Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cormac Ua Conaill
Title
Cormac Ua Conaill
Author(s)
Ua Duinnín, Pádraig, An tAthair,
Pen Name
Snag Breac
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CORMAC UA CONAILL. An tAthair Pádraig Ua Duinnín Connradh na Gaedhilge AN CÉAD ALT. AN TARNGAIREACHT. I n-íochtar na seiseadh haoise déag nuair bhí Gearaltaigh na Mumhan ag síor-bhruighin le Bain- ríoghain Sagsana, do bhí buachaill óg ag gabháil an bhóthair idir Chill Áirne is Chaisleán na Mainge 'na shuaimhneas ó sgoil. Do bhuail fear sgoth-aosda i gcló bacaigh uime, is do labhair leis. Ba mhinic cheana do chonnaic sé an fear céadna i dtigh a athar, is uime sin d'aithin sé a ghnúis is a imtheacht, acht níor b'eól dó a ainm. “'Seadh, a Chormaic Uí Chonaill,” ar an fear aosda, “an bhfuilir ag teacht ó sgoil?” “Táim, ar Cormac. “Tá áthas orm go bhfuilir ag sgrúdadh léighinn; gheóbhair, geallaim dhuit, gnó dhi fós, is bhéarad-sa rud éigin duit ar a bhféadfair do chuid léighinn do chur chum críche.” Tar éis na bhfocal soin do rádh do'n tseanduine, d'aithris sé dó nó trí líne do rann le mire i n-áirde a chinn 's a ghotha, i gcás gur chuir sé iongnadh mór ar Chormac, is gur infhiúch an buachaill é ó cheann go talamh ar feadh tamaill. “Innis dam anois, a bhuachaill léigheannta fháith- chliste,” ar an seanduine, “an dtuigeann tú na briathra soin?” D'fhreagair Cormac gur aithin sé
beagán focal dár labhair sé acht nár bh'ar fhóghnamh do thuig sé cia brígh bhí leó. “Tiocfaidh an ní seo go léir chum cinn le linn do shaoghail-se,” ar an seanduine, “agus fós coimhlíonfair féin mórán de.” Iar gclos na bhfocal soin dó, chuir Cormac breis suime 'na bhriathraibh, is do cheap sé rún na rann soin do chraoibhsgaoileadh dá mb'fhéidir. Ar an inntinn sin d'athchuir ar an tseanduine fíor-bhrígh na bhfocal do chur i n-umhail dó. Ar dtúis d'eitigh an seanóir go dána é, acht tar éis móráin tafaint d'aontuigh na focail do sgríobhadh i nduilleóig fholaimh bhí i measg leabhar an bhuachalla agus an sgríbhinn do thabhairt dó. D'fhair Cormac le mór-iongnadh, is ní gan faitchíos, an lámh chnámhach, thana, fhada úd an tseanduine ag sgríobhadh go mall is go socair an rann so: - “Gaisgidheach oirdhearc leagtha le feall, Oighreadh aithiseach taca na nGall, Curadh ag a cháirdibh ceangailte i bpoll, Críoch le treibh tar tuinn anall.” Tar éis a chríochnuighthe dhó do thug sé an páipéar do'n bhuachaill is do chuir an cnoc amach de mar dhuine ar ghealtaigh. Do bhí an sgríbhinn rúnach so anois 'na sheilbh ag Cormac, is ní sásda bhí a aigneadh go mbeadh fios bríghe na bhfocal soin aige. Do thuig sé ó chomhrádh an tsean- duine gur bha tarngaireacht éigin iad is ba mhinic roimhe sin do chuala sé tarngaireacht ar ionnarbadh na Sagsan as Éirinn; is anois do chreid sé gur do'n ní chéadna do thagair na focail: “Críoch le treibh tar tuinn anall.” Do réir an chraoibhsgaoilte sin, do bhí sé féin chum bheith 'na fhear chumhachtach ag ruagadh na Sagsan tar tuinn. Do chuir smuaineadh na neithe sin sgleóndar neamh-
chuibheasach air. Do lasadar a shúile le huabhar. Is dearbh ná raibh aon chaoi aige fios cinnte d'fhagháil ar an chuid eile do'n tarngaireacht is nár bh'eól do cia arbh' iad na fir dár thrácht an rann rúnach úd, is go deimhin ba chuma cia'rbh' é an curadh allmhurach do mill- fidhe dá dtabharfadh a oidheadh saoirse is síothcháin chum talmhan Éilge. Cad iad na smuainte do rith tré n-a aigneadh ag dul a bhaile dhó an tráthnóna soin? Is uaibhreach árd-aim- neach do chuimhnigh sé ar an ghlóir do bhí le fagháil aige. Is tapa croidhe-luaimneach do chuir sé an bóthar dhe. Is minic do léigh sé an rann úd, is do mhachtnaimh ar an bhrígh do bhí léi go soilbhir, lán-tsásda leis féin is leis an domhan uile. Ar uairibh, amhach, do thagadh trom-thocht cathuighthe ar a chroidhe, is do ritheadh an fhliche ó n-a rosgaibh i gcaisíbh ag cuimhneamh dhó ar a athair bhocht ná béadh 'san mbaile roimhe, ná feaca sé le fada, is do bhí, dar leis, claoidhte le Gallaibh. “Dá mbeith m'athair anois romham,” ar sé leis féin, “caidé an t-áthas do chuirfinn ar a chroidhe leis an sgéal so! acht, fáiríor, ní fheicfidh sé go brath saoirse ar dtíre ná neamh-spleáchas ar gcreidimh!” Do chaith sé an chuid eile do'n lá soin go ciúin ag machtnamh leis féin is níor leig sé air le muinntir a thighe go raibh aon ní ag déanamh buaidheartha dhó ar eagla go gcuirfeadh a mháthair cosg air, is go gcoing- bheóchadh sí 'san mbaile é gan chaoi do bheith aige an tarngaireacht do choimhlíonadh. Ní hiongnadh gur chuir an t-óglách an oiread soin spéise 'san rann chrúna úd; do bhí a inntinn aibidh le léigheann is le machtnamh; do léigh sé le díoghrais seanchas na hÉireann is an éagcóir do rinneadh uirthi le Gallaibh; do léigh sé na bruighne do bhí idir
na taoisigh Gaedhealacha is do thuig sé go soilléir cad do bhí ar siubhal ag na Sagsanaibh an tan soin. Do thuig sé gur fhuathadar na taoisigh Gaedhealacha a chéile níos mó ná d'fhuathadar na Sagsanaigh is gur mhian leis na Sagsanaibh an creideamh Catoiliceach do dhíochur as Éirinn dá mb'fhéidir. Dá óige é, do bhí súil aige le fada go bhfeiceadh se a dhúthchas saor ó bhruid na nGall, is do chuir an tarngaireacht so an oiread soin misnighe air gur léim a chroidhe le háthas. An tan sain do bhí ainm Éilíse cumhachtach 'san tír, is ba dhána an taoiseach do leómhfadh dul 'na haghaidh. Uime sin, gidh go raibh a lán mion-chogadh idir na flathaibh Éireannacha féin is annamh d'éirigh aon 'ne aca amach i gcoinnibh na Bainríoghna nó i gcoinnibh a duine ionaid. Dá n-éireóchadh taoiseach éigin 'na gcoinnibh do chaithfeadh sé coimheasgar le muinntir na hÉireann chomh maith le muinntir na Bainríoghna. Go deimhin is na neithibh do bhain le cogadh ba bheag le radh Éire mar dhúthchas coitcheann do chlannaibh Gaedheal is do na flathaibh Gaedhealacha; is, gan amhras, do lean na daoine a bhflatha. B'é Iarla na Deasmhumhan an taoiseach ba mhó misneach is preab chum seasaimh i n- aghaidh na nGall dá raibh i nÉirinn an tan soin. B'é do b'fheárr chum sásaimh do bhaint díobh ar na hach- mhusánaibh do chasaidís go coitcheann leis an gcreid- eamh Catoiliceach. Do bheartuigh Cormac, ní nach iongnadh, gurab é an tIarla féin nó duine éigin dá phór do choimhlíonfadh an tarngaireacht. Acht bhí fhios aige go raibh an tIarla ró-aosda is nach ar fóghnamh do bhí a eirghe amach ag dul chum cinn. Do chuimhnigh sé láithreach ar Sheaghán, dearbhráthair do'n Iarla. Bhí a fhios aige gur ró-aibidh an inntinn do bhí ag Seaghán gur bh' fhear coráisteamhail urrudhasach é, gidh ná feacaidh
sé riamh é. Ba mhinic cheana do mhianuigh caidreamh do dhéanamh air, acht anois do shíl sé ná raibh slighe ar bith eile chum a chuid féin do'n tarngaireacht do choimh- líonadh acht spionnadh is misneach do chur ar an laoch oirdhearc úd, is gur tré chabhair is chomhairle Sheagháin is fá n-a chomairce do basgfaidhe is do ruagfaidhe na Sagsanaigh ar fad as fódaibh Fáil. Ar an ádhbhar soin, 'sé comhairle do cheap sé dul gan maill ag triall ar an nGearaltach cibé áit i n-a raibh sé agus a rádh leis go raibh sé féin ró-ullamh a thoil sin do leanmhaint agus a innsint dó chomh cinnte is d'fhéadfadh, gan fios na tarngaireachta do thabhairt dó, an t-ádhbhar fá deara gur leath a chroidhe air le dóchas agus gur bhrath sé go mbuaidhfidh seisean gan amhras fá dheireadh, agus gur le n-a chabhair is le n-a chéadfaidh is le cródhacht a chuallachta do cuirfidhe ionnarbadh is sgaipeadh, gan bailiughadh, gan filleadh, ar Shagsanachaibh as talamh chráidhte na hÉireann. Ar eagla go gcuirfeadh a mháthair cosg air, dá n-in- neósadh se dhi cad do bhí ceapuighthe aige, do leig sé air go raibh sé ag dul ar cuairt chum duine muinn- teardha do bhí 'na chomhnaidhe leastiar ag a raibh leabhar láimhe gur mhór a b'fhiú, is do gheall dó é chum é d' ath- sgríobhadh. 'Nuair do bhí amhras a mháthar curtha dhe leis an sgéal soin do ghluais chum siubhail fá dhéin Chaisleáin na Mainge óir d'airigh go raibh Seaghán an Ghearaltaigh ag gabháil na sligheadh sin ó'n Daingean le sluagh mór cumachtach do bailigheadh ins na dúthaighibh iasachta. Dó nó trí mhíle ón gCaisleán do chonnaic sé ag teacht fá n-a dhéin beagán marcach. Do shíl sé, ní nár bh'iongnadh, go bhféadfadh duine éigin díobh tuairisg Sheagháin an Ghearaltaigh do thabhairt dó, acht 'na thaobh soin bhí eagla air go mbrathfaidís fáth a thurais.
Ar an ádhbhar soin ní fheadair sé cad ba cheart dó dhéanamh is bhí sé ag dian-mhachtnamh leis féin 'nuair thángadar suas leis. Do labhair ceann do na marcachaibh go cneasda leis, is d'fhiafruigh dhe go muinnteardha cá raibh sé ag dul. “Táim,” ar Cormac, “ag dul tamall beag siar, acht b'áil liom bualadh um Sheagháin an Ghearal- taigh sul a n-iompóchainn chum baile.” “Ní deacair sin duit,” ar an marcach céadna, “óir atá Seaghán féin i measg na bhfear so; an bhfuil aithne agat air?” “Tá go deimhin,” ar Cormac, “acht ní tré radharc súl é. Tá taisg a cháile ar fuaid na hÉireann.” “Tá go maith,” ar an marcach; “toigh anois é as an mbuidhin seo má 's féidir leat é.” Tug an t-óglách gan maill súil mór-dtimcheall na buidhne sin agus ag infhiúchadh go géar an té bhí ag cainnt leis adubhairt, “Is fruisde é aithint má tá se láithreach, mar ní fheicim aon'ne annso ag freagairt dá cháil acht tú féin, a mharcaigh uasail, is má tá sé 'nar measg, amhail a- deirir, is tusa an fear.” Ba ghéarchúiseach é Cormac, acht d'fhéadfadh duine bheadh maol go leór Seaghán an Ghearaltaigh do thoghadh as an mbuidhin sin mar cheann urraidh. Fear caol árd do b'eadh é. Níor chuir na bliadhanta fós cromadh ann. Do rachadh a shúile glasa, géara, doimhne thríot. Bhí ughdarthás i n-a fhéachaint. Ba thaitneamhach a ghné is ba mhilis cneasda a mhín-bhriathra. Bhí an-áthas air gur thoigh Cormac chomh tapa soin é, as an bhfuirinn go léir, agus is grianmhar adubhairt, “Tá an ceart agat, a chara dhílis. Cad tá uait ó'n nGearaltach?” Is éasgaidh d' fhreagair Cormac go raibh náire air labhairt le duine chomh huasal, chomh honóireach soin ós comhair an oirid sin do dhaoinibh
iasachta. Ar chloisint sin do'n Ghearaltach d'orduigh sé do'n gcuid eile imtheacht roimhe, is do lean sé féin iad ag siubhal go mall is Cormac le n-'ais. 'Nuair do bhíodar as éisteacht na marcach, do sheas Cormac go hobann ar an mbóthar, agus, ag iompódh chum an fhir uasail, is déadla adubhairt: “Is mian liom fiafraighe dhíot, a churaidh chródha, an bhfuil se ceapuighthe agat ar dtír is ar gcreideamh do chosnamh o Ghallaibh; an bhfuil se ceapuighthe agat glan-ionnarbadh do thabhairt ar na Sagsanachaibh as iathaibh Fódla is taoisigh na Mumhan d'aontughadh is do chruinniughadh i n-aghaidh a námhad?” Bhí iongnadh mór ar Sheaghán 'nuair d'airigh se buachaill chomh h-óg soin ag cur ceisteann gcruaidh air leis an oiread soin dá ríribh. Ba léir dhó go raibh croidhe agus aigneadh an óig-fhir ar lasadh le grádh dá thír, is d' fhreagair go mall, “A chara dhílis mo chroidhe, bhéarad m'anam is anam na ndaoine atá ag cabhrughadh liom chum mo dhúthchas is mo chreideamh do chosnamh, is chum ceart is cóir mo charad i dtalamh Dheasmumhan do shaoradh ó ghéar-airc na nDanar. Acht mo bhrón! mo thubaist! nach beagh an mhaith sin! Féach mór-dtimcheall, ná feiceann tu flatha chúige Uladh is chuige Mumhan gan beinn ar ar ngleóthaibh is gan suim i n-ar gcúis, ag faire go bhfuighbhidís greim orm-sa. Fiú ar ndaoine féin, na Róistigh, na Barraigh, is Tighear- na na Lice, táid go léir dar séanadh, nó le dúthracht 'nar n-aghaidh. Ní fheicim splannc solais tré sgamall na daoirse is na ceó-bhruide atá ar leathadh ar iathaibh na hÉireann.” “'Na dhiaidh sin,” ar an buachaill, “glac meanma. Beidh iongnadh ort, acht geallaim-se dhuit go mbeidh an lá leat fá dheireadh, ciodh dubhach doilbh do sgéal anois. Bhéarthar sgeimhle is lán-ruagadh ar na Sagsanachaibh as críochaibh Éilge is ní fada go dtí sin.
Táim deimhneach ar an méid sin, is creidim gur tusa nó duine éigin dod' mhuinntir chuirfeas fán orra. Acht glac mar chomhartha gur dá ríribh atáim, go bhfuil- im ag athchuirt ort mé a ghlacadh id' bhuidhin i gcás go bhféadfainn cabhrughadh leat chum an obair sin do chur chum cinn. Ná fiafruigh dhíom cia an t-ádhbhar ar a bhfuilim cinnte ar an ní sin.” Dá mhéid dúil do bhí ag an nGearaltach fios d'fhagháil ar na smuaintibh do bhí ag rith i n-aigneadh an bhuachalla ní fhuair sé ann féin é cheistiughadh mar do dhian-choisg féachaint Chormaic is fuaim a ghotha é; is thosnuigh láithreach ar thrácht tar neithibh eile. Ba ghearr do bhí a gcomhrádh ar bun 'nuair ba léir dó gur duine eólach, fáith-chliste go leór Cormac. Bhí eólas maith aige ar sheanchas a dhúthchais is ar an gcuma i n-a raibh na flatha deadhailte ó chéile, nó ag coimheasgar le chéile an tráth soin. Is lán-áthasach do gabh an Gearaltach leis é; is ní lugha an t-áthas do bhí ar Chormac féin. An tráthnóna soin do sgríobh sé chum a mháthar mar leanas: - “A Mháthair Dhílis, a Chumainn mo Chléibh - Is uaibh- reach 's is áthasach sgríobhaim chugat sgéala maithe. Buidheachas le Dia táim fá dheireadh ar tí bheith i dtreasaibh na n-arm fá bhratach na nGearaltach ag tabhairt sgeimhle is fíor-ruagtha ar na Sagsanaibh, is ag cosnamh ar dtíre is ar gcreidimh le turrainn mo lámh, is lem' anam, má's é toil Dé é. Cuireann cuimhne m'athar, millte le Gallaib, náire orm ar bheith chomh mall, chomh aimhleisgeamhail, ag leanmhaint 'na chéimibh. Beidh an lá linn-ne, le congnamh Dé. Slán leat, a mháthair, a ghrádh ghil, ná gol deór, im' dhiaidh. “Mise do mhac ró-urraimeamhail ró-umhal, “Cormac Ua Conaill.”
Le hordughadh ó Sheaghán Mac Gearailt do cuireadh Cormac i bhfochair bhuachalla eile dár bh'ainm Éamonn Cléireach a chomh-aois. B'éachtach é cúrsa an bhuachalla soin. Do fágadh go hóg é 'na dhílleacht. Ó Shagsana do b'eadh a mhuinntir, is i Sagsana do rugadh é féin; tháinig sé go hÉirinn i bhfochair buidhne do chuir an Bhainríoghan anall chum na nGearaltach do ghlanadh as an tír. Acht níor lean sé an sluagh tar éis teacht anall dó. Do mhair sé le déirc is le hobair fá mar d'fhéad sé ar feadh trí nó ceathair do bhliadhnaibh. Bhí sé glic géar-chúiseach, is b'iongantach an t-eólas do bhí aige ar neithibh na tíre. Bhí an oiread soin eólais aige ar rúnaibh na dtaoiseach gur bh'fhiú leis é féin do chur fá chomairce Phresident na Mumhan; is do ghlac an President a chongnamh 'nuair ba léir dhó go raibh eólas a ghnótha aige mar bhrathadóir. Tar éis a ghlactha leis an bPresident bhí sé lá i gcoimhdeacht buidhne na Bainríoghna bhí ag dul ag creich 's ag réabadh is ag losgadh fearann na nGearaltach. D'fhágadar 'na ndiaidh é, is theicheadar chomh luath is fuaradar radharc ar an námhaid Do tógadh Éamonn gan maill, is do cuireadh i ngéibhinn é. Ar na bhreith i láthair Sheagháin an Ghearaltaigh do dhearbhuigh sé gur de nam d'fhan sé i ndiaidh na buidhne, go raibh gráin aige ar na Sagsanaibh is ar an méid do chabhruigh leó; is gur b'é bhí uaidh iad do dhíbirt ar fad as Éirinn. Do léig sé air fós go raibh croidhe-rún muinntire na Bain- ríoghna aige - fios a gcuid airm, fios nirt a sluaigh, fios na comhairle do cheapadar le déidheanaighe. Meallta leis na cleasaibh sin do chongaibh an Gearal- tach i n-a fhochair féin é i ngéibhinn neamh-dhaingean. Níor b'iongnadh go ndéanfadha leithéid sin muinntear- dhas le Cormac; is an chéad lá i n-ar theagmhuigheadar
le chéile ba chéileamhail cáirdeamhail a gcomhrádh is ba mhór aca a chéile roimh sgaradh dhóibh. Do léigh Éamonn meón Chormaic go soilléir, is cheap sé gan maill dul i n-achrann ann i gcló charad is thír-grádh- uightheóra; is uime sin tar éis beannuighthe dhó go blasda milis dubhairt: “Acht go deimhin, tá cathughadh orm t' fheicsint annso id' ghéimhleach ag an nGearaltach.” “Im' ghéimhleach! ní géimhleach mise, nó má 's eadh, tá mo choimeád orm féin.” “'Seadh, mar sin, ní le taobh na Bainríoghna thu?” “Taobh na Bainríoghna! cad a mheasann tu? Ní fada ó bhriseadh na foidhne agam ó luaidhis a hainm - mise le taobh na Bainríoghna! go bhfóiridh Dia orainn.” “'Seadh, gabh mo leath-sgéal. Féadfad-sa mar sin labhairt gan sgáth leat. Bhí eagla orm romhat acht chím anois go bhfuathann tú an Bhainríoghain, is teitheann mo chliabh leat 'na thaobh soin. Fuathaim-se an Bhainríoghain! Tá cathugadh orm nach rud éigin eile níos treise na fuath atá agam dhi; acht le congnamh Dé ní fada go n-éirreóchaidh maidhm eadrainn. Measaim-se a chur i n-umhail di nach féad- faidh sí masladh do thabhairt dár gcreideamh is léir- sgrios do dhéanamh ar ar ndaoinibh gan díol go searbh as.” “Gan amhras, tuilleann sí é; acht tá daoine chom holc léi ar an dtaobh so fhairrge againn; an President úd na Mumhan, is tuilleadh aca na hair- mheóchainn; acht dála an President dá mbeith fios agat ar na cleasaibh diabhlaidhe atá meabhruighthe aige chum na Gearaltaigh do mhilleadh!” Níor bheag soin. Do phreab croidhe Chormaic. Do mheas se 'na aigneadh gur thosnuigh cheana coimhlíonadh na tarngaireachta. “Agus an bhfuil aithne agat-sa ar an bPresident,” ar sé. “Si, si, tá, go ró-chinnte, is tá tuilleadh le rádh agam, acht uair éigin eile.” Is mar
sin do chuir Éamonn deireadh le n-a gcomhrádh an lá soin is d' fhág Cormac ar buile chum tuilleadh eólais d'fhagháil ar rún-chomhairle áir is fola an Phresident uathbhásaigh úd. Ba léir d'Éamonn go raibh Cormac lán do sgleóndar is nár dheacair é mhealladh. Dála Chormaic iar sgaradh le n-a charaid do luigh sé ar dhian-mhachtnamh cionnus do bhí an chúis, do chuir a chroidhe ag bualadh, is do bhain codladh na hoidhche dhe' ag dul ar aghaidh. Bhí anois 'na theannta duine ullamh caoitheamhail ag a raibh aithne ar an bPresident, is dár bh'eolach mórán dá rúnaibh. Bhí sé cinnte gur ceapadh Éamonn Cléireach chum an chúis sin do chur chum cinn.
AN DARA hALT. AG TEICHEADH Ó'N MBÁS Níor bh'fada do'n bheirt seo i gcaidreamh a chéile nó gur chuir Éamonn sgéala i ganfhios chum an Phresident go raibh sé cinnte go raibh rún mór éigin ag Cormac ná féadfadh a dhícheall mhealladh uaidh; is go n-éalóchadh sé leis, a leithéid seo do lá, dá gcuirfeadh an Presi- dent gasradh fear 'na gcoinnibh chum iad do thógáil go Corcaigh. 'Nuair tháinig an lá bhí ceapuighthe leó dubhairt sé le Cormac go raibh an-dúil aige sean-fhotharach d'fheicsint bhí cúig míle uatha. Chuir sin áthas ar Chormac, óir ba mhinic ag labhairt é ar an tsean-fhotharach soin, is ar an tseanchas do bhain leis; agus is grianmhar do ghluais- eadar ar aon chum siubhail an mhaidin soin; is is mór- thuillteach do sgéith cainnt Chormaic ar feadh an bhóthair ag trácht tar an naomh lér fóirghneadh ar dtúis an fhoth- arach, is ar an chaismirt bhi idir Ghaedhealaibh is Danaraibh 'na thimcheall. Ba sgléipeach é ag aithris fearta na nGaedheal, 'nuair chonnacadar chuca gasradh marcach ag greadadh an bhóthair go lán-luath. Do léig Éamonn air go raibh eagla air rómpa is thug sé iarracht ar theicheadh, acht do sheas Cormac go dána i n-aghaidh na námhad. 'Nuair do chonnaic Éamonn é ag feitheamh go fearamhail neamh-eaglach leis na marcachaibh do ghlac meanma, mar dh'eadh, d'fhill tar n-ais is gan mhaill do tógadh iad ar aon is do coimeádadh i ngéibhinn an oidhche sin i gCaisleán na Mainge, nó go gcuirfidhe lá ar n-a bhárach go Corcaigh iad.
Caidé mar ar ghoil Cormac; cad iad na hosnaidhe do léig se as; caidé an tocht bróin is uabhair do tháinig air 'nuair do mhothuigh sé é féin fá smacht na námhad, is d'aithin sé go raibh broid 'na chomhair nó ní badh mheasa fós. Ní hamhlaidh bhí sé lag-chroidheach ná eaglach roimh an mbás; acht gur thruagh leis an saoghal d'fhágáil gan an obair i n-a raibh a mheón go léir do chríochnughadh. Do luigh sé ar uall, ag cásamh díthe a dhúthchais chráidhte chéasda is an chreidimh do chongaibh sí gan teimheal gan spleádhachas dá námhaid. Le gliocas iongantach do léig Éamonn air go raibh a shamhail sin do thocht cathuighthe air féin is do thuiteadar an bheirt ar mhuinéal a chéile, ag caoi-ghol go fuigheach is go daingean. Tháinig buaidheart Éamuinn 'na mhór- thrithíbh air. “An bhfuil an sgéal mar sin?” deireadh sé, tar éis lán-thocht uaill do chur de, “Mo bhrón! is beag a shíleas go rachadh an lá orainn fá dheireadh, acht glac misneach, is beidh buaidh againn fós.” “A chara dhílis,” deireadh sé, is a chainnt ag leathadh air le neart a osnadh, “bíodh foighne agat. Tá Dia láidir, cumhachtach, daonnachtach; is eólach dó an chuma i n-a bhfuilimid. Bíodh ar muinighin as Dia.” Le n-a leithéid sin do chomhrádh do chiúnuigh sé Cormac is iad ar aon dá n-ullmhughadh féin chum dul go Corcaigh i dtion- lacadh ghárda an Phresident. Is buaidheartha cráidhte doilbh do bhí Cormac cé gur cheil sé ar fhéad dá chumha. Acht dá aindheóin do sgéitheadar a osnaidhe 's a chuid uaill ar an dhoilgheas do bhí ag crádh a chroidhe gan suaimhneas. Lá breágh fóghmhair do b'eadh é; bhí an ghrian árd 'san spéir, is a lán do dhrúcht na maidne tiormuighthe 'nuair ghluaiseadar ar aon ó Chaisleán na Mainge. Bhí a slighe le hais sléibhte is coillte is loch áluinn Cille
hÁirne; do las an ghrian fhóghmhair go lonnrach leacain na ngarbh-chnoc is uisgidhe na leathan-loch; bhí breacadh niamhrach, dathamhail, ag teacht ar dhuilleabhar na gcrann is na dtor is do líon guth na n-éan an spéir mór- dtimcheall le binneas ceóil. Bhí árd-sgáil na mór- shléibhte, badh dóigh leat, ag snámh ar an dtalamh íochtarach, nó ag leaghadh i measg réidh-thonnta Locha Léin. D'árduigheadar céad cnoc clúduighthe i bhfraoch riabhach soillseach a gcinn ríoghdha dána go huaibhreach mar athaigh ag tógáil comhairle ó n-a chéile is d'fhéach- adar anuas ar choilltibh, ar aibhnibh, ar fhotharachaibh, ar bhailtibh, go flaitheamhail is go mórdha. Ós árd, chomh fada is shroichfeadh do radharc, do sgread an fiolar ag leathadh a sgiatháin is ag eitill go lán-mhear ó aill go cumar; ar an loch ba shuanmhar an eala ag snámh. Bhí céad sruth dá radadh féin gan faosamh tar ghuailnibh na sléibhte is dá mbriseadh féin 'na gcubhar ghléigeal i measg cairrgibh 'na slighidh. Do shéid leóithne fionnfhuar ó oileánaibh boga, úra d'éirigh go niamhrach, fíor-ghlas, tré hucht an uisge. Annso is annsúd d'fheicfeá faolchú le hulfairt ocraigh ag déan- amh ar na coilltibh; do ghéim an fiadh is d' fhreagair an macalla tré shleasaibh na lán-chnoc. Ba radharc é do líonfadh an croidhe le háthas is do ghríosfadh an aigneadh chum dian-mhachtnaimh. Do chleacht Cormac an radharc soin ó bhí se 'na leanbh; is ní hannamh do chuir a fhíor-áilne ag tál na ndeór é. Acht anois do cheap sé ná raibh sé go deó arís chum a shúile do leathadh ar choilltibh glasa ná ar oileánaibh úra Cille hÁirne. Ar uairibh d' iarr sé ar a choimeád- aidhibh cead seasaimh óir bhí an tocht cathuighthe ró-throm ar a chroidhe. Arís is arís eile do leath sé a shúil ar an radharc do bhí os a chomhair; is ní le sásamh folamh
an té lér thaitneamhach duilleabhar bog, glas, niamhrach na dtor is fuaim ceólmhar an uisge dá stealladh féin le dásacht ó thaobh chnuic; acht le croidhe do thuair buaidheart is donas dó féin is do'n tír do ghrádhuigh sé. Do bhrath sé go raibh a dhúthchas ar bhruach millte is daor-bhruide is do chan go fíor-uaigneach an laoidh seo: - SLÁN LE CILL ÁIRNE. Mo ghoin caidé an smúid seo ag dúnadh ar mo chroidhe, Rinn' mo bhalla neamh-lúthmhar is d'fhúig mé gan brígh, Do ghríosuigh mo shúile le dúthracht chum caoi, Is an sruth leachta tiugh guirt dá múchadh síorraidhe? Caidé an smuaineadh so chlaoidheas mé ó mhaidin go neón, Is do shior-shuaitheann m'inntinn le mearbhail bróin? Ag cuimhneamh ar chlaoin-bheartaibh Danar is gó, Do sgíordann mo shíth uaim gan casadh go deó. Is gorm iad na tonna ar bhruach Locha ghil Léin, 'Sis borb iad do thora-sa, a Mhuc-rois na n-éan! Is soilbh le cloisint é sonnadh na g-craobh; Acht mo dhochar! is doilbh dubhach dorcha mé! Tá an t-óg-ghéis go suainmhear ag snámh ar an linn, Is glór glaisí ag gluaiseacht trí bhántaib ró-bhinn, Tá leóithne ag luasgadh na ngéag n-úr 'san choill, Acht is ró-bheag mo shuaimhneas gan áthas a bhím! Na sáir-fhir do dhoirt a gcuid fola i dtóir, Is i lán-threas na ngorm-chlaidheamh gortadh tar fóir - Is sámh é a gcodladh 's is socair fán bhfód, Is mo chrádh is mo thurrainn ná codlaim-se leó.
'Sé do chnead chuir i bpéin mé, a thalaimh mo chroidhe, Is do bhasgadh gan faosamh le haicme seo an fhill, Do ghreadadh is do réabadh le lasair is claidheamh, Is mo chreach is mé i ngéibhinn, 's gan cneasughadh ar do dhith. Acht, a chara, glac meanma! - b'fhéidir le Críost Go bpreabfadh chugainn gasradh 'on Ghréig-fhuil úd fhír, Le feartaibh a n-arm gan éislinn, gan teimheal, Ag treasgairt na nDanar, 's dá léir-chur tar tuinn. Slán, slán leat, a Léin-Loch na bhféith ngorm n-úr, Leanfaidh áilne do sgéimh' mé go dtéidhead-sa 'san úir, Ná raibh cáim ar do shléibhtibh ná béim ar duilleabhar, Ciodh fánach i gcéin mé im' thraochadh le búir. A thalaimh na n-éan mbinn, na gcraobh n-úr, gan tlás, Is fada gan réim duit, gan chéim mar ba ghnáth. Fá sgamall, i ndaor-bhroid, gan chéile, gan pháirt, 'Sé do chartadh 's do réabadh do léanuigh mo lá. D'fhanadar an oidhche sin i gCill Áirne; is ar maidin lá'r na bhárach bhíodar ag siubhal arís chum Corcaighe. Ar feadh an bhóthair do rinne sé buaidheart do Chormac is chuir sé mor-iongnadh air, an luighead do mheabhruigh na daoine an dlúth-thuirse bhí rómpa, is méid a n-áthais 'nuair d'amharcadar gasradh an Phresident, is 'nuair chualadar an buaidh bhí leó go déidheanach. Do chuaidh a ngártha 's a sgreadaigh tré n-a chroidhe mar bhior- ghaoithe. Bhí eolas cinnte ar mhuinntir a dhúthchais féin aige, is níor chreid go raibh grádh aca ar smacht na nGall do thugadh masladh laetheamhail dá gcreideamh; is bheartuigh sé i n-a aigneadh gurab é seo brígh bhí leis an
lúthgháir sin: “Ní féidir linn slabhradh na n-eachtrann do bhriseadh, is uime sin is cóir dhúinn cur suas leis, chomh maith is d'fhéadfam.” Bhí milleán aige orra i dtaobh a n-easbaidh mean- man is misnighe lé'r mheasadar nár bh'fhéidir leó slabh- radh a ndaoirse do bhriseadh. Ba thruagh leis éisteacht le muinntir Charrthaigh, le muinntir Chaoimh,le muinntir Dhonnchadha, ag liúirigh do'n Phresident go guth-árd is go déadla, cé gur bhrath sé gur fhuathadar 'na gcroidhthe é féin is an Bhainríoghain do chuir chuca é, is ag labhairt go nimhneach neamh-thruaighmhéileach i gcoinnibh an Iarla úd do sheasaimh go fearamhail i n-aghaidh na nGall. Ag smuaineadh is ag machtnamh mar sin dó, chuir duine do'n ghasraidh i n-umhail dó go raibh se i gCorcaigh - mar bhí a mheabhair ag oibriughadh chomh dian soin nár mhothuigh se an lá ag sleamhnughadh uaidh. Acht is gearr go dtug radharc na cathrach is fuaim na dtrucal chuige féin é. Do cuireadh fá ghlasaibh láithreach an bheirt i gcathair Chorcaighe. Fad do bhíodar ar aon i bhfochair a chéile fá chomairce an Ghearaltaigh do bhrath Éamonn ar chomhrádh Chormaic amhail adubhramair go raibh rud éigin ar bun ag na Gearaltachaibh, go raibh súil aca go raghadh an lá ar na Sagsanaibh go athchumair, is go raibh congnamh éigin nár thuig sé 'na ngaor; acht níor fhéad sé a thuilleadh eólais d'fhagháil uaidh, dá mhéid a ghliocas. D'innis se do'n President ar aithin sé, is do rinne seisean mórán do'n eólas soin. Is é a shíl sé go rabhadar ag feitheamh le cabhair ó dhúthaigh éigin tar lear, is gur gheárr go mbeadh neart aca cogadh dian díoghbálach do chur ar aghaidh. D'orduigh sé Cormac 'na láthair, is cheistigh é i dtaobh rún-comhairle na nGearaltach, acht níor fhreagair Cormac focal dár fhiafruigh sé dhe. Do
bhagair sé pianta géara aithiseacha air, acht ní raibh brígh 'na ghlór. Níor bhain an trom-bhagairt sin gíog as. Fá dheireadh bhí briseadh ar an bhfoighne ag an bPresident go mór-mhor ó tháinig gach lá sgéala níos measa 'ná a chéile ó Chúigeadh Mumhan; is dhearbuigh sé go gcaithfeadh an t-óglách sgeitheadh ar rún-chomhairle na bhflaith nó bás aithiseach d'fhulaing. I measg na gcoimeádaidhthe bhí fear do mhuinntir Chaoimh - Diarmaid ba hainm dhó - ag á raibh báidh mhór le Cormac. 'Nuair d'airigh sé ordughadh an Phresident do cheap sé a dhícheall do dhéanamh chum é do shaoradh; fiú a anam do thabhairt ar a shon, dá mbeith gábhadh leis. 'Nuair do bhí sé ag dul i n-athchumaireacht do'n lá i n-a raibh Cormac le crochadh do leig sé air gur bh'fada leis uaidh an lá soin i n-a dtabharfaidhe ar an gcladhaire ógláigh sin an ídeadh do bhí ró-thuillte aige. Ar maidin an lae úd do chuaidh sé go moch go beag- árus an óig-ghéibhligh chum a lámha do cheangal. Ar feadh na haimsire seo go léir shíl Cormac ná raibh aon chaoi éalóidh aige is do bhí se lan-shásda bás d'fhagháil; is 'nuair d'osgail Mac Uí Chaoimh doras a bheag-áruis, an mhaidin soin, ba thruaighmhéileach an radharc ar ar luigheadar a shúile. Bhí an géibhleach ar a ghlúnaibh ag guidhe go ciúin is go socair. 'Nuair d'airigh sé an doras dá osgailt, is an fear ag teacht isteach, d'iompuigh se a cheann is adubhairt. “'Seadh, thángais chum cabhrughadh liom le haghaidh mo bháis. Ní'l cathu- ghadh orm go bhfuilim ag dul ar an saoghal eile, acht admhuighim go bhfuil brón is duairceas orm i ngeall ar anacraibh an tsaoghail seo. Is iomdha obair mhaith do cheapas a chur chum cinn acht anois, fáiríor géar, tá deireadh lem' chuid oibre go bráth.” “Lean mo chomhairle-se,” ar Mac Uí Chaoimh “agus i
gcionn uaire do chlog béarad saor ó'n ngéibhinn seo thu; acht caithfir bheith ullamh is gan léigean do smuaintibh don tsórt soin teacht 'nar gcoinnibh. Táim-se chum do lámha do cheangal, acht chidheann tú go bhféadfair an ceangal so do bhriseadh acht é do bhualadh i gcoinnibh na talmhan nó earraidh éigin chruaidh; beidh doras na háite i n-a bhfuil an chroch gan glas. Ar bhagairt uaim-se, bris do gheit ceangal do lámh, is teich chomh mear is is féidir leat go dtí an doras. Rachad-sa ar tóir ad' dhiaidh, gan amhras, agus 'nuair bhéad ar an dtaobh 'muigh do'n doras dúnfad é i dtreó na beidh sé réidh le hosgailt im' dhiaidh; is dá réir sin béidh an fiadhach ar fad eadrainn féin ar dtúis; is 'nuair bheimid tamaill maith ó'n gcathair béarad tuilleadh orduighthe dhuit.” Chuir an chainnt sin mór-iongnadh ar Chormac, acht d'aithin sé ar imtheacht is ar fhéachaint an fhir eile go raibh sé dá rírib, go mórmhór 'nuair do chonnaic sé go raibh an ceangal mar adubhairt sé, is d'fhill a mhór-dhóchas na thuile ar a aigneadh; do b'éigin dó síneadh ar an dtalamh le lagachar; bhí gach orlach dá chorp ar ball- chrith, is do rith caise deór ó n-a rosgaibh. Níor thaise do'n choimeádaidhe féin; do mhúch a chuid osnadh a ur- labhra; níor fhan táthadh 'na bhallaibh is do thuit sé ar nós leinbh bliadhna, le neart a chumhadh. Bhí crochadh chomh coitcheann soin i gCorcaigh an tan soin nár bhailigh mórán daoine chum féachaint ar bhás Chormaic. Níor mhor an t-iongnadh do rinneadh de. Acht do chuir an President sgéala chuige go bun na croiche go maithfidhe dhó dá sgéithfeadh sé ar rúnaibh na nGearaltach. D'fhéach Cormac ar an teachtaire go tarcaisneach is badh dhóigh leat ar a chainnt is ar a fhéachaint go raibh rún éigin aige badh mhór a b'fhiu.
Acht má bhí ba léir do'n teachtaire go gcoingbheóchadh sé greim air, is d'imthigh sé air go neamh-shásda. Bhí gárda mór-dtimcheall ag faire go caoitheamhail a raibh ag dul ar aghaidh. Bhí a gcroidhthe níos mó leis an ngéibhleach ná bhraithfeá, acht b'éigin dóibh fanmhaint socair is gan a gcuid truaighe do thaisbeánadh ós comhair na ndaoine. Má bhí fear ann agá raibh mac 'san mbaile i ndeallradh Chormaic is dearbh gur ghoill an radharc soin air, acht b'éigin dó a shúile do thior- mughadh i ganfhios, is léigean dá chumha brughadh ar a chroidhe féin. Thug Mac Uí Chaoimh an géibhleach go bun an sgáláin, is ba bheag nár mhithid dó bheith ag dul i n-airde mar do bhí an sgálánach go neamh-fhoighideach ag feitheamh leis. Do bhagair an coimeádaidhe ar an óglách is d'iompuigh uaidh chum féachaint an raibh na cláir curtha go daingean i dtalamh. Do gheit, d'airigheadh fuaim iarainn; bhí an ceangal sgaoilte, is Cormac ag déanamh ar an doras 'na lán-rith! Mar bhéadh draoidheacht air, do ghéill an doras dó, is do phreabh se amach is as go bráth leis. Do lean an coimeádaidhe é, is níor ghábhadh dhó léigean air go raibh deabhadh air, mar ba mhire Cormac 'ná a dhícheall. Mar do ceapadh leó do dhún sé an doras 'na dhiaidh i dtreó ná féadfaidhe é d'osgailt gan moill. 'Nuair do bhíodar tuairim le dhá mhíle ó'n gCathair do ghlaodhaigh an Caomhach chum Cormaic gan rith chomh mear soin óir bhí sé féin geall le bheith traochta, is a aghaidh do thabhairt soir ó thuaidh ar feadh tamaill. I gcionn míle eile dubhairt sé leis stad is ag féachaint timcheall dóibh chonnacadar, nó shíleadar go bhfeacadar, foireann mharcach ag teacht ar a lorg go lán-tapa. Gan maill nóimint do shleamhnuigheadar isteach i sgioból is le dréimre do phreabadar ar lochta ag
tarraing an dréimre 'na ndiaidh. Chuadhadar go daing- ean i bhfolach i bhféar úr do bhí ar an lochta. Níor chian mar sin dóibh fá anaithe is bualadh croidhe 'nuair d'airigheadar fuaim na gcapall is láithreach do stad buidhean marcach os comhair an tighe le n-ar bhain an sgioból. Chuaidh na marcaigh isteach is do chuarduighea- dar an teach ó bhun go bárr gan tairbhe ar bith. Ní raibh istigh an tan soin acht sean-bhean bhodhar na féad- fadh tuairisg do thabhairt dóibh ar aon' ne. Fá dheireadh thángadar go dtí an sgioból is bhí deallramh neamh- dhíoghbhálach ar gach uile ní ann. Bhí gach ní go socair is go ciúin acht croidhthe na bhfear ar an lochta. “Ní'l siad ann so ar aon tslighidh,” ar duine do'n ghasraidh ag géar-infhiúchadh an tseomra dhorcha úd. “Táim cinnte go bhfuilid ins an tigh sin amuigh,” ar duine eile aca, “nach dtugabhar fá deara an sgannradh bhí ar an tsean-chailligh úd ar eagla go mbéarfaidhe orra?” “Is cuma liom- sa soin,” ar fear eile, “do chuarduigheamar an teach soin go mion, cheana, is ní aon maith dhuinn dul níos déine air. Imthighmís orainn, b'fhéidir go bhfuilid romhainn.” Ar an bhfocal soin do chasadar tar n-ais; is i g-cionn dó no trí neómantaidhe bhíodar as éis- teacht.
AN TREAS ALT AN tATHACH. Tar éis tamaill bhig na dhiaidh sin do chogair an bheirt aran lochta le chéile, agus is é rún do cheapadar fanmhaint mar a rabhadar gan corraidhe go tuitim na hoidhche. Is cortha, cráidhte bhíodar 'nuair do thosnuigh solas an lae ar sgaipeadh fá dheireadh, is do thuit dor- chadas ar an tseomra doilbh úd, i gcuma na féadfá do lámh shínte d'fheicsint. Is socair d'éirigh an bheirt; chuireadar an dréimre mar a raibh sé, is thángadar chum talmhan. Is tapa do dhruid an Caomhach go dtí an doras, is aireach do sháthuigh sé a cheann amach 'is ró-mhear d'iompuigh sé ar a sháil is dubhairt le Cormac: “lean mé.” Do lean Cormac gan gíog agus is tapa bhíodar ar aon arís ag síor-rith treasna na tíre. Do líon trom-sgamall dorchadais an spéir mór-dtimcheall acht siúd chum siubhail iad le mire iongantach tré fhéar nglas, tré choirce, tar chorrachaibh, tar ruaidhtibh, tar aibhnibh meara, láidre, ina raibh uisge go slinneánaibh ortha, gan sos, gan leisge. Do luigheadar ortha is gan fios aca cá raibh a n-aghaidh, acht go raibh an Caomhach cinnte go rabhadar ag druidim ó'n gCathair. Fá dheireadh do stadadar, agus is tnáithte teirce do chaitheadar iad féin ar an dtalamh. Ann san d'athruigheadar le chéile a gcasóga i gcás ná h-aithneóchaidhe iad is cheapadar gur mhithid dóibh imneamh do dhéanamh ar dhíon éigin d'fagháil go maidin. Uime sin, i gcló bacach gan fuithin ó gharbh-shín na
hoidhche do bhuaileadar go cneasda doras botháin do thárla 'na slighidh i n-aice srotha i measg árd-chrann ngéag-chluthar. Ar dtúis níor freagradh; acht ar mbualadh arís is arís dóibh níos déine, d'airigheadh guth uathbhásach leastigh adubhairt: “Cia hé sin? Tar isteach.” D'osgail an Caomhach an doras, is ní gan faitchíos é, is isteach leó ar aon go haimh-leisgeamhail. I bhfíor-lár an tseomra dár osgail an doras soin, bhi fear 'na sheasamh i n-a raibh aoirde iongantach. Ba dhubh é a aghaidh; bhí meagal fada feasóige air; bhí a fhorraidhe bog torach is ba fhiadhain sgeóinteamhail na súile do leath-fholaigheadh fútha. Bhí an teine ar an dteinteán nach mór caithte is le n-a hais bean sgoth-aosda ag suidhe ag fuagháil. D'iompuigh sí a ceann 'nuair a tháinig na deóraidh isteach is tar éis iad d'infhiúchadh go géar, do lean sí dá hobair. “Cia hiad sibh-se, nó cad tá uaibh?” ar an guth mar tóirneach do chuir sgannradh cheana orra. “Is bacaigh bochta sinn-ne,” ar an Caomhach, “ar ar thuit an oidhche gharbh so gan díon, gan fuithin, gan biadh, gan digh, ó chailleamar ar slighe. Táimíd lag le hocras. I n-ainm Dé tabhair dúinn fuithin go maidin, is beagán éigin le n-ithe.” “Táthaoi i n-aghaidh na Bainríoghna,” ar an guth éachtach céadna. “Ní fhuilimíd ag déanamh dadaimh 'na coinnibh,” ar an Caomhach. “Tá an chroch ró-mhaith dá námhadaibh,” ar an ghuth, “is go gcríochnuighthear iad uile uirthi; acht druididh chum na teineadh; a Cháit, faigh rud éigin le n-ithe.” Do dírígheadh na focail seo chum na mná; is d'éirigh sí láithreach 'na seasamh is chuaidh i seomra bheag fá leith. I gcionn tamaill do chas sí le harán mine coirce, is beagán éisg, is do chuir ar bhord bheag i láthair na mbacach le hais na teineadh, is annsoin do chuaidh sí ag iarraidh bainne dhóibh.
Bhí an-dúil ag an mbeirt 'san mbiadh tar éis a gcuid anró is trosga. Do sheas an t-athach i leathtaoibh ar feadh na haimsire is gan focal as, acht mar a chuireadh ceist ortha, cad as iad, nó cad do b' ainm dóibh, nó mar soin. Ba léir dóibh nár chreid sé focal adubhradar, is tháinig lán-fhaitchíos orra. Acht b' éigin dóibh a gcuid faitchís do cheilt chomh maith is b' fhéidir leó. Bhí a lán do'n oidhche caithte nuair adubhairt an t-athach leó go garbh-ghothach é féin do leanmhaint is sháthuigh sé go tapa rompa i seomra léir-dhorcha; is neamh-chneasda do dheimhnigh sé dhóibh go raibh aon leabhaidh amháin annsoin 'na gcomhair, is d'fhág slán aca, do dhún an doras 'na dhiaidh, is do chuir glas air go daingean. 'Nuair d'airigh Mac Uí Caoimh fuaim na heochrach ag daingniughadh an dorais do theip a mhisneach, is d'éirigh osnadh chum a bhéil; acht níor ghéill sé dá chumha, is do choisg an bhrón-ghlothar 'na sgornaigh. Do chuarduigheadar mór-dtimcheall 'san dorchadas; is ó bhí an seomra beag níor deacair a raibh ann do sgrúdadh. Níor labhradar acht i gcogaraibh ciúine. D' airigheadar guth an athaigh ag tógáil comhairle, dar leó, ó n-a mhnaoi - acht níor bh'fhéidir leó na focail do thuigsint. Bhrathadar, amhach, gur ortha féin do bhí an choiste. Níor fhág an Caomhach poll ná ball 'san tseomra gan cuardach go raibh sé cinnte ná raibh duine 'na bheathaidh ann acht iad araon. Do bhuail sean-chomhra uime nár osgladh le fada is nár útuigheadh is dócha riamh. Tar éis bheith a bhfad ag utumáil níor theagmhuigh leis acht cirteacha ar chir- teachaibh as bhí sé ar tí léigean do 'nuair do mhothuigh se rud éigin ag priocadh a mhéir is do tharraing sé amach go socair gearr-chlaidheamh lán-fhaobhrach. Do shín sé an claidheamh so ar an leabaidh fá'n éadach le
hais na háite ina raibh se le luighe. Ann soin do luigheadar ar aon ar an leabaidh i n-a gcuid éadaigh. Ní chum codalta, amhach, cé go rabhadar tuirseach tnáite tar éis an lae. Acht do choisg faitchíos iadhadh na súl ortha. Do luigh an Caomhach ar an taobh amuigh is a chlaidheamh ullamh le n-a láimh. Do shín Cormac é féin leastigh. Níor labhradh gíog eatortha. Bhí an oidhche ag dul tarsa go mall, is fá dheireadh do chiúinigh an chainnt 'san tseomra eile, is ní raibh fuaim le cloisint ar fuaid an tighe. Acht ní raibh Mac Uí Chaoimh sásda i n-a aigneadh. B' fhada uaidh é. Bhí eólas maith aige ar rúnaibh carcar is ar chleasaibh coimeádaidhthe; is ní raibh a dhroch-amhras gan fáth an tan soin. Tar éis uair a chlog 'na luighe mar sin dóibh do tháinig néal beag solais tré ionad na heochrach 'san doras. Níor cailleadh an comhartha soin ar Mhac Uí Chaoimh is do ghlac sé a chlaidheam go dlúth 'na láimh. Do gheit d'iompuigheadh an eochair, d'osgluigheadh an doras, is láithreach bhí an t-athach 'san tseomra. Bhí solas is slabhradh iarainn i láimh leis; bhí arm faobhair 'na láimh eile. B'uaigneach é trom-fhothram an dorais ag dúnadh 'na dhiaidh. Do thaisbeáin an solas do'n Chaomhach mí-shlacht an tseomra i n-ar chaith sé an oiread soin do'n oidhche - a shalachar, a ghránnacht, na bhallaidhe ag lobhadh le haois is le fliche, an t-urlár dreóighte, tolluighthe, acht ní ar na neithibh sin do smuainigh sé anois. Comh luath is chonnaic sé an t-arm faobhair i láimh an athaigh do phreab sé ar a chosaibh mar phreabfadh leómhan, is thug fogha dá chlaidheamh ar láimh an athaigh i n-a raibh an solas. B'éigin dó soin le neart tinnis a ghreim do bhogadh. Do múchadh an choinneal is do thos- nuigh a ndlúth-fhuirse is a g-coimheasgar fá dhúr-
sgamallaibh na hoidhche. Gan moill noimeint do rug an Caomhach ar an slabhradh is do cheangail go docht lámha an athaigh leis; do chrom an t-athach ar oibriughadh go dian le n-a chosaibh is ins an iomrasgáil do bhuail buille ar Chormac do leag i gcoinnibh an bhalla é ag sgreadadh le pian. 'Nuair a tháinig an t-óglách chuige féin do chuarduigh sé an talamh is fuair sé an claidheamh do raid an Caomhach uaidh 'san bhfuirse; is leis an arm soin b'fhéidir leis an t-athach do coimeád socair fad bhítheas ag ceangailt a chos. An tan mhothuigh an t-atach go rabhthas ag ceangailt a chos is ná raibh aon chaoi éaluighthe aige do sgread sé go huathbhásac mar do sgreadfadh tarbh do ghéar- ghoinfidhe. Acht ní raibh maitheas 'na ghlór. Tar éis é féin do chor le árd-bhéicigh do luigh sé ar athchairt ortha léigean dó féin, ná raibh sé chum aon díoghbhála do dhéanamh dóibh, go stiúróchadh sé iad go háit i n-a mbéidís slán, go raibh a lán eólais aige d'oirfeadh dóibh go mór. Is beag an toradh thug an Caomhach air acht fiafruighe go dána dhe cia nós a bhfuighbhidís solas. Do ghlaodhuigh an t-athach chum na mná solas do tha- bhairt chuca. Is ró-ghearr go dtáinigh sí go dtí an doras is coinneal ar lasadh 'na láimh. Do chrith sí le hanaithe is uamhain 'nuair do chonnaic sí an treó bhí ar an athach agus is truaighmhéileach d' iarr sí ar Mac Uí Chaoimh é thabhairt go dtí an teine bhí 'san tseomra eile go léigfeadh sé a sgíos de. D'aontuigh Mac Uí Chaoimh is tar éis a lán unfairt do síneadh an tréan-fhear as comhair na teineadh chomh cneasda le huan. 'Nuair do bhí a namhaid fá dheireadh fá 'na smacht, d' orduigh an Caomhach do Chormac greas codalta do thógáil d'fhonn bheith ullamh neartmhar i n-aghaidh an lae
bhí rómpa. Tar éis dulchum suain don óglách d'éirigh réidh-chomhrádh idir an bheirt eile le hais na teineadh. Do bheartuigh an Caomhach nár mhisde dhó anois a eachtra féin is eachtra Chormaic d'innsint do'n athach. D'éist seisean go fíor-ionumhail is anois is arís do chnead se go truaighmhéileach. Ba huaigneach é fuaim a shlabhraidh 'nuair a thugadh iarracht ar na deóra teógha bhí ag sileadh le n-a shúilibh do cheilt le n-a gharbh-láimh. D'fhair an Caomhach gach cor do chuir sé dhe is thuig sé ó na chomharthaibh buaidheartha soin go raibh sé ag cur suime 'na sgéal. Dá bhrígh sin tar éis críochnuighthe dhó d' athchuir sé ar a sgéal féin d'innsint is a chur i n-umhail dó cad 'na thaobh gur chuir an t-eachtra an oiread soin bróin air. Tar éis lán-tocht cathuighthe do chur dá chroidhe do'n athach is na caisí deór do thaosgadh as a shúilibh adubhairt mar leanas: “Atá sgéal éachtach agam-sa, leis, acht is mian liom é do ghiorrughadh. Goirthear orm Domhnall Dubh. Bhíos tamall i dtreasaibh na nGearaltach; is ba mhinic mé ag coimheasgar fá n-a mbratach; acht lá is mé ag déanamh creiche le hais Eochaille do sgiobadh mé óm' bhuidhin go hobann le gasraidh do mhuinntir na Bain- ríoghna. Feall-bheart do b'eadh í, is dóigh liom. Do rugadh mé i láthair an Phresident. “Bhagair seisean an chroch orm muna n-inneósainn dó rún éigin do bheartuigh sé bheith agam; is fós, do gheall sé mórán saidhbhris dam dá ndéanfainn a thoil. Ní bhfuair se gíog asam is fá dheireadh bhítheas chum mé do chrochadh acht le congnamh coimeádaidhe éigin theicheas. B'fhada dham ag siubhal ó áit go háit i gan- fhios. Fá dheireadh do shocruigheas ins an chúinne uaig- nigh seo. Do rinne mo bhean amach annso mé is tá sí im' fhochair ó shoin. Tá roinnt airm agam is leó soin is
le neart mo lámh do chosnuigheas mé féin go dtí seo. Ní headh, ná go bhfuaireadh amach mé. Anois is arís do bhris isteach orm i meadhón oidhche cladhairí ar thí mo cheann do bhreith go dtí an President, acht níor fhill fear innste an sgéil díobh. Is deimhin gur cheapas go rabhabhar-se ar an teachtach chéadna agus is é do cheapas sibh do mhilleadh chomh maith leó. Acht bhíobhar-se ró-luath dham, is tá áthas orm na thaobh, óir do bheadh cathughadh orm tar éis bhur gcuid fola do dhortadh.” Do chreid an Caomhach gach focal dár labhair sé. Acht ba mhaith leis eólas d'fagháil ar aon ní amháin. “Cad 'n-a thaobh,” ar sé le Domhnall Dubh, “a bhfuilir ag fan- mhaint i gcontabhairt mar so? Ná feiceann tú ná béadh maith id' arm 'ná id' neart anocht. Is éigin duit bheith claoidhte luath nó mall.” “Bh'fhéidir gur baois atá im' choimeád annso,” ar Domhnall, “acht ní fhuilim gan dóchas éigin le fanmhaint annso go mbuailfinn buille tubaisteach ar an namhaid ins an áit seo mar a bhfuil sé chomh tréan soin. B'fhéidir go bhfuil rún éigin 'na theannta soin agam, acht ní hé seo an t-am é léigean amach.” Ba chian ó chuaidh Cormac do chodhladh, acht do dhúisigh an chainnt é is do phreabh sé 'n-a shuidhe is ag seasamh ag doras an tseomra d'airigh se deireadh chomhráidh na beirte eile, is do chuir ar chlos ag dian-mhachtnamh é. “Agus an bhfuil duine eile mar mise?” ar sé leis féin, “árd-aimneach, lán-dóchasach, is gach beart ag dul 'na choinnibh, is é chomh fada soin ag iomarasgáil leis an mbás.” Do ghoill a chuid machtnaimh chomh trom soin air gur léig sé sgread as. Ar chloisint a ghotha is tapa bhí an Caomhach 'na theannta is do bhraith láithreach cad do bhí air. Do rug sé ar láimh air, is do rug i láthair an athaigh é do bhí ceangailte is sínte treasna
an teinteáin. Ba ghearr an mhaill eachtra Dhomhnaill do shlánughadh do Chormac. Is fá dheireadh do thuigeadar a dtriúr a chéile. Do sgaoileadh Domhnall is do shuidh sé go sásda le hais na teineadh 'na bhfochair. 'Sí comhairle do ceapadh leó annsoin Domhnall do dhul le na gcois. Bhí Domh- nall féin ullamh chum a chion dá gcuid sóigh agus an- shóigh do ghlacadh; is níor bh'iongnadh go ndubhairt Cormac lán do sgleóndar gur ghearr go mbéadh sgéala maithe aca, is nár bh' fhada ó bhaile an té chabharóchadh go mór le hobair saoruighthe na hÉireann. B'fhéidir gur shíl Domhnall gur fáidh do labhair is gur thóg sé an tarn- -gaireacht soin chuige féin. Is é rún do cheapadar a dtriúr dul gan moill go dúthaigh na nGearaltach is buille éigin do bhualadh dá mb'fhéidir i n-aghaidh an námhad. Do rinne Domhnall socrughadh dá mhnaoi fad do bheadh sé amuigh, is do ghluaiseadar a dtriúr chum siubhail ar maidin go deiscréideach go crích na nGearaltach.
AN CEATHRAMHADH hALT. AN TURAS. Ar maidin lá'r n-a bhárach do luigheadar ortha a dtriúr go mall is go seachnamhail tré ghleanntaibh na hAbhann Móire. Ar uairibh do chongbhadar le chéile ar eagla roimh namhaid, is ar uairibh do sgar- adar ó chéile ar feadh tamaill ar eagla go dtabhar- faidhe fá dheara iad. B' éigin dóibh go minic bheith gan lón ar eagla dá solátharóchadh siad é go mbéar- thaidhe go hobann ortha; is b'éigin dóibh codladh ins na coilltibh do thárla 'na slighidh. Is amhlaidh d'fhaireadh an bheirt aosda gach re tamall do'n oidhche i gcuma go mbeadh codladh na hoidhche ar fad ag Cormac. Bhí an chríoch tré n-ar ghabhadar millte, sgri- osta tar fóir. Bhí guirt choirce is chruinneachta na gcosair easair, nó losguighthe gan bhrígh. Bhí na tighthe ar lár, na dóirse is na taobháin briste, an díon im- thighthe leis an ngaoith; bhí na daoine bochta lér bhain na tighthe seo 'na seicidiúraibh ag seasamh ar thaobh bhóthair is ag crith le fuacht gan balcaisíbh gan bhiadh gan digh' nó bailighthe fá géagaibh na gcrann, nó, fós, ag cuardach rud éigin bhainfeadh an t-ocras díobh tré garradhaibh loitighthe is tré mhóinfhéaraibh dubh-loisgthe Ba thruaighmhéileach an radharc na páistí beaga bochta tarlomnochta gan lúth 'na mballaibh, gan sméide ,na ngnúisibh' gan uaim ghrinn ná cheóil 'na mbéalaibh, gan sugradh ar bhántaibh mar ba ghnáth, acht 'na síománaigh fuirighthe fann ag bailiughadh na neanntóg nó ag suidhe cois bhallaidhe fuar is gan fiú na coisidheachta aca.
Bhí an t-arbhar, áit nár loiteadh le teinidh é, ag aibiughadh is ag breacadh go lán-mhear. I n-áiteannaibh bhí sé gearrtha is curtha i bhfolach sul a bhfuaideóchadh muinntear an chogaidh é, is bhí fir ag faire gach lá ar na mullachaibh mór-dtimcheall. D'fhaireadar na ga- bháltaidhe a mbólacht ló is oidhche, is níor bheartuigh aon'ne gur bh'fhiú uair do chloig a bheatha ná a mhaoin. Bhí na daoine ag fagháil bháis go tiugh le hocras is le hanró is go minic ní raibh aon ne' chum iad d' adhnacadh. Níor bh'annamh le feicsint ablacha leath-lobhtha ar dhruim talmhan stollta as a chéile le gadharaibh. Níor bh'annamh le feicsint páistí óga bailighthe tim- cheall na n-ablach sain dá n-ithe go cíocrach is ag síor- bhruighean le chéile 'na dtaobh. Do leath an bás agus an t-ocras daol-bhrat bróin ar spéir is ar thalamh. Ní raibh séis na gotha daonna i dtigh ná gáir na n-éan i gcoill le cloisint lá grianmhar foghmhair ar feadh mílte do'n tslighidh. Tráthnóna áirithe do bhíodar ins an tír idir fhuinse na hAbhann Móire is an tOileán. Do tháinig mór- shéideadh gaoithe is fearthainne ortha go hobann do rinn' oidhche do'n lá. Láithreach baill bhí na bóithre go léir fá thuile is na sruthair mór-dtimcheall do bhí i ndísg nach mór ar maidin anois 'na dtuiltibh móra ag cur a nglór i gcéin. Ar uairibh do las an spéir le splanncaibh lonnracha, is 'na ndiaidh d'airighthí fothram uathbhásach tóirnigh ag gluaiseacht, ag fil- leadh, is ag aith-fhilleadh idir na sléibhtibh mar fhuaim chogaidh na n-athach. Bhi an triúr anois fliuch isteach go dtí an croiceann, is a gcuid balcaisí chomh trom soin le fliuchán gur dheacair dóibh siubhal; 'na fhochair sin bhíodar lag-bhríoghach ó throsgadh an lae, is ba mhithid dóibh imshníomh do dhéanamh ar fhuithin éigin
d'fhagháil i gcomhair na hoidhche do bhí anois ag tuitim go dubh-sgamallach ar mhuir is ar thalamh. Ag machtnamh ar an chruaidh-cheist sin dóibh do chonnacadar os a gcomhair teach gabháltaidhe ar árd le hais an bhóthair; bhí na ballaidhe gealta le haol, is bhí díon cluthmhar seasgair air lasmuigh; acht ní mórán eile bhí le feiscint 'na thimcheall do chuireadh fonn ar lucht siubhail dul isteach chum a sgís do léigean díobh. Bhí ba is capaill i bhfearann le hais an tighe ag baint sgáith na gcladhthach dá chéile mar chomairce ó'n anfadh. Do thógadar comhairle a chéile an rachaidís isteach ag iarraidh dín na hoidhche. Agus is í comhairle do cheapadar, d'aon mheón amháin, dul fá dhéin an tighe, gur bh'fheárr bheith i gcontabhairt bháis ó námhaid ná fanmhaint go fuar, fliuch, fann, fá gharbh-shín na oidhche. 'Nuair a thángadar go dtí an doras, do fuaradar leath-osgailte é, is chuadhadar isteach gan chuireadh, gan iarraidh. Bhíodar chomh fliuch, chomh fuar soin, chomh teirce le lagachar is le hocras go dtiocfadh truagh dhóibh i gcroidhe a námhad féin, dá chruaidh- chroidhighe neamh-thruaighmhéilighe é. Acht cibé eagla bhí ortha roimh mhuinntir an tighe níor lean sé i bhfad díobh. Do bhí fear d'aois timcheall an dá fhichead, is a bhean mórán níos óige is ceathrar leanbh 'na suidhe le hais teineadh do las ós a gcomhair go soillseach is go seasgair ar an teinnteán, gan bheann aca ar an anfadh. do bhí ag réabadh tor is ag tréan-luasgadh coillte lasmuigh. D'éirigh fear an tighe is a bhean i n-éinfheacht is chuireadar fáilte rómpa le hurraim is le cneas- dacht. Do labhair an Caomhach láithreach is dubhairt gur deoraidhthe iad do bhí ag dul i gcéin is go raibh sé do dhonas ortha garbh-anfadh do bhreith ortha ins an áit fhiadhain neamh-dhíonmhair soin, is go mbeidís buidheach
go deó dá dtabharfaidís dóibh cead fanamhna fa dhíon an tighe go maidin. Do bhí sé chum a thuilleadh d'aithris 'nuair chuir fear an tighe cosg air ag rádh go raibh céad fáilte rómpa, is gan maill do rinneadh gach ar bh'fhéidir chum cabhruighthe leó. Do luigh fear an tighe is a bhean ar bhreis teineadh do chórughadh chum a gcuid éadaigh do thiormughadh. Níor bh'fada gur shuidh- eadar na deóraidhthe chum bídh, do hullmhuigheadh le deithineas, acht bhíodar, 'na dhiaidh sin, milis soghail, tar éis a gcuid sgís is anró. Bhí Cormac chomh lag soin gur bh'éigin dó dul do chodladh gan moill. D'fhan an bheirt eile go ceann i bhfad do'n oidhche ag comhrádh le muinntir an tighe. Ba mhilis subháilceach a gcomhrádh le chéile, acht níor tharraing aon'ne aca chuige cúrsa an chogaidh ná aon rud eile ar a mbeith áiteamh nó dhá chéadfaidh. Fuair Cormac leabaidh i seómra bheag i mbarr an tighe, is do chodail an bheirt eile i seómra fá leith. Tar éis dul do chodladh don bheirt d'airigheadar muinntir an tighe go gnóthach ag ullmhughadh bídh, dar leó, do dheoraidhthibh éigin eile do tháinig chuca i lár na hoidhche. Tar éis tamaill do chiúinigh an teach ar fad acht níor fhág soin an Caomhach gan eagla go n-imtheóchadh rud éigin ar Chormac. Níor dhún súil leis, cé gur sámh do chodail an t-athach le n'ais. Le neart a neamh-shuaimhnis d'éirigh sé 'na shuidhe go socair, is d'éaluigh go ciúin 'san dorchadas go doras an tseómra i n-a raibh Cormac. D'éist sé ar feadh tamaill ag an doras is d'airigh go soilléir osnaidhe is gearán an óglaigh. D'osgail sé an doras. Ní raibh splannc solais 'san tseómra. Do tháinig crith-eagla air ag déanamh ar an leabaidh dó. Is geárr gur lámhuigh sé duine éigin ag tabhairt iarracht ar fhear na leapadh do thachtadh. Do sgread an t-óglách le pian. Do rug an Caomhach ar an té bhí
dhá thachtadh. Níor labhradar gíog le chéile acht dul i n-achrann i n-a chéile i ndian-fhuirse. 'Nuair do thosnuigh Cormac ar sgreadadh do bhog an rábaire dá ghreim, do strac sé é féin as lámhaibh an Chaomhaigh, is amach an doras leis 'san dorchadas is níor fhill ó shoin. Ar maidin ní raibh a thuairisg le fagháil. Do thuit Cormac i lagachar is d'imthigh cuimhne na hoidhche sin ar fad as a mheabhair, is b'éigin do'n bheirt eile gluaiseacht chum siubhail is é d'fhágáil 'na ndiaidh sínte ar leabaidh i bhfiabhras, tinn te trioblóideach.
AN CÚIGEADH hALT. AN DÚNMHARBHADH. Ba chiúin chumhra an mhaidean í - mar is gnáth i ndiaidh anfaidh - i n-ar ghluais an Caomhach agus Domhnall chum siubhail. D'airigheadar gur theich an tIarla go Sliabh Mis, agus is é cheapadar dul ag triall air is dá mb'fhéidir congnamh éigin do thabhairt dó. Bhí a slighe i dtosach tré réidhibh sléibhe, is tré ruadhtaibh úra, boga acht i gceann tamaill d'imthigheadar le fánaidh tré thalamh saidhbhir 'na raibh an féar rinn-árd, is gan duine chum a ghearrtha, ná bó ná capall chum a chraptha. Mór- dtimcheall bhí an fraoch loisgthe is na tighthe briste isteach is comharthaidhe áir is ghorta i gach aon bhall. Do thángadar go mbaile beag bhí go taisgithe i gclúid fá ghualainn sléibhe, acht ní raibh do dhaoinibh le feicsint lasmuigh acht fíor-bheagán, is ortha soin bhí drioch chomh dubhach, chomh doilbh sin gur dhóigh leat ná raibh focal 'na bpluic. Uatha soin d'airigh an bheirt go raibh an sgéal go dona tar barr ag an Iarla, gur thréig a cháirde é. is go raibh a bhuidhean go léir nach mór sgaipthe, gur bh'éigin dó dul i bhfolach, is nár bh'fhios cá raibh sé an tan soin. Dubhradh leó i n-'fhochair sin go raibh mór-chuid airgid tarraingthe ar a cheann, nár bh'fhéidir leis lean- mhaint do'n chogadh feasda, is go raibh muinntir na Bainríoghna ag déanamh a gcroidhe-dhíchill chum greim do bhreith air beó nó marbh. Níor bh'ionann an chuma inar thógadar araon an sgéal so. Do'n Chaomhach ba gheall le fógairt bháis é. Níor fhan preab misnighe 'na chroidhe. Bhí deireadh leis an muinighin
sin as cúis a dhúthchais do mhúin Cormac dó. Do chuimhnigh sé láithreach ar Chormac, ar a fhéachaint fhearamhail i gcló leinbh, ar a dhian-mhachtnamh, ar a sholas-aigneadh - ar gach ar smuainigh sé, gach ar cheap sé - feasda gan tapa, gan bhrígh; ar Chormac anois go tréith le héagcruas, is slabhra na daoirse níos daingne ag brughadh is ag mil- leadh a dhúthchais dílis. Och! dá mbeith fios anois aige an treó bhí ar an Iarla bhocht, caidé mar a thuitfeadh sé i mbrón' cad iad na spioraid do thiocfadh air, cad iad na hosnaidhe do bainfidhe ó chroidhe as! Dála Dhomhnaill níor bh'iad soin na smuainte do rith na aigneadh ar chloisint an sgéil sin dó. Is deimhin go raibh súil aige go mbuaidhfeadh cúis an Iarla fá dheireadh. B'fhada ag teicheadh ó'n dligheadh é, is dá mbuaidhfeadh an tIarla ní bhéadh baoghal air. Acht anois ó chuaidh an lá ar an Iarla ní raibh díon na tear- mann aige roimh mhuinntir na Bainríoghna. 'Na theann- ta soin, do cruadhadh a chroidhe leis an fhuil do dhoirt sé i meadhón oidhche fhuar, dhorcha, le hais na srotha uaignighe úd i gConndae Chorcaigh. Ní raibh anois aon leisge air roimh ghniomharthaibh fola, is dá mbeith féin do chneasóchaidhe a chogubhas leis an airgead do bhí gealltha don té mharbhóchadh an tIarla, is níor bh'fhada an mhoill air ceapadh in a aigneadh ionad comhnaidhthe an Iarla d'fhagháil amach, is, dá mb'fhéidir, an ceann do bhaint de, is an mhór-chuid airgid sin do thuilleamh. Ar an ádhbhar soin d'oir sé dhó chomh maith is d'oir sé do'n Chaomhach fios do bheith aige ar áit fholuighthe an Iarla is dá mb'féidir bheith 'na rún. Do bhí an Caomhach géar-chúiseach go leór is bhí eólas maith aige ar cúrsaidhibh an tsaoghail, is cé nár aithin sé go cinnte na smuainte bhí i n-aigneadh an fhir eile, do mhothuigh sé go raibh rud éigin ag déanamh buaidheartha
dhó. Ó chomharthaibh beaga ná haireóchadh duine eile do bhrath sé go raibh rud éigin neamh-fhoghanta ar bun aige. Dála Dhomhnaill do bheartuigh sé gur léigh an Caomhach a mheón mar do léaghfá paipéar; agus is mar soin, gan iontaoibh aca as a chéile, do ghluaiseadar ortha. Níor bh'iongnadh gur theip a gcuid comhráidh ortha. Do than- gadar i ndeireadh an tráthnóna soin go tigh ósda is do chuadhadar isteach i gcomhair na hoidhche, mar ní raibh anois eagla ortha roimh na daoinibh. Do shuidheadhar le hais na teineadh mar ba ghnáth do lucht siubhail; bhí a lán eile do dheóraidhthibh ann rómpa is do shuidheadar 'na measg. Ní raibh focal as an athach; do thuit a chion do'n chainnt chum an Chaomhaigh; acht níor bhríoghmar ná aibigh do labhair mar ba ghnáth leis. Bhí trácht eatortha ar an gcogadh do bhí anois geall le bheith críochnuighthe, is ar ráfla éigin d'airigheadh go déidheanach - go raibh na Spáinnigh ag teacht go cuantaibh an Daingin chum cabharuighthe leis an Iarla. Do labhair duine éigin ar ionad foluighthe an Iarla. “Ó mhaise, go gcabhruighidh Dia leis,” ar fear smutach teann 'san gcúinne, “cibé ball i n-a bhfuil sé. Ní bhéarthar go deó air, sin é mo thuairim. Táim deimhneach ná fuil fear 'san Mhumhain indiu do chealgfadh i lámhaibh a námhad é dá bhfaghadh sé na mílte púnt ar an mbeirt soin. Cionnos d'fhéadfadh aon'ne cuimhne ar an gcuradh aosda onórach soin do leagadh ar lár? Táim cinnte, dá mbeith fhios agam go raibh aon'ne chomh holc san 'san dúthaigh seo, go mallachtóch- ainn an phréamh as ar fhásamar go léir.” “Maith an buachaill,” ar fear caol dubh do shuidh ar an dtaobh thall do'n teinidh, “caidí an chainnt sin ort mar sin? Ná hinnis damh-sa é. Tá aithne mhaith agam-sa ort, a mhic mo chroidhe. Ní chealgfá-sa an tIarla, ní dhéanfá
leis, a ropaire bhitheamhnaigh, ní dhéanfá! Tá a fhios agam. Do dhéanfá mhaise! Táim cinnte go ndíolfá an tIarla i mbárach ar luach na dighe!” “Do dhíolfainn? an ndíolfainn, mhaise? Cá' bhfhios duit-se sin? Tugais do dhearg-éitheach; ní ceart ná cóir duit a léithéid sin d' asmhuchán do chasadh liom.” “Is dóigh liom gur cirte dhuit éisteacht is a shár-fhios atá againn go léir cad do dhéanfá ar airgead.” “Tá a fhios agaibh, an bhfuil fhios?” ar an fear eile, dá bhualadh le buille dá dhorn. do leag siar ar an urlár é, is do chuir a shrón ag tabhairt fola i gcaisibh. As an ghníomh soin d'éirigh gleó eatortha i gcoit- cheann, gach duine ag cabhrughadh le n-a mhuinntir féin. Dála an Chaomhaigh níor chabhruigh sé le haon taobh, acht ag iarraidh síothchána do dhéanamh eatortha. Acht níor mar soin do'n athach, do luigh sé ar bhriseadh is ar bhualadh is ar réabhadh mór-dtimcheall, is ag cabhrughadh gan sgáth leis an bhfear teann do bhuail an chéad bhuille, is ag ná raibh acht beagán chum a chosanta. Acht bhuaidh neart is lúth an athaigh ar a raibh 'na aghaidh; is 'nuair bhíodar go léir smachtuighthe aige rinneadh síothcháin eatortha is ní gan fuil do bheith dortuighthe is cnámha leóinte, ar gach taobh. Chuir gníomhartha an athaigh an oidhche sin buaidheart mhór ar a chompánach. B'fhollus gur namhaid do'n Iarla do chosnaimh sé, is b'olc an comhartha air é; acht d'fhan sé go ciúin is do léig sé a chuid amhrais brughadh ar a chroidhe féin. Níor chosg an bhruighean a gcuid muinntearais ar fad is tar éis síothcháin do dhéanamh luigheadar ar chainnt arís i gcuma gur dhóigh leat ná raibh focal eatortha riamh. Bhí a lán do'n oidhche caithte 'nuair do thaisbeáin an
fear ósda an suainlios dóibh. Do bhí seomra beag chum codalta ag gach duine. 'Nuair do taisbeáineadh a sheómra do Mhac Uí Chaoimh do bheartuigh sé go raibh an t-athach ag géar-infhiúchadh a ionaid suain is na háiteanna bhí le n'ais, acht níor léig sé air go bhfacaidh sé é, is do sgaradar go ciúin is go cneasda le chéile i gcomhair na hoidhche. Acht d'aithin Mac Uí Chaoimh ná raibh áit chodalta do na deóraidhthibh ar fad is gur bh'éigin do chuid aca suidhe cois na teineadh go maidin. Ar an ádhbhar soin tar éis tamaill, cad do rinne sé acht sleamhnughadh amach as a sheomra féin, is a rádh le duine dhíobh so bhí ag fanmhaint suas go mb'fheárr leis féin i bhfad suidhe cois na teineadh is go bhféadfadh seisean codladh 'na sheómra 'na ionad. D'aontuigh an fear eile go háthasach, agus is ciúin socair do rinne sé an seomra amach, is ó bhí tuirse ó'n mbruighin air is sámh an codladh do thuit 'na throm-néalaibh air gan maill. Do luigh Domhnall Dubh ar a leabaidh, acht ní chum codalta é. Do mhachtnaimh is do chuimhnigh sé ar chéad ní do bhain leis an rud ba mheasa leis - cionnos do mharbhóchadh sé nó bhéarfadh sé 'na bheathaidh ar an Iarla? Níor bh'fuirisde an gníomh soin ar aon slighidh, acht anois bhí contabhairt roimhe nár mheabhruigh sé go dtí seo. Do bhrath sé go raibh droch-amhras cheana ag Mac Uí Chaoimh air, agus tar éis beart na hoidhche seo b'follus gur léig sé a mheón. Dá n-éireochadh an Caomhach as a leabaidh ar maidin do ghnáth ní fheadair sé ná go n-iompóchadh sé air is mharbhóchadh sé é, nó go gcuirfeadh suas duine éigin eile chum a dhéanta. An n-éireóchadh sé ar maidin? Ba chontabharthach an gnó é, bhí an oiread soin daoine 'na thimcheall is do thuit sé amach leis an oiread soin an oidhche sin. Acht caithfear tabhair fá'n
obair sin. Do sheas an Caomhach 'na shlighidh; ba dubh- sgamall ar a sholas é; ba nimh a bheathadh é; caithfear cos do luighe air; dá n-imtheochadh sé slán as an dtigh sin is dá sroichfeadh sé ionad foluighthe an Iarla bhéadh deireadh le n-a ghnó. 'Na theannta soin do theastuigh airgead uaidh is do chonnaic sé an oidhche sin mórán airgid ag an gCaomhach 'nuair a ghlan sé leis an bhfear ósda. Níor bh'fhéidir dó a chomhairle a chur chum cinn gan airgead is caithfear airgead do sholáthar. Ag dian-mhachtnamh mar soin dó, bhris amach a raibh fiadhain neamh-thruaighmhéileach i n-a aigneadh, is níor bh'fhada go raibh sé ceapuighthe aige an gníomh do dhéanamh. Do rug sé ar an sgian do bhí taisgthe i bhfolach 'na chuid éadaigh is lér dhoirt sé reachtaidhe fola go minic cheana i meadhón dubh dorcha na hoidhche le hais na srotha úd, mar nár bh'annamh do bhain sé a námhaid dá threóir. Bhí an sgian úd géar-fhaobhrach is lán-ullamh chum léirsgrios do dhéanamh. Ní tháinig léic 'na mhean- main 'nuair a thug sé fobha léi mar a bheadh sé ag sáthadh an Chaoimigh. Bhí ciúineas mór-dtimcheall; ní raibh splannc solais ar fuaid an tighe, do shleamhnuigh sé go socair 'san dubh-dhorchadas go dtáinig sé chum an tseomra bhí uaidh. Ní raibh baoghal dul amugha air, mar is cruinn do thug sé fa deara an doras is a raibh le n- ais an oidhche sin. 'Nuair fuair sé amach an doras d'éist sé ar feadh tamaill gur airigh sé an té bhí istigh ag dian-shranntarnaigh. D'osgail sé an doras go ciúin is do chuaidh láithreach baill go dtí an leabaidh inar airigh sé an tsranntarnach; is le n-a thréan- neart, le fuinneamh, le dásacht, do sháthuigh sé an sgian tré chroidhe an té bhí ann, chomh tapa soin ná raibh uain aige músgailt, ná gearán ná ulfairt do chur as. Tar éis a sháithte do chorruigh fear na leapadh. Do
thug sé cnead múchta truaighmhéileach is do chiúinigh a ghlór go deó. D' fhan an t-athach nóimeant nó dhó 'na dhiaidh sin ag taobh na leapan ag machtnamh leis féin. Do bhear- tuigh sé gur bh'fheárr an sgian fhuilmhear ghráineamhail sin d'fhágbháil 'san leabaidh 'na dhiaidh ar eagla go mbéadh sí mar fhiadhnaise 'na choinnibh lá éigin. Ann soin do chuarduigh sé éadach an mhairbh chum a chuid airgid d'fhagháil, acht, má chuarduigh, sin a raibh dhá bharr aige. Ní raibh réal 'na sparán. Is iomdhaeas gaine trom do leag sé ar cheann an mhairbh 'nuair a fuair sé a phóca folamh. 'Nuair bhí sé sásda go raibh sé marbh is ná raibh aon ní le fagháil dá bharr aige, d'fhill sé tar n-ais ag dúnadh an dorais 'na dhiaidh go haireach, is bhí láithreach 'na sheomra féin. Do luigh sé ar an leabaidh, acht níor dhún súil leis. Cionnos d'fhéadfadh codladh a theacht ar dhuine láith- reach tar éis a leithéid sin do sgrios do dhéanamh? Cionnos d' fhéadfadh an inchinn do mheabhruigh bás gan trócaire d' fhear do bhí 'na chodladh socrughadh i gcod- ladh sámh an oidhche chéadna? Ag luighe ann soin dó 'san dorchadas, do shíl sé gur airigh sé an chnead bháis sin do thugh an marbh tar éis na sgéine do dhul tríd. Bhí an chnead uaigneach úd 'na chluasaibh, is níor fhéad sé teicheadh uaidh. Fear dortuighthe fola do b'eadh é; bhí a chroidhe cruaidh, neamh-fhaitcheasach; acht níor bh' ion- ann an treó bhí an oidhche sin air is roimhe seo. Bhí anois 'na thimcheall buidhean d'fhuathaigh é, is cé go rabhadar 'na gcodladh an tan soin, ba ghearr go mbéadh siad go ró-aibidh ag baint sásaimh dhe. Do mharbh sé a chompánach is ba léir dó go mbéarfaidhe air chomh luath is d' aireóchaidhe an gníomh soin, is ní raibh caoi dul as aige. Bhí bás ar chroich i ndan dó.
Cad do dhéanfadh sé? Níor bh' fhéidir teicheadh 'san oidhche, óir bhí na dóirse fíor-iadhta is gan dul ar an eochair aige; is dá dtiubhradh sé iarracht ar dhoras éigin do bhriseadh le cumas a lámh, do dhúiseóchadh sé an teach ar fad. Ar na hádhbharaibh sin, cé cráidhte bhí sé 'na aigneadh le feitheamh, 'sí comhairle do cheap sé fanamhaint 'na leabaidh go maidin, is chomh luath is bhéadh aon'ne ag corraighe is doras éigin osgailte, dul amach go ciúin is go socair is teicheadh. Ba chontabharthach an iar- racht í, acht ní raibh a mhalairt le déanamh aige. Bhí sé cinnte go gcreidfidhe gur bh'é do mhairbh a chompánach, is ná béadh an oiread is amhras an ghníomha soin ar aon eile. D'éaluigh se ó'n mbás go minic cheana, b'fhéidir go n-éalóchadh arís. Do mhéadhuigh sé an chontabhairt ar gach taobh ag luighe dhó gan suan gan suaimhneas 'na leabaidh. Ag machtnamh mar sin dó is ag iarraidh na cruaidh- cheisteann do bheartuigh se 'na chomhair do réidhteach, do chrith sé le hanaithe is uamhain nuair d'osgladh an doras go socair, is tháinig duine éigin isteach go mall is go ciúin is ar éigin ag tarraing na hanála. Do shiubhail sé anonn go dtí an leaba. Dá mbeith an sgian áir úd anois ag Domhnall, is dóigh go bpreab- fadh sé i gcoinnibh na námhad mar do preabadh 'na choinnibh féin cheana, acht ní raibh arm ar bith aige, bhí a lámha dearg tar éis an dúnmharbhtha is ní fheadair sé ná go bhfuaradh amach é is do chrith a chnámha le hanaithe an bháis, is do shéid fuar-allas ó n-a bhallaibh go léir. Do labhair an té tháinig isteach go cneasda is dubhairt: “A Dhomhnaill, an bhfuilir id' chodladh?” Ní raibh dar ndóigh. Do shíl sé gur aithin sé an guth úd is tháinig tuilleadh anaithe air - b'é an guth céadna
soin do chiúinigh sé uair do chlog ó shoin go bráth - an guth ná féadfadh sé cloisint go deó arís acht amháin i bhfíor-smuaineadh - is anois gan fíor-smuaineadh ar bith air. Níor fhreagair sé - ní fhéadfadh sé freagra le huamhain. Do glaodhadh arís air; is b'é an guth céadna do ghlaodhuigh is arís ar baill-chrith le heagla níor fhéad sé freagra. Dála an fhir eile bhí iong nadh air gur chodail fear na leapadh chomh sámh soin. Is ó nár mhaith leis fothram do dhéanamh do las sé coinneal bhí na láimh is d'fhéach Domhnall ar ghnúis an té bheartuigh sé marbh gan lúth, mar is é an Caomhach do bhí ann. Tá innsint sgéil go leór ar an anaithe is ar na crithibh báis do chuireann radharc spioraid ar dhuine, cé gur spiorad éigin do thiocfadh ar theachdas neamh- dhíoghbhálach ó'n saoghal eile. Acht cia fheadfadh trácht ar an gcrith-eagla, ar an uamhain do bhéadh ar dhuine do chífeadh ós a chomhair gan mearbhall an fear do mhairbh sé féin uair do chlog ó shoin beó, lán-aibigh, ag labhairt leis is ag glaodhach ar a ainm? Is iomdha duine do bhain Domhnall dá threóir i meadhón dubh dhorcha na hoidhche; acht níor fhill aon'ne dhíobh riamh chum sásaimh do bhaint de ina thaobh soin. Níor fhan lúth 'na chnámhaibh le heagla. Do chruaidheadar is do chrapadar a bhaill, do séideadh an fuar-allas 'na thuile ó n-a chorp go léir. Do shuidh sé aniar 'san leabaidh is do bhéic sé go fiadhain cráidhte, “Glan as mo radharc! Imthigh, a shíobhra! Ní'l leigheas agam-sa ort - míle mío-choth- rom ort! Imthigh! féach air - nach dúr dána é! Im- thigh, clúdúigh thu féin i gcré! cad tá uait annso?” Ag sgreadadh mar sin dó tháinig sgeón 'na shuilíbh is fiadhantas neamh-ghnáthac 'na ghnúis. Dála an Chaomhaigh is amhlaidh tháinig sé chum labhartha
le n-a chompánach ar neithibh éigin do theasduigh uatha roimh imtheacht dóibh ar maidin; is bhí iongnadh a chroidhe air i dtaobh a bhfacaidh sé; mar níor thuig sé cúis an fhiadhantais sin do bhí ar Dhomhnall. Do rinne sé a dhícheall chum a chiúinighthe, acht ní raibh maitheas 'na glór, is amhlaidh bhí sé ag dul i n-olcas; is ó nár mian leis an teach do tharraing 'na thimcheall, do mhúch sé an choinneal is d'fhág an seómra ag dúnadh an dorais 'na dhiaidh. 'Nuair bhi an Caomhach imthighthe, do bheartuigh Domhnall go raibh sé saor anois ó'n spiorad do tháinig chum sgannraidh do chur air, is chuir sin misneach éigin air, is cé ná raibh aon dul ar chodladh aige bhí breis suaimhnis air. Do shín sé é féin arís ag unfairt 's ag dian- mhachtnamh. Dála an Chaomhaigh do shuidh sé lastíos cois na teineadh ag smuaineadh ar éachtaibh na hoidhche sin. Agus is mar sin bhí an bheirt chompánach ag faire tré íochtar mall na hoidhche is ag feitheamh go neamh- suaimhneasach le breacadh an lae.
AN SEISEADH hALT. AN tATHACH AR FÁN Do tháinig splannc beag solais fá dheireadh tré fhuinneóig an tseómra bhuaidheartha soin, is do thuit go taitneamhach ar shúilibh aibighe an mhillteóra mhí- adhbharaigh úd do bhí ag feitheamh leis go croidhe-chráidhte. D'fhair sé le bualadh croidhe an solas ag gealadh. Da dhona an sgéal do bhí aige do chuir solas an lae mis- neach air, is i gcionn tamaill d'éirigh sé is do chuir uime a chuid éadaigh, is chuaidh sé amach is síos an staighre i léir-chrithibh eagla. Bhí deoraidhthe eile 'na suidhe roimhe ag an teinidh is ag cainnt eatortha féin ar dhálaibh na hoidhche. 'Nuair tháinig Domhnall 'na ngoire do bheannuigh sé dhóibh go cneasda, acht ní raibh fonn ortha puinn a labhairt leis; bhí an oiread soin smachta curtha aige orra gur bh'fheárr leó go mór bheith réidh leis ná bheith 'na chuideachtain. Is mall socair do shiubhail sé go dtí an doras gan léigean aon ní air; is neamh-iongantach do bhuail an doras amach is dhún 'na dhiaidh é. Tar éis dul amach dhó, do shiubhail ar a shuaimhneas ar feadh beagáin aimsire. Agus 'na dhiaidh sin, do bhrígh ná raibh aon'ne ag féachaint air, bhí sé chomh moch soin, do luigh sé ar rith chomh mear is d'fhéad sé. Do rith sé le n-a léir-neart tré ghortaibh, tar chladh- thachaibh is féithibh. Do léim sé tar thoraibh is aibhnibh, d'fhorgaibh cnuic, is do raid é féin mar thóirneach le fánaidh; do bhris sé tré choilltibh, ar uairibh ag dul i n-achrann i dtoraibh, ar uairibh ag réabadh is ag stracadh
ó'n bpréimh is ag tarraing 'na dhiaidh géaga móra crann do thárla 'na shlighidh. Do rith sé le hanaithe an té bheadh ag teicheadh ó ghread-theinidh, le buile an té cheapfadh go raibh na mairbh ar a lorg chomh maith leis ar raibh beó, le dásacht an té bhéadh claon chum toirmisg is cíocrach chum tuilleadh fola do dhortadh. Do bhrath sé go raibh fear ar tí beirthe air i bhfolach i gach tor bhí 'na shlighidh. Bhí amhras aige go rabhadar na haodhairí eallaigh do bhí go haimhleisgeamhail ag siubhal tré bhán- taibh úr le drúcht na maidne ag tógáil comhairle ó chéile chum a thógtha. Ní raibh leóithne fionnfhuar ag séideadh ar dhruim chnuic, ní raibh caol-shruth ag cuaird tré mho gaibh go glórach éasgaidh, ní raibh é ag can- tain fá chlúid duilleabhair, ní raibh búir ag boin ná fead i mbéal buanaidhe nár labhair leis le guth an té do mhill sé, is nár nocht an léirsgrios do rinne sé do'n domhan go léir. Ar uairibh do stadadh sé. Ba dhóigh leis go n-airigh- eadh sé an guth caoin cneasda úd do chiúinigh sé go deó. Ní raibh ann acht an ghaoth ag cromadh na dtor chum talmhan. Do thiormuigheadh sé an lán-allus dá leac in, is sgíordadh chum reatha arís gan sost, gan suaimhneas. Do bhí sé anois i bhfad o'n áit i n-a ndearna sé an fheall-bheart, is b'éigin dó é féin do chaitheamh ar an talamh le tuirse fá ghéagaibh crainn giumhaise i lár coille. Níor chian gur thuit a chodladh air, is fágfamuid annsoin é, óir is mithid dúinn filleadh chum an tighe i n-ar rinneadh an dúnmharbhadh. Bhí iongnadh ar an muinntir do shuidh le hais na teineadh nár fhill Domhnall i dtráth, acht is gearr gur iompuigheadh a gcomhrádh ar neithibh eile, is d'imthigh sé as a gcuimhne. Níor mar sin do'n Caomhach do bhí 'na measg, is do bhí ag cainnt leó go cneasd. Do chuimh
nigh sé ar an mbuile bhí ar Dhomhnall 'san oidhche agus is buaidheartha bhí sé i n-'aigneadh na thaobh, is do theasduigh uaidh go mór é d'fheicsint is gach nídh chur i dtreó le haghaidh gluaiseachta dhóibh. Acht anois bhí a lán do'n mhaidin caithte is gan tuairisg air. Do friotháladh bord chum bídh is bhíodar na deóraidhthe 'na suidhe go céileamhail grianmhar ag caitheamh lóin na maidne, 'nuair d'airigheadh an sgread uaigneach, truaighmhéileach ar fuaid an tighe, “Milleadh! Léir- sgrios! A Mhuire, cad é mar fheall-bheirt! Tá sé marbh, marbh gan bhrígh, gan phreab! Dia linn, Dia linn!” Do thosnuigh an liúir chráidhte sin 'san suan-lios is do leath sé ó sheomra go seomra, ag dul i neart is i mbrónaighe. “Tá fear treasgartha, marbh i ndiaidh millteóra éigin!” B'shin é an sgéal do leath ó bhéal go béal. Níor fhan focal i mbéal na ndeoraidhthe le hiongnadh is le huamhain. Chuir an sgéal soin an oiread soin mearbhaill ortha nár iarr aon'ne cia hé do marbhadh ná ca'nad do marbhadh é. Acht i gcionn tamaill b'fhollus gur i seomra Mhic Uí Chaoimh do rinneadh an léir-sgrios, agus, fós, gur bh'é an fear do bhuail an chéad bhuille an oidhche roimhe soin do marbhadh. Do thuit amhras na feall-bheirte sin láithreach ar an gCaomhach, ní nár bh'iongnadh, óir ní raibh caidreamh ag na daoinibh eile air. Ar órdughadh fir an tighe do cuireadh go dain- gean i ngéibhinn é go bhfaghfaidhe tuilleadh eólais ar an ghníomh soin; is níor labhair sé gíog 'na gcoinnibh acht fanmhaint go socair fá 'na ghéimhealaibh. Ba mhian leó breith ar Dhomhnall leis is an ceangal céadna do chur air, acht ní raibh Domhnall le fagháil. B'é an céadfadh coitcheann eatortha gur cheapadar ar aon an dúnmharbhadh is gur ar an ádhbhar soin do thug an Caomhach a sheómra féin do'n bhfear do milleadh i
gcomhair na hoidhche. Agus, fós, adubhairt duine aca gur airigh sé féin an Caomhach ag dul suas an staighre i lár na hoidhche is ag osgailt dorais éigin, ní fheadair sé cia aca, 'san suan-lios. Do shíl mórán go raibh sé daor ar an bhfiadhnaise sin. Acht an fear eile cá raibh sé? Ba léir dóibh anois gur theich sé is da mbeith fios ag an gCaomhach go raibh an gníomh le déanamh no déanta, níor deallramhach go bhfanfadh sé chomh socair sin 'san tigh is a chompánach ag rith leis féin. 'Nuair bhí caoi aige air, d'innis an Caomhach ar aithin sé do bheathaidh Dhomhnaill Duibh, is níor cheil go raibh droch- amhras aige féin air le déidheanaighe, ná cionnos do chuaidh sé féin chum a sheomra i lár na hoidhche is an buile bhí air. D'éisteadar go haireach le n-a chomhrádh; do bhí deallramh ar a sgéal, is do rinn' a chneasdacht is a mhándacht a lán chum a shaoruighthe. Tar éis urlabh- ra an Chaomhaigh b'é an céadfadh coitcheann eatortha gur bh'é Domhnall do rinne an gníomh. Chreideadar go raibh sé chomh fiadhain, chomh dásachtach soin nár chóir aon iontaoibh do bheith as, is nár bhfios cia mharbhóchadh sé dá n-éireóchadh an buile dho. Níor leanadh Domhnall, mar is maith a bhí a fhios aca ná raibh aon chaoi beirthe air, bhí na daoine chomh mór soin i n-achrann i n-a chéile ins gach aon bhall. Do sgaoileadh géibheann an Chaomhaigh is d' fhan sé 'na bhfochair an oidhche sin, is ar maidin do ghluais chum siubhail agus is é do chuir sé roimhe Domhnall do chosg ar chealgadh an Iarla dá mb'fhéidir.
AN SEACHTMHADH hALT. COILL TRÉ THEINIDH. Bhí a lán do'n lá caithte 'nuair do dhúisigh Domhnall Dubh as a shuan fá'n gcrann. Do shuidh sé aniar, is bhí mearbhall air mar a bheith ar fhear mheisge. Do chuimil sé a shúile is d'fhéach mor-dtimcheall. Ar dtúis ní fhacaidh sé aon ní. An raibh an oidhche ann cheana? Nó cad do leath an dubh-sgamall deataighe úd ar an spéir? D'fhéach sé arís is chonnaic sé soillse ar gach taobh. D'airigh sé fothram amhail le gaoith móir; do phreab sé 'na sheasamh, agus is amhlaidh bhí an choill mhór ina raibh sé, ar feadh a radhairc, tré theinidh! Bhí teine ar gach taobh de; bhí na crainn mhóra mór- dtimcheall ar léir-lasadh, is a ngéaga dóighte, dubh- loisgthe ag síor-shileadh leó. Bhí an tréin-teine úd ag rith le mire tré an bhfásach do bhí cruinnighthe ar an dtalamh is tré dhrisleach do bhí chomh tirim le smólaibh. Ba thruaighmhéileach é béic na mbeathaidheach n-allta dá ngreadadh le lán-teas. Do ritheadar go fiadhain annso is annsúd ag troid le n-a chéile nó dá radadh féin ar léir-bhuile i lár na lasrach. B'uaigneach é sgread na n-éan 'nuair do dhruid an bhrothal leó, ag eitill ar mearbhall tré néaltaibh deataighe nó dá loisgeadh féin tar fóir i measg na ndearg-chraobh. D'éirigh lonnradh na lasrach go hárd 'san spéir. Bhí craobha solas-lagharacha ag tuitim 'na gceathaibh is dá bhfuadach le gaoith, is dá sgaipeadh mór-dtimcheall. Ba chosmhail fothram na lasrach le glór na hAbhann Móire fá dhearg-thuile.
Ar amharc lán a shúl don radharc soin, níor bh'iongnadh go dtáinig gníomh na hoidhche aréir chum cuimhne Dhomhnaill, is gur chrith se le fíor-anaithe. Do ghluais sé chum siubhail, ní fheadair sé cia an tslighe fuair sé, tré fhásach dhearg-the, tré dhrisleach chas lán-achrannach, fá chrannaibh loisgthe is ar lasadh. Do dóigheadh a chasóg ar a dhrom. Ar uairibh do thuiteadh géag do chrann ar mhullach cinn airdá dhóghadh is dá lán-bhasgadh. Do shéideadh cipíní dearga luath-ghríosach is smóil fad- soillseach 'na aghaidh le garbh-ghaoith. Acht níor shos dó 'na thaobh soin. Do luigh sé air gan seasamh, gan féach- aint timcheall, gan fiú na hanála do tharraing, go breóighte brúighte cneas-loisgthe, go raibh sé glan as an gcoill. Tar éis fágbháil na coille dhó, chaith sé é féin ar an dtalamh chum a chuid sgís do léigean de. Bhí sé go lag-bhríoghach le hanró is le hocras. Bhí sé leath-nocht- uighthe, óir do loisgeadh a lán dá chuid éadaigh 'san choill. 'Nuair d'éirigh sé 'na sheasamh arís is d'fhéach sé timcheall do chonnaich sé sliabh árd as a chomhair - Sliabh Mis do b'eadh é - ar dhearg-lasadh. Do rith an lasair mór-dtimcheall leacan an tsléibhe, is ba thréan is ba lonnrach an bladhm d'éirigh suas 'san spéir ag cur a ghlóir i gcéin mar ghlór fiadhain-thonn na mara fá anfadh earraigh. Do ghabh sé an bóthar fá bhun an tsléibhe, is chonnaic sé na daoine, óg is aosda, ag teicheadh leó féin is ag caoi-ghul go hochlánach. D'fhágadar 'na ndiaidh a dtighthe, a gcuid arbhair, is a raibh aca 'san tsaoghal, dubh-dhóighte, is bhíodar féin is lucht a leanamhna gan biadh, gan fuithin, i gcomhair na hoidhche. Níor bhog é croidhe Dhomhnaill, acht, dá chruadhacht é, chuir an radharc soin gruaim air. Do shiubhail sé tamall eile do'n bhóthar is chuaidh sé isteach i dtigh mhór fhairsing
ag iarraidh ruda éigin le n-ithe. Do bhí beirt nó triúr fear istigh ar leath-mheisge is óglach 'na bhfochair ag tabhairt aire dhóibh. Bhíodar 'na suidhe timcheall chláir, is ag cantain go súgach. Níor b'iongnadh go raibh sgannradh ortha ar fheicsint an ídeadh bhí ar Dhomhnall, a chuid éadaigh dóighte, is dath an ghuail ar a chneis. “Ní mise do rinne é,” ar fear díobh. “Ní mise do dhóigh an choill,” ar fear eile, is thugadar iarracht ar shleamhnughadh go dtí an doras; acht do chongaibh Domhnall le n-a dhá gharbh-láimh go dain- gean iad. “Is cia hé, mar sin,” ar Domhnall, “do rinne an lán-sgrios úd?” “An t-óglách soin do rinne é,” ar fear eile. B'fhearr leis an óglách go sloig- feadh an talamh é an uair sin. Acht ní raibh caoi éaluighthe aighe. Gan moill nóimeint do dhruid an t-athach chum an dorais. Do dhún an doras; do raid sé uaidh i gcoinnibh na mballaidhe an bheirt bhí greamuighthe 'na ghlacaibh, mar do radfadh fóid móna. Do rug sé ar sgórnaigh ar an óglách is d'árduigh sé 'san aer é, mar d'árdóchadh buachaill coileáinín, is do leag chum talmhan é ar fhleasg a dhroma. 'Nuair tháinig sé chuige féin is cneasda d'fhiafruigh sé do'n athach cad do rinne sé féin as an slighidh nó caidé an chúis go dtug sé an ídeadh sin air. “A raispín!” ar Domhnall, “do dhóighis an choill is ba dhóbair duit mise a dhóghadh i n-a fochair.” “Tá cathughadh orm id' thaobh-sa,” ar an t-óglach, “acht tá súil agam go bhfuil an duine ceart dóighte ann.” “Cia hé an duine sin,” ar an t-athach? “Ná fuil a fhios agat?” ar an t-óglách, “de nam do rinneas an sgrios sin chum é a dhóghadh 'na bheathaidh nó é chluicheadh amach as an gcoill tiugh dhaingean úd, áit i n-ar dheacair é a thógbháil.” “Acht cia hé féin?” ar Domhnall arís. D'aithin an t-óglach ar fhéachaint an athaigh cad a bhí
uaidh' is dubhairt go neamh-eaglach, “An tIarla.” “Is cia hé thusa go bhfuilir chomh dian soin ar an Iarla?” “Is fada mise ag faire air féin is ar a mhuinntir; is fada anois ó chealgas dearbhráthair dó.” “An abrair gurab é thusa bhain Seaghán an Ghearaltaigh dá threóir?” “Is mé gan amhras.” “Agus cionnos a rinnis é?” “'Seadh,” ar Éamonn, ag baint searra as féin, “ní thig liom mé féin do mholadh, acht is mar so do thuit an ní sin amach. Do bhíos-sa i gCorcaigh is bhí aithne mhaith agam ar Sheaghán an Ghearaltaigh. Do bhí sean-dhí- threabhach ró-dhiadha ró-chúramach, dár bh'ainm Tomás Scrabhadhta 'na bhuan-chomhnaidhe i lúibín coille i n-aice le príomh-áitreabh an Ghearaltaigh. Do chuireas ag faire an taoisigh é d'fhonn é shaoradh, mar dheadh, ó amhasaibh na Bainríoghna. Ar m'ordughadh-sa do thug Tomás sgéala chum Seagháin gur cóir dó dul ar cuairt lá áirithe chum fir mhuinnteardha dhó bhí 'na chomhnaidhe le hais Eóchaill, cois na hAbhann Móire. Lem' ordughadh- sa, leis, an lá céadna tháinig gasradh ó Chorcaigh lán- ullamh chum beirthe air. Do tháinig sé is gan acht duine amháin 'na theannta, agus 'nuair fuair sé ró-dhéidheanach gur mealladh é, do sheas sé go dána i gcoinnibh an námhad. Do bhíos-sa féin le cois an tsluaigh. Do las mo chuid fola chum gníomha do dhéanamh. Ní raibh uaim acht an Gearaltach do bhualadh ar lár. Is lán-thapa do chuadhas fá n-a dhéin, is cruinn díreach d'aimsigheas é le buille marbhthach, is do threasgair an dheas-lámh so árd- taoiseach na nGearaltach.” “Tugais do ghuais is do dhearg-éitheach, a fhollaire áir, ná marbhóchadh cat,” ar fear do bhí ag éisteacht leis an óráid seo. “Níor bhuailis buille acht teicheadh leat féin is dul i bhfolach chomh mear is b'fhéidir leat é, 'nuair do bhí an Gearaltach go lán-acfainneach ag
treasgairt námhad ar gach taobh de. Bhíos-sa féin ann. Is mise an díthreabhach diadha úd agus is mise do bhí le cois an Ghearaltaigh an lá úd. Acht, a ropaire na cnáibe, do mheallais sinn ar aon, is muna mbeith gur theichis leat féin ní bheith neart do ghníomhradh mhaoidheamh anois ionnat.” Leis sin do thug sé fobha fá Éamonn le lán-dásacht mar a thabharfadh duine ar ghealtaigh, is muna mbeith gur chuir Domhnall cosg ar an mbuille do threasgarfaidhe an t-óglách go talamh. Acht níor thaise do Tomás; do thug sé iarracht fá Dhomhnall féin. Do rugadar ar a chéile go cíocrach is do luigheadar ar stracadh a chéile le fraoch is feirg nimhe, is Éamonn ag féachaint ortha go sultmhar. Níor bh'fhuirisde Tomás do leagadh; bhí sé láidir, luath, agus ar buile chum sásaimh do bhaint d'Éamonn is dá fhear chosnamha; acht ní raibh caoi aige dul ó Dhomhnall, is treasgaradh chum talmhan fá dheireadh é. Chomh luath is thuit Tomás do phreab Éamonn is do sáthaigh sé bior tré lár a chroidhe. Bhí a chuid fola ag spréachadh ar fuaid an úrláir is ar éadaigh an athaigh. Ba ghránna, uathbhásach é féachaint an athaigh, a chuid bal- caisí chomh dubh le gual ar sileadh leis, is an fhuil chródhearg 'na linntreachaibh ar fad air. D'iompuigh an t-athach láithreach ar Éamonn, is dubhairt, “Caidé an chúis gur mharbhais an fear soin is nár fhágais fúm-sa é?” “An cladhaire bréagach,” ar Éamonn, “is maith do thuill sé bheith treasgartha lem láimh-se. Is iomdha bréag do chuir sé orm.” “Do chuir, dar ndóigh,” ar Domhnall, ag cur gáire doíghte as. “Ní'l acht ar thuill sé faghálta aige, acht cá bhfuil an tIarla mar so?” “Muna bhfuil sé loisgthe 'san choill, tá sé fá chomairce tighe áirithe, áit ionar dhóbair damh-sa tamall ó shin cladhaire fleasgaighe do baint dá threóir. Acht
do-bhéarad iarracht faoi arís, is bíodh geall ná héalóch- aidh sé uaim chomh réidh sin.” Cia'ca 'r thuig Domhnall nó nar thuig gur do Chormac do thagair sé, ba mhian leis Éamonn do bhréagadh chum na hoibre do bhí ceapuighthe aige do thabhairt chum cinn. Ar an ádhbhar soin do rinne sé muinnteardhas leis, is do cheapadar ar aon cionnus do gheobhaidís an tIarla muna raibh sé loisgthe cheana 'san choill.
AN tOCHTMHADH hALT AN tIARLA. D'fhágamar Cormac ar a leabaidh go tréith le fiabh- ras. Do rinneadar muinntear an tighe gach ar bh'fhéidir leó chum a leighiste is a thabhartha chum cinn, Do bhí eagcruas trom air, do ghoill fliuchán is trosgadh an lae úd air, is go mór-mhór an t-anaithe do cuireadh air i lár na hoidhche amhail adubhramar cé gur imthigh cuimhne an ghníomha soin ar fad as a mheabhair. Ar feadh roinnt laethe do bhí spiriodaidhe air, is bhí sé do ghnáth ag unfairt 'san leabaidh. Bhí a chomhrádh do ghréis ar chúis a thíre, ar fheall na n-eachtrann, is ar mhilleadh na Mumhan. Do labhair sé go minic ar an Iarla is ar na Gearaltachaibh i gcoitcheann. D'éisteadar muinntear an tighe go haireach le gach ar chuir sé mar sin tré chéile 'na mhearbhall, is b'fhollas dóibh go raibh sé go sealbhuighthe ar thaobh na nGearaltach. Ba mhinic do rith a aigneadh ar a athair is ar a mháthair, is ar bhreághthacht na háite i n-ar chaith sé bliadhanta na hóige, is maidean áirighthe tar éis oidhche trioblóidighe d'aithris sé d'fhear an tighe an aisling seo: - AISLING CHORMAIC UÍ CHONAILL. RADHARC AR CHILL ÁIRNE. Do shuidheas ar shliabh, fó ghrian ro-ghléineach, Bhí lóithne giar aniar ag séideadh, An fraoch bhí úr ó dhrúcht na spéire, Do líon go dlúth gach cuas dá bhraonaibh;
I gcian im' chluais bhí fuaim gan faoiseamh; Ó sgata uan go buan ag béicigh, Ó shluaightibh bán-mhionnán ag pléireacht Ar feadh mo radhairc i n-adharc a chéile; Bhí glór ba bhinn lem' chroidhe ag éanaibh, Do bhainfeadh a sgíos do'n inntinn chéasda. Guth na bfiadh go dian ag léir-sgread, Is céad macalla dá bhfreagairt gan aon tsost. Do chuala i n'fhochair sin fothram céad sruth Gá stealladh go tuínn tar dhruim gach sléibhe, Go neartmhar phreab gach eas i n-éinfheacht, Ag sgaipeadh fras i bhfad 's ag spréachadh; Chím im' thimcheall míle maol-chnoc, Ag sáthadh a gceann go teann 'san spéir ghlain; I gcian uaim thíos bhí coillte aerigh, Stothadh ar a gcinn síorraidhe le gaothaibh; A gcroinn 's a gcochaill ag cogar le chéile, A nduilleabhar borb gan fochall i n-aonchor. Do leath mo shúil anonn tar Léan-loch Do bhí neamh-chiúin i gclúid an tsléibhe, A thonna ar mire go crithneach ag taosgadh, Mar a bheith coire ar theinidh ag sgéitheadh amach, Ag fiuchadh 's ag bruighin ag rinnceadh is léimrigh Ar bhruach gach inse míne géar-ghlais'. Do luigh 'na bhrollach neamh-shocair go néamhrach, Mar chodlóchadh leinbh go miochair fó éadach; Ba mhinic na ndáil tig sgáil na néalta, Ag fás 's ag feachadh 's ag sgaipeadh gan traochadh. Ba gheal le solas an mothar ar thaobh Thuirc Ar chaisleán Rosa bhí lonnradh na gréine, Do las an talamh le taitneamh gan éislinn; Ní raibh ceó ná brón ar aon rud, Ó Mhuc-ros úr go Com na gcraobh gcas.
Do gheit do rith an chith ó néalaibh, Bhí fothram tóirneach foirneart éachtach, Do chrith an talamh, do lasadar spéartha, Do rith an lasair thré shleasabh na sléibhte, Do thuit an fhearthainn 'na freasaibh ar Léan-loch, Do luigheadar sgamaill 'na srathaibh ar thaobh Tuirc, Do cheil i bpian an ghrian a héadan, Bhí coimheasgar catha le hanaithe ag éanaibh, Do leath an ceó dubhrónach daol-dubh Ar tuinn ar talamh 's ar leacain na maol-chnoc. Do bhíodhgas suas óm' shuan gan faoiseamh Le doilbh-chroidhe brúighte, múchta i ndéaraibh; A bhfeaca im' shuan ba thuar ar Éirinn Is ar a milleadh 'sa sgriosadh le faolchoin. Tar éis coicthighise tháinig sé chuige féin, is ar dul i bhfeabhas dó tháinig cainnt is greann chuige. Bhíodh muinntear an tighe ag aithris dó éachta an chogaidh, is an t-éirleach do rinneadh le neart faobhair is teineadh ar thighthibh is ar ghortaibh arbhair. D'éist sé go fonnmhar leis na sgéalaibh sin. Ar dtúis d'fhair sé air féin, thug sé iarracht ar bheith deiscréideach ar eagla go ndéar- fadh sé aon ní do sgéithfeadh air, mar ní fheadair sé fós go cinnte ciaca taobh lér bhain muinntear an tighe sin. Acht nuair aithristí dhó bruighne, coimheasgair, tóir, réabadh, briseadh, gníomhartha faobhair is feill, do thagadh baill-chrith neamh chuibheasach air, i gcás gur dhóigh leat go raibh sé i lár an chogaidh is muinntear na Bain- ríoghna 'na dtreasaibh ós a chomhair i ngiorracht iar- rachta dhó. Tar éis foillsighthe mar sin dó an taoibhe do thógfadh sé 'san gcogadh ní raibh amhras feasda ag
muinntir an tighe air, is cheapadar ó shoin amach gan sgáth a bheith roimhe aca, acht fá mar a bhaineadh sé le n-a gcomplacht féin. Do stiúruigheadh isteach 'na 'sheomra, lá, fear aosda, duine muinnteardha d'fhear an tighe adubhradh leis, lér bh'áil é d'fheicsint is caidreamh do bheith aige air. Do sheas sé go hárd. Níor mhórán do lúb na bliadhan- ta é; bhí a chuid féasóige liath go leór, is bathas a chinn nochtuighthe ar fad. Bhí ughdarthás is mandacht 'na ghnúis. Níor bhain aois ná buaidhirt ná anró a lán- sholas lonnrach dá ríogh-rosgaibh. Do lasadar tré ghruadhnaibh fuirighthe, feóidhte, liath, mar réilteanna tré sgamallaibh na hoidhche. Bhí a chuid éadaigh go neamh-fhuinte, neamh-fháisgighthe air; is ní raibh comhartha lasmuigh ar a mbrathfaidhe go raibh caidreamh aige ar threasaibh na n-arm. Ba bhlasda, binn, milis-bhriathrach a úrlabhra. Do bheannuigh sé go céileamhail do'n óglách; do shuidh go muinnteardha le n-a ais, is do luigh sé ar sheanchaidh- eacht leis go lán-chneasda. Ar dtúis do thrácht sé ar an dtir i gcoitcheann, is 'na dhiaidh sin do tharraing- eadar chuca dála an chogaidh. D'innis an seanduine sgéal an choimheasgair do bhí go déidheanach ann leis an oiread soin feidhme gur las súile an ógánaigh le díoghrais, is go ndubhairt: “Agus an bhfeacais féin na bearta soin?” “Do chonnac, go deimhin,” ar an seanduine. “Agus cionnus d'fhéadfá iad d'fheicsint gan bheith i dtreasaibh na n-arm tú féin?” “Acht bhíos féin ann.” “Ní dóigh go raibh fear chomh haosda leat- sa i ndálaibh bruighne.” “Is iomdha bliadhain damh-sa anois ag deargadh mo lámh i mbruighin.” Do rinne dian-mhachtnamh chomh géar-chúiseach soin Cormac ná raibh a thuilleadh uaidh agus is tapa d'fhios-
ruigh: “An tu Iarla na Deas-mhumhan?” Gan moill d'fhreagair an seanduine, “Is mé an tIarla.” Ba dheacair le foillsiughadh na smuainte do rith tré mheabhair an óglaigh ar chloisint an t-admhughadh soin dó. Do bhí anois ós a chomhair an té le n-a raibh súil aige chum ceasnaimh a dhúthchais do réidhteach. Do bhí os a chomhair polla do'n phríomh-fhuil ó'n nGréig, fear calma cródha, fear do rug ar a chuid airm go neartmhar fad do bhí na bliadhanta ag fuaradh a chuid fola, is do sheas i n-aghaidh a námhad i gach muing is sliabh i g-Cúigeadh Mumhan, fear do lean do'n chogadh tar éis chealgtha a bhráthar is a mhil- leadh le beartaibh feill, fear nár chlódhadh riamh fós is b'fhéidir ná clódhfaidhe. Is fuar neamh-bhríoghmhar shamhluigheann na focail seo anois dá sgríobhadh. Acht caidé mar ar theitheadar na smuainte chialluigheann siad croidhe Chormaic an uair sin. Ba uair bhuaidhe é - uair bhuaidhe i measg buaidheartha dá mbeith fios aige - acht uair bhuaidhe mar an gcéadna. An grádh tíre is creid- imh do rinne teampall dó féin ins an gcorp chríonna chaithte onórach úd, b'fhéidir go gcuirfidhe fá chois é ar feadh tamaill, acht ní fuláir dó éirghe. Is deimhin nár aithin Cormac an tan soin an treó bhí ar an tsean-ghaisgidheach soin, acht thuig sé mar thuigfeadh fáidh cúis na tíre ar fad. Mar caidé an bhrígh saoghal nó dhó i mbeathaidh tíre? Gheóbhaidh an curadh soin bás agus curadh eile 'na dhiaidh, acht luath nó mall éireó- chaid meanma na ndaoine chum neamh-spleádhachais is chum saoirse. D'aithriseadh do Chormac go minic cheana conntabhairt is cródhacht an Iarla agus an rath do lean é i gcoimheasgair; acht anois ba mhian leis tuilleadh eólais d'fhagháil ó n-a bhéal féin; is dá réir sin d'fhiaf- ruigh de go cneasda caidé an sgéal ag a bhuidhin é? An rabhadar cruinnighthe le chéile aige? An raibh an
námhaid i ngiorracht dó? An raibh coinne aige le cong- namh ó'n Spáinn? ar dhóigh leis go mbuaidhfeadh sé fa dheireadh? Do chuir sé na ceisteanna so leis an oiread soin dúthrachta go raibh iongnadh ar an Iarla Ar dtúis thug sé iarracht ar dhul uatha, is do labhair ar an mbruighin i gcoitcheann, acht níor shásuigh sin an t-óglách. Do theasduigh uaidh eólas cinnte d'fhagháil ar an dtreó 'na raibh a chuid airm is gárda. Do b'áil leis fios do bheith aige an raibh aon súil ag an sean- duine go saorfaidhe Éire ó dhubh-smacht na n-eachtrann. Do ghéill fá dheireadh dá athchuirt an seanóir is dubhairt: “Ma chaithfear an fhírinne do rádh admhuighim go bhfuil ar gcúis caillte is go bhfuil ar dtír ag dul fá smacht is an-bhruid níos déine, níos géire, ná raibh riamh i nImpireacht na Rómha. Atá éadáil mór tarraingthe ar mo cheann-sa. Do thréig mo bhuidhean mé acht uathadh beag gan bhrígh. Ní fada uaim-se an uaigh is ní'l aon'ne dom' chinéal ullamh chum m'ionad do thógbháil. Ní bhrathaim go bhfuil aon chongnamh le faghbháil tar lear. Tá an Deas-mhumha go léir creachta millte. Ní'l fear as fiche ná fuil curtha chum báis le gorta nó le faobhar, is ní'l brígh ná meanma 'n-a bhfuil beó aca. Ní árd-taoiseach sluaigh mise feasda acht méirleach i n-aghaidh Bhainríoghna na Sagsan. Seanduine is eadh mé gan sluagh, gan buidhin, gan muinntir, gan caisleán, gan tigh, gan treabh. Ní'l agam chum mé do chosnamh ó náimh- dibh acht Dia amháin,agus an lámh dheas chríonda fuirighthe fann so. Acht in gach cruadhtain i n-a bhfuilim is é neartuigh- eann m'aigneadh go ndearnas mo dhícheall. Bhuaileas buille do chúis Dé is mo thíre fad do bhí lúth im' bhal- laibh. Do rinneas ar fhéadas chum síothcána do chongbháil acht ní síth do bhí ó na Sagsanaibh. Ba mhian leó mo chuid talmhan is mo chaisleáin do bhradughadh, is níor
bh'fhulair dom dul 'n-a n-aghaidh, is dá chríondacht mé tar éis glacadh claidhimh dam níor sguir sé riamh lem' ghlaic is ní sgarfaidh fad a bheidh neart im' ghéagaibh.” Amhail adubhramar bhí inntleacht géarchúiseach ag Cormac. Do thuig sé cúis le mire fáidhe. Is deimhin go raibh buaidhirt air i dtaobh an treó bhí ar an Iarla, acht ag éisteacht dó leis an sgéal dona deacrach úd ó bhéal an té ar ar luigh an toirmeasg go daingean, do samhaluigheadh dó go raibh alt do sheanchus a thíre ag críochnughadh i ndonas is i ndorchadas. B'áil leis machtnamh ar an chríochnughadh mhí-ádhbhrach soin, b'áil leis machtnamh ar an seanóir onórach soin os a chomhair ag teicheadh mar mhac tíre na coille ó n-a námhaid, is tré gach cruadhtan is anacra ag seasamh go dána d'fhírinne agus do shaoirse. Ag machtnamh mar sin dó - ní raibh ann acht obair nóimeint - do tháinig tocht cathuighthe ar a chroidhe, is tím-chrith neamh-ghnáthach 'na bhallaibh i gcuma nár fhéad sé labhairt ar feadh tamaill. Is maith do thuig an tIarla cad do bhí 'n-a aigneadh, agus is fonnmhar do rinne sé ar bh'fhéidir chum a thabhartha chuige féin. 'Nuair do bhí a thocht curtha de ag an óglách, dubhairt an tIarla: “Caithfead-sa an áit seo d'fhágáil tar éis tuitme na hoidhche. Tá buidhean do mhuinntir na Bainríoghna ar mo lorg. Is dóigh liom go gcuardóchaid an teach so. Ní fuláir dom imtheacht. Tá roinnt fear liom i bhfad as so. Raghad ag triall ortha, is leanfad a gcomhairle. Beannacht leat, a pholla do'n fhíor-fhuil.” Agá rádh soin dó bhí sé ar tí é phógadh, gur léim Cormac go luath-thapa is i n-ionad léigin dó é do phógadh do chaith sé é féin ar an dtalamh ag a chosaibh is d'ath- chuir air le tuilltibh deór nguirt é féin do thógáil i n-éinfheacht leis. “Táim láidir neartmhar anois,” ar sé,
“cabhróchad leat ag dul trasna na sléibhte. Fanfad id' fhochair, fairfead id' fhochair, fulaingeóchad id' fhochair, éagfad id' fhochair.” Do labhair sé na focail seo chomh dian, chomh dúthrach- tach soin ná fuair an tIarla ann féin é d'eiteach. Socruigheadh eatortha ar an láthair sin go ngluaisfidís ar aon chum siubhail i dtosach na hoidhche trasna na sléibhte chum muinntire an Iarla.
AN NAOMHADH hALT. PRIOMH-IONAD COMHNAIDHTHE AN ÁRD-THAOISIGH. Do thuit an oidhche, is, amhail a socruigheadh eatortha, do ghluais an bheirt chum siubhail, Ba neamh-chosmhail iad i n-aois, acht ba chosmhail i gcródhacht is i meanmain. Do bhí a slighe tré réidh sléibhe do bhí fliuch is garb fá n-a gcosaibh is ar feadh leacan chnuic is síos isteach i ngleann fhada, chaol, lán do charraigeachaibh. Cé go raibh an oidhche dorcha go leór is an tslighe deacair, b' éasgadh, lúthmhar é an seanduine ag gabháil tré imeallaibh corrach tré fraoch is fionnán is ag rith le fánaidh go lán-tapa. 'Nuair a sroicheadar an gleann do chonnaic Cormac léas beag solais tamall maith uatha. Bhí sgleóndar air ag taisbeánadh an solais sin do'n Iarla, agus dubhairt seisean, “Tá go maith - sin iad mo champánaigh-se. Tá siad leathta le fuacht ag feitheamh liom ar feadh na hoidhche.” Do chuaidh na focail sin tré chroidhe Chormaic mar do rachadh bior ghaoithe. “Mo champánaigh, gó bhfóiridh Dia orainn! an bhfuil acht soin? Ní sluagh, ní buidhean, ní gasradh atá romhainn acht campánaigh.” Do chnead sé le buaidheart, is d'éirigh osna i ndiaidh chum a bhéil, acht ar eagla go dtiubhradh an tIarla fá deara go raibh sé dubh-bhrónach do choisg sé dá chumha, is dubhairt go raibh áthas air go rabhadar chomh athchumair dóibh. Taréis dul tamall níos sia dhóibh do léig an tIarla fead as. Do freagradh é, is ba ghearr go dtáinig beirt fhear 'na gcoinnibh. Do phógadar a lámha go urraimeamhail, is do chuireadar fáilte roimhe go ró-
chneasda. “Seo óig-fhear, cara damh-sa,” ar an tIarla, “do tháinig im' fhochair chum a chion dom' ádh nó dom' mhí- ádh do ghlacadh.” Ba ghairid uatha anois príomh-ionad comhnaiththe an árd-taoisigh. Ar mheas óglaigh árd-aimnigh mar Chormac ba shuarach an rud é. Bhí cábán mór leathta fá thaoibh árd-chairrige, is fá na chomairce sin do bhí fiche fear 'na suidhe ag comhrádh eatortha féin go sultmhar. Bhí áit fá leith 'san chábán mar a raibh an tIarla le codladh, is anois b'éigin dóibh a shamhail a dhéanamh don óglách, agus is fonnmhar tapa do thugadar fé is ba gheárr an mhaill ortha é do chríochnughadh is do shlachtughadh. Taréis a chuid chomhráidh le Cormac do tháinig árd- mheanma i sean-chroidhe dhúr an Iarla. Ba gheall le hóglách é féin an oidhche sin. Níor fhan gruaim ná duairceas na haoise ann. Do sgaip an dubhcheó ó n-a chroidhe is bhí a ghnúis dá chrion-feóighte é ag léir-thaith- neamh le sult is le lán-sgléip. Do bheannuigh sé do gach n-aon dá champánachaibh fá leith. Is b'árd é guth an tsluaigh sin ag fáiltiughadh roimhe. Do bhí ar fad 'san ghasradh soin ceathrar is fiche. Do bhíodar ar feadh an lae soin go dícheallach ag soláthar bó is neithe eile bhí riachtanach dóibh agus ag dian-fhaire ar an námhaid 'na theannta soin. Acht anois fá chomairce dhubh- sgamaill na hoidhche do bhíodar go neamh-eaglach ag caitheamh aimsire dóibh fein is ag léigean a sgís díobh. Do bhíodar go léir nach mór i mbláth ná hóige. Do bhi taithighe ar anró is ar sgíos aca. Do bhíodar tuitighthe ar fad as muingín, agus - mar a ndeinid a leithéidí riamh - do bhíodar ag iarraidh a n-anacradh do cheilt fá shult ghlórach. An oidhche seo bhí meidhir neamh-chuibheasach ortha, mar do roinn an tIarla ádhbhar leanna eatortha. Do shéid
an leann fútha, do las sé na féitheacha aca, is do sgaip sé an ghruaim as a gcroidhthibh le na lán-thuile. Dá réir sin d'fhanadar 'na suidhe go cionn tamaill mhaith do'n oidhche. Bhíodar cainnteach is meidhireach is bh'iomdha sgéal ghrinn d'aithriseadh eatortha. Ba bheag an taithighe do bhí ag Cormac ar an leitéid sin do chuideacht, is ar dtúis do thug sé fá deara go haireach gach a ndearna siad, is ní gan fuath 'na chroidhe dhóibh. Acht i gcionn tamaill do bhí sé ag teitheadh leó, cé nach mór do labhair sé. Bhí amhráin bruighin is grádh ag dul tim- cheall is 'nuair do glaodhadh ar Chormac ba mhall aimh- leisgeamhail é chum freagartha. Fá dheireadh, taréis moráin tathaint ó'n Iarla, dubhairt sé go raibh dán beag aige do mhúsgail sé féin, is gur chóir dóibh a leath- sgéal a ghabháil dá thaobh óir do bhí árd-mhuingín aige go saorfaidhe a thír 'nuair a cumadh an dán so. Tas- éis an méid sin a rádh 'na leath-sgéal do chan sé mar leanas: - ÉIRE 'Éire, a shearc-bhuime, a bhanaltra shéim, Inis na ngeal-chnoc, na nglaisidhe, 's na gcraobh, Do bhasgadh 'seadh d'aibig gach peannaid im' thaobh; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! 'Éire, do ghéimhleachaibh céasda ag fuasgailt, 'Éire, na leasg, na tamáilte ag músgailt, Do'n deóraidhe dubhach, doilbheach, do dhoras ag osgailt; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! 'Éire, ó Ghallaibh fuair basgadh 'gus milleadh, 'San braon brónach, bog, riamh led' rosgaibh ag sileadh, Do chuid cumhachta imthighthe gan tuairisg, gan filleadh; 'Éire, 'sé do ghear-ghoin do chéas mo chroidhe.
'Éire, ní cuimhin leat-sa síothcáin do bhlaiseadh, Is fada fá thár-bhruid, is fánach fá mhaise, Le sealad ag léir-ghol, gan faoiseamh, gan taise; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! Ba mhinic do shléibhte le caor-theinidh ar lasadh, Ba mhinic do leómhain i ndeóraidheacht gan chasadh, Ba mhinic do bhuailis go huaigneach do bhasa; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! 'Éire, do shaoirse is d'fhírinne sheasaibh, Led' shluagh láidir chalma neartmhar i dtreasaibh, Gan eagla roimh námhaid is gan beann ar a gcleasaibh; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! Ba mhinic í d'fhíor-fhuil 'na caoin-sruith dá dortadh, Ba mhinic go tláth thú le gábhtar is gorta, Cathughadh id' cheóltaibh, ir bróndubh id' phortaibh; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! 'Éire, is tú d'fhulaing an milleadh ro-shearbh, Is leat-sa do castaoi an t-asmhuchán garbh, Is an t-éitheach do sgeitheadh ar do bheó is ar do mharbh; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhé! 'Éire, is mithid duit misneach do ghlacadh, Tá do sgamaill ag sgapaidh, do shamhradh ag breacadh, Ná mothuigheann tú an léir-theas taréis éirlaighe an tseaca? 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! Tá bláth ar gach craobh úir, tá sgéimh ar an dtalamh, Tá ceól agus aoibhneas i gcoilltibh bhí balbh; Go deó, deó arís, ní bheir íseal ná dealbh; 'Éire, sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe,
Ba thréan glan an guth do bhí ag Cormac i nós go n-aireochaidhe gach sioladh dár chan go cruinn ar fuaid an chábáin, is síos go bun an ghleanna uaignigh úd. Tháinig lán-iongnadh ar na fearaibh. Bhí deireadh le n-a gchuid racaireachta an oidhche sin, is do thuit ciúin- eas doilghíosach dubh-bhrónach ortha go léir. Do lean freangaidhe an ghotha uaignigh sin iad, is chuir dá n-aimh- dheóin ag dían-machtnamh iad ar an tuirse bhí rómpa.
AN DEACHMHADH hALT. I dTREASAIBH NA nARM. I lár an tsos bhrónaigh úd do sgread go dian dána an aon fhear amháin faire do bhí leasmuigh. Cad do bhí air? Bhí buidhean armtha ag teacht go lán-thapa fá n-a ndéin! Bhí an ghealach 'na suidhe i dtreó ná féadfadh aon dearmad a bheith air. Láithreach bhí muinntear an Iarla go léir ar a mbunaibh, is le mire splainnc do luigheadar ar an cábán do leagadh ar fad is do sgaipeadh ó chéile, is na hearraidhe go léir a cheart- ughadh. I gcionn tamaill bhig ní raibh aon chábán le feicsint; leapacha, suidheacháin, áthraigh, cuireadh iad go léir i leath-taoibh, is 'na n-ionad bhí arm faobhair. Ba léir dóibh anois ná raibh 'san mbuidhin sin acht tim- cheall caogad fear. Ba mhinic ag sleamhanughadh idir na clocha iad, acht 'na dhiaidh sin bhíodar ag cur díobh gan ró-mhaill. Ní ortha féin do bhí na fir ag cuimhne, acht ar an Iarla is ar an óglách. Ba bhreágh an rud le Cormac bás d'fagháil i dtreasaibh na n-arm ag breacadh fód a thíre le na chuid fola, acht anois b'éigin dó dul i bhfolach i bhfochair an Iarla i gcumar do bhí ag dul isteach fá'n gcarraig, fad do bhí an námhaid 'na dtimcheall. Dá aimhdheóin bhais do cuireadh d'fhiacaibh ar an Iarla dul i bhfolach; b'fhearr leis go mór seasamh go dána i n-aghaidh an námhad, acht dubhairt a champánaigh leis gur shuarach an ghlóir do bhí le fagháil ag seanóir ó bhás ar thaobh chnuich i meadhón oidhche i measg uathadh beag fear. Do chuireadar muinntear an Iarla i dtreó cosanta
iad féin, is ba shocair dána a seasamh ag feitheamh leis an námhaid. Dála mhuinntire na Bainríoghna, is é do cheapadar teacht i gan-fhios ar an mbuidhin eile, is dá bhrígh sin is beag an t-áthas do bhí ortha 'nuair a chonnacadar iad ullamh gléasda chum comhraic; acht anois ní raibh leigheas air, caithfid dul 'na n-aghaidh. Is deimhin gur bh'fhusa ádhbhar fear 'na gcodladh gan sgáth, gan cosaint, do chlaoidheadh i lár na hoidhche, ná dul chum coimheasgair le buidhin aibidh, clisde, armtha, lán do mheanmain; acht bhí sé anois ró-dhéidheanach dóibh teicheamh. 'Nuair a bhíodar i ngearracht lámhaighe dá chéile chuir muinntear an Iarla maidhm do mhuscaitíbh 'na measg, do rinne manntach a dtreasa, acht do luigheadar ortha - an méid nár thuit diobh - go dána neamh-eaglach, agus is gearr go raibh an dá bhuidhin go daingean i n-achrann 'na chéile. Do líon fuaim a bhfuirse, a ngreadadh, a gcartadh is a sgreadaigh an gleann; d'aith-fhreagradar na cnuic i gach taobh i dtreó gur dhóigh leat go raibh mór-chogadh ar siubhal idir na sléibhte. Is ró-shoilléir d'airighead fothram an chogaidh 'san uaimh ina raibh an bheirt, is ní raibh Cormac sásda 'na aigneadh gan bheith i measg na gcuradh, is 'nuair bhí na turraingidhe ag dul i dtréine is na geóinte ag dul i n-aoirde bhí briseadh ar an bhfoidhne aige, is do sgíord amach fá'n ngleann. Do rug sé ar shleagh is do chaith sé é féin i measg na ngaisgidheach go lán-dásachtach is ní gan fuil do dhortadh é. Is tapa do rinne sé amach óglách clúdaighthe le héadach pláta, ar nár dhóigh leat go raibh fonn comhraich, is do thug fogha dá sleagh fé. Do theip an céad urchar air. Do dhruid an fear eile leath taoibh is do rug ar an sleigh is do tharraingeadar ó chéile é go dian dásachtach.
Taréis tamaill níor thaitn an cleas soin leó is fá mar d'aontuighidís do raideadar araon uatha an shleagh is do ghreamadar a chéile i n-iomarsgáil chruaidh chas-ach- rannach. Taréis géar-chatha do síneadh Cormac ar an dtalamh le mór-thuairt, is 'nuair a bhí fear an éididh chum imshneamh do dhéanamh dá thurrainn do rug Cor- mac ar chois air, is do tharraing leis go talamh é. Do bhíodar araon annsoin ar an dtalamh go daingean n-achrann 'na chéile mar dhá nathair nimhe, ag gearradh is ag stracadh a chéile, gan sost, gan suaimhneas, gan aoin'ne aca ag léigean do'n duine eile éirghe ná caoi éirghthe aige féin, ag féachaint ar a chéile le fuath is le dian-fheirg, ag unfairt is ag fuirseadh is ag fásgadh a chéile. Doirteadh fuil eatortha go lán-tiugh. Bíodar araon i léir-chrithibh báis le tachtadh is le múchadh is le géar-bhrughadh. Do snaidhmeadh Cormac cum talmhan le barróig fhir an éididh, is do snaidhmeadh eisean le barróig Chormaic gan caoi ar sgaoileadh ná ar bhfuas- gailt ag ceachtar díobh, go ráinig gur shatail fear do bhuidhin na Bainríoghna 'na dhlúth-choimheasgar le námhaid ar troigh fhir an éididh dá bhasgadh go daingean i dtreó gur b'éigin dó a ghreim a bhogadh. 'Nuair mhothuigh Cor- mac é féin sgaoilte do phreab sé ar a bhunaibh, do rug ar an shleigh do bhí ina aice ar an dtalamh is do dhian- sháthaigh an fear sínte tríd an muineál áit ná raibh díon an éididh aige. Níor chorruigh sé ó shoin amach. Is beag ná raibh deireadh leis an mbruighin. Do claoidheadh muinntear na Bainríoghna, is ní morán díobh do chuaidh slán as an ngleó. Acht do rug an ceann urraid do bhí ortha a chnámha leis gan brughadh, gan basgadh. Fear mór groidhe do b'eadh é, agus is beag an tuirse bhí air ag cur an chnuic amach de taréis an iomaidh sin. Acht ní raibh fonn mór cogaidh air an
oidhche sin, óir ná feacaidh sé an tIarla i measg an námhad. Níor thuit acht cúigear ar fad do bhuidhin an Iarla. Ag gabháil timcheall do Chormac ag infhiúchadh na mharbh do baineadh geit as 'nuair tháinig sé chum an óglaigh do threasgair sé féin; mar cad a chífeadh sé fá'n éideadh acht corp Éamuinn! Go dtí an uair sin ní raibh aon fhios aige air fheall-bheartaibh Éamuinn. Ní raibh sé gan droch-amhras air le déidheanaighe, acht anois b'fhollas dó cad do bhí uaidh ó thúis. Cad iad na smaointe do rith i n-aigneadh Chormaic 'nuair do mhacht- naimh sé ar ghniomharthaibh an óglaigh úd, ar a ghliocais, ar a shleamhanacht, ar a urradhas aithiseach, ar a bhladair- eacht béil agus a chroidhe lán d'fheall. D'aithris sé do'n Iarla ciannos do theagmhuigheadar le chéile ar dtúis is ciannos do mealladh é féin leis. Dála muinntire an Iarla do bheartuigheadar gur fáidh éigin Cormac do tháinig cum iad do shaoradh ó mhillead na nGall; mar b'ar a shon d'fhanadar suas chomh déidheanach an oidhche sin, fá mar a mbeith siad ag feitheamh de n-am ar an námhaid, agus nár mhairbh sé len' uillin féin an t-óglach úd an fheill. Do chuar- duigheadar balcasaidhe an óglaigh; is ó litreachaibh do fuaradar ionnta b'fhollas dóibh gurbh' cladhaire é, go raibh sé ag iarraidh ceann an Iarla d'fhagháil dó féin, is go raibh sé fá mhionna Cormac do mharbhadh, is gur bh'é Domhnall Dubh ceann urraid do bhí an oidhche sin ortha. Ní raibh aon trácht ar an gCaomhach, is cé gur mhór é a iontaoibh as, do chuir claon-bhearta na beirte eile droch-amhras in'aigne i dtaobh an Chaomhaigh. Bí eagla air go raibh seisean leis iompuighthe i gcoinnibh an Iarla.
AN tAONMHADH hALT DÉAG. AN GLEANN. Do chuir an gradam do fuair sé i measg na bhfear so lán-áthas ar Chormac; acht ní gan brón do mhacht- naimh sé ar éachtaibh na hoidhche sin; ba léir anois dó go raibh nathar nimhe dá oileadh le fada aige 'na bhrollach is gur dhóbair dó bhéith cnaoidhte leis. An raibh na campánaigh do tháinig leis ó Chorcaigh go léir 'na gclaidhiridhe? Ba shearbh an rud leis fiú droch-amhras do bheith aige ortha. Acht níor bh'aon am machtnaimh é, is an oidhche geall le caithte. B'fhollas dóibh anois go bhfillfeadh an t-athach do bhí mar cheann ar an mbuidhin sin do ruaigeadh, le gasradh eile níos tréine is ná bheith neart aca iad féin a chosnamh ortha dá bhfanfaidís annsoin. Is í comhairle do cheapadar fanamhain mar a rabhadar go maidin is aistiriughadh lá'r na bhárach go gleann eile i gcéin. Dá bhrígh sin ar bhreacadh an lae do chuireadar beirt fhear rómpa chum ionad comhnuigh- the do shocrughadh dhóibh i gcomhair na hoidhche. D'fhil- leadar na fir tar n-ais, ag rádh ná raibh an námhaid le feicsint i n-aon bhall, go raibh bóthán beag déanta amach aca ina bhféadfadh an tIarla codladh, is gur chóir dóibh a n-aistir a dhéanamh i bhfíor-thosach na hoidhche. Acht do faireadh an bheirt fhear so, is do cuireadh cúntas a dturais go dtí an athaigh. Do bhailigh Domhnall buidhean eile is do chuir sé féin is fear do mhuinntir Muircheartaigh a gcuid curadh le chéile. Bhí an Muir- cheartach ar lasadh chum díoghaltas a bhaint do'n Iarla ar mhasladh éigin a dubhradh gur chuir a mhuinntear sin
air. Do rinneadh dhá chuid do'n bhuidhin nua soin; do cuireadh roinnt aca chum faire, is d'orduigheadh do'n roinnt eile bheith ullamh chum siubhail go tapa i n-aghaidh an námhad. Cé go raibh sé chomh mór aindeas soin, do toghadh an t-athach mar cheann ar an mbuidhin a bhí le faire, i ngeall ar an eólas a bhí aige ar na sléibhtibh is ar fheabhas a choisídheachta. Chuaidh an Muircheartach féin leis an chuid eile. Ar aistiriúghadh do mhuinntir an Iarla, um thráthnóna, do bhí an t-athach le n-a bhuidhin i bhfolach san bhfraoch ag tabhairt fá deara gach cor do chuireadar díobh. D'fhaireadar iad ag dul treasna na gcnoc ar thuitim na hoidhche is ag sleamhnughadh síos le fánaid gur cheil an mór-sgamall dorchadais do leath mór- dtimcheall ar fad iad. Acht ní raibh dearmad ortha i dtaoibh an tsligheadh do thógadar; bhí eólas cinnte ag Domhnall ar an ngleann ina bhfeacadar an bheirt fhear ar maidin. Is chomh luath is chonnaic sé an bhuidhean ag tabhairt a n-aghaidh ar an áit chéadna do cheap sé i n-a aigneadh an ball i n-ar dheallramhach go bhfanfaidis an oidhche sin; is 'nuair a bhíodar imthighthe as radharc do chuaidh sé le n-a bhuidhin fá dhéin muinntire an Muircheartaigh. Ar chloisint an chúntais sin dóibh do tháinig lán-áthas 'na gcroidhe, agus is tapa d'ullmhuigheadar iad féin chum bheith i n-athchumaireact do'n ghleann soin ar theacht an lae. Bhí, go deimhin, cuid do'n bhuidhin sin is níor thaitn an obair a bhí rómpa leó, níor shanntuigheadar airgead na Bainríoghina, is níor mhian leó fuil an Iarla a dhortadh; acht b'éigin dóibh géilleadh do thoil a dtaoi- seach. Bhí tuilleadh aca ag brath ar airgead d'fhagháil, is ba chuma leó cia an nós, acht ní raibh 'san ghasradh soin aon fhear chomh sanntamhail chum airgid ná chomh
cíocrach chum fuil an Iarla do tharraing le Domhnall Dubh féin, ceann urraid na buidhne. Is fíor go dtug sé iarracht ar an bhfeall do bhí 'na chroidhe a cheilt; acht bhí an droch-fuadar do bhí fé ró-shoilléir, is níor bh'féidir sgáth a chur air. Bhí fuath ag a lán do'n bhuidhin dó, agus is mór gur bhfearr le cuid aca a sgórnach a ghearradh ná sgórnach an Iarla. Dála mhuinntire an Iarla, is mall socair do ghluais- eadar le fánaidh, is cé go raibh dorchadas ró-mhór ann, níor theip ortha an cabán air ar cheapadar an bheirt ar maidin d'aimsiughadh. Cró follamh do b'eadh é, ceithre troighthe déag ar fhaid is deich troighthé ar leithead. Níor bh'fada ó cuireadh nuadh-dhíon air, is chuirtí caoirigh is gabhair ann i ngarbh-shíon. Níor shuarach an obair do na fearaibh slacht a chur ar do'n Iarla; acht is fonn- mhar do luigheadar ar an ngnó soin agus is gearr ná aithneochá an cabán soin do chóirigheadar chomh háluinn sin é. D'aduigheadh béithleach teineadh gan maill is d'ullmhuigheadh biadh. Do shuidh an tIarla chum bídh, lán do sgléip. Do sgéidh a chomhrádh uaidh 'na tréan- thuile ag cur meanma is muinighín i gcroidhthibh na bhfear. “Cad é an brígh mo bheatha-sa,” adeireadh sé, “táim- se anois ag druidim leis an uaigh; acht fanfaidh cúis mo chreidimh is mo thíre im' dhiaidh. Tógfar suas an chúis sin le daoinibh eile - daoine níos treise ná mise - Ná smuainigh, a mhic mo chroidhe,” ar sé, ag deimhniughadh do Chormac, “go bhfaghaidh an chuis atáim a chosnamh bás liom féin. Ná smuainigh gur ag brath orm-sa bhéidh sí chum í chur ar aghaidh. Táim-se ag déanamh mo dhíchill chum í thabhairt suas dóibh seo thiocfas im' dhiaidh gan teimheal. Tá mo charaid go léir imthighthe. Do thuit- eadar 'san mbruighin seo ar son a saoirse is a gcreid-
imh. Do b'fhearr liom” - agus ag rádh soin dó d'eirigh an sean-duine is shiubhail sé go dtí an taobh thall do'n tseomra chomh acfuinneach is dá mbeith lúth na hóige 'na chnámhaibh fós - “do b'fheárr liom tuitim i ngleó do thír is do chreideamh 'ná bheith beó taréis buaidh onóraigh. A Chormaic,” ar sé arís, ag deimhniughadh chum an óglaigh, “taoi-se léigheannta go leór. An gcualais riamh trácht tar fhear chríonna dár b'ainim Murchadh Liath? Do mhair sé tamall im' thigh, is ba mhór aige mo shean is mo shinsir. Fear do b'eadh é do shiubhail a lán is ní beagán léighinn a bhí 'na cheann. Bhí sé lán d'eachtraidhibh ar mo charaid - ar na sean-ghaisgidheachaibh a tháinig romham. Gan amhras do bhí beagán mhearbhaill air, agus taréis mo teach-sa d'fhágbháil do chomhnuigh sé, fá mar dubhradh liom, 'san ghleann so, ag déanamh rann is tarngair- eachta ar nós na sean-shuadh. Do chualas féin tarn- gaireacht éigin do rinne sé ar mo mhuinntir, acht níor thuigeas riamh í.” Do labhair fhear dhá bhuidhin do bhí ag éisteacht leis an sgéal soin, is dubhairt go raibh an fáidh úd go déidhean- ach 'san ghleann soin agus gurab ins an teach chéadna soin do chomhnuigheadh sé, go dtéidheadh sé i measg na gcomharsan ag iarraidh déirce is ag déanamh suilt dóibh le n-a chuid rann is tarngaireachta. “Agus cad d'imthigh air?” ar an tIarla, go neamh-shuaimhneasach. “Fuair sé bás ins an ghleann so, tá dó nó trí seacht- mhainidhe ó shin,” ar an fear eile; “do bhí sé ag siubhal ó thigh go tigh, lá, go dtáinig dorchadas na hoidhche air, is 'nuair a thug sé iarracht ar a bhothán a dhéanamh amach chuaidh sé amugha, is lá'r na bhárach fuaradh sínte marbh é le hais mór-chairrige, is rann éigin rúnach tarngair- eachta fásgtha go daingean 'na dhorn.” Níor fhan dath - acht dath gránna an bháis - i leacain
an Iarla, tháinig mór-thocht dóláis air - ní fheadair sé cad é a chúis. Níor fhan focal ann, cé go raibh sé nóim- eint ó shoin go meanmach meidhireach ag comhrádh is ag caitheamh aimsire le n-a champánachaibh. Do thug sé iarracht ar ghreann a dhéanamh is níor bh'fhéidir leis é. Do tháinig baill-chrith air is thuith sé siar ar an urlár go tréith is go lag-bhríoghach. Cad do dhoilbhigh é? An amhail an bhfeacaidh sé tuar a bháis féin ins an sgéal so? An fear a bhí chomh fada soin 'na thigh, do rinne an oiread soin tarngaireachta ar a charaid, do chomhnuigh tamall 'san mbothán chéadna soin, d'fhagháil bháis 'san gleann soin! Is ró-deallramhach gur b'é a smuaineadh ar na neithibh sin do chuir crith-eagla air, do bhain a chainnt de, is d'fhuadaigh a chuid fola as a leacain. Dála Chormaic, do rinne sé níos mó do'n chomhrádh soin ná do léig sé air. B'fhollas dó anois gurab é faidh an ghleanna an fear céadna d'árduigh a mheanma féin le n-a chuid tarngaireachta an lá úd is é ag teacht ó sgoil, is do chuir cochal air chum ceasna a thíre do léigheas dá mb'fhéidir, is b'iongantach leis go raib sé san teach chéadna i n-ar mhair an sean-shuadh úd ins an ghleann i n-ar cailleadh é, is go raibh sé i bhfochair an taoisigh do seasaibh in' aonar i n-aghaidh námhad a thíre is a chreidimh. An sgéal céadna do chuir crith-eagla báis ar an Iarla do líon sé croidhe Chormaic le dóchas is le meanmain. Níor thagair sé riamh roimhe sin do,n fháidh sin 'na chomhrádh leis an Iarla, i ngeall ar an treó 'na bhfeaca sé é, is anois cé go raibh sé féin lán do meanmain níor lámhaigh sé trácht thairis ar eagla go gcuirfeadh sé tuilleadh buaidheartha ar an tseanduine. Do caithead a lán do'n oidhche mar so eatortha, is fá dheireadh dubhairt duine éigin gur mhithid dul i chodladh. D'aontuigh an tIarla, acht ní le subhachas mar ba ghnáth
leis, agus ag breith ar láimh ar an óglách le muinn- teardhas dubhairt - “Do chuadhas-sa chum comhraic d'fonn mo dhuthchas is mo chreideamh do chosnamh ó Ghal- laibh; ní'lim tuirseach do'n ghleó, acht i dtaobh bhuaidh - tá sé ag brath ar thoil Dé. B'fhéidir ná tiocfaidh sé go fóill, acht fágaim le hudhacht agat-sa an chúis sin gan teimheal, gan éisling is ag gach n-aon ghrádhas fírinne is saoirse.” Is dubhach, lán-chumhach do labhair an tIarla, is níor bh'féidir le Cormac freagradh le lán-tocht bróin. An tIarla do bheith doilbh is eadh chuir gruaim air; níor chuimhnigh sé i n-aonchor ar a cheasna féin; agus is mar sin do sgaradar ó chéile i gcomhair na hoidhche. Do chodladar araon 'san mbothán i leapachaibh deighilte ón-a chéile. Do chodail cuid do na fearaibh i gcabán leasmuigh; is b'éigin do chuid eile aca dul treasna an chnuic ag féachaint i ndiaidh bó. Do chodail an tIarla go sámh, agus ag dúiseacht dó roimh lá d'éirigh is do chuir a chuid éadaigh uime, is do luigh sé go lán-dícheal- lach ar theinidh d'adughadh. Bhí iongnadh a chroidhe ar Chormac é d'fheicsint ag éirghe chomh moch soin, is, ar eagla gur taom éigin a bhí air, d'eirigh sé féin go tapa 'na dhiaidh. Do chaith an seanduine é féin ar a ghlúnaibh is do ghuidh sé go durachtach ar feadh tamaill. Bhí an teine d'adaigh sé 'na lán-lasadh is ag leathadh a chuid solais 'na thuile tríd an mothán bheag úd dá théitheadh is dá sheasgarughadh i gcúntas nár chleachth sé riamh.
AN DARA hALT DÉAG. AN LÉIR-SGRIOS. Bhí an lá ag breacadh. Bhí spíce beag solais le feicsint leastoir ag dathughadh barr na sléibhte. Bhí lóithne fionn-fhuar garbh-ghéar ag séideadh is ag cronán go brónach, doilbheach tríd an ghleann. Ba dhiamhair uaigneach é radharc an ghleanna soin is an solas ag dul i neart, na tora muthallacha bána ag crothadh a gcochall coisne díobh féin le gach séidóig gaoithe, is dá lán-luasgadh fá chomairce na mor-chrann, is an talamh cruaidh-shleamhain ó'n sioc. Bhí an tIarla tré n-a chéile i dtaobh na bhfear do chuaidh chum na beitheidhigh do sholáthar, is níor bh'annamh ag rádh é gurab iongantach ná rabhadar ag filleadh “Tá sé ró-luath fós,” a deireadh Cormac; “is ar éigin atá breacadh an lae ann. Ní dhéanaim amhras ná go mbéid siad annso láithreach.” Ag comhrádh mar sin dóibh do briseadh isteach doras an bhotháin le tréan-bhuille, is gan maill nóimenite bhí gasradh fear lán-armtha 'na seasamh ar an urlár. Ar dtúis do shíl an tIarla gur bh'iad a mhuinntear féin iad is bhí iongnadh air iad a theacht isteac chomh fiadhain sin. Acht níor fág a n-imtheacht aon amhras air 'na dtaobh agus is gearr gur bh'fhollas dó go raibh sé imeasg a námhad. Ní raibh 'san mbothán an taca soin acht an tIarla féin is Cormac is seanóir eile. Ar thaobh an námhad b'shin é Domhnall Dub - níor b'fhéidir dearmad a dhéanámh ann - fíochmhar, feargach, garbh-fhiadhain, is go
léighfeá íota fola is óir 'na gharg-ghnúis dhroch- fhuadrach. Do labhair Cormac leis i nguth árd is dána, is dubhairt: “A Dhomhnaill, cad tá uait? Sáthaigh mise tré lár mo chroidhe is léig do'n taoiseach aosda onórach so,” - is ag rádh na bhfocal soin dó, chaith sé é féin idir an t-athach is an tIarla. Do dhruid Domhnall uaidh i leath-taoibh é, is dubhairt: “Bíodh foidhne agat, fan go mbéimid réidh leis an gcuradh ar dtúis, tá breith agat air, ní dhearmaidfear thu, ná bíodh eagla ort.” Is gan maill d'aimrigh sé buille ar cheann an Iarla. Do mharbhóchadh an buille sin é acht gur chosain sé é féin le n-a láimh. Do géar-ghoineadh a uilleann dá chur i sior-phiantaibh, acht ní thug sé braon fola. Cé gur mhór a chuid pianta níor liúigh is níor sgread an seanduine, agus is cródhach fearamhail adubhairt: “Suas ar do láimh! Is mise Iarla na Deasmhumhan! An im' mharbhadh ataoi, a chladhaire?” Cé gur léir do Dhomhnall gur bh'é an tIarla do bhuail sé, do chuir an t-adamhughadh soin breis mhisnighe air, is thug sé iarracht eile fé, dá ghearradh 'san mhuineál i gcuma gur rith an fhuil 'na caise go talamh ó'n gcneadh, Tar éis an bhuille sin, cé nár thuit sé níor fhan lúth 'na bhallaibh, acht is soiléir d'airigheadh é ag rádh: “Éagaim d'onóir Chriosd is do shaoirse mo thíre.” Ba shaidhbhreas do Chormac na focail sin. Dá mhéid é a chuid cumhadh do chuireadar ag dian-mhachtnamh é ar an tuirse bhí roimh mhuinntir na hÉireann, is an dubh-cheó d'éirigh 'na shlighidh féin is chuir deireadh le n-a cuid dóchais go deó. Ar feadh na haimsire seo do chongbhadar beirt fhear Cormac is ní gan duadh é. Do tharraingeadar an t-athach mór is beirt eile an tIarla amach tar dhoras is é ag tabhairt a chuid fola i dtréan-thuile.
Do shíneadar é ar an dtalamh amuigh tamall beag ó'n mbothán, is annsoin do buaileadh arís is arís eile é. Bhí cnead a mhuinéil anois chomh leathan soin, is bhí an fhuil ag gluaiseacht as chomh tiugh soin go raibh eagla ar an athach go gcaillfidhe é idir a dhá lámhaibh. Ar an adhbhar soin bhuail sé buille thuaigh air chum an ceann a bhaint de. Acht tháinig crith 'na láimh is níor fhéad sé a chuid nirt ar fad a chur 'san mbuille. Do thug sé iarracht eile, agus leis an treas iarracht do bhí ceann Iarla na Deasmhumhan sgartha leis an gcorp go deó na ndeór. An fhaid a bhí an léir-sgrios so dá dhéanamh bhí Cormac go neamh-shuaimhneasach fá ghreim ag an mbeirt úd is gan uaidh acht tuitim dá mb'fhéidir i dteannta an Iarla, is óir do theip sin air ba dhoilbh iad na hosnaidhe i n-ar labhair brón a chroidhe. Is ar cheann an Iarla do bhí Domhnall ag brath go bfaghadh sé an t-airgead. Is uime sin is aireach do ghlan sé an fhuil de, is do chas go ceanamhail i linn-éadaigh é, is do cheartuigh an cheartlinn sin i dtreó go bféadfadh sé é bhreith leis go háiseamhail go Caisleán na Mainge. Do sgaoil an bheirt Cormac uatha annsoin. Do rith an t-óglách go dian-chráidhte chum an choirp gan ceann do bhí smeartha le fuil agus d'fhan sé le n-ais ag síor- faire is ag dian-mhachtnamh ar a ghlúnaibh go brónach, lán-uaigneach, gan féachaint anonn ná anall, gan focal do labhart, gan deor do shileadh, gan na neithe do bhí ar siubhail timcheall air do thabhairt fá deara. Acht bhí sé ceapuighthe ag an athach é thógáil leis, is óir ba mhithid dóibh filleadh tar n-ais do chuir sé beirt fhear chum é a bhreith leó. Do liúigh Cormac chomh truaigh- mhéileach soin 'nuair thugadar iarracht ar é tharraing leó ó'n gcorp go léighfeadh sé garbh-chlocha an tsléibhe chum truaigh is taise dhó.
Is cruaidh an námhaid ná bogfadh chum truaigh ar fheicsint an óglaigh dubhaigh chráidhté úd dá chaitheamh féin ar an gcarnán cré is fola úd dá snaidhmeadh féin leis go dian-daingead, is ag rádh, “Fág, ó fág mé i bhfochair mo charad! - marbhaidh mise leis!” Ní fhuair na fir ionnta féin é a thabhairt leó. Acht níor mar sin do Dhomhnall - ní raibh an croidhe chomh bog soin aige. Bhí deithneas air. Bhí ceann an Iarla greamnighthe 'na láimh chle aige, agus is mar sin do tháinig sé chum na háite ina raibh Cormac ag fuirseadh leis na fearaibh. Do rug sé ar ghualainn air is d'árduigh leis é. Anois cá raibh an mhaitheas 'na chuid fuirse is únfairt is liuithrigh? Acht féach! tá gasradh fear ag cur an ghleanna dhíobh go lán-mhear, ullamh, gléasda, chum comhraic, agus is deallramhach go bhfuilid ar thí an tIarla a sgiobadh leó beó nó marbh. Do chóirigh Domhnall a mhuinntir féin 'na n-aghaidh, is é féin ag congbháil greim ar Chormac, is dian-ghreim ar cheann an Iarla 'na dhá láimh. 'Nuair a thángadar na fir eile i ngearracht dóibh b'fhollas go raibh fonn comhraic ortha. Do bhí fear lúthmhar, tapa mar cheann urraid ortha. Ba mhear, dian, dána, do chuir sé an gleann de; is ní raibh dearmad ná him- theochadh sé gan droch-obair. 'Nuair bhí an dá bhuidhin os comhair a chéile do bhog an t-athach do gheit do Chor- mac, is do sgread sé mar tharbh allta. Dobhúir sé arís is arís eile, is, cé gur ró-dheacair leis é, do raid sé ceann an Iarla uaidh is do theich sé i lán-ghealtaigh, mar dob'é an Caomhach - an fear do mhairbh sé, mar ba dhóigh leis - do bhí 'na cheann ar an námhaid! Ní raibh eólas ag aoin'ne ar chúis a bhuile, is tháinig briseadh is mí-órdughadh ar a ghasradh, is do shleamhnuigh Cormac anonn go taobh an Chaomhaigh gan duine dá mhothughadh.
Is beag an dúil i ngleó bhí ag gasradh an Chaomhaigh 'nuair fuaradar an tIarla marbh rómpa, is bhí gach taobh ullam chum siothcháin a dhéanamh go mór-mhór óir ná raibh an t-athach le fagháil - mar d'imthigh sé ar buile as a radharc ag béiceadh is ag dian-sgreadadh go fiadhain fraochmhar fíor-eaglach. Ar an ádhbhar soin, do rinneadh siothcháin láithreach eatortha is do ghluais muinntear na Bainríoghna ortha go Caisleán na Mainge ag breith cinn an Iarla leó is d'fhan gasradh an Chaomhaigh annsoin chum an corp d'anachadh is do fágadh Cormac i n-aenfheacht leó. 'Nuair a bhí a sháith caointe déanta ag an óglách os cionn chuirp an Iarla do chuir sé fáilte lán-chairde- amhail roimh an gCaomhach is do bheir sé buidheachas go taitneamhach leis an té do sgiob é an dara huair ó lámhaibh na n-eachtrann, is do luigheadar ar chainnt go céileamhail ar an gcuma i n-ar theagmhuigheadar le chéile arís. Ó d'fhág sé Cormac go tréith na leabaidh do bhí an Caomhach ar a dhícheall ag bailiughadh fear chum an tIarla a chosnamh, mar bhí a shár-fhios aige go raibh Domhnall ag faire air chum a thógtha nó a mharbhuighthe. Ar feadh a bhfad ní raibh fios aige ar ionad comhnaidhthe an Iarla, is ba dheacair fir d'fhagáil do chuirfeadh iad féin i gcontabhairt ar a shon. Do bhí beirt fhear leis ag faire ar an athach agus is uatha soin do fuair sé eolas ar a raibh ar bun an oidhche sin aige; is dá n-aontuigheadh Dia go dtiocfadh sé i n-am ar maidin bheith an tIarla slán beó 'na measg an tráth soin. D'iompuigh a gcomhrádh ar Dhomhnall is ar an bhfeall a bhí 'na chroidhe, ar an Iarla is ar a mhuinntir. Ó theag- mhuigheadar ar dtúis le chéile ní raibh caoi aca ar thrácht ar a muinntir féin, is uime sin ní raibh eolas ag aoin'ne do'n bheirt ar ionad comhnaidhthe an fhir eile; acht anois
óir ba mhithid dóibh cuimhne ar dhul a bhaile b'éigin dóibh labhairt tar na neithibh seo. D'fhiafruigh an Caomhach do Chormac cár chomhnuigheadar a thúismightheóiridhe. “Maireann mo mháthair,” ar Cormac, “i gClais Doimhin acht tá m'athair le fada as baile. 'Nuair a bhris an bhuaidheart so amach ar dtúis, is iomdha bliadhain ó shoin, d'fhág m'athair an baile is as soin amach ní bhfuaramar aon tuairisg air. Is é mheas- aimíd go bhfuil sé marbh le fada riamh. A Dhia na ngrás, dá bhfeicinn m'athair arís is ró-shásda bhéidh m'intinn!” “Tá t'athchuinige fagháltha agat cheana,” ar an Caomhach, ag snaighmeadh a lámh timcheall air, “is mise an t-athair sin dob' áil leat fheicsint!” Bhí Cormac, amhail adubharamar, géar-chúiseach, is anois is tapa do rith in' aigneadh na bearta cruadha ina raibh sé go déidheanach is cia an nós do shaoruigh Dia é ó gach ceasna, is do chuir a athair féin chuige chum a lán-bhruid a sgaoileadh is bheir sé buidheachas le Dia le saor-chroidhe. Acht cé gur mhor an t-áthas a chuir radharc a athar air níor thaise do'n tocht cumha do chuir a chroidhe fá smúid i ngeall ar íde an Iarla - do bhí riamh go daingean 'na chuimhne. Ba dhubhach an obair a bhí rómpa. Do sgaoil an Caomhach - Conallach do b'eadh é - na fir a tháinig leis a bhaile acht amháin ádhbhar beag do chongaibh sé chum cabhruighthe leó i gcomhair anachaidh an Iarla. D'fhaireadar an oidhche sin an corp úd gan ceann do bhí sínte go cóirighthe fá ghéagaibh árd-chrainn. Ba doilbh an tórramh é, ní raibh coinnealla ná soillse ann, acht réilte na spéire ag dian-thaitneamh as ag tuar cuisne i gcomhair na maidne; ní raibh uaill-ghol ban le cloisint acht doilbh-chronán na garbh-ghaoithe ag sios- mharnach go huaigneach tré ghéagaibh nochtuighthe na mór-
chrann, is ag réabadh drislighe is dá sgaipeadh i gcéin. Acht níor chuir sioc ná fuar-ghaoth Cormac ná athair Chormaic ó'n a ndian-fhairead le hais an chuirp tré íochtar mhall na hoidhche, ní mór a labharadar acht air uairibh ba thréan a ngéar-osnaidhe. Anois is arís do thagadh tocht cathuighthe ar Chormac i dtreó go gcluin- fidhe gach cnead doilbh-dhubhach uaidh ar fuaid an ghleanna is b'iongnadh nár éag sé le garbh-ghuais bróin. Tar éis an tórraimh fhíor-uaignigh úd do rugadar an corp gan cheann go Cill na Manach, roilig do bhí tímcheall cheithre mhíle uatha, agus annsoin do cuireadh ar fhan i n-Éirinn d'Iarla na Deasmhumhan. An fhaidh a bhíothas dá chur síos 'san uaigh is dá chlúdach le cré dubhradh urnaighthe dá anam is 'nuair bhí an obair críochnuighthe do chan Cormac le hárdh-ghuth go doilbheach buaidheartha an marbhnadh so.
AN TREAS hALT DÉAG. MARBHNADH IARLA NA DEASMUMHAN. CORMAC UA CONAILL DO CHAN. Dubh-chiac is pian mo chliabh do bhreóghann, Tá gliag im' ghiagaibh dian le brón. Ó ciapadh m'Iarla, a Dhia, tar fóir, Groidhe-thriach, ró-fhial, ba thrian i ngleó. An fhíor-fhuil chaoin do shíol ó'n nGréig, Dlút-shnaidhm ar dtíre siorraidhe réidh, Is fuígheach i bhfíor-lár chuimheasgair sgéidh, Mo sgíos mar sgaoileadh síos faoi'n gcré. Ná ceartaidh leac do raghadh i mughadh, Ná beartaidh feart-laoidh leamh, gan chumha, Ná fairidh leasg, gan phreabh, gan lúth - Glacaidh bhur n-arm neartmhar dlúth. Béidh fuaim a thuairisg uaibhrigh chaoin, I nduantaibh suaidhte i n-uaim chirt mhín, Beidh suadha suairc ar chruaidh-chruit bhinn, Dá luadhadh go buan 'measg uaisle is buidhin. Ní mian liom sian ar grian 'san spéir, Ní mian liom giar-ghuth trian na n-éan, Tá ciach ag iadhadh ar mo chliabh go léir, Is m'aois is sia seacht mbliadhain ó 'réir.
Acht ní croidhe-bhrughadh, ná cumha, ná deóir, Dá chaoineadh súd 'san úir is cóir, Acht dibhfhearg dlúth le lúth is tóir, Is sgeimhle dubhach ar bhúir i ngleó. A fhir-fhuil dhílis, chaoin, Dheasmhumhan, Ná dísg i gcroidhe na tíre úir, Go síolfaidh buidhean bheas fíochmar dlúth, Ag díbirt námhaid tar tuinn anonn. Beidh bláth an earraigh cluthmhar, ciúin, Ag fás, 's ag gealadh, os do chionn, Beidh sgáth ar maidin ag an ndrúcht, As sgáil ó chrannaibh thart anonn. Beidh cuach gan bhuaidheart, gan ghruaim, annsúd, Beidh cuaird ag uanaibh buan 'san gclúid, Beidh luasgadh luath, le fuaim duilleabhair, 'San suairc-fhear snuadh-gheal fuar 'san úir. Do b'áil leis stair 'na cheart, is dréacht, Do b'áil leis greas go deas ar chéis, Do b'áil leis fras na n-eas ar shléibh, As cantain greannta deas na gcraobh. Ní'l aoibhneas ghrinn 'san tír, acht cumha, An taoiseach groidhe ó shín 'san úir, Tá a chuimhne sgríbhthe síos go dlúth I mongaibh mín 's i gcríochaibh Mumhan. Ba mhear a ghasradh óig-fhear groidhe, Ar fhaithche ghlas 'sar chóir-chnuic mhín, Ag basgadh Danar crón le claidheamh, Ó Dhaingean theas go hEóchaill chaoin.
Acht chím go cruinn mo díth 'na éag, Is cinnte sinn gan bhrígh 'na dhéidh, Is fúidheach bhead síorraidhe ag caoi na n-déar, Go sínfead síos 'ga thaoibh i gcré!
AN CEATHRAMHADH hALT DÉAG. DEIREADH Ba dhoilbh é fuaim gotha Chormaich ag cantain an dáin sin go huaigneach i lár an roilige 'nuair a thagadh sé chum na bhfocal i n-ar fhógair sé ruagairt is lán- threasgairt ar na Gallaibh do sheasuigheadh sé, 'na lán- aoirde is do lasadh a ghnúis le dásacht is le neamh- spleáchas. Ní minic do casadh caoineadh le guth chomh dian, chom huaigneach soin. Acht bhí an léir-fhaire is an dian-mhachtnamh soin ró-throm do Chormac agus tar éis an mharbhnaidh do chríochnughadh do tháinig garbh-ghuais neamh-chuibheasach air is do thuith sé i bhfantais ar an dtalamh. Do thóg a athair a bhaile é breóighte lag-bhríoghach, is do chuir i leabaidh é, is as an leabaidh sin níor éirigh sé riamh arís Ba mhinic ag labhairt é 'na mhearbhall tinnis ar na neithibh tré n-ar ghabh sé, is níor b'fhéidir leis an rann rúnach úd thug Murchadh Liath dhó a chur as a cheann. Bhíodh sé i gcomhnaidhe ag iarraidh é do chraoibhsgaoileadh, is i gcomhnaidhe ag casamh daor-bhruide na hÉireann. Acht níor b'fhada uaidh an deireadh anois. Do leath an tinneas tré n-a chnámhaibh, is tré n-a bhallaibh go léir. Do tháinig gluthar an báis 'na bhrághaid is d'árduigh sé é féin ar a ghlúnaibh le garbh-ghuais. 'San dtreó soin do leath sé a lámha is dubhairt: “A Dhia, beir m'anam leat go flaitheas is saoruigh mo thír ó throm-bhruid. Ní raibh uaim acht an lá d'feicsint i n-a gcuirfidhe lán- ruagadh ar Ghallaibh tar tuinn; acht ó 'sé do naomh- thoil glaodhach orm roimh an aimsir sin, atáim sásda an
saoghal d'fágáil. A Dhia, glac mé id' chúirt go deó!” Iar rád na bhfocal soin dó do tháinig lagachar air, is thuit sé siar is d'éag gan mhaill. Do chuireadh le hais an Iarla é, agus is sámh é a gcodladh i gCill na Manach le trí chéad bliadhan. Roinnt bliadhanta i ndiaidh na neithe seo do bhí mathshluagh cruinnighthe le hais carchair i Sagsana. Bhí fear le crochadh agus ba léir go raibh grain ag an ngraisg sin air. Is iomdha fhear do mhairbh an méirleach soin agus anois b'éigin do díol as aon mharbhadh amháin. Do tógadh an groidhe-fhear soin amach idir a choimeadaidhe is ba dhuairc, ba dhoirbh a dhreach. D'féachadh sé mór-dtimcheall le crith-eagla mar a mbeith na mairbh dá taisbéanadh féin dó nó guth ó'n saoghal eile ag fógradh a chionnta dhó. B'fhiadhain, neamh-thruaigh- mhéileach é sgread an mhathshluaigh sin 'nuair a thuit sé marbh os a g-comhair. Ní féidir linn acht sgéal gairid do dhéanamh do shaoghal athar Chormaic 'na dhiaidh sin. Do chuir an blaiseadh soin fuair sé do chleasaibh na n-arm, is an muiníghin do bhí aige a cúis a thíre, misneach air chum dul tar lear óir ná raibh glaodhach 'san mbaile air. Do chuaidh sé go dtí an Sbáinn, is níor bhfada gur éirigh sé go hárd 'san arm le n-a chródhacht is le n-a chalmacht. Acht bhí a chroidhe 'na dhiaidh i nÉirinn, agus is iomdha iarracht do thug sé ar theacht tar n-ais le buidhin neartmhar Sbáinneach chum na n-eachtrainn do ruagadh as fearannaibh na Mumhan. Bhí buidhean ullamh chum teacht leis i bhfochair an tsluaigh do ceapadh d' Aodh Ruadh Ua Domhnaill 'nuair do milleadh an curadh óirdhearc soin i mor-thuile a bheathadh le feall- bheart na nGall. Do léigheadh sé go cíocrach na héachta do rinneadh
'san mbaile na dhiaidh sin is go mór-mhór na neithe do bhain leis na Gearaltachaibh. Ar uairibh do ritheadh 'na aigneadh an rann rúnach úd do thug Murchadh Liath an fáidh buile do Chormac fad ó shoin, is, lá, 'nuair chuala sé bás Iarla an tSúgáin is an chumha i n-ar rugadh air do luigh sé ar mhachtnamh ar an gcrích do bhí le muinntir an tsean-Iarla. Cionnus do hoileadh a mhac 'na Shagsanach is tugadh go hÉirinn é chum na daoine do chur i gcoinnibh Iarla an tSúgáin, cionnus do bhailigh- eadar na daoine timcheall air go bhfuaradar amach gurbh Sagsanach é, is gur iompuigheadar uaidh annsoin le fuath is le feirg, is cionnus do milleadh i Londain é, le claon-bheart na n-eachtrann 'nuair ná raibh maith le baint as a bheathaidh aca, do bheartuigh sé leis féin go raibh deallramh éigin ar an rann úd Mhurchadha Léith: “Gaisgídheach óirdhearc leagtha le feall.” B'é sin an sean-Iarla é féin “Oighreadh aithiseach taca na nGall.” B'é sin a mhac do hoileadh na Shagsanach. “Curadh ag a charaid ceangailte i bpoll.” B'é sin Iarla an tSúgain ceangailte leis an gCuradh Bhán i n-uaimh i n-a bhfuair se é. “Críoch le treibh tar tuinn anall.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services