Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1830
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA AN CHOILIGH TOMÁS UA LOINNSIGH cct I An gcualaidh sibh a' tubaiste bhain do mo choileach An uair a thuit sé i bpota don uisge ghoileach? Sin a' tslighe ler chaill sé a chleiteacha, Raod a d'fhág é faobhthaigh fann-lag meiteach. II Chuartuigh mé an tír ag iarraidh sweet oil dó, Agus fuair mé aige Peadar Coyle í; Bhí sí i dtaisgidh aige le haghaidh a chuid pionnaí, Agus chumail mé síos de é 'n-áitidh an fhionnfaidh. III Munab é lena linn go bhfuair sé osadh Budh doiligh don chréatúr a phiantaí sheasamh; Mar b'é ceannphort ceart an toighe é Thug mé liom chum an Infirmary é . . . . IV Le cheasta go gcuirfinn air a' chréatúr fiabhrán d'iomchuir mé liom é ina gcliabhán, Leig mé síos air cheann a' bhuird é, Agus d'fhan mé annsin go dtáinig a' surgeon. V Leighisfeadh an fear sin marbhán, Is dearfá fáin gur dhuibhe ná an gual é; Bhí cuma an Albanaigh mhóir gan bhréig air, Is bhí cuma an léin is na sgaoil' air. VI Fuair sé crúisgín do ola leighte Is chumail sé síos de í le cleite; Dubhairt sé faoin am sin lá air na mhárach Go gcluinfinn a' sgairtigh é mar budh ghnáth leis. VII Tháinig doctúr óg ón Spáinn ann Agus bhain sé fuil as faoi na gháilleach; Dubhairt sé nach bhfásfadh air clumhach ná fionnfadh Go dtiocfadh Fionn chum an Aifrinn Geine. VIII Tháinig doctúr eile ón Fhrainc ann Agus dubhairt sé nach raibh ach a' tsrinc ann; Air a' dá bhuille dhéag go dtabhradh an sgríobán 'S nach dtiocfadh a'n sgairt go bráth amach as a phíobán. IX Tháinig doctúr eile ón Ghréig ann; Dubhairt sé go raibh siad malluigh'e bréagach; Labhair sé leó go ceann-tréan sobaigh 'S d'orduigh sé a chur 'na luighe air leabaidh. X Ansin a tháinig a' bhruinneall na spéise A raibh brollach urthaí air dhath na géise. Déarfá gurbh í Helen ón Ghréig í, Oir budh adhbhal deas a' cailín gan bhréig í. XI Theann sí siar agus rinne sí gáire, Amhail agus mar bheadh sí a' déanamh dhamh áitidh, Ach léim sí uaim mar a dhéanfadh fiadh Agus lean mé san áitidh í a raibh gorta agus pian ann. XII Sin an áitidh a raibh Nebuchadnezzar; Bhí Rí Saul ann agus Julius Céasar; Goll mhac Móirne, gé gur mhór a' lúisde é, Is a sháith le déanabh aige i gcionn a shúisde. XIII Bhí Rí Harry ann dá rúisgeadh; Bhí Prince Edward ann dá phrúicheadh, Bhí Bainríoghan Siobal ina lasair gan mhúchadh, Mar sgrios sí an eaglais a bhí i Mainistir na Búille. XIV Bhí Oliver Cromwell ann sínte air raca, Agus é a' sgréachaigh mar bheadh asal bacaigh; Bhí Lon mhac Líomhtha i gcionn a thuairlín, Is é dá gciorladh mar bheadh duas de. XV Bhí lucht na miodóg ann is Burn-chapel Whaley, Is budh ghile an gual ná clár a n-éadain; Bhí Peadar a' Churraigh ann chomh dubh leis a' diabhal, Agus curry-comb aige agus é dá gcíoradh. XVI Bhí Doctúr Little ina stoc dá sguireadh, Agus iad dá rádh go gcaillfeadh sé an tuireagh; Bhí a' Seabharnach dá bhiorradh insa ghríosaigh,
Is é a' tabhairt sásaimh i n-aimsir na maoile. XVII Bhí Norman Steele 'na shuidhe insa chlúid ann, Is a' t-Aciostanach mór faoin uile smúid ann; Bhí Billy Foster a' cur teineadh síos ann. Is air son Defenders é a' fagháil a chíosa ann. XVIII Bhí Speaker Foster ann is a mhóraigh, Fasgaidh Buidhe agus sean-Lord Roden. Dubhairt Butchy Mhac Circe go raibh siad uaigneach Fá Mhathamh na sail is na spág Mhac Ruaidhrí. XIX Bhí Barrister Dawson 'na shuidhe insa choirneál Agus tor hastaol aige i n-áitidh stóla; Bhí urchor beach air i n-áitidh a wig, Is é insna gártha air Jemmy Dick. XX Bhí Billy Buck is Paraigh Ua Buidhealta A' teacht air ais as Mullach Craoibhe; Léim mé amach air fhuinneóig chaoich ann Agus lean mé go bráth go hAdamhaoil iad. XXI Cha raibh cearc ná coileach i bhFeochaill Íochtarach, I Ravensdale ná i gCarraig an Fhíona, Fá Chill na Sagart ná an Mhunaigh Sgríobaidh Nach dteachaidh a sgairtigh a' dol thríd Droman-tSith dhúinn. XXII Tháinig serjeant mór de choileach Fhrancach, Bhí aige Wolf Mhac Néill i mBaile Mhic Sgannláin - Dubhairt sé liom gan a bheith a' déanamh íontais, Gurab insan orange lodge a bhí sé ó oidhche. XXIII Agus a' cailín deas a dtug mé grádh Gurab í cailleach Bharret as Béal Áth' an Chlár í, Is dá dtiocfainn leith' síos go Béal Áth' na Sac Go bhfuigheadh sí mo choileach damh ar unsa tombac. XXIV Mo mhallachtsa air Wolf is air Lodge a' Phlaistir, Air chailleach Bharrett is air a maireann dá náisiún. Dá dtabharainnse a' coileach chuige Doctúr Walker Leighisfeadh sé air dtús é air bhonn ocht gcóta. XXV Thug mise móide lá air na mhárach, Dá sgallfaidhe a raibh de choiligh as sin go Cáirlinn Nach rachainn fad mo choise amach air a' dorus Ag iarraidh leighis dóibhthe i rioth mo sholuis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services