Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tráthnóna Domhnaigh ar Mhullach Chnuic Bhrí
Title
Tráthnóna Domhnaigh ar Mhullach Chnuic Bhrí
Original Title
Organ of the Uí Chinselaigh Historical Society
Author(s)
Ó'Sionóid, Tomás D.,
Composition Date
1920
Publisher
Uí Cinsealaigh Historical Society
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TRATHNÓNA DOMHNAIGH AR MHULLACH CHNUICH BHRÍ. Tomás D. Ó'Sionóid, do Sgríobh. LA iongantach Samhraidh a b'eadh é. Do bhí grian gheal an Mheithimh ag lonnradh go té ós ár gcionn agus sinn-ne ag deanamh thar ghualainn Chnuich bhrí chun teacht ar an bhárr ó 'n dtaobh theas. Traochta, lag agus ar saothar do bhíomar nuair do Shroiseamar an pháirc mhín mhóna atá in a suidhe ar an mhullach agus do b'é an cheadh rud do rnneamar ná Sinn Fein do chaitheamh siar ar an bhfód mbog ag alpadh an aeir mhilis agus ag leigint ár sgíthe. D'á áilne do bhí an gáirdín sin m a raibh Adam an uair a cruichuigheadh an domhan, ba dheachair do abheith níos áilne ná mullach Chnuich bhrí lá gréine Mheithimh agus an spéir gan scamall agus gaoth bhog lán de mhíle boladh d'á séideadh go Ieischeamhail aniar-andeas. Ach ní chun luighe do tháinigheamar. Chuir Seaghán é sin in iumhal dom gan mórán moille. “Áluinn!” ars' eisean “Ní áilneacht go dtí é!” D'eirigheas ar leath uilinn. Do bhí sé in a sheasamh, a dhrom leis na sleibhtibh agus é ag feuchaint ó dheas ar Carman. "Agus cad mar gheall ar an dtaobh thuaidh?" arsa mise, ag eirighe agus ag dul im sheasamh le n-a chois. D'iompuigheamar le chéile. Breágh! Áluinn! Ní féidir le focail, fuar, gan anam, pictúir do dheanamh de radharc mar an radharc san do bhí leagtha amach fúinn. Díreach i lár fó-chupáin talmhan do bhíomar. Thall ar an láimh clé do bhí téad chaol airigid ag rith i bhfolach agus ag teacht amach ag na coilltíbh, agus ag leathnughadh ó dheas go baile Charmain. A Abha dhílis! A Shláinte Charmain! Eirigheann na smaointe in a sluaightc in intinn an Charmanaigh ar d' fheichsint. Do b'é do bheul an cuan, mín, sochair san am fad ó gur seóladh na longa isteach ann ó gach áird na h-Európa. Isteach annso do tháinig ar dtúis creideamh Íosa Críost sar ar tháinig Pádraig naomhtha féin agus sar ar lasadh an teine neimhe sin do scaip a soillse ar fuaid an domhain agus do tharraing na mílte pagánaigh ó dhorchadas an mhí-chreidimh go lá geal an fhíor-chreidimh uasail, do mhúin ár Slánuigtheóir a d'Fhulaing an pháis chun sinn-ne do shábháil. Sa cheó teasaidhe a luigheann ar an gcuar eirigheann pictúirí na h-aimsire atá caithte agus chímíd scata long ag druidim isteach chun an chalaidh, Longa seolta agus báid rámha, longa fada agus báid gairide, cuid acu gleasta go deas agus cuid acu caithte le h-aois 's le h-obair. Seo ceann acu, bád mór, fada dubh, salach ag deanamh isteach le fuadar leath-chéad maide-rámha fé.
Seachtmhain ó shoin d'fhág sé caladh Bhristol le ualach fear óg a ghoideadh ar fúaid tíre na breathannaigh bige chun iad do dhíol ar Aonach Charmain le taoiseachaibh Laighean. Fear láidir, fíochmhaire atá mar caiptín ar an mbád so agus is fiochmhar leis an Fuireann atá fé n-a smacht. Is mó mallacht a chuireadh air thall. Is mó baintreabhach bhoct a chonnaic a mach óg láidir d' á scuabadh ag na rópairíbh agus is mó taoiseach treun adhuisigh í lár na h-oidhche le claidheamh an chaiptín ar a sgórnach, agus do chuir, le neart a anáil dheirinigh, a mhallacht dearg ar na fearaibh fiadhaine, fiochmhaire a mhairbh bean a Cleibhe, a loisg a throsgán agus a ghoid a chlann óg uaidh. Tá fáilte roimhe, amhthac, ar Aonach Charmain “na gcuanta casta.” Eusbaidh fear óg do bhí ar thaoiseachaibh laighin le fada agus táid ag cruinniughadh as gach áird indiu le súil go mbeidh a lán ógánaigh le fághail ar an aonach. Seo cughainn bád eile do tháinig ó'n Iodáil le togha gacha éudaigh agus rogha gacha síoda. Beidh braiteanna nuadha le feicsint ag an bhfeis mhór i dleamhair na Ríogh i mbliadhna agus beidh na datanna is deise ar thaóiseachaibh Uí Chinnseallaigh. Ach tuiteann an ceó anuas arís anois agus ní féidir linn na Gaill dubha in a longaibh chogaidh nó na Fionn-Ghaill in a longaibh geala, gleóidhte d'fheicsint, ach tá ár gcroidhthe lán de cheól na Sean-aimsire agus ár n-intinn lán de phictúiribh na bhfleadh agus na glóire, na laochradh agus na bhfear-threun a chomhnuigheadh in Éirinn sar ar thárnig an Sacsan go Conndue an Riabhach fad ó. Ar an dtaobh thair-theas dé'n bhaile do bhíod coillte Cairn, coillte na ndraoi 's na saoi. Annso do deineadh an cearchall naomhtha agus d' aduigheadh an teine nuair do bhí na sagairt pagánacha ag offráil iodhbhairt chun a ndeithe bréige, agus ag guidhe ortha buadh do thabhairt dóibh sa chath nó saoirseacht d' fhághailt ó'n galar. Nách féidir iad d'feicsint anois, a bhfeasóga, fada, liatha, a n-aghaidhthe uaibhreacha agus a gcuirp caola, díreacha, daoine áilne, Éireannaigh, pé gur págánaig féin iad. Agus annsan thiar-theas atá teach-Munna le radharc an bhaile bhig tagann smaointe eile, smaointe anois de ghlóire Eaglaise na h-Éireann nuair do bhí prionnsaí na h-Eórpa ag teacht go dti n-ár scoilcannaibh agus ag guidhe ar ár n-easbuig sagairt naomhtha agus múinteóirí leigheanta do chur chúcha. Fúinn díreach atá Carraig na-n-Éin, roilig pagánach b'fheidir. Is deachair a rádh indiu cad í an obair do bhiodh ar siubhal ainn san am fad ó. Tá an altóir mór le feicsint ó'n áit seo ach ní féidir an charn atá ar an dtaobh thiar d'fheicsint. Measann cuid de sna daoinibh leigheanta, go raibh Coláiste an mhór nó iol-scoil phagánach annso. Ní fheadaraimíd, gidh go bhfuil tuairim againn go raibh a lán díobh in Éirinn le linn Tuatha de Danán agus go raibh a gcáil i ndraoidheacht agus in ealadhain in áirde ar fúd an domhain. Níos sia annson iseadh baile Naoimh Ábbáin, réult geal eile, do shill a shoillse ar an Eaglais, ach ní féidir Ros-Mhich-Treoin d'fheicsint. Tá Carraig lom Uí Bhroin sa tslighe eadarainn féin agus an báile mór sin. Siúd thiar an Bhearbha sa ngleann, gcaol gcoillteach san a thagann ó'n dtaobh thall de sna sleibhtibh agus a theigheann isteach sa bhfairge mhór trídh áirse na gréine. Trídh na sleibhtibh annsan
ritheann an bothar go Cathair-Locha tríd Bearna na Scollog. Beannacht dé le h-ainmneacha na laochradh cródha a chuaidh trídh an bhearnain san i mbliadhain dhuibh a h-ocht déag 's ceithre fichid, dólás 'na gcroidhthibh, a gcuirp lag, caithte agus fhios acu nách raibh indán dóibh ach an dara leath d' á nglaodh-chatha do chomhlionadh. “Buaidh nó bás” adéaraidís. Bheil, do theip an buadh ortha agus ní raibh indán dóibh annsan ach an bás. Ach ag fághail bháis dóibh fuaradar dhá bheatha nuadh, beatha ar neamh imeasg na máirtírí agus na laochradh a d' imthigh rómpa agus beatha in ucht agus I gcroidhthíbh fear Éireann-beatha a mhairfidh go dtí lá na breithe. Ní'l ceanntar níos áilne sa domhain ná an ceanntar sin ó Cíll- Áine mór dtímpal go Bunclóidig. I ngach pharóiste tá rud éigin a mbainneann leis an t-sean aimsir. Tá coill an tsrutha nadmhtha ilár an cheanntair. Dá mba fhéidir roth an tsaoghail do chasadh thar n' ais dhá mhíle bliadhain agus cúaird do thabhairt ar an gcoill, cad é an t-atrughadh a mbeadh air? I gcoillte Cáirn do bhíodh na draoi 's na saoi agus pé mhéid díobh do bhí í gCarn do bhí níos mó na an méid sin annso. “Fiodh na gCaor annsiúd tá lámh leat Mar ar dhoirteadh fuil na sár fhear.” Do bhí Seán ag tabhairt fé Rosc-catha buachaillí Chorthaidh ar Fiodh na gCaor d' fheicsint do. Do b'é an áit ba dhílse dó é agus dom féin leis, is dóca. Agus ní h-iongnadh san. Annsan a shuidheann sé lom, garbh, carraigeach, mar gárda fíor ar an mbaile mbeag seo againn-ne, a chodluigheann go compórdamhail ar bhruacha na Sláinge. Léimeann ár gcroidthe ag feachaint air. Nách bhfuil fuil ár sínsear fós in a chré agus ná preabann sprid na Fírinne. Sprid na bhfíor-nGaedhal, agus sprid na Saoirseachta. Ná preabann siad, beó, bríoghmhar as na car- raigeachaibh garbha chun fuadair do chur fúinn, chun neart do thabhairt duínn agus chun cabhrughadh linn, clann dílis Charmain, sa throid dhearg ar son ár dtíre, ar son ár gcreidimh agus ar son ár nDia. A Inse- Chorthaidh, a ghrádh ghil mo chroidhe! Ní raibh tú riamh gan sagairt naomtha. gan fíor-fhir threana, gan mná gheala, gaodhulocha san aimsir atá caithte agus, le cognamh Árd-Ríogh na ngrás, ní h-é in olcas a bheidh tú ag tuitim ach ag eirighe i bhfeabhas i ngach am riachtanais go dtí go mbheidh aisling na sár-fhear beó agus bríoghmhar fé ghréin, breagh lonnraigh ár saoirse. Agus mo chroidhe thú leis a Fhearna Mhóir na Ríogh. Annsan atá tú fé scath Shleibhe bhuidhe mar a chím tú anoish. Tá fallaí an tsean- chaisleáin briste indiu ach ní rabhadar mar sin in aimsir Dhiarmuda na nGall. Ba líonta an caisleán an oidhche sin a pósadh Diarmuid agus inghean an Árd-Ríogh. Ba bhreagh é an ceól ann, ba láidir é an fíon, ba threan iad na laochraidhe agus ba gheal iad na mná-uaisle an uair a thug Rí Laighean fleadh flathamhail chun onóra do thabhairt do Thuathal féin. Luigheann Diarmuid indiu sa tsean-roilig ar an dtaobh thuaidh de'n bhaile ach ní luigheann an feall comh bog le n-a cnámhaibh. Ní labhartar a ainim gan cuimhniughadh ar a pheacha agus gan mallacht do chur leis. Agus ní labharfar go dtí go mbeidh Éire mhór gan rian ná lorg aon sgríos- odóra galldha.
“Nách truagh é,” arsa Seaghán, “go gcaithfimíd dul abhaile. D'fhanfainn annso go ceann seachtmhaine ag machtnamh ar an saoghal atá caithte. In áit mar seo mar a bhfuil radharc ar ár dtír againn agus mar ar féidir mairceanna an bhothair a shiubhluigh ár mháthair, d'féicsint go glan soléir, eirigheann smaointe im' aigne nách féidir liom leigint leó. Tuigim-se annso cionnus is féidir le fear a bheatha do thabhairt go mall nó go h-obann, fé sholuis an lae nó indorchadas na h-oidhche ar son tíre mar í seo atá againn-ne. Ná tabharfainn seacht míle beatha chun ár gcómhacht naisiúnta d'fagháil ar ais! Feuc ar an dtír sin! ‘Seoid na Fairge’ a bhaist an fíle í, agus go deimhin ní'l aon tséod mar í.” Agus go dearbhtha do bhí an ceart aige. Fé soillse na gréine agus í ag dul fé do bhí na coillte mar cnaipí óir, airigid agus uimhe, na h-aibhne mar ribíní airigid ceangailte ortha, agus na cnaipí le n-a ribíní in a luidhe ar eadach mór ioldathach in a raibh gach dath níos deise na a chéile. D'fhanamar ag feachaint air agus ag machtnamh ar feadh i bhfad agus ar deireadh d' iompuigheamar gan focal a rádh agus do thángamar go mall anuas an casán doimhin gur shroiseamar an bóthar arís. Níor labhramar mar do bhí ár gcroidhthe ró-lán le n-a smaointibh a duisigheadh ionnta agus do b'é an smaoineamh ba mhó díobh go léir ná má bhí aoinne i gCarman nách raibh grádh aige d'á thír ba cheart do tráthnóna do chaitheamh ar mhullach Chnuich Bhrí lá gréine mheithimh agus an ghaoth aniar-andeas.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services