Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1771
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
XIX. TUIREAMH JOSEPH PLUINCÉAD VIII Ach anois ó chaill Éire a céile bhí cródha, 's gur follus an léan so ar theampall na Rómha, ag sgaramhain a sréad is ag méadughadh bróin dí; ní bhfuil deabhaidh re déanamh do Ghaedhil budh mhó díoth, ach amháin muna dtearthar Séamus óg uainn. 'S a Thulaigh mhic Chuainte, gruaim go deóidh ort! is gearr a mhaoidhim gur éirigh an ró leat, ag triall na flatha so id aice chum comhnaidhe. Níorbh fhiú thú a fhagháil, a thráill, mar chomharsain; a mhullaigh na tubaiste, ní ghoirim níos mó thú. Níor aithin tú an tráth a d'fhás mogaill óir ort, is nach daor an lán so atá san gcomhraidh! IX Laochraidh Parrthais, táid go leór dhíobh, is go meas damh féin tá an méad díobh fhóireas. Creideamh an Naomh Pádraig, grádh agus dóchas, féile re fáilte agus árus do dheóraidh, don ór-fhlaith bhláith se d'fhás go cródha don fhíneamhain dob áirde 's dob áille tórtha, maighnéis na nGaoidheal san taoibh se na hEórpa, an jasper do phríomh na líoga lóghmhar, carbuncle dob fhearr ná leagaidh óir sin; an t-emerald a d'fhás as lár coróna, an cornelian budh daoire d'éifeacht Fódla, an tóirse soluis i ndorus an chóigidh. X Tré laige mo chéadfadh ní dhearna mé an t-eólas ar an seiseadh cuid déag don chéim mar chóir dhó, óir ní fios damh féin i nÉirinn fhód-ghlais ó lá Eachdhruim na gcréacht sin béad budh mhó linn, bheir tuirseach tinn tréith-lag Gaedhil is nua-Ghaill. Fá Dhún Libhis 's i nAontruim beid go brónach, do dh'aicme na Niall is a' fial-teach foirle, mar a gcomhnuigheann an rialt soin an t-iarla mór Cónaill, fána gcaraid ghlan-ghaoil ni chim san gcróchar, 's ar n-imtheacht, fa-ríor, as tír na mbeó uainn. XI Bráthair na dtriath, bráthair tighearna na Bóinne, bráthair thigherna Lugh' is na Cairrge fós é, tighearna an dá bhaile dhéag a chois Bóinne é, is i mBaile an Bharúin do háirmhthí an ró leó; bráthair thighearna Thurfaidh an chaisleáin 's a' mhóta, bráthair Phluincéadach cuimseach na Rátha Móire, bráthair Chrúisigh crothmore crú-ghlan cródha, bráthair Balbhach, gé táid faoi smóil duibh, 's gan uaisle re fagháil san gclár so Chobhthaigh nach raibh a srotha ar bhfás tar aird-lí an rósa ann. XII San taoibh ó dheas dá mbeamuis eólach, is iomdha féinidh fuileachtach curata cródha do thogha gach fola do threabhaibh na hEórpa, a mbiadh a marc-shluagh ag teacht ins na bóithribh, re réim na n-eachraidh is re hastar na gcóistidhe, is ní lia ná ríogan mhíonla mheóir-leabhar do stuaidhribh na gcuacha mar an ómra, bhiadh ag cruadh-ghol is a ndualaibh as ordughadh, gan fios cia is lugha creach ag teacht 'un a thóraimh. XIII Sguirimse annsin agus fillim an taobh so - Eistidh amach an tan so is féachaidh an bhfuil Caiptin Throgmorton ag teacht ins na bóithribh, nó an bhfuil a chuallacht ban uasal mar aon leis, an dá Bhetty 's an dá Nancy 'tá ar bhantracht na sgéimhe, nó an bhfuil Mistress Bath ag teacht rena céile, 's a' Caiptin Tiobóid a chodail aréir leat. Nó an féidir nach dtug aon-neach díobh sgéal duit, muna ndeachaidh Melpomene an tan so do fhéachain, nó nár imthigh Terpsichore sna críochaibh ar saobhadh? Tá an naonbhar deirbhshiúr so ag sgreadfaigh 's ag géar-chaoi, ar fuaidreadh seachráin gan fasgadh dá gcéadfaidhe re linn na flatha bheith creapailte i ngéibhean. XIV Chuaidh srotha Chastalia i dtráigh suil braonach, is Parnassus gé hard a háit gur thréig sí fá leannán Chleopatra na naoi maighdean is fá dhalta na Muses bheith ar suanluighe n-éaga. Gá bhfuil an uaisle dar dhual bheith ag dréim leis, ar dheise, ar áille, ar cháil is ar chéadfaidhe? Carraic na tuigse sa Scrioptúir dá léigheadh, starthóir is freachnóir i Laidin 's i nGréigis, an Francach, a Spáinneach, an Gearmán 's a' Gaedheal glan, maighistir gach teanga é dar canadh sna réagúin fuair oideas na hEórpa i gcló go réimeamhail, is gan duan dar seóladh i bpróis nó i bhéarsa nacharbh aithne 's nacharbh eól don ór-fhlaith mhéir-dheas, XV Ní bhfuil feidhm feasda re cruitire téid-bhinn, file nó bárd chum dáin do réidhiughadh dhuinn. Cia thuigfeas a nglór má labhraid Gaedhilge 's dá gcanaidís ceól ar nós Orpheus?
Ní shinnfid níos mó dhe ó torcharadh an té se lerbh ionmhain cuairt na ndruadh 's na n-éigse. Acht is cosmhail gur fhág an dáimh se Éirinn ó nach gcualas fán gclár sin gártha céad díobh. Muna bhfuilid i ndiamhair ní féidir féin sin; beid feasda faoi ghruaim ó sgar uatha a saidhbhreas; ó theasduigh sé uainn, mo-nuar an sgéal sin, 's go Luan bhruinne an bhráith nach dáil go n-éirigheann. XVI Molaidh don Chóimhdhe ghlórmhar ghlé-gheal go maireann go fóill an t-óig-fhear Séamus, craobh chosanta cháich - goma slán budh saoghal dó chum baintreabhach a athara go dtrásda réaghlughadh, Malaigh Nic Mhathghamhna an tan so 'tá tréith-lag, ag greadadh a lámh is ag sgáineadh a céibhe, creachta go bráth fá bhás a céile, 's a dís mhaoith-leanbh nachar abuigh a gcéadfaidhe, nach aithne dá ndeabhaidh 's nach dtuigeann an créachtnughadh Ní heagail dóibh smál ó bhráthair Rí Séarlus, ar marthain cian-ársaidh gan bhás, gan bhearnadh, 's an bhánríoghan gan bháthadh ag árdughadh céime. XVII An sgeallán so a treabhadh do abhaill budh tréine, an chnú don chraoibhín nár sgaradh dá fréamhaibh, an leómhan loinneardha drithleanach deallradhach, bradán Bóinne agus seabhac na hÉirne, an caith-mhílidh frasach mar achnill ós éanlaith, an fear-chú so d'fhás do bhláth na réaxa. Gé go sguirfead ar ball tá cáil 'mo dhéidh dhe, is mo thriall go hAondruim d'innsin sgéal dóibh. Tá an halla sin Lughbhaidh faoi chumhaidh go déarach, 's gur duibhe ná smál dá mbláth is dá n-éideadh, 's toigh Bhaile Aláird, mo chrádh, mar an gcéadna. XVIII Ní bhfuil fáth damh a n-áireamh ach a rádh i n-éinfheacht: níl ríogh-bhrugh árd gidh álainn aolta do threabhaibh na Spáinne do bhláth Mhilésius, ná d'uaisle Gall darbh ionmhain pléisiúr ó gheataidh Dhroichead Átha go cathair Áth Cléithe, ó Theamhair na mbuadh is go Cruachain Mheidhbhe, ón tSeanainn anuas go bruach Loch Géise, ó Dhún Geanainn go Lughbhadh is go Dún Dá Leath-ghlas, ó Iubhar Chinn Trágha go hArd Mhacha na cléire, ó Ros Treabhair go Cairlinn is go Dún Dealgna dá éis sin nach bhfuil i gceasnaoi go tláith is ag man-chur déara, ó chasgair an bás, mo chrádh, go déidheanach Joseph Pluincéad bhí coimseach tréidheach. XIX Uch, is fíor re rádh gur bás os andé dhó, is go foircheann an bhráith nach dáil go n-éirgheann. Beannacht na n-easbog is na sagart i n-éinfheacht, beannacht gan clódh do dh'ord na cléire, beannacht na ndoctúir is beannacht na liaghadh, beannacht gach compáin don bhantracht riaghalta, beannacht na mbaintreabhach fann is na ndeóradhaibh, beannacht na mairtíríbh d'astruigh an saoghal leis, beannacht na suadh, na ndruadh is na dtréan leis, is beannacht a bhfuilmid i bhfios go léir leis ag méadughadh soluis is d'aithghiorradh péin dó, is ar dheas-láimh an Chóimhdhe go glóir na naomh dhó. AN ANNÁLACH Míle is seacht gcéad do réir gach peann dar sgríobh, dhá thríochaid dá éis, dhá cheathair is a dó re haon, ó ghabh colann daonna an Réalt thug solus an tsaoghail go dul Mhaighistir Joseph, mo bhrón, i bhfeart faoi líg. AN t-EPITAPH Faoin líg se fá dheóidh atá an ór-fhlaith shuairc i dtámh, faoin líg se 'tá éifeacht shaidhbhris chiste lucht dáin, faoin líg se 'tá an té do léighfeadh startha go lán, gan uirgheall 'na bhéal, gan léarsa ar leabhar 'na láimh. Faoin líg se go faon 'tá éifeacht cheannais an tsluaigh, faoin líg se 'tá an té le daidhbhir nach minic budh chruaidh; a gheil-chneas mar laege is ar bhféachain a stán-rosg uatha, budh samhailt mar léar-lasadh réalt fras ón taoibh thuaidh. Nachar theagaimh do sgéalsa do éifeacht ríghthe chríoch Fáil? nach é críoch gach aon, fa-raor, go gclaoidhfidh an bás? nach bhfuighidh re spré don méid se dá dtuigeadh an cás, nach gceannóchthar ón éag ar shaidhbhreas neach do shíol Ádhaimh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services