Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimhir Mhór na Nodlag
Title
Uimhir Mhór na Nodlag
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Comhaltas Uladh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN t-ULTACH UIMHIR MHOR NA NODLAG Páipéar Míosamhail fa Choinne Gaedheal Tuaisceart Éireann. Uiml. 1. Uimhir 11. NODLAIG. 1924. Luach Dhá Phighinn. D'ár Lucht Léighte. Beannacht an Naoidhe Dhiadha chugaibh uilig A Léighfeas “An t-Ultach” seo. PÁDRAIG Ó BEIRN (Cruitire a's Conndae Lúghmhaighe). Rugadh Pádraig Ó Beirn i nDúndealgan tuairim's an bhliadhain 1786. Le linn a bheathadh fhéin, fuaidh a cháil agus a chliú fhríd na trí náisiúin. Chaith sé tamall d'a shaoghal ag an Duke of Buccleugh in Albain, acht thainic sé arais go h Éirinn in 1847. Fuair sé bás i nDúndealgan in 1862. Éinne go bhfeil tuilleadh eolais uaidh fá dtaobh de'n chruitire seo, b'fhiú dó an t-alt a léigheadh a scríobh Grattan Flood 'san Uimhir d'Irisleabhar Seandachta Chonntae Lúghmhaighe a cuireadh amach in 1921. AIGE FÉIS NA SEANDAONNAÍ, OMÉITH, 1921. TOIRDHEALBHACH Ó CEARBHALLÁIN. (Deirtear gurb é Bhan Der Hagen, píntéir táscamhail as Holóind, a tharraing an pictiúir seo.) (B'é Cómhlucht Seandachta Chonntae Lúghmhaighe a thug tamaillt des na blocanna seo dúinn.)
PUTÓG PHEADAIR NÉILL. “BRIGHID,” do scríobh. Bhí sgaifte againn ag áirneál i dtigh Liaim Bhig cupla lá roimh an Nodlaig. Nidh nach iongnadh, is iomdha focal a canadh ar an chineál Nodlag a bhíodh ann roimhe seo. Tharraing sgéal sgéal eile, agus ba ghoirid go rabhamar ag cainnt ar ghrásanna tíortha eile fá'n Nodlaig. “Sin agat na Sasanaigh anois,” arsa Donnchadh Phaidí, “agus shílfeadh siad nach an Nodlaig a bhéadh ann ar chor ar bith, mar bhfaghadh siad putóg, nó plum pudding, mar bheir siad uirthe.” “An plumanna bíos ins na putógaí sin ar chor ar bith?” arsa Eoghan Éamuinn. Thug Donnchadh amharc air ar bh'ionann é 's a rádh. “An é sin a bhfuil 's agat-sa? Is furas aithne nach dteachaidh tú i bhfad ó bhaile ariamh;” agus sin a dtug sé de fhreagar ar an cheist. “Ó's air a bhí mé ag cainnt,” arsa seisean, “Bhí aithne agam ar fhear ar chuir putóg na Nodlag ó mhraoi é.” D'athain muid go rabh sgéal le h-innse ag Donnchadh, agus shocramar sinn shéin le n-ar ndíthcheall éisteachta a thabhairt dó. Bhí 's aige cá leis a rabhamar ag dúil agus ní thearn sé tuilleadh moille. “Ag obair thall i Libherpúl a bhí mé ins an am, agus mé ar lóistín ag mraoi as Connachta. Bean a bhí inntí a chaith tús a saoghail ar seirbhis fá na tighthe móra; agus nuair a bhí dornán beag airgid cruinn aicí, d'fhág sí an tseirbhis agus thoisigh sí a choinneáil lóisteóir. Connachtaigh is mó bhíodh aicí, agus bhí teach Bhríghde Móire mar bhéadh baile aca ann. Leogha fhéin é, b'fhéidir gur bheag duine aca a d'fhág baile n-a dhiaidh a bhí chomh maith leis. “Ar sgor ar bith, bhí beirt dá rabh ann ins an am a bhfuil mé ag cainnt air, agus bhí cuil an diabhail ortha le chéile. Ag gabhail ann domh fhéin an chead uair, ní rabh 's agam caidé ba chiall dóbhtha; ach ní rabh i bhfad go bhfuair mé amach go rabh nóiseán ag 'ach a'n fhear aca do Bhríghid Mhóir. Níor chuir sin mórán iongantais orm, na bean bhreagh thíorthamhail a bhí in i mBríghid agus í chomh h-ion-súl le bean ar bith a gheobhfá fá n-a h-aois. (Dhéanfainn amach nach rabh sí mórán le cúig bliadna déag agus fiche ins an am.) Le n-a chois sin, bhí pighneacha beaga airgid aicí agus gléas measardha beatha — rud a thaitneas leis na Connachtaigh chomh maith le aon dream dá bhfaca tú ariamh. I dtaca le graithe pósta de, ní rabh moill aithne ar Bhríghid gur bh'iomdha rud a ba mheasa léithe aicí na fear. D'athain mé fhéin uirthe é; agus ní dóiche go rabh sé ceilte ar an dís a rabh mé ag cainnt ortha. Máirtín Seóighe a bhí ar fhear aca, agus níor mhothuig mé athrach ainm ar an fhear eile ariamh ach Peadar Néill. “Diúlach daingean dubh nach mbíodh an-mhórán le ráidht aige a bhí i Máirtín Seoighe. I n-a dhiaidh sin ní rabh le déanamh agat ach amharc ar an dá shúil rógánta a bhí aige le h-aithne gur chuilceach ealadhanta go maith a bhí ann. Bhí bunadhas a shaoghail caithte i Lonnduin ag Máirtín; ach níor bh'é sin do'n fhear eile. Chaith seisean tamall fada í Meiriceá agus bhíomar bodhar aige ag cainnt ar na h-iongantais a chonnaic sé thall. Ba chuma cá h-air a labhairfeá, níor bh'fiú seamsóg é i bhfarradh 's an rud a bhí i Meiriceá. “Mar sin fhéin, ní thiocfadh liom a rádh nach rabh toil ag Bríghid dó. Bhí sé i n-a sháith méide agus meadhchain, é cineál fionn-ruadh agus craiceann breagh glan air. Le n-a chois sin, choinneóchadh comhrádh le lán cúirte; agus sílim gur sin an rud a ba mhó thaitn le Bríghid ann, na ní rabh easbhuidh ar bith geab uirthe fhéin. Ar sgor ar bith bhí an sgéal idir dhá bhéim an mhaide tomhais cúig bliadna déag 's an t-am seo go díreach. “Bhí an oidhche ann agus muid 'n-ar suidhe thart fá'n teinidh agus, a dhálta sin muid ag cainnt ar an Nodlaig. Toisigheadh a chainnt ar phutógaí. Dubhairt Máirtín nach rabh cineál ar bith putóg a b'fhearr leis fhéin ná rudaí muc. Thug Peadar amharc fiadta air agus d'fhiafruigh de ar bhlais sé an cinéal ceart putóg Nodlag ariamh. Dubhairt Máirtín nach rabh 's aige. “‘Tá's agam-sa nar bhlais,’ arsa Peadar, ‘ná ní rabh tú ariamh ins an áit a bhfuighfeá iad.’ ‘Móigh Ó!’ arsa seisean, ‘caidé na rudaí galánta a bíos aca i Meiriceá! Dhéanfá dochar duit fhéin ghá n-ithe bidh siad chomh blasta sin. Leoga, ba cheart domh fhéin bheith ábálta ceann a dhéanamh. Chonnaic mé dhá ndéanamh minic go leor iad.’ “‘Dar Bríce, a fheara!’ arsa Máirtín, ‘béidh putóg de chuid Mheiriceá againn i mbliadna. Cuirfidh mé fhéin cupla sgilling i n-a tús. Deanadh 'ach aon fhear agaibh an cleas céadna, agus dhéanfaidh Peadar putóg dúinn ar fiú an t-ainm a thabhairt uirthe.’ Thoiligh na fir uilig leis sin agus tugadh leith-ghiní do Bhríghid i n-áit na mbonn. “Ní fhaca mé Peadar chomh tostach ariamh 's bhí sé ar feadh tamaill i n-a dhiaidh sin. Mar sin fhéin níor chuir sé suas do'n phutóg a dhéanamh. Lá ar n-a bhárach bhí aoibh ní b'fhearr air, agus Oidhche Nodlag bhí sé ar a sháimhín suilt. Rinn sé réidh an phutóg nuair a bhí Bríghid amuigh ag ceannacht neathannaí bhí a dhíth uirthe, agus d'fhág sé i bpota ar an teinidh í. Bhí bruith fada a dhíth uirthe, dubhairt sé; agus b'éigin dúinn ghabhail a luighe gan í a fheiceáil. “Maidin Lá Nodlag bhí 'ach aonduine againn ag fiafruighe caidé mar rinn' an phutóg graithe. Ní thearn Bríghid ach ghabhail anonn chuig an phrios agus pláta a thabhairt amach a rabh toirt mhór chruinn faoi éadach gheal air. Bhain sé an t-éadach de gur thaisbeán sé dúinn putóg chomh galánta 's chonnaic mé ariamh le mo shúile cinn! Ar m'fhocal go dtainig sruth uisge le mo chárr a's mé ag amharc uirthe; agus bhí a rabh istigh ar m'aicíd. Ach ní rabh maith dúinn bheith ag iarraidh ar Bhríghid í a bhriseadh. Gheobhamuis ins an am cheart — i ndiaidh ar ndinneara — í. “Bhí go maith 's ní rabh go h-olc go rabh na préataí agus an fheoil ithte againn agus gur tugadh an phutóg i láthair. “‘An chéad chuid do'n fhear a fuair a trioblóid,’ arsa Bríghid, agus í ag tabhairt léadhb bhreagh do Pheadar. “Shásuigh sin as cuimse é; agus dheamhan fear uasal ariamh a chuaidh i gcionn an fhuirc agus na spanóige chomh h-inneallta leis. Chuir sé gréim de'n phutóig i n-a bhéal agus níor luaithe chuir na baineadh an ruadh-bhéic sin as nach bhfágann mo chluasa go dtéidh an ordóg ar mo shúile! Ní thiocfadh liom de shamhail a thabhairt duithe ach an bhúirfeach a chuala mé ag leomhan mór a chonnaic mé i circus a'n uair amháin. D'éirigh Peadar bocht de léim i n-áirde. Bhí Bríghid go díreach ar a chúl ins an am, agus buaileadh a chlaigeann faoi'n smigeadh uirthe. Rinneadh ceirtlín duithe ar an urlár! Bhal, a fheara na dísle, an teach a bhí ann sin againn! Chuaidh fear i n-'ach aon sgiathán le Peadar agus thug tuilleadh iarraidh ar Bhríghid. Ba í Bríghid fhéin an té b'fhearr ciall ins an teach. Má leagadh fhéin í níor chaill sí a meabhair. “‘A Athair Shíorruidhe! a Pheadair, caidé bhain duit?’ arsa sí. “‘Ó! An phutóg! an phutóg!’ arsa Peadar. ‘Tá mé bruithte, dóighte aicí.’ “Chuir mé fhéin oiread carnán pionna duithe in mo bhéal, agus bhí mo sháith ann sin. Ní amharcfadh tús raiclín uirthe, bhí sí chomh tíoránta té sin. “Ba é an míniugadh 's réidhteach a bhí ar an sgéal go bhfuair Bríghid amach gur barraidheacht dheora teodha a chuir Peadar ins an phutóig. Cheannuigh sí lán buideal sgillinge díobhtha agus caidé rinn Peadar ach iomlán a rabh ins an bhuidéal a chur ins an phutóig i n-áit gan ach cupla dheor beag baoideach a chur inntí. Chaith an duine gránda uair druidte, má chaith sé bumaite, ag sruthlughadh uisge fhuair fríd a bhéal ag iarraidh bheith ghá fhuarughadh, agus bhí an dhubh-smúid air an chuid eile dhe'n tráthnóna. Bhí sé i n-a shuidhe 's a bhos le n-a leiceann nuair a sgiord Seán Mór Ó Frighill isteach. Ní thainig Seán a dh'amharc orrainn ariamh nach mbíodh braon beag leis; agus, nidh nach iongnadh, ní rabh sé folamh an iarraidh seo. Thoisigh an t-ól agus thoisigh an ceol; ach ní féachfadh Peadar aon dheor. Ní dheanfadh sé ach tuilleadh pianaighe a chur air, dubhairt sé. Ach níor chuir sin meath ar bith ar an chuid eile againn. Ba bhreagh an chuideachta i dteach Seán Mór. Ní theachaidh drod ar a bhéal i rith an tráthnóna. I dtrátha leath-am- luighe dubhairt sé go rabh abhrán úr aige — ceann nar chualamar ariamh. h-Iarradh air a ráidht. Thoisigh sé ar an abhrán agus caidé bhí ann ach ceann a chum sé ar ghraithe na putóige! Ní'l cuimhne agam ach ar chupla focal de. Seo mar bhí siad: ‘Sé chluinim dá rádh ag an Eaglais, Le daoine bíos tugtha do'n bhréig, Go bhfuil fuinteóir 'ach lá shíos ag Satan A' síor-dhéanamh molltaí de'n taos; 'S a' sean-bhoc a' gáiridhe go rachtmhail Faoi chaoineadh na gcréatúr le péin, Tráth bheir sé ortha tlámán a chagnadh De phutóig mar cheann Pheadhar Néill.’ (Air leanamhaint air íochtar leath. a 3.)
MEABHRUGHADH AN GHEIMHRIDH. Is breagh, lán, maisighthe an leabhar í éadan an domhain ma tá duine ciallmhar agus tuigseach go leor leis an léigheadh ceart do bhaint aiste. An té a mbíonn cleachtadh aige eolas d'fhagháil as na leabhraí coitchianta a dheántar le saothar daona, is minic nach ndearcann sé ar an leabhar is fearr de'n iomlan chun críonnachta agus eagna d'fhoghluim, an láimh-scríbhinn mhór, mhaiseach a scríobh an Cruthuightheóir, agus atá i gcomhnuidhe leathan foscailte amach ós comhair ár súl. Bíonn deallramh na gréine ag léiriughadh dúinn gnúis do-fheicseannach Dé agus gáire geal na gealaighe go buidheach ag cur i síor-chuimhne dúinn nach bhfuil i n-iol-mhaitheas an tsaoghail seo acht iasacht ó fhialtas an Chruthuightheóra mar gur pronntanas na gréine solus na gealaighe. Oidhche reultogach is mór linn cumhacht Dé, agus is aoibhinn linn aingle na bhflaitheas a bhíonn ag soillsiughadh shuas mar reulta i láthair na Trionóide. Lá samhraidh is dílis linn maitheas agus cúram an Athar Shíorruidhe a thugann beatha agus aire do na mílte, mílte rudaí beaga atá beo ar talamh, ar uisce, ar bhláth agus ar chrann. Tá ceacht fa leith d'a theagasg ag gach am, gach tráth agus gach séasúr de'n bhliadhain. Ní h-annamh é gur mó í críonnacht fir gan léigheann scoile na eagna na scolairí a mbíonn an dá shúil sáithte ó mhaidin go h-oidhche acu ar dhubh agus ar bhán páipéir, agus nach bhfeiceann agus nach gcuireann sonnrughadh 'san bhogadh, 'san chorrughadh agus 'san athrughadh a bhíonn ag dul chun cinn thart fa dtaobh díobh ar aghaidh na cruinne. Ní fear léigheanta go dtí an té a mbíonn leabhar De agus leabhar an duine ós comhair a shúl i n-aoinfheacht aige. Is minic dall mé fhéin gidh gur réidh a thig mo chainnt agam. Is minic, nuair a fhosclaim mo shúile ar an domhan, nach dtig liom mo cheacht do léigheadh mar is cóir, acht 'gním mo dhícheall. Tá mé ag dearcadh anois ar an gheimhreadh. ‘Tchím an lá ag giorrughadh agus an oidhche ag síneadh do réir mar atá an ghrian ag ísliughadh 'san spéir agus ag éirghe fuar i gcosamhlacht. Is sin mar a chrupann, mar a ísligheann agus mar a fhuarann an duine le h-aois. Tá an fuacht ag cur ar an tír mar a chuireann sé ar an tseanduine. Cúpla mí ó shoin chuirfeadh sé aoibhneas ort bheith ag amharc ar thaobh tíre, bhí an radharc comh deas sin. Bhí an feur ag fás agus é glas bog: tá sé bán, liath anois agus é ag éirghe seang go díreach mar thig croiceann casta eagach, do réir a chéile, ar fheóil, bhog, mhéath na h-óige, agus mar éirigheann an ceann dubh gruaige comh geal, liath le cnocan sneachta. Bíonn réim agus fad saoghail ag duilleabhar na gcrann agus ag bláthanna an ghuirt agus is amhlaidh sin do'n duine. Chan fhada a réim. 'Tchím na duilleógaí 'n-a luighe agus na bláthanna feodhuighthe; cuid de na duilleógaí atá 'san chlábar faoi chois agus an chuid eile ag damhsa roimhe an tséidean sidhe ar dhruim na gaoithe. Ní féidir le duine gan smaoitiughadh, ma théidheann mórán de'n chineadh daona suas ar eiteall imeasg na n-aingeal, go rachaidh, mo leun! an iomarcaidh a luighe go síorruidhe mar dhuilleógaí an chlábair faoi chosa na ndeamhan. An méid nar thuit go fóill de chúmhdach na gcrann cuirfidh an sioc, an ghaoth mhór agus an bháisteach go talamh iad, agus ní bheidh le feiceáil níos mó annsin acht easnacha loma tarnochta na gcrann ag feadalaighe go truaghcanta faoi gheurfach geimhridh mar mháthair a chaillfeadh a clann. Nach mar an gceudna do shliocht Éabha? Chuir an Tighearna an tsamhaltacht sin ós ár gcomhair le h-eagla go ndeánfadh sinn dearmad de'n bhás agus de'n am ghearr atá againn ar an tsaoghal seo chun oibre ar son na síorruidheachta. Tá a lán daoiní láidear, bríoghmhar, sláinteach fa láthair acht tig an bás luath go minic i lár na sláinte mar ghearrann sioc bán an fhoghmhair na cheud duilleógaí de'n chrann; cuid eile againn a bhfuil sé i ndán dúinn fanacht ar chrann na beathadh mar na duilleógaí donna go n-imtheóchaidh an sugh agus an bhrigh asainn, agus go dtuit- fidh sinn go talamh go mall, críon. Acht mall no luath an bás ní fada go dtí é. Is minic a cluintear seanduine ag rádh, nuair a airigheann sé fa bhás comráidigh no duine d'a aois fhéin: “Tá an t-am agamsa a bheith ag deánamh cnaipí anois.” Ní h-é sin atchím scríobhtha ar dhuilleabhar dhonn an gheimhridh act: “Bígidh uilig i gcomhnuidhe ag deánamh cnaipí.” Geallaim díobh nach bhfuil fear comh sona, sásta, sultmhar ar an tsaoghal seo leis an fhear chríonna atá i dtóllaimh ag deánamh cnaipí agus i gcomhnuidhe réidh fa choinne sioc bán an bháis. Na bíodh aghaidh ghruamdha ort, a léightheóir; ní fhuil féidhm leis. Ní fhuil gruaim ar bith ar éadan an domhain acht go dtig corr scáile ó'n neul a fholuightheas aghaidh na gréine, mar thig buaidhreadh agus trioblóid inntinne eadar an duine cóir agus an sonas. Acht ní chailleann an duilleóg a h-áilneacht, ní thréigeann a ghile an neóinín agus chá n-imthigheann an dearg ó'n rós ar a shon sin. Caith do phíopa, ól braon muna bhfuil geall agat 'n-a aghaidh no é crosta ort, deán do gháire go geal croidheamhail, gabh abhran, buail port, acht abair d'urnaighe agus seachan an peacadh. Deán déirce ar an bhocht mar 'gníonn an crann ar eunlaith an aeir, agus mar thugann sé scáth duit fhéin ar theas, ar fhearthainn agus ar ghaoith. Sil do dheóra leis an té atá cráidhte mar shileann an bláth an fhearthainn, agus tabhair moladh do Dhia ar son teas- sholus A mhaitheasa agus A ghrásta mar fhosclann an bláth a ailne agus a chumhracht faoi sholus gréine agus faoi dhrúcht maidne, agus beidh tú comh h-áluinn le duilleabhar na gcrann agus comh dathamhail le bláth na míne. Deir na feallsamhnaigh gur “lobhadh roda amháin geineadh roda eile,” agus is fíor é. Ní féidir le h-aon nidh a chuma do chailleadh gan cuma eigin eile theacht air; ní fhuil rud ar bith gan cuma eigin áirithe. Acht tá brigh eile agus ciall eile 'san chainnt adaí. Na duilleógaí a thuiteann, leasann siad an talamh, agus sul a mbeidh an geimhreadh thart, beidh an feur ag fás astu, bláthanna úra ag póradh aníos agus an sean-chrann maol geugach a thóg iad ag tarraint an bhrigh agus an sugh astu le clann óg duilleóg do chothughadh agus d'oileadh leis an tsean- léigheann nuadh eile do chur i n-iúl do'n chineadh daona. Is é seo an léigheann nuadh. Rachaidh cuirp na marbh 'san uaigh acht ní h-é sin a ndeireadh. Comh cinnte agus a fhásann bárr úr gach earrach, éireóchaidh gach corp d'a bhfuil 'n-a chual chaithte ó'n bhás. Ní thig le leabhar an domhain mórán níos mó d'innse fa'n cheist sin acht léirigh sí a sáith nuair a nochtuigh sí nach é an bás deireadh an duine. Caithfidh an duilleóg nuadh agus an bláth nuadh a éirigheann amach gach bliadhain as marbhthacht lom an gheimhridh imtheacht arís chun báis, mar a d'imthigh an méid a thainig rompa, le léigheann an bháis agus léigheann na h-eiséirghe do chongbháil i síor-chuimhne na ndaoiní, acht nuair a eireóchas an duine ní rachaidh éag air níos mó. Ar a shon san a fhásann agus a thuiteann an bláth, acht nuair a bheidheas seal amháin ag an duine, seal a fhiachala, beidh an t-anam ag feitheamh ar eiséirghe na colna, agus fanóchaidh an dís i dteannta a chéile ar feadh na síorruidheachta. Anois an t-am le h-áit chomhnuidhe do thoghadh. Go gcuiridh gein Chríost oidhche Nodlag séala na beathadh suthaine orainn uilig, a léightheóirí. PÁDRAIG MAC GIOLLA CHEARA. Try F. P. Mac PARLAND (MAC PHARTHALÓIN) PUTÓG PHEADAIR NÉILL. (Air leanamhaint ó leath a 2.) “Da dtugadh amharc fiadhta bás duine, bhéadh Seán Mór marbh an oidhche ud. Ach sin a dtiocfadh le Peadar a dhéanamh. Bhí 's aige nach mbéadh maith dó ghabhail chun spáirne le Seán Mór. D'éirigh sé agus bhog leis amach. Níor phill sé an oidhche sin nó go ceann seachtmhaine i n-a diaidh, nuair a thainig sé fá choinne a chuid éadaigh agus muid uilig amuigh ag obair. “An obair a rabh mé fhéin ag gabhail duithe, reath sí tamall beag i n-a dhiaidh sin, agus b'éigin domh imtheacht liom a dh'iarraidh oibre i n-áit éighinteach eile. Ní rabh mé i dtigh Bhríghde Móire ó shoin ach chuala mé gur pósadh í fhéin agus Máirtín Seóighe an samhradh bhí chugainn i ndiaidh na Nodlag ud.” “BRÍGHID.”
DÁLAIGH RANN-NA-FEIRSTE. An lá fá dheireadh bhí mé i roilig Cheann-dubhrann i ndiaidh am Aifrinn. Chuaidh mé isteach a chur paidir' leis na dóirneálaigh gharbha ghlasa atá 'na luighe go trom- chodladhtach ar fhasgadh theac-a'-phobail leis na ciantaí. Cé casadh orm acht “Bríste Fuilliliú”! Bhí sé ar a dhá ghlúin agus é ceanntárnocht, ag guidhe go duthrachtach ins an choirneál den roilig a bhfuil Dálaigh Rann-na-Feirste curtha ann. Bhí mé ag éisteacht leis nuair a tháinig mé fá ghiota de, agus b'fhuras 'aithne go rabh a chuid athchuingtheach ag teacht ó n-a chroidhe. “Paidir agus Abhe Mária le cuid Dálach Rann-an-Feirste, Séamus, Aodh, agus Peadar Gréasaidhe, le má tchí Dia smál pheacaidh ar a n-anam, a nglóir a mhéadughadh, a bpiantaí 'laghdughadh, agus a' bealach a réidhteach daobhtha go Ríoghacht na bhFlaitheas.” Nuair a bhí an phaidir ráidhte ag an “Bhríste,” choisrioc sé é féin agus d'éirigh sé ó n-a ghlúine, agus dar liom go bhfaca mé fliuchlach i n-imeal a chuid súl. “A Mháire,” ar seisean liom féin, “is iomdha Milton tostach neamh-ghlórmhar 'na luighe go h-íseal thart fá dtaobh dínn.” Dubhairt mé féin go mb'fhéidir gur bh'iomdha Hampden ceannascach neamh-eaglach a bhí ann, agus Cromul neamh- chorthach i gcuid fola a thíre. Tháinig an “Bríste” liom ar an scéal, acht ba é a bharamhail gur bheag an t-suim don chineadh daonda a gcuid saighdiúir le taoibh a gcuid filidh. Sin an rud a chuir a mheabhrughadh mé ar chuid Dálach Rann- na-Feirste. Bí siad cúigeár deártharach ann nuair a mhair siad. Tá corradh maith le céad bliadhain ó shoin a bhí siad i n-a neart. Bhí siad ag obair os cionn chladach Rann-na-Feirste “lá an bhríste mhóir ar an fhairrge” mar dhéarfadh siad féin leis an lá a throid na Franncaigh agus na Sasanaigh thart a' cósta; agus bhí siad ag éisteacht go seoilléir le lámhach na ngunnaí. Ní rabh focal ar bith Béarla ag cuid Dálach Rann-na-Feirste. Ní rabh a dhath aca den rud a dtugtar léigheann air i dtír a bhfuil a h-anam díolta aicí ar dheich bpíosa 's fiche airgid. Acht faraor an difear atá eadar Rann-na-Feirste na h-aimsire sin agus Rann-na-Feirste an lae indiu, siud 's go bhfuil mé 'deánamh go bhfuil sliocht a gcuid cainnte ar na daoiní go fóill, agus gur sin an rud a bheir Gaedhilic ann comh maith agus tá. An rud a ba lugha a thárlóchadh ar an bhaile, dheánfadh na Dálaigh ceol de. B'fhéidir go ndéarfaidhe nár b'fhiú filidheacht a thabhairt ar chuid mhóir dár chan siad. Acht dearc an snas a bhí ar a gcuid cainnte. Dearc an chluas a bhí aca, agus comh réidh agus thigeadh an chainnt leo. Agus cé déarfas nach rabh filidheacht ins an abhrán a rinne Séamus nuair a báitheadh a mhac, Pádruig, go h-áirid ins an cheathramhadh seo. “Mo mhallacht go buan fá bhruach a' chladaigh seo thíos 'Sé d'fhág d'aicme faoi ghruaim 's rinne gual domh-sa 'n-aice mo chroidhe 'Sé do chur ins an uaigh, monuar, d'fhág mise gan bhrígh Gan mhisnigh, gan stuaim, acht mo thruaill bhoicht ag imtheacht le gaoith.” Má's ins an mheadaracht atá do spéis gheobhaidh tú sompla maith annseo díthe. Dearc ar na fuaimeannaí seo ag fear gan “léigheann”:— Agus annsin dearc ar na smaointe iad féin gan trácht ar an deilbh innealta atá ortha. Mo mhallacht ar an chladach ar báitheadh mo mhach air. Agus chan indiu nó imbárach sin acht an dá lá 'bhéas de shaoghal agam. D'fhág tú brón ar do mhuintir uilig. Acht an brón a d'fhág tú ar d'athair bocht chuaidh sé thar a bheith 'cainnt air. Rinne tú gual dubh daithte de na chroidhe. A mhic, bhain tú luth na ngéag agus stuaim na h-intinne díom. D'fhág tú mo thruaill bhoicht mé ag imtheacht le ghaoith. An dtiocfadh smaoitiú ar a dhath níos cumhaidheamhla agus níos croidhe- bhrúighte 'ná an seandhuine bocht ar shiubhal fríd an t-saoghal dá shiabadh le gaoith agus dá chathamh le buaidhreadh? Sin sin fá Shéamus. Rinne Aodh ní ba mhó 'cheol 'ná Séamus, cé go rabh sé cruaidh air a bheith comh maith. Ghníodh sé an uile chineal ceoil — ceol molta, ceol cánta agus ceol grinn. Bhí sé oidhche amháin gheimhridh agus gan istigh acht é féin agus na páistí. Bhí Nábla Mhór — sin an bhean a rabh sé pósta uirthi — bhí sin ag áirneál i dteach na comharsann. Tháinig roisteacha gaoithe móire mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile. Thoisigh na súgáin a bhriseadh ar an teach, agus an tuighe a dh'imtheacht. Bhí Aodh mar chonnaic Dia é, ag iarraidh fóide a chur ar an teach agus ciall a chur ins na páistí a bhí ag scánnradh le h-eagla. I dtratha am-luighe shocair sé agus tháinig Nábla Mhór 'na bhaile. Bhí na páistí 'na gcodladh agus Aodh sínte suas a chois na teineadh ag ithe teallacháin. 'S iomdha fear eile a chuirfeadh brothlughadh feargach uirthi cionn is a fhágáil leis féin agus na páistí agus an ghaoth mhór sa mhullach air i gcuideachta a chéile. Acht seo mar dubhairt Aodh é. “D'imthigh tú uaim, a Nábla, Gan dealughadh cléir nó pápa Agus d'fhág tú ar an árd mé Le scártha 'gus le guais 'S gur shíl mé l'achan gháladh Gur amuigh i bpáirc a' Chárnáin, A gheobhfaidhe mé 's mé báithte 'S mo chár orm le fuacht.” Tá fuamannaí íongantach deas ins an cheathramhadh seo. Agus annsin an greann. Nar chuma liom tú imtheacht a dh'áirneál a Nábla, murab é an dóigh ar imthigh tú — gan cead fhághail ó chléir nó ó phápa. Agus an eagla a bhí orm nuair a shíl mé go siabfaidh mé féin agus an teach trasna an bhaile agus go bhfuighfidhe annsin báithte ar maidín mé. Agus char chás sin, acht an dóigh a mbéinn 'mo luighe marbh agus cár orm le fuacht. Dubhairt Nábla nach rabh aon dhuine ag dúil go dtiocfadh a leithéid de ghaoith agus an ciúnas a bhí ann tráthnóna. Acht bhí fhios ag Aodh goidé ba chionntaighe leis. Muintir an t-saoghail úd eile a tharraing uilig é. Chonnaic sé iad le na dhá shúil. Seo mar d'innis sé do Nábla é. “Nuair a bhí muid geanamhail sásta Gus chodail muid na páistí, Gach míle straip 'a bhfuair bás ariamh 'S a gcnámha sa luaith Rinne fear aca sin gáire Agus chuir fear eile cár air ‘Béidh tú linn, a Dhálaigh Nuair a dheánfaimid ar gcuairt.’” Muintir an t-saoghail úd eile na gcual chnámh sa ghríosaigh! Tháinig siad agus thóg siad an ghaoth le n-a cur i gcuimhne dó gur bheag a chumhacht. Annsin nuair a chruinnigh siad thart fá'n teinidh, rinne fear aca gáire leis — b'fhéidir fear muinteardha dó lá den t-saoghal — acht chuir fear eile cár air féin. Béidh tú linn a Dhálaigh nuair a dheánfaimid ar gcuairt! B'fhíor é. Tháinig an lá a mb'éigin don Dálach a ghabháil i gcuideachta na cuideachta. Bhí toicidhe ins an chomharsain agus ba mhaith leis ceol cánta a dheánamh do fhear a rabh sé féin 's é féin amuigh ar a chéile. Chuaidh sé fhad le Aodh agus d'iarr air abhrán géar cánta a dheánamh don fhear eile. “Feann é agus lom é go dtí na cnámha,” ar seisean, “agus bhéarfaidh mise luach do shaothair duit — cóta mór.” Chuaidh Aodh na bhaile agus seo an cheathramhadh a rinne sé: “Gheall a' bodach éadach dathamhail domh, dá dtéidhinn a dheánamh ceoil dó, A chumhdóchadh ó'n fhearthainn mise maidín a's tráthnóna. Chan dith nar bh'feárr liom agam é, acht chreathnuigh mé fá'n ócáid Dhiúlt mé roimh an pheacadh, 'gus ní ghlacfainn uaidh 'chóta.” Is minic a ghealltar pléisiúr cealgach an t-saoghail agus na colna dúinn. Is doiligh cur suas daobhtha gan cuidiughadh Dé, gan diúltadh roimh an pheacadh. Thuig Aodh Ó Domhnaill goidé comh deacair agus bhí sé cur suas de'n chóta mhór a ghlacadh. Ba mhaith leis aige é. Agus ar ndóighe ba mhaith linn uilig cóta mór de cineál éiginteacht againn. Is cosamhail gur leannán atá ann a shiubhaileas linn. Cuireann sé duine a smaoitiughadh ar an bheirt a fágadh sa ghárradh fad ó shoin. Mo chreac nar dhubhairt siad nuair a thairg an boc dubh an t-ubhall daobhtha, “Chan dith nár bh'fheárr liom agam é acht chreathnuigh mé fá'n ócaid Dhiúlt mé roimh an pheacadh 'gus ní ghlacfainn uaidh 'chóta.” Bhí sean ghréasaidhe a bhí ar siubhal ag aoidheachtaigh, bhí sin oidhche amháin toigh na nDálach. Oidhche lom léanmhar shneachta a bhí ann. Tamall beag i ndiaidh a dhul ó sholus de, isteach le Aodh agus é costárnocht ceanntárnocht agus
cliabh mónadh leis. D'amharc an sean-ghréasaidhe ar an dá chois dhearga agus ar an bhrat sneachta a bhí ar an fhear a tháinig 'un toighe. Agus cé go rabh sé amuigh air a bheith ceathardha thug sé sean-phéire bróg agus bearrad do Aodh. Ar maidín an lá thar na bhárach tharraing Aodh air ceathramhadh cheoil: “A Nioclais, 's tú scaith na bhfear saor De Chlanna na Míleadh tréan Ba dúthcha bheith 'dTeamhar 'do righ, 'S tú d'fholaigh mo mhaol aréir Leis a' bhearrad ba ghile 'ná 'n t-aol 'S a breacadh bhí fríd le scéimh; 'S ó d'éag sé Cathbharr as Midhe Béidh tusa do righ na dhiaidh.” Ní rabh dúil ar bith ag Séamus ins an ghréasaidhe. Chonnacthas dó go bhfuair sé moladh nach rabh tuilte aige. Seo an freagar a thug sé ar Aodh: “Ná creidigidh 'n fhocal ó Aodh Dá gcanfaidh sé 'choidhche 'gceol, Ó luaith sé gorfaidh an fear groidhe, A mharbh a' Muimhneach mór. Cathbhárr a scabfadh gan mhaoidheamh Airgead, maoin, a's ór, Mo mhallacht don fhear a chuir síos é Do shean Nioclas maol na mbróg.” Níl annseo acht beagan beag de chuid ceoil na nDálach. Cá bhfuighfeá a leithéidí anois? Ó, Dhia, an méid tá caillte againn! Is neamh-íongantach an deor a bheith ar an t-súil ag “Bríste Fuilliliú” nuair a théid sé isteach 'na roilige i ndiaidh am Aifrinn Dia Domhnaigh. Ní rabh dochar ar bith dó a rádh gurab iomdha Milton tostach neamh- ghlórmhar a tháinig 'un t-saoghail agus d'fhág arís é gan iomrádh ar bith a chluinstin fá dtaobh de. B'fhéidir go bhfuil ríghte ins an uaigh chéadna nár chaith ariamh coróin, b'fhéidir go bhfuil taoisigh airm inntí nár bheir ariamh ar chlaidheamh. Agus is cinnte go bhfuil filidh inntí agus gan duine le deor a shileadh os a gcionn acht mo “Bhríste” beag dáimheamhail déagh-chroidhtheach “Fuilliliú.” Máire. AN CUMANN URRADHAIS GAEDHLACH GENEREÁLTA IS MÓ IS É — An Gaedheal-Chomhlucht Taighdhe um Urradhas Náisiúnta, Teoranta. (The Irish National Assurance Company, Ltd.) Gustal (1923) suas le £115,000; Ar Iasacht suas le £150,000. An gnó a ghníthear: SAOGHAL, DÓIGHTEÁN, TIONÓISC — GHLUAISTEÁIN, BANNAÍ DÍLSEACHTA AGUS URRADHAIS GHENEREÁLTA. Is le n-a Gaedhil agus fá stiúradh na nGaedheal an Comhlucht so. Príomh-Stiúrthóir: D. P. Ó Gallchobhair, A.L.A.A. Árd-Oifig: 30, Faithche an Choláiste, Áth-Cliath. Galar na Gaedealtachta. D'imthigh mé mar d'imtheochadh mo shnuadh agus mo ghné D'imthigh mé mar d'imtheochadh fáinne an lae D'imthigh mé mar d'imtheochadh an sneachta ó'n ghréin Ná mar bhéinn ar oileán, thiocfadh tuile orm agus bháithfeadh sí mé. Chaith mé tamall indiú 'mo shuidhe ar shean-dhroichead na Cranach, ag taoibh chaisleáin Chathaoir Mhóir Uí Dhochartaigh. Duine dó-shásta nach mbéadh pléisiúr a chroidhe air ag amharc ar an áit a bhí ann — an abhainn ag teacht anuas chugam agus comh tiugh agus thiocfadh le crann seasamh ar a cuid bruach. Eadar an dá lá Samhna agus mar tá sé, is deas na crainn go fóill, cuid aca tárnochta; cuid eile ruadh leis an aois; cuid acú atá glas agus a bhéas glas go deo. Bhí Loch Súilighe ar thaoibh mo láimhe clí, fá na cuid uisce chiúin cheodhaigh agus a cuid cladach árd uasal. Tháinig smuaintigheacha fríd mo cheann. Ba mhaol an inchinn nach spreagfadh an áit a rabh mé. Nuair a bhí an sean-chaisleán seo, an “fothrach folamh gan áird,” na dhún úr óg dhaingean agus sleanntracha na nDochartach fá na chuid geaftaí, agus tormán a gcos ar a chuid staighrí, bhí Éire Gaedhealach ó cheann go ceann. Bhí an teanga 'ghá labhairt ag íseal agus ag uasal. Ní rabh an tír saor, acht bhí náisiúntacht na tíre saor 'san am soin. Nár mhillteanach an t-áthrach a rinne trí chéad bliadhain! D'amharc mé thart. Bhí Bun Cranach ar mó chúl, baile beag Gallta gan focal Gaedhilge, gan nós amháin de chuid ar sinnsir ag na daoinibh ann. Béarla agus Galántas. Acht ce'r bh'iongnadh an sgéal a bheith mar bhí. Bhí a gcuid saighdiúr agus máirneálach i dtólamh ag na Sasanaigh annsin, agus de réir a chéile, thoisigh na Gaedhil ghránna a dhéanamh aithrise orthú, go dtí gur fhóghluim siad a ndóigh, agus go dtearn siad dearmad de na ndóigh féin. Le na chois sin, nuair a thoisigh bunadh an bhaile a chur suas siopaí agus a dheánamh airgid, thoisigh siad a dheánamh úsáide de'n Bhéarla. B'éigean daobhtha a bheith ag deánamh gnaithe le lucht Bhéarla, agus ar an ádhbhar sin, chuaidh siad a dheánamh úsáide de'n teangaidh Bhéarla. Ní rabh focla anns an Ghaedhilic a d'fhóirfeadh i ngnaithí de'n tseort sin, agus is dóiche nach rabh umhail ar bith ag lucht na siopaí ar fhocla úra a chumhadh fá choinne na h-ócáide. Chonnaic muinntir an bhaile na neithe maithe a bhí ag lucht an airgid, na toighthe, an trioc, agus na gléasraí marcaidheachta, agus dá réir sin, — rudaí nach raibh ainm daobhtha anns an Ghaedhealtacht, an áit nach bhfachtas a léitheid ariamh. Ní rabh amuigh san Ghaedhealtacht acht cróanna ceann-toigheadh, agus gan aon bhall trioc annta acht leapthacha, cathaoireacha agus b'fhéidir seort tábla. Ní fhacaidh siad agus ní chualaidh siad iomrádh ar drawing-room, sitting-room, carpet, sofa, piano, agus na fiche rud eile a bhíos i dtoighthe toicidheanna, rudaí leoga a mbéadh obair agam-sa ainm a chur ar a leath. Acht is air a bhí mé ag cainnt, chonnaic muinntir an bhaile bhig na rudaí galánta seo ag na toicidheanna agus rinne siad fhéin a ndícheall le oiread acú a fhágháil agus thiocfadh leo. B'fhearr, dár leo, sófa ná sráideóg, agus piano 'na trumpa maide, agus ar ndóighe b'fhearr iad, dá mbíodh gan dadadh eile a bheith sa cheist. Agus bhí ainmneacha Béarla ar na neithibh seo. Bhí siad ró-choimhthightheach le na meascadh fríd an Ghaedhilic, agus canadh i mBéarla fá dtaobh daobhtha. Rud beag eile, ní rabh an Ghaedhilic galánta ní b'fhuide ó briseadh na clanna agus ó d'imthigh na flatha, agus ní fhacas de lucht na mbailteach beag gur chóir trácht ar na rudaí galánta seo a fuair siad isteach o'n Ghalltacht i dteangaidh an dreama nach bhfacaidh ariamh iad. Ní'l ann seo acht sompla amháin de'n chineál rudaí a d'athruigh lucht na gcathrach ó thús, lucht na mbailteach beag 'na dhiaidh sin, agus a d'fhág nósaí na nGaedheal agus teanga na nGaedheal scaithte i n-eabar sléibhe agus fá chamuis uaigneacha cladaigh. Crann na Gaedhealtachta. D'amharc mé ar na crainn. “Sin an chathair,” arsa mise leis an ghaoith a bhí ag teacht anuas an loch, “sin an chathair, an crann lom gan duilleog ó bhun go bárr air. Is é a chaill an duilleabhar ó thús, agus is é is gaiste a chuirfeas air a chulaith ghlas anns an Earrach. Sin an baile beag an crann a bhfuil an chluimh sheang go fóill air. Is mall a nochtas sé é fhéin, agus is mall a chumhdochas sé é féin arís. Agus sin an Ghaedhealtacht,” arsa mise le
crann cruaidh cuilinn a bhí taobh thall damh, “atá glas go deo a fhad agus mhairfeas Éire 'na násiún.” Acht ní chosamhail go h-iomlán Éire leis an choillidh chrann seo. Nuair a thiochfas an tEarrach, béidh na crainn uilig glas agus an ghaoth fhionnfhuar ag baint ceoil asta, agus éanlaith na spéire ag seinm ar a gcuid craobhacha. Acht, an bhfóghluimneochaidh lucht na cathrach nósaí agus teangaí a dtíre? An n-éireochaidh na bailte beaga Gaedhealach? An bhfanochaidh an tsean-dóigh beo anns an Ghaedhealtacht? Is deacair a rádh. Deárfaidh mé fhéin an méid seo: Tá uchtach mhór agam as na cathrachaibh. Tá uchtach agam as an Ghaedhealtacht. Acht cuireann na bailte beaga in éadóchas mé. Tá mé 'mo shuidhe annseo i sitting-room. Tá piano 'san choirneál sin thall. Tá leabhar ceoil caithte ar a sofa ag na thaoibh. Seo an liosta atá ar an chéad duilleóig: ALL PLUMS. Selection of popular successes arranged by William B. Godfrey. Last Night on the Back Porch. Faded Love-letters. Just Holding Hands. That's The Tune. Little Dresden Shepherdess. Pal Of My Dreams. Boo Bah Blues. Honeymoon Chime. Spoony Loons. Mary Gray. When the Clock Strikes One, Two, Three. Sin Bun-Cranach agat. Ó, Dia go bhfóiridh orainn, a Chathaoir Mhóir Uí Dhochartaigh! Anois an bhfuil dochar damh a rádh gur deacair na bailte beaga a shlánughadh? Tá siad beag, suarach, saor, cosamhail leis an cheol sin. Tá siad ag iarraidh iad fhéin a dhéanamh mór. Tá siad ag éad leis an chathair agus tá droch-mheas ar an tír acú. Bunadh na gCathrach. Tá bunadh na gcathrach níos fusa a theagasg 'ná iad. Ní'l siad comh beadaidhe leo. Agus ar an taoibh eile, tá eagla orm go bhfuil an dóirneálach bocht ró-amaideach le diultadh de aithris a dheánamh ar lucht na mbailteach beag. Goidé a dheánfamuid? Caithfidh lucht na gcathrach a theacht agus a theacht ina slóighte, go dtí go gcruthochaidh siad nach dtéid cultacha síoda agus hataí “velour” agus Béarla i gcómhnaidhe i gcuideachta. Caithfidh siad a chruthughadh nach ionann oideas agus síbheáltacht agus teanga an Bhéarla. Caithfidh siad náire a chur ar lucht na mbailteach beag as a gcuid Galltachta. Bailighidh chugainn, a bhunadh Bhéal Feirsde. Ní h-é amháin go bhfuil céad míle fáilte romhaibh i dTír Chonaill. Tá muid de mbhur n-agar a theacht chugainn 'un na Gaedhealtachta agus sinn a shabháil. Taraighidh mbhur slóighte, mar ndán 's go gcaithfidhe sráideógaí a dheánamh i gcois na gclaidhtheach daoibh. IOLANN FIONN Coláisde Bhrighde, Oméith. Tiocfaidh an Samhradh geal 'S meallfar inn chun saoire; — Ca bhfuighfea aoibhneas seal Ní b'fhearr 'ná 'gColáisde Bhríghde! Chun bheith réidh i gcóir na laetheannnta sin ba cheart duit an dá leabhar “Oméith” agus “Lá na Cuirte” a léigheadh fa'n Nodlaig. Cuir fios ortha anois chuig AN RÚNAIDHE. AN GHAEDHEALTACHT. Cuairt a thugas ar an Ghaedhealtacht achar gearr ó shoin a chuir ag smaoineadh mé. “Badh cheart claidhe a chur timcheall na Gaedhealtachta agus gan leigean isteacht acht Gaedhilgeóirí,” arsa cainnteóir eicínt ag tionóil na Múinteóirí Náisiúnta faoi Cháisg seo caithte. Ba mhaith an moladh é sin gan aimhreas, acht ní'l a fhios agam an leór sin. Tá faitchíos orm nach leór. Tá an fhoghail déanta cheana fhéin agus mar sin, is séafóideach an rud an doras a dhúnadh taréis na foghlach. Sílim féin nach mór a dhul go croidhe na Gaedhealtachta agus an sop agus an salachar a ghlanadh amach sul má cuirtear fál ar an ghort. B'fhéidir nach bhfuil sé furust an obair seo a dhéanamh, acht ní mór iarracht a thabhairt, agus a thabhairt go luath fosta, mar tá an Ghaedhilg dá marbhúghadh go tréan san Ghaedhealtacht. Seadh, a leightheóir, deirim, i n-aoinfheacht le í a bheith ag fághail bháis, go bhfuil sí 'ghá marbhughadh chomh mhaith gan tais gan trócaire. Muna bhfuil dul amúgha orm, 'tchíthear dom gur dhubhairt Easbuig áiridthe, tuairim's ar chúig bhliadna ó shoin, nach bhfuigheadh aon ughdar-sagairt in a bhFairche féin Órd Beannuighthe muna mbeadh eolas measárdha aca ar an Ghaedhilg. Maith-go-leór, acht cad chuige a gcuireann cuid de na h-Easbuig chéadna Sagairt nach bhfuil eolas maith aca ar an Ghaedhilg isteach i bparáisde nach labhartar ann acht Gaedhilg ó cheann ceann na bliadna?” Chaith mé mo laethe saoire an samhradh seo caithte — má bhí aon t-samhradh ann — i bparáisde in a labhrtar an oiread — no b'fhéidir níos mó — Gaedhilge le aon pharáisde eile i n-Éirinn. Ní'l focal le cloisteáil ó óg ná ó aosta acht an Ghaedhilg, agus mo léan! nach aca atá sí go binn, blasda. Ní h-í an Ghaedhilg bhriste, bhriotach, mhanntach, tá aca. Ní h-í, ná an Ghaedhilg oifigeamhail acht an oiread, is beag an baoghal, acht scoth na Gaedhilge a fuaireadar ó na sinnsear. Tháinic an Domhnach, agus chuadhas chun an Aifrinn. Bhí tuairim's ar chúig chéad duine i dTeach-an-Phobail agus ar an chúig chéad seo bhí cúigear nár thuig an Ghaedhilg, fiche duine a thuig Gaedhilg agus Béarla ar fheabhas, agus an t-earr-is-barr de'n phobal nár thuig acht Gaedhilg amháin. I n-áit mar seo cheapfá, ar a laighead, nach mbeadh riachtanas ar bith faoi'n domhan le Béarla, agus go mbeadh seanmóir bhréagh Ghaedhilge le cloisteáil gach Domhnach san bhliadhain. Nuair a bhí an t-Aifreann beagnach críochnuighthe d'iompaigh an sagart thart agus thug seanmóir uaidh. “I n-Gaedhilg,” arsa tusa. Go deimhin agus go dearbhtha is fearr fhios agam-sa é a bhí i láthair; ní i nGaedhilg, acht i mBéarla. “B'fhéidir nach rabh aon Ghaedhilg aige,” arsa tusa. “Ní'l in b'fhéidir acht bacach,” ars' an Gaedhilgeóir. Acht muna raibh sí aige cad chuige ar cuireadh ann é? Chad chuige nár cuireadh Gaedhilgeóir i na áit? Agus má bhí sí aige cad chuige nár labhair sé í? Ní'l fhios agam cad chuige, acht tá fhios agam an méid seo — go raibh Gaedhilg aige. Ceist agam ort, a léightheóir. Ce'n fáth nó cé'n t-ádhbhar do shagart ar bith iompúghadh thart ag tabhairt seanmóir i dteanga nach féidir le furmhór an phobail a thuigsint nuair is féidir leis san am chéadna labhairt i riocht is gé mbéadh gach duine san phobal, acht cúigear, i ndon é thuigsint? An bhfuil anamacha an chúigir sin níos tairbhighe 'ná anamacha an chuid eile de'n phobal? Má tá, níor múineadh an Creideamh ceart domh-sa i dtús m'óige. CUAN-AN-FHIR-MHÓIR. AN LÉIGHEANN TÚ PÁIPÉAR SEACHTMHAINIÚIL CHONNRADH NA GAEDHILGE “Fáinne an Lae”? SÍNTIÚSAÍ (saor tríd an bpost): Ráithe … 2s 9d Sé Mhí … 5s 5d Bliain … 10s 10d Nótaí ar chúrsaí léighinn do na scoileanna. Aistí ag na scríobhnóirí is fearr. AN BAINISTEOIR. 25 Cearnóg Pharnell, 'Áth Cliath.
I dTIR NA hOIGE. AN LUACHRAMAN. 1. Bhí gréasuidhe-bróg 'na chomhnuidhe air thaobh Bharr-'n-Fheadáin, uair amháin, arbh ainm dó Séan A' Dheacair. Cha raibh dóigh-theacht-i-dtír mhaith aige, 'chionn 's go mb-fhéarr leis ariamh sleanna a chur air an toigh-leanna ná tuigheadoireacht a dheanamh air a shean-toigh fhéin. D'óladh sé a dtuilleadh sé, 'sa thuilleadh, dá bhfuigheadh sé é. Oidhche Shamhna amháin, nuair a bhí sé 'na shuidhe i dToigh- leanna 'Rácáin, thíos i gCor-na-muclach, dubhradh leis go mbéadh sé saidhbhir, acht greim fhághail air luachraman an oidhche ud. Fuaidh sé amach, agus luigh sé i bhfolach amuigh san pháirc. Tuairim's a dhá bhuille déug, chualaidh sé torann, cosamhail le casúr 'a bhualadh air bhróig. 3. “‘Sin é anois,” arsa seisean leis fhéin, agus air ndóigh, nuair a fuaidh sé suas giota beag, chonnaic sé an luachraman 'na shuidhe air fhás-a'n-oidhche. Dhruid Séan leis go h-aireach, agus fuair sé greim coise air an fhear beag. “Cha leigim air shiubhal thú,” arsa Séan, “a'mur dteis'eanfaidh tú an áitigh 'na bhfuighfidh mé an crócán óir.” “Teis'eanfaidh mé sin duid,” arsa'n luachraman. “Bhfeic' tú an chloch mhór atá thall 'san pháirc adaí? Tá an crocán óir i bhfolach faoí'n chloich ud.” 4. Leig Séan an luachraman air shiubhal, agus cha dteachaidh sé fhéin fá scith-iste an oidhche ud. Maidin lá'r na bhárach, fuair sé spád agus piocailte, agus bhain sé síos 'san talamh faoí'n chloich mhóir; agus tuairim's naoí dtroighthe thíos, thainic sé air bhocsa beag. Thóg sé aníos go h-aireach é, agus bhain sé an clár don bhocsa. Bhí casúr agus meanaithe istoigh ann, agus litir 'na raibh an nóta seo scríobhtha: “Obair thusa go cruaidh leis an chasúr agus leis an mheanaithe seo, agus, sol a bhfuighfidh tú bás, gheobhaidh tú an crocán óir, a's béidh tú saidhbhir.” 1. Air thaobh Bharr 'n Fheadain — on the side of the Flagstaff Hill. Sean A' Dheacair — John Hardy. Doigh-theacht-i-dtir mhaith — a good livelihood. Chionn's go mb-fhearr, etc. — Because he preferred to slate the public-house than to thatch his own shanty. D'oladh se, etc. — He used to drink all his earnings, and more if he could get it. 2. Luacraman — a leprechaun or “loughery-man.” 3. Fas-a'n-oidhche — mushroom (pron. Fasenay). 4. Cha dteachaidh se, etc. — He did not retire to rest. FEIRÍNÍ NODLAG Do ghach aoinne. CIARSIUIR LÍN-ÉADAIGH I mBOSCAÍ DEASA. CARABHAIT SRÓILL AGUS GIOBÓIL. LÁIMHINÍ AGUS SGATHA-FEARTHANNA DO NA MNÁ AGUS NA FIR. FAOI-CHASÓGA OLNA. Mac Gabhann agus Ó Lochrann, Éaduightheóirí, 65, SRÁID CHLANN-BHREASAIL, DÚN DEALGAN. AN t-ULTACH. UIMHIR NÁ FEIL' BRÍGHDE. SGEULTA Ó MHÁIRE, THAOBHOG, ÓIRGHIALLA AGUS SHEAN Ó BRÓIN. AISTÍ Ó DHONN PIATT AGUS FHLANN. LEATHANACH NA MÚINTEÓIRÍ. CEÓL — AN CAILIN RUADH (Eadar fhocla agus scoith). Luach — 3ph. AN LUCHÓG AGUS AN DREOILIN. (Sgéul air Lá 'le Stiophain.) Luchóg agus dreoilin a bhí pósta, uair amháin, agus bhí dóigh-theacht-i-dtír mhaith aca agus bhí siad ag tógáil a gcloinne go modhamhail agus bhí cuma na modhamhalachta orra fosda. Lá amháin, cha raibh a'n ghreim bídh 'sa toigh, agus fuaidh an luchóg amach chun biadh fhághail don chloinn. Bhí fear ag bualadh coirce ins an sciobol, agus fuaidh an luchóg siar faoí'n tsúiste agus baineadh an ruball dí. Theanntuigh sí 'na bhaile, agus nuair a thug an dreoilin fá dtear gur chaill sí a ruball, thainic corruidhe mhór air. “Gá rabh tú air feadh an lae seo?” arsa seisean leis an luchóig, “ag dul thart ag rácanaigh.” Thosaig an bheirt ag troid, agus throid siad air feadh na n-oidhche ud, agus maidin lá'r na bhárach fuaidh siad amach 'na páirce agus thosaigh an troid aríst. Thainic na h-eunlaithe beaga agus na h-eunlaithe móra ag iarraidh socrughadh a dheanamh eatorra, acht chlis orra agus thosaigh na h-eunlaithe ag troid eatorra fhéin. Char bh'fada go rabh an pháirc uilig lán d'eunlaithe. Cé thainic amach ag amharc orra acht Mac Rí na hÉireann, agus nuair a thug sé fá dtear go raibh an tIolar mór as Sasainn 'san pháirc, fuair sé gréapa agus chuir sé isteach i ndruim an Iolair é. D'éirigh an tIolar' san aer, agus Mac Rí an hÉireann air a dhruim, agus an gréapa saithte eatorra; agus char stad an tIolar gur thuirling sé anuas i bpáirc mhóir faoí thoigh Rí Shasana. “Gá h-é thusa?” arsa Rí Shasana le Mac Rí na hÉireann. “Mise Mac Rí na h-Éireann.” “Sé d'athair an rógaire is mó 'a raibh in Éirinn ariamh,” arsa Rí Shasana, agus thlig sé Mac Rí na hÉireann isteach 'na phriosúin. Chuir Rí na hÉireann litir anonn chuige Rí Shasana ag ársuidhe dó a mhac a leigint amach. Dubhairt Rí Shasana nach ndeanfadh sé a léitheid. D'éirigh cogadh eatorra — an cogad 'a mhó da raibh in Éirinn nó i Sasainn ariamh. Agus nuair a bhí an cogadh thart, cuireadh an dlighe air an luchóig agus air an dreoilin. Daoradh iad, agus tugadh breitheamhnas go gcuirfidhe pinnidhe (bioráin) i súilibh na luchóige agus go dtarrain'eochthaidhe an dreoilin fhrid mearagan gach'n Lá 'le Stiopháin. (D'ársuigh Áine Ní Lorcáin, Oméith, an sceul seo dhamh.) MUIREADHACH MÉITH. CISTE AN ULTAIGH (Ó Mhí na Feil' Eoghain go Mí na Nodlag). Sagartaí Árdmhacha (Cnuasacht a bailigheadh, Seachtmhain an uaignis) … £8 15s 0d Tríd Cholláisde N. Mhuire, Beulfeirsde … £2 10s 0d An Sagart Peadar Mhac Niallghuis … £1 0s 0d An Canonach Ó Liathain, Baile Átha Fhirdíadh … £1 0s 0d An Sagart Peadar Ó Corcráin … £1 0s 0d An Sagart Pádraig Ó Maoldhomhnaigh … £0 10s 0d An Sagart Domhnall Mhac Gaoithin, Magh Nuadhat … £0 10s 0d An Sagart Tomas Mhac Canna, Baile Uí Dhálaigh £0 10s 0d M. F. Ó Mathghamhna, O.S., Collán … £1 0s 0d Neillidh Bean Mhic Chormac, Oméith … £0 10s 0d M. Mag Uigin, Beulfeirsde … £0 10s 0d Proinnseas Ua Meallain … £0 10s 0d Anton Mac Coilleadh, Baile Átha Cliath … £0 10s 0d Proinnsías Bean Mhic Phaidin, Tearmon-Feichín £0 10s 0d Eoin Ó Gallchobhair, Port, Spionóg, Tír Chónaill £0 6s 0d Duine gan ainm … £0 5s 0d
DROICHEAD-ÁTHA TRÍD PICTIÚIRÍBH. Fuaireadh tamaillt des na blocanna seo ó Chómhlucht Seandachta Co. Lughmhaighe. St. Lawrence's Gate at Droghedah. GEAFTA N. LORCÁIN Mar bhí sé i 1748. (B'fhiú an pictiúir seo a chur i gcomortas leis an gheafta mar tá sé indiu.) TÚR MHAIGHDLÍN. (An t-aon iarsma amháin atá fágtha againn de'n mhainistir móir a chuir an tÁird-easpog Lúcás Neadarbhil air bun i 1224. Tcídhthear ó'n traen é, 'na sheasamh go mórdhalach air chiumhais chlí na Bóinne.) DROICHEAD-ÁTHA I 1798. (Tabhair fá dtear na rudaí seo: Droichead na dtrí n-áirse; Cloigtheach N. Pheadair; an charraic mhór air an láimh dhéis; an cár agus na rothannaí tacamhla faoí; an brat Sasanach air an luing; Eagluis N. Mhuire; Mill- mount, etc.)
LÉARSGÁIL DHROICHEAD-ÁTHA I 1749. RÍ LÍAM AG DUL TRASNA NA BÓINNE.
“AN t-ULTACH.¬ CUNNTAS SOCHAIR AGUS DOCHAIR, 1924. DOCHAR An t-Ultach — Clodóireacht eile £140 0s 0d Páipéireacht agus Clodóireacht eile £9 16s 0d Costas an Phuist £19 17s 6d Fógra agus Costasaí beaga £2 5s 6d Breis an tSochair air an Dochar £2 9s 7d £174 8s 7d SOCHAR. Sintiúsaí bliadna £50 1s 3d Díolaidheacht £38 17s 5d Fógraí £9 1s 5d £98 0s 1d Féiriní £76 8s 6d £174 8s 7d NÓTA — Tá tuairim's £14 amuigh air dhíolaidheacht agus fhógraidheacht, nach bhfeil trácht air 'san Chunntas. ULTACH NA NODLAG. 1924. Uimhreacha 11 agus 12. Raol a Luach. Tá bliadhain mhór caithte anois ó cuireadh an tULTACH amach an chéud uair, agus tá súil againn go bhfeil ga'n dhuine d'ár lucht léighte sásta go bhfuair sé luach a chuid scilling. Nuair a thosaigh-muinn air an obair seo, cha raibh fhios againn goidé bhí i ndán dúinn, acht, air ndoigh, bhí sé ceaptha againn an páipéur a choinneált air siubhal leith-bhliadhain air a laighead. Támuinn fíor-bhuidheach do Dhia anois gur éirigh linn chomh maith sin. Rinneamar ar ndícheall leis an páipéur a bhisiughadh in aghaidh na míos, agus chan orrainn atá an locht nach bhfeil an tULTACH níos deise ná mar atá. Támuinn croidhe-bhuidheach do na daonnaí a chuidigh linn, agus do na daonnaí, fosda, a líon an tULTACH á mhí go mí le n-a gcuid scríbhne. Caithfidh-muinn dearcadh roimhe linne anois. An cunntas atá air thuas, cuireann sé air ár súile dúinn nar dhíol an tULTACH a's fhéin air feadh na bliadna seo caithte. h-Íocadh amach corradh a's £170, agus chan fhuaireamar isteach, eadar dhíolaidheacht, síntiúsaí bliadna agus fógraí acht £98. Is léir go mbéadh an bás i ndán dúinn tá fad ó shoin acht ab íad na cáirde flaitheamhla a bhronn £76 orrainn. A léightheóir na míne, tá deireadh na bliadna seo ag tarraingt orrainn, agus b'fhéairrde duit scrúdughadh coinnseasa a dheanamh. An fiú an tULTACH a choinneált beó? An bhfuair teanga na n-Ultach neart agus fuinneamh ó chraoibhscaoileadh a' pháipéir bhig seo? Má's fiú a choinneált beó, an rachadh agat fhéin cuidiu a thabhairt dúinn thar mar thug tú dúinn roimhe seo? Ar chuidigh tú leis na daonnaí a thug fógraí dúinn? Ar luaidh tú an tULTACH dóbhtha, air cheannacht a gcuid earraí duit? Ar dhubhairt tú ariamh le do cheannaidhe, le do ghréasaidhe, le do dhíoltóir leabhar, nó le fear deanta do chuid tobac, nach bhfaca tú a fhógra 'san ULTACH? An gcuireann tú an tULTACH a léigheadh i rannganaí an Chonnartha nó ins na scoltachaibh? Ar ársuigh tú dod' cháirdibh go bhfeil a léitheid dhe pháipéur ann? An dtearn tú iarracht air léightheóiri eile 'fhághail dúinn? Má rinn tú faillighe fá dtaobh de na rudaí seo, badh chóir duit rún daingean a dheanamh anois gan an fhallsacht agus an spadantas a leigint isteach ort aríst. Is léir, ó'n CHUNNTAS, go bhfeil cuidiu a dhíth orrainn go fóill. Fuaireamar tuairim's £76 d'fhéiríni air feadh na bliadna seo thart, agus tá dhá phunnt go leith 'sa’ Chiste anois. Do fhliuch ár mbéala leis an dúil don airgead nuair a léigheamar Clár Árd-Fheis Chonnradh na Gaedhilge, an Samhradh seo thart. Badh mhéanar dúinn 'a mbéadh Connradh taobh thiar do'n ULTACH. Acht chlis orrainn “Cómh-cheangal Gaodhal Uladh” a chur air bun, agus caithfidh-muinn iarratas eile a chur chuige na cáirde a chuidigh linn anuraidh. Fuaireamar féiríni ó sna daonnaí seo leanas (chuidigh an triúr aca linn, cheana fhéin, an bhliadhain seo thart): CISTE AN ULTAIGH, 1925. An Sagart Seán Ó Néill, Dún-Léire … £1 0s 0d An Sagart Enrí Ó Tuathghail, Dúndealgan … £1 0s 0d Pádraig Mac Giolla'n Átha, Árd-Mhacha … £1 0s 0d Tá súil le Dia againn go gcuirfear a thuilleadh den chuidiu seo chugainn. Béidh luach trí bpíghinn air an ULTACH feasda. Ní deanfar éirghe air an tsíntiús bliadna, acht tá sé ceaptha againn anois gan an tULTAC a chur amach níos mionca ná fá dó 'sa ráithce .i. le h-aghaidh na bhFeilte seo: Lá 'le Bríghde agus Lá 'le Pádraig san Earrach; Beultaine agus Lá 'le Eoghain san tSamhradh; Lá 'le Muire Mór agus Lá 'le Michil san Fhóghmhar; Samhain agus Nodlaig san Gheimhreadh. Beirt againn a bhí i mbun na h-oibre seo air feadh na bliadna thart. Cha raibh tuarastal ag a'n dhuine de'n bheirt — cha raibh 'a fhághail againn acht an trioblóid a bhain leis an chur amach. B'éigin dúinn an obair uilig a dheanamh, — eadar eagarthóracht, chraoibhscaoileadh, chómhfhreagarchas agus thimthireacht ghraithe. Char éirigh linn aon t-síntiús a thabhairt d'ár scríbhneóirí i ndíolaidheacht a gcuid saothair. Tá fhios againn nach raibh siad ag súil le n-a léitheid, acht, air ndóigh, badh chóir go n-íocfaidhe ga'n dhuine aca de réir a chirt. Uaireannta, luigheann an obair go trom orrainn, agus, air an ádhbhar sin, iarramuinn air na daonnaí, a bhfeil a gcuid síntiús bliadna caithte, gan a chur orrainn litreacha a chur chuca. Má tcí tú Stampa an Ultaigh air an dronnuillín air leathanach a 16, na teana neamairt ann, acht suidh síos agus cuir chugainn aithshíuntiús agus — má tá tú cothrom saidhbhir i maoin, féirín. Is fhéarr beagan congnaimh na mórán truaighe. Is beag mí da dtéidheann thart nach gcuirtear amach leabhar éigin a mheuduigheas an tsuim atá dha cur anois i nGaedhilig na nUltach. Cuireadh chugainn leabhar nuadh air na mallaibh — “An Fear Siúbhail, agus a chuid comharsnach,” a scríobh Seán Mac Meanman. Mám sgéaltach as mála fir siúbhail atá ann, agus tá fhios ag an tsaoghal gurab iomaidh rud a cuirtear in iúl do “lucht míre agaus mála” nach dtabhrann fear an ghluaisteáin fá dtear. Béidh léirmheas air 'sa chéud uimhir eile. Chan fheil amhras acht go bhfeil luach dhá scilling ann. “Preas Dhúndealgan” a chuir amach é. 'Seo chugainn, fosda, Iris an Fháinne (Samhain, 1924). Bhí eolas a chéirde aig an fhear eagair nuair a fuair sé tamaillt de lucht scríobhtha an “ULTAIGH.” Tá “Bríghid,” “Máire,” “Iolann Fionn,” “Cú-Chulainn,” “Simidín,” Eoin Ó Searcaigh agus Donn Piatt i gcionn pinn ann. Is leor nod don eolach. Na scribhneóirí a chuir aistí, etc., chugainn, agus nar éirigh linn fairsneacht a thabhairt dóbhtha, tá súil againn nach mbéidh siad 'na ndéidh orrainn. Gheobhfar áit dóbhtha san chéud uimhir eile. Támuinn buidheach do na sagairt agus do na Mnáibh Riaghalta toisg an méid díobhtha atá ag léigheamh an ULTAIGH, agus a chuidigh linne an páipéur a choinneált air a bhonnaibh. Tá athas orrainn a bheith air son an scéul seo a ársuighe do na daonnaí a bíonns i gcomhnuidhe ag gearan fa dtaobh de na hEaglaisigh a bhfeil náire orra faoí n-a dteangaid dhúthcáis. MUIREADHACH MÉITH.
AN CÁIRDINÉAL GAODHALACH. 'Siomaidh aiste agus sgéul molta a scríobhadh air an Cháirdinéal, ó fuair sé bás tá mí ó shoin anois, acht is beag tagairt a rinneadh do'n chuidiughadh a bheireadh sé d'obair na Gaedhilge tuairim's fiche bliadhain ó shoin nuair a bhí Connradh na Gaedhilge lag. Chan cuimhneach le Gaodhail óga an lae indiu na bliadhanta ud; agus tharla an oiread sin de rudaí iongantacha le seal bliadhanta thart anois nach mó go rachadh aige na daonnaí aosda cuimhne a choinneált orra. Tír-Chónailleach ab eadh an Cáir- dinéal, a raibh Gaedhilig aige o'n bhroinn. Nuair a bhí sé 'na shagart óg, bhí sé ag teagasc Gaedhilge i gColáisde Mhuighe-Nuadhat. Bhí spéis 'sa Ghaedhilig aige i gcomhnuidhe, agus is minic a thigeadh sé chuig an Oireachtas agus chuige na Féiseanna, chun comhairle a thabhairt do na daonnaí an Ghaedhilig a fhoghluim agus a labhairt eatorra fhéin. Is fada an lá anois ó chonnaic-muinn é ag an chéud Fheis in Oméith (Lá an Phátrúin, 1902). I ndéidh oráid bhréagh a thabhairt uaidh, d'iarr sé air lucht stiúrtha na Feise beirt nó triúr de na sean- daonnaí a thabhairt aníos chuige air an ardán. Cuireadh suas Caithtí Ní Bhibinigh agus Neillidh Ní Anluain — agus mar dhubhairt Caithtí, bliadhanta na dhéidh sin, “Cha leigfeadh sé do na daonnaí móra teacht i bhfogus dó 'chionn's go mb'fhéarr leis a bheith ag cainnt linne.” Gheobhadh Caithtí dhe chroidhe labhairt leis an Phápa fhéin, acht bhí Neillidh bhocht cúlánta roimhe le “Athair na nGrásta” mar thug sí air an Cháirdinéal. Acht má bhí sí 'na tost fhéin, bhí na smaointe ag teacht chuici. Bhí filiocht aicí ó'n bhroinn, 'chionn's gur scagadh a sliocht tré chaise d'fhuil na bhfilí móra ud, an Dall Mhac Cuarta agus an Bodharán 'A' Néill. Lá'r na bhárach, bhí amhran deas cumtha aicí air “An Lá Mór.” Chan fheil cuimhne agam anois acht air dhá bhéarsa de: Shuidhigh mé láimh le “Athair na nGrásta” aige Pátrún Oméith, 'San áitigh raibh sagairt a's bráithrí as grásda Dé, Bhí fir uaisle as ga'n áird ann, a's fir áiriste le réim, Ag craitheadh a láimhe 'sa hataí 'náirde aige Pátrún Oméith. Dha mbéinn mar ba ghnathach liom nuair bhíos aigeanta's óg, Bhainfinn fuaim a's an chláirsigh le h-árd-scoith mo cheóil, Agus d'ársochainn scéul dó le honóir as le feidhm, 'Sé mbhur gcéud míle fáilte chuige Pátrún Oméith. Bliadhain 'na dhéidh sin aríst, thainic sé arais chuig an dara Feis. Cuireadh 'na shuidh é i lár palliúin mhóir an t-am seo, agus d'fhan sé 'na shuidhe annsoin air feadh ceithre uair an chluig, ag éisteacht leis na sgéaltaí agus na ceólta agus ag baint téamfaidhe a's na seandaonnaí. Nuair a bhíomar ag smaoineadh air Coláisde Samhraidh a fhoscailt in Oméith an chéud uair, chuidigh sé linn agus thug sé uchtach dúinn an obair a thabhairt a's láimh. 'San phictiúir air an leathanach seo, tcídthear é ag tabhairt oráide uaidh, an lá ar foscladh Coláisde Bhríghde í 1912. Ba mhór an tógáilt chinn a tugadh dúinn an lá sin nuair a chonnaictheas Comharba Phádraic, an Cáirdinéal Gaodhalach, ag dul suas air an ardán chun comhairle a thabhairt do mhuintir Oméith Gaodhlag feardha firinsgin Oméith a choinneált beo agus a labhairt eatorra fhéin. Uaireannta 'na dhéidh sin, thigeadh sé chuige na ceol- chuirmeacha ins an Choláisde. “Tá súil agam gur thaitin an Concert seo led' Mhórdhacht,” arsa sagart leis, oidhche amháin. “Och ,och,” arsa'n Cairdinéal, “cha dtuigim an chuid Ó'n “Irish Independent” a fuaradh tamaillt dhe'n bhloc seo. is mó de'n nuadh-Ghaedhilig atá coitcheannta anois. Thuig mé na sean-daoine, 'acha'n fhocal, agus an t-amhran sin air an t-sean-chapall a cheol Peadar Ó Dubhda, acht níor thuig mé oiread 's a'n fhocal de na h-amhráin eile. Och, Och, Och, tá eagla orm nach mbéidh sibh ábalta an Ghaedhilig a thabhairt arais mar labhaireadh na sean-dhaoine í. Teanga nuadh air fad a bheas ann.” Bhí sé i láthair ag an Oireachtas i nDún-dealgan i 1915; acht tamall beag 'na dhéidh sin, d'éirigh amhras aige air an Chonnradh 'chionn's gur shaoil sé go raibh an iomadaigh poilitidheachta ag baint leis an obair. Dubhairt sé i 1918 go raibh a dhóigh agus a dhóchas fhéin ins na Coláisdí Samhraidh. 'San Litir Thréudaigh a scríobh sé anuraidh, mhol sé dos na daonnaí na rinncí Gaodhalacha a chleachtadh agus scur de na droch-dhamhsaí Gallda. Go dtugaidh Dia lóighidheacht líonmhar dó air neamh. Mac cliúmhail eile de Ghaodhaltacht Thíre Chónaill, d'fhuil uasail Dhálach na ndonn-sciath, a bheas 'na dhéidh in Árdmhacha. Is mór an misneach a bheireas sé dúinn Áird- easpog chomh Gaodhalach leis an Áird-easpog Ó Domhnaill a bheith i réim in Eaglais na hÉireann i láthair na huaire. MUIREADHACH MÉITH. NA FRANNCAIGH AGUS MUID-INNE. Má thug tú an deónú dí Sacsa nua darbh ainm Éire Bheith re a linn-se i láimh biodhbha Don inse is cóir céileabhradh. — File Ultach, 1580. Sacsa nua darbh ainm Éire! Tá trí céad go leith bliadhain imthighthe tharainn ón uair ar scriobh file as Oirthear Uladh na focla seo thuas, trí céad go leith bliadhain in ar throid na hÉireannaigh go mion-minic ar shon na hÉireann — ar shon saoirse na hÉireann uilig. Níor leór leobhtha, i bhfocla an Phíarsaigh, Éire bheith saor, — chaithfeadh sí bheith Gaedhealach fosta.
A Dhía Mhóir na bhfeart, goidé déarfadh Aodh Ruadh Ó Domhnaill dá n-innseochaidhe dó go ndíolfadh Éireannaigh — daoine ar dual díobhtha bás fhaghail míle uair ná a dtír a dhíol — go ndíolfadh siad-san Cúige Uladh le Gallaibh gan na deich bpíosa is fiche fhéin fhághail ar a shon? Caidé déarfadh Séan an Díomais dá ninnseochaidhe dó go n-aontochadh Gaedhil Éireann, lá ar bith, le Aontruim, nó Árd-Mhacha, nó Tír Chonaill, nó Tír Eoghain a leigint ar shiubhail ó Éirinn, gan focal a rádh, chan áirmhim cath a fhógairt ar an námhaid? Ach, na daoine bochta, ní rabh fhios acu goidé bhí le theacht. Ní rabh fhios acú ach oiread le Wolfe Teón an lá ar sheasuigh sé ar Bhinn Mhadadhain, ag Dún Mhic Airt, le n-a dhílse d'Éirinn a mhionnadh, go bhfeicfí leath na nUltach ar thaobh na nGall, cuid mhaith den mhuinntear eile go neamairteach, agus an t-iomlán tréighte ar Feara Fáil. Mar táid tréighte. Cá mhéad duine i mBaile Átha Clíath, nó i gCorcaigh, a smaointigheas ar na príosúnaigh bhochta i Latharna, nó i nDoire, — ná ar lucht na Gaedhilice i dTír Chonaill. Ní'l ionnta ach Ultaigh. Tuighe a mbuaidhrfimís ar gcionn leó? Cead acú bás fhaghail 'sa phríosún, nó luighe ar leabaidh chláir ag smaointiu ar na páistí beaga, laga, atá ag faghail bháis 'sa bhaile acú, — nó más Conallaigh atá ionnta, cead acú bás fhaghail ar na caoráin, nó fanacht le breitheamhnas Choimisiun na dTeórann, amharc a bhfuigh síad isteach insna sé conndaethe. Agus gheobhaidh! Caidé an mhaith dúinne íad, le na ceithre scór scoil dhá-theangthach? Nach cuma linne an bhfuil níos mó Gaedhilice, choir a bheith, i Machaire-an- Chlochair (Ghaoth Dobhair) ná i gConndae Chorcaighe uilig. Táid ró-fhada ar shiubhal ó Bhaile Átha Clíath, agus tá a gcuid Ghaedhilice ró-chruaidh againn. Agus Árd-Mhacha? Nach cuma dúinne cá mhéad taoiseach, agus file a mhair ann. Tá na taosigh marbh, agus ní'l iomradh ar an fhiliocht ag Seán Muimhneach i na “Stáir Liteardhachta.” An Dún? — Pádraig, Bríghid, agus Colmcille — ar ndóigh béidhmuid abálta fíliocht a dhéanamh fá dtaobh díobhtha i gcómhnaidhe. “Gaedhil Thír Eoghain?” — Sin rud a dubhairt Mac Cubhthaigh, — ní bhuaidhrfimid ar gcionn leobhtha. Aontruim agus Doire? — Colmcille, Mac Craiceann, '98, — Fílíocht agus Fiannaidheacht caidé an mhaith dúinn na sean-scéalta sin? Ach, a cháirde tá sibh ag déanamh dearmaid má shíleann sibh go sochrochar “Ceist Uladh” comh bog sin. Ní leigfidh Éire Úladh uaithe mar sin. Musclochaidh muinntir na tíre, agus cuirfidh deireadh leis an fheall. Agus ná habartar nach feall é. Is beag an meas atá ag an Chreagach ar Éirinn. “Sacsa Nua” atá ón Chlainn Bhuidhe, agus ní'l ach amuidighe 'san chainnt atá 'san fhaisiún anois, gur Éireannaigh mhaithe íad, ach nach ionann a dtuairimí agus ár dtuairimí-inne. Féadann síad bheith maith go leór 'na gcroidhe, ach — is greannmhar an dóigh atá acú le na meas orainn a theisbeáint. B'fhearr Éireannaigh mhaithe a dhéanamh díobhtha i gcéaduair, agus Cúige Uladh fhághailt annsin acú. Ní thiocfaidh atharrú ar an Chlainn Bhuidhe má bhiomuid-inne neamairteach. Caidé mar thiocfadh? Caidé mar bhéadh meas acú ar Éirinn nuair a tchí síad chomh bog is atá cuid dá muinntir ag déanamh dearmaid ar Uladh. B'fhearr leó Sasainn ná a leitheid de thír! Tá sé conndaethe ag an Chlann Bhuidhe, agus beidh Tír Chonaill acú má tá cead a gcinn ag dream a bhfuil fhios agaibh a n-ainm. Tá's ag an tsaoghal goidé rinn na Franncaigh nuair a chaill síad Alsace — ní dearmad a rinn siad ar a gcáirde ann. “France-Alsace” an sluagán a bhí acú. Ghnímís aithris orthú. Ná leigimís do dhuine ar bith i nÉirinn dearmad a dhéanamh ar Chúigeadh Uladh, ná ar an fheall a rinn Llóid George i 1924, nuair a roinn sé an tír. Bíodh an sluagán “Uladh do na Gaedhil” le cluinstin acha'n áit — insan bhaile, insan scoil ins na toighe pobail fhéin. Agus má d'imthigh na Gearmanaigh as Alsace, imtheochaidh an 40,000 saighdiúr Sasanach as Uladh, nó — caidé dubhairt Keller i 1870? “La paix faite au prix d'un cession de territoire ne serait qu'une treite ruineuse… Elle serait une provocation legitime et permanante a la guerre.” Theistean a dtainic ó shoin gurbh fhior dó. Sin mar a bhéas againne. Ní bhéidh ráth a choidhche ar Éirinn an fhaid a mhairfeas an teóra seo. In ainm Dé, musclaimís, agus ná leigimis do Choimisiun ar bith conndae eile — conndae a bhfuil an Ghaedhealtacht is mó 'san tír ann, a ghoid uainn. DONN PIATT. AN BLAS. An dtig linn blas ceart na Gaedhilge a thabhairt leis an teangaidh? No an bhfuil sé ar a gcumas ag an lucht foghlumtha na fuaimeanna deasa sin a chluinntear ag an chainnteóir duthchais a dheanamh? 'Bhfuil téada gotha an Bhéarlóra i n-innimh na foghair a bhaineas le n-ár dteangaidh a sheinnm i gceart? Ceisteanna iad sin a chuir mé orm fhéin go minic — acht go h-áirighthe ar dhá ócáid: an oidhche a rabh cupla duine againn ag éisteacht le gearr-chaile scoile i nÁrainn — Bairbre nic Dhonnchadha — agus í ag léigheadh scéil dúinn as a leabhair scoile; agus anois i n-déidh leabhar nuadh ar fhoghraidheacht a léigheadh damh fhéin. Ag éisteacht leis an ghearr-chaile bheag sin d'fhreagair mé mo chest: Ní'l sé ar chumas an Bhéarlóra an blas sin 'fhághail ach' mur gcuireann sé uaidh an Béarla go cionn bliadna agus bheith ag deanamh dian-aithrise ar a léithid seo. Níor chuala mé a léithid de bhlas ariamh — agus is iomdha uair a chuala mé blas na Gaedhealtachta. Acht in-déidh an leabhar beag seo a léigheadh anois deirim gur féidir le duine atá go seadh faoi'n cúig 's fiche dul i bhfogus do'n bhlas sin — má dheanann sé stuidéar cúramach agus síor-dhian-chleachtú. Gan an méad sin a dheanamh ní bhfuigh sé go brath na breithe iad. Tá iarracht an-mhaith deanta ag Criostóir Ó Raghallaigh ar na fuaimeanna deasa a thaisbeaint dúinn. Doiligh, cinnte, cuid aca a chur i n-iul i leabhar. Acht ó'n leabhar fhéin tchímíd an difridheacht mhór atá eadar foghair an Béarla agus foghair na Gaedhilge — agus tuigimid chomh lag 's tá an blas ceart ag foghluimtheóirí na h-aimsire seo. Cuireann an t-ughdar síos go cruinn ar gach conson agus ar ghach gothaidhe. Bheir sé eolas ar na trí canamhna dúinn — rud atá deacair go leor d'aon duine amháin. Le canamhaint Chonnacht Tuaidh is mó bhaineas an leabhar acht chan fhágann sin nach bhfuil cuid mhór eolais aige ar na canamhna eile chomh maith. I gcainnt shimplidhe dhírigh innsigheann sé caidé mar ghnidhthear gach fuaim, agus annsin bheir sé ráidhtí beaga de shean-fhocla le cleachtú a dheanamh. Sompla: “C — CAOL. Cuirtear cúl na teangadh i gcoinne an choguis chruaidh. Cuirtear barr na teangadh i gcoinne na bhfiacal n-íochtrach. Íslighthear an teanga chun leigint do'n aer teacht amach ó n-a sgamhóga. Ní bhíonn téada an ghotha ar crithe… “Tosach ceatha ceo; deireadh catha gleo. Ceann mór na céille bige …” Agus mar seo leis na canamhna: “Connacht — Ní dhearna. Ní raibh mé. Ulaidh — Cha dtearn. Cha rabh mé. Mumha — Níor dhein. Ní rabhas.” Agus is féidir leis an duine a rogha chanamhaint a ghlacadh agus a fheabhsú — no na trí cinn a thabhairt leis má tá an dúil aige. Ar leathanach a 49, amhthach, tchím an méad seo: “Bíonn fuaim ‘í’ ar ‘ao’ i gCúige Uladh.” Ní dóigh liom go bhfuil an méad seo i gceart aige. Iontach an fuaim sin ‘AO’ againne — go h-áirighthe i n-Oirghiallaibh. Minic a d'éist mé leis go cúramach acht chan ‘Í’ an fuaim a chuala mé. Seo mar tá sé: Abair ‘Ú’ gan do bhéala a bhogadh. Abair ‘Í’ san dóigh chéadna agus gheobhaidh tú an ‘AOI.’ Ghnídhthear difridheacht san fhuaim eadar ‘CAORA’ agus ‘CAOIRIGH’ d'a réir sin. Is minic shaoilfea gur ‘Ú’ ar fad atá san chead fhuaim — tá sé comh leathan sin. Tá sé in ‘AGH’ agus ‘ADH’ ins na focla seo: ladhar — aghaidh — gadhar — radharc, etc. Tá sé níos soilléire i nOirghiallaibh ná tá sé i dTír Chonaill. ‘Ag a' teinidh” chuala mé i n-ionad “ag an teine.” Is truagh go bhfuil an defhoghar ‘EU’ caithte ar leath-taobh anois againn. Sgríobhtar: Béarla — féar — béal — déanta, acht againne tá: Beurla — feur — beul — deunta — go fóill, i., fuaim amháin cosamhail le ‘AI’ san fhocal fairy. Tá a lán rudaí sa leabhar seo go dtig leis an mhúinteóir úsáid a dhéanamh díobhtha sa rang — agus tá féidhm ar a léithid go mór. Tá liosta breagh Téarmaí agus foclóir in a dheireadh agus ceithre leathanaigh de cheisteanna. Tá 112 leathanach sa leabhar ar fad agus an cló go breagh soilléir — agus cha n-iarrfa clúdach níos fearr. Luach maith ar dhá scilling é. “CÚ CHULAINN.” “Foghraidheacht na Gaedhilge.” Criostóir Ó Raghallaigh do sgríobh: Brún agus Ó Nóláin.
MO SHEANDUINE GAEDHEALACH. Tháinig mé isteach chuige an lá fa dheireadh le tuitim na hoidhche agus é leis fhéin ar an uaigneas. Ní rabh ann ach gur aithin sé mé agus níorbh' iongantas ar bith é agus a dteachaidh de bhliantaibh thart ó chonnaic sé mé go deireannach. Bhí sé ina shuidhe ar chathaoir a chois na teineadh agus é ag caitheamh a phíopa agus a dhá shúil saithte sa teinidh aige. Chraith sé lámh liom go te, carthannach, tháinig na deora leis agus tháinig tocht ar an duine bhocht, dálta seandaoine an tsaoghail. “'Sé do bheatha agus do shláinte go hÉirinn agus céad míle fáilte rómhat,” an chéad rud a chan sé agus greim láimhe aige orm. Thoisigh an chaint agus an comrádh annsin. Nuair a bhíos fhéin thall 'sna Státaibh tháinigeas trasna ar bheirt mhac an tseanduine, agus má tháinig fhéin bhí siad ina suidhe go teith. Ní nach hiongnadh, chuir sé lúthgháir ar a chroidhe nuair a d'innis mé dó gur casadh an bheirt mhac orm thall agus go rabh siad go láidir i maoin agus i sláinte. “Is tú atá á sheasamh amach go maith,” arsa mise. “Níor casadh aonduine orm in mo shiubhal — agus is iomdha áit ar fhág mé lorg mo dhá chos — is fearr atá ag seasamh amach 'ná thú, a Néill Mhóir.” “Creidim gur iomdha sin áit ar shiubhal tú ó bhí tú sa teach seo go deireannach. Cá fhad anois é ó d'imthigh tú?” ar seisean. “Níl a fhios agam, ar eagla go ndéanfainn bréag,” arsa mise, “céaca ocht mbliana déag go Samhain seo a chuaidh thart nó go Samhain seo chugainn é. Bhí Niall s'agaibh-se liom an lá d'imthigh mé.” “Is maith is chuimhneach liom an lá céadna,” arsa Niall Mór, ag baint an phíopa amach as a bhéal agus a fhágáil ar chladach na teineadh. “Níor shaoil mé go rabh sé baoghal ar comh fada sin. Tá sé comh húr in mo chuimhne agus atá an lá indé. 'Siad na blianta fhéin nach mbíonn i bhfad ag sciordadh thart. 'Siad ghluaiseas gan mhothú, 'siad imthigheas agus luathas na mbonn fúbhtha, ar dhóigh nach bhfuil ann ach óg indiu, críon, caithte i mbárach agus fód na huaighe os do chionn anóirthear.” Chuir sé iongantas orm go rabh oiread de fheall- samhnacht i gcionn an tseanduine agus bhí — seanduine nach rabh lá ar scoil ariamh agus nach rabh ábalta ar a ainm fhéin a scríobhadh dá mbeithidhe ag gabháil a bhaint an chinn anuas de. Tháinig sé fríd an tsaoghal agus 'sé foghluim na mblian a bhí aige — an fhoghluim sin a gheibheas an té is aineolaighe ar bith a bhfuil a thriall imeasc fear an tsaoghail. “Creidim, a Néill,” arsa mise, “go bhfuil tú ag teacht comhgarach don chéad nó fa fhad scairte dó?” “Tabhair damh do lámh annso, a chara na gcarad! Is iomdha lá mór fada a tháinig agus a d'imthigh ó tháinig mo cheann ar an tsaoghal; is iomdha atharrú a tháinig ar thíorthaibh agus ar náisiúin ón lá baisteadh mise tá ocht mbliana déag agus ceithre fichid ó shoin; is iomdha rud a bhfuil cuimhne agam air, ach shaoil mé nach bhfeicfinn an lá go bráthach a mbéadh Éire fa stiúradh a clainne agus a mbéadh an saighdiúir deireannach de chuid na Sasan imthighthe ó Bhaile Átha Cliath anonn. 'Sin rud a mheas mé nach bhfeicfinn go bráthach agus bheirim altú agus buidheachas don Árd-Righ go dtug Sé oiread saoghail damh le hÉirinn a fheiceáil saor ó smacht Gall!” Chonnaic mé go rabh gach focal dár dubhairt sé ag teacht amach ó n-a chroidhe agus níorbh' iongantas go rabh na deora ag teacht leis go fras, an seanduine bocht seo a rabh cos amuigh agus cos istoigh san uaigh aige, ag tabhairt altú na láimhe suas don Té thug fad saoghail dó go bhfacaidh saoirse Gaedheal. “Is cuimhneach leat a lán le do linn, a Néill, is dóigh? Murar chaill tú an chuimhne ó d'fhág mise an tír seo, ba agat fhéin bhí an chuimhne chinn nach rabh ag mórán i siubhal lae.” “Ba ghnáthach liom cuimhne mhaith a bheith agam, cinnte go leor, ach tá mé ag cailleadh na cuimhne ar na bliantaibh deireannacha so. Is cuimhneach liom nuair nach raibh aon teach pobail sa pharóiste a bhfuil tú ann ach teach pobail beag amháin. Bhí mé in m' fhear dhéanta nuair rinneadh an teach pobail sin amuigh agus mé ábalta ar obair lae a dhéanamh nach ndéanfadh aon fhear bán indiu. Is cuimhneach liom Domhnall Ó Conaill, an Sagart Maitiú, an Droch- Shaoghal, Seán Misteál agus cuid mhaith eile. Tá cuimhne agam nuair nach rabh aon pháipéar nuaidheachta an taobh so de Leitir Ceanainn acht an ceann a thigeadh chuig an Sagart Mór Ó Domhnaill agus an ceann gheibheadh an Maighistir Ó Dochartaigh. Chruinnigheadh an pobal thart ar an Mhaighistir Domhnach Aifrinn amuigh ar an árd os cionn teach an phobail go léigheadh sé an páipeár agus cuid cainte Dhomhnaill Uí Chonaill. “Nuair a bhí mise óg ní rabh ag gabháil ach arán coirce agus bláthach mar chéad-bhéile. Ní rabh iomrádh ar bith ar tae an uair udaidh nó go cionn i bhfad ina dhiaidh. An chéad uair ariamh a tháinig an tae 'un na háite seo ní rabh ciall de n-a dhéanamh. Chuirtí síos pota mór agus lán páipeár tae agus nuair bhéadh an tae bruithte go maith dhóirtí amach an súgh; chuirtí na duilleóga ar bhascaid ghlain agus chuirtí sin ar na duilleóga ag brath úsáid a bhaint asta, nuair thiocfadh duine éighinteacht a bhí ní b'eolaighe thart agus déarfadh gurab as súgh na nduilleóg ba cheart úsáid a bhaint. “Bhí mé dhá bhliain agus fiche bliain an Droch-Shaoghail. Tá cuimhne mhaith agam gur chuidigh mé le m'athair (go ndéanaidh an Rí A mhaith air) seacht gcorp dhéag a iomchar 'un na roilice sin amuigh lá amháin. Ba bhocht an t-amharc é — fir agus mná agus páistí a fheiceáil marbh ar chúl na gclaidhtheach agus a mbéal glas ag ithe féir agus capógaighe. Go ndruidtear clár os cionn m'éadain ní fhágfaidh sé mo dhá shúil máthair clainne maol marbh le hocras agus naoidheanán bliana agus páiste thrí mblian marbh le n-a taoibh. Is iomdha amharc bocht a chonnaic mé; is iomdha colainn duine ina luighe amuigh annsin atá ag feitheamh leis an Aiséirghe a d'fhulaing pian, agus peannaid le hocras agus ar scaoil an bás iad as crádh an tsaoghail seo.” “A Néill Mhóir,” arsa mise, nó chonnaic mé go raibh cuimhne na haimsire sin á chur barraidheacht thríd a chéile, — “A Néill Mhóir, an bhfuil dadaidh de scéaltaibh na bhFian agat go fóill? Bhí siad agat fad ó shóin, mura ar chaill tú iad le cúig bliana fichead.” “Bhí sin agam neart scéalta lá den tsaoghal, leoga, ach dálta ach a'n rud eile a léig mé as mo chuimhne tá eagla orm gur chaill mé a mbunudhas. An scéal a b'fhearr a bhí agam — Scéal Chuchulainn — tá sé caillte agam bunudhas uilig. Ní rabh scéal ionchurtha leis i dtuaisceart Éireann. ‘Cú mo chéad éacht,’ arsa Cúchulainn agus é ag fagháil bháis, ‘agus cú m'éacht deireannach.’ Nuair a mharbh sé a mhac fhéin — Connla — agus nach rabh a fhios aige ariamh gurab é a mhac fhéin a bhí ann thoisigh sé a mhairgnigh agus a chaoineadh, mar dhéanfadh aithreacha an tsaoghail. ‘Is truagh sin,’ arsa seisean, ‘a Chonnla chaoin, Ádhbhar an ríogh a bhí gan locht; Is truagh nach é mo bhás a dearbhadh Sul ar dhearg mé ar do chaoin-chorp. An t-athair sin a mharbh a mhac, Go bhfagha sé crádhadh agus géar-loit; Ná rabh sé a'n lá go héag Gan a chreach cléibh bheith fa n-a mhotháin. Och! Oc! anocht is mór mo mhire, Is mé ag tarraingt suas go Mágh Gine; Ceann mo mhic in mo láimh chlí, A arm agus a éideadh sa láimh eile.’” “Crann do shláinte leat, a Néill Mhóir,” arsa mise. “B'agat fhéin bhí na rannta agus na ceathramhnacha bhí maith go leor. Tiocfaidh mé anuas i mbárach arais go gcaithe mé lá mór fada agat agus is iomdha tús agus deireadh scéil a tharraingeóchamuid orainn, le congnamh Dé. Beannacht Dé agat go meadhon lae i mbárach!” CONALL RUADH. Tomás Mhac Cuileannáin, Ard-Cheannuidhe, Dún Dealgan. Tá togha gach bídh agus rogha gach dighe le fághail annseo.
SEANCHUS SA CHEARDCHAINN. Cú Chulainn. do Scríobh. “COTHROM-NA-FÉINNE.” Brian: Bhí mé do mbur gcrothnú le tamall, a bhuachaillí — cá rabh sibh? Paidí: Seadh — agus creidim go rabh lucht léighte na bpáipéar d'ár gcrothnú chomh maith. Dubhairt fear liom an lá fa dheireadh gur ab é an nuaidheacht is mó in a gcuireann sé spéis gach lá ná scéala ón cheardchain. Brian: 'Bhfeiceann tú sin anois. Paidí: Seadh, go díreach; agus na barramhla a bheireas Séaimín fhéin ar na “bearta cruaidhe,” go mbíonn a lán ionnta. Brian: Acht cá rabh sibh, a bhuachaillí? Séaimín: Mura rabhmuid annseo fhéin nach rabh Learaidhe annseo a' séideadh na mbuilg — agus nach sin a mbíonn ag cuid mhóir de na daoine ar an aimsir seo — ag séideadh. Paidí: Chan fhuil na builg chomh coitcheannta sin, a Shéaimín —; bhí mé fhéin chomh práinneach leis an fhoghmhar le tamall nach rabh na cosa i n-ánn mé iomchur an fad seo in-déidh obair an lae. Séaimín: Sclábhuidheacht, mar is gnathach! Amadán thú, a Phaidí! Bheith a' sclábhuidheacht rith do shaoghail agus daoiní eile nach ndeanann a' dadaidh ón am bhíos siad ag cogaint a' bhalláin bhréige sa chliabhán go lá a mbáis acht a' séideadh gaoithe. Brian: Caithfidh duine eintean an obair chruaidh a dheanamh, a Shéaimín. Séaimín: Ó, caithfidh! caithfidh na h-amadáin roth an t-saoghail a chasadh le neart a gcorp acht suidhfidh na “séideóirí” ar a samhas ag gáiridhe ortha. Nach deas an saoghal é nuair a thig le lucht na mbolg mór pléisiúr an t-saoghail a bheith aca 's gan faic a dheanamh ar a shon! Paidí: Is le déannaighe a d'éirigh tú amach in do “Bhoilsidhe,” a Shéaimín. Séaimhín: Is cuma caidé bheir tú orm; tuigim nach bhfuil cothrom-na-féinne ann. Fíor amlóg a mharbhochadh é fhéin ag sclábhaidheacht do dhaoiní eile. Brian: Agus féach an méad daoine duthrachta atá 'ghá marbhú féin gach lá ar son an chinidh. Séaimín: Seadh, agus ag marbhú a chéile chomh maith — agus nach sin a mbuidheachas! Brian: Mé fhéin agus Learaidhe annseo, cuir i gcás. Caidé dheanfadh an paróisde mura mbeadh an gabha agus a ghasur? Paidí: Cinnte go ndeanann Learaidhe na builg a shéideadh ar dóigh. Séaimín: Sclábhuidhe eile! Acht mise 'mo bhannaidhe nach fada go ndeanfaidh Learaidhe a mhalairt de shéideadh — an séideadh a líonfas a bholg fhéin níos fearr agus a — Paidí: Sin calmbúir mhaith, a Shéaimín. Brian: Pun an-mhaith ar fad. Séaimín: Tá an léigheann aige Learaidhe, rud nach bhfuil againne, agus is goirid go rabh an gasur bocht corrtha de'n tséideadh sin. Brian: Ná bí ag cur smaointí mar sin in a chionn. Séaimín: Duine ar bith a bhfuil aon léigheann aige thig leis saoghal maith a bheith aige gan sclábhaidheacht a dheanamh. Nach bhfeiceann sibh na buic shaidhbhre ar gach 'n taobh — agus chan é an bolg seang atá ortha, 'mo dhálta-sa! Daoiní nár shálaigh a lámha ariamh agus maoin an t-saoghail aca! Brian: Sin “sócialism” agat anois, a Shéaimín. Paidí: Tá eagla orm go mbíonn tú ag éisteacht le lucht na mbrat dearg — le lucht na h-oibre. Brian: Lucht na h-oibre! Iad siud nach ndeanann aon obair — acht cainnt? Séaimín: Éstigidh leis seo — Brian: Ó tá an páipéar leat, a Shéaimín; feach caidé mar rinne an capall sin indé — an Seilide — ná séid, a Learaidhe. Séaimín: Éistigidh. Seo cuid scéala daoibh: “An Bolgach adaí as Baile Áth Cliath a fuair bás seachtmhain ó shoin d'fhág sé trí céad míle punnt aige n-a mhac. Tá Diarmuid Mac Goimbín as Druim Leathan agus a bhean 's a chlann imthighthe go h-íochtar na Frainnce fa'n gheimhreadh; deirtear gur fiu leath-mhílliun punta a chuid shaidhbhris. Tá aicid ar na préataí i gConnamara agus tá an t-ocras a' goilleamhaint ar na daoiní bochta — óir ní'l aon airgead aca le plúr a cheannach. Tá tighearna talaimh i nGaillimh dar bh'ainm Mac Stáigín chun cupla míle punnt a chaitheamh ar “Golf Lincs” a dheanamh dó fhéin 's d'a cháirdí.” Brian: Sin a' fear a bhfuil na capaill rása aige. Séaimín: Fuaireadh sean-bhean marbh in a toigh féin i nUachtar Árd an lá fa dheireadh. Dubhairt an dochtuir gur de'n ocras an bás a sciob í. Do h-árduigheadh a thuarasdal bliadna do Mhac Tírghrádhuightheóra atá 'na chléireach do'n Rialtas — ó dhá mhíle go leith go dtí ceithre míle. Dhiultuigh na Coisdí Condae ocht scillinge 's punt sa t-seachtmhain do na fir oibre a oibrigheas ar na bóithrí. Táthar chun cúig céad míle punt a chaitheamh ar Chraobhscaoileachán act —” Paidí: Sin sceamhail na gcat. Séaimín: Acht “dhiultaigh siad cupla céad punnt a thabhairt ar iasacht do na h-iascairí bochta nach bhfuil bád maith na eangach oireamhnach aca. Thug an Fear Mór dinnéar agus fleadh d'a cháirdí an oidhche fa dheireadh sa Chaisleán a chosain seacht gcéad punnt” — acht — Brian: Meadhon-lae maith é sin. Paidí: Seadh, meadhon-lae na h-oidhche. Learaidhe: Sin calumbúir mhaith eile. Séaimín: Ní adhbhar magaidh é seo 'chor ar bith. Sin sompla agaibh de'n dá shaoghal atá ann indiu. Ca bhfuil an cóir no an charthannacht? Cá bhfuil cothrom- na-féinne ann? Cá bhfuil an riarú no an roinnt no an rialú — cá bhfuil a chríostaoidheacht? Brian: Acht, ár ndóigh, a Shéaimín, béidh an dá shórt ar an t-saoghail go dtí deireadh. Bhí an bochtanas ann i gcomhnuidhe. Paidí: Bhí, go bhfóiridh Dia ortha; agus b'fhéidir in a dhéidh sin 's uilig gur ab iad na daoiní bochta is saidhbhre i-ndeireadh na dála — 'siad is sona agus is séan- mhara. Séaimín: Breastaidhe oraibh! acht sin a seort cainnte chuireas deistin orm! Tá mé ag dul síos chuig an chruinniu — tá fear le cuid cainnte a dheanamh anocht ar “chothrom-na-féinne” do na h-oibridhthe — bhfuil sibh a' teacht? Paidí: Tá mise corrtha de chruinnighthe — agus de'n chainnt chomh maith. Brian: Rachainn fhéin ann acht go bhfuil an cleith-fhoirsighthe le bheith réidh agam do Mhicí Ó Riain sul a stadaim anocht. Fág an páipéar againn, a Shéaimín, go bhfeicimid rud eintean fa'n rása seo imbáireach. Séaimín: Seo dhuit; béidh sibh mar tá sibh no go rachaidh an fód orthaibh! Brian: Is iontach an t-áthrú a thainig ar Shéaimín le goirid, a Phaidí. Paidí: Tá sé tóigthe leis an dream seo atá chun an saoghal seo a roinnt go cothrom. Acht ó thuit Ramsaí ní'l fhios agam caidé mar eireóchas leobhtha. Learaidhe: Saoilim go bhfuil fhios agam-sa cá bhfuil Séaimín imthighthe anois. Bíonn sé léithe thíos ag an toigh gach aon oidhche, beagnach. Agus chonnaic mé í an tráthnóna seo ag faire ar dh — Brian: Séid na builg, a Learaidhe — tá an teinidh ag dul as. “CÚ CHULAINN.” Cycles, Motor Cycles, Motor Cars. Sports Goods of Every Description. T. WILLIAMSON, DUNDALK.
OIDHCHE NODLAG AMHÁIN. “Taobhóg,” do Scríobh. Oidhche Nodlag a bhí ann. Bhí mé in mo shuidhe ar mo sháimhín suilt i dtoigh mo lóistín, mo dhá spáig leis an teinidh agus mé ag coimhead ar an tsean-chlog ar an chlabhar. Bhí mé ag brath a dhul 'un an bhaile ar thraen a seacht, agus bhí eagla mo chroidhe orm go sgiorfadh an t-am thart i ngan fhios damh. Bhí mé in mo shuidhe mar a dubhairt mé, agus mo dhá shúil sáithte 'sa tsean-chlog agam nuair a mhothuigh mé bean a toighe ag sgairtigh aníos liom ó bhun an staighre. “A Thaobhóig a chroidhe,” ar sise, “chomh cinnte is tá mé beo siud an traen ag feadalaigh, agus mura ndeána tú deifre, béidh sí ar shiubhal ort.” “Tá creathnú go deo ar seo,” arsa mise, ag preabadh in mo sheasamh agus ag breith ar mo bhagáiste agus ar mo chóta mhór, a bhí i gcuideachta a chéile agam i gcúinne an tseomra. Thug mé thart mo shúil go cunamhthach ar an tsean-chlog, agus ar shiubhal síos an staighre liom mar bhéadh an donas in mo dhiaidh, agus an tormán a thóg mé bhí sé sgannruightheach. Acht ní h-é sin deireadh: ag teacht comhgarach do bhun an staighre, baineadh truisle asam agus caitheadh ar mo ghaothsan mé i mbéal an dorais. Leig mé cúpla “och, och” asam; d'éirigh mé in mo sheasamh chóir a bheith chomh gasta is thuit mé agus ar shiubhal liom 'un an stáisiúin mar bhéadh gearrán rása ann. Tá mé chóir a bheith cinnte go rabh pianta in mo chnámha acht, a dhuine na gcarad, bhí an oiread sin deifre orm nach rabh faill agam iad a mhóthtail. Ag teacht a fhad leis an stáisiún damh, fhobair gur fhág mo chroidhe a áit nuair a chonnaic mé an traen agus í go díreach ag gluaiseacht amach. Is cosamhail go bhfaca cuid de'n lucht taistil mé ag reathaidh, nó thoisigh cuid aca ag sgairtigh liom amach as fuinneóga na gcaraistí. “Cuir bealaidh in do iosgadaí,” arsa diulach fionn- bhán go magamhail liom. “Ní'l bealadh dhe dhith ar do ghob-sa ar sgor ar bith,” arsa mise, agus phill mé suas an baile ar ais agus cár searbh orm. Tá a fhios ag an tsaoghal go rabh mé dona go leor gan daoine a bheith ag magadh orm. Ní rabh de sheifte agam anois acht ceann de chuid gluaisteán Néill Fheidhlimidh a fhagháil, agus suas liom agus isteach liom ionns' air ar mo bhealach ar ais damh. Bhí Niall gnóitheach i gcúl an chúntair 'sa tsiopa, sgian mhór aige agus é ag gearradh muicfheóla ar theann a dhichill. “Tá tú gnóitheach, a Néill,” arsa mise ag cur isteach mo chinn ar dhoras an tsiopa damh. “Maise, a Thaobhóig na gcarad,” arsa Niall, “nár shíl mé go rabh tú ar shiubhal 'un an bhaile.” “Maise, bhéinn chóir a bheith 'sa bhaile anois,” arsa mise acht murb é an giodalán beag traenach sin a d'imthigh orm. Acht creidim nach bhfuil leigheas ar bith agam ar an sgéal anois acht gluaisteán a thabhairt liom.” “Tá mé an-bhuadharta a chroidhe,” arsa Niall, “go bhfuil gluaisteán s'againne as baile, acht béidh sé ar ais tuairm's ar an naoi a chlog, agus tá mé cinnte go rachaidh Dubhaltach (ba eisean an tiománaidhe) leat agus fáilte.” “Maise, fad saoghail agus sláinte duit,” arsa mise. “Bogfaidh mé liom síos an tsráid anois, agus féadann tú a bheith cinnte nach mbím i bhfad ar siubhal nuair a bhéas Dubhaltach ar ais.” Thug mé mo aghaidh air theach mo lóistín ar ais, agus iongantas an tsaoghal ar bhean a' toighe nuair a chonnaic sí chuici mé. “An tú fhéin nó do thaidhbhse atá ann?” arsa sise. “Mo thaidhbhse,” arsa mise, “agus thainic mé i n-aon turas ó'n tsaoghal eile leis na putóga a strócadh as an tsean-diabhlóir cluig sin atá thuas an staighre agat.” D'innis mé duithe annsin mar thárla damh, agus d'imthigh mé liom suas an staighre agus shín mé mé fhéin ar thulg 'sa tseomra go rabh sé fá dheich mbumaite go dtí an naoi, agus annsin d'áirdigh mé mo bhagáiste liom, agus níor bhfada go rabh mé ar shráid Néill Fheidhlimidh ar ais. Bhí an gluaisteán fé réir agus fa chionn bumaite eile, bhí sé ag imtheacht leis siar i mbarr na splanncacha, agus mé fhéin agus Dubhaltach ag ceol go h-aerach. Bhíomar ag gabhail do'n cheathramhain dheireannaigh de'n “Ghiobog” nuair — cumhdach an ádha orainn — thoisigh an gluaisteán ag cnagarnaigh's ag gliuscarnaigh agus an darna bumaite ghlac sé an stad. “Tá léan síorraidhe ar sin,” arsa Dubhaltach, “agus mur bhfuil mearú mór ormsa, tá fearsaid an ghluaisteáin in a dhá cuid.” Bhí an ceart ag Dubhaltach — bhí an fhearsaid briste agus gan gléas againn le n-a cóiriu, agus sinn amuigh ar @ uaigneas i lár na sléibhte. “Ní'l a athrú le deanamh againn anois,” arsa Dubhaltach, acht pilleadh 'un an bhaile mhóir agus gléas cóirighthe a fhághail — acht b'fhéidir gur fearr damh-sa mé a dhul agus cead agat-sa fanacht 'sa charr annseo go dtige mé ar ais.” “Maise is fada an siubhal agat é, a Dhubhaltaigh,” arsa mise, “an t-am seo dhe oidhche.” “Tá mise bréagh eolach ar an bhealach,” arsa Dubhaltach, “agus ní bhéidh mé i bhfad go rabh mé ar ais.” D'imthigh Dubhaltach bocht, agus d'fhan mise in a dhiaidh ag tabhairt aire do'n ghluaisteán. Bhí mé ag bogadaigh síos agus aníos an bealach agus mé ag caitheamh mo phíopa nuair a tchím solus beag fa ghiota díom. Dar liom féin go rachainn suas an cadhrán giota beag go bhfeicinn caidé bhí ann. Chuaidh mé anonn ar cheis an tsrutháin bhig a bhí ann, agus níor stad mé go rabh mé a fhad leis an áit a rabh an solus. Bhí teach beag ceann tuigheadh ag bun árdáin ann, acht ní as an toigh seo a bhí an solus ag teacht acht as cró cearc a bhí ag a thaoibh. Thug mé fá dear ar an bhumaite go rabh beirt nó triur fear sa chró agus d'athain mé ar an ghleo a bhí ag na cearca nach déagh-obair a bhí ar siubhal. Thug mé cúpla coiscéim níos fuide 'un tosaigh go bhfeicinn an n-aithneóchainn aonduine aca nuair a thug mé fa dear smig- eadh féasógach an “Tincléara Mhóir” in a sheasamh i mbéal dorais an chró. Go díreach le sin buaileadh cnagán i gcúl an chinn orm, agus an darna bumaite, bhí mé sínte ar mo bhéal's mo aghaidh i gclábar na sráide. Go h-ádhamhail níor loiteadh mé, agus comh luath is fuair mé mo anál liom, d'éirigh mé de léim 'mo sheasamh agus thug mo aghaidh go dolba dána ar an áit a rabh na bitheamhnaigh. Acht nuair a chonnaic siad chuca mé, sgiord siad ar shiubhal mar bhéadh scaifte luchog ann. Siud ar shiubhal mise in a ndiaidh — fríd pháirceanna, fríd dhriseóga thar chlaidheacha — corr-uair ag tuitim ar mo ghaothsán agus corr-uair ar shlait mo dhroma. Bhí mé ag teannadh 'un tosaigh go miotalach agus mo chródhacht 's mo mhisneach uilig cruinn in mo dhá dhorn agam, nuair a chuaidh mé i n-eabar i sgraith luinge comhgarach do'n bhealach mhór. Ní rabh tuinte ar mo chorp nach rabh fliuch agus an fuacht a bhí ins an uisge bhí sé creathnuightheach. Bhí an t-ádh 'na rith orm nár báidheadh mé agus bhí mé buidheach go leor nuair a fuair mé mo bhonnaí ar an talamh thirm arís. Ní rabh fonn ar bith ceoltórachta orm, acht nach greannmhar leat go dtainic “Rabhdlam, randí” in mo chionn agus bhí na focla: “Is malluighthe an dream tincléirí,” ag damhsadh fríd mo chloigeann. Chuaidh mé ar ais go dtí an áit a rabh an carr agus le mé féin a choinneáil teith, thoisigh mé ag rith's ag léimnigh síos agus suas an bealach mór. Fá chionn leath-uaire eile nó mar sin bhí Dubhaltach ar ais agus an gléas cóirighthe leis. Fhobair gur cliseadh an t-anam as nuair a chonnaic sé an bhail a bhí orm fhéin. Acht le sgéal fada a dheanamh goirid, chóirigh mo Dhubhaltach breágh an gluaisteán, chuir braon peadrola ann, agus siud 'un bealaigh linn ar ais agus realtóga loinnreacha neimhe ag dearcadh anuas go h-aoibheamhail, agus Domhnall na Gealaighe ag gáiridhe linn. Ní'l feidhm damh a rádh nach rabh lán ar gcroidhe de luthgháir orainn fhéin a bheith i gcionn siubhail arís agus bhí dúil as Dia againn go rabh an droch-uair thart. Shroicheamar an baile sul a dteachaidh siad a luighe agus chaith mé fhéin cuid mhaith de'n oidhche ó sin go maidin ag sgalladóracht ar thraenta, ar thincléirí, agus ar sgratha luinge. Acht i n-aindeoin a dtainic mé fríd, chaith mé an Nodlaig go suailceach sóghmhar, agus ní'l aon uair ó shoin a bhfeicim canna stáin nó greideall nach gcuimnighim ar an “Tincléir Mór” agus a pháirtidh, agus nach ngabhaim go h-aigeantach cúpla ceathramha de “Rabhdlam Randí.”
SIUBHÁN NÍ DHUIBHIR. D'éirigh mé 'r maidin is ghluais mé 'un aonaigh Iubhair (Ag) díol is ag ceannach mar dheanfadh mo cháirde romham; Bhain tart ar an bhealach dam 's shuidh mé fhéin síos ag ól; (ag) Siubhan Ní Dhuibhir 'seadh d'ól mi - se luach na mbróg. II. Is a Shiubhán Ní Dhuibhir, an miste leat mé bheith tinn? Mo bhrón is mo mhilleadh mara miste liom tú bheith i gcill Móinte gus muillte bheith ag rinnce idir dhá thaobh do chinn Nó tusa bheith in Iorrus go dtigidh Síol Ádháim 'un cinn. III. Ó saighdiúir bocht sílte mé d'imthigh as gárda an ríogh Ní rabh a'n phighinn agam nó chaithfinn é ar chárta an dighe Bhuailfinn an droma 'gus sheinnfinn ar chláirsigh chaoin Is ar Churrach Chill Dara do scar mé le grádh mo chroidhe. IV. Is a Shiubhán Ní Dhuibhir is tú bun agus bárr mo scéil, Ar mhnáibh do chine a d'eitigh mo phósadh léi; Tá scéala agam uirthi gur minic a phóg mé a béal, Ach ní phósaim anois í murab bhfuil aice mórán spréidh. V. Gan bó gan gamhain 'mo leanbh gur fágadh mé, Cé is tréan mo charaid níor fhreagair mé aríamh is mé infhéidhm; Gol síar a chois chladaigh damh is aigeantach, árd, mo léim Is béidh bean agam nó ceathrar más fearr liom é! S. Ó Gallchobhair, Gabhla, a cheol damh an chéud uair é. DONN PIATT. (Chan fheil deifir air bith eadar an scoith seo agus an scoith a cuirtear leis an cheol seo in Oméith. Chan fhuair mé faill air leagan Oméith a chur 'san uimhir seo, acht cuirfear isteach aríst é. — F. an U.) ÁRD-CHROIS MHUIREADHAIGH, MAINISTIR-BHUITHE Tá 1,400 bliadhain imthighthe thart, go sonnrádhach, ó cuireadh Mainistir-Bhuithe air bun an chéud uair. (A.C. 524.) D'ÁR LUCHT LÉIGHTE. Ma tcí tú stampa an “ULTAIGH” annseo cuirfidh sé air do shúile duit go bhfeil do shín- tiús bliadhna caithte, agus go bhfeil sé in am duit an fhuirm seo thíos a líonadh agus síntiús bliadhna eile nó féirin a chur chugainn:— Do Mhuireadhach Méith, Árus Chonnradh na Gaedhilge, Plás na Trágha 5, Dúndealgan. Gheobhaidh tú istigh annseo mar shíntiús leis an páipéar a fhagháil (thríd an phost) ar feadh bliadhna amháin; agus /nó mar phronntanas leis an páipéar a choinneált ar a bhonnaibh. Ainm Seoladh (Líon an fhuirm seo mar is toil leat.) Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig “Scriúduightheoir Dhúin Dealgan,” i nDún Dealgan.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services