Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Íosagán agus Sgéalta Eile
Title
Íosagán agus Sgéalta Eile
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Colm Ó Conaire / Cuimín Ó Cualáin / Laeg
Composition Date
1920
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ins an “gClaidheamh Soluis,” i gcaitheam na mbliadhan 1905 agus 1906, a cuireadh na sgéalta so i gcló de'n chéad uair. Sgríobhadh tús sgéil “An tSagairt” as an nuadh le haghaidh an leabhráin seo, agus cuireadh athrughadh beag ar na sgéaltaibh eile annso 's annsúd. Táim fá chomaoin mhóir ag mo charaid óg, Colm Ó Neachtain, as ucht ar thug sé dhom de chongnamh agus mé i n-éadan an leabhair seo. Is é a chuir na focla sa bhFoclóir i ndiaidh a chéile tar éis iad a sgríobhadh dom-sa. B'fhéidir, le congnamh Dé, go mbeinn-se ag cuidiughadh leis-sean le slacht a chur ar leabhair fá cheann deich mbliadhan eile, má's slán dúinn ar aon. P. Mac P.
RÉAMHRÁDH. Ag cur na sgéalta so i n-eagar dhom, ní hiongnadh go bhfuil mo smaointe ar na cáirdibh a d'innis dhom iad agus ar an áit uaignigh ar chiumhais na hÉireann i n-a bhfuil a gcomhnaidhe. Feicim os comhair mo shúl taobh fíre chnocach ghleanntach aibhneach lochach; beanna móra ag bagairt a mullach ar imeall na spéire sa gceárd thiar adtuaidh; cuan caol caointeach ag síneadh isteach ó'n bhfairrge ar gach taobh de ros; an ros ag árdughadh aníos ó chrioslach an chuain, acht gan an iomarca aoirde ann i gcóimhmheas leis na cnocaibh má- gcuairt nó leis na beannaibh i gcéin; cnuasach beag tighthe i ngach gleann-
tán is mám sléibhe, agus bothán fánach annso is annsúd ar ghualainn na gcnoc. Feicthear dhom go gcluinim crónán na n-eas is na n-abhann, glaodh binn na feadóige is an chrotaigh, agus glór íseal na ndaoine ag comhrádh cois teineadh … Mo bheannacht leat, a leabhráin, go Ros na gCaorach is chuig a bhfuil ann dem' cháirdibh! … Is ó na “patairíbh beaga” a d'fheiceadh sean-Mhaitias ag déanamh grinn dóibh féin ar an “bhfaithche” a chuala mé bunáite an chéad sgéil. Bíonn siad ann i gcomhnaidhe, gach tráthnóna gréine is gach maidin bhreagh Domhnaigh, ag ritheacht is ag caitheamh léim go díreach mar a bhídís nuair a shuidheadh sean-Maitias ag breath- nughadh ortha. Ní fhacas-sa Íosagán i n-a measg riamh, acht ní móide nach mbíonn sé ann i n-a dhiaidh sin. Nach bhfuil a dhúil i bheith ag gáird- eachas ar an talamh agus nach é a aoibhneas a bheith i bhfochair clainne a Athar? … Tá innsighthe agam sa sgéal féin cia an áit agus cia an
tráth a gcuala mé “An Sagart.” Is maith is cuimhneach liom teach beag Nóra, agus an bheanín lághach í féin, agus an triúr páiste. Tá Páraic ag friotháil an Aifrinn anois, agus is clos dom go bhfuil “Fromsó Fram- só” de ghlan-mheabhair ag Taimín … Is ó Bhríghidín féin a chuala mé eachtra Bhairbre. Tráthnóna dá ndeachamar isteach ar Oileán na Raithnighe, mise agus ise, is eadh d'innis sí dhom é, agus sinn i n-ar suidhe ar bhruach an locha ag breathnughadh anonn ar an Aill Mhóir. Thaisbeán sí uaigh Bhair- bre dhom an tráthnóna céadna tar éis teacht a bhaile dhúinn, agus bhain sí gealladh díom go gcuirfinn paidir le hanam a carad gach oidhche le mo bheo. Béidh Bríghidín ag dul ar sgoil an bhliadhain seo chugainn, agus is dóigh go mbéidh sí i n-ann sgéal Bhairbre a léigheadh amach annso. Tá súil agam go dtaithneochaidh sé léithi. … Maidir le “Eoghainín na nÉan,” níl a fhios agam cia uaidh a gcuala mé é munab ó na fáinleog- aibh féin é 'Seadh, feicthear dhom
gurab iad a d'innis dhom é tráthnóna áirithe dá raibh mé sínte ar an bhfraoch ag féachaint ortha ag eiteall anonn is anall os cionn Loch Eir- eamhlach. Cia uaidh a gcuala na fáin- leoga tús an sgéil, ní' mé? Ó'n gcéirsigh agus ó'n ngealbhan buidhe úd a raibh a neadracha i gclaidhe an gharrdha, b'fhéidir. Dhíbh-se, a cháirde dílse, a lucht innsighthe mo sgéalta idir bheag agus mhór, thoirbhirim agus thiodhlacaim an leabhrán so. PÁDRAIC MAC PIARAIS.
ÍOSAGÁN. Bhí sean-Mhaitias i n-a shuidhe le hais a dhorais. An té ghabhfadh an bóthar, shílfeadh sé gur dealbh cloiche nó marmair a bhí ann — sin nó duine marbh — mar ní chreidfeadh sé go bhféad- fadh fear beo fanacht chomh ciúin, chomh socair sin. Bhí a cheann cromtha aige agus cluas air ag éisteacht. Is iomdha sin fuaim cheolmhar a bhí le cloisteáil, an té a mbeadh áird aige ortha. Chuala sean-Mhaitias olagán na dtonn ar na carraigreachaibh agus monabhar an tsruithleáin ag sileadh leis an gclochar. Chuala sé sgréach na cuirre éisg ó'n dúirling, agus géimneach na mbó ó'n mbuaile, agus geal-gháire na bpáistí ó'n bhfaithche. Acht ní le ceachtar aca so a bhí sé ag éisteacht chomh haireach sin — cé go mbadh bhinn leis iad go léir — acht le glór glé glinn cluig an Aifrinn a bhí ag teacht chuige le gaoith i gciúin- eadas na maidne. Bhí na daoine ar fad bailighthe leo chuig an Aifreann. Chonnaic sean- Mhaitias ag gabháil thairis iad i n-a
nduine 's i n-a nduine nó i n-a mion- dreamannaibh. Bhí na gearr-bhodaigh ag rith 's ag léimneach. Bhí na cailíní ag siosgadh cainnte go meidhreach. Bhí na mná ag comhrádh ós íseal. Bhí na fir i n-a dtost. Mar sin a thriall- aidís an bóthar gach Domhnach. Mar sin a shuidheadh sean-Mhaitias ar a chathaoir ag breathnughadh ortha nó go dtéidhidís as amharc. Thriall siad thairis an mhaidin áirithe seo mar ba ghnáthach. D'fhan an sean-fhear ag féachaint ortha go dtí go raibh críoch leis an ngleo is leis an bhfothram, go dtí gur ghlan an plód deireannach barr árdáin na cille, go dtí nach raibh le feiceál acht bóthar fada díreach ag síneadh amach is é bán, go dtí nach raibh fágtha ar an mbaile acht corr-shean-duine i n-a leabaidh, na páistí ag cleasaidheacht ar an bhfaithche, agus é féin i n-a shuidhe le hais a dhorais. Ní théidheadh sean-Mhaitias chuig teach an phobail. Níor éist sé “an tAifreann binn” le tuilleadh is trí sgór bliadhain. Bhí sé i n-a ógánach
luath láidir an uair dheireannach a choisrig sé é féin i láthair an phobail, agus anois bhí sé i n-a shean-fhear chríon chaithte, a chuid gruaige liath-bhán, ruic i n-a éadan, a shlinneáin cromtha. Níor fheac sé a ghlún i bhfiadhnaise Dé ar feadh na dtrí sgór bliadhain sin; níor chuir sé paidir chum a Chruthuightheora; níor ghabh sé buidheachas le n-a Shlánuightheoir. Fear ann féin a b'eadh sean-Mhaitias. Ní raibh a fhios ag éinne go cé an fáth nach dtéidheadh sé ar Aifreann. Dubhairt daoine nár chreid sé go raibh aon Dia ann. Dubhairt daoine eile go ndearna sé peacadh uathbhásach éigin i dtús a shaoghail, agus nuair nach dtiubhradh an sagart absolóid dó ar faoistean, gur tháinig cuthach feirge air agus gur mhionnuigh sé nach dtaobhóchadh sé sagart ná séipéal le n-a bheo arís Dubhairt daoine eile — acht ní deirtí é seo acht i gcogar cois teineadh nuair a bhíodh na sean-daoine ag seanchus leo féin tar éis dul a chodladh do na páistíbh — dubhradar so gur dhíol sé a anam le Fear Mór áirithe a
casadh dhó uair ar mhullach Chnuic an Daimh agus nach leigfeadh an té seo dhó an tAifreann a chleachtadh. Níl a fhios agam an fíor bréag na sgéalta so, acht tá a fhios agam nár facthas sean-Mhaitias ag Aifreann Dé le cuimhne cinn an duine ba sine ar an mbaile. Dubhairt Cuimín Ó Niadh, sean-fhear a fuair bás cúpla bliadhain roimhe seo i n-aois a dheich mbliadhan is ceithre sgór, go bhfaca sé féin ann é nuair a bhí sé i n-a stócach. Ná síltear go mba dhroch-dhuine sean-Mhaitias. Bhí sé i n-a fhear chomh macánta, chomh simplidhe, chomh nádúrtha is a casfaidhe ort i do shiubhal lae. Níor cluineadh as a bhéal riamh acht an deagh-fhocal. Ní raibh dúil aige i n-ól ná i gcomhluadar, i n-ór ná i maoin. Bhí sé bocht, acht is minic a roinneadh sé le daoinibh ba bhoichte 'ná é. Bhí truagh aige do'n easlán. Bhí trócaire aige do'n truaghán. Bhí modh agus meas ag fearaibh eile air. Bhí gean ag na mnáibh, ag na páistíbh, agus ag na hainmhidhthibh dhó; agus bhí gean aige- sean dóibh-sean agus do gach nídh atá grádhmhar croidhe-ghlan.
B'fhearr le sean-Mhaitias comhrádh ban 'ná comhrádh fear. Acht b'fhearr leis comhrádh malrach is girrseach 'ná comhrádh fear ná ban. Deireadh sé gur tuigseanaighe na mná 'ná na fir agus gur tuigseanaighe na páistí 'ná ceachtar aca. Is i bhfochair an dreama óig a chaitheadh sé an chuid is mó dá aimsir dhíomhaoinigh. Shuidheadh sé leo i gcúinne tighe ag innseacht sgéalta dhóibh nó ag baint sgéalta asta. B'iongantach iad a chuid sgéalta. Bhí Eachtra an Ghiorráin Ghlais ar dheiseacht an domhain aige. B'é an t-aon tsean-duine ar an mbaile é a raibh sgéal Phréacháin na gCearc 's an Dreoilín i gceart aige. Nach é a chuireadh sgannradh ar na páistíbh is é ag aithris ar “fú fá féasóg” Fathaigh an Dá Cheann, is nach é a bhain- eadh na gáirí asta ag cur síos ar im- theachtaibh an phíobaire i gCaisleán an tSeilmide! Agus na hamhráin a bhí aige! B'fhéidir leis leanbh breoidte a mhealladh chum suain le n-a — “Seoithín seó, is codail, a pheata, Tá an sluagh sidhe amuigh ag siubhal an ghleanna!”
nó thiocfadh leis líon tighe de pháistíbh a chur i dtrithíbh gáire le n-a — “Haidh didil dum, an cat is a mháthair, A d'imthigh go Gaillimh ag marcaidheacht ar bhárdal!” Agus nach aige bhí na sean-ranna greannmhara; agus na cruaidh-cheist- eanna deacra; agus na tomhaiseanna breaghtha! Maidir le cluichíbh, cá raibh an té, fear, bean, nó páiste, a d'fhéad- fadh “Lúrabóg, Lárabóg” nó “An Bhuidhean bhalbh” a choingbheáil ar siubhal leis? San uair bhreagh is ar thaoibh an chnuic nó ag siubhal na bportach a d'fheicfeá sean-Mhaitias is a chomrád- aidhthe beaga, é ag míniughadh slighe bheathadh na siogán is na míol gcríonna dóibh, nó ag ríomhadh sgéalta i dtaoibh na gráinneoige is an iorraidh ruaidh. Tamall eile dóibh ag bádóireacht, maide rámha ag an sean-fhear, ceann eile ag buachaillín beag éigin, agus b'fhéidir gearr-chaile ag stiúradh. Is minic a chluineadh na daoine a bhíodh ag obair i n-aice na trágha gártha áthais na bpáistí ag teacht chuca ó bhéal an
chuain, nó b'fhéidir glór shean-Mhaitiais is é ag gabháil fhuinn — “Óró! mo churaichín Ó! Is óró! mo bháidín!” — nó rud éigin mar é. Thagadh faitchíos ar chuid de na máithreachaibh sgaithte agus deiridís le chéile nár cheart dóibh leigean dá gclainn an oiread sin aimsire a chaitheamh i bhfochair shean-Mhaitiais — “fear nach dtaithigheann ord ná Aifreann.” Uair amháin nocht bean aca na smaointe seo do'n Athair Seaghán. 'Sér'd dubhairt an sagart — “Ná bac leis na páistíbh bochta,” ar seisean. “Ní fhéadfaidís a bheith i gcomhluadar ní b'fhearr.” “Acht deirtear liom nach gcreid- eann sé i nDia, a Athair.” “Is iomdha naomh 'sna Flaithis indiu nár chreid i nDia tráth dá shaoghal. Agus cogair mé seo. Muna bhfuil grádh ag sean-Mhaitias do Dhia — rud nach feasach duit-se nó dom-sa — is iongan- tach an grádh atá aige do'n nídh is áilne 's is glaine dár chruthuigh Dia — anam gléigeal an pháiste. Bhí an
grádh céadna ag ar Slánuightheoir féin agus ag na naomhaibh is glórmhaire ar neamh dóibh. Cá bhfios dúinn nach iad na páistí a tharraingeochadh sean- Mhaitias go glún ar Slánuightheora fós?” Agus fágadh an sgéal mar sin. An mhaidin Domhnaigh seo d'fhan an sean-fhear ag éisteacht nó gur stad clog an Aifrinn dá bhualadh. Nuair a bhí deireadh leis, leig sé osnadh, mar leigfeadh an té a mbeadh cumha is tuirse air, agus thug sé a aghaidh ar an mbuidhin mhalrach a bhí ag súgradh dóibh féin ar an ngiodán féir — an “fhaithche” a bheireadh sean-Mhaitias air — ag an gcros-bhóthar. Bhí aithne ag sean-Mhaitias ar gach pataire ceann- chatach cos-nochtuighthe aca. Níorbh' fhearr leis caitheamh aimsire ar bith 'ná bheith i n-a shuidhe annsin ag breathnughadh ortha is ag éisteacht leo. Bí sé 'gá gcomhaireamh, ag féachaint cia aca dá cháirdibh bhí ann agus cia aca bhí imthighthe 'un an Aifrinn leis na daoinibh fásta, nuair a thug sé fá deara páiste i n-a measg nach bhfaca sé riamh
roimhe. Gasúr beag donn, a raibh cóta bán air mar bhí ar gach malrach eile. agus é gan bróga gan caipín, mar is gnáthach le páistíbh an Iarthair. Bhí éadan an mhalraigh seo chomh soillseach leis an ngréin, agus facthas do shean- Mhaitias go raibh mar bheadh gaethe soluis ag teacht ó n-a cheann. An ghrian ag lonnradh ar a chuid gruaige, b'fhéidir. Bhí iongnadh ar an sean-fhear fá an bpáiste seo fheiceál, mar níor chuala sé go raibh aon strainséaraí tar éis teacht ar an mbaile. Bhí sé ar tí dul anonn agus duine de na sgurachaibh beaga a cheistniughadh i n-a thaoibh, nuair a chuala sé gleo is gliadar na ndaoine ag teacht a bhaile ó'n Aifreann. Níor airigh sé an uair ag sleamhnughadh thairis fhaid is bhí a áird ar chleasaibh na ngasúr. Bheannuigh cuid de na daoinibh dhó ag gabháil thairis doibh is bheannuigh seisean dóibh-sean Nuair a thug sé súil ar an sgata malrach arís, ní raibh an páiste deorata i n-a measg.
An Domhnach i n-a dhiaidh sin bhí sean-Mhaitias i n-a shuidhe le hais a dhorais, mar ba ghnáthach. Bhí an pobal bailighthe siar chuig an Aifreann. Bhí an dream óg ag ritheacht is ag caith- eamh léim ar an bhfaithche. Ag ritheacht is ag caitheamh léim i n-a bhfochair bhí an páiste deorata. D'fhéach Maitias air ar feadh i bhfad, mar thug sé taith- neamh a chroidhe dhó i ngeall ar áilneacht a phearsan agus gile a éadain. Sa deireadh ghlaoidh sé anall ar dhuine de na buachaillíbh beaga. “Cia hé an malrach údan fheicim in bhur measg le coicthighis, a Chóilín?” ar seisean — “é sin a bhfuil an cloigeann donn air, — acht fainic nach bán-ruadh atá sé: níl a fhios agam an dubh nó fionn é 's an chaoi a bhfuil an ghrian ag sgalladh air. An bhfeiceann tú anois é — é sin atá ag rith chugainn?” “Sin é Íosagán,” adeir an sgurach beag. “Íosagán?” “Sin é an t-ainm a thugas sé air féin.” “Cia dhár díobh é?”
“Níl a fhios agam, acht deir sé go bhfuil a Athair i n-a Rígh.” “Cé gcomhnuigheann sé?” “Níor innis sé é sin riamh dúinn, acht deir sé nach fada uainn a theach.” “An mbíonn sé i n-éindigh libh go minic?” “Bíonn, nuair a bhíos sinn ag caith- eamh aimsire dhúinn féin mar seo. Acht imthigheann sé uainn nuair a thagas daoine fásta sa láthair. Féach tá sé imthighthe cheana!” Bhreathnuigh an sean-fhear, agus ní raibh ann acht na malraigh a raibh aithne aige ortha. Bhí an Páiste ar a dtug an gasúirín “Íosagán” ar iarraidh. An nóiméad céadna cluineadh fothram is tormán na ndaoine ag filleadh ó'n Aifreann. An chéad Domhnach eile thuit gach nídh amach díreach mar thuit an dá Domhnach roimhe sin. Bhailigh an pobal siar mar ba ghnáthach agus fágadh an sean-fhear agus na páistí leo féin ar an mbaile. Thug croidhe shean-Mhaitiais léim i n-a
lár nuair a chonnaic sé an Páiste Neamhdha i n-a measg arís. D'éirigh sé. Chuaidh sé anonn agus sheas sé i n-a aice. Tar éis tamaill i n-a sheasamh dó gan corruighe, shín sé a dhá láimh chuige agus labhair sé de ghlór íseal — “A Íosagáin!” Chuala an Leanbh é agus tháinig sé chuige ar rith. “Tar i leith is suidh ar mo glúin go fóillín, a Íosagáin.” Cuir an Páiste a lámh i láimh thanaidh chnapaigh an tsean-fhir agus thriall- adar cos ar chois treasna an bhothair. Shuid sean-Maitias ar a chathaoir agus tharraing Íosagán le n-a bhrollach. “Cé gcomhnuigheann tú, a Íosagáin?” ar seisean, ag labhairt ós íseal i gcomhnaidhe. “Ní fada as so mo Theach. Cad chuige nach dtagann tú ar chuairt chugam?” “Bheadh faitchíos orm i dteach ríoghdha. Innsighthear dhom go bhfuil t'Athair i n-a Rígh.” “Is é Árd-Rí an Domhain é. Act níor ghábhadh dhuit faitchíos a bheith ort
roimhe. Tá sé lán de thrócaire is de ghrádh.” “Is baoghlach liom nár choingbhigh mé a dhlighe.” “Iarr maitheamhnas air. Déanfad- sa is mo Mháthair eadarghuidhe ar do shon.” “Is truagh liom nach bhfaca mé roimhe seo thú, a Íosagáin. Cé raibh tú uaim?” “Bhí mé annso i gcomhnaidhe. Bím ag taisteal na mbóthar is ag siubhal na gcnoc is ag treabhadh na dtonn. Bím i lár an phobail nuair chruinnigh- eas siad isteach i mo Theach. Bím i measg na bpáistí fhágas siad i n-a ndiaidh ag cleasaidheacht ar an tsráid.” “Bhí mise ró-fhaitcheach — nó ró-uaibh- reach — le dul isteach i do theach. a Íosagáin; acht fuair mé i measg na bpáistí thú.” “Níl aon am ná áit dá mbíonn páistí ag súgradh dóibh féin nach mbím-se i n-a bhfochair. Amannta chíonn siad mé; amannta eile ní fheiceann.”
“Ní fhaca mise riamh thú go dtí le goirid.” “Bíonn na daoine fásta dall.” “Agus i n-a dhiaidh sin gealladh dhom thú fheiceál, a Íosagáin?” “Thug m'Athair cead dom mé féin a fhoillsiughadh duit de bhrígh gur thug tú grádh dá pháistíbh beaga.” Cluineadh glórtha na ndaoine ag filleadh ó'n Aifreann. “Caithfidh mé imtheacht anois uait.” “Leig dom imeall do chóta a phógadh, a Íosagáin.” “Déan.” “An bhfeicfidh mé arís thú?” “Feicfir.” “Cia an uair?” “Anocht.” Leis an bhfocal sin bhí sé imthighthe. “Feicfidh mé anocht é!” arsa sean- Mhaitias agus é ag dul isteach sa teach. Tháinig an oidhche fliuch stoirmeamhail. Cluineadh na tonntracha móra ag briseadh le fuamán i n-aghaidh an chladaigh. Bhí na crainn thart timcheall ar theach an phobail ag luasgadh is ag
lúbadh le neart na gaoithe, (Tá an séipéal ar árdán ag tuitim le fánaidh síos go fairrge). Bhí an tAthair Seaghán ar tí a leabhar a dhúnadh agus a phaidrín a rádh nuair a chuala sé an torann mar a bheadh duine ag bualadh an dorais. D'éist sé ar feadh sgathaimh. Chuala sé an torann arís. D'éirigh sé ó'n teinidh, chuaidh go dtí an doras, agus d'osgail é. Bhí gasúr beag fir i n-a sheasamh ar lic an dorais — gasúr nár chuimhneach leis an sagart a fheiceál riamh roimhe. Bhí cóta bán air agus é gan bróga gan caipín. Facthas do'n tsagart go raibh gaethe soluis ag lonnradh ó n-a ghnúis agus timcheall a mhullaigh. An ghealach a bhí ag taithneamh ar a chaomh-cheann donn, b'fhéidir. “Cia tá annso agam?” ars' an tAthair Seaghán. “Cuir ort chomh tapaidh 's is féidir leat é, a Athair, is buail soir go dtí teach shean-Mhaitiais. Tá sé i mbéalaibh báis.” Níor theastuigh an dara focal ó'n sagart. “Suidh annso go mbídh mé réidh,”
ar seisean. Acht nuair a tháinig sé thar ais, bhí an teachtaire beag imthighthe. Bhuail an tAthair Seaghán bóthar, agus níorbh' fhada a bhain sé as, cé go raibh an ghaoth i n-a aghaidh, agus é ag báistigh go trom. Bhí solus i dteach shean-Maitiais roimhe. Bhain sé an laiste de'n doras is chuaidh isteach. “Cia hé seo chugam?” ars' an guth ó leabaidh an tsean-fhir. “An sagart.” “Badh mhaith liom labhairt leat, a Athair. Suidh annso lem' ais.” Bhí an guth fann agus tháinig na focla go mall uaidh. Shuidh an sagart agus chuala sgéal shean-Mhaitiais ó thús deireadh. Cia ar bith rún a bhí i gcroidhe an tsean-duine nochtadh do sheirbhíseach Dé annsin i lár na hoidhche é. Nuair a bhí an faoistean thart ghlac sean-Mhaitias Corp Chríost agus cuireadh an Ola Dhéidheannach air. “Cia dubhairt leat go raibh tú ag teastáil uaim, a Athair?” ar seisean de ghlór lag íseal, nuair a bhí gach-nídh déanta. “Bhí mé ag guidhe Dé go
dtiocfá, acht ní raibh aon teachtaire agam le cur fá do dhéin.” “Acht chuir tú teachtaire chugam, ar ndóigh?” adeir an sagart agus iong- nadh mór air. “Níor chuireas.” “Níor chuiris? Acht tháinig gasúirín beag agus bhuail sé ar mo dhoras agus dubhairt sé liom go raibh mo chongnamh ag teastáil uait!” Dhírigh an sean-fhear aniar sa leabaidh. Bhí faobhar i n-a shúilibh. “Cia an sórt gasúirín a bhí ann, a Athair?” “Buachaillín beag caoin a raibh cóta bán air.” “Ar thug tú fá deara mar bheadh sgáile soluis thart timcheall a chinn?” “Thugas, agus chuir sé iongnadh mór orm.” D'fhéach sean-Mhaitias suas, tháinig meangadh gáire ar a bhéal, agus shín sé amach a dhá láimh, — “Íosagán!” ar seisean. Leis an bhfocal sin thuit sé siar ar an leabaidh. Dhruid an sagart anonn go socair agus dhún a shúile. (A chríoch sin).
AN SAGART
AN SAGART. Is insa teach beag úd d'fheicfea sa ngleann síos uait, agus tú ag dul siar an bóthar ó'n nGort Mór go hInbhear, atá comhnaidhe ar mo Shagart. É féin is a mháthair is a dheirbhshiúr bheag is a dhearbhráithrín beag bídeach, sin a bhfuil de chomh- luadar ann. Caillead an t-athair sul a rugadh Taimín, an leanbh is óige aca. Níl aon am da mbím i Ros na gCaorach nach gcaithim tráthnóna nó dhó i n-a bhfochair, mar tá an Sagart agus Máirín (an deirbhshiúr bheag) agus Taimín ar na cáirdibh is dílse dá bhfuil agam. Bean óigeanta aclaidhe 'seadh máthair an tSagairt; tá sí roinnt taodach, b'fhéidir, acht má tá féin tá sí i n-a mnaoi chomh carthannach is atá beo i n-a dhiaidh sin. Is í a d'innis an sgéal so dhom tráth- nóna dá rabhas ar chuairt aici. Bhí s ag nigheachán an tSagairt os comhair na teineadh ar feadh na haimsire: dabhach mhór uisge leagtha ar an urlár
aici, an Sagart agus a chuid éadaigh bainte dhe, agus í ag sgiuradh is ag cárdáil gach orlach dá chorp. Tá aimh- reas orm nár thaithnigh an obair seo go ró-mhaith leis an Sagart, mar anois is arís chuireadh sé béic as. Le gach béic thugadh a mháthair bosóg bheag dhó agus tar 'éise sin phógadh sí é. Is deacair do mháthair a lámh a choisgeadh ó pháiste nuair a bhíos sé nochtuighthe aici; agus badh deacra 'ná sin do mháthair chomh grádhmhar leis an máthair seo a béal a choisgeadh ó bhéilín beag dearg chomh milis le béilín Pháraic (Páraic ainm mo Shagairt, tá a fhios agat). Badh ceart dom a rádh nach raibh an Sagart acht ocht mbliadhna fós. Ba deas an t-áilleán é i n-a sheasamh annsin agus solus na teineadh ag sgairteadh ar a cholainn chomh-dhéanta is ar a chloig- eann catach, agus ag rinnce i n-a shúilibh glasa gáireata. Nuair a smaoinighim ar Pháraic, is mar sin a fheicim os mo chomhair é, i n-a sheasamh ar an urlár i lóchrann na teineadh. Acht i dtaoibh an sgéil. Tuairim is bliadhain roimhe seo 'seadh thuit sé
amach. Bhí Nóra (an mháthair) ag obair ar fud an tighe. Bhí Máirín is Taimín ag súgradh dóibh féin ar an urlár. “Fromsó Framsó” a bhí ar siubhal aca. Bhí Máirín a d'iarraidh na focla a mhúineadh do Thaimín, rud a bhí ag cliseadh uirthi, thar ní raibh aon cainnt ag Taimín go fóill. Tá a fhios agat na focla, is dóigh? — is fiú iad fhoghlaim mar tá fíor-fhilidheacht ionnta:— “Fromsó Framsó, Bean a dhaimhseochadh, A dhéanfadh greann, A d'ólfadh leann, A bheadh in-ann ar maidin!” Theastuigh canna uisge ó Nóra le haghaidh tae a dhéanamh. Bhí sé i n-am suipéir. “Cá bhfuil Páraic, a Mháirín?” ar sise. “Tá sé ar iarraidh le leath- uair.” “Chuaidh sé siar sa seomra, a Mhaimín.” “A Pháraic!” adeir an mháthair ag glaodhach go hárd.
Níor labhruigheadh istigh. “'gCluin tú, a Pháraic!” Níor labhruigheadh, “Céard tá ar an ngasúr? A Pháraic, adeirim!” ar sise chomh hárd is bhí i n-a ceann. “Béidh mé soir ar ball, a Mhama,” ars' an guth ó'n seomra. “Corruigh leat, a mhaicín. Tá sé i n-am tae, agus dheamhan deor uisge sa teach agam.” Tháinig Páraic aniar as an seomra. “Tá tú ar fágháil sa deireadh. Gread leat síos — acht céard é seo? Cé bhfuair tú an léine sin, nó 'tuige a bhfuil sí ort? Céard bhí tú a dhéanamh?” Bhí Páraic i n-a sheasamh sa doras i n-a staic. Bhí léine feistighthe air os cionn a chóitín bhig amuigh. Bhreath- nuigh sé síos air féin. Bhí a aghaidh ar dearg-lasadh go cluasaibh. “Rinne mé dearmad í bhaint díom, a Mhama,” ar seisean. “'Tuige a bhfuil sí ort chor ar bith.”
THÁINIG PÁRAIC AMAR AS AN SEOMRA
“Spraoidh a bhí ar bun agam.” “Bain díot ar an bpuinnte í! An tslat atá uait, tú héin agus do spraoidh!” Bhain Páraic an léine dhe gan focal, agus d'fhág siar sa seomra í. “Sguab leat síos go dtí an tobar anois agus fágh canna uisge dhom, mar a dhéanfadh peata.” Bhí aith- mhéala ar Nóra cheana féin gur labhair sí chomh garbh sin leis. Is bean í nach buan a cuid feirge. Rug Páraic ar an gcanna agus lasg leis. Tháinig Micilin Éanna, buachaill comhursan, isteach fhaid is bhí sé amuigh. “Tá sé ag cinnt orm-sa, a Mhicilín,” arsa Nóra tar éis sgath- aimh, “a dhéanamh amach céard a bhíos Páraic a dhéanamh sa seomra sin ar feadh an tráthnóna. Ní túisge a dhinnéar caithte aige gach lá 'na ghlanas sé leis isteach annsin agus bíonn sé ar iarraidh go ham suipéir.” “Spraoidh eicínt a bhíos ar bun aige,” arsa Micilín.
“Sin é adeir sé héin. Acht ní sa teach badh ceart do mhalrach mar é a bheith sáithte tráthnóna breagh, acht amuigh fá'n aer, ag ropadh leis.” “‘Aoibhneas duine a thoil,’” arsa Micilín, ag deargadh a phíopa. “Duine ann héin 'seadh Páraic, ar chuma ar bith,” adeir Nóra. “'Sé an mac is contráilte chonnaic tú riamh é. Amannta ní thiubhradh triúr aire dhó, agus amannta eile ní aireochthá sa teach é.” Tháinig Páraic isteach faoi seo, agus níor cainntigheadh a thuilleadh ar an gceist. Níor éaluigh sé siar an turas so, acht i n-a leabaidh sin shuidh sé faoi ar an urlár, ag imirt “Fromsó Framsó” le Máirín is le Taimín. Bhí an dinnéar ar an mbord nuair a tháinig Páraic a bhaile ó'n sgoil tráth- nóna lá ar n-a bhárach. D'ith sé a chuid leite agus d'ól sé a naigín bainne go buidheach beannachtach. Chomh luath is bhí ithte agus ólta aige, chroch sé leis a mháilín leabhar, agus siar leis sa seomra mar ba ghnáthach.
Níor leig an mháthair uirthi go raibh sí ag cur aon tsuim ann. Acht' tar éis cupla noiméad, d'osgail sí doras an tseomra go ciúin, agus sháith barr a sróine isteach. Ní thug Páraic fá deara í, acht bhí amharc aici-si ar gach a raibh ar siubhal sa seomra. B'aisteach an t-amharc é. Bhí Páraic i n-a sheasamh i n-aice an bhuird, agus é gléasta san léine arís. Os a chionn so amuigh, siar thar a ghuail- nibh, bhí sé ag feistiughadh cóta deirg le n-a mháthair, a bhíodh ar crochadh ar an mballa aici. Nuair a bhí sé seo cóirighthe i gceart air, thogh sé amach an leabhar ba mhó dá raibh aige i n-a mháilín — “An Dara Leabhar” a bhí ann, creidim — d'osgail é, agus leath os a chomhair ar an mbord é, i n-a leath-luighe leis an sgáthán. Annsin a thosuigh na goithí dá ríribh. Sheas Páraic ar aghaidh an bhuird amach, d'fheac a ghlún, choisrig é féin, agus thosuigh air ag paidreoireacht ós árd. Ní go maith bhí Nóra i n-ann é thuigsint, acht, de réir mar cheap sí, bhí Laidin agus Gaedhilg measgtha trí
n-a chéile aige, agus bhí corr fhocal aige nár chosmhail le Laidin ná le Gaedhilg. Bobhta amháin b'fhacthas di go gcuala sí na focla “Fromsó, Framsó,” acht ní raibh sí cinnte. Dá mhéid iongnadh dá raibh ar Nóra fá'n obair seo, ba seacht mó an t-iongnadh a bhí uirthi nuair a chonnaic sí Páraic ag umhlughadh, ag bualadh a uchta, ag pógadh an bhuird, ag leigint air go raibh sé ag léigheadh urnaighthe Laidne as “An Dara Leabhar,” agus ag im- irt gach cleas a b'aistighe 'ná a chéile. Níor thuig sí i gceart céard a bhí ar bun aige gur ionntuigh sé thart agus adubhairt:— “'Sábhálaidh Dia sinn!” ar sise léithi féin nuair a chonnaic sí é seo. “Tá sé ag cur i gcéill go bhfuil sé i n-a shagart agus é ag léigheadh Aif- rinn! Sin í culaidh an Aifrinn atá air, agus 'sé an leabhar beag Gaedhilge Leabhar an Aifrinn!” Ní áidhbhéil a rádh go raibh Nóra sgannruighthe. Tháinig sí ar ais do'n chisteanaigh agus shuidh os comhair na
teineadh. Ní raibh a fhios aici céard badh ceart di a dhéanamh. Bhí sí idir dhá chomhairle cia aca badh córa dhi Páraic a chur treasna a glúine agus griosáil mhaith a thabhairt dó nó dul ar a dhá glúin roimhe agus a bheannacht a iarraidh! “Cá bhfios dom,” ar sise léithi féin, “nach peacadh uathbhásach dhom leigean dó aithris a dhéanamh ar an sagart mar sin? Acht cá bhfios dom, i n-a dhiaidh sin, nach naomh as na Flaithis atá sa teach agam? Agus, ar ndóigh, badh mhillteach an peacadh é lámh a leagaint ar naomh! Go maithidh Dia dhom é, is minic a d'fhág mé rian mo mhéar air cheana! Ní' mé ar pheacadh dhom é? Tá mé i dteannta, go cinnte!” Níor chodail Nóra néall an oidhche sin, acht ag cur na ceiste seo trí chéile. Maidin lá ar n-a bhárach, chomh túisge is bhí Páraic glanta leis chum sgoile, chuir Nóra an glas ar an doras, d'fhág an dá pháiste óga fá chúram máthar Mhicilín, agus bhuail an
bóthar go Ros na gCaorach. Níor bhain sí méar dá sróin nó gur thug sí teach an tsagairt phobail di féin agus gur innis a sgéala ó thús deireadh do'n Athair Rónán. Ní dhearna an sagart acht meangadh gáire, acht bhí Nóra leis nó gur bhain sí gealladh de go ngabhfadh sé an bóthar amach chuici an tráthnóna sin. Lasg léithi a bhaile annsin go sásta. Níor chlis an sagart uirthi. Bhuail sé isteach chuici sa tráthnóna. Tráth- amhail go leor, bhí Páraic sa seomra ag “léigheadh Aifrinn.” “Ar t'anam is ná labhair, a Athair!” arsa Nóra. “Tá sé istigh.” Théaluigh an bheirt ar bharr a gcos anonn go dtí doras an tseomra. Dearcadar isteach. Bhí Páraic gléas- ta san léine agus san gcóta go díreach mar bhí an lá roimhe sin, agus é ag guidhe go deaghmhóideach. Sheas an sagart sgathamh ag breathnughadh air. Fá dheireadh, d'ionntuigh mo dhuine thart, agus ag tabhairt aighthe ar an bpobal, mar 'dheadh —
“Orate, fratres,” ar seisean amach ós árd. Le linn é seo a rádh, chonnaic sé a mháthair agus an sagart sa doras. Dhearg sé agus sheas gan corruighe. “Gabh i leith annso chugam,” adeir an tAthair Rónán. Tháinig Páraic anall go faitcheach. “Céard é seo atá ar bun agat?” ars' an sagart. “Bhí mé ag léigheadh Aifrinn, a Athair,” arsa Páraic. Dubhairt sé an méid seo go cúthail, acht ba léir nár cheap sé go raibh aon cheo as an mbealach déanta aige — agus ar ndóigh, ní mó bhí. Acht bhí Nóra bhocht ar craitheadh le faitchíos. “Ná bí ró-chruaidh air, a Athair,” ar sise, — “níl sé acht óg.” Leag an sagart a lámh go héad- trom ar cheann bán an stóicín, agus labhair sé go ciúin cneasta leis. “Tá tú ró-óg fós, a Pháraicín,” adeir sé, “le bheith i do shagart, agus níl sé geallta d'éinne acht do shag- art Dé an tAifreann a rádh. Acht cogar i leith agam. Ar mhaith leat bheith
ag friotháil an Aifrinn Dia Domhnaigh?” Las súile Pháraic agus dhearg a ghruadh arís, ní le cúthaileacht an turas so acht le barr ríméid. “Óra, badh mhaith, a Athair,” ar seisean; “níl rud ar bith a b'fhearr liom.” “Déanfaidh sin,” ars' an sagart. “Feicim go bhfuil cuid de na paid- reachaibh agat cheana.” “Acht, a Athair, a mhuirnín, —” arsa Bríghid, agus stop mar sin go hobann. “Céard tá anois ort?” adeir an sagart. “Bríste ná bróga níor chaith sé fós!” ar sise. “Is luath liom bríste a chur air go —” Sgairt an sagart ag gáiridhe. “Níor chuala mé riamh,” ar seisean, “go raibh call le bríste. Cuir- fimid casóigín beag os cionn a chóta amuigh air, agus mise 'mo bhannaíbh go rachaidh sé go deas dó. Maidir le brógaibh, tá péire againn a d'fhág Máirtín an Iasgaire 'n-a dhiaidh nuair a chuaidh sé go dtí an Clochán Gléas-
famuid i gceart thú, a Pháraic, níl baoghal,” ar seisean. Agus mar sin a socruigheadh é. Nuair a bhí an sagart imthighthe chrom an mháthair agus phóg a mhaicín. “Mo ghrádh thú!” ar sise. Ag dul a chodladh di an oidhche sin, b'iad na focla deiridh adubhairt sí léithi féin: “Béidh mo mhaicín i n-a shagart! Agus cá bhfios dom,” ar sise ag dúnadh a súl di, “cá bhfios dom nach i n-a easpog a bheadh sé amach annso!” (A chríoch sin)
Bairbre Ní raibh Bairbre ró-shlachtmhar an lá a b'fhearr a bhí sí. D'admhóchadh éinne an méid sin. An chéad chás de, bhí sí geam-chaoch. Déarfá, le breathnughadh uirthi, go raibh sí ar leath-shúil. Níor ghéill Bríghidín riamh go raibh, ámhthach. Uair amháin dá ndubhairt cailín beag eile, le corp uilc ar an mbeirt aca, nach raibh ag Bairbre acht “leath-shúilín caoch ar nós cuit an táilliúra,” dubh- airt Bríghidín go feargach go raibh a dhá súil ag Bairbre chomh maith le duine, acht gurab amhlaidh bhíodh leath-shúil dúnta aici, mar go mbadh leor léithi an t-aon cheann amháin (bíodh is go mba ceann caoch í) le haghaidh a cuid gnótha a dhéanamh. Bíodh sin mar atá, ní féidir a cheilt go raibh plaitín innti; agus fágaim lem' ais nach deas an rud plaitín i n-óg-mhnaoi. Rud eile, bhí sí i n-a balbhán; nó badh cirte dhom a rádh nár labhair sí le héinne riamh acht le Bríghidín amháin. Má b'fhíor do Bhríghidín, bhí teanga bhlasta Gaedh-
ilge aici agus bhí a cuid smaointe ar áilneacht an domhain. Ní go maith bhí sí i n-ann siubhal, thar é bhí sí ar leath- chois agus bhí an leath-chos sin féin briste. Bhí dhá chois aici tráth, acht d'ith an gadhar ceann aca, agus briseadh an ceann eile san áit ar thuit sí de bharr an drisiúir. Acht cia hí Bairbre, arsa tusa, nó cia hí Bríghidín? 'Sí Bríghidín an ghirrseach bheag nó, mar adéarfadh sí féin, an gasúirín beag mná, atá i n-a comhnaidhe sa teach is goire do theach an mháighistir, — ar thaoibh na ciotóige ar ndóigh, ag dul soir an bóthar duit. Is cosmhail go n-aithnigheann tú anois í? Muna n-aithnighir, níl neart agam- sa ort. Níor chualas riamh cia dhár díobh í, agus dubhairt sí féin liom nach bhfuil d'ainm ar a hathair acht “Dheaide.” Maidir le Bairbre, — 'seadh, tá sé chomh maith agam eachtra agus imtheachta Bhairbre innseacht duit thríd síos. EACHTRA BHAIRBRE ANNSO. Lá dár éirigh máthair Bhríghidín, thug sí a mbricfasta do Bhríghidín agus dá
hathair, do'n ghadhar, do'n chuitín, do na gamhnaibh, do na cearcaibh, do na géadhaíbh, do na lachain, agus do'n spideoigín a thagadh go dtí an doras am bricfasta gach uile mhaidin. Nuair a bhí an méid sin déanta aici d'ith sí a bricfasta féin. Annsin thosuigh sí 'gá gléasadh féin le haghaidh an bhóthair. Bhí Bríghidín i n-a suidhe ar a stóilín féin gan smid aisti, acht í ag cur na súl trí n-a máthair. Sa deireadh thiar thall labhair sí:— “Bhfuil Mama ag imtheacht ó Bhrígh- idín?” “Níl, a stóir. Tiocfaidh Mama arís tráthnóna. Tá sí ag dul go Gaillimh.” “Bhfuil Bríghidín ag dul ann freisin?” “Níl, a chuid. Tá an bealach ró- fhada agus bheadh mo chailín beag tuirseach. Fanfaidh sí sa mbaile ag déanamh spraoidh di féin, mar a dhéan- fadh cailín maith. Nach bhfanfaidh?” “Fanfaidh.” “Ní rachaidh sí amach ar an tsráid?” “Ní rachaidh.”
“Tiocfaidh Dheaide isteach am dinn- éir agus béidh béile agaibh le chéile. Tabhair póg do Mhama anois.” Tugadh an phóg agus bhí an mháthair ag imtheacht. Phreab Bríghidín i n-a seasamh. “A Mhama!” “Céard é héin, a rúin?” “Nach dtiubhraidh tú féirín a bhaile chuig Bríghidín?” “Tiubhrad, a chuid. Féirín deas.” D'imthigh an mháthair agus d'fhan Bríghidín go sásta sa mbaile. Shuidh sí fúithi ar a stóilín. Bhí an gadhar i n-a lúib os comhair na teineadh agus é ag srannadh. Dhúisigh Bríghidín é agus chuir cogar i n-a chluais — “Tiubhraidh Mama féirín a bhaile chuig Bríghidín!” “Bhuf!” ars' an gadhar agus chuaidh a chodladh dó féin arís. Bhí a fhios ag Bríghidín gurbh' ionann “Bhuf!” agus “Maith an sgéal!” Bhí an cuitín i n-a shuidhe ar an teallach. Thóg Bríghidín i n-a dhá láimh é, chuimil a chealltar dá leiceann, agus chuir cogar i n-a chluais —
“Tiubhraidh Mama féirín a bhaile chuig Bríghidín.” “Mí — amha!” ars' an cuitín. Bhí a fhios ag Bríghidín gurbh' ionann “Mí — amha!” agus “Maith an sgéal!” Leag sí an cuitín uaithi agus d'imthigh ar fud an tighe ag gabháil fhuinn di féin. Rinne sí amhrán beag mar leanas:— “A ghadhairín ó 's a ghadhairín ó! Codail go fóill go dtigidh mo Mhama! A chuithín ó 's a chuitín ó! Bí ag crónán go dtigidh sí a bhaile! A ghadhairín ó 's a chuitín ó! Ar an aonach ó! atá mo Mhama, Acht tiocfaidh sí arís tráthnóinín ó! Is tiubhraidh sí féirín léithi a bhaile!” Thug sí iarracht fá'n amhrán so a mhúineadh do'n ghadhar, acht is mó an dúil a bhí ag an ngadhar i gcodladh 'ná i gceol. Thug sí iarracht fá n-a mhúineadh do'n chuitín, acht ba bhinne leis an gcuitín a chrónán féin. Nuair tháinig a hathair isteach fá mheadhon
lae ní dhéanfadh tada cúis di acht an t-amhrán a rádh dhó agus a chur d'iallach air é fhoghlaim de ghlan-mheabhair. D'fhill an mháthair a bhaile roimh thráthnóna. B'é an chéad fhocal adubhairt Bríghidín — “Ar thug tú an féirín leat, a Mhama?” “Thugas, a chuisle.” “Céard a thug tú leat?” “Tomhais!” Bhí an máthair i n-a seasamh i lár an urláir. Bhí a mála leagtha ar an urlár aici agus a lámha taobh thiar dhi. “Sweets?” “Ní headh!” “Cáca milis?” “Ní headh, muis'! Tá cáca milis i mo mhála agam acht ní hé sin an féirín.” “Péire stocaí!” Níor chaith Brígh- idín bróga ná stocaí riamh agus b'fhada dhi ag tnúthán leo. “Ní headh, go deimhin! Tá tú ró- óg le haghaidh stocaí go fóillín.” “Leabhar urnaighthe!” Ní gábhadh dhom a rádh nach raibh Bríghidín i n-ann
léigheadh (thar é níor chuir sí lá isteach ar sgoil i n-a saoghal), acht cheap sí go raibh. “Leabhar urnaighthe!” ar sise. “Ní headh, chor ar bith!” “Céard é héin, 'd eile?” “Breathnuigh!” Leath an mháthair a dhá láimh, agus céard a nochtfadh sí acht bábóigín! Bábóigín bheag ádhmaid a raibh plaitín innti, agus í geam-chaoch; acht bhí a dhá gruaidh chomh dearg le caor agus bhí smigeadh gáire ar a béal. Éinne a mbeadh cion aige do bhábógaibh, thiubh- radh sé gean agus grádh dhi. Las súile Bhríghidín le háthas. “Óra, nach deas í! Ara, a Mhama, a chroidhe, cé bhfuair tú í? Óra ó! Béidh páiste agam dem' chuid héin anois — páiste dem' chuid héinín héin! Béidh páiste ag Bríghidín!” Rug sí ar an mbábóigín agus d'fháisg le n-a croidhe í. Phóg sí a plaitín beag maol is a dhá gruaidh dhearga. Phóg sí a béilín is a sróinín gheanncach. Annsin chuimhnigh sí uirthi féin, chroch a ceann, agus ar sise le n-a máthair —
“Póch!” (mar sin adeireadh Brígh- idín “póg”). D'ísligh an mháthair nó gur phóg an cailín beag í. Annsin b'éigin di an bhábóigín a phógadh. Tháinig an t-athair isteach ar an bpuinnte sin agus cuireadh fá ndeara dó-san an cleas céadna a dhéanamh. Ní raibh tada ag déanamh imnidhe do Bhríghidín ar feadh an tráthnóna sin acht cia an t-ainm a bhaistfeadh sí ar an mbábóig. Mhol a máthair “Malaí” dhi agus cheap a hathair go mbadh feileamhnach an t-ainm “Peigí.” Acht ní raibh ceachtar aca so sáthach galánta, dar le Bríghidín. “Tuige ar tugadh ‘Bríghidín’ orm- sa, a Dheaide?” ar sise tar éis suipéir. “Dubhairt na sean-mhná gur chos- mhail led' Oncail Pádraic thú, agus ó thárla nárbh' fhéidir ‘Pádraic’ a bhaisteadh ort, baisteadh ‘Bríghid’ ort, mar b'fhacthas dúinn gurbh' é an rud ba ghoire dhó é.” “Meas tú an cosmhail í seo (an bhábóg) lem' Oncail Pádraic a Dheaide?”
RINNE BRÍGHIDÍN MACHTNAMH AR FEADH TAMAILL.
“Ó, ní cosmhail chor ar bith. Tá t'Oncail Pádraic bán — agus creidim go bhfuil féasóg anois air.” “Cia leis is cosmhail í, 'd eile?” “Muise, badh deacair a rádh, a chailín ó! — badh deacair sin.” Rinne Bríghidín machtnamh ar feadh tamaill. Bhí a hathair ag baint a cuid éadaigh dhi os comhair na teineadh ar feadh an ama so, mar bhí sé i n-am aici bheith ag dul a chodladh. Nuair a bhí bainte dhi chuaidh sí ar a glúinibh chuir a dhá láimhín le chéile, agus thosuigh uirthi mar so:— “A Íosa Críosta, go mbeannuighidh tú agus go sábhálaidh tú sinn! A Íosa Críosta, go mbeannuighidh tú Dheaide agus Mama agus Bríghidín, agus go gcuiridh tú slán sábháilte ó thubaiste agus ó anachain na bliadhna sinn, má's é toil mo Shlánuightheora é. A Dhia, go mbeannuighidh tú m'Oncail Pádraic, atá anois i 'Meriocá, agus m'Aint Bairbre —” Stad sí go hobann agus chuir gáir áthais aisti. “Tá sé agam! tá sé agam, a Dheaide!” ar sise
“Céard tá agat, a ghrádh? Fan go gcríochnuighidh tú do chuid paidreacha.” “M'Aint Bairbre! Is cosmhail lem' Aint Bairbre í!” “Cia is cosmhail led' Aint Bairbre?” “An bhábóigín! Sin é an t-ainm a thiubhras mé uirthi! Bairbre!” Leig an t-athair a shean-sgairt gháire sul ar chuimhnigh sé nach raibh na paidreacha críochnuighthe. Ní dhearna Bríghidín gáire ar bith, acht lean uirthi mar so:— “Ó! a Dhia! go mbeannuighidh tú m'Oncail Pádraic, atá anois i 'Meriocá, agus m'Aint Bairbre, agus” (seo aguisín a chuir sí féin leis) “agus go mbeannuighidh tú mo Bhairbre bheag héin agus go gcoinbhighidh tú ó pheacadh marbhtha í! Ámén, a Thighearna!” Sgairt an t-athair ag gáiridhe arís. D'fhéach Bríghidín air agus iongnadh uirthi. “Sguab leat siar anois agus isteach in do leabaidh leat go beo!” ar seisean chomh luath is d'fhéad sé labhairt le gáire. “Agus ná déan dearmad ar Bhairbre!” ar seisean.
“Is beag an baoghal!” Siar léithi sa seomra agus isteach sa leabaidh léithi de léim. Bí cinnte nár dhear- maid sí Bairbre. Ó'n oidhche sin amach ní rachadh Bríghidín a chodladh ar ór ná ar air- gead gan Bairbre a bheith sa leabaidh aici. Ní shuidhfeadh sí chum biadh a chaitheamh gan Bairbre a bheith i n-a suidhe le n-a hais. Ní ghabhfadh sí amach ag déanamh grinn di féin gan Bairbre a bheith i n-a fochair. Domhnach amháin a dtug a máthair léithi chuig an Aifreann í, ní raibh Bríghidín sásta gan Bairbre a thabhairt ann freisin. Ní thagadh bean chomhursan isteach ag cuairtéireacht nach gcuirfidhe Bairbre i n-aithne di. Lá dár bhuail an sagart isteach chuca d'iarr Bríghidín air a bheannacht a thabhairt do Bhairbre. Thug sé a bheannacht do Bhríghidín féin. Shíl sise gur do'n bhábóig a thug sé í, agus bhí sí lán-tsásta. Shocruigh Bríghidín párlús beag deas do Bhairbre ar bharr an drisiúir. Chuala sí go raibh párlús ag a hAint Bairbre (i nUachtar Árd a bhí sise
i n-a comhnaidhe) agus cheap sí nár mhór dá Bairbre-se párlús a bheith aici chomh maith le duine. Thuit mo Bhairbre bhocht de bharr an drisiúir lá, mar d'innsigheas cheana, agus briseadh leath-chos léithi. Is iomdha timpiste thairis sin d'éirigh di. Lá eile rug an gadhar uirthi agus bhí 'gá stróiceadh ó chéile go dtáinig máthair Bhríghidín do chabhair uirthi. D'fhan an leath-chos shlán ag an ngadhar. Thuit sí isteach san abhainn uair eile agus hóbair go mbáithfidhe í. 'Sé athair Bhríghidín a tháinig do chongnamh uirthi an turas so. Is beag nár báitheadh Bríghidín féin agus í a d'iarraidh í thárrtháil ó phort na habhann. Má bhí Bairbre gan a bheith ró- dhathamhail an chéad lá a dtáinig sí, luigheann sé le nádúr nach fearr an slacht a bhí uirthi thar éis bliadhain a chur dhi. Acht ba chuma le Bríghidín dathamhail nó mí-dhathamhail í. Thug sí grádh a croidhe di ó'n gcéad nóiméad ar leag sí súil uirthi, agus is ag méadughadh a bhí an grádh sin ó lá go lá. Nach ag an mbeirt aca a bhíodh an
greann nuair a d'fhágadh an mháthair an teach fá n-a gcúram tráth a mbíodh sí ar cuairt tigh chomhursan! Bhíodh an t-urlár sguabtha agus na plátaí nighte aca roimpi nuair a d'fhilleadh sí. Agus nach ar an máthair a bhíodh an t-iongnadh, mar 'dheadh! “An í Bríghidín a ghlan an t-urlár dá Mama?” adeireadh sí. “Bríghidín agus Bairbre,” adeireadh an cailín beag. “Muise, ní' mé beo céard a dhéan- fainn muna mbeadh an bheirt agaibh!” adeireadh an mháthair. Agus nach ar Bhríghidín a bhíodh an ríméad agus an bród! Agus na laetheannta fada samhraidh a chuiridís dhíobh ar thaoibh an chnuic, i measg na raithnighe agus na mbláth! — Bríghidín ag bailiughadh nóiníní is méiríní is bainne bó bliochtáin agus Bairbre 'gá gcomhaireamh di (mar deireadh sí); Bríghidín ag síor- chainnt agus ag innseacht sgéalta nach gcuala duine ná daonnaidhe (ní áirmhighim bábóigín) a leithéid riamh roimhe ná ó shoin, agus Bairbre ag
éisteacht léithi; — caithfidh sé go mbíodh sí ag éisteacht go haireach, mar ní thagadh focal as a béal. 'Sé mo bharamhail nach raibh gearr- chaile i gConnachtaibh ná, dá n-abróch- ainn é, san Roinn Eorpa, ba shásta shonasaighe 'ná Bríghidín na laetheannta úd; agus fágaim le hudhacht nach raibh bábóigín fá luighe na gréine ba shásta shonasaighe 'ná Bairbre. Sin mar bhí go dtáinig Niamh Chinn Óir. II. B'as Baile Átha Cliath do Niamh Chinn Óir. Bean uasal a tháinig do'n Ghort Mhór ag foghlaim Gaedhilge, gheall sí roimh imtheacht di go gcuir- feadh sí seod éigin chuig Bríghid- ín. Agus, ar ndóigh, chuir. Lá amháin, tuairim is seachtmhain tar éis imtheacht di, shiubhail Beartlí an Phosta isteach i lár na cisteanaighe agus leag bosga mór ar an urlár. “Duit-se, a bhean óg,” ar seisean le Bríghidín. “Ara, céard tá ann, a Bheartlí?” “Cá bhfios dom? Sidheog, b'fhéidir.”
“Ó bhó! Cé bhfuair tú é?” “Ó fhirín beag glas, a raibh féasóg fhada ghorm air, caipín dearg ar a mhullach, agus é ar marcaidheacht ar ghiorrfhiadh.” “Óra, 'dheaide! Agus céard dubh- airt sé leat, a Bheartlí?” “Dheamhan ceo adubhairt sé acht ‘Tabhair é seo do Bhríghidín, is mo bheannacht,’ agus as go bráthach leis le sméideadh do shúl.” Táim i n-aimhreas nárbh' fhíor do Bheartlí an tuairisg seo ar fad, acht chreid Bríghidín gach focal di. Ghlaoidh sí ar a máthair, san áit a raibh sí istigh sa seomra ag tógáil na háite tar éis an bhricfasta. “A Mhama, a Mhama, bosga mór do Bhríghidín! Firín beag glas a raibh féasóg fhada ghorm air a thug do Bheartlí an Phosta é!” Tháinig an mháthair amach agus bhailigh Beartlí leis. “A Mhaimín, a Mhaimín, osgail an bosga go tapaidh! Ceapann Beartlí go mb'fhéidir gur sidheog atá ann Corruigh leat, a Mhaimín, nó cá bhfios
dúinn nach múchfaidhe istigh sa mbosga í?” Ghearr an mháthair an téad. Bhain sí an páipéar de'n bhosga. Thóg sí an clár. Céard a bheadh ann, i n-a luighe go deas cluthmhar sa mbosga mar a bheadh páiste i gcliabhán, acht an bhábóg is áilne 's is gleoite dá bhfaca súil riamh! Bhí folt ór-bhuidhe uirthi agus é ag tuitim i n-a bhúclaíbh triopallacha thar a brághaid is thar a guailnibh. Bhí luisne an róis i n-a leiceann. 'Sí an tsamhail bhéarfainn dá béilín dhá chaor chaorthainn, agus ba geall le péarlaíbh a déad. Bhí a súile dúnta. Bhí culaidh gheal shíoda ag cumhdach a cuirp, agus brat dearg sróil os a cionn sin amuigh. Bhí muinche niamhrach de chlochaibh uaisle fá n-a píb, agus mar bharr ar na hiongantasaibh ar fad bhí mionn ríoghdha ar a ceann. “Bainríoghan!” arsa Bríghidín de ghuth íseal, mar bhí sórt sgátha uirthi roimh an tsidheoig ghlórmhair seo. “Bain- ríoghan ó Thír na nÓg! Féach, a Mhama, tá sí i n-a codladh. Meas tú an ndúiseochaidh sí?”
“Tóig i do láimh í,” adeir an mháthair. Shín an cailín beag a dhá láimh amach go faitcheach, leag go hurramach ar an mbábóig iongantaigh iad, agus fá dheireadh thóg as an mbosga í. Ní túisge rug sí uirthi 'ná d'osgail an bhábóg a súile agus adubhairt de ghlór caoin binn:— “Mam-a!” “Dia dar mbeannachadh,” ars' an mháthair ag gearradh comhartha na croise uirthi féin,” tá urlabhra aici!” Bhí faobhar neamh-ghnáthach i súilibh Bhríghidín agus bhí lasadh neamh-ghnáthach i n-a ceann-aghaidh. Acht ní dóigh liom go raibh sí leath chomh sgannruighthe is bhí an mháthair. Bíonn páistí ag súil le hiongantasaibh i gcomhnaidhe, agus nuair thuiteas rud iongantach amach ní chuireann sé an oiread uathbháis ortha is chuireas ar dhaoinibh fásta. “Tuige nach mbeadh urlabhra aici?” arsa Bríghidín. “Nach bhfuil urlabhra ag Bairbre? Acht is binne i bhfad a guth so 'ná guth Bhairbre.” Mo léan thú, a Bhairbre! Cá raibh tú ar feadh na haimsire seo? In do
luighe ar an urlár san áit ar thuit tú as láimh Bhríghidín nuair tháinig Beartlí isteach. Ní feasach mé an gcuala tú na briathra so ó bhéal do charad. Má chualais, is dearbhtha go mb'arraing thrí do chroidhe iad. Lean Bríghidín uirthi ag labhairt. Labhair sí go sgiobtha, a dhá súil ar lasadh i n-a ceann:— “Bainríoghan í seo,” ar sise. “Bainríoghan sidhe! Féach an chulaidh bhreagh atá uirthi! Féach an brat sróil atá uirthi! Féach an mionn áluinn atá uirthi! Is cosmhail í leis an mbainríoghain údan a raibh Stiophán na Sgéalta ag trácht uirthi an oidhche cheana, — an bhainríoghan a tháinig thar fairrge ó Thír na nÓg ar marcaidheacht ar an each bán. Cia an t-ainm a bhí ar an mbainríoghain sin, a Mhama?” “Niamh Chinn Óir.” “Seo í Niamh Chinn Óir!” ars' an cailín beag. “Taisbeánfaidh mé do Stiophán í an chéad uair eile thiocfas sé! Nach air a bhéas an t-áthas í fheic- eál, a Mhama? Bhí fearg air an oidhche fá dheireadh nuair adubhairt mo
Dheaide nach bhfuil sidheoga ar bith ann. Bhí a fhios agam-sa nach raibh mo Dheaide acht ag magadh.” Níor mhaith liom a rádh gur sidheog Niamh Chinn Óir, mar shíl Bríghidín, acht is dóigh liom go raibh draoidheacht éigin ag baint léithi; agus táim lán- chinnte go raibh Bríghidín féin fá dhraoidheacht ó'n nóiméad a dtáinig sí isteach sa teach. Muna mbeadh go raibh, ní fhágfadh sí Bairbre i n-a luighe léithi féin ar an urlár ar feadh an tráth- nóna gan focal a rádh léithi ná fiú amháin cuimhniughadh uirthi go ham codlata; ná ní ghabhfadh sí a chodladh gan Bairbre a thabhairt isteach sa leabaidh léithi mar ba ghnáthach. Is ar éigin a chreid- feá é, acht 'sí an bhainríoghan óg a chodail i bhfochair Bhríghidín an oidhche sin i n-ionad an chompánaigh bhig dhílis a chodluigheadh i n-a fochair gach oidhche le bliadhain. D'fhan Bairbre i n-a luighe ar an urlár go bhfuair máthair Bhríghidín í, is gur thóg is gur chuir suas ar bharr an drisiúir í san áit a raibh a párlús beag féin. Chaith Bairbre an oidhche
sin ar bharr an drisiúir. Níor chualas gur airigh Bríghidín ná a máthair ná a hathair aon chaoineachán ó'n gcistean- aigh i lár na hoidhche, agus leis an fhírinne a rádh ní mheasaim gur shil Bairbre deor. Acht is cinnte go raibh sí brónach go leor, i n-a luighe i n-áirde annsúd léithi féin, gan lámh a charad i n-a timcheall, gan teas colna a carad 'gá téitheadh, gan duine ná deoraidhe i n-a haice, gan fuaim ar bith a chloisteáil, acht amháin na fuam- anna fanna fíor-uaigneacha a bhíos le cloisteáil i dteach i n-am marbhtha na hoidhche. III. Is i n-a suidhe nó i n-a luighe ar bharr an drisiúir a chaith Bairbre bunáite na ráithe dar gcionn. B'annamh a labhruigheadh Bríghidín léithi; agus nuair a labhruigheadh, ní dheireadh sí acht, “Bí i do chailín mhaith, a Bhairbre. Feiceann tú go bhfuilim cruadhógach. Caithfidh mé aire a thabhairt do Niamh Chinn Óir. Bainríoghan í sin, tá's agat, agus caithfear aire mhaith a thabhairt di.” Bhí Bríghidín ag dul i
n-aois anois (creidim go raibh sí cúig bliadhna caithte nó b'fhéidir cúig bliadhna go leith), agus bhí sí ag éirghe as cuid de na nósaibh a chleachtuigheadh sí i dtús a hóige. Ní “Bríghidín” a thugadh sí uirthi féin anois, mar bhí a fhios aici an bhrígh atá leis an bhfocailín “mé,” agus leis an earbaillín sin “-im” nuair a cuirtear i ndiaidh “tá” agus “níl” é. Bhí a fhios aici freisin gur mór an meas agus an onóir atá ag dul do bhainríoghain thar mar atá ag dul do chréatúirín beag bocht mar Bhairbre. Is baoghlach liom nár thuig Bairbre an sgéal so chor ar bith. Ní raibh innti acht bábóigín maide, agus, ar ndóigh, badh deacair dá leithéid croidhe cailín a thuigsint. Ba léir di go raibh sí caithte do leath-taoibh. 'Sí Niamh Chinn Óir a chodluigheadh i bhfochair Bhríghidín anois; 'sí Niamh Chinn Óir a shuidheadh le n-a hais am béile; 'sí Niamh Chinn Óir a ghabhadh amach ar an gcnoc le n-a cois, a luigheadh léithi i measg na raithnighe, is a theidheadh léithi ah bailiughadh nóiníní is méiríní. 'Sí Niamh Chinn Óir a teannadh sí le n-a
hucht. 'Sí Niamh Chinn Óir a phógadh sí. Duine eile a bheith san áit ba ghnáthach leat-sa a bheith, duine eile a bheith ag siubhal le cois an té ar ghnáthach leat-sa siubhal le n-a chois, duine eile bheith ag pógadh an bhéil ba dhual duit- se a phógadh, — sin í an phian is mó dá bhfulaingtear ar an saoghal so; agus sin í an phian a bhí i lár Bhairbre anois, 'gá céasadh ó mhaidin go hoidhche is 'gá crádh ó oidhche go maidin. Is dóigh go ndéarfar liom nárbh' fhéidir na smaointe seo ná smaointe ar bith eile a bheith i gcroidhe Bhairbre, mar nach raibh innti acht bréagán maide gan mothughadh, gan meabhair, gan tuig- sint, gan treoir. M'fhreagra ar éinne labhróchas mar so liom: CÁ bhFIOS DÚINN? Cá bhfios duit-se nó dom-sa nach bhfuil a mothughadh is a meabhair féin, a dtuigsint is a dtreoir féin, ag bábógaibh is ag bréagánaibh maide, ag an gcrann is ag an gcnoc, ag an abhainn is ag an eas, ag mion-sgothaibh na páirce is ag mion-chlochaibh na trágha? — 'seadh agus ag na céadtaibh rudaí eile fheicimid 'n-ar dtimcheall? Ní
abraim go bhfuil; acht badh dána an mhaise dhom-sa nó d'éinne eile a rádh nach bhfuil. Is dóigh leis na páistíbh go bhfuil; agus 'sé mo bhar- amhail gur tuigseanaighe na páistí i neithibh de'n tsórt so 'ná tusa is mise. Lá amháin dá raibh Bairbre i n-a suidhe go huaigneach léithi féin i n-a párlús, bhí Bríghidín agus Niamh Chinn Óir i séis chomhráidh cois na teineadh; nó b'fhearr liom a rádh go raibh Bríghidín i séis chomhráidh léithi féin, agus Niamh ag éisteacht léithi; mar níor chuala éinne focal as béal na Bainríoghna riamh acht amháin “Mam-a.” Bhí máthair Bhríghidín taobh amuigh de'n doras ag nigheachán. Bhí an t-athair ag cur fhataí san ngarrdha. Níor fhan sa teach acht Bríghidín agus an dá bhábóig. Is dóigh go raibh an cailín beag tuir- seach, mar chaith sí an mhaidin ag nigh- eachán (nigheadh sí braithlín agus pluid na Bainríoghna gach seachtmhain). Ba gearr go dtáinig codladh uirthi. Ba gearr i n-a dhiaidh sin gur leig sí a ceann ar a brollach is go raibh sí i n-a
toirchim suain. Ní thuigim i gceart céard d'éirigh tar 'éise sin, acht de réir chosamhlachta bhí Bríghidín ag tuitim le fánaidh nó gur síneadh ar leic an teallaigh í i bhfoigseacht orlaigh do'n teinidh. Níor dhúisigh sí, mar bhí sí i n-a cnap codlata. Is cosmhail go raibh Niamh Chinn Óir i n-a codladh freisin, acht cia ar bith cia sgéal é níor chorruigh sí. Ní raibh éinne sa teach leis an bpáiste beag grádhmhar a chosaint ar an mbás a bhí ag triall uirthi. Níorbh' eol d'éinne í bheith i gconntabhairt acht amháin do Dhia agus do — Bhairbre. Bhí an mháthair ag oibriughadh léith taobh amuigh agus gan aon chuimhneamh aici go raibh an bás chomh gar sin do leanbh a croidhe. Bhí sí ag casadh puirt di féin, agus 'ghá chrochadh go breagh, nuair a chuala sí an tuairt — tuairt mar bheadh rud éigin ag tuitim ar an urlár. “Céard é sin anois?” ar sise léith féin. “Rud éigin a thuit de'n bhalla, tá seans. Ní féidir gurab í Bríghidín a bhain leis?”
Isteach léithi go deifreach. Is ar éigin nár thuit an t-anam aisti le neart uathbháis. Agus ciarbh' iongnadh é? Bhí a leanbh múirneach sínte ar an teallach agus a cóitín beag ar dearg- lasadh sa teinidh! Phreab an mháthair chuici treasna na cisteanaighe, thóg i n-a baclainn í, is bhain di an cóta. Ní raibh ann acht gur thárrthuigh sí í. Dá bhfanfadh sí leath-nóiméidín eile, bhí sí ró- mhall. Bhí Bríghidín i n-a dúiseacht anois agus a dhá láimh fá mhuineál a máthar. Bhí sí ar craitheadh le teann faitchís agus, ar ndóigh, ag gol, cé nach go ró- mhaith a thuig sí an sgéal fós. Bhí a máthair “'gá múchadh le pógaibh is 'gá báthadh le deoraibh.” “Céard d'éirigh dhom, a Mhama? Bhí mé ag brionglóidigh. Mhothuigh mé teas agus cheap mé go raibh mé ag dul suas, suas san spéir, agus go raibh an ghrian 'gam' dhóghadh. Céard d'éirigh dhom?” “'Sé toil Dé é nár loisgeadh mo stóirín, — ní leis an ngréin, acht leis
an teinidh. Ó, a Bhríghidín, a pheata bhig do mháthar, céard a dhéanfainn dá marbhóchthaidhe orm thú? Céard a dhéan- fadh t'athair? 'Sé Dia adubhairt liom a theacht isteach ar an nóiméad sin! — Ní' mé céaróch torann a chuala mé? Muna mbeadh sin ní thiocfainn isteach chor ar bith.” Bhreathnuigh sí thairsti. Bhí gach rud i n-a áit féin ar an mbord, agus ar na ballaíbh, agus ar an drisiúr, — acht fan! os comhair an drisiúir thug sí fá deara an rud ar an urlár. Céard a bhí ann? Colann bheag gan ceann — colann bábóige. “Bairbre a thuit de'n drisiúr arís,” ars' an mháthair. “Mo choinsias, 'sí shábháil t'anam duit, a Bhríghidín.” “Ní tuitim a rinne sí 'chor ar bith!” ars' an cailín beag, “acht is amhlaidh chonnaic sí go raibh mé i gconntabhairt agus chaith sí léim ó bharr an drisiúir le mé shábháil. A Bhairbre bhocht, thug tú t'anam ar mo shon!” Chuaidh sí ar a glúinibh, thóg corpán beag na bábóige, agus phóg go ceannsa ceanamhail é.
“A Mhama,” ar sise go brónach, “ó tháinig Niamh Chinn Óir, tá faitchíos orm go ndearna mé dearmad ar Bhairbre bhocht, agus gur mó an spéis a chuir mé i Niamh Chinn Óir 'ná innti- se; agus féach gurab í ba dhílse dhom i n-a dhiaidh sin! Agus tá sí marbh anois orm, agus ní bhéidh mé i n-ann labhairt léithi arís go bráthach, ná a rádh léithi gur fearr liom míle uair — 'seadh, céad míle uair — í 'ná Niamh.” “Ní marbh atá sí 'chor ar bith,” adeir an mháthair, “acht gortuighthe. Cuirfidh t'athair an ceann uirthi arís nuair a thiocfas sé isteach.” “Dá dtuitfinn-se de bharr an drisiúir, a Mhama, is go gcaillfinn mo cheann, arbh' fhéidir é chur orm arís?” “Níorbh' fhéidir. Acht ní hionann tusa is Bairbre.” “Is ionann. Tá sí marbh. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil sí ag corruighe ná ag labhairt?” B'éigin do'n mháthair an méid seo admháil. Ní chuirfeadh aon nídh i n-a luighe ar Bhríghidín nach raibh Bairbre básuighthe
agus nach le ise shábháil a thug sí a hanam. Ní abróchainn féin go raibh an ceart aici, acht ní abróchainn nach raibh. Níl le rádh agam acht an méid adubhras cheana: Cá bhfios dom-sa é? Cá bhfios duit-se é? Cuireadh Bairbre an tráthnóna sin ar thaoibh an chnuic san áit ar chaith sise agus Bríghidín na laetheannta fada samhraidh úd i measg na raithnighe is na mbláth. Tá méiríní ag fás ag ceann na huaighe, agus tá nóiníní is bainne bó bliochtáin go fairsing i n-a timcheall. Roimh dhul a chodladh do Bhríghidín an oidhche sin, ghlaoidh sí anall ar a máthair. “Meas tú, a Mhama,” ar sise, “an bhfeicfidh mé Bairbre ar neamh?” “B'fhéidir le Rígh na Glóire go bhfeicfeá,” adeir an mháthair. “Meas tú an bhfeicfead, a Dheaide?” ar sise le n-a hathair. “Tá a fhios agam go binn go bhfeic- fir,” adeir an t-athair. Gurab é sin Eachtra agus Oidheadh Bhairbre go nuige sin. (A chríoch sin.)
EOGHAINÍN NA nÉAN. Comhrádh a thárla idir Eoghainín na nÉan agus a mháthair tráthnóna earraigh roimh dhul faoi do'n ghréin. An chéir- seach agus an gealbhan buidhe a chuala é agus (de réir mar mheasaim) a d'innis dom' cháirdibh, na fáinleoga, é. Na fáinleoga a d'innis an sgéal dom- sa. “Teara uait isteach, a pheata. Tá sé ag éirghe fuar.” “Ní fhéadaim corruighe go fóill beag, a mháithrín. Tá mé ag fanacht leis na fáinleogaibh.” “Cia leis, a mhaicín?” “Leis na fáinleogaibh. Tá mé 'ceapadh go mbéidh siad annso anocht.” Bhí Eoghainín i n-áirde ar an aill mhóir a bhí láimh le binn an tighe, é socruighthe go deas ar a mullach agus cúl bán a chinn le bun na fuinn- seoige a bhí 'gá fasgadh. Bhí a cheann crochta aige, agus é ag breathnughadh
uaidh ó dheas. D'fhéach a mháthair suas air. B'fhacthas di go raibh a chuid gruaige i n-a hór bhuidhe san áit a raibh an ghrian ag sgalladh ar a chloigeann. “Agus cé as a bhfuil siad ag teacht, a leinbh?” “Ó'n Domhan Theas — an áit a mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe. Tá mé ag fanacht leo le seachtmhain.” “Acht cá bhfios duit gur anocht a thiocfas siad?” “Níl a fhios agam, acht mé 'ghá cheapadh. Badh mhíthid dóibh bheith annso lá ar bith feasta. Is cuimhneach liom gur cothrom an lae indiu go díreach tháinig siad anuraidh. Bhí mé ag teacht aníos ó'n tobar nuair a chuala mé a gceileabhar — ceileabhar binn meidhreach mar bheidís ag rádh: “Támuid chugat arís, a Eoghainín! Sgéala chugat ó'n Domhan Theas!” — agus annsin d'eit- eall ceann aca tharm — chuimil a sgiathán dem' leiceann.” Ní cúram a rádh gur chuir an chainnt seo an-iongnadh ar an máthair. Níor labhair Eoghainín mar sin léithi riamh roimhe. B'fheasach di gur chuir sé an-
tsuim ins na héanlaith agus gur iomdha uair a chaitheadh sé ins an gcoill nó cois trágha “ag cainnt leo” mar adeireadh sé. Acht níor thuig sí cia an fáth a mbeadh fonn chomh mór sin air na fáinleoga fheiceál chuige arís. D'aithnigh sí ar a aghaidh, chomh maith le n-a ghlórthaibh béil, go raibh sé ag síor- smaoineadh ar rud éigin a bhí ag déanamh imnidhe dhó. Agus tháinig roinnt mí-shuaimhnis ar an mnaoi chroidhe í féin, nídh nach iongnadh. “Dar ndóigh, is aisteach an chainnt ó pháiste í,” ar sise i n-a hintinn féin. Níor labhair sí smid ós árd, ámhthach, acht í ag éisteacht le gach focal dá dtáinig amach as a bhéal. “Tá mé an-uaigneach ó d'fháguigh siad mé san bhfóghmhar,” adeir an gasúr beag arís, mar dhuine a bheadh ag cainnt leis féin. “Bíonn an oiread sin aca le rádh liom. Ní hionann iad agus an chéirseach nó an gealbhan buidhe a chaitheas bunáite a saoghail cois an chlaidhe san ngarrdha. Bíonn sgéalta iongantacha le n-aithris aca i dtaoibh na gcríoch a mbíonn sé i n-a shamhradh i
gcomhnaidhe ionnta, agus i dtaoibh na bhfairrgí bhfiadháin san áit a mbáithtear na luingis, agus i dtaoibh na gcathrach n-aol-gheal a mbíonn na ríghthe 'n-a gcomhnaidhe ionnta. Is fada fada an bealach é ó'n Domhan Theas go dtí an tír seo: feiceann siad 'ch uile rud ag teacht dóibh is ní dhéanann siad dearmad ar thada. Is fada liom uaim iad.” “Tar isteach, a ghrádh ghil, is téidhir a chodladh. Préachfar leis an bhfuacht thú má fhanair amuigh i bhfad eile.” “Gabhfaidh mé isteach ar ball beag, a máithrín. Níor mhaith liom iad a theacht agus gan mé annso le fáilte a chur rómpa. Bheadh iongnadh ortha.” Chonnaic an mháthair nach raibh aon mhaith a bheith leis. Chuaidh sí isteach go buaidheartha. Ghlan sí an bord is na cathaoireacha. Nigh sí na sgálaí is na miasa. Rug sí ar an sguaib agus sguab sí an t-urlár. Sgól sí an túlán is na corcáin. Dheasuigh sí an lampa agus chroch ar an mballa é. Chuir sí tuilleadh móna ar an teinidh. Rinne sí céad rud eile nár ghábhadh dhi
a dhéanamh. Annsin shuidh sí os comhair na teineadh ag smaoineadh di féin. Tháinig píobaire na gríosaighe amach agus thosuigh ar a phort croidheamhail. D'fhan an mháthair cois teallaigh ag smaoineadh. D'fhan an gasúr beag ar a shuidheachán aerach ag faireadh. Tháinig na ba a bhaile ó'n gcimín. Ghlaoidh an chearc chuici ar a héiníníbh. Chuaidh an lon dubh is an dreoilín is mion-daoine eile na coille do chod- ladh. Coisgeadh ar dhordán na gcuil- eog is ar mhéidhligh na n-uan. D'ísligh an ghrian go mall go raibh sí i n-aice le bun na spéire, go raibh sí go díreach ar bhun na spéire, go raibh sí fá bhun na spéire. Shéid gála fuar anoir. Leath an dorchadas ar an talamh. Fá dheireadh tháinig Eoghainín isteach. “Is baoghlach nach dtiocfaidh siad anocht,” ar seisean. “B'fhéidir le Dia go dtiocfaidís i mbárach.” Tháinig an mhaidin lá ar n-a bhárach. Bhí Eoghainín i n-a shuidhe go moch agus é ag faireadh amach ó mhullach na haille. Tháinig an meadhon lae.
Tháinig an deireadh lae. Tháinig an oidhche. Acht, mo léan! níor tháinig na fáinleoga. “B'fhéidir go bhfeicfimís chugainn i mbárach iad,” arsa Eoghainín agus é ag teacht isteach go brónach an oidhche sin. Acht ní fhacadar. Ná ní fhacadar chuca iad an lá i n-a dhiaidh sin ná an lá i n-a dhiaidh sin arís. Agus 'sér'd deireadh Eoghainín gach oidhche ag teacht isteach dhó: “B'fhéidir go mbeadh siad chugainn i mbárach.” II. Tháinig tráthnóna aoibhinn i ndeir- eadh an Aibreáin. Bhí an t-aer glan fionnfhuar tar éis múir bháistighe. Bhí solus iongantach san domhan thiar. Bhí séis cheoil ag na héanlaith san gcoill. Bhí duan dá canadh ag na tonntrach- aibh ar an tráigh. Acht bhí uaigneas ar chroidhe an mhalraigh agus é ag fanacht leis na fáinleogaibh. Cluineadh go hobann glór nár cluineadh san áit sin le tuilleadh agus leith-bhliadhain. Glór beag bídeach.
BHÍ UAIGNEAS AR CHROIDHE AN MHALRAIGH AGUS É AG FANACHT LEIS NA FÁINLEOGAIBH
Glór fann fíor-bhinn. Ceileabhar mear meidhreach, agus é neamh-chosmhail le haon cheileabhar eile dá dtagann ó ghob éin. Le luas lasrach thiomáin toirt bheag dhubh andeas. Í ag eit- eall go hárd san aer. Dhá sgiathán leathna láidre uirthi. Déanamh gabh- láin ar a hiorball. Í ag gearradh na sligheadh roimpi mar shaighid a caithfidhe as bogha. D'ísligh sí go hobann, d'ionntuigh sí, d'éirigh arís d'ísligh is d'ionntuigh arís. Annsin rinne sí caol díreach ar Eoghainín, í ag labhairt i n-árd a gotha, gur luigh is gur neaduigh sí i mbrollach an ghasúirín tar éis a taistil fhada ó'n Domhan Theas. “Ó! mo ghrádh thú, mo ghrádh thú!” arsa Eoghainín, 'gá tógáil i n-a dhá láimh is 'gá pógadh ar an gcloiginín dubh. “'Sé do bheatha chugam. ó na críochaibh coimh- ightheacha! Bhfuil tú tuirseach tar éis t'aistir uaignigh thar taltaibh agus thar fairrgíbh? Óra, mo mhíle mhíle grádh thú, a theachtaire bhig áluinn ó'n tír i n-a mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe! Cá bhfuil do chompánaigh uait? Nó
céard d'éirigh dhíbh ar an mbóthar nó te nach dtáinig sibh roimhe seo?” An fhaid is bhí sé ag labhairt mar so leis an bhfáinleoig, 'gá pógadh arís is arís eile agus ag cuimilt a láimhe go grádhmhar dá sgiathánaibh dubh-ghorma, dá sgórnach beag dearg, agus dá brollach geal cluthmhar, sheol éinín eile andeas agus thuirling i n-a n-aice. D'éirigh an dá éan san aer annsin, agus 'sé an chéad áit eile ar luigh siad i n-a neid bhig féin a bhí foluighthe san eidhean a bhí ag fás go tiugh ar bhallaíbh an tighe. “Tá siad ar fágháil sa deireadh, a mháithrín!” arsa Eoghainín, agus é ag rith isteach go lúthgháireach. “Tá na fáin- leoga ar fágháil sa deireadh! Tháinig péire anocht — an péire a bhfuil a nead os cionn m'fhuinneoige-se. Béidh an chuid eile chugainn i mbárach.” Chrom an mháthair agus theann sí léithi é. Annsin chuir sí paidir chum Dé ós íseal, ag gabháil bhuidheachais leis as ucht na fáinleoga a sheoladh chuca. An las- air a bhí i súilibh an mhalraigh, chuir- feadh sí aoibhneas ar chroidhe máthar ar bith.
Ba shámh é codladh Eoghainín an oidhche sin. Tháinig na fáinleoga i ndiaidh a chéile anois — i n-a gceann is i n-a gceann ar dtús, i n-a bpéire is i n-a bpéire annsin, agus fá dheireadh i n-a sgataíbh beaga. Nach ortha a bhí an t-áthas nuair a chonnaic siad an tsean- áit arís! An choill bheag agus an sruithleán ag gluaiseacht tríthi; an tráigh gheal ghainmheach; na fuinnseoga a bhí i n-aice an tighe; an teach féin agus na sean-neadracha go díreach mar d'fhágadar iad leith-bhliadhain roimhe sin. Ní raibh athrughadh ar thada acht amháin ar an mbuachaill beag. Bhí seis- ean níos ciúine agus níos míne ná bhíodh. Ba mhinice i n-a shuidhe é 'ná ag rith leis féin ar fud na ngarranta mar ba ghnáthach leis roimhe sin. Níor cluineadh ag gáiridhe ná ag gabháil fhuinn é chomh minic is cluintí. Má thug na fáinleoga an méid seo fá deara, agus ní abróchainn nár thug, is cinnte go raibh brón ortha faoi. Chuaidh an samhradh thart. B'annamh
a chorruigheadh Eoghainín amach ar an tsráid, acht é i n-a shuidhe go sásta ar mhullach na haille ag féachaint ar na fáinleogaibh agus ag éisteacht le n-a gceileabhar. Chaitheadh sé na huaireannta mar so. Ba mhinic ann é ó mhoch na maidne gur tháinig an “tráthnóna gréine buidhe”; agus ag dul isteach dhó gach oidhche bhíodh an-chuim- se sgéalta — sgéalta áilne iongan- tacha — aige le n-innseacht dá mháthair. Nuair a cheistnigheadh sise é fá na sgéaltaibh seo, deireadh sé i gcomh- naidhe léithi gurab ó na fáinleogaibh d'fhághadh sé iad. III. Bheannuigh an sagart isteach tráth- nóna. “Cia chaoi bhfuil Eoghainín na nÉan an aimsir seo, a Eibhlín?” ar seisean. (“Eoghainín na nÉan” a bhí mar ainm ag na malrachaibh eile air i ngeall ar an gcion a bhí aige do na héanlaith). “Muise, a Athair, ní raibh sé chomh maith le fada an lá is atá sé ó tháinig an samhradh. Tá luisne i n-a
leiceann nach bhfaca mé ann riamh roimhe.” Bhreathnuigh an sagart go géar uirthi. Thug seisean an luisne sin fá deara le tamall, acht má thug, níor mheall sí é. Thug daoine eile fá deara freisin í agus, má thug, níor mheall sí iad. Acht ba léir gur mheall sí an mháthair. Bhí deora i súilibh an tsagairt, acht bhí Eibhlín ag fadughadh na teineadh is ní fhaca sí iad. Bhí tocht i n-a ghlór nuair a labhair sé arís, acht níor thug an mháthair fá deara é. “Cá bhfuil Eoghainín anois, a Eibhlín?” “Tá sé i n-a shuidhe ar an aill amuigh ‘ag cainnt leis na fáinleogaibh,’ mar deireann sé héin. Is iongantach an cion atá aige do na héiníníbh sin. Bhfuil a fhios agat, a Athair, céard dubhairt sé liom an lá cheana?” “Níl a fhios, a Eibhlín.” “Bhí sé 'ghá rádh gur gearr anois go mbéidh na fáinleoga ag imtheacht uainn arís, agus ar seisean liom go toib- eann, ‘Céard a dhéanfá, a mháithrín,’ ar seisean, ‘dá n-éalóchainn-se uait leis na fáinleogaibh?’”
“Agus céard dubhairt tusa, a Eibhlín?” “Dubhairt mé leis sguabadh leis amach agus gan a bheith 'gam' bhodhrughadh. Acht táim ag cuimhniughadh riamh ó shoin ar an rud adubhairt sé agus tá sé ag déanamh buaidheartha dhom. Nárbh' aisteach an smaoineadh dhó é, a Athair, — é imtheacht leis na fáinleogaibh?” “Is iomdha smaoineadh aisteach thag- as isteach i gcroidhe páiste,” ars' an sagart. Agus thug sé an doras amach air féin gan focal eile a rádh. “Ag brionglóidigh mar is gnáthach leat, a Eoghainín?” “Ní headh, a Athair. Tá mé ag cainnt leis na fáinleogaibh.” “Ag cainnt leo?” “'Seadh, a Athair. Bímid ag cainnt le chéile i gcomhnaidhe.” “Agus cogar. Céard a bhíos sibh a rádh le chéile?” “Bímid ag cainnt ar na críochaibh i bhfad uainn a mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe ionnta, agus ar na fairrgíbh fiadháine san áit a mbáithtear na
luingis, agus ar na cathrachaibh aol- gheala a gcomhnuigheann na ríghthe ionnta.” Tháinig iongnadh a chroidhe ar an sagart mar tháinig ar an máthair roimhe sin. “Tusa a bhíos ag cur síos ar na neithibh seo agus iad-san ag éisteacht leat, is cosmhail?” “Ní mé, a Athair. Iad-san is mó a bhíos ag cainnt agus mise ag éisteacht leo.” “Agus an dtuigeann tú a gcuid cainnte, a Eoghainín?” “Tuigim, a Athair. Nach dtuigeann tusa í?” “Ní go ró-mhaith a thuigim í. Déan áit dom ar an aill annsin agus suidhfidh mé tamall go mínighidh tú dhom céard bhíos siad a rádh.” Suas leis an sagart ar an aill agus shuidh le hais an ghasúirín. Chuir sé a lámh fá n-a mhuineál is thosuigh ag baint chainnte as. “Mínigh dhom céard a bhíos na fáin- leoga a rádh leat, a Eoghainín.” “Is iomdha rud a bhíos siad a rádh
liom. Is iomdha sgéal breagh innsigh- eas siad dom. An bhfaca tú an t-éinín sin a chuaidh thart anois díreach, a Athair?” “Chonnaiceas.” “Sin í an sgéalaidhe is cliste ortha ar fad. Tá a nead sin fá'n eidhean atá ag fás os cionn fuinneoige mo sheomra-sa. Agus tá nead eile aici san Domhan Theas — aici féin is ag a céile.” “A' bhfuil, a Eoghainín?” “Tá — nead bheag áluinn eile na mílte is na mílte míle as so. Nach aisteach an sgéal é, a Athair? — a rádh go bhfuil dhá theach ag an bhfáinleoigín agus gan againne acht aon teach amháin?” “Is aisteach go deimhin. Agus cia an sórt tír i n-a bhfuil an teach eile seo aici?” “Nuair a dhúnaim mo shúile feicim tír uaigneach áidhbhéil. Feicim anois í, a Athair! Tír iongantach uathmhar. Níl sliabh ná cnoc ná gleann innti, acht í i n-a machaire mhór réidh ghainmheach. Níl coill ná féar ná fás innti,
acht an talamh chomh lom le croidhe do bhoise. Gaineamh ar fad. Gaineamh fá do chosaibh. Gaineamh ar gach taoibh dhíot. An ghrian ag spalpadh os do chionn. Gan néall ar bith le feiceál san spéir. É go han-te. Annso is annsúd tá ball beag féarach mar a bheadh oileáinín i lár fairrge. Cúpla crann árd ag fás ar gach ball aca. Fasgadh ó ghaoith agus ó ghréin aca. Feicim ar oileán de na hoileánaibh seo aill árd. Aill mhór mhillteach. Tá sgoilteadh ins an aill, agus ins an sgoilteadh tá nead fáinleoigín. Sin í nead m'fháinleoigín-se.” “Cia d'innis an méid seo dhuit, a Eoghainín?” “An fháinleog. Caitheann sí leath a saoghail ins an tír sin, í héin is a céile. Nach aoibhinn an saoghal atá aca ar an oileáinín uaigneach údan i lár na díthreibhe! Ní bhíonn fuacht ná fliche ann, sioc ná sneachta, acht é i n-a shamhradh i gcomhnaidhe … Agus i n-a dhiaidh sin, a Athair, ní dhéanann siad dearmad ar a neid bhig eile annso i nÉirinn, ná ar an gcoill, ná ar an
sruthán, ná ar na fuinnseogaibh, ná orm- sa, ná ar mo mháthair. Gach bliadhain san earrach cloiseann siad mar a bheadh cogarnaighil i n-a gcluais 'gá rádh leo go bhfuil na coillte fá dhuilleabhar i nÉirinn, is go bhfuil an ghrian ag deallrughadh ar na bántaibh, is go bhfuil na huain ag méidhligh, is go bhfuilim- se ag fanacht leo-san. Agus fágann siad slán ag a n-árus san tír choimhigh- thigh is imthigheann siad rómpa is ní dhéanann siad stad ná comhnaidhe go bhfeiceann siad barr na bhfuinnseog uatha agus go gcluineann siad glór na habhann is méidhleach na n-uan.” Bhí an sagart ag éisteacht go haireach. “Ó! — agus nach iongantach an t-ais- tear aca é ó'n Domhan Theas! Fágann siad an machaire mór gainmhe i n-a ndiaidh agus na sléibhte árda maola atá ar a imeall agus imthigheann siad rómpa go dtagann siad go dtí an mhuir mhór. Amach leo thar an muir ag eiteall i gcomhnaidhe 'gcomhnaidhe gan tuirse gan traochadh. Feiceann siad síos uatha na tonntracha treathan-
mhóra, agus na luingis ag treabhadh na díleann, agus na seolta bána, agus faoileáin agus cailleacha dubha na fairrge, agus iongantais eile nach bhféadfainn cuimhniughadh ortha. Agus sgaithte éirgheann gaoth agus gála is feiceann siad na longa dá mbáthadh is na tonntracha ag éirghe i mullach a chéile; agus bíonn siad féin, na créat- úir, dá dtuargain leis an ngaoith agus dá ndalladh leis an mbáistigh agus leis an sáile nó go mbaineann siad amach an tír fá dheireadh. Tamall dóibh annsin ag imtheacht rómpa agus iad ag féachaint ar pháirceannaibh féarmhara is ar choilltibh barr-ghlasa is ar chruachaibh ceann-árda is ar lochaibh leathna is ar aibhneachaibh áilne is ar chathrachaibh breagh- tha mar bheadh i bpictiúiríbh iongan- tacha agus iad ag breathnughadh ortha síos uatha. Feiceann siad daoine ag obair. Cluineann siad beithidhigh ag géimnigh, agus páistí ag gáiridhe, agus cloga dhá mbualadh. Acht ní stadann siad acht ag síor-imtheacht nó go dtagann siad go bruach na mara arís, agus ní sos dóibh annsin go mbuaileann siad tír na hÉireann.”
Lean Eoghainín air ag labhairt mar seo ar feadh i bhfad, an sagart ag éisteacht le gach focal dá ndubhairt sé. Bhíodar ag seanchus nó gur thuit an dorchadas agus gur ghlaoidh an mháthair isteach ar Eoghainín. Chuaidh an sagart a bhaile ag machtnamh dhó féin. IV. D'imthigh an Lughnasa agus an Meadhon Fóghmhair. Bhí an Deireadh Fóghmhair leath-chaithte. De réir mar bhí na laetheannta ag dul i ngiorracht bhí Eoghainín ag éirghe ní ba bhrónaighe. B'annamh a labhruigheadh sé le n-a mháthair anois, acht gach oidhche roimh dhul a chodladh dhó phógadh sé go dil agus go díochrach í agus deireadh sé — “Glaoidh orm go moch ar maidin, a mháithrín. Is beag an spás atá agam anois. Béidh siad ag imtheacht gan mórán moille.” Ghealuigh lá áluinn i lár na míosa. Go luath ar maidin thug Eoghainín fá deara go raibh na fáinleoga ag cruinniughadh le chéile ar bharr an tighe. Níor chorruigh sé ó n-a shuidh-
eachán ar feadh an lae sin. Ag teacht isteach dhó tráthnóna, ar seisean le n-a mháthair — “Béidh siad ag imtheacht i mbárach.” “Cá bhfios duit, a ghrádh ghil?” “Dubhairt siad liom indiu é … A mháithrín,” ar seisean arís, tar éis sgathaimh dhó i n-a thost. “Céard é héin, a leanbhín?” “Ní fhéadfaidh mé fanacht annso nuair a bhéas siad imthighthe. Caithfidh mé imtheacht i n-éindigh leo … go dtí an tír i n-a mbíonn sé i n-a shamh- radh i gcomhnaidhe. Ní bheitheá uaig- neach dá n-imtheochainn?” “Ó! a stóir, a mhíle stór thú, ná labhair mar sin liom!” ars' an mháthair ag breith air agus 'ghá fhásgadh le n-a croidhe. “Níl tú le éalódh uaim! Ar ndóigh, ní fhágfá do mháithrín agus imtheacht i ndiaidh na bhfáinleog?” Ní dubhairt Eoghainín focal acht í phógadh arís is arís. Ghealuigh lá eile. Bhí an buachaillín beag i n-a shuidhe go moch. Ó thús lae bhí na céadta fáinleog bailighthe le
chéile ar mhullach an tighe. Ó am go ham d'imthigheadh ceann nó péire aca agus d'fhilleadh arís, mar bheidís ag breathnughadh ar an aimsir. Fá dheireadh d'imthigh péire is níor fhilí siad. D'imthigh péire eile. D'imthigh an tríomhadh péire. Bhí siad ag im- theacht i ndiaidh a chéile annsin go dtí nár fhan acht aon sgata beag amháin ar stuaic an tighe. Bhí an péire a tháinig ar dtús an tráthnóna earraigh úd sé mhí roimhe sin ar an sgata beag so. Is cosmhail go raibh leisge ortha an áit fhágáil. Bhí Eoghainín 'gá bhfaireadh ó'n aill. Bhí a mháthair i n-a seasamh len' ais. D'éirigh an sgata beag éinín san aer agus thugadar aghaidh ar an Domhan Theas. Ag imtheacht dóibh thar bharr na coille d'fhill péire ar ais, — an péire a raibh a nead os cionn na fuinneoige. Anuas leo ó'n spéir ag déanamh ar Eoghainín. Thart leo annsin, iad ag eiteall i n-aice leis an talamh. Chuimil a sgiatháin de ghruaidh an gasúirín agus iad ag sguabadh leo thairis. Suas leo san aer arís, iad
ag labhairt go brónach, agus as go bráth leo i ndiaidh na coda eile. “A mháthair,” arsa Eoghainín, “tá siad ag glaodhach orm. ‘Teara uait go dtí an tír a mbíonn an ghrian ag soillsiughadh i gcomhnaidhe ann, — teara uait, a Eoghainín, thar na fairrgíbh fraochda go dtí tír an tsoluis, — teara uait, a Eoghainín na nÉan!’ Ní fhéadaim iad a eiteach. Beannacht agat, a mháithrín, — mo mhíle míle beannacht agat, a mháithrín mo chroidhe. Táim ag imtheacht uait … thar na fairrgíbh Fraochda … go dtí an tír i n-a mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe.” Leig sé a cheann siar ar ghualainn a mháthar agus chuir sé osnadh as. Cluineadh gol mná ins an áit uaignigh úd — gol máthar ag caoineadh a páiste. Bhí Eoghainín imthighthe i bhfochair na bhFáinleog. Chuaidh an fóghmhar is an geimreadh thart agus bhí an t-earrach ar fagháil arís. Bhí na coillte fá dhuilleabhar, is na huain ag méidhligh, is an ghrian ag
deallrughadh ar na bántaibh. Tráthnóna glórmhar san Aibreán tháinig na fáin- leoga. Bhí solus iongantach ag bun na spéire san iarthar mar bhí bliadhain an taca sin. Bhí séis cheoil ag na héan- laith san gcoill. Bhí duan dá canadh ag na tonntrachaibh ar an tráigh. Acht ní raibh aon ghasúirín Fionn-bhán i n-a shuidhe ar mhullach na haille fá sgáth na bhfuinnseog. Istigh ins an teach bhí bean aonraic ag caoi cois teineadh. “… 'S a mhaicín mhúirnigh,” ar sise, “feicim na fáinleoga chugam arís, acht ní fheicfidh mé tusa chugam go deo.” Chuala na fáinleoga í agus iad ag dul thar an doras. Níl a fhios agam an gcuala Eoghainín í, mar bhí sé na mílte míle i gcéin … ins an tír i n-a mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomh- naidhe. (A chríoch sin.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services