Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Trí Torpáin
Title
Trí Torpáin
Author(s)
Seosamh Laoide,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1918
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“Is iomdha síodh-bhrugh, ráth agus beann A ndearnsad gearr-chéilidhe ann, Ó éirghe an lae go luighe na hoidhche Ar eachraidh áille eiteallaighe.”
RÉAMHRÁDH. Beatha agus sláinte. Do measfaidhe ar fhéachain, ó nach fuil réamhrádh acht díonbhrollach nó cinéal taithleachais, nach rángas a leas a leithéid do chur ris an leabhar-so idir. Féadtar ámh a fhiafruighe annso gá fáth f'á mbí réamhrádh ré hurmhór na leabhar fá'n am so? Gá fios dúinn, a léaghthóir, go bhfuil riachtanas ré n-a léaghadh so idir agat? Acht aon ní cheana, do féadfaidhe go madh ceaduightheach dúinn trácht d'áirithe do dhéanamh ar adhbhar an leabhair-se. Is uime cheana do baisteadh “Trí Torpáin” ar an leabhrán-so tré n-a rádh d'ollamhain d'áirithe do chuaidh ar ceal uainn ó shoin gurab “láimh ris an torpán” atáid seinsgéalta sídhe luchta tuaithe ar a nós agus ar a n-innisin. Is iad leabhair bhunaidh as ar beanadh na trí sgéalta i. Sgéalaidhe Oirghiall agus Sgéalaidhe Fearnmhuighe as ar beanadh An Long ar Eilteoig (Toirdhealbhach), Cruach Chonaill as ar beanadh Fionn Mhac Cumhaill agus Seacht gCatha na Féinne, agus Gramadach Ghaedhilge Uilliam Neilson Ministir as ar beanadh Máire Ní Ruairc. Dála an chéad sgéil atá sé anois ar n-a coimhdhéanamh do'n dá innisin do bhí air isna leabhraibh noch do luaidheamar romhainn. Iomthúsa an dara sgéil dob' éigean dúinn a bhruithneadh i dteinidh ghlaine canamhna, do nós an óir, go beith glan dó ré ndul i gcló, do bhrígh nach ionmhúinte, dar linn, éin-ní cáidheach ar a mbí smál nó teimheal. Is mór do bhí canamhain Reachrann ag congnamh linn isan sgéal-sain agus gurab dá brígh sin atá “crannta” i n-ionad “boltáilte,”
agus “eanbhruithe” i n-ionad “brot,” agus “cuiligh” i n-ionad “soiléar,” agus “potáta” i n-ionad “préataí” (féadtar a rádh, do thaoibh an fhocail is déidheanaighe do luaidheamar, gurab iad an t-aos óg do chum “préataí,” “fataí,” “prátaí,” agus “preátaí,” agus go ndearnadar fir agus mná aithris ar a n-urlabhra sain). Ní headh nach dearna canamhain eile cuid do'n bhruithneadh, óir is a los Tíre Conaill atá “catach” i n-ionad “cuirlinge” agus is do bhrígh Oirghiall atá “bárr-chos” agus “ar buil” i n-ionad “cic” agus “ag dul” fá seach. Do chuireamar “Beann le Tarraint” i n-ionad “Fear na n-Urchar,” do chionn go saoiltear linn go ndeachaidh ainm bhunaidh an choigéile chabhra-sain ar ceal ó'n sgéalaidhe, agus a fhios againn ó innisin an sgéil féin go madh ceart dó bheith ar aon nós le Cluais le hÉisteacht agus le Súil le Féachaint. Dála an treas sgéil níor cuireadh linn d'atharrughadh ann acht an seachmall do cheartughadh. Ó's ré haghaidh an Oideachais Idirmheadhónaigh do cuireadh an leabhar so le chéile, is dóigh linn gur cheadaightheach dúinn buain ris na sgéaltaibh do nós nár bheanta isna leabhraibh i n-ar céad-chuireadh i gcló iad. Ní beag sin. SEOSAMH LAOIDE. I mBuaile na Gréine dhamh, I bPáirc Thighe Lorgáin, An 21 lá de Shamhain, 1910.
TRÍ TORPÁIN. AN LONG AR EILTEOIG. 1. Má bhí an uair sin, ní'l anois. Dá mbéadh féin, badh chríon liath an seanchaidhe mé is char bh'fhearr 'ná an t-uirsgéalaidhe. Mála buidhe na seacht sean-leabhar a d'iomchróchainn ar chíor-fhiaclaibh mo dhroma, le cruime, le críne, le sean-ársaidheacht. Cé go bhfuil mé ag dul a dh'ársuighe an sgéil seo dhuit-se anocht, cha mhóide go bhfuil a fhios agam. Má's dona atá a fhios agam-sa anocht, go rabha sé níos measa agat-sa 'san oidhche i mbárach, go mbéidh tú ag teacht dá fhoghlaim chugam-sa 'san oidhche i n-óirthear. Bhí baintreabhach ann aon uair amháin agus bhí triúr mac aici. Bhí rí 'san áit agus bhí inghean aige, acht cha dtiubhradh sé le pósadh í d'fhear ar bith acht d'fhear a thiocfadh 'na luing ar eilteoig dho shuirghe léithi. 2. Oidhche amháin bhí an bhaintreabhach agus a triúr mac 'na suidhe ag an teinidh. “Mo dhonas is mo dhothairne orm, a mháthair,” ars' an mac ba shine aca, “muna rachaidh mé chum na coilleadh i mbárach, agus ghéanaidh mé long ar eilteoig, agus rachaidh mé innti dho shuirghe le hinghin an ríogh!” “Ó, 's nach bhfeic tú gur thiob sé ortha uile go léir dá dtainic roimhe seo dá hiarraidh?” ars' an mháthair. “Gan ghéilleadh dó sin,” ars' eisean, “rachaidh mé i mbárach.” 3. D'éirigh sé go moch agus chuaidh sé chum na coilleadh. Bhí sé ag gearradh agus ag snadhmadh ádhmaid go meadhón lae. Annsin tharraing sé a chearc agus a bhunnóg air agus thosuigh sé ag ithe. Thainic madadh beag catach ruadh chuige. “Maise,” ars' an madadh beag catach ruadh, “gach aon chúilín agus gach cnáimhín a bhéas agat-sa, caith chugam-sa iad.”
4. “O! a bhacaigh, tá a bhfuil ann gann go leór agam féin!” ars' an fear. “Goidé tá tú dho dhéanamh annsin?” ars' an madadh beag catach ruadh. “Nach cuma dhuit-se, má's faradh cearc atáim dho dhéanamh?” ars' an fear. “Mar sin go rabha sé,” ars' an madadh. 5. Bhí sé ag obair go raibh an tráthnóna ann, acht cha raibh déanta aige acht faradh cearc. Thainic sé a bhaile agus an faradh cearc ar a ghualainn leis. “Ó! nár dhubhairt mé gur mar sin a bhéadh sé?” ars' an mháthair. “Maise, is duinne, tá faradh cearc agat,” ars' eisean. 6. Ar maidin lá ar n-a bhárach d'éirigh an dara dearbh- ráthair. “Mo dhonas is mo dhothairne orm,” ars' eisean, “muna rachaidh mé chum na coilleadh, agus ghéanaidh mé long ar eilteoig, agus rachaidh mé léithi dho shuirghe le hinghin an ríogh!” “Ó, is nach bhfeic tú gur thiob sé ar do dhearbhráthair agus ortha uilig?” ars' an mháthair. 7. Ar dhóigh ar bith, chuaidh sé chum na coilleadh, agus bhí sé ag gearradh agus ag snadhmadh ádhmaid go meadhón lae. Tharraing sé a chearc agus a bhunnóg air féin, agus thosuigh sé ag ithe. Thainic madadh beag catach ruadh chuige. 8. “Gach aon chúilín agus chnáimhín a bhéas agat, caith chugam-sa iad,” ars' an madadh beag catach ruadh. “A bhacaigh,” ars' an fear, “tá a bhfuil ann gann go leór agam féin!” “Goidé sin atá tú dho dhéanamh?” ars' an madadh beag. “Nach cuma dhuit-se, má's bara atáim dho dhéanamh?” “Mar sin go rabha sé,” ars' an madadh. 9. Bhí an fear ag obair go raibh an tráthnóna ann, agus cha raibh aige annsin acht bara. Thainic sé a bhaile agus an bara leis. Chas an mháthair air, agus ars' ise: “Ó! nár dhubhairt mé gur mar sin a bhéadh an sgéal?” “Ó! ná bí ag gearán i gcomhnuidhe,” ars' eisean; “is duinne, tá bara agat.”
10. Ar maidin lá ar n-a bhárach d'éirigh an treas mhac, Conn. “Mo dhonas is mo dhothairne orm, a mháthair,” arsa Conn, “muna rachaidh mise chum na coilleadh indiú dho dhéanamh luinge ar eilteoig go rachaidh mé dho shuirghe le hinghin an ríogh!” “Nach bhfaca tú gur thiob sé ar do bheirt dhearbhráthar agus ortha uilig?” ars' an mháthair. “Gan ghéilleadh dó sin,” arsa Conn, “rachaidh mise.” 11. Bhí sé ag gearradh agus ag snadhmadh ádhmaid go meadhón lae. Annsin tharraing sé a chearc agus a bhunnóg air féin. Thainic an madadh beag catach ruadh chuige. “Maise,” ars' an madadh beag, “gach aon chnáimhín agus chúilín a bhéas agat, caith chugam-sa iad.” “Chan é sin a ghéanaidh mé,” arsa Conn, “acht suidh aniar agus tá nár sáith araon ann.” “Cha suidhim, acht caith greim beag amach chugam.” “Cha chaithim; suidh aniar agus cuidigh liom.” “Chan fhiú duit,” ars' an madadh, “mo leitheid-se i bhfad a bheith ar an iúl leat.” “M'fhíor gur fiú!” arsa Conn; “suidh aniar agus cuidigh liom.” “Maise, suidhfidh mé anois,” ars' an madadh, “mar is deas liom do chaint. Is tú an chéad duine riamh a thug cuireadh dhamh.” 12. Shuidh sé aniar agus rinne siad a meadhón lae. Nuair a bhí siad réidh, “Goidé sin atá tú dho dhéanamh?” ars' an madadh beag catach ruadh. “Tá mé ag déanamh luinge ar eilteoig go rachaidh mé dho shuirghe le hinghin an ríogh,” arsa Conn. “Mar sin go rabha sé,” ars' an madadh beag catach ruadh: I gcúig bhimide bhí an long críochnuighthe. 13. Chuaidh Conn isteach ins an luing, agus thug an madadh slat dó, agus nuair a bhuailfeadh sé an tslat ar cheann den luing d'éireóchadh sé i n-áirde, agus nuair a bhuailfeadh sé an tslat ar an cheann eile luighfeadh sé síos. “Thainic beirt dearbhráthar duit-se chum na coilleadh so,” ars' an madadh, “agus cha dtabhradh siad dadaidh damh-sa,
agus b'olc a chuaidh dóibh. Ní'l aon chruadh-chás a mbéidh tusa choidhche ann nach gcuideochaidh mé leat.” Dubhairt an madadh leis annsin gach uile fhear a chasfadh air ó shoin go toigh an ríogh a thabhairt leis. 14. Bhuail Conn an long leis an tslait agus amach leis ar eilteoig. Nuair a bhí sé ag dul trasna abhna móire chas fear air, agus é ag ól gach uile bhraoin a bhí ag teacht leis an tuile. Dhearc sé suas ar Chonn. 15. “Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ars' eisean. “Dia is Muire dhuit,” arsa Conn. “A' mbéarfaidh tú mise leat?” “Béarfad; gá hainm atá ort-sa?” “Mise Tart Mór.” 16. D'imthigh sé arís agus Tart Mór leis gur chas fear ortha ag cumhdach páirce gearrfhiadhanna agus a chos ceangailte suas faoi n-a chrios. Dhearc sé suas ar Chonn. “Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ars' eisean. “Dia is Muire dhuit,” arsa Conn. “A' mbéarfaidh tú mise leat?” “Béarfad; gá hainm atá ort?” “Mise Luath ar Leath-chois.” “Goidé an seort thusa?” arsa Conn. “Mise fear atá comh lúthmhar go bhfuil mo chos ceangailte, ó nach gcoingbheochadh seort ar bith siubhal liom,” adeir sé. 17. D'imthigh sé arís agus Tart Mór agus Luath ar Leath- chois leis gur chas fear ortha ar bharr sléibhe, inneoin faoi agus í ceangailte dhe. Bhí sé 'na shuidhe ar chairrgeach, agus é ag bogadh aníos is síos. Dhearc sé suas ar Chonn. “Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ars' eisean. “Dia is Muire dhuit,” arsa Conn. “A' mbéarfaidh tú mise leat?” “Béarfad; gá hainm atá ort?” “Mise Suidheachán Iarainn.” “Goidé an seort thusa?” arsa Conn. “Mise fear a shocróchadh gach aon rud, dá suidhfinn air agus bogadh aníos is síos,” adeir sé. 18. D'imthigh sé arís agus Tart Mór agus Luath ar Leath- chois agus Suidheachán Iarainn leis gur chas fear ortha agus
péire adharc air seacht bpeirse ar fad. Dhearc sé suas ar Chonn. “Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ars' eisean. “Dia is Muire dhuit,” arsa Conn. “A' mbéarfaidh tú mise leat?” “Béarfad; gá hainm atá ort?” “Mise Beann le Tarraint.” “Goidé an seort thusa?” arsa Conn. “Mise fear,” ars' eisean, “nach bhfuigfeadh a oiread agus ghéanadh slat mharcaigheachta ar thalamh an ríogh nach dtairrng- eochainn agus nach gcuirfinn amach ar dhúithche eile.” 19. D'imthigh sé arís agus Tart Mór agus Luath ar Leath- chois agus Suidheachán Iarainn agus Beann le Tarraint leis gur chas fear ortha agus é ag luighe ar an talamh ag éisteacht. Dhearc sé suas ar Chonn. “Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ars' eisean. “Dia is Muire dhuit,” arsa Conn. “A' mbéarfaidh tú mise leat?” “Béarfad; gá hainm atá ort?” “Mise Cluas le hÉisteacht.” “Goidé an seort thusa?” arsa Conn. “Mise fear bhíos ag éisteacht leis an bhféar ag fás ins an Domhan Thoir,” adeir sé. 20. D'imthigh sé arís agus Tart Mór agus Luath ar Leath- chois agus Suidheachán Iarainn agus Beann le Tarraint agus Cluas le hÉisteacht leis gur chas fear ortha agus é ag lámhach urchair le fear eile bhí thall 'san Spáinn. Dhearc sé suas ar Chonn. “Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ars' eisean. “Dia is Muire dhuit,” arsa Conn. “A' mbéarfaidh tú mise leat?” “Béarfad; gá hainm atá ort?” “Mise Súil le Féachaint.” “Goidé an seort thusa?” arsa Conn. “Mise fear nár thiob an dadaidh riamh orm a dtug mé iarraidh air,” adeir sé. 21. D'imthigh sé annsin agus Tart Mór agus Luath ar Leath- chois agus Suidheachán Iarainn agus Beann le Tarraint agus Cluas le hÉisteacht agus Súil le Féachaint leis gur chas
fear ortha agus botán cochain i n-a ghaosán. Dhearc sé suas ar Chonn. “Go mbeannuighe Dia dhuit, a Chuinn,” ars' eisean. “Dia is Muire dhuit,” arsa Conn. “A' mbéarfaidh tú mise leat?” “Béarfad; gá hainm atá ort?” “Mise Séideadh Sanntach.” “Goidé an seort thusa?” arsa Conn. “Mise fear a shéidfeadh gach aon rud dá mbéadh romham, acht gurab é go bhfuil botán cochain in mo ghaosán.” 22. D'imthigh sé annsin agus Tart Mór agus Luath ar Leath- chois agus Suidheachán Iarainn agus Beann le Tarraint agus Cluas le hÉisteacht agus Súil le Féachaint agus Séideadh Sanntach leis. Bhainfeadh siad ruibe as an ghaoith Mhárta agus cha bhainfeadh an ghaoth Mhárta ruibe asta, le méid an tsiubhail a bhí fúbhtha, agus iad ag teacht ar eilteoig go halla an ríogh. Rith an rí d'ionnsaighe an ollaimh mhóir agus dubhairt leis go raibh an long ag an halla agus sgafta diabhal innti nach raibh cuma Críostaidhe ortha, acht ar fhear amháin aca — budh é sin Conn. 23. “Abair leis, muna n-ólaidh sé a bhfuil de bhiotáilte ins na cuiligheannaibh, nach bhfaghann sé do inghean le pósadh,” ars' an sean-ollamh mór. “Éist! éist!” arsa Cluas le hÉisteacht amuigh, “tá an rí ag déanamh comhairle leis an sean-ollamh, muna n-ólaidh ár maighistir a bhfuil de bhiotáilte ins na cuiligheannaibh, nach bhfaghann sé a inghean le pósadh.” “Ná bac leis sin,” arsa Tart Mór. “Gá le n-a aghaidh a bhfuil an teannchair ag an ghobha acht a lámha shábháil? Gá le n-a aghaidh a bhfuil buachaill aimsire ag Conn acht é dhul amach i n-a áit? Rachaidh mise i n-áit mo mhaighistir.” 24. Tugadh isteach iad. Chuaidh Tart Mór síos ins na cuiligheannaibh agus i gcúig bhimide cha raibh braon nár ól sé agus bhí sé ag grágarnaigh ag iarraidh a thuillidh dighe. “Tá trian de do inghin buainte agam, a rígh,” arsa Conn. “Tá, le donas agus le doghraing daoi,” ars' an rí. 25. Rith an rí d'ionnsaighe an tsean-ollaimh agus dubhairt leis nár fhág Tart Mór braon nár ól sé.
“Abair leis anois, muna dtairrngeochaidh sé a bhfuil de ádhmad ar do chuid talmhan agus é dho chur amach ar dhúithche eile, nach bhfaghann sé do inghean le pósadh.” 26. “Éist! éist!” arsa Cluas le hÉisteacht. “Tá an rí ag déanamh comhairle leis an tsean-ollamh, muna dtairrngeochaidh ár maighistir a bhfuil d'ádhmad ar a chuid talaimh, nach bhfaghann sé a inghean le pósadh.” “Bíodh sé mar sin,” arsa Beann le Tarraint; “rachaidh mise i n-áit mo mhaighistir.” 27. I leath-uair cha raibh an oiread agus ghéanadh slat mharcaigheachta ar thalamh an ríogh nár tharraing Beann le Tarraint agus nár chuir sé amach ar dhúithche eile. “Tá dhá dtrian de do inghin buainte agam, a rígh,” arsa Conn. “Tá le donas agus le doghraing daoi,” ars' an rí. Rith an rí d'ionnsaighe an tsean-ollaimh agus dubhairt leis nach raibh an oiread agus ghéanadh slat mharcaigheachta nár tharraing Beann le Tarraint. 28. “Abair leis anois,” ars' an sean-ollamh, “muna bhféachaidh sé coimhlinnt le mo inghin-sa fá dhá bhuidéal uisge as Tobar na hÍocshláinte atá ins an Domhan Thoir, nach bhfaghann sé do inghean le pósadh.” “Éist! éist!” arsa Cluas le hÉisteacht. “Tá an rí ag déanamh comhairle leis an tsean-ollamh, muna bhféachaidh ár maighistir coimhlinnt le inghin an ollaimh fá dhá bhuidéal uisge as Tobar na hÍocshláinte atá ins an Domhan Thoir, nach bhfaghann sé a inghean le pósadh.” “Leigigidh mise léithi,” arsa Luath ar Leath-chois; “rachaidh me i n-áit mo mhaighistir.” 29. Fuaras réidh buidéal do gach aon dhuine aca agus amach leó. Nuair a bhí siad tamall ag siubhal: “Muna siubhlaidh tú acht mar sin,” arsa Luath ar Leath- chois, “cha bhím ag fuireach leat.” “Tá mé ag siubhal gasta go leór,” arsa inghean an ollaimh. 30. Sgaoil sé síos an chos eile agus amach leis. Char stad sé go raibh sé ag Tobar na hÍocshláinte bhí 'sa Domhan Thoir. Líon sé a bhuidéal d'uisge an tobair. D'imthigh leis. Chas sé ar inghin an ollaimh agus é leath bhealaigh ag teacht ar ais.
“Ó, suidh síos,” ars' ise, “agus déana do sgíste; tá tú cortha agus béidh tú am go leór 'sa mbaile.” Shuidh an bheirt síos. “Leag do cheann ar mo ghlúin,” adeir sí leis an mbuachaill. Fuair sí cloigeann capaill agus chuir sí faoi n-a cheann é agus biorán suain ann. Thuit sé 'na chodladh. D'éirigh inghean an ollaimh agus bhain sí an buidéal de. D'imthigh léithi ag déanamh ar an mbaile agus an dá bhuidéal léithi agus d'fhág sí an fear 'na chodladh. 31. “Éist! éist!” arsa Cluas le hÉisteacht. “Tá an oilbheart dá imirt ar an mbuachaill. Chuir sí cloigeann capaill faoi n-a cheann agus biorán suain ann agus tá sé 'na chodladh! Bhain sí an buidéal de agus tá sí ag teacht leis!” “Gá bhfuil mo ghunna?” arsa Súil le Féachaint. Fuair sé a ghunna agus sgaoil sé urchar. Lámhach sé an cloigeann capaill a bhí faoi n-a cheann, agus mhusgail sé an fear. 32. Nuair a mhusgail Luath ar Leath-chois as a chodladh léim sé suas 'na sheasamh. Chonnsuigh sé an buidéal dho dhíth air agus thainic sé ar ruaim i ndiaidh inghine an ollaimh. Bhí sí ag teacht i dtoiseach. “Adchím,” arsa Súil le Féachaint, “go bhfuil an bhean ag teacht i dtoiseach. Gá bhfuil Séideadh Sanntach?” Thainic Séideadh Sanntach agus tharraing sé an botán as a ghaosán. Shéid sé inghean an ollaimh ar ais. Nuair a thiocfadh sí iomaire ar aghaidh, chuirfeadh sé naoi n-iomaire ar ais í go dtí go bhfaca siad Luath ar Leath-chois ag teacht. Choingbhigh sé ar ais í go dtainic an fear eile suas léithi. Bhain sé a bhuidéal dí agus thainic sé isteach roimpi. “Tá do inghean buainte agam, a rígh,” arsa Conn. “Tá, le donas agus le doghraing daoi,” ars' an rí; “chan fhághann tú anois í!” 33. Rith an rí d'ionnsaighe an tsean-ollaimh agus dubhairt go dtainic Luath ar Leath-chois isteach i dtoiseach. “Fagh réidh banais dóibh anois,” ars' an sean-ollamh, “agus cuir gathanna nimhe ins na cathaoiribh, agus nuair a shuidhfidh siad ortha muirbhfear uilig iad.”
34. “Éist! éist!” arsa Cluas le hÉisteacht; “tá an rí ag déanamh comhairle leis an tsean-ollamh, a chur gathanna nimhe ins na cathaoiribh dhúinn, agus nuair a shuidhfidh sinn ortha muirbhfear uilig inn.” “Ná bac leis sin,” arsa Suidheachán Iarainn; “brúighfidh mise na gathanna uilig.” 35. Rith Suidheachán Iarainn isteach agus thug sé smag faoi do gach uile chathaoir aca gur bhrúigh sé na gathanna nimhe uilig go dtearn sé púdar díobh. Thainic an chuid eile aca isteach annsin agus shuidh siad ar na cathaoiribh. Pósadh Conn agus inghean an ríogh. Bhí banais lae agus bliadhna ortha agus an lá deireannach comh maith leis an chéad lá. Bhí mise ar an bhainis. Fuair mé stocaí bainne reamhair, bróga gloine agus bríste páipéir. Ag teacht anuas an mhalaidh ud thall damh, thuit mé, briseadh mo bhróga, dóirteadh mo stocaí, bhris mé mo bhríste, chonnaic mé solus annso agus tharraing mé air.
FIONN MHAC CUMHAILL AGUS SEACHT gCATHA NA FÉINNE. 1. Bhí mise fad ó shoin, agus má's fada, bhí. Bhí Fionn mhac Cumhaill agus seacht gcatha na Féinne 'na gcomhnaidhe thoir i gCuan Bhinne Éadain. D'éirigh siad amach aon mhaidin amháin dho dhéanamh seilge maidne agus mór-sgaramhna sléibhe. Níor bh'fhada gur bhuail seachrán sídhe iad. D'imthigh fear soir agus fear siar. Níor fhan aon fhear ag Fionn mhac Cumhaill acht é féin. 2. Níor bh'fhada dó gur ghlan an ceó go dtainic aníos dh'ionnsaighe air diúlach beag fionn ruadh. Bheannuigh sé do Fhionn mhac Cumhaill agus bheannuigh Fionn mhac Cumhaill dó ins an chanamhaint a bhí ar buil an uair sin. “Cuirim thú, a Fhinn,” ars' eisean, “faoi na geasaibh droma draoidheachta, an laithe is measa agus is míthreoraighe, do choimhéad beatha agus báis a bhaint díot, muna rabha tú féin agus seacht gcatha na Feinne thall ag Rígh na Fraince ins an mheadhón lae i mbárach.” 3. Níor bh'fhada go dtainic an ceó arís 'na dtimcheall. D'imthigh an diúlach beag fionn ruadh ins an cheó. Níor fhan aon fhear ag Fionn mhac Cumhaill acht é féin. Níor bh'fhada dó gur ghlan an ceó arís go dtainic aníos dh'ionnsaighe air mór-sheisear buachaillí. Bheannuigh siad do Fhionn mhac Cumhaill agus bheannuigh Fionn mhac Cumhaill dóibh. 4. “An misde damh a fhiafruighe,” arsa Fionn mhac Cumhaill, “cá bhfuil sibh ag dul, a bhuachaillí?” “Ní misde duit go dearbhtha, a Fhinn,” arsa fear aca; “buachaillí sinne atá ag iarraidh aimsire.” “Is maith mar tharlaidh,” arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean; “ní raibh buachaillí dho dhíoghbháil orm comh mór is tá siad indiú. Goidé thig leat-sa dhéanamh?” ars' eisean leis an chéad fhear. “Mise Fead mhac Feide,” ars' eisean; “thiocfadh liom fead do dheánamh a chruinneochadh thusa agus seacht gcatha na Féinne ar aon talamh amháin i dtrí bómainte.”
“Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus cá ar bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.” 5. “Goidé thig leat-sa dhéanamh?” arsa Fionn mhac Cumhaill leis an darna fear. “Mise Eolaidhe mhac an Eolaidhe,” ars' eisean. “Goidé thiocfadh leat a dhéanamh le do chuid eoluis?” arsa Fionn, ars' eisean. “Dhéanfainn eolus,” ars' eisean, “isteach faoi chúirt agus chaisleán Ríogh na Fraince gan a dhul leathad snáithe síoda ar seachrán go mbeinn thall.” “Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus cá ar bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.” 6. “Goidé thig leat-sa dhéanamh?” ars' eisean leis an tríomhadh fear. “Mise Fios mhac Feasa,” ars' eisean; “dhéanfainn fios duit-se agus do sheacht gcathaibh na Féinne, goidé bheadh le theacht oraibh go cionn lae agus bliadhna.” “Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus cá ar bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.” 7. “Goidé thig leat-sa dhéanamh?” ars' eisean leis an cheathramhadh fear. “Mise,” ars' eisean, ”Neart mhac Neirt.” “Goidé thiocfadh leat-sa dhéanamh le do chuid neirt?” “Dá gcuirtheá an domhan uile go léir eadar mo dhá láimh, bheinn ró-láidir aige.” “Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus cá ar bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.” 8. “Goidé thig leat-sa dhéanamh?” ars' eisean leis an chúigeadh fear. “Mise Slis mhac Slise,” ars' eisean; “dhéanfainn long mhór dhomhain thaidhbhseach d'iomchróchadh thusa agus seacht gcatha na Féinne agus bhar seacht n-oiread, dá mbeadh siad ann le dul uirthi.” “Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus cá ar bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.” 9. “Goidé thig leat-sa dhéanamh?” ars' eisean leis an tseiseadh fear. “Mise Dreapaire mhac an Dreapaire. Dhéanfainn dreapaireacht suas snáithe síoda, dá mbeadh sé míle agus
fiche ar airde, agus anuas an taobh eile gan tuisliughadh, gan leagadh, gan leónadh.” “Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus cá ar bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.” 10. “Goidé thig leat-sa dhéanamh,” ars' eisean leis an tseachtmhadh fear. “Mise Gadaidhe mhac an Ghadaidhe. Ghoidfinn an uibh ón chuirr, agus an chorr a bheith 'na luighe uirthi.” “Níor ghnódhuigh mé dadaidh riamh ar ghadaidheacht,” arsa Fionn mhac Cumhaill, “agus ní bhéidh tusa liom,” ars' eisean, “ar chor ar bith.” “Maise, muna rabha seisean leat, ní bhéamuid-inne leat,” ars' an seisear eile. “Bhéarfaidh mé liom é,” arsa Fionn, “acht ní thiubhraidh mé tuarastal ar bith dó.” “Maise, an dtabharfaidh tú cuid dó?” arsa Neart mhac Neirt ars' eisean. “Dar mo chubhaise, bhéarfaidh,” ars' eisean, “má fhághaim féin é. Tá sin ionnraice go leór,” arsa Fionn mhac Cumhaill, “agus tá an margadh déanta anois.” 11. Ní raibh aon fhear annsin acht Fionn mhac Cumhaill agus a mhór-sheisear buachaillí d'fhostuigh sé. Bhí an chuid eile ar seachrán uile go léir ins an cheó. “Maise, faicim anois, a Fhead mhic Feide,” arsa Fionn mhac Cumhaill, “an ndéanfá do ghnaithe go maith.” Chuir Fead mhac Feide a mhéar i n-a bhéal. Rinn sé fead. I gcúig bhómainte bhí seacht gcatha na Féinne 'na seasamh ar aon talamh amháin. 12. Arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean: “Caithfidh mise dul anonn chum na Fraince, mé féin, agus seacht gcatha na Féinne, agus a bheith thall ins an mheadhón lae i mbárach, agus ní'l faill agam,” ars' eisean, “ar dhul a bhaile lé a innse do mo mhnaoi cá an áit i bhfuil mé ag dul, acht seo é Taobh Iarainn gan Tapadh a bhíodh ag nigheadh na bpotáta thoir i gCuan Bhinne Éadain — cuirfeamuid é le sgéalaibh dh'ionnsaighe ar mo mhnaoi agus dh'ionnsaighe ar mo chloinn go bhfuil mé ag dul chum na Fraince.” 13. Chuir siad Eólaidhe mhac an Eólaidhe amuigh ar a dtoiseach. D'imthigh siad leó thríd mhullachaibh chnuic, thríd
aithghearrachaibh sléibhe go raibh neoin bheag agus deireadh an lae ann, gur bhuail siad isteach faoi Bhaile Átha Cliath. Arsa Eolaidhe mhac an Eolaidhe: “Ní thig liom-sa dul níos fuide — sin an fhairrge,” ars' eisean, “agus bháithfidhe mé.” “Cá bhfuil Slis mhac Slise,” arsa Fionn mhac Cumhaill, “a gheall damh-sa go ndéanfadh sé long mhór dhomhain thaidhbhseach a d'iomchróchadh mise agus seacht gcatha na Féinne anonn chum na Fraince?” “Tá mé annso,” arsa Slis mhac Slise, ars' eisean. 14. Chuir sé a mhéar isteach i bpóca a bheiste agus tharraing sé amach a sgin phóca. Bhain sé anuas a cháibín dá cheann, chuir sé a lámh isteach ann is thug sé amach as giota de mhaide. Ghearr sé trí sliseanna den mhaide leis an sgin phóca. Chuir sé ar a bhois iad. Chuir sé séideog ortha as a bhéal. Chaith sé long mhór dhomhain thaidhbhseach amach ar an fhairrge. Chuaidh siad isteach uirthi. Chroith siad ó n-a bun go dtí n-a bárr í go bhfeiceadh siad an raibh sí daingean go leór le iad d'iomchar. 'Sí bhí daingean go leór. Chuir siad Eólaidhe mhac an Eólaidhe ag an stiuir. 15. Thóg siad a seólta Bocóideacha bacóideacha I mbarr na gcrann coimhde Ag ionnsaighe na fairrge Go folpanta falpanta. Níor fhág siad Rópa gan síneadh, Téad tíre gan tarraint, Maide rámha gan ró-bhriseadh; Ag éisteacht Le lupadáin, le lapadáin, Le gothaibh rónta, Le feadalach easgann, Le búirfeach péiste móra, Le sgreadach faoileann fionn Ag ionnsaighe an aeir Go fíor-ghlinnte amach,
gur sheól siad agus gur stiúir siad an long isteach faoi chúirt agus chaisleán Ríogh na Fraince. Tharraing siad isteach a long a seacht bhfaid féin agus chuir siad feiste lae is bliadhna uirthi, agus d'fhág siad í i n-áirde ar féar gorm mar nach mbéadh de chroidhe ag macaibh fir fhearainn bheith ag magadh nó ag sgige uirthi ná ag gaigíbh an bhaile mhóir bheith ag búirfe nó ag fochmaid uirthi agus mar nach sgoiltfeadh grian agus nach ngrodfadh uisge í. 16. Thainic Rí na Fraince anuas agus a hata i n-a dhórn leis. Chuir sé céad míle fáilte agus sláinte roimh Fhionn mhac Cumhaill agus seacht gcatha na Féinne chum a thíre-san. “Tá sin maith go leór,” arsa Fionn, “acht goidé thug ort-sa a leitheid de sgéalaibh gearr-sgéalacha a chur dh'ionnsaighe orm-sa?” 17. “Tá sin maith go leór, a Fhinn mhic Cumhaill,” ars' eisean, “acht caithfidh tú éisteacht liom-sa go n-innsidh mé mo sgéal duit. Dhá bhliadhain is an lá indiú rugadh mac óg do mo mhnaoi. Goideadh an páiste an oidhche sin, is ní bhfuair mé lá sgéala cá dteachaidh sé. Bliadhain is an lá indiú rugadh mac eile do mo mhnaoi. Goideadh an páiste an oidhche sin. Ní bhfuair mé lá sgolb ná sgéala cá dteachaidh ceachtar aca ón lá sin go dtí an lá indiu. Rugadh mac óg do mo mhnaoi tá uair ó shoin, sin an tríomhadh duine,” ars' eisean; “chuala mé go dtiocfadh leat-sa agus le seacht gcathaibh na Féinne rud ar bith a dhéanamh agus a choimhéad a nglacfadh sibh as láimh a dhéanamh, agus chuir mé fa bhar gcoinne go gcoimhéadfadh sibh an páiste aon oidhche amháin féin damh, agus cá ar bith ór nó airgead atá dho dhíth oraibh, tá sé le fagháil agaibh.” 18. “Tá sin maith go leór,” arsa Fionn, ars' eisean; “ghéanamuid ár ndícheall ar an páiste a choimhéad.” Chaith siad trian den lá le spórt, trian le ceól, is trian le soireann síor-chodlata go dtainic an oidhche. Cuireadh an páiste isteach i gcliabhán óir agus fágadh i lár na cisteanaighe é. Chuir Fionn mhac Cumhaill seacht gcatha na Féinne thart taobh amuigh den chaisleán ar gárda. Shuidh sé féin istoigh sa chisteanaigh agus a mhór-sheisear buachaillí, agus shuidh siad thart fán chliabhán.
“Is doiligh a rádh, a bhuachaillí,” ars' eisean, “nach mbéamuid i n-innmhe an páiste a choimhéad go maidin.” 19. Níor bh'fhada dóibh gur seinneadh an fhídeog ba bhinne chuala siad ariamh ins an domhan. Thuit a raibh istoigh ins an Fhrainc 'na gcodladh acht Fionn mhac Cumhaill agus a mhór- sheisear buachaillí d'fhostuigh sé. Níor bh'fhada dóibh go dtainic an lámh mhór fhada bhuidhe isteach ar an tsimleoir. Chuir sé (.i. fear na láimhe) isteach i gcrios ceangail an leinbh í 'gus d'árduigh sé an páiste amach as an chliabhán. “Cá bhfuil Neart mhac Neirt,” arsa Fionn mhac Cumhaill, “a gheall damh-sa, dá mbéadh an domhan mór eadar a dhá láimh, go mbéadh sé ró-láidir aige?” “Tá mé annso,” arsa Neart mhac Neirt. “Faicim,” ars' eisean; “ná leig amach an páiste.” 20. Thug an fear sin léim 'na sheasamh agus fuair sé greim ar an láimh taobh thuas den uillinn. Thug sé tarraint anuas dó agus thug sé go dtí an t-urlár é, an lámh agus an páiste. Thug an fear a bhí amuigh tarraint suas agus thug sé an páiste agus Neart mhac Neirt isteach go dtí bun an tsimleora. Thug Neart mhac Neirt an darna tarraint anuas agus thug sé an páiste go dtí an t-urlár agus an lámh. Thug an fear a bhí amuigh tarraint eile suas. Bhain sé cnagarnach as mullach an toighe. Shaoil Fionn mhac Cumhaill go raibh an ceann amach den toigh aca. Ghlac Neart mhac Neirt fearg agus thug sé tarraint anuas agus thug sé an lámh amach ón ghualainn as. Thuit sé féin, agus chuaidh meadhrán i n-a cheann agus leig sé amach an greim a bhí aige ar an pháiste. Chuir an fear a bhí amuigh (.i. an Ruagaire Luath-lámhach) isteach an lámh eile agus d'árduigh sé leis an páiste. 21. “Nach iongantach,” arsa Neart mhac Neirt, “nár choingbhigh sibh istoigh an páiste go bhfághainn-se éirghe, agus thairrngeochainn an lámh eile as?” “Dá mbéadh a fhios agam anois,” arsa Fionn mhac Cumhaill, “cá an áit a bhfuil an páiste, rachainn go mbaininn amach é le barr mo chlaidhimh. Cá bhfuil Fios mhac Feasa,” ars' eisean, “a gheall damh-sa go ndéanfadh
sé fios damh goidé bhí le theacht orm go cionn lae agus bliadhna?” “Tá mé annso,” arsa Fios mhac Feasa. “Déan fios damh,” ars' eisean, “cá bhfuil an páiste.” Rinn sé fios dó. “Tá sé thoir ins an Domhan Thoir,” ars' eisean, “ag an Ruagaire Luath-lámhach. Tá sé i n-ucht a mháthara, an Lugh Fhada Bhuidhe, agus tá beirt mhac eile an ríogh aige,” ars' eisean; “tá siad ag iomchar uisge le dhá mheadar, agus dá chathadh isteach i n-áit na láimhe a tairrngeadh as an Ruagaire Luath-lámhach.” “Is maith mar tharlaidh,” arsa Fionn mhac Cumhaill; “rachamuid soir.” 22. Chuaidh siad síos a fhad leis an tsean-luing. Chroith siad ó n-a bun go dtí n-a bárr í go bhfeiceadh siad an raibh sí daingean go leór chum fairrge. 'Sí bhí daingean go leór. Chuir siad Eólaidhe mhac an Eólaidhe ag an stiuir. Thóg siad a seólta Bocóideacha bacóideacha I mbarr na gcrann coimhde, Ag ionnsaighe na fairrge Go folpanta falpanta. Níor fhág siad Rópa gan síneadh, Téad tíre gan tarraint, Maide rámha gan ró-bhriseadh; Ag éisteacht Le lupadáin, le lapadáin, Le gothaibh rónta, Le feadalach easgann, Le búirfeach péiste móra, Le sgreadach faoileann fionn Ag ionnsaighe an aeir Na fíor-ghlinnte amach, gur stiúir siad 's gur sheól siad an long isteach faoi chaisleán an Ruagaire Luath-lámhaigh ins an Domhan Thoir. 23. Chuaidh siad a fhad leis an chaisleán, agus bhí an caisleán déanta fiche míle ar airde. Ar mhullach an toighe
bhí an dorus. Ní thainic leó fagháil a fhad leis an dorus annsin; bhí sé ró-árd. “Cá bhfuil Dreapaire mhac an Dreapaire,” arsa Fionn, “a gheall damh-sa go ndéanfadh sé dreapaireacht suas snáithe síoda bheadh míle agus fiche ar airde?” “Tá mé annso,” ars' eisean, “acht goidé an mhaith damh-sa dhul suas? Ní bhfuighe mé an páiste ghoid ón chailligh.” 24. “Cá bhfuil Gadaidhe mhac an Ghadaidhe,” arsa Fionn, “a gheall damh-sa go ngoidfeadh sé an uibh ón chuirr agus an chorr a bheith 'na luighe uirthi?” “Tá mé annso,” ars' an Gadaidhe, ars' eisean. “Gabh suas,” arsa Fionn, “agus goid an páiste.” “Níor gheall tú dadaidh damh,” ars' eisean, “agus ní théanfaidh mé dadaidh duit. Dubhairt tú liom,” ars' eisean, “nár ghnódhuigh tú dadaidh ariamh ar ghadaidheacht agus nach dtabhairfeá tuarastal ar bith damh.” “Ó, a rúin,” arsa Fionn, ars' eisean, “ní am géibhinn am faltanas, acht cá ar bith tuarastal,” ars' eisean, “gheobhas an chuid eile, bhéarfaidh mé a dhá oiread duit-se acht an páiste ghoid.” 25. Chuir Dreapaire mhac an Dreapaire an Gadaidhe ar a dhruim is rinn sé dreapaireacht suas an caisleán go dtí an dorus. Casadh beirt mhac an ríogh dó thuas ag iomchar uisge leis an dá mheadar a chur isteach i n-áit na láimhe ins an Luath-lámhach. Ars' an Gadaidhe, ars' eisean: “Ní hé sin bhar n-athair ar chor ar bith. Siubhlaigidh liom-sa a bhaile agus bhéarfaidh mé dh'ionnsaighe ar bhar n-athair sibh.” 26. Thainic an Gadaidhe thart ar a sháil, ghoid sé an páiste amach ón chailligh, thug sé an páiste eadar a dhá láimh leis, chuir sé an bheirt ghasraidhe ar a dhruim agus chuaidh sé suas ar dhruim an Dreapaire, ag dreapaireacht anuas an taobh eile den chaisleán, gan tuisliughadh, gan leagadh, gan leónadh. Chuaidh siad síos a fhad leis an luing. Chuaidh siad isteach uirthi.
“Is maith na buachaillí sibh,” arsa Fionn, “nuair atá triúr mac Ríogh na Fraince linn a bhaile dh'ionnsaighe air. Déan fios damh anois,” ars' eisean le Fios mhac Feasa, “an bhfuil dadaidh le theacht orainn go dtéimid a bhaile.” 27. Rinn sé sin fios dó. “Tá, maise,” ars' eisean; “nuair a mhoitheochaidh an Ruagaire Luath-lámhach an t-uisge ag stad de dhul isteach i n-áit na láimhe, bhéarfaidh sé léim 'na sheasamh, rachaidh sé a fhad leis an mháthair agus adchífidh sé go bhfuil an páiste ar siubhal. Béarfaidh sé greim dhá chois uirthi agus buailfidh sé a cloigeann i n-éadan an chaisleáin. Féadann tusa agus mise bheith ag déanamh cruipthe 'san am sin, ná báidhfidh sé sinne!” 28. Níor bh'fhada go gcuala siad an mac alla dá bhualadh. Shaoil siad gur thuit na cnuic ar gach uile thaoibh díobh isteach 'sa mhullach ortha. Níor bh'fhada dóibh go bhfaca siad fear mór ag teacht ag siubhal na fairrge go folpanta falpanta mhísgiamhach. Nuair a thainic sé fa chúig mhíle den luing, is mó bhí sí ag dul ar gcúl ná bhí sí ag dul chum tosaigh leis na tonnaibh bhí sé 'thógháil le n-a dhá chois. “Cá bhfuil Neart mhac Neirt,” arsa Fionn, “a gheall damh-sa, dá mbeadh an domhan uilig den tsaoghal eadar a dhá láimh, go mbeadh sé ró-láidir aige?” “Tá mé annso,” ars' eisean. “Faicim,” ars' eisean; “coingbhigh ar siubhal an beathadhach salach udaidh, sol má mbáidhfidh sé sinn.” 29. Chuaidh an fear sin siar agus chéimnigh aniar agus siar bórd na luinge go bhfeiceadh sé an raibh sé daingean go leór le léim an rúide a ghearradh amach chum na gcúig míle i n-airicis an fhir mhóir. 'Sé bhí daingean go leór. D'éirigh Neart mhac Neirt amach de bhórd na luinge mar d'éireochadh seabhac ar eiteoig. Thainic sé anuas i mullach a chinn ar an Ruagaire Luath-lámhach. Thoisigh an dá fhear mhóra ar a chéile mar bheadh dá leomhan nó dhá tharbh cuthaigh go dtearn siad bogán de'n chreagán, creagán de'n bhogán, toibreacha fíoruisge thríd lár na gcloch nglas aníos. Dá dtigeadh éinneach ó íochtar an domhain go dtí uachtar an
domhain, gur dho dhéanamh aeir agus eibheár ar an dís a thiocfadh. 30. Rug Neart mhac Neirt air i n-a leath-láimh agus thug sé thart ós cionn mullacha a chinn é, agus bhuail sé síos é ar an aibhéis mhóir. Rinn sé dá sgoilteán thríd n-a lár de. Chuaidh sé síos le aon tumadh amháin gur bhuail sé a dhá chois ar thóin na fairrge, agus thainic sé aníos de aon léim amháin, agus thainic sé isteach chum na gcúig míle le aon léim amháin isteach ar an luing. 31. Thainic siad annsin isteach go cúirt agus caisleán Ríogh na Fraince. Bhí deireadh aca dá raibh istoigh 'sa Fhrainc ag musgladh as a gcodladh 'san am a dtainic siad. Nuair a chonnaic Rí na Fraince a thriúr mac i n-áit aon duine amháin, bhí an-lúthghair air. Chuir sé amach an bollsaire go dtug sé cuireadh do gach uile fhear, bocht agus nocht, dá raibh istoigh 'sa Fhrainc chum an bhaistthe. Mhair an baisteadh rith bliadhna. Níor stad siad d'ithe agus d'ól, agus dhe sheinm agus ag damhsa, ag gearradh léimnighe agus ag iomáin, ag coraidheacht, ag tógáil a chéile ar ghreim iosgaide. Níor mhothuigh siad go raibh an bhliadhain istoigh. 32. Arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean: “Tá sé lá 'gus bliadhain indiú ó d'fhág mise an baile, agus is mithid damh dhul a bhaile anois dh'ionnsaighe ar mo mhnaoi agus dh'ionnsaighe ar mo chuid páistí.” Ghléas Rí na Fraince trí luingis go lastáladh sé le ór agus le airgead iad, le cur a bhaile le Fionn mhac Cumhaill. Dubhairt Fionn nach nglacfadh sé ór ná airgead ar bith, acht gur seo mór-sheisear buachaillí d'fhostuigh sé, agus, dá ndíolfadh sé a dtuarastal, go raibh sé maith go leór. 33. “A Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Eólaidhe mhac an Eólaidhe, “is tusa d'fhostuigh sinne, agus is tú chaithfeas ár dtuarastal a dhíol.” D'fhág siad slán ag Rígh na Fraince agus ghluais siad síos dh'ionnsaighe ar an tsean-luing. Chuaidh siad isteach uirthi, chroith siad ó n-a bun go dtí n-a barr í go bhfeiceadh siad an raibh sí daingean go leór le iad a thabhairt go hÉirinn. 'Sí bhí daingean go leór. Chuir siad Eólaidhe mhac an Eólaidhe ag an stiúir.
Thóg siad a seólta Bocóideacha bacóideacha I mbarr na gcrann coimhde, Ag ionnsaighe na fairrge Go folpanta falpanta. Níor fhág siad Rópa gan síneadh, Téad tíre gan tarraint, Maide rámha gan ró-bhriseadh; Ag éisteacht Le lupadáin, le lapadáin, Le gothaibh rónta, Le feadalach easgann, Le búirfeach péiste móra, Le sgreadach faoileann fionn Ag ionnsaighe an aeir Go fíor-ghlinnte amach, gur stiúir siad agus gur sheól siad an long isteach faoi Bhaile Átha Cliath. Ghearr siad na téada agus leig siad a ceann amach chum na fairrge móire dí. 34. Chuir siad Eólaidhe mhac an Eólaidhe ar a dtoiseach arís. D'imthigh siad leó thríd mhullachaibh cnuic, thríd aithghearrachaibh sléibhe go raibh Neoin bheag agus deireadh an lae ann, Soillse soluis an lae ag imtheacht uabhtha, Deallradh dubh dorcha na hoidhche ag tarraingt ortha, Éanacha na coilleadh craobhaighe ag dul faoi thorthaibh chum suain agus síor-codlata. 35. “A Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Eólaidhe mhac an Eólaidhe, “seo an áit ar fhostuigh tú sinne” — an áit ar fhostuigh sé iad, thainic siad a fhad leis anois — “agus seo an áit a gcaithfidh tú ár dtuarastal a dhíol linn.” “Maise, ní raibh mé comh gann riamh i n-airgead is tá mé anois,” arsa Fionn mhac Cumhaill; “siubhlaigidh a bhaile liom go Cuan Bhinne Éadain go dtabhairfidh mé bhar dtuarastal daoibh — tá neart airgid 'sa bhaile agam.” “'Seadh, a Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Eólaidhe mhac an
Eólaidhe, “acht goidé an lucht fear atá ag teacht aniar annsin?” 36. D'amhairc Fionn mhac Cumhaill thart, é féin agus a chuid fear — shaoil siad gur cogadh bhí ag teacht ortha. Nuair a thionntuigh siad thart arís, ní raibh aon fhear den mhór-sheisear buachaillí le feiceáil aca; bhí siad uilig ar siubhal. “M'áigh Ó!” arsa Fionn mhac Cumhaill. “Nach tapaidh d'imthigh na buachaillí breaghtha sin uaim, ná ní bhfuair aon fhear bocht ariamh buachaillí ba bhreaghachta ná iad ná comh maith leó!” Leis sin, dhruid an ceó isteach ar ais. Thainic seachrán sídhe ortha. D'imthigh fear aca soir agus fear siar. Ní raibh aon fhear ag Fionn mhac Cumhaill ar an talamh a raibh sé 'na sheasamh acht é féin i gcúig bhómainte. 37. Níor bh'fhada dó gur ghlan an ceó go dtainic aníos dh'ionnsaighe air an chailleach chorpaidhe chasta mhísgiamhach. An fhiacail ab' fhuide siar i n-a cárr ag déanamh bioráin brollaigh dí. An fhiacail ab' fhuide aniar i n-a cárr ag déanamh sgeafóige ar abar dí. Fionnfadh a cinn ag folach a slinneán. Fionnfadh a slinneán ag folach a hiosgad. Fionnfadh a hiosgad ag sguabadh féir agus uisge léithi. Aon súil amháin i gclár a héadain, bhí comh mór le cliabh portaigh. Lámh chnupach chnapach mhísgiamhach uirthi agus í amach as clár a hochta. Páirt dí leis an Ruagaire Luath-lámhach agus rún díoghaltais aici i n-aghaidh Fhinn mhic Cumhaill. 38. Bheannuigh sí do Fhionn mhac Cumhaill agus bheannuigh Fionn mhac Cumhaill dí ins an chanamhaint a bhí ar buil an uair sin. “An n-imreochthá cluiche, a Fhinn mhic Cumhaill?” ars' ise. “Ní raibh mé riamh nach n-imreochainn,” arsa Fionn, “acht ní thug mé an chulaith imeartha liom, ag fágáil an bhaile damh.” “Níor shiubhail mise,” ars' an chailleach, “ó throigh go dtí an tsáil gan dhá chulaith imeartha bhreith liom,” ars' ise, “ceann damh féin agus ceann duit-se.” 39. Shuidh siad síos agus d'imir siad cluiche. Chuir an chailleach cluiche air.
“Tug do bhreith, a chailleach,” ars' eisean. “Maise, cuirim-se thusa,” ars' an chailleach, “faoi na geasaibh droma draoidheachta, an lá is measa agus is míthreoraighe, do choimhéad beatha agus báis a bhaint díot, muna dtéidh tú soir chum an Domhain Thoir agus ceann Chonchobhair na gCros a thabhairt anoir dh'ionnsaighe orm-sa, gan aon fhear a bheith leat acht Taobh Iarainn gan Tapadh atá ag nigheadh na bpotáta thoir i gCuan Bhinne Éadain agaibh. Béidh tú seacht mbliadhna ag dul soir agus béidh tú seacht mbliadhna ag teacht anoir; sin ceithre bliadhna déag. Is beag an mhaith thú do do mhnaoi agus do do pháistíbh, nuair a thiocfas tú ar ais.” 40. Ghlan an ceó agus chruinnigh seacht gcatha na Féinne arís ar aon talamh amháin. Shiubhail siad leó isteach soir go Cuan Bhinne Éadain. D'éirigh sé ar maidin agus thug sé leis Taobh Iarainn gan Tapadh, agus ghluais siad chum an Domhain Thoir. Ní raibh lúthmhaireacht ar bith i dTaoibh Iarainn gan Tapadh, agus bhí croidhe Fhinn mhic Cumhaill briste ag fanamhaint leis. Adchí sé chuige ins an cheó diúlach beag ribeach ruadh. Bhí bogha geárr agus saighead leis. Níor sgaoil sé riamh nach mbuailfeadh sé, agus níor bhuail sé riamh nach muirbhfeadh sé. Dhírigh sé an bogha siar ar Thaoibh Iarainn gan Tapadh is sgaoil sé leis agus chaith sé isteach i n-abar ar mhullach a chinn é. 41. Arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean: “Do dhona 's do dhothairne, do chat mara 's do mharbh fáin ort! Goidé thug ort an chuideachta mhaith a bhí agam a mharbhadh?” “Maise, má mharbh mise an chuideachta bhí agat,” ars' eisean, “rachaidh mé leat i n-a áit.” “Dá olcas an chosamhlacht eisean,” arsa Fionn, “is measa an chosamhlacht thusa.” Shaoil sé nach raibh an fear beag comh maith le Taoibh Iarainn gan Tapadh. “C'ainm a bhéarfas mé ort?” arsa Fionn mhac Cumhaill. “Ní'l ainm ar bith orm,” ars' eisean, “acht cá ar bith ainm a bhéarfas tú orm, tiocfaidh mé leis.” “Bhéarfaidh mé Ceóchán ort, nuair a thainic tú dh'ionnsaighe orm as an cheó.”
42. D'imthigh an bheirt leó annsin agus Ceóchán dhá uair comh lúthmhar le Fionn. Ní raibh Fionn i n-innmhe coisidheacht a choingbheáil leis. Bhí croidhe Fhinn briste ag iarraidh coingbheáil suas leis. Shuidh an fear beag síos ar thúrtóig go dtainic Fionn a fhad leis. “Is fearr duit, a Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Ceóchán, “a dhul ar mo dhruim, go n-iomchróchaidh mé thú.” Smuaintigh Fionn nár chuideachta ar bith dó é. Luigh sé síos i n-a mhullach go mbrúigheadh sé an croidhe as. Chuir an fear beag siar a dhá láimh agus fuair sé greim dhá chois ar Fhionn mhac Cumhaill. D'imthigh sé ar eiteoig leis ar siubhal ins an aer. 43. Tráthnóna shuidh sé síos ar thúrtóig. Théid Fionn amach dá dhruim. “Míle altughadh do Dhia!” arsa Fionn, “go bhfuair mé amach de do dhruim! Tá mo dhá leis marbh crochta síos liom.” “Maise,” arsa Ceóchán, “bheitheá seacht mbliadhna ag dul chum an Domhain Thoir. Ní'l tú acht dhá uair go leith ar mo dhruim-sa anois, agus sin thall teach Chonchobhair na gCros. Gabh anonn anois agus bain an ceann de, má tá tú i n-innmhe.” “Tá mé ró-thuirseach,” arsa Fionn, ars' eisean, “agus fanóchaidh mé go maidin sol má dtéidh mé chum troda leis.” “Agus cá an áit a bhfanóchamuid anocht?” arsa Ceóchán, ars' eisean, “nó ní bhéimid beó ar maidin!” “Caithfeamuid teach innteacht fhagháil a rachamuid isteach ann,” arsa Fionn. “Rachaidh mise anonn,” arsa Ceóchán, ars' eisean, “dh'ionnsaighe ar thoigh Chonchobhair na gCros dh'fhéacháilt an dtiubhradh sé teach dúinn go maidin.” 44. Chuaidh sé anonn chum na ndorus crannta, agus bhuail sé buille dá chois ar an dorus tosaigh agus chuir sé amach thríd an dorus cúil é. “Cé an rásgal nó an rógaire é siud,” arsa Conchobhar na gCros, “atá ag briseadh mo chuid dorus?” “Ceóchán, buachaill Fhinn mhic Cumhaill as Éirinn, atá ag iarraidh toighe damh fhéin is do mo mhaighistir go maidin.”
“Tá teach amhas thiar annsin,” arsa Conchobhar na gCros; “tá céad amhas ann, agus, má's treise leat-sa ná leis an chéad amhas, bíodh an teach uilig agat.” “Cuir amach fear liom thaisbeánfas an teach damh.” Chuir sé buachaill bog bán leis. “Sin thiar an teach,” ars' an buachaill, “agus, má théidheann tú dá gcomhair, íosaidh siad thú.” 45. Bhuail sé bos ón chluais go dtí an béal ar an bhuachaill bhog bhán. D'fhág sé a inchinn ag fionnaoladh an bhalla. Chuaidh sé siar a fhad leis an dorus chum na n-amhas. Rinn an t-amhas thíos gáire. Rinn an t-amhas thuas gáire. Ní raibh aon amhas ins an toigh nach dtearn gáire. Rinn an t-amhas mór dhá gháire. Rinn Ceóchán trí gháire. “Goidé thug ort-sa trí gháire dhéanamh,” ars' an t-amhas mór, “nuair rinn mise dhá gháire.” “Goidé thug ort-sa dhá gháire dhéanamh?” arsa Ceóchán. “Tá, mar chonnaic sinn a oiread de fheoil úr go bpiocaimis do chnámha.” “Sin an t-ádhbhar céadna,” arsa Ceóchán, ars' eisean, “thug orm-sa trí gháire dhéanamh, mar chonnaic mé a oiread de bheithidhigh salacha go ndeargfainn mo lámh oraibh.” 46. Thug Ceóchán léim isteach i n-a measg. Rith an t-amhas thíos. Chuir sé maide ar an dorus. Rith an t-amhas thuas. Chuir sé maide ar an dorus. Ní raibh aon amhas ins an toigh nár chuir maide ar an dorus. Chuir an t-amhas mór dhá mhaide ar an dorus. Chuir Ceóchán trí mhaide ar an dorus. “Goidé thug ort-sa,” ars' an t-amhas mór, ars' eisean, “trí mhaide chur ar an dorus, nuair chuir mise beirt air?” “Goidé thug ort-sa agus ar gach uile amhas maide chur ar an dorus, agus tusa, a amhais mhóir, beirt a chur air?” “Ar shúil nach n-imtheochthá uainn, go dtí go bpiocaimis do chnámha.” “Sin an t-ádhbhar céadna,” arsa Ceóchán, ars' eisean, “thug orm-sa trí mhaide chur ar an dorus, ar shúil, dá n-imtheochadh aon cheann agaibh aon chasán, go ndeargfainn mo lámh oraibh.” 47. Fuair Ceóchán greim dhá chnámh lurgan ar an amhas mór agus bhrúigh an chuid eile leis. Nuair a bhí an ceann
deireannach marbh aige, ní raibh aige acht dhá chnámh lurgan an amhais mhóir. Bhí a ndeireadh marbh aige. Chuaidh sé amach agus thug sé isteach Fionn mhac Cumhaill. “'Nois, a Fhinn mhic Cumhaill,” ars' eisean, “dá mbeadh ár gcuid againn, bhíomar maith go leór. Rachaidh mé soir ar ais, dh'ionnsaighe ar Chonchobhar na gCros, a fhagháil an bhfuighmis greim bídh uadh a d'íosamuis.” 48. Chuaidh sé anonn chum na ndorus crannta agus bhuail sé buille dá chois ar an dorus tosaigh agus chuir sé amach thríd an dorus cúil é. “Cé an rásgal nó an rógaire é siud atá ag briseadh mo chuid dorus?” arsa Conchobhar na gCros. “Ceóchán, buachaill Fhinn mhic Cumhaill as Éirinn, ag iarraidh bídh damh féin is do mo mhaighistir.” “Tá coire thiar annsin agus céad saighdiúr agam-sa dá choimhéad. Tá trí chéad mart ann,” ars' eisean, “agus trí chéad molt ann, agus tá trí chéad torc ann, agus, má's treise leat-sa ná leis an chéad saighdiúr, bíodh an coire uilig agat.” “Cuir amach an fear a thaisbeánfas damh cá an áit a bhfuil sé.” Ní rachadh fear ar bith leis. 49. Chuaidh sé siar an áit a bhfacaidh sé an cruinniughadh mór fear. Thoisigh na saighdiuirí a sgaoileadh leis. “Muna stadaidh sibh ag cathadh gramhair mhónadh agus aoiligh chaorach orm-sa, cuirfidh mé fearg oraibh, nuair a rachas mé siar a fhad libh!” Chuaidh sé siar a fhad leó, agus chuaidh sé isteach i n-a measg. Rug sé ar an ladar a bhí ag tógáil na heanbhruithe, chaith sé síos ins an choire é, agus thoisigh sé a chathadh na heanbhruithe ar na saighdiuiríbh agus é ag goil, go dtí gur bhruith sé leith-chéad aca, agus d'imthigh an leath eile ar reathaigh. Rug sé ar an choire eadar a dhá láimh. Níor stad sé gur fhág sé istoigh 'sa chóirnéal ag n-a mhaighistir é i dtoigh na n-amhas. D'ith siad a sáith den fheoil agus d'ól siad a sáith den eanbhruithe agus chodluigh siad a sáith go maidin. 50. “'Nois,” ars' eisean le Fionn mhac Cumhaill, arsa Ceóchán, “tá sé comh maith agat dhul anonn agus an ceann a bhaint de Chonchobhar na gCros.”
“Tá eagla orm,” arsa Fionn, “nach mbím i n-innmhe aige.” “Maise, b'fhéidir go mb'fhearr damh-sa dhul ann ó thús agus comhrac a thabhairt dó. Is fusa duit-se a mharbhadh annsin, nuair a bheas mise réidh leis.” Thug Ceóchán leis claidheamh Fhinn mhic Cumhaill. Chuaidh sé anonn agus bhuail sé buille ar an chuaille comhraic. Níor fhág sé searrach i gcapall, uan i gcaora, pisín i gcat, coileán i madadh, dá mbéadh an lochóg bheag agus an lochóg mhór, nár sgar le n-a chéile leis an bhúirfe a bhain sé amach as an chuaille comhraic. 51. D'éirigh Conchobhar na gCros mar bheadh gasúr dhá bhliadhain déag ann, agus a chlaidheamh leis. Thoisigh an bheirt ar a chéile go dtí go dtearn siad bogán de'n chreagán, creagán de'n bhogán, toibreacha fíoruisge thríd lár na gcloch nglas aníos. Dá dtigeadh éinneach ó íochtar an domhain go huachtar an domhain, gur dho dhéanamh aeir agus eibheár ar an dís a thiocfadh. Throid siad annsin go dtí uair an mheadhóin lae, nuair a bhuail Ceóchán aon bhuille amháin ar Chonchobhar na gCros agus chaith sé an ceann naoi n-eitre agus naoi n-iomaire amach den cholainn. 52. Thainic sé anall agus an ceann leis dh'ionnsaighe ar Fhionn mhac Cumhaill. Ní thearn Fionn mhac Cumhaill aon gháire ó d'fhág sé an baile go dtí sin. Fuair sé greim dhá láimh ar Cheóchán agus thug sé póg dó. “Is tú an gaisgidheach ab' fhearr,” ars' eisean, “a chonnaic mé riamh de do mhéid nó de aon mhéid!” “Maise,” arsa Ceóchán, “tá sé comh maith dúinn a bheith ag tarraint ar an bhaile. Tá sé comh maith duit, a Fhinn mhic Cumhaill,” ars' eisean, “a dhul ar mo dhruim ar ais.” 53. Chuir sé Fionn mhac Cumhaill ar a dhruim ar ais agus an ceann 'n-a asgaill. Bhéarfadh sé ar an ghaoith Mhárta bheadh roimhe agus ní bhéarfadh an ghaoth Mhárta bheadh 'n-a dhiaidh air, bhí sé comh lúthmhar sin, gur shuidh sé síos ar árd agus gur leig sé Fionn amach dá dhruim. “Tá mé tuirseach, a Fhinn mhic Cumhaill,” ars' eisean. “Ní'l amhras ar bith agam ort,” arsa Fionn, ars' eisean, “ná rinn tú rása maith glan.”
“Goidé an rud é sin thiar istoigh 'san abar,” arsa Fionn mhac Cumhaill, nuair a d'amhairc sé thart. “Tá, sin Taobh Iarainn gan Tapadh,” arsa Ceóchán. 54. Chuaidh Ceóchán siar agus bhuail sé bárr-chos ar Thaoibh Iarainn gan Tapadh. D'éirigh Taobh Iarainn gan Tapadh 'na sheasamh. Ars' eisean: “Leóga, a mhaighistir, shaoil mé go raibh mé 'mo chodladh!” “Bhí,” arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean, “agus ba mhaith damh-sa go raibh.” “'Nois,” arsa Ceóchán, ars' eisean, “a Fhinn mhic Cumhaill,” ars' eisean; “'nois, a Fhinn mhic Cumhaill, ní mise Ceóchán 'chor ar bith, acht is mise Neart mhac Neirt,” ars' eisean, “a thainic dho chuidiughadh leat, nuair a chonnaic mé thú i gcruadh-chás. Nuair a thiocfas an chailleach dh'ionnsaighe ort-sa chuir faoi na geasaibh thú, fiosruigh dí an bhfuil do gheasa díot. Nuair a déarfaidh sí leat go bhfuil na geasa díot,” ars' eisean, “ghéanaidh sí gáire go bhfeicfeá an dubhradán dubh bheadh thíos ar thóin a goile. Caith thusa an ceann agus buail isteach i mbéal a goile uirthi é agus muirbhfidh tú í.” 55. Thainic an chailleach is d'fhiosruigh Fionn an raibh a gheasa de. Dubhairt sise go raibh, is rinn sí an gáire, is chaith Fionn an ceann is mharbh sé an chailleach is chuir sin deireadh leo leis an sgéal. Chuaidh Fionn mhac Cumhaill a bhaile go Cuan Bhinne Éadain. Chuaidh siad-san an t-áth agus chuaidh mise an clochán. Báitheadh iad-san agus thainic mise a bhaile, agus tá mé thuas i nDún na nGall indiú i n-éis an sgéal 'innse.
MÁIRE NÍ RUAIRC. 1. Tá cnocán beag, 'san fhearann a mbím-sa 'mo chomhnuidhe, dá ngoireann siad Cnocán na Feadalaighe. Bhí duine cóir cráibhtheach 'na chomhnuidhe i n-allód ann i gcois abhna le taoibh an chnocáin sin; agus tá lorg a thoighe le feiceáil gus indiú. Tadhg Ó hAodha ba hainm don duine; gan bean nó muirighin aige, acht a mháthair, 'na sean-mhnaoi, ag coingbheáil toighe. Chuaidh Tadhg amach Oidhche Shamhna do dhéanamh urnaidhe, mar ghnás leis, fa bhruach na habhna nó i gcois an leasa. Ag dearcain suas dó do bhreathnughadh na réaltann, do chonnairc néal dorcha a ndeas ag gluasacht chuige le séideadh gaoithe, agus do chuala sé tormán na n-each, mar bhuidhin mhóir mharcshluaigh, ag teacht 'san ngleann gach ndíreach. D'airigh Tadhg go dtángadar uile thairis an átha agus thort fán mbinn go hathlamh. 2. Cuimhnigheas an duine gur minic a chualaidh 'gá rádh, dá dteilgfeá an luaith bhéadh faoi do chois 'na n-aghaidh 'san am sin, dá mbéadh neach ar bith daonna leo, gur bh'éigean dóibh sgarmhain leis. Tógbhas seisean lán duirn den ghrinneall bhí faoi n-a chois agus teilgeas é go tinneasnach i n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh i n-aghaidh an tséideáin, agus, féach, 'san mball tuiteas anuas bean, go fann lag ar lár le trom- osna. Cliseas Tadhg le sin, acht, ag gabháil meisnigh iar gcloistin a gearáin 'san ghlór daonna, chuaidh fa n-a comhair gur labhair léithe 's gur thóg sé suas í, agus thug isteach fa dhéin a mháthara í. Thugadar bainne dhi le n'ól agus oileamhain eile, 's ba bheag a chealuigh sí. 3. Níor chuir siad mórán ceist uirthi an oidhche sin, mar d'aithnigheadar gur as na bruidhnibh a thainic sí agus mar nach raibh fonn cainte uirthi agus í tinn tuirseach. Lá ar n-a bhárach d'fhiafruigheadar sgéal a himtheachta dhi agus d'aithris sise sin dóibh ar acht rún a choingbheáil air.
Máire Ní Ruairc ba hainm don mhnaoi; i gcondae na Gaillimhe rugadh 's a hoileadh í. Do bhí aon bhliadhain pósta, go rug sí clann, le fear óg dá ngoirthí Séan Seoighe, láimh le Cnoc Meádha. Ba hanacrach fuair sí an t-astar cloinne sin gur éag a leanbh i n-éis a bhreithe 's go dtug Fionnbhárr 's a bhuidhean í féin ar shiubhal go bruidhin Chnuic Meádha. Do fágadh toirt éigin eile 'na hionadh, i ndeilbh mhná mairbhe, a faireadh 's a hadhlacadh gan chonnsughadh i riocht na mná so. 4. Do bhí Máire i gCnoc Meádha trí ráithe, ag altrom leinbh, 'gá cealgadh le meadhair 's le ceóltaibh binne, 's dhá aindeoin sin uile bhí sise dubhach gan amhras. Fa dheireadh, gur aithris dí bunadh na bruidhne go raibh a fear féin anois pósta le mnaoi eile, agus gan ise bheith ag déanamh bróin nó leannduibh níos fuide, go raibh Fionnbhárr agus a theaghlach uile ag triall ar cuairt go hUltaibh. 5. Gluaistear leó fa sgairt na gcoileach Ó Chnoc mín Meádha amach, Fionnbhárr 's a bhuidhean chródha. Is iomdha síodh-bhrugh, ráth agus beann A ndearnsad gearr-chéilidhe ann, Ó éirghe an lae go luighe na hoidhche Ar eachraidh áille eiteallaighe, Fa Chnoc Gréine is Cnoc na Rae, Binn Bhuilbhinne agus Céise Corainn, Go Binn Eachlainne agus Loch Dá Éan, Ó sin soir go Sliabh gCuilinn. Do chuartuigheadar Sléibhte móra. Mughdhorna, Fa áird-Shliabh Donairt agus Béal Átha an Adhraigh, Síos go Dún Druinne, Dún Droma agus Dún Árda Liath, 'Na raon díreach go Cnocán na Feadalaighe. 6. D'éis Máire 'tuitim uabhtha, níor stuanadh leó, óir b'éigean dóibh proinn Oidhche Shamhna chaitheamh i síodh-bhrugh Sgrabaighe, ag an tsíodh-fhlaith Mac an Eantoin. B'iongnadh le Tadhg is le n-a mháthair sgéal na mná, agus truaigh iad dí, agus thug cuireadh agus fáilte dhí aca féin.
D'fhan sí aca ar fhostódh feadh an gheimhridh gur thaitin sí go maith leó, ag obair 's ag fóghnamh. Ba sean-bhean bhreoite máthair Thaidhg, agus thug Máire aire mhaith dhí le linn a tinnis. D'éag an tsean-bhean 'san earrach, acht thug sí comhairle dá mac, ar leabaidh an bháis, Máire Ní Ruairc a phósadh; agus do pósadh iad i ndiaidh na Cásga. 7. I gcionn bliadhna 'na dhiaidh sin tarla fear stocaí a bhí láimh leó a bheith ag triall go Cuan na Mara a cheannach earraidhe; agus chuir Máire comhartha leis i gcois íseal fa dhéin a céad fhir, eadhón, fáinne pósta thug sé dhí agus ainm an tSeoighigh sgríobhtha uirthi. Níor bh'fhada 'na dhiaidh gur éag an dara bean ó Shéan Seoighe agus ní dhearna sé faillighe fa theacht ar cuairt chum Máire Ní Ruairc. Tráth thainic sé isteach go toigh Thaidhg Uí Aodha, fuair sé Máire 'na suidhe, faoi leanbh maith mic, trí ráithe, i n-a hucht. Ba luath 's ba lúthghaireach d'aithnigheadar ar aon a chéile, agus d'udhachtuigh Máire gan sgáth gur'b é sin féin a céad fhear, is, tráth chuala sí gur theastuigh an bhean eile, d'aontuigh sí dhul leis an tSeoigheach. 8. Acht bhí Tadhg bocht go dubhach fán ádhbhar, agus dubhairt go mb'fhearr dóibh comhairle an tsagairt fhagháil, agus chuaidh triúr i láthair an athar Briain Uí Bheirnn, gur innis a sgéal ó thús go deireadh. Ba duine céillidhe an t-athair Brian nach dtiubhradh breith shubaidh, agus dubhairt leis an tSeoigheach nach bhfuigheadh bean Thaidhg, muna gcruthóchadh sé a cheart, faoi lámhaibh na sagart thart siar ins na paráistíbh a raibh siad ar aon 'na gcomhnuidhe. B'éigean don tSeoigheach dhul ar ais go condae na Gaillimhe i gcoinne litreach, agus do chuir an t-athair Brian litir leis, fa dhéin a shagairt pharáiste. 9. 'Sé freagra chuir an sagart sin chuige, “go raibh sé féin ar thórramh Mháire Ní Ruairc, céad mhná an fhir seo, agus gur phós sé arís é le mnaoi eile a d'éag ó shoin, agus cibé ar bith bean a bhí annsin, adéaradh gur'b ise féin bean an tSeoighigh sin, gan a creidbheáil.” An uair a fuair an an t-athair Brian an litir sin, thug sé comhairle ar Mháire í féin a shocrughadh mar bhí sí. 10. Dá aimhdheoin sin chuaidh an Seoigheach fa dhéin an tsagairt a phós é féin is Máire 'san áit a rugadh 's a
beathuigheadh í. Bhí sin deich míle fichead ón áit a mbíodh siad 'na gcomhnuidhe. D'aithris sé don tsagart sin gur imthigh Máire Ní Ruairc ar siubhal uadh fa dhá bhliadhain ó shoin, go raibh sé 'gá tóraidheacht go bhfuair amach í pósta ag fear eile i gcondae an Dúin, agus nach leigfeadh sagart na paráiste sin dó a fagháil, muna bhfuigheadh sé cruthughadh faoi n-a láimh-san gur leis í. Níor aithris sé an dadamh fa bhás Mháire agus ní raibh fios ag an tsagart sin uime, óir d'éag muintir Mháire sul far pósadh í agus ní raibh mórán iomráidh uirthi 'san áit sin. 11. Chuir an sagart litir leis fa dhéin Easbuig Dhúin, “gur phós seisean cailín dá ngoirthí Máire Ní Ruairc, a thainic ó dhaoinibh cneasta, i n-a pharáiste féin, le buachaill macánta dá ngoirthí Séan Seoighe a bhí 'na chomhnuidhe láimh le Cnoc Meádha agus go n-abair sé leis gur imthigh sí uadh 's go bhfuil sí 'na comhnaidhe mar mhnaoi ag fear eile láimh le Dún Phádraic, agus gur chóir a chur 'na bhaile leis.” 12. Cuireadh fiadhnaise leis ón tsagart a chonnairc 'gá bpósadh iad agus a chruthughadh céadnachta na mná, agus do mhionnuigh an fear sin gur'b í an bhean chéadna sin a bhí anois ag Tadhg Ó hAodha. Chuir an t-easbog fios ortha uile a theacht i láthair ag an chaibidil i n-ar tugadh an chúis chum coiste. Bhí an chliar uile i n-aghaidh an athar Briain, cion gur phós sé Tadhg le mnaoi an fhir eile, agus nach leigfeadh sé dhí dhul leis i ndiaidh dearbhadh fhagháil gur'b í a bhean í. Agus dubhairt siad gur chóir baing a chur air féin is ar Thadhg, muna gcuirfidhe Máire ar siubhal. “A dhaoine uaisle,” arsa an t-athair Brian, “ná daoraidh mé go gcluinidh sibh deireadh an sgéil. Cuirtear an Seoigheach chum a mhionna.” 13. Do mhionnuigh an Seoigheach gur pósadh é fa dhó — go bhfuair sé an chéad bhean ag baile Ghoirt — go raibh sí bliadhain aige láimh le Cnoc Meádha — gur imthigh sí uadh as sin — nach raibh fios aige cia leis — bhí sé féin fán bhaile — ní fhaca sé ag imtheacht í — ní raibh sí folláin i ndiaidh cloinne bhreith — fuair sé an dara bean 'san áit sin — shaoil sé gur éag an chéad bhean — shaoil an sagart é — d'éag an dara bean.
“Anois, a dhaoine uaisle,” arsa an t-athair Brian, “seo litir a fuair mise, faoi láimh shagairt pharáiste an tSeoighigh, a dhearbhuigheas gur éag a chéad bhean — go bhfaca sé féin marbh í 's go raibh sé ag a tórramh — gur phós sé an Seoigheach 'na dhiaidh sin le cailín eile 'san áit, 's gur éag sise fós ó shoin. Féachaidh anois go ndearna mé mo dhícheall ar an fhírinne fhagháil amach.” 14. D'éirigh imreasán idir an chléir uime. Dubhairt cuid aca “gur'b í bean an tSeoighigh í gan chontabhairt, ó fuaras a dhearbhadh ó shagart Ghoirt agus mionna an fhir a bhí i láthair ag an phósadh.” Dubhairt dream eile “nach raibh sin dearbhtha go seadh, óir, an fear thug an mionna go bhfaca sé 'gá pósadh í, go raibh sé fiar-shúileach lag-radharcach, agus go mb'fhéidir leis a bheith meallta.” “Má'seadh,” arsa fear aca, “téidheadh sise go Con- nachta, fa dhéin shagairt Ghoirt, go bhfiosaidh seisean, má's í an bhean chéadna a phós sé.” “Ní headh,” arsa duine eile, “acht téidheadh sí fa dhéin an tsagairt eile ag Cnoc Meádha, go bhfiosaidh seisean, má's í an bhean chéadna so a d'éag faoi n-a chúram.” 15. Tógadh gáire na cuideachta i n-aghaidh an fhir sin, ionnus go dtainic an chúis a bheith 'na ádhbhar grinn 'na measg. Fa dheireadh, anuair do chonnairc Tadhg Ó hAodha nach raibh siad ar tí réidhtigh dhéanamh nó deireadh chur leis, d'iarr sé cead labhairt leis an easbog. “A Thighearna Easbuig,” ars' eisean, “a' gcreideann tusa gur tugadh an bhean so ar shiubhal leis na sídheogaibh?” “Ní chreidim-se a leitheid go deimhin,” arsa an t-easbog. “Ó! má'seadh, beannacht Dé go raibh agad fán sgéal sin, óir béidh Máire Ní Ruairc agam-sa go seadh.” “Cionnus sin,” ars' an t-easbog, “má chruthuighthear gur pósadh í leis an tSeoigheach romhad-sa?” “Cuma sin,” arsa Tadhg; “dar ndóigh nach gcuirfeá-sa d'fhiachaibh uirthi a bheith 'na mnaoi aige d'éis a báis.” 16. Do mhaoidh an chliar uile i gcionn gáire i ndiaidh chomhráidh Thaidhg, agus dubhairt cách “gur maith adubhairt sé é agus gur'b aige bhí an chuid dob' fhearr 'san chonspóid.”
Ba deacair don easbog a ngíorac 's a meadhair a chosg nó breith a a thabhairt, acht go dtug sé comhairle do Thadhg 's do Mháire “a dhul leis an dís eile go Connachta i láthair an dá shagart no go bhfuighidis amach fios na fírinne.” “A thriath,” arsa Tadhg, “ní'l mise i ngeall ar a dhul leis an tSeoigheach, acht, má's í do thoil-se, téidheadh seisean 'na bhaile, agus rachainn-se féin agus Máire i gcionn seachtmhaine eile fa dhéin shagairt Chnuic Meádha; agus, má chruthuigheann an Seoigheach annsin gur'b í seo a bhean, dar ndóigh nach séanann an duine uasal sin an litir a chuir faoi n-a láimh gur éag sí.” “Tocht! a dhuine gan chéill,” adubhairt an t-easbog; “ní éistfeam libh níos fuide.” 17. Lá ar n-a bhárach, chuir Máire a hearradh imirce uile ar a muin ar tí dhul go Connachta, agus 'sé an réidhteach a rinne na comharsnaigh eatorra, na doirse bheith ar aon fosgailte, an Seoigheach 'seasamh amuigh seacht gcoiscéim o dhorus na sráide, Tadhg bheith 'na sheasamh 'sa ngardha seacht gcoiscéim ón dorus cúil, agus ise a roghain a leanamhaint 's a bheith aige ó sin amach. Bhí an leanbh 'na chodladh 'sa gcliabhán. Bhí Máire go díreach ag triall go ndeachaidh sí fa dhéin a leinbh chum slán fhágbháil aige agus go dtug sí póg dó, agus shil sí deor. D'imthigh sí uadh annsin go raibh sí i dtaobh amuigh den tairsigh go gcuala sí sgread an leinbh 'na diaidh. Filleas Máire ar ais agus d'fhan sí gan mhairg, gan bhuaidhreadh, ó sin amach aige Tadhg Ó hAodha go bás.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services