Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1719
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tuireamh Mhaly Ní Bhruin I Más mian daoibh aisling d'fhaicsint ar shaidhbhreas, gach duine tríd sheirc atá i n-uireasbhaidh spréithe, is i dtuama Cill Eanaigh atá i dtaisgidh go déidheanach ór is miorra agus cisde na héigse, an ríoguin mhilis is coinneal na sgéimhe. Dá maireadh Apelles is faiceadh sé i n-éinfeacht a cló is a cuma, a hinneall 's a héagcosg, budh leór dá ghliocas a pioctúirse a dhéanamh - gach dlaoi dá leabhar-fholt famainneach faon-chas mar ómra nitte le loinnir na bpéarlaí, a glégheal-phíob ghasda, a leaca 's a héadan ar lí na lile nár milleadh le sméaracht, a bráighe deasa mar thaisbeánadh réthe ar spéire shoineanta i n-aice na Béaltaine, a fabhradha fionna is a ruisg mar na réalta, a srón gan uireasbhaidh cuma nó déanta, a gruadh gan fhrithre mar chrithir ón gcearta, agus snuadh na suibhe fá imeall a béil tais, a báin-chír shuitte mar shnaoidhfidhe le céardaibh, is clár a hochta mar shochar-chlúimh géise, a dá chruinn-mhama mar gheal-bhlaoscaibh éanlaith', a sár-chom sheada is a ceart-bhoill dá réir sin. II Go deimhin, 'sé mheasaim nár sgathfánta Deirdre, nó an ríoghuin tsochma fár loisceadh Tenédon, 's fós ler cailleadh an flaith Hector le Gréagaibh ná Maly Ní Bhruin, an ghéag mhaiseach gan éan locht. Dá maireadh sise is Narsisus dá féachaint, do réir mo bhreathnuigh'e is dá cumhaidhse d'éagfadh, is gan claochló cadad ná aisde sa Ghaedhlig nach dtuigfeadh inghean Ghearaill, an bhainríoghain tais mhéir-gheal. Do Ghuaire dá mbearthaidhe an deasbhean níorbh fhéidir go luaidhfidhe a locht mar inghin dó ar aon chor, ar uaisle, ar chreideamh, ar eagna is ar fhéile, ar luas a leabhar-chrobh maiseach ar ghréasaibh, ar stuaim is ar bhinneas mar shinnfeadh ar shéimh-chruit. III Faoi dhlúimh i gceasnaoi dá heasbhaidh atá an éigse, craobh don mbile is mór fine fá Laighnibh, do shliocht Fhiacha Baice mhic Cathaoir, rí Éireann, is Conchubhair, Nuadha Neacht, rí reachtbhar, is Créamhthain; Fearíos is Oilill do ghabh sa gcrích géilleadh, is Labhra na mbuilleadh, fear cumais do dhéanamh, mac Oilealla mhic Laoghaire, rí díomsach don réagún, mhic Iughaine mhic Eachach, rí is curadh i n-éinfeacht, 's gach rí suas don gcuire ó sin go Milésius - is do shíol a gcuisleann an chruth gheal so d'éag uainn. IV Níorbh iongnadh dhise gach oineach dá ndearna - gach mar chí an leanbh 'sé is baramhail do dhéanamh. Budh mhinic ar a halla ag Gearall dá réiteach, gáir na heaglaise a' freagra dá chéile rádha na n-aifreann is freasdal na dtéaxa, gáir is greadhan is meadhair na bhféinneadh, gáir na n-ollamh 's a leabhar dá léaghadh, gáir na gcruitireadh a' comshinnim téada, gáir ag bannáil a' breacadh na séamh-bhrat le snáth na hAfrica a' tarraing na gcréatúr: A' rón, a' scadán, a' mhuc mhara 's an fhaeleann, a' leomhan, a' basaliusc, a' crocadail 's a' snéice; gáir is seasdán na macnaidhe ar maelinn a' brostú na ngadhar is ag léigin na bhfaol-chon, gáir na gcuradh a' cruinniughadh chum féasda, gáir na n-eachaire, na gcaismeart 's na waiteóir, gáir gan leisge ag freasdal na dtréin-fhear d'fheóil torc fireanna 's do chara gach méath-mhairt, is plúr as bácús do chineal na déise ler fóireadh deacair na flatha san éigean, ó ro-bhruid Dalláin, rí dreach-náir na n-éigeas. V Beóir 'na ceathaibh is beath-uisge tréanmhar, gáir na mbochtán ag altughadh a ndéirce
agus fagháil ag Anna ar a n-easbhaidh gan éara, an tsár-inghean mharthanach charthanach chéillidh d'ard-fhuil Shaxan le gceartaoi gach béasa is a páirt go fairsing le maithibh na nGaedheal so: suthar gach caith-mhílidh i n-astar Hiú Lésaigh, Beilleógaigh, Caiseallaigh, Gearaltaigh is Puéirigh, is Tágh na gcaisleán, fear furscardadh a dhénamh, is Geárlunaigh, i ndeabhaidh lucht scabaidh ar chéadaibh, Pluincéadáigh, Nuinnsinnigh is Graésigh, is Fléamannaigh, i gcathaibh lucht tabhartha na madhmann. VI Acht ní bhfuil fáth damh níosa faide dá dtacar is gan feidhm ris, is gan laoch nó barún don maicne sin Hénrí dár shealbhuigh fearann i nUladh nó i Laighnibh, nó i Leith Cuinn do mhaithibh nó d'aicme Ghadélus, gan a ngaol go gar le clainn Ghearaill, 's ní bréag sin. A inghean ucht-sholuis chain fhionn na féile, is furas duit colladh gan ceasnaoi, 's ní at aonar. Nach bhfaicir na leinbh budh finne ná an laeige, 's a ngruaidh mar dhrithle ar loinnir i n-éibhill, gach aon aca mar Absolón déanta? VII An cuaine macaoimhse, a Thomáis, má fhéachair, a fuaradh i n-aice do leapa 'na léinidh, budh sgéimh ar fhine an fhuireann dá n-éirgheadh a gcruas, a gcumas, a dtuigse 's a n-éifeacht, is fréimh ar lasadh 'na leattaoibh dá méadughadh do chrú Néill Fhrasaigh is Chuinn Bhacaigh na dtréin-bheart, is thréin-shliocht Chonaill Uí Dhochartaigh éachtaigh. Acht ós éag is cinneamhain dár geineadh is d-á mbéarthar, ó rígh go fleasgach, ó easbog go Caesar, mian an aird-ríogh ler ceartuigheadh chrich dhéidheanach, riarthar leat, a Thomáis, is dears do na héasca, gur luaith ón talamh thú, is talamh do ghéantar do do ghruaidh chaoimh lasda, cé deacair an sgéal sin. Acht ó theastaoi a ndeachaidh do do charaid 's nach n-éirghid go Luan an cheart-laoi le smachtfaidhear síol Éabha, déan síothcháin le ríoghain an aon-Mhic chuaidh dár saoradh Dia hAoine dá chéasadh, ler scaoileadh gnáth-phianta agus géar-bhruid fán míor-cháin sin ríogh-gháirín Éadain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services