuid súl, agus rachaidh siad amúgh', agus ní bhfuighfidh siad an bealach go dti do theach-sa ná go dti a gcuid tightheadh féin go maidin; agus má thugann siad an dara iarraidh ort báithfidhear 'san loch iad."
An trathnóna sin do cuireadh an sgeul ó theach go teach - an dream do bhí le teach Dhiarmada do dhóghadh do bheith ag an gcrois-bhóthar roimh an meadhan-oidhche. Tháinig timchioll fiche fear le chéile ag an áit sin, agus thugadar aghaidh ar theach Dhiarmada, acht níor fhéadadar a dheunamh amach. Ann sin shaoileadar filleadh a-bhaile, acht níor fhéadadar a dtighthe féin ná aon teach eile fhághail go dtáinig fáinne geal an laé. Ann sin fuaireadar iad féin ag an gcrois-bhothar céadna, andhiaigh siúbhail na h-oidhche! O'n oidhche sin níor chuireadar aon thrioblóid ar Chaoilte ná ar a athair's a mháthair; acht sheachain siad é mar sheachnóchadh siad spídeóir no gaduidhe. Aon lá amháin bhí Diarmuid leis féin ar an bpurtach, agus tháinig an sean-gheirrfhiadh dubh chuige, an geirrfhiadh céadna do tháinig chuige an mhaidin do chuaidh sé amúgh dá bhliadhain agus fiche roimhe sin. "Anois," ar sise, "tháinig mé le h-innseacht duit gur gearr an t-am atá agad agus ag do mhnaoi le bheith ar an tsaoghal so, agus má tá aon rud le socrughadh agaibh deunaigidh go tapa é, mar ní'l acht aon tseachtmhain amháin agaibh le bheith ar an tsaoghal so." "Agus créad dheunfas Caoilte?" ar sa Diarmuid, "gan aon duine le n-a choimhéad!" "Ná bac le Caoilte," ar sise, "is de mo threibh-se Caoilte, agus béarfad chugam féin é, agus glac m' fhocal go mbéidh sé níos sóghna (seunmhaire) 'ná bheidheadh sé ameasg a chuid cómharsann. Ni'l ualach an rúin ort anois. Tig leat a innseacht do dhuine ar bith is toil leat." Bhí Diarmuid dul a-bhaile, agus é brónach go leór, nuair casadh mac a dhearbhráthar air, agus d'innis sé an sgeul dó ó thús go deireadh. "Go deimhin má innsigheann tú an sgeul so do dhuine ar bith eile, béidh do bhunadh náirighthe, agus ní bhfuighfimid aon duine le sibh do chur ann san uaigh." "Ní innseóchaidh mé do dhuine ar bith é," ar sa Diarmuid, "acht do Róise agus do'n tsagart."
Chuaidh sé a-bhaile agus d'innis sé an sgeul do Róise. Nuair bhí críoch air, tháinig racht casachta uirri do thacht í. Chuir Diarmuid agus Caoilte í. Faoi dheireadh na seachtmhaine céadna fuair Diarmuid féin bás; agus oidhche an laé do cuireadh é d' imthigh Caoilte, agus ní'l tuairisg air ó shoin. Níor chongbhuigh mac dearbhráthar Dhiarmada an rún, agus seal gearr 'na dhiaigh sin chuaidh an sgeul ó bheul go beul ar fud na tíre, mar tá sé inniste agam-sa dhuit-se. Dubhairt go leór daoine na dhiaigh sin go bhfacadar Caoilte go minic le taoibh an locha. Bíodh sin mar tá sé; acht tá dóthchu againn go bhfuil siad ann san bhflaitheas. XXXIII Triúr mac na Bárr-Sgolóige. Bhí fios ar h-uile dhuine aca, acht bhí tri ruda ag dul amúgha orra. Ní raibh na trí ruda sin aca ná le faghail aca go ndeachaidh siad go dti Ariostotal agus a leabhar. Nuair thangadar go dti Harraidh (Ariostotal) d'iarradar an dteastóchadh triúr buachaill uaidh. Dubhairt sé go dteastóchadh dá mbeidheadh aon cheird aca. Dubhairt fear aca go raibh. "Cia an cheird atá agad-sa?" ar sé. "Búistéar mise," ar sé. "Is tú an fear," ar sé, "atá ag teastál uaim anois." "Siúnéaraidh mise," ar san darna (dara) fear. "Agus fear-innseacht-sgeulta, fear seanchais ann san oidhche mé," ar san tríomhadh fear.
"Sibh an triúr fear atá uaim," adeir sé. Thug sé suipéar dóibh agus leabaidh go maidin. Ar maidin dubhairt sé leis an mbúistéar dul amach agus an beithidheach do bhí annsan stáll so mharbhadh - nach raibh aon fheóil aca. Chuaidh an búistéar amach, acht i leabaidh an mart do mharbhadh, thosaigh sé ag caitheamh a chuid éadaigh dhé, agus chuir sé air arís iad, agus bhí sé d'á mbaint dé agus d'á gcur air arís go dtáinig Harraidh ag iarraidh na féola le h-aghaidh dinéir. D' fhiafruigh sé dhe cad chuige nach raibh an beithidheach marbh fós aige. Dubhairt seisean nach raibh sé marbh fós aige, "agus inseoch- aidh mé cia 'n chiall. Tá léine le mo mháthair agus léine le m' athair agam, agus ní'l fhios agam cia aca is goire dham, agus cia bé duine is goire dham b'fhearr liom a léine leigeant le mo chraicionn. Adeir Harraidh, "nach fear thú?" ar sé "Fear mé," ar seisean. "Well" adeir sé, "tá dá thrian ded' athair ionnat, agus ní'l acht trian de d' mháthair, agus dá mbudh bhean thú bheidheadh dá thrian do mháthar ionnat, agus gan acht trian de d' athair. Ní raibh trí móimid aige no go raibh an mart marbh agus réidh le cur síos aca, mar (óir) sin é an fios do bhí uaidh. Dubhairt Ariostotal leis an darna fear dul amach anois agus an crann do bhí amuigh do ghearradh leis an tuaigh. Chuaidh an siúnéaraidh amach agus thóg sé an tuagh agus d'árdaigh sé an tuagh, acht níor bhuail sé buille léi, acht í (do) leagan anuas go socair ar an gcrann. "Créad tá tú (ag) déanamh?" ar sa Harraidh, "cad chuige nach ngearrann tú an maide?" "Faitchios atá orm," ar seisean, "má tharraingim mo lámh ró árd is suas annsna spéarthaibh do chuirfinn an tuagh, agus má bhuailim mo shean-bhuille ar an gcrann, is síos do'n talamh