Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stair na hÉireann II
Title
Stair na hÉireann II
Author(s)
Breathnach, Micheál 1881-1908,
Pen Name
Carraig Áine
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Stair na hÉireann II. Micheál Breathnach Connradh na Gaedhilge Caibidil 1. Na Normánaigh i n-Éirinn. Teacht Strangbó agus an sléacht a rinne sé. Mar chuidigh Mac Murchadha leis. Tháinig cuid de na Normánaighibh anall 'san mBealtaine a bhí chugat. Tháinig i dtír i Loch Garman faoi stiúradh an Normánaigh Riobárd Mac Stiopháin, agus fear misneamhail eile dar bh'ainm Muiris De Piondaghrás ó'n mBreatain. Chuireadar sgéala gan mhoill chum Mic Mhurchadha agus d'innis dó go rabhadar ar talamh agus go raibh arm láidir le teacht 'n-a ndiaidh. Ghluais leis-sean chuca gan mhoill agus gach ar bh'fhéidir leis a bhailiughadh d'fhearaibh 'n-a theannta. Do ghluaiseadar go dtí baile Locha Garman agus bhain amach é thar éis catha fuiltigh a thabhairt. Ghluais le Diarmuid Mac Murchadha annsin go hOsraighibh leis an dúthaigh sin a bhaint amach. Bhí Mac Giolla Phádruig .i. flaith na dúithche, roimhe annsin le n-a chuid fear. Tugadh cath fíochmhar eatorra, acht ní raibh gar d'oiread fear troda ag Mac Giolla Phádruig is bhí ag Mac Murchadha agus cuireadh ruaigeadh air féin agus ar a chuid saighdiúir 'sa deireadh thar éis seasamh láidir a dhéanamh. Ní raibh aon cheapadh ag Ruaidhrí, .i. an t-Árd-rí, ar feadh na haimsire seo go raibh rud ar bith faoi Mhac Murchadha acht a chuid talmhan a fhagháil ar ais agus cheap sé gur bh'é sin a fáth go dtáinig na saighdiúir
ó Shasanaibh le cuidiughadh leis. Acht budh mhian leis cosg a chur leis an gcreachadh a bhí ar bun ag Mac Murchadha, agus mar sin bhailigh a chuid fear le chéile ag Teamhair agus ghluais leó le smacht a chur air. Loic flaith Uladh agus a mhuinntir cuidiughadh leis an Árd-rígh an iarraidh seo. Casadh Ruaidhrí agus Mac Murchadha ar a chéile. Dhearbhuigh an gleacaidhe Mac Murchadha dhó go raibh sé sásta le haon tsocrughadh a dhéanfadh an t-Árd-rí agus nach n-iarrfadh sé an níos mó de na Sasanaighibh teacht anall. Mar sin tugadh a chuid talmhan ar ais dó. Acht b'fhada uaidh a bheith dílis d'á ghealladh. Ní raibh uaidh acht siothcháin nó go mbéadh Strangbó agus a chuid fear cabhrach ar an talamh, agus bhí fhios aige anois gur ghairid go mbéadh deagh-dheis aige leis an sásamh a bhí uaidh le fada a fhagháil. Níor thúisge an tÁrd-rí immthighthe ar ais ná ghluais le Diarmuid go Baile Átha Cliath, ar a chloisint dó go dtáinig dream Normánach eile i dtír i Loch Garman. Bhí Baile Átha Cliath i seilbh na Lochlannach an t-am sin, acht go rabhadar umhal agus dílis do'n Árd-rígh. Leig Mac Murchadha amach anois nach rud ar bith a bhí uaidh acht a bheith na árd-rígh ar Éirinn. Anois 'seadh bhí cosamhlacht an chogaidh le feicsint agus tuar an áir agus an réabadh le tabhairt faoi deara. Níor hairigheadh go dtáinig dream láidir eile Normánach i dtír i ngar do Phortláirge, agus gur shocruigheadar síos ann ag fanamhaint go dtagadh Strangbó agus an t-arm le n-a raibh súil gan mórán eile moille. Anois tráth a raibh Mac Murchadha ag ullmhughadh i gcomhair na Normánach agus saorsacht na hÉireann i gcontabhairt chruaidh, tráth ar chóir do gach Gaedheal seasamh go láidir ag cuidiughadh leis an Árd-rígh i n-aghaidh na Normánach a tháinig agus a bhí ag teacht, 'seadh d'éirigh Donnchadh Ó Briain, .i. flaith Thuath-Mhumhan, mí-dhílis don Árd-rígh agus d'fhéach le imreas a tharraing. D'ullmhuigh Strangbó amach gach rud i gcómhair an chogaidh, agus bhí sé go díreach ar tí seoladh leis ó
Mhilford 'san mBreatain le arm an-iongantach nuair a fuair ordughadh ó Hannraoi gan imtheacht. Acht budh bheag í áird Strangbó air. D'imthigh leis agus "stríoc tír agus talamh" i bPortláirge agus tríomhadh lá fichead de Lughnasa, 1171. Tháinig an dream Normánach a bhí ann roimhe 'n-a theannta, agus le chéile thug iarracht láidir ar chathair Phortláirge an uair úd faoi riaghlughadh glath Lochlannach a bhí faoi smacht agus ceannas an Áird-ríogh. Bhailigh Ua Faoláin, .i. flaith na nDéiseach, a chuid fear le chéile agus ghread go tapaidh le cuidiuguadh le muinntir an bhaile i n-aghaidh a námhad. Throideadar go hiongantach i n-aghaidh Strangbó, agus níor throid Gaedhil riamh le níos mó calmachta ná rinneadar i bPortláirge an lá úd. Acht, mo bhrón! ní raibh ionnta 'sa deireadh na creachadóirí a chongbháil amach agus isteach ar fud an bhaile le Strangbó agus a chuid fear, agus rinne ár agus marbhughadh ar gach duine a mb'fhéidir leó a theacht suas leis 'san gcathair. Ní raibh acht go raibh an chathair i seilbh Strangbó, agus é seo go léir déanta, nuair a tháinig Mac Murchadha agus a inghean Éabha agus pósadh le chéile í féin agus Strangbó an mhaidin sin. Ghluais le Strangbó agus le Diarmuid annsin go Baile Átha Cliath. Budh é an fear cráibhtheach naomhtha Lorcán Ó Tuathail a bhí na árd-easbog ar an gcathair an t-am sin, agus chuir muinntir an bhaile go dtí an námhaid é le súil is go bhféadfadh sé socrughadh a dhéanamh eatorra is nach ndéanfaidhe ár mar rinneadh i bPortláirge. Ní raibh duine eile ní b'fhearr ná ní b'oireamhnaighe le fagháil, mar bhí sé, ní hé amháin 'n-a dhearbhráthair do mhnaoi Dhiarmada, acht budh í seo máthair Éabha. Chuaidh sé chum Mic Mhurchadha agus Strangbó, acht tráth bhíodar ag déanamh an tsocruighthe, agus muinntir na cathrach ag feitheeamh le n-a theacht ar ais, phléasg beirt taoiseach Normánach isteach le n-a mbuidhin troda ar rud an bhaile ag dícheannadh gach duine d'á dtagaidís suas leis. Budh ghairid go raibh an t-arm fré chéile 'n-a ndiaidh ag déanamh aithrise orra. Rinne an tÁrdeasbog gach a raibh ar a chumas le cosg a chur leis an
easbog gach a raibh ar a chumas le cosg a chur leis an ár, acht ní raibh maith dhó ann. Sguab le hAsculbh, .i. taoiseach Lochlannach a bhí ar an mbaile mhór, agus go leór d'á chuid daoine le n-a chois, go dtí a longa, agus d'imthigh leó le n-a n-anamnachaibh a shaoradh. B'éigean do Ruaidhrí imtheacht go Connachtaibh. Bhí Baile Átha Cliath gabhtha ag an námhaid anois. Le sásamh a bhaint de Mhac Murchadha faoi gur bhris sé a ghealladh dhícheann Ruaidhrí a mhac. Budh ghairid thar a éis seo gur cailleadh an brathadóir Mac Murchadha féin agus deirtear gur bh' uathbhásach an bás a fuair sé. CAIBIDIL II. Gleacaidheacht agus beartaidheacht Ríogh Hannraoi ; a theacht agus a imtheacht as Éirinn. Cé rud a thárla le n-a linn. Ruaidhrí Ó Conchubhair. Socrughadh idir na Gaedhil agus na Normánaigh. Briseadh an tsocruighthe. Bás an Áird-ríogh. Bhí faitchíos anois ar Rí Hannraoi nuair a d'éirigh le Strangbó go mbéadh an tír caillte ar fad aige féin muna n-oibrigheadh air gan mhoill. Mar sin, chuir sé fios ar ais go Sasanaibh ar Strangbó go beó tapaidh. Níor ghéill Strangbó dhó, acht chuir sé teachtairí chuige le n-a dhílseacht a chur i gcéill dó. Ní raibh an rí sásta. Tháinig Strangbó féin ar ais go Sasanaibh 'sa deireadh go díreach glan agus an Rí ar tí seóladh go hÉirinn. Bhí Strangbó chomh cliste agus chomh gleacaidhe sin is gur éirigh leis maitheamhnas an ríogh d'fhagháil in gach a ndeárna sé, agus bhí an rí sásta na tailte a bhain sé amach i Loch Garman a fhágháil 'n-a sheilbh. I dtús Mí Dheiridh an Fhoghmhair 'sa mbliadhain 1171 sheól Hannraoi agus a chuid fear i gceithre chéad long le arm iongantach go hÉirinn agus tháinig i dtír i Loch Dá Chaoch. Bhí sgoth na Normánach 'n-a theannta anois,
agus an lá budh dlúth-mhuinntearaighe agus go b'fheárr Clanna Gaedheal badh dheacair dhoibh an ceann a b'fheárr a fhagháil ortha. Do leig Hannraoi go gleacaidhe air féin nach raibh uaidh acht síothcháin agus suaimhneas a thabhairt ar ais 'sa tír. Ní bhéadh glacadh ar bith aige le troid nó achrann. D'fhuagair sé do Strangbó agus d'á lucht conganta glanadh leó as an tír agus gan a bheith níos fuide ag creachadh na tíre, agus chuir sé i dtuigsint do na Gaedhlibh gur le n-a saoradh ó na crachadóiribh seo a tháing sé féin. Creideadh é agus fáiltigheadh roimhe in gach cearn. Bhí sé chomh sleamhain, chomh réidh agus chomh cáirdeamhail leis na Gaedhil is gur cheapadar go mb'fheárr dóibh go mór é a bheith aca mar fhear cómhairle, mar chosantóir agus mar stiúrthóir. Dá mbéadh fhios ag na Gaedhlibh cé rud a b'áil leis a dhéanamh, agus cé an rún a bhí aige i bhfolach 'n-a intinn, b'fhada uatha an saoghal a leigean chomh réidh leis ar theacht dó ar dtús. Acht mealladh iad le plámás agus gleacaidheacht. Ghluais leis ó Phortláirge go Caiseal agus ó Chaiseal go Baile Átha Cliath agus in gach áit bhí na flatha Gaedheal ag bailiughadh 'na theannta agus ag fáiltiughadh roimhe. Ar feadh an gheimhridh i mBaile Átha Cliath bhí fleadh agus féasta le fagháil uaidh ag flathaibh na nGaedheal agus leig sé air féin suim a bhfaca tú riamh a bheith aige ionnta féin agus gach ar bhain leó. Bhí an t-Árd-rí ar feadh na haimsire seo go tromchroidheach buaidheartha i gConnachtaibh, agus, cé go bhfuair sé cuireadh ó Hannraoi, ní rachadh chuige agus ar chloisint dó go raibh an rí ag teacht go Connachtaibh, bhailigh sé a chuid fear agus dubhairt, an fhad is beó é, nach leigfeadh sé rí Sasanach isteach ar a chuid talmhan. Thar éis na Nodlag rinne Hannraoi socrughadh áirithe le taisbeánadh cé an tsuim mhór a bhí aige 'san gcreideamh i nÉirinn, acht tráth a raibh gach rud ag éirighe leis go geal, agus é i leabaidh a chéile ag cur a chuid uaisle féin i n-árd-réim 'san tír, 'seadh b'éigin dó filleadh gan mhoill ar ais go Sasanaibh, mar bhí cruadhóg leis ag teachtaire 'o'n bPápa a cuireadh anall
i n-aon turas le fios d'fhagháil cé an fáth ar marbhuigheadh San Tomás Beicit i Sasanaibh. Níor thúisge imthighthe ar ais é 'ná thosuigh na Normánaigh arís ar an gcreachadh agus ar an ngadaidheacht, acht ní thug na Gaedhil cead a gcinn dhóibh, agus níor bh'fhada go raibh an tsíothcháin a chuir Hannraoi ar fud na tíre briste agus gach a raibh gnóthuighthe aige caillte ar ais ag Strangbó agus na Normánaigh a d'fhan 'n-a dhiaidh. Bhí an shíor-imreas ar bun eidir flatha na nGadheal agus na Normánaigh, agus ní raibh dadamh a d'fhéadfadh críoch a chur leis acht socrughadh a dhéanamh idir an t-Árd-rí agus Hannraoi. Le iarracht a thabhairt fá sin a dhéanamh cuireadh 'san mbliadhain 1175 anonn go Sasanaibh Ó Dubhthaigh, Árdeasbog Thuama, Ab Chluana Fearta, agus Árd-easbog Bhaile Átha Cliath, Lorcán Ó Tuathail. Bhí coiste i dteannta a chéile aca ag Windsor i dtaca na Féile Míchíl agus socruigheadh Ruaidhrí Ó Conchubhair a bheith 'na rígh ar Éirinn, acht umhal do Rígh Hannraoi ; go mbéadh Cúige Chonnacht 'n-a sheilbh go díreach mar bhí sul tháinig Hannraoi anall ; go mbéadh smacht agus cumhacht aige os cionn flath eile na tíre, agus go mbéadh d'fhiachaibh air cáin a bhaint dhíobh le haghaidh Ríogh Shasana, go bhfágfaidhe a dtailte i seilbh na bhflath so chomh fada is bhéidís dílis do Rígh Shasana agus a d'íocaidís an cháin leis ; agus dá dtárlóchadh go n-éireóchaidís mí-dhílis go mbéadh air breitheamhnas a thabhairt agus an chumhacht a bhaint dhíobh le n-a chumas féin nó le congnamh na Normánach. Acht socruigheadh gan aon chur isteach ná baint a bheith aige ar chor ar bith leis na conndaethibh 'n-a raibh na Sasanaigh socruighthe síos le fada, mar bhí, Conndae na Midhe, Conndaethe Laighean, Baile Átha Cliath, agus ó Phortláirge thart go Dún Garbháin. Acht mar rinneadh go minic ó shoin, níor bh'fhada gur briseadh an socrughadh. Ní raibh na flatha Normánacha sásta gan cead gadaidheachta a bheith aca, agus cead ar thuilleadh talmhan a bhaint amach. Mar sin, 'sa deireadh bhí Hannraoi sásta an socrughadh a bhriseadh
agus cead a gcinn a thabhairt d'á chuid flath agus saighdiúir. Tá fhios againn gur éirigh Murchadh mac Ruaidhrí mí-dhílis d'á athair agus go dtug iarracht ar an gcoróin a bhaint de agus gur chuidigh na Normánaigh le Murchadh 'san iarracht sin, acht nár éirigh leo, agus freisin, tar éis an gheallta agus an tsocruighthe a rinne an rí go ndubhairt sé go gcaithfeadh a mhac féin, Seaghán, a bheith 'na rígh ar Éirinn, agus ní hé sin amháin, acht gur thosuigh air ag roinnt amach talamh na hÉireann idir a mhuinntir féin. Mheall sé na Gaedhil le n-a chuid gleacaidheachta agus plámáis. Leig sé air féin a bheith cumannach cáirdeamhail leó. Rinne sé socruighthe a bhris sé agus thug geallta nár chóimhlíon sé agus 'sa deireadh thiar thall rinne ár agus sladadh agus chaith go suarach leis na Gaedhlibh ar leig sé air féin a bheith chomh práidhinneach ionnta. Briseadh croidhe Ruaidhrí, agus chaith an dá bhliadhain deireannach d'á shaoghal i mainistir Chunga ar bhruach Locha Oirbsean agus annsin 'seadh fuair sé bás an naomhadh lá fichead de Mhí na Samhna 'san mbliadhain 1198. Sin é an áit a bhfuil Ruaidhrí Ó Conchubhair curtha, agus t-Árd-rí deiridh a bhí ar Éirinn do réir dlighthe agus socruighthe Chlann nGaedheal. Caibidil III. Easaontas na nGaedheal. Sompla! mar b'éigean do Shéarfaidh O Dómhnaill troid i n-aghaidh Uí Néill : a chómhairle d'á mhuinntir lá na troda. Mar dubhairt mé cheana agus mar déarafs mé arís, 'sé rud a chaill do na Gaedhlibh é i gcómhnnuidhe gan an dlúth-mhuinnteardhas a bheith eatorra. Ní'l aon Ghaedheal a léigheas agus a dhearcas tré stair ar dtíre nach gcaithfidh admháil gur mór a mhill na "Clanna" go minic i leabaidh rud a leasughadh. Bhí gach flaith mór ann féin, gaisgeamhail as féin, agus b'áil leis go minic cur isteach a dhéanamh ar a chomharsain
agus a smachtughadh. Mar sin budh mhinic cogadh idir muinntir na tíre féin. Bhí an námhaid le troid aca go léir, acht faríor ! nár mhinic iad ag déanamh faillighe i mbuille, a chur i gcion i n-aghaidh an tSasanaigh le troid eatorra féin. Níl orainn acht sompla a thabhairt le taisbeánadh cé an síor-imreas a bhíodh eatorra. Ar feadh i bhfad chinn amach is amach ar na Normánaighibh seilbh Thíre Chonaill a fhagháil. D'fhéachadar go minic acht theip ortha i gcómhnuidhe. Budh é Séafraidh Ó Dómhnaill a bhí 'na fhlaith ar Thír Chonaill an t-am úd agus fear tréan dána fearamhail a bhí ann. 'Sa deireadh thug na Normánaigh mór-iarracht láidir ar bhuaidh a fhagháil air. Tháinig siad fré chéile ar gach cearn de'n tír, acht níor chaill Séarfraidh an misneach. Thangadar 'n-a chéile ag Créadán Cille i gConndae Shligigh, agus tugadh cath fuilteach fíochmhar eatorra. Chaith an cath i bhfad ar siubhal gan a fhios cé ag a mbéadh an bhuaidh. Rinne Séafraidh gníomha iongantacha ag brostughadh a chuid fear i gceart-lár na troda, agus ag leagadh gach Normánaigh dá dtagadh suas leis. Bhí na Gaedhil ag fagháil na buaidhe agus bhí fhios ag an tighearna Muiris Mac Gearailt, a bhí 'na thaoiseach ar na Normánaighibh, muna n-éireóchadh leis Séarfaidh Ó Dómhnaill a chur ar lár, nach bhfágfadh Normánach d'á raibh 'san gcath beó. Rinne sé ar Shéafraidh agus rinneadar féin ar a chéile. Thug sé buille marbhthach do Shéafraidh, acht ní raibh aige acht malairt, mar fuair sé féin buille de'n truaigh chatha ó Shéarfraidh nár fhág mothughadh ná arann ann, agus b'éigean a chrochadh chum bealaigh agus é donaighthe ó pháirc an áir. Cuireadh rith agus ruaig ar na Normánaighibh agus rinneadh sléacht mór ortha, ag imtheacht dóibh. Chaith Mac Gearailt ag déanamh a anama i mainistir na Manach i nEóchaill nó gur cailleadh é go gairid thar éis an chatha. Bhí Séarfaidh loitthe go mór, acht ní thug sé cead d'á arm sgaipeadh nó filleadh a bhaile nó gur ruaigeadh as Tír Chonaill gach duine de na Normánaighibh agus gur leagadh gach caisleán d'ár thógadar ann. Nuair a bhí sin déanta, thug sé ordughadh d'á chuid laochradh
filleadh, agus tugadh a bhaile é féin go lag tnáithte le bás a fhagháil i measg a mhuinntire dúthchais. Budh é sin an t-am go díreach ar chuir Ó Néill as Tír Eóghain cogadh ar mhuinntir Thíre Conaill agus ar mhian leis a gcur faoi n-a smacht ! Chualaidh sé go raibh Séafraidh loitthe, agus chuir teachtairí chuige dh'á iarraidh air géilleadh. Chuir Séafraidh fios go difreach ar mhuinntir Thíre Conaill le troid i n-aghaidh an Niallaigh. Bhailigheadar chuige gan mhoill. Acht, mo bhrón ! ar maidin lae na troda ní raibh ann acht go raibh Séafraidh beó ar éigin, agus bhí fhios aige féin agus ag gach duine go mbudh ghearr an bás uaidh. D'ullmhuigh sé ar dtús é féin i gcómhair an bháis ; annsin thug sé chómhairle d'á chuid fear troda cé mar b'fheárr dóibh oibriughadh 'san gcath, agus annsin d'orduigh sé a iomchur amach i gceart-lár na troda agus ar fhagháil bháis dó gan a cholann a chur i dtalamh go deó go mbéadh muinntir amhlaidh. Tugadh amach é ar ghuailnibh a chuid fear mar d'orduigh sé agus thar éis catha fuiltigh glanadh amach muinntir Néill as Tír Chonaill agus rinneadh sléacht anuas d'á nguailnibh le cur i gcéill dó go raibh an lá gnóthuighthe aca, acht bhí dath an bháis ar ghnúis an laoich thréanmhair agus an tséideóg imthighthe as. Taisbeánann an sompla so dhúinn cé an stáid 'n-a raibh Éire an tráth sin - gach flaith ag iarraidh cumhachta agus riaghlughadh a bheith aige féin. Maidir le tréineacht, agus dánacht, misneach agus fearamhlacht, bhí siad aca, acht, mar dubhras cheana, chailleadar de cheal gan seasamh le chéile go dlúith, de cheal gan a bheith umhal do'n Árd-rígh ; agus de cheal gan a dtréineacht agus a spreacadh, lúd a ngéag agus brígh a gcnámh a oibriughadh i n-aghaidh námhaid a dtíre i leabaidh i n-aghaidh a chéile.
Caibidil IV. Mar chuidigh na Gaedhil le Riobárd De Braos i nAlbain. Aisioc na nAlbanach. Mar rinneadh rí ar Éirinn de'n Bhraosach, dearbhráthair Riobáird. Mar d'oibrigh sé i n-aghaidh na Sasanach. Mar chaill an gorta dhóibh é, agus mar marbhuigheadh an Braosach. 'San gcath mór a tugadh idir Sasana agus Alba ag Bannockburn 'san mbliadhain 1315 chuidigh na Gaedhil as Éirinn le Riobárd De Braos, an tAlbanach, agus bhuaidh go breágh ar na Sasanaighibh. Tráth bhain na hAlbanaigh an tuisle seo as an Sasanach i nAlbain, shocruigh na Gaedhil iarracht a thabhairt ar chuairt a bhaint as i nÉirinn agus gheall na hAlbanaigh a gcongnamh dóibh. Mar sin d'aontuigh na Gaedhil le chéile ní b'fheárr ná rinneadar go dtí sin, agus, ionnus nach bhféadfadh éad ná imreas a bheith idir na flatha budh cheannusaighe, shocruigheadar rí ar Éirinn a dhéanmh de Éamonn De Braos, dearbhráthair Riobáird a throid ag Bannockburn. Tháinig sé anall le sé mhíle fear an cúigeadh lá fichead de Bhealtaine 'san mbliadhain 1315. Tháinig na Gaedhil chuige as gach cearn. D'ullmhuigh na Normánaigh iad féin 'n-a aghaidh acht budh gheárr a sheasadar i n-aghaidh na nAlbanach agus na nGaedheal i gceachtar de na cathaibh a tugadh eatorra. Ní raibh goir seasamh 'n-a n-aghaidh. Bhí an bhuaidh leó in gach cath. Tháinig na flatha Gaedheal go léir i dteannta a chéile ar bhárr Chnuic Maoláin i gConndae Lughbhaidh, agus rinneadh rí ar Éirinn d'Éamonn De Braos. Chuir Dómhnall Ó Néill, a raibh an choróin ag gabháil dó ó cheart, suas di, le fonn an tAlbanach a bheith 'na rígh. Chuir sin corrughadh agus imnidhe ar na Sasanaighibh, agus socruigheadh arm Sasanach a chur go hÉirinn nár cuireadh a leitheid ann roimhe sin riamh. Acht bhí mór- dhóchas agus muinighin ag an mBraosach go n-éireóchadh leis 'n-a n-aghaidh. Ba ghairid go dtáinig a dhearbhráthair
agus a chomhlucht anall le cuidiughadh le Clannaibh Gaedhil. Ghluais leis, 36,000 fear, idir Gaedhil agus Albanaigh, agus rinne ar Bhaile Átha Cliath, acht cuireadh thré lasadh ciumhais an bhaile ar gach taobh agus níor fhéad siad a ghabháil. Ghluais leó as sin go Luimneach agus ghabhadar an baile. Ní raibh troid d'á dtugadh eatorra nár bhuaidh na Gaedhil. Acht mo bhrón ! Nuair a bhí ag éirighe leó go geal 'seadh d'éirigh go hobann donas mór 'san tír .i. an gorta. Loic an cur ; níor bh'fhéidir beatha a fhagháil le haghaidh an airm, chailleadar brígh agus spreacadh agus 'sa deireadh níor bh'fhéidir leó fulaing leis an ocras. Phléasg na hAlbanaigh amach ar fud na tíre ag cuartughadh roda le n-ithe nó le goid. Phléasgadar isteach 'sna teamplaibh féin agus ghoid asta gach a mb'fhéidir leó. Mar sin níor bh'iongnadh gur éirigh fuath idir na Gaedhil agus na hAlbanaigh. 'Sa deireadh níor bh'fhéidir le harm an Bhraosaigh ná le harm na Sasanach seasamh ní b'fhuide, agus ní raibh ag an mBraosach acht gluaiseacht leis ar ais go hAlbain. Níor thúisge an fóghmhar baint 'san mbliadhain a bhí chugat (1318) ná thosuigheadh ar an troid arís. Bhí Éadbhárd de Braos geallta ar a theacht ar ais le cuidiughadh leó. Mar sin d'oibrigh ar na Sasanaighibh le troid i n-aghaidh na nGaedheal sul mar thiocfadh sé. Ní raibh na Gaedhil ag bailiughadh chum an Bhraosaigh acht go righin, acht mar sin féin, cé nach raibh aige acht tuairim trí mhíle fear, sheas sé go dána le toid 'n-a n-aghaidh. B'fhurus do fhlathaibh na nGaedheal a thuigsint nach mbéadh goir aige ar an bhuaidh a fhagháil. Mar sin chómhairligheadar é gan tosughadh ar an troid leis an námhaid, ná aon chath mór a thabhairt nó go mbéadh a dhearbhráthair 'sa láthair. Acht ní raibh claonadh 'n-a chionn, agus ní raibh maith dhóibh leis. Shaoil sé nach raibh bualadh i ndán dó. D'imthigh cuid de na flathaibh Gaedhealacha uaidh nuair a chonncadar nach raibh maith dhóibh ag cur chómhairle air. Tugadh an cath eatorra, acht marbhuigheadh an Braosach. Ghléas fear dar bh'ainm de Mápas é féin i gculaith amadáin, agus chuaidh ar a thóir i bpáirc an chatha. Tháinig sé air, agus mharbhuigh
Éadbhárd De Braos, acht níor fágadh deór ann féin acht an oiread, mar fríoth an bheirt i mullach a chéile marbh tar éis an chatha. Cuireadh an Braosach ag Fochaird, acht tugadh a cheann go Lonndain. Ní raibh ann acht go raibh an cath caithte agus caillte nuair a tháinig a dhearbhráthair. Ní dhearnadar acht filleadh ar ais arís gan dadamh a dhéanamh. Bhí críoch leis an gcéad iarracht a thug Éire ar a haghaidh féin - faoi riaghlughadh ríogh a thogh a muinntir féin go lán-toilteanach leis an Normánach a dhíbirt. Muna mbéadh an gorta, cá bhfios cé rud a thárlóchadh ? CAIBIDIL V. Mar bhí na Normánaigh ag éirghe Gaedhealach. An socrughadh láidir a cuireadh ar bun i n-a aghaidh. Cé rud a rinne na Normánaigh agus na Gaedhil. Bhí aon rud amháin ag cur síor-imnidhe ar na Sasanaighibh i Sasanaibh féin an tráth so. Bhí na Normánaigh i nÉirinn ag éirghe Gaedhealach ; bhí teanga na nGaedheal d'á labhairt aca ; bhí béasa agus gnása na nGaedheal d'á gcleachtughadh aca ; budh mhinic pósadh d'á dhéanamh idir Normánach ag cur suas d'á shloinneadh féin agus ag glacadh anma Ghaedhealaigh i n-a ionad. Bhí 'fhios go maith ag na Sasanaighibh cé rud a chaithfeadh tárlughadh as so. Agus i gcionn sgathaimh cuireadh fógra amach, 'sa mbliadhain 1341, go gcaithfeadh gach Normánach a raibh tailte aige i nÉirinn glanadh leis as an tír agus a chuid talmhan a thabhairt do Shasanach a thiocfadh anall as Sasanaibh, dá measadh breitheamhain an Tríomhadh Ríogh Éadhmonn go mbudh é a b'fheárr le déanamh. Chuir an fógra so fearg mhór agus corrughadh ar na Normánaighibh, agus dhiúltuigheadar a theacht go dtí coiste an ríogh ag a raibh díospóireacht le bheith i dtaoibh an tsocruighthe. Chuireadar féin coiste ar bun, agus cuireadh clamhsán agus casaoid
chruaidh uatha chum an ríogh, mar gheall ar an socrughadh a rinneadh, agus ag lochtughadh na ndaoine a cuireadh anall leis an tír a riaghlughadh. Cuireadh anall mac an ríogh, Líonel, 'san mbliadhain 1360, agus thar éis a bheith seacht mbliadhna 'san tír d'éirigh leis an dlighe, a chuir an oiread sin taoide agus feirge ar na Normánaighibh ar dtús, a shocrughadh. Budh é sin an dlighe a socruigheadh i gCill Chainnigh 'san mbliadhain 1367. Seo é an socrughadh a rinneadh : "Mar gheall ar gur chuir go leór Sasanach i nÉirinn suas d'á dteangaidh féin, d'á nósaibh, d'á mbéasaibh, agus d'á ndlighthibh féin agus go bhfuil aca 'na n-ionad teanga agus béasa, nósa agus dlighthe na námhad Gaedhealaighe ; agus fós, ó thárla gur minic Sasanach ag pósadh duine de'n námhaid, tá sé socruighthe nach bhfuil Sasanach d'á mbéidh baint nó lámh isteach ar bith aige feasta le hÉireannach i bpósadh nó i rud ar bith eile, nó a dhíolfas leis nó a cheannóchas uaidh, nach mbéidh cionntach i n-aghaidh an ríogh. Tá sé socruighthe go gcaithfidh gach duine nach nglacfaidh le hainm Sasanach agus nach gcleachtóchaidh béasa agus nósa na Sasanach a chuid talmhan a leigean uaidh. Caithfear críoch a chur le sean-dlighthibh na mbreitheamhan nGaedhealach agus ní bheidh feasta aon ghlacadh acht leis an dlighe Sasanach ; ní bhéidh a chead feasta ag Éireannach eallach a chur ar féarach ar thalamh Shasanaigh ; ní bhéidh a chead ag aon tSasanach lóistín a thabhairt d'aon cheóltóir nó file Gaedhealach nó aon bhaint a bheith aige leis ; agus, 'na theannta sin, ní bheidh a chead ag aon Éireannach a leigean isteach i dtigh pobail, nó i dtigh ar bith a bhaineas leis an eaglais ar thalamh na Sasanach i nÉirinn." Níor thúisge socruighthe é ná d'éirigh na Gaedhil amach agus a gcuid fola ag coipeadh le neart feirge. Bhí tuairim mhaith aca anois ó'n socrughadh cé rud a bhí na Sasanaigh a dhéanamh, agus phléasgadar isteach ortha in gach cearn. Chuidigh Ó Conchubhair, agus Ó Briain as Tuath-Mhumhain le chéile i n-aghaidh na námhad anois, cé go rabhadar i n-aghaidh a chéile go dtí sin. Rinne Ó Fearghail sléacht ar an námhaid 'san Midhe. Phléasg
Ó Mórdha, an Caomhánach agus Ó Broin ar fud Chúigidh Laighean agus sheas Ó Néill amach go daingean docht i n-aghaidh an tSasanaigh i nUltaibh. Bhuaidh na Gaedhil ortha ar gach taoibh, agus bhí deis aca thar ariamh le críoch a chur le cumhacht agus smacht na námhad 'na dtír dhúthchais, acht chaill an t-easaontas agus an mhí-dhílseacht dóibh 'sa deireadh é, agus níor glanadh chum bealaigh an Sasanach as an tír 'na dhiaidh sin. CAIBIDIL VI. Art Mac Murchadha. Tá 'fhios againn anois gur bh' é Diarmaid Mac Murchadha budh chiontach le go leór de'n chreachadh a rinneadh i nÉirinn. Acht má bhí duine de'n treibh go holc dá thír, bhí go leór eile de Mhuinntir Mhurchadha go Gaedhealach tréanmhar, agus ba mhinic a bhain leagadh agus tuairt as an Sasanach agus a chuid buille i gcionn ar son a dtíre. Thar gach duine eile budh é Art Mac Murchadha an Gaedheal agus an gaisgidheach a b'iongantaighe agus budh chumasaighe de'n treibh. Bhí a athair 'na fhear iongantach freisin, agus budh mhinic a chuir rith agus ruaig ar námhaid a thíre. Rugadh Art Mac Murchadha 'san mbliadhain 1357, agus ó aois a shé bliadhan déag bhí a chlú agus a cháil leathnuighthe ar fud na tíre le n-a shubháilceas agus a chuid eólais agus a ghníomha gaisgidheachta. Ní raibh sé acht tuairim ocht mbliadhain déag d'aois nuair a toghadh é le bheith 'na fhlaith i ndiaidh a athar a chaith dhá bhliadhain is dá fhichead ag riaghlughadh Chúigidh Laighean. Ní raibh uatha so a bhí faoi stiúradh Airt acht deagh-fhear cródha a bheith aca mar thaoiseach, agus bhí sin aca anois go cinnte. Phós sé cailín óg uasal de shliocht na nGall dár bh'ainm Éilís a bhí 'na hoidhre ar bharúntas na Forraighe i gConndae Chille Dara, agus, ar phósadh dhó, labhair sé go dána agus dubhairt go gcaithfeadh sé an talamh a bhí ag dul d'á mhnaoi a fhagháil nó go mbeadh
sé i n-achrann - do réir an tsocruighthe a rinneadh 'sa mbliadhain 1367, chaithfeadh sí an talamh a chailleadh ó thárla gur phós sí Éireannach. San am so bhí brat na nGaedheal go buach i n-áirde agus d'á sguabadh le gaoith de bhárr gach caisleáin in go leór ceanntar i gCúigeadh Laighean. Bhí an cúige go léir beag nach faoi smacht Airt agus a chuid fear. Bhí troid idir é féin agus Iarla Urmhumhan 'san mbliadhain 1392, agus chaill Mac Murchadha sé chéad d'á chuid fear 'san troid sin, acht budh ghairid thar a éis sin go raibh Ros Mhic Treóin gabhtha aige ; na ballaí agus na túir leagtha go talamh ; an t-ór agus an t-airgead agus cuid de na daoinibh sguabtha chum bealaigh aige. Budh é seo an t-am ar thug an rí Risteárd cuairt ar Éirinn le os cionn deich míle fhichead fear. Shaoil Risteárd nach mbéadh air acht teacht, agus go bhféadfadh sé na flatha Gaedhealacha a mhealladh le bladaireacht béil agus le cosamhlacht cáirdis agus muinnteardhais. Acht níor éirigh leis, mar bhí súil aige, cé gur ghlac cuid de na flathaibh le n-a chuid bladhair agus gur chuireadar suas de'n imreas ar a chómhairle. Acht chinn sé air amach is amach Art Mac Murchadha a mhealladh, mar rinne sé le cuid de na flathaibh eile. Ní thiocfadh flaith cródha Chúigidh Laighean i n-a aice agus ní chuirfeadh aon tsuim 'na ghlórthaibh béil. Cé an bheann a bhí aige ar Rígh Shasana ? Cé an faitchios a bhí aige roimh a chumhacht ? Dar fiadh ! dá mhéad a ghaisge agus a chumhacht, dá bhladaraighe é agus dá shleamhaine agus dá charthannaighe d'á raibh a chuid cainte, ní raibh aon bheann ag Art Mac Murchadha air ná aon fhaitchios aige roimhe ! Chuir an rí duine d'a chuid iarlaí, Móibreídh, chuige le féachaint le socrughadh a dhéanamh leis ; acht ní raibh aon mhaith ann. Ní bhéadh cainnt ná cómhrádh aige le haon duine acht leis an rígh féin ! Dubhairt sé leis go dána tuairisg a thabhairt uaidh féin chum an ríogh, muna bhfaghadh sé na tailte a bhí ag dul d'á mhnaoi, go mbainfidhe amach iad gan bhuidheachas. B'éigean do'n teachtaire an sgéal nuadh seo a thabhairt ar ais chum an ríogh. Chuir dánacht Airt fearg agus buile ar an rígh, agus dubhairt sé leis féin go rachadh
sé cruaidh leis nó go mbainfeadh sé féin ceart de'n fhlaith dána so. Thosuigh an troid, acht cé an ghoir a bhí ag saighdiúir Shasana ar ceart a bhaint de fhlaith Chúigidh Laighean imeasg sléibhte mór n-uaigneach agus gleannta a chuigidh féin ? Bhí sé ag cinneamhaint ortha aon chúis a dhéanamh ag portachaibh, ag bograchaibh, agus ag coilltibh nár bh'fhéidir a siubhal. Bhí eólas na háite ag Art agus nuair nach mbíodh súil ar bith leis 'seadh thagadh sé ortha, agus ghníodh mísg. Bhí sé ag fagháil an ceann ab'fheárr ar an rígh agus ag donughadh an airm air i leabaidh a chéile. I n-áit nach mbíodh súil leis, b'ann a bhíodh sé, agus an áit 'na gceaptaoi a bheith, ní bhíodh a thásg ná a thuairisg le fagháil ann. Ní raibh goir aca 'sa deireadh ar sheasamh i n-a aghaidh ní b'fhuide. Do réir mar bhíodar-san ag tabhairt uatha, agus ag cailleadh nirt agus misnigh, b'amhlaidh a bhí Art Murchadha agus muinntir Chúigidh Laighean ag éirghe ní budh dána agus ní budh dóchasaighe 'ná riamh. Sguir an rí, mar sin, de'n achrann 'sa deireadh. Thug sé cuireadh d'Art fá theacht ar cuairt chuige go Baile Átha Cliath le cómhairle a bheith aca cé rud a b'fheárr a dhéanamh, agus go dtaisbeáinfeadh dhó cé an meas a bhí ag an rígh air as ucht a mhisnigh agus a laochrais. Ghlac Art an cuireadh, acht budh gheárr i mBaile Átha Cliath é go dtug sé faoi deara go raibh sé i gcontabhairt ó bheith i nead na heasóige. Rugadh air agus cuireadh isteach 'sa bpríosún é fá gur throid sé agus go raibh sé ag gríosadh mhuinntire Laighean i n-aghaidh an ríogh. Acht níor leig faitchios do'n rígh a chur d'á chois mar bhí faoi ar dtús. B'fheárr leis go mór fada féachaint le hÉire a bhaint amach le gleacaidheacht agus le cleasaidheacht ná troid i n-aghaidh na nGaedheal, d'á mb'fhéidir ar chor ar bith é. Fuair sé a chómhairliughadh 'san troid dheiridh, agus níor chómhairle i n-aisge í acht an oiread. Mar sin leigeadh amach Art, ach coingbhigheadh triúr d'á chuid taoiseach le bheith i mbannaíbh air. Níor bh'fhada tar a éis go ndearnadh iarracht eile ar a mharbhadh go fealltach ag fleidh a bhfuair sé cuireadh chuici ó dhuine de na Normánaighibh. Budh é a cheóltóir a
thárrthuigh é an iarraidh seo. Thug an bárd nó an ceóltóir faoi deara cosamhlacht lucht airm a bheith 'gá gcur féin faoi réir taobh amuigh de'n chaisleán agus bhí 'fhios aige ar an bpointe cé rud a bhí fútha a dhéanamh. Ní dhearnaidh sé acht tosughadh air ag seinm sean-fhuinn Ghaedhealaigh ar a chláirsigh, agus 'na theannta sin thosuigh sé ag gabháil cheóil i nGaedhilg. 'Sé rud a bhí dh'á ghabháil aige rann ag á innsint d'Art cé an chontabhairt 'na raibh sé, 'gá chómhairliughadh glanadh leis chomh luath is bhéadh deis aige, acht a bheith aireach faireach, mar go raibh sé i gceart-lár a námhad. Thuig Art é láitheach. Níor leig sé dadamh air féin go bhfuair sé deis ar dhul amach, léimeann ar a chapall, agus, i ngreim go dlúith i n-a chlaidheamh, amach leis. Ní raibh sé in gach ar sheas i n-a aghaidh a bhacadh, agus sguab leis ó'n gcaisleán d'á mbuidheachas go léir. Thuig sé anois thar riamh go mbudh fealltóir é an námhaid, agus ní raibh síothcháin ná ciúineas uaidh i ndán dó uaidh sin amach. Throid sé an Sasanach ar feadh fiche bliadhain 'na dhiaidh seo. Cuireadh na taoisigh airm a b'fheárr d'á raibh i Sasanaibh i n-a aghaidh, acht ní raibh goir aca air. Throid sé 'na n-aghaidh i gCeanannus Osnaighe an fichead lá de'n Iúl 'sa mbliadhain 1398 agus mharbh ann an té a raibh an choróin le dul dó i Sasanaibh thar éis bháis an ríogh. "Cuirfead-sa críoch leis," arsa rí Shasana go feargach agus anall leis go hÉirinn arís le harm iongantach eile leis an mbail chéadna a chur air a cuireadh air an chead uair a tháinig sé. Ar theacht i dtír dó i bPortláirge, chuir sé teachtaireacht go dtí Art 'gá iarraidh air sgur de'n achrann i n-a aghaidh, acht 'sé an freagra a fuair sé ó Art .i. "nach n-umhlóchadh sé dhó, nach ndéanfadh a chómhairle agus nach sguirfeadh de'n troid i n-a aghaidh ar son a thíre an fhad is beó é." Bhí trí mhíle fear troda aige a bhí oilte ar an gcath ó n-a n-óige, agus a bhí i gcómhnuidhe ullmhuighthe le seasamh go dána i n-aghaidh an tSasanaigh. Chuir Art na mná, na páistí, na sean-daoine, an t-eallach agus gach cineál bídh as bealach i bhfad ó áit na troda agus sheas sé féin agus a chuid fear ag Uíbh Dróna i n-aghaidh
na námhad. D'éirigh le Risteárd go díreach mar d'éirigh an uair cheana. Bhí sé ag cinnt air an bealach a dhéanamh, agus bhí Art ag déanamh sléachta agus áir air i ngan-fhios nuair nach mbíodh súil ar bith leis. Gealladh maitheamhnas dó agus tailte agus caisleáin go leór acht claonadh do'n rígh. Acht budh é an freagra a fríoth ó Art "nach gclaonfadh sé ar ór an domhain, acht go leanfadh air ag basgadh na Sasanach ar gach bealach chomh maith is d'fhéadfadh." 'Sa deireadh tháinig sgéala ó Art go raibh sé sásta le cómhrádh a dhéanamh le teachtaire an ríogh i dtaoibh na troda. Chuir seo aoibhneas mór ar na Sasanaighibh. Cheapadar go raibh sé le sgur de'n achrann. Cuireadh an t-Iarla Gloster chuige. Bhí fear uasal Franncach i láthair a sgríobh cunntas 'na thaobh, agus deir sé "gur bhreágh mór leathan sgolbánta an duine é Art Mac Murchadha." "Tháinig sé ar marcaigheacht gan aon diallaid ar each," adeir sé, "nach bhfaca sé a leitheid riamh le deiseacht agus le luas, agus níor mharcach go dtí é." Níor bh'fhéidir leis féin agus leis an iarla réidhtiughadh le chéile. Bhí fearg mhór ar an rígh agus mhionnuigh nach bhfágfadh Éire go mbéadh sé faoi n-a smacht aige beó nó marbh. Gheall sé céad píosa óir d'aon duine a bhéarfadh chuige é beó nó marbh go Baile Átha Cliath. Rinneadh trí ranna de'n arm le dul ar a thóir agus a cheannsughadh. Acht budh gheárr gur cuireadh críoch leis an obair go hobann. Tháinig sgéala ó Shasanaibh go raibh sé i n-a achrann ann agus go raibh Risteárd i gcontabhairt an choróin a chailleadh. Sguab leis anonn ó Phortláirge, acht bhí sé ró-mhall. Bhí an choróin bainte amach ag Lancaster, agus i gcionn cúpla lá marbhadh Risteárd go fealltach i gcaisleán Phontefract. Chaill a chogadh i n-aghaidh Airt Mhic Mhurchadha a cheann agus a choróin dó. Ar feadh ocht mbliadhan déag 'na dhiaidh. seo bhuaidh Art ar gach duine a cuireadh i n-a aghaidh. Cibé áit eile i n-Éirinn i n-a raibh na Gaedhil d'á mbualadh, bhí taoiseach tréanmhar Chúigidh Laighean go síor ag gnóthughadh ar son a thíre. Tamall geárr sul fuair sé bás thug sé an cath deireannach agus an cath
budh dhéine d'á dtug sé riamh i n-aghaidh na Sasanach ag Baile Átha Cliath. Throid chomh maith le deich míle ar gach taobh. Budh í seo iarracht dheiridh na Sasanach i n-a aghaidh agus chailleadar. Uaidh sin amach nó gur cailleadh é níor chuireadar chuige ná uaidh. Cailleadh é an 12adh de'n Ghionbhair 'sa mbliadhain 1417, agus measann go leór seanchaidhthe gur nimh a cuireadh tré dhigh uisge dhó budh chiontach le n-a bás. Fuair sé féin agus a bhreitheamh, Ó Deóráin, deoch uisge ar an mbealach ó mhnaoi, agus cailleadh an bheirt go haibéil 'na dhiaidh sin. Chaith sé ar feadh dá fhichid bliadhain ag troid ar son a thíre. Is iomdha laoch cródha agus gaisgidheach tréanmhar a bhí 'n-ar dtír dhúthchais acht ní móide go raibh duine eile budh chródha, budh dhána, budh thír-ghrádhaighe agus budh chumasaighe 'ná Art Mac Murchadha. CAIBIDIL VII. Mar d'athruigh na Sasanaigh a gcreideamh ; mar d'oibrigh na Gearaltraigh ar son na hÉireann ; geárr-aithris ar "Thomás an tSíoda" Mac Gearailt. Ar feadh céad bliadhain tar éis na haimsire seo bhí sé i n-a achrann dearg i Sasanaibh, agus bhí easaontas idir na Sasanaigh i n-Éirinn féin. Bhí deis ag na Gaedhil nach bhfuaradar a leitheid riamh le críoch a chur le smacht an tSasanaigh i n-Éirinn. Acht rinneadh an fhaillighe. Throideadar go tréan agus go dúthrachtach ar son saorsachta na tíre le céadtaibh bliadhain roimhe sin nuair a bhí an námhaid go láidir 'na n-aghaidh, acht anois nuair a bhí na Sasanaigh i n-éadan a chéile agus gan ar na hÉireannaighibh acht aon iarracht amháin a thabhairt le cumhacht na námhad a bhriseadh, leigeadar tharsta an fhaill. Mhair na flatha mar budh mhian leó féin, go
minic ag troid i n-aghaidh a chéile agus gan smaoineadh ar bith aca ar an tír go léir a shaoradh ó shlabhraíbh na daorsachta. Budh é seo an t-am a dtáinig an t-athrughadh mór ar mhuinntir Shasana i dtaoibh an chreidimh, agus ar chuireadar suas de chreideamh na Rómha. Budh mhian leis an ochtmhadh Hannraoi cuing a phósta a bhriseadh agus bean eile a fhagháil. D'iarr cead ar an bPápa, acht do heitigheadh sin a thabhairt dó. Chuir sin Hannraoi ar buile. D'fhógair sé é féin mí-dhílis do'n Phápa agus nach mbéadh glacadh aige le aon smachtughadh uaidh feasta. Chuir sé suas de'n Phápa agus annsin bhí a chead féin aige fá chuing an phósta a bhriseadh chomh minic is budh mhaith leis, a rogha mná a bheith aige agus a rogha roda a dhéanamh gan a bheith d'á smachtughadh agus d'á chiapadh ag an bPápa. Níor theastuigh uaidh anois le Sasana d'athrughadh 'san gcreideamh acht na huaisle a bheith leis. Bhí fios maith aige go mbéadh na daoine leis na huaislibh. Thosuigh sé ag creachadh na gCaitliocach i Sasanaibh agus ag goid as na teampallaibh agus ag roinnt na foghlach idir na huaisle. Duine ar bith nach dtaobhóchadh leis bhí an ceann le cailleadh aige. Sheas go leór de shagartaibh agus d'easbogaibh amach i n-a aghaidh go misneamhail láidir, acht budh gheárr air críoch a chur ortha. Bhí leis anois i Sasanaibh agus ní raibh ag cur imnidhe air acht cé rud ab' fheárr dhó a dhéanamh leis an athrughadh céadna a dhéanamh i n-Éirinn. Bhí a fhios aige go raibh go leór de na huaislibh Normánacha an-Ghaedhealach le fada, agus bhí sé i n'fhaitchios air go seasfaidís i n-a aghaidh. Sin é go díreach a thárla, acht níor sheas aon teaghlach eile i n-a aghaidh ní budh dhéine agus ní b'fhearamhla ná na Gearaltaigh ag a raibh le fada béasa, nósa, dlighthe agus teanga na nGaedheal. B'iomdha tuisle agus tuairt a baineadh as na Gearaltaighibh ó thángadar go hÉirinn ar dtús. Budh mhinic iad i seilbh go leór tailte agus budh mhinic iad caillte aca. Budh mhinic duine aca i ngreim, gach a raibh aige baint dhe, agus é caithte isteach i bpríosún leis an gceann a chailleadh. Budh mhinic a shaoil na Sasanaigh go raibh deireadh leis an
teaghlach go deó acht i gcómhnuidhe bhíodh duine dhíobh beó, agus níor bh'fhada go mbíodh an teaghlach neartmhar cumhachtach arís. Bhí an teaghlach aon uair amháin taobh le naoidheanán bliadhna. Bhí dhá theaghlach de na Gearaltaighibh ann i n-aimsir an ochtmhadh Hannraoi agus le seal fada roimhe sin, agus bhí taoiseach ar leith ar gach teaghlach, mar bhí, Iarla na Deasmhumhan, agus Iarla Chille Dara. Ar fhagháil bháis d'Iarla Chille Dara cuireadh a mhac Gearailt óg i n-a áit. Bhí Gearalt óg so an-mhuinntearach le flathaibh Gaedheal Chúigidh Uladh agus mar gheall air sin bhí go leór de na Sasanaighibh i nÉirinn go mór i n-a aghaidh, agus ní raibh uatha acht a chur d'á chois, dá mb'fhéidir é, mar gheall ar a cháirdeas le clannaibh Gaedheal. Níor bh'fhada gur thárla mar budh mhaith leo. Sgríobh Iarla na Deasmhumhan go dtí Rí na Spáinne agus Rí na Fraince le súil go dtiocfadh duine aca le hÉire a bhaint de'n tSasanach. Chuir sin taod agus fearg an-mhór ar Rígh Hannraoi. Bhí an Cáirdinéal Wolsey an tráth so an-chumhachtach i riaghaltas Shasana. Bhí an dearg-ghráin aige ar na Gearaltaighibh, agus chuir sé fios go Sasanaibh ar Iarla na Deasmhumhan, acht ní tháinig sé. Nuair nach dtáinig d'orduigh an rí d'Iarla Chille Dara é a ghabháil agus a chur anonn go Sasanaibh. Chuaidh Iarla Chille Dara amach ar a thóir le n-a chuid fear troda acht, má budh mhian leis a ghabháil, nó nár mhian, níor ghabh sé é ar chuma ar bith. Nuair nach ndeárnaidh, bhí fearg an tsaoghail ar Wolsey leis agus chuir sé i dtuigsint do'n rígh go mb'fhéidir leis a ghabháil, acht nach raibh uaidh a dhéanamh. Chuir seo an rí i n-aghaidh Iarla Chille Dara go mór agus cuireadh sgéala chuige fá theacht go Sasanaibh gan mhoill. D'fhág Iarla Chille Dara a mhac óg, Tomás, 'na dhiaidh, agus d'imthigh leis go Sasanaibh. Tugadh i láthair Choiste Cómhairle an ríogh é agus cuireadh 'na leith a bheith mí-dhílis do Hannraoi. Bhí Wolsey 'ghá iarraidh a chur d'á chois, acht níor éirigh leis. Chuireadh i dTúr Lonndan é, mar nach raibh an rí sásta fá n-a dhícheannadh mar budh mhian le Wolsey. Acht ní raibh Wolsey sásta leis an socrughadh sin, agus i ngan-fhios do'n rígh chuir
sé mar ordughadh chum duine de na constáblaíbh 'san Túr an t-Iarla a mharbhadh. Ritheann leis an gconstábla, ar fhagháil orduighthe dhó, agus inseann do'n rígh é. Bhí an rí an buile le Wolsey, nuair a chualaidh sé an sgéal, agus dubhairt sé go feargach, gan a chead féin, nach raibh baint ar bith ag Wolsey leis an ordughadh a thabhairt uaidh, acht cé nár cuireadh d'á chois an t-Iarla, níor leigeadh as géibheann 'san Túr é 'na dhiaidh sin. Ní raibh a mhac óg, Tomás an tSíoda, a d'fhág sé 'na dhiaidh 'sa mbaile, acht bliadhain is fiche d'aois an t-am so, agus buachaill dána tréan fearamhail a bhí ann. Budh gheárr gur luathadh ar fud na tíre gur marbhadh a athair i Lonndain - mar nach raibh rud ar bith ó'n dream a bhí i n-aghaidh na nGearaltach acht an mac óg a chur i mbealach a bhasgtha. Bhí a chroidhe beagnach briste nuair a chualaidh sé an sgéal, acht dubhairt sé go mbeadh sásaimh aige, agus dubhairt go dána é freisin. Bhailigh sé a chuid fear agus clanna na nGearalt i dteannta a chéile agus ghluais leis go dtí an áit 'n-a raibh coiste lucht' riaghluighthe na hÉireann i dteannta a chéile ag feitheamh le n-a theacht, mar go mbudh é a bhí i n-a uachtarán ortha i n-áit a athar. Bhí iongantas ar na tighearnaíbh agus ar na huaislibh go léir nuair a chonncadar ag teacht é agus an chosamhlacht fheargach a bhí air féin agus ar a chuid fear. "Níor tháinig mé," ar seisean, ar theacht i láthair dhó, "le bheith mar uachtarán ar an gcoiste seo, acht thángas le n-a innsint díbh gur marbhadh m'athair go fealltach i Lonndain agus cé rud atá fúm a dhéanamh mar gheall air." Beireann sé ar a chlaidheamh, agus caitheann ar an mbórd é. "Ní liom-sa é seo níos mó," ar seisean, "acht libh-se atá freisin ciontach i mbás m'athar. Ní bhéadh feasta dílis acht námhadach do rígh Sasana agus do gach duine, íseal is uasal, d'á gcuideóchaidh leis !" Bhíodar ag gabháil dó 'ghá iarraidh foighid a chur ann agus 'ghá iarraidh air gan socrughadh ar chur suas de dhílseacht do'n rígh, acht ní raibh maith dhóibh ann. Chuir sé dhe gach a raibh air d'éadach uachdaráin an choiste
agus chaith faoi n-a chosaibh iad. Bhí sé anois go daingean 'na námhaid do Shasanaibh agus d'á riaghaltas, agus bhí sin go soiléir taisbeánta aige. I gceann tamaill bhí fhios nár marbhadh an t-athair ar chor ar bith, agus annsin 'seadh thuig sé cé an bhail a bhí aige curtha air féin. Ní raibh 'fhios aige anois nach gcuirfidhe d'á chois an t-athair mar gheall ar an rud a bhí déanta aige, acht bhí sé ró-mhall anois aige sgur nó dul ar gcúl. Mar sin shocruigh sé dul ar aghaidh leis an achrann chomh tréan is b'fhéidir leis é. Thug sé iarracht ar Bhaile Átha Cliath a ghabháil agus chuir sé tuilleadh d'á chuid fear le creachadh a dhéanamh ar fud thalmhan Thighearna Urmhumhan. Bhí Árd-easbog Bhaile Átha Cliath, Alan, go mór i n-aghaidh na nGearaltach agus theith sé leis i luing ar theacht do'n Ghearaltach, acht ruaigeadh i dtír an long ag Cluain Tarbh agus fuair an t-Árd-easbog dídean i mbaile an Ártáin. Ar a chloisint seo do na Gearaltaighibh thángadar i ndeireadh na hoidhche agus mharbhadar é go fealltach míthrócaireach 'na leabaidh. Chuir an gníomh cosgrach so uathbhás ar gach duine, agus uaidh sin amach, aon duine a mbéadh aon bhaint ar chor ar bith aige leis na Gearaltaighibh socruigheadh gan aon ghlacadh bheith leis 'san eaglais. Chualaidh an t-athair é seo i Lonndain, agus níor bh'fhada gur cailleadh le briseadh croidhe é. Acht ní thug Tomás an tSíoda óg Mac Gearailt suas de'n chogadh. Lean sé ar a aghaidh. Chuir sé teachtaireacht go dtí rí na Spáinne agus go dtí an Pápa ag iarraidh cabhrach, acht ní fhuair sin uatha, mar nach raibh aon cheapadh aca go bhféadfadh éirghe leis. Bhí ag cliseadh air 'san troid sa deireadh. Bhí an námhaid ag neartughadh i n-a aghaidh, agus ní raibh aige le déanamh acht cead ar iarraidh cómhráidh a bheith aige le taoiseach an airm Shasanaigh le súil is go bhféadfaidhe socrughadh a dhéanamh. Gealladh go maithfidhe dhó féin agus do na Gearaltaighibh eile, acht ar nós go leór geallta eile briseadh é. Rugadh air féin agus ar chúigear d'á mhuinntir ag féasta. Tugadh go Lonndain iad agus baineadh a gcinn díobh ag Tyburn i Lonndain an tríomhadh lá de Ghionbhair, 1537. Ceapadh anois go
raibh críoch ortha go deoidh, acht mhair aon duine amháin de'n treibh a bhí i n-aois a dhá bhliadhain déag, agus uaidh-sean do shíolruigh sliocht na nGearaltach a neartuigh agus a leathnuigh ar fud na tíre go láidir cumhachtach arís. Caibidil VIII. Mar d'fhéach Hannraoi le hÉire a athrughadh. Mar glacadh le Hannraoi. Mar d'oibrigh na Clanna, agus go háirithe na Gearaltaigh. "Seaghán an Díomais." Tá 'fhios againn anois mar d'athruigh muinntir Shasana a gcreideamh leis an rígh agus na huaisle, agus tá sé le tuigsint againn cé an mí-shuaimhneas a bhí ar Hannraoi i dtaoibh na hÉireann agus cé an fonn a bhí air an cleas céadna a dhéanamh innti a rinne sé i Sasanaibh. Ní raibh uaidh acht cead a chinn agus a chomhairle féin a bheith aige le n-a thoghadh féin a dhéanamh, le gadaidheacht a dhéanamh as na teampallaibh dhó féin agus dá chuid uaisle. Ní hé rud a bhí uaidh ar dtús creideamh na Rómha a sgriosadh amach ar fad, acht an creideamh a athrughadh leis féin ar a bhealach féin, acht, nuair a chonnaic sé chomh dóna is sheas an creideamh i n-a aghaidh agus nach raibh na Caitliocaigh sásta le claonadh ordlach dó, gan tráth ar aontughadh leis, dubhairt sé leis féin nár mhór an creideamh a sgriosadh amach ar fad le dul ar aghaidh mar bhí faoi. Budh mhí-thaithneamhach agus budh ghránda an chaoi ar chuidigh na huaisle leis. Rud ar bith budh mhian leis an rígh, dhéanfaidís é, acht a gcuid féin de shochar na foghlach d'fhagháil. D'aontuighdís leis an aimsir do réir mar d'oiread dóibh féin. Nuair a bhí Máire 'n-a bainríoghain, bhíodar 'n-a gCaitliocachaibh dílse, mar budh eadh, ó thárla dhi-se a bheith amhlaidh. 'Na dhiaidh-se tháinig Éilís agus tháinig an t-athrughadh orth-san arís. Mhothuigh an Pápa na hÉireannaigh ag seasamh go dána d'á gcreideamh agus gan tabhairt uatha do'n
sgriosadóir Hannraoi. Go dtí seo bhíodh an Pápa ag cómhairliughadh Clanna Gaedhil fá ghlacadh le riaghlughadh Shasana. An tír ar a raibh mór-mheas ag an bPápa go dtí seo anois d'éirigh sí mí-dhílis agus fíornámhadach dhó, agus an tírín bhocht a bhí dh'á sladadh ag an Sasanach le fada sheas sí go dílis agus go láidir do chreideamh na Rómha, agus 'ó'n lá sin go dtí an lá indiu, ní hionann is tír a creachta. An dara lá déag de Mhí Mheádhoin an tSamhraidh 1541 tugadh feis i dteannta a chéile i mBaile Átha Cliath - feis de thaoisighibh Gaedheal agus de thaoisighibh Normánach. Budh é a bhí le socrughadh aca Hannraoi a cheapadh mar rígh ar Éirinn. Ní raibh aon chead ar chor ar bith ag na taoisighibh aon tsocrughadh a dhéanamh acht le cead agus le cómhairle na dtreabh agus na dteaghlach. Ní raibh roimhe sin riamh cheana an greim ag an droch-mhisneach agus ag an mí-mhuinghin ar na flathaibh a bhí anois. Bhí go leór de'n tsean-spioraid caillte aca. Bhíodar tuirseach de'n achrann ; le fada an lá bhí an t-imreas agus an t-achrann eatorra féin. Níor chosamhail go raibh faoi thír ar bith eile cuidiughadh leó i n-aghaidh na Sasanach, agus mar sin bhí go leór dhíobh sásta le cur suas de'n troid agus glacadh leis an rud a chonnacthas dóibh a bhí i n-dán dóibh - smachtughadh agus riaghlughadh ó Shasanaibh. Bhí fhios ag Hannraoi go raibh an mí-mhuinghin seo ag neartughadh a ghreama ortha agus chuir sé fear glic darbh' ainm San Leger anonn le hÉire a riaghlughadh. Budh é seo a thug ar an bhfeis a teacht i dteannta a chéile. I measg na dtaoiseach Normánach bhí Donnchadh Ó Briain as Tuathmhumhain, Ó Raghallaigh, Ó Mórdha, Mac Uilliam, Mac Giolla Phádruig, agus an Caomhánach. Shocruigheadar d'aon intinn glacadh le Hannraoi mar rígh ar Éirinn. Go deimhin bhí na flatha so buailte tnáithte cheana agus bhíodar ullmhuighthe le glacadh smacht an tSasanaigh. Ar dtús d'eitigh an Niallach agus an Dálach (.i. Ó Domhnaill) a theacht, acht i gcionn bliadhna thugadar uatha. Annsin chuir cuid de thaoisighibh na nGaedheal suas dá sean-tiodlaibh Gaedhealacha agus ghlacadar le tiodlaibh Sasanacha 'na n-ionad.
B'olc an bhail a chuir na treabha ortha ar son a mí-dhílseachta. D'éirigheadar 'na n-aghaidh go dána. Baineadh an chumhacht ar fad de chuid díobh agus cuireadh flatha Gaedhealacha dílis dá dtír 'n-a n-ionad. Bhí Muinntir Dhómhnaill i n-aghaidh an Dálaigh agus cuireadh an Niallach as cumhacht mar gheall ar a mí-dhílseacht d'á thír, agus cuireadh a mhac Seaghán an Díomais 'na ionad. Uaidh seo amach chuireadh na Sasanaigh go minic flaith Gaedhealach i n-árd-réim 'san tír acht go gcaithfeadh sé gan aon chur isteach a bheith aige ar an gcoróin i nÉirinn. Ní raibh ó na Sasanaigh acht na treabha a athrughadh, sin, nó a gcur i n-éadan a chéile agus a sgriosadh ar fad. Budh mhinic an flaith Gaedhealach ag éirghe mí-dhílis do Shasanaibh. Nuair a ghníthí seo chuireadh an riaghaltas fear eile i n-a áit agus cuirtí arm le cuidiughadh leis 'san achrann a bhíodh idir é féin agus an teaghlach nach mbeadh sásta leis. Le gleacaidheacht mar seo bhí an t-imreas ag sgriosadh na dteaghlach agus 'ghá gcongbháil go lag - an rud a bhí ó na Sasanaighibh. Mhair an creachadh agus an sladadh i nÉirinn le linn Hannraoi, le linn a mhic, Éamonn, agus a bheirt inghean, Máire agus Eilís. Acht ní raibh an troid ná an t-éirghe amach ní budh dhéine le a bhfad roimhe sin ná bhí le linn Eilís a bheith 'n-a bainríoghain. Budh é seo an t-am ar throid Seaghán an Díomais go borb i n-Ultaibh, an t-am a raibh an t-éirghe amach i nDeasmhumhain, agus ar throid an laoch cumhachtach agus an Gaedheal iongantach, Aodh Ruadh Ó Néill, go fearamhail teann, agus a ndeárnaidh gníomha iongantacha laochrais ar son a thíre dúthchais. Mar d'innis mé cheana, rinneadh uachtarán nó taoiseach de Sheaghán an Díomais i n-ionad a athar ar ghlacadh tiodail ó'n Sasanach dhó. B'iongantach an duine é. Throid sé agus bhuail na hairm Shasanacha a b'fhearr a cuireadh i n-a aghaidh. Chuir sé Cúigeadh Uladh go léir faoi n-a smacht féin agus ruaig sé amach an Sasanach. Throid sé féin agus an tÁrd-taoiseach Sasanach le chéile agus fuair sé an ceann a b'fheárr air. D'fhéach na Sasanaigh le n-a chur dá chois go fealltach aon uair amháin acht níor éirigh leó. Ní raibh Seaghán
an Díomais gan a lochta, ámh. Budh bheag a shuim i gcuing an phósta agus budh bheag aige a briseadh. D'fhág sin smál ar a ainm nach sgarfaidh leis. B'olc an chríoch a cuireadh air 'sa deireadh, buaileadh é i gcath mór a tugadh eidir é féin agus an Dálach san mbliadhain 1567. Deirtear gur éirigh saobhachán céille dhó thar a éis sin. Ghlan leis agus an méid dá mhuinntir dár fhan beó go Conndae Aontroma. Fuair sé cuireadh chum fleidhe ó Albanaighibh annsin agus ghlac sé an cuireadh. Níorbh' fhada roimhe sin ó thug sé bualadh mór do'n dream céadna. Tar éis an fhéasta, nuair a bhí sé súgach nó b'fhéidir ar meisge, cuireadh troid ar bun i n-aon-turas, agus marbhadh go hobann agus go fealltach é ag bord an fhéasta agus gan é i riocht é féin a chosaint. Chaith cogadh na nGearaltach ar bun i nDeasmhumhain sgathamh fada. 'Sé an t-aon rud a bhí uatha críoch a chur leis an gcreachadh a bhí an bhainríoghan Eilís a dhéanamh ar an gcreideamh i nÉirinn. Bhí fhios aici nár mhór muinntir Ghearailt a sgriosadh amach as an tír, dá mbadh léithi an creideamh a sgriosadh i nÉirinn, agus bhí fútha críoch a chur leis an teaghlach d'aon phlimp amháin, dá mb'fhéidir é, agus gan duine dhíobh a fhágáil beó. Cuireadh fios ar uaislibh na hÉireann go Baile Átha Cliath, agus i measg na ndaoine a tháinig le ordughadh fhir ionaid na bainríoghna bhí Iarla Dheasmhumhan agus a dhearbhráthair Seaghán. Níor thúisge a bhíodar i mBaile Átha Cliath, ná rugadh ortha agus caitheadh isteach i bpríosún iad, agus budh geárr gur cuireadh chum bealaigh go Lonndain iad. Acht níor mhian le hEilís a gcur dá gcois de cheal gan a bheith aici i ngreim de'n teaghlach acht an bheirt. Budh é Séamus mac Muiris Mhic Gearailt a bhí 'na thaoiseach ar an teaghlach 'na ndiaidh, agus budh é seo a chuir "Connradh na nGearaltach" ar bun 'sa mbliadhain 1579 le troid ar son creidimh na Rómha, agus i n-aghaidh na bainríoghna Eilís. Fuair sé beannacht an Phápa, an tríomhadh Griogóir déag, agus chuidigh an Pápa leis 'na iarracht. Chaith sé féin agus buidhean bheag dhílis i nGleann Eatharlaighe i n-aghaidh na nGall ar feadh bliadhna.
Annsin d'imthigh leis do'n Róimh 'n-a raibh onóir agus meas a fágháil aige. Gealladh dhó fir, airgead, agus airm le haghaidh na troda i nÉirinn le cead an Phápa, agus gheall flatha go leór ar fud na hEórpa cuidiughadh leis. Acht tráth bhí seisean ag oibriughadh go dian, bhí a theaghlach féin 'sa mbaile neamhshuimeamhail i n-a iarracht agus go leór dhíobh amháin i n-a aghaidh ar fad. Shaoil sé go mbeadh Éire fáilteach roimhe, misneamhail 'na chúis agus go háirithe go bhfuigheadh sé congnamh is cabhair ó n-a theaghlach féin, acht níorbh' amhlaidh a bhí. Bhí Sasanach darbh'ainm Sturkely mar thaoiseach ag Mac Gearailt ar an arm a bhailigh sé san Róimh, acht b'olc a chlis sé air. I leabaidh gluaiseacht go hÉirinn dó céard a dhéanfadh sé acht seóladh leis le troid i n-aghaidh na Múrach san Afraic Thuaidh ! Gan fios ar an mbail a d'fhág an fealltóir Sturkely air ghluais le Séamus Mac Gearailt ó'n Spáinn go hÉirinn. Ní raibh aige acht trí cinn de longaibh agus sheól leó isteach i gCuan Dhaingin Uí Chúise an 17adh de'n Iúl, 1579. Bhí súil aige go dtiocfadh Iarla misneach agus go gcuideóchadh sé leis. Ní raibh ceapadh aige go raibh Strukely imthighthe gan teacht i ndán dó ! D'fhan na longa i ngar d'Oileán an Óir i gCuan Árda na caithne thiar dtuaidh i gConndae Chiarraighe. Chuir sé a chuid fear i dtír annsin. Bhí an tsúil chráidhte aca le Sturkely acht ní tháinig sé. Tháinig long chogaidh Shasanach a ghabh a chuid long os cómhair a chuid fear troda a bhí i dtír aige i nDún an Óir. Chuidigh a bheirt dearbhráthar leis, acht bhí 'fhios aca nach mbéadh aon ghoir aca ar buadhughadh. Bhí an riaghaltas ag socrughadh 'na gcómhair go tapaidh, agus ní raibh socrughadh ar bith dá dhéanamh le cuidiughadh leis na Gearaltaighibh. Mar sin cheapadar go mb'fheárr an dún a fhágáil agus imtheacht amach ar fud na nGailte. Ar an mbealach dhóibh tré thalamh le duine muinnteardha do'n Ghearaltach darbh' ainm Uilliam De Búrca chroch an Gearaltach leis cuid dá chuid capall. Sgaoil
sé a ainm chum an Bhúrcaigh le súil is go mbéadh sé lán-tsásta a leigean leis, acht níor bh'amhlaidh a bhí. Bhailigh an Búrcach a chuid fear le chéile. Lean é, agus tháinig suas leis i gConndae Luimnigh ag Mul Cairn. Loiteadh an Gearaltach go mór 'san troid, acht mharbh sé an Búrcach agus a dhearbhráthair, cé go raibh a dheich n-oiread aca d'fhearaibh troda ann leis an nGearaltach, agus rith leó le sgannradh. Fuair an Gearaltach, Mac Muiris, buille marbhthach agus d'imthigh an tseideóg dheiridh as go luath. Mhair an cogadh sealadh 'na dhiaidh seo. Throid an sean-Iarla féin 'sa deireadh nuair a b'éigean dó é. Tháinig cabhair ó'n Spáinn go Dún an Óir agus airm le haghaidh cúig mhíle fear agus airgead go leór. Bhailigh na Sasanaigh air timcheall an dúna, agus mharbh go míthrócaireach ocht gcéad fear a bhí ann. Mhair an cogadh ar feadh cheithre mbliadhan 'na dhiaidh seo, acht ní raibh ag an nGearaltach acht fíor-bheagán fear, agus ní raibh aon bhrígh i n-aon iarracht d'á dtug sé. Tháinigtheas air i ngan-fhios i lár na hoidhche i ngleann uaigneach tuairim is chúig mhíle ó Thráig Lí i gCiarraighe agus gan 'na theannta acht beirt istigh i mbotháinín beag suarach an t-aonmhadh lá déag de Shamhradh, 1584, agus marbhadh é go fealltach. Sin mar cuireadh críoch le Mac Gearailt. Ní raibh uaidh acht a chur d'fhiachaibh air Eilís sgur de'n droch-úsáid a bhí sí a thabhairt do na Caitliocaighibh i nDeasmhumhain. Níor oibrigh sé ar son Uladh nó na hÉireann go léir ar chor ar bith agus mar sin níor chuidigh go leór de fhlathaibh Uladh agus Chonnacht leis, mar gur mheasadar nach ar an mbealach a bhí leagtha amach aige a b'fheárr oibriughadh i n-aghaidh an tSasanaigh.
Feall na Sasanach. An sléacht ag Mullach Mairtean. Mar caitheadh leis na Sasanaigh ar a shon. Fiacha Ó Broin agus Ruaidhrí óg Ó Mórdha. Is iomdha gníomh fealltach rosgchach a rinne na Sasanaigh i nÉirinn riamh. Is iomdha gealladh dá ndeárnadar a bhriseadar agus is iomdha gealladh freisin a thugadar is nár chóimhlíonadar. Seo sompla dá bhfealltacht. 'Sa mbliadhain 1577 thug an ridire Proinnsias Crósbaigh a bhí 'na thaoiseach ar arm na Bainríoghna i Laoighis agu i nUíbh Fáilghe cuireadh do gach teaghlach Gaedhealach 'sa gceanntar chum féasda a d'ollmhuigh sé 'na gcómhair i ndún Mhullaigh Mhaistean i gConndae Chille Dara. Gan cuimhniughadh go mbeadh dadadh bun os cionn tháinig na Gaedhil - go leór dhíobh - agus chuaidh isteach 'san dún acht duine níor tháinig amach. 'Sa deireadh thug fear dar bh'ainm Ó Leathlobhair a bhí ag teacht fá deara nach raibh aon duine ag corrughadh amach agus do ghoin a aire é, agus tháinig sé go haireach agus d'fhéach isteach 'san dún. B'uathbhásach an radharc a bhí os cómhair a shúl. Bhí os cionn ceithre chéad fear sínte mín marbh istigh. Níor fágadh fear dár ghabh isteach beó. Marbhuigheadh céad agus ceithre fichid fear de mhuinntir Mhórdha ! Sin mar d'oibrigh Crósbaigh le críoch a chur leis na Gaedhealaibh 'na cheanntar féin ar eagla go n-éireóchaidís i n-a aghaidh am ar bith. D'fhan aon fhear amháin de mhuinntir Mhórdha beó dar bh' ainm Ruaidhrí Óg, agus b'iongantach an sladadh agus an creachadh a rinne sé ar an dream a chuir a theaghlach go fealltach dá gcois. An fhad is mhair sé níor chodail Crósbaigh ná duine dár bhain leis oidhche shuaimhneach. Nuair a mheastaoi é a bheith i bhfad as an áit 'seadh thagadh sé do chuairt, agus dhóghadh a dtighthe go talamh, agus do-ghníodh creachadh agus ár orra. Deirtear nár fhan duine de shliocht Chrósbaigh gan
deireadh a chur leis 'san gcath i n-aghaidh na nGaedheal. Marbhuigheadh Crósbaigh fealltach féin i gcath Ghleanna Mhaoilughra an cúigeadh lá fichead de Lughnasa 'san mbliadhain 1580. Budh é Fiacha mac Aodha Uí Bhroin an taoiseach a bhí ar na Gaedhealaibh 'san gcath, agus go cinnte b'iongantach an fear troda agus budh thréan an gaisgidheach é. Cuireadh anall an ridire Grey as Shasana mar fhear ionaid i lár na Lughnasa. Ní raibh aon fhoighid le cur ann, agus gluaiseann leis féin agus a chuid fear go Gleann Mhaoilughra. Mheasadar go raibh Fiacha 'san ngleann doimhin achrannach úd agus go mb'fhurus a threasgairt. Chuartuigheadar an gleann, acht ní raibh Fiacha le fagháil. 'Sa deireadh nuair a bhíodar tuirseach sáruighthe ó bheith ag iarraidh a mbealach a dhéanamh thré na clocharaibh 'seadh sgaoileadh na hurchair orra 'na gcith ó thaobh na gcnoc, agus sguab Fiacha agus a chuid laochra Gaedheal anuas 'na mullach, ag sgaoileadh fútha agus 'ghá leagadh go tiugh. Do rith na Sasanaigh le n-a n-anamnachaibh agus ba bheag aca a bhí beó thar éis an lae leis an sgéal a innsint. Aodh Ruadh Ó Néill agus Aodh Ó Dómhnaill, mar d'oibrigheadar go tréan ar son a dtíre. Tá orainn anois geárr-chunntas a thabhairt ar dhuine de na Gaedhealaibh a b'iongantaighe agus budh laochda dár mhair i nÉirinn riamh, duine a mairfidh a ainm agus a chlú fad 's beó Clanna Gaedheal, .i., Aodh Ruadh Ó Néill. Tugadh go hóg anonn go Lonndain é faoi chúram na bainríoghna Eilís le súil 's go múchfaidhe an fhíorspioraid Ghaedhealach ann agus go ndéanfaidhe fear de a bheadh ullmhuighthe ar gach a mb'fhéidir leis a dhéanamh
le Cúigeadh Uladh a chur faoi smacht na Sasanach. Fuair sé gach aire agus gach múnadh a b'fhéidir a thabhairt dó i Lonndain. Bhí sé faoi árd-mheas ag an mbainríoghain, agus bhí na huaisle go léir an-chumannach leis. Mheasadar gur bh'é a bhí le deireadh a chur leis an mí-shuaimhneas i gCúigeadh Uladh agus le n-a chur d'fhiachaibh ar Mhuinntir Néill deireadh a chur leis an achrann agus glacadh leis an daorsacht. Níor bh'in é a bhí i ndán dó ag Dia. Bhí fuil uasal the na Nialach ró-láidir ann le go ndéanadh sé a leitheid. Ní mar ceapadh dó i Lonndain a rinne sé. Bh'fhada uaidh é. Chuir sé críoch ar a chuid oideachais i Lonndain agus tar éis eólais airm agus troda a bheith fáighte i gceart aige, d'fhág sé Lonndain agus shocruigh i nDún Gheanainn, an áit ar mhair a shinnsear. Mhair sé sealadh annso mar fhear idir dhá intinn gan fios ar cé aca de dhá rud a b'fheárr le déanamh - a chroidhe agus a anam a thabhairt suas dá thír dúthchais nó gan a thabhairt. Mhair Aodh Ruadh Ó Domhnaill an t-am so freisin ar a raibh mór-cháil ar fud na tíre le n-a cháilidheacht, a ghaisgidheacht agus a dhílseacht dá thír, dá óige dá raibh sé. Ní raibh aon rud budh mhó a bhí ag cur imnidhe orra i Sasanaibh ná go n-éireóchadh dlúth-cháirdeas idir an mbeirt ghaisgidheach. Bhí deirbhshiúr Aodha Uí Dhómhnaill pósta ag Aodh Ruadh Ó Néill agus mar sin níor bh'iongnadh cáirdeas croidhe a bheith eatorra. Thárla d'Aodh Ruadh agus do charaid dílis dó dar bh'ainm Mac Suibhne a bheith 'sa samhradh i ngar do Loch Súilighe ag tabhairt altuighthe do Dhia agus ag déanamh a n-anama i mainistir na manach - mar ba ghnáthach le treabhaibh Uladh am áirithe de'n bhliadhain. Ar a bheith ann dóibh tugadh fá deara soitheach Sasanach amuigh ar an gcuan. Fríoth sgéala gur lucht fíona a bhí le díol ag fuirinn an tsoithigh. Cuireadh cuireadh chum muinntíre an cheanntair a theacht amach ar bórd, agus gealladh go bhfearfaidhe fíor-chaoin fáilte rómpa go léir. Thar éis sgathaimh, ar a chloisint seo d'Aodh Ruadh agus dá cháirdibh, chuadar amach go dtí an soitheach, acht mo léan ! Ní raibh fios aca ar cé an cleas a bhí 'ghá
imirt orra. Cuireadh fáilte rómpa go haoibhneach áthasach, acht ba ghairid go rabhadar ceangailte faoi ghlasaibh chruadha agus an soitheach seólta léithi, iad gabhtha aici, agus gach a raibh uaithi gnóthuighthe aici ! Tugadh go Baile Átha Cliath iad. Caitheadh isteach i gcarcair dhuibh dhorcha Aodh Ruadh - áit ar fágadh é ar feadh trí bliadhna móra fada. Acht d'éirigh leis éalódh oidhche dhubh dhorcha le n-a charaid Art Caomhánach. D'imthigh leis go Conndae Chille Mantáin, acht thar éis tamaill bhí sé tugtha sáruighthe. Níor bh'fhéidir leis corrughadh. Bhí an bhrígh agus an spreacadh bainte as ag na trí bliadhnaibh a chaith sé 'san gcarcair i mBaile Átha Cliath. Chuir sé faoi deara dá cháirdibh imtheacht le iad féin a shábháil. Tugadh isteach é go dtí teach carad, .i., Féidhlim Ó Tuathail, acht níor bh'fhada go raibh sé i ngreim arís ag na saighdiúiríbh Sasanacha a d'imthigh ar a thóir ó Bhaile Átha Cliath. Cuireadh i bpríosún an dara huair é i mBaile Átha Cliath. Acht bhí sé le n-aghaidh éalódh an dara huair, agus 'na theannta Art Ó Néill agus Hanrí Ó Néill a bhí i ngéibheann freisin i n-éinfheacht leis. D'imthigh Hanrí ar ais go Tír Chonaill acht ghluais le Art agus le Aodh Ruadh go Gabhail Rághnaill go dtí Fiacha Ó Broin a bhí an tráth so ag oibriughadh go dian i n-aghaidh na Sasanach. Budh mhaith a shaothruigheadar an bealach ó'n bhfuacht agus ó'n sneachta a bhí ag tuitim go tiugh. Chuireadar teachtaire go dtí Fiacha Ó Broin, agus chuir sé fear fóirthine chuca acht faríor ! bhí Art básuigte roimhe, agus ar éigin do thugadar Aodh Ruadh chuige féin, bhí sé chomh tugtha uaidh sin. Do chuir Ó Broin sgéala go dtí Aodh Ruadh Ó Néill go raibh Aodh Ó Dhomhnaill éaluighthe agus 'na theannta féin. Do chuir Ó Néill duine dar bh'ainm Toirdhealbhach Buidhe Mac Aodhagáin 'na choinne le n-a thrórughadh ar ais go Tír Chonaill. Bhí fáilte is fiche roimhe ag Aodh Ruadh agus ag muinntir Thíre Chonaill. Budh mhór a bhfearg, ar a choisint dóibh gach spídeamhlacht dá bhfuair sé ó na Sasanaighibh agus shocruigh sé féin agus Aodh Ruadh dlúthughadh go daingean agus seasamh go docht le chéile ó sin amach i n-aghaidh a námhad.
Budh é an chéad ghníomh a rubbe sé na Sasanaigh a bhí tar éis mainistir na manach i nDún na nGall a ghabháil, a nglanadh amach as an gcúigeadh agus a mainistir a chur ar ais arís i seilbh na manach. Ar feadh na haimsire seo bhí Ó Néill ag éirghe níos Gaedhealaighe gach lá. Shocruigh sé béasa agus nósa na nGaedheal a choimeád beó. Thug sé dídean agus aire do na Spáinnighibh a ruaigeadh isteach an chóstaibh Thíre Chonaill an t-am a raibh an cogadh mór idir Sasana agus an Spáin. B'éigean dó turas a thabhairt go Lonndain le dearbhughadh do'n bhainrioghain (mar bhudh eadh !) go raibh sé i gcómhnuidhe dílis di. Bhí fios a bhealaigh go maith aige agus anois 'seadh sheas dó an múnadh a fuair sé uatha i Lonndain. Sgaoileadh ar ais é. Thug sé grádh do dheirbhshiair do'n ridire Bagnal, óig-bhean an-áluinn ar fad. Bhí an dearg-ghráin ag an ridire ar Mhuinntir Néill. Ní bheadh aon ghlacadh aige le n-a bpósadh acht 'sa deireadh d'éirigh le Aodh Ruadh agus a ghrádh bán glanadh leo i ngan fhios agus pósadh le chéile iad an 3adh lá de Lughnasa, 1591. Níor bh'iongnadh Bagnal a bheith go dian i n-'aghaidh. Ní raibh Aodh Ruadh Ó Domhnaill acht naoi mbliadhna déag d'aois nuair a rinneadh taoiseach dhe os cionn a fhine ag Carraig an Dúna ag Cill Mhic nÉanáinn (an áit ar hoileadh Colm Cille) an 3adh lá de Bhealtaine, 1593. Bhí sé socruighthe le fada aige oibriughadh go dian ar son na hÉireann, acht anois ní raibh rud ar bith uaidh acht saorsacht na hÉireann a ghnóthughadh agus ní raibh foighid ná suaimhneas i ndán dó go mbeadh na Gaill ruaigthe. D'imthigh leis ar fud Thíre Conaill ag cur deiridh le Sasanaighibh chomh tréan is b'fhéidir leis é agus ag leagadh caisleán na nGall. Mheas Aodh Ruadh Ó Néill go raibh sé beagán ró-mhí-fhoighdeach agus budh é a mheas nach raibh sé i n-innmhe seasamh go dána i n-aghaidh na Sasanach, acht ní raibh maith dhó leis. Ní raibh foighid le cur ann ná bacadh le baint as. 'Sa deireadh chuidigh Aodh Ó Néill leis, cé gur leig sé air féin leis na Sasanaighibh gur i n-'aghaidh a bhí sé. Tráth ar cloiseadh seo i Lonndain budh mhór í a bhfearg leis.
Cuireadh fios aige go Baile Átha Cliath agus gealladh dó gan aon dochas a dhéanamh dó. Tháinig sé, acht fuair sé leide go raibh fútha a mharbhadh agus sguab leis tráth a rabhadar ag socrughadh é a ghabháil. Bhí an cogadh mór ag teannadh leó anois agus bhí a fhios sin ag Aodh Ó Néill. Chuir sé connradh láidir ar bun le haghaidh na dtaoiseach agus na dtighearnaí i gCúigeadh Uladh. Rinneadh taoiseach orra go léir dhe féin. Ghluais le Aodh Ruadh annsin ar fud Chúigidh Uladh, ag ruaigeadh na Sasanach roimhe in gach áit. D'imthigh le Ó Dómhnaill agus a chuid fear féin go Connachtaibh. Sguab leis ar fud an chúigidh ag cur chum báis gach mac máthar nár bh'fhéidir leis Gaedhilge a labhairt. (Sin mar d'aithnighthí an Gall trí chéad bliadhain ó shoin - nach mór an t-athrughadh a tháinig ó shoin !). Rinne sé creachadh ar na Sasanaigh cé'n réabadh agus sléachtadh a bhí dhá dhéanamh ag an mbeirt ghaisgidheach agus d'fheachadar le n-a sguireadh de'n achrann agus le n-a sásughadh. Acht ní raibh sásughadh 'na gcionn, mara sguirfidhe de mhí-shuaimhneas a chur ar na Caitliocaighibh i n-Éirinn mar a socróchaidhe ceannas agus riaghlughadh na tíre a thabhairt suas do na taoisighibh Gaedhealacha, agus mara dtugadh Bagnal míle púnt mar spré dá dheirbhshiair a bhí pósta le Aodh Ruadh. D'iarr na Sasanaigh orra na hairm a thabhairt suas, acht bhí baoghal orra do deimhin! Tugadh cath millteach eatorra ag Cluain Tiobraide tráth ar ghabhadar Caisleán Mhuineacháin. Budh é seo an cath 'n-ar throid Segrave agus Ó Néill i n-aghaidh a chéile os cómhair na bhfear troda ar gach taobh. Tugadh cath iongantach eatorra, acht d'éirigh le Ó Néill le sáthadh agus deireadh a chur leis. Tráth ar marbhuigheadh é cuireadh uathbhás ar na Sasanaighibh agus rinneadh ár mór orra. B'éigean dóibh teicheadh agus an caisleán agus an brath Sasanach a fhágáil i seilbh na nGaedheal. D'fhéach na Sasanaigh socrughadh a dhéanamh le Ó Néill go minic, acht níor éirigh leó aon uair. B'iomdha caoi ar thasbáin sé nach raibh aon ghoir
aca air. B'iongantach ar fad mar ghabh sé caisleán Árda Mhacha a bhí i seilbh na námhad. Chuir an Taoiseach Norresy neart bídh le trí buidhnibh Shasana go hÁrd Mhacha le haghaidh lucht coimeádta an chaisleáin. Ghabh na Gaedhil iad de shiubhal oidhche agus níor fágadh blas aca gan baint dhíobh ná duine aca féin gan a ghabháil. Chuir Ó Néill faoi ndeara éadaigh na saighdiúr Sasanach a chur ar chuid dá shaighdiúiribh féin. Annsin d'orduigh sé dhóibh gluaiseacht faoi dhéin caisleáin Árda Mhacha le héirghe an lae. D'orduigh sé do bhuidhin eile dá chuid fear a bheith ar an mbealach i bhfolach rompa agus a n-ionnsuighe ar theacht dóibh chomh fada leo. Rinneadh amhlaidh, le héirghe an lae chonnaic lucht coimeádta an chaisleáin a lucht fóirthine (mar budh eadh) ag teacht. Is geárr go bhfacadar na Gaedhil ag teacht rompa go tobann agus 'ghá n-ionnsuighe. Pléasgann siad amach as an gcaisleán le cuidiughadh le n-a lucht cabhrach, acht ar theacht dóibh 'seadh thuigeadar cé an mearbhall a bhí orra nuair a bhí sé mall aca, mar d'ionnsuigh an bhuidhean iad i n-éinfheacht agus tar éis sladtha mhóir ghabh na Gaedhil caisleán Árda Macha. Chuaidh an cogadh ar aghaidh mar so - Aodh Ó Néill ag gnóthughadh i gCúigeadh Uladh agus Ó Dómhnaill i gConnachtaibh. Bhí 'fhios ag na Sasanaighibh anois go mbeadh orra oibhriughadh i n-am, má budh leó Cúigeadh Uladh a chongbháil 'na seilbh. Cuireadh arm láidir ó Shasanaibh faoi'n Taoiseach Bagnal. I n-Iubhar Chinn Trágha 'seadh chuireadar fútha. D'éirigh leó Árd Mhacha an dara huair, agus annsin ghluais leó go Port Mór, áit a raibh na Sasanaigh sáinnighthe ag Ó Mórdha agus cúig chéad déag d'fhearaibh Uí Néill - le fóirthin a dhéanamh orra. Bhí sé leagtha amach ag Ó Néill gan leigean do Bhagnal an baile a shroichint go gcinnfeadh air, agus mar sin chuir sé fios ar Ó Dómhnaill go tapaidh. D'imthigh leis go deifreach agus tháinig sé le treabhaibh Chonnacht agus Thíre Conaill. Chuireadar a gcuid fear faoi réir tuairim míle amach 'ó'n bPort Mór gar d'Árd Mhacha, coill thiugh dhorcha ar thaobh dhíobh agus an portach ar an taobh eile. Le n-a theacht orra ó Árd Mhaca chaithfheadh an námhaid a dhul thré Bhéal an
Átha Buidhe, gleann mór fada imeasg na gcnoc. Chaith arm na nGaedheal an oidhche 'sna coilltibh agus Aodh Ó Néill go mí-shuaimhneach ag feitheamh leis an maidin 'na raibh an cath mór le bheith aca, an cath 'na mbeadh air cruthughadh cé an brígh agus spreacadh a bhí i n-a arm agus seasadh i n-aghaidh a dhearg-námhad Bagnal, agus a airm láidir. Le héirghe an lae ar maidin d'imthigh leis an arm Sasanach 'n-a dtrí rannaibh ó Árd Mhacha. Ar theacht dóibh sgaoileadh fútha ó gach taobh as na coilltibh, mar bhí cúig chéad fear i bhfolach rompa ag Aodh Ruadh. Thosuigh sin an t-achrannn. D'oibrigh Bagnal le tréineacht mhóir. Chuir sé ruaig ar chuid de na Gaedhealaibh, acht bhí clasganna gearrtha roimhe ag Aodh Ruadh agus treasgruigheadh agus basgadh go leór dá chuid fear ionnta. Acht mar sin féin bhí sé ag gnóthughadh agus ag cur na nGaedheal i ndiaidh a gcúil nó gur ionnsuigh Aodh Ruadh agus a chuid fear féin é, Aodh Ruadh féin i dtús a chuid fear. Ní raibh rud ar bith uaidh acht cómhrac a bheith idir é féin agus Bagnal 'na mbeirt. Acht níor thárla sin, mar caitheadh Bagnal go tobann agus ní raibh 'fhios cé mharbhuigh é. Tráth a raibh deireadh leis-sean budh gheárr ar na Gaedhealaibh buaidh 'fhagháil agus glan-ruaigeadh a thabhairt do na Sasanaighibh. Ghabhadar dhá mhíle déag píosa óir, trí cinn déag agus fiche de bhratachaibh agus gunnaí móra na Sasanach go léir. D'fhág na Sasanaigh marbh 'na ndiaidh an lá sin tuairim trí mhíle fear. Sin mar bhuaidh Aodh Ruadh Ó Néill ag gnóthughadh i gCúigeadh Uladh agus Ó Dómhnaill i gConnachtaibh. Bhí 'fhios ag na Sasanaighibh anois go mbeadh orra oibriughadh i n-am, má budh leó Cúigeadh Uladh a chongbháil 'na seilbh. Cuireadh arm láidir ó Shasanaibh faoi'n Taoiseach Bagnal. I n-Iubhar Chinn Trágha 'seadh chuireadar fútha. D'éirigh leó Árd Mhacha an dara huair, agus annsin ghluais leó go Port Mór, áit a raibh na Sasanaigh sáinnighthe ag Ó Mórdha agus cúig chéad déag d'fhearaibh Uí Néill - le fóirthin a dhéanamh orra. Bhí sé leagtha amach ag Ó Néill gan leigean do Bhagnal an baile a shroichint go gcinnfeadh air, agus mar sin chuir sé fios ar Ó Dómhnaill go tapaidh. D'imthigh leis go deifreach agus tháinig sé le treabhaibh Chonnacht agus Thíre Conaill. Chuireadar a gcuid fear faoi réir tuairim míle amach ó'n bPort Mór gar d'Árd Mhacha, coill thiugh dhorcha ar thaobh dhíobh agus an portach ar an taobh eile. Le n-a theacht orra ó Árd Mhacha chaithfheadh an námhaid a dhul thré Bhéal an
Átha Buidhe, gleann mór fada imeasg na gcnoc. Chaith arm na nGaedheal an oidhche 'sna coilltibh agus Aodh Ó Néill go mí-shuaimhneach ag feitheamh leis an maidin 'na raibh an cath mór le bheith aca, an cath 'na mbeadh air cruthughadh cé an bhrígh agus spreacadh a bhí i n-a arm agus seasadh i n-aghaidh a dhearg-námhad Bagnal, agus a airm láidir. Le héirghe an lae ar maidin d'imthigh leis an arm Sasanach 'n-a dtrí rannaibh ó Árd Mhacha. Ar theacht dóibh sgaoileadh fútha ó gach taobh as na coilltibh, mar bhí cúig chéad fear i bhfolach rompa ag Aodh Ruadh. Thosuigh sin an t-achrann. D'oibrigh Bagnal le tréineacht mhóir. Chuir sé ruaig ar chuid de na Gaedhealaibh, acht bhí clasganna gearrtha roimhe ag Aodh Ruadh agus treasgruigheadh agus basgadh go leór dá chuid fear ionnta. Acht mar sin féin bhí sé ag gnóthughadh agus ag cur na nGaedheal i ndiaidh a gcúil nó gur ionnsuigh Aodh Ruadh agus a chuid fear féin é, Aodh Ruadh féin i dtús a chuid fear. Ní raibh rud ar bith uaidh acht cómhrac a bheith idir é féin agus Bagnal 'na mbeirt. Acht níor thárla sin, mar caitheadh Bagnal go tobann agus ní raibh 'fhios cé mharbhuigh é. Tráth a raibh deireadh leis-sean budh gheárr ar na Gaedhealaibh buaibh 'fhagháil agus glan-ruaigeadh a thabhairt do na Sasanaighibh. Ghabhadar dhá mhíle déag píosa óir, trí cinn déag agus fiche de bhratachaibh agus gunnaí móra na Sasanach go léir. D'fhág na Sasanaigh marbh 'na ndiaidh an lá sin tuairim trí mhíle fear. Sin mar bhuadh Aodh Ruadh Ó Néill ag Béal an Átha Buidhe, ceann de na cathaibh a b'iongantaighe dár tugadh riamh idir Gaedhil is Gall. Sgaip an bhuaidh mhór so clú agus cáil Aodha Ruaidh ar fud na hEorpa. Budh mhór a mheas tar éis an lae úd agus budh mhaith an aghaidh air é.
Mar d'oibrigh Ó Néill i n-aghaidh Mountjoy, Carew, agus Essex. Cliseadh na Spáinneach. Sgaipeadh na dtaoiseach. Mar sheas Ó Súilliobháin Bhéarra. Bás Uí Dhómhnaill. Sladadh Thíre Eóghain. Bhí gnóthuighthe ag Clannaibh Gaedhil i n-Ultaibh anois, acht bhí Cúigeadh Mumhan gan a bheith 'na seilbh fós. Bhí furmhór na dtighearnaí annsin 'na Sasanaighibh nó 'na n-Éireannaighibh nach raibh dílis dá dtír, acht mar sin féin, nuair a facthas dóibh mar do hoibrigheadh i gCúigeadh Uladh cuireadh sgéala chum Uí Néill a theacht agus iarracht a thabhairt ar Chúigeadh Múmhan a ghnóthughadh freisin. Chuir sé chuca Riostárd Tirial agus Ruaidhrí óg Ó Mórdha agus buidhean láidir agus budh ghairid go raibh na tailte agus na caisleáin ar ais arís i seilbh na nGaedheal. Is féidir a rádh le fírinne go raibh Éire go léir i seilbh na nGaedheal i dtús 1599. Bhí na Gaedhil go léir dílis d'Aodh Ruadh agus mór- mheasamhail air. Neartuigh sé an t-arm ar gach caoi a b'fhéidir leis agus d'ollmhuigh gach rud amach le bheith faoi réir i gcómhnuidhe i n-aghaidh a námhad. Bhí Sasana an t-am so an-chumhachtach. Ní raibh sí i n-achrann le aon tír eile, agus ní móide go raibh riamh roimhe sin os cionn na tíre duine b'fhad-bhreathnuighthe, budh chliste agus budh dhána ná Eilís a bhí 'na bainríoghain an t-am so agus a raibh fúithi gach a raibh 'na cumas a dhéanamh le hÉire a bhaint amach le láimh láidir. Mar sin cuireadh anall go hÉireann fiche míle Sasanach agus Essex 'na thaoiseach orra, fear a raibh an bhainríoghan an-mhór leis. Bhí na Sasanaigh ullmhuighthe i gcómhair an chatha le gach ar theasduigh acht níor bh' amhlaidh ag na Gaedhealaibh é. Acht mar sin féin leis an inntleacht iongantach a bhí ag Aodh Ruadh bhí sé ag fagháil bhuaidhe orra 'na dhiaidh sin. Ní raibh ag éirghe le Essex agus bhí an bhainríoghan ar buile leis. Chuir sí fios air go Lonndain agus ní raibh de luach saothair aige le fagháil acht an ceann a bhaint de. Ar feadh na
bliadhna 1600 chaith Ó Néill a aimsir ag imtheacht ar fud na tíre ag neartughadh an airm agus ag gríosadh na ndaoine. Chaith sé trí seachtmhainí i gCúigeadh Mumhan. Shocruigh Ó Donnchadha, Ó Donnabháin, Ó Mathghamhna, Mac Cártha as Cairbre agus Ó Súilliobháin Bhéarra cuidiughadh leis. Cuireadh anall annsin Mountjoy mar fhear ionaid na bainríoghna agus an Carrúnach dá ndearnadh Uachtarán ar Chúige Mumhan. D'oibrigh an bheirt ag creachadh agus ag milleadh ar gach caoi a mb'fhéidir leó é le beartuigheacht, gleacaidheacht, feall, brathadh agus eile. Bhíodar ag gabháil do chuid de na taoisighibh nó gur chuireadar faoi ndeara dhóibh éirghe as an gcogadh ar son Uí Néill. Budh mhór a chuid de na taoisighibh nó gur chuireadar faoi ndeara dhóibh éirghe as an gcogadh ar son Uí Néill. Budh mhór a chuaidh seo ar an mbeirt iarlaí, acht ní raibh aon ghlacadh aca leis an drochmhisneach agus d'oibrigh orra go dúthrachtach, acht cé nach raibh aon ghnóthughadh dá dhéanamh ag an Sasanach, bhí Clanna Gaedhil ag tabhairt uatha ó'n síor-imreas. Seo é an t-am ar tháinig na Spáinnigh acht faríor ! ní leas acht dochar a rinneadar. Níor tháinig acht trí mhíle fear. Ar a laighead níor mhór a dhá oiread, acht, níos measa ná sin is uile, ní raibh an taoiseach Spáinneach a tháinig oireamhnach ar chor ar bith. Thángadar i dtír i gCionn tSáile. Bhí Ó Néill an t-am so i gCúigeadh Uladh, ag coimeád a dhúithche ar na Gallaibh, agus bhí Ó Dómhnaill mar an gcéadna agus a sheacht sáith le déanamh aige féin. Acht chuir an Spáinneach Don Juan fios orra le cuidiughadh leis agus gheall sé tabhairt uaidh, mara gcuirtí congnamh chuige. B'éigean do na hiarlaíbh gluaiseacht ó dheas mí-thoilteannach go leór go Cúige Mumhan. Do chonnaic Ó Néill ar a theacht dó cé rud do b'fheárr le déanamh. Bhí na Spáinnigh sáinnighthe ag na Sasanaighibh agus cheap sé go mb'fheárr do na Gaedhealaibh féachaint le na Sasanaigh féin a sháinniughadh agus cosg a chur le beatha na bhfear troda. Bhí na Spáinneach go síorruidhe ag brostughadh ar na Gaedhealaibh troid a thabhairt uatha, acht ní raibh Ó Néill sásta, acht bhí Aodh Ó Dómhnaill. 'Sa deireadh socruigheadh go dtroidfidhe lá'r n-a mhárach. Tugadh an cath. Buaileadh na Gaedhil. Mar-
bhuigheadh 1200 fear orra agus ní raibh Gaedheal dár rugthas air nár dícheannadh láithreach bonn. An oidhche tar éis a mbuailte chuir na taoisigh Gaedheal chómhairle i dteannta a chéile. 'Sé an socrughadh a rinneadar Aodh Ó Dómhnaill a dhul do'n Spáinn go dtí an rí, Ó Súilliobháin Bhéarra a fhágáil ag cosaint a chaisleáin ag Dún Baoi : Ruaidhrí Ó Dómhnaill, dearbhráthair d'Aodh Ruadh, a bheith 'na thaoiseach i dTír Chonaill, agus Aodh Ruadh Ó Néill a fágáil 'na Árd-thaoiseach i gCúigeadh Uladh. Mar sin ar maidin lá'r mhárach sgaradar ó chéile. D'fhágadar slán agus beannacht ag a chéile agus d'imthigh leó, gach duine ar a bhealach féin. B'olc a chlis an Spáinneach ar na Gaedhealaibh. Bhí an Carrúnach 'na ghleacaidhe mhór agus bhí ag gabháil do na Spáinnighibh gur shocruigheadar gach caisleán a bhí i seilbh na Spáinneach a thabhairt suas do'n námhaid, sin nó a gcur ar ais do'n Spáinn. D'imthigh leis féin a bhaile ainnsin acht ba gheárr a shaoghal. Cailleadh é le briseadh croidhe. Tháinig an Súilliobhánach thar éis an tsocruighthe, agus cé'r bh íongnadh taod agus fearg a bheith air agus an cleas a bhí déanta air ? Bhain sé an caisleán amach de na Spáinnighibh. D'fhan cuid dhíobh le cuidiughadh leis le n-a chosaint agus d'imthigh an chuid eile a bhaile do'n Spáinn. D'ollmhuigh Ó Súilliobháin é féin annsin le Caisleán Dhúin Baoi a chosaint agus ar eagla Dún Baoi a chailleadh chuir sé caisleán eile faoi réir i mBaoi Bhéarra. Anois 'seadh bhí faoi an sladthóir mhí-thrócaireach an Carrúnach an sladadh a dhéanamh. Sgaoil sé a chuid saighdiúr ar fud na tíre ag marbhadh na bhfear, na mban 's na bpáistí gan coimirce ná trócaire uaidh le fagháil ag aon duine. Ní raibh uaidh acht críoch amach 's amach a chur leis na daoinibh ; an cur a mhilleadh agus an t-eallach a ghoid ionnus go gcaillfidhe iad leis an ocras, agus ag déanamh gach gnímh ní ba mheasa ná a chéile ar Chlannaibh Gaedheal. Ná dearmadtar an treasgairt a tugadh do na Gaedhealaibh an tráth úd. Níor chogadh é ar chor ar bith acht dúnmharbhadh, agus
admuigtear sin i leabhraibh an tsaraidhe Shasanaigh Froude. Chuir an Carrúnach roimhe Dún Baoi a bhaint amach. Bhí an Súilliobhánach tréan socruighthe ar throid le n-a chosaint. Cuireadh 4,000 Sasanaigh i n-a aghaidh, gan trácht ar chabhlach ar fairrge le cuidiughadh leó. Ní raibh 'san gcaisleán ag Ó Súilliobháin acht tuairim 140, agus tuairim cúig chéad eile a bhí ullmhuighthe le cuidiughadh leis. Caithfear admhughadh - agus is mairg é a bheith le rádh - go ndeárnaidh dearbhráthair athar an tSúilliobhánaigh, an ridre Eogán Ó Súilliobháin, spíodóireacht air agus gur chuidigh sé leis na Sasanaighibh an t-am so. An oidhche sul thosaigh an troid ag iarraidh an chaisleáin a ghabháil 'seadh tháinig long ó'n Spáinn le airgead, airm agus eadaighe ó rígh na Spáinne le haghaidh an tSúilliobhánaigh, agus feisin sgéala go raibh cúig mhíle déag fear le theacht ó'n Spáinn i gcionn tamaill le cuidiughadh leis. Ar fhagháil na deagh-thuairisge do'n tSúilliobhánach d'imthigh leis faoi dhéin na luinge, agus d'fhág sé 'na dhiaidh Mac Eochagáin, deagh-Ghaedheal fíor-dhílis le bheith 'na thaoiseach 'san gcaisleán 'na leabaidh. Throid Mac Eochagáin ar feadh aon lá déag i n-aghaidh an Charrúnaigh. 'Sa deireadh bhí an caisleán briste réabtha ag urcharaibh na ngunnaí mór, agus do ghealladar tabhairt suas dá bhfágthaoi a gcuid arm aca, acht crochadh an teachtaire a cuireadh leis an sgéalaibh. D'fhéach deich bhfeara fichead imtheacht 'san snámh, acht bhí saighdiúir 'sna bádaibh a mharbhuigh iad 'san uisge. Do loiteadh go mór Mac Eochagáin, agus cuireadh i n-a áit fear dar bh'ainm Tomás Táilliuir. Bhí bairillí púdair 'san gcaisleán agus do gheall na Gaedhil go gcuirfidís an caisleán trí lasadh agus iad féin de'n tsaoghal mara ngeallfaidhe nach marbhóchthaoi iad - acht ní gheallfaidhe. B'éigean do'n Táilliúrach tabhairt uaidh 'sa deireadh, agus tar éis a dhul síos do na Sasanaighibh 'san seiléar - an áit a raibh an púdar - cé bheadh ann acht an Gaedheal loitthe Mac Eochagáin agus é go díréach ag braith ar troillseán fada lasta do chaitheamh isteach 'sa bpúdar. Rugthas air agus do
marbhuigheadh é. Crochadh ocht bhfeara déag is dá fhichead an lá céadna. Crochadh tuilleadh go luath 'na dhiaidh, acht le sgéal geárr a dhéanamh de níor fhan mac máthar beó de'n chéad triúr agus dá fhichid a bhí ag cosaint an chaisleáin. Do chuir an Carrúnach annsin buidhean anonn go Dún Baoi agus do bhain amach an caisleán. Bhí Ó Súilliobháin Bhéarra annsin gan teach gan lóisdín 'na chúige dúthchais féin. Chaith sé seal geárr 'sa nGleann Garbh ag feitheamh le deagh-sgéalaibh ó'n Spáinn, acht do cliseadh air mar tá le tasbánadh. Mar dubhras cheana d'imthigh le Ó Dómhnall do'n Spáinn. Níor stad sé gur shroich sé caisleán an ríogh. Gheall an rí congnamh dó, acht nuair ba mhó a dhóchas 'seadh tháinig an droch-sgéal nuaidhe chuige go raibh Dún Baoi i seilbh na Sasanach agus Cuan Bhéarra faoi longaibh cogaidh na námhad. Do chuir sin droch-mhisneach ar an rígh agus níor tugadh cead do na congantóiríbh imtheacht. Briseadh croidhe Aodha Uí Dhómhnaill agus d'éag sé ag Simancas 'san Spáinn an deichmheadh lá de Mheadhon Fóghmhair, 1602. Sin mar d'imthigh le duine de na gaisgidheachaibh a b'iongantaighe dár mhair i n-Éirinn riamh - i dtús a óige nuair a bhí a intinn socruighthe go daingean ar oihriughadh ar son a thíre. Mheas an Carrúnach nach bhfuair sé deis riamh go dtí anois nuair a bhí Ó Néill buadhartha droch-mhisneamhail, agus mar sin cuireadh Sasanaigh amach ar fud Thíre Chonaill agus Thíre Eóghain le deireadh a chur le n-a chumhacht. Chuaidh Mountjoy féin le troid i n-a aghaidh agus ghluais leis le n-a chaisleán a bhaint amach ag Dún Gheanainn, acht ní raibh roimhe acht tóiteán nuair a tháinig sé. B'fheárr le Ó Néill 'na ghríosaighibh é ná a bheith i seilbh na námhad. Mhilleadar an cur le corránaibh, le spealtaibh agus le gach gléas millte eile a b'fhéidir ló fhagháil nó nár fhágadar blas ag na daoinibh bochta agus cailleadh i dTír Eoghain amháin trí mhíle duine leis an ocras ar feadh cúpla míosa. Rinneadar gach creachadh a b'fhéidir leo, acht ní rabhadar sásta gan Ó Néill a ghabháil - rud a theip orra gach tráth.
Ní mór anois aithris gheárr a dhéanamh ar an gcaoi ar sheas an Súilliobhánach i n-aghaidh na námhad 'sa nGleann Garbh, mar d'imthigh sé agus mar threóruigh sé a bhuidhean lag lúbach ó uachtar na Mumhan go Caisleán Uí Ruairc i gConndae Liathdroma. Bhí sé seal socruighthe le n-a bhuidhin 'san ngleann go haoibhneach ag súil le deagh-sgéala ó'n Spáinn acht faríor ! níor bh' amhlaidh a bhí le tárlughadh. Fuair sé sgéala báis Aodha Uí Dhomhnaill agus nach raibh aon chabhair le fagháil. 'Sa deireadh ní raibh a fhios aige cé rud a b'fheárr dó a dhéanamh agus é i dtús an gheimhridh 'na shioc agus 'na shneachta, deireadh curtha aige le n-a chuid bídh agus an námhaid ag faire air ar gach taobh agus gan cara a d'fhéadfádh cuidiughadh leis ní ba ghoire ná uachtar Uladh, agus an tír idir é féin agus an áit sin i seilbh na Sasanach. Cé rud a dhéanfadh sé ? B'in í an cheist a chuir sé air féin agus a d'fhreagair sé go dána mar so : "Rachad thríd an námhaid agus ní sguirfead go sroichfead Cúigeadh Uladh, mé féin agus gach a mbeidh beó de mo bhuidhin le n-a shroichint liom !" Beidh meas ar a ainm go deó mar gheall ar an socrughadh sin. D'fhág sé a bhean agus a pháisdí a b'óige 'na dhiaidh faoi chúram carad dar bh'ainm Mac Suibhne agus gluaiseann leis an lá deireannach de'n bhliadhain 1602, 'na theannta ceithre chéad fear troda, agus sé chéad eile idir shean-daoine, páisdí agus searbhfhoghantaí. Chuir na Sasanaigh sgéala amach gan aon duine - ar mhaithe leis féin - a dhíol aon roda leis, acht a ionnsuighe ar an mbealach agus an t-eallach a dhíbirt uaidh nó go gcaithfeadh a bhuidhean bás d'fagháil 'o'n ocras. Duine ar bith a leigfeadh tré n-a chuid talmhan é gan féachaint le n-a bhacadh, bhí an talamh le cailleadh aige. D'imthigh leis. Chuaidh thré Bhaile Mhúirne agus b'éigean dó troid ar an mbealach in gach áit, go leór ag fagháil bháis leis an ocras gach lá, agus é d'fhiachaibh orra troid a thabhairt uatha ar an mbealach i gcómhnuidhe gur shroicheadar an tSionainn go tugtha sáruighthe 'sa deireadh.
Ní féidir a thuigsint i gceart chomh maith is saothruigh eadar an turas fada sin, gan biadh, gan deoch, gan bolgam, faoi fhuacht agus faoi dhéartan, faoi shioc agus faoi shneachta, gan cara ná fear fóirthine, acht i gcómhnuidhe é air aca a bheith faoi réir le n-a námhaid gan truagh gan trócaire a throid. Deirtear gur theoruigh duine iad a tháinig orra go tobann aon oidhche amháin a bhí faoi éadach geal agus cos-lomnochta agus gur thug sé leis iad chúig mhíle déag nó go rabhadar i ngar do Chaisleán Uí Ruairc. Nár mhór a n-aoibhneas agus a sólás croidhe ar fheicsint an chaisleáin dóibh agus nuair a bhí a fhios aca go raibh deireadh le n-a n-annró agus le n-a n-aisdear ! Chaitheadar iad féin ar a nglúinibh agus thugadar míle altughadh do Dhia a threóruigh agus a thug slán gach ar tháinig dhíobh, acht nár bheag a tháinig faríor ! As an míle duine a d'fhág an Gleann Garbh níor tháinig céad féin slán isteach go Caisleán Uí Ruairc. Cailleadh ar an mbealach nó marbhuigheadh ag teacht an chuid eile dhíobh. Imtheacht na n-iarlaí as Ultaibh, mar cailleadh iad i gcéin ó dhuine go duine. Bás Uí Néill. Mar cuireadh deireadh le Ó Súilliobháin Bhéarra i gcéin. Cé go raibh go leór de'n mhisneach caillte ag cuid de na flathaibh, cheap na Sasanaigh go mb'fheárr iarracht eile a thabhairt ar shocrughadh a dhéanamh le Ó Néill, mar go raibh an t-an-shocrughadh a dhéanamh le Ó Néill, mar go raibh an t-an-fhaitchíos aca roimhe. Mar sin de cuireadh Mountjoy chuige agus rinneadh socrughadh eatorra an 30adh de Mhárta, 1603. Gealladh go gcuirfidhe ar ais é mar bhí sé roimh an gcogadh, i n-a iarla ar Thír Eoghain, go mbeadh na Caitliocaigh gan sgiúirse acht go gcaithfeadh sé glacadh le dlighe Sasanach san gcúigeadh agus leis an ainm Sasanach "Iarla" i n-ionad "Ó Néill." Budh é seo an t-am ar cailleadh Eilís, agus ar cuireadh an Seiseadh Séamus Rí na hAlban 'na rígh ar Shasanaibh freisin. Budh é seo an chéad uair riamh a raibh Sasana agus Alba faoi aon rígh amháin. Ó thárla go mbudh Albanach é agus fear freisin 'na raibh beagán d'fhuil na nGaedheal, agus mac do'n bhainríoghain Máire a bhí cáirdeamhail leis na Caithliocaighibh agus a chuir Eilís chum báis. Bhí na Gaedhil an-tsuimheamhail i Séamas agus dóchas láidir aca as. Acht níor chóir go mbeadh. Ghlac sé le cómhairle uaisle Shasana a raibh an dúil nimhe aca 'sa mbradghail agus 'san gcneámhaireacht. Bhíodar ag gabháil dó ag cur 'na luighe air cé an mhí-shástuigheacht a bhí orra mar gheall ar an deagh-shocrughadh a rinneadh le Ó Néill, agus ag dul le buile agus báine faoi go raibh na tailte le tabhairt ar ais do na flathaibh Gaedhealacha nó 'sa deireadh go raibh sé ar aon intinn aca leó féin agus sásta ar a dhícheall a dhéanamh le n-a sásughadh agus leis an socrughadh a bhriseadh. Budh gheárr go raibh sé socruighthe aca Ó Néill a chur dá chois dá mb'fhéidir é. Sgríobhadh litir i n-a ainm 'n-ar comharluigheadh do na Gaedhealaibh caisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil, fear ionaid an ríogh a mharbhughadh, agus an cogadh a chur ar bun arís. Budh mhaith a bhí a fhios ag Ó Néill cé rud budh bhun úghdair leis an sgéal tobann so. Budh gheárr go bhfuair sé sgéala a theacht, é féin agus taoisigh na nGaedheal, go Baile Átha Cliath le freagra a thabhairt i dtaoibh na ngníomh a bhí curtha 'na leith. Acht ní raibh na Sasanaigh ullmhuighthe 'na gcómhair agus mar sin do horduigheadh dhó a dhul go Lonndain faoi Fhéile Míchíl a bhí chugat le n-a cheistniughadh. Acht ní dheachaidh sé go Lonndain agus níor sheas os cómhair a námhad go deó 'na dhiaidh seo. Bbí a fhios aige go raibh fútha deireadh a chur leis. Bhí a fhios aige nach raibh sé sáthach cúmhachtach le n-a dtroid ní b'fhuide. Bhí a fhios aige nach raibh suaimhneas i ndán dó 'na thír dhúthchais féin feasda, agus mar sin ní raibh aige le déanamh acht imtheacht i gcéin ó "Bhan-chnuic Éireann Ó" le n-a mhuinntir agus a ghaolta.
Is beag sgéal i stair ar dtíre is dólásaighe agus is buaidheartha ná "sgéal imtheachta na n-Iarlaí as Cúige Uladh." D'imthigh os cionn leath-chéad dhíobh ar fad. 'San gcuideacht bhí Ó Néill, a bhean, a thriúr mac, Aodh, Seaghán agus Brian, Art, mac a dhearbhráthar, Ruaidhrí Ó Domhnaill, iarla Thíre Chonaill, Cathbharra dhearbhráthair, Nuala a dheirbhshiúr, Aodh Ó Dómhnaill mac an iarla, Mag Uidhir, agus Eoghan Ruadh Mac an Bháird, príomh-bhárd Thíre Chonaill. Mo bhrón ! Nár bhocht an sgéal an bhuidhean laochra dílse Gaedheal so ag fágáil "slán is beannacht" go deó ag a dtír dhúthchais ar oibrigheadar le fada chomh dúthrachtach ar a son ! Le croidhthibh cráidhte d'imthigh leó ar bhórd na luinge i Loch Súilighe. Thug aghaidh ar an bhFrainc agus casadh ar ais ar a dtírín dúthchais ní dheárnadar go deó ! Cuireadar míle fáilte rómpa in gach tír dá ndeachadar acht go háirithe 'san Róimh. Shocruigh an Pápa agus rí na Spáinne an oiread so airgid a thabhairt dóibh gach bliadhain d'oirfeadh do dhaoinibh uaisle mar iad. Acht budh gheárr a mhaireadar. Cailleadh iad ó dhuine go duine. Ní rabhadar imthighhthe acht dhá bhliadhain nuair a bhí Aodh Ó Néill taobh leis féin beagnach agus gach duine dá cháirdibh dílse ag déanamh créafóige i dtíorthaibh coimhightheacha. Mhair sé le croidhe briste cráidhte ocht mbliadhna tar a éis seo. Chaill sé radharc a shúl 'sa deireadh, agus cailleadh é 'san Róimh an 20adh lá de mhí Iúil san mbliadhain 1616. Tá sé féin agus a mhac curtha i n-aon uaigh amháin 'san Róimh. Is beag Gaedheal dá dteidheann do'n Róimh, atá dílis dá thír, nach dtugann cuairt ar uaigh Aodha Ruaidh agus cé an t-iongnadh má shileann an deóraidhe Gaedhealach na deóra agus má ghuileann sé go fuidheach os cionn an laoich a d'oibrigh go hiongantach ar son a thíre agus ar briseadh a chroidhe mar gheall ar an stáid 'na raibh sí ? D'fhág Ó Súilliobháin Bhéarra an tír agus chuaidh le n-a mhuinntir agus a ghaolta do'n Spáinn 'sa mbliadhain 1604. Marbhuigheadh go tobann é agus é ag teacht a-bhaile tar éis cumaoinigh ó'n Aifreann. Bhí achrann idir a
mhac agus fear eile, agus tar éis iad a sgaradh ó chéile, casadh Ó Súilliobháin féin ar an bhfear so, agus, le n-a chuid feirge a ídiughadh air, sháith sé é, agus an paidrín 'na lámhaibh aige. Bhí mac a dhearbhráthar i n-a oifigeach i n-arm na Spáinne agus marbhuigheadh a mhac ag Belgrád ag troid i n-aghaidh na dTurcach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services