Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
AN LÓCHRANN
Title
AN LÓCHRANN
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1918
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beidh COLÁISTE CHAIRBRE ar siubhal mar is gnáthach i gCUAN DOR I RITH MÍ LUGHNASA; agus má thoilighean roint mhaith scoláirí chuige roim ré, beidh sé ar siubhal, leis, ar feadh MÍ IÚIL. Gheóbhthar eolas 'na thaobh ó MHÍCHEÁL Ó CUILEANÁIN, Seanachúirt, Sciobairín. A Ghaedheala! Ceannuighidh bhúr gcuid TÉ, MÍSLEÁN is SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS is UBHLA, ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN & a Chua., 2 An Mheadhon-tsráid Theas, (2 South Main Street) CORCAIGH. ARÁN HOSFORD. Ná h-Ith a Mhalairt! Sa 62 tigh sa Mheádhon-tSráid Thuaidh, i gCORCAIGH, a deintar. Tá i nDaingean Uí Chúise TOGHA GACHA BÍDH — Plúr, Min, Té is Siúicre; SÍOLTA IS ÚIRLISÍ don bhfeirm; ÁRAISTÍ IARAINN is stáin don tig. ag “John Atkins & Co. Ltd.” Is aca bhíon Plúr an Ruiséalaig ó Luimneach. Má tá báigh cheart agat led' dhuthaigh, ceannóghair earraí a dheinid Gaedhil. Is uaim-se a gheobh- air na rudaí seo & iad go maith: Bróga is Stocaí, Léinte is Guaileáin, Lámhainní is Bónaí. T. Ó Lochlainn, 19 Sráid na Páirliméide, BAILE ÁTHA CLIATH. Gheobhaidh do mhac togha na scoluidheachta — I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CHLUANA MAINISTEAR FHEAR MUIGHE, CO. CHORCAIGHE. Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán, An tAthair Tomás Tóibín. AN DÁ DHRÚNCAER (ar leanamhaint). Ó bhéal aithris Thaidhg Uí Chonchubhair, Lios Póil, i gCorca Dhuibhne. An tAthair Paor — sagart na parróiste. Seán ó Séagha — drúncaer duine. Léan — bean phósda Sheáin Uí Shéagha. Séamus Raol — fear síbín. Sineud — bean Shéamuis Raol. Máiréad — cómharsa. Athair Paor: Cad tá le rádh 'gaibh anois, a Mháireud? Má chuabhair chó' fada is adeir Seumas Raol, Dheineabhair an donas buidhe go léir. Máireud: Sé tá agamsa 'e rádh leat, 'Athair Paor, Dá mbeadh aithne cheart agat ar an Raolach Go mbeadh Sailm na Mallacht le fada agat air léighte. (Le Seumas Raol). Greadadh gréine chugat! a stollaire drúncaera! Dá fheabhus tú chun an óil, is seacht feárr tú chun an éithig, Is níl náire ná eagla ort roim shagart ná chléireach, Bhí Seán Ó Séagha is a bhean chó' seasgair le h-aon bheirt, Go grádhach, ceannasach, gradamamhail le chéile, Ach nuair thóg sé mar cuileachta tú, is gairid gur thréig sé, Agus tá sé andiu chó' tubaisdeach leat féinig, — Is cá bhfuairis an fhoghluim go mbíonn tú 'léigheamh as na páipéir do, Is a chur isteach na cheann conus a gheó- bhadh sé é féin scurtha ó leun bocht Cé gurbh é an lá geal di agus chó' maith do Shineud leis, Á mbéarfadh Lúsifear an bheirt agaibh ansa mhaidin chuige féin leis — Agus nách nea'-náireach a thráchtan tú thar bhás Thaidhg Uí Néill liom, Is go bprúbhálfainn-si as mo sheasamh gur tusa chuir 'n chré é; Bhí sé de gheimhre is d'earrach at' fhochair- se gan traochadh, Agus fuair sé as galar nár sgar leis gur éag sé. Agus nách maith a chuimhnigheann tú ar na trí buidéil dúinn — Buidéil bheaga chnagaire is gan ach gloine ann do gach éinne — Is mara mbeadh ár mbreóiteacht is ár n-aindeise ní bhlaisfimís braon de. Agus anois, 'Athair, screadaim agus éighim ort, An bheirt seo dhíbirt as a' bparróisde nó a sheóladh ar fad as Éire. Seumas Raol: Dhera arú, Mháireud, nach 'reamhnach a bhreóitig an triúr agaibh in éinfeacht, A 'neósfá dho'n tsagart cad é an gearán a bhí ar gach n-aon díbh. Máireud: Dhera, ca' na thaobh ná 'neósainn é do'n Athair Paor & do'n pharróisde go léir — Bhí tinneas goile orm féin, tinneas fiacal ar Leun & tart gan traochadh ar Shineud, Agus mara mbeadh gur ólamair an braon b'fhé go mbeadh duine againn 'sa chré, agus 'na thaobh san de, sinn go léir. Seán Ó Séagha: 'Raibh puinn de óltha agat, a Mháireud, an oidhche rugais ar a dtuaigh is gur thugais fúm léi, Is mara mbeadh gur chaitheas mé féin de phléisg sa chúinne, go mbeadh mo cheann na bhrúsgar. Máireud: Is dói'n, nuair chonnac leun agat 'á rúsgadh, ins na fiaclaibh & ins na súile, go siúrálta dá mbeadh gunna agam do sgaoilfinn fút é. Seán: Dhera, ar ndó' ná 'neósfá, a rúcaigh, cé thosnuigh ar dtúis é? (Ní Críoch). AN SLUAGH AERACH. Do bhí fear 'na chómhnuidhe anaice Gúgáin Barra … An Peidléir Mór do bhí mar ainm air. Dob é an cheárd bheatha bhí aige 'ná tarraing éisg ó Bheanntraighe. Chuaidh sé a d'iarraidh ualach éisg, lá breágh fómhair, agus an t-am go raibh sé ag fágaint Beanntraighe do bhí tuitim na h-oidhche ann. Do bhuail sé aníos ón sráid ar a shuaimhneas is níor stad sé riamh ná choidhche chun gur shrois sé beul Céim an Fhiaidh. Do bhí an meadhon oidhche ann um an dtaca san. Feuchaint dá dtug sé ar a' dtaobh thuas de'n bhóthar cad do chífeadh sé ach tig áluinn agus solus aiteasach le feiscint ins gach fuinneóig dá raibh sa' tig. Do bhí an-dhúil i ngal tobach aige is dubhairt sé leis féin go raghadh sé isteach chun a phíopa do dheargadh. Suas leis agus an dorus isteach. Do bhí an tig lán de dhaoinibh — buachaillí agus cailíní. Do bhíodar ag rinnce is bhí píobaire ag seinnim an cheoil ba bhinne dár airig sé riamh. Do dhein sé suas chun na teine. Do dhearg sé a phíopa. D'iompuig ar a sháil arís chun imtheacht ach do bhuail 'na choinnibh cailín bhrágh glan & d'iarr air dul ag rinnce léi. Rinnceoir breagh dob eadh an peidléir agus do chuaidh chun rinnce léi. Nuair bhí an rinnce críochnuithe do bhí sé chun imtheacht nuair labhair seanduine do bhí in sa chúinne leis i nguth binn Gaodhlach: — Led' thoil, díol an píobaire. Do chuir sé lámh 'na phóca agus do thug do'n phíobaire chúig phingne ruadha do bhí 'na phóca aige. Do ghaibh an fear buidheachas leis. D'imthig sé leis annsan. Do bhí a chapall san áit gur fhág sé é. Is do bhí amharc an lae ann nuair shrois sé an baile. I gcionn seachtaine 'na dhiaidh sin do chuaidh sé go Beanntraighe arís … Nuair chuaidh sé ar a' dtaobh thiar de'n Chéim d'fhéach sé san áit 'na bhfeacaidh sé an tig breágh an tseachtain roimis sin … Ní raibh tig 'ná treabh le feiscint ann … D'fheuch sé 'na thimcheall is thug sé fé ndeara leac bhreágh leathan & a chúig phingne ruadha uirthe na gcarn in áirde ar a chéile. D'aithin sé annsan nach daoine saoghaltha a bhí ann ach an Sluagh Sidhe. Seumas Ó Muineacháin, Sgoil Chéim an Fhiaidh. “BRÓGA NA LAOI,” idir bhróga ísle is bróga árda, bróga lorgan is bróga glún. Tá le fághail i ngach sráid-bhaile. Scríobh chun “Lucht deunta Bróg na Laoi,” i gCorcaigh.
SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH. “An Seabhac” do bhailigh. 35 — Fan go fóil go bpósaidh Máire! .i. Sin é an uair a chífeam rudaí móra! 36 — Ag obair go deo is gan pósadh choidhche. Gearán a bhí ag fear ná leigfeadh a mhuinntir do bean a thabhairt isteach sa tigh. 37 — Is mairg a loitfeadh mac maith le drochmháthair. .i. Ba ceart do dhuine bean t-sláinteamhail deaghdhéanaimh a phósadh más maith leis a clann a bheith folláin, láidir. Cainnt í sin ag lucht cleamhnaisí dhéanamh. 38 — Ná tóg mar chéile an cúigmhadh glúin nó dá dhruim sin raghair sa chré i n-easba sleachta, i n-easba clú nó i ngiorracht saoghail. 39 — Poll dóighte comhartha pósta. Piseóg é sin. Nuair a dóighfí do cuid éadaigh déarfaí leat é. 40 — Pósadh an Domhnaigh bíonn sé brónach, Piseóg eile. 41 — Lá brónach 'á phósadh is lá deórach 'á chur. Óir is lá donais don duine bocht aon lá aca! 42 — Ní céasta go pósta is ní féasta go róstadh. 43 — A bhuachaill, beir buartha go bpósair is annsan ní bheidh suaineas go deo ort. 44 — Comhairle tar éis phósta nó aithrighe tar éis bháis. Ní h-aon tairbhe do dhuine iad. Ró dhéanach. 45 — Ní raibh aon lá maith agam ó phósas Seán. Níor fhéad Seán saoghal chomh maith a thabhairt di is thug a h-athair agus dar ndóigh, níor fhan aon mheas aici air. 46 — A scéal féin scéal gach aoinne agus scéal na seanmhná an seanduine. 47 — Is dá mhó a phósann ná a choinigheann tighthe foghanta. 48 — An chéad mhí mí na meala, An dara mí mí na misleán, An tríomhadh mí isteach is amach, is An ceatharamha mí “th'anam 'on diabhal, a strap. 49 — Dá mbeadh ba ag an gcat do pósfaí é. Is cuma cad é an saghas an duine saidhbhir gheobhaidh sé bean. 50 — Ní pósadh go sop. 51 — Ní h-í gcomhnaidhe bheidh Domhnall Buidhe 'á phósadh ná cóir aige chuige. De threibh na gConallach in Uibh Ráthach dob' eadh Domhnall. Phós sé trí h-uaire nó ceathair. Duine bhí ag ithe le h-airc ar a bhainis adubhairt an chainnt. Sé an chiall atá anois leis ná — deinimís ar ndícheall ar mhaithe linn féin ó tá caoi againn, ní fios cathain a bheidh arís. 52 — B'fhearr liom bean na fiche seift ná bean na fiche púnt. Seift .i. sligh chun gnótha dhéanamh. 53 — Pósadh an fhoghmhair scaoileadh an earraigh. Ní le pósadh dáiríribh a bhaineann san i n-ao' chor, ach an ceangal a deintear ar phunannaibh arbhair. (Tuille le Teacht.) AN BUACHAILL CAOL DUBH, (.i. AN BUIDÉAL). Tá fonn breágh ag gabháil leis seo; tá le fághail san “Complete Petrie Collection.” I. A óigfhir léigheanta, gur figheadh mo ghaol leat, Tabhair dom neul beag nó scamall ceoil, Nó an fuath gan traochadh do gheóbhad mar ‘éirneist’ Nó a dtugais chugham sgeula óm cháirde fós Duain bheag éigin, gach uair ba mhéinn liom, Do thabharfadh faosamh dom seal ón mbrón Is go bhfúigfinn féin tu thar triúch dá bhféadfainn, Sé an buachaill caol dubh do mhíll mo ghnó, II. Sé an buachaill caol dubh, fada, féileach, Clisde, léigheanta, is níor mhaith é a shnódh, Do chlaoidh i bpéin me is do mhill in eug me, Is d'fhág mé féinig ar beagán stóir, 'On Fhrainnc dá dtéidhinn, nó go Cuan Binn Eudain Nó ag dul do'n léim sin go h-Inis Mór, Bíonn an séithleach, am dhiaidh ar saothar, Mara mbeinn féin uaidh ach uair de ló. III. Tar éis gach puinnte dár chuir sé am linn-se Níor mhothuigheas ní ar bith go ndeigheas i mbád Is do scólas díom gach a raibh am' thimcheall Is do chuas le sceinn uaidh amach 'n tsnámh Nuair a smaoineas arís ar theacht chun tíreach Is tapaidh do bhí astig agus chroth mo lámh, Agus dúbhairt dá dtréiginn an buachaill caol dubh Go bhfúigfinn céad míle fear am dháil. IV. Do shiúbhlaigheas Dúrlas & Caiseal Mumhan, Is Doirín an Dúna mar a ngabhaid fáidh, As súd síos go bun na Siúire Is annsúd anonn go dtí Muileann Ceárr Bhí aoinne is triúr ann, dís is cúigear, Sgata ón Mumhain ann & trúp ón Spáinn Do bhí an buachaill dúbhach ann do mhill mo chúntais Is gach áit 'a ngabhainn, é slad mo pháigh. V. Do casadh Aoibhill na Craige Léithe orrainn, Ag gabháil an tslighe is do ghaibh liom báidh. Is dubhairt dá ngéilleadh an buachaill caol dubh Go dtabharfadh céad fear do suas am' áit Do labhair an caol-fhear go gonta geur léi Is dubhairt ná tréigfeadh a charaid ghnáth Is gur shiubhail sé Éire tré choillte 's réidh chnuic Le cumann cléibhe 's le searc am dheáidh. VI. Nuair a théidhim ar aonach ag ceannach éadaigh Bíonn an séithleach im dhiaidh de ghnáth, Suidheann sé taobh liom 'na shíonaidhe chaol dubh. Agus cuireann a léir-chrobh isteach am' láimh Is geárr 'na dhéidh sin go mbím go h-aerach Gan puinn céille os cionn an chláir Ag díol an éadaigh in inead an éilimh Trí mhí gan léine 's an fuacht am' chrádh. An Giolla Ruadh do sholáthruigh dúinn. LÉIG — NA FÓGRAÍ, A CHARA, MÁS É DO THOIL É. LEABHAIR A THAITHNFIDH LE GAEDHLAIBH, Idir Leabhair Ghaedhilge & Leabhair Bhearla le fághail uainn-ne. Gach leabhar atá fé chló, tá cóib de le fághail sa tsiopa so. Aon leabhar ná fuil againn féin, cuardóchaimíd dógh agus andógh 'á lorg duit. Scríobh ar lorg … clár na leabhar. … Labhartar Gaedhilg go fonnmhar i SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH, SRÁID DÁSON, a 45, BAILE-ÁTHA-CHLIATH, Sranngscéala mar seo: “Larch, Áth Chliath.” An Guthán: “4804 Áth Cliath.” A Ghaedheala! Ceannuighidh “ÉADACH NA DRUIPSIGHE” Agus beidh sibh ag cabhrú le muileann atá go Gaedhealach amuich is amach. Muileann Éadaig na Druipsighe (Teo.) Co. Chorcaighe. ROSC CATHA GAEDHEAL. THE SOLDIERS SONG. — É in a ceart idir cheól is abhrán, agus oireamhnach don phianó. É i nGaedhilg, chomh maith. 1/1 an chóib, per post. WHACK FOL THE DIDDLE. — Abhrán grinn i mBéarla. An file ceadna a dhein. É oireamhnach do cheól an phianó. 1/1 a, chóib. Geobhaidh lucht siopa níos saoire 'ná súd iad. Ó FAOLÁIN & A MHAC, In Uachtar Cé Urmhumhan a 17, ÁTH CLIATH. Ní deintear aon phíopaí eile in Éirinn ach PÍOPAÍ MHIC PHEADAIR agus is fada farsaing atá a gcáil. Le ceannach i ngach siopa tobac. Cuir a dtuairisc ar lucht a ndéanta — CAPP & MAC PEADAIR TEO. FAICHE SHAIN STIABHNA, ÁTH CLIATH. SEÁN Ó CONAILL, Sráid an Rí, i gCORCAIG Scriobh chuige. Tá Cóistí agus Mótair d'á ndéanamh againn-ne. Cuirimíd Gléas Góma (rubair) fé rothaí cóiste gan ró-mhoill. Cros & a Chlann Mhac, 18 & 19 Port Uí Shúileabháin (Sullivan's Quay), Corcaigh
CEANNUIGH EARRAÍ GAEDHALACHA ó LÚCÁS DE BÚRCA. LÉINTE FO-LÉINTE STOCAÍ BÓNAÍ CARABHATAÍ DE DHÉANTÚS GAEDHAL Is saoire le 25% a gheobhair na rudaí sin sa tsiopa so 'ná in aon tsiopa eile: SRÁID PÁDRAIG N. A 105, CORCAIGH. (‘LUKE BURKE’) Iarr Clár Choláiste Eoghain Uí Chomhraidhe ar an Rúnaidhe — Brian Ó hUiginn, Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir. Samhradh, 1918 Iúl 8adh go Lughnasa 3adh Lughnasa 5adh go Lughnasa 31adh Nuair a bheir ag taisdeal in UIBH RÁTHACH ÁLUINN, cuir fút sa tigh seo: TIGH ÓSTA AN GHEARALTAIGH I gCATHAIR SAIDHBHÍN, An tig IS FEARR in Uibh Ráthach. LABHARFAR GAEDHILG LEAT ANN. SÍOL agus LEASÚ' don bhfeirm nó don gháirdín. ÁTHRAIGHE IARAINN AGUS STÁIN. ARÁN, MIN, PLÚR, TÉ AGUS BIOTÁILE. SEÁN Ó RIADA, An tSráid Mhór, CILL ÁIRNE. LEABHAIR BHEAGA BHLASDA NA GAEDHILGE. Ar n-a dtabhairt amach faoi stiúradh na díse seo .i. An Seabhac agus Fionán Mac Coluim. “MÍ DEM SHAOGHAL,” le Bríd Stac, 3d. “LUIBH-EÓLAS,” le Seán Tóibín, 1½d. “SEAN-AMHRÁIN NA MUMHAN,” Cuid a 2, 3d. Le fághail ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 'Sa tsiopa in a bhfuil Páipéir, Leabhair is Tobac ann don Ghaedhilgeoir: UACHTAR SRÁIDE NA DRISEOIGE A 87, i mBAILE ÁTHA CLIATH. An LÓCHRANN. Páipéar don Ghaedhealtacht. Seán Tóibín' Baile an Teampaill,) i gCorcaigh … an Fear Gnótha. An Seabhac, Daingean Uí Chúise … An fear Eagair Ó Cuill & a Chua., 95 Sráid Phádraig, Corcaigh Easún & a Chl.-Mhac, Áth Cliath … Na Díoltóirí. Má's maith leat bronntanas a thabhairt d'aon cheanntar sa Ghaedhealtacht agus bheith ag cabhrú' leis “An Lóchrann” san am gcéadna, roint airgid ag triall orainn agus cuirfimid cóibeana gach mí go ceann bliana chun aon áite a déarfar linn. Sinn-ne — Lucht An Lóchrainn. AN LÓCHRANN IN A PHÁIPEUR DHÁ PHINGINN. Tá gannachúise páipéir agus rialacha Sheóin ag cur isteach orainn go mór, agus ní foláir dhá phinginn an chóib do bheith ar “An Lóchrann” feasta. Níl cead ag lucht siopaithe anois aon chóib d'fhágail ach i gcóir an duine dhíol- faidh ROIM RÉ aiste. Ní cuirfear fé chló as so amach ach dhá dtrian den méid atá fé chló an mí seo. Is féidir cóib 'fhághail ón oifig—Sráid Roibeáird a 6, i gCorcaigh — ar lea'-choróinn sa bhliain. Lucht “An Lóchrainn.” AN t-EURÓPACH. Adeir Séamus Dubh linn gur thaithn an giota san as “An Európach” leis agus gur cheart dúinn tuille den tsaghas cheudna do chur fé chló mar: ‘A fhir gan chroidhe gan aigne’; ‘An Bhodca’; ‘Turas sa tSín,’ &c. Adeir sé, leis, gur ‘puch’ is Gaedhilg cheart ar bheach gabhair: “‘Scata puch,’ ba dheas mar chómharsain iad ar bhodhrán cluaise duine!” Na h-aistí a bhí san “Európach,” jeu d'esprit idir na scríobhnóirí úd ab eadh a lán díobh agus ní bheidís oireamhnach do'n “Lóchrann” mar is páipeur do'n Ghaedhaltacht é. Deunfam cuardach, ámh, do nithe 'oireamhnochadh dúinn. Is fada ná táinig aon sceula ó Sheamus Dubh. An bhfuil a thuille de shaothar Thómáis Ruaidh Uí Shúileabháin aige le tabhairt do mhuinntir na Gaedhilge? S. T. An t-OIREACHTAS, 1918. I gCILL ÁIRNE. Dé Domhnaigh, 4adh Lughnasa — Imirt Peile is Báire. Ceól Píbe is Ceólta eile. Dé Luain — Oidhche Mhór Cheóil. Dé Máirt. — Comórtaisí. Failtiú roim teachtairí. Dé Céadaoin — Dramaí istoidhche. Dérdaoin — Cuirm Cheóil. Dé h-Aoine — Turus ar Loch Léin. Glacfar le h-ainmhneacha iomaitheoirí go dtí an 6adh lá d' Iúl. Seumas Ó Cathasaigh, Rúnaidhe, 25 Cearnóg an Pháirneulaigh, i mBaile Átha Cliath. Pádraig Ó Dubháin, Rúnaidhe an Choisde, i gCill Áirne. AN SEAN-SHAOGHAL. Níorbh fhearr dhuit slighe i gcaithfeá oidhche gheimhridh cois na teine 'ná ag éisteacht le beirt nó triúr don tsean- dhream ag cur síos ar an saoghal do bhí ann le linn a n-óige. Is aca sin athá an seanchus breágh agus an sean- chus ná fuighidh tú in aon leabhar. Ní bh'fhuightheá a thuiscint cionnus chuimhnigh- eann siad ar gach aon rud & é chómh cruinn aca agus dá mbadh indé do thuitfeadh sé amach. Athá buaidh cainte & buaidh cuimhne aca agus trácht agus seanchus aca do ghiorróchadh an oidhche dá mbadh amhlaidh is go mbeadh seacht- mhain d'fhaid innte. Is mór an chuid athá le foghlum ó na sean sceultaibh sin. Cuireann siad in iúl dúinn an saoghal do bhí ann ceud bliadhan ó shoin agus an deifir do bhí idir ár sinsear & sinne. Saoghal cruaidh do bhí ann gan amhras, fá ann- smacht Gall. Acht mar sin fhéin do bhí greann agus sult agus subhachas is na daoinibh & siné do sheasuigh dóibh. Níl aon Domhnach ná bíod rinnce ar chros- bhóthar éigin & do bhailigheadh na daoine ó gach árd chum sult & caitheamh aim- sire do bheith aca. An mheithiol do bhíod ag cur na bprátaí 'san Earrach nó ag buaint agus ag ceangal lá fóghmhair, an fhuireann do bhíodh i mbád amuigh ar an ndoimhinn oidhche Shamhraidh nó ag deisiú a líonta sa mbaile, do bhí an sult agus an croidhe-léis eatorra & mar sin ní airighdís an aimsear ag imtheacht. Dá mbeidís ag tórramh duine aosta ní ag cuimhneamh ar an mbás do bheidís, acht sceulta & seanchus aca chum an oidhche do ghiorrú. Ní h-ionga go mbeadh aon seanduine nó seanbhean dá maireann anois ag cur slán leis an aimsir sin & ag faghbháil locht ar an athrughadh athá taréis teacht ar an saoghal I ndeire a seanchusa dhóibh leat adeuradh ceann aca: “'Dé mhaith bheith ag trácht, a mhic ó; d'imthig an aimsear sin agus na daoine breaghtha Gaedhlacha ná h-iarrfadh mar bhiadh acht a sáith leiteann agus prátaí, a raibh neart agus gaisce ionta agus sult & caitheamh aimsire dá réir sin. Níl is na daoinibh anois acht ar nós an bhrobh luachra do bheadh dá luascadh le gaoith seachas na daoine sin. Ní tuisce as an gcliabhán iad ná go mbíd i mblianta na tuigsiona agus innsin níl aon rud ag tabhairt cúram dóibh acht an saoghal agus gach a mbaineann leis. Athá go leor don bhfírinne i gcaint an tseanduine. Is é an chuid is fearr do shaoghal an duine acht a óige, an uair ná fuil cúram an tsaoghal air. Is amhlaidh do bhí ár sinsear acht iad óg i gcomhnuidhe, mar cé go mbídís aosta i mblianta do bhí croidhe agus aigne an pháisde ionta. Is beag do dheunfadh Leabhair agus Peictiúirí chun Gaedhilge a mhúineadh. Faigh an Liosta ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk.
sult dóibh, ar nós an leinbh anois. Na cleasa & na cluichí do bhíodh ag daoinibh fásta an uair sin, ní bhíd acht ag na leanbhaibh anois, mar athá: Giorrfhiadh- amach, Coilceach, Seán-dearg, Coilichín- coc, Fáinnín ar mo láimh-se, Trom, trom, cad athá ós do chionn, agus go leór eile. Mar an gceudna dos na sean nósaibh do bhí aca, atáid ag dul ar ceal uainn. Do caithfí steall don uisce fiuchta ar fhear óg anois dá raghadh sé thimcheall leis an adhairc oidhche Shamhna agus do bheadh trácht go ceann ráithe ar bhean óg dá raghadh sí leis an mBrighdeóg lá féile Brighde. Brighid Ní Lonáin, i Rinn ó gCuanach. CARA AR IARRAIDH. Scoil Cheann Trágha, Meitheamh I4adh, I9I8. Do Fhear an Lóchrainn. A dhuine uasail — Cúpla blian ó shin bhí cara agam, cailín a bhí sa ranng ceudna liom ar sgoil & d'aistrigh a h-athair 's a máthair go Baile Átha Cliath is chuaidh sise in éinfeacht leó. Do scríobhadh sí chugam go minic ach níor chuir sí aon- fhreagra chugam ar litir a scríobhas chúice timcheall bliain ó shin. Tháinig mo litir féin thar n-ais chugam agus nóta uirthi go raibh mo chara imthithe ón dtig 'na mbíodh sí. Beidh mé ana-bhuidheach díot má chuirean tú an litir seo sa “Lóchrann” mar is dóigh liom go léighean sí é mar bhí grádh aici don Ghaedhluinn. Má chíonn sí é seo tá súil agam go scríobhfi sí chugham. Mise, Siobhán Ní Mhuircheartaigh. 'REIDHTEACH CHUIGE. Bhí feirmeoir i mball éigin in Íbh Ráthach fadó, go raibh Tadhg na Spréach mar ainm air, a thabharfadh fé aon tsaghas ruda a dhéanamh. Gaibh fear chuige lá, go raibh tinneas fiacail air is d'iarr sé ar Thadhg an fiacal do tharrac do. Do chuaidh Tadhg is fuair sé téidín is chuir sé timchioll an fhiacail, dar leis, é is chuir snaidhm air is do tharraic. Tháinig an fiacal. Ó th'anam ón ndeamhan! ars an fear, níor tharraicís an ceann ceart. Bog breágh, a dhuine! arsa Tadhg. Nílim ach ag réidhteach chuige. Muiris Ó Cléirigh. CABHAIR-CHISTE AN RUISEULAIGH. Fuaireamar síntiúisí don Chiste sin ó roint carad. Aonne gur féidir leis síntiús do mhealladh ó lucht airgid, tugadh sé fé, len a thoil. P. Ó D., Corcaigh, £1; A. Ó S., Corcaigh, £1(per P. Ó D.); S. Ó R., Corcaigh, £1 (per P. Ó D.); B. De P., Cóbh, 5/-. The Groundwork of Conscription (le Mac Gabhann Ó Dubhthaigh, ar 6d. ó Chlólucht Talbóid, in Áth Cliath). Aonne gur mhaith leis fios fáth an scéil sin na preasála do bheith aige, gheóbha sé sa leabhrán san é i mBeurla. Eireannach maith an té scríobh é. NUAIR PHÓSFA SIAD DAN. Abhrán fastuímeach ó bhéal Thaidhg Uí Chonchubhair, Lios Póil. Fonn: “An maide droighin éille.” I. N'fheicim baile in aon áit is breághtha dheise ná An Chlais — Tá a chuid tighthe mór-árda, áille, cluthara, geal, Ach sé tigh Sheáin agus Máire is breághtha eatorra ar fad — Is dóibh-sean nách cás é mar is geárr go bpósfa siad Dan. II. Is i dtig Sheáin atá an parlor is breághtha ins an bharony ar fad — Tá úrlár maith cláir ann is carpetí dathan- nach, breac, Tá peictiúirí áille ann agus sgáthán sé troighthe ar faid, Sófaí is suidheacháin ann tháinig ó Chorcaig amach. III. A gcailín óg, Kate, mo léir — mar a bhfuil uirthi hat, Agus ribíní gléigeala, is laceanna síos 'dtí na h-ailth, Tá 'ci eudach 'á réir & éarrings na cluasaibh go deas, Ar ndóthar díolfaidh an spré asta go léir, nuair phósfa siad Dan. IV. Is aige Dan atá an pónaí, ceólmhar, acfuin- neach mear Treap agus cóiste — is bheadh mórtas ort suidhe ionnta isteach. His whip cost a note — is mo scóladh, mar a bhfuil inti crack Is bheadh truagh agat do'n phóní — for it is almost setting him mad. V. Tá an cleamhnas 'á dhéanamh — i gan fhios d'éinne, cloisim — do Dan, With a regular lady … an O'Leary ó Bheantraighe andeas Tá 'ci ceudta na gceudta, is gan éinne eile ag glaodhach ar a daid, Is díolfar gach claim de phléisg — nuair phósfa sí Dan. VI. Tháinig O'Leary féin indé, go gcidhfeadh sé An Chlais And he highly did praise a sgéimh, a cré, and its grass, Agus mar a raibh aige saoghal … ar ale ar phuins is ar mhairt! Is beidh sé ag díol spré, gan spéis, go ndeurfa siad stop! VII. Ach ar maidin amáireach … mo chás! … do tháinig an chreach Pílears, is báille is mittimus láidir 'na ‘fob.’ They stripped al! the parlor is d'árduig leo an pónaí 's an treap Is níor bh'fhuruisd annsan gáire fhághail ó Cháit, ó Sheán, ná ó Dan. VIII. To O'Leary féin, 'tis plain it was a great shock Is i gan fhios do éinne, d'éaluig sé an doras amach, Ach sé mh'opineón féin, do lucht an éilimh, gur fearra dhóibh stad And that their best cure is patience, ar shlighe éigin, go bpósfa siad Dan. Finghin na Leamhna do sholáthruigh. Má tá eolas uait ar an nGaedhilg nó ar chionnos Gaedhilg a mhúineadh, níl agat ach dul go dtí COLÁISTE AN DAINGIN Mí Iúil nó Mí Lughnasa so chughainn. Sé príomh-chuspóir oibre an choláiste seo ná eolas ar labhairt na Gaedhilge a thabhairt do'n lucht foghluma, agus eolas ar chionnos an chainnt sin a mhúineadh do dhaoinibh eile. LEABHAIR LE LÉIGHEAMH. Tosnóirí — “Laethanta Geala,” “Ceachta Beaga” (I., II., III.) “First Irish Grammar” leis na Bráithre Críostamhla). Lucht Teistiméireachta — “Réalta de'n Spéir,” “Aesop” (I. — VI.). “Eachtra Lomnachtáin,” “Ceachta Cainnte Gramadaighe.” Ranng “Dá Theangtach” — Beifear ag súil leis go mbeidh staidéar déanta roim ré aca ar an gcuid is fearr de litridheacht na nuadh- Ghaedhilge; agus ar “Leabhar Geograiphe,” “Leabhar ar Aireamh,” “Algébar,” &rl. Tá gach eolas le fagháil ó Rúnaidhe, Coláiste an Daingin Daingean Uí Chúise. Téigh go BAILE BHUINNEÁIN AN AOIBHNIS an samhradh so chughainn chun GAEDILGE 'FOGHLUIM. Beidh scoil samhraidh ann do chách, agus oidí oilte in a bun. Scríobh chun an Rúnaidhe, i mBaile Bhuinneáin Cois Sionann, i gCiarraidhe Luachra. IOL-SCOIL NA MUMHAN (RING IRISH COLLEGE). Samhradh, I918. An Chéad Teurma: Ó'n chéad lá Iúil go 26mhadh. An Dara Teurma: Ó'n chéad lá Lughnasa go 29mhadh. Áit mhór Gaedhilge is eadh an Rinn. Árus breaghdha is eadh an Coláiste agus an tigh comhnuighthe. Déintear an obair ann & í go cuideachtamhail. Atá aer breaghdha farraige ann agus na h-Oidí go toghtha. Pádraig Ó Cadhla, An Fear le Scríobhadh. COLÁISDE NA MUMHAN, BÉAL ÁTHA AN GHAORTHAIDH. Beidh an Coláisde ar siubhal i mí Iúil agus i mí na Lughnasa mar is gnáthach. Gheobhfar gach tuairisc 'na thaobh ó LIAM DE RÓISTE, 27 Sr. an Chapaill Bhuidhe, i gCorcaigh. Ticéidí in a “gCeirthlíní” do lucht comórtha spóirt & Cnaipí Daithte — mar chomharthaí sóirt ó Chlóchualucht Dúndealgain, Dundalk
Tá le fagháil uainn-ne BUÍNN ÓIR is BUÍNN AIRGID den déanamh Ceilteach agus marc earra Ghaedhealaigh ar gach bonn aca. Tá ÁTRAIGHE ÓIR is ÁTHRAIGHE AIRGID mar atá — miasa, cailísí, cuirn, agus cuacha dá ndéanamh againn-ne, anso i gCorcaigh. Tá an comhartha Gaedhealach ar gach ceann aca. Scriobh chugainn ar lorg an deilbhleabhair agus an luachliosta. LIAM MAC AODHGÁIN & a Chl.-Mhac Teo., 32 SRÁID PHÁDRAIG N., CORCAIGH. Tá 200,000 Baraile Plúir dá dhéanamh in aghaidh gacha bliana ag T. Ó hAILEANÁIN & a CL. MHAC, Teo. Muileann Abhancoradh, Mainistir na Corann, agus Muileann Ghleanna Duileáin, Mainistir Fhearmuighe, Co. Chorcaighe. Sranngscéala: “Hallinan, Midleton.” Guthán: 7 Cork i Midleton. DO FHEAR NA FEIRME É SEO: Tá SÍOLTA, LEASÚ, ÚIRLISÍ, agus BIADH BEITHIDHEACH le fághail, go maith is go saor, sa tsiopa so: ‘SIOPA PLÚIR IS MINE SHRÁID AN RÍ,’ AN 3adh tigh i Sráid an Rí, CORCAIGH. Scríobh indiu & cuir tuairisc a luacha &c. Ghaedheala! Ceannuighidh rothar Gaedhealach .1. “An Lúcania” (de dhéantús na hÉireann) ó Dhomhnall Ó Buachalla, Magh Nuadhat. NA GLEAMAIGH. “Is sleamhain iad leacacha an bhaile mhóir.” — (Sean-fhocal). Tamall maith ó shoin d'árduigh beirt ón Oileán so dorn gliomach a bhí acu go dtí Daingean Uí Chúise chun a ndíolta. Do bhuaileadar chúcha i naomhóig iad ar dheire na h-oidhche. Ansa tsamhradh ab' eadh é agus ba mhaith leo an chuid ba mhó de'n phasáiste a bheith curtha aca dhíobh sar a mbeadh an ghrian láidir ar maidin Mar do bhí an t-iasg so na steile-bheathaidh. Do bhí smut de'n mhaidin caithte agus an ghrian árd shar ar shroicheadar an Daingean & iad féin tnáithte. Nuair a shroicheadar an tslip do tháinig an ceannuitheóir & do thug sé luach Maith dhóibh ar na gleamaig, an Méid a bheadh beó aca. Tógadh an chlúid díobh agus nuair a sháidh fear aca a lámh 'n charn is ceann marbh a thóg sé. Mo chorp is m'anam go bhfuil sé seo comh Marbh leis an t-ochtmhadh Hannraoi, ar seisean leis an bhfear eile. Nach olc an triail a thug sé uaidh, arsan fear eile leis … Triail ceann eile. Do dhein agus dhá cheann in aonacht ach bhíodar na strúdaí marbha. Marbhúgha an Dúna orra! arsa Tadhg … Is go marbhuighe an Bás 'na theannta iad! … rud a dhein. B'eo [bu sheo] chúcha an bheirt agus do dheighleadar ó chéile an chuid bheo & an chuid mharbh ach ba bhreiseamhla an chuid mharbh ná an chuid bheó. Nuair a thug an ceannuitheoir an chuid bheó leis do bhí clais mharbh 'na dhiaidh. Do fuairéadar mála & do chuireadar ann síos iad agus do bhí lán a mhála go béal ann. Níorbh Fhada gur ghluais brúdaire de mhultachán Fhéasógach fir chúcha an tslip anuas. Cad tá ansa mhála? ar seisean. Atá gleamaig idir a bheith marbh is beó, arsa Tadhg. Thabharfainn fiacha na dighe dhíbh ortha, ar seisean. D'fhéach Tadhg air le mí-chéadfhadh agus adubhairt: Nára mór de dhig 'ná de thobac a bheidh a láthair do bháis, a dhailtín! ar seisean, agus mar fear anntréan ab' eadh Tadhg do chuir an brúdaire de suas an bóthar agus siubhal fé. Nuair a bhí gach ní socair suas aca dubhradar féin le chéile an mála a bhualadh chúcha agus cuid aca a thabhairt do'n mhuintir is feárr a bhí dhóibh ansa bhaile mhór agus gur beag an baoghal ná go mbeadh deoch a ndóthain aca sar a mbeadh an mála folamh & go mbeadh baochas 'na theannta orra. Sin mar a bhí. Do bhuail Tadhg an mála air agus do bhí a bhog-ualach ann. An chéad tigh tábhairne gur chuadar ann do thugadar lán baclann dóibh aca & do thug fear a tábhairne dhóibh blaise de gach sórd. beórach a bhí 'na thig. Seadh, in inead an mhála a thabhairt cabhartha ansa Daingean dóibh chun bídh is amhlaidh a chuir sé go h-umar na h-aimiléise iad mar do t thugadar trí lá agus trí oidhche gan aon fhios aca. cad é an áit go rabhdar. Fé dheire nuair a fuaireadar a meabh- air do bhíodar ag cuimhneamh nárbh é an Daingean a Mbaile dúthchais agus do bhaineadar amach an cé Mar a raibh a naomhóg. Do chuireadar ar snámh í agus do chromadar ar nithe beaga a bhailiú leó agus triall abhaile. Tomás Ó Criomhthain, An Blascaod Mór, Daingean Uí Chúise. ATHRÚ SNÓ. Albanach atá thall in Ottabha Chanada — Domhnal Domhnallach, do chuir sé cúntas sa “Deó Gréine” le deunaighe i dtaobh na Gaedhilge in Ameirce. Cuid de é seo: Roim am Chúil Fhodair, bhí Gaedhil in a gcomhnaidhe i Bhirginia & i nDúthaig Sheóirse, agus d'fhoghluimig a lán de na daoine gorma an Ghaedhilg uatha. Tá a. lán sceul grinn dá innsint fós um an iongna a bhíodh ar Ghaedhil a thagadh anall (ó Albain) nuair a chloisidís fear gorm ag seanchus a' Gaedhilg. Duine ná raibh. ró fhada sa dúthaigh, chuir sé eolas na slighe' lá, ar fhear gorm a' Beurla & a' Gaedhilg bhlasta a fuair sé an freagra. “An fada ó tháinís-se don áit seo?” ars an Gaedhal, nuair a bhí an t-iongna imthithe dhe. “Breis is trí bhliana,” ars an duine gorm. “M'anam'” ars an Gaedhal, “nách baoghal domhsa an Méid sin aimsire do. chaitheamh gan filleadh abhaile chun dúthaigh Mo shinnsear! Ní foláir nó tá an donas de theas sa ghréin anso.” S. T. GUTH NA BLIANA (ó Ruadhraidh Arascain, I4 Sráid an Mhuilinn, am Peairt, in Albain, ar 1/- gach ráithe). Tá ‘Leanmhuinn Chríosta’ dá ath-chur fé chló sa Ghuth. ‘Maighistir Eoghan Mac Eachainn, Sagart, a chaochail sa bhliana 1849 a b'ughdar don eadartheang- achadh so.’ Caint ghunta dhána atá sa chur síos ar chúrsaí puiblighe a scríobh R. Arascain is Mhairr. Gaedhilg atá ins na fógraí gnótha anois. Is dóigh gur aithris ar dhea' shampla ‘An lóchrainn” é sin? Leabhar rí mhaith is eadh an Guth so an tsamhraidh. “AR SCÁTH A CHÉILE.” Ceannuigh do chuid earraí ó sna daoinibh a bhfuil fógra aca sa “LÓCHRANN,” agus cuir i n-iúl dóibh gur sa “LÓCHRANN” a chonaicís an fógra. Cabhróghaidh san go mór linn. Min Mhaghchromtha. An mhin is fearr is is 'mó substaint. Scríobh chun an t-é dheinean — Mícheál Ó Caoimh, i Maghchromtha. Biadh do Ghaedhlaibh — Ceannuig do chuid aráin, cístí, &c., ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid a' tSáirséalaigh, i Luimnigh.
TOITÍNÍ. “Éirigh, a Mhichíl! tá sé in am dul ar sgoil … brostuig ort, a chroidhe, nó beir déanach.” “Leig dom féin, a Mham,” arsa Mícheál. “Táim tuirseach traochta indiu agus ní raghad ar sgoil.” “Eirig, a deirim leat!” arsa a mháthair arís, “nó díolfair as nuair a thiocfaidh t'athair isteach. Seo chugat anois é agus bata 'na láimh aige. D'eirig Mícheál de phreib agus chuir sé air a chuid éadaigh. Dhéin sé fíoghar na Croise air féin ag teacht aníos ar an dteinnteán … mo chreach, ní dubhairt sé a thuille paidreacha. Shuidh sé síos chun a bhreicfeast & d'ith sé a dhóthain. Nuair a bhí sé in am aige dul ar sgoil chuir sé stailc suas & dubhairt arís ná raghadh. Ní ag peataireacht leis a bhí 'athair, ámhthach, ach buille maith bhualadh treasna an leath chinn air a chuir ag caisliúireacht an doras amach é. Do rith a mháthair n-a dhiaidh agus sháidh sí leath-réal isteach na dhorn. “Bíodh san agat, a ghrádh gil, agus ceannuig cístí nó misleáin duit féin,” ar sise. Do stad na deóra i gcionn tamaill. Is dócha nár theastuig uaidh go bhfeicfeadh éinne é ag gol. Bhuail Páidín Ó Súiliobháin leis … “Lá sa tseachtain u a bhí mar leas-ainm air seo mar ní théigheadh sé ar sgoil níos minicí ná san … bhí an ghráin mhíllteach ar aon-saghas leabhair aige. “Mo thruagh thu, 'amadáin,” arsa Paidin le Mícheál. “Ní ar sgoil a mheasann tú dul.” “Seadh,” arsa Mícheál, “ach ar mh'anam dá bhfaghainn éinne d'éaloch' lem chois ní raghainn … Tá leath-réal agam leis, is ní bheadh sé chun deiridh.” “Déanfaimíd lá dhe,” arsa Páidín, “ach cad a cheannóghaimíd.” “Toitíní,” arsa mo bhuachaill. Siúd leó & cheannuigheadar na toitíní tobac is ní dheárnadar dearmhad ar chipíní soluis d'fhághail. Seadh, chaitheadar a raibh sa bhosca dos na toitíní. Ba ghearr go dtáinig teinneas cinn ar dhuine acu agus teinneas éigin eile ar an nduine eile. “Leun ortha mar rudaí bréana … Táim breoidhte acu,” arsa Mícheál. “Nár leige Dia dhúinn iad féin ná an té dhéin iad,” arsa “ lá sa tseachtain.” “Tá na cosa ag lúbadh fúm. Cad a dheanfad i n-ao' chor'” arsa Mícheál is len a linn sin do chaith sé é féin i ndíg an bhóthair & leig osna as. “Má mhairim-se beó ní chaithfead toitíní arís,” ar seisean. D'imthig an buachaill eile leis go Mall righin agus é ag tarrac a chos 'na dhiaidh. Ní fada bhí sé imthighthe nuair a chonnaic Mícheál fear chuige. Cé bhí ann ach a athair. “Tá Mo phort seinnte anois nó riamh,” ar seisean leis féin. Tháinig a athair fé'n a dhéin agus droch- fhuadar fé. Tharraing sé buille treasna an leath-chinn ar Mhícheál a chuir ar fhleasg a dhroma é ar an mbóthar. “Seadh, anois, a chladhaire, téigh abhaile agus nílim sgartha leat fós,” ar seisean. Ní dóigh liom gur ól Mícheáilín aon tobac ó shoin. Nóra Ní Mhilleóin, Corca Dhuibhne. FOCAIL SEANN-REACHTA. Bronnadh duaiseana ar na freagraí seo leanas: (i) An dubh-bhrat' ionnladh Dúlaing Óg, Do cheileadh a ghnúis i gcúmangrach slógh. (Seotholo Thoil). Cara mhór do Mhurchadh, mac Bhriain Bóirmhe, ab eadh Dúlaing Óg Ó h-Artagáin. Bhí leannán sidhe ag Dúlaing .i. Aoibheall, & nuair do bhitheas chun catha a chur ar na Lochlannaig ag Cluain Tairbh d'iarr sí go bog is go cruaidh air gan dul sa' chath mar dá dtéidheadh go marbhóchaí é: A Dhúlaing seachain an cath, Agus an mhaidean amáireach, Gheobhair dhá chéad bliain de ré, Ach seachain cath aon lae. Nuair nárbh' aon mhaith dhi bheith leis do thug sí an 'dubh-bhrat' do. Brat draoidh- eachta b'eadh é sin nárbh' fhéidir é 'fheis- cint 'ná an té go mbeadh sé 'á chlúdach. Chuir Dúlaing an brat uime is chuaidh sé isteach sa chath. Bhí ag dul dian ar Mhurchadh & tháinigh Dúlaing d'á chabhair. D'airig Murchadh fuaim na mbuillí. — Airighim buillí Dhúlaing, ar seisean, ach ní fheicim in ao' bhall é. — Táim annso a Mhurchadh na n-aé, arsa Dúlaing ag baint an bhrait de féin. Ba ghearr gur thuit Dúlaing nuair a bhí sé in éaghmuis an bhrait draoidheachta is do thuit Murchadh leis, Mar aon le mór-chuid maithe agus mór-uaisle eile Dhal gCais sa choimheasgar áir agus do cualathas Aoibheall, an bhean sidhe, 'á gcaoineadh ar pháirc an chatha. Nóra Ní Chasalaigh, Corcaigh. (2) Ag Maol na mBó, leis, ghaibh bean fir phósta D'á dhruim gur seoladh tóir thar tuinn. (An Sparán Buidhe). Ar Dhiarmuid Mac Murchadha a tugadh “Maol na mBó.” Tugadh Diarmuid na nGall, leis, air. Bhí sé 'na rí ar Laigh- nibh. Do thréig Dearbhfhorgail, bean Uí Ruairc, rí Breifne, a fear féin is d'imthig le Diarmuid. Do bhuail Ó Ruairc cath ar Dhiarmuid is d'imthig seisean go Sasana is thug na Gaill anall leis chun cabhruithe leis i gcoinnibh Uí Ruairc. Donnchadh Ó Donnabháin, Bréan Tráigh, Cairbre. DHÁ CHEIST EILE. (4) Ins na “Bearta Cruadha” geallann Eoghan Ruadh do'n ‘ainnir stuama’ mar leanas: Gheobhair láir bhán Dhómhnaill nár gheallas fós duit Ná h-iarrfaidh lón ná feur ort Do ghreadfadh bóthar go greanta córach Mar scamall ceóigh ar thaobh chnuic. Cérbh é an Domhnall úd, is a bhfuil cúntas ar an láir bháin ag aoinne? (5) San amhrán gcéadna deir Eoghan: Do gheobha tu an fáinne thug Fionn san tsnámh leis le cur gach lá ar do mhéir uaim. Cad é sgéal an fháinne? Cuirfear fé chló na freagraí is feárr. Ná téigheadh aonne thar céad focal. Cuir- tear chun Fir Eagair “An Lóchrainn,” 6 Sráid Roibeáird, i gCorcaigh, 1adh. Finghin na Leamhna. Scáth ó'n nGréin, nó fós ó'n bhfearthainn. Foscáin Gréine, Foscáin Fearthanna, Bréagáin Leanbh, is Madaí Dorn. TIGH “AN BHATA DROIGHIN ÉILLE” Teó., (‘H. JOHNSTON’) Sráid Phádraig N., i gCORCAIGH. Siopa eile ar Sráid an Chladaigh i gCóibh Chorcaigh. DATHÁN den uile shaghas, idir SHNASDATH, SLÁNDATH, agus PÉINT, (“Varnishes, Distemper, and Paint”) TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH. Gheobhair in aon tsiopa, nó mura bhfaighir, scríobh chun MHUINNTIR ÁRACHTÁIN, Muilionn “Seandúna,” i gCORCAIGH. Tá le fághail uainn-ne — TÉ BLASTA CÚMHRA. Ceannuigh púnt de mar shompla. SIMCOX IS A CHLANN MHAC (Teo.) 10 Sráid Phádraig N., CORCAIGH. BIADH DON DUINE is BIADH DON BHEITHIDHEACH. Tá raidhse de gach saghas bídh le fághail uainn-ne. Cuir cárta chúgainn ar lorg gacha eolais — SÉAMUS Ó NÉILL IS A CHLANN MHAC (Teo.), CIONN tSÁILE, Co. Chorcaighe. SÍOLTA, LEASÚ agus ÚIRLISÍ do'n bhFEIRM. Gleus gearrtha Turnaipí agus DEIGHALTÁIN don UACHTAR BAINNE. Tá ag Ó LUASA & Ó CONAILL, i gCORCAIGH. Scríobh chuca. CÓISTÍ IS CAPAILL is gach cóir eile chun cóisre nó sochraide. Tá againn-ne. Muinntir Chróinín, ar Chalaphort Uí Shúileabháin, i gCorcaigh.
GACH CÓIR SCOILE! tá againn-ne LEABHAIR don LEABHARLAINN agus LEABHAIR mar DHUAISEANNA. Scríobh chugainn ar lorg eolais: MUINNTIR FHALLAMHAIN (Fallon Bros. Ltd.) Cúirt Dáma a I3 & a I4, in ÁTH CLIATH. Smithfield a 88, i mBealfeirste. Sráid Uí Chonaill a 72, i bPortláirge. Tá SCÉALUIDHEACHT-GAN- SRAÍNNG d'á múineadh ag togha na múinteóirí I SCOIL UÍ SHÚILEABHÁIN sa ‘Mhardíog,’ I gCorcaigh. Is í an scoil is mó cáil agus is fearr cóir i n-Éirinn. Múintear SRANNG-SCÉALUIDHEACHT ann do chailiní, i gcóir Oifige an Phuist, sa ló nó istoidhche. Scríobh chun an Árd-Oide. TÉIG FÉ DHÉIN “AN EMPÓRIUM” ar lorg Earraí Gaedhlacha — Bónaí, Carabhataí, Léinte, Ciairsiúraí agus Línéadach. M. Ó Súileabháin & a mhac, CILL ÁIRNE. SÍOL, LEASÚ, is úrlaisí don bhfeirm. TROSCÁN TIGHE. Seán Ó Curráin, sa DAINGEAN. an fear a thabharfaidh go maith dhuit iad. EUDACH BUAN-tSEASAMHACH. An Chulaith do-gheobhair uainn-ne, beidh sí go córach dei'-dheunta. Le dachad blian anuas, tá tosach 'á thabhairt againn-ne do dheun- túisí Gaedhal. Níl muilionn in Éirinn 'ná go gceannuighmíd-ne togha na n-earraí ann — eudach ná raghaidh ann, is ná dortfaidh an dath as. DO MHNÁIBH UAISLE — TÁILIÚIRACHT AR 'FHEABHAS. Gach Gúna dár dheinamar riamh, bhí cuma is crot air. Bainean deise ar leith leis na Casógaibh a dheinan na táiliúirí seo againn-ne. Tá ana-chuid eudaigh den tsaghas úd go n-abarthar leis t Saothar Lámh” ar taisbeáint anso. Ní dhortfaidh an ghuirme as an eudach gorm atá le ceannach uainn-ne. Raghaimíd fé bhannaí air, agus is mór an ní t é sin, an aimsir seo. t Scríobh (nó glaodhaig) chugainn. LIAM Ó CONCHUBHAIR is a Mhac, SRÁID MHÓR SHEÓIRSE, a 40, I gCORCAIGH. RÁSÚIR MHAITHE don duine bocht nó don duine saibhir; a luach ó 2/- go 10/6. RÁSÚIR “COSANTA” ná gearran an croiceann — 1/- go 21/-; gheobhair ceann aca san & trí lanna “Gillette” ag gabháil leis, ar a 2/3, tríd a' bpost. CUIRFEAD FAOBHAR ar sheana-rásúr duit ar 7d. tríd a' bpost. MAC CUILINN, 35 -36 Sráid Chapel, i mBaile Átha Cliath. WITH THE IRISH IN FRONGOCH. J. W. Brennan-Whitmore, do scríobh. Tá cúntas cruinn so leabhar so i dtaobh an tsaoghail & an chaithimh aimsire bhiodh ag na buachaillí ó Éirinn a bhí fé smacht Gall i bhFrongoch taréis Eirighe Amach bliana a 1916. Tá morán sgeul brónach, agus morán sgeul grinn chómh maith, d'á innsint ag an ughdar, agus is cliste an peann atá aige chun snas a chur ar sgeul, pé aca brónach nó meidhreach é. Cuireann sé síos go h-an-mhaith ar gach iar- racht dá dtugadh fé chuid des na buachaillí a sciobadh isteach san arm, agus ar an slighe gur cuireadh cosg leis an obair sin. Tá peictiúirí maithe sa leabhar. 2/6 glan, a luach. 2/10, tríd an bpost. An dara cur amach de seo: A CHRONICLE OF JAILS. Darrell Figgis do scríobh. 1/- glan, a luach. 1/3, tríd an bpost. ó ‘CHLÓ-LUCHT TALBÓID,’ Sráid Talbóid a 89, in ÁTH CLIATH. IS MÍORÚILTEACH NA LEIGHEASANA DO BHUAIBH IAD SO: LEIGHEAS UÍ DHOMHNAIL ar bhuinneach laogh, 5/- a' buidéal. ‘Kural,’ ar leiceacht bo, 5/- a' bosca. Níl aon teora leis chun ba do neartú. ‘Kuranzo,’ ar ghalar teangan bo, 4/6 a' buidéal. Leighisean in aon lá amháin. ‘Murraine,’ ar bhruiliochán, 3/6 a' buidéal. Leighisfidh an taom is measa taobh istigh de naoi n-uaire a' chloig. ‘Kuraline,’ ar bhruinne dhearg 4/- a' buid- éal. Beidh an bhó i gceart taobh istigh de sé uaire a' chloig. ‘Ringool,’ ar bhorraphéist, 2/6 a' buidéal. ‘Hoosaline,’ ar chasachtaigh nó ar mhúchadh. 4/6 Gheobhair ó UA DÓMHNAIL, Siopa Leighis Bó is Beithigheach, An Eamhain, MIDHE; nó ó THOMÁS MAC MÁTHUNA, An Scairbh, CO. AN CHLÁIR. In ÁIRCÉID NA MUMHAN gheobhair LÁMHAINNÍ OLNA de dhéantús Gaedhal agus de shaothar lámh. iad ar a lán saghas datha mar atá: crón, dubh, glaschaorach, geal agus donn. Tá EARRAÍ GAEDHLACHA le feicsint ar gach cúntúir sa' tsiopa: ÁIRCÉID NA MUMHAN Le ‘Robertson, Ledlie is Ferguson,’ I gCORCAIGH. Clóchualacht Seandúna, Corcaigh, do chlóbhuail. Togha gacha bídh i gcóir na mbeithidheach, le fághail ó Mhuíntir Dhálaigh, Sráid an tSáirséalaigh, i Luimnigh. Cló-bhuailfimíd-ne Leabhar Gaedhilge nó Leabhar Béarla dhuit. — Clóchualucht Dúndealgain, Dundalk
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services