Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1722
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TUIREAMH AN ATHAIR PHILIP UÍ RAGHALL Is brúite atá Múrtún an uair se 's an t-ughdar go dúnta san uaighe, gan dúsgadh go Luan bhráith na fuagra, gan dlúith-cheasda an chúrsa dá bhfuasgailt, gan nuaidheacht na n-úir-leabhar i gcluasaibh, nó dúil le lucht sgrúduigh'e dá gcuartughadh. Na huain gan fear conganta chun fuachais gidhe an Dúilimh dá n-umhluighid na sluaighte ar a nglúine fá chúig, is gach uaisle, chuir smúid pheacaidh na hubhaille dár nguaillibh, is bheir driúcht meala go cumhra ar na tuarthaibh, d'fhan Lúcás fá chumhaidh's a dhá ghuaillidhe, 's an t-úr-mhac do dhúthchas shliocht Ghuaire. Tá an chiúin-bhean do phlúr ban go gruama 's gach nua-chlann dár dhiubhail planda uadha-san, gan múinteóir dá stiúradh le stuamacht, le rún ceart tré dhúthracht i n-uaigneas. Beidh úir an Bhaile Nuaidh feasta suaimhneach, 's an t-úr-fhlaith dá chumhdach san tuama.
Níor chluainteach 's níor lúbach a luaidreán, budh dúisgeach, budh súgach 's budh subhailceach, budh cliúiteach don dúithche thart mar uachtarán, a ghnúis-dreach le humhlacht gan tuaith-bheart. Atá Cnú feasda gan dúil lena chuairt ann, Dugha 's gach dún fána bhruach-san, ciún-mhná na Nua-Ghráinsighe ag fuachas, tuile ghárrtha ag an uile pháisde is bhuachaill, na fir ag árdughadh guil i gcás na truaighe ó ghoin an bas uatha Pilip, athair na sluaighte. Dá mbeadh na dílleachtaidhe i gcríonnacht mar a dual dóibh ní chaoinfidis isle ná uaisle, ní chaoinfidis síol-chur ná cruacha, ní chaoinfidis a maoin do bhreith uatha, ní chaoinfidis daoirse dá chruaidhe, acht an tsaoi se bhéaradh dídean gach uair dóibh. Stíobhard na fíneamhna is uachtaraighe, sípéir chuir Críosda dá gcuartughadh, chun míniughadh gach naoimh-théxa anuas dóibh as línibh an Bhíobla budh stuama, ar mhianach ghlan díreach na n-uachtarán le dísleacht chun Íosa dá ngluasacht. Níor smaoinigh an t-Athair dílis ar ghruamdhacht, níor smaointigh sé an díomhaoineas ná an t-uabhar, níor bhaoghlach dó an fíon do thabhairt buaidhe air, acht ag smaointiughadh ar an fhaoisidin 's dá cruachadh, 's ag smaointiughadh ar an tsíoraidheacht is buaine, ar fhíor-lorg na naomh faoi gach ualach. Cá bhfuigheam nó cá mbíonn nó cá bhfuaras? cá críoch nó cá slighe nó cá gcualas? cá tír nó cá taobh a bhfuil a ghuaillidh le dian-ghuidhe na n-aingeal ar bach uaigneas 's ag smaointiughadh ar na piantaibh sin an Uain Ghil bhí ar thaobh na croiche naomhtha dár bhfuasgailt 's gach aon ag teacht síos air dona sluaightibh, dona faol-choin le rídibh dá bhualadh, dá spíonadh le dímeas 's dá thruailleadh, 's gach spíce dona maol-thairngidhe cruaidhe dá ndírgheadh in a ríogh-bhallaibh uaisle 's na trí Mhuire dá chaoineadh le truaighe? Níl Aoine nó saoire chun suaimhnis, nó oidhche dá shaoghal go bord uaighe nách mbíodh Pilip fá Chríosda ag cruadh-ghul, dá sgaoileadh 's dá ghríosadh dona tuataidhibh, ag cur fírinne na híodhbartha 'na gcluasaibh - Cárbh' iongnadh fear na ngníomh so dhol suas leis? Budh dílis do gach préaláid 's don uaisle é,
budh dílis dona tíortha 's don tuaith é, budh dílis dá chaoirigh 's dona huain é, budh dílis dá ghaolta an uile uair é, budh dílis dona dílleachtaidhe gan uaill é, 's chun crích' dhóibh chuireadh maoin bhó 's a luach leó. Budh díoltóir leis an Tríonóid gan uaill é 's lena mhnaoi phósta, an Naomh-Óigh a fuair sé; bhéaradh cíos deór 's a chroidhe dhóibh gan chruachadh. Budh sgríobhneóir i ndlighe Phóil thug buaidh é, an chraobh óir mar bhíodh Eóin ar an uaigneas 's chun luighe leó thug an rí glórmhar uainn é. Acht ó d'imthigh go tréad Mhic Dé mar chualaidh, tuigidh cia hé féin i gcré san tuama: an t-Athair Pilip Ó Raghallaigh, fréimh don uaisle, do chorcar-fhuil Ghaedhil is Mhilésius bhuadhaigh, Galamh fuair céim insan Éigipt uallaigh do dh'fhearaibh Mhagh Séanair is Aonghus' uaibhrigh, mar a mbíodh rolla gach léighinn faoin ghréin dá chuartughadh. Mac mhic Féiniusa, Gaedheal nár ghruama, is uadh deirthear Gaedhil lena méad 'tá anuas díobh. Acht bhéarad mo léim, 's níl beidhin san uachtar, go talamh Uí Néill mar a n-éisttí an suarcas, go folaibh sliocht Éireamhóin éachtaigh uasail. Seisear is céad bhí 'na réxaibh uaidh-sean i gcoróin dá fhréimh nó gur héignigheadh Ruaidhrí. Atá fiadhnaise ag Céitinn céillidhe sduama i gcroinic na nGaedheal cibé léighfeas suas í, gurab ag Eochaidh na gcéimeann, an tréin-rí suaithnidh, sgaras síol Néill le Raghallaigh is Ruarcaigh 's Ó Conchubhair an tséin dá ngéilleadh Cruachain, Connachta go léir is é ag dréim le Tuadhmhumhain 's gach cineadh dá léightear i ndéidh Mhaolruanaidh, Ó Seachnasaigh 's Ó Cléirigh do ghéagaibh Guaire, an rí thug an fhéile ón Éuroip an uair sin - is planda don méid sin is céad nár luadhamar an bile se don chléir, mo léan, atá i n'uaighe. Leanfar de seo
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services