Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Tobar Draoidheachta
Title
An Tobar Draoidheachta
Author(s)
Ua Duinnín, Pádraig, An tAthair,
Pen Name
Snag Breac
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN TOBAR DRAOIDHEACHTA. DRAMATIS PERSONÆ. DOMHNALL DALL, Píobaire ar lorg a choda. EIBHLÍN, Bean Fheirmeóra. NUALA, Inghean Eibhlín. TOMÁS BREAC, Bodach saidhbhir. SEAGHÁN FIADHAIN, File. NÓRA, Cailín Aimsire. BROCÁN (Fireann) CISTE (Baineann) BÚNSA (Fireann) MÁINE (Baineann) Daoine maithe. Sluagh dos na daoinibh maithe. ÁIT: Sean-tobar i Sliabh Luachra i ngar do thigh Eibhlín.
AN TOBAR DRAOIDHEACHTA. (Tamall beag ón dtobar teagmhaid BROCÁN is CISTE le cheile, agus sluagh do dhaoinibh maithe beaga na dteannta). BROCÁN — Thánga i ndeas ó nead an Iolair, Tré mhínte réidhe tré shlébhte is corraigh, Ag troid gan staon le daonnaibh gusmhar, Glac mo lámh go sámh a Chiste. CISTE — Ag seo mo lámh, a Brocáin oinigh, Thánga ar fán ó Ráth na gCoinne Mar ar básuigheadh gárda neimhe, Le cleasaibh fíll is intleacht duine. (Intrant BÚNSA agus MÁINE agus sluagh do dhaoinibh maithe beaga 'na bhfochair.) BÚNSA — Mise Búnsa fonn gach áruis, Ó bhéal na Sionann gan moille do thánga, Ní raibh fear ná bean im' dháil-se, Glac mo lámh is fáisc a Mháine. MÁINE — Dé bheatha chúghainn a Bhúnsa ghrádhmhair, Thánga féin ó Ghaortha an Chárthainn, Mar a ngéimid éin go bláthmhar, Is gaoth dá mbogadh ar chochallaibh árda.
(Gluaisid a gceathrar chum an tobair le n-a sluagh cuimhdeachta, ag canadh mar leanas.) Ní'l acht sluagh na gcuard 'nar bhfochair, Ní bhfuil cumha ná cúram orainn, Gan troid gan bruighean gan díth gan dochma, Gluaiseam féin fá dhéin an tobair. (Stadaid a gceathrar timcheall ar an tobar le na sluaighibh agus canaid mar leanas.) Uisce geal mar dhath na gréine, Uisce fuar gach uair don lae ghil, Uisce fíor gan dríb gan éisling, Uisce fonnmhar fuinneamhail éascaidh. Uisce bríoghmhar soillseach aerdha, Uisce ritheann 'na thuiltibh le chéile, Uisce glan gan meascadh i n-aon-chor, Uisce tinn don chladhaire daonna. Uisce radtar ó mhullachaibh sléibhte, Uisce fíontach binn-ghuith péarlach, Uisce neartadh le ceathaibh ó néalaibh, Uisce caithiseach tathacach séanmhar. Uisce thógfas brón de chéadtaibh, Uisce mhillfidh lucht gliogair is éithigh, Uisce scaipfeas na scamaill a hÉirinn, Uisce calma abaidh-ghlan éachtach. (Luighid a gceathrar ar rinnce agus na sluaighte dá bhfaire; Seinneann ceann dos na daoinibh beaga ceol dóib; taréis pas rinnce cluintear guth DHOMHNAILL ag amhrán dó fhéin is é ag déanamh fá dhéin an tobair).
BROCÁN — Airighim an guth daonna, tá daoine éigin chúghainn. CISTE — Ní hiontaoibh iad an treibh daonna, is minic do rinneadar feall orm-sa. BÚNSA — Teichimís uatha go tapaidh. MÁINE — Ní mise bheidh ar deireadh ar aon-tslighidh. (Rithid a gceathrar le n-a sluaightibh ó radharc go lán-mhear.) (Intrat DOMHNALL DALL.) DOMHNALL DALL — (ag cuardach le n-a mhaide) — Is dóigh liom gur chuala binn-ghuth na ndaoineadh maithe. Brathaim gur geárr uaim anois an tobar, siúd iad na clocha díreach mar a bhíodar fad ó shoin. Is maith an cuimhne ba cheart dam a bheith agam ortha. Fairíor cráidhte is annso do dalladh mé. Acht na daoine maithe — ní ceart milleán do bheith ortha. Is sinn féin fá deara ar dtoirmeasc. (Suidheann síos is tosnuigheann ar ceol do sheinm.) (Taréis tamaill stadann sé agus adeir.) Cad é an mhaitheas bheith annso ag caitheamh an lae gan bhrígh. Ní dóigh go dtiocfaidh aoinne annso go lá an chúnntais. Tá codladh nó draoidheacht éigin ar an mball so (airighthear coiscéim) 'sheadh táthar chughainn. (Intrat EIBHLÍN le canna chum uisce go bhreith a bhaile.) Mhaise dé do bheatha id shláinte agus is moch d'éirghís. Cionnas atá siad uile 'san mbaile?
EIBHLÍN — Airiú, an é seo Domhnall Dall? Mhaise a Dhomhnaill, cad é an scéal agat-sa é? An bhfuilir i bhfad annso? DOMHNALL — Ochón mhaise agus is mise atá! cia hí seo ag caint liom? Airiú b'fhéidir gur tusa Eibhlín, bean an fheirmeóra so thuas. Is dóigh liom go n-aithn- eóchainn do ghuth. An tú anois dá riribh? EIBHLÍN — Is mise an bhean chéadna; nach maith an cuimhne atá agat? DOMHNALL — Tá suas le deich mbliadhna fichead anois ó chuala do ghuth. Bhís id ghearra-chaile óg an uair sin agus is iomdha cor do chuir an saoghal de ó shoin. EIBHLÍN — Mhaise, mo chráidhteacht, is iomdha! táim pósta anois le trí bliadhna fichead agus b'fhearra dham nár snaidhmeadh riamh le fear mé, ochón ó! DOMHNALL — Nach duine deas macánta é Éamonn, t'fhear? Sín í an teist do-chuala riamh air ar aon tslighidh. EIBHLÍN — Mo léir, mhaise sín é a ainim! Ní raibh focal eadrainn riamh ó theagmhuigheamar le chéile, is ní dóigh go mbeidh choidhche. Is é Éamonn rogha na bhfear a Dhomhnaill, mo ghreidhin chroidhe é. DOMHNALL — Agus cad é an mío-ágh atá ort mar sin? Ná fuil treo is slacht ort is gach nídh dá fheabhas? Sin é mar atá an scéal do réir gach aon tuairisce. EIBHLÍN — Mhaise leig dam féinidh a Dhomhnaill led threo is led shlacht; cad é an mhaitheas an saoghal
'nuair atá mo chroidhe briste is mo mheabhair nach mór scaipthe as mo cheann? DOMHNALL — Cad mar gheall air, airiú? Innis damh-sa é, ní baoghal duit? EIBHLÍN — Mo chreach, mhaise, is ró-bheag an maitheas dam é d'innsint duit-se na d'aoinne eile, agus is maith an bhail ort ná fuil clann agat. DOMHNALL — 'Seadh b'fheárr liom go mbeadh. Acht b'fhéidir gurab iad an chlann atá ag cur ort? EIBHLÍN — Ologón, mo bhrón, mhaise, a Dhomhnaill, tá mo chroidhe cráidhte aca ó mhaidin go hoidhche, acht is measa dham Nuala ná an chuid eile go léir. DOMHNALL — An í sin an ceann is sine aca? ÉIBHLÍN — Is í cheana, mhaise, is dá dtagadh ciall le cois na haoise dhi — DOMHNALL — Nach mithid di sin bheith ag pósadh anois is an teach d'fhághbháil fút féin? EIBHLÍN — Pósadh! Pósadh! Mo chrádh is mo scólladh! Is mo chreach bhrónach! Is olc an nóchar Tá ar tí í phósadh, Má fhaghann mo stórach, Is dealg damh-sa Tré lár mo dhrólann. DOMHNALL — Agus an miste fhiafraighe cia hé féin? EIBHLÍN — Gaige fuar folamh aereach gan ráth, gan bail; réice reathach, rinnceac, bothánach; snathaire ólach,
imirtheach; scraiste díomhaoin, droch-ghnóthach, beag- mhaitheasach; bomaire bruigheanach, achrannach, achmhu- sánach, aithiseach; callaire callóideach, cnáimheach; duanaire droch-labhrach, dithchéillidhe, gan feoirling 'na sparán ná breith aige ar scilling go deó, agus gan fonn air aon chrích do dhéanamh acht bheith ag ceapadh rann agus ag déanamh oráide do mhnáibh is dá mealladh is dá bhfealladh ón tseachtmhain go chéile. DOMHNALL — Cia hé féin is dóigh? EIBHLÍN — Seaghán Fiadhain a ghlaodhaid siad air; gráin mo chléibh is mo scart air, tá ceann m'inghine iontaighthe ag a dhuanaireacht. DOMHNALL — Ó 'seadh, d'airigheas trácht ar Sheaghán Fiadhain; im basa tá an fhilidheacht go blasta aige cibé scéal é. EIBHLÍN — Ciach is cnead ar a chuid filidheachta, an ruidín suarach, anacrach, an folaire tarcaisneach, mí- chéadfach. DOMHNALL — Is olc an cháil atá air do réir gach tuairisce, acht b'fhéidir nach furaiste dhi fear ní b'fheárr d'fhaghbháil. EIBHLÍN — Airiú mo chráidhteacht, Is aici atá sé Le faghbháil i mbárach Fear breágh grádhmhar, Fuinte sásta, Is lán an mhála D'airgead bhreágh aige.
DOMHNALL — Agus cia hé an fear sain? EIBHLÍN — Tomás Breac, mhaise, feirmeóir láidir bunadhasach, ciallmhar, rathmhar, deagh-mhúinte — DOMHNALL — O 'seadh go deimhin, bhí aithne mhaith agam ar a athair, Pilip ná Tórnaighe; agus an bhfuil Tomás dathamhail? EIBHLÍN — Tá, mhaise, sé dathamhail a dhóthain. Tá sé cneas-gheal, cumasach, cliste, céim-mhaordha, acht ní théitheann Nuala leis, tá a croidhe sladtha ag ráiméis an rannaire sin, acht tá sí chúghainn anois is mairbheóchaidh sí mise mar d'fhágas an corcán tirim ar an dteinidh. Labhair léi, a Dhomhnaill, agus cuir ar a leas í, agus ní dhéanfad-sa dearmad ort. Caithfead bheith ag cur díom anois. (Intrat NUALA.) NUALA. — Ó, a mháthair tá an corcán scoilte ón dteinidh, brostuigh ort a bhaile. (Exit Eibhlín.) DOMHNALL — An bhfuilir annso agam, a Eibhlín? NUALA — Tá sí imthighthe. An bhfuil aon ghnó agat di? DOMHNALL. — Cia hí seo anois agam a labhrann chomh deas, subháilceach sain? Cailín óg éigin gabhaim- se orm? Is milis blasta do ghuth cainte, a chailín mo chroidhe! NUALA — An dóigh leat sain, a fhir bhoicht? Tá eagla orm ná fuil an meas céadna ag mo mháthair orm. DOMHNALL. — Agus an í sin do mháthair d'fhágh anois mé?
NUALA. — Is í gan amhras, agus ba mhaith an scéal dá bhfágfadh sí mise leis. DOMHNALL. — Ná habair é, a inghean ó, cad í an chúis atá agat ar an mnaoi bhoicht? NUALA — Ochón, mhaise, ní fheadar, táim cráidhte aici ó Luan go Sathrann, ní thaithnighim féin léi ná aon nídh a dhéanaim. DOMHNALL. — Dá mb'áil leat pósadh agus glanadh amach ar fad uaithi? NUALA. — Do b'áil liom é go díreach; acht féach an leigfeadh sí dhom pósadh ná aon nídh eile do dhéanamh. DOMHNALL. — Agus an amhlaidh a bheadh sí ag cur cosca ar phósadh ort? NUALA. — 'Seadh, mhaise, go cinnte. Tá fear breágh súgach subháilceach cumasach léigheanta, file bríoghmhar, buachaill óg greannta, córach, lér thaitnigheann mo chroidhe is m'aigneadh dom iarraidh le bliadhain, agus má tá ní leigfeadh mo mháthair ná m'athair dom snaidhmeadh leis. Agus i n-ionad sain tá siad síorraidhe ag tafann orm bhúiste briste breoidhte bascaighthe beag-chiallach darab ainim Tomás Breac do ghlacadh i leith is go bhfuil caoirigh is ba aige agus ór buidhe ag tachtadh a sparáinín shalaigh. DOMHNALL. — Is maith é an t-ór, ní'l aon nídh mar é an aimsir seo; gabh ar thaobh an óir, a inghean ó mo chroidhe, is ní bheidh cathughadh 'na thaobh ort. NUALA. — Dá mbeadh a bhfuil d'ór i Sacsanna ag Tomás ní dhéanfadh sé fear de — cnútachán gan croidhe gan anam gan ciall gan cuimhne, sin í a theist.
DOMHNALL — Agus b'fheárr leat Seaghán Fiadhain folamh gan feorling ná Tomás Breác le mála airgid? NUALA — B'fheárr gan amhras; is ró-bheag an tsuim a chuirim-se 'na chuid airgid lobhtha. DOMHNALL — Cailín beag gan chiall is eadh thú, is eagal liom. Droch-bhuachaill is eadh Seaghán Fiadhain do réir gach deallraimh, dá mbeadh fios agat-sa mar atá agam-sa ar dhroch-ghníomharthaibh an bhuachalla sain is fada uaidh do gheóbhthá. NUALA — Ná bí ag cur éithigh anois air mar a chuireann mo mháthair gach aon lá san tseachtmhain. DOMHNALL — Ní héitheach a mhaoidhim acht fírinne cheart. Is amhlaidh a bhíonn sé ag magadh fút-sa, agus ag rádh leis gach aoinne ná pósfadh sé i n-aon-chór thú, agus ag mealladh cailínidhe na dúithche go léir le bréagaibh is le cleasaibh. Ní'l a leithéad do réice 'san dtír seo, bíonn sé ar dearg-mheisce gach aon oidhche agus ag ragarnáil agus ag déanamh toirmisc. NUALA — (ag gol). Éist do bhéal, agus ná bí ag cur éithigh ós mo chomhair amach ar Sheaghán is gan é annso chum freagra do thabhairt ort, mar is maith is eol dó é. DOMHNALL — Is maith is eol dó bhréaga d'innsint agus amadáin cailínidhe már thusa do mhealladh; acht creid mise, ní fhuil raith ná bail ar Sheaghán dá mhéid a chuid fílidheachta, fan uaidh, ná bain leis, nó beidh ceithridhe ar feadh do shaoghail ort — sin í mo chomhairle-se dhuit. NUALA — Dá mbeadh aithne agat ar Sheaghán mar atá agam-sa, do bheadh a mhalairt sin do chomhairle agat
le tabhairt dam. Dá mbeadh fios agat ar dhílse a chroidhe is a aignidh, ar a chneastacht is ar a fhírinne, ní bheithfeá ag tromuigheacht mar sain air gan chúis, gan ádhbhar, a shean-chladhaire, ní fhulaingeóchad uait a thuilleadh don chaint sin. DOMHNALL — Ciuinigh anois, is agat-sa ná fuil aithne ar Sheaghán agus má dhéanann tú rud orm-sa chídhfir féin gur mar sin atá an scéal. NUALA — Ní chreidim thú; cad tá agat le múnadh anois dam? DOMHNALL — An bhfeiceann tú an tobar sain? Tá draoidheacht air, agus bíd na daoine maithe ag rinnce is ag pléidhreacht 'na thimcheall ar feadh na hoidhche, agus fiú ar maidin i ndiu is mé ag teacht annso d'airigheas an ceol is an rinnce do bhí aca. Do bhí sean-draoi ann fad ó agus ba mhór é a chumhacht agus an gradam do bhí aige ó rígh na háite seo, acht tháinig eascáirdeas eatortha agus do ceangladh an draoi bocht le hais an tobair seo ar feadh bliadhna; dá dheascaibh sin do chuir sé draoidheacht ar an dtobar agus cibé ólfas deoch as, an céad uair, gheóbhaidh sé a a athchuinge, muna rud é gur athchuinge éigin mío- nádúrtha agus ar mhaithe leis féin amháin a bheidh uaidh. Acht má iarrann sé rud éigin mío-nádúrtha nó ar mhaithe leis féin amháin tiocfaidh iomard éigin air láithreach, agus dá mba mhaith leat-sa triall do bhaint as smuaintibh croidhe na beirte seo atá dod thochmairc gheóbhair caoi éigin chum deoch do thabhairt dóibh as an dtobar seo.
NUALA — Tá go maith. Ní headh go bhfuil aon mhearbhail orm 'na dtaobh, acht chídhfir féin a gcroidhe- smuainte, sul a fada. Féach, airiú tá an cnútachán úd, Tomás Breac, chúghainn; cad do dhéanfad? (Intrat TOMÁS BREAC). DOMHNALL — 'Seadh cia hé sin chúghainn anois, airigh- im coiscéim éadtrom uasal éigin? TOMÁS BREAC. — Dia dhuit, a Nuala, a spéir-bhean chomh lonnrach leis an ngréin. Tá dólás ar mo chroidhe ná feaca le seachtmhain thú. NUALA — Agus cá rabhais le seachtmhain? TOMÁS — Is deacair an cheist sin do réidhteach, is fada ó bhaile bhíos a lán do'n aimsir, acht níor shos dom acht ag cuimhneamh ort-sa do ló is d'oidhche. NUALA — Ba mhaith sin uait, mhaise, is iomdha rud do bhí ag rith trím chuimhne-se agus gan tusa do bhac, acht b'fhéidir go bh'fanfá i gcomhnuidhe anois againn? DOMHNALL — Cia hé seo, a Nuala, an é seo an duine uasal Tomás Breac? TOMÁS — Is mé go deimhin, a dhuine bhoicht, nach maith aithnigheann tú mé. DOMHNALL — Cad í an chúis ná haithneóchainn? Is fada ó bhaile atá do cháil ag rith ar uaisleacht, ar staidéar, is ar fhairsinge. Ná dearmaid, a Thomáis, a chara, rud éigin do thabhairt do 'n duine bhocht. TOMÁS — Tá cathughadh orm, mhaise, gur fhágas cibé pingnidhe bhí agam im dhiaidh san mbaile.
DOMHNALL — Raghaidh Nuala chum do thighe ag iarraidh déarca dhamh-sa, má's mian leat rud éigin do thabhairt don dall. TOMÁS — Ná bac anois é, a dhuine bhoicht, an chéad uair eile theagmhóchad leat gheóbhair é, geallaim duit. DOMHNALL (I leath-taoibh). — Gur a fada go dtí sin a spreallairín an ghorta! TOMÁS — Cad é sin a deirir, a bhacaigh? DOMHNALL — Ó is é adeirim go mbeidh súil agam led chongnamh an tráth sain, a dhuine uasail. TOMÁS — Tar i leith chúgham, a Nuala, a chara mo chléibh, agus is ort-sa a bhíos ag léir-chuimhneamh le seachtmhain, a bhláth na n-óg-bhan, a chuid do'n tsaoghal, a mhaise an domhain, a réilteann sholasmhar — NUALA — 'Sheadh comhairimh leat; im basa féin ní gearánta ort mar chléireach. TOMÁS — Ó, a Nuala, a sholais mo bheatadh; ná bris mo chroidhe led neamh-thruaighmhéil, agus gan preab im anam acht id chomhair-se! DOMHNALL — Mhaise, a mhúirnínidhe, is maith a thuig- im-se an scéal eadraibh, agus is beag an scáth is gábhadh dhaoibh do bheith roimh dhall bhocht dom, shaghas-sa. A Thomáis, airiú, agus dá ríríbh an bhfuil grádh chomh dian sain agat do Nuala? TOMÁS — Ní fhéadfadh fáidh ná saoi dá fheabhas cur síos ar mo ghrádh dom stórach. Ní'l braon fola ag rith im fhéithibh nach do Nuala do ghluaiseann, ní'l smuaineamh im' aigneadh acht léir-mhachtnamh ar a tréithibh. Ní chuir- feadh fán ná gorta ná géibheann ná peannaid ná éacht
ná scannradh íomháigh mo ghrádha ghil as daingean mo chléibh. NUALA — (I leath-taoibh) Beidh fios againn i dtráth ar fhírinne do scéil, a ropaire. TOMÁS — Féach cia hé seo chúghainn? Dar mo bhriathar, an file mío-ághmharach úd Seaghán Fiadhain agus saothar air! (Intrat SEAGHÁN FIADHAIN) NUALA — Dé do bheatha, a Sheagháin, is fada anois nár luigh mo shúil ort. Cionnas atá an saoghal ag eirghe leat? SEAGHÁN — Comh maith agus is féidir leis, agus mé deighilte ó 'm ghrádh gheal is ó 'm réilteann maidne, ó sholas mo lae, ó anam mo chléibh féin, ó'm Nuala ghléigil. NUALA — Go deimhin féin ní géire do chuaidh an deighilt sin ort ná orm-sa féin; bhí faid lae ins gach uair do chluig is faid míosa ins gach lá ó scaras leat. Níor dhún súil liom do ló ná d'oidhche acht ag cuimhneamh ort agus ag ceapadh cad a dhéarfainn leat ar theag- mháil leat an chéad uair. DOMHNALL — Cia hé an duine galánta so atá 'n-ar gcomhluadar anois? Airighim guth cneasta caomh. NUALA — Is é seo Seaghán Fiadhain an file clúmhail gur chualais trácht go minic air. DOMHNALL — Airiú, an é seo Seaghán Fiadhain? Im basa is minic do-chuala trácht ort, a mhich ó, agus is ró-mhinic do-chuala do chuid amhrán dá gcanadh agus is ortha nach miste deagh amhráin do thabhairt leis.
SEAGHÁN — Go raibh maith agat, a Dhomhnaill, mar sin é t'ainim is dóigh liom. DOMHNALL — Sin é m'ainim mhaise go beacht, acht a fhile oirdheirc, féach le truaighmhéil ar an ndall bhocht agus tabhair rud éigin dam. SEAGHÁN — Seo, mhaise, coróin duit, a Dhomhnaill, agus tá cathughadh orm ná fuil a thuilleadh agam anois. Dá mbeadh gheóbhthá é. DOMHNALL — Maise go mbuanuighidh Dia thú agus go neartuighidh sé thú gach lá. NUALA — Ná suidhfeá annso, a Sheagháin, agus amhrán do chanadh dhúinn ó's agat atá an raidhse dhíobh? DOMHNALL — Déan, a Sheagháin, mar do dhéanfadh buachaill maith. SEAGHÁN — Canadh Tomás, is binne a ghuth béil na mo ghuth-sa, nach binne, a Nuala? TOMÁS — Ní dóigh le Nuala sain ar aon tslighidh. NUALA — Tá Tomás ró-aireach air féin agus ar gach nídh a bhaineann leis, agus is ró-bheag an mhaitheas bheith leis. Déan, a Sheagháin. DOMHNALL — Go deimhin, a Sheagháin, do chuirfeadh sé áthas ar mo shean-chroidhe dúr anois éisteacht le ceann dod amhránaibh bríoghmhara. An amhlaidh a eiteóchair sinn, a chara? SEAGHÁN — Má chuireann m' amhrán áthas ar Nuala is ort-sa, bíodh sé agaibh chomh maith agus is féidir liom- sa é; ar airigheabhar riamh trácht ar na daoinibh maithe? Tá amhrán beag ceapuighthe agam dóibh. DOMHNALL — Is maith é sin, a Sheagháin, is cneasta
caraideamhail is féidir leis an dtreibh sin a bheith acht bheith amhlaidh leo. SEAGHÁN — Seo dhaoibh m' amhrán-sa ar aon chuma. (canann). NA DAOINE MAITHE. Siúd ar na sléibhtibh le héirghe na gréine, Siúd ar na sléibhtibh árd sinn Bíonn ceolta is pléidhreacht is aiteas ag éanaibh, Is fuirse ag gaothaibh fáin ann, Ní'l ceo-bhruid ná péin ann ná brón-dubh i n-aon-chor, Ní'l osna, ná déara á dtál ann, Acht aoibhneas is aerigheacht is mílse gan faoiseamh, Gan eagla roim chréim ó'n ársacht. Éirghimíd 'san spéir ghlain i bhfochair a chéile, Is luigheam síos i n-éinfheacht sásta; Le cumas le tréine le fuinneamh le déine Ar gcuisleann, ní baoghal dúinn máchail; Tré uiscidhe tré réidhte tré mhongaibh is caol-chnuic, 'N ar bhfuirinn dheis aerdha tráchtam Ó fhairrgidhibh Bhéara go srothaibh na Féile 'S ón Sionainn go béal na Rátha. Ná beartadh an chlaon-threabh dubh-mhasluightheach daonna Gur eagal linn géim a n-árd-ghuth, Is gur leagamar céadta dá mathaibh i n-éinfheacht Gan arm gan gaethibh lámhaighte; 'Dá bhfanfaidís séanmhar is masladh do shéanadh Is cabhrughadh le chéile i dtráth chirt Ní'l easbaidh ná géibheann ná leigheasfaimís féin dóibh Go caraideamhail béasach grádhmhar.
(I ndeireadh an amhráin buailid an triúr eile a mbasa go hárd agus siúd girrfhiadh amach as a fhialtigh agus as go bráth leis.) SEAGHÁN — Féach, féach, an girrfhiadh! seo mise 'n-a dhiaidh ar aon tslighidh. TOMÁS — Ní sos damh-sa é. (Rithidh SEAGHÁN agus TOMÁS i ndiaidh an ghirrfiaidh.) NUALA (ag faire ar Thomás ag rith) — Is fada go mbéarfá ar ghirrfiadh ná ar chapall a chnútacháin bhig. Ó féach mo mháthair, mairbheóchaidh sí mé. (Re-intrat EIBHLÍN.) EIBLÍN — A chailín bhig neamh-mhaitheasaigh cad do chongaibh annso ó mhaidin tú? Tá mo chroidhe briste ó obair agus gan aoinne chum cabhruighthe liom acht tusa. Go deimhin féin, is mór an náire dhuit é, agus is é shíleas gur b'é an réice sin Seaghán Fiadhain do chongaibh streo ort. DOMHNALL — Bhí sé annso againn go díreach, mhaise, a Eibhlín. EIBHLÍN — Ó mhaise, gráin mo chléibh ar an nduanaire mío-ághmharach is maith a bhí a fhios agam cad do chongaibh í. DOMHNALL — Bhí Tomás leis againn, agus beidh siad araon annso arís i gceann tamaill. Is é mo thuairim- se go bhfuilir ró-dhian ar Sheaghán bhocht agus gur feárr an mianach atá ann ná 'san bhfear bhreac airgeadamhail atá agat dá mholadh gan faoiseamh. EIBHLÍN — A Dhomhnaill, cad d'imthigh ort? 'Sin é, ghabh Seaghán an treo agus do bhuaidh a chuid bhladair ar do chéill. Is measa anois thú ná an cailín crádh-
chroidheach so atá ar gealtaigh i ndiaidh an scaothaire mhío-ághmharaigh úd ná fuil cion ag Dia ná ag daoinibh air, ruidín suarach salach sleamhain-shálach, fúnachtaidhe fochmach, folamh, folaire an ghorta, bochán beadaidhe, beag-chiallach, amhus achrannach achmhusánach — NUALA (ag gol) — Sin í an chaint a bhíonn agat i gcomhnuidhe. Do bhrisfeá croidhe aingil a bheadh ag pléidhe leat. Nach iongantach ná feicfeá locht éigin ar an ndunaire eile úd atá ag cur éiclips ar do shúilibh le n-a chuid airgid — agus gan an t-airgead féin aige b'fhéidir! Ó, a Dhomhnaill, cad do dhéanfad i n-aon- chor? Cad é an mhaitheas an saoghal i n-aon-chor is gan uair do chluig do shuaimhneas agam? Ó, a Dhomhnaill, cad do dhéanfad i n-aon-chor, i n-aon-chor? EIBHLÍN — Éist annsain, a spideóigín bheag mhas- laitheach, mí-iomchair, ná faghaim focal eile as do phluic. Acht pós Tomás Breac is beidh saoghal breágh socair oll-mhaitheasach agat. NUALA — Ní phósfainn an folaire áir sin dá mbeadh an domhan ar fad ag tabhairt taoibh leis is gan fear eile le faghbháil idir mhuir is grian. EIBHLÍN — Ó, mo sceimhle, Is mo chreach nimhneach, Mar gur b'í m'inghean tú, Cé gur bean gan bhrígh tú, Gan seóladh slighidh ionnat Do ló ná d'oidhche. DÓMHNALL — Ciúnuigh anois, a Eibhlín, is ná cráidh an cailín bocht.
EIBHLÍN — Ó mhaise crádh croidhe chuichi, mar is mise atá cráidhte i gceart aici sin. DOMHNALL — Bíodh foighde agat, a Eibhlín, agus leig damh-sa an cheist do réidhteach eadraibh. EIBHLÍN — Níor chás duit, is amhlaidh a chuirfir sinn níos géire i n-achrann i n-a chéile. DOMHNALL — Fan go bhfeicfir. Beidh an bheirt óig- fhear sain annso láithreach agus beidh tart ortha. Déarfad-sa leo ag ól an uisce dhóibh athchuinge éigin do dhéanamh agus go bhfaghaid a dtoil. Acht má iarr- faid nídh ar mhaithe leo féin amháin tiocfaidh iomard éigin ortha 'na thaobh mar ar tháinig orm-sa féin fairíor, nuair do buaileadh le daille mé tá fiche bliadhain ó shoin is mé ag iarraidh saidhbhreas Risteáird Uí Fhoghladha do sheóladh chúgham féin. EIBHLÍN — Níor airigheas riamh a leithéid sin do cháil ar an dtobar seo, ciodh go ndeirid daoine go bhfuil draoidheacht air. DOMHNALL — Sin é atá air go díreac mhaise agus is agam-sa atá a fhios sain go cruinn. EIBHLIN — 'Seadh tiomáin leat mar sin, agus feiceam cionnas a bheidh an scéal. DOMHNALL — Is geárr anois go mbeidh siad chúghainn agus bailigh-si leat agus ná bí dár gcur tré chéile. (Exit EIBHLÍN.) Chídhfir anois, a Nuala, cia aca is ceanamhla ort, agus cia aca do b'fhearra dhuit pósadh. NUALA — Mhaise is beag dá mhearbhail orm agus dá bhfeicfeadh mo mháthair é chomh soiliéir is chím-se bheinn an-shásta im aigneadh.
DOMHNALL — Fág-se fúm-sa, is fá na daoinibh maithe é, a chailín mo chroidhe. NUALA — Éist, airighim fuaim a ngotha ag troid le chéile, tá siad chúghainn agus an girrfhiadh ag Seaghán. (Re-intrant SEAGHÁN agus TOMÁS.) NUALA — Mhaise, mo ghreidhin go deo thú, a Sheagháin, is minic roimhe seo do rinnis éacht, cuir annsain í — (ag sínead amach a láimhe chuige). (Ritheann Seaghán na coinnibh agus crothann a lámh go ceanamhail.) NUALA — Muna mbeadh go rabhas-sa tuirseach ó 'm thuras i ndé ní leigfinn an girrfhiadh sain leat. SEAGHÁN — Níor chás duit breith ar asal bhachach, ní airighim girrfhiadh. Airiú, a Nuala, a chara, táimíd marbh tnáidhte, fagh árthrach agus tabhair deoch dúinn. DOMHNALL — Dé bhar mbeatha, a cháirde, ba the an turas sain do thugabhair agus ní hiongnadh go mbeadh tart oraibh. Acht tógaidh bhar suaimhneas. Tobar draoidheachta is eadh é seo agus cibé ólfas as an céad uair gheobhaidh sé a athchuinge da mhéid í. Seo libh anois, agus ná bhíodh gainneacht ar bhar n-athchuinge. TOMÁS — An dá ríribh a taoi, a Dhomhnaill, an amhail a deirir go bhféadfainn-se anois ar ól an uisce seo dham mo sháith d'airgead is d'oll-mhaitheas d' fhaghbháil, dá gcuirfinn rómham é. DOMHNALL — Sin é adeirim gan amhras, agus is beag dá mhearbhail orm mar ní haon uair amháin do tharla a leithéad sain d'éacht annso. SEAGHÁN — Is maith an scéal é muna bréag é. Acht an bhfuil aon tsaghas athchuinge eile le faghbháil acht airgead nó saidhbhreas?
DOMHNALL — Gach saghas athchuinge ar a smuainfeadh an croidhe daonna atá sé le faghbháil ós na daoinibh maithe atá i bhfeighil an uisce seo. TOMÁS — An eadh, a Dhomhnaill, an dá ríribh a taoi? DOMHNALL — Ní headh is dócha acht ag magadh; chídhfir féin ar ball. TOMÁS — Bead-sa ar tosac ar aon-tslighidh is má bhíonn airgead im dhiaidh, bíodh sé ag Seaghán Fiadhain. Tabhair dom copán lán don uisce bhríoghmhar so na ndaoineadh maithe. Óm chroidhe amach toilim is athchuingim: Go mbeidh sé feasta agam Sparán buidhe ceangailte, Fuaighte ceartuighthe, 'S a scórnach tachtaighthe Le hór buidhe is airgead, Go raibh saoghal fada agam, Scléipeach aiteasach, Gan brón ná atuirse. (Re-intrat BROCÁN.) (Ólann TOMÁS as copán uisce go fuidheach agus láithreach tagann BROCÁN ar an dtaobh thiar de i ganfhios agus cuireann slaitín suas le n-a bhéal dá bhualadh le balbhacht.) (Exit BROCÁN) NUALA (i leath-taoibh) — Is beag an cuimhne atá ar Nuala i gcroidhe an fhonnachtaidhe seo; mo chreach is droch-mhaitheasach an nuachar a dhéanfadh sé. DOMHNALL (i leath-taoibh) — Maith an buachaill! Beidh na gréithre seo chúghat, ná bíodh eagla ort, is mór
oireann siad duit. (Ós árd.) 'Seadh im basa do chuiris a lán ins na bréithribh sin, ní fhéadfadh file níos mó d'fhuineadh ionnta. Tá eagla orm nár fhágais aon nídh ag Seaghán Fiadhain bhocht gan sciobadh leat. 'Seadh, a Sheagháin, is é t'iarracht-sa anois, feiceam cad a thabharfaidh na daoine maithe dhuit-se. SEAGHÁN — Tabhair dom copán do'n uisce sin, a Nuala, mar is mór é mo thart is ní tart chum óir ná airgid atá orm-sa. Glaodhaim ar na daoinibh maithe is ó 'm chroidhe amach toilim is athchuingim!: Ór is suairceas Is saoghal maith buanmhar Gan brón, gan buaidhreamh, Ní headh tá uaim-se, Acht go mbeadh mo Nuala, Cneasta uaibhreach, Sásta suainmhear, Suas lem ghualainn, Gan scaradh uaim-se Le bruid ná cruadhtan. DOMHNALL — Maith an fear, a Sheagháin, is feárr an athchuinge sin ná ór is ná fad saoghail. NUALA — Fad saoghail chúghat leis, agus ór do dhóthain, sin í mo ghuidhe dhuit, a Sheagháin, a chara. SEAGHÁN — 'Seadh, ariú, a Thomáis, ar tháinig an t-airgead sain fós? TOMÁS — Ní — ní — ní — ní — ní — ní — SEAGHÁN — 'Seadh anois, ná bí ag tabhairt tar-
caisne dhamh-sa, ní fhuiligeóchad uait í, bíodh a fhios sain agat. TOMÁS — Má — má — má — má — má — SEAGHÁN — Dún do chlab, adeirim leat, nó chomh dearbhuighthe is tá Seaghán Fiadhain mar ainim orm, fágfad scriosta na cnámha agat. SEAGHÁN — Féach air, is dóigh. Féach an scaimh sin a chuireann sé ar féin d'fhonn masladh do thabhairt dam. Cuir uait an bhriotaireacht sain, is labhair go cóir i bpéin do ghortuighthe. SEAGHÁN — Féach ar airiú, le — le — le — ag an mío-ágh ort, a raispín áir. TOMÁS — Seá — seá — seá — SEAGHÁN — Seá — seá — seá. Ní seá — seá — seá — mise agat a chníopaire ghránna, nach masluightheach an ruidín súigh é? Éist nó labhair go ceart (ag ardughadh a láimhe chum a bhuailte.) TOMÁS — Fiadh — fiadh — fiadh — SEAGHÁNH — Fiadh agus fiolar, bíodh sain agat mar sain (dá bhualadh le basóg ar feadh na cluaise) — fiadh, fiadh. (Buaileann SEAGHÁN arís agus arís é agus ag gabháil dá chéile dóibh leagtar Tomás agus annsain re-intrat EIBHLÍN.) EIBHLÍN — Ochón ó! cad tá oraibh mar sin? airiú, féach mar a bhfuil an spadalach so anuas ar mo laogh gheal! Á, a raispín na croiche bog dom bhuidheanach.
(Eirghid an bheirt, tnáidhte suaidhte ó n-a chéile. Dírigheann EIBH- LÍN ar SHEAGHÁN.) A ablaigh ghránna, Gan meas gan náire, Suas ar do láimh-se, Ná baisc mo ghrádh geal. NUALA (Ag gol) — A mháthair, éist liom-sa. EIBHLÍN — Dún do bhéal, a thoice, is tú fá deara an ghnótha so ar fad. Féach anois an íde atá ar do leannán, Tomás Breac bocht. NUALA — Éist liom, a mháthair, — EIBHLÍN — Ciuinigh adeirim leat, nó is duit is measa. Tar i leith chúgham a Thomáis, a chara, go dtirimeóchad an fhuil atá ar t'aghaidh; mo ghrádh thú, is cad do bhain duit is dul chum clampair leis an gconnartach sain? TOMÁS EIBHLÍN — Cad é sin adeirir a laogh mo chroidhe, tá sé i riochtaibh an bháis, tá a chaint ag leathadh air. DOMHNALL (I leath-taoibh) — Leathadh leitheóige air féin is ar a chaint. TOMÁS EIBHLÍN — A Dhia mo thruagh go deo mé ag pléidhe libh; a Sheagháin, airiú, cad do rinnis leis seo? SEAGHÁN — Fiafraidh de féin cad d'imthigh air. EIBHLÍN — Cad d'imthigh ort airiú, a chiallaigh? TOMÁS EIBHLÍN — Óchón ó, mo chroidhe! a Dhomhnaill, is tusa do rinn an toirmeasc ar fad. Cad chuige go bhfuil sé seo gan urlabhra agam?
DOMHNALL — Is é féin fá deara sain. Ná dubhart- sa leat cionnas do bheadh an scéal? Is é an droich- mhianach atá 'n-a chroidhe do bhris amach ann. Dubhart go dtiocfadh iomard éigin ar an té do dhéanfadh athchuinge ar mhaithe leis féin amháin ag ól an uisce dhó agus is mar sin do thárla an t-éacht so. D'ól Tomás an t-uisce is d'iarr sé ór is airgead is fad saoghail. EIBHLÍN — Is nár mhaith an rud sain? DOMHNALL — Acht níor chuimhnigh sé ar Nuala ná ar aoinne eile, is do féin amhain d'iarr sé an t-ór. D'ól Seaghán Fiadháin bocht an t-uisce is d'iarr sé Nuala do bheith aige go bás agus ná beadh beann aige ar ór ná ar airgead. Dá réir sin do buaileadh Tomás le balbhacht. D'airigheas féin na daoine maithe 'na thim- cheall ag baint fóghnaimh a chluas de. Dála Sheagháin ní'l dearmad ná go bhfaghaidh sé a athchuinge is go bpósfaidh sé Nuala. EIBHLÍN — Ochón mo scólladh, 'Sé sin an pósadh. Gan bhail gan fóghnamh, An straoile bróin seo Aici mar nóchar, 'S gan treabh ná treo aige Acht dronn is comhartha air Ag siubhal an bhóthair.
NUALA — B'fheárr liom Seaghán gan feoirling ná Tomás agus an domhan uile aige. SEAGHÁN — Mo ghreidhin chroidhe mo chailín, cuir annsan í (ag síneadh amach a láimhe) an dtógfair mé mar chéile is gan scilling 'san tsaoghal agam? EIBHLÍN — (le Nuala) ná bain leis, adeirim leat. DOMHNALL — Leig di fein, a Eibhlín, leig di a rogha féin do thógbháil. NUALA — Is tú mó chéile Ar feadh mo shaoghail-si Gan ór na spré-chnuic Gan biadh gan éadach, Acht ag iarraidh déarca, 'S is feárr sain féinidh Ná claoidheadh le sméirle Gan bhail gan éirim. SEAGHÁN — Mo ghreidhin go bráth tú Mo chailín álainn Atá ullamh sásta Le gabháil le Seaghán bhocht 'S gan rud 'na mhála Acht rud gan áireamh Gan tigh gan áitreabh Acht ruagadh is fán air Ó choill go lán-chnoc. EIBHLÍN — Mo thruagh im chroidhe sibh mar is mise atá cráidhte im chliabh le nbhar nduainreacht gan bhrígh gan
tairbhe. Féach, anois, cia thabharfaidh lón an lae dhaoibh? DOMHNALL — Na daoine maithe. EIBHLÍN — Ochón mo mhasladh, Is mo chumha an fhaid mhairfead, Na daoine maithe! Is mór a bheid 'na gcúram. (Intrat NÓRA). NÓRA — An bhfeacaidh aoinne annso fear dár ainim Seaghán Fiadhain? agus ir cóir an t-ainim do tugadh air, mar is é mo chroidhe-si atá briste dá lorg. NUALA — Ná bí ag tarcaisniughadh Sheagháin nó is duit is measa, ní beag dó mo mháthair chuige, bíodh teanga chiúin id cheann, a Nóra. SEAGHÁN — Cia hí seo ag casadh asmhucháin liom? NÓRA — Ó hó, féach mar a bhfuil sé: maise crádh croidhe chúghat-sa, a Sheaghain, mar an tusa do chuir an tuiras orm: féach, níor fhágas páirc ná póirse ón Ráith go Cúil na hAbhann gan cuardach duit. SEAGHÁN — Agus cad é an gnó atá agat díom? NÓRA — Féach, tá mo chroidhe bocht ag bualadh is ag dhian-phreabadh le neart reatha. SEAGHÁN — Innis dam, cad é do ghnó dhíom? NÓRA — Maise, crádh croidhe chúghat, shíleas ar dtúis go rabhais i bpáirc na giolcaighe, agus ar ndóigh siúd ann mé ar saothar.
SEAGHÁN — Cad tá uirthe sin? Cad tá uait, ná labharfá? NÓRA — O mhaise, greadadh chúghat, nuair a bhíos ag páirc na giolcaighe ní raibh do rian ná do thuairisc ann agus as sain liom ar sodar go dtí an Garaidhe Dearg agus — SEAGHÁN (Ag déanamh uirthi) — Cuirfead-sa deith- neas ort nó is greannmhar an scéal é, cad tá uait? NÓRA — Tá mo chuid anála imighthe is ní féidir liom labhairt. SEAGHÁN — Cad tá uait, abair é laithreach nó cuirfead-sa máchail ort? NÓRA — Dá gcuirfeá fiche máchail orm ní fhéad- fainn innsint; níor tugadh an tabhairt suas orm chuige, acht b'fhéidir go dtabharfadh an páipéar seo — ologón do chailleas é — (ag cuardach a cuid éadaigh) — ó — níor chailleas — bh'fhéidir go dtabharfadh an páipéar so cúnntas duit is muna dtabharfaidh ná bíodh a mhilleán orm-sa (síneann sí litir chum SEAGHÁIN). SEAGHÁN — Muna mithid duit sin. (Osclann an litir agus léigheann). Litir ó hAmerica í seo. Ó hó! tá dearbhráthair máthar dom marbh agus d'fhág sé míle púnt le hudhacht agam — beannacht Dé le n-a anam. Is uaigneach an rud an bás! NUALA — An dá ríribh a taoi, a Sheagháin.
EIBHLÍN. — Ní headh mhaise, acht ag magadh fút-sa agus is é atá tuillte agat. SEAGHÁN — Má's magadh é, sin í an litir agus léigh féin í. NUALA (ag féachaint ar an litir) — Im basa ní haon mhagadh í seo. Tá sé go ceart cruinn annso gach fhocal dá ndubhrais. DOMHNALL — Mhaise, mo ghreidhin chroidhe iad na daoine maithe! An t-airgead d'iarr Tomás is ná fuair, sin é ag Seaghán é agus gan é d'iarraidh i n-aon-chor! TOMÁS (go neamh-fhoighdeach) DOMHNALL — Tá do bh'í — b'í — tuillte go maith agat, a bhochtáin an ghorta, mar is tú do bhí bocht, gann, an- acrach leis an ndall mbocht ná tabhairfeá scilling ná pinginn dó. DOMHNALL — Na bodhar sinn anois led EIBHLÍN — Is greannmhar an saoghal é. Is ar éigin a tá á fhios agam cá bhfuilim. Gabhaim do phárdún, a Sheagháin, a dhuine chirt dhaonnachtaigh agus go bráth arís ní cháinfead thú; bíodh m'inghean agat agus is í m'ath- chuinge ó chroidhe dhaoibh, go mairidh sibh a chéile fá shuaimhneas is sonas. Tabhair dom do lámh. SEAGHÁN (ag síneadh amach a láimhe chuichi) — Maithim ó chroidhe dhuit, a mháthair mo chéile, agus ná bíodh fuacht ná ocras ort, an fhaid a bheidh slinn ós mo chionn-sa.
NÓRA — Agus cad do dhéanfaidh Tomás bocht? Ná raibh sé chum Nuala do phósadh? TOMÁS NÓRA — A Dhia, cad tá air sin? NUALA — Do chaill sé a úrlabhra ar chuma éigin iongantach. NÓRA — Ochón! ochón! mo chathughadh é, agus an oireadh sain saidhbhris aige! EIBHLÍN. — Tá an saidhbhreas aige mhaise ar aon tslighidh. Ní'l amhras ná go bhfuil. NÓRA — Rud ná dubhart riamh fós déarfad anois. Táim-se i ngrádh le fada le Tomás Breac, acht go dtí seo shíleas ná raibh aon mhaitheas dam é d'adhmháil bhí an oiread sain saidhbhris aige agus mise lom dealbh, acht anois bh'fhéidir ó tá Nuala scartha leis agus gan caint 'n-a theangain go ngeóbhadh sé liom. Má aontuigheann sé, is mé féin bheidh ró-shásta. TOMÁS (ag rádh sain dó téidheann anonn chuichi is beireann ar láimh uirthe is pógann a lámh agus tabharann iarracht ar labhairt.) NÓRA — Mo ghreidhin thú, a Thomáis bhoicht; táim-se sásta anois ar aon chuma. EIBHLÍN — Má taoi, a Nóra, táimíd go léir sásta Dála Thomáis — TOMÁS
DOMHNALL — Tá Nóra leis te i ndiaidh a turais agus b'fhéidir go mbeadh deoch uaithi. NÓRA — Is maith an áit go rabhais. Is mé atá te tartmhar agus tabhraidh dom copán don uisce sin. DOMHNALL — Ag ól an uisce seo dhuit don chead uair, bíodh a fhios agat go b'fhaghair cibe rud iarrfair, mar tá draoidheacht ar an dtobar so. NÓRA — Mhaise, leig dom fhéinidh, a dhuine, is beag an cuimhneamh atá agam orm féin. Is ar Thomás bhocht atá mo chásamh. DOMHNALL — Tabhair di copán don uisce. NÓRA — Is í m' athchuinge gó dtiocfaidh a chaint arís do Thomás Breac (ólann deoch). (re-intrat BROCHÁN ar an dtaobh thiar do THOMÁS agus buaileann le slaitín é i ganfhios agus exit.) NUALA — Is maith sin uait, a Nóra, is tusa atá go daonnachtach agus taoi ro-mhaith do Thomás. DOMHNALL — Maith an cailín, a Nóra, is beag ar chuimhinigh Tomás ar aoinne acht air féin, agus cuireadh sé milleán a iomaird air féin. TOMÁS — Tá an ceart agat, a Dhomhnaill, is mise do rinn an t-olc agus tá cathughadh 'na thaobh orm agus is ar Nóra atá mo bhuidheachas i dtaobh m'urlabhra do chasadh arís orm agus is mise do chlaoidhfidh léi go lá mo bháis. NÓRA — mo ghreidhin thú, a Thomáis, agus is mise atá ró-shásta tú a bhéith slán arís.
DOMHNALL — Mo chara iad na daoine maithe is cneasta truaighmhéileach iad acht bhéith cneasta leo, agus ní cóir daoibh an tobar so d'fhágbháil gan pas rinnce do bhéith agaibh an eagla go ndéanfadh siad tnúth libh. SEAGHÁN is NUALA (i n-éinfheacht) — Is fíor duit-se sin, a Dhomhnaill, seinn suas an ceol. TOMÁS — Gluais ort, a Nóra, ní bheam-na leis- ceamhail chum iad do leanmhaint. EIBHLÍN — Is agam-sa atá an tnúth libh go léir — (Rinncid a gceathrar agus DOMHNALL ag seinm dóibh. Taréis pais rinnce exeunt, agus laithreach re-intrant BROCÁN, CÍSTE, BÚNSA agus MÁINE le n-a sluaghtaibh agus cromaid an ceathrar ar rinnce, agus duine do'n tsluagh ag seinm dóibh.) BRAT
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services