Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lughaidh Mac Con
Title
Lughaidh Mac Con
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar, An tAthair,
Pen Name
Cath Muige Mucrime
Composition Date
1914
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Lughaidh Mac Con Caibidiol a haon Áine. Bhí rí ar an Mumhain fad ó agus Ailill ab ainm dó, Ailill Ólom. Sadhbh, inghean Chuinn Chéad-chathaigh, an bhean a bhí aige. Bhí triúr mac acu, Eóghan mac Ailealla agus Cian mac Ailealla agus Cas mac Ailealla. Ó'n dtriúr san is eadh do shíolraidh na trí cineacha móra san an Eóghanacht agus an Chianacht agus Dál gCais. I mBrugh Ríogh, ar bruach Máighe, a bhí ríghtheaghlach Ailealla. Bhí priúnsa óg de Chorca Laoighdhe ar oileamh- aint ag Ailill agus ag Sadhbh. Lughaidh Mac Con ab ainm do'n phriúnsa san. Deir an seana-leabhar gur "ar aon ghlúin agus ar aon chígh" do hoileadh an priúnsa san agus Eóghan mac Ailealla. Mac do Shadhbh ab eadh é. Tá cnoc ná fuil i bhfad ó Bhrugh Ríogh agus Cnoc Áine a tugtar anois ar an gcnoc san. Áine Cliach a tugtí roimis seo air. Cnoc sídhe ab eadh é. Bhí sluagh sídhe ann. Bhí rí ar an sluagh sídhe sin agus Eóghabhal ab ainm dó, agus bhí inghean ag an Eóghabhal san agus Áine ab ainm di. Is uaithi sin a tugadh "Áine Cliach," agus "Cnoc Áine," ar an gcnoc. Bhíodh féar ana-bhreágh ar chliathánaibh an chnuic sin agus is ann a curtaí capaill an ríogh chun fosaidheachta. Oidhche Shamhna áirighthe do fágadh na capaill ann agus
ar maidin amáireach a bhí chughainn ní raibh aon chapall acu le fagháil! Do cuarduigheadh an chomharsanacht. Ní raibh aon mhaith ann. Ní raibh aon tuairisg ag aoinne ortha agus ní raibh a rian le fagháil ag imtheacht ó'n gcnoc. Do cuireadh tuilleadh capall ann agus do cuireadh lucht faire 'n-a mbun. Níor imthigh aon ní ar aon chapall acu go dtí go dtáinig Oidhche Shamhna arís. An oidhche sin do thuit a gcodladh ar an lucht faire. Nuair a tháinig an lá ní raibh tásg ná tuairisg ar aon cheann desna capaillibh. Do cuarduigheadh ins gach aon bhall mór-thimcheall na dúthcha i gcian agus i gcomhgar. Ní raibh aon mhaith ann. Ní bhfuaradh capall ná rian capaill i n-aon treó baill. Do cuireadh capaill eile ar an gcnoc agus do cuir- eadh lucht faire 'n-a mbun. D'imthigh an bhliadhain agus níor imthigh basgadh ná bárthan ar aon chapall acu, do ló ná d'oidhche, i gcaitheamh na bliadhna. Tháinig Oidhche Shamhna. Tháinig Ailill féin chun na faire dhéanamh an oidhche sin. Do socruigheadh inead sínte dhó ar an gcnoc. Bhí na capaill 'n-a thimcheall agus iad ag inníor. Ag éisteacht leis an inníor dó do thuit a chodladh air. Choidil sé go sámh go dtáinig an lá. Nuair a dhúisigh sé as a chodladh bhí an ghrian ag éirghe. D'fhéach sé 'n-a thimcheall. Ní raibh capall ná' searrach le feisgint ach mar bheadh an talamh tar éis iad do shlogadh. Annsan is eadh bhí an iongnadh i gceart ar Ailill. Ní fheidir sé ó thalamh an domhain cad a bhí ag imtheacht ar na cap- aillibh ná cad a bhí 'ghá mbreith chun siubhail, ná cá rabh- athas 'ghá mbreith chun siubhail chomh glan san ná raibh aon phioc dá rian le feisgint beó ná marbh. Bhí fear 'n-a chomhnuidhe thíos i gcúige Laighean an uair chéadna agus Feircheas ab ainm dó. Fáidh ab eadh an fear san, agus féinnidh ab eadh é leis. Bhí eólus
ar dhraoidheacht aige agus bhí eólus ar arm aige. Cara ana-dhílis ab eadh é do rígh Mumhan, d'Ailill. Chuir Ailill teachtaireacht síos ag triall air 'ghá iarraidh air teacht chuige go Brugh Ríogh, go raibh gnó ana-mhór aige dhé. Tháinig Feircheas. D'innis Ailill dó an sgéal go léir ó thosach go deireadh; cionnus mar a beirtí chun siubhail na capaill gach aon Oidhche Shamhna agus ná deintí baint le haon chapall acu an chuid eile de'n bhliadhain. Cheistigh Feircheas é i dtaobh na ndaoine a bhí sa chomharsanacht agus i dtaobh an chuardaigh a deintí. Ní raibh sé sásta go dtí gur thug sé féin agus an rí cuaird na tíre mór-thimcheall, ag féachaint ar an dtír agus ag caint leis na daoine agus 'ghá gceistiughadh i dtaobh aon daoine iasachta bheith ag teacht san áit ó am go ham. Ní bhfuair sé aon eólus uatha. Annsan dubh- airt sé le hAilill go raghadh sé abhaile agus go dtioc- fadh sé Oidhche Shamhna a bhí chughainn. Tháinig Oidhche Shamhna agus tháinig Feircheas fé mar a bhí geallta aige. Do chuaidh Ailill agus do shín sé ar an gcnoc, ag faire. D'fhan Feircheas i n-aice an chnuic, agá bhun. Thuit a chodladh ar Ailill, díreach mar a thuit gach uair dá raibh sé ann roimis sin agus é ag éisteacht leis na capaillibh ag inníor. Nuair a bhí sé 'n-a shámh-chodladh tháinig an sluagh sídhe amach. Do ghluaiseadar amach agus Eóghabhal 'n-a ndiaidh. Bhí Áine roimh Eóghabhal amach agus tiompán aici agus an ceól sídhe aici dá sheinnt ar an dtiompán. Nuair a bhíodar chomh fada amach le bun an chnuic agus iad ag tosnughadh ar na capaillibh do bhailiughadh leó isteach do rith Feircheas chucha agus bhuail sé Eóghabhal. Do rith Eóghabhal thar n-ais chun dul isteach arís sa chnoc. Do rith Feircheas 'n-a dhiaidh agus chaith sé gath leis agus bhuail sé é sar ar fhéad sé dul isteach. Chuaidh an gath
tré n-a dhrom agus amach tré n-a chliabh. Do thuit sé marbh, díreach san áit 'n-a raibh Ailill 'n-a chodladh. Do léim Ailill as a chodladh. Le linn léimt as a chodladh dhó bhí Áine ag rith thairis agus do rug sé uirthi. "Bog díom!" ar sisi. "Ní bhogfad!" ar seisean. "Díolfair as!" ar sisi. "Cad as go ndíolfad?" ar seisean. "As an olc atá déanta agaibh orm," ar sisi. "Cad é an t-olc atá déanta agam-sa ort?" ar seisean. "Mo shárughadh agus marbhadh m'athar," ar sisi; "agus déanfad-sa sárughadh ort-sa," ar sisi. "Geall- aim duit," ar sisi, "gur ró bheag an sárughadh ná an marbhughadh a bheidh ar do chumas a dhéanamh um an dtaca 'n-a mbead-sa sgartha leat!" Le n-a linn sin bhí sí imighthe as a radharc. Tháinig Oidhche Shamhna 'n-a dhiaidh san agus bhí na capaill ar an gcnocán gcéadna agus an lucht faire ag tabhairt aire dhóibh, ach má bhíodar níor thuit aon chod- ladh ar an lucht faire agus níor rugadh chun siubhail aon chapall. Chuaidh gach aon rud chun suaimhnis. Chuaidh Feircheas síos abhaile agus tháinig gnóthaí eile ar Ailill agus d'imthigh an sgéal san as a cheann. Caibidiol a dó. An Dos Iubhair. Bhí Art mac Cuinn i n'Áirdrígh ar Éirinn. Chuaidh sé siar go Cúige Connacht ar chuaird. Bhíodh sé ag bronnadh séad nuair a bhíodh sé ar a chuardaibh mar sin.
Eachradh agus srianta ab eadh cuid desna séadaibh a bhronnadh sé. Bhí sé 'ghá mbronnadh san i gConnachtaibh an uair sin. "Tá sé chomh maith agam dul ó thuaidh go dtí pé áit 'n-a bhfuil an t-Áirdrí i gConnachtaibh," arsa Eóghan mac Ailealla. "B'fhéidir go dtabharfadh sé each maith dhom agus srian áluinn. Is mó m'éiliomh-sa air 'ná éiliomh aon fhir i gConnachtaibh, ó is é dearbhráthair mo mháthar é." "Is fíor san," arsa Sadhbh, "gluais ort," ar sisi. "Raghad-sa leat," arsa Lughaidh Mac Con. "B'fhéidir go dtabharfadh sé each maith agus srian ghreanta dhomhsa, leis, ó's ar aon ghlúin agus ar aon chígh do hoileadh sinn araon." "Tá go maith," arsa Eóghan. "Téanam ort. Tá áthas mór orm tu bheith i naoinfheacht liom, a Lughaidh. Ní mhothóchaimíd faid na slighe an fhaid a bheimíd i bhfochair a chéile." "Má tá aon teachtaireacht agat, a mháthair," arsa Eóghan, "le cur ag triall ar an Áirdrígh anois an t-am agat." "Ní'l, a mhic," arsa Sadhbh, "aon teachtaireacht agam le cur ag triall air. Ní'l agaibh le déanamh ach a innsint dó go bhfuilimíd go léir go maith annso agus go bhfuil súil againn go bhfuil an sgéal céadna acu- san." "Tá eagal orm," arsa Eóghan, "go mbeidh mé bodhar aige féin agus ag daoine nách é 'am cheistiughadh i dtaobh Áine Cliach agus na gcapall úd a rugadh uainn." "Éist, a Eóghain," arsa Lughaidh, "ar neóin sin mar is fearr é. Má bhodhraid siad sinn leis an bhfiafraighe ní'l againn ach iad-san do bhodhradh leis an innsint. Nuair a neósfar d'Art i dtaobh na gcapall a rugadh
uainn is móide an fonn a bheidh air capaill mhaithe do thabhairt dúinn b'fhéidir." "Maith an áit i rabhais, a Lughaidh, a mhic!" arsa Ailill. "Is dóich liom gur maith an bhail ar Eóghan tu bheith ag dul i n-aoinfheacht leis." Chruinnigheadar dírim marcach agus chuadar chun bóthair. Do ghluais an bheirt agus a ndírim marcach fan na habhann siar ó thuaidh. Bhí an lá go breágh agus a dheall- radh air go leanfadh sé breágh, agus go leanfadh an aimsir breágh go ceann tamaill. Chuir san suilbhreas ar an mbeirt agus ar a gcualacht. Thángadar chun áite 'n-a raibh fánaidh leis an abhainn agus an t-uisge ag gluaiseacht go mear. Deir an seana-leabhar go raibh easach san áit agus go raibh dos iubhair, nó crann iubhair, ag fás ar bruach na habhann, os cionn an easaigh. Nuair a bhíodar ag gabháil thar an ndos iubhair do thosnuigh an ceól ba bhreághtha agus ba bhinne agus ba mhísle dár airigh aoinne acu riamh, ar sheinnt istigh sa chrann iubhair. Do stadadar go léir ag éisteacht leis an gceól. Bhí an ceól chomh háluinn sin gur fhanadar gan labhairt ná aon chor a chur díobh ar feadh tamaill mhaith. Fé dheireadh do léim Eóghan agus Lughaidh anuas dá gcapaillibh i n-aoin- fheacht agus siúd isteach san iubhar iad. Fuaradar firín ana-bheag istigh ann agus tiompán aige agus é ag déanamh an cheóil. Do rug Eóghan ar ghualainn air. Do rug Lughaidh ar an ngualainn eile air. "Liom-sa an ceól!" arsa Lughaidh. "Liom-sa an ceólaidhe!" arsa Eóghan. Chrom an bheirt ar an bhfirín do tharrang ó n-a chéile. "Má mharbhuigheann sibh me," arsa'n firín, "ní bheidh an ceól ná an ceólaidhe ag aoinne agaibh."
Ghlacadar socair é annsan ach do chimeád gach duine acu a ghreim féin air. "Cionnus a shocróchaimíd an sgéal?" arsa Eóghan. "Tá an sgéal socair cheana," arsa Lughaidh. "Is liom-sa an ceól agus dá bhrígh sin is liom an té a dhéan- faidh an ceól." "Is liom-sa an ceólaidhe," arsa Eóghan, "agus dá bhrígh sin is liom gach ceól dá ndéanfaidh an ceólaidhe." "Fágtar fé bhreith Ailealla an sgéal," arsa'n firín. "Táim sásta," arsa Lughaidh. "Ní foláir dó an ceól a thabhairt domhsa." "Táim sásta," arsa Eóghan. "Ní foláir dó an ceólaidhe thabhairt domhsa." D'iompuigheadar go léir agus thugadar aghaidh thar n-ais ar Bhrugh Ríogh chun a iarraidh ar Ailill an sgéal do bhreithniughadh eatartha. An fhaid a bhíodar ag teacht thar n-ais bhí fearg agus miosgais ag éirghe go fíochmhar idir an mbeirt, bíodh gur ar aon ghlúin agus ar aon chígh do hoileadh an bheirt. Cheap Lughaidh go raibh gníomh ana-ghránna ag Eóghan dá dhéanamh air agus a rádh ná fágfadh sé an firín aige féin. Cheap Eóghan gur chion i n-aistear an cion go léir a bhí aige ar Lughaidh, agus mura mbeadh gur bh'eadh go bhfágfadh Lughaidh an firín aige. Thángadar abhaile gan puinn cainte dhéanamh le n-a chéile an fhaid a bhíodar ag teact ach gach aoinne acu ag machtnamh, go dúr agus go dorcha, ar olcas an ghnímh a bhí ag an bhfear eile dá dhéanamh air. "Ó!" arsa Ailill nuair a chonnaic sé iad. "Airiú cad a thug thar n-ais sibh?" "An firín seo," ar siad. "Agus cad 'n-a thaobh gur thug sé sin thar n-ais sibh? Nó cad é an saghas firín é?"
"Ceólaidhe breágh is eadh é," arsa Eóghan, agus d'innis sé dhó cionnus mar a bhí an ceól iongantach istigh sa dos iubhair agus gur chuadar araon isteach san iubhar agus gur rugadar i n-aoinfheacht ar an bhfirín, agus annsan gur éirigh imreas eatartha féachaint cé aige go mbeadh an firín. "Cad is ainm duit, a fhir bhig?" arsa Ailill. "Fear Fí mac Eóghabhail, a rí," arsa'n firín beag. "Seinn cuid de d' cheól dúinn, a fhir bhigh," arsa Ailill, "go bhfeiceam an fiú thu an t-imreasán atá ag an mbeirt seo dá dhéanamh mar gheall ort." "Déanfad, a rí," ar seisean. Do tharraing sé chuige a thiompán agus do ghléas sé é. Ní raibh sa tiompán ach trí téada. Do sheinn sé an ceól a bhí aige dá sheinnt nuair a tugadh as an ndos iubhair é. Bhí an ceól go háluinn agus go haoibhinn. Bhíodar go léir 'n-a stad ag éisteacht leis. Ní leogfadh eagla d'aoinne oiread agus cogar cainte dhéanamh ná cor a chur de chois ná de láimh leis le heagla go n-imtheóchadh aon bhlúire d'aoibhneas an cheóil sin uaidh. Bhí Lughaidh agus Eóghan ag éisteacht leis an gceól agus bhíodar ag machtnamh. "Is liom-sa an ceól so," arsa Lughaidh i n'aigne féin, "agus ní bheidh a leithéid eile de cheól le fagháil i n-Éirinn!" "Is liom-sa an ceólaidhe," arsa Eóghan i n'aigne féin, "agus ní bheidh a leithéid eile de cheólaidhe le fagháil i n-Éirinn!"
Caibidiol a trí. Draoidheacht Feirge agus Miosgaise. Bhí an fear beag ag seinnt mar sin ar feadh tam- aill mhaith agus an teaghlach go léir ag éisteacht leis an gceól agus gan aon mhothughadh acu ar imtheacht na haimsire. Pé faid aimsire do leanfadh sé ag déanamh an cheóil d'fhanfaidís ag éisteacht leis gan cor a chur díobh bhí an ceól chomh haoibhinn sin. Is amhlaidh a bhíodar mar a bheidís fé dhraoidheacht aige. Bhí Sadhbh agus Ailill chomh mór fé dhraoidheacht an cheóil agus bhí aoinne de'n teaghlach. Bhí Eóghan agus Lughaidh fé dhraoidheacht an cheóil ach má's eadh níor bh'é an draoidh- eacht céadna é a bhí curtha ag an gceól ar an gcuid eile. Draoidheacht feirge agus miosgaise agus for- maid a bhí ag an gceól 'á chur ortha-san chun a chéile, agus gach duine acu 'ghá shocrughadh i n'aigne go mbeadh an firín aige féin sa deireadh pé cuma 'n-a ngeóbhadh an cluiche. Do stad an ceól. Tharraing gach aoinne anál breágh fada. "Tabhair breith dhúinn, a Ailill," arsa Lughaidh. "Cé aige n-a mbeidh an firín seo?" "Is liom-sa é," arsa Eóghan go ceapaithe. "Ní leat ach liom-sa," arsa Lughaidh go tur agus go feargach. "Nár chóir," arsa Ailill, "go bhfágfadh sibh fé'n bhfirín mbeag féin a rádh cé leis gur maith leis gabháil." "Is é an firín féin a dubhairt é fhágaint fút-sa, a rí," arsa Lughaidh. "Tá san fíor," arsa Eóghan. Le n-a linn sin do spreag an firín suas ceól eile,
an saghas ceóil ar a dtugtar goltraighe. Ceól ana- bhrónach ab eadh é, ach bhí an t-aoibhneas agus an binn- eas draoidheachta ann chomh comhachtach agus bhí sa chéad cheól. Níor bh'fhada gur chuir duine osnadh as. Níor bh'fhada gur chuir duine osnadh ba thruime 'ná é as. Do neartuigh ar bhrónaighe an cheóil, agus ar a bhinneas, agus ar a mhísleacht. Níor bh'fhada go raibh duine ag sileadh go bog, agus duine eile, agus duine eile. Níor bh'fhada gur ghluais, "och, och, ón!" ó dhuine, agus ó dhuine eile agus ó dhuine eile. As san do léimeadar go léir 'n-a seasamh agus chasadar an dá ologón déag agus iad ag bualadh na mbas agus ag briseadh a gcroidhe ag gol agus gach aon bhúirth acu, "Ó-ó-ch-och-och-och! Ó-ó-ch-och-och-och!!" i dtreó gur dhóich le duine ortha gur bh'é an saoghal go léir a bhí marbh. Do lean an ceól agus é ag dul i mbinneas agus i mísleacht agus i mbrónaighe go dtí go raibh cuid desna daoine ag tuitim ar an dtalamh agus ag dul i laige agus i bhfantaisíbh fuara le neart an ghuil. Do lean an ceól go dtí go rabhadar go léir leath-mharbh. Fé dheireadh do liúigh Ailill agus Sadhbh i n-aoinfheacht ar an gceólaidhe 'ghá iarraidh air stad. Do stad sé. Do stad an gol i ndiaidh chéile, ach bhí gach aoinne ag osnuíol agus ag cneadaigh agus ag mianfuíach ar feadh i bhfad. Bhí gach aoinne ag triomughadh a shúl chomh maith agus d'fhéad sé é agus a d'iarraidh a leogaint air ná raibh sé féin ag gol i n-aonchor. Thángadar chucha féin i ndiaidh chéile agus chuireadar díobh an osnuíol agus an chneadach agus an mian- fuíach, ach dob fhada go raibh a gcéadfatha agus a n-anál agus a meabhair cruinnighthe acu agus a nguth curtha chun suaimhnis acu i dtreó go mbeadh ar a gcumas puinn cainte dhéanamh. Nuair a thosnuigheadh duine acu ar aon
chaint a dhéanamh ní bhíodh dhá fhocal ráidhte aige nuair a thagadh snagadh 'n-a ghlór nó osnadh ó n-a chroidhe nó snap ar a anál, i dtreó go ndeineadh sé dhá leath de'n fhocal uaireannta nó go dtuiteadh focal ar fad uaidh agus go mbíodh lúb ar lár 'n-a chaint. Ach bhíodar ar a suaimhneas agus ar a socracht i gceann tamaill ach amháin duine desna mnáibh, annso agus annsúd, a chuireadh liach aisti anois a's arís. "Deirim an méid seo leat, a fhir bhig," arsa Ailill leis an gceólaidhe, "má 's é sin saghas ceóil a sheinnfir- se do'n duine de'n bheirt seo a gheóbhaidh thu, gur b'é mo thuairim-se nách ró fhada go molfaidh sé féin do'n duine eile thu gan a iarraidh ar mo bhreith-se thu mholadh dó." "Ná habair é sin a rí," arsa'n fear beag, "go n-airighir tuilleadh de'm cheól. Tá ceól nách é sin agam agus nuair aireóchair é measaim ná déarfair an chaint sin." "Tá go maith," arsa Ailill, "ach ná bain a thuilleadh desna hologónaibh asainn." "B'fhéidir, a rí," arsa'n fear beag, "gur mhaith led'shoilse go ndéanfainn ceól a bhainfeadh gáire amach." "Is fíor," arsa Sadhbh. "Níor mhisde dhúinn gáire maith a dhéanamh anois tar éis a bhfuil de ghol déanta againn." "Dein, a fhir bhig," arsa Ailill. "Seinn suas rud éigin a bhainfidh gáire asainn má fhéadann tú é. Ní ró fhuiriste dhuit gáire bhaint asainn tá a leithéid sin de ghruaim curtha agat orainn go léir leis an ngoltraighe." "Tá go maith," arsa'n fear beag, "seinnfead an geantraighe." Thosnuigh sé ar an ngeantraighe do sheinnt. Tháinig
sult láithreach i súilibh gac aoinne. Smidireacht gháiridhe is eadh tháinig ó'n dtiompán. Níor bh'fhada go raibh an uile dhuine dá raibh láithreach ag smidireacht gháiridhe, i n-aoinfheacht leis an dtiompán. Nuair fhéachaidís ar a chéile théighdís insna trithíbh. Nuair thagaidís as na trithíbh d'airighdís an tiompán arís agus é, ba dhóich le duine, ag cur an anma amach, ag ceól- gháiridhe. Do chasadh sé agus do lúbadh sé an ceól i dtreó gur dhóich leat gur rud éigin beó a bhí ann agus go raibh tuisgint agus aigne dhaonna aige agus gur bh'amhlaidh a bhíodh sé ag dul insna trithíbh dubha ag gáiridhe umpa go léir agus ag magadh fútha; agus an t-aoibhneas uathbhásach ceóil tríd an magadh go léir. Fé dheireadh do chuir sé sgeartadh gáire as. "Á á h-a, h-a, hááá!" ar seisean. Do hairigheadh, go hárd agus go binn, an gáire uasal, shultmhar, cheólmhar, chroidheamhail ins gach aon pháirt de'n ríghtheaghlach. Do phreab croidhe gach aoinne leis an sult. Do chaith gach aoinne siar a cheann agus do leath gach aoinne a bhéal agus a chraos agus siúd an sgeartadh gáire céadna amach as an uile chraos agus as an uile bhéal dá raibh san áit. "Á á-h-a, h-a, h-a, h-ááá!" arsa gach aoinne. D'fhéach gach aoinne ar a chomharsain chomh luath agus tháinig leis a shúile dh'osgailt. Chonnaic gach aoinne clab agus craos gach aoinne eile ar leathadh go hanspianta agus go hamadánta agus a n-anál ag imtheacht uatha agus iad i reachtaibh dul i laige le neart trithí. Chomáineadh an radharc san san anachainn ar fad iad le neart gáiridhe. Bhí Ailill thuas agus a chlab agus a chraos ar leathadh agus a dhá shúil dúnta agus a chliathána ar crothadh agus ar luasgadh mar a bheadh tonn-ar-bogadh, agus gach aon "H-ááá, h-a, h-a, h-ááá!" aige, agus é dá thachtadh le heasba anála
Bhí Sadhbh thuas i n'aice agus a clab ar leathadh ar an gcuma gcéadna agus craos uirthi agus an bhúirtheach chéadna aici 'á dhéanamh agus í ag tógáilt a dhá lámh i n-áirde os cionn a cinn agus annsan ag bualadh a dhá bas anuas ar a dhá glúin bhí sí i n-a leithéid sin de chás le neart gáiridhe. Bhí Lughaidh sa chruadh-chás chéadna. Bhí Eóghan sa chruadh-chás chéadna. Bhí an uile dhuine dá raibh láithreach sa chruadh-chás chéadna - agus, tríd go léir, an tiompán ag imtheacht ar buile le neart ceóil agus suilt agus gáiridhe. Nuair fhéachadh na daoine ar Ailill agus ar Shadhbh agus nuair a chídís an dá bhéal ar leathadh, mar a bheadh ag amadán agus ag óinsigh, ba bheag ná gur mheasa dhóibh chucha an radharc san 'ná an tiompán féin chun a chur fhéachaint ortha go léir amadáin agus óinseacha dhéanamh díobh féin. Do lean an sgéal ar an gcuma san acu go dtí go rabhadar go léir chomh buailte amach, chomh teinn chomh tuirseach ó shult agus ó gháiridhe agus a bhíodar roimis sin ó neart guil agus buadhartha agus bróin. Nuair a bhí a leath sínte ar an dtalamh le teinneas cinn agus le teinneas cléibh agus asnadhacha, do stad an tiompán. Annsan níor bh'fhada gur stad an uail gháiridhe. Chrom daoine ar bheith 'gá síneadh féin agus 'gá searradh féin agus ag teacht chucha féin. "Táimíd marbh agat, a fhir bhig," arsa Ailill, "marbh le gol agus marbh le gáiridhe!" "Táimíd marbh glan agat, a fhir bhig," arsa Sadhbh. "Ní bheidh cuimhne an ghuil sin ná cuimhne an méid sin gáiridhe curtha dhíom agam ní fheadar cathin. Nuair a chuimhnighim ar do gholtraighe is beag ná go mbain- eann an cuimhne osnadh ó m' chroidhe arís, agus annsan nuair a chuimhnighim ar do gheantraighe is beag ná go sgeinneann sgeartadh gáire asam i gan fhios dom.
Dein rud éigin a chuirfidh an dá shaghas ceóil sin as mo chuimhne nó beid na daoine ag magadh fúm nuair a chífear me ag gol agus ag gáiridhe gan chúis." "Is fíor, a fhir bhig," arsa Ailill. "Ní foláir duit rud éigin a dhéanamh a chuirfidh an goltraighe agus an geantraighe as ár gceann. Ní dhéanfadh sé an gnó i n-aonchor domhsa ologón guil a chasadh nó sgeartadh gáire chur asam, díreach, b'fhéidir, nuair a bheadh breith agam le tabhairt idir dhaoinibh agus gan fonn guil ná fonn gáiridhe ortha san ach fíoch agus fearg a ndóithin." "Tá go maith, a ríogra," arsa'n fear beag. "Má 's é toil bhur soilse é seinnfead-sa ceól daoibh a chuirfidh bhur gcroidhe agus bhur gcéadfadh chun suaimhnis agus chun sáimhe agus ná fágfaidh aon phioc d'iarsma guil ná gáiridhe oraibh." "Dein, a fhir bhig!" arsa Ailill. "Dein go díreach, a fhir bhig!" arsa Sadhbh. "Ó, is maith é sin! Is maith é sin!" arsa cách. Do ghléas an fear beag a thiompán agus chrom sé ar sheinnt. Do ghluais ó'n dtiompán an ceól breágh bog binn gur dhóich leat gur bh'ar éigin a bhí aon fhuaim i n-aonchor ann; gur dhóich leat nár bh'fholáir duit cluas do chur ort féin go géar nó ná haireóchthá é. Ach dá laige a bhí sé do chuaidh sé isteach go daingean i gcluasaibh agus i gceann agus i gcroidhe an uile dhuine a bhí ag éisteacht leis. Bhí crónán éigin ana- bhreágh ana-bhog, ana-shuairc, ag gluaiseacht i n-aoin- fheacht leis an gceól, agus bhí sa chrónán san suathadh nó luasgadh éigin do chuir i gcuimhne do'n mhuintir a bhí ag éisteacht leis mar a bheadh luasgadh cliabháin. Ba ghearr go raibh duine ag míogarnaigh. Ba ghearr go raibh duine eile ag míogarnaigh. Ba ghearr gur chuir duine srann as. Do phrioc duine é sin agus
chroth sé suas é féin agus d'fhéach sé 'n-a thimcheall, 'ghá leogaint air, mar dh'eadh, nár bh'é féin a dhein an srann agus ná raibh aon mhíogarnach air; agus go bhféad- fadh aoinne a dh'fheisgint cionnus mar a bhí fabhraí a shúl ag dúnad ar a chéile dá aimhdheóin bháis. Níor bh'fhada go raibh sé sin 'n-a shámh-chodladh agus ná dúis- eóchadh crothadh ná priocadh é. Níor bh'fhada go raibh an té a bhí 'gá phriocadh 'n-a chodladh chomh sámh leis. Do lean an ceól breágh, bog, binn, aoibhinn, suairc; agus an crónán a bhí ag dul isteach san inchinn acu, agus isteach sa chroidhe acu, agus isteach i smior agus i smúsach na gcnámh acu; agus an luasgadh suaircis, ar nós luasgadh cliabháin a bheadh:- "I mbarr na gcraobh 's an ghaoth 'á bhogadh;" Go dtí go raibh an uile dhuine riamh acu, idir ríghthe agus daoine, sínte 'n-a gcodladh go sámh, chomh sámh agus ná dúiseóchadh tóirneach iad. Caibidiol a ceathair. An Bhreith. D'fhanadar sa chodladh san an chuid eile de'n lá san agus an oidhche sin ar fad agus go dtí an tráth céadna amáireach a bhí chughainn. Nuair a dhúisigheadar as an gcodladh is amhlaidh a bhí teinneas cinn ortha agus teinneas cnámh agus mearathal aigne. Is amhlaidh a bhíodar 'n-a leath-amadánaibh agus gan a fhios acu cá
rabhadar ná cad a bhí imighthe ortha i n-aonchor. Fé mar a bhí a meabhair acu 'á chruinniughadh bhíodar ag ceistiúchán ar a chéile, "Cá bhfuilimíd? Cé hé thusa? Cad é an áit é seo?" I ndiaidh chéile thugadar chun a gcuimhne an t-éirleach guil a dheineadar an fhaid a bhí an goltraighe dá sheinnt dóibh, agus annsan cionnus mar a chuadar insna trithíb gáiridhe nuair a bhí an gean- traighe dá sheinnt dóibh. "A!" arsa Ailill, "suantraighe a sheinn an fear beag dúinn agus sin é chuir an codladh go léir orainn! Cá bhfuil an fear beag?" ar seisean. Bhí an fear beag imighthe. Nuair a bhíodar go léir 'n-a gcodladh go sámh aige d'imthigh sé leis féin agus d'fhág sé annsan iad. Bhíodar tamall maith a d'iarraidh a meabhrach do chruinniughadh agus a d'iarraidh an tuirse a bhí ortha do chur díobh agus a d'iarraidh a n-aigne agus a n-inchinn do ghlanadh ó'n meisge chodlata a bhí go trom ortha; agus iad, i gcaitheamh na haimsire ag spídiúchán go cruaidh ar an bhfear mbeag agus ar pé duine fé ndear é theacht ann. Dubhairt cuid acu gur bh'é Eóghan Mór mac Ailealla fé ndear é theacht ann. Dubhairt tuilleadh acu nár bh'é ach gur bh'é Lughaidh Mac Con fé ndear é theacht ann. Do labhair Lughaidh:- "Beir do bhreith eadrainn, a Ailill," ar seisean. "Cé eatartha go mbéarfad breith, a mhic?" arsa Ailill. "Idir mise agus Eóghan annso," ar Lughaidh, "Agus cad ann go mbéarfad an bhreith?" arsa Ailill. "Sa ní seo atá eadrainn," arsa Lughaidh, "i dtaobh cé aige go mbeidh an fear beag úd."
"Ní'l an fear beag ann anois," arsa Ailill. "Cad é an tairbhthe bheith ag breith bhreithe ar ní ná fuil ann!" "Ní'l sé annso anois," arsa Lughaidh, "ach b'fhéidir go bhfuighfidhe greim arís air fé mar a fuaradh cheana." "Tá súil agam ná faghfar," arsa Ailill. "Fuaram- air ár ndóithin dé, breis agus ár ndóithin. Má tá sé imighthe thar n-ais go dtí a dhos iubhair tá súil agam- sa go bhfanfaidh sé ann." "Is cuma san, a rí," arsa Lughaidh, "caithfir do bhreith a thabhairt dúinn i dtreó pé duine againn a gheóbh- aidh arís é go gcaithfidh sé é thabhairt do'n té is fearr ceart chuige. Tabhair do bhreith agus abair ce'cu liom-sa nó le hEóghan an fear beag pé áit 'n-a bhfuil sé." "Beir do bhreith, a rí," arsa Eóghan. "Is cuma liom-sa." "Ce 'cu agaibh a chuir lámh ar dtúis ar ghualainn an fhir bhigh?" arsa Ailill. "Chuireamair ár lámha i n-aoinfheacht air," arsa'n bheirt i n-aoinfheacht. "Cad a dubhrabhair le linn na lámh a chur air?" arsa Ailill. "Dubhart-sa," arsa Lughaidh, "is liom-sa an ceól." "Dubhart-sa," arsa Eóghan, "is liom-sa an fear." "Is le hEóghan an fear," arsa Ailill. D'éirigh Lughaidh ar buile. "Tá droch-bhreith tabh- artha agat, a rí!" ar seisean. "Ní'l," arsa Ailill, "droch-bhreith tabhartha agam. Tá breith tabhartha agam do réir na fírinne. An té adubhairt "Is liom an fear," is leis an fear." "Ní headh," arsa Lughaidh, "ach an té adubhairt, "Is liom an ceól," is leis an ceól, agus dá bhrígh sin is leis an fear a bhí ag déanamh an cheóil an uair chéadna. Tá breith éithigh tabharhta agat, a rí," ar seisean.
"Tá an bhreith fíor!" arsa Ailill go feargach. "Ní'l an bhreith fíor!" arsa Lughaidh. "Ní gnáth fírinne ag teacht as do bhéal-sa!" ar seisean. Nuair airigh Eóghan an focal san d'éirigh sé ar buile. "Éist-se do bhéal!" ar seisean le Lughaidh. "Pé duine thabharfaidh easonóir do'n rígh ná ná tabharfaidh ní do cheamalach mar thusa is cóir easonóir a thabh- airt dó!" "Ceamalach mar mise!" arsa Lughaidh. "Is ceamalach mar mise," ar seisean, "a ghearrfaidh an ceann san díot-sa agus shatalóchaidh ar do leacain!" Le n-a linn sin bhí an dá chlaidheamh amach agus i n-áirde. Níor dhein Eóghan ach é féin a chosaint. Ba threise agus ba mhó agus ba chródha d'fhear é go mór 'ná Lughaidh. Bhí sé i gcoinnibh na dlighe dóibh arm do nochtadh san áit, ach bhí Lughaidh mar a bheadh sé as a mheabhair. Is ar éigin a bhí cúpla iarracht agus cúpla cosaint déanta acu nuair a bhí Sadhbh eatartha agus iad curtha ó chéile aici. Do rug sí Lughaidh i leith-taoibh lé. "Faire! faire! a Lughaidh, a mhic mo chroidhe!" ar sisi, "cad chuige duit a leithéid a dhéanamh!" "Do chosnais é, a mháthair!" ar seisean, "ach bain- fead-sa an ceann dé fós i n-áit ná beir-se i n'aice chun é chosaint," agus do rith sé as an áit. Nuair a bhí Lughaidh imighthe bhí gach aoinne ciúin ar feadh tamaill. Ar ball do labhair Ailill. "Tá droch-fhuadar fé siúd," ar seisean. "Is fearr é leanamhaint agus labhairt leis agus an fhearg do mhaolughadh air má's féidir é." "Ní'l aoinne is fearr chun na feirge do mhaolughadh air 'ná Dodéara," arsa Sadhbh.
"Lean é, a Dhodéara," arsa Ailill, "agus féach a bhféadfá é chur chun suaimhnis agus é mhealladh thar n-ais." D'imthigh Dodéara agus d'imthigh cuid de chairdibh Lughaidh Mhic Con i n-aoinfheacht leis. Drúth ab eadh Dodéara. B'é drúth Mhic Con é, agus bhí caradas ana-dhlúth eatartha. Níor bh'fhada go dtángadar suas le Mac Con. "Tá cathughadh mór ar Ailill agus ar Shadhbh, a rí, agus ar an dteaghlach go léir mar gheall ar thu dh'im- theacht uatha i bhfeirg. Dubhairt sé liom a dh'iarraidh ar do shoilse teacht thar n-ais agus go mb'fhéidir go bhféadfaidhe síothcháin a dhéanamh idir thu féin agus Eóghan Mór. Is mór an truagh, a rí, fearg a bheith idir thu agus Eóghan agus gur ar aon ghlúin agus ar aon chígh do hoileadh sibh araon." "Comáin leat, a Dhodéara," arsa Lughaidh. "Ná stad go dtugair "ceamalach" orm mar a thug sé siúd! Imthigh féin thar n-ais agus fan ag Eóghan Mór. Bíodh Fear Fí agus Dodéara i n-aoinfheacht aige. Raghad-sa thar n-ais nuair a bheidh mór-shluagh agam agus bainfead an ceann d'Eóghan." Le n-a linn sin thug sé a chúl ar Dhodéara agus chomáin sé leis an bóthar soir. Níor chas Dodéara ná na fir a bhí i n-aoinfheacht leis. Do leanadar Mac Con an bóthar soir. Níor stad seisean ná iad-san go dtángadar mar a bhfuil an gleann áluinn, an "osgailt idir dhá shliabh," idir shléibhtibh na nGailte agus Sliabh na Muc. Gleann Eatharlaighe tugtar anois ar an ngleann san. Bhí priúnsa 'n-a chomhnuidhe sa ghleann san an uair sin agus Lughaidh Lágha ab ainm dó, agus dearbhráthair d'Ailill Ólom ab eadh é, agus dalta do'n Lughaidh Lágha san ab eadh Lughaidh Mac
Con. Mar gheall air sin is eadh thug Lughaidh Mac Con aghaidh ar ghleann Eatharlaighe an uair sin. Tháinig sé agus chuir a oide míle fáilte roimis, ní nár bh'iongnadh. D'innis sé a sgéal dá oide, cionnus mar a fuair sé féin agus Eóghan an fear beag san iubhar; agus i dtaobh an cheóil; an goltraighe agus an geantraighe agus an suantraighe. D'innis sé cionnus mar a fágadh fé bhreith Ailealla an trúig imreasain a bhí idir é féin agus Eóghan Mór i dtaobh cé aige go mbeadh an fear beag. D'innis sé cionnus mar a thug Ailill an bhreith éithigh sa sgéal, dar le Mac Con féin. Agus d'innis sé cionnus mar a thug Eóghan Mór an easonóir dó nuair a thug sé ceamalach air, agus an freagra do thug se ar Eóghan,agus an comhrac fíochmhar a dhein an bheirt go dtí gur chuir Sadhbh ó n-a chéile iad. "Agus anois," ar seisean, "a oide, ní foláir duit-se do chomhacht féin do chur le chéile dhom, agus ní foláir duit teacht liom tré chríochaibh Chorca Laoighdhe agus Dáirine agus Maighe Feimin, agus tré gach crích eile n-a bhfuil smacht agus forlamhas agat ortha, go gcuirfimíd mór-shluagh le chéile." "Agus nuair a bheidh an mhór-shluagh curtha le chéile againn, a dhalta," arsa Lughaidh Lágha, "cad é an mór- ghníomh atá le déanamh againn?" "Raghaimíd siar go Brugh Ríogh," arsa Mac Con, "agus má bhíonn mór-shluagh cruinnighthe ag Eóghan Mór brisfimíd cath air agus bainfead-sa an ceann dé, fé mar atá geallta agam dó. Gheallas dó gur cheamalach mar me a bhainfeadh an ceann dé agus do shatalóchadh ar a leacain." Níor thaithn an sgéal i n-aonchor le Lughaidh Lágha. Fear ana láidir ab eadh é, ach fear síothchánta ab eadh é
Níor mhaith leis cogadh chur ar a dhearbhráthair, agus níor mhaith leis eiteachas a thabhairt dá dhalta. "Deinimís machtnamh ar an ngnó," ar seisean. "Pé machtnamh a dhéanfair air caithfir an bheart do dhéanamh," arsa Mac Con. Caibidiol a cúig. Slóghadh. Do cuireadh fios amach ar chuid d'uaislibh na háite agus thángadar. Deineadh fleadh agus féasta i n-onóir do Lughaidh Mac Con agus do'n mhuintir a tháinig leis ó Bhrugh Ríogh. Nuair a bhí biadh caithte agus caint déanta agus gach tuairisg curtha agus gach nuacht innste, ó gach taobh, do tosnuigheadh ar a leog- aint amach, i ndiaidh chéile, go raibh tuitim amach idir Lughaidh Mac Con agus Eóghan Mór mac Ailealla. Annsan, i ndiaidh chéile, ar an gcuma gcéadna, do tuigeadh go raibh an tuitim amach ana-mhiosgaiseach, go raibh an fhearg chomh fíochmhar san idir an mbeirt, idir Eóghan Mór agus Lughaidh, ná raibh aon bhreith ar shíoth- cháin a dhéanamh eatartha. Do hinnseadh do mhuintir Eatharlaighe an sgéal go léir i dtaobh an fhir bhig a dhein an ceól san iubhar agus i dtaobh an imreasáin a dh'éirigh mar gheall air idir Lughaidh agus Eóghan Mór, agus i dtaobh na breithe a thug Ailill agus cionnus mar a thug Eóghan Mór an easonóir do Lughaidh Mac Con. Bhíodar ag caint agus ag ól agus ag cíoradh
an sgéil go dtí go raibh oiread feirge ar an gcuid ba mhó dá raibh ann díobh agus bhí ar Lughaidh féin. Sar a raibh leath na hoidhche caithte acu bhí socair acu ar mhór- shluagh do chruinniughadh agus ar dhul siar go Brugh Ríogh agus ar dhíoghaltas a dhéanamh ar Eóghan Mór. Chuireadar díobh an oidhche. Tháinig an lá amáireach agus chuireadar díobh an mheisge. Annsan do soc- ruigheadh ar cad ba cheart a dhéanamh. Do cuireadh teachtairí chun siubhail tré Chorca Laoighdhe agus tré Dáirine agus tré Mhagh Feimin, le hórdughadh ó Lughaidh Lágha, 'ghá rádh le fearaibh armtha na gcríoch san go léir teacht, líon a slógh, go hEatharlaigh. D'imthigh Lughaidh Mac Con féin treasna na gcnoc ó dheas agus mór-thimcheall tríd an dtír ar a dtugtar Contae Chorc- aighe anois agus chruinnigh sé idir dhaoine agus taois- eacha agus thug sé leis iad go bruach Abhann Móire, go dtí an áit 'n-a bhfuil Mainistir Fhear Muighe anois. Tháinig chun na háite céadna na buidheanna fear a cruinnigheadh thoir i dtír na nDéise agus ag bun Sléibhe Gua agus i ngleanntaibh na gCumarach. Tháinig Lughaidh Lágha féin fé dhéin na háite céadna, agus neart mór fear aige ó bhruach na Bearbha anoir, agus ó'n áit 'n-a bhfuil Carraig na Siúire, agus ó chríochaibh Chaisil. Níor thug sé aghaidh siar díreach ó'n Eatharlaigh, i dtreó Bhrugh Ríogh mar bhí 'fhios aige go raibh neart slógh cruinnighthe ag Eóghan Mór agus nár bh'fholáir dó féin agus do Lughaidh Mac Con an dá neart a bhí acu do chur le chéile ar dtúis sar a dtabharfaidís aghaidh ar neart Eóghain. Theangbhaidh an dá Lughaidh le n-a chéile timcheall na háite 'n-a bhfuil Gleanúir indiu, an áit ar a dtugtí Gleannamhain an uair sin. Nuair a chuireadar a dhá neart le chéile bhí sluagh mhaith láidir acu. Thugadar a n-aghaidh siar mar bhí 'fhios
acu go raibh Eóghan Mór agus a shluagh ag teacht aniar 'n-a gcoinnibh. Is ag Eóghan a bhí an chuid dob fhearr agus ba threise de neart na Mumhan. Bhí a shlóighte cruinnighthe aige ó bhruach na Sionainne ó'n áit 'n-a bhfuil Luimneach anois siar go Corca Duibhne, agus ó Thuadhmhumhain go léir, ó'n machaire áluinn i n-a raibh seilbh chríche 'n-a dhiaidh san ag Dál gCais. I n-éaghmuis an méid sin bhí sluagh líonmhar aige ó'n dtaobh thuaidh de Shionainn, ó Chorca Baoisgne, agus adtuaidh ó Chonnachtaibh. Tháinig a lán chuige adtuaidh ó Chonnachtaibh toisg a mháthair a bheith 'n-a deirbhshiur ag Áirdrígh Éireann. Idir chreideamhaint a athar agus creideamhaint a mháthar agus creideamhaint a sinsear rómpa ar gach taobh, do tháinig leis mór-shluagh do chruinniughadh a bhí ró láidir ar fad do'n neart slógh a bhí cruinnighthe ag Lughaidh Mac Con agus ag Lughaidh Lágha. Do thuig an dá Lughaidh an ní sin go maith agus da bhrígh sin is amhlaidh a bhíodar ag seachaint catha thabhairt uatha chomh fada agus dob' fhéidir dóibh é. Bhíodar-san ag seach- aint an chatha agus ag faire, féachaint a bhféadfaidís lom a dh'fhagháil ar mhór-shluagh Eóghain agus búntáiste bhreith ortha, agus bhí Eóghan ag faire ortha-san féach- aint a bhféadfadh sé a chur fhéachaint ortha an cath do thabhairt, mar bhí 'fhios aige dá bhféadadh go mbrisfeadh sé cath ortha gan puinn righnis le corp nirt agus le meaghchaint slógh. Thug an dá shluagh rainnt aimsire ar an gcuma san, ag faire ar a chéile agus ag gabháil timcheall agus ag cleasaidheacht, a d'iarraidh bún- táiste bhreith ar a chéile, go dtí fé dheireadh go mb'éigean do'n dá Lughaidh seasamh agus iad féin do chosaint. Ceann Abhrad ainm na háite 'n-ar chaitheadar seasamh agus cath a thabhairt uatha.
Caibidiol a sé. Dodhéara. Nuair a bhí na hiodhna ar aghaidh a chéile agus an cath nách mór ag tosnughadh do labhair Lughaidh Mac Con le n-a dhrúth, le Dodéara. "Féach, a Dhodéara," ar seisean, "tá mí-mhisneach mór orm." "Cad fé ndear an mí-mhisneach, a rí?" arsa Dodéara. "Tá," arsa Mac Con, "go bhfuil eagal orm go n-iarrfaidh Eóghan Mór comhrac aonair orm ar ball. Mac ríogh is eadh é, agus mac inghine áirdríogh is eadh é, agus adhbhar ríogh is eadh é. Tá neart fé leith ann as gach ní desna trí neithibh sin agus má dheinim-se comhrac aonair leis buadhfaid na trí nirt sin orm agus bainfid siad an t-anam asam." Do stad Dodéara agus dhein sé a mhachtnamh. Annsan do labhair sé. "Glac mo chomhairle-se, a rí," ar seisean, "agus ná leog aon ní ort." "Cad í an chomhairle í?" arsa Mac Con. "Leog domhsa," arsa Dodéara, "do mhionn ríogh do chur ar mo cheann agus t'éideadh catha do chur umam agus raghad sa chath id' riocht-sa. Nuair a chífidh Eóghan Mór me measfaidh sé gur tusa bheidh aige. Thabh- arfaidh sé aghaidh orm-sa agus déanfad-sa an comhrac aonair leis thar do cheann-sa." "Agus má thuiteann tusa leis cad a dhéanfad!" arsa Mac Con. "Déanfad an comhrac chomh maith agus d'fhéadfad é. Is eól duit nách aon dóithin me i gcomhrac aonair.
B'fhéidir gur b'eisean a thuitfeadh liom-sa," arsa Dodéara. "Tá 'fhios agam go maith nách aon dóithin thu i gcomh- rac aonair, ach is fear ana-thréan é siúd, agus b'fhearr liom-sa go mór me féin do thuitim sa chath 'ná tusa thuitim agus me bheith id' éaghmuis 'n-a dhiaidh san," arsa Mac Con. "Is lugha de chreach mise 'ná thusa," arsa Dodéara. "Ní chuimhnigheann tú i n-aonchor ar cionnus a bheinn-se i d'éaghmuis-se dá mba tu a thuitfeadh. Glac mo chomhairle agus bíodh a sheans féin ag gach aoinne againn." Do socruigheadh an sgéal ar an gcuma san. Comh- mhéid agus comh-aoirde agus comh-chosmhail an bheirt i dtreó nár dheacair do dhuine acu é féin do chur i riocht an duine eile. Ach nuair a bhí an mionn óir ar cheann Dodéara, agus an éideadh uime ní aithneóchadh aoinne ná gur bh'é Lughaid Mac Con é. Do thosnuigh an cath. Do troideadh go dian ar gach taobh. Chonnaic Eóghan Mór, dar leis, Lughaidh Mac Con agus a mhionn óir ar a cheann agus é ag bualadh agus ag leagadh go tiugh agus go tréan. Thug Eóghan aghaidh air. Do throideadar. Do thuit fear an mhinn óir. Annsan do chonnaic Eóghan nár bh'é Mac Con a bhí ar lár aige ach Dodéara. D'fhéach sé 'n-a thimcheall féach- aint an bhfeicfeadh sé Mac Con. Chonnaic an dá shluagh, dar leó, Mac Con ar lár ag Eóghan Mór mac Ailealla. Chuir sluagh Eóghain liúgh mhadhma suas. D'iompuigh an tsluagh eile agus theicheadar. Do lean Eóghan agus a shluagh ar a dtóir go dian. Chonnaic Eóghan fear sa teicheadh agus é ag rith ar a dhícheall agus a dhá cholpa ag taithneamh fé sholus na gréine agus iad chomh geal le sneachta. Bhí 'fhios aige gur bh'iad
dhá cholpa Lughaidh Mhic Con iad mar ba bhéas le Lughaidh na stocaí bheith ana-gheal aige ar a cholpaibh. Siúd 'n-a dhiaidh Eóghan. Nuair a tháinig sé comhgarach a dhóithin dó do chaith sé gath leis agus bhuail sé sa chromán é. Do bhrúigh an tsluagh isteach 'n-a thimcheall i dtreó ná feacaidh Eóghan a thuilleadh é. Do lean an tóir go dtí go raibh sluagh Mhic Con sgaipithe ar fad. Annsan tháinig sluagh Eóghain thar n-ais go Brugh Ríogh agus níor bh'fhada gur sgaipeadar, leis, agus go ndeaghaidh gach buidhean acu, fé n-a dtaoiseach féin, abhaile chun a ndúthcha féin. Chuaidh Lughaidh Mac Con agus Lughaidh Lágha soir go Gleann Eatharlaighe. D'fhanadar san áit sin go dtí go raibh cromán Lughaidh Mhic Con cneasuighthe. Do cneasuigheadh é ach má's eadh do lean ciscéim bacaighe ann an chuid eile dá shaoghal. Nuair a bhí an cneasughadh déanta d'imthigh Lughaidh Mac Con agus Lughaidh Lágha a hÉirinn. Bhí 'fhios acu dá bhfanaidís i nÉirinn go dtiocfadh Eóghan Mór suas leó agus go gcuirfeadh sé chun báis iad. Anonn go hAlbain is eadh chuadar ag triall ar rígh Alban. Do glacadh iad go fáilteach toisg go mba de Ghaedhealaibh iad. Níor thugadar aon eólus uatha ámhthach, ar cér bh' iad 'ná ar cé ro díobh i nÉirinn iad. Caibidiol a seacht. I dTír Iasachta. Nuair a tháinig Lughaidh Mac Con go ríghtheaghlach ríogh Alban, é féin agus a chualacht, trí naonbhair acu a bhí ann, 'sé sin seacht nduine fhichid. Do hórduigheadh gach
aon chóir do chur ortha. Do tugadh tigh breágh mór fair- sing compórdach dóibh agus a cheart de leabthachaibh, agus de thriosgán, agus de chóir chun comhnuidhthe, ann. Do tugadh muc reamhar dóibh agus bó reamhar, agus na hanlainní a ghabhadh leis an muic-fheóil agus leis an mairt-fheóil, i dtreó go raibh cóir mhaith ortha. Bhí urraim ana-mhór do Ghaedhealaibh an uair sin ins gach aon dúthaigh iasachta. Ba mhaith leis na dúthchaíbh ias- achta na Gaedhil a bheith 'n-a gcairdibh acu agus ní raibh aon lorg i n-aonchor acu ar iad a bheith 'n-a námhdaibh acu. Nuair a bhí Lughaidh Mac Con agus a chualacht 'n-a n-aonar sa tigh a tugadh dóibh, agus na dóirse dúnta, do labhair Mac Con leis an gcualacht:- "A chairde ionmhuine," ar seisean, "táimíd annso i dtír iasachta. Tá caradas mór dá thaisbeáint dúinn. Is ana-mhaith an rud é sin. Táimíd buidheach, mar is ceart dúinn bheith, de'n mhuintir atá ag taisbeáint an charadais sin dúinn. San am gcéadna, ámhthach, is ceart dúinn a chimeád i n-ár n-aigne agus gan dearmhad a dhéanamh dé, gur bh'é Art mac Cuinn áirdrí Éireann agus ná fuil puinn caradais, ná puinn cúise chun caradais, idir sinne agus mac Chuinn Chéad-chathaigh. Táimíd tagaithe annso a hÉirinn i gan fhios d'Eóghan mac Ailealla. Do shleamhnuigheamair uaidh bíod go raibh lucht faire aige ar na cuantaibh go léir. Ní'l aon phioc dá fhios anois aige ce'cu táimíd i nÉirinn fós nó ná fuilimíd. Má gheibheann sé amach gur annso atáimíd labharfaidh sé leis an Áirdrígh agus déarfaidh sé leis mar seo. "A Áirdrí, tá Lughaidh Mac Con agus cualacht d'fhearaibh Mumhan thall i nAlbain, ar teicheadh agus ar ionnarba, ó briseadh cath Chinn Abhrad ortha. Meallfaidh Mac Con rí Alban chun nirt fear do chur
le chéile agus do thabhairt dó agus tiocfaidh sé thar n-ais chun díoghaltais a dhéanamh orainn go léir mar gheall ar bhriseadh Chinn Abhrad. Má labhrann tusa, a Áirdrí, i n-am, le rígh Alban agus a dh'iarraidh air Mac Con do chur chun báis nó é chur chughat anall i ngeimhlibh, déanfaidh sé rud ort agus déanfar cosg do chur i n-am, b'fhéidir, le mórán uilc. Má tugtar aimsir dó chun ríogh Alban do mhealladh chuige ámhthach. b'fhéidir ná déanfadh rí Alban rud ort-sa annsan, a Áirdrí'. Éistfidh Art le caint de'n tsórd san. Tiocfaidh eagal aige romhainn. Iarrfaidh sé ar rígh Alban sinn do chur chun báis nó sinn a chur thar n-ais go hÉirinn i ngeimhlibh. Má labhrann Art le rígh Alban déanfaidh rí Alban rud ar Art. Déanfaidh sé rud air le heagla roimis nó le grádh dhó. Is cuma dhúinne ce'cu. Is suarach le rádh fuath nó caradas o'n dtrí naonbhair againne atá annso seachas fuath nó caradas ó Áirdrígh Éireann, ó mhac Chuinn Chéad-chathaigh. Ní mór dúinne an t-aon chosaint amháin atá againn le déanamh orainn féin é dhéanamh. Ní féidir do mhac Ailealla ná d'aoinne eile an díoghbháil sin a dubhart a dhéanamh dúinn gan a fhios a bheith aige cá bhfuilimíd. Ní féidir do rígh Alban ná d'aoinne eile aon eólus a thabhairt d'aoinne orainn an fhaid ná beidh 'fhios aige cé hiad sinn. Dá bhrígh sin socruighimís anois ar an méid seo. Bíodh gach fear againn 'n-a rígh. Deineadh gach fear againn rud ar gach fear eile againn, os comhair na nAlbanach so, i dtreó ná beidh aon phioc dá fhios acu ce'cu againn is rí ar an gcuid eile. Annsan, ná tugadh aoinne m'ainm féin orm-sa. Beifear ag faire go géar orainn agus ní foláir dúinn féin bheith ag faire go géar orainn féin agus ar gach aoinne eile. Dá éaghmuis sin, ní foláir dúinne an
fhaire dhéanamh ar chuma a cheilfidh ortha-san go bhfuilim- íd ag faire i n-aonchor." Do socruigheadh an gnó san ar an gcuma san. Bhí na hÉireannaigh chomh huasal, chomh ríoga i bpearsain agus i ndeilbh agus i ndeallradh, bhí 'fhios ag rígh Alban agus agá theaghlach go léir gur bh'uaisle árda iad pér bh'iad féin. Mar gheall air sin do tugadh an urraim dóibh ba cheart a thabhairt d'uaislibh árda agus do cuir- eadh an chóir ortha ba cheart a chur ar uaislibh árda. Do fágadh na hÉireannaigh ar a suaimhneas sa tigh a tugadh dóibh chun comhnuidhthe go dtí go raibh tuirse na faraige agus tuirse a n-aistir curtha dhíobh acu. Annsan do chuir rí Alban teachtaire chucha 'ghá fhiafraighe dhíobh ar mhaith leó páirt a ghabháil i súgra agus i ngleac- aidheacht na bhfear a bhí aige féin 'n-a ríghtheaghlach. Dubh- radar ná raibh ní ar bith do b'fhearr leó 'ná san, agus dubhradar leis an dteachtaire a mbuidheachas do ghabháil leis an rígh mar gheall ar an gcuire thabhairt dóibh chuige. Chuaidh an teachtaire thar n-ais. "Cad dubhradar leat?" arsa'n rí. D'innis sé dhó. "Cad é an saghas fir atá 'n-a cheann ortha?" arsa'n rí. "Níor thugas fé ndeara go raibh aoinne 'n-a cheann ar an gcuid eile," arsa'n teachtaire. "Fair go maith iad feasta," arsa'n rí, "agus fagh amach dom cé 'tá 'n-a cheann ortha." Chuaidh na hÉireannaigh sa tsúgra agus sa ghleac- aidheacht. Níor leogadar barr leis na hAlbanachaibh i súgra 'ná i ngleacaidheacht. Níor rugadar buadh ar fad, ámhthach, mar níor theastuigh uatha san do dhéanamh. Thuilleadar moladh, ach thugadar aire mhaith
gan fuath do thuilleamh, ná éad, ná formad. Bhíodar go caoin agus go cneasta agus go huasal leis na hAlbanachaibh agus bhíodar-san go séimh agus go cneasta agus go huasal leó. Tríd agus tríd, ámhthach, níor fhéad na hAlbanaigh gan a dh'fheisgint go soiléir go raibh ar chumas na nÉireannach gníomhartha iongan- tacha gaile agus gaisge agus nirt do dhéanamh, agus dá éaghmuis sin, ná raibh iomláine a ndíchill i n-aonchor acu 'á dhéanamh, cuid acu pé 'nÉirinn é. Bhí an saoghal go suairc acu ar feadh tamaill. Níor bh'fhéidir aon chur isteach a dhéanamh ortha ná aon cheist- iúchán a dhéanamh ortha. Bhí sé i gcoinnibh dlighe na haimsire sin a dh'fhiafraighe do dhuine iasachta do thioc- fadh chun osdaidheachta dh'fhagháil, cér bh'é ná cad a thug é ná cad a bhí uaidh, go dtí gur mhaith leis féin a ghnó dh'innsint. Dá bhrígh sin ní raibh ag rígh Alban le déanamh ach foidhne bheith aige agus fanamhaint chun go labharfadh na hÉireannaigh féin nó duine éigin acu. B'éigean dó foidhne mhaith fhada dhéanamh. Níor labhair aoinne acu, agus do theip ar sheirbhíseach an ríogh aon bhlúire eóluis d'fhagháil ar ce'cu dhíobh ba cheann nó ba thriath nó ba thighearna ar an gcuid eile. Nuair a bhíodh an aimsir fliuch nó fuar, nó nuair a bhíodh deireadh leis an súgra agus leis an ngleachaidh- eacht lasmuich ar an bhfaithche nó ar an gcluichemhagh, bhídís istigh i halla mór an ríogh agus iad ag ól agus ag sgéalaidheacht agus ag imirt fithchille, nó ag déanamh aon tsaghais eile caitheamh aimsire as a dtiocfadh sult nó do thaisbeánfadh inntleacht agus meabhair chinn. Ins gach caitheamh aimsire de'n tsórd san, amuich nó istigh ní bhíodh aon mheas ró mhór ag na hAlbanachaibh ar an spórt gan na hÉireannaigh a bheith sáidhte ann i n-aoin- fheacht leó, agus dheineadh na hÉireannaigh a ndícheall
i gcomhnuidhe ar gach sásamh aigne de'n tsórd san a thabhairt dosna hAlbanachaibh agus do'n rígh. Bhí gach aon rud go maith agus bhí gach aoinne sásta, ach aon duine amháin. Bhí aon duine amháin ná raibh sásta i n-aonchor, bíodh nár leog sé air ce'cu bhí sé sásta nó ná raibh. B'é duine é sin ná an rí. Bhí an aimsir ag imtheacht agus ní raibh aon bhlúire eóluis ag na huaislibh iasachta san 'á thabhairt uatha ar cér bh'iad féin ná ar cad é an áit i nÉirinn as a dtángadar ná ar cad a bhí uatha, ná ar cad é an fhaid aimsire cheap- adar fanamhaint. Dhein sé a dhícheall ó thosach ar a dh'fhagháil amach ce'cu dhíobh ba rí nó bá thighearna nó ba thaoiseach ar an gcuid eile, ach do theip air glan aon phioc eóluis de'n tsórd san a dh'fhagháil, ná aon eólus eile, ortha féin ná ar aon ní a bhain leó. Bhí sé ana mí-shásta i n'aigne ach níor leog sé air go raibh. Caibidiol a hocht. Droch-sgéal ó'n Mumhain. Bhí 'fhios ag gach aoinne, i nÉirinn agus i n-Albain, cionnus mar a briseadh cath Chinn Abhrad ar Lughaidh Mac Con agus ar a shluagh, agus annsan ná feidir aoinne cá raibh Lughaidh Mac Con imighthe nó ce'cu beó nó marbh a bhí sé. Ba ghnáth leis an rígh nuair a bhíodh caint ar siubhal idir é féin agus na hÉireannaigh ag imirt na gcluichí fithchille dhóibh nó ag comhrádh dhóibh ar neithibh coitchiana, ceist do chaitheamh amach ar
ócáidíbh, i bhfuirm buille fé thuairim, 'gá fhiafraighe cad é an saghas catha cath Chinn Abhrad; nó cér bh'iad na maithe móra a bhí sa chath nó cér bh'iad a thuit sa chath; nó ce'cu b'fhearr d'fhear, Lughaidh Mac Con nó Eóghan Mór. Ba ghnáth leis a lán ceistiúcháin de'n tsórd san a dhéanamh. Fuair sé mórán eóluis uatha ach ní bhfuair sé an t-eólus a bhí uaidh. D'innseadar go breágh réidh cad é an saghas fir Eóghan Mór agus cad é an saghas fir Lughaidh Mac Con agus cad é an cion a bhí acu ar a chéile ar dtúis, go dtí gur éirigh an t-im- reasán eatartha mar gheall ar an gceólaidhe san iubhar. Thugadar cunntas cruinn dó féin agus dosna hAlban- achaibh eile a bhí ag éisteacht leó ar an ngoltraighe agus ar an ngeantraighe agus ar an suantraighe, agus is 'mo gáire maith fada binn a bhaineadar amach leis an innsint. Thugadar gach aon tuairisg uatha ar an ollmhúchán chun an chatha, ar gach taobh, agus ar an gcath féin, agus ar an gcuma 'n-ar thuit Dodéara i riocht Lughaidh Mhic Con, agus gur bh'é sin fé ndear an cath do bhriseadh ar shluagh Lughaidh. Ach as na tuairisgíbh go léir, agus as an gcaint go léir, dá ghéarchúisighe é an rí do theip air a dhéanamh amach cér bh'iad. Níor dheineadar aon cheilt, ámhthach, ar go rabhadar féin sa chath agus gur ar thaobh Lughaidh Mhic Con a bhíodar, agus gur ag teicheadh ó dhíbheirg Eóghain Mhóir a thángadar go hAlbain. I gcomhráidhtibh de'n tsórd san dóibh is amhlaidh a bhíodh an rí ar a dhícheall a d'iarraidh a dhéanamh amach cér bh'iad na hÉireannaigh, agus Lughaidh Mac Con ar a dhícheall a d'iarraidh a dhéanamh amach ce'cu cara nó námhaid a bheadh i rígh Alban acu dá mbeadh 'fhios aige cér bh'iad. Bhí 'fhios aige nár' bhaoghal dóibh an fháid ná measfadh an rí gur bh'é Lughaidh Mac Con féin a bhí
aige. Ach dá mbeadh 'fhios aige gur bh'é bhí eagal ar Lughaidh go mb'fhéidir go gcurfaidhe thar n-ais go hÉirinn iad 'n-a bpriosúnachaibh le heagla roim áird- rígh Éireann, roim Art mhac Cuinn. Bhíodar go léir go hana-shéimh agus go hana-gheal- gáiriteach le n-a chéile ach do chimeád gach taobh a rún féin. Níor ghábhadh dhóibh, ámhthach, bheith chomh ceilteach aigne ar a chéile, agus ní bheidís dá mbeadh fios aigne gach taoibh ag an dtaobh eile. Dá mbeadh fios aigne ríogh Alban ag Mac Con do neósfadh sé dhó láithreach cér bh'é féin, mar ní raibh aon rud dob' fhearr le rígh Alban an uair chéadna 'ná caoi a dh'fhagháil ar shluagh mhór armála thabhairt go hÉirinn chun na tíre d'ar- gain agus saidhbhreas mór do bhreith abhaile leis. Bhí 'fhios aige go raibh Lughaidh Mac Con ar ionnarba i n-áit éigin agus thuig sé i n'aigne dá dtagadh sé ag triall air féin go dtabharfadh san dó an chaoi a bhí uaidh. Bhí sórd amhrais aige gur bh'é Mac Con a bhí aige ach ní raibh sé deimhnightheach a dhóithin chun labhartha. Chuimhnigh sé ar shlighe 'na bhféadfadh sé, dar leis, tuilleadh deimhne dh'fhagháil ar gur bh'é Mac Con a bhí aige nó ar nár bh'é. Tháinig fear ó'n Mumhain chun na háite. Ní raibh aithne aige ar Mhac Con ná ar aoinne dá chualacht. Theast- uigh uaidh an rí a dh'fheisgint. Bhí an rí agus Mac Con ag imirt cluiche fithchille. Tháinig an dóirseóir isteach. "Tá fear ó'n Mumhain amuich, a rí," arsa'n dóir- seóir, "agus is mian leis do shoilse dh'fheisgint." "Tabhair isteach é," arsa'n rí. Tháinig sé isteach. Nuair a bhí a chaint féin ráidhte aige d'fhiafraigh an rí dhé cad é an sgéal a bhí ó'n Mumhain aige. "Ní'l ó'n Mumhain agam, a rí," ar seisean, "ach droch-sgéal." "Cad fé ndear san?" arsa'n rí.
"Cath Chinn Abhrad, a rí," arsa'n fear. Chuir Mac Con cluas air féin. "Nách é Eóghan Mór mac Ailealla, mac ríogh Mumhan, a bhuaidh cath Chinn Abhrad?" arsa'n rí. "Is é, a rí," arsa'n fear, "ach ní har Eóghan a bhíos ag cuimhneamh." "Agus cé air go rabhais ag cuimhneamh?" arsa'n rí. "Bhíos ag cuimhneamh ar an rígh óg uasal, Lughaidh Mac Con, a rí," arsa'n fear. "Agus cá bhfuil Lughaidh Mac Con anois?" arsa'n rí. "Sin í díreach an cheist, a rí," arsa'n fear, "nách féidir le haoinne do réidhteach. Tar éis an chatha bhí gach aoinne lán deimhnightheach go raibh sé marbh. Dubh- airt daoine a bhí sa chath go bhfeacaidh a súile féin é ag tuitim le láimh Eóghain Mhóir. Dubhairt daoine eile nár bh'é a thuit le láimh Eóghain ach a dhrúth, Dodéara. Is amhlaidh mar atá an sgéal againn idir an dá chunntas, ní fheadramair cad is maith dhúinn a chreideamhaint. Na daoine adeir nár thuit sé sa chath deirid siad go bhfuil sé imighthe thar faraige agus nách baoghal ná go dtiocfaidh sé lá éigin agus mór-shluagh aige agus go ndéanfaidh sé díoghaltas ar a námhaid." "Is dócha," arsa'n rí, "go bhfuil Ailill Ólom 'ghá ollmhughadh féin go tiugh chun catha thabhairt do Lughaidh Mac Con nuair a thiocfaidh sé." "Ní hé atá ag déanamh aon ollmhúcháin de'n tsórd san, a rí," arsa'n fear. "Ní'l puinn ollmhúcháin ag aoinne 'á dhéanamh ach an méid atá 'á dhéanamh is é rí Mumhan atá 'ghá dhéanamh." "Cad é sin agat 'á rádh?" arsa'n rí. "Nách é Ailill Ólom rí Mumhan?" "Ní hé a rí," arsa'n fear.
"Tá Ailill ró aosta. Tá an ríoghacht curtha uaidh aige agus tá Eóghan Mór 'n-a rígh ar an Mumhain i n-inead a athar." "Ní dócha," arsa'n rí, "gur maith an bhail ar Chinéal Lughaidh Mhic Con Eóghan Mór a bheith 'n-a rígh." "Ní maith, a rí," arsa'n fear. "Is dian-olc an bhail ortha é. Táid siad fé dhaor-smacht chruaidh ag Eóghan. Táid siad i ndaoire agus i ndochraide agus i gcumhalacht d'Eóghan, agus gan a fhios acu cad é an áith de thalamh an domhain 'n-a bhfuil a dtriath féin nó an bhfuil sé beó nó marbh." Bhí Lughaidh ag éisteacht leis an gcaint sin go léir, agus an rí ag faire air, agus níor dhóich le haoinne go raibh aon tsuim aige 'á chur i n-aon ní ach sa chluiche a bhí ar siubhal idir é féin agus an rí. Nuair airigh sé, ámhthach, an cor a bhí ar Chinéal Lughaidh níor fhéad sé fanamhaint socair. Bhí fir óir agus airgid 'n-a láimh aige. Níor dhein sé ach a lámh do thógaint agus urchar desna fearaibh óir agus airgid do chaitheamh le fuinn- eamh i gcoinnibh an fhala a bhí ar a aghaidh amach agus éirghe ó'n gclár fithchille agus imtheacht amach as an halla. Nuair a chonnaic rí Alban an méid sin do gháir sé. "Seadh!" ar seisean i n'aigne féin. "Is deimhin gur b'é seo Lughaidh Mac Con féin atá agam annso, agus tá sé 'ghá cheilt féin orm le heagla romham. Ní mór dhom, ámhthach, tuilleadh deimhne bheith agam ar gur b'é atá agam sar a labhrad leis." Do ghlaodhaidh sé chuige an fear tighis a bhí aige. "Tugtar," ar seisean, "muc agus bó ar chois dosna Gaedhealaibh úd agus abarthar leó go gcaithfid sia'o féin iad do mharbhughadh agus d'ollmhughadh dhóibh féin. Annsan deintear faire ortha. Cuirfid siad
ar chrannaibh cé dhéanfaidh an marbhughadh agus an t-ollmhughadh. An té is rí ortha fágfar lasmuich de'n chrannchur é. Annsan beidh 'fhios againn cé is rí ortha." Do deineadh san. Nuair a bhí an crannchur dá dhéanamh níor fágadh aoinne lasmuich dhé. Bhí an bheart san teipithe. "Tá go maith," arsa'n rí. "Deintear faire anois féachaint cé curfar ag ceann cláir agus cé air go ndéanfar an chéad fhriothálamh. Ní raibh aon cheann cláir seachas a chéile acu, agus bhí gach aoinne ag friothálamh ar gach aoinne eile. "Tá buaidhte arís orm!" arsa'n rí: "Imthigh," ar seisean leis an bhfear tighis, "agus marbhuightear seacht cinn fhichid de luchaibh dom." Do deineadh san. Do b'éigean rainnt stácaí arbhair do leagadh chun teacht ar na luchaibh, ach do fuaradh iad agus do tugadh ag triall ar an rígh iad. "Beirbhightear iad," arsa'n rí, "ach ná baintear na croicinn ná an fionna dhíobh." Do deineadh amhlaidh. "Curtar ar seacht miasaibh fichid iad anois," ar seisean, "agus curtar ar bórd os comhair na nGaedheal úd iad agus abarthar leó go gcaithfid siad na luchaigh a dh'ithe nó go gcurfar chun báis iad." Caibidiol a naoi. Earball luiche. Do hinnseadh dosna Gaedhealaibh go raibh dínnéar mór dá ollmhughadh dhóibh le hórdughadh an ríogh. Tháinig fear tighis agus seirbhísigh an ríogh agus dheas- uigheadar seómra mór an bhídh sa tigh a tugadh dosna
Gaedhealaibh. Do socruigheadh an bórd mór agus na seacht suidheacháin fhichid 'n-a thimcheall agus dubhradh leis na Gaedhealaibh suidhe chun bídh. Do shuidheadar síos tré n-a chéile, i dtreó ná féadfadh aoinne dh'aithint cá raibh ceann cláir ná cé ba cheann ar an gcuideachtain. Do cuireadh na seacht miasa fichid ar an mbórd, mias os comhair gach fir agus cumhdach ar gach méis. Níor nochtadh aon mhias go dtí go raibh an fear tighis agus na seirbhísigh imighthe amach as an seómra. Bhí 'fhios ag na Gaedhealaibh go rabhathas ag faire ortha. Do thógadar na seacht cumhdacha fichid i n-aoinfheacht. Thóg gach fear an cumhdach a bhí ar an méis a bhí os a chomhair féin agus thógadar iad go léir i n-aoinfheacht i dtreó nár bh'fhéidir a rádh gur thosnuigh aoinne agus gur lean an chuid eile é. Chomh luath agus do nochtadh na miasa chonnaic gach aoinne an luch ar a mhéis féin agus luch ar mhéis gach fir eile chomh maith. Thuit an lug ar an lag acu! Do chuir gach aoinne an cumhdach anuas ar a mhéis féin arís láithreach. Bhí 'fhios acu go rabhathas ag faire ortha. Ní raibh 'fhios acu cad é an bun a bhí le n-a leithéid sin de dhínnéar do chur os a gcomhair. Ní raibh aon choinne acu go n-iarrfaidhe ortha na luchaigh a dh'ithe. Cheapadar gur bh'amhlaidh a bhíothas a d'iarraidh a dhéanamh amach cé thabh- arfadh comhairle do'n chuid eile agus mar sin, cé bhí 'n-a cheann ortha. Níor dhein gach fear ach a cheann do chromadh agus fanamhaint ana-shocair. Chuaidh duine ag triall ar an rígh. "Cad 'tá acu 'á dhéanamh?" arsa'n rí. "Táid siad 'n-a dtocht, a rí," arsa'n duine. "Tá gach aoinne agus a cheann fé aige, agus a mhias os a chomhair," ar seisean. "Tuigim," arsa'n rí. "Nós Muimhneach é sin;
"Tormas Muimhneach os cionn na mias." Abarthar leó go gcurfar chun báis iad mura n-ithid siad na luchaigh." Tháinig an fear tighis chun doruis an tseómra. "Ithidh an biadh, a uaisle!" ar seisean. "Ithidh an biadh a dh'ollmhuigh an rí daoibh." Níor labhair aoinne, agus ní lugha ná mar a chuir aoinne cor de. Chuaidh an fear tighis thar n-ais agus chuir sé an teachtaire thar n-ais ag triall ar an rígh agus d'fhan sé féin ag faire, i n-áit ná feicfeadh na Gaedhil é. "Cad 'tá acu 'á dhéanamh?" arsa'n rí. "Dubhairt an fear tighis leó, a rí," arsa'n teachtaire, "gur bh'easonóir dá tabhairt do'n rígh dhóibh é gan an biadh a dh'ithe tar éis an ríogh 'ghá ollmhughadh dhóibh." "Cuir chugham an fear tighis", arsa'n rí, "agus déin-se an faire." Do chuir. "Abair leó súd," arsa'n rí leis an bhfear tighis, "ná fuil dul as acu gan iad do chur chun báis mura n-ithid siad na luchaigh." Tháinig an fear tighis. Tháinig an rí 'n-a dhiaidh. D'fhan an rí ag faire agus do labhair an fear tighis. "Tá órdughadh an ríogh agam, a uaisle," ar seisean, "chun a rádh libh ná fuil aon dul as agaibh gan sibh a chur chun báis mura n-ithidh sibh na luchaigh sin." Níor choruigh aoinne ná níor leog aoinne air gur airigh sé an chaint. D'fhan gach aoinne socair agus a cheann fé aige agus a mhias ar a aghaidh amach, agus gur dhóic le duine ortha go rabhadar gan anam gan anál. Bhíodar i gcruadhchás. Ní raibh a n-airm acu. Nuair a thagaidís chun bídh d'fhágaidís na hairm amuich. Níor bh'fhéidir dóibh a mhalairt sin do dhéanamh. Níor bh'fhéidir dóibh aon droch-iontaoibh do thaisbeáint.
Bhíodar mar sin ar feadh tamaill mhaith agus a gcinn fútha agus iad chomh ciúin sin gur dhóich leat, mura mbeifeá ag féachaint ortha, ná raibh aoinne sa tseómra. I gceann tamaill d'airigheadar siubhal tomhaiste, tromaidhe, mar a bheadh siubhal buidhne fear armtha, ag teacht fé dhéin an tseómra lasmuich. Níor chuir aoinne acu cor dé. Tháinig an siubhal chun an tighe agus ghaibh sé mór-thimcheall an tighe go dtí go raibh an tigh dúnta isteach le crios d'fhearaibh armtha. Annsan do stad an siubhal. Tháinig an fear tighis chun doruis an tseómra arís. "A uaisle," ar seisean, "tá lucht airm an ríogh mór-thimcheall ar an dtigh seo agus tá órdughadh acu teacht isteach annso agus sibh go léir do chur chun báis mura n-ithidh sibh na luchaigh sin atá ar na miasaibh os bhur gcomhair. D'órduigh an rí dhomhsa teacht agus an méid sin sgéil a dh'innsint daoibh." "Nára slán sgéalaidhe!" arsa Mac Con, agus le n-a linn sin do rug sé ar an luich a bhí ar a mhéis féin agus sháidh sé 'n-a bhéal í agus d'ith sé í. Dhein na fir eile an rud céadna. Do rug gach fear ar an luich a bhí ar a mhéis féin agus d'ith sé í. Bhí aon fhear amháin ortha ná raibh an goile ró láidir aige. D'ith sé an luch go dtí an t-earball, ach gach aon uair a chuireadh sé an t-earball chun a bhéil d'iompuigheadh a ghoile air agus do theipeadh air an t-earball do leogaint siar. Bhí Mac Con ag féachaint air. Do bhris ar an bhfoidhne ag Mac Con nuair a chonnaic sé an fear a d'iarraidh an earbaill do shlogadh agus é ag teip air. "Greadadh chughat a rud gan mhaith!" arsa Mac Con. "Do shloigis an luch agus ní féidir leat an t-earball do shlogadh! Sloig é láithreach nó tarraingeóchad an sgian so ar do sgrugal!"
Do shloig an fear an t-earball. Do léim rí Alban chucha amach as an áit 'n-a raibh sé i bhfolach ag faire ortha. "Deinid siad rud ort!" ar seisean le Mac Con. "Deinim-se rud ortha-san leis," arsa Mac Con. "Is tu Lughaidh," arsa'n rí. "Lughaidh is ainm dom gan amhras," arsa Mac Con. "Nách tu Lughaidh Mac Con?" arsa'n rí. "Ó chuiris chugham an cheist," arsa Mac Con, "is me." Do dhein an rí air anonn agus rug sé ar láimh air, "Céad míle fáilte romhat!" ar seisean. "Is truagh chráidhte nár innsís dom fad ó cér' bh'é thu. Thabh- arfainn-se neart slógh dhuit, do dhóithin mór, chun dul thar n-ais agus an lámh uachtair fhagháil ar do námhaid agus do cheart féin a bhaint amach go calma comhacht- ach." "Is fearr déanaighe 'ná ró dhéanaighe, a rí," arsa Mac Con. "Fóirfidh an chabhair anois féin." "Gheóbhair an chabhair, a rí," arsa rí Alban. "Ach cad 'n-a thaobh nár chuiris thu féin i n-iúil dom an chéad lá tháinís?" "Le heagla romhat, a rí," arsa Mac Con, "is eadh nár chuireas me féin i n-iúil duit. Chun na fírinne dh'innsint, ámhthach, ní le heagla romhat-sa é ar fad ach le heagla roim Eóghan Mhór agus roim Art mhac Cuinn. Níor theastuigh uaim a fhios a bheith ag Eóghan ná ag Art go rabhas annso, ná iad a bheith 'ghá fhiafraighe dhíot-sa, a rí, cad chuige dhuit cúl-dín a thabhairt dom féin agus dom chualacht." "Tuigim," arsa'n rí, "ach tá go maith. Mar a deirir, is fearr déanaighe 'ná ró dhéanaighe. Tabhar- fad-sa an chabhair duit anois gan spleadhachas le hEóghan ná le hArt."
"Nách truagh, a rí," arsa'n fear nár fhéad an t-ear- ball dó shlogadh gan sgéidh, "nár labhrais sar ar iarrais orainn na luchaigh a dh'ithe!" "Nách truagh," arsa'n rí, "nár labhair duine éigin agaibh féin fad ó agus a dh'innsint dom cér' bh'iad sibh. Ca bhfios domhsa ná gur lucht braith ó Art a bhí agam? Bhíodh sé im' aigne uaireannta gur bh'eadh. Buidheach go maith ba cheart daoibh a bheith nár chuireas chun báis sibh nuair a mheasas an ní sin. Dá mbeadh Art féin agam geallaim dhuit ná tabharfaidhe mar rogha dhó na luchaigh a dh'ithe nó bás dh'fhagháil. Gheóbhadh sé an bás ar dtúis." Annsan do hollmhuigheadh dínnéar mór dosna Gaedh- ealaibh. Do tugad "nua gacha bídh agus sean gacha dighe" dhóibh i dtreó gur baineadh blas na luch as a mbéalaibh agus cuimhne an chruadhtain 'n-a rabhadar as a n-aigne. Bhí urraim agus onóir acu dá fhagháil ó uaislibh na tíre roimis sin, ach nuair a fuaradh amach cér' bh'iad do tugadh dúbailt onóra dhóibh ar dúbailt slighte. Caibidiol a deich. Gleacaidheacht. Níor bh'fhada gur leath an sgéal ar fuid Alban go raibh Lughaidh Mac Con agus Lughaidh Lágha, agus cual- acht mhór de ríghthibh agus d'uaislibh eile ó'n Mumhain, i dtigh an ríogh. Thosnuigh uaisle agus priúnsaí agus
maithe móra ó gach aon taobh d'Albain ar theacht go tigh an ríogh chun go bhfeicfidís na huaisle Gaedhealacha, agus go mór mór chun go bhfeicfidís Lughaidh Mac Con agus Lughaidh Lágha. Bhí ainm Lughaidh Lágha i n-áirde, ní hamháin ar fuid na hÉireann ach ar fuid críche Sacsan agus ar fuid críche Alban, leis, agus ar fuid críche Breatain, mar gheall ar an neart uathbhásach a bhí ann. Níor thaisbeáin sé a neart roimis sin, sa tsúgra ná sa ghleacaidheacht a bhíodh ag na Gaedhealaibh agus ag muintir an ríogh ar chluichemaigh an ríghtheaghlaigh. Nuair a tháinig na maithe móra isteach ósna ríghtheaghlachaibh eile, ag féachaint na nGaedheal, do cuireadh an ghleac- aidheacht ar siubhal. Níor leog aoinne air go raibh aon chúis leis sin an uair sin seachas aon uair eile; ach do bhí. Do cuireadh an ghleacaidheacht ar siubhal le hionchas go bhfeicfidhe gníomh éigin uathbhásach ó Lughaidh Lágha. Níor ró fhada go bhfeacathas. Sa ghleacaidh- eacht dóibh do rug fear ar chloich mhór throm. Do thóg sé ar a ghualainn í. Bhain sé cúpla ionfairt aisti agus chaith se uaidh amach í, dá ghualainn, timcheall a dhá fhaid féin. Is ar éigin a bhí aon Albanach eile ann a dh'fhéadfadh í chur ar a ghualainn i n-aonchor. D'fhéach an fear a chaith í ar Lughaidh Lágha chomh maith le n-a rádh, "An bhféadfá-sa an méid sin a dhéanamh?" Níor leog Lughaidh air gur thuig sé an fhéachaint. D'fhéach an tAlbanach 'n-a thimcheall ar na hÉireannachaibh go léir, chomh maith le n-a rádh, "an bhfuil sé 'n-a ghéagaibh ag aoinne agaibh an méid sin do dhéanamh. Do rug Lughaidh Mac Con ar an gcloich. Thóg se ar a ghual- ainn í fé mar a dhein an tAlbanach. Bhain sé cúpla ionfairt as féin ar an gcuma gcéadna. Do lúb sé a iosgadaí fúithi agus le neart na n-iosgad agus na gualann agus na láimhe do chaith sé uaidh amach í.
Tháinig sí ar an dtalamh timcheall leath-troigh ní ba shia amach 'ná mar ar chuir an tAlbanach í. Bhí iongnadh ar an Albanach. "Níor dheinis do dhícheall, a Dháire!" arsa duine. "Níor dheinis, a Dháire," arsa duine eile, "ná leath do dhíchill!" Do rug Dáire arís ar an gcloich agus chuir sé ar a ghualainn í. Bhain sé cúpla ionfairt as féin. Do lúb sé na hiosgadaí agus do chrom sé a dhrom agus chaith sé an chloch uaidh amach le n-a lán neart i dtreó gur chuir sí poll sa talamh dhá throigh amach ó'n áit 'n-ar chuir Lughaidh Mac Con í. Chuir na hAlbanaigh liúgh asta. D'fhéach Mac Con ar Dháire agus d'fhéach sé ar an gcloich. "Bain caitheamh eile aisti, a rí," arsa Dáire. "Ní beag liom di, a rí," arsa Mac Con. "Ná bainfeá-sa caitheamh aisti, a oide?" arsa Mac Con le Lughaidh Lágha. Níor chuir Lughaidh Lágha aon tsuim sa bhfocal. "Ní beag leis di roim ré," arsa Albanach éigin. Do sgeart na hAlbanaigh go léir ar gháiridhe. D'fhéach Lughaidh Lágha 'n-a thimcheall fé mar a dhúiseóchadh sé as a chodladh. D'imthigh sé anonn agus do rug sé ar an gcloich. Thóg sé ó'n dtalamh í i dtreó gur dhóich le duine ná raibh aon mheaghchaint inti. Sheasaimh sé san áit 'n-ar sheasaimh gach duine de'n bheirt eile. Níor lúb sé iosgad ná níor dhein sé ionfairt. Do chas sé an chloch le neart na cuisleann agus chaith sé uaidh amach í. D'éirigh an chloch sa spéir i dtreó gur dhóich le duine gur b'amhlaidh a bhí anam inti agus siúd amach í gan tuitim chun tailimh go dtí go raibh sí fiche troigh amach ó'n áit n-ar dhein sí an poll sa talamh do'n Albanach! Annsan do dhein sí poll sa
talamh agus d'fhan sí sa pholl. Níor tháinig aoinne chun í thógáilt as an bpoll san go ceann tamaill. I gceann tamaill do tógadh as an bpoll í ach má tógadh ní hamhlaidh a bhí aoinne chun i chaitheamh arís. Níor bheag leó go léir di um an dtaca san. 'Gá tógaint ó'n dtalamh is eadh bhíodar, ag breithniughadh a méid agus a meaghchaint, agus iad ciúin, gan fhocal ionnta, le neart iongnaidh agus uathbháis. "Níor dhein sé a dhícheall!" arsa duine, i gcogar, le duine eile. "Níor dhein ná leath a dhíchill!" arsa'n duine eile. Do ghluais an chuid eile de'n ghleacaidheacht go breágh sultmhar séimh ach ní baoghal gur chuir aoinne eile aon stró ar Lughaidh Lágha. Dhein sé a chion de'n spórt chomh maith le duine, ach níor dhein sé aon ion- gnaí saoghail. Do lean sult agus pléisiúr, agus ithe agus ól, agus comhrádh agus caitheamh aimsire, i dtigh ríogh Alban, ar feadh ocht lá agus ocht n-oidhche. Bhíodh an uile shaghas súgra agus lúth-chleas agus gleacaidheachta amuich ar an gcluichemaigh i gcaitheamh an lae, nó bhíodh cuid desna hÉireannachaibh ag imtheacht amach ar fuaid na gcnoc agus cuid desna hAlbanachaibh ag déanamh eóluis dóibh, agus iad dhá suathadh féin le siubhal nó le fiadhach, agus ag cur aithne ar an dtír agus ar na daoine. Bhíodh goile maith acu ag teacht abhaile dhóibh um thráthnóna agus bhíodh biadh maith ar bhórdaibh fair- singe rómpa i dtigh an ríogh. Annsan nuair a bhíodh a ndóithin ithte agus ólta acu bhíodh an chaint agus an comhrádh agus an sgéalaidheacht ar siubhal, nó an cluiche fithchille dá imirt idir aon bheirt n-a mbíodh dúil acu ann, go dtí go dtagadh aimsir chodlata.
I gcaitheamh na n-ocht lá san do chuir na hÉireannaigh agus na hAlbanaigh aithne ar a chéile agus thaithneadar le n-a chéile go maith. Thuig gach taobh acu 'n-a n-aigne go raibh obair mhór ag teacht. Thuig na hAlbanaigh go raibh mór-shluagh le cruinniughadh i nAlbain agus go mbeidís féin ar an mór-shluagh san agus go mbeadh ortha teacht go hÉirinn agus cogadh mór do dhéanamh agus cathana fuilteacha do throid, i gcoinnibh an áird- ríogh agus i gcoinnibh Eóghain Mhóir. Bhíodar, dá bhrígh sin, ag cur gach aon tsaghas tuairisgí ar na hÉireannach- aibh, i dtaobh na hÉireann, agus i dtaobh nirt slógh an áirdríogh, agus nirt slógh Eóghain Mhóir, agus i dtaobh saidhbhris na tíre, agus i dtaobh cródhachta na ndaoine chun an tsaidhbhris do chosaint. Bhí an t-eólus acu dá fhagháil ach ní go ró fhonnmhar a thug na hÉireann- aigh an t-eólus san uatha. Thugadar uatha é, ámhthach, mar do thuigeadar go rabhadar ar díbirt, i ndúth- aigh iasachta i bhfad ó n-a dtighthibh féin agus ó n-a ngaoltaibh agus ó n-a ndaoine muinteartha, agus go raibh na daoine muinteartha agus na gaolta céadna san ag fulag péine agus daoirse agus dochraide, go héagcórtha, fé smacht agus fé thíorántacht Eóghain Mhóir. Ní rabhadar sa bhaile chun na ngaolta agus na ndaoine muinteartha san do chosaint. B'é ba lugha ba ghann dóibh, dar leó, teacht abhaile chomh luath agus d'fhéadfaidís é agus chomh láidir agus d'fhéadfaidís é, agus an chosaint sin do dhéanamh nó tuitim san iarracht. Chuireadar, dá bhrígh sin, gach aon mhisneach a dh'fhéadadar ar na hAlbanachaibh agus chuireadar 'n-a luighe ortha nár ghábhadh dhóibh aon eagla bheith acu roim Art ná roim Eóghan; go raibh smacht na beirte sin dian dochraideach go maith ar a lán eile i n-éaghmuis Chinéil Lughaidh, agus gur ró thapaidh a dh'éireóchadh an
lán eile sin i gcoinnibh an smachta san chomh luath agus chífidís an dá Lughaidh ag teacht agus neart slógh acu. B'é b'fhada le Lughaidh Mac Con go raibh gnó dá dhéanamh. B'iad na hocht laetheannta san na hocht laetheannta ba shia dar chaith sé ó tháinig sé go hAlbain, dar leis. Fé dheireadh bhíodar imighthe. Do ghlaodhaidh rí Alban chuige a lucht comhairle. Do ghlaodhaidh sé chuige sa chomhairle, leis, an dá Lughaidh, .i. Lughaidh Mac Con agus Lughaidh Lágha. I n-éaghmuis na gnáth- chomhairle a bhíodh ag righ Alban féin bhí uaisle tagaithe chuige an uair sin ó chrích Sacsan agus ó Bhreatain agus bhíodar i n'fhochair sa chomhairle an uair sin, chomh maith leis an dá Lughaidh. Bhí gaol agus comhgas idir rígh Alban agus ríghthe Sacsan agus Bhreatain. Inghean do rígh Breatain ab eadh a mháthair agus bhí inghean do rígh Sacsan pósta aige. Bhí éiliomh mór aige ar an dá thír sin. Dhein sé caint sa chomhairle. D'innis sé dá raibh láithreach cionnus mar a bhi na trí- naonbhuir uaisle sin ó'n Mumhain, ríghthe agus maithe móra, gur sa bhaile ba cheart dóibh bheith, ag tabhairt aire dá dtír féin agus dá ndaoine féin, cionnus mar a bhíodar annsúd ar díbirt, i ndúthaigh iasachta, tré thíor- ántacht agus tré ansmacht Áirdríogh Éireann agus Eóghain Mhóir mhic Ailealla Óluim. "Ní béas liom-sa," ar seisean, "ná le rígh Sacsan, ná le rígh Breatain, éagcóir agus ansmacht agus cos ar bolg a dh'fheisgint 'á dhéanamh ar aon treabhchas daoine, uasal ná íseal, gan gach ní bheadh ar mo chumas do dhéanamh chun cosg do chur le héagcóir, chun láidir do leagadh agus lag do thógáilt. Iarrfad anois ar rígh Sacsan agus ar rígh Breatain neart fear ó gach rígh acu do chur le chéile, agus cuirfeadsa neart uaim féin le chéile, an neart is mó a dh'fhéadfad, agus
béarfaimíd na trí nirt sin linn siar go hÉirinn. Brisfimíd agus claoidhfimíd an t-ansmacht so; agus ní eile, socróchaimíd rainnt seana-chunntaisí le hÁirdrígh Éireann. Tabharfaimíd linn abhaile, b' fhéidir, cuid de'n ollmhaitheas a rugadh uainn agus díolfaimid comhar is mithid a dhíol. Do moladh an chaint agus do haontuigheadh lé go fonnmhar. Caibidiol a haon-déag. An fharaige clúdaithe le loingeas. Bhí na huaisle a tháinig ann ó chrích Sacsan, bhíodar ag dul abhaile. Thug rí Alban teachtaireacht dóibh le breith ag triall ar rígh Sacsan. "Innsidh do rígh Sacsan," ar seisean, "an ní seo a chonnacabhair annso, .i. go bhfuilid na huaisle seo ó'n Mumhain annso a d'iarraidh cabhrach orainn chun cogaidh do chur ar a námhaid i nÉirinn. Abraidh leis gur b'é mo bhreitheamhantas-sa gur mhaith an chiall dúinn, i dtriúr, ár neart do chur le chéile agus an chabhair atá uatha do thabhairt dóibh. Dá mbeadh ár dtrí nirt curtha le chéile agus aon neart amháin déanta dhíobh ná beadh aon bhreith ag Art mac Cuinn, pé méid de ríghthibh Éireann a gheóbhadh a pháirt, ar oiread nirt slógh do chur le chéile a's d'fhéadfadh seasamh i n-ár gcoinnibh,
do bhuadhfaimís ar Art agus thabharfaimís oiread saidh- bhris abhaile linn agus dhíolfadh sinn go maith as an méid oibre bheadh déanta againn. Tá 'fhios ag rígh Sacsan, chomh maith agus tá 'fhios agam-sa é, pé méid saidhbhris a thabharfaimís abhaile linn, ná beadh againn 'á thabhairt linn ach cuid dár gcuid féin, cuid dár rugadh uainn go héagcórtha." "Ba dhóich liom, a rí," arsa duine acu-san, "dá dtagadh Lughaid Mac Con nó Lughaidh Lágha i n-aoin- fheacht linn gur mhóide agus gur bh'fhearrde a dh'éist- fidhe linn é. Is 'mó eólus a dh'fhéadfadh duine de'n bheirt sin a thabhairt uaidh nár bh'fhéidir dúinne thabhairt uainn agus is 'mó ceist a dh'fhéadfadh duine acu do réidhteach le bunús nár bh'fhéidir d'aoinne againne do réidhteach i n-aonchor. Agus, gan amhras, cuirfidh rí Sacsan a lán ceisteanna i dtaobh na hoibre seo, sar a dtoilighidh sé chun na hoibre, go mór mór, sar a gcuirfidh sé aon lámh san obair." Do socruigheadh ar Lughaidh Lágha do dhul abhaile le muintir ríogh Sacsan agus ar Lughaidh Mac Con do dhul le muintir ríogh Breatain. Do ghluais an dá bhuidhean bheag san gan a thuilleadh righnis. Do chomáin rí Alban teachtairí uaidh féin mór-thimcheall ag triall ar uaislibh Alban 'gá innsint dóibh cad air go raibh socair agus 'á iarraidh ortha go léir a neart do chruinn- iughadh agus teacht chuige agus go dtabharfadh sé féin caoi dóibh ar dhíoghaltas a dhéanamh ar Ghaedhealaibh mar gheall ar ar dheineadar d'éagcóir agus de chreachadh agus d'argain ortha féin agus ar a dtíorthaibh agus ar a ndaoine le dhá chéad bliadhan roimis sin, Níor dheacair na hAlbanaigh do spriocadh chun oibre de'n tsórd san an uair sin. Bhí síothcháin, gan amhras, idir Éirinn agus Albain ach má bhí féin bhí cuimhne ag
na hAlbanachaibh ar a raibh de dhíoghbháil dá dhéanamh dóibh coitchianta ag Gaedhealaibh ó aimsir Chonaill Chearnaigh agus Chú Chulainn agus Chonchubhair rí Uladh anuas. Níor bh'aon mhaith dhóibh bheith ag cuimhneamh ar an éagcóir sin do dhíogailt ar mhuintir na hÉireann go dtí san. Bhí Éire ró láidir. Ach nuair a bhí na huaisle móra so ó'n Mumhain thall acu agus nuair a chonnacathas go raibh neart na hÉireann 'n-a dhá chuid agus an dá chuid sin 'ghá n-imirt féin i gcoinnibh a chéile agus ag cur a chéile ar neamhní, do tuigeadh go mbéadh sé ana-fhuiriste do chomhacht iasachta teacht isteach agus gabháil do chosaibh sa da chuid. Do cuir- eadh an sgéal 'n-a luighe, ar an gcuma san, ar gach treabhchas, fé mar a labhradh leó, i dtreó gur tuigeadh go háluinn é ins gach aon bhall, agus go raibh na daoine go léir, idir uasal agus íseal, toilteanach chun aghaidh a thabhairt ar an mór-obair, agus iad go fonnmhar agus go fuadarach chun gnímh. Chuaidh rainnt bheag desna Gaedhealaibh go teagh- lach ríogh Sacsan i n-aoinfheacht le Lughaidh Lágha, agus chuaidh rainnt bheag eile acu go teaghlach ríogh Breatain i n-aoinfheacht le Lughaidh Mac Con. An ní céadna díreach a chuaidh 'n-a luighe ar na hAlbanachaibh i dtaobh na mór-oibre, chuaidh sé'n-a luighe ar rígh Sacsan agus ar rígh Breatain, agus ar na daoine sa dá thír, nuair a chonnacadar Lughaidh Lágha agus Lughaidh Mac Con agus na huaisle Gaedhealacha a bhí le n-a gcois. Thuig gach aoinne go raibh neart na hÉireann 'n-a dhá chuid agus go mbeadh an dá chuid sin ag cur a chéile ar neamhní, agus go gcabhróchadh san go láidir le pé comhacht iasachta do cheapfadh cur isteach a dhéanam ar Éirinn. B'é toradh na haigne sin insna trí dúthchaíbh, i
nAlbain, agus i gcrích Sacsan, agus i mBreatain, gur thosnuigh na slóighte ar chruinniughadh go líonmhar ó'n uile áird. Do ceapadh Port Ríogh mar inead coinne do'n mhór-shluagh, agus fé mar a bhíodh gach buidhean ollamh chun gluaiste, i n-arm 's i n-éideadh, agus a n-ualaí lóin acu, thugaidís aghaidh ar Phort Ríogh. Tháinig cuid acu treasna na tíre agus tháinig cuid acu ar uisge, i loingeas agus i mbádaibh. Bhíodar ag teacht go Port Ríogh go dtí go raibh, fé mar adeir an seana leabhar, an fharaige idir Éirinn agus Albain clúdaithe le loingeas agus le bádaibh agus le cur- achaibh, i dtreó go bhféadfadh duine siubhal, do chosaibh tiorma, ó thír acu go dtí an tír eile, mar a siubhl- óchthaidhe ar dhroichead. Tháinig mac do rígh Sacsan ann i n-aoinfheacht le Lughaidh Lágha, agus mac do rígh Breatain i n-aoinfheacht le Lughaidh Mac Con. Béinne Briot ab ainm do mhac ríogh Breatain. Do cuireadh an mhór-shluagh fé láimh Lughaidh Mic Con. Bhí an tsluagh go léir, nách mór, cruinnighthe ar bruach na faraige i nAlbain, agus an chabhlach mhór loingeas agus bád agus curach annsúd ar uisge, ollamh chun na slógh thabhairt anall go hÉirinn, sar a raibh fios fáil ná rún ag Eóghan Mór ná ag Art mac Cuinn ar cad a bhí chucha. An fhaid a bhí an mhór-shluagh ag cnuasach ar an dtaobh Albanach de'n uisge, agus an chabhlach loingeas ag cruinniughadh ar an uisge, níor thuig Éireannaigh na comharsanachta, ar an dtaobh Gaedhealach de'n uisge, cad é an brígh ná cad é an bun a bhí leis an mór-obair. I ndiaidh chéile do thosnuigh cogarnach agus ráflaí ar ghluaiseacht. Chuaidh daoine anonn ó Éirinn ag ceist- iúchán agus ag fiafraigheachán agus níor bh'fhada go bhfuaradar amach go raibh Lughaidh Mac Con agus Lughaidh
Lágha thall agus gur acu a bhí an neart slógh san cruinn- ighthe agus go rabhadar féin agus an neart slógh san ag teacht go hÉirinn chun briseadh Chinn Abhrad do dhíog- ailt ar Eóghan Mór agus ar Ailill Ólom agus ar Art mhac Cuinn. Annsan is eadh tháinig an sgeón i gceart insna hÉireannaigh a bhí n-a gcomhnuidhe insna críochaibh a bhí ar aghaidh na háite 'n-a raibh an mhór- shluagh cruinnighthe thall. Bhailigh cuid acu pé maoin a bhí acu, chomh maith agus d'fhéadadar é, agus thugadar a n-aghaidh siar, nó siar ó dheas. Do leathadar an sgeón ins gach áit 'n-a dtángadar. An mhuintir a dh'fhan thoir sa bhaile chomáineadar teachtairí amach ag triall ar Lughaidh Mhac Con ag déanamh síothchána leis. Níor bh'fhada go raibh an sgéal ar fuid na hÉireann go léir go raibh an mhór-shluagh ag teacht agus go raibh Lughaidh Mac Con 'n-a rígh ar an mór-shluagh, agus go mbeadh sé i n'áirdrígh ar Éirinn láithreach bonn! Chomh luath agus d'airigh Art, an tÁirdrí, cad a bhí chuige thosnuigh sé ar a neart féin do chruinniughadh agus ar dhruidim siar. Fé mar a bhí sé ag druidim siar chun na Sionainne bhí a shluagh ag méadughadh. An mhuintir a theich as an dtaobh thoir de Chúig' Uladh nuair a fuaradar Mac Con ag teacht, níor stadadar go dtí go rabhadar ar shluagh Airt. Tháinig na céadta agus na mílte ó'n gcuid eile de Chúig' Uladh agus ó Chúige Laighean agus Midhe agus chuadar-san, leis, fé láimh Airt. Chuaidh Art agus an méid sin nirt tar Shionainn siar. ghósiteghli D'éir Connacht láithreach agus chuadar fé n-a láimh. Bhí mór-shluagh mhaith láidir líonmhar aige annsan. Um an dtaca san bhí Lughaidh Mac Con agus an mhór-shluagh iasachta tagaithe anall go hÉirinn agus bhí na daoine go léir ag géilleadh dhóibh, 'sé sin an méid díobh ná raibh imighthe ag triall ar shlóightibh an
Áirdríogh. An méid a ghéill do Mhac Con b'éigean dóibh éirghe amach i n-aoinfheacht leis i gcoinnibh an Áirdríogh, i dtreó nár fágadh sa bhaile ach aos óg agus mná agus sean-daoine. Chomh luath agus a bhí an mhór-shluagh tagaithe anall ó Albain go hÉirinn do sgar Lughaidh Lágha leó agus thug se aghaidh ó dheas chun na Mumhan, é féin agus cual- acht mhaith láidir desna Muimhnigh a bhí 'n-a theannta thall i nAlbain agus desna hAlbanaigh a tháinig anall. Tháinig Lughaidh Lágha agus an chualacht san go dthí Eatharlach. Chomáin Lughaidh teachtairí ó'n áit sin ó dheas ar fuid Chorca Laoighdhe 'ghá innsint go raibh Lughaidh Mac Con, rí Chinéil Lughaidh, tagaithe go hÉirinn agus go raibh mór-shluagh líonmhar, chomhachtach aige, agus gur bh'anois an t-am acu go léir chun na hansmachta san Eóghain Mhóir do chaitheam díobh agus chun sásaimh fhagháil as ar dhein Eóghan d'éagcóir agus d'olc ortha ó'n lá a briseadh cath Chinn Abhrad ortha. Ní raibh uatha ach an focal. D'éirgheadar go léir, an uile dhuine acu a bhí ábalta ar aon rud i bhfuirm airm do láimhseáil, agus thángadar rómpa go gleann Eatharlaighe. Chuir Lughaidh Lágha i dtreó chun gluaiste iad agus do rug sé leis siar ó thuaidh iad i dtreó na háite 'n-ar thuig sé Lughaidh Mac Con agus an mhór-shluagh iasachta do bheith. I gcaitheamh na haimsire sin ní baoghal go raibh Eóghan Mór 'n-a chodladh. Chomh luath agus d'airigh sé go raibh an mhór-shluagh iasachta ag teacht do thosnuigh sé ar a neart féin do chruinniughadh agus do chur le chéile. Do chruinnigh sé an méid a bhí beó desna fearaibh a bhí aige i gcath Chinn Abhrad. Dubhairt sé leó nár bhfoláir dóibh teacht agus an cath do throid arís, agus nuair
marbhóchthaidhe Mac Con an uair seo nár bhaoghal gur bh'é Dodéara geóbhfaidhe marbh i n-inead Mhic Con. Thángadar go léir go Brugh Ríogh, an uile dhuine acu a bhí ábalta ar arm do láimhseáil. Caibidiol a dó déag. Cath Maighe Mucraimhe. Tá machaire breágh leathan réidh thiar i gContae na Gaillmhe agus Magh Mucraimhe a tugtí an uair sin air. An té shiubhlóchadh ó chathair Átha Luain go Cathair na Gaillmhe, anois, do shiubhlóchadh sé tré lár an mhachaire sin. Tamall siar ó Áth Luain, ar an machaire sin, is eadh atá an áit ar a dtugtar Eachdhruim, an láthair ar ar troideadh an cath fuilteach úd idir shlóightibh Ríogh Séamus agus slóighte an tríomhadh Uilliam. Agus sa taobh thiar thuaidh de'n mhachaire chéadna atá an dá áit ar a dtugtí Magh Tuireadh, an dá láthair ar ar troideadh cathana móra, fuilteacha, uathbhásacha, fad ó riamh, idir Thuatha Dé Danann agus Fearaibh Bolg, agus arís idir Nuadha Airgeadlámh agus Balor, an Fomarach. Innstear sa tseana leabhar cad 'n-a thaobh gur tugadh Magh Mucraimhe mar ainm ar an machaire sin. Tá uaimh ann agus Uaimh Cruachna a tugtí ar an uaimh sin, agus má's fíor an seana sgéal dob' í an uaimh sin "dorus ifrinn" na hÉireann, agus is aisti amach a tháinig na trí uilc mhóra úd, an Tillén Trécheann, agus na hÉanlaithe Chruan, agus na Muca Geintleachta. Ainmhidhe
éigin uathbhásach ab eadh an Tillén Tréchenn, nó an t-Eillén Tréchenn, agus tháinig sé amach a hUaimh Cruachna, agus do ghluais sé ar fuaid na hÉireann ag marbhughadh na ndaoine, agus bhí Éire geall leis folamh ó dhaoine aige sar ar marbhuigheadh é. I gCúig' Uladh is eadh do marbhuigheadh é. Bhí sé ag marbhughadh na ndaoine ar fuaid na cúige. Thug Amhairghein aghaidh air os comhair fear Uladh. Do throid sé féin agus Amhairghein ar ghalaibh aoinfhir agus do mhairbh Amhair- ghein é. Athair Chonaill Chearnaigh an tAmhairghein sin. Éanlaithe éigin chróna ab eadh na hÉanlaithe Chruan. Thángadar amach a hUaimh Cruachna agus ghluaiseadar ar fuaid na hÉireann agus aon rud glas n-ar chuaidh a n-anál air d'fheóch sé, i dtreó go raibh an tír go léir créachta acu. D'éirigh muintir Cúig' Uladh agus chrom- adar ar na héanlaithe do leanamhaint agus do lámhach le taibhlibh agus mharbhuigheadar iad go léir. I n-aimsir Mhéibh agus Ailealla is eadh tháinig na muca geintleachta amach as an uaimh. An áit 'n-a siubhlaidís ní fhásadh féar ná arbhar aníos tríd an dtalamh ann go ceann seacht mbliadhan 'n-a dhiaidh san. Do tugadh fé ndeara dá ndeintí iad do chomháireamh i n-áit ná fanaidís san áit sin ach go n-imthighidís go háit éigin eile. Ach ba ró dheacair iad do chomháireamh. Nuair a mheasadh duine go mbíodh an comháireamh déanta aige, agus an comháireamh cruinn aige, gheóbh- adh duine eile muc sa mbreis, nó muc i n-easnamh, ar an gcomháireamh san. Annsan gheóbhadh an trío- mhadh duine an dá chomháireamh san amudha, agus mar sin dóibh. Chuaidh Méibh agus Ailill amach lá, 'n-a gcarbadaibh, chun na muc do chomháireamh. Do chomháir- imh Méibh iad. Do léim muc díobh treasna an charbaid 'n-a raibh Méibh. "Muc sa mbreis! Muc sa
mbreis!" arsa cách. "Ní headh!" arsa Méibh, agus le linn an fhocail a rádh dhi do rug sí ar chois deiridh ar an muic. D'osgail an croiceann ar éadan na muice agus d'imthigh an mhuc as an gcroiceann agus do fágadh an croiceann agus an chos deiridh i láimh Mhéibh. Láith- reach bonn ní raibh muc le feisgint san áit' agus ní feacathas ó shin iad. Mar gheall ar an gcomháireamh san na muc is eadh do tugadh Magh Mucraimhe ar an machaire sin. Ar Magh Mucraimhe is eadh do cheap an tÁirdrí, Art mac Cuinn, agus Eóghan Mór a neart do chruinn- iughadh agus cath do thabhairt do Lughaidh Mac Con agus dá shlóightibh iasachta. Bhí Lughaidh um an dtaca san tar éis na hÉireann go léir, lastoir agus lastuaidh, do chreachadh agus do sgrios, agus thug sé aghaidh ar Mhagh Mucraimhe chun an chatha do thabhairt. Ní mór- shluagh a bhí aige ach trí mhór-shluaigh, agus iad 'n-a dtrí buidhnibh aige. Bhí sé féin agus a oide, .i. Lughaidh Lágha, agus Béinne Briot mac ríogh Breatain, os cionn na dtrí mbuidhean san. Bhí mórán desna Gaedhealaibh a bhí glacaithe isteach 'n-a shluagh aige an fhaid a bhí sé ag creachadh na tíre, ach is dá n-aimhdheóin a ghlac sé iad. Bhí eagal air, dá bhrígh sin, go n-imtheóchaidís uaidh nuair a bheadh an cath ar siubhal, nó go n-iompóchaidís anonn ar thaobh an Áirdríogh. I dtreó ná féadfaidís aon taobh acu san do dhéanamh do mheasg sé na Gaedhil agus na hAlbanaigh ar a chéile i dtreó go raibh gach Gaedheal idir dhá Albanach, agus cheangail sé an Gaedheal de dhuine desna hAlbanachaibh, agus chuir sé, ar an gcuma gcéadna, Gaedheal idir gach dhá Bhreathnach. B'usa dhóibh, annsan, an fód do sheasamh agus troid 'ná aon iarracht a dhéanamh ar theicheadh. Nuair a bhí an méid sin déanta bhí an dá iodhna ar aghaidh a chéile agus
iad ollamh, agus na ríghthe ar gach taobh ag feitheamh go dtiocfadh an focal ó'n Áirdrígh agus ó Mhac Con. An oidhche roim ré sar a dtáinig lá an chatha dhein Lughaidh Mac Con beart ghasta. Dhein sé, idir a shlóighte féin agus slóighte fear Éireann, díogracha fada leath- ana sa talamh agus iad chomh doimhinn a's go bhféadfadh fear luighe ionnta ar a chrobhnaibh agus ar a ghlúinibh, nó síneadh ionnta ar a shuaimhneas. Chuir sé cuid mhaith dá shluagh síos insna díograchaibh sin. D'órduigh sé gach sleagh dá raibh i lámhaibh na bhfear san do bhriseadh ag an mbulg i dtreó nár dheacair úsáid a dhéanamh, thíos sa díg, de'n leath ar a raibh an rinn. Annsan, nuair a bhí na fir 'n-a luighe insna díograchaibh sin do chuir sé cliathacha os a gcionn agus féar glas anuas ar na cliathachaibh i dtreó nár dhóich le duine go raibh díg ná duine fé'n bhféar glas san áit. Ar aghaidh na háite n-a raibh plúr fear Éireann le teacht chun an chatha is eadh do dhein Mac Con na díogracha san, agus do mhúin sé go maith dosna fearaibh a chuaidh síos insna díograchaibh, cad a bhí le déanamh acu. Nuair a bhí an dá iodhna ag teacht chun a chéile, díreach sar ar thosnuigh an cath, do chonnaic Lughaidh Mac Con Eóghan Mór mac Ailealla ar a aghaidh anonn. Do labhair sé leis:- "An comhrac deise úd a dh'fhógrais-se orm-sa, a Eóghain," ar seisean, "i gcath Chinn Abhrad, freag- róchad anois é." Do stad an dá shluagh nuair airigheadar an focal. "Ní mar a chéile an cás eadrainn anois agus an uair sin, a rí," arsa Eóghan. "Is agat-sa bhí an éagcóir an uair sin, is ar mo thaobh-sa atá an éagcóir anois. Chuiris-se cath orm-sa gan chúis i gCeann Abhrad. Tá cúis do dhóithin faghálta agat chun an
chatha so, bíodh gur b'olc an gníomh atá déanta agat ar Éirinn, slóighte iasachta thabhairt chughainn isteach agus Éire do chreachadh agus do sgrios mar atá déanta agat. An éagcóir a dheineas-sa ort fé ndear é. Dá bhrígh sin ní dhéanfad-sa comhrac deise leat indiu." "Geallaim an méid seo dhuit, a rí," arsa Mac Con. "Má dheineann tú comhrac deise liom-sa indiu ní le drúth, tar mo cheann, a bheidh an comhrac agat 'á dhéanamh. Agus deirim ní eile leat. B'fhearr liom tuitim sa chomhrac leat-sa agus coin fear Éireann dom' ithe 'ná a thuilleadh dem' shaoghal do chaitheamh i ndúthaigh iasachta, i bhfad ó Éirinn!" "Ní dhéanfad-sa aon chomhrac deise leat indiu, a rí," arsa Eóghan. Do ghluais an dá shluagh chun a chéile, agus thosnuigh an bualadh agus an léasadh agus an t-éirleach. Ba ghearr gur éirigh sgamal ceóigh suas os cionn na bhfear ar gach taobh, an chailc 'á baint desna sgiathaibh le déine agus le truime na mbuillí agus an ghaoth ag séideadh na cailce sin suas sa spéir agus 'á sguabadh lé. Na sgiatha agus na bocóidí ag freagairt na mbuillí, go hárd agus go ceólmhar. Na faobhair ag sgreadaigh agus ag díoscán nuair a shleamhnuigheadh faobhar i gcoinnibh faobhair nó slinn i gcoinnibh slinne sleighe. An fothram, mar a bheadh ag gaibhnibh ag tuargaint ar inneónaibh le hordaibh agus le casúraibh, nuair a buailtí na sgiatha agus na bocóidí i gcoinnibh a chéile le neart agus le fuinneamh. Fir láidre ag rúsgadh a chéile, agus ag dranntughadh chun a chéile, agus annsan ag búithrigh chun a chéile agus ag easgainidhe agus ag spídiúchán ar a chéile nuair a gheibhdís goin bháis. Bhí Lughaidh Lágha ann, ar taobh Lughaidh Mhic Con, agus b'fhuiriste é dh'aithint. Bhí cathbharr cíorach ar a cheann
agus lúireach iarainn uime agus claidheamh mór 'n-a láimh agus gach fear dá dtagadh os a chomhair do chaitheadh buille beag de'n chlaidheamh san i leith taoibh é, marbh, chomh marbh agus mharbhóchadh cleith-ailpín francach. Bhí Eóghan Mór mac Ailealla ar an dtaobh eile agus an t-éirleach céadna, nó geall leis, aige 'á dhéanamh ar na hAlbanachaibh agus ar an muintir a bhí leó. Bhí an cathbharr cíorach ar a cheann agus an lúireach uime agus an claidheamh 'n-a láimh aige agus gach fear a thagadh 'n-a choinnibh ag tuitim. Do tugadh fé ndeara nár thug Lughaidh Lágha agus Eóghan Mór aghaidh ar a chéile i n-aonchor sa chath. Dhein gach fear acu éir- leach uathbhásach ar an muintir a bhí ar a aghaidh féin amach. Níor dhein Lughaidh Lágha, ámhthac, aon iarracht ar theacht chun na háite 'n-a raibh Eóghan Mór ag déanamh an éirligh agus ní lugha 'ná mar a dhein Eóghan Mór aon iarracht ar dhul chun na háite 'n-a raibh Lughaidh Lágha. Níor thaithn san le Lughaidh Mac Con. Caibidiol a trí déag. Dearg-Ruathar. Bhí an cath ar siubhal go dian agus go fíochmhar agus go seasamhach. Gach taobh ag seasamh an fhóid gan staonadh. Fé dheireadh thosnuigh an tsluagh iasachta ar tharrang siar. Fé mar a tharraingeadar-san siar do thosnuigh fir Éireann ar bhrúth amach. Má ba d'aon ghnó a bhí na hallmharaigh ag tarrang siar agus ag dul
beagán i ndiaidh a gcúil dheineadar an d'aon ghnó go maith. Ní aithneóchadh aoinne ortha ná gur bh'é neart agus tréine agus comhrac cuthaigh agus cródhacht na bhfear a bhí 'n-a gcoinnibh a bhí 'ghá mbrúth siar. Bhíodar ag druidim siar agus fir Éireann ag brúth ortha go dtí go raibh fir Éireann 'n-a seasamh ar na cliathach- aibh. Annsan do shéid Lughaidh Mac Con adharc. Chomh luath agus do séideadh an adharc do thosnuigh na fir a bhí insna díograchaibh ar fhearaibh Éireann do shádh, uatha suas, trésna cliathachaibh, leis na sleaghnaibh gearra. Níor thuig fir Éireann cad a bhí ar siubhal go dtí go rabhadar tar éis dul thar na cliathachaibh. Annsan do séideadh an adharc dhá uair as a chéile go mear. Le n-a linn sin do caitheadh i n-áirde na cliathacha agus do léim na fir a bhí fútha aníos as na díograchaibh agus chromadar ar fhearaibh Éireann do bhualadh ó'n dtaobh thiar. Nuair a fuair fir Éireann go rabhadar idir dhá námhaid chromadar ar dhruidim i leith taoibh a d'iarraidh dul as an bpúnc. Ó bheith ag druidim níor bh'fhada go rabhadar ag siubhal go géar. Ba ghearr go raibh an siubhal 'n-a shodar. As san ba ghearr go raibh gach aoinne ag rith ar a dhícheall amach as an ngreim 'n-a rabhadar idir an dá námhaid. Do ghéaruigh ar an rith go dtí go raibh sé 'n-a theicheadh dhearg. D'fháisg an námhaid 'n-a ndiaidh agus ar gach taobh díobh. Bhí Lughaidh Lágha agus Mac Con agus Béinne Briot 'n-a ndiaidh ag brúth ortha agus 'á leagadh. Bhí Eóghan Mór agus Art mac Cuinn agus Corb Cacht mac Ailealla a d'iarraidh cosg do chur leis an rith agus é ag teip ortha. Sa bhrúth agus sa mharbhughadh dhóib tháinig Béinne Briot chun na háite 'n-a raibh Eóghan Mór agus é ag dul i ndiaidh a chúil sa teicheadh, a d'iarraidh a chur fhéachaint ar na fearaibh a bhí 'n-a thimcheall stad agus iompáil
ar an námhaid. Níor thug sé fé ndeara Béinne Briot ag teacht 'n-a ghaor. Do dhruid Béinne chuige agus nuair a bhí sé achamair a dhóithin dó chomáin sé sleagh tré n-a chliabh. Do thuit Eóghan. Nuair a chonnaic fir Éireann Eóghan ar lár chailleadar a misneach ar fad. Do chrom Béinne Briot os cionn chuirp Eóghain agus bhí sé ag baint an chinn dé le n-a chlaidheamh. Chonnaic Lughaidh Lágha an obair a bhí ag Béinne 'á dhéanamh. Tháinig, mar adeir an seana-leabhar, "ell chondailbhe" dhó nuair a chonnaic sé an cor a bhí ag an bhfear iasachta 'á thabhairt ar mhach a dhearbhráthar féin, ar Eóghan mac Ailealla. Dhruid se anonn chun na háite. Do bhuail Béinne Briot an buille deirinneach ar mhuineál Eóghain agus do thuit ceann Eóghain ar an dtalamh. Ach díreach le linn an bhuille dheireannaigh sin a bhualadh do Bhéinne, do bhuail Lughaidh Lágha buille anuas i mbaic an mhuiníl ar Bhéinne féin, i dtreó, nuair a thuit ceann Eóghain ar an dtalamh, gur thuit ceann Bhéinne anuas ar ucht Eóghain. Le linn an bhuille do bhualadh dhó dubhairt Lughaidh Lágha an focal so:- "Ísealbéim bhenus Béinne. Ardbhéim benus Béinne." 'Sé sin le rádh, béim íseal is eadh atá ag Béinne 'á bhualadh, ach béim árd atá dá bhualadh ar Bhéinne féin. "Dothaet mo recht as a riocht béimenn benus Béinne Briot," arsa Lughaidh Lágha nuair a chonnaic sé an gníomh a bhí ag Béinne 'á dhéanamh. "D'athruigh mo chroidhe le neart feirge," adéarfaidhe anois "nuair a chonnac na buillí a bhí ag Béinne Briot 'á bhualadh." Tháinig Lughaidh Mac Con ar an bfód díreach le linn an chinn a thuitim de Bhéinne Briot.
"Olc an imirt sochraide sin, a Lughaidh!" ar seisean. "Is cuma dhuit-se sin," arsa Lughaidh Lágha. "Tabharfad-sa ceann ríogh Éireann duit anois mar dhíoluigheacht a ceann Bhéinne Briot. Bhí Art mac Cuinn i n-áit eile agus an teicheadh ar siubhal ann agus an tÁirdrí a d'iarraidh a chur fhéach- aint ar na fearaibh iompáil agus an cath do sheasamh. Thug Lughaidh Lágha aghaidh ar an áit. Thug se aghaidh ar an Áirdrígh. Níor chomhrac fada é. Do thuit an tÁirdrí. Bhain Lughaidh Lágha a cheann dé. Thug sé an ceann ag triall ar Lughaidh Mac Con. "Seo, a dhalta," ar seisean. "Má b'olc an imirt sochraide é siúd ní holc an imirt sochraide é seo. Sin agat ceann Áirdríogh i n-inead cinn Bhéinne Brit. Tá an ceann is fearr de'n dá cheann agat anois. Agus féach, a dhalta. Má bhaineas-sa ceann Áirdríogh d'Art mhac Cuinn tá ceann Áirdríogh curtha suas agam os cionn dá ghualann Lughaidh mhic Con." "Tá, a oide," arsa Lughaidh Mac Con, "agus is linn an lá de bharr do ghnímh." Turlach Airt, i gCrích Óg mBethra an ainm atá ó shin i leith ar an áit 'n-ar bhain Lughaidh Lágha a cheann d'Art mhac Cuinn an lá san. Do lean teicheadh agus ár fear Éireann go dtí gur sroiseadh Áth Cliath i gCrích Óg mBethra. Bhí mór-sheisear mac ag Ailill Ólom. Do, thuit- eadar go léir sa chath san. Tá a n-otharluighe, 'sé sin na huaghna i n-ar cuireadh iad, i n-aice an átha ar an dtaobh thuaidh.
Caibidiol a ceathair déag. Lughaidh Mac Con 'n-a áirdrígh. B'fhíor do Lughaidh Lágha an focal a dubhairt sé i dtaobh chinn an Áirdríogh ar Lughaidh Mhac Con. Tar éis an chatha ní raibh aon chomhacht i nÉirinn a dh'fhéadfadh cur i gcoinnibh Lughaidh Mhic Con. Do ghlac sé áirdrí- gheacht Éireann ar éigin agus chuaidh sé chun comhnuidhthe i dTeamhraigh. D'fhág Art mac Cuinn mac 'n-a dhiaidh. Cormac ab ainm do'n mhac san. Do thóg an tÁirdrí, Lughaidh Mac Con, an mac san chuige i n-altrom. Sin ní desna neithibh a castar go minic ar dhaoinibh agus iad ag léigheadh agus ag breithniughadh seanchuis na hÉireann. Do cheapfadh aoinne, ní nách iongnadh, gur bh'é céad ásg a dhéanfadh duine i gcás Lughaidh Mhic Con ná an leanbh, Cormac mac Airt, do chur chun báis, i dtreó nár bhaoghal go n-éileóchadh sé an áirdrígheacht a bhí agá athair nuair a bheadh sé éirighthe suas. Sin mar a dhéan- fadh aon rí, nó aon áirdrí, dá raibh riamh ar aon tír eile lasmuich de thír na hÉireann. Cad n-a thaobh nár dhein Mac Con é? Cad n-a thaobh dó an leanbh san do thógaint chuige féin, isteach i n'ucht féin, mar a deir an seana-leabhar, agus aire thabhairt dó agus é d'oileamh- aint agus do thógáilt, fé mar a dhéanfadh sé leis dá mba leis féin é? Ní dhéanfadh sé é mura mbeadh go raibh comhacht éigin nár bh'fhéidir dó cur 'n-a coinnib 'ghá chur suas chuige. B'í comhacht í sin ná an chomhacht a thug le tuisgint do Bhrian nár ghábhadh dó Maol
Sheachlainn do chur chun báis chun na háirdrígh- eachta do chur i n-áirighthe, ná do chimeád i n-áirighthe, dhó féin; nó an chomhacht a thug le tuisgint do Chon- chubhar nár ghábhadh dhó Fearghus do chur chun báis ar an adhbhar gcéadna. Comhacht ab eadh í a bhí i n-aigne phoibilidhe na nGaedheal i nÉirinn. B'shin í an chomhacht a chuir fhéachaint ar Ghaedhealaibh Éireann, an fhaid a bhí Éire fútha féin, géilleadh do dhlighthibh agus bheith umhal dóibh, le n-a dtoil féin, gan chabhair gan chonghnamh ó aon rud i bhfuirm executive. Chomh luath agus deintí agus do glactí dlighthe i nÉirinn bhí na dlighthe i bhfeidhm. As san amach an té sháróchadh na dlighthe sin bhí droch-ainm air. Ní raibh meas ag aoinne air ná iontaoibh ag aoinne as. Do thuig Mac Con gur mhóide an meas a bheadh air é, agus gur mhóide an iontaoibh a bheadh as é, dá dtógadh sé an Cormac óg ar oileamhaint chuige féin. Dá bhrígh sin do thóg. Bhí gábhadh aige an uair sin le meas na ndaoine thuilleamh dó féin, agus le n-a n-iontaoibh a thuilleamh dó féin, mar anfhlaith ab eadh é agus bhí 'fhios aige go maith gur bh'ana-dheacair d'anfhlaith bheith buan i n-áirdrígheacht na hÉireann. Thuig sé i n'aigne gur dhóichíghide dhó bheith buan mac an fhíor-fhlatha bheith ar oileamhaint aige i dTeamhraigh. Agus thuig sé, leis, dá dtugadh sé aon anchor do mhac an fhíor-fhlatha nár bh'fhada go mbeadh deireadh le n-a réim féin i dTeamhraigh. Do ghlac sé chuige, ar oileamhaint, Cormac mac Airt, mac an fhíor-fhlatha, agus thug sé aire dhó. Do thaithn san maith go leór leis an bpoibilidheacht, agus do lean Lughaidh Mac Con san áirdrígheacht ar feadh seacht mbliadhan, nó, mar adeir tuilleadh, ar feadh deich mbliadhna fichid.
Tár éis catha Mucraimhe b'éigean d'Ailill Ólom cúram ríghe na Mumhan do ghlacadh air féin arís mar bhí a chlann mhac go léir marbh agus ní raibh aoinne eile chun an chúraim sin do ghlacadh. Measaim gur ag an muintir adeir go raibh Lughaidh Mac Con i n'Áirdrígh ar feadh seacht mbliadhan atá an ceart. Chífear ar ball cad é an chúis go measaim sin. Chuaidh gach aon rud chun cinn maith go leór i gcaitheamh na seacht mbliadhan, i dtosach na haimsire pé'r domhan é. Ach bhí iontaoibh ana-mhór ag muintir na hÉireann i gcomhnuidhe as an bhfíor-fhlaith, agus bhí a chomhthrom san de dhroch-iontaoibh acu as an anfhlaith. Dar leó, dá mba fíor-fhlaith a bheadh 'n-a rígh ortha bheadh an rath ar gach aon rud acu; bheadh sláinte mhaith ag daoine agus ag beithidhigh: d'fhásfadh arbhar agus féar go flúir- seach agus go saidhbhir: bheadh "iasg i linntibh," agus "uain ag caoiribh," agus "toradh ar chrannaibh." Dá mba anfhlaith a bheadh 'n-a rígh os a gcionn bheadh a mhal- airt sin ar fad de sgéal acu. Bheadh mí-ádh agus mí- rath ar gach aon rud. Ní fhásfadh féar ná arbhar tríd an dtalamh. Ní bheadh gamhna ag buaibh, ná uain ag caoiribh' ná iasg i linntibh, ná ubhla ar chrannaibh. Bheadh breóiteachtaí ar na daoine, agus easba sláinte, agus, coimheasgar eatartha, agus droch-chomharsanacht agus eascairdeas, agus an uile shaghas tré chéile. Gan amhras, nuair a bheadh 'fhios acu an anfhlaith a bheith os a gcionn bheidís ag faire ar gach aon droch-ní a thuitfeadh amach dóibh agus ag cur an mhilleáin ar an anfhlaith, agus na neithe foghanta do thuitfeadh amach dóibh ní chimeádfaidís cuimhne ortha. Nuair a bhí Mac Con tamall san áirdrígheacht bhí cuid mhaith desna doch- araibh acu le cur i leith a anfhlaitheasa agus ní baoghal ná gur chuireadar 'n-a leith iad ó chroidhe.
Bhí an mí-shásamh ag fás 'n-a n-aigne 'n-a choinnibh ar feadh sé mbliadhan. Annsan dho thuit rud amach. Bhí páirc bhreágh ghlas ar aghaidh grianáin na ríogna amach, i n-aice ríghtheaghlaigh na Teamhrach. Ba leis an ríogain an pháirc. "Glaisín na ríogna," 'sé sin, páircín ghlas na ríogna a tugtar sa tseana- leabhar ar an bpáirc. Tháinig caoire éigin ó'n gcomh- arsanacht isteach sa pháirc agus do lomadar an pháirc. Cad a bhí le déanamh? Níor bh'fholáir díol as an ndom- áiste. Do tugadh an cás os comhair an Áirdríogh, os aomhair Lughaidh Mhic Con. Bhí an cás dá phléidh. Bhí an leanbh, Cormac mac Airt,'n-a luighe ar thulg, i n-aice an Áirdríogh, agus é ag éisteacht leis an bpléidh. Nuair a bhí an bhreith ag an Áirdrígh 'á thabhairt dubhairt sé, "Tugtar na caoire mar dhíoluigheacht as ar itheadar." "Ach, a Áirdrí," arsa'n leanbh, "ná deintear san." "Agus cad is ceart a dhéanamh, a mhic?" arsa Lughaidh ag cur gáire as. "Do bhearradar na caoire an glaisín," arsa'n leanbh. "Bearrthar na caoire agus tugtar an olann mar dhíoluigheacht. Fásfaidh an olann arís ar na caoiribh, agus fásfaidh an féar arís ar an nglaisín. Tugtar lomra na gcaoireach mar dhíoluigheacht i lomra na páirce." "Fíor-bhreith! Fíor-bhreith!" arsa cách. "Sin an fhíor-bhreith agus is é mac na fíor-fhlatha do thug an bhreith," ar siad go léir. Le n-a linn sin do thuit leath an tighe, an leath i n-ar tugadh an ghú-bhreith. Dubhairt gach aoinne gur mar gheall ar an mbreith éagcórtha a tugadh do thuit an tigh. As san amach ní raibh rí ná rath ar Éirinn ná ar an Áirdrígh. Seo mar a deir an seana-leabhar é; "Bliadhain do Mhac Con,
'n-a dhiaidh san, i ríghe i dTeamhraigh agus i gcaitheamh na bliadhna san níor tháinig féar tré thalamh ná duill- eabhar ar chrannaibh ná gráinne i n-arbhar." D'iompuigh aigne na ndaoine i gcoinnibh Lughaidh Mhic Con chomh mór san go mb'éigean dó imtheacht as an áirdrígheacht. "Do dhíbir fir Éireann as an ríghe é," adeir an seana- leabhar. D'imthigh sé siar chun a thíre féin agus a chualacht féin le n-a chois. Do chuadar siar go Brugh Ríogh ag triall ar Ailill Ólom. Dá mbeadh sé deich mbliadhna fichid i dTeamhraigh tar éis catha Mucraimhe ní bheadh Ailill Ólom beó thiar roimis an uair sin. Ach do bhí. Caibidiol a cúig déag. Díoghaltas. Nuair a bhí Mac Con ag imtheacht ó Theamhraigh do labhair sé le Lughaidh Lágha. "Tar-sa liom-sa siar go Brugh Ríogh a oide," ar seisean, "ag triall ar Ailill Ólom agus ar mo mháthair. Do leanais dílis riamh dom. Ná tréig anois me." "Ní raghad-sa leat, a dhalta," arsa Lughaidh Lágha leis. "Is me do mhairbh Art mac Cuinn. Tabharfad me féin anois do Chormac mhac Airt i ndíoluigheacht san éagcóir a dheineas air nuair a mharbhuigheas a athair. Mar gheall ort-sa is eadh dheineas an fhionghal ar mo bhráthair. Ní raghad siar anois chun na háite 'n-ar dheineas an fhionghal san."
B'éigean do Mhac Con bheith sásta. D'fhág sé slán ag Lughaidh Lágha. D'fhág sé slán ag Cormac. Do chas sé trí huaire thar n-ais chun go bhfeicfeadh sé Cormac arís agus go labharfadh sé arís leis, bhí a leith- éid sin d'uaigneas air nuair a bhí sé ag imtheacht. Fé dheireadh d'imthigh sé. Siar go Brugh Ríogh a thug sé aghaidh. Bhí 'fhios aige Ailill a bheith go fann i n-aois. Cheap sé go ndéanfadh sé síothcháin leis agus go mb'fhéidir gur ró mhaith le hAilill é bheith aige mar chong- namh chun rígheachta na Mumhan do bhainistighe. Thuig sé i n'aigne, leis, gan amhras, dá bhfaghadh Ailill bás go mbeadh sé féin 'n-a rígh ar an Mumhain 'n-a dhiaidh. D'fhéadfadh sé féin agus Sadhbh an bheart san do chur chun cinn má fhéadfadh aon bheirt é. Tháinig sé go Brugh Ríogh. Chuir Sadhbh na mílte fáilte roimis. Chuir Ailill na mílte fáilte roimis. Bhí 'fhios ag Sadhbh agus ag Ailill cad a bhí tuitithe amach i dTeamhraigh. "Ó, a mhic mo chroidhe," arsa Ailill, "táim ana- bhuidheach díot mar gheall ar theacht. Is maith agus is dian-mhaith a dheinis é, teacht chugham i ndeireadh mo shaoghail. Táim annso gan mac gan ua, go críonna agus go lag agus go huaigneach, ach anois, ó tháinís-se chugham ní bheidh an t-uaigneas orm a thuilleadh. Beidh tusa id' mhac agam i n-inead mo mhórsheisir a thuit i Magh Mucraimhe! Tar chugham a mhic agus tabhair do phóg dom agus bíodh aon mhac amháin agam feasda i n-inead mo mhórsheisir." Do rith Sadhbh agus chuir sí an dá láimh timcheall ar Lughaidh agus chrom sí ar é phógadh agus ar a dh'innsint cad é an t-áthas a bhí uirthi é bheith sa bhaile aici féin fé dheireadh. An fhaid a bhí sí 'ghá dheochadh agus á' phógadh ar an gcuma san thug sí cogar dó.-
"Fan uaidh amach," ar sisi. "Ná heirg n-a ghoire! Tá droch-ní éigin ar aigne aige dhuit. Fan uaidh amach! Ní haon iontaoibh é." Níor chuir sé aon tsuim sa chogar. D'imthigh sé anonn agus chuir sé a dhá láimh timcheall ar mhuineál Ailealla. Thug Ailill póg dó agus annsan d'fháisg sé chuige isteach é i dtreó go raibh an dá leaca buailte le n-a chéile. Bhí stodfhiacal ag Ailill agus bhí nimh ana mharbhuigh- theach innti. Nuair a bhí leaca Mhic Con buailte suas le n-a leacain féin aige níor dhein sé ach an fhiacal nimhe do nochtadh agus í shádh go bun i leacain Mhic Con. Chuaidh an nimh isteach go daingean. Do rith Mac Con leis fein amach as an dtigh. "Seadh!" arsa Ailill. "Tá an díoghaltas déanta! Leaghfaidh an leath-cheann anois de mhac na con. Is é bhain an ceann de m'rí-mhac féin, Eóghan Mór. Ní raibh beirt i n-Éirinn riamh ba mhó cion ar a chéile 'ná Eóghan agus Lughaidh Mac Con. An tseóid dob' uaisle a bhíodh ag Eóghan is do Mhac Con a thugadh sé í. Dá mbeadh Mac Con i nguais nó i ngéibhinn ba bheag ag Eóghan a anam féin seachas a chomhdhalta, Lughaidh Mac Con, do thabhairt saor as an nguais nó as an ngéibhinn. Tháinig Fer Fí eatartha. Do mhill sé a gcaradas. A inghean Eóghabhail, an sárughadh a gheallais dom tá sé déanta agat orm, déanta fé mar a gheallais é, ná beadh agam cumas ar athghabháil um an dtaca n-a mbeitheá sgartha liom. Tháinig gach tuairisg adtuaidh ó'n machaire. I n-aon lá do leagadh iad. An tEóghan ceannasach, agus Cian an mac meanmnach, agus Cor- mac rabairneach an chinn chais chamarsaigh, agus gach duine de'n cheathrar a bhí i n-aice leó; gur fágadh m'aonar beó 'n-a n-easba me. Tá Mac Con féin anois chomh tréith chomh marbh leó. Tá do shárughadh beachtuighthe
agat feasda agus mise sgartha leat, agus me buadh- artha basgaithe, ach me sásta im' aigne ó tá an díoghal- tas tagaithe!" Chomh luath agus bhí Lughaidh ar an dtaobh amuich de dhorus an ríghtheaghlaigh, bíodh go raibh teinneas 'n-a leacain agus 'n-a cheann, do chruinnigh sé an chualacht fear a tháinig leis ó Theamhraigh agus thug sé aghaidh ar a thír féin. Bhí Feircheas mac Comáin i ríghtheaghlach Ailealla. Do ghlaodhaidh Ailill ar Fheircheas. "Féach, a Fheirchis," arsa Ailill, "i ndiaidh Lughaidh duit. I gcionn trí trátha leaghfaidh leathcheann Lughaidh." Do ghluais Feircheas 'n-a dhiaidh. Do shrois Lughaidh agus a chualacht a dtír féin. Tháinig Feircheas suas leó. Chonnaic Lughaidh é sar a bhfeacaidh aoinne de'n chuid eile é. "Ó!" ar seisean le n-a chualacht, "sin é Feircheas chughainn; ná leogaidh chugham é! " Bhí carraig mhór cloiche 'n-a seasamh san áit. Chuir Lughaidh a dhrom leis an gcarraig. Dhein na fir cró 'n-a thimcheall le n-a sgiathaibh. Chuir Feircheas cloch 'n-a chrann tabhaill. Do chaith sé an t-urchar. Tháinig an chloch de dhruim na bhfear agus do bhuail sí Lughaidh san éadan. D'fhreagair an charraig a bhí le n-a chúl agus thuit sé marbh. Bhí sruth agus eas i n-aice na háite. Do rith na fir chun Feirchis. Do rith Feircheas chun na habhann. Chuaidh sé thar an eas agus d'imthigh sé. As san a tugadh an ainm, Eas Feirchis, ar an eas san. Nuair a dh'airigh Sadhbh go raibh Mac Con marbh agus gur bh'é urchar Feirchis a mhairbh é dubhairt sí na focail- "Mairg domhsa, mairg go dlúth, Mar fuaradh Fear Fí 'n-a chrann iubhair! Ach an ní a mhill mo chroidhe go bun, Urchar Fheirchis ar Mhac Con."
Nuair airigh Ailill an sgéal céadna dubhairt sé;- "Is fada mise go fann, O leagadh mo chlann san ár. Tá agam arís mo neart Ó'n urchar so chaith an fáidh." Tháinig a neart agus a mhisneach d'Ailill arís agus ghaibh sé ríghe Mumhan ar feadh seacht mbliadhan. Bhí Cormac mac Airt i n'áirdrígh ar Éirinn i gcaith- eamh na haimsire céadna, agus bhí rath agus séan ar Éirinn agus do thuig na daoine go léir gur bh'é Cormac a thug an rath agus an séan san ar an dtír agus ar na daoine toisg gur bh'fhíor-fhlaith é. Do lean an rath agus an séan go dtí gur éirigh eas- aontas idir Chormac agus muintir Chúig' Uladh. Chuir muintir Chuig' Uladh cogadh ar Chormac agus b'éigean dó teicheadh a Teamhraigh. Tháinig sé adtuaidh go dtí Ailill. Cuir muintir na Mumhan mór-shluagh le chéile agus chuadar leis ó thuaidh agus do troideadh cath Chrionna. Do buadhadh ar na hUltaigh sa chath san agus do thuit triúr de ríograidh Uladh ann, na trí Fearghuis. Annsan do socruigheadh Cormac go daingean i n-áird- rígheacht na hÉireann. D'fhág Eóghan Mór mac 'n-a dhiaidh sa Mhumhain, mac nár rugadh go dtí tamall maith tar éis bháis a athar. Fiacha a tugadh mar ainm ar an mac san. Bhí ceann ana-mhór, ana-leathan air agus do tugadh Fiacha Muill- eathan air mar gheall air sin. Má bhí ceann mór air bhí inchinn mhór istigh sa cheann, agus bhí aigne mhór agus intleacht mhór agus tuisgint mhór istigh san inchinn. Tá a ainm i seanchus na hÉireann ó shin i leith mar gheall ar mhéid agus ar fheabhas na dtréithe sin ann. Is uaidh a shíolraigh an Eóghanacht. D'fhág Cian mac Ailealla mac 'n-a dhiaidh, leis,
agus Tadhg ab ainm dó, Tadhg mac Céin. Tá ainm an Taidhg sin, leis, oirdheirc go maith i seanchus agus i sgéalaidheacht na hÉireann. Is uaidh sin a shíolraigh an tsliocht a bhí insna críochaibh ar a dtugtar Cianachta Breagh. Chuaidh Tadhg mac Céin ó thuaidh le Cormac mac Airt, chun troda i n-aghaidh na nUltach, i gcath Chrionna, agus thug Cormac mar thuarastal dó an talamh ar ar tugadh 'n-a dhiaidh san Cianachta Breagh, thíos i gContae na Midhe. D'fhan sliocht Chormaic Cais sa tír a bhain leó féin, an tír a bhí mór-thimcheall ar Bhrugh Ríogh. Dál gCais a tugadh 'n-a dhiaidh san ar an sliocht san, nó Clann Chais. Ní hinnstear, sa sgéal, cad d'imthigh ar an bhfear mbeag a bhí ag déanamh an cheóil san iubhar, nó an bhfuil sé ann fós. Tá Cnoc Áine ann fós. Agus tá an Mháigh ann fós, agus Brugh Ríogh. Ach níor airigheas- a go bhfeacaidh aoinne ó shin Fear Fí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services