Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Cruinneolaidhe
Title
An Cruinneolaidhe
Author(s)
Mac an Bhaird, Seaghán,
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CHÉAD CHEACHT. A pháisdí dhílse, is cóir dúinn cómhrádh beag a dheanamh indiu ar neithibh thart fá dtaobh dínn. A Phádraic, an dtig leat a innsin, cá hair a bhfuil- mid ag siubhal? PÁDRAIC. — Tig liom, a mhaighistir, ar an urlár. MAIGHISTIR. — Tá tú ceart go leor, a Phádraic, acht taobh amuigh de thigh na scoile caidé tá agat le siubhal air? P. — Tá an tsráid agus an bealach mór agus an talamh. M. — Agus an ionann an cineál talaimh atá ins an uile áit? P. — Ní hionann; tá talamh comhthrom i n-aice thighe na scoile annso; tá árdáin agus gleanntáin agus cnuic agus lagacha taobh amuigh dhe sin. M. — Chím; tá do shúile fosgailte agat, agus bíodh do chluasa mar an gcéadna agus mar sin béidh tú i do scoláire chliste go fóil. An dtig leat innsin damh cá hainm a bheirtear ar thalamh comhthrom? P. — Tig liom, a mhaighistir; bheirtear machaire agus mín agus réidhteach agus comhthromóg air. M. — Is maith an buachaill thú, a Phádraic, agus is ceart a d'fhuasgail tú na ceisteanna a chuir mé ort. Is é do sheal-sa anois, a Róise. An bhfuil ainmneacha ar bith eile agat-sa? RÓISE. — Tá, a mhaighistir; tá tír agus dúithche agus condae agus paráiste. M. — An bhfuil a fhios agat caidé an tír í seo a bhfuilmid ár gcomhnuidhe ann? R. — Tá a fhios agam go maith: Éire. Is minic a d'innis m'athair dúinn gur'b í Éire ar dtír dhúthchais, agus gan dearmad a dheanamh a choidhche go bhfuilmid
'n-ár nÉireannaighibh, agus gur cóir dúinn grádh a bheith againn ar ár dtír agus ar ár dteangaidh. Dubhairt sé linn mar an gcéadna go bhfuil sé d'fhiachaibh orainn eolas a bheith againn ar stair ár dtíre agus ar an uile chlúid agus chearn agus cheanntar innti, agus go háirighthe ar na háitibh cáileamhla. M. — Is maith agus is fíor-mhaith an chomhairle í sin, a Róise, a thug d'athair daoibh. An dtig leat tuilleadh de na comhairleachaibh a thug sé dhíbh a innsint dúinn? R. — Ní'l cuimhne agam ortha anois, acht béidh ar ball. Dubhairt sé linn aréir go bhfuil sean-rádh adeir, “I ndiaidh grádha Dé thig grádh ár dtíre.” M. — A Róise, is cóir duit cuimhne a chongbháil ar an uile chomhairle a gheibh tú ó'n chléir, ód' athair agus do mháthair, agus ó'n uile dhuine atá ós do chionn, agus is furus aithne ó'n mhéid adeir tú linn gur maith is fiú dhuit cuimhniughadh go háirighthe ar an uile rud d'á n-abair d'athair leat. Tá ceist amháin eile agam le cur ort, agus má fhuasglann tú damh í, cuirfidh mé cliú mhaith a-bhaile leat Dia hAoine seo chugainn. R. — Deanfaidh mé mo dhícheall, a mhaighistir. M. — Cá hainm atá ar an roinn léighinn innsigheas dúinn fá'n domhan agus fá na tíorthaibh, fá na sléibhtibh, fá na bailtibh, fá na daoinibh agus fá'n uisge atá ar éadan an domhain? R. — Saoilim, a mhaighistir, gur cruinneolas a thug tusa air i n-uraidh nuair a bhí tú ag tabhairt oidis do'n rang ós mo chionn-sa, ag an léarsgáil. M. — Is maith go deimhin an cailín thú, a Róise; d'fhreagair tú go ceart agus go maith. Anois, a Dhonnchaidh, 'sé do sheal-sa. An bhfuil cuimhne agat ar an mhéid a ndeachamar thairis ó thoisigheamar ar an cheacht seo? D. — Tá eagla orm, a mhaighistir, nach bhfuil, acht thrácht Róise fá Éirinn agus dubhairt sí gurab í ár dtír dhúthchais í. Labhair sí fá chondae agus fá pharáiste, acht níor innis sí dhúinn ainm na condae
seo, nó ainm an pharáiste acht a oiread. Innis dúinn, a mhaighistir, led' thoil, ainm na condae. M. — Seo í condae Dhúin na nGall agus paráiste na gCeall Beag. Anois, a Dhonnchadh, nach bhfuil cuimhne agat ar dhadaidh d'á ndubhairt Pádraic? D. — Bhí sé ag trácht fá shléibhtibh, nó fá chnocaibh, saoilim, agus fá ghleanntánaibh. M. — Ní shaoilim go bhfuil cuimhne cheart agat ar an gceacht, mar badh chóir duit. Níor labhair duine ar bith fá shliabh acht thú féin. An dtig leat a innsint dúinn cad is sliabh ann? D. — Ní maith atá fhios agam, acht saoilim gur mó é 'ná cnoc. M. — Tá'n ceart agat annsin; is mó agus is airde sliabh 'ná cnoc. Is dóiche go mbéidh ceacht chruinneolais againn gan mhoill arís, agus badh mhaith liom dá (go) mbeadh ainmneacha (anmanna) na gcnoc agus na n-áit go léir thart fá dtaobh dínn agaibh an lá sin. Foghluimidh iad ó bhur n-athair nó bhur máthair, nó ó dhuine ar bith. Gluais. Thart fá dtaobh dínn = thart gach dtaoibhe dínn, mór-thimcheall orainn, thort thimcheall orainn Cá hair a bhfuilmid = cad air go bhfuilmíd, cé air a bhfuilmíd, Tá tú ceart go leor = tá smut de'n cheart agat, tá cuid de'n cheart agat.
AN DARA CEACHT. M. — A pháisdí dílse, tá lá deas againn indiu agus is cóir dúinn dul amach tamall agus sean- chas a bheith againn fá na háirdibh. Tá an dó- dhéag de chlog ann anois. Sul a dtéidhmid amach, cia agaibh innseóchas damh caidé an áird de'n spéir a mbíonn an ghrian ann ar an dó-dhéag dhe chlog? EIBHLÍN. — Innseóchaidh mise dhuit, a mhaighistir, bíonn an ghrian ó dheas ar an dó-dhéag. M. — Tá tú ceart, a Eibhlín, agus téidhmid amach anois go bhfeicimid cá bhfuil na háirde eile. Má amharcamaid an taobh a bhfuil an ghrian ann, beimid ag amharc ó dheas. An dtig leat innsint dúinn ainm na háirde atá ar ár gcúl, a Eibhlín?
E. — 'Sí an áird ó thuaidh atá ar ár gcúl, agus ní fhaca mé an ghrian nó an ghealach ins an taobh sin de'n spéir riamh. M. — Ní fhacais, a Eibhlín, ná aon duine eile ins an tír so acht a oiread. Anois, taisbeán dúinn an taobh i n-a n-éirigheann an ghrian. E. — Tig liom sin a dheanamh, a mhaighistir, mar bhí mé im' shuidhe indiu roimh éirghe na gréine, siocair go raibh m'athair ag dul chum an bhaile mhóir. M. — Tionntuigh d'aghaidh ar an taobh i n-ar éirigh an ghrian agus innis dúinn caidé an áird a bhfuil tú ag amharc uirthi. E. — Táim ag amharc ar an áird thoir, a mhaighistir. M. — Agus cá hainm atá ar na háirdibh eile, an bhfuil a fhios agat? E. — Ní thig liom a innsint duit, a mhaighistir. M. — Ní'l iongantas ann sin, a Eibhlín. An bhfuil duine ar bith eile a dtig leis a innsint dúinn? PÁDRAIC. — Chuala mise daoine ag trácht ar an áird ó thuaidh agus ar an áird thiar, acht ní'l a fhios agam cá bhfuilid. M. — Má éisteann sibh go cúramach leis an rud atáim a rádh libh, is furus daoibh eólas a bheith agaibh ar na háirdibh. Tá sibh ag amharc anois ar an taobh i n-a n-éirigheann an ghrian; sin an áird thoir; tá bhur gcúl leis an áird thiar; tá an áird ó dheas ar thaobh do láimhe deise agus tá an áird ó thuaidh ar thaobh do láimhe clí. Abair sin dúinn, a Eibhlín. E. — Nuair a bhíos m'aghaidh ar an taobh i n-a n-éirigh- eann an ghrian, bím ag amharc soir, bíonn mo chúl leis an áird thiar; bíonn an áird ó dheas ar thaobh mo láimhe deise, agus an áird ó thuaidh ar thaobh mo láimhe clí.
AN TREAS CEACHT. M. — Ní raibh faill againn an lá deireannach ar go leor a fhoghluim fá áirdibh na spéire, agus ar an ádhbhar sin is feárr dúinn cómhrádh beag eile bheith againn indiu fá dtaobh díobh. Bíodh an uile dhuine agaibh ag deanamh amach i n-a intinn féin caidé an taobh de thigh na scoile i bhfuil a theach féin. A Dhiarmuid, caidé an taobh ó so i bhfuil do theach-sa? DIARMUID. — A mhaighistir, gan droch-fhreagra a thabhairt ort-sa, ní'l teach ar bith agam. M. — Is athchomair an buachaill thú, a Dhiarmuid; tá tú ceart go leor annsin, acht ar ball, nuair bheas tú
mór, tá súil agam go mbéidh teach agat agus teach maith fós, mar tá ag d'athair. Innis dúinn caidé an taobh ó so a bhfuil a theach-san. D. — Do réir mo bharamhla-sa, is soir atá sé. M. — 'Seadh, agus anois, caidé an taobh i bhfuil teach na sgoile ó thigh d'athar? D. — Ar ndóigh, is siar uadh atá sé. M. — Tá an dó-dhéag de chlog ann anois, agus is feárr dúinn dul amach tamall. Tá fhios ag an uile dhuine agaibh, creidim, cá bhfuil an ghrian ar an dó-dhéag. A Chonaill, innis thusa dhúinn, sul a dtéidh- mid amach, cá mbíonn an ghrian i gcomhnuidhe ar an dó-dhéag de chlog. CONALL. — A mhaighistir, ní'l a fhios agam-sa; ní raibh mé ar an scoil le seachtmhain agus tá eagla orm gur chailleas mórán de cheachtaibh deasa ar feadh an ama sin. M. — Sin é an dóigh i gcomhnuidhe, a Chonaill. Má's mian le duine ar bith a bheith 'na scoláire mhaith, is éigean dó a theacht chum na scoile gach uile lá, agus gan dadaidh de na ceachtaibh a chailleamhain. Siubhail amach anois linn, agus tabhair fá deara go bhfuil an ghrian ins an taobh ó dheas. A Sheagháin, measaim nach raibh tusa ag tabhairt éisteachta go ró-mhaith dhúinn ar ball; tar annso anois agus siubhail soir giota. Caidé an bealach atá tú ag dul anois? SEAGHÁN. — Táim ag dul soir, a mhaighistir. M. — Tionntuigh ar ais chugainn. Caidé an bealach i bhfuil tú ag siubhal anois? S. — Táim ag siubhal siar. M. — Tionntuigh d'aghaidh ar an ghréin anois agus innis dúinn caidé an taobh i bhfuil tú ag amharc. S. — Táim ag amharc ar an taobh ó dheas. M. — Agus caidé an taobh é sin ar do chúl? S. — Tá mo chúl leis an taobh ó thuaidh, a mhaighistir. M. — Tionntuigh thart anois agus amharc ar do
sgáile. An bhfeiceann tú dadaidh sonnradhach fá dtaobh di? S. — Saoilim go bhfuil mo sgáile níos giorra anois 'ná bhí sí ar maidin. M. — Ceart go leor, a Sheagháin; bíonn sgáile gach duine againn níos giorra fá mheadhón lae, 'sé sin, fá'n dó-dhéag de chlog, 'ná i n-am ar bith eile rith an lae. Agus anois, saoilim nach mbeidh seachrán ar aon-duine agaibh feasta fá phríomh-áirdibh na spéire, acht, sul a n-imthighe sibh, is maith liom a innsint daoibh caidé mar is furus daoibh aithne bheith agaibh ar an taobh ó thuaidh 'san oidhche chomh maith leis an lá. Tá réalt ins an áird ó thuaidh a ngoirtear an Réalt Thuaidh uirri, agus, má bhíonn sibh amuigh oidhche gheal ar bith gan mhoill, is furus daoibh a fhionnachtain cá bhfuil sí. Tá seacht réalta eile comhgarach do'n Réalt Thuaidh agus is dóiche gur shaoil na daoine tá fad ó shoin go raibh siad cosamhail leis an chineál seisrighe nó céachta a bhí aca an uair sin, mar is sin an t-ainm a thug siad ar na seacht réaltaibh so. Tá an bheirt thosaigh i gcómhnuidhe ar aon líne amháin leis an Réalt Thuaidh mar so:- Réalt Thuaidh Na Réalta Tosaigh An Mathghamham Mór nó an tSeisreach
AN CEATHRAMHADH CEACHT. MÁIRE. — A mhaighistir, bhí aidhneas beag eadrainn indiu nuair a bhíomar ag teacht chum na scoile. Dubh- airt Máire Ní Cheallacháin nach dtug tusa ainmneacha
na n-áird go hiomlán dúinn, agus bhí tuilleadh againn ag rádh go dtugais; an raibh an ceart aici? MAIGHISTIR. — Bhí, a Mháire; níor thráchtas acht ar ainmneachaibh na bpríomh-áird, acht is fearr dúinn indiu seanchas a bheith againn ar chuid eile de na háirdibh. Tugaidh libh amach an dá línteoir fada sin thall agus giota chailce. Tá an ghrian ag soillsiughadh go deas agus ní rachamaid níos fuide 'ná an chéad áit chomhthrom a chasfar orainn. Deanfaidh an áit seo cúis maith go leór. Tabhair damh ceann de na lín- teoiríbh. Tá an dó-dhéag de chlog ann anois. Táim ag cur an línteora so 'na sheasamh suas go díreach. Chí sibh an scáile tá deanta aige. Deanadh duine agaibh líne leis an chailc ó'n línteoir go dtí ceann na scáile. Táim ag cur na litre D ar an cheann de'n líne a bhfuil an línteóir air agus T ar an cheann eile de'n líne. Bídhidh ag smuaineadh anois caidé an rud ionadaid na litreacha so. Seo líne deanta agam anois trasna go díreach an chéad líne, leath bealaigh idir a dhá ceann. Táim ag cur I ar cheann di agus O ar an cheann eile. Smuainigidh caidé ionadas na litreacha so. NA SCOLÁIRÍ. — Ní thig linn a innsint duit, a mhaighistir. M. — Ionnus nach mbeidh sé ina ainbhfios oraibh níos fuide, scríobhfad na focla ar fad daoibh agus cuir- fead an t-ainm ceart ag ceann gach líne.
CONALL. — A mhaighistir, an ionann Tuaidh agus an áird ó thuaidh? M. — Is ionann, go deimhin; agus mar an gcéadna is ionann Deas agus an áird ó dheas, Iar agus an áird thiar, Oir agus an áird thoir. Mar dubhairt mé libh cheana, seo iad na ceithre príomh-áirde, agus anois tá súil agam go bhfuil sibh uile réidh le ceithre háirde eile a fhogh- luim, agus seo iad a n-ainmneacha: thoir dtuaidh, thoir ndeas, thiar ndeas agus thiar dtuaidh. Cuirfidh mé síos daoibh iad mar rinne mé roimhe, ar eagla go ndean- fadh duine ar bith agaibh dearmad díobhtha. Cong- bhuighidh cuimhne go bhfuil thoir dtuaidh leath bealaigh idir an áird thoir agus an áird ó thuaidh; agus thoir ndeas leath bealaigh idir an áird thoir agus an áird ó dheas. Mar an gcéadna tá thiar ndeas leath bealaigh idir an áird thiar agus an áird ó dheas, agus thiar dtuaidh leath bealaigh idir an áird thiar agus an áird ó thuaidh. T. Thoir dtuaidh O Thoir ndeas D Thiar ndeas I Thiar dtuaidh
AN CÚIGEADH CEACHT. M. — Anois, a pháisdí, ar eagla go mbeadh sibh i n-amhras fá áirdibh na spéire, téidhmid suas ar an árdán is cómhgaraighe dhúinn, agus bhíodh cómhrádh beag eile againn indiu. Tá gaoth bhog the ag séideadh; cá has a bhfuil sí ag teacht, a Chaitilín? CAITILÍN. — Is dóigh liom gur aniar ndeas atá sí ag teacht chugainn. Dubhairt m'athair leis na buachaillíbh ar maidin nach raibh an lá indiu iontaobhtha, agus go raibh eagla air go gcuirfeadh sé, mar bhí an ghaoth aniar ndeas. Cad chuige a ndubhairt sé sin, a mhaighistir? M. — Tá, a Chaitilín, mar is minic a bhí a fhéachain aige. Tá a fhios ag na daoinibh go coitcheann ins an tír seo gur minice thig fearthainn le gaoith aniar agus aniar ndeas 'ná le gaoith ar bith eile. 'Sé an chiall a bheir na seandaoine leis sin, go séideann an ghaoth thig aniar agus aniar ndeas chugainn trasna na fairrge móire atá eadrainn féin agus an t-Oileán Úr, agus go dtógann sí an fhearthainn de'n uisge ar an bhealach. An gcualaidh tú d'athair ag rádh caidé mar bheadh an ghaoth nuair a bheadh súil aige le haimsir thirm? C. — Ní chualas gur cuimhneach liom, acht 'sé mo bharamhail féin gur chóir go séidfeadh sé go díreach i n-aghaidh na gaoithe is minice a mbíonn an fhearthainn léi.
M. — Tá an ceart agat, a Chaitilín, agus tá áthas orm go ndearcann tú ar neithibh de'n tseórt sin, agus nach amhlaidh a ghníos tú a léigean isteach ar chluais amháin agus amach ar an chluais eile, mar is gnáthach le mórán daoine a dheanamh. Taisbeán dúinn anois cá has a dtigeann an ghaoth a mbíonn an fhear- thainn léi agus mar an gcéadna an áird a dtigeann an ghaoth as a bheir aimsir thirm chugainn. C. — Aniar agus aniar ndeas a thig sí agus sin é an bealach; anoir agus anoir dtuaidh a thig an ghaoth a bheir aimsir thirm chugainn go minic. M. — An dtug tú fá deara cá has a dtig an ghaoth is fuaire agus an ghaoth is teó? C. — Thugas, a mhaighistir, tig an ghaoth a mbíonn an fuacht léi ó'n áird thuaidh, anoir dtuaidh agus aniar dtuaidh, agus tig an ghaoth the nádúrtha ó'n áird a ndeas. M. — Anois, a Chaitilín, sul a n-imthighmid taisbeán dúinn arís na háirde a d'fhoghluim tú agus innis a n-ainmneacha dúinn, ag toisiughadh ar an áird thoir. C. — Thoir, thoir ndeas, deas, thiar ndeas, thiar, thiar dtuaidh, thuaidh, thoir dtuaidh. M. — An bhfuil cuimhne agaibh uile ar na réaltaibh atá ins an taobh ó thuaidh de'n spéir, a rabhamar ag trácht ortha an lá fá dheireadh? A Chaitilín, innis thusa dúinn fá dtaobh díobh. C. — Thaisbeán m'athair an Réalt Thuaidh damh an oidhche fá dheireadh, acht thug sé ainm eile uirthi. Saoilim gur bh'é an Réalt Eólais a thug sé uirthi agus ní'l a fhios agam cad chuige. Innis dúinn, a mhaighistir, led' thoil, caidé is ciall do'n ainm sin a bheith uirthi. M. — Bhéarfaidh mé iarraidh air. Fad ó shoin sul a raibh gléas comh maith ag na mairnéalaighibh ins na longaibh (luingis) agus tá anois, is minic a théidheadh siad ar seachrán amuigh ins an fhairrge mhóir, agus ní bhíodh a fhios aca ar feadh seachtmhaine nó míosa, b'fhéidir, cá mbíodh siad ag dul, acht comh luath agus
ghlanadh an spéir agus chíodh siad an Réalt Thuaidh, bhíodh a fhios aca ar aon chaoi cia haca soir nó siar, ó dheas nó ó thuaidh, bhí siad ag seoladh agus, ar an ádhbhar sin, bhaist siad an Réalt Eólais ar an Réalt Thuaidh. Anois tá gléas aca ins an uile luing a théid ar fairrge a thaisbeánas dóibh caidé an bealach i bhfuil siad ag dul. Snáthad nó beacht na mairnéalach a bheirtear ar an ghléas so. Is dóiche go mbéidh ceann beag aca agam le taisbeáint daoibh an chéad lá eile; ní'l agam annso indiu acht a dealbh acht amharcaidh uile go léir air.
AN SEISEADH CEACHT. Lá ar n-a bhárach thaisbeán an maighistir snáthad na mairnéalach dóibh, mar gheall sé an lá roimhe, agus bhí iongantas ar an uile dhuine aca. Mhínigh sé go raibh luigheachán na snáthaide i gcomhnuidhe tuaidh agus deas, agus nuair a chuirfidhe ós chionn na litreacha D agus T í, gur bh'fhurus innsint caidé an taobh i raibh áit nó nídh ar bith uatha. D'fhiafruigh sé annsin de leath-dhúisín aca caidé an taobh de thigh na scoile i raibh siad 'na gcomhnuidhe, go bhfuair sé amach uatha go raibh eolas aca ar áirdibh na spéire ó shnáthaid na mairnéalach. Fá dheireadh sheas sé i lár thighe na scoile agus d'iarr sé ar chuid aca a innsint dó caidé an luigheachán a bhí ar thigh na scoile. Chuir mórán aca suas a lámha, agus d'iarr sé ar Mháire Ní Mhic Taidhg innsint dó. Dubhairt sí go raibh na taobh-bhallaí deanta ó dheas agus ó thuaidh agus go raibh na beanna deanta soir agus siar. D'fhiafruigh sé de dhuine eile cá haca ar maidin nó
um thráthnóna nó ins an mheadhón lae a bhíodh an ghrian ag soillsiughadh isteach ar fhuinneogaibh thighe na scoile, agus bhí a fhios sin ag an uile dhuine aca. D'innis sé dhóibh annsin dá mbeadh an teach deanta ar a fhad soir agus siar gur ins an mheadhón lae a bheadh an ghrian ag soillsiughadh isteach ar na fuinneogaibh, agus thoisigh siad uile ag smuaineadh ar caidé an luigheachán a bhí ar a dtighthibh féin. Nuair a tháinic an t-am fá choinne ceachta eile cruinneolais, d'fhiosruigh an maighistir de chuid aca an raibh a dteach-san níos mó nó níos lugha 'ná teach na scoile. Dubhairt cúigear nó seisear aca go raibh a dtighthe-sean níos airde acht nach raibh siad cinnte an raibh siad comh fada. D'fhiafruigh sé díobh caidé an dóigh i mbeadh cinn- teacht aca, agus chuir leath-dhúisín díobh suas a lámha, agus dubhairt duine aca leis dá dtomhaistí dhá thigh go mbeadh a fhios aca caidé an teach de'n dá thigh dob' fhuide. Tomhaiseadh teach na scoile dóibh annsin agus tugadh ortha féin é thomhas, agus chuir siad síos i bpáipéar go raibh sé dhá throigh agus dá fhichid ar fhad agus ceithre troighthe agus fiche ar leithead. Dubhairt an uile dhuine go mbeadh a fhios aca lá ar n-a bhárach cia haca budh mhó teach na scoile nó a dtighthe-sean. Tugadh gléas tomhais dóibh annsin a bhí sé troighthe nó dhá shlait ar fhad, agus thomhais siad teach na scoile leis. Fuair siad eolas nach raibh acht a seacht d'fhad i dtaobh-bhalla thighe na scoile agus a ceathair d'fhad ins an bhinn. Tharraing an maighistir amach dóibh léar- sgáil nó léaraid urláir thighe na scoile seacht n-ord- lach ar a fhad agus ceithre hordlaighe ar a leithead, agus d'innis dóibh go raibh an léaraid deanta ar mhéid ordlaigh ós coinne an uile shé throigh. 'Na dhiaidh sin thug an maighistir leis iad taobh amuigh de thigh na scoile agus d'iarr sé ortha an áit
imeartais a bhí aca a thomhas. Rinne siad amach go raibh sé troighthe déag agus ceithre fichid ar a fhad agus dhá throigh dhéag agus trí fichid ar a leithead. Thomhais siad an áit chéadna le miosúr a bhí dhá throigh ar a fhad agus fuair siad amach go raibh ocht miosúir agus dá fhichead ins an fhad agus sé miosúir dhéag agus fiche ar a leithead. Tarraingeadh amach dóibh annsin ar an talamh léar- aid na háite agus teach na scoile agus na ballaí agus an geata 'na n-áit féin innti. Rinneadh an léaraid ar mhéid ordlaigh ós coinne an uile dhá throigh, agus mhínigh an maighistir dóibh gur ar an nós sin a bhí na léarsgáile deanta. Thaisbeán sé léarsgáil bheag na hÉireann dóibh agus dubhairt sé leo go raibh sí deanta ar mhéid troighe ós coinne an uile chéad míle. Chuir sé léar- sgáil mhór na hÉireann rompa annsin agus d'innis sé dóibh go raibh sí deanta ar mhéid troighe ós coinne dheich míle agus dá fhichead.
AN SEACHTMHADH CEACHT. An dara lá 'na dhiaidh sin chuir an maighistir léaraid thighe na sgoile roimh na páisdíbh agus furradh an tighe i n-a áit féin, agus áit na teineadh agus áit an doruis leagtha amach innti. Tomhaiseadh í agus bhí sí ordlach agus fiche ar a fad agus dhá ordlach dhéag ar a leithead. Cuireadh ceisteanna ortha le haghaidh fromhadh a bhaint asta fá'n cheacht deireannach, ar thuigeadar go beacht é, agus bhí cuid mhór aca nár thuig. Tugadh miosúr dhá throigh do bheirt aca agus hiarradh ortha teach na scoile do thomhas leis, agus fuair siad eolus go raibh sé miosúr agus fiche ar a fhad agus dhá mhiosúr déag ar a leithead. Thug an maighistir línteoir a raibh na hordlaigh air do bheirt eile agus d'iarr sé ortha an léaraid do thomhas, agus is goirid gur innis siad dó go raibh sí ordlach agus fiche ar fhad agus dhá ordlach dhéag ar leithead. Chuimhnigh cuid aca go raibh teach na scoile, leis an tomhas deireannach, miosúr agus fiche ar fhad agus dhá mhiosúr dhéag ar leithead, agus mar sin de go raibh an léaraid deanta ar mhéid ordlaigh ós coinne an uile mhiosúir, 'sé sin, ós coinne an uile dhá throigh. Cuireadh mórán eile ceisteanna ortha, le haghaidh go dtuig- feadh siad an ceacht so agus an ceacht deireannach go cruinn balach. Chuir an maighistir annsin dealbh de thigh na scoile rompa agus dubhairt sé leo amharc go grinn air agus innsin dó caidé an deithbhir a bhí idir é féin agus an léaraid. I ndiaidh móráin freagra dubhairt duine aca leis gur thaisbheán an léaraid cuma agus méid urláir thighe na scoile, go díreach mar bheadh duine ag amharc anuas air, agus d'admhuigh sé gur thaitin an freagra sin go maith leis. Mhínigh sé dhóibh annsin gur sin mar bhí na léarsgáile, gur thaisbeán siad an chuma bhí ar an
talamh go díreach mar bheadh duine ag amharc anuas ó'n spéir air. I dtaobh na deilbhe dubhradh gur thaisbeán sé cosamh- lacht agus áirde agus fad an tighe; ar dhóigh go raibh sé ní b'fhearr ná léaraid, acht ar dhóigh eile nach raibh, mar nár thaisbeán sé leithead an tighe. Dubhairt an maighistir gur chóir do'n uile dhuine aca léaraid a thighe féin a bheith leis lá ar n-a bhárach, deanta ar mhéid ordlaigh ós coinne an uile chúig throigh, agus gheall siad dó go mbeadh. AN t-OCHTMHADH CEACHT. An lá 'na dhiaidh sin chaith an maighistir agus na páisdí tamall fada ag amharc ar na léaraidibh, ag moladh ceann agus ag fághail lochta ar cheannaibh eile agus ag deanamh amach cia haca a b'fhearr. Fa dheir- eadh tharraing an maighistir amach léarsgáil thighe na scoile agus na mbailte thart fá dtaobh de agus spréidh sé ar chlár í. Bhí na litreaca T agus D, O agus I, deanta uirthi go deas, agus chuir sé an T i
n-aice an taoibh ó thuaidh agus an D i n-aice an taoibh ó dheas. D'aithin an t-aos óg na háiteacha thart timcheall comh luath agus d'amhairc siad ortha, agus thoisigh cuid aca ag taisbeáint a n-áit féin. Thug an maighistir ortha a innsin dó caidé an taobh ó thigh na scoile i n-a raibh siad 'na gcomhnuidhe, agus níor stad sé acht ag cur cheist ortha go raibh sé sásta i n-a intinn féin go raibh na háirde go maith aca ar an léarsgáil agus ar an uile dhóigh eile. 'Na dhiaidh sin chuir sé an léarsgáil ar crochadh ar an bhalla agus thug sé ortha tabhairt fá deara go raibh an T anois ag bárr na léarsgáile, D ag a bun, O ar thaobh na láimhe deise, agus I ar thaobh na láimhe clí, agus dubhairt sé leo cuimhne mhaith a chongbháil air seo: nuair a bheadh siad ag léarsgáil ar bith gurab é bárr na léarsgáile an tuaidh, agus bun na léarsgáile an taobh ó dheas; go bhfuil thoir ar thaobh na láimhe deise, agus thiar ar thaobh na láimhe clí, nuair a bheir tú d'aghaidh ar an léarsgáil. Congbhuigheadh na scoláirí ag an léarsgáil ag tais- beáint na n-áird do réir duine agus duine, go bhfac- thas do'n mhaighistir go raibh siad aca go cliste, agus nach raibh earráid ná seachrán ar aon duine aca. Mhol sé iad annsin, agus gheall se dhóibh go mbeadh léar- sgáil eile aige dóibh lá ar na bhárach. Rith an bhealaigh a-bhaile an lá sin níor stad siad acht ag caint fá léarsgáilibh agus fá na háirdibh ortha agus ag tomhas caidé an ceann úr a bheadh aca ag an chéad cheacht eile. Dubhairt ógánach amháin gur mhaith leis féin léarsgáil na hÉireann do bheith aca, mar bhí ceann ar crochadh i seomra a athar ins an bhaile agus bhí eolas beag aige ar chuid de na háitibh innti.
AN NAOMHADH CEACHT. Nuair a tháinic an maighistir isteach roimh an cheacht chruinneolais, agus cuachán mór páipéir faoi n-a ascaill, an lá 'na dhiaidh sin, bhí amharc gach súla air. D'fhosgail sé amach an cuachán gan mhoill, agus spréidh sé ar bhórd rompa é, go díreach mar rinne sé an lá roimhe, an T i n-aice an taoibh ó thuaidh agus D i n-aice an taoibh ó dheas. Munab é go raibh an t-ainm ar an léarsgáil, bhí mórán de na páistíbh nach n-aithneóchadh í, acht ní raibh sé i bhfad go raibh sé i mbéal gach duine, “Seo í léarsgáil an pharáiste,” agus thoisigh siad uile ag cuartughadh a n-áit féin uirthi. Bhí líne dhearg tarraingthe thart fá áit, mar bheadh páirc bheag, i lár na léarsgáile, agus budh mhaith leo uile fios d'fhághail caidé fá n-a choinne a raibh sí. Dubhairt an maighistir leo nach n-innseóchadh sé dhóibh caidé fá n-a choinne a raibh sí go sáruigheadh sé ortha féin an cheist d'fhuasgailt, agus gur mhaith leis iad do dheanamh a ndíchill i gcomhnuidhe.
Fá dheireadh shonnruigh cailín beag gasda glic go raibh teach na scoile i lár na h-áite so bhí, mar déarfá, gearrtha amach as croidhe na léarsgáile. 'Na dhiaidh sin is amhlaidh mar d'fhuasgail siad an cheist, na bailte talaimh a bhí aca ins an léarsgáil an lá roimhe gur bh'iad a bhí timchiolluighthe thart leis an líne dhearg. Caith siad an lá sin go sultmhar pléisiúrdha ag cuartughadh agus ag fághail eolais ar na háitibh ins an pharáiste. Bhí aithne aca ar an mhór-chuid de na bailtibh talaimh cheana, agus chualaidh siad iomrádh ar mhórán eile aca, agus shaoilfeadh duine a bheadh ag éisteacht leo, agus an gleo a bhí aca, go raibh greann an-bhreagh aca, agus níor mhothuigh siad go raibh am an cheachta thart. Gheall an maighistir dóibh go rachadh sé leo go mullach chnuic áird an chéad lá maith eile, agus go dtaisbeánfadh sé dhóibh an chuid budh mhó de na háitibh a bhí ainmnighthe ar an léarsgáil. Gheall sé dhóibh mar an gcéadna go dtiubhradh sé leis iad go bhfeiceadh siad abhainn agus sruthán, loch agus currach, árdán agus comhthromóg, sliabh agus cnoc. Bhí lúthgháir an-mhór ar na páisdíbh fá chluinsin go mbeadh lá saoire aca, nó sin mar d'amhairc siad-san ar na gnoithibh, acht bhí a fhios ag an mhaighistir go bhfoghluimeóchadh siad i bhfad níos mó amuigh lá mar sin 'ná d'fhoghluimeóchadh siad i dtigh na scoile.
AN DEICHMHEADH CEACHT. Nuair a tháinic an lá ar chóir do na scoláiríbh dul amach thríd an tír mar gealladh dhóibh, bhí sé ag cur fearthanna, agus b'éigean dóibh fanacht i dtigh na scoile, gé gur bhrónach an sgéal aca é, acht níor chuir siad a n-am amudha, mar bhí seanchas aca fá'n aimsir agus fá mhórán eile a bhain léi. Dubhairt ógánach amháin nach raibh fuath ar bith aige- sean ar an fhearthainn, go háirighthe nuair a thigeadh sí tráthnóna Dia hAoine, mar gheibheadh sé cead a bheith ag iasgaireacht breac rith an lae Dia Sathairn, agus b'fheárr leis sin 'ná bheith ag bainis. Dubhairt duine eile go gcualaidh sé gur bh'é méad na fearthanna a bhíodh againn ins an tír seo a thug ar an fhéar fás chomh maith agus ar na machairíbh a bheith chomh glas.
Labhair buachaill amach agus dubhairt sé go gcualaidh sé a athair ag rádh go mbíodh an iomad cuileóg aca ins na tíorthaibh a bhíodh tamall fada gan fearthainn, agus gur ar éigean a thiocfadh le duine siubhal ionnta le plúchadh ó'n chré agus le luaithre a d'éirigheadh ó'n talamh ar uairibh, agus a bhíodh d'á síobadh leis an ghaoith anois agus arís. D'iarr duine aca ar dhuine eile a thomhas cá mhéad lá tirm a bhí againn rith na bliadhna i n-uraidh ins na Ceallaibh Beaga. Níor éirigh le haonduine an rud ceart a thomhas, agus fá dheireadh do hinnseadh dhóibh gur céad agus seacht lá dhéag de laethibh tirme bhí aca ins na Ceallaibh Beaga agus thart fá'n cheanntar sin ar feadh na bliadhna 1902. D'fhiafruigh siad de'n mhaighistir an raibh baint ar bith ag cruinneolas leis an aimsir, agus le neithibh mar sin. D'innis sé dóibh go raibh go cinnte, go raibh baint ag cruinneolas le beagnach gach nídh ar dhruim na talmhan agus gach nídh d'ar thárlaidh air agus ins an aer atá fá dtaobh de. Thoisigh siad ag cainnt eatorra féin ar na neithibh a bhí ag fás as an talamh agus ag rádh go raibh baint ag cruinneolas leo uile, agus do lean cuid aca de'n chómhrádh go raibh siad ins an bhaile an tráthnóna sin. Bhí cuid eile aca ag rádh nach raibh an fhearthainn agus an fuacht, an sioc agus an sneachta gan maith éigin nuair a chongbhuigh siad na mílte agus milliúna cuileóg ar siubhal uainn.
AN t-AONMHADH CEACHT DÉAG. Tháinic lá fliuch eile, cosamhail leis an lá a chuaidh thart, agus b'éigean do na páisdíbh fanacht ins an tigh, acht níor chaill siad dadaidh d'á shiocair sin, mar congbhuigheadh iad gnoitheach, acht b'fhearr leis an chuid budh mhó aca bheith amuigh. D'fhiafruigh an maighistir an bhfacaidh siad loch ariamh, agus dubhairt cuid aca go bhfacaidh, agus do hiarradh ar dhuine aca a innsin do'n chuid eile caidé an rud loch. I ndiaidh smuainte air féin tamall, d'fhreagair sé gur poll mór uisge é, agus talamh thart timcheall air, agus gur gnáthach le habhainn a bheith ag teacht isteach ann agus a fhágáil, go raibh currach bog ar thaobh amháin de'n loch a raibh seisean aige, agus go raibh mar bheadh féar fada ag fás ar imeall an locha, agus gur innis a dhearbhráthair dó gur cuisgreach no cuilc a bheireadh na daoine air agus go raibh sé ocht nó naoi dtroighthe ar a fhad. Budh mhaith le duine nó beirt fios d'fhághail an raibh beathadhaigh ar bith beo ins na lochannaibh. Dubhradh leo go raibh madaidh uisge coitcheann go leór ins an uile loch, agus go raibh cineál eile de mhadadh uisge a raibh dobharchú mar ainm air, ar dheanamh con agus gob caol fada air, i gcuid eile aca. Sgairt ógánach amach go gcualaidh sé féin sgéal fá dhobharchoin a lean fear uair amháin agus gur fhobair go mbéarfadh sé air, acht chaith an fear a chasóg ar charraig agus nuair
a tháinic an dobharchú comh fada leis, bhris sé a ghob i n-aghaidh na carraige, mar shaoil sé gur bh'é an fear a bhí i n-áit na casóige. Dubhairt buachaill eile go raibh sé féin 'na chomh- nuidhe ar bhruach locha agus nach bhfacaidh sé beathadhach ar bith ann riamh, acht go raibh bric agus eascona go leor ann agus gur mhinic a mharbh sé cuid aca ag iasgaireacht le boighte. D'fhiosruigh siad de an bhfacaidh sé each uisge riamh ins an loch, agus d'fhreagair sé nach bhfacaidh agus nár chreid sé go raibh a leithéid ann, nó dá mbeadh, go bhfeicfeadh sé i n-am éigin é. Dubhairt cuid eile go raibh nó go bhfacaidh daoine cuid aca agus go gcual- aidh siad féin na daoine seo ag rádh go bhfacaidh siad each uisge agus nach n-innseóchadh siad bréag. D'éirigh aidhneas agus callán eatorra fá'n each uisge agus d'iarr an maighistir ortha deireadh a chur leis go dtí lá eile, agus go mbeadh sgéal aige féin le hinnsin fá dtaobh de.
AN DÓMHADH CEACHT DÉAG. D'fhiafruigh an maighistir díobh cia aca a dtioc- fadh leis a innsin dó caidé an dealughadh nó an deithbhir atá idir sliabh agus cnoc. Chuir fear óg suas a lámh agus dubhairt sé go raibh sliabh níos áirde agus níos fuide ná cnoc, agus d'aontuigh siad uile go raibh so ceart. Thoisigh siad annsin ag ainmniughadh na gcnoc a bhí chómhgarach dóibh. Shaoil cuid aca gur bh'iongantach mar fuair bunadh na sean-aimsire ainmneacha do'n uile áit go fiú na gcairrgeach agus na bpoll ins na haibhneachaibh agus na sgréigeachaibh a chois na fairrge. D'innis an maighistir dóibh go raibh ciall le hiomlán na n-ainm seo agus nach féidir do aonduine stair na hÉireann a scríobhadh nó a léigheadh nó a thuigsin muna raibh Gaedhilg aige agus muna raibh ciall agus brígh na n-ainm aige a tharlaidheas innti, agus ar an ádhbhar sin, má budh mhian leo eolas a bheith aca fá n-a dtír féin mar budh chóir, go raibh sé d'fhiachaibh ortha an Gaedhilg d'fhogluim. Budh mhaith leo annsin míniughadh d'fhághail ar ainm- neachaibh a mbaile féin agus fuair siad sin agus gheall an maighistir go míneóchadh sé dhóibh an uile ainm a chasfaidhe ortha nuair a bheadh siad ag léigheadh staire na hÉireann agus ag foghluim cruinneolais, agus bhí siad sásta. Thoisigh siad annsin ag cuimhniughadh ar shléibhtibh agus ag innsin fá nídh éigin a tharlaidh ortha. D'ainmnigh duine amháin Sliabh Chalbhaire, agus dubhairt sé gur ar an sliabh sin a céasadh ár Slánuightheoir. D'ainmigh duine eile Sliabh Shinái ar ar tugadh na deich n-aitheanta do Mhaoise. Leag an maighistir anuas léarsgáil an domhain agus thaisbeán sé na sléibhthe seo dhóibh uirthi, agus thaisbeán sé Éire, a n-oileán dílis féin, dóibh 'san am chéadna. Mhínigh sé dhóibh gur talamh a bhí ins an chuid
de'n léarsgáil a bhí dathuighthe agus gur uisge bhí ins an chuid a bhí bán. D'fhiafruigh sé an raibh cuimhne aca ar shléibhtibh ar bith eile, agus dubhairt duine aca gur léigh sé i mBeatha Phádraic Naomhtha gur chaith sé sé bliadhna ar Shliabh Mis i nUltaibh ag buachailleacht muc agus caorach, agus tamall fada 'na dhiaidh sin gur chaith sé ó thoiseach an Chorgais go dtí n-a dheireadh ar Chruach Phádraic, sliabh i gConnachtaibh. D'fhosgail an maighistir amach léarsgáil na hÉireann agus thaisbeán sé na háiteacha so uirthi, agus dubhairt sé leo gur chóir dóibh an uile áit a thaisbeánfaidhe dhóibh a chongbháil i gcuimhne. AN TRÍOMHADH CEACHT DÉAG. Fá dheireadh agus fá dhéidheanach tháinic lá breagh soillseach grianmhar, agus níor leig na scoláirí do'n mhaighistir dearmad a dheanamh d'á gheallamhain. Go goirid i ndiaidh an dó-dhéag d'fhág sé na naoidh- eanáin agus an chuid ab' óige de na páisdíbh faoi chúram na maighistreása, agus thug sé an chuid eile leis go bárr chnuic áird a bhí fá thuairim míle ó thigh na scoile. Shiubhail siad go socair suaimhneach agus nuair a chasfaidhe crann nó tom, srúthán nó tobar, nó dadaidh
iongantach, ortha, ní léigeadh an maighistir thairis iad gan a ainm d'fhághail uatha nó innsin dóibh. Mar an gcéadna leis na héanachaibh a chuireadh siad 'na suidhe, b'éigean do a n-ainmneacha d'innsin dóibh agus cá mbíodh a neadracha deanta aca. Ar an dóigh seo níor mhothuigh siad go raibh siad ag bárr an chnuic. Thoisigh siad annsin ag amharc ar na háiteachaibh a raibh eólas aca ortha ar dtús agus ar a dtighthibh féin. 'Na dhiaidh sin, d'innis an maighistir ainmneacha na n-áit cómhgarach aca. Bhí sléibhte agus cnuic, árdáin agus gleanntáin, mínte agus machairí, lochanna, aibhne agus srutháin, bealaighe móra agus casáin, cloidhtheacha teórann agus sgonnsaí agus mórán de neithibh eile, le feicsin ó'n chnoc so agus b'éigean do'n mhaighistir an iomad ceist a chur agus a fhreagra. Cuid de'n aos óg nach bhfacaidh loch riamh roimhe, dubhairt siad nár bh'iongantach leo dá mbeadh beath- adhaigh allta ann, agus chuir siad i gcuimhne do'n mhaighistir gur gheall sé dhóibh sgéal a innsin fá each uisge. “Ní fiú sgéal a thabhairt ar a bhfuil agam-sa le hinnsin daoibh,” ars' an maighistir, “acht an lá fá dheireadh, nuair a bhí imreasán eadraibh agus am an cheachta caithte, tháinic rud in mo chuimhne a chonnairc mé níos mó 'ná dhá fhichead bliadhan ó shoin. Maidin bhreagh samhraidh bhí mé féin agus duine muinteardha damh ag dul chum na scoile. Bhí loch ar thaoibh an bhealaigh mhóir, agus chonncamar araon beathadhach amuigh i n-a lár. Bhí a cheann agus a ghuala agus a dhá chois tosaigh ós cionn an uisge, agus bhí amharc maith fada againn air. Do réir ár mbaramhla-sa, bhí sé comh mór le searrach bliadhna agus é chomh dubh le háirne. Ní thig liom cinnteacht a thabhairt daoibh gur each uisge bhí ann, acht ní'lim féin i n-amhras ar bith nár bh'eadh, & bíodh bhur mbreathnughadh féin agaibh-se.” Chaith siad suas le dhá uair ar mhullach an chnuic,
agus d'fhoghluim siad mórán fá'n tír thart timcheall, acht ní raibh siad sásta gur gheall an maighistir go léigfeadh sé suas iad lá eile. D'iarr sé ortha ainm- neacha na gcnoc agus gach uile áit d'ár bh'fhéidir leo d'fhoghluim roimh an lá sin, agus dubhairt sé, an té is mó a mbeadh ainmneacha aige, go dtiubhradh sé leabhar deas dó. Do bheartuigh gach duine aca dó féin gur bh'aige féin a bheadh an leabhar. AN CEATHRAMHADH CEACHT DÉAG. Nuair a tháinic an t-am fá choinne an cheachta chruinneólais an lá 'na dhiaidh sin, thug an maighistir na páisdí ós coinne chláir dhuibh agus tharraing samhail cnuic agus sléibhe air. D'innis sé dhóibh go raibh na
sléibhte agus na cnuic níos duibhe ar na léarsgáilibh 'ná an talamh thart timcheall. Comh luath agus bhí eólas aca air sin, tharraing sé samhail aibhne (abhann) agus srutháin ar an chlár dóibh, ag dul isteach i loch agus ag imtheacht amach as an cheann eile dhe. D'fhiafruigh duine aca de caidé an chaoi a n-aithneóchadh siad idir abhainn agus sruthán ar an léarsgáil. D'innis an maighistir dóibh go raibh na haibhneacha rud beag níos leithne 'ná na srutháin agus mar an gcéadna go bhfuil bun na habhna beagán níos leithne ar na léarsgáilibh 'ná a bárr. D'fhiosruigh sé dhíobh caidé mar ritheann na haibh- neacha, cia haca leis an chnoc nó i n-aghaidh an chnuic? Bhí a fhios aca uile go ritheann uisge i gcómhnuidhe le fánaidh. Chuir sé mórán eile dhe cheisteannaibh ortha le haghaidh go dtuigfeadh siad go ritheann na haibhneacha i gcómhnuidhe thríd an talamh is ísle agus go bhfuil bun na habhna níos ísle 'ná a bárr, agus mar sin, nuair a bheadh léarsgáil rompa, go bhféadfadh siad aithne uirthi caidé an taobh i raibh an talamh ag claonadh. Thrácht siad annsin fá lochannaibh, agus caidé b'adhbhar dóibh. Dubhairt duine aca gur mhinic a rinne sé loch beag lá tuile i sruthán a bhí cómhgarach dó. Chonnairc ogánach eile a athair ag deanamh tobair lá amháin, agus shaoil sé go raibh na lochanna cosamhail le toibreachaibh móra. D'iarr siad air a innsin dóibh caidé mar rinneadh an tobar. Dubhairt sé gur thochail sé poll mór domhain i dtoiseach agus annsin gur chuir sé balla thart air agus cré le n-a chúl sin. D'fhiaf- ruigh duine aca caidé fá n-a choinne a raibh an chréaf- óg. Dubhradh leis gur chongbhuigh an chréafóg an t-uisge gan a dhul thríd. Dubhairt an maighistir nár neamhchosamhail ar bith deanamh an tobair leis an dóigh ar thoisigh na lochanna ar dtús. Bhí log ins an talamh agus líon an t-uisge
suas é go bhfuair sé bealach amach i n-áit éigin fá dheireadh. Chómhnuigh an t-uisge ins an log agus rinne sé loch. D'éirigh ceist eile idir na páisdíbh, 'sé sin, caidé an mhaith atá ins na lochannaibh? Dubhradh go raibh iasg ionnta, acht d'fhreagair duine eile gur bh'fheárr an talamh a bhí fútha. D'innis an maighistir go gcong- bhuigheadh na lochanna mórán uisge lá tuile, agus ar an adhbhar sin nach mbíodh an tuile comh mór nó comh láidir agus nach ndeanadh sí oiread dochair do'n talamh nó do'n bhárr ar dhá thaobh na habhna. AN CÚIGEADH CEACHT DÉAG. An lá so thug an maighistir na páisdí amach leis agus thaisbeán sé ghabháltas talaimh dhóibh i n-aice thighe na scoile agus cloidhe teorann ar gach taobh dhe,
agus d'fhiafruigh sé dhíobh caidé fá n-a choinne a ndearnadh an cloidhe ar gach taobh mar sin. Shaoil duine amháin gur le dealughadh nó teorainn a dheanamh idir na gabháltasaibh a rinneadh na cloidh- eacha. Shaoil an dara duine gur leis an eallach a chongbháil ó ghabháil anonn agus anall ar thalamh dhaoine eile. Dubhairt duine eile go raibh fasgadh ins na cloidheachaibh lá gaoithe móire. Dubhairt an ceathramhadh duine gur mhór a chuidigh na díogacha a bhí ar gach taobh de'n chloidhe leis an talamh a thiormughadh. Dubhairt an maighistir go raibh lúthgháir air fá a fhios a bheith aige go raibh siad ag smuaineadh ortha féin agus gan freagra mar bheadh píoróid ann. D'fhiafruigh sé caidé mar bhí an gabháltas a raibh siad ag amharc air teoranta ar an taobh ó dheas, agus do hinnseadh dó; annsin ar an taobh thiar, agus do hinn- seadh dó, agus mar an gcéadna leis na taobhaibh eile. Ní raibh sé sásta go dtug sé ortha a innsin dó caidé mar bhí dhá ghabáltas eile teoranta. Chuaidh siad isteach go tigh na scoile annsin agus d'fhosgail sé amach léarsgáil an pharáiste agus d'iarr sé ortha a fhuasgailt dó caidé mar bhí a mbaile féin teoranta, agus 'na dhiaidh sin na bailte cómh- garach dó. Nuair a bhí sin deanta aca, thoisigh siad ag cuart- ughadh na n-áit a chonnairc siad uatha ó'n chnoc árd a raibh siad air an lá fá dheireadh, agus shaoil siad go raibh greann an-mhór aca. Thoisigh cuid aca ag taisbeáint na mbailte a bhí níos áirde agus níos ísle 'ná a chéile do réir cúrsa na sruthán agus na haibhne. Fá dheireadh dubhairt bean bheag bheodhanta leis an mhaighistir gur bh'iomdha ceist chruaidh a chuir sé ortha- san, agus anois go mheadh sí an-bhuidheach dhe dá bhfuasglóchadh sé ceist di-se. Dubhairt sé go ndeanfadh agus fáilte, dá mbeadh sé i n-a chumas. D'fhiafruigh sí dhe cá has a n-éirigheadh na haibhneacha.
Dubhairt sé nach mbíodh ins an chuid budh mhó de na haibhneachaibh ó thús acht srutháin bheaga, acht go dtigeadh srutháin eile isteach ionnta, go dtí fá dheireadh go mbíodh siad mór go leór le habhainn a thabhairt ortha; gur as tobar mhór atá an tSionainn, an abhainn is mó i nÉirinn, ag éirighe, agus mar an gcéadna gur as tobar atá an abhainn is mó 'san Eóraip, Sruth Danóibí, ag éirighe. Taisbeánadh an dá abhainn seo ar léarsgáil na hEórpa agus 'na dhiaidh sin taisbeánadh an tSionainn ar léarsgáil na hÉireann. AN SEISEADH CEACHT DÉAG. Ag an cheacht an lá 'na dhiaidh sin, dubhairt an maigh- istir nár fhuasgail sé an cheist go hiomlán a chuir an cailín beag air an lá roimhe; agus gur minic a bhí barr nó bun-shruth aibhne i loch nó i gcurrach nó i n-áit bhog éigin. “A mhaighistir, led' thoil,” arsa gasúr beag, “cá dtéidheann na haibhneacha?” “Téidheann an chuid is mó aca isteach 'san fhairrge mhóir agus beagán aca isteach i bhfairrgíbh atá i lár na talmhan,” ars' an maighistir.
Sgaoileadh anuas léarsgáil an domhain, agus tais- beánadh aibhneacha ag dul isteach 'san fhairrge mhóir agus mar an gcéadna aibhneacha ag dul isteach i bhfairrgíbh i lár na talmhan. Nuair a bhí so deanta, chuach an maighistir suas léarsgáil an domhain, agus sgaoil sé anuas léar- sgáil na condae. Bhí líne dhearg tarraingthe idir í féin agus na condaethe eile. Bhí an fhairrge ar thaobh amháin di agus ní raibh líne dhearg ar bith ar an taobh sin. Mar an gcéadna bhí líne dhearg tarraingthe thart fá'n pharáiste. Ní raibh sé i bhfad gur thuig na páisdí caidé fá n-a choinne a raibh na línte dearga, agus thoisigh cuid aca 'gá fhuasgailt caidé mar bhí an chon- dae teoranta ar an uile thaobh. Bhí beagán de bhailtibh móra na condae taisbeánta thall agus i bhfus, agus bhí lúthgháir mhór ar an aos óg nuair a casadh ortha ar an léarsgáil baile mór ar bith a gcualaidh siad iomrádh fá dtaobh de. Chonnairc siad bealaighe móra ar na léarsgáilibh eile acht anois dhearc siad níos géire ortha, agus thoisigh siad ag fiafruighe d'á chéile caidé an bealach a bhéarfadh iad as a n-áit féin go dtí na bailte móra thart cómhgarach aca. D'iarr an maighistir ortha bheith cinnte agus na con- daethe d'fhoghluim a bhí ag críochantacht le n-a gcon- dae féin, agus gheall siad go ndeanfadh. D'fhiafruigh duine aca de'n mhaighistir caidé an cineál bealaigh é sin a bhí neamhchosamhail leis an chuid eile. Dubhairt sé go raibh mar bheadh fiacla ann. D'innis an maighistir dóibh gur bh'é sin an bóthar iarainn, agus chaith siad tamall ag dearcadh ar na bailtibh ins an chondae a ndeachaidh sé thríotha. Ní leathshásta bhí na scoláirí an lá so nuair a bhí am an cheachta istigh, acht gealladh dhóibh go léigfidhe dhóibh a bheith níos mó 'ná lá amháin ag an léarsgáil so agus shásuigh sin iad.
Chuir ógánach beag i gcuimhne do'n mhaighistir gur gheall sé a dtabhairt suas chum an chnuic áird úd lá eile agus nach ndearna sé go fóil é. Dubhairt an maighistir go rachadh siad comh luath agus bheadh ainm- neacha na sliabh agus na gcnoc a bheadh ar a n-amharc aca, agus thug siad air iad so a thaisbeáint dóibh, agus d'foghluim siad go dian dícheallach go raibh siad aca. Dubhairt cuid aca gur mhaith leo dul a chois na fairrge lá nó dhó, agus d'innis an maighistir dóibh go raibh dúil aige a dtabhairt annsin nuair a bheidheadh cruinneolas na condae foghluimthe aca agus 'sé an smuaineadh bhreathnuigh siad nach gcoingbheóchadh sin i bhfad ar gcúl iad. Dubhairt sé, an leabhar a gheall sé do'n té ab' fhearr a chuimhneochadh ar ainmneachaibh na n-áit, go raibh dúil aige an comórtas fá n-a choinne a bheith aige gan mhoill, cuid de, b'fhéidir, an lá a rachadh siad suas an cnoc agus an chuid eile an lá 'na dhiaidh. Bhrostuigh so iad a bheith níos dícheallaighe ar feadh na haimsire a tháinic go dtí go ndeachaidh siad suas an cnoc. “Is dóiche,” ars' an maighistir, “nach bhfuil mórán eolais agaibh ar ainmneachaibh a bhaineas leis an fhairrge, acht is cóir daoibh a bheith d'á bhfoghluim comh maith agus is féidir daoibh go dtí an lá a rachamaid annsin. Féadann sibh fiafruighe de bhur n-aithreachaibh agus de bhur máithreachaibh, de bhur ndeirbhsheathrachaibh agus de bhur ndearbhráithreachaibh, nó de dhuine ar bith eile, má tá easbhaidh eólais oraibh fá aon nídh, agus mar so tiocfaidh eólas agus tuigse agus críonnacht chugaibh gan mhothughadh.
AN SEACHTMHADH CEACHT DÉAG. Bhí lá mór ag na scoláiríbh lá an chomórtais, agus bhí an oiread sin eolais aca ar na háiteachaibh gur bh'éigean do'n mhaighistir leath-dhúisín leabhar do thabhairt uadh i n-áit leabhair amháin, acht mar sin féin níor shaoil sé breis ar bith dhe, acht tairbhe mhór, siocair gur spreag sé na páisdí chum foghluma, agus gheall sé dhóibh go mbeadh comórtas aca ag ceann an uile dhá mhí feasta, ar na ceachtaibh a ndeachaidh siad thársta, agus go mbeadh duaiseanna le fághail ag an bheirt ab' fheárr. Sgaoil sé amach léarsgáil na hÉireann rompa, agus thoisigh siad ag taisbeáint na gcondae a bhí ar imeall a gcondae féin. Shonnruigh cuid aca go raibh líne ghorm tarraingthe ar an léarsgáil agus thoisigh siad ag smuaineadh caidé b'adhbhar di. Fá dheireadh d'innis an maighistir dóibh gur bh'é sin an teórainn idir Cúige Uladh agus an chuid eile d'Éirinn, agus mhínigh sé dhóibh go raibh an tír tá fad ó
shoin roinnte i n-a cúig codchaibh, Ulaidh, Laighin, an dá Mhumhain, agus Connachta; gur bh'é sin an t-adhbhar a bhfuil cúige mar ainm ar chuid aca ins an Ghaedhilg go dtí an lá indiu, siúd agus nach bhfuil againn anois acht ceathrar de na cúigíbh, mar rinneadh aon chúige amháin de'n dá Mhumhain le linn na Sasanaigh a theacht go hÉirinn. Rinneadh dhá chuid d'Éirinn fá thuairim céad go leith bliadhain i ndiaidh aimsire ár Slánuightheora, idir Conn Chéad-chathaigh agus Mogh Nuadhat nó Eoghan Mór. Leath Chuinn a bhí mar ainm ar an leith thuaidh agus Leath Mhogha ar an leith eile, agus budh é an teóra bhí eatorra, ó'n áit i bhfuil Caisleán Bhaile Átha Cliath agus leanamhaint d'Eisgir Riada go Droichead an Chláirín taobh ó dheas de Loch Lurgáin. Tá Leath Chuinn agus Leath Mhogha i mbéal na ndaoine go dtí an lá indiu. Ins an tsean-aimsir bhí Cúige Uladh ó'n Bhóinn go dtí an Drobhaois, acht baineadh a bhfuil ó'n Bhóinn go Snámh Aighneach de, i n-aimsir Sheoin, Rí na Sagsan, agus rinnead condae dhe. Ní'l cinnteacht againn caidé an fáth ar tugadh Ulaidh mar ainm ar an chúige so, acht deir cuid de na daoinibh gur ó Ollamh Fódla, rí do bhí i nÉirinn trí chéad déag bliadhain roimh aimsir ár Slánuightheora. Deir cuid eile gur ó oll-sháith, 'sé sin, ó oll, .i. mór agus sáith, .i. go leór, líonmhaireacht, mar bhí an chúige seo chomh líonmhar sin i n-iasg agus i n-eallach. Bhí a rí féin i ngach cúige tá fad ó shoin agus ríogh-áruis aca. Budh iad ríogh-áruis nó ríogh-phuirt Uladh Eamhain Mhacha, cómhgarach d'Árd-Macha, agus Aileach Néid d'á ngoirtear Grianán Ailigh anois, cómhgarach do Dhoire Choluim Chille. Bhí Cúige Laighean ó thráigh Innbhir Cholpa, 'sé sin, ó'n Bhóinn, go Cumar na dTrí nUisge. Deirtear linn gur ó na laighnibh nó sleaghaibh a bhí leis na Gallaibh a thug Labhraidh Loingseach go hÉirinn a fuair an chúige a
hainm. Marbhadh an rí seo cúig céad agus trí bliadhna ar fhichead roimh aois ár Slánuightheora. Bhí dhá ríogh-áruis i Laighnibh, ceann aca i nDionn Ríogh agus an ceann eile i Nás. Bhí Dionn Ríogh cómhgarach do Leithghlinn i gCondae Cheatharlach, agus maireann Nás i gCondae Chille Dara mar ainm ar an áit eile go dtí an lá indiu. Bhí an Mhumha fad ó shoin ó Chumar na dTrí nUisge go bun na Sionainne, acht baineadh Condae an Chláir de Chonnachtaibh agus cuireadh isteach leo é, agus is de a ghoirimid Tuadh-Mhumha. Fuair an Mhumha a hainm, do réir an Dochtúra Diadhachta Seathrún Céitinn, mar tá sí níos mó 'ná aon chúige eile. Bhí cúig príomh-áruis ins na Mumhnaibh ag a ríghthibh, .i. Caiseal, Brugh Ríogh, Tradraighe, Cathair Dúin Iasga, agus Ceann Coradh. Bhí Cúige Chonnacht ó Luimneach ar thaoibh na Sion- ainne go Drobhaois, abhainn bheag idir Loch Meilghe agus an fhairrge. Deirtear go bhfuair an chúige seo a hainm ó chlannaibh Chuinn, 'sé sin, Conn-iochta, nó clann Chuinn, mar is ionann iochta agus clann. Bhí a phríomh-árus ag Rígh Chonnacht i gCruachain, 'san áit a dtugthar Ráth Chruachan air anois, ins an taobh ó thuaidh de Chondae Rosa Comáin. 'Siad sin cúig cúigí na hÉireann, acht má's iad, rinneadh cúige eile de'n Mhidhe 'na ndiaidh. Bhí Cúige na Midhe ó'n tSionainn ar an thaobh thiar go dtí'n fhairrge ar an taobh thoir, agus ó imeallaibh Chondae na Bainríoghna agus Chondae Chille Dara ar an taobh ó dheas go himeallaibh Chondae Árda Mhacha agus Chondae Fhear Monach ar an taobh ó thuaidh. Budh é Tuathal Teachtmhar, rí a mhair i nÉirinn fá thuairim céad agus deich mbliadhna ar fhichead de aois ár Slánuightheora, a rinne an Mhidhe chomh mór so, agus is é an dóigh a ndearna sé é, bhain sé méidhe nó muineál de gach cúige eile agus chuir sé isteach leis an Mhidhe iad. Deirtear gur ó mhéidhe (.i. muineál) a fuair sí a
hainm, acht deirtear mar an gcéadna gur ó Mhidhe mac Bhratha a fuair sí a hainm, agus is dóiche gur uadh. Budh í an Mhidhe seo a las an chéad teine i nÉirinn i ndiaidh theachta Chloinne Neimheadh chum na tíre. Budh í an Mhidhe a bhí mar thalamh buird ag árd- ríghthibh na hÉireann agus bhí ceithre phríomh-áruis aca, .i. Teamhair, Taillte, Tlachtgha, agus Uisneach. AN t-OCHTMHADH CEACHT DÉAG. “Anois, a pháisdí dílse, mar tá an lá indiu maith agus fóirstineach againn le dul amach, is fearr dúinn tamall aimsire a chaitheam le hais na fairrge. Is minic a bheirtear an sáile ar an fhairrge, mar tá salann ins an uisge atá ann, agus má ólann sibh beagán de chífidh sibh go bhfuil a bhlas air.”
Bhí athas mór ar na páisdíbh fá n-a leigean amach as tigh na sgoile, agus d'iarr an maighistir ortha siubhal leo go socair suaimhneach, agus rinne siad sin go dtáinic go himeall cuain. 'Sé an chéad rud a rinne cuid aca dul agus bolgam de'n uisge a ghlacadh, acht níor thaitin sé leo agus chaith siad amach ar ais é. Thoisigh cuid eile ag cruinniughadh sligeán agus slat mara, acht ní raibh siad i bhfad ar an obair sin gur sgairt an maighistir ortha agus tháinic siad chuige go tapaidh, agus d'iarr sé ortha amharc go grinn ar an uile rud a shaoil siad a bheith iongantach nó éagsamhail agus iad do thabhairt fá deara agus ceisteanna a chur air-sean fá dtaoibh díobh, agus go dtiubhradh sé iarraidh ar a míniughadh dhóibh anois, nó i n-am éigin eile. D'fhiafruigh duine aca dhe caidé budh chiall de'n fhéar gan a bheith ag fás síos níos fuide ar an talamh tirm taobh istigh de'n uisge. D'innis an maighistir dóibh go dtigeadh an sáile isteach dhá uair an uile lá ar an talamh sin agus go gcongbhuigheadh an t-uisge agus an salann atá ann an féar gan fás. Dubhairt duine aca go raibh sin fíor go leór nó go bhfacaidh sé a mháthair féin ag cur salainn ar fhéar ghlas le n-a chongbháil ar gcúl, agus 'na dhiaidh sin gur chríonuigh sé go ceann tamaill. D'fhiafruigh duine eile ainm na roinne talaimh a bhí amuigh i lár na fairrge agus uisge thart fá dtaobh de, agus do hinnseadh dó gur oileán nó inis a bhí air. Thaisbeán an maighistir annsin ceann tíre, muineál talmhan, gobán, ros, caladh, port, cuan, bun abhna, agus éalódh dhóibh, agus mhínigh sé dhóibh an chiall atá le gach ainm aca. Chaith siad suas le huair go leith a chois na fairrge, agus, sul ar imthigh siad, shonnruigh cuid aca go raibh an t-uisge i bhfad ní budh neise dhóibh 'ná bhí sé nuair a tháinic siad, agus budh mhaith le cuid aca fios d'fhághail
ar caidé thug ar an uisge a bheith ag teacht chuca mar sin. Dubhairt an maighistir leo go raibh an cheist sin lán-chruaidh aca go fóil agus, dá n-innseóchadh sé dhóibh an míniughadh tá léi, nach dtuigfeadh siad é, acht lá eile, nuair a bheadh siad ní b'fhuide chum tosaigh ins na leabhraibh agus cúpla bliadhan ní budh sine, go dtuig- feadh siad neithe mar sin agus mórán de neithibh eile mar an gcéadna, agus gur leór dóibh anois a fhios a bheith aca go ndeirtear, nuair atá uisge na fairrge ag teacht isteach, go bhfuil sé “ag líonadh,” go bhfuil “an lán ag teacht isteach,” nó go bhfuil “an lán mara ag teacht isteach,” agus nuair atá an t-uisge ag imtheacht amach, go bhfuil sé “ag trághadh.” Nuair is áirde an t-uisge, deirtear go bhfuil sé “'na róbharta,” nó “'na bhárr láin.” Taisbeánadh carraig mhór íseal dóibh ar imeall na fairrge, an taobh eile de'n chuan, agus do hiarradh ortha dul agus cromadh síos go mbeadh a súile i gcomhthrom leis an fhairrge. Do hiarradh ortha annsin amharc ar an charraig taobh thall de'n uisge agus dubhairt siad nár b'fhéidir leo a feicsin. Bhí bád amuigh ag iasgaireacht agus do hiarradh ortha amharc air, acht dubhairt siad nár bh'fhéidir leo é d'fheicsin agus chuir so iongantas mór ortha. D'iarr an maighistir ar na páisdíbh dul chum na sgoile ar a suaimhneas agus a bheith ag smuaineadh agus ag meabhrughadh go dian ar a bhfacaidh siad a chois na fairrge.
AN NAOMHADH CEACHT DÉAG. Go ceann dhá lá níor stad na páisdí acht ag caint agus ag deanamh iongantais fá na neithibh a chonnairc siad ag an fhairrge, acht budh é an rud budh mhó a chuir iongantas ortha, nach bhfacaidh siad an charraig nó an bád nuair a bhí a súile i gcomhthrom leis an fhairrge. Fá dheireadh dubhairt duine aca gur chosamhail go raibh an fhairrge níos áirde i lár an chuain 'ná bhí sí ar an taobh a raibh siad-san air. Bhí cuid eile aca nach gcreidfeadh go raibh so amhlaidh, agus fá dheireadh shocruigh siad eatorra féin go bhfiafróchadh siad de'n mhaighistir cia haca taobh a raibh an ceart aige. Dubhairt an maighistir go raibh sé fíor go leór go bhfuil an t-uisge i lár an chuain níos áirde 'ná tá sé ar imeallaibh an chuain, agus mhínigh sé dhóibh gurab é an t-adhbhar atá leis seo, go bhfuil an domhan ar
dheanamh liathróide agus thaisbheán sé liathróid dóibh a bhí aige i dtigh na scoile agus léarsgáil tarraingthe air. Budh mhaith leo fios d'fhághail uadh an raibh dóigh ar bith eile aige le cruthughadh dhóibh go bhfuil an domhan cruinn, dálta liathróide. Dubhairt sé go raibh mórán de dhóigheannaibh acht nár mhóide go dtuigfeadh siad cuid aca, acht, mar sin féin, gur mhian leo iad a chluinsin. D'fhiafruigh sé dhíobh an bhfacaidh siad riamh urdhubhadh na gealaighe, agus dubhairt beagán aca go bhfacaidh. “Sin,” ar seisean, “cruthughadh eile gur cruinn atá an domhan. Ní bhíonn urdhubhadh ar an ghealaigh acht le linn í bheith lán, agus is amhlaidh atá an uair sin, bíonn an ghealach ar thaobh amháin de'n domhan agus an ghrian ós a coinne ar an taobh eile agus an domhan go díreach eatorra. Ní thugann an ghealach solus ar bith uaithe féin acht bíonn an taobh di a bhíos i n-aice na gréine soillsighthe leis an solus a thig ó'n ghréin. Nuair a thig an domhan go díreach idir an ghréin agus an ghealaigh, congbhuigheann sé solus na gréine ó thuitim ar an ghealaigh, nó mar deirtear, caitheann an domhan a scáile ar an ghealaigh, d'á deanamh uile nó cuid dí dorcha, agus sin agaibh urdhubhadh na gealaighe. Mar tá an scáile seo cruinn, dálta scáile liathróide, i gcómhnuidhe, is soiléir dúinn gurab éigean do'n domhan a bheith cruinn.” Bud mhian le cuid de na scoláiríbh fios d'fhághail ar caidé b'adhbhar d'urdhubhadh na gréine acht do hinnseadh dhóibh go gcaithfeadh siad fanacht le lá eile níos fuide anonn sul a bhfuigheadh siad míniughadh na ceiste seo.
AN FICHEADH CEACHT. RÓISE. — A mhaighistir, bhí díosbóireacht againn ag dul a-bhaile dhúinn tráthnóna indé, fá cheist nach dtáinic linn a shocrughadh, agus dubhairt mise go bhfiafróchainn díot-sa indiu fá dtaobh di, agus le do thoil innis dúinn caidé an t-adhbhar a bhfuil lá agus oidhche againn. MAIGHISTIR. — Innseóchaidh mé sin daoibh, a Róise, comh maith agus is féidir damh. Tá cuimhne agaibh go ndubhairt mé libh ins an cheacht a bhí againn, i ló fá dheireadh, go bhfuil an domhan so a bhfuilmid ar gcómh- nuidhe ann deanta ar chuma liathróide. Saoileann sibh, b'fhéidir, nach bhfuil sé ag corrughadh ar chor ar bith, acht ní hamhlaidh atá. Tá sé ag tionntódh thart i gcómhnuidhe ar dhóigh amháin, ó thiar go soir. Tá an lá i dtóláimh ag an taobh de'n domhan atá le haghaidh na gréine agus an oidhche ag an taobh eile de'n domhan. Má amharcann tú ar liathróid, ní fheicfidh tú acht a leath, agus ar an adhbhar chéadna ní shoillsigheann an ghrian acht ar leith an domhain i n-aon iarraidh. Tá an lá ceithre huaire fichead ar fhad, mar bhaineann sé ceithre huaire fichead as an domhan tionntódh thart uair amháin.
Bíonn an lá ag na tíorthaibh atá soir uainn níos luaithe 'ná mar bhíonn sé againne agus bíonn an lá níos moille ag na tíorthaibh atá siar uainn 'ná mar bhíonn sé againne. Tá sé i ndiaidh an dó-dhéag dhe chlog againne anois, acht i Nua-Eabhrach, 'san Oileán Úr, taobh thiar dínn, ní'l an t-aos óg acht ag éirighe agus 'gá n-ullmhughadh féin le dul chum na sgoile. Mar an gcéadna ins an Róimh, ar an taobh thoir dínn, i n-a bhfuil an Pápa 'na chómhnuidhe, nuair atá sé an dó-dhéag 'sa ló againne, bíonn sé a haon ag bunadh na háite sin, agus nuair atá an dó-dhéag 'sa ló againne, tá an dó-dhéag 'san oidhche ag na daoinibh atá 'na gcómhnuidhe ar an taobh is fuide uainn de'n domhan, agus, rud i bhfad níos iongantaighe 'ná sin, tá an samhradh aca-san nuair atá an geimhreadh againne, agus tá an samhradh againne nuair atá an geimhreadh aca-san. DOMHNALL. — A mhaighistir, níor thuig mé go dtí anois an rud adubhairt fear, i ló fá dheireadh, i ndiaidh a theacht a-bhaile as tír choimhthighigh. MAIGHISTIR. — Caidé dubhairt sé, a Dhomhnaill? DOMHNALL. — Tá, dubhairt sé go mbeadh dhá shamh- radh aige i mbliadhna, agus shaoil mise nach dtiocfadh leis sin a bheith amhlaidh, acht chím anois go dtig agus go raibh an fear ceart go leór. Fuair an maighistir ubhall mór cruinn, agus chuir sé snáthad fhada thríd a lár agus tháisbeán sé do na páisdíbh mar thionntuigheas an domhan. D'iarr sé ortha, nuair a bheadh an oidhche ann, coinneal ghoirid d'fhághail agus dul isteach i seomra dhorcha agus an choinneal a chur 'na suidhe ar bhórd agus é lasta, agus ubhall a mbeadh snáthad thríd a chur thart, mar rinne seisean, fá thuairim slaite ó'n choinnil, agus go dtaisbeán- fadh sin dóibh níos feárr 'ná mar bhí sé i n-a chumas- san a dheanamh 'sa ló, an chaoi i bhfuil an lá agus an oidhche againn. Dubhairt sé leo go raibh an choinneal i n-áit na gréine agus an t-ubhall i n-áit an domhain
aige; go raibh an leath de'n ubhall bhí i n-aice na coinnle geal le linn solus na coinnle a bheith ag tuitim air agus go raibh an leath eile i ndorchadas, ag tabhairt sompla dhóibh ar an mhódh i bhfuil an lá agus an oidhche againn. AN tAONMHADH CEACHT AR FHICHID. NAOIS. — A mhaighistir, bhí mórán fhearthanna againn rith an tsamhraidh so. Cá has a dtig sí, le do thoil? MAIGHISTIR. — Má éisteann sibh liom go dúth- rachtach, a pháisdí dílse, bhéarfaidh mé iarraidh ar an cheist seo a mhíniughadh dhaoibh. Tá a fhios agaibh, nuair atá aimsir bhreágh the againn ar feadh tamaill mhaith, go dtiormuigheann an talamh agus go laghduigheann an t-uisge ins na lochannaibh agus ins na haibhneachaibh. Caidé éirigheas dó? Tá,
ghní teas na gréine gal nó deatach de agus éirigheann sé suas ins an aer. Is riachtanach damh anois innsin daoibh go bhfuil meadhachan mór ins an aer so atá ós ár gcionn agus thart fá dtaobh dínn, agus lá éigin gan mhoill cruthóchaidh mé sin daoibh, má's, beó mé. Tá an t-aer so níos truime cómhgarach do'n talamh 'ná mar tá sé suas uadh sin agus dá áirde é is amhlaidh is éadtruime é. Tá an gal nó an deatach so, ar ar thrácht mé cheana, níos éadtruime 'ná an aer atá chois an talaimh agus éirigheann sé suas go dtéidh sé comh fada le sraith aeir atá ar aon mheadhachan leis féin. Is feasach dhíbh anois gur bh'é teas na gréine a rinne gal de'n uisge, agus is dóiche liom go dtig libh innsin damh caidé dheanfadh uisge de'n ghail ar ais. Innis-se damh, a Dhonnchaidh. DONNCHADH. — Fuacht, a mhaighistir. MAIGHISTIR. — 'Seadh go cinnte, a Dhonnchaidh. Dubhairt mé libh roimh ré go ndeachaidh an ghal suas go dtáinic sé comh fada le sraith aeir a bhí ar aon mheadhachan leis féin. Fanann sé annsin go dtigidh smid de ghaoith fhuair air agus ghní so braoin bheaga uisge de ar ais. Comh fada agus d'fhan sé 'na ghail níor léir dúinn é, acht comh luath agus ghní braoin bheaga uisge dhe, chímid é mar smúid nó néal. Má thig fuacht mór thuas ins an spéir ghní sé sneachta nó slinnshneachta de'n ghail, agus is minic a bhíos so amhlaidh ins an gheimhreadh. Ní fhéadaim a rádh libh acht go bhfuil sé i bhfad níos fuaire thuas go hárd ins na spéarthaibh 'ná mar tá sé ar an talamh nó cómhgarach dó, agus mar chruthughadh air so, is minic sneachta ar bharraibh na gcnoc agus ar na sléibhtibh agus gan dadaidh dhe ar na tailtibh ísle. Mar an gcéadna is minic sneachta isteach i lár na tíre nuair nach mbíonn dadaidh dhe a chois na fairrge, ag taisbeáint go bfuil sé níos teó 'san gheimhreadh cómhgarach do'n fhairrge 'ná mar tá sé istigh 'san tír.
AN DÓMHADH CEACHT AR FHICHID. A CHOIS NA FAIRRGE. MAIGHISTIR. — A pháisdí dílse, ní mór go raibh sibh leath-shásta an lá deireannach a bhíomar ag an fhairrge, mar tugadh ar siubhal comh luath sibh, agus is cóir dúinn cuairt eile a thabhairt annsin indiu ar ais, acht téidhidh go dtí an taobh eile de'n chuan anois. Níor bh'fhada go ndeachaidh siad chum na háite a bhí leagtha amach aca agus 'sé an chéad rud a rinne cuid aca dul síos agus amharc trasna an chuain go bhfeic- eadh siad ar bh'fhíor go bhfuil an t-uisge ins an lár níos áirde 'ná an t-uisge ar thaobhannaibh an chuain. Nuair budh léir dóibh go raibh so amhlaidh tháinic siad ar ais agus d'fhiafruigh duine aca caidé mar bheadh an chúis dá mbeadh siad amuigh i lár na fairrge móire. “Dá mbeadh fear,” ars' an maighistir, “sé troighthe ar airde 'na sheasamh i mbád i lár na fairrge móire, gan talamh ar bhith i ngar dó, ní fheicfeadh sé níos fuide uadh ar gach taobh ná trí mhíle.” Leis sin chonnairc siad long ag teacht isteach faoi n-a seóltaibh. Ní fhacas dóibh ar dtús go raibh ann acht na crainn seóil agus na seólta. I ndiaidh tamaill
bhig budh léir dóibh an mhéid de'n luing a bhí le feic- sint ós cionn uisge. D'innis an maighistir dóibh nach bhfacaidh siad corp nó sgannán na luinge ar dtús, mar bhí sé foluighthe ag airde an uisge idir iad féin agus an luing, agus gur sin cruthughadh eile aca go bhfuil an domhan so cruinn. Thug an maighistir suas ar árdán iad agus d'iarr sé ortha é do cheistiughadh fá nídh ar bith budh mhian leó ag baint leis an fhairrge nó an talamh timcheall uirthi. D'fiafruigh duine aca cá hainm a ghoirtear de'n roinn bhig talmhan seo a bhfuil uisge thart go léir fá dtaobh de. D'fhreagair an maighistir gur oileán nó inis ab ainm dó, acht muna mbeadh an tuisge thart go hiomlán air acht a bheith ar thrí thaobha dhe, is ros nó ceann tíre a ghoirtear de. Má tá an roinn atá ag dul amach 'san fhairrge fada caol, is rinn is ainm do, acht má tá sé níos giorra 'ná sin, bheirtear ceann nó gob nó gobán nó srón mar ainm air, do réir a chuma nó a chosamhlachta. Mar an gcéadna le ronnaibh an uisge; goirtear cuan nó caladh nó port de roinn uisge cosamhail léi seo a bhfuil fasgadh aici ó'n talamh a thig idir í agus láidreacht na dtonn ó'n fhairrge mhóir taobh amuigh. Tá báighe níos mó agus níos fosgailte 'ná cuan. Má tá áit chumhang idir oileán agus talamh ar bith eile, nó idir charraig agus an talamh, agus go dtig le bádaibh dul thríd, éalódh nó caolas is ainm di. Thaisbeán an maighistir an uile roinn díobh so go díreach do réir mar d'ainmnigh sé iad. (Is cóir léarsgáil a bheith annso agus na ranna so uile innti.)
AN TREAS CEACHT AR FICHID. LÉARSGÁIL AN DOMHAIN. A pháisdí dílse, seo léarsgáil an domhain ós bhur gcomhair anois. Dearcaidh ar Éirinn ar dtús, an ball de'n domhan is dílse ag Éireannachaibh ar aghaidh na cruinne. Chí sibh gurab é an t-Oileán Úr an tír is neasa dhúinn ar an taoibh thiar, agus cé gur fada ar siubhal uainn é, tá ár ndaoine go mío-fhortúnach ag dul ann gach lá agus ag tréigean a dtíre dílse dúth- chasaighe féin mar bheadh pláigh inntí, i n-aghaidh chomh- airle gach duine atá le n-a leas, acht ná bídhidh-se ag imtheacht ar nós na druinge amaidighe seo nuair bheas sibh fásta. Amharcaidh anois ar an taoibh thoir agus chífidh sibh gurab é Oileán na Breataine Móire is neasa dhúinn ar an taoibh sin, 'sé sin Alba ar an taoibh ó
thuaidh, Sasana ar an taoibh ó dheas, agus an Bhreatain Thiar nó an Choimbre ar an taoibh is neasa dhúinn de'n oileán. Chí sibh móirthír na hEórpa cómhgarach d'Oileán na Breataine Móire. Is í an Fhrainnc an tír is neasa do Shasana, agus seo í an Spáinn ó dheas ó'n Fhrainnc, agus innistear dúinn i stair na hÉireann gur chaith Clann Mhíleadh scal fada ins an tír seo ar a dturus go hÉirinn. Is leór daoibh anois eólas d'fhághail ar thír amháin eile 'san Eóraip; is í sin í tír na hIodáile. Tá an Pápa 'na chomhnuidhe 'san Róimh, príomh-chathair na tíre sin. Coimhcheangailte de roinn na hEórpa chí sibh móir- thír na hÁisia. Is ins an roinn so bhí Ádhamh agus Éabha agus mór-chuid de na daoinibh atá ainmnighthe ins an Bhíobla 'na gcomhnuidhe, agus is innti a rugadh agus a céasadh ár Slánuightheoir. Chí sibh muinéal caol talmhan ag ceangal móirthíre na hAfraice de mhóirthír na hÁisia. Má chualaidh sibh iomrádh ariamh ar na daoinibh gorma agus dubha, is ins an roinn so a chomhnuidheas siad. Tá tír amháin de'n roinn seo ainmnighthe go minic 'sa Bhíobla, sin í tír na hÉigipte. Is go dtí an tír seo a theich an Mhaighdean Mhuire agus Ióseph le n-ár Slánuightheoir nuair a thug Ioruaith iarraidh ar É do chur chum báis. Léighmid i Stair na hÉireann go ndearna Clann Mhíleadh comh- nuidhe 'san Éigipt tamall ar a dtriall go hÉirinn. 'Sé an t-Oileán Úr an mhóirthír is deireannaighe do fionnadh, agus seo an t-adhbhar ar tugadh an t-ainm sin air ins an Ghaedhilg. Tá mórán Éireannach ann go háirighthe ins na Státaibh Aontuighthe, agus deir daoine a bhfuil eólas aca ar an tír go mbeadh an mhór-chuid aca níos feárr i nÉirinn. Má amharcann sibh go géar ar an léarsgáil, cífidh sibh go bhfuil fá thuairim a thrí oiread uisge ar éadan an domhain agus tá dhe thalamh.
AN CEATHRAMHADH CEACHT AR FHICHID. NA MÓIRTHÍORTHA. Is cóir daoibh, a pháisdí, beagán eile d'fhóghluim fá na móirthíorthaibh. Is léir daoibh ó'n léarsgáil gurab í an Eóraip an ceann is lugha agus an Áisia an ceann is mó díobh, agus féadaim a rádh libh go bhfuil an Áisia fá thuairim cúig huaire níos mó 'ná an Eóraip Mar an gcéadna tá an Afraic trí huaire agus an t-Oileán Úr ceithre huaire comh mór leis an Eóraip. Chí sibh go bhfuil an t-Oileán Úr i bhfad níos fuide 'ná aon cheann eile de na móirthíorthaibh agus go bhfuil sé rannta i n-a dhá chuid, an t-Oileán Úr ó thuaidh agus an t-Oileán Úr ó dheas, agus go bhfuil siad ceangailte d'á chéile le muinéal cumhang talmhan. Tá an abhainn is fuide 'sa domhan, an Mhississippí, agus an loch uisge is mó, an Loch Mór, ins an leith ó thuaidh de'n mhóirthír seo, agus tá an abhainn is mó 'sa
domhan, an tAmasón, ar fághail ins an leith ó dheas dí. Is ins an roinn seo atá an sliabh is fuide ar fágh- ail ag rioth ó dheas go tuaidh ins an taobh thiar de'n thír. Tá an t-eas is mó ar fághail, mar an gcéadna, ar Abhainn Shan Labhrás 'san Oileán Úr. Tá an t-eas so os cionn trí cheathramha de mhíle ar fhad, trasna na habhann. 'Sé an nídh is iongantaighe 'san Eóraip, b'fhéidir, an cnoc lasrach Bheasúibh, atá 'san Iodáil. Tá an sliabh is áirde ins an domhan, an Hímaláighe, i móirthír na hÁisia. Is beag nach bhfuil sé cúig míle go leith ar áirde. Tá fairrge mhór de uisge sáile i lár an talaimh, idir an Áisia agus an Eóraip, agus aibhneacha móra ag dul isteach innti, acht ní'l abhainn ar bhith ag imtheacht aisti. Is í seo an fhairrge is mó de'n chinéal sin atá le fághail. Chualaidh sibh uile go léir iomrádh go minic ar Mhaoise a fuair na deich n-aitheanta ó Dhia. Ar Shliabh Shína a chois na Mara Ruaidhe, ins an mhóirthír so, is ann a thug Sé dhó iad. Is ar shliabh eile 'san Áisia, an t-Ararat, do chómhnuigh áirc Naoi i ndiaidh na Díleann. Tá an fásach is mó ins an domhan 'san Afraic, sin é an Fásach Mór nó an Sahára. Ní'l ann acht gainimh agus ní'l acht fíor-bheagán d'aon chinéal ag fás ann, mar nach dtig fearthainn nó fliuchlach ar bith ins an fhásach so. Is í abhainn na Níle ins an Afraic an abhainn is fuide ins an leith thoir de'n domhain. (Is cóir na háiteacha so uile a thaisbeáint de na páisdíbh.)
AN CÚIGEADH CEACHT AR FHICHID. Go dtí le goirid ní raibh easbhaidh bídh nó dighe ar bhunadh na hÉireann. D'fhás gach barr agus gach toradh go líonmhar ar fud na tíre, acht i n-aimsir na ndroch- dhligheadh agus na géirleanamhna díbhreadh na daoine agus leagadh agus scriosadh a dtighthe agus cuireadh ar gcúl oibriughadh na talmhan ar mhodh go bhfuil luachair agus fraoch ag fás anois ins na háiteachaibh a raibh cruithneacht agus coirce ag fás roimh ré. Bhí muileann nó dhó, b'fhéidir, ins an uile pharóiste, agus anois ní mór go bhfuil ceann againn i n-aghaidh an-uile dhúisín a bhí againn roimhe seo. An uair sin bhí na daoine beo ar phlúr agus ar mhin choirce na tíre seo, agus b'fholláine iad i bhfad ná an plúr agus an mhin bhuidhe a thig chugainn as áiteachaibh eile. Mar an gcéadna tá na putóga sgallta ionnainn taobh istigh agus na fiacla ag tuitim asainn ag ól tae theith a thig chugainn ó'n tSín agus ó na hIndiachaibh Thoir. Gheibhmid an siúcra as na hIndiachaibh Thoir agus as na hIndiachaibh Thiar agus ó'n Fhrainnc. Tá deich mbliadhna agus dá fhichid ó shoin, ní raibh ar caitheamh againn acht éadach tíre, deanta d'olainn ár gcaorach féin, agus línéadach caol agus línéadach garbh, deanta de lín, a d'fhás againn féin. Anois is fearr le bunadh galánta na hÉireann éadach a thig as Sasain nó as Albain. Is maith leis na mnáibh uaisle síoda d'fhághail, agus tig seo ó'n tSín, ó'n Fhrainnc, ó'n Iodáil agus ó na hIndiachaibh Thoir. Ó thoisigh na daoine ag foghluim Gaedhilge tháinic atharrughadh mór ar aigneadh agus ar intinn na n-Éireannach, go háirighthe ar chomhaltaíbh Chonnartha na Gaedhilge, agus anois ní mór go bhfuil aonduine aca nach bhfuil cóirighthe i n-éadach deanta 'sa tír seo. Ní'l leith- sgéal ar bith againn anois, muna mbainimid úsáid as neithibh do rinneadh 'sa tír seo, mar tá'n uile rud a bhfuil feidhm againn leis le fághail againn de dhéantús-
aíbh na hÉireann. Ar an adhbhar sin is iongantach go mbeadh duine ar bith comh neamhshuimeamhail agus comh neamhghrádhach ar a thír féin agus go gcaithfeadh sé neithe as tíorthaibh eile, nuair atá na neithe céadna le fághail aige comh saor agus chomh maith i n-a thír féin. Tig plúr chugainn ó'n Oileán Úr, ó'n Rúise, ó'n bPriuis, o'n Éigipt, agus is ó'n Oileán Úr a gheibhmid an chuid is mó de'n mhin bhuidhe. Is iad na hearraidhe is mó fhágbhas an tír seo, eallach, caoirighe, muca, coirce, im agus uibheacha. Is iongantach coirce a bheith ag imtheacht as an tír agus easbhaidh bídh orainn féin, acht is iongantaighe 'ná sin i bhfad go bhfuilmid ag cur muicfheola ar siubhal agus ag ceannach muicfheola an Oileáin Úir i n-a háit. AN SEISEADH CEACHT AR FHICHID. Anois is chóir dúinn triall a thabhairt ar chuid de na háiteachaibh i nÉirinn, agus is feárr dúinn tús a chur ar ár n-astar ag Baile Átha Cliath, príomh-chathair na hÉireann. I n-aice na cathrach so tá Cluain Tarbh, an
áit i n-ar troideadh an cath budh mhó a bhí i n-Éirinn riamh. Is idir na hÉireannaighibh faoi Bhrian Bhórumha agus na Lochlannaighibh do buaileadh é, agus bhuadhuigh na hÉireannaigh, acht do marbhadh Brian i ndeireadh an chatha. Tá Condae na Midhe ar an taobh ó thuaidh de Chondae Bhaile Átha Cliath, agus i gceart-lár na condae seo tá an áit i n-a raibh Teamhair nó “Teamhair na Ríogh,” mar budh ghnáthach ainm dó tá fad ó shoin. Is annso a bhí áit chomhnuidhe Árd-ríogh na hÉireann go dtí an bhliadhain 563 d'aois ár dTighearna. Cómhgarach do Dhroicheadh Átha do troideadh “Briseadh na Bóinne,” 'san bhliadhain 1690, idir na hÉireannaighibh faoi Rígh Séamus agus na Sasanaighibh faoi n-a chliamhain Rígh Uilliam. Ní raibh i Séamus acht cladhaire agus theich sé i dtosach an chatha, ag fágbháil na buaidhe ag a chliamhain. Cómhgarach do Dhroichead Átha tá Nainge. Is annso a tháinic Pádraic fá thír nuair nach leigfidhe dó fanacht i gCill Mantáin, an chéad áit i dtáinic sé fá thír. Ó thuaidh go díreach ó Dhroichead Átha tá Dún Dealgan, an áit i n-ar chomhnuigh Cú Chulainn a bhfuil na sgéalta fá dtaobh de. I ngar do'n bhaile seo atá Fachairt, an áit i n-a rugadh Brighid, an bhan-naomh is mó cáil d'á raibh riamh i nÉirinn. Giota beag ó thuaidh ó'n áit so tá Maghrath. Troid- eadh cath mór annso ins an bhliadhain 637, a mhair seacht lá, idir Clann Uí Néill ar thaobh amháin agus sluagh mór as Albain agus bunadh Uladh (sin sean- Ulaidh) ar an taobh eile. Chuaidh ag Clainn Uí Néill ortha fá deireadh. Tá Loch Cuan ar an taobh thoir de Chondae an Dúin, agus ag an taoibh ó dheas de'n loch tá Dún Phádraic, agus tá Pádraic, Brighid agus Colum Cille curtha i n-aon uaigh amháin annso.
Chuir Naomh Cumhal scoil mhór ar bun ins an taobh ó thuaidh de Chondae an Dúin, ag Beannchar i n-imeall na fairrge, i mbíodh trí mhíle manach ann. Naoi míle ó'n áit seo tá Béalfeirste, an dara cathair is mó i nÉirinn. I gceart-lár Chondae Aontroma tá Sliabh Mis, an áit i n-ar chaith Pádraic, Easbal na hÉireann, sé bliadhna ag buachailleacht muc agus caorach, nuair a tugadh é 'na sclábhuidhe chum na tíre seo. Siar ndeas ó Loch Néachach tá Béal an Átha Buidhe. Ins an bhliadhain 1598 fuair Aodh Ruadh Ó Néill agus Aodh Ruadh Ó Domhnaill buaidh annso ar shlóightibh na Sasan. Ó dheas ó Bhéal an Átha Buidhe agus fá thuairim sé mhíle uadh atá Árd Mhacha. Is annso a chuir Pádraic a ionad Áird-easbuic ar bun. Dhá mhíle siar uadh sin atá Eamhain Mhacha, príomh- árus slógh chogaidh na nUltach fad ó shoin. Ó thuaidh ó Eamhain agus cómhgarach do Bhéal an Átha Buidhe tá Beann Bhorb. Fuair Eoghan Ruadh Ó Néill lámh an uachtair ar na Sasanaibh annso 'san bhliadhain 1649. Tá Dún Gheanainn, príomh-árus Shíl Néill, fá thuairim sé mhíle ó thuaidh ó'n Bheinn Bhuirb. Ag ceann Locha Feabhail thigmid go Doire Choluim Cille, an dara baile is mó i nUltaibh, agus fiche míle siar uadh sin, i gCondae Dhúin na nGall, atá Gartán, an áit i n-a rugadh Colm Cille. Tá Aileach sé mhíle ó thuaidh ó Dhoire i nInis Eoghain. Ag Creadrán Cille i gCondae Shligigh, agus cómh- garach do bhaile Shligigh, bhuail Ufraidh Ó Domhnaill sluagh mór de na Sasanaighibh ins an bhliadain 1257. Fá thuairim cúig mhíle dhéagh ó dheas uadh sin tá Mágh Tuireadh agus tugadh cath mór annso idir Tuathaibh Dé Danann agus na Fómhóraighibh, agus chuaidh ag Tuathaibh Dé Danann ar na Fómhóraighibh. Seacht mbliadhna ar fhichead roimhe sin bhí cath eile
idir Tuatha Dé Danann agus na Fir Bholg ag Máigh Tuireadh i gCondae na Gaillimhe. Fuair Aodh Ruadh Ó Domhnaill huaidh ar Sir Coinius Cliofort agus sluagh mór Sasanach ins an bhliadhain 1599 ag Corrshliabh nó an Bealach Buidhe. Mágh Shléacht, an áit i n-a raibh an t-íodhal Crom Cruach, gur scrios Pádraic é; i gCondae Liathdroma agus i gCondae an Chabháin do bhí sé. Tá Béal Átha Luain ar an tSionainn agus siar uadh fá thuairim cúig mhíle dhéag atá Eachdruim. Fuair na Sasanaigh buaidh ins na háiteachaibh seo ar na hÉireannaighibh 'san bhliadhain 1691. Ag dul síos an tSionainn dúinn castar orainn Cluain Mhic Nóis, Carraig Liath agus Ceann Coradh, áit chómhnuidhe Bhriain Bhórumha, sul a dtigmid go Luimneach na long. Cuireadh dhá fhoslongphort leis an gcathair so faoi Rígh Uilliam, ceann aca 'san bhliadhain 1690, agus an dara ceann 'san bhliadhain 1691, acht sháruigh sé air é do ghabháil. Soir deas ó Luimneach, fá thuairim ceithre mhíle dhéag, atá Baile an Fhaoitigh, an áit i n-ar chuir Sáirséal teine le gunnaíbh móra agus púdar Ríogh Uilliaim a bhí ag teacht chuige fá choinne foslong- phuirt Luimnigh. I gCondae Chiarraidhe, cómhgarach do Thraigh Lí, thig- mid go Sliabh Mis. Is annso a troideadh an chéad chath idir Clann Mhílidh agus Tuatha Dé Danann. Bhí cath eile eatorra ag Tailtin i gCondae na Midhe, i n-ar marbhadh trí rígh Thuath Dé Danann. Fá thuairim ocht míle déag ó dheas ó Chorcaigh tá baile Chinn tSáile. Fuair na Sasanaigh buaidh annso in san bhliadhain 1601 ar na hÉireannaighibh faoi Aodh Ruadh Ó Néill agus Aodh Ruadh Ó Domhnaill. Tá Caiseal na Ríogh (nó Caiseal Mumhan) i gCondae Thiobrad Árann. Budh é seo an príomh-árus a bhí ag ríghthibh na Mumhan gur phronn Muircheartach Ó Briain ar an Eaglais é 'san bhliadhain 1101.
AGUISÍN Beacht na Mairnéalach nó an Cairtiúl. (Féach L. 16).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services