Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóin Gaoidhilge
Title
Seanmóin Gaoidhilge
Author(s)
Ó Maonaigh, Seán,
Compiler/Editor
Barron, P.F.
Composition Date
1826
Publisher
(Port Láirge: P. F. Barron, 1835)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEANMÓIN GAOIDHILGE. Air charthanacht, nó grádh na c-comharsan. Innsidhean ár Slánaightheoir dúinn, ann Sois- géal an lae aniumh, an dualgas is treise atá againn le cóimhlíonadh, an uair a deir, gurab é grádh Dé an aithne is aoirde, agus grádh na g-comharsan aithne is gaire dho. Is air an dá aithne seo atá an dlighe agus na fáige a seasamh; is iad aithgheárr na n-aitheanta uile iad; ní féidir cionn aca a choi- mhead má bhristear an cionn eile. “Má abrai- ghean aon duine,” (a deir naomh Eoin,1 caib.4, ran 20.) “go n-grádhuighean sé Dia, agus 'san amm c-céadna fuath aige d'á dhearbhráthair, is éitheadóir é; óir an té nách grádhuighean a dhearbhráthair, cionas is féidir leis grádh Dé a bheith ann.” Is fíor, d'á réir seo, ná
fuil creideamh ná subhailcidhe mar a bh-fuil easbaidh grádh agus muinteardhais; agus is sia 'ná sin iad ó'n té atá air lasadh le miosgais, imreas no díoghaltas. Dobhí d'fiachaibh air lucht creidimh an t-sean-reachta a c-comh- arsa agus a n-daoine muinteardha do ghradhughadh; agus mar is iomláine creideamh Chríost, téidhean sé níos sia, agus ceanglan orrainn maith a dhéanadh a n-aghaidh an oilc, agus páirt a roint re ár naimhdibh. Is cruaidh é seo, acht ní'l aon mhaith ag aidhneas air aon rod a mhínighean Dia, agus d'á réir sin ní fuláir duit buadh a bhreith air d'fheirg; agus gan aon droich- inntinn fós acht deigh-mheódhan a bheith agat do'n té a n-déarfá leat féin ná taithneóchadh leat, nó ná tuillfeadh uait é; ní mar gheall air sin go h-iomlán, acht mar gheall air an té chruthaigh tusa agus é sin; agus ó d'fág clódh a dhiadhachta mar a chéile orraibh araon, ní h-áil le Dia go d-tabharfá fuath ná tarcuisne d'á obair. Os a chionn san, dothug Dia tais- beánadh carthanachta d'á shamhuil seo uaidh, an uair do ghlac sé chum síothchána clann Adhaimh go léir, agus iad 'na namhaid aige leis an b-peacadh; agus dar n-dóigh an nidh dorin
Cruthaightheóir Neimhe agus talmhan, níor cheart d'á chréatúir cur suas de. Ní bh-fuil aon eascáirdeas ná formad, a deir naomh Abhaistín eidir baill an chuirp daondha, acht fós is é is beag le cionn feabhas an chinn eile; is mar sin do'n t-súil ní mhó- ruighean sí neart na n-géag, ná luas na c-cos; agus iad so arís, is é is lag leó radharc na súl. Isé an sgéal céadna é a t-taobh na m-ball eile; reidhid siad gan fearg ná imreas choidhche. Sin é go díreach, a deir naomh Abhaistín, an cuman, an cean- gal agus an muinteardhas budh cheart a bheith eidir na críostaighthe, mar nách bh-fuil ionnta, do réir an scruiptiúra, acht baill d'aon- chorp rún-diamhrach Chríost. Ceangluighean an aithne seo na carthanachta orrain, d'á réir sin, gan aon dioghbháil a dhéanadh a n-aghaidh ár c-comharsan, ion a chuid, ion a chlú nó ion a cholainn; a lochtaidhe agus a lagachair a fhoidneamh; subhailceas a chur air ion a dhobrón, agus congnamh leis ion a riachtanas. Sin mar budh mhaith leat féin a dhéanadh dhuit; agus an amhlaidh rinis? An rabhaís aon uair a gáireadh an uair a bhíodh
do chomharsa a gul? luthgháireach, taibhseach an uair do bhaineadh mí-sgéal do? An rabhais aon uair ag éisteacht leis an m-bréig, nó fós leis an fhírinne, dobhíodh a n-aghaidh a chlú, gan í chur a leathtaoibh, an uair b'éidir leat é? An rabhais aon uair ad'fhiadhnuise dhíomh- aoin an uair a bhíodh a chuid nó a mhaoin shaogh- alta ag imtheacht gan fhios do, asthigh nó as a ghort? Tabhair fá n-deara nach le fuar- ghrádh béil a choimhlíontar an aithne seo; ní fuláir duit carthanacht daingean, buan, fairsing a bheith agat, mar is í bhí ag Críost do'n domhan; is í bhidhean ag gach aon duine dho féin, agus is í budh mhaith leis a bheith aige ó dhaoinibh eile; agus d'á réir sin, is í budh cheart do a thabhairt uaidh. An Tomhas a thabharfaidh tú uait, is é roinnfear leat; trócaire má's trócaireach a bhidhir, nó a mhalairt má is é dhéanfair. Dá m-beidheadh cion agat air an domhan go léir agus gan fuath a bheith agat ach d'aon duine amháin, dobheidheadh an chartha- nacht briste; air nós an chreidimh, an uair a shéanfá aon phonc de, cé go n-admhóchfá gach ponc eile, bheidheadh an creideamh briste. Tugan ár Slánaightheoir le tuigsin dúinn ann
cosmhúlacht (.i. parable,) ainmneamhail 'san scruiptiúir, nach carthanacht comhang, acht carthanacht fairsing, is ceart duit a bheith agat; agus nach d'aon duine aná d'aon drong amháin is ceart duit deagh-aígne abheith agad, acht do'n domhan go léir, óir a deir sé; dobhí taisdiolach ag imthe- acht ó Ierusalem go Ierico, agus do ráinig dho tuitim a lámhaibh bitheamhnach, do nocht agus do bhuail agus d'fág beó-loitidhthe é 'san n-díg; do ghabh duine agus duine thairis, d'á chine féin, agus níor ghoill an radharc orra. Do ghabh Samaratánach an t-slighe, (is é sin duine do bhain le creideamh agus drong eile,) agus air fhaicsin an othaír dho, ghlac truaighmhéil do é; do thóig sé é, agus thug cabhair agus congnadh dho, agus do chrean sé le h-é liaigheas. Agus dob' é sin dorin gníomh ceart na cartha- nachta; agus déin-si mar é,” adeir ár Slánaightheoir. As so chidhmíd nár cheart dúinn a bheith mall, ríghin ná d'aimhdheoineamhuil chum fuasgailt a thabhairt air an té dobheidheadh 'na ghábha, a d-taobh gan é bheith d'aon tír, d'aon chualucht nó d'aon chreideamh linn féin; óir is é ár
choimhchréatúir é ag iomchur íomháigh Dé, agus rian a oibre. Is a c-cás d'á shamhuil seo a thais- beánan duine glaine inntinne, agus thuillean sé luaidheacht fírinneach na carthanachta. Ní leath-buidheachais air dhuine deigh-bheart a dhéanadh air an té dodhéanfadh air é; agus d'á réir sin, an té is mó dodhéanfadh gan tnúth le tairbhe shaoghalta, is é is mó luaidh- eacht. Is mar sin do'n déirc a déantar air son Dé go h-iomlán, is í is aoirde luaidheacht; acht dá madh threise aon mheódhan eile agad, cuirim a c-cás glóire dhíomhaoin, nó muin- teardhas saoghalta, atá do dhaonacht gan mórán tairbhe; dobhí trian nó dhá ttrian di caillte, má bhí an méid sin ded' mheódhan lochtach. Budh cheart do dhaoinibh, air an adhbhar sin, (cé go m-beidheadh cumann agus muinteardhas eatorra,) a n-gníomhartha carthanachta a bheith ag gluaiseacht ó ghradh Dé; óir d'á éagmuis sin, .i. dá m-beidheadh an muintear- dhas go h-iomlán saoghalta, ní bheidheadh aon luaidheacht ann acht an oiread is tá do muintear- dhas na m-beathadhach a chongbhaidhean an pháirt gan bhuaidhirt, gan aimhréidhteach. Adéarfadh duine, “thuit me amach lem'
chomharsa agus níorbh' áil liom beanughadh dho, mar dorin sé mo díobháil.” Gan amhras ní féidir dhuit do dhaonacht a thréigean, ná gan iarr- achtaidhe mar seo a bheith ann; air a shon sin, muna bhfuil t-inntinn go h-iomlán leis, ní comh- artha deimhineac mí-charthanachta corraidhe de'n t-samhailt seo. Is minic ná bidhean neart ag duine air mar nach cloch ná crann é; agus má bhrathann tú t-inntinn ad chomhairliughadh agus ad chosg, atá tú saor ó pheacadh. A ttaóbh easbaidh beannachadh, ná labhartha, ní bheidheadh d'fhiachaibh ort é dhéanadh an uair budh dhóigh leat gur masla a gheabhfá a n-áit. An té air a bh-fuil an cionnta ó thuis is do is cirte tosnughadh agus úmhlúghadh a dhéanadh. Tuigean sibh anois cad a chialluighean “grádh na c-comharsan,” gurab í aithne is goire do ghrádh Dé í agus air an adhbhar sin gurab é grádh na c-comarsan comhartha is dearbhtha a bheith ann seilbh ghrádh Dé. Ní fuar-mhuintear- dhas, a ghluaisean ó thairbhe saoghalta, acht teas-ghradh diadha os cionn daonachta, do ghlu- aisean sinn chum gach aon duine d'admháil 'na chomharsa; déanadh dho mar budh mhaith linn a dhéanadh dhúinn; ceart agus páirt agus truaigmhéil a
roint leis, a ttaobh a choda, a clú, agus ion a riachtanas; agus é sin do dhéanadh le grádh do Dhia, a gheallan trócaire a n-áit trócaire. An uair do chuir ollamh dlighe de na Iudaibh ceist air ár Slánaightheoir cread dodhéanfadh sé chum na beatha síorruidhe do shaothrughadh; adubhairt ár Slánaightheoir leis feuchaint cread do ceanglan an dlighe, agus cread do leughan sé ann; agus dob'é a fhreagra, ní fuláir duit do Thighearna Dia a ghrádhughadh led' chroidhe go h-iomlán, le t-inntinn go h-iomlán agus led' neart go h-iomlán; agus annsin adubhairt Íosa leis go m'fíor a chaint; déanadh d'á réir, agus go mairfeadh sé. Is é an freagra céadna dh'oirean fós, agus d'oirfidh choidhche, d'aon duine bheidheadh ag iarradh comhairle chum a anama do shlánughadh; óir an té ghradhuighean Dia ní théidhean sé amughadh, mar atá a shlighte céillidhe daingean, agus an tighearna, mar a deir an t-Eagnach, a díriughadh na slighe dho, agus a rianughadh an róid roimhe. Acht an té nách déanan, an té ná cuimhnidheann air Dhia acht go neamhshuimeamhuil agus go fánach, agus d'á réir sin ná gradhuighean é chuige ná air aon-chor, bidhean se air seacrán, gan beanacht
a ttosach ná n-deire aon ghnimh leis, gan beodhacht ná luathacht ann aon iompóghadh leis; mar is air nós na colainne gan anam, bhidhean an t-anam gan Dia, Qui non diligit manet in morte, etc.. Is mairg air an adhbhar soin, d'iompóchadh a inntinn ó Dhia, agus bhronnfadh a ghrádh air aon rod faoi n-a bhun; óir d'á éagmuis ní'l aon rod bhuan, agus gan a theannta ní'l i n-aon rod seasamh. Is uaidh a tháinic maise, dealbh agus áileacht gach créatúra; is é chuir an tráigh mar theorainn leis a bh-fairge; is é do bhronn tuigsin air an duine chum é féin d'aithint, seoch mar dothug sé do na beathadhaigh. Ní mise, ar máthair na Macabees, dorin sibh mar atá sibh; níor thugas beodhacht ná bheatha dhíbh; agus ní me chúm baill aon duine agaibh; ní liom an obair, acht le h-Úghdar na bh-Flaitheas agus na talmhan; árd-Riaghlaightheoir na Cruinne, do thug do'n duine teacht air an saoghal. Is fíor d'á réir sin, bé cáiligheacht atá ann aon nídh cruthaighthe, go ffuil an cháiligheacht so gan teóra 'san c-cruthaightheoir; agus d'á brígh sin, gur mó a thuillean sé ár n-annsacht. Saidh- bhrios, caithréim agus mór-mheas, ní mhairid acht
seal, agus air uairibh ní luaithe agat iad 'na uait. Isé an nidh céadna é a ttaobh maise agus neirt na h-óige, éirighean go luaith agus meathan go h-oban arís, air nós bhlaíth na c-craobh a bhrisean amac 'n-a lán-áileacht anuimh, agus a thuitean de'n chrín amárach. Is mar sín dhúinne agus do gach nidh 'son t-saoghal so. Acht ní mar sin do Dhia atá sé a c-comh- naidhe, do-athraighthe air aon imtheacht amháin, gan túis óige, gan fás, gan mheath, gan tosach ná deire, agus d'á réir sin ní mealltar aon uair iad so a ghradhuighean é. Adeir Naomh Abhaistín go bh-fuil croidhe an duine an- shocair go c-comhnaidhean se a n-Dia, mar nách bh-fuil sásamh iomlán ann seilbh aon rod a n-éagmuis Dé; bíodh a n-iarrfá agus a n-órdóchfá agat, agus in-a dhiaigh sin bheidheadh do dhúil ann rod éigin eile: nidh a thaisbeánan go bh-fuil seilbh éigin ann, a thugan sásamh fóirlíonta, iomlán, agus is é sin seilbh Dé mar is é seilbh is aoirde é. A n-eugmais diombuanais agus mhí-mhaise aon nidh eile a c-coimh-mheas le Dia, atá rádhadh ro-dheimhneach againn o n-a bhéal féin, é a ghrádhughadh; agus is furuis a aithint, mar
adeir ollamh naomhtha áirighthe, (.i. aon de na aithreachaibh naomhtha) gur loiteadh go daingean daonacht an duine le peacadh an t-sinsir, le gur ghábha a chur de dhualgas orrainn annsacht ár c-croidhe a thabhairt do'n té a thuillean chómh mór san é, Úghdar an uile mhaitheasa, agus tiobraid an uile ghrádh. Is beag de dhuaidh an duine is prádhainn a fhaghail chum é a dhéanadh ceanamhuil air a ghaoltaibh, air a cháirdibh agus air a chongtóiridhe (.i. a lucht cabhar- tha,) agus dar n-dóigh ní'l aon duine aca san a c-coimh-mheas do Dhia. Sular chuimhnigh do shinsior air do leithéid a bheith air tí do bheith beó, da bhí do bhreith a meabhair do Dhia, agus 'na dhiaidh sin ó chonnarcais an solus, isé tá ad' aodhaireacht, ad' dhidhean agus ad cha- omhnadh. “In ipse sumus et moeumur.” Níor léor leis an chomaoin sin do chur ort a ttaobh do cholainne, acht an uair, dobhidh t-anam deighilte, daor uaidh, do thionnsgain sé an meódhan budh éifeachtamhla chum tu a thabhairt tar n-ais; .i. ioncholnúghadh ár d-Tighearna, len-ar cheanaidh tré phéinn na páise, saoirse na cine daondha ó mhallacht a n-damanta; agus 'na dhiaidh sin do bhronn orrainn-ne éifeacht na páise
céadna, le brígh na Sacramainte a cuireadh air bun air ár n-aghaidh 'san eaglais, óir gheibhmíd teidioll air an n-glóire le baiste; cumas air éirighe an uair a thuiteamaoid, le h-aithrighe; agus congnadh agus comhachta chum fuireach buan i seirbhís (obair) an Tighearna air staid na n-grás, gach n-aon i n-a shlighe féin, le teannta na sacramaint oile. A ffochair na t-tabharthas so, is ó Dhia do thiodhlaice saoghalta mar a c-céadna, do chuid do chlú, do neart, do shiubhal agus do rachtmas shaoghalta, “Cread tá agad, a dheir naomh Pól, na fuarais.” Agus arís, is anuas ó Athair na soillse do thúirlingid gach tiodhlaice iomlán; agus máseadh cad é an chiall do mhí-bhuidheachas agus do dhearmad. Ó is cruaidh an gearán a dhéanan an Tighearna air an té ná cuimhni- ghean air; air an té alúigheas agus d'éirigheas agus chaitheas a ré gan smaoinneamh air go minic. Níor chuimhnigheadar, adeir Sailm an Sgri- optúra, air an Dia do chaomhnaidh iad. Agus arís “do dhearmadabhair an Dia do thug beodhacht díbh.” Dorineadar mo dhaoine, adeir Dia, le béal an fhaidh, dhá dhíobhail, do thréigeadar mise, tobar an uisge síorruidhe,
agus do thoghadar dóibh féin soithighe ná coimhead- fadh braon.” Fóraoir! is baoghalach gurab í an fhírinne í a ttaobh go leór. Nó munar dhíbir saidhbhríos nó bochtanacht grádh Dé uait, féac, air a son san, air dó chéad-chleachtaibh eile, air luas nó bréagacht do theangan, air do dhroch-amhrus, air do mhí-mhodh, air t-feirg air nimh do chlaonta, air do chraos, d'earráid agus do chur amúghadh; óir má's tathaidhe leat é, is ceanamhla leat, d'aimh- dheoin do thuigsiona, aon díobh so ná grádh do chruthaightheóra. Ní féidir le h-aon duine, adeir an Sgrioptúir, dá mhaighistir a riar a n-aonfheacht; agus d'á réir sin, ní féidir leat do ghrádh ná do sheirbhis a roinnt eidir Dhia agus aon rod eile; ní h-é an leath acht an t-iomlán atá uaidh; agus ní h-é an taobh amuigh, acht an taobh astigh, is mó a shásuighean é. “Thugadar árd-mholadh dhamh le n-a d-teanga, acht dobhí a c-croidhthe a ffad uaim.” Agus arís fógran Eliseus brón air lucht an dá chroidhe. Ní iarran air ashon san, grádh Dé go ttabharfá fuath d'aon rod eile a cheap sé chum do sheirbhíse; fós budh rogha leis go
n-déanfá an oíread muirinn de agus do thuillean é i n-a cháiligheacht féin, acht amháin ná rachfá tar modh ann do chion, budh cheart a c-comh- naidhe a bheith ag triall, agus stiúraighthe chum grádh Dé, a ghlacan asteach uisgeadha na sruthán; air slighe bé cion nó gradh, no páirt measardha a bheidheadh aig siubhal le duine, go madh cheart dóibh a bheit stiúraidhthe a c-comhnaidhe, aig filleadh air mhór-mhuir cháilidh- eacht an Tighearna, air shlighe go m'fhéidir a rádh go ngrádhfaidhe Dia ann gach nídh, agus gach nídh ann Dia, air son Dé agus faoi bhun Dé. Is ionntuigthe as so, gurab é ár n-iomchur, agus ár bh-feidhim de neithibh an t-saoghail, do thaisbeánann má támaoid a seilbh an cartha- nachta, a ffad níos mó 'ná aon choraidhe sólá- sach, grádhmhar d'aireóchamaois leith astigh dinn. Is minic a bheidheadh duine, agus, mar geall air a dhaonacht mhaoth, bhog, go n-aireó- chadh sé claona, agus teas-dúthracht diadhanta agus luisnidhe éigin grádh leith astigh de, le ar dhoigh leis grádh Dé bheith ann, agus 'san amm c-céadna nách beidheadh aige acht an sgáil. Dobhí mórán de na naomhaibh, agus níor bhrathadar aon iar- rachtaidhe de'n t-sámhail seo; air a shon san,
ní féidir a radh nár gradhuigheadar Dia le na c-croidhe go h-iomlán, agus le n-a n-inntinn go h-iomlán. Isé an comhartha, air an adhbhar san, má tá grádh Dé agat, tu do fhuireach buan i n-a sheirbhís, ag déanadh a chomhairle, ag tathaidhe na sacramainte agus a coimhead a aitheanta, a n-aimhdheoin aon mhí-shásamh, leisge, na easbaidh compóird a bheidheadh ag iarradh tu dh'iompoghadh uaidh; óir sin é an uair a bhidhean sé le faicsin go bh-fuil do mheódhan glan, go n-gradhuighean tu Dia os cionn gach uile nidh, mar gheall air féin, mar is túisge a dhéanfá aon rod ná bhrisfá a dhlighe. Is beanaighthe an rún é seo, agus le beagán aireachais atá sé air chumas gach aon duine. Tuigean sibh anois air an adhbar san, go bh-fuil sé d'fiachaibh orrainn ár g-chomharsa do grádhughadh mar sinn féin air son Dé, agus Dia do ghrádhughadh os cionn gach uile nidh; annsa chéad áit, mar go n-órduighean sé féin é; annsa dara h-áit, mar gur chuir se comaoin orrainn a thuillean go h-iomarcach é; agus annsa t-treas áit, mar go bh-fuil sé gealltha dóibh sin de chóimhlíonas na h-Aitheanta so,
go m-beidh síad taithneamhach a láthair Dé 'san t-saoghal so, agus go n-glacfar asteach a n-glóire na bh-Flaitheas agus 'san m-beatha shíorruidhe iad 'san t-saoghal eile; bheanacht atáim-si aig iarradh dhíbhse agus dom féin, tré ár d-Tighearna Iosa Críost. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services