Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mian a Croidhe
Title
Mian a Croidhe
Author(s)
Ó Conaire, Pádhraig Óg,
Composition Date
1922
Publisher
Gaedheal-Comhlucht Taighde um Clódóireacht, Foilseoireacht, agus Tráchtáil,
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TAIRISGINT Ba bheag an cheapadh a bhí agam-sa an trathnóna Foghmhair úd, an 7adh Lá de Mh. Foghmhair, 1908, nuair chuireas mo chos thar thairsigh Sgoile Éanna, go dtiocfad sé san saol choidhche go mbeadh an tairisgint bheag seo dá tabhairt agam le cuimhné dhíl an Phiarsaigh a bhuanú imeasg Clanna Gaedheal. Múinteoir ní b’fhearr níor sheas fós ag clár dubh. Léigheachtóir ba cliste ar a ghnó níor fhill páipéar fós, & níor thaise le na chineáltas é — dúinne a bhí fá na chúram. Is maith is cuimhin liom é ag siúbhal ar cholbha na páirce & sinne ag bualadh báire nó peile, ag toncáil & ag leagan a chéile. Sruthán alluis linn ar uair the. Puiteach go cluais go minic san nGeimhridh. Eisean ag tabhairt corr strac- fhéachaint orainn ar chloisteál osna nó béic dhó, a cheann faoi arís aige, & é ag machtnamh go doimhin. Sinne ró-óg, ró-aereach, & béidir ró-aineolach le fios a bheith againn cé ar a raibh an fear éachtach, an sár-mhúinteóir, an taoiseach crodha ag smaoiniú. Tá’s againn anois é. Nar mhór é a ghrádh ar Iar-Chonnacht? Nar thug sé searc is gean a chroidhe do gach loch, abhainn, sruthán sléibhe san duithche áluinn sin? Nar bhfada leis go dtigeadh an Samhradh le seársa thabhairt siar, le n-a chnámha a shíneadh ar chnocán aerach fraoigh, ós cionn Locha Eileabhraigh & go bhfaghadh baladh cumhartha na fiaidhtíle is an fhraoigh a sheoladh gaoith fhionn-fhuar an trathnóna chuige. Sin nó cainnt a bhaint as “Bairbre“ nó as “Eoghainín na n-éan.“ Nar mhór é a chion ar mhalraigh’ cuthalacha Gaedheal-acha “Ros na gCaorach”
agus ar na sean-daoine raibh dóchas aca “an lá fheicéal” sul a gcuirfidhe cré orrtha! “Bhí gnaoi is gean ag gach aon air an sean duine críon’ is an t-óg.” Mar deir an file le “Eoghan Cóir.” Is cinnte go dtagadh cumha is brón air ar fheiceál grian ghlórmhar an tráthnóna dá h-ísliú féin go maordha san domhain Thiar. Ní le caitheamh in a diaidh é, ach fá go mbeadh an tír áluinn a bhí sí a mhaiseadh is a órdhú dá sladadh, & fuil an chroidhe dá bhrughadh aisti le slabhraibh troma cruadha na daoirse. A fir óga dá tréigean, is ag imhteacht, gan a feicéal le n-a mbeo arís, a clann inghean, ba ghlaine ná an t-uisge fhágas na sléibhte árda fraoigh, ag tabhairt cathrach mór an oileáin úir ortha féin le greim a mbéil a bhaint amach, i bhfad ó’n lághaidheacht is ón gcinealtas ba h-eol dóibh sa mbaile. Chuaidh an Piarsach ar shlighe na fírinne gan an t-Eirighe Gréine ar mhair agus ar oibrigh sé ar a shon a fheiceál, ach fhaothruigh & leasuigh sé ithir na h-Éireann le na ngníomh is le na chuid fola. Cé déarfas nach breagh torthamhail an Foghmhar atáthar a’ bhaint cheana féin? An té dhearcfadh go géar chífeadh sé grian ghlórmhar na saoirse ag gobadh aníos ingan fhios san Oirthear cheana féin, ach go bhfuil corr sgamall san mbealach. Faoi cheann sgaithín eile beidh siad glanta leo; & sgalfaidh an ghrian sin ar thír iathghlais na h-Éireann a leasuigheadh le fuil na gcéadta mairtíreach. Sgalfaidh sí ar an tír seo againn-ne a bhéas gan mórán achair — fíor-Ghaedhealach chomh maith le saor. Go bhfeicidh tusa is mise, a léightheoir an maidneachan buidhe órdha sin! P. ÓG Ó CONAIRE. 1-12-’21.
MIAN A CROIDHE CAIBIDIL I I MEASG SLIABH IS GLEANN. Is iomdha áit dheas aerach, uaigneach, dhiamhar, atá san lim- istéar mór tíre sin atá idir Gaillimh thoir agus an Clochán thiar, & ó loch Measga atá i bhfolach uait ag Sléibhtibh móra an Mháma agus ag Coilltibh Dhoire Briain ó thuaidh, go dtí an fhairrge mhór ó dheas: ach ní'l aon áit is mó bhfuil cáil, is cliú áilneachta agus aoibhnis air, ná tá ar Chill-Mhíne atá ar ceann an chuain, chaoil, charraigigh, úd atá ag síneadh isteach ón bhfairrge mhóir. Marach a cháil a bheith i bhfad agus i ngearr, ní ann a bheadh lucht airgid, is mío-shláinte ag teacht gach blian; daoine a bhí tiurseach de smúit sráideanna mór na gCathrach, & bhíodh dá ndalladh le deatach dubh na mílte fuirnís ó cheann ceann na bliana. An té mbeadh sgíth, sláinte, & follántas uaidh, & ar mhaith leis a chnámha a shíneadh ar chnocáin mhíne aeracha, agus cantal, doiligheas, & brón an t-saoghail a chaitheamh dhe b'é Cill-Mhíne a áit. Dá mba duine thú a shanntóchadh an iasgach bhí sin le fághail agat ar fhairrge agus ar loch. Dá mba duine thú a shann- tóchadh aithne chur ar shléibhtibh móra árda, & ar ghleanntaibh móra ceoidhe bhíodar i bhfoigseacht trí mhíle dhuit, & le feiceál
agat ar gach dath fé luighe is eirighe gréine. Go codlatach ceodhach ar maidin, sul a leigidís díobh an brat mór bán a leigeadh neamh anuas orra, go soilseach lonnrach ioldathach trathnóna & an ghrian mhór bhuidhe ag éaló uatha. Dá mba duine cainnteach thú bheadh daoine laghacha, greannmhara, cneasta, agat le labhairt leo mar bhí cáil mhuintire Cill- Mhíne ar fud Iar Chonnachta. Ní raibh aon teach san gceanntar fé na bhfuilim ag trácht ba mhó, ba bhreaghtha, ná ba mhó le rádh ná teach Sheáin Mhóir, mar bhí leath de i na shiopa & an leath eile in a theach ósta & aoidheachta. Nuair nach raibh aon teach ósta ann ach é, b'ann a bhíodh comhnuidhe ar gach fámaire a fhad is bhíodh sé i gCill- Mhíne. Sna síothmhaoir' a chaith Seán Mór cuid mhaith dá shaol, agus chaithfidh gur fear staidéarach, ciallmhar, a bhí ann & an méid airgid a chur le céile & a cheannuigh an teach seo bhí ag Seán Choirnéal Máirtín, mar deirtear nach bhfuair sé aon spré nuair phós sé a bhean mhór dhathamhail a fuair sé i gCasla. Duine dúr a bhí i Seán do réir deallraimh. Corr uair a théigheadh sé in aon áit ná chorruigheadh sé amach, ach amháin chuig an gCúirt, mar ba Giúisdís é. I mbun an t-siopa a chaitheadh sé an chuid ba mhó de'n lá, & le linn an tráthnóna bhuaileadh sé faoi ar stól sa gcistineach, a dhrom le balla aige, cos leis ar an urlár, an chos eile ar an stól, a uille ar an mbórd aige, & bos fé na leiceann aige & leath lámh leis i ngreim san bpáipéar laetheamhail aige & é dá léigheamh ar a sháimhín suilt, go h-árd amannta, nuair bhíodh aon sgéal íongantach ann, — dúnmharbhú i Londain, nó long-bhriseadh na céadta míle i bhfairrge. Go ciúin, & ar nós-chuma-liom nuair nach mbíodh aon cheo ar a b'fhiú aithris. Ní mó ná go maith a thaithnigh sé le muintir na h-áite, mar ghearradh sé cáin a bhíodh ró-mhór ar ruidin beag fánach. Duine a bhéarfadh leadóg do dhuine eile, nó beithidheach
bradach comharsan a leagfadh claidhe, agus rud eile bhí cáil air go mbíodh sé roinnt taobhach le daoinibh a thaithnigh leis, nó a bheireadh lá oibre in aisge dhó, san Earrach nó ag crapadh an Fhoghmhair. Má bhí eisean socair, dúr, ní raibh, a bhean, Brighid, mar sin. Ise a bhí in-an an teanga oibriú ar a rogha caoi nuair corruightí í! Ach mar sin féin, ba bhean ghnaoitheamhail chatharnach ghrádh-diamhail í. Bhí sí thar cionn do na bochtaibh, & dá mbeadh comharsa léi tinn, bheadh sí ar an gcéad duine thiochsadh ag breathnú air & ní bheadh a dá láimh chomh fada le chéile ach an oiread. Bhí cáil uirthi bheith roinnt mórdhálach innti féin mar gheall ar a méid, & a dathamhlacht, an teach mór a bhí aici, agus an téagar mhaith a bhí in ainm Sheáin i mbanc mhór na Gaillimhe; ach mhaithfeá an méid sin di. Cá'il an bhean a bheadh in a brógaibh nach mbeadh mar an gcéadna, nó béidir seacht n-uaire ní ba mheasa. Beirt inghin, & mac a bhí aca. Bhí an bheirt inghin tamall fada san gClochar ba mhó le rádh i mBaile Atha Cliath, & bhí cáil orra — ar Úna go mór-mhór bhí in oifig i Londain fá seo — go rabhadar an-chliste. Deirtear gur sgríobh sise dráma a léirigheadh an Nodlaig dheire sul ar fhág an Clochar & go bhfuair árd-mholadh ó lucht na bpáipéar. Sa mbaile a bhí Róisín de chongnamh dá máthair & ag freastal san teach ósta nuair bhíodh “uaisle” ann. San siopa sgaithtí eile, nuair bhíodh a h-athair tuirseach, & sgaithtí eile, ag clár an óil, nó ag an “mbear” mar deirtear de ghnáth. Ba fuath léi an obair sin. “Ní raibh sé feileamhnach do chailín óg,” a deireadh sí léi féin go minic Bhí sí an-dathamhail deir chuile dhuine & 'un dathamhlachta a rachadh sí do réir mar theannfadh lé aois, & b'fhíor dóibh sin, mar ní raibh aon bhlian a bhí sí chur thairstí nach ag méadú ar a dathamhlacht a bhí. Ní raibh sí thar fhice blian an taca seo,
an uair is iondual do chailínibh óga bheith idir dhá chomhairle fé'n mbóthar a leanfaidís ar an saol seo. Minic a smaoineadh sí & í 'n-a h-aonraic agus í ag breathnú ar na sléibhtibh duaibhseacha ó bhárr a fuinneoige ar céard a bh'fearr di a dhéanamh. A bheith in a mnaoi riaghalta? Níorbh eadh. Ní mó ná go maith a thaithneochadh léi a saol a chaitheamh mar sin i bhfad ó éisteacht na n-eas mear gcumharach & ó na sléibhtibh árda fraoigh. A dhul go Londain, & na sráideanna íongantacha fé spréachadh lonnrach lampaí fheiceál? Ní dhéanfadh sé cúis. Pósadh, ach ní minic a smaoinigheadh sí air seo. Ní duine aereach a bhí innti. Bhí sí an-chuthal do réir nádúir. Níorbh eol di aon fhear aithintis ar mhaith léi a saol a chaitheamh in a fhochair. Bhí fhios aici gurbh é toil a h-athar í fheiceal pósta le Cléireach na Cúirte nó an “C.P.S.” mar deireadh sé féin. Thuig sí freisin nach dúil chráidhte sa ngloine a thugadh S. Ó Néill, an síothmhaor mór isteach chomh minic sin sa teach. Cé go raibh a h-athair in a shíothmhaor tráth, níorbh ionann sin & a rádh gur thaithnigh an dream sin daoine léi. Níor thaithnigh chor ar bith, ach bhí sí ró-chuthal ró-mhúinte ró-íogmhar, le sin a chur i gcéill dóibh. Bhí aithne & sár-aithne aici ar Thomás Pheadair nó Tom mar tugtaí air & ar a athair & a shean-athair roimhe. Ní raibh duine sa bpáraiste a d'fhéadfadh ceann fé a chur air fé aon nidh dá ndearna sé ariamh. Ní bhíodh sé chomh gléasta ná chomh slíoctha le Cléireach na Cúirte. Ba deacair dó & cúram na mbeithidheach & na feilme móire go léir air. Ní raibh aon locht ar Róisín ach aon locht amháin, & b'olc an locht é sin do réir barramhla coda dá cáirdibh ar mhaith leo í fheiceál ar “bhealach a leasa” & ba cuthamhlacht an locht sin, ach duine ar bith a thuigeas tréathra na mban ní abróchaidh sé gur aon locht é sin, ach an tréith is áilne & an tséoid is luachmhaire dár rugadh le cailín óg ariamh.
Leis an athair a bhí a dearbhráthair Séamus ag dul. Ba duine ann féin é. Duine gan aon ghus. Ag obair ar an talamh & ag freastal ar bheithidhighibh a chaitheadh sé a chuid aimsire, ó cheann ceann na bliana. Níor chuir sé aon tsuim in aon chluithche ariamh 'mbeadh neart ná luth géag ag baint leis, ach “ag imirt na pighne” gach Domhnach le beírt nó triúr rístibh eile, & nuair bheidís tuirseach ag binn an tighe, d'athruighidís síos chuig an gcros-bhóthar bhí in aice an tighe. Deireadh na sean-daoine a bhíodh ar sgoil le n-a athair in a óige nach raibh mac-samhail an athar ann ach é, nuair bheadh sé in aois. Bhí buachaill aimsire aca d'árbh ainm Brian Ó Dúgáin. Nuair nach raibh aon Bhrian ná aon Dúgánach eile sa gceanntar ach é féin níor tugadh ariamh air ach Brian. Minic a ghníodh sé dearmad ar a shloinneadh, agus rinne & é ag dul fé Láimh Easbuig seal gearr iar dteacht go Cill-Mhíne dhó, an gáire a rinne an t-Easbog & na sagairt & na gasúir nuair fiafruigheadh de Bhrian a ainm & a shloinneadh! Brian & a cheann faoi aige ar feadh tamaill, amhail is dá mbeadh sé ag súil le n-a shloinneadh fheiceál sgríobhtha ar an talamh le n-a ais. B'í obair Bhriain ag caraeracht. Ba bheag lá nach dtéigheadh amach chuig Stad na Croise bhí deich míle uaidh le ualach barraillí folamh & ualach leanna isteach aige, sin nó le daoine bhíodh ag dul go Gaillimh amannta. Duine roinnt greannmhar a bhí ann cé nach gceapfá é le breathnú air ar dtús go gcuirfeá aithne ní b'fearr air. Bhí sé íseal, teann, deagh-chuma & raimhre & deirge mhaith ann de bhárr óil deirtí. Súile beaga géara aige & claon-fhéachaint san gceann deas. Cruiméall beag láidir air a chorruigheadh sé ar a rogha caoi. Íongantach an colg a thagadh ar an gcruiméall sin le linn feirge & b'iongantaighe ná sin an chaoi a gcaitheadh sé dathanna! Mar gheall ar chomh stuamdha fúinteach agus bhí sé, bhíodh
sé ar thús agus deire gach rud dá mbíodh ar siúbhal. Rinnci, rásai, cuirmeacha ceoil, & mar sin. Bhí faitchíos ag muinntir na h-áite roimhe mar bhí teanga uathbhásach aige & ba gheall le gealt é & é corruighthe. Nuair bhíodh gliondar air bhí sé ar an duine ba deise & ba laghaighe dá n-iarrfá fheiceál. Ba suarach í a bharramall ar mhuintir Chill-Mhíne, mar a raibh beirt nó triúr ann, & ba suarach í a bharramhail ar an gcine daoine go léir. Lucht méaracan & cneamhaire bhí san saol go léir mara raibh cinn na h-Eaglaise ann, a deireadh sé, duine ag iarraidh dalladh mollóg a chur ar a chomharsain & an ceann-is-fearr fhághail air. Fealltóirí cneamhairí gach fear óg sa bparáiste ach é féin, & Tom Pheadair a bhí na chomhnuidhe ceathramha míle soir uaidh. Nuair bhuaileadh fonn cainnte, cuairte, no siúbhail é soir tigh Tom a théigheadh, ag caitheamh tobaic agus ag seanchas. As an gCreig ó cheart é. Cailleadh a athair agus a mháthair le fiabhras, agus fágadh é féin in a dhílleachta & é in-aois a shé bhlian déag i mbun na h-áite. Ach d'eirigh sé tuirseach dé'n Chreig agus dhíol a chuid talamhan ar bheagán, agus d'ól an chuid ba mhó den airgead. Ní raibh aige annsin ach an saol mór a thabhairt air féin, nó dhul ar aimsir in a thír féin. Tháinig go Cill-Mhíne mar ba ghráin leis dul ar aimsir chuig aon duine de mhuintir na Creige, mar bfhearr é féin ná cuid mhaith aca. Cé nach i bhfad a chaith sé ar sgoil d'fhoghluim sé cuid mhaith i rith an ama sin; ach b'ó chaith sé an sgoil in áirde & ó tháinig go Cill-Mhíne a fuair sé an chuid ba mhó dá chuid feasa is seanchais. Duine géar-chúiseach, meabhrach bhí riamh ann & bhí an-tuisgint aige ar rudaibh nár bh'fhéidir le daoinibh eile bun na bárr fhághail orra. Bhí seanchas Chonamara ar bhárr a theangan aige & chuir sé aithne ar gach eas & gleann sléibhe dá raibh san taobh sin tíre. Bhí an-bharramhail do naomh Feichín aige mar b'é chríochnuigh
an obair a theip ar Naomh Pádraig — “creideamh a mhúnadh do mhuintir Iar Chonnacht.” Ba togha snámhóra é beagnach chomh maith le Tomás Pheadair. Chuir an bheirt geall uair amháin snámh go h-Árainn & bhí Brian ag déanamh go breagh amach i lár an chuain nuair chuaidh rúainne feamainne reatha in a bhéal, & d'iompuigh a ghoile & b'éigin do Thomás filleadh ar ais leis. Bhí an-mheabhair i n-eallach aige. Thiocfadh leis luach bó a mheas chomh maith leis an gceannuightheoir ba h-oilte in Áth Cliath, & ba sort dochtúra bhí freisin ann, mar bó nó capall 'bith bheadh tinn b'air a cuirti fios le na leigheas. Cuirfidhe fearg air da dtairgighthí aon luach saothair dó. Buidheach beannachtach a bhíodh sé le giota tobaic. An gléas céadna éadaigh bhíodh i gcómhnuidhe air & do dhuine mar é mbíodh an oiread giotamála le déanamh aige b'íon- gantach an teacht-aniar a bhíodh in a chuid bróg is éadaigh & b'íongantach an caitheamh a bhaineadh sé astai. Sé a n-iarrfadh sé de spórt daoine — mná go mór-mhór — fheiceál in achrann a chéile, & b'iomdha troid ban raibh sé cionntach léi, ach ba chuma leis. Shásuigheadh sé a inntinn & nach sásamh inntinne an rud is aoibhne ar an saol seo? Níor innis sé ariamh an fhírinne dá gceapadh sé go mbeadh aon deis go ndéanfadh bhréag in a leabaidh. Leis an t-slis chainnte chuireadh sé air féin & chomh dáiríreach & labhradh sé, ba deacair a rádh arbh fhírinne nó bréag a bhí ag tuitim uaidh. Bhí aon rud amháin a chuireadh trioblóid inntinne go minic air, agus a choinnigeadh ó chodladh na h-oidhche é, & b'é sin Róisín, a chara dhíl féin fheicéal na mnaoi tighe thoir tigh Tom. “Nach agam a bheadh an teach cuairte?” a deireadh sé, “& nach orm a bheadh an riméad ach a bheith ag obair dóibh? Minic a deireadh sé sin le Tom freisin agus é ag baint púir dheataighe as a dhuidín donn buidhe ar an teinteán. Bhíodh sé an-mhórdhálach as féin, go mór-mhór nuair bhíodh
sé ag imtheacht le “uaisle” i mbád nó ar chárr & freisin nuair cuirtí fios air le muc an t-Sagairt a mharbú fé Nodlaig, agus fé Cháisg. Bhí uirlis dá chuid féin aige, agus ball di sin níor thug ar iasacht ariamh gan é féin dul leis. B'íongnamh le daoinibh gur fhan sé an fhad sin tighe Sheáin Mhóir chor ar bith. Ach bhí sé chomh mór sin ar leabhar cuntais Sheáin de bhárr óil, nar ghlan sé é féin ariamh. Bhíodh níos mó na a pháighe tarraingthe roimh ré aige. Bhí Tom Pheadair ar dhuine dena fearaibh óga ba deiseamhla san áit. Neart talmhan & eallach breagh dá réir, a chapall breagh donn de shean treibh Chonamara, & a chárr deas cruinn nach raibh a leithéid ar bhóthar ó Ghaillimh don Chlochán. Minic a d'airigheadh sé uaigneach ach ní raibh neart air, go ceann tamaill eile, go seoladh Dia a mhian aige. Chaith sé cúig bhliana i gColáiste i mBaile Átha Cliath san am chéadna raibh Róisín ann, Chaith sé theacht abhaile nuair cailleadh a athair. Bhí a mháthair sa gcré bhfad roimhe sin. Ní raibh in aon teach leis ach a sean-athair críon liath agus gan mórán lathrach ann & a dheirbshiúirín dhíl — Sighle bheag an chinn chataighe dhuibh — bhí san ceathramhadh rang ar sgoil. Minic a deireadh sí le Tom go mbeadh aoibhneas ar a croidhe, agus nach n-iarrfadh sí go deo ach Róisín fheicéal ag teacht ar cuairt amannta, go mbíodh sí léi go minic ag dul chuig an Aifreann, agus chuig an tobar & go mbíodh sí ag innseacht sgéal deas di nár chuala sí ar sgoil ariamh, fé Niamh Chinn Óir & faoi Dhéirdre, mná áilne bhí fadó ann, & a bhí faoi dhraoidheacht & b'fhéidir go mbíodh an mhian chéadna ag Tom in a taobh. Bhí sé ar an bh'fhear ba cruadha, ba déanta & ba h-acluidhe san bparáiste ná in Íar Chonnacht dá n-abrainn é. Nár bhuail sé na gaisgidhthe ba mhó cáil i mBaile Átha Cliath leis an dá-chloich mheadhchain sul ar fhág sé an chathair. Ní raibh fhios sin ag aon duine i gCill-Mhíne mar nar chainntigh sé
féin ariamh air, ach fuair Brian leide beag air & sgaip an sgéal ar fud an bhaile; ach ní go maith a b'fheidir a chreideamhaint. Is cinnte gur mion minic a chuimhnigh Tomás ar Róisín freisin. Bhí aithne aige uirthi ó bhí sí na páiste bheag fhaiteach, sgáthmhar, & gruag dhonn chatach uirthi & súile móra dubha gáireacha. Chonnaic sé ag fás suas na girsigh í, agus an chuthamhlacht chéadna ag baint léi. Nárbh in aonfheacht a chuadar fé Láimh Easbuig, & nár chuala sé an gáire a rinneadh fe Bhrian. Nach raibh luisne an náire le feiceál ina gruadh an lá úd fé Bhrian a bheith chomh h-aineolach & é in aon teach leo & ag obair dóibh? Nach bhfaca sé anois í in a spéir- mhnaoi áluinn, gan bród ná riméad, ach í chomh mín macánta leis an uainín, a chodluigheas dó féin le taobh a mháthar ar thaobh na gcnoc. Bheadh sé sásta dá dtagadh comhrádh Bhriain isteach fíor. Minic a cheap sé “teachtaireacht bheag éigin” a chur chuici le Brian, ag innseacht di cad a bhí i bhfíor-íochtar a chroidhe, agus nach raibh sé de mhisneach ann a chur in-iúil di le briathra béil. Ach bhí eagla air faoi Bhrian toisg é bheith chomh cabach, & bheadh a cháil féin & cáil Róisín ar fud na tíre, & daoine nach raibh tada eile ar a n-aire ag cainnt orra & ag sgigeadh. Ach dá mbeadh Róisín féin sásta, & níor leig sí uirthi féin ariamh go raibh, bhí Seán Mór a h-athair sa mbealach mar chlaidhe mór do-leagtha do-straptha idir é fhéin & a mhian, agus níor thaithnig Tomás ariamh leis, na eisean leis 'ón lá úd sa gCúirt, ar cuireadh cáin bheag ar a athair fé bheagán a ól an lá ar rugadh Sighle bheag, & fé'n magadh a rinne Tomás fé dhlige Sheáin — “dlighe a ghníodh sé féin.” Ar ndóigh bheadh riméad ar athair ar bith ar a leithéid de ócáid & cé'r mhiste braon beag ól; ach nuair nár h-óladh ó Sheán é béidir gurbh in é an fáth. Bhí geall siorruidhe freisin ag Tomás in aghaidh an óil,
a thóg sé ó'n am úd & níor thaithnigh a leithéid le Seán. Dá mbeadh chuile fhear ar fud na tíre mar é caithfidhe an clár draodhactha a bhaint anuas atá mar aoibhneas súl ag lucht bothar & mar chomhartha úir-íseal na sglábhaidheachta ag lucht na measarachta. Idir an bearraic a bhí míle go leith ó thig Sheáin tá teach beag deas dá stór in a bhfuil comhnuidhe ar bheirt fhear nach féidir déanamh dá n-uireasbaidh, agus sin iad cléireach na Cúirte & “Fear na bhfatai.” Ainm aisteach greanmhar é sin gan amhras, ach sin é an t-ainm a bheireas muintir Íar Chonnacht ar an bhfear a chuireas roinn na Talamhuidheachta chuca chun teagasga a thabhairt i dtaobh cúrsai síl 's curadóir- eachta. Fear an-riméadach postamhail an cléireach gidh nár chóir dó é, mar ní mórán maise bhronn Dia air. Bhí trí chéad punt sa mblian aige agus fágh thusa fear ná bean a bheadh ag faghail an méid sin nuair bhí builín ar dhá phighinn nach mbéadh riméad na péacóige & a hiorball ann, gan cáll aige a chos a fhliuchadh mara nigheadh sé iad, nó a dhul ag snámh. Gan faic le déanamh aige ach airgead gadhar a chur chun bealaighe le obair a thabhairt do fhearaibh óga i mBaile Átha Cliath, gan aon rud fé'n saol ag cur imnidhe air ach sult, aoibhneas, Tennis, & caitheamh aimsire. Ó bheadh na cúirteanna áiteamhla thart bheadh sgith go ceann míosa aige & dhá mhí saoire sa mblian, cé go raibh saoire i gcomnuidhe aige. Ba chuma sin. Mara dtéigheadh sé ar laethe saoire & cuairt a thabhairt ar an Árd Oifig in Áth Cliath ní ceapfaidhe go raibh sé ag obair chor ar bith, & bheadh sé i gcontabhairt briste. Bhíodh ar Fhear na bhfataí an fear bocht, a bheith amuigh moch is deidheanach go bhfeicfeadh sé cé na fataí a bhí ag fás, &
na fataí a bhí ag loiceadh; & bheadh air cuntas fada a chur go Baile Átha Cliath ag míniu fatha a loicthe. Ó thus an Mheithimh bheadh air súil a choinneall ar an dubhachán dá bhfeiceadh sé ag tidheacht é, agus a dhul roimhe. Nuair bhíodh sé sa teach, ag leigint a sgith nó ag sgríobhadh cuntas — ní bhíodh am aige an páipéar a léigheadh go Satharn & Dia Domhnaigh — bhíodh sí mearuighthe ag daoinibh ag teacht chuige ar loic a gcuid meacan is inniúin agus gan neart aige-sean orra. Iad-san ag imtheacht ó'n doras go mío- shásta agus ag spalpadh mionn mór air féin & ar an Roinn agus ar a chuid síl. Bhíodh an cléireach ag clamhsan freisin fé a bheith ag tarraingt daoine isteach sa teach raibh baladh “dio-bhain” orra & é ag súil le bean na lása nó le mnaoi an Mhinistéara chuig tae. Cé go mbíodh sé cruadhógach & an-chruadhógach, bhíodh leath lae Dia Sathairn aige, & an Domhnach ar fad, ach go mbíodh air dul chuig Aifreann an dó déag & bhíodh neart ama aige leis na páipéaraibh a léigheamh & fios fhágail cé mar bhí na fataí a dhéanamh in nDoire & i Loch Garmain, & sgríobhadh abhaile chuig a cháirdíbh mar bíodh fhios go mba strainséara an chuid is mó dena daoinibh bhfuil trácht orra san sgéal seo. Tráthnóna réis a ndinnéar d'féadfaidís beirt bogadh isteach tigh Sheáin, go deas, réidh socair dóibh féin mara mbeidís tuirseach, ach ba chuma. Cífidís Róisín chuthal, & bhainfeadh sin an tuirse díob; & d'ólfaidis rud éigin bhainfeadh “blas na deataighe” as a mbéalaibh. Bhéarfadh Seán braon dóibh as “a bhuideal féin” nach dtugadh sé ach do dhaoinibh “árdnósacha” & ní bheadh sé ró-láidir ná ní chuirfeadh aon mhearbhall inntinne orra, mar bhí fíor uisge fairsing i gCill-Mhíne. Dá mbeadh leith sgéal ag teasdáil déarfadh an cléireach gur theastuigh uaidh páipéir fhághail “saighneáilte” cé gurbh é an Domhnach é, ach ba chuma. Chuirfead sé féin an dáta isteach. Agus thiocfadh fear na
bhfataí isteach go bhfeiceadh sé an raibh na torrthaí, ar thug sé a síol dó, trí thalamh fós. Mara raibh, fios a chur air an poinnte is a mbeadh go bhfeiceadh sé an mbeadh a sáith leasuighthe orra. Bhí an bheirt fhear seo beagnach chomh h-úsáideach le Brian. Mar an uair dheire tháinig an Fear Ionaid nár léigheadh díleagra dó ar chaith an bheirt léigheanta seo coicís i dtoll a chéile dá sgríobhadh & gach focal, no gar dó, ar fhad do mhéire. Fhad is bhíodh an cléireach ag sgríobhadh roinnt, bhíodh an fear eile ag cuartú na bhfoclóir ar thóir focal mbeadh fad, brigh, is binneas ionnta. Nár dhubhairt an Fear Ionaid — & ní innseochadh sé bréagh — nach bhfuair sé aon cheann ariamh ba foghluimthe, ná é, cé go raibh lán an tighe & na siléar aige. Marach an díleagra bheith go h-íongantach ní iarrfadh an Fear Ionaid ar dinnéar iad an lá raibh sé ag imtheacht & brón an domhain air indiaidh a charad má b'fhíor dó féin. Bhí árd-mheas orra freisin ag cuid de mhuintir an cheanntair. Marach go raibh ní bheadh corrdhuine aca ag tabhairt “rud eigin” chuca fé na n-asgallaibh, agus féach an méid cearc agus gé a fuair an cléireach nuair d'eirigh sé as an bhfiafras! Narbh é an cath fuilteach a bhí an treibh sin thabhairt san gcistinigh maidin amháin a dhúisigh é nuair sgaoileadh amach as na málaibh & chun a chéile iad. Nar chaith sé an chuid nár bh'feidir leis ithe, chur mar bhronntanas go Ciarruidhe chuig a mhuintir & mar chruthamhnas ar an meas mór a bhí air. Ní raibh sé chomh dathamhail le fear na bhfataí, ach ba chuma sin, bhí an-phosta aige, & meas dá réir. Céard a bhí ag Fear na bhfataí ach sé sgóir! Marach easbaidh comhluadair a bheith air ní bheadh fear na bhfataí in aon teach leis chor ar bith. Bhí rún pósta freisin aige, dá nglacadh Róisín é, ach tuige nach nglacfadh. Chaithfeadh sé Fear na bhfataí — a chéile buird, is leabthan, a ruaigeadh ann sin.
Bhí sé lán-chinnte nach mbeadh air ach í iarraidh. Go deimhin bhí sé chomh cinnte ina taobh nar chuir an cheist mhór sin ariamh uirthi féin. Narbh ionann sa gcás é? Nach dtuigeadh sé ó chainnt Sheáin céard a bhíodh taobh thiar dá shúil! Bhí fhios aige go bhfuigheadh sé spré mhaith léi — an teach ar fad. Nach bpósadh Úna fear saidhbhir éigin i Londain mar bhí sí fíor-dheas, agus maidir le Séamus! Ní bheadh sé de ghus ann choidhche tamall suirghe a dhéanamh, ní hé amháin iarraidh ar chailín é a phósadh! Nach gceapfadh an cailín — dá simplidhe ceaptar iad a bheith — gur ar buile bheadh sé! Cé'n mhaith bheith ag cur smaointe áilne amugha, le amhras. Nach raibh sí aige cheana féin, ach nach rabhadar pósta? Nach raibh fhios ag Róisin sin, & nárbh é sin an fath nach gcuirfeadh sí mórán suime ann; ná na briathra deasa, ceolmhara, gradh, amugha. Bheadh sin luath go leor. Dá gcoinneall go mbeidís ag dul go Baile Átha Cliath ar mhí na meala a bhí sí agus Fear-Ionaid an Fhir-Ionaid le na taobh! AN BEARRAIC Ar thaobh an bhóthair le taobh an chnuic míle go leith amach ó theach an chléirigh tá an teach seo, & é le feicéal go geal gléigeal ó gach céard de'n dúithche, agus ann seo tá comhnuidhe ar na “laochraidh cródha groidhe” nár sheachain ariamh an baoghal ná an daimhséar. Sárgint, a bhean, & triúr fear, atá i dtogha sláinte is maitheasa. An Sárgint — Dic, is mó agus is raimhre de'n cheathrar. As an gCreig a tháinig sé go Cill-Mhíne. Bhí togha aithne aige féin & ag Brian ar a chéile mar bhíodar san cúigeadh rang le chéile ar sgoil. B'é Brian ba chliste, deireadh an
máighistir, ach gheibheadh an Sárgint an duais i gcomhnuidhe as cumadóireacht, mar bhíodh an-chuimse focal níos fada aige nach mbíodh an máighistir in-ann thuisgint go ceann tamaill go gceaduigheadh an foclóir an oidhche na dhiaidh. Iongantach mar d'at sé le reimhre ó tháinig sé go Cill- Mhíne. Ní raibh faic le déanamh aige ach dhul chuig an Aifreann Dia Domhnaigh agus chuig an gCúirt uair sa mí. Bhíodh air siúbhal an lá nach dtagadh an Cigire Ceanntair, agus dá dtagadh gheobhadh sé áit ar an gcárr ar thaobh an tiománuidhe. Ní go maith a bhí sé in-ann cromadh le feoil. Deirtí gurbh í an bhean a dhúnadh a bhróga. Ba doiligh creideamhaint go mbeadh aon duine dár chruithuigh Dia chomh feolmhar ná fós chomh spadánta. Níorbh amhlaidh dá mhnaoí! Ise bhí tanuidhe sgioptha, suaidhte! Ar a feicéal ar dtús duit cheapfá nach raibh innti ach éag-bhás & go mbeadh clár ag dul uirthi lá ar bith mar ní bheadh uirthi ach a súil a dhúnadh. Bhí sí sáthach bán- aghaidhtheach cheana féin, ach bhí sin is a cosamhlacht in aghaidh a chéile. Bean chruadh a bhí innti, agus thar cionn leis an t-snáthaid. Ag cniotál, ag deasú, agus ag fuadhgháil a chaith- eamh sí an chuid ba mhó dá saoghal, cé nach raibh aon mhuirighin uirthi ach í féin is a fear. Sin nó bualadh ar cuairt píosa den tráthnona, isteach tigh Seáin, go h-oifig an Phuist, nó siar chuig tigh an Mhinistéara le comhrádh is tae bheith aici le na mhnaoi i dtaobh “Spídeamhlacht' d'ainmhidhthibh” (mar bhí an bheirt ar an gCoiste sin a fhéachas indiaidh capall is asal) sin nó comhrádh caoin is díospoireacht i dtaobh muintir Chill-Mhíne & an gléas éadaigh a bhíodh orra. Bean an-fhiasfruightheach chaidéiseach a b'eadh í. Ní bhíodh sgéal ar fud na tíre nach mbíodh ar bhárr a guib aici, agus an sgéal nach mbíodh chumadh sí é, & bheadh sé in a fhírinne i gceann dhá lá.
Bhí fuath síorruidhe do Bhrian aici, agus mara raibh Brian ar an gcuma gcéadna ní dá roinnt léi é. Bhíodh cailín sa mbearraic go h-iondual, ach mar gheall uirthi-se bheith chomh caidéiseach fiosrach cor dhuine d'fhéadh- fadh fanacht ann mara gcastaí a leithéid féin uirthi. Tháinig bean bhun-aosta as teach na mbocht in Ath-Luain. D'fhan sise mí gur ghoill an t-aer uirthi, & b'eigin di bruach na Sionainne thabhairt uirthi féin arís. Fhad is bhíodh an bearraic gan cailín bean an t-Sárgint féin a ghníodh an freastal agus bhíodh sí féin agus na fir cáirdeamhail le chéile i gcómhnuidhe. “Nach aon mhuirighin amháin sinn,” a deireadh sí, agus í ag sgárdadh an tae amach S. Ó Néill an fear ba mhó de na fearaibh. As Ciarruidhe tháinig an mac seo & bhí sé féin & an cléireach an mhuinteardha mar “aithnigheann an fhuil a chéile.” Fear deas ciúin macánta a bhí ann nach gcuireadh mórán suime i dtada, ach i gcaitheamh meadhchain & b'é bhí in-an sin a dhéanamh gan bhréig. Bhuail sé na gaisgidhigh ba mhó in Iar Chonnachtaibh ag cleasa luth a bhí i nGaillimh. Sin eile a mbíodh de aclui- dheacht aige ag caitheamh an dá chloich meadhchain dó féin le taobh na cruaiche mónadh nuair théidheadh an ghrian faoi, & eisean traoidhte réis a chuid tae. Minic a chuir sé roimhe dul go Meirioca agus leanacht don chéird a bhfuair sé cáil is cliú dá bárr i gConachtaibh, ionnus go mbeadh deis chleachtuighthe níos fearr aige agus go mbeadh sé in-ann gaisgidhithe móra Mheiriocá bhualadh, go mbéidir go dtuitfeadh inghin áluinn milliúnaidhe éigin i ngrádh leis mar gheall ar a dhathamhalacht, a ghuailne móra leathana, a ghruaig chasta chatach & a fheabhas d'fhear, & nach mbeadh cáll aige buille maitheasa a dhéanamh ar feadh a shaoil, ach an bheirt aca na suidhe síos ag moladh áilneacht & maise a chéile. Eisean a choinnigheadh é féin i gcaoi is i gcóir, go deas pointeáilte maidin is trathnóna. Sé cheannuigheadh a dtagadh
de bhuidéalaibh gruaige in oifig an phuist. Uair ar bith a dteastuigheadh uaidh chleachta a dhéanamh i gcóir cleasa luth in áit éigin gheibheadh sé coicis laethe saoire ó Dic. Bhí árd-mheas aige ar Róisín freisin. Tuige nach mbeadh & ag aon duine dár leag súil ariamh ar an bplandóigín sin? Bhí faoi í iarraidh ar Sheán nuair bheadh sí blian is fiche. Níor mhaith leis bean a phósadh go mbeadh sí an aois sin. Cheap sé nach mbíonn aon chiall as na mnáibh go mbídh an aois sin caithte aca, ná béidir an uair sin féin. Ní bheadh air ach í iarradh Cé h-eile bheadh sa mbealach air? Ní fear ban a bhí i bhfear na bhfataí. Ní phósadh sí na síothmhaoir eile mar ní mórán maise bhronn Dia orra. Maidir leis an gcléireach ní raibh sé ag smaoineamh uirthi. Níor chuala sé ariamh ag rádh é go n-iarrfadh sé í, ná gur dheas an cailín í. Ag fanacht go mbeadh Mabel — inghin an Chigire Ceanntair blian is fiche bhí an Cléireach go cinnte. D'eile? mar sin gnáthas a bhí ag na Ciarraidheacha gan aon bhean a phósadh go mbeadh sí blian is fiche! An bheirt eile — Gintí agus Mac Giolla bhuidhe — níor b'fiú trácht orra. Ní raibh Dia flathamhail & é ag bronnadh maise is méid orra. Agus ó's rud é nach mórán bainte atá aca leis an sgéal seo fágfar íad mar bhíodar. Ba greannmhar an radharc an ceathar fear sin fheiceál sínte as an bplásóig fhéir óscoinn an tighe lá fada samhraidh, & fir is mná Chonamara ag leaghadh le allus sna páirceannaibh, nó sna portaibh, gan ceo le deanamh aca ach ag iarraidh an lá a chaitheamh ar bhealach éigin, an t-athas bhíodh orra nuair chídis an ghrian ag dul faoi, ní mar gheall ar a h-állneachta é, ach ar a ghiorracht go mbeadh sé in am suipéir is codlata, agus a dhuine narbh iad a ghníodh an codladh! gan baoghal dúiseachta go mbíodh gasúir ar sgoil & an rolla glaoidhte. Dá mbeitheá ag dul thar an mbearraic chífeá annsúd iad sínte lá fada Samhraidh le taobh a chéile, agus a gcaipiní
tarraingte anuas ar a súile aca le solus na gréine, bhí ag cur aoibhnis ar an domhan, a choinneall uatha. Nuair bhíodh Dic tuirseach ar chnámh a dhroma, d'iompuigheadh sé é féin ar a thaobh deas, ghníodh siad mar a maighistir. Seal dóibh mar sin, agus thugadh iompódh mór ar an taobh clí. Nuair bheidís tuirseach ar an taobh sin d'iompuigheadh ar a mbéalaibh. Annsin thosuigheadh an greann! Dic ag bualadh sál a dhá bhróg ar a chéile, agus “clic! clic!” dá bhaint amach aige, nuair theangbhuigheadh na croithe dá céile. Thosuigheadh an triúr eile, & cheapfá, leis an torann, gurbh iad a bpiostail a bhíodar fhéachaint & 'chaon sgairt gháire aca! Dá n-airighidís gluaisteán, ná car, ag dul an bealach dhírighidís ar fhaitchis gurbh é an Cigire bheadh ann, & gach fear díobh ag cangailt seamaide féir bhíodar a choinneall ó fhás. Amannta eile chuirfidís róinte móra dubha fairrge i gcuimhne dhuit, a bheadh dá ngrianadh féin ar charraig ag fanacht le taoille tuile go n-imthighdís ar thóir éisg dóibh fhéin. Míle taobh thiar dén áit seo bhí oifig an Phuist & Teach an mhinistéara. B'aisteach an rud a leitheid bheith chor ar bith ann, & £160 sa mblian dó, gan seisear ar a chreideamh san áit; gan faic le déanamh aige ach seal Paidreoireachta & amhránuidheachta diadha Dia Domhnaigh. Bhí an Satharn ar a chomhairle féin aige, toisg gan aon fhaoistean bheith le éisteacht. Sean-bhean a bhí i mbun oifige an Phuist agus bhí siopa maith mór aici 'na theannta sin sa teach, agus gach rud le fághail ann ó bhuidhéil gruaige go h-ola lampa. Bhí bodhaire ag teacht uirthi, agus dá bhrigh sin, bhí uirthi congantóir — Miss Céin — fhághail ó Dhoire chun freastail dón ghuthán. Bhí caint mhór go n-osgladh sí seo na leithreacha thagadh chuig an gCléireach, fear na bhfataí & bean an Mhinistéara. Ní dóiche go ndéanadh, mar nuair tháinig Cigire ó Bhaile Átha
Cliath ní bhfuair lucht na casaoide aon t-sásamh. Annseo bhíodh bean na lása ar lóistin, na céile buird, siúbhail, bidh codlata & biadáin ag Miss Céin. Ní bhíodh mórán lá ar bith nach dtagadh bean an Mhinistéara isteach, dá mbeadh gan bheith uaithi ach stampaí leith-pighne. Bhí an triúr mná & na fir eile ar chaintigheas cheana orra in aon bhun amháin i gcruthamhnas duit nach go maith a d'fhéadfadh Conamara déanamh dá n-uircasbaidh ach an oiread; b'íad-san na daoine árdnósacha! Fear beag réidhchúiseach a bhí san ministéar. Ní chuireadh mórán áirde ar thada agus a bhíodh leis féin go h-iondual. Bhí sé thar cionn fé na phóca — cé nach raibh aige ach £160 & bean chaithfeach aige. Ní bhíodh lucht dreoilín, ná cleasa luth, ná fear caillte bó nach dtéigheadh chuige & nach n-imthigheadh go buidheach, beannachtach, agus ag guidhe adha & sleachta air. Bhí sé an-tórtha ar Tennis & sin a mbíodh de chaitheamh aimsire aige sa Samhradh, & go mbíodh sé mall go maith sa mblian. Ba fuath leis eirigh as le linn an Gheimhridh. Bhíodar beirt an chóir, agus ba mhinic thugadais tae fe'n sgeich do na cáirdibh eile nuair thagaidís le cluithche imirt. Ba mhar a chéile an Ministear & a bhean ar thaobh, & an cléireach & Miss Céin, ar an taobh eile. Rinne bean an Ministéara iarracht mhór ar an gcluithche árd-nósach sin a mhúnadh do mhnaoi Dic. Thuig sí ó'n deanamh a bhí uirthi, & chomh sgiobtha ar a cois is bhí go ndéanfadh sí gaisgidheach cluthmhar le cleachta. Níor bhféidir le mnaoi. Dic mórán suime chur ann, mar bhíodh tinneas cinn go síorruidhe uirthi, & freisin bhí faitchíos aici roimh theangaidh Bhriain. Gurbh fhada ó tennis a tógadh í amuigh i nGleann Capaill ar an gCreig. Sin é a déarfadh sé dá bhfeiceadh sé ag imirt í
CAIBIDIL II AN DEAGH SMAOINEADH. Casadh na siothmhaoir, fear na bhfataí, agus an cléireach isteach tigh Sheáin trathnóna breagh Domhnaigh i Úil. Bhí Cill-Mhíne agus an tír mór thimhceall ag dearcadh chomh h-áluinn agus dhearc le céad blian. Bhí baladh úr an fhéir bhainte agus na mblath ag teacht chugat ar gach taobh, agus dornán na beiche le cois an bhalla agus í ag goid ar a míle dithcheall. Bhí na crainn agus na sgeacha chomh mór fé bhláth, is duilleabhar, go rabhadar ag leigint cuid díobh uatha. Bhí na sléibhte mór ioldathacha ag méadú agus ag druideamh níos ba ghoire dhuit do réir mar bhí an ghrian mhór, bhuidhe dhearg ag éalodh uatha. Bhí a phort binn féin dá chanadh ag an sruthán sléibhe bhí ag déanamh a bhealaigh chun an chuain chaoil charraigigh, agus mion-tonna na trágha ag deifriú chuige isteach, le na chrochadh amach leo, & le sgéala fhaghail uaidh, i dtaobh na mbealach n-acrannach ar tháinig sé. An chaoi ar léim sé thar na clochaibh a thainig in a bhealach. Na locha áilne ar léim sé isteach ionnta agus amach arís asta, gan oiread is cead iarradh orra. Na criathra boga báidhte cíbe a ndeachaidh sé thríotha, ag tabhairt baladh folláin na cíbe & an fhraoigh leis. Na páirceanna glasa ar rith sé lena dtaobh, ag tabhairt baladh an fheir úir-bhainte leis.
Bhí Róisín thuas staidhre agus a ceann amuigh ar an bhfuinneoig aici ag féachaint amach ar shléibtibh liath-ghorma Dhuithche Sheoige, a bhí dá socrú féin síos chun suain na h-oidhche fé na mbrataibh éadtroma ceoidhe, a bhí Neamh ag leigint anuas go réidh socair ar a mullaibh móra. Chuir an leitir a tháinig ó Úna ar maidin ag smaoineamh í, agus tháinig sórt uaignis do-mhínighthe ar a croidhe. Dá h-iarradh anonn a bhí Úna, san áit nach mbeadh aon imnidhe ná doiligheas croidhe ag cur buairte uirthi, ach ná leabaidh sin, spóirt, aoibhneas, ómhaidin go dtí an oidhche. Ná mílte duine, gluaisteán is carrana dá sgothadh san tsraid, amhail is dá mbeadh a leithéidh gan a bheith ar an saoghal, loinnir mhór na lampa ag dalladh, is ag spréachadh daoine iar ndul faoi do Bhainsioghain an t-Soluis. Soillse íongantacha éagsamhla ag teasbáint cá raibh pictiúirí íongantacha aidmhéala dá dteasbaint. Soluis ioldathacha ar an árdán. Cailín ag teacht amach ba bhreaghacha naoi n-uaire na Déirdre, Émer is Bhénus, an lá b'fhearr a bhíodar. Beirt fhear ag tnuth léí … duine ag marbhú an chinn eile … an corp ag lúbarnaighil agus ag ionfairt le péin … agus ní a dhiaidh sin, moladh íongantach agus bualadh bos ó dhaoine a bhí lán t-sasta leis an saol seo, & a raibh sásamh inntinne aca. Chuir sí an saoghal sin i gcomórtas leis an saoghal a bhí aici féin i gCill-Mhíne, an trathnóna gréine buidhe úd & an ghrian ag iarraidh éalodh ingan, is ó shúilibh daoine a bhí buidheach di. Ní raibh tada le feicéal i gCill-Mhíne, soillse íongantacha, ná sráideanna lonnracha, ná duine le feicéal ag corruighe in a timcheall. Nar gheall le uaigh an áit! Céard a bhí le cloistéal ach caora éigin ag glaodhach ar a h-uainín go gcuir- idís an oidhche tharta i gcúinne uaigneach éigin, & géimneach laoigh ocrasaigh, ag iarraidh béile na h-oidhche … glór faitcheach lon duibh ag comhradh le ceann dá threibh ins na
sgeacha tiugha, siosgarnach na n-éan sna crannaibh, ar chúl an tighe. Ag innseacht dá chéile a bhíodar i dtaobh na gcríoch n-íongantach in ar chaitheadar an lá. An bealach fada a bhí le dhul aca, agus na gábhanna móra a ndeachadar thríotha. Chuala sí na fir thíos staidhre ag cainnt go h-árd. Duine aca ag casacht go h-uathbhásach. An leann dubh cumharach, a thug Brian isteach, a chuaidh le na anál! Bhain sí crathadh feargach aisti féin. “Nár bhreagh an rud fear nár shil gloine ar a bhéal ariamh?” ar sise léi féin. Tháinig sí isteach ón bhfuinneoig sin, agus chuaidh anonn chuig an gceann bhí ar aghaidh na fairrge, agus a bhí ag leigint isteach baladh truim na feadhmainne agus na trágha. Chonnaic sí an cuan caol carraigeach & an cladach mór garbh a bhí ag dubhadh anois, agus an ghrian beagnach faoi. Éanlaith na fairrge ag eirighe dena carraigechaibh dubha loma agus ag déanamh ar áit a gcodlata ar imeall na mara móire, mar a gcodluigheann a dtreibh, agus na róinte móra faitceacha. Thaithnigh an radharc thar cionn léi. Chonnaic sí na h-éanlaith ag imtheacht leo ó cheann go ceann nuair nar fheil an cuan dóibh. Bhí sé sáthach maith feadh sgaithimh. Ní dhéanfadh sé cúis i gcóir na h-oidhche. Dá dtagadh gála sguabfaidhe de na carraigeachaibh iad & chaithfeadh an ghaoth láidir fhíochmhar isteach ar an tír iad. An imtheochadh sí féin, agus an dtiúbhradh sí a h-aghaidh ar an saoghal mór soillseach a chonnaic sí tamall roimhe seo ag bun na spéire? Da mealladh chun bealaigh agus ag cur rud áluinn agus aoibhneas siorruidhe i gcéill di, agus dá h-iarraidh chun siubhail? Theip uirthi tada a rádh léi féin. Ní aici bhí fuasgailt na ceiste, ach ag duine éigin a b'fhearr tuisgint ná í féin. Chuir sé an pictúir áluinn a chonnaic sí ós a comhair ig comórtas le pictúir gleanna Eilbhéisigh, bhí crochta ar an
mballa. Ní raibh ann ach magaidh, iarracht tréigh-lag ar áilneacht tíre a chur i gcéill. Tuige pictúr ó thír i bhfad i gcéin bhéith sa seomra aici agus ceann míle uair níor deise ná é, le feicéal ós comhair a súl, uair ar bith ar mhian léi dearcadh air? Ach b'in ceann de cheisteannaibh deacra an tsaoghail seo, agus theip ar dhaoinibh ba ghéire inntinn ná Róisin í a mhíníú. Bhí sí ag iarraidh socrú cén bealach de bhealaighibh móra an t-saoghail a bhéarfadh sí uirthi féin. Dul go Londain i gcuideachta Úna agus aithne chur an saoghal mór? Ach níor thaithnigh iomarca comhluadair ariamh léi. Bheadh uaigneas uirthi, agus ba chóir go mbeadh fhios ag Úna sin. Cléireach na Cúirte, raibh trí chéad punt agus posta deas aige, a — & a chluineadh sí a h-athair a mholadh thar cionn? Bhuail critheadh beag is fuacht í. Shuidh sí fúithi ar shínteán go bhféachadh sí leis an gceist mhóir a réidhteach, ach in áimhréidh bhí sí ag dul in a h-inntinn. Rug sí ar leabhar — iris-leabhar a chuir Úna chuici, ach chaith sí uathi arís é mar splanc theine. Chuimhnigh sí ar Thomás Pheadair a bhí ag dul ar sgoil léi; sa rang céadna léi, ag dul fé Láimh Easbuig an taca céadna; i mBaile Átha Cliath an uair chéadna, & san mbaile anois san am chéadna. Nach raibh cosamhlacht éigin ag na neithibh séo leis an gcineamhaint, agus leis an saoghal a bhí amach roimpí? Ar bh'é an bláth roimh an torradh é? An breacadh roimh éirighe gréine? An sineán gaoithe roimh an an-fadh mór. Chuimhnigh sí ar a h-athair nach labhradh le Tomás nach bhfuair éinne ariamh locht air … nach ruaigfidhe as an teach í, & nach mbeadh uirthi annsin an saoghal mór a thabhairt uirthi féin dá míle buidheachas? Bhí an cheist beagnach socruighthe aici. Ní phósfadh sí an Cléireach dá mbeadh míle sa mblian aige. Chaith sí ar leath-
taobh é, Posta deas, trí chéad punt sa mblian, agus mar aguisín nó éarnais — fear — fear — nar thug sí gean a croidhe dhó! B'aisteach & ba rí-aisteach an smaoineamh é! Glaodhadh in a h-ainm uirthi, agus bhí uirthi dul síos gan an cheist ba mhó agus ba ábhtachtaighe dár smaoinigh sí ariamh uirthi a shocrú. Thosuigh ar dhán dí féin dul síos staidhre, chuir an Cléireach leiceann ar féin ag ceapadh go bhfuigheadh sé aon amharc amháin sul a dtéigheadh sé abhaile uirthi síud a ceapadh dhó mar mhnaoi. Ach ní fhaca sé, ach imeall a gúna agus í ag casadh isteach san gcistinigh. Brian a bhí dá h-iarraidh le dhul chuig an tobar Bhíodh sé sásta agus é ina comhluadar. Ag innseacht bréagh beag gan dochar dí fé Chléireach na Cúirte, bean an tSárgint nó bean na Lásaí, agus dá séanadh arís, nuair cheapadh sé go mbíodh sise dá gcreideamhaint, agus ag spocadh uirthi agus gha pósadh le na leithéid seo is síud. Bhí neart aimsire díomhaoinighe ag an gCléireach. Bhí na cúirteanna beaga, fánacha, thart & na gadhair íoctha le fada an lá, & d'airigheadh sé roinnt uaigneach, & fear na bhfataí amuigh ag faire ar an dúbhachan. Ní bhíodh aon áit le dhul aige ach amach tigh an mhinistéara, agus bhíodh sé tuirseach, traochta, mar choinneochadh bean an Mhinistéara imirt leis an saoghal. Sin nó an bearraic a thabhairt air féin. Ach ní dhéanfadh sé cúis bheith dul ann chomh minic sin. Ba leor é nuair bheadh gnó oifigeamhail aige ann, agus freisin bhadhruigheadh an bhean é le ceisteanna, & ag fiafruigh raibh aon cheapadh aige “an oidhche” thabhairt dóibh. Ní thugadh sé aon chuairt ar an Dochtur beag, fé gur bhuail sé san gcluithce cartaí an oidhche úd i nGallimh é taréis na rásái, agus páighe seachtmhaine a chaitheamh amach ar an mbord, chuig daoine ba saidhbhre i bhfad ná é féin. Mhol sé, agus é ag cainnt go h-árd, go mba chóir rud éigin a chur ar bun agus lá thar laethibh a bheith aca, go raibh
an ceanntar ró-shocair agus ró-uaigneach ar fad, ag strainséaraibh mar é féin, agus nach raibh sé de rath ar mhuintir na h-áite tada chur ar bun, ach i gcomhnuidhe ag braith ar na daoine ardnósacha. Léim S. Ó Néill in a sheasamh nuair chuala sé an méid sin mar cheap sé go mbeadh deis aige teas-báint do Iar- Chonacht & d'an t-saoghal go léir an luth bhí na ghéaga & an smior a bhí in a chnáimh. Mhol Seáin an smaoineamh sin freisin. Cleasa luth no rud éigin mar sin a chur ar bun, go raibh an aois ag teacht ar na daoinibh i bhfad roimh réidh. Ach ní hí an aois a bhí ag deanamh imnidhe dhó, ach a ndíolfadh sé de “shláinte an Iathrar” an lá sin. Mholadar go léir an smaoineamh sin agus h-iarradh ar Chléireach na Cúirte, ó b'é b'fhearr ceann is peann, cruinniú a thabhairt le chéile i dteach na Cúirte an Luan dár gcionn. Cuireadh a thabhairt dá rogha duine, ach gan mórán de mhuintir na h-áite bheith láthair. Ba chuma futha sin. Ní raibh aon “ghalántacht” ag baint leo. Bhíodar ró-shimplidhe. Ní raibh tada ag cur imnidhe orra ach a nghnó, na barra, & an Foghmhar. Nach ag baint na sál dá chéile a bheidís ag dul go dtí na cleasa luth? Ach ní bheidís sáthach maith le bheith ar aon Choiste le daoinibh geanamhla, bhí gan marach is gan locht. “A Róisín,” arsa Brian, & iad ag dul d' an tobar nuair stad sé dá chuid feadaíle, “an bhfeiceann tú an teach sin thall i measg na gcrann?” ag síneadh a mhéire i dtreo tigh Thomáis Pheadair. “Chím,” ar sise. “Bhoil, sé 'n-iarrfainn anois, ná go deo, thusa fheicéal
do shuidh go deas, te, teolaidhe, san teach sin le sgoth na bhfear. An gcluin tú leat mé?” Níor leig sí uirthi féin ar chuala sí é ach rith roimhe. Rith seisean in a dhiaidh. “Múisiam chuireas ort,” ar seisean. “Nach tú tá íogmhar.” “Ní headh,” ar sise. “Mara b'eadh,” ar seisean, “céard é? Ar ndóigh ní go Meiriocá ná go Londáin a rachthá? Is glas iad na cnuic i bhfad uainn. Ní féidir go bhfuilir ag ceapadh an ceolán sin de Chléireach Cúirte a phósadh, nar bhfhiú liom uisge a n-itheadh na fataí bhualadh air?” “Ná ceap anois, a Bhriain, gurbh' í bean na lása atá agat ann, gur féidir leat do rogha roda a rádh léi,” ar sise. “Nílim a rádh ach lom chlár na fírinne” ar seisean. “Bhfeiceann tú an áit atá aige, a chuid eallaigh, a chapall, & a chárr, nach bhfuil a léitheid ar bóthar ná ag an bhfear Ionaid ach an oiread. Agus le bárr ar an slacht, gloine fé ól ní dheachaidh ar a bhéal ó'n lá rugadh é,” ar sisean. Níor labhair sí smid, ach ag gluaisteacht léi ingan-fhios di féin, agus ag luasgadh an t-soithigh in a láimh. “Bhfeiceann tú bean ná lása & Miss Céin? Nach mbuailfeadh taom iad le áthas, dá gceapadh ceachtar aca, go mbeadh sórt ceapadh ar bith ag Tomás go mbéidir go n-iarrfadh sé duine aca, as seo go ceann deich mbliana.” Ach bhí Brian ag cainnt le duine innteamhail, duine a bhí ag smaoineamh go doimhin fé'n am seo, agus ní bhfuair aon fhreagra. “Agus rachainn-se soir chugaibh,” ar seisean go smaointeach, “agus d'fhanfainn in aonfheacht libh go síneadh sibh i gcónra gheal chláir mé i roilig Chill-Mhine, fé chaonach, is fé neann- tóig, agus ná nóiníní deasa bána ag maiseadh na h-áite ina mbeinn mo luighe.”
“Ta mearbhall ort, a Bhrian,” ar sise. “Má tá is mearbhall ceart é,” ar seisean. “Agus bhfuil fhios agat céard dubhairt Sighle bheag aréir, agus mé ag cuartuigheacht ann, ach go mbeadh sí sásta —” Shíl Róisín é chaitheamh síos sa tobar, mar ba deacair a bhéal a dhúnadh. Bhí na fir nach raibh mórán le deanamh aca imthighthe iar bhfillte dóibh.
CAIBIDIL III AN CRUINNIÚ Bhí an Cléireach an-ghnothach ar feadh cúpla lá ag cur fógraí amach i dtaobh an Chruinnighthe a bhí sé a thionóladh i dteach na Cúirt an Luan a bhí chugainn. Nuair thagadh fear na bhfataí isteach thugadh sé congnamh dó, le seoladh agus stampaí chur orra. Marach chomh fada ó bhaile a bhí Gaillimhí agus an deifir mhór a bhí ar an gCléireach, gheobhadh sé fógra, cló-bhuailte ó Ghaillimh agus a ainm leo, cé nach raibh sé in a Rúnaidhe fós, ach bheadh réis an chruinnighthe. Cé eile a toghfaidhe, ná cá raibh an fear ab'fhearr d'oibreochadh peann ná é féin? Fear a bhíodh, ag sgríobhadh chuig teach an Chustuim & chuig Caisleán Mór Bháile Átha Cliath gach seachtmain! Chuir Fear na bhfataí a ainm féin i ndearmad le ceann nó dhó dena fógraibh, agus bhí an Cléireach ar buile, agus stróic sé iad. Ba bheag nach raibh droch-obair ann, agus bheadh, marach go mbídís beirt ar aon leabaidh, agus ag aon bhord, ag spaisteoireacht, ag siubhal, ag snámh, agus ag caitheamh tobaic le chéile, seadh, agus tinn san am chéadna mar nuair thagadh slaghdán ar dhuine, ní fhágadh an teach go mbuaileadh an duine eile. Fear na bhfataí a ghéibheadh ar dtúsé, mar gheibheadh sé fliucháin mhóra ó am go h-am, ag cur na mbóthar de go moch ar maidin agus go doimhin san oidhche.
I dteach na cúirte bhí an cruinniú. Níor h-iarradh cead ar aon duine. Tuige a n-iarrfaidhe? Nach ag an gCléireach é féin a bhíodh an eochair. Fuair na daoine seo cuireadh agus bhí i lathair le buille an chluig:— An Ministéar, a bhean, an Sárgint & a bhean, Miss Céin, bean an lása an triúr siothmhaoir, & Seáin Mór. Fuair Róisín cuireadh freisin, ach bhí iomarca cuthamhlachta ag dul di agus níor tháinig. Níor theastuigh aon chuireadh ó Fhear na bhfataí toisg é bheith in aon teach leis an Rúnaidhe. Fuair an Sagart Paráiste cuireadh freisin, ach bhíodar ag siúl nach dtiocfadh sé, mar ní go minic a chorruigheadh sé amach, agus bheadh cead a gcos aca a rogha roda a dhéanamh, gan duine le cosg a chur orra. Ach béidir go mbeadh éad air nuair chluinfeadh sé ó Bhrian go raibh an Ministéar agus a bhean ann, agus cuireadh cuireadh chuige in-aghaidh a dtola. Bhí Brian ann, cé nar h-iarraidh é, ach cá raibh an fear a d' iarrfadh ar imtheacht, ná dh'fhéachlen a chur amach, ach an oiread? Seáin Mór a bhí i gceannas. Shocruigh an Cléireach & fear na bhfataí an méid sin roimh-ré, mara dtagadh an Sagart. É féin a toghadh mar Rúnaidhe, mar b' “é a b'fearr ceann is peann.” Leig sé air nar shanntuigh sé an obair sin chor ar bith, mar go raibh sé an-chruadhógach fé láthair, ag freagairt leitreach bhíodh ag teacht chuige ó gach oifig in Ath-Cliath. Mar sin féin cuireadh iallach air glacadh leis an bpósta in aghaidh a thola. Toghadh Seáin Mór mar Uachtarán, agus mar chathaoirleach, an Ministéara mar Chisteoir, mar bé b'fhearr cleachta ag cómhaireamh na bpighinn. Toghadh an Cléireach mar thosuightheóir, agus fear na bhfataí mar bhreitheamh, mar bhí aithne aige ar gach duine san taobh sin tíre nach-mór. Gintí agus Mac Giolla bhuidhe i gcóir an gheata, ionnus nach rachadh aon duine isteach gan
airgead síos, aghus bheadh faitchios rómpa seachas aon bheirt as an áit. Toghadh Brian ar mhodh, cé gur ghráin le cuid aca é ach Fear na bhfataí amháin, go mbeadh sé ar aon Choiste leo. Ach ní raibh neart air. Bheadh sé an-úsáideach ag cur suas fógraí agus ag bualadh an chluig. Thug bean na lása cogar dón Cléireach, ar a bhfaca sé ariamh, gan ainm Bhriain bheith ar an gCoiste 'sna fógraí. Gheall sé nach mbeadh aon bhaoghal. Cainntigheadh ar an Dochtúir beag. Agus nuair nar tháinig sé níor chuir an Cléireach ar an gCoiste é. Fiafruigheadh ar cuireadh fógra chuige, agus dubhairt an Cléireach — nó an Rúnaidhe, gur cheap sé gur chuir sé a ainm le fógra dó, agus dubhairt fear na bhfataí gur cheap sé féin, chomh fada le-n-a bharramhail, gur sheol sé leitir chuige. D'fhiafruig Brian an bhfuair Tomás Pheadair cuireadh agus dubhairt an Rúnaidhe gur cheap sé nar ghádh é, agus nar mhaith leis bheith ag cur stampaí amugha. “B'fearr liom stampaí chur amugha leis ná le cuid de ghadharaibh Chamuis bhíos ag marbhú caorach i lár na h-oidhche, agus gan aon duine le cosg a chur leo.” “Sin é mo ghnó-sa,” arsa an Sargint go borb. “Cé'n fáth nach ndéanann tú mar sin é?” arsa Brian. Bhí Gintí agus Mac Giolla bhuidhe ag druideadh leis chun an dorais a thabhairt dó, ach chuir Brian colg air féin & chailleadar misneach, ar fhaiticíos go gcuirfeadh sé aon mhúisiam ar Sheáin Mhór. “Ba mhaith linn dá ndúntá do bhéal ar a chéile,” arsa an Cléireach & rinneadar uilig gáire beag. Bhí díospoireacht fhada i dtaobh an roda cuirfidhe ar bun mar ní raibh aon deifir ar dhuine ach ar Fhear na bhfataí. Mhol bean na lása gur cheap sí gur cheart Cuirm Cheóil & Rinnce a chur ar bun, agus tír agus talamh irraidh ann
agus buidhean Cheóil fhaghail ó Bhaile Átha Cliath … Go raibh aithne aici ar bhuidhean ina raibh col-ceathar di, agus a thiocfaidh ar rí-bheagán. Dubhairt an Sárgint, agus d'aontuigh Ó Néill leis go mbeadh sin ró anróidhteach, agus go mbeadh an aimsear ró-the, mar ní mórán spéise a chuireadar beirt i rinnce ariamh Thuirsigheadh se ró-mhór iad. “Fuar an áit é Iar-Chonnacht mara féidir leat thú féin a théidheadh ar aon chaoi eile ach le rinnce,” arsa Brian léi. “Níor thángamar annseo,” arsa an Chléireach, ag eirigh ina sheashamh, “le masla thabhairt d'aon duine.” “Ná mise, ach oiread,” arsa Brian. “Ise atá ag maslú Dé, thug gealach is grian dúinn.” Ar chuma ar bith socruigheadh ar na cleasa luth a bheith ar lá Féile Muire, an cúigeadh lá deag de Fhoghmhar, an lá saoire ionnus go mbeadh deis ag chuile duine bheith ann, ba chuma cén creideamh a bhí aige. Ceapadh chuile dhuine ar an gCoiste mar bhailightheoir, agus airgead iarraidh ar charaid is namhaid, bocht agus nocht, íseal agus uasal, chuile duine chomh maith le céile, agus Buidhean Cheoil fhághail ó Ghaillimh, dá mbeadh an t-airgead ag teacht go fairsing. Cuntas a sgríobhadh chuig na páipéirí gach, Satharn agus fógra nó dhó i bpáirearabh Átha Cliath. Gheall an Rúnaidhe go ndéanfadh sin, mar bhí aithne aige ar chuile fhear páipéar in Áth-Cliath agus dubhairt go ndéanfadh sé féin a chroidhe dhithchill & go n oibreoch é féin go dtí an smior. Bhí comhrádh fada i dtaobh an chaoi a gcaithfidhe an t-airgead a gheobhfaidhe ar an ngeata. Ba deacair tada a shocrú mar ní raibh tada socruighthe ag aon duine roimh-ré. Bhíodar i gcruadh-chás & ag eirighe tuirseach den chruinniú cé nach tada eile a bhí ar a n-aire. Sgannruigheadar nuair tháinig an Sagart Paráiste isteach.
Chuirfidís sgata gasúr i gcuimhne dhuit a mbéarfaidhe & dteach orra & iad ag goid. As Gaillimh a bhí sé teacht., agus dubhairt sé go raibh sé buidheach fé chuireadh fhaghail & gur tháinig isteach le na leith sgéal a ghabhail, ach go mbeadh ag imtheacht ar áit na mbun … go raibh ocras is tuirse air. Thairg Seán Mór é a leigint sa gcathaoir ach ní rachadh. Dubhairt Seán Mór gur mhaith an rud cúirt liathróide láimhe chur an bun, nach raibh aon chaitheamh aimsire ag aos óg na h-áite. Go dtuibhradh sé féin clocha & gainimh in aisge, ach ní ar mhaithe leis an aos óg a bhí sé ach ar mhaithe leis fein. Bhí fhios aige go dtarraingeochadh rud mar seo go leor fear óg timcheall an tighe gach Domhnach, agus nar mhór dhóibh rud éigin thar uisge nuair bheadh allus & tuirse orra. Níor h-aontuigheadh leis sin. Cén tsuim a chuirfeadh na mna bhí ar an gCoiste in a leithead de chaitheamh aimsire? Mhol bean an Mhinistéara gur mhaith an rud é chur chuig muintir bhoicht Armínea bhí ghá marbhú fe dhlighe peannai- deachta na dTurcach. Dubhairt Brian má bhíodar chomh grádh-diamhail sin go bhféadfaidís é chaitheamh ní ba goire do láthair, & é thabhairt do lucht an fhiafrais i Leitir Big. Ní raibh aon mhaith ann. Mhol Fear na bhfataí, agus chuidigh Brian leis gur mhaith an chaoi é chaitheamh, mó cuid de ar chuma ar bith' mar dhuaiseanna do na daoinibh a b'fearr crannte rós & spíonán & fataí agus mar sin. Bhí Brian ag dul ag cuidiú leis an rún sin nuair sheas an Cléireach suas agus dubhairt go láidir nach le h-aghaidh fataí, ná coirce, ná aoiligh a tháinig siad annsin ach i gcóir roda ní ba uaisle. Labhair an sagart fé dheire. Ba léir go gcaithfidhe an cheist a shocrú ar bhealach éigin agus dubhairt go mba mhaith leis
féin dá gcaittí cuid dén airgead ar chlaidhe breagh árd a chur thimcheall ar theach an phobail, rud a bhí ag teasdáil go géar. Claidhe a dhéanfadh fasga sain nGeimhreadh do dhaoinibh bhíodh in a seasamh taobh amuigh, uair, agus dhá uair, sul a dtosuightí ar Aifreann, agus an fearr-is-bárr ar Iomar baiste. Minic a bhiodh ceann-fé ar, a dubhairt sé, nuair thagadh an t-Easbog gan aon áit aige le na h-ainglibh beaga a thagadh ar ar an saoghal a bhaisteadh, ar i dtubán dubh daraighe. Ba masla d'on Chreideamh é. Bhí iomar in gach séipéal dá raibh sé ariamh gur tháinig sé go Cill-Mhíne. Níor cheap sé gurbh easbaidh tuigsiona a bhí orra, ach go mbéidir nar chuimhnig aon duine air go dtí anois. Bheadh sin go breagh. Iomar deas baiste de chloich ghreanta agus seas adhmaid faoi & ráile thar timcheall uirthi. Níor labhradh smid go ceann tamaill mar níor thaithnigh an smaoineamh le cuid de na mnáibh. An fáth ní gádh a luadhadh. Dubhairt Seán Mór ar deire thiar thall gur iontuighthe go raibh gach duine sa seomra ar an inntinn chéadna nuair nach raibh a mhalairt de smaoineamh dá chur ós a gcomhair. Bhí Brian ag cur na súl thridh mhnaoi an t-Sárgint bhí ag féachaint go mío-chompóirteach sa gcoirnéal. Thug an Sagart an-bhuidheachas dóibh agus dubhairt go raibh súil aige go ndéanfadh gach duine ar an gCoiste a chionn féin. H-iarradh air a bheith in a Uachtarán, nó dul ar an gCoiste ar a laighead, ach dubhairt nach rachadh, nach mbeadh aon cháll dó leis … Go raibh sé ag cailleadh an tsiúbhail & nar bhféidir leis na cruinnighthe a fhreastal, ach go mbeadh sé mar Phatrúin da mba mhian leo. Dubhradh go mbeadh & d'imthigh leis. Bhíodar ag ceapadh duine a thoghadh — bean a b'fhearr leo — a bhronnfadh na duaiseanna, ach nuair nach raibh aon ghádh le
duine thoghadh chomh luath sin, moladh go bhfanfaidís go bhfeicfidís cé'n bhean ba mhó dhéanfadh obair, i riocht is go raibh gach duine aca ag comórtas le chéile ag iarraidh na h-onóire móire, sin fhághail. Onóir nach mbronntar ach ar chorr-dhuine, uair sa gcéad. Socruigheadh freisin tae fhághail sa mbearraich do cháirdibh an Choiste a thiocfadh ó chian is ó chomhgar, & dubhairt an Sárgint nach mbeadh aon strómh faoi sin. Árdán a chur suas i gcoirnéal na páirce go leagfaidhe na duaiseanna air go bhfeiceadh feara Fáil iad, agus cleitheacha chur suas as, & brat gach náisiún chur ag folamhain asta, ach gan aon cheann politeamhail. Ní rud mar sin a bhí uatha, ach neart grinn, is suilt, is aoibhnis. Lá mór a dhéanamh dhe, agus gach duine dá dtiocfadh a dhul abhaile go buidheach beannachtach, ag rádh nar facthas a léithéid de lá i gConamara ó aimsir na Spáinneach, ná an uair sin féin. Na sgoileanna a dhúnadh & gan sórt cinéal oibre ar bith bheith ar siúbhal ar fud an cheanntair, ach gach fear bean is páiste, bheith ag déanamh ar pháirc an ghrinn!
CAIBIDIL IV “AN MIAN MÓR” An té bheadh ag cur suime i gcúrsaibh dathadóireachta i roinn na h-Eorpa le linn an ama seo, chífeadh sé nach raibh aon duine ba mhó a gheibheadh moladh is meas na Marie Jacques i bPáras. Fuair an pictiúr deire a rinne sí moladh cumasach ins gach paipéar i leath an domhain, agus an chéad duais ag teasbántas a bhí sa bhFrainc. Bhí sin ion-tuigthe ag aon duine raibh aon mheabhair san Ealadhain sin aige. “Aonraic” an tiodal a bhí air, agus níor bhréag a rádh nar mhaith bhí an t-ainm sin tuillte aige. Bean óg a bhí sa bpictiúr a bhfuair a céad ghrádh bás ar thaobh sléibhe agus é ag déanamh ar an mbaile. Le na chuimhne, a bhuanú, chuir sí croisín ina seasamh ar chnocán sléibhe ins an áit in ar fríothadh é ag cionn uaigh bréige. Lámh ar a súilibh aici mar dhuine bheadh ar tí frasa goirt deor a shílt i ngeall ar an t-é a dimthigh, agus nach bhfeiceadh sí arís go bráthach. Íongantach mar rinne an dathadóir a cuid oibre! An chóir nádúrach a bhí ar gach nídh dár bhain leis an uaigh uaignigh ar thaobh an chnuic! An caonach glas bog, an fraoch donn casta, bhí timcheall na h-uaighe. An dá nóinín bhí ag coinneall chomhluadair dóibh féin ós cionn an chroidhe. Bhí
míniú ar leith ionnta sin. Ba cruthamhnas é ar an mbuan — charadas is grádh bhí idir an bheirt agus iad beo ar an saoghal seo, agus ní ba bhuaine anois o bhí eisean imthighthe. Má chuir Marie spéis mhór in Ealadhain na ndath, chuir a fear — Jean — spéir dá réir san Litiridheacht. Narbh é Dia a chas ar a chéile iad, agus nar mhaith ina chéile an bheirt? Ise in a dathadóir cluthmhar. Eisean ina sgríobnóir raibh aithne air ar fud an domhain, ag lucht léighte leabhar. Beag leabharlainn ar fud Iathrair an domhain, nach raibh leabhar leis le fághail. An pictúr a theipfeadh uirthi-si a dhéanamh leis an sguaib bhí eisean in-ann a dhéanta leis an bpeann. Ní raibh aon nós na tréith, dar dual don duine nach raibh ar eolas aige, mar rinne sé staidéar ar inntinn-eolas nach ndearna aon duine eile le na linn. Ní raibh aon nidh ba mhó thugadh misneach, is sasamh inntinne dó ná a chuid leabhar fheicéal i gach áit is cathair ina mbíodh a thriall. Chuireadh sin muinghin is spreacadh ann, le leanacht dá laimh chun oibre éifeachtaighe a dhéanamh chuirfeadh éad na mban ruadh, ar sgríobhnóirí' na h-Eorpa ar fad; agus b'é sin an fath ar chur sé roimhe cuairt a thabhairt ar Iathrar na h-Éireann, go gcuireadh sé aithne ní b'fhearr ar shliocht an chineadh is ársa san domhan. Ní'l duine chífeadh é nach n-aithneochadh arís é. Ní fear mór a bhí ann aon am, ach bhí sé déanta go maith & coiscéim chruaidh theann aige. Súile beaga dubha bioracha, in a mbíodh sgéin íongantach & é corruighthe, & a d'iompuigheadh sé ar a rogha caoi. Bí an gléas air is dual dá leithéid. Hata mór bán leathan, bhí in ann grian is báisteach a choinneall uaidh, an carbat ar nós — chuma — liom air. Cruimeall dubh sguabach agus gruag fhada dhubh, ba duibhe ná an gual is duibhe, leath bealaighe go guailnibh air. Ní féidir arádh le firinne gur bhronn Dia mórán dathamh- lacht air, do réir mar tuigtear an tréith sinn san saoghal
atá anois ann. Go deimhín bhí íongantas na n-íongantas ar a cháirdibh nuair phós Marie é, mar bhí sise ar an mnaoi ba bhreaghacha i bPáras, le na linn. B'iomdha fear óg a bhéarfadh a bhfaca sé ariamh, ach í bheith aige mar mhnaoi. Nach mbíodh an teach ba mhó i bPáras ag cur thar maoil, & í ag seinm ar an árdán, gan fuaim dá lagadh le cloisteal ar fud an tighe mhóir fré chéile ach fuaim lag na h-anála bhíodh ag teacht in gan fhios ó na míltibh sgórnach. Sileadh deora goirte le cumha na diaidh nuair facthas an fógra sna páipearaibh go raibh sí pósta. Chuimil Ministearaí, reachtaire, is tighnearnaí a súile, ar a fheiceál dóibh, ag ceapadh gomba dearmad é nó rud éigin a bhí ar a súilibh. Bhí sé de chaint gur iarr prionsa Sasanach ag rinnce mór i bPáras í, oidhche amháin, & leis an eiteach & an fhéachaint láidir a thug sí dhó, gur bhuail cantal is briseadh croidhe é, mar ghoill an t-eiteach go mór air. Gur chaith a shaol go dona agus go suarach in a dhiaidh sin, i bhfad ó na thír is a mhuintir féin, agus gurbh ise ba chionntach le fód an bháis a chur air. Bhí súile móra íongantacha aici, bog, ciúin, laghach, cinealta, nuair bí gádh leis, fiadhan, fiochmhar, feargach, nuair thoileadh sí é. B'é barramhail a lán réis pósta dóibh gur gearr ad' fhanfadh a leithéid de mhnaoi áluinn ag fear na gruaige & go mbeadh deis eile aca lá éigin, ach bhí breall orra. Ba mhór é a grádh d'á fear, ach níor mhó na aghrádh-san d'ise. Má sa bhfilidheacht, nó san bhfear féin, a bhí an bhuadh sheas sí dílis dó in-aoibhneas, agus i mbrón. Iomdha uair a thug seisean buidheachas do Dhia fe na léitheid a sheoladh chuige. Cheap a lán gurbh í an fhilidheacht an baoite a d'oibrigh sé, ach ba chuma. Bhí sí aige anois in aimh deoin an t-saoghail, go mbaineadh an bás de í. Nach air a bhíodh an t-áthas nuair seastaí san tsráid ag féachaint orra beirt. Daoine
aithintis ag féachaint go h-éadmhar gruamdha air féin, fé n-a leithid de spéir-bhean a chur amugha leis. Chíodh sé lucht pictúr dá tógáil ag súgraibh, is ag rásaí, agus léigheadh sé san bpáipéar fé'n ngléas éadaigh bhíodh uirthi & í in a leithid seo d'áit. Léigheadh sé na h-iarratasaí a gheibheadh sí ag iarraidh uirthi ceannas a ghlacadh ar chruinnighthibh nach mbíodh ann ach sgoth is áilneacht na Fraince. Nar iarr L-- uirthi cead a thabhairt dó a pictúr adhathadh, nar mhiste leis bás fhágail, ach pictúir áluinn fírinneach a chuirfeadh a cuid maise i gcéill go ceann na gcéadta blian a theasbaint don tsaoghal. Minic a dubhairt sí léithí féin go n-eireochadh sí as dathadóireacht chomh luath agus bheadh pictúir déanta aici nach mbeadh a sharú le fághail ar fud an domhain, le na linn. Bhí fhios aici go raibh sí tharr bárr, ach mar sin féin, ní dhearnadh sí aon phictúr go fóill a bhféadfadh sí a rádh go fírinneach gur leor sin, agus sin é an fath ar chaith sí ina ceann a theacht go h-iathrar na h-Éireann i gcomhluadar a fir, agus tamall a chaitheamh i measg sléibhte áilne Chonnamara. Narbh iomdha dathadóir clúithmhar, is file, cumasach a d'fhéach le áilneacht an taoibh sin tíre a chur os comhair an tsaoghail agus ar chlis air. Ach bhí rún aici si-gan cliseadh. Sin é an áit ina bhfuighfeadh sí deis ar an obair íongantaigh a chuirfeadh aoibhneas is íongantas ar shúilibh daoine a dhéanamh. Sin é an áit in a bhfuigheadh sí mian a croidhe. D'airigh sí mar dhuine mbeadh an taobh tíre sin ag glaodhach air, ag tabhairt cuireadh chaoin fháiltigh dó teacht, agus fanacht in a fhochair ar feadh tamaill féin. Ar a bealach go Baile Atha Cliath ba h-imnidheach & ba h-aisteach a chaith sí an ainsear. Bhí a croidhe chomh mór sin san obair aici gurbh ar éigin a d'fhéadadh sí codladh san oidhche. Ag dathadh a bhíodh sí, ag dathadh pictúir áluinn, & ghá milleadh arís, & é ag cinnt uirthi aon cheann a dhéanamh a
bhéarfadh aon t-sasamh inntinne di, ní hí amháin dón tsaoghal a raibh fuithi a shásamh. Ghníodh sí iarracht na smaointe sin a ruaigeadh as a ceann, ach theipeadh uirthi, dá mhéad a h-iarrachta ba líonmhaire thagaidís, mar bheidhís in aon turas chun imnidhe is eagla & droch-mhisneach a chur uirthi. Minic a deireadh sí leithi féin, nach smaoineochadh a thuille air go bhfeiceadh an taobh sin tíre. Do réir nar bhí sí ag teannadh le ceann cúrsa, un líonmhaire a bhídís ag dul, ag cur in iúil di cén sórt áite a bhí ann, go mbeadh fios aici roimh-ré. An chéad oidhche di i mBaile Atha Cliath b'íongantach, b'aisteach, & b'aluinn, é a h-Aisling & í ag cur aithne air mhian a croidhe. Chíodh sí fathaigh móra sléibhe go ciúin le taca lae, ag seasamh go dána is aghaidh na spéire & iad ag leigint a gcaipín trom ceo díobh, do réir a chéile. Chíodh sí locha áilne; na h-oileán mar sgátáin ag a mbunaibh. Do réir mar ghlanadh an ceo chíodh sí na srutháin shléibhe ag deifriú anuas chun na loch. Fuaim bhrónach cheolmhar ag teacht chuici as ghaoith fhionn-fhuair na maidne. Bhí sí ag éisteacht le ceól binn na fuiseoige & í dá h-árdú féin go maordha san spéir, le cur i gcéill dó'n chine daoine go raibh an lá geal fághail. Chluineadh sí bog-thorran na donn ar an dtráigh, & chíodh sé cuan mór leathan na Gaillimhe ag síneadh soir & anonn go “maol chnuic Cláir” & colbha bán air, ar imeall an chladaigh. Chíodh sí oileáin Árann na luighe go suanmhar i mbéal na fairrge thiar, amhail is dá mbeidís ag fanacht le eirighe gréine le n-imtheacht leo. Chíodh sí an spéir ag glanadh thoir, d'airigheadh sí mothú ag teacht san talamh fé na cois. Ceol an tsrutháin ag méadú, ceol na fuiseóige ag dul i mbinneas. Ná fathaigh sléibhe ag méadú ós comhair a súl. Caoirigh beaga, bána' sgaipthe annseo & annsúd ar shleasaibh na gcnoc, mar nóíníní
ar mhachaire áluinn. Chíodh sí dath dearg san domhan thoir. An spéir ag athrú ó dhorcha go gorm thiar, an ghealach agus na réalta, nach raibh fonn imtheachta orra, ag dul i ndoilléire. Na cnuic ag athrú datha, ó dhorcha go breach-dhorcha, & uaidh sin go breac-liath, ó bhreac liath go gorm. Bhuaileadh smeamh gaoithe í & chorruigheadh an ghruag dhubh dhualach ar a ceann. Thaghadh baladh breagh cumhartha an fhraoigh & na cíbe chuici ar an ngaoith agus líonadh a croidhe le aoibhneas is aiteas, & d'fhosgladh a béal le n-a slugadh i gceart. Chuimhnigheadh ar mhian a croidhe. Cheap sí go n-airigheadh sí a h-anam féin & é ag iarraidh labhairt léi. Chíodh sí bainghrioghan na maidne ag gobadh aníos ingan fhios ar chúl na gcnoc, amhail is da mbeidís ag seasamh in a bealach. Chíodh sí an domhan mór 'na timcheall ag buidheachan. Chíodh sí soillse lonnracha órdha ag deallradh ar shleasaibh na gcnoc. Ná clocha & na mianaigh luachmhara raibh drúcht na h-oidhche orra bhí ag sgalladh le h-éirighe gréine. Connacthas dí go gcluineadh í féin ag fáiltiú roimh bhain- rioghan an tsoluis le briathra boga cinealta a thaghadh ó fhíor-íochtar a croidhe. Dá bhféadadh sí cuimhniú orra súid & a sgríobhadh, go léigheadh an domhan iad, nach mbeadh sí sásta. Dá dtuigeadh a fear a bhí na chodhladh go sámh, céard a bhí in a h-inntinn nach aige bheadh an t-ádhbhar oibre? Nach in a h-inntinn a bhí an fhilidheacht, an uair úd & í na seasamh ar mhullach cnocáin ag fáiltiú roimh an ngréin go moch ar maidin. Tháinig sórt uaine ar a croidhe. Cineál faitchís dó mhínighthe a bhí ann. D'airigh sí mar dhuine iar miarbhúilte fheiceál dó. Bhí mearbhall inntinne ag teacht uirthi, sin nó saobhchan céille, & í ag cailleadh a meabhrach do réir a chéile. Amannta cheapadh go mbíodh sa mbaile. Amannta eile ar mhullach sleibhe gan duine ná deoraidhe na h-aice. Fuiseóg an t-sléibhe ag eirigh as a ceol ar a feiceál di. Na caoirigh
beaga bána ag déanamh íongantais agus ag fiafruigh dá chéile cad a thug annsin í gan cead gan cuireadh. Na h-uain ag rith chun a máthar le eagla roimpí. An spéir ag dorchadh na timcheall. Gála ag eirighe. Sineáin láidre ghaoithe dá séideadh. Port cíuin truaghmhéalach ag an sruthán sléibhe. Na sléibhte móra ag dul i bhfolach sa gceo. Miontonna na locha ag méadú. An loch féin ag dubhú. Gach rud ag dul i ndoilléire & ó léargus uirthi … Dhúisigh sí & chuir a dá lámh fúithi san leabaidh. Chuimil a lamh dá súilibh. Chuaidh a lamh i bfhastodh in a gruaig dhualaigh dhuibh. Ghortuigh sin í. D'airigh sí roinnt fuair. Tháinig cineál creathadh uirthi. Bhí an seomra chomh ciúin leis an uaigh amach san oidhche, nuair bhíos an drúcht, go tiugh iuirthi. Ní raibh aon t-solus le feiceál ach breac-sholus na fuinneóige. D'eirigh sí. Rug ar choinneall le n-a lasadh ach sgior sí as a lamh, & rinne torran uathbhásach. Lamhuigh sí agus las an choinneall. Chuaidh sí anonn go dtí an sgathán. A Dhia dhílis! ar bhí a bhí chor ar bith ann ach a taise? Tháinig fonn béice uirthi, ach bhuail tocht í. Cá raibh sí? & céard d'eirigh di? Cá raibh an luisne sin a bhíodh, na gruag de ghnáth? Céard d'eisigh do na súilibh gáireacha? Tuige an raibh sí chomh bán-aghaidheach sgannruigheach faitcheach? Tuge an dorchadas bhí thart timcheall a súl? An sgéin, & an loinnir uathbhásach a bhí sna súilibh bhí bog, cineálta, tráth? amhail is dá mbeadh fear a marbhtha sa seomra, & a sgian tarraingthe aige le n-a sathadh, & ise & a cul le balla aici ag iarraidh í féin a chosaint. Labhair an oidhche leis an gcrann fé bhun na fuinneóige, agus thosuigh dá lúbadh féin le fuaim íseal chaointeach ag crathadh na nduilleog & an drúchta de féin. Chuir éan in áit éigin, sgréach sgannruigheach as. Thosuigh solus na coinle ag corrughadh go beodha. An ghaoth bhí ag éaló isteach ar bhárr na fuinneóige. Buaileadh rud éigin ar an ngloine.
Gheit sí. Duilleóg chríon a bhí ann a chaith an crann de, nar theastuigh uaidh ní ba mhó, mar nach gcoinneochadh sé ach an ceann raibh snas is blath na h-óige orra. Tháinig a ciall & a réasún chuici do réir a chéile. D'imthigh sgéin an chrochadóra as a súilibh. Tháinig luisne na h-óige ar ais. D'fhéach sí le gáire croidheamhail a dhéanamh ach ní raibh ann ach meanga lag. Narbh aisteach agus narbh íongantach an ceacht a mhúin an crann di? An sgréach a chuir an t-éan as ar nós duine éigin i ngéibheann & i gcáll! An crathadh feargach a bhain an crann as féin, & é ag caitheamh na nduilleog gcríon de, bhí roimhe sin go snasta & go dathamhail. Iad sa díog, & sa lathaighe anois, fé chois, is faoi dhí-mheas i measg na nduilleog eile, bhí áluinn is maiseamhail tráth. Fhad is bhíodar beo, bhíodar maiseamhail, measamhail, fíuntach & taithneamhach dón t-súil. Narbh amhlaidh leis an saoghal é? Fhad is beo dathamhail fúinteach thú, is tú radharc gach súil. Molfar thú gach am is tráth, & béidhir ar an mblath is deise agus is cumharaigh ar an gcraoibh. Tiocfaidh na beacha sanntacha gnothacha le linn an tSamhraidh le suirigh leat, & canfaid briathra bladaracha binne duit-féin amháin. Molfaid tú thar aon bhláth eile ar an gcraoibh, as ucht do mhaise & is do mhilse. Annsin nuair táid sásta, & a sáith de shaothar do shaoghail faighthe aca, imtheochaidh siad leo' & rachadh chuig blath eile & canfaid na briathra céadna & béidh tusa i ndearmad agus as cuimhne! Nuair bhéas an saoghal tuirseach díot craithfidh sé de thú mar throm-ualach gan mhaith gan mhaoin, & leigfidh dhuit bás fhághail ar do rogha caoi. Ach cad mar gheall ar an maoin a ghoid na beacha bradacha? Nar chóir cuimhniú ar an té raibh sí aige? Nár chóir cuimhniú ar an mbilleoigín chríon ruadhe na luighe san digh fé dhi-mheas is fa chois? A bheacha & a shaoghail neamh-bhuidheach! “An mar sin a déanfar liomsa & le mo shaothar? Tá bláth na h-óige orm anois. Labhartar ar m'ainm in gach comhluadar
dá uaisle. Leigheas don eashlán mé. Solus soillseach 'sna bealaighibh dorcha mé. Searbhfóghantí & seirbhisigh umhail gach fear dom, tamall dá dtogruighinn é. Cúis áir is báis mo chuid súl dá ndéanainn an úsáid de'n chumhacht a b'éol dom a bheith ionnta. Gliondar & athas croidhe obair mo lámh. Uaisleacht, maise, & feabhas anma, b'eadh mo ghuth seal. Béidh an saoghal, uaigneach dá uireasbhaidh feasta. Ní chanfad ach dom fhéin amháin. Béad dílis dom féin & ní bhacfad leis an moladh neamh-bhuan. Déanadh gach duine an oiread leis an saoghal a mhaiseadh agus rinne mise & féadfaidh sé bás fhághail & é de shásamh inntinne aige gur choimhlíon sé an geall a thug sé do Dhia lá a chruithuighthe. Mairfead, nó tá súil le Dia agam go mairfead, go bhfeicead mian mo chroidhe os comhar mo sul. Ní chuimhneochadh feasta ar thada ach air agus nach mé a bhéarfas an aire dó! Aire na máthar dá gcéad mhac. Aire an leomhain dá coileán, aire na caorach dá céad uainín. Aire Íosa dá dhréam dílis féin. Aire chéad mhairtíreach na h-Eaglaise do theampall Chríost! “A mhian mo chroidhe, nach truaigh gan thú agam annseo le heirighe gréine, rian mo dhá lamh féin! Chrochfainn san aer thú & phógfainn thú le pógaibh dílse dúrachtacha. Ní leigfinn aon mhéar ort ach mo lámha míne geala féin. Shalóchaidis thú, brisfidhe tú. Déanfaidhe magadh fút & gheobhthá an íde is measa a d'fhéad croidhe duine cuimhnui air, nuair beithfidhe tuirseach díot. Dá mb'fhiú thú é ní leigfinn-se dóibh, & dá mbeitheá cosamhail liom féin. Theannfainn isteach liom thú go bhfeicinn níos fearr thú & theannfainn uaim thú le amharc níos fearr fhághail ar do bhréaghacht. “An mbéidh tú cosamhail liomsa a mhian mo chroidhe a radharch mo shul? M'aoibhneas & mo chompóirt i mbrón. Nach bhfacas ar ball in Aisling thú a chuid mo chroidhe & tú ag iarraidh labhairt liom? Nar bheag nar chuir d'ailneacht saobhchan céille orm. Nach bhfacthas na soillse íongantacha
lonnracha da lasadh romhat. Nar fháiltigh gach nídh dar chruthuigh Dia rómhat? An sruthán sléibhe a thosuigh ag caoineadh le áthas. Nar bhain na fathaigh sléibhe an ceo díobh féin le amharc níor fearr fhághail ort? Nar thosuigh mion tonna na loch ag rinnce le athas? Nach ndeachaidh an fhuiseog chun na ríogachth thuas le sgéala fút? Mbéidh fearg orm liom má bhaistim roimh-ré thú? Mbeidh tú dílis don ainm sin? An abróchar gur leas ainm ort é? Nach fearr dom é innseacht duit le súil go gcuirfidh sé an t-aoibhneas ort agus a chuir sé orm-sa, nuair fuaireas amharc ar dúis ort “a ghleanntáin sléibhe le h-eirighe Gréine”! Rug sí ar leabhar a bhí ar chathaoir in a h-aice. Mar theastuigh miniú uathi ar an Aisling íongantach a bhí aici. Leathuigh a súile ar an seachtadh caibidil in ár tráchtadh ar mhíniú na n-Aisling san leabhar cluthmar ar “Inntinn- Eolas” ar chaith a fear trí bliana ag déanamh cruinn staidéar ar a chuid oibre, & blian go leith ghá sgríobhadh is ghá aith-sgríobhadh. Ar ndóigh, níorbh féidir nó gheobhaidhe fuasgailt na ceiste san leabhar sin! Thosuigh sí ag léigheamh go socair, smaoinnteach, di féin. “Nuair chuireann duine cuspóir mhór roimhe & rún docht daingean aige a gheall a choimhlíonadh is cinnte gur mór an bhuairt aigne a bhíos air da bárr, d'oidhche is de ló, agus go mór-mhór san oidhche nuair bhíos gach rud ciúin & deis ag an duine a smaointe adhéanamh níos fearr. Tuiteann codhladh air réis tamaillin Ní smaoinigheam níos mó ar ghnáth rudaibh. Annsin tosuigheann an inntinn taobh istigh — an inntinn is géire ag obair & cuireann an corp go léir fé n-a cumhacht. Tosuigheann an inntinn sin ar an obair a chuir an duine féin roimhe, & leis an oibriú diúsigheann an duine de bhárr an neamh-chleachta, & airigheann é féin roinnt aisteach, iar amhairc bhig fhághail dó ar a chuid oibre. Is cinnte má bhíonn duine dáirírí, go mbéidh an obair ar a bheith críochnuighthe
di, an-chosamhail leis an mac-samhaol a samhluigheadh dó san Aisling. Do réir sean sgríbhneóirí is corr uair bhíos an gníomh críochnuighthe chomh h-áluinn leis síud a ceapadh & a h-oibríughadh san inntinn.” Bhí sí lán-tsásta leis an míniú seo. Narbh ag a céile bhí an t-eolas éifeachtach & an tuirgint chruinn? Niorbh íongnamh go rabhthas éadmhar léis & é ag réidhthigheadh ceis- teanna bhí ag dul in aimhréidh ar na daoinibh ba foghlumtha san Europ? Nuair nach dtuigtí é deirtí gur ar buile a bhí sé, ach ba chuma sin, leith-si. Ní raibh aon duine ariamh a chaith a shaoghal ar son na n-Ealadhan nach raibh an cháil sin air. Ach ba cáil thar bárr í sin, do réir a barramhla féin. Bhí maitheas éigin 'sna daoinibh raibh cáil an fhiadhántais & na buile orra. Bhí sí ag leagann an leabhair uatha nuair d'airigh sí mar bheadh duine ag bualadh go lag ar an doras, ach níor chuir sí aon chaidéis air, ag ceapadh gurbh í an ghaoth bhain critheadh as an doras. Buaileadh ar an doras arís, & thuig sise féachant ghéar air. Cuireadh an doras isteach go réidh & an lámh chaithte bhán i ngreim ann. Dune éigin ar bhuail trom chodhladh é & a bhí ag siubhal in a chodhladh. Ba ghearr go bhfaca sí aghaidh fir bhí chomh bán & chomh caithte leis an mbás, ag brugh isteach go mín réidh socair. Tháinig crith-eagla uirthi mar bhí droch-amharc ina dhá shúil. Bhí biorr orra mar bheadh ar shúilibh duine mbeadh faoi droch- obair a dhéanamh. Níor mhaith léi labhairt leis go dtagadh sé ní ba ghoire. Bhí a chuid gruaige báine, ba bháine ná an chailc, anuas as a leicnibh fada caithte. Bhí aghaidh air ar nós duine d'éireochadh as leabaidh a bháis. Bhí lamh leis taobh thiar de & faitchíos a croidhe uirthi-se go raibh arm san lámh sin. Ach ní raibh, mar thug-sé aniar í leis an ngruaig fhada bháin a chur as a shúilibh. Bhí uaidh amharc ní b'fhearr fhághail ar an té bhí na suidhe suas san leabaidh & a bhí ag eirighe ní ba faitchige
do réir a chéile. Fuair sé leargus beag ar an muinéal breagh bog bán, & tháinig tnuthán in a chroidhe a lamh thanaidhe chaithte a leagann ar an muineál sin. Chonnaic sé an ceann mór dubh gruaige ag tuitim go h-aimhréidhteach anuas air. Narbh air a bheadh an gliondar a bheith ag méirínteacht ar na dualaibh casta sin, dhá réidhtheach, dhá gcomhaiseamh, & dhá gcur le chéile! Cá raibh an bhean ariamh nar chaith géilleadh dó dá buidheachas? Chuir sise an ghruag siar da bhaithis, & fuair seisean amharc ní b'fhearr ar an aghaidh mhín mhánla in aoibhneas, & feargach fíochmhar i bhfeirg. Thug sé coiscéim as aghaidh. Dhírigh sise í féin sa leabaidh. Chonnaic sí go raibh lorg na bolgaighe ina aghaidh. Ghlac sí coll leis, cé go raibh féachaint thruaghach ina súilibh aici dó. Tháinig meanga gáire ar a bhéal, & thug cois céim fhaitcheach eile ar aghaidh. Chonnaic sé an béal beag deas deagh-chumhtha. Tháinig tnuth mór in a chroidhe. A bhéal a leagann ar na brusaibh taise sin. Chonnaic sé na súile móra lonnracha. Chuir aoibhneas ar a lán, Leig sé osna, ar fheicéal a súile móra ag féachaint go géar air. Maith a d'aithin sé na súile sin! Minic cheana a chonnaic sé iad. Sgaoil sé an greim a bhí aige ar an dorus uaidh Tharraing é féin amach, go réidh socair. Cé'n mhaith dó bheith ag tnúth le tada agus an chaoi a chur an saol air! Nar ghearr uaidh! Nar chuir a súile dubha sgáileacha uain is cantal ar a chroidhe, & ní raibh sé de mhisneach ann labhairt léi & a sgéal a mhíniú di, ach ní chuirfeadh sise aon t-suim ann béidir! Ní mó ná sásta bhí sí nuair d'imthigh sé as an seomra. Aithmhéala bhí uirthi nar fhan sé ní b'fhaide, go ndéanadh sí staidéar ní ba chruinne ar an éag — bhás bhí ar bhruach na h-uaighe. Chuaidh sí go dtí an doras & d'fhosgail go réidh é ag ceapadh go mbeadh sé taobh amuigh, ach ní raibh. Bhí glanta leis chuig
a áit codlata féin. Níor chuala sí aon fhuaim dá laighead ar fud an tigh mhóir, ach buile lag an chluig san halla fúithi thíos. Chaith sí í féin isteach sa leabaidh arís, & thosuigh ag machtnaimh ar fhear na gruaige báine bhí ag fanacht leis an mbás. Bhfaca sí cheana ariamh é? Raibh aon duine ar a h-eolas a chuirfeadh sí i gcomórtas leis? Ní raibh, ach an prionsa Sasanach úd, más prionsa a bhí ann, a shíl i a náireadh ós comhair a fir & na cuideachtain séimhe an oidhche mhór úd i bPáras. Chuala sí go raibh sé in Áth Cliath nó in áit éigin in Éirinn fé ainm bréige agus gur cheap a mhuintir féin gurbh é Aifricá a thug sé ar féin & gurbh é a mharbú le leomhan an fhásaigh a rinneadh. Ach ní fhéadfadh sé liathchan chomh mór úd, agus gruag air chomh dubh leis an sméir, an uair dheire chonnaic sí é! Nar mhinic a chluineadh sí na mná óga an oidhche úd ag moladh na gruaige sin, & spéis in a gcroidhthibh a méaracha deasa caola chur thrithe, & dual di a ghoid dá bhféadadh! Ní fheadfadh athrú mar sin a theacht air in imtheacht cúpla blian, ach is fada an t-achar é sin ag lucht na suaraighle & an mhí-adha. Arbh ise bhí cionntach leis an droch chaoi a bhí air? Má b'í ní raibh tada dá aithmhéala uirrí. Tuige ar shíl sé í mhasladh le caint nar chuala sí ó shoin. Nach sathach maith a bhí sé aige. Céarbh fhearr dó áit ná caoi a raibh sé ag cur a Phurgadóireachta thairis? Béidir gur ag iarraidh maitheamh- nasa uirthi a tháinig sé agus nach raibh de mhisneach ann labhairt! & gur bhuail faitchíos é roimh a súilibh cumasacha? Dá dtagadh sé arís bheadh fhios aici ceard a dhéanfadh sí, ach níor tháinig. Bhí eisean, na seomrai & a phiostal fuar in a láimh aige go gcuireadh sí deire le na shaoghal le briseadh croidhe is cantal. Chuir sé le na bhaithis é, ach ní raibh de mhisneach ann an
casúr a tharraingt. Nuair theanguigheadh a mhéar leis bhuaileadh critheadh é & chaitheadh uaidh ar an leabaidh é. D'fhosgail sé an fhuinneóg. Chorruigh gaoth fhionn-fhuar na maidne an ghruag bhán timcheall a chluasa. Dhearc sé síos uaidh. Bhí eagla air dá gcaithfeadh sé é féin amach nach marbhóchaidhe glan é agus níor mhaith leis an-bhás. Níor mhaith leis bheith ag béicigh & ag lúbarnaighil ar nós péiste le péin. Chaith sé na smaointe uathbhásacha sin as a cheann, agus tharraing isteach a féin. Leigfeadh sé do féin bás nádúra fághail. Nuair bhí Marie ag caitheamh bricfeasta di féin an mhaidin dár gcionn, cheap sí go bhfuigheadh sí tuairisg ní ba cruinne ar an gcorp di — bheo, ach ní bhfuair. Má bhí aithne ag muintir an tighe air níor leigeadar orra é. Bhí súil aici go bhfuigheadh sí aon amharc amháin eile air & go n-inn-seochadh sé a fhaoistin di. Agus nach aige bheadh an faoistin íongantach le innseacht? Fé bhlianta fada ar rothaibh an tsaoghail, gan tada cur imnidhe air ach sásamh inntinne, aoibhneas & sgléip, fhad is bhí lathar ann. É as maith anois, agus é tuirseach den tsaoghal ar chaith sé cuid de go maith, cuid go spléipeach, an chuid eile chomh dona agus chaith aon duine ariamh é, gan air anois ach cnamha is craiceann & an bás i ngreim ann. Gidh go n-abartar gur deacair le mnáibh run a choinneall, choinigh sise an méad seo ó na fear. Focal níor labhair sí ar fhear na gruaige bhí i ngreim ag an mbás, go ceann blianta fadha in a dhiaidh sin Ó bhí an sgéal chomh sean ní mórán suime a chur seisean ann, agus an t-é a shíl í mhasladh ag tabhairt an fhéir.
CAIBIDIL V TEACHT NA BHFRANCACH Níl cur síos ná innsint sgéil ar an réidhteach a bhí ghá dhéanamh tigh Sheán Mhóir iar dteacht na leitre óna Francaighibh, arádh dinnéar agus dhá sheomra bheith réidh tráthnóna dhóibh. B'fhada a chaith an mháthair ag díospóireacht le Róisín i dtaobh an chinéail dinnéir a b'fhearr fhághail. Níor mhór dó bheith ar foghnamh, mar thuigeadar go gcuireann na Francaigh an spéis i mbiadh maith blasta. Nar mhór an truagh nar chainntigheadar san leitir ar an sórt dinnéir a b'fhearr leo. Bheidís trom-tuirseach 'réis a n-aistir fhada agus faobhar uathbhásach ar a ngoile. Dá mbéidís réis dinnéir ithe ag fágáil na Gaillimhe féin dóibh, bhéidís stiúctha sul mbeidís ag an gCrois; & annsin bheadh deich míle fada, uaigneacha, le déanamh aca tré ghleanntaibh is Mhámannaibh Chonamara, sul a mbeidís i gCill-Mhíne. Rud eile, bhí an ghaoth ag éirighe, & na cnuic a féachaint gar, & gheobhaidís an bháisteach chomh cinnte is go bhfuil biadh i bhfaochain. Dá bhfágadh, bheidís beirt caithte tinn ar a lamháibh; agus bheadh sé rí dheacair biadh fhágháil bheadh feileamhnach dóibh. Bhí futha an chéad bhéile bheith ar fheabhas, ar chuma ar bith, le gach cinéal dár leagadh ar bhord ariamh. Bhí Brian go gnothach ar feadh an ama seo ag iarraidh an
triosláin a ghlanadh cois na teine & gan focal aige, ach cluas air ag éisteacht leis an gcaint a bhí ar bun. Bhí sé ag tabhairt glanta dón trioslán nach bhfuair sé ó aimsir an Fhir Ionaid fadó. Bhí na hamaí & an t-srathair chomh salach sin gur cheap sé nach gcuirfeadh sé aon ghleas go deo orra. Bhí sé ag braith ar iad a chaitheamh uaidh nuair tháinig Seán Mór anuas & pionta fé chubhar aige dó. Chaith Brian siar é, d'aon, sglug amháin, & munóga alluis ag silt síos sa ngloine. Leag air annsin ag glanadh, go raibh amhéaracha feannta aige. beagnach, & an cuimiltéoir i gcruth lasta le teas, in a láimh- D'eirigh leis i ndeire na dála, gur ar éigin a h-aithnigheadh an t-srathair nuair bhí Brian réidh leo. B'fhurasta an glanadh seo a dheanamh ná ceist an dinnéir a réidhtheach. Moladh sicíní, lachain, géabha, & bagún buidhe a tháinig ó Ghaillimh & a bhí ag búidheachan agus ag crapadh ós cíonn na teineadh. Bitheas ag caint ar an ngé a fuair Róisin mar bhronntanas a mharbhú, ach ní aontóchadh Róisín leis sin Cheap sí nach raibh sé áthamhail. Ní bheadh aon locht ar speir chaoir-fheola bhead rósta go maith, & an-bhruith maith tiugh. Sin nó mairt-fheoil, ach cén mhaith bheith cainnt ar mhairt fheoil & gan aon bhlas ní ba ghoire ná Gaillimh, ach bullán i Sail bhig fuair bás de bharr a choise a dhul i sgailp, & bhitheas ghá dhíol, & béidir go bhfuigheadh an Franncach blas aisteach air, & ní dhéanfadh sin cúis. Dá gcuiridís fios go Gaillimh uirthi, ní bheadh sí aca go dtagadh Brian ó'n stad & na Franncaigh aige, & bheadh sin ró-mhall. Bhí fhios aca nach nglacfaidhe le leith-sgéal mar bhí a sáith de fhógra tugtha aca roimh-ré. Ar chuma ar bith socruigheadh ar dhá shicín, píosa de bhagún buidhe na Gaillimhe, & píosa beag caoir-fheola; gabáiste deas catach, ar chuir Fear na bhfataí fios ar a shíol go dtí an teach ba mhó le rádh i mBaile Átha Cliath. Daoine ar bith nach mbeadh sásta leis sin mar dhínnéar, ba do — shásta an
duine é. Bhí sé sathach maith ag Pápa na Róimhe, & ag Righ Shasana. Iomdha duine san taobh sin tíre bheadh rí-shásta as aon chineál amháin féin a bheith aige. Bhí Brian ag súil go mbeadh an fear ar meisge & an bhean ró-thuirseach, le tada de'n dinéar a chur i gcaitheamh, & go n-eireochadh cuid mhaith de'n bhiadh blasta leis féin. B'air a bhí glaodhach ar na sicíníbh, breith orra, & iad a mharbhú. Phiocfadh Róisín iad. Bhí na fataí le baint aige freisin sul a n-imthigheadh sé. Ba bheag an mhoill air sin a dhéanamh, mar bhí sé go h-aerach éadtrom-chroidheach ag ceapadh go bhfuigeadh sé síneadh láimhe thar cionn, & dá mbeadh sé go deas cinéalta béasach, agus an bhean uasal a shochrú go deas, compóirteach, ar an gcárr, ó'n mnaoi freisin. Seadh, agus dá n-innsigheadh sé sgéalta deasa, greanmhara, dóibh a bhogfadh a gcroidhthe béidir go meallfadh sé an — t-sintús ón bhfear i gcóir na gcleas-luth. Diarrfadh sé ar bhfear an Uachtaránacht a ghlacadh, & ar an mnaoi bheith réidh le na duaireannaibh a' roinnt. Smaoinigh sé ar na sgéaltaibh deasa a cheap, sé bheadh feileamhnach. An chéad cheann, “An gasúr agus an t-Easbog.” Nuair bheadh míle déanta aca & an cómhrádh is ionduala bheith idir strainséara & tiománuidhe idtaobh na tíre, na ndaoine & a slighe bheatha, críochnuighthe. Nuair bheadh dhá mhíle déanta aca bhéarfadh sé “Seán Iorruis Mhóir” dóibh. Ag an treas míle an “Ministéar a bearradh in a chodladh,” ach ní móide go mbeadh siad sásta leis seo, magadh a dhéanamh faoi Mhinistéar mar ba Piotastúnaigh na “h-uaisle” sin ar fad, mara raibh corr-dhuine ann. Ag dul anoir ag an Teach buidhe bhéarfadh sé “maicíní Chamuis” dóibh, a bhain deora gáire ó shúilibh an Easbuig, agus nuair bheidís ag an mbearraic d'innseochadh sé “An chaoi ar imthigh an bhean 'ón Iúdach,” mara gcuirfeadh sin racht gáire orra, ní raibh aon fhear grinn ar aon árdán fen domhan a dhéanfadh é.
Dá n-iarrtaí air amhrán a rádh bhíodar aige & greadadh. Bíodh fhios go bhfuair Brian cúpla duais ag Féis na Gaillimhe tamall roimhe sin, as feabhas a ghutha, & gur chraith an breitheamh — bean an Dochtúra Eóin as Cunga, lámh leis, & gur thug cuiseadh go Cunga dhó, go sgríobhadh sí síos na seoda céoil a bhí aige. Ní bheadh fhios ag na Franncaighib ar sin, ach ní i bhfad bheidís amhlaidh. Bheadh fhios aca go raibh ceoltóir ar aon chárr leo. Dá gcuiridís aon t-suim in amhráinibh grádha & chuirfeadh, & an bheirt aca pósta, léigfeadh sé chuca an t-amhrán deas sin “Mé féin, is tú féin, & an bheirt againn.” Bheadh sin, an-fheileamhnach, Annsin sgaoilfeadh sé chuca “Seoithín Seotho.” Mara raibh clann aca ní bheadh sé ach ag cur a ghotha amugha, & níor mhóide go dtaithneochadh sé leo. Dá mbeadh an bhean dubh chasfadh sé an “Droighnean Donn.” Dá mbeadh sí fionn ba chóir go mbeadh “Péarla an Bhrollaigh Bháin” ar fheabhas, & dá mbeadh aon eas-aontas idir í féin agus a fear bheadh “Meallta” an-fheileamhnach, ar mhódh. Bhí na fataí bainte, nighthe, glanta faoi seo aige. A leithéid de nigheachán ní bhfuaradar ariamh, & gan call aca leis, mar is furasta fataí nuadh a nigh. Fuair sé a sgian annsin, & ghlaodh chuige ar na sícinibh. Bhí amhras aca ar dtús air go bhfacadar an mhin-bhuidhe ag tuitim as a ghlaic, & theannadar leis. Rug sé ar an dá choileachán ba mhó, & ba ghearr gur tarraingeadh fuil. Bhí an mháthair agus Róisín ag tógáil na seomrai thuas staidhre fá seo agus ag athrú rud asta. B'fhada ó chodail aon duine san seomra bhí fé chomhair na beirte. Beirt cheannuightheóir muc o Chathair na Mine a chodail uirrí go deire, & chaithfeadh go rabhadar an-trom, mar bhí an spriog & ceann de na cosaibh briste. B'éigin dóibh leaba Sheáin féin a thabhairt isteach mar bh'í ba mhó & ba láidre. Bhí
bosga le Seán sa seomra, a bhí aige & é sna siothmhaoiribh, & b'éigin a chaitheamh isteach i seomra Bhriain, thíos staidhre. Bhí cupla pictúr beannuighthe agus pictúir coirnéal Airm sa seomra freisin. Cuimligheadh éadach díobh, agus fuair ceann an choirnéil an-ghlanadh, mar thuig an mháthair gur mhór an dream le Arm muintir na Frainnce. Líonadh an crúsga le uisge, & fágadh píosa deas galaoirigh ar an mbord nighe a bhí ag líonadh an t-seomra le baladh breagh cumhartha. Nuair bhí an leaba cóirighthe go deas, bog, compóirteach, cuireadh an glas ar an doras, ar fhaithchíos go millfidhe tada faoi, ná go gcodlóchadh an cat aon sgathamh sa leabaidh, mar ainmidhthe aireacha orra féin na cait. Chuir Seán Mór féin a chulaidh Domhnaigh & bóna air féin. Gach duine dá bhfaca é ceapadh gurbh ag an Seisiún Ceathramhnach go Gaillimh a bhí sé ag dul. Fhad is bhí an capall ag ithe béile coirce nar leaghadh a léithid chuige ó'an uair ar ghnothaigh sé an rása i gCloch na Rón, bhí Brian ag iarraidh é féin a bhearradh le mideach de rásúr mar bhí lomra coicíse air. Bhí sé ideannta gan rasúr mhaith. Bhí sé ag braith ar rith amach chuig Fear na bhfataí go bhfaghadh sé ceann, ach chuirfeadh sin iomarca moille air, & nó móide go mbeadh istigh ach an Cléireach. Chonnaic sé beirt ghasúr bhí ag dul chun an t-siopa. Chomhair sé a raibh de airgead beag ina phócaibh, ach sé a raibh aige ocht bpighinn déag, agus bhí leath choróin ar an gceann ba shaoire in oifig an phuist. Ba truagh a chás C'én chaoi an rachadh sé chuig an Stad ag iarraidh daoine geanamhla & lomra feasóige air? Nach sgannróchadh sé iad. Nó cén chaoi an mealladh sé an sintús i gcóir na gcleas luth uatha? Ní raibh sé dul ar aghaidh ro-dhona le na shean cheann féin gur léim an cat ar an bhfuinneóig ag iarraidh dhul isteach. Rinne sé dearmad an fhuinneóg a ísliú agus cuireadh
gearradh mór fada ar a smig. Níl aon ainm dá raibh thoir, na thiar ariamh nar thug sé air, & mhionuigh sé an chéad uair a bhfuigheadh sé deis air go ndéanfadh cúilín cnámh de. Ba ghearr go raibh sé gléasta, ach go raibh an gearradh ag cur beagán fola a bhíodh ag teacht ar a bhóna. Ba fuath leis an bóna a chaitheamh de, mar ní bhíodh sé air ach ar ócáidibh móra, nuair bhíodh “uaisle” thart. B'éigin do cóirséad a bhualadh air in a leabaidh. Níor ith sé ach greim beag dinnéir, mar ní raibh aon ocras air leis an-bhathadh & le defir amach. Thug Seán Mór crúsga mór follamh dhó a tháinig fé uisge beatha ó Ghaillimh. “Sláinte an Iathrar” a bhí ann, Ba mhinic a dhearc Brian síos ann ar fhaitchíos gur fhan aon bhraon le dearmad ar a íochtar. Fuair sé airgead freisin le fios a chur an Times in oifig an phuist, a bheadh ar an mbord in am dinnéir gach lá i gcóir na bhFranncach. Bhuail Brian & a chapaillín bán bothar dóibh féin lán-t-sasta leis an saoghal. Dubhairt sé le Miss Céin in Oifig an Phuist gurbh é an fear Ionaid, nó duine éigin chomh mór leis a bhí ag teacht, sin na Priomhrachtaire na Frainnce, Chreid sí é, agus chuir sí sgéala chuig a cáirdíbh. Bhuail sé isteach san mbearraic freisin, go bhfeiceadh sé cé'n chaoi rabhadar réis na h-oidhche, agus go n-innseochadh sé dhóibh cé bhí teacht. Rachadh S. Ó Néill amach leis, le bheith isteach leo, ach go raibh tinneas fiacal air. Mhol Brian dó fanacht ar a shuaimhneas, gurbh olc é an fuacht, & gaoth an tsléibhe a séitear ó shléibhtibh móra an Mhámha, & chaith sé an chuid ba mhó de'n lá ag leigheamh “Amhrán Thomáis Uí Mhórdha.” Thug an Sárgint braon de rud éigin dó, as ceag beag a bhí i gcoirnéal an tighe. Níor thugadar fé deara go raibh sé ag silt na gloine ar féin, go cén gearradh mór a bhí fé na smig,& é
ag tabhairt fola fós féin. Mara mbeadh fios an sgéil agat déarfá gur tuirseach dá shaol a bhí sé, agus go ndearna sé iaracht le na sgórnach a ghearradh. Thairg bean an tSárgint caoi a chur air dó, ach ní leigfeadh sé di. Dubhairt sé go mbeadh an fhuil stadtha sul shroisfeadh sé an Crois. Níor mhiste léi dá mbé a shiocair bháis é, ach is cuma sin. Caithfidh an truagh-bréige bheith ann go deireadh an t-saoghail! Ag dul soir ó'n mbearraic d'iarr fear a bhí ag dul go hAlbain marcuigheacht air. Dubhairt sé gur mhór an náire dhó bheith ag faghail na tíre go mbeadh na cleasa luth thart, ach bhí iomarca cumhaidh ar an bhfear bocht, ag imtheacht le biadh a shaothrú dá mhnaoi is dhá chlann sa mbaile, le aon áird a thabhairt air. Sheas sé deoch ag teach leana na Croise dó, & bhí sé lan-bhuidheach. Dubhairt sé bheith ag cainnt i dtaobh na gcleas luth i gcomhnuidhe ar a bhealach go Baile Atha Cliath. Bhí Brian ag an Stad uair go leith roimh an traen. Thug an crúsga mór do Thadhg — maighistir an Staid — le cur go Gaillimh go liontaí arís le “Slainte” í. Cheangail an capall dón bhala, & thug gráinne coirce dí ionnus go mbeadh sé in ann an bothar a chur de i gcóir na bhFranncach. Chuaidh sé isteach i Seomra na mban, mar bhí sgathán beag ann go bhfeiceadh cé mar bhí an gearradh ag déanamh. Níorbh fhiú biorán é! Bhí sé braith ar cneasú cheana féin. Ní bheadh blas aithne air da mbeadh rúinne cailce nó plúir aige. “Diabhaltaidhe gléasta atá tú indiu,” arsa Tadhg. “Ní mór dom sin agus an bheirt a bheas isteach agam,” ar seisean. “Ce hiad féin?” “An fear Ionad agus a bhean, nó uachtarán na Frainnce & a bhean, níl fhios agam cé aca. Cífidh tú féin gur maith luath bhéas an traén anocht, ní h-ionann is athrú indé nuair thángas amach le col ceathar Miss Céin a bhí ag dul abhaile.”
“Ní féidir gurbh é, an fear Ionaid a bheadh ann!” “M'anam maise gur féidir. Nach dhubhairt sé dhá sheomra bheith réidh dhóibh, & gan ach beirt aca ann. Marach gurab é tá ann ní a bróchadh sé sin. Nach sílfeá go ndéanfadh aon cheann amháin é, agus gur minic a chodail mé le seisear ar aon leabaidh i nGaillimh, aimsear na rásaí. Agus bhfuil fhios agat, ceann de na seomraí bhéas aca, ach an ceann ar chodail tú féin, & fear na Gaillmhe ann, oidhche Fhéile Padraig? An ceann bhfuil pictur Lord Roberts ann. Diabhaltaidhe óltach bhí fear na Gaillimhe an oidhche úd,” arsa Brian. “Tá súil agam nach hé an Fear Ionaid é mar tá droch- chaoi ar an áit seo ó d'imthigh sí féin. Tá an teach tré na chéile, & béidir go mbreathnóchadh sé thríd,” arsa Tadhg. “Ar imtheacht uait a rinne sí?” arsa Brian ag gáiridhe. “Ó, ní headh, ach bhí uirthi dhul abhaile ar feadh cúpla lá. Tá oidhre óg ag deirbhshiur léi ‘maise bhfuil?’ caidhe ó phós sí.” “Blian ó shoin.” “Agus cáide ó rugadh é?” “Seachtmhain ó shoin a rugadh í.” “Ó, inghean í, mar sin! Is fearr ná sin é. Cén t-ainm a tugadh uirthi? Máire, is dócha, an t-ainm thug sí abhaile léi.” “Bhoil, níl fhios sin agam mar níor tháinig focal ó d'imthigh sí féin.” “Maise shílfeá nach bhfuil sí chomh gnothach & nach mbeadh am aici cárta chur chugat á' rádh gur baisteadh an páiste. Sin é an chaoi le go leor ban, go n-imthighidh siad as do radharc. Annsin caochann siad súil ar dhuine éigin eile. Dá bhfágaidis san roiligh thú, bheidís ag caoineadh le leath súil, & ag féachaint thart le súil eile,” arsa Brian. “Boil, ní bheadh mo bhean-sa mar sin, bíomar deich mbliana mór le chéile sul ar phósamar.”
“Agus níl sibh mór le chéile chor ar bith anois?” “Cé deir sin?” arsa Tadhg go h-iongantach. “Mé féin bhí ghá cheapadh. Éirigheann daoine tuirseach dá chéile réis sgathaimh, Feach an chaoi atá orra i Londain ag sgiobadh ban ó na chéile & dá gcaitheamh uatha arís. Agus bhfeiceann tú bean an tSárgint? Ar ndóigh, ní grádh atá aici dhó? Nach thiar tighe an Mhinistéar a chaitheann sí an chuid is mó dén oidhche ag comhrádh, agus é féin & Ó Néill, istigh againne.” “Ní cheapaim gurab é an t-ól a bheireas an Niallach isteach. Nar chualas go bhfuil cainnt mhór air féin & ar Róisín — an cailín dubh sin ann. Bean an tSárgint a bhí dá rádh léi féin, an lá cheana, agus í istigh ag na siopaibh,” arsa Tadhg. “Chuala tú bréag san méid sin, Dheanamh fáinne chuirfeas sé uirthi fhad is béas crios air, 'ná dhiaidh sin. Tá bean an t-Sárgint ró chabach ar fad. Chuala mise gur ar Miss Céin atá súil aige, mar bíonn sí cur bronntanas chuige.” “Is agat-sa is fearr fhios,” arsa Tadhg. “Má's 'eo é an fear Ionaid, béidh togha saoghail agat, ag imtheacht leis chuile lá, & béidh greadadh airgid póca agat. Cífidh tú go ndéanfaidh sé droichead go Muicineach-idir-dá-fhairrge, & céibh ag Cill-Míne. Tá díleagra réidh ag Cléireach na Cúirte dó, ar ndóigh? Nar chualas gur cuireadh fráma ar am gceann a tugadh cheana dó,” arsa Tadhg. “Bhoil, níl siad cinnte gurab é atá ann. Ní hé ach aon oiread. Dá mbé, bheadh fhios ag an Sárgint. Béidir gurab é mar, sin féin, agus gur ainm bréige chuir sé ar féin sa leitir, ar fhaitcíos go mbeadh mise, nó tusa, nó cheachtar againn réidh le na chaitheamh. Dá mbeadh sé in aon áit eile ach san áit seo, ní bheadh “saoghal fata i mbéal muice” aige. Tá an saoghal ag eirighe corrach a mhic ó. Ach ní hé ata ann na dhiaidh sin, mar dá mb'é, déarfadh sé
cé'n sórt dinnéir a bheadh aige, ach níor dhubhairt, & rud eile, chainteochadh sé ar thogha an óil a bheith roimhe. Níor labhair an fear seo atá ag teacht, ar aon chinéal áirid dinnéir, mairt-fheoil, muic-fheoil, ná bagún, na níor dhubhairt sé go mbeadh gluaistean aige. Sin é an fáth go bhfuilim féin ag ceapadh nach hé atá ann. Tig leat bheith chomh cinnte dhe sin agus go bhfuil speic ar do chaipín. An gcluin tú leat mé?” “Cluinim.” “Bhoil, cluin.” “Cé shíl an sgórnach a ghearradh asat?” arsa Tadhg, & athas air narbh é an Fear Ionaid a bhí ag teacht. “Níor shíl aon duine, ach gaduidhe de rásúr atá agam, Is dócha gur ghearr Seán Mór a chuid creagán léi, mar ní ghearrfadh sí im anois. Bhfuil an gearradh an- fheiceálach?” “Níl, má choinnigheann tú an cóirséad suas air,” arsa Tadhg. “Ní bheadh aon ghráinne plúir, ná giota cailce agat,” arsa Brian. “Níl mar ní múinteoir ná fúinteoir mé,” arsa Tadhg. go mór dhálach. “D'fhéadfadh ceird níos measa bheith agat. Ar ndóigh chualais fé na cleasaibh luth a bhéas againn coicís ó indiu,” arsa Tadhg. “Níor chualas. Dheanamh focal.” “Níor chualais. Ní'l fhios agam cé'n sórt Rúnaidhe é chor ar bith. Ní cheal postamhlachta atá air. Ar chuma ar bith, béidh an-lá againn, mar tá na daoine is mó le rádh sa tír ar an gCoiste. Na síothmhaoir ar fad. Fear na bhfataí, Miss Céin, an Ministéar & a bhean, & mé féin. Béidh an bheirt seo tá ag teacht air freisin ach a bhfaghaimid greim orra,” arsa Brian. D'innis Brian annsin dó fé'n gcéad chruinnui, & fé'n
gcaoi a gcaithfidhe an t-airgead nuair bheadh sé cruinn. “Agus níor cuireadh aon fhógra chugat le cur ar na ballaibh?” “Níor cuireadh, agus rud eile, níor shíleas go mbeadh tada ar bun i mbliana.” “Shíl mise maise, gur tú an chéad duine a chífinn ag an gCruinniú. Chuireas tuairisg cá raibh tú, agus dubhradh liom go rabhais ar laethe saoire. Caithfead labhairt mar gheall ar seo ag an gcéad chruinnuí eile. Ní dhéanfadh sé cúis chor ar bith fear mar thusa gan a bheith air. Ach bhfuil fhios agat? 'Nois chuimhnighim air. Ní dearmad a rínneadar, ach dubhradh go dtoghfaidhe thú mar thosnuightheóir, gur dheacair fear mar thú fhághail, mar gheall ar an t-sár chleachta atá agat ag rith & ag stadadh traen chuile lá. Bhíodar uilig ar aon inntinn fá sin. Dearmad a rinne an Rúnaidhe, mar tá sé fíor chruadhógach le fada, mar gheall ar an Rúnaidheacht, & níor chuimhne sé ar sgríobhadh chugat, ag ceapadh, béidir, go raibh an méid sin ion-tuighthe agat féin. Cé go bhfuil tú ar an gCoiste, ní hé sin an fath nach gcaithfidh tú sintús a thabhairt. Thug na daoine seo punt an duine — an Rúnaidhe, an Ministéar, an Dochtúr beag, Fear na bhfataí, Miss Céin, & Seán Mór, & bean an tSárgint & na siothmhaoir — deich sgilleacha. Thug mé féin coróin, go bhfóiridh Dia orm! Ní maith le mnaoi an Mhinistéar bheith ar an gCoiste mar gheall ar gur le h-aghaidh an tSéipéil an t-airgead. Tá faitchíos uirthi go mbeithfidhe ag cainnt dá n-eirigheadh sí as. D'éirigh an Ministéar é féin as, bhí leith sgéal maith aige. Tá a chos tinn, Béidh tú chomh maith le ceachtar aca, táim cinnte, agus cá bhfios domsa, na dhuit-se, na do mhnaoi an tSárgint, nach hé do leanbh féin a baistfidhe san Iomar ar dtús. Agus féach an aois a gheobhaidhe sé. Céad blian!
Béidh sé ag rith traen a dhuine, mo chroidhe thú nuair bhéas mise, & tusa, agus an Coiste ar fad, ag tabhairt an fhéir! Ar ndoigh, béidh tú chomh maith le ceachtar aca?” “Bhoil, níl fhios agam céard is fearr dom arádh.” “Abair punt & tabhair dom é.” “Bhéarfad coróin is punt duit. Bhéarfainn níos mó ach táim ag súil le árdú & níor tháinig sé fós,” arsa Tadhg. “Mo chuach óg annsin tú! Iad buailte ar fad agat! Caillfear le h-éad iad, ach is cuma. Is gearr go gcaill- tear bean an tSárgint ar chuma ar bith, cé gur iarr sí caoi a chur ar mo smig-se,” arsa Brian. “Meas tú mbeadh éad ar Dic?” “Ar liomsa? Dá mbeadh gan a bheith ar an domhan ach an bheirt againn, & é bheith chomh beag le h-oileán, ní phósfainn í. Dhá shuaraigh mé, duine a ghrádhuigheas an chneas- teacht, an uaisleacht, & an fhírinne mé, ach is cuma faoi sin. Níl saoi gan locht. “Bhfuil tada agat le h-aghaidh an Bhearraic? Dubhradh liom fiafhruigh.” “Tá, dhá bheart annseo, féoil, ceann aca. Éadach Londain do mhnaoi Dic, an ceann eile,” arsa Tadhg. “Ní raibh call aici dul leath chómh fada. Go Páras a chuirfeas sí fios ar an gcéad cheann eile! Nach aoibhinn dom gan a bheith pósta? Le h-aghaidh na gcleas luth tá sé aici cinnte. Béidir go gceapann sí gurab í a bhronnfas na duaiseanna. Ní hí, mais, ná bean an Mhinistéar, ach an oiread. Ní'l fhios agam cá bhfuighimid bean dathamhail. Cad mar gheall ar do mhnaoi féin?” “Bheadh sí ro chuthal,” arsa Tadhg. “Is dócha go mbeadh. Fearr dúinn fanacht go bhfeicimid cé'n sórt éadan a bhronn Dia ar mhnaoi na Fraince. Sin é an comhartha anuas! Fearr dom rith anonn ar eagla go sgannróchadh an capall.
“Nois fair an traen. Bí cinnte go stadfaidh sí. Má labhrann siad leat & tú ag tógáil na dticéad uatha, abair leo go bhfuil mise annseo. Aithneochaidh tú iad. Ní bhéidh a leithidí eile ar an traen le éadach, galántacht, uaisleacht, canamhaint, & bagáistí. Seachain a gcaochfá do shúil uirthi nó brisfidhe thú. Bhí an deas leo & béidir go bhfuighidís Stad níos fearr ná an ceann seo dhuit, cé nar mhaith liom go n-imtheochthá go mbeadh lá na gCleas luth thart,” arsa Brian. D'eirigh croidhe Bhrian nuair chonnaic sé an traen cúpla míle soir uaidh. Dheasuigh an cóirséad timcheall a mhuiníl. Níor thuig sé go dtí anois chomh gar dó is bhí na Francaigh. D'fhéach sé anonn ar an gcapall. Ní raibh corr ann, ach sórt suain air, de bhárr ar ith sé. Chuimhnigh ar an mbeirt a bhí ag teannadh leis. Bhí mear-aithne aige cheana féin orra. Bheadh an fear breagh, mór, & culaidh ghlas air & éadan breagh, gnaoitheamhail, aige & tudóg in a bhéal, & bheadh an bhean thar barr. Í árd, leigthe, luthmhar, & gruag dhubh uirthi. Béilín deas, dearg, a nochtóchadh drad deas fiacal, & súile breagha cineálta aici. Luisne na h-óige agus na sláinte in a gruadh & bealach an t-sean-pháiste léi. Í go gáireach, & go méidhreach. B'in í barramhail Bhriain & é na sheasamh ag an stad nuair tháinig an traen isteach agus is féidir a rádh go raibh barramhail réasunta mhaith aige-ar dhuine aca ar chuma ar bith. Bhí eagla an domhain air nach mbeidís ar an traen chor ar bith & go mbeithfidhe ag magadh faoi ar an mbealach isteach. Bean na Lása a bhí i nGaillimh an chéad duine tháinig amach, & bosga mór hataí aici, & cúpla beart eile. Bhí eagla a chroidhe air go n-iarrfadh sí marcuigheacht, & nach mbeadh an bheirt sásta. Ach d'fhéadfadh sí suidhe suas leis féin. Ba mhór an chuidheachta dó í mara mbeadh na srainséarí cainnteach. Ach níor iarr, mar bhí a rothar aici. D'iarr sí air an bosga thabhairt isteach di. Dubhairt sé nach mbeadh
áit dó i gcabhail an cháirr, ach go leagfadh sé ar a thosach é, & mara mbeadh áit ar an gcaoi sin, go gcoinneochadh ar a ghlúnaibh é. An chéad bheirt tháinig eile amach — beirt mhná bhí i nGaillimh ag iarraidh olna. Tháinig cuthach air nuair chonnaic sé iad ag déanamh air. 'Mbeadh náire orra ag iarraidh suidh suas le daoinibh geanamhla! Bheadh Seán Mór ar buile dá mbeadh fhios aige go raibh aon duine ar an gcarr ach an bheirt a ndeachaidh sé in a gcoinne. Ní go cruinn a d'fhéadfaidhe freagra Bhriain ar na mnáibh a chloistéal. Is cinnte, ó'n gcaoi ar imthigheadar úaidh, go rabhadar ag guidh gach rud dá dhonnacht air. Bhí sé ag cailleadh a mheisnigh. Chonnaic sé an straois gháire bheadh ar na síothmhaoiribh fé'n mealladh a baineadh as. Chonnaic sé an Cléireach, Fear na bhfataí, & cupla duine eile ina seasamh ar an gcnocán, ag féachaint an bhfeicfidhe ag teacht iad. An bord leagtha go breagh fé gach rud dá fheabhas, & gail as an mbiadh bruithte. Seán & a bhean go pusach fé'n mealladh bainfidhe asta. Róisín, & féachaint thruagh-mhéalach in a súilibh mar ní mó ná go maith a thaithnigh “uaisle” ariamh léi. Chonnaic sé an t-athas a bheadh orra dá dtagaidís. An crathadh lamh, an fháiltiú chaoin, an bualadh bos! Ní raibh neart air! 'Mbeadh duine ar bith chomh diabhal- taidhe & go gcuirfeadh sé leitir bréige anuas? Ach ní raibh aon duine as Cill-Mhíne i mBaile Atha Cliath le sé mhí, ach an Cléireach, nuair bhí sé ar laethibh saoire. Ní dhéanfadh sé chleas chomh tuatach, agus rud eile, ní bheadh an leitir sé mhí ag teacht. Sé an uair a chuir an traen fead aisti le n-imtheacht a chuaidh a chroidhe in a bhrógaibh i gceart. Bhí sé ag smaoineamh ar an Líonán amach a thabhairt ar féin, & an carr a chur abhaile le mnaoi na lása. Cheanglóchadh sé féin an rothar air.
D'imtheochadh sé indiaidh a chinn roimhe, & ní fheicfeadh sé Cill-Mhíne le na bheo arís. Bhuail tocht é. Tháinig ualach trom bróin ar a chroidhe. Bheadh uaigneas air indiaidh Róisín & Thomás Pheadair, & an chapaillín bháin, ar chaith sé oidhche is lá ar bóthar leis. Bhí an oireadh bagáiste ag an mbeirt, ar an tsraith, ar, agus fé na suidheachanaibh, gur chaitheadar tamall fada ghá gcruinniú. Bhí ar Marie, Jean a dhúiseacht & ba doiligh é mar bhí sé cortha de bhárr a aistir fhada. Seacht n-uaire sa traen ó Bhaile Atha Cliath! D'fhéach sé le fanacht in a dhuis- eacht fhad is b'féidir leis, ag comhradh seal, ag smaoiniú seal. Seal eile ag féachaint uaidh ar na gortaibh buidhe, fé arbhar, an Fhoghmhar. Ar na lochaibh beaga, oileánacha, bhí ag rinnce fe sholus gréine. Coininí agus uain fhaiteacha ag rith le h-eagla roimh an traen. D’fhéach sé le tamall sgríobh- noireachta a dhéanamh, ach theip air. Líntí, ar nós páiste a ghníodh sé, leis an luasgaidh a bhí fen traen, cé go raibh sí uair mall ag fágáil na Gaillimhe. Bhí Marie fhein go dona le tinneas cinn. D'iarr sí deoch uisge ar Mháighistir staid Mháigh Mhóir, ach bhí an traen agim- theact nuair chonnaic sí ag teacht é, cupán & buicéad aige. Amach leo ar an árdán. Ní gomaith bhí fhior ag Jean cá raibh sé go bhfaca sé sléibhte móra agdearcadh anuas air. Marach ise fanacht in adúiseacht, go dtí an Clóchán a rachaidis — áit seasta na traenach. Chuirsi i gceill dó cá raibh sé, & tháinig beodhchas ann nuair chonnaic sé na gaethe gréine bhí an ghrian a shíneadh aniar ar shleasaibh na gcnoc. Marach chomh dathamhail agus bhí Marie ní cheapfadh Brian gurbh iad a bhí ann. Níorbh é an fear é a chonnaic sé in a inntinn. Fhad is bhí Brian ag cur na rud ar an gcarr bhí Marie ag déanamh íongantais fe áilneacht na h-áite, nach raibh a shárú le faghail in aon áit dá raibh sí ariamh. An
fiadhántas & an diamhaireacht áluinn a thaithnigh léi. Ní raibh aon choill le feiceál, ach ba chuma sin. Bhí cuid mhaith bagaiste aca. Dá réir sin thug Brian breitheamhnas. Bhí dhá bhosga chaola árda ag Marie raibh “uimhir a 1” & “uimhir a 11” sgríobhtha orra. “Uimhir a,” h-aon a bhíodh aici ag dathadh sna sléibhtibh. “Uimhir a dó” & í cois fairrge. Dá mbeadh fios ag Brian cé'n sórt inntinne bhí aca bheadh sé sásta. Bheadh sí féin go deas, greanmhar, & bhainfeadh sé gáirí an domhain aisti. Bheadh sé féin gruamdha, cantalach, ón na súilibh beaga bioracha, & an cruiméal a bhí air. Tuige nar chuir a bhean iallach air é chaitheamh de? An cruiméal dubh sguabach bí ag clúdú a bhéil! Tuige, nar bhain sí féin de é, & é 'na chodladh? Bheadh troid ann béidir. Fear ceann- dána bhí ann do réir Bhriain. Dheasuigh sé an coirséad fé na mhuinéal. Tharraing srian & bhuail bóthar go méidhreach meangach sásta go Cill- Mhíne. Bhí fearg ar Bhrian nach raibh sé ag moladh an chapaill, a mhol chuile dhuine riamh. Ach ní móide go raibh aon mheabhar i gcaiplibh aige. Tuige an mbeadh agus an folt gruaige duibhe bhí air! “Sibh a tháinig in am ar seisean. Ní'l ann ach go mbéidh bhur sgith leigthe agaibh le h-aghaidh na gcleas luth. A léitheid de lá ní raibh i gConamara a riamh! Béidh daoine ann, ó gach céard de'n tír. Tá a gcáil i bhfad & i gcarr. Chonnaic mé féin fógra san bpáipéar futha. Níl cainnt ar thada annseo ach orra. Béidh tír is talamh ann, mar tá na daoine is mó le rádh san bparáiste ar an gCoiste. Tathar ag caint ar Uachtarán a dhéanamh díot féin, má ghlacann tú leis an onóir mhóir sin, agus táimid ag fanacht le fada le mnaoi dheis fhághail a bhronnfas na duaiseanna. Do chéile caoin, áluinn, an bhean sin.” Nach hé Dia a sheol chugainn í? Má théigheann sgéala san bpáipéar go ndéanfaidh sibh
sin, & tuige nach ndéanfadh, béidh an domhan mór & a chlann ann. Béidh cuimhne go h-éag ar an lá sin agus orraibh-se freisin. Tá gúna & hataí annseo agam do mhnáibh áilne, a cheapas gurb iad féin a bhronnfas iad, ach ní hiad, mar tá mise ar an gCoiste. Cé go bhfuil suim mhaith airgid cruinn, tá eagla an domhain orm go dtiocfaidh sinn gearr. Tá an-chostas orainní. Caithfidh beirt — an Sargint & Cléireach na Cúirte, dul go, Gaillimh ag ceannacht duaiseanna. Beirt an-chaithfeach iad, & is mór an lán airgid nach mór dóibh i nGaillimh, mar ólaid beirt braonacha. Annsin caithfear iad a thabhairt go dtí an stad & uaidh arís. Mé féin a dhéanfas sinn. Mar sinn féin tiocfaidh sé pighinn mhaith orrainn. Beidh tae sa mbearraic do cháirde do'n Coiste atá ag teacht ó gach áit in Éirinn. Bean an Mhinistéara, & an tSárgint, & na Lása, bhéas in a bhun Ann a bhéas milseáin an tsaoghail! Tá fhios agat féin chomh maith liom-sa chomh chaithfeach & tá na mná, & ní dhéanfaidh siad tíoghbhas ar thada, ar ócáid dén t-sórt sin. Séard a bhíos a cheapadh ar an mbealach amach indiu, gur mhaith an rud an sgéal a mhiniú dhuit, ionnus go mbeadh fhios roimh-ré agat céard b'fhearr duit a dhéanamh. Ní a bróchainn dá dtugtá seic deich bpunt nach mbeadh an Coiste sásta. Féach an cháil a bhéas oraibh — an cháil is fearr a bhí ar dhuine ariamh — cáil na gnaoitheamhlachta! An duine bhíos go maith fé na phóca bíonn sé go maith ar chuile bhealach. Sin a deir an sagart. Béidh do chuimhne beo, buan go deo i measg na ndaoine, fhad is bhéas srútháin sleibhe ag dul le fánadh. Beidh t-ainm san bpáipéar-ceann na Gaillimhe — mbíonn chuile rud ann — & ceann Bhaile Átha Cliath — ar cuireadh fios ar dhuit. Féach an buidheachas a bhéas ar do mhnaoi áluinn! An chaoi a gcruinneochaidhe an sluagh thart le amharc fhághail uirthi!
Gach súil uirthi ag moladh a maoracht, & a maise, & í na seasamh mar bhainríoghan Ghaedhealach ar an árdán! An moladh a gheobhas sí nach bhfuair Émer, ná Deirdre, a leithéid ariamh! An chaoi a mbéidh na páistí sgoile ag dul roimpí & ag siubhal le n-a h-ais le súil go labhróchadh sí leo! An t-éad a bhéas orra le chéile! An tae ar leith a bhéas réidh dhíbh san mbearraic tráthnónain aonfeacht leis is gcuideachtain is séimhe! Tá cáil an Rúnaidhe i bhfad agus i ngearr, & maidir le Fear na bhfataí, tá gnaoi & gean ach chuile dhuine air. Níl fhios agam cad a déanfaidhe gan é san taobh tíre seo Sé thug síl na bhfataí dhúinn a bhéas agaibh ar bhur ndinnéar D'íosfá tor iad.” Rinne Marie gáire croidheamhail, ach smeid níor labhair Jean. Ní raibh Brian rómheallta, mar sin féin, go bhfuair sé an méid sin admhála. B'fhearr leis go n-abróchadh an fear rud éigin, & go leigfeadh a inntinn chuige. Ach níor leig. Chuir Bhrian cos ós cionn na coise eile. Thug súil ar na bagáistibh. Níor bhaoghal dóibh. Bhí bosga mhná na lása ar a thosach, & dhá ainm baiste air, cé nar cluineadh 'san taobh tíre sin ariamh ach an chéad ainm. Ní go maith a bhí an tuirse imthighthe de'n fhear fós. Chuir an turas fada ó Ath Cliath mío-fhonn air. Ní hé sin le rádh nach raibh smaointe áilne i na chroidhe agus an áilneacht bhí ar gach taobh de. 'Baint lán a shúl aisti a bhí sé, & níor mhaith leis go gcuirfidhe isteach ar a aoibhneas. Chuir sé i gcomórtas é le áiteannaibh a chonnaic sé sa bhFrainc, san Eadáil & san mbreatain. Ní raibh ionnta ach “sop in ionad sguaibe” le h-ais an Cheanntair a raibh sé ag dul tríd. B'aoibhinn leis baladh an fhraoigh a bhí dá sheoladh chuige ó shleasaibh cnoc. Ná cnuic féin go h-áluinn fé dhatha na gréine. Chuir glór an easa ag an droichead mór aoibhneas
& aiteas, ar a chroidhe. D'iarr ar Bhrian seasamh go bhfághadh radharc ní b'fhearr uirthi. D'fheach Brian air. Chonnaich sé an lasadh íongantach a bhí in a shúilibh, & an meanga gáire bhí ar a bhéal. Thuig gur ghearr go gcluineadh sé comhradh caoin ó fhear na gruaige ag moladh an Easa & na tíre mór thimcheall. Sheas an Franncach suas sa gcarr. Bhain a hata mór leathan de. Rith an ghaoith ó shléibhtibh trí na chuid gruaige go raibh sí in aon tuim amhaín ar a cheann. Dheasuigh Brian an cóiséad ar féin. Bhí port binn dá chanadh ag Marie in aimhdeoin an tinnis-cinn, nar chuala Brian a leithéid ariamh le ceol is binneas. Rith an Frannach a lamh trí na chuid gruaige fé mar bheadh sé ag iarraidh í a chur as a shúilibh. “Cad is ainm duit?” ar seisean. Brian — Brian Ó Dúgáin. Ní go minic a déantar úsáid de'n t-sloinneadh, mar níl aon duine eile ar an ainm san taobh seo tíre, ach mé féin. Rinne an bhean gáire & d'fhéach go cinéalta air. “A Bhrian,” arsa Jean mar dhuine bheadh le óráid a thabhairt uaidh, & é ina sheasamh ar an gcarr. “Aoibhinn liom do thír Aoibhinn liom do shléibhte móra fé luighe na gréine. Aoibhinn liom do locha, oileánacha, ciúine, & d'Easa meara cubhracha glórmhara!” “A Mharie a chuid, seas suas liom annseo go bhfeicidh tú diamhaireacht do — thuigsiona, & fiadhántas áluinn, nar milleadh fós le lámh duine. Féach an drugal atá ar an ngréin a dhul faoi le cumha indiaidh a fathaigh sléibhe! Féach na sgamaill bróin atá ag teacht ortha-san na diaidh! An airigheann tú an Eas féin ag méadú ar a fuaim le caitheamh in a diaidh? A Marie, a chuid, nach ós ár gcomhair atá obair do'n sgríobhnóir agus do'n dathadhóir? Nach truagh nar thugamar ár gcábán linn go gcuirimís na h-oidhcheannta
drúchta ceoidh tharainn i gceart-lár na tíre tá faoi dhraoidheacht, i bhfad ó shúile daoine nach dtuigeann ailneacht ná aoibhneas tíre. Mise & tusa, a chuid, i ngleann aoibhinn, áluinn, dúinn féin,” arsa an Frannach go meidhreach. “A Jean, an dtugann tú fé deara gur un áilneachta atá an tír ag dul in aghaidh na h-uaire ar nós an phictúir a bhítear a chríochnugadh?” ar sise. “Ní tada é sin dá bhfeictheá áiteanna eile i gConamara,” arsa Brian, ag bualadh buille big ar an gcapall. “Ach ní féidir sárú ar seo le áilneacht? ar sise. “Fan go bhfeicidh tú. Nár chuala sibh ariamh trácht ar ghleann Fhéichín atá i bhfolach ag sléibhtibh móra Chonamara amháil is dá mbeidís ghá ghárdál, ar eagla go ngoidfidhe uatha é? Iongnamh liom nar chuala mar tá a cháil is a chliú ar fud an domhain in gach áit a bhfuil croidhe Connachtaigh is Gaillimhigh ag preabadh anocht. Shíl filí a mholadh. Rinne cuid aca iarracht réasúnta ach theip orra a áilneacht & a dhraoidheacht a chur i dtuisgint. Shíl lucht dathadóireachta go bhféadfaidís a dhéanamh, ach theip orra. Tháinig fear anuraidh as Londain, do réir gach tuairisge, ba togha dathadóra é, mar minic ó shoin a chonnacas a ainm san bpáipéar, & moladh mór dá fhághail aige, ó bhreitheamhnaighibh eagnacha cliste. Chaith sé coicís, i mbéal a chéile in gleann Fheichín, & a chábán beag bán ar thaobh an locha aige. Mise threoruigh ann é. Chonnacas an mac-samhail nuair bhí sé beagnach réidh aige, dar leis. Bhí sé go h-áluinn gan aon amhras, mar bhfeitheá an gleann le do dhá shúil féin roimh ré. Dá bhfeictheá, & é chur i gcomórtas leis an bpictúr, chífeá go raibh rud an-tabhachtach ar easbaidh — an leac bheag atá ag síneadh amach on ileáinín ar an gcoirnéal thiar dtuadh. Nuair thug sé sin fé deara bhuail cuthach is cantal é. Rinne mion-sprúsa de'n sguaib, is dén phictur, & chaith amach san loch iad. Nior fhéach sé leis ní ba mhó.”
Bhí Marie ag cur na súl thríd fá seo. Í ag déanamh mór tachais leis do réir a chéile. Má thug sí an gearradh fé deara, ní bhfuair sí aon chaidéis dó. Thaithnigh thar cionn lé ar chuala sé i dtaobh an ghleanna Íongantaigh. Tháinig cineal bróid & athais uirthi nuair chuala sí nar eirigh le fear Londain aon chuid dá bhreaghacht a ghoid ón ngleann. Ba léir dí freisin gur thuig Brian ailneacht a thíre & a dhuthaigh & go raibh mórdhálach dá réir, cé nar mhórán eolais a bhí aige ar Ealadhain na ndath. “Ach béidh an dinnéar millte, agus béidh imnidhe dhúinn. Béidir go gceapfaidhe nar tháinig sibh chor ar bith, & gur ar an ól a chuaidh mise, gan aon chúram orm ach mé féin,” ag tarraing sriana & ag labhairt focailín molta leis an gcapall. “Íongantach luath é do chapall. Ní shílim go bhfacas ceann fós chomh sgioptha, chomh-dheagh-chumtha, ná chomh sleamhain leis.” Mol an capall & molfair Brian. Ba leath-fochal é sin i gCill-Míne. Ba léar gur thuig an Franncach caiple, mar sin féin, tuige nach mbeadh meabhair ag a leitheid ionnta, ná fear ar bith eile mbeadh súile beaga, easóige aige, agus folt mór gruaige ar a cheann? “Tá sí thar cionn gan amhras. Ghnothuigh rása in Gaillimh cúpla blian ó shoin. Sin ceann dén chinéal is sine i gCona- mara. Ó'n Spáinn a thángadar ar dtís ainsear ‘Armada’ fadó, & tá mianach capall na n-Arabach ionnta ta fhios agat sin is dócha?” arsa Brian. “Minic a chualas trácht ar chaiplibh Chonamara, ach ní raibh aon cheapadh agam go raibh an luas seo ionnta,” arsa Jean. “B'fhearr dhuit píopa tobac a thabhairt dom mar ar mhiste leat. Bhí an oiread deifre orm ag dul 'bhur gcoinne, nar chuimhnigheas ar a cheannacht in oifig an Phuist, cé gur droch-rud atá aca. Agus bhí bean an t-Sárgint ag cur an
oiread ceisteann orm fuibh gur dhearmadas píopa iarraidh ar Dic,” arsa Brian. “Ce hé Dic?” arsa Jean. “A fear.” Líon Brian a dhúidín, donn, buidhe, go béal le togha tobaic na Frainnce. Nuair bhí sé síneadh an mhailín chuig Jean dubhradh leis a chonineall, go raibh neart ina mhála aige. Ba mhór é athás & buidheachas Bhriain. A leithéid de thobac cumhartha ní dheachaidh amach as a bhéal ariamh. Nach air a bheadh an bród nuair dheargóchadh sé a phíopa sa mbearraic, nuair bheadh sé ag fágáil na mbeart istigh! An t-srón a chuirfeadh na síothmhaoir orra féin! “Ach innis tuille dhom fén ngleann aoibhinn áluinn nar goideadh a áilneacht fós ariamh uaidh,” arsa Marie, ag iompodh ar Bhrian le féachaint a chosgfadh lamh an chrochadóra. “Cá bhfuil sé suidthe? Bhfuil sé i bhfad as seo? An féidir mullach aon cheann de na cnocaibh féin fheiceál atá dá chumhdach? Níor labhair Brian go ceann sgaithimh, mar bhí roinnt dánachta ag teacht anois ann. D'fheach sí in ath-uair air. Dheasuigh an cóirséad go cruaidh fé na mhuineal, mar thuig sé go mbeadh sí ag cur a súil mór dubh tríd agus é ag leigint an sgéil chuici. Connacthas di-se go bhfaca sí an gleann draoidheachta seo cheana a chrádh daoine, ach b'in Aisling é. Chuimhnigh sí ar mhian a croidhe. Raibh sí ní ba ghoire dó na shil sí? D'athruigh Brian an píopa fé na chúl-fhiacal & chuir slis- chainnte ar féin. “Na céadta blian ó shoin — ní headh, ach na mílte blian ó shoin, bhí naomh san taobh seo tíre ar bhainm do Feichín. I Sligeach a rugadh é. Ó ba duine ciúin, cuthal, réidh, socair a bhí ann ar nós gach duine atá diaganta, & ar leag Dia
lámh air ba mhaith leis tamall a chaitheamh san áit is uaignighe & is fiadhaine, i gConamara. Sin é an áit ar a dtugtar gleann Fheichín i ndiu air. Deacair áit níos deise ná níos diamhaire fhághail. Cuma cé'n uair denlá mbeidh tú ann níl le cloisteál agat ach glór caointeach brónach an t-srutháin ag éaló ón loch i lár an ghleanna. Sin nó sgréach, sgannruigheach na crotaighe, nó an choiligh fraoigh nuair dúisightear as a gcodladh iad. Ceol binn na fúiseoige nuair bhuaileas fonn ceoil í. Fuaim uaigneach, thruagh- mhéalach na cíbe, nuair bhuaileas an ghaoth go doimhin san oidhche í, mar osnaighil na n-anam bhíos in an-shógh & i bpéin. Bog thorran na mion-tonn in aghaidh na mbruach ndubh ndonn a chuirfeadh taobh na h-uaighe i gcuimhne dhuit. Deir béal-aithris na daoine gur air a bhealach ó Chunga go dtí an Clochán a bhí an naomh nuair casadh annseo é, agus gur theastuigh uaidh airthidhe chruaidh ghéar a dhéanamh. Tá lorg a chos, le feiceál go soilléir fos féin, ar an tráighin bhig ghainmhe atá ar imeall an locha thoir. I lár an locha tá oileainín beag bídeach. Clocha ar dhéanamh balla in a cheart lár. Idir é seo & imeall an uisge, tá fraoch ar na mílte dath. Sgeach iath-ghlas ag fás ar a choirnéal thiar. Ní feasach d'aonneach cé'n cineál sgeiche í, mar ní raibh aon duine istigh air le cuimhne na ndaoine. Minic a chualas m'athair mór arádh gur chuala seisean ón a shean athair gur fhéach beirt fhear le snámh chuige, & gur bháthadh iad i ngioracht deich slata dón oileán. Teasg ná tuairisg níor friothadh ariamh ó shoin ar a gcorpaibh féin. Éisg allta an locha a d'ith iad! Deirtear gur h-iomchuradh currach ó Chill-Mhíne uair amháin & tá sin sé mhíle, & gur sgoilt sí in a dha leith chomh luath is theangbhuigh sí leis an uisge. Deirtear freisin, go bhfuil tobar draoidheachta i lár an oileáin atá níos doimhne ná an loch féin, & dá n-óladh duine deoch as, nach bhfuigheadh bás le
aicíd go deo. Gurbh é an t-uisge sin a choinnigh an naomh beo fhad is bhí sé ar an oileán. Le na thaobh tá leabaidh chloiche gearrtha síos san leic- fhuair. Ar an leabaidh chruadh sin a chaitheadh sé an oidhche, gan faoi ná ós a chionn, ach fraoch is fiadhtaighil. Ní heol d'aon duine, & ní tráchtar ins na leabhraibh ar an gcaoi a ndeachaidh sé air, cáide chaith sé ann, nó cé'n chaoi ar imthigh sé as. Níl aon amhras dá bhféachadh duine naomhtha le dhul air nach n-eireochadh leis. Dúbhradh gur h-iarradh ar Shagart diaganta a bhí i gCill-Mhíne fadó a dhul i mbád beag le beirt fhear & gur dhíultuigh sé. Gur dhúbhairt, dá laighead imnidhe dá gcuirfeadh an t-oileán orra, gurbh amhlaidh a b'fhearr é, & creidim go mb'fhior dó. Níl aon amhras dá dtéightí air nach bhfeicfidhe íongantas. Tá naoimh chomh gann san tír seo anois, gur dóiche nach rachthar air fhad is bhéas duine againne beo. Íomdha uair a bhíos féin ag braith ar mo chuid diabhaileachta a chaitheamh uaim, mo shaol a chaitheamh go naomhtha, gan a bheith ag easgaine, ná ag ól braon, agus go mbeadh sé d'ath orm mo chorp suarach a shíneadh san áit ar shín Feichín, agus dá mba toil le Dia é — bás ar an oileán uaigneach fraoigh. Nach uaigneach, brónach, a chaoinfeadh an chíb mé amach san oidhche! Nach ag na tonntaibh ag na bruachaibh a bheadh an t-olagán dubh- brónach! Thiocfadh carróga an aeir le mo chorp a phiocadh ó chéile. Bheadh éanlaith eile an aer ag dearcadh anuas ar mo chonablach & é ag bánú leis an aois!” Bhí éad ag teacht ar Jean leis, fé'n gcaint áluinn fhileata bhí ag tuitim uaidh go mín réidh socair. Seal íseal, seal árd; seal dóchasach misneamhail, seal eile uaigneach is fíor-bhrónach. Níl aon amhras nach mór an t-suim a chuir Marie in a chainnt. Ní tiománaidhe bhí ag cainnt léi anois ach fear
déanta stáire, fear a raibh inntinn & uaisleacht naoimh aige. Cibe cé'n smaoineamh, nó rún, a bhí ina croidhe níor nochtuigh sí dóibh é, ach is cinnte go raibh cath na smaointe dá thabhairt go tréan 'na h-inntinn, agus bhí sórt aistighle ag teacht uirthi & iad ag teannadh leis an ngleann íongantach bhí i bhfolach uaithi in ucht na gcnoc. Dhubhuigh an spéir thiar iar ndul faoi dón ghréin. Chuir na sléibhte móra iad féin & bhfolach san mbrat mór ceo bhí neamh ag leigint anuas orra. D'eirigh gaoth. Bhain sineáin gaoithe ceol uaigneach as an gcíb a bhí le taobh an bhóthair. Bhí cosamhlacht múir ag teacht ar an spéir san domhan thiar. Dheasuigh Jean an brat glún ar Marie a bhí na tost, ó thosuigh Brian ar a sheanchas. Tharraing chuige a cóta mór le na dheasú timcheall uirthi. Ghríosuigh Brian an capall, & sháith a dhúidin a chuaidh as, in a phóca. H-airigeadh ósna mhór thruaghmhéalach ó Mharie, a bhí ag tuitim isteach ar chabhail an chairr, gur bhuail a cloigeann ar dhruim Bhriain thall. Labhair Jean léithi ach freagra ní bhfuair, d'fhéach uirthi. Ba bháine í ná'n bás. Dhearc go géar ar a súilibh ach bhíodar ag dúnadh agus sgéin an bháis ionnta. Labhair sé arís léi, & leag a leiceann ar a gruadh áluinn raibh luisne & blath na h-óige ag imtheacht asta. Bhí sé féin ag cailleadh a mheabhrach. Seasadh an capall. Chuaidh Brian anonn chuig a taobh. Rug ar lámh uirthi. Ba fuaire í na cnámh na láimhe a leaghann an fheoil di ar thóin na fairrge móire. “A Mharie! a Mharie! a chuid, a Mharie cad tá ort chor ar bhith? Ní ag imtheacht uaim atá tú & an grádh a bhí agat dom. Ní imtheochtha uaim gan slán fhagáil agam. A Mharie! chuir aoibhneas ar an saoghal, labhair liom, nó imtheochaidh mé
féin leat, mar ní beo a bheinn gan mo chuid de'n tsaoghal, mo shólás, mo chompóirt, mo shógh ó'n lá ar sheasas ag altóir Dé leat! A radharc mo shul, an gcluin tú leat mé? A Íosa, a Mhuire & a Íosep tabhair cabhair dom!” “A Bhriain, a Bhriain tomáin chomh tréan in Éirinn is fhéadfas tú, tá an dé fós innti, & béidir nach bhfuil in ánn dí bás fhághail. Ó níl, ní bheadh Dia chomh mío-thrócaireach “ arsa Jean, ag cur cinn Marie áluinn na Fraince ina ucht, agus é ag fliuchadh a h-éadain bháin, le frasa goirte deoir. “Tiomaín, a Bhriain, má thiomán tú do chapall Arabach ariamh. Tiomáin sul a bhfághaidh Aoibhneas na n-Aoibhneas bás! “A Mharie féach orm! Aon amharc féin & béidh mé sásta. Aon amharc díl & aon phóigín amháin ó'n mbéilin narbh eol do cealg, sul a n-imthighir.” Ba geal le faolán bán ag imirt roimh ghála an capall & deatach dá bhaint as an mbothar aige. Brian bocht féin ag cailleadh coda maithe dá mhothú, le truagh do Jean & le cumhaidh mhóir indiaidh na mná a d'fhéachadh go cinéalta air le na súile móra lonnracha bhí anois dúnta. Chaoinfeadh se Glaine na Glaine marach gur cheap sé go gcuirfeadh sin an fear as a chéill, & nach corp, ach dhá corp, bheadh le fágáil sa mbearraic aige. Céard a tháinig uirthi? Arbh é an seanchas a chuiran droch — chaoi sin uirthi? Faraoir nar tógadh 'na dhall é! Faroir má rugadh ariamh é ina b'é ba cionntach le í chur san riocht sin …!! Baineadh an bearraic amach & sruthán alluis leis an gcapall, a bhfuil mianach capall na n-Arabach ann & nar chlis ariamh. Cluineadh an béiceadh amuigh. Ritheadh amach. Tugadh isteach an corp dí-bheo. Síneadh ar shínteán a bhíodh ag Dic sa gcistinigh í. Bhain Brian a hata de, & choisric é féin le moladh & bhuidheachas do Dhia, fé na súilibh breagha úd bheith ag
fosgailt arís. Chuimil bean an tSárgint a lamha. Fogladh a muinéal de bheagán. Coinnigheadh cúpla sponóg bainne & brandy léi. Baineadh na bróga, & cuid dén éadach di. Ba fuairé í ná'n bás. Bhí na siothmhaoir mar dheilbh, ag féachaint as an té bhí ag saothrú báis. Jean gan ann corrú. Chorruigh Marie a láimhín mhín, bhán, Phóg seisean go díl í. Chuir sise a lámh ar a baithis. D'fhosgail a súile go sgannruigheach. Bhí sí ag teacht chuici féin. Ar bhé biseach an bháis é? Arbhé an t-amharc deire ar a céile caoin, & ar an saol é? Nior bhé. Bhí Mac Dé láidir. Thug féachaint íongantach ar an áiléar Sgéin shoillseach sna súilibh ar nóis súl an duine bhiós ag lúbarnaighil ag ceann an ropa cnáibe! “A Jean! a Jean!” ar sise, de ghlor lag. “A Mharie! a Mharie!” ar seisean ghá chaitheamh féin in a h-ucht & dá pógadh go díl.
CAIBIDIL VI DALLADH MULLÓG Nuair chonnaic Jean, Marie ag féachaint go deas, cinéalta, impidheach air, las a chroidhe le dóchas & áthas. Ní raibh in-ánn dá chéile caoin bás fhághail. Ní bheadh Dia chomh h-olc, & go mbainfeadh Sé a aoibhneas & a chuid dén t-saoghal de cé go raibh fhios aige go mba duine Leis fhéin í & ba mhinic a chuir se féin sin in-iúil di, le briathra boga binne & le pógaibh milse. Ní raibh uirthi ach sórt lagair, nó trom chodhladh de bharr an aistir fhada thuirsígh. Féach an chaoi a bhí air féin, nuair shrois sé stad na croise cé gur chodail ó Ath-luain anuas! B'í b'fhearr ar bith & a ndeachaidh sí thríd. Labhair bean an tSárgint léi. Cruinnigh na síothmhaoir thart go bhfaghaidís amharc ní bh'fearr uirthi, & í ag labhairt de ghlór lag íseal. Rug an Sárgint ar chuisle uirthi, & dubhairt go raibh beodhchas mear in a láimh fós & go mbéidir nach raibh sí as baoghal. Chuir sé a lán ceisteanna ar Jean in a taobh. Cár bhuail sé idtosach i, nó ar tháinig a leithéid cheana ariamh uirthi, ach bhí seisean ró chorruighthe le áird a thabhairt air. Bhí Brian ag braith ar innseacht dóibh cár bhuail sé ar dtús í. Leis an meas, & leis an gcion, a bhí aige uirthi,
níor dubhairt sé tada, ar eagla go ndéanfadh fuaim a ghlóir, ghairbh, áird níos measa í. Caithfidhe fios a chur ar an Dochtúr Beag. D'fhiafruigh Jean raibh guthán san teach. Dubhradh nach raibh, & nach mbeadh aon cháll leis, go raibh rothar nuadh glan ag Ó Néill, agus gur ghearr a bheadh sé ag rith isteach in a choinne. Ní bheadh sé i bhfad in a chodhladh. Céard a bhí sé ach tuairm an deich. B'in é an chéad sgéal a fuair muintir Sheáin go raibh na Franncaigh chomh gar sin dóibh. Chuireadh an oiread ceis- teanna air fén mnaoi nach raibh am aige pionta ghlaodhach, & bhí Seán Mór ró — an bháthach le ceann a thabhairt dó, ach an oiread. Bhí Marie na suidhe suas ar an sinteán fá'n am seo & i ag coinneall comhrádha le muintir an tighe & ag féachaint go grinn ar na fearaibh. Bhí Jean na suidhe le na h-ais, & áthas & gliondar croidhe air fén mnaoi bheith ag feabhsú. Bhí an oiread sin áthais air, nar fhéad sé thar bhriosga agus cúpla blogam tae a ól, ach ag cur na súl tré shearc & grádh a chroidhe, & lámh léi go díl ar a ghlúin. Níor mhó ná sin áthas Bhriain fé na charaid ionmhain bheith in ann cainnte choinneall leo ar fad. Shíl sé chuile nó- iméad go nglaodhfadh an Sárgint amach air ag tabhairt braoin de “dhrúcht an t-sléibhe” dó, mar bhí fhios aige go raibh sé aige. Nach bhfuair sé taosgán maith de ar maidin? Ach ní bhfuair. Ní raibh a dhúidín donn buidhe féin aige go gcaithfeadh se gail a chuirfead éad orra. A chailleamhaint as a phóca rinne sé agus an capall sna cosaibh in áirde. Bhí aithmhéala mhór air gur thug sé a leithid de thiomáint dón chapall. Ach ó ceapadh an uair úd nach raibh nóimead saoil ag Marie, cad b'fhéidir a dhéanamh ar bhóthar lom' uaigneach, gan tada le cur ar a béal ach braon uisge críathraigh. Tháinig an Dochtúr Beag isteach agus allus leis. Rinne
sé na ceithre mhíle ón gCladach beag i gceathramha uaire. Sheas na fir & d,úllmhuigh dhó. Chuir sé a spéacláirí air féin & chuir féachaint an Dochtúra eagnaigh chliste in a shúilibh. D'fhosgail sé a mhála & d'orduigh gach duine, ach amháin, a fear as an seomra. Ní móran fuinn bhí ar mhnaoi an tSárgint imtheacht, ás béigin dó comhartha a dhéanamh léi glanadh as an seomra. Fuath & gráin aici ina croidhe dhó. “Sin é mo bhuidheachas anois,” ar sise “réis gur choinnigheas beo le bainne te í go dtagadh sé. Fan go n-iarraidh sé arís orm —” “Bíodh ciall agat, a bhean,” arsa Brian, & creatha ar a ghuth. “Cén diabhal gnó bheadh agat san seomra pé sgéal é. Níorbh é t-áit é, ach an oiread liom féin. Má theastuigheann tú glaodhfar ort. Nach raibh an oiread de cheart agam-sa fanacht san seomra leat féin, ach ní fhanfainn, tuige an bhfanfainn? Bhí fios mo ghnó níos fearr agam.” Fhad is bhí an Dochtúr istigh, bhíodar go léir taobh amuigh ag éisteacht. Brian agus a chluas le poll na h-eochrach aige. Ní raibh an chaint ach ag teacht go bog íseal chuca. Níor rugadar ar aon fhocal ar bhféidir leo ciall a bhaint as ach, “troiblóid,” “imnidhe,” “croidhe lag,” “tuirse.” Thiocfadh di bheith tuirseach, ach ní bheadh sí chomh dona sin. Tuige an mbeadh imnidhe ar mhnaoi chomh h-áluinn léi, & a raibh fear chomh grádhach cinealta aici & é saidhbir, do réir deallraimh. Dá bhfágadh sí na diaidh i bPáras é béidir di cúis bróin a bheith aici, ach bhí cion an domhain aige uirthi agus an chaoi ar ghoil sé. Ar buile bhí an Dochtúr Beag, sin nó ag dul amugha cé go raibh an-cháil air de bhárr mhuintre Leitre Bige a raibh fiabhras orra a léigheas, le buidéalaibh a mheasgadh sé féin. “Shílfeá gur stad an fhuil as an ngearradh,” arsa bean an tSárgint, mar bhí deis mhaith aici, & slis ar leiceann Bhriain ag an doras.
“Ara ní fiú biorán é. Cuma liom ach gan aon aithne bheith orm lá na gcleas luth. Níor mhiste liom dá n-osgladh se arís in a dhiaidh sin.” “Agus ní bhfuair na Francaigh aon chaidéis dó?” ar sise. “Tuige bhfuigheadh? Beirt mhúinte iad sin & tá fios a ngotha níos fearr aca. “Chuir Ó Néill glam gáire as. Bhuail Brian a bhos ar a bhéal, gur bheag nar tachtadh é. “Nach beag an náire thú, & an bhean bhocht tinn?” arsa Brian go truagach. “Bfuil grádh Dia ar bith ionnat & a ndeachaidh sí thríd? Tuige mbeadh, & an crios atá ort,” ar seisean go fonmhóideach. “Ar thug Tadhg tada dhuit le m'aghaidh-sé?” arsa bean an tSárgint. “Thug.” “Ceard é?” “Hata, no pluid no leaba, nó léinteacha. Níl fhios agam ach gur éadach é.” “Bhfuil siad agat?” “Tád, amuigh i gcabhail an cháirr.” “Téigh amach, a Dic, ar sise, & croch isteach é Mo ghúna nuadh atá ann. Caithfead é chur orm, go bhfeicidh an bhean uasal é sul a n-imthighidh sí. “Seachain an leagfá do lámh ar aon rud eile ná ar bhosga. Mhna na lása,” arsa Brian. “Censórt bosga?” ar sise. “Bosga hataí, tá sgór ann, má tá ceann. Ar éigin bhí ait ar an gcarr dó.” “Le h-aghaidh na gcleas luth go cinnte. Buailfidh sí amach ar fad sinn!” ar sise. “Ní hí bhronnfas na duaiseanna, mar sin féin,” arsa Brian.
“D'eile? Níor h-iarradh ormsa tada dhéanamh fós ach an ‘seomra lae’ a réidhteach,” ar sise. “Agus ní h-iarrfar. Bí lán — chinnte faoi sin.” “Cé bhronnfas mar sin iad?” ar sise. “Bean an Mhinisteara?” “Ar buile atá tú? Nach ruaigfeadh an Sagart as an tir sinn?” arsa Brian. “Bean na Lasa mar sin?” “Nach n-abraim leat nach hí.” “Bhoil, ní h-eol dom-sa aon duine eile mar sin, ach an bhean seo istigh. Béidh sise ro-chorruighthe & ró-thuirseach le suim a chur i dtada, go ceann fada,” ar sise. “Go gcuiridh Dia an t-ádh ort & ná bodhruigh mé,” arsa Brian & colg air. “Raibh tú istigh againne?” arsa Brian le Ó Néill “Bhíos.” “Agus d'ólais cúpla pionta?” “Dar fiadh, níor ól, mar nach raibh sé d'am agam.” “Nach mbeadh am agat fhad is bhí an Dochtúr ag cur air?” “Ní 'na chodladh bhí sé, ach ag rádh a phaidreacha. Dhearcas isteach thríd an bhfuinneoig go bhfeicinn an raibh sé na chodladh. Ag rádh a phaidrín a bhí sé.” “Maise, ní féidir! Níor shíleas ariamh go raibh an gaduidhe chomh naomhtha sin, & an chaoi a bhfeannann sé na daoine bochta, dhá mbeadh sé ach gan fiacail a tharraing uatha. Is dócha go bhfuil an réidhteach déanta, na leabthacha cóirighthe, & chuile shórt i gcaoi agus i gcóir. Bhfaca tú an cat cois an teallaigh?” “Chonnaic, tuige?” arsa an Niallach. “Dheanamh tuige ar bith. Bhfúairis an-bhaladh feola?” “Fuaireas, by Dad.” “Agus baladh na sicíní?”
“Níl fhios agam an géabha, no sicíní, bhí bruithte, mar ní fhacas iad.” “Nach n-aithneochthá baladh sicín, thar bhaladh éin eile?” “Ní aithneochainn.” “Nach n-aithneochthá baladh poitín Chill-Mhíne thar phóitín Mhuighe Bige?” “D'aithneochainn.” “D'aithneochtha, tuige nach n-aithneochthá, agus an cleachta atá agat. Ach is cuma faoi sin ar seisean,” ag glaodhach ar cúl-shráid ar an Niallach. “Gceapann tusa go bhfuil an bheirt seo istigh pósta?” “Pósta! táim cinnte de. Nach bhfaca tú an chaoi raibh sé ghá caoineadh & ghá pógadh? Nar bhain sé uisge glas as mo chuid fiacal.” “Go bhfóiridh Dia ar do cheann! Beag an baoghal atá air bheith pósta! Aisteach an dream iad na Franncaigh, a mhic ó. Ní abróchainn nach bhfuil sórt gealltanais pósta eadtorra, ach nílid pósta. Bí cinnte de sin. Ó d'fhága- mar stad na Croise, smid níor labhair ceacthar aca ar na páistibh, ná ar an bpeata beag sa gcliabhán,” arsa Brian. “Béidir nach bhfuil aon chúram orra,” arsa an Niallach. “Ó ceapann tusa gur mar mhnaoi an tSargint & an Mhinistéara chuile bean. Ní headh mais. Nar leigidh Dia go mbheadh! Dá gcluinteá ag moladh na tíre iad! Nach ag cainnt ar mhí na meala a chaitheamh annseo atáid nuair phósfaidh siadh! Nar iarradar orm seasamh thoir ag an Eas, go bhfeicidís mar is ceart í. Dá gcluinteá an moladh! Bhainfeadh sé an caonach-liath de do chroidhe, dá mbeadh a léitheid air Rud eile, minic a chaoch sí a súil orm ingan fhios dá fear. Fáth eile bhfuilim cinnte nach bean phósta í — d'fhiafruigh sí díom cén sórt fear óg bhí i gConamara. Níor chainntigh sí orainn-ne?” arsa an Niallach go dóchasach.
“Níor chainntigh ach gur fhiafruigh sí díom raibh aon bhearraic i gCill Míne.” “Ar ndóigh dubhrais go raibh? ‘Togha Fir.’ Dúbhreas, tuige an innseóchainn bréag do mhnaoi chomh h-áluinn léi? Má tá aon mhaith leat bainfidh tú de fhear na gruaige í. Agus do réir mo thuairme, ta sin éasga go leor’ Léim croidhe an Niallaigh le misneach. “Gcuireann tú spéir i bhfilidheacht?” arsa Brian “Beagán.” “Agus i ndathadóireacht. Ní adhmad tá i gceist agam.’ “Tuigim go maith. Níl. Níor bhféidir liom thar phictiúr cupáin & an lámh ar a íochtar a tharraingt & mé ar sgoil,” arsa an Niallach. “Níl aon Fhraincis agat?” “Níl, dheanamh thar dhá focal agam.” “Is cuma faoi sin, ach oibrigh an fhilidheacht uair ar bith gheobhas tú deis. Nach le filidheacht, & le briathraibh beaga binne a mealladh chuile spéir bhean ariamh — Déirdre, Émer, agus Bhénus? Nach mar sin a ghníodh na laochra Gaedheal fadó é nuair thugadaís cuairt ar na dúntaibh, & ar na grianáinibh? Nach mar sin a ghníodh na sean Ghréagaighe é? Tabhairt neart filidheachta di, agus cuirfidh tú draoidheacht uirthi. Dá mbeinn-se chomh dathamhail leat bheadh sí agam ar an toirt. Má dhéanann tú do ghnó mar is ceart bainfidh tú de ‘Shúilibh Easóige’ í,” arsa Brian. H-airigheadh torran istigh. An Dochtúir a bhí ag imtheacht. Fosgladh doras an tseomra. Pléasgadh isteach ann, sul ar tugadh am don Doctúr imtheacht amach. Dubhairt sé le Jean, & leo ar fad, nach mbeadh faic uirthi ar maidin, ach a suaimhneas a ghlacadh anocht. Leabaidh di féin sa mbearraic a thabhairt di. Gan aon torran a bheith ar fud an tighe. Jean é féin a dhul isteach chuig an teach ósta
& a theacht in a coinne ar maidin. Gur trom-codladh nó taom imnidhe a bhuail í & go raibh sí as contabhairt. “Fágfad a cúram ort-sa,” ar seisean leis an Sargint ag glanadh leis & cúig phunt in a pócha aige de bharr na h-ócáide. Bhí an bord sa seomra proinne leagtha go breagh le greithribh is gloinibh bhí ag lonnradh fé sholus a lampai. Bhí blathanna breagha cumhartha i mblathán ar an mbord a chuir- feadh aoibhneas ar chroidhe duine breoite. Bhí Róisín gléasta go deas simplidhe. Bhí an biadh breagh blasta cois na teine, gail is baladh as, réidh le leagan suas chomh luath agus thiocfadh an bheirt. Bhí a leaba go breagh bog. Imnidheach an croidhe nach dtuitfeadh a chodladh air sa leabaidh sin! Baladh chumhara na galaoirigh chomh láidir is bhí ar maidin. Pictúr Lord Roberts ag féachaint chomh dóigheamhail & bhí an lá ar tógadh an gaisgidheach sin, in arm & in éideadh. Bhí Seán Mór, an Cléireach, agus Fear na bhfataí san seomra beag ar chúl an “bhear,” & a ndeocha ós a gcomhair. Iad ag déanamh íongantais fé thinneas Mharie, & fén moill a bhí orra. Béidir gur ar an ól a chuaidh Brian sa mbearraic & nach raibh na Francaigh in-ann an capall a stiuradh. Ach thiocfadh an Sárgint, nó duine éigin isteach leo, dá mbeadh an sgéal sin amhlaidh. Bhí ag cinnt orra dubh is dubh an mhoill do-mhínighthe a thuisgint. Chríochnuigheadar an deoch. Ghlaodhfadh Fear na bhfataí ceann eile marach nar thaithnigh leis an aghaidh dhorcha bhí ar Sheán, gidh go raibh fios maith aige go n-éireochadh sé i lár oidhche sheaca, le seachránaighibh bóthair a leigeani steach lena gcuid airgid fhághail. Sheas an Cléireach agus chuir a chóta mór ar féin & a mhiotóga bán-buidhe. Bhí sé ar buile fén moill & fé'n mealladh. Dheasuigh a chóirséad bán timcheall a mhuinil ar fhaitcíos go salóchaidhe an léine bhán a bhíodh aige i gcóir árd-
dínnéar, & ócáid áirid. D'féach sé san sgathán ar féin. Bhí sé go h-áluinn & gléasta go dtí an chluais. Sheas Fear na bhfataí freisin le imtheacht. Ní raibh eisean chomh meallta. Ní dhearna sé ach é féin a bhearradh, & baslach a bhualadh ar a éadan & a chuid bróg Domhnaigh & a shlabhra óir & a “Fháinne Cladaigh” chuir ar féin. Dá bhfeicidís cárr nó duine ar bith ag dul an bóthar go gcuiridís faisnéis, ach ní fhaca. Bhíodar uilig an-mheallta fé'n mbeirt nar tháinig. An dínnéar breagh, deagh-bhlasta, nar bhfeidir a shárú gan ithe. An fionn donn ruadh & an leann dubh cumharach tiugh gan ól. An Cléireach ag dul a chodla dó féin gan deis aige an óraid fháilteach a chur amach dá chroidhe, ar chaith sé an lá ghá réidhtheach. Fear na bhfataí ag imtheacht gan na fataí & é féin a chloisteal dá moladh! Bhíodar ag dul amach an doras nuair casadh bean an Mhinistéara leo. Isteach ar a rothar a rith sí. Ní raibh aon cheapadh aici gur sa mbearraic a bheadh siad. Ar éigin a labhair an Cléireach léi, bhí sé chomh meallta & chomh cantalach sin, ná ní raibh ceachtar aca indán í thíodhlacan abhaile & b'éigin di greadadh le féin. Í ag dul amach an bothar uaigneach sin ag an h-aon déag san oidhche, & gan “Áilneacht na Fraince” cíte aici. Gan aon chomhrádh ar an bhfaisiún is deireannaigh. Ach tháinig misneach di, do réir a chéile. Chuimhnigh sí ar an saol breagh bheadh aici i gceann cúpla lá, ag ól tae & ag bualadh Tennis le Marie. Ag bádóireacht, spaistéoireacht, na suidh cois trágha léi nuair bheadh a fear féin ró-thuirseach le bogadh amach. Chuaidh sí a chodladh sásta go leor di féin. Nach bhfeicfeadh sí Áilneacht na Fraince an lá dár gcionn, & nach n-iarrfadh amach iad le h-aghaidh cluithce Tennis? Ní raibh aon áit eile le na imirt ach aca féin. Focal níor labhair an Cléireach le na chéile leabthan gur eirigh sé lá ar na bhárach.
“Chualais cad dubhairt an Dochtúr,” arsa Jean le mnaoi an tSárgint. “Chualas,” ar sise. “Beidh tú i n-ann leaba fuithi féin a thabhairt di. Cubé trioblóid a bhéas ort cúiteochad-sa leat go maith é,” arsa Jean. “Cé'n chainnt sin ort? Nach áthas mo chroidhe bheadh orm-sa dá bhfanadh sibh beirt annseo. Seadh, béidh sé féin ‘ar gárda’ anocht ar an sintéan & tig léi-se teacht liomsa. Béidh an leaba te teolaidhe, & ní baoghal go bhfuighidh sí fuacht.” “Ó ní féidir! ní féidir! ní féidir!” arsa Jean ag rinnce. “Caithfidh sí leaba di féin fághail!” “Déanfaidh sin, déanfaidh sin,” ar sise go réidh. “Rachaidh an truir fear ar aon leaba & fágfaidh sin ceann folamh.” “Cuma liom cá rachaidh siad, ach caithfidh sise bheith go com- póirteach. Buailfead-sa isteach lé Brian cé gur caraois liom imtheacht uaithi. Béidhmid amuigh go moch ar maidin.” D'fhág se slán ag Marie & phóg go díl í & fuath & éad ar an Niallach dó. “Tá 'is agat cad dubhras,” arsa Brian. “Tá 'is,” arsa an Niallach “Slán libh anois. Má bhuaileann aon donacht í idir seo is maidin rachaidh duine agaibh isteach,” arsa Jean. “Rachaidh,” arsa Ó Néill in aghaidh a thola. Nuair shrois Jean tigh Sheán Mhóir bí sé chomh cortha gur bhuail a chodladh gan blas ithe. Ba ghearr dó ina leabaidh bhuig clumhaighe go raibh sé ag srannadh. D'éirigh dinnéar, no ba chirte a rádh — togha suipéir le Brian, & sé a bhí ag leagann air!
“Bhfuil sí an-dona?” arsa Seán Mór. “Dhéanamh tada uirthi, “fear gortach,” na diabhal éigin a bhuail í.” “Bhfuil sí dathamhail?” Bhí ceathrama sicín thuas uilig ag Brian & níor bhéidir leis labhairt go ceann tamaill, gur ól sé deoch. “Da — dathamhail! Bhainfeadh sí an ceo de do chroidhe!” “Mbéidh an carr ag teastáil uaidh chuile lá?” “Ceapaim go mbéidh, mar mh'ol sé ‘Grainne’ (an capall) thar cionn.” “N-ólann sé tada?” “Cá bhfios dom sa tubaiste. Níor fhiafruigheas de. Chonnaic mé ag ól tae sa mbearraic é thug bean an tSárgint dó.” “Cé'n uair amáireach mbéidh an bhean ag teacht?” “Go moch!” arsa Brian le luas piléir. “Béid an cárr ag teastáil?” “Tuige nach mbeadh?” “Maith é sin,” arsa Seán Mór ag cur a chosa ar an stól. Rinne Brian easgaine ar Sheán fé bheith ag cur isteach air, & é ag smalcadh na feola. Fearr gan an easgaine sin a luathadh annseo. Chodail Marie thar cionn i leabaidh an tSárgint an oidhche sin go raibh sé taca lae & “Uimhir a h-aon” sa seomra léi mar dubhairt sí leis an Sárgint é fhágáil ann. Ach leis an maidneachan chuimhnigh sí as chomh gar & bhí sí do ghleann- Fheicín. Chuala sí glaodh a caithfidhe a fhreagairt. Bhí S. Ó Néill ar cholba na leabthan & gan néall air ar feadh na h-oidhche ach ag smaoineamh ar chomhrádh Bhriain & ar “Bhláth na Fraince” bhí san seomra ba ghoire dó. Céard a bhí eadtorra ach cláiriní tánaidhe? D'airigh sé ag eirigh í & ag dul síos staidhre. Anuas leis féin in a diaidh. Bhí an Sárgint na chnap codlata, & a bhróga
bainte de, & méid an domhain ann. D'éirigh a bhean nuair chuala sí an chainnt thíos stairdhe. Chaithfeadh sí eirigh go bhfeiceadh sí an gúna uirthi. Chuir sí uirthi é chomh tapaidh is béidir é. Leis an deifir mhóir chuaidh na lúibíní i bhfastó in a gruaig, & bale duadh mhór a réidhtigh sí é. Anuas staidhre léi, ar nós mná bheadh ag dul chuig rinnce sár-uasal. Bhí Marie agus Ó Néill gan cóta ná bróga air, ag cainnt le chéile & lár an urláir. Chuaidh sé suas agus ghléas é féin & thug máilin beag dubh leis. “Nach bhfanfaidh tú go mbéidh cupán tae a'd?” arsa bean an tSárgint, & í ag impódh & ag casadh ar an urlár ar nós coiligh aimsire, ag ceapadh go bhfuigheadh Marie caidéis dá gúna, ach ní bhfuair. “Táim an bhuidheach díot,” arsa Marie, ag tabhairt póige ar an leiceann tanaidh bán di. “Ní fiú trácht air,” ar sise. “Béidh áthas an domhain orra istigh nuair fheicfeas siad thú, arsa bean Dic. Smid eile níor labhair Marie, ach Ó Néill & í féin ag imtheacht siar an bóthair. An máilín beag dubh aige sean. “Uimhir a h-aon” aici-se. Ba ghearr go raibh an cnocán beag atá idir ceann an chros-bóthair, atá ag dul isteach go Cill-Míne idir iad & an bearraic. Sheasadar annseo, & d'fhéach in a dtimcheall & ar a chéile ar nós beirte bheadh ag dul amugha, Croidhe an Niallaigh ag at le áthas & aistighil. Ní raibh aon amharc ar an mbearraic anois. D'imthigheadar den bhóthar ar thaobh na láimhe deise, & thug sléibhte móra fraochacha Chonamara orra féin, le h-Éirighe gréine is an drucht na luighe.
CAIBIDIL VII AN MEALLADH MÓR Sheasadar nuair bhíodar ar bhárr an chnuic atá ós cionn an Bhearraic, mar bhí an bheirt aca roinnt tuirseach, & an fraoch donn casta dá mbasgadh agus ag leigint braon mór soillseach drúchta ar a gcosaibh. S. Ó Néill ba tuirsighe, mar néall níor chodail sé ach ag smaoineamh ar an mbé bhí ingiorracht slaite dhó, ar feadh na h-oidhche. Chuimhnigh sé ar an méid an dubhairt Brian leis í dtaobh na mná áilne bhí na seasamh go maordha le na thaobh anois, ar bhárr an chnuic, & an domhan mór in a chodladh. Bhí cineal amhrais aige ar Bhrian. Níorbh é an chéad uair é ar chuir sé dalladh mullóg air. Ach mar sin féin bhí craiceann na fírinne ar ar dhubhairt sé aréir. Dá mbeadh sí pósta, ar ndóigh, ní iarrfad sí air í a thíodhlacan go gleann Fheichín. Nach bhfanfadh sí go dtagadh a fear ar maidin, & bheidís triúr in aonfheacht. Bhí deis ag Brian go leor a chloistéal ar an gcárr ag teacht isteach. Níor cainntigheadh ar theach, ná ar pháistíbh. Dá mbeadh sí pósta ní ag maolú cnoc leis-sean a bheadh sí le h-éirigh gréine! Dá mbeadh sí pósta nach mbeadh fáinne pósta no cumaimne ar a méirín, mhín, bháin ach ní raibh! Bhí athas an domhain air nach ndeachaidh sé go Meiriocá.
Chaithfeadh gur thug sí gean & searc a croidhe dhó aréir, nuair chuir sí i gcomórtas é leis na síothmhaoraibh agus leis an gceolán eile sin, a raibh na súile easóige aige, & an ghruag fhada ar a cheann! Céarbh íongnamh bean bhreagh mar í imtheacht ó na leithéid de fheithide beag suarach? Nach nglachfadh bean ar bith coll leis, mar gheall ar an gcruiméall dubh, sguabach, a bhí air! Ní gach bean ar mhaith léi a béilín tanaidhe tláth teangachtáil leis an sguaib sin! Nach air a bhí an t-athas nach raibh aon chruiméall ar féin! Leag sé lámh ar a chroidhe. Bhí sé ag bocléimnigh le aoibhneas, is aiteas, agus grádh. Mhéaduigh é féin ar nós coiligh Franncaigh bheadh ag fuagairt catha fuiltigh móir ar cheann dá threibh. Bhain sé a chaipín de go mbeadh radharc níos fearr aici ar a chuid gruaige casta cataigh, & í ag déanamh íongantais de áilneacht na tíre in a timcheall. Thug sé a aghaidh uirthi agus é ag féachaint isteach, mar dheadh, ar oileánaibh Árann bhí go suanmhar dóibh féin in ucht na mara móire. Chaithfeadh sí searc & gean a croidhe a thabhairt dó, mar gheall ar a ghuailnibh breagha, leathna, a ghruag dhubh, chasta, a shúile dubha, gáireacha, go díreach mar a súilibh féin. Dá mbeidís i mbaile mór strainséara nach n-abróchaidhe go mba deirbhshiúr & dearbhathair iad, í leabaidh beirte bhí i ngrádh. Nach raibh an cheist socruighthe cheana féin! Nach amach a thug sí é le tamall siurigh a dhéanamh leis ar chnocán, & go gcuireadh sí in-iúl dó i bhfad ó chuile dhuine, ach fuiseogín an tsléibhe amháin, go cé'n grádh mór a bhí ag brúchtaighil in a croidhe dó! Béidir go raibh rún éigin in a croidhe. Amach a thug sí dá fhéachaint é, go bhfeiceadh sí ar bh'fhéidir leis gníomh éifeachtach a dhéanamh, & dá n-eirigheadh leis go mbeadh sé ar aer an tsaoghail. Nach í bhí mío-fhoighdeach! Nach breagh nach bhfanfadh sí go
dtí an cúigeadh lá déag de Fhogmhar & chífeadh sí é ag déanamh an ghníomha mhóir. Chífeadh sí na cnapa móra féitheach, ag at, le luth, is neart, ina lamha bána & in a chosaibh cruadha! Níor chuimhnigh sé ar Róisín anois. Bhí sí maith go leor gur seoladh an bhean seo chuige. Céar mhilleán air an togha & an rogha a ghlacadh! Nach ndéanfadh Róisín féin é & fághadh sí an deis? Ach céard a dhéanfadh sé dá n-iarradh sí air an loch a shnámh, & nuair chaithfeadh sé í eiteach? Nach n-iompóchadh sí uaidh mar chat ó splainc dheirg. Ach ní iarrfadh, nuair d'innseochadh sé dhi nar shnámh aon duine ariamh chun an oileáin, ach naomh, a fuair cumhacht ar leith chun a dhéanta. Ní naomh a bhí ann-san. B'fhada uaidh. D'á mb'eadh ní in a sheasamh le spéir-mhnaoi chomhthigh a bheadh sé, ná ag tarraingt ar ghleann Fheichín le breacadh lae. Dá mbheadh an oiread den mhí-ádh air & go raibh sí pósta, céard a dhéanfadh sé. Nach gcuirfeadh “fear na gruaige” piléar in a chroidhe. Nar ghearr an mhoill air é & na súile a bhí aige? Níorbh é a chéad uair é! Nach raibh sgéin an dúnmharbhthóra sna súilibh úd? Mara gcaithfidhe é gheobhadh sé príosún go lobhadh a chnámha. Gheobhadh an Cigire Ceanntair fios ar an gcleas náireach a rinne sé. Brisfidhe é, & chaithfeadh tír éigin eile thabhairt ar féin d'a mhíle buidheachas! Bheadh Seánmóir uathbhásach ag an Sagart Dia Dómhnaigh faoi, a chuirfeadh crith-feola orra. Connachthas dó go bhfaca sé ar an altóir é, & é oibrighthe le cuthach féin masladh a fuair Cill-Mhíne — áit in a raibh naoimh curtha! Chuala sé ag caint ar theine Ifrinn é. An teine mbíonn an t-Árd Dhiabhal ag sluaisdeál ruimhe is pice uirthi i gcóir na n-anam ndamannta! Tháinig fuacht is gearradh fiacal air. Dá mbeadh greim aige ar Bhrian! An beitheamhnach! an cneamhaire! an rifíneach! Nach mbrughfadh sé an fhuil dhearg amach tré na
chluasaibh leis an tachtadh bhéarfadh sé dhó! Mhíonochadh sise freisin in aghaidh, mara snámhfadh sé ann loch di. Agus Seán Mór! Bhí alltracha bróin dá bhualadh sa gcloigeann! Cuirfidhe dlighe air fé gheallantas pósta do Róisín. Cé'n chúis ba láidre bheadh ag Seán? Níor thug sé aon fháinne di, ná fiú amháin póg, moladh le Dia! An bhfuighfidhe aon leitir ag Róisín leis? Gheobhaidhe — an ceann a chuir sé isteach le mnaoi Dic. Bhí sé réidh! Nach air a bheadh an t-athas dá mbeadh fhios gur choinnigh bean Dic an leitir sin! Narbh é a chuir é féin i mbealach a bhasgtha i gceart. Béidir go maithfidhe dó fé dhul i gcoinne an Dochtúra bhig di! Dfhéach sé síos uaidh ar an mbearraic. Smaoinigh sé ar na laethibh aoibhne a chaith sé na chodladh nó sínte ar an bplasóig i measg a charad. Gan brón ná imnidhe an t-saoil ag cur isteach air, ach smaointe áilne in a chroidhe — a bhéile a dheoch, is a leaba! Bí sé socruighthe aige rith abhaile uaithi nuair d'féach sí go gáireach air. D'athruigh sé inntinn. Bhí an cathú láidir & ghéill sé. “Is dócha nach mbeidh fhios ag Jean chor ar bith cá ndeachaidh mise. Is cuma. Is minic cheana rinneas cleas mar seo. Bímís aoibhneach fhad is táimíd ar an saol seo, bainimís spóirt is aoibhneas amach go dlistineach, do réir dlighe Dé. Cuma linn fé bharramail daoine iar sin.” “Ach caithfead mian mo chroidhe fheiceál & a phógadh le pógaibh milse díle dúrachtacha. Caithfidh tú mé threorú go gleann-Fheichín. Déanfair sin mar fhear & mar Ghaedheal. Tá fhios agam go ndéanfair. Nach léar dom an freagra in dó shúilibh breagha dílse? Bhéarfaidh tú aire dhom, & coinneochaidh tú súil orm má fheicir ag dul as an tslighe mé. Teasbáinfidh tú an bealach réidh dom. Seachnóchair ar na bealaighibh daimhséara, feall-
tacha mé. Béarfaidh tú ar láimh orm má airighir ag sgiorradh mé. Coinneochaidh tú gréim daingean docht orm má bhím i mbaoghal báis, le bathadh no le tionóisg. Chrith sé. Chrith an talamh fé na chois. Shíl sé í fhreagairt ar chaoi bheadh taithneamhnach, mar baléar go raibh a croidhe ar lasadh le grádh dó. Marach go raibh níchuirfeadh sí í féin fe n-a choimirce. Rinne sé iarracht ar a chroidhe mór, bhí atuighthe le grádh dí, a nochtú. D'fheilfeadh smaointe & briathra áilne dón ocáid mhóir. Rinne sa iarracht ar chúpla focal a sgaoileadh uaidh ach chrith a bhruasa. Níor labhair go ceann tamaill gur leig sé chuici go critheach, faithcheach, smaointe áilne filidheata an Mhórdaigh, a léigh sé go mion minic ó chuaidh Brian chuig an stad. “A speir-bhean! ná bhíodh eagla ná imnidhe ná buairt ar do chroidhe. Ní dhéanfaidh clann Éireann duit dochar ná díth. Gidh claonta ar dheise iad, is ar mhna' deas' óg.' Is annsa leo glaine is coinghioll go mór.” Is cinnte gur thaithnigh na smaointe & an freagra seo thar cionn léi a thuit go réidh, faitcheach ó'n Éireannach, mar ní dhearna sí tada ach craitheadh a bhaint as a ceann, catach, breith ar láimh air, & é tharraingt leithi ar aghaidh, mar dhéanfadh girseach sgoile le girseach eile, dá tarraingt amach as fhaithche na h-imeartha. Ar aghaidh leis an mbeirt cos as chois ag déanamh go méidhreach meanmach luthmhar ar ghleann-Fheichín. Ar aghaidh leo thar chlochaibh glasa caonaigh. Thar chriathraibh boga, cíbe, ag léimnigh thar shruthánaibh, beaga geala ceolmhara, chomh h-éadrom-chosach le mionáin' gabhair. Thar cnocaibh árda fraoigh, an fhuiseog ag cur a croidhe amach ag ceol dóibh. An ceo ag imtheacht go mín réidh socair le failtúi roimh bhainrioghain na maidne, bhí ag árdú a mullaigh go maordha san domhain thoir.
Leigdís sgith seal. Ise ag baint lán a súl as an áilneacht íongantach in a timcheall, & ag slugadh baladh cumhartha na cíbe is an fhraogh. Eisean ag deasú an chreasa air féin, nó a lámha ar a chorrógaibh aige, & ag síneadh a chos uaidh amach, amhail is dá mbeadh sé ag acluidheacht ar chearnóig an bhearraic. Ar aghaidh leo ag dúiseacht crotach, cearc fraoigh, is girr- fhiadh mear luthmhar, gur sheasadar fé dheire ar an gcnocáinin fraoigh a chíos mullach na gcnoc ndonn bhfraochach thíos faoi in uisge glas-ghorm locha Feichín. “Agus seo é an gleann a samhluigheadh dom in Aisling, & mé a bhfad i gcéin! Seo é an gleann ar léigheas faoi i ndánta' molta! Seo é an áit a chuir cantal, is briseadh croidhe, ar chroidhtibh dathadóir! Seo é an gleann a chuir uamhain, aoibhneas, sgáth, aiteas, riméad, brón is doiligheas croidhe, ar dhaoinibh, an gleann a moladh le sgéal is le amhrán! le briathraibh boga binne is le sguabaibh laga beaga! Seo é an gleann bhfuil an stair gan sgríobhadh ag baint leis! Sin í an loch a chlúduigheas na cnámha atá ag bánú a bhí mear luthmhar tráth. Sin é an t-oileán ar ar fhulaing Naomh Feichín pian is peannaid le deagh shompla & mac-samhail thabhairt don tsaoghal. Sin é an áit in a bhfuil an tobar as a n-ólann an bhean sidhe deoch & í ag taisteal na gcnoc go doimhin san oidhche! Se, & sin é mian mo chroidhe, ach nach maith liom labhairt léis mar ba mhaith liom fós. Labhróchad sul a bhfágad an áit naomhtha seo. Nar thug sé cuireadh chaoin fháilteach dhom a theacht chuige & mórtachas a dhéanamh leis & seal a chaitheamh in a fhochair go gcuirinn aoibhneas ar a chroidhe? Bhí dhá éan uisge as an taobh thoir dén loch nuair fachtas an bheirt ag maolú an chnocáin. Is cinnte ó'n sgréach chas- aoideach a chuireadar asta, & iad dá n-árdú féin sa spéir, gur feargach a bhíodar fé gur cuireadh isteach ar a n-aoibhneas.
Ní raibh fhios ag S. Ó Néill ar saobhchan céille bhí ag teacht arís uirthi, nó ar bheadh. Nar chuma. Nach raibh sí aige anois ar bhruach an locha & an áit fútha féin aca. Shuidheadar síos. Fosgladh an máilín beag dubh, greim beag bricfasta bhí don bheirt ann. Bhí Marie sásta anois & í na suidhe ar an bhfraoch donn, ag cainnt go ciallmhar le na treoruidhe. Chomh luath is bheadh greim ithte aige, chuirfeadh sé in úil di an grádh bhí na chroidhe di, agus bhainfeadh póg dén bhéilin deas cruinn sin a nochtuigh- an drad déad-ghealdlúth nuair ghníodh sí gáire. Bhí níos mó san máilin ná ceapadh. Buidéal bainne, cé gur í “slainte an lathrar” bhí taobh amuigh air. Dhá chupán, builín sgian is tuairm is punt mair-fheola a tháinig ó Ghaillimh. D'itheadar béile breagh blasta & baladh an fhraoigh agus na cibe mar annlann aca, dhá mbeadh gádh le n-a leithéid, ach ní raibh. Bhí faobhar ar a ngoile de bhárr a n-aistir. Iad ag dearcadh go meangach ar a chéile & ag gáiridh seal. Nuair bhíodar réidh, chuir seisean na rudaí ar ais sa máilín beag dubh & chuaidh síos go dtí an loch, gur ól a shean- deoch, mar bhí tart air de bharr na feola raibh iomarca salainn uirthi. Rinne sé sgathán beag de choirnéal de'n loch a bhí ag rith is teach sna bruachaibh. Bhí sé chomh dathamhail & bhí ariamh, ach go raibh a shúile ag féachaint roinnt ragairneach. Chuir sé baslach ar féin, ar eagla nach mbeadh sé taithneamhnach do charaid a chroidhe. Bhí teas maith san ngréin fá seo, & í ag síneadh a gaethe buidhe órdha anoir ar dhruim an locha. An gae briste in a dhá leith. Ceann aca ar gach taobh de'n oileainín. Ní raibh aon deifir air ag cur a ghrádha in uil di. Nach raibh an lá fada? Bheadh comhradh caoin aige léi, & a lámh in a láimh, taréis tamaill bhig. An rud céadna ag an dó-
déag Beagán suirigh gan dochar, sul rachaidís a bhaile & béidir go mbeadh sé de mheisneach ann an “cheist” a chur uirthi. Nuair bheireas an cat, nó an leomhan ar ainmhidhe ní ampluigheann siad ar an toirt é. Bíonn roinnt sásamh inntinne & grinn aca ar dtús. Nach san deagh smaoineadh atá an t-aoibhneas ar fad? Ní'l san rud ann féin ach deire — deire leis an aoibhneas. Sgaoileann siad uatha é. Beireann arís air. Cuireann fiacal go bog ann, amhail is dá mba greann ceart a bheadh aca. Rithid in a dhiaidh, & tugann ar ais é. Mar sin beagnach, inntinn an Niallaigh. Nach mbeadh a béilin tlath pógtha luath go leor, cé go raibh deifir & tnúthán an domhain air! Ní shluigeann, páiste milséan ar an bpoinnte boise! Dh'fhosgail Marie “Uimhir a h-aon.” Leag amach a cuid cláiriní, páipéar líon-éadaigh, & sguabh & soithíní dath. Dá mbeadh rothar aici ar thaobh an bhóthair cheapfadh seisean gur le n-a dheasú bhí an chóir seo aici. Ní mórán eolais a bhí aige ar Ealadhain na ndath, & ní mórán suime chuir se innti, ach an oiread. Nach raibh pictiúiri breagha, beodha, ar an saol seachas gleannta uaigneacha sléibhe! Chuir sise an seas in a sheashamh le bun tuláinín. Leag a cairt air. Shuidh sí síos ar an tuláinín & cóta éadrom fúithi. Chuir sin an sgoil fadó i gcuimhne dó-san. Bhí fearg ag teacht air léi, go raibh sí ag cur an oirid sin suime san ngleann & gan suim ar bith ann féin. Nar dheise é féin, ná aon phictiur a dhéanfadh sí, agus bhí sé beo bríoghmhar? Tuige nach raibh sí ag cainnt leis agus ag cuir a grádha in iúil dó? A Bhriain!! Cheap sé gur chuma léi anois, ó bhí an gleann fáigte amach aici. Seo é an mian a bhí aici in a leabaidh féin, an mian ar labhair sí chomh minic sin in a thaobh. Tháinig na smaointe bhí aige ar bharr an chnuic ó's cionn an bhearraic ar ais chuige. Chuimhnigh sé ar
an Sagart ar an altóir, an príosun, an náire, an masladh, fé imtheacht le mnaoi phósta trí shléibtibh boga, báidhte, & gleannta móra ceo … Tháinig misneach beag ann, & fonn labhartha nuair chonnaic sé an muineál gléigeal & an ghruag chatach, dhubh, bhí ag tuitim anuas air. An áit go léir futha féin aca. Gan aon rud ag féachaint orra, ach fuiseoigín an t-sléibhe! Dheasuigh an crios agus bhain searradh as féin. Bhí sé ar tí a lámh a chur fé na muineál, & tús a chur leis an aoibhneas, agus innseacht di an grádh bhí aige uirthi. An chaoi raibh sé i gcontabhairt a phosta a chailleadh. An chaoi ar eirigh sé, ar maidin le amharc fhághail uirthi. An chaoi raibh sé sásta gleannta diamhara, doimhne na h-Éireann a shiúbhal léi le h-Éirigh gréine a's an drúcht na luighe. Theip air. Dá ndéanadh sé sin, d'iarrfadh sí air an loch a shnámh. Mara ndéanadh ní bheadh meas madaidh aici air. Ní bheadh sé ach ag magadh fuithi, agus an geall a rinne sé ar bharr an chnuic seal gearr roimhe sin! Nar bh'in é an cruthú go raibh gean aige uirthi. É féin a chur & i mbaoghal ar a son? Shuidh sé síos. Bhual tuirse, codladh, is drochmhisneach é. Chuimhnigh sé ar an mbearraic. Ba ghearr go mbeadh sise réidh. Cúpla uair eile ar a mhéad. Ghlacfadh sé ar a shuaimh- neas go dtí sin. 'Shín sé siar ar shlat a dhroma. Ó'n osna shásta leig sé, b'fhuras aithne gur ghearr go mbeadh sé idtoirchím suain agus sámh-chodlata. Ba ghearr gur iompuigh ar a thaobh. Chuir sé glamh as, fé mhar bheadh sé ag bagairt ar rud éigin. D'iompuigh ar a bhéal. Leis an gcleachta a bhí ag na sálaibh de bhárr an chluithche bhig ghreannmhair a cleachtuightí ar phlasóig an bhear- raic, ba ghearr go raibh “clic! clic!” dá bhaint amach aige, ingan fhios dó féin & codladh trom na n-olachadán air. Bhí an torran seo ag cur isteach uirthi, & b'éigin di dosán
fraoigh a tharraing cé gur dhoiligh é, do lamhaibh bhí chomh, bog, min, le lámhaib Marie, & sgaoil síos idir na sálaibh é. Ba bheag nach ndeachaidh a méar sa trap, mar thug sé an-bhuille, don dosán. Bhodhruigh, & mhaoluigh an fhuaim uaidh sin amach. Leis an iompodh & leis an ionfairt a bhíodh air, thuit an uaireadóir & cior ghruaige bhíodh aige de ghnáth, as a phóca sa bhfraoch. Bhí tuirse & crapadh ag teacht ar láimh Marie & meabhán beag in a ceann, fé bheith ag obair chomh dithcheallach, ar feadh tamaill, & níor mhór di sgith. Bhí S. Ó Néill ag srannadh mar fhear a thiocfadh o aonach trí lae, agus plúr na mban mánla, chuir aoibhneas ar chroidhe daoine, & cantal ar mhórán, ag dearchadh síos air. Ar thuig se áilneacht ná mná chor ar bhith? Raibh aon chroidhe aige & tuitim in a chodladh, & gan san áit ach iad beirt? Nar chóir dí se bheith chomh tuirseach leis-sean. Ba chóir go mbeadh cleachta aige ar chnochadóireacht agus an taobh tíre raibh comhnuidhe air. Ach ní raibh, ná ní raibh sé ingleann- Fheicín ariamh go dtí an lá seo, ach go raibh fhios aige cá raibh sé suidhte. Ghlac sí fuath dó. Bhí fúithi rádh leis greadadh a bhaile & bualadh chodladh dó féin, & codladh seachtmhaine a dhéanamh, ach níor dhubhairt. Bhí fúithi beagan pianúis & sglábhuidheachta chur ar dtús air. Bhuail sí cos air. Ba le duadh mhór a dhúisigh sí é. B'air a bhí codladh na marbh! 'Beag nar thuit sé as a sheasamh iar n-eirighe dhó. An-chruadh a fuair sé lán a súl a bhaint as an áit a raibh sé. Ag taidhreamh a bhí sé. Thug sí crathadh dhó. D'fheach le na shúilibh fhosgailt ní b'fhearr. Gintí a bhí ag spochadh air, & ghá bhualadh. Chuimhnigh sé ar lá na gcleas luth. “Eirigh as! Éirigh as! a Ghintí” ar seisean. “Caithfir an t-oileán a bhaint amach ar ais nó ar éigin, agus cuntas a thabhairt chugam in a thaobh, caithfir sin. Bhéar- fad ceathramha uaire dhuit le dul isteach. Leath-uair istigh
ag sgrúdú na h-áite, & ag tabhairt amach neithe íongantach chugam, atá ann & ceathramha uaire ag teacht amach. Sin uair. Fanfad-sa annseo ar an mbruach, ag féachaint ort ghá dhéanamh. Beag an mhoill ar fhear breagh mar thusa é a dhéanamh! Nach minic cheana a rinnis é, béidir.” Ní'l sé leath chomh doiligh is ceaptar. Dá mbeadh an snámh agam féin gearr a bheinn ghá dhéanamh, ach faraoir géar deacrach, ní'l!” Chuir sé alamh in a phóca go bhfeiceadh sé cé'n t-am é. Ar chaill sé í? Ar an talamh sa bhfraoch a bhí sí. Ceathramha chun a h-ocht! Dhá uair go leith eile sul a n-eirigheadh sé, dá mbeadh sé sa mbearraic. “Gcluin tú leat mé?” ar sise. “Ach ní féidir! ní féidir!” ar seisean go h-impidheach truaghmhéalach “Nar chuala tú an seanchas atá ag baint —” “Na bac leis sin,” ar sise. “Samhluigheadh an gleann seo dhom in Aisling. Chím dáirírí anois é. Samhluigheadh an t-oileainín dom freisin, chomh fada le mo bharramhail & caithfead aithne níos fearr a chur air. Dar neamh is talamh! Dar réalt is fairrge caithféad,” ar sise go fíochmhar. “Bhoil, samhluigheadh teinnteacha Ifrinn dom-sa, & an Cigire Ceanntair & na cleasa luth, ar seisean, “& ní dhéanfad é. Báithfidhe mé. Mo chorp níor fhuaruigh mise le uisge locha, ná fairrge ariamh.” “Cuma líomsa fé bhearraic, ná Cigire Ceanntair, ná Caisleán Bhaile Átha Cliath ach má's fear thú déanfair é, Cá bhfuil an meisneach & an meanman is dual don Ghaedheal, agus ar léigheas an oiread sin futha? Breaga! bréaga! ar fad é. Tusa go deimhin ag cainnt ar luth, & gan eolas agat ar an gcéad rud abhaineas leis an tréith uasal sin, nach mbronntar ar chuile duine — Misneach! misneach! misneach! dar sliabh seadh.” Chuir a cuid cainnte náire air. Níor thuig sé go dtí
anois chomh lag, lúbach, mí-mhisneamhail agus bhí sé i gcomórtas léi-siúd nar chúb is nar chlaon ó aon rud ariamh ar chuir sí spéis ann. “Ar aghaidh leat annseo,” ar sise, “cois ar chois liom-sa,” & soir leo le taobh an locha, a sgáili breagh dá dtíodhlacan san uisge glé-ghlan, gur sheasadar thoir ar an tráighin bhig ghainmhe. “Sin iad lorg na gcos,” ar sise. “Cé n-a cosa?” ar seisean. “Cosa Naoimh Feichín,” ar sise. “Ó sin é comhradh Bhriain Uí Dhugáin, basgadh air!” “Sin iad lorg cos Naoimh Fheicín! Bhfuil trácht san seanchas orra” ar sise go láidir. “Cuma liom sa tubaiste cé na cosa iad.” “Sin iad lorg na gcos bhfuil stair gan sgriobhadh ag baint leo. Bhfuil oideachas ar bhith ort,” ar sise. “Tá. Bhíos ocht mbliana i sgoil náisiúnta & blian san depot,” ar seisean dá mhéadú féin. “An depot ag na deamhain! Bhfuil is agat tada fen áit seo?” “Níl fhios, poinnte dlighe is filidheachtha a leanaim, uair ar bith fhághaim deis.” “Dlighe is filidheacht!” ar sise go magamhail. “Dhá adhbar nar réidhtigh le chéile ariamh, ach an oiread is réidhteochadh cat is luch le chéile.” “Agus ní shnámhfaidh tú chun an oileáin dom?” ar sise ag iompódh díreach air. “Dhéanamh sórt ceaptha ar bith féin agam air.” ar seisean, go docht. “Dá mbeinn ar an snámhoir is fearr sa domhan, báidhfidhe mé, mar báthadh na fir eile a d'fhéach leis ón aimsir ba n-allóid anuas Nach breagh nar thugais an fear úd leat bhí ar an gcárr leat-fear na gruaige,” d'fhear pósta, nó cibé cé'n sórt feithide é. Is cuma mar gheall
orm-sa, is dócha. Tá mise chómh ceanamhail orm féin le aon duine, & ní baoghal go gcuirfead mé féin i gcontabhairt bháis d'aon mhnaoi, cuma cé h-í. Tá breall orm-sa no seo beart ar chuimhnigh Brian Ó Dúgáin air le mise bháthadh. An bitheamhnach! Ach a dtéighead-sa ar ais socróchad an buachaill báire sin. Dar fiadh! Fágfaidh mise comhartha le n-a ló air. “Marach mé bheith ar laethibh saoire fé láthair, ag cleachtadh, brisfidhe mé, fé imtheacht san an-mhaidin le mnaoi phósta, nó le mnaoi strainséara. Ní duine mar sin mise chor ar bith, bíodh fhios agat,” ag bualadh siar chuig ceann an locha, gur chroch an máilín dubh leis, & gur bhuail sliabh go meidhreach, luthmhar, sásta abhaile dó féin. Sheas sí ar feadh tamaill ag féachaint ar an seadaire tréan — gaisgidheach an mheadhchain — a bhí ag is liú na n-isleán & ag árdú na n-árdán, & deifir an domhain air, ag imtheacht uaithi, & ag déanamh go gliondarach ar an mbearraic. Níor fhág sé an mála féin aici ionnus go bhféadfadh sí greim ithe & í ag obair ar mhian a croidhe. Níor fhág sin, ní raibh an méid sin tuisgint ann. Bhí sé ró-oll-aireach ar féin le cás a bheith aige d'aon duine eile. Chuaidh sí ag obair ar an bpictur arís thiar ag ceann an locha, san áit ar thosuigh sí ar dtús air. Bhí cuid mhaith de réidh aici tráthnóna. Píosa de lá eile & bheadh sé geall le réidh. Bhí an t-oileán úd i lár an locha ag tabhairt cuirthe dhi cuairt a thabhairt air, sul a n-imthigheadh sí, go mbeadh deis aca aithne chur ar a chéile. Béidir go raibh go leor seod ag baint le Naomh Feichín & leis an aimsir sona chuaidh thart istigh air! Ach connus a b'féidir di é a dhéanamh? Bhí an t-achar in
a uisge eadtorra is níorbh eol di snámh. Bhí sé ró-mhall foghluim anois. Nach truagh nar fhóghluim sí snámh in a h-óige, i leabaidh go leor adhbhar léighinn seafoideach a d'foghluim sí & í ar sgoil is coláiste! Bhuail imnidhe d'á fear í. Thuig sí go mbeadh sé san mbearraic go moch, & bheadh sé ar buile léi fá imtheacht, gan fios aige cá raibh sí, nó cá ndeachaidh sí. Bheadh gach rud i gceart. D'innseochadh S. Ó Néill cad thárla. An chaoi ar fhág sé slán sábháilte, ar thaobh an loca í. Gur tháinig eisean abhaile ar eagla go mbeadh casaoid air. Bhí teinte Ifrinn ag déanamh imnidhe dó freisin. Tuige? Bheadh sí féin sa mbaile roimh theacht an drúchta, & mian a croidhe léi, a bhfuair sí an oiread trioblóide uaidh. Nach air a bheadh an t-áthas ar fheiceal na sároibre dó — smaointe a h-inntinne & rian a láimh! Bheadh éad air léi, nuair bhéarfadh sé ar an mac-samhail sár-áluinn, an obair sár íongantach! Rinne sí tamall siubhail di féin, “an lile sa bhfásach,” & tháinig ar shean-bhothán faire bhíodh ag sean — Choirnéal Máirtín, & é ag faire ar ghéabhaibh fiadháine a mharbhú, na geimhridhe chuaidh thart. Chuaidh sí isteach ann. Bhí díon réasúnta maith air rataí & taobháin mhaithe thirme nar chosamhail leo bheith trom. Ní táirgní bhí dhá gcoinneáll le chéile ach sugáin mhaithe láidre. Cén mhoill a bheadh uirthi, an díon a stracadh de, na taobháin a sgaoileadh, a dtarraing síos chuig an loch. Iad a cheangal le chéile arís, ar nós geata, nó buird gan cosa, & sort báid, nó gleas iomchurtha a dhéanamh de. Ba chuma, rud ar bith a bhéarfadh slán go h-oileán Fheichín í. An croidhe bhíos dóchasach ní h-iondual dó bheith lag-mhisneamhail. Sin é an croidhe a bhí aici se 'chuile lá ariamh. Smaoineadh maith láidir, & cuirfear an corp is treise fé n-a chumhacht. Thosuigh sí ag obair. I gceann leath uaire bhí díon & ceann
an bhotháin ar an talamh aici. Seal gearr in a dhiaidh sin, bhí an oiread maide ar thaobh an locha aici agus dhéanfadh an geata. “Geata” a thug sí air. Cheangail na súgáin go cruadh teann air. Bhain fraoch fada láidir. Ba dhoiligh an obair í sin do lámhaibh a chleacht obair uasal Mharie. Ach d'éirigh léi mar sin féin. Bhí an toil láidir aici & nach shin leath na h-oibre? Leag sí “Uimhir a h-aon,” & an mac- samhail gan críochnú air. Chuir sí neart fraoigh & bruth- fá-thír futhe a choinneochadh an t-uisge óbheith ag gíosgadh aníos thrí na sgaireannaibh. Sháith an geata amach ar an uisge. Sheas air & thosuigh air a bealach contabhairteach, ba chionntach le bás daoine. Ar éigin bhí a coinneall suas ann. Cloch eile mheadhchain a bheadh sí, & bheadh sí thíos! Bhí gaoth aniar ag séideadh a bhí dá seoladh amach go mín réidh socair ar dhruim an duibheacháin mhóir. Gach am dá gcorruigheadh sí leis an ngeata a stiúradh, théigheadh an geata, nó coirnéal de faoi, agus chrochadh an t-uisge leis cuid den fhraoch nach mbíodh aon ghreim ná meadhchan air. Bhí an geata ag dul ar an treoir. Thug buille ramha eile fuithe, leis an leath-mhaide. D'imthigh sláin eile de'n fhraoch. Chuaidh leath chois lei síos sa sgair A Dhia dhílis! Bhuail faitchíos a croídhe í. Ní raibh sí a ó'n lá a rugadh í chomh gar do bhás, agus a Dhia go cé'n bás é! Bás i lár locha i dtir i bhfad i gcéin! Bás i bhfad ó na fear, & ó gach rud ba díl di! Bás ar son roda chuirfeadh cáil is cliú ar an bFrainc & a theip uirthi a dhéanamh! Rinne sí a dithcheall. “A Bhrian nach agat a bhí an fhírinne! A Mhic Ui Néill nach tú bhí fad-bhreathnuigheach!” D'fheach sí in a timcheall, & deoraidhe ní fhaca. Ghlaodh sí, & freagra ar an nglaoidh sin, ní bhfuair. Spéir ghorm os a
cionn. An duibheachán, ba duibhe ná an dubh is duibhe, fúithi thíos. Chuir feithide éigin a cheann aníos as an uisge, & í ibhfoig- seacht deich slata do'n oileán, ach shíl sí go raibh sí chomh fada uaidh is bhí ariamh. Gear eile go mbeadh léi Chorruigh an rud san uisge arís. Rud allta éigin bhí le n-a slugadh chomh luath & rachadh sí faoi. Chrith sí. Marie na Fraince narbh eol di ariamh cealg ach glaine is fírinne ghá h-alpadh ag ainmhidhthibh allta locha Fheicín. B'uathbhásach an smaoineamh é ach cé'n neart a bhí air! Tháinig na frasa goirte deor ó na súilibh áilne lonnracha úd ar bhfearrde gach duine dá bhfaca ariamh iad, 'raibh an ghlaine & an chneastacht in a chroidhe. Mo mhíle truagh tú i lár an locha dhoimhin, gan goir ar thú a shábhail, agus a liachta seadaire a chuirfeadh é féin i mbaol ar do shon! Thuit an maide rámha as a láimh. Fuaduigheadh an hata dá ceann dualach & rinne isteach ar na bruachaibh. Bhí na maidi san “ngeata” ag súghadh, nó ba cirte a rádh ag ól an uisge. Bhíodar tirm pollach. Bhí na súgáin ag at & ag cailleadh a ngreim. D'imthigh slám eile de'n fhraoch. Sgaoil cúpla ceann de na maidí & gan í bhfad ó'n oileán — an áit ar bathadh na fir. Thíos fuithi bhí a gcnámha ag bánú dá mbéidir a bhfeiceál. Bhí éan ar sgeich an oileáin ag cantan ar a nós binn féin. Chuir sé cosg le n-a chuid céoil ar fhéiceál na mná ag druidim leis. Minic a chuir sé roimhe eirighe, ach ba drugal leis a áit áluinn aoibhinn dhiamhair fhágail go mbeadh a sháith ceoil is molta curtha amach dá chroidhe aige. Bhraith sé ar eirighe ach loic sé. Ba ghearr go raibh níos mó suime aige san té a bhí idtréim leis an mbás ná in a chuid céoil. Chuala sé a glaodh ar fhóirthighin nach raibh le fághail. Chonnaic sé ag sgiorradh den gheata í, & ag tuitim le torann bodhar san uisge. Chonnaic sé an troid a bhí sí ag iarraidh a dhéanamh in aghaidh an bháis.
Bhuail faitchíos é & í mar bheadh sí ag bualadh an uisge le n-a lámhaibh. Chonnaic sé na lamha ag dul síos dó réir a chéile. Ní raibh le feiceál sa deire aige ach méar dá tarraingt féin síos … Leathuigh sé a sgiathán. D'eirigh sé. Chuir sgréach sgann- ruighthe as. Thug cúpla corr san aer. Ó thuaidh ar dtús. Corr eile soir. An corr deire ó dheas caol díreach gur bhain sé an tom coille amach atá ar chúl tigh' Sheáin Mhóir i gCill-Mhíne.
CAIBIDIL VIII TRIOBLÓID Bhí Jean agus Brian moch go maith ag an mbearraic an mhaidin dár gcionn. Bhí athas mór ar Sheán nuair chonnaic sé ag imtheacht iad, go raibh an carr ag saothrú airgid an Fhranncáigh chomh luath sin. Bhí Dic go suanmhar ar an sínteán, gan aon cheapadh eirighthe aige, nuair buaileadh ar an doras. B'fhada chaith Jean ag bualadh, & Brian ag speacadh, sul a bhfuaireadar aon áird. Cé bheadh ann chomh moch sin ar maidin? Ní bheadh aon deifir ar an Niallach ag teacht amach, mar d'iarrfadh Marie air bricfasta a chaitheamh leo, & bheadh moill mhór air. Ní ionsuighe a bheadh ann, mar ní raibh an “galar” sin ar fud na tíre fé'n am seo. Ní hé Jean a bheadh ann? Nach ndeachaidh S. Ó Néill isteach ag tíodhlacan a mhná! D'fhéach bean an tSárgint amach. Ní codladh trom a bhí uirthi. Bhí aicis uirthi nar mhol Marie an gúna sul ar imthigh sí. B'é Jean a bhí ann gan aon amhras. Bosga nó rud éigin a ndearnadar dearmad air an oidhche roimhe! Rith sí anuas staidhre & í ar bheagán éadaigh. Dhúisigh Dic, & leigeadh an bheirt isteach. “Dia is Muire dhíbh,” arsa Jean.
“Dia is Muire dhíbh féin,” arsa Dic, & íongnam air. “’Na codladh fós! Breagh é sin. Chaith sí an oidhche go maith? Cá bhfuil a seomra? “Nach ndeachaidh sí isteach chugat trí — cheithre h-uaire ó shoin & S. Ó Néill ghá tíodhlacan. Nar casadh díbh iad? arsa Dic. Chuimhnigh Brian air féin, & níor dhubhairt focal. “Ná bí ag magadh fúm,” arsa Jean, “dona atáim in-ann chuige, & a ndeachas thríd aréir.” “D'ar m'anam go ndeachaidh! D'fhág sí seo ag an ceathair. Ní headh, ach cúig nóiméad in a dhiaidh. Sgríobhas san leabhar é,” arsa Dic. “Teasbáin an leabhar,” arsa Jean. Chuaidh Dic isteach & chuir ainm Marie síos le peann-luaidhe. Dhearc sin an-amhrasach. “Ní chreidim do leabhar. Ar dhul isteach duit sgriobhais é seo,” arsa Jean go feargach. D'eirigh Ginti & Mac Giolla Bhuidhe nuair chualadar an chainnt láidir thíos. Anuas leo gan bróga gan casóga. Bhí buile ag teacht ar Jean. Cá mbeadh sí chor ar bith? A Thighearna! agus a ndeachadar beirt thríd an oidhché roimhe sin! Bhuail fonn gáiridhe Brian. “Cá bhfuil sí? Cá bhfuil sí?” arsa Jean ag tosú ag fuair-chaoineachán. “Is mór an t-íongnamh í imtheacht mar sin uait, mar do réir deallraimh bhí grádh mór aici ort,” arsa bean Dic. “Is aici bhí, arsa Jean, ag craitheadh a chinn & ag trio- muighadh a shúl. “Ní thiar ag teach an Mhinistéara bheidís ag imirt Tennis? Chualas go gcuireann na Franncaigh an spéis san gcluithce sin,” arsa Gintí. “As do chéill atá tú!” arsa Brian. “Bean ag imirt Tennis ag an ceathair a chlog ar maidin! Rud eile, ní
raibh Ó Néill in-ann imirt, & táim cinnte nach ndúiseochaidís bean an Mhinistéara.” “Marach S. Ó Néill a bheith in aonfheacht léi déarfainn gur báidhte i bpoll, nó i loch abheadh sí, ach ní thuiginn sa domhain cá mbeadh seisean,” arsa Jean. “Cibe ca bhfuil siad, in aonfheacht atá siad, ar nós na gcearc bhfraoigh,” arsa Dic. “Bí do thost!” arsa Jean, mar níor thaithnigh an smaoineadh leis go mbeadh fear ar bith eile ag déanamh mór tachais le n-a mhnaoi. “Ní ag snámh a rachaidís?” arsa Gintí. “Diabhaltaidhe meirbh cheapann tú an aimsear a bheith,” arsa Brian. Bhí a mhór-dhóthain feirge ar Jean fé'n am seo. Ba léar dó go raibh fiodh-mhagadh ghá dhéanamh faoi & ba río-dhona bhí sé in ann é fhulaing. “Chualas cad dubhairt an Dochtúr arér?” ar seisean. “Chualas” arsa an Sárgint. “D'fhág sé a cúram ort-sa go dtagainn-se in a coinne ar maidin,” arsa Jean. “Fíor dhuit, arsa Brian ag cur tuille mioscais ar bun. “Thug tú t-éitheach!” arsa bean Dic. “Ce'n caoi an gcluinfeá.” “Chuala & tusa, & iad seo freisin. Nach raibh cluas le éisteacht ar chuile dhuine agaibh ag an doras, fhad is bhí an Dochtúr sa seomra, sibh ag sgitaighil & ag gáire & an bhean bhocht tinn.” Rug Dic air le n-a thachtadh & le na bhualadh amuigh fé'n ngeata. Rugadar ar fad air. Fear láidir b'eadh Brian. Rug bean Dic ar chois air. Leis an speachadh bhí ar Bhrian fuair sise speac a bhuail a drom leis an mballa & gortuigheadh go mór í. “Ná leagaidh lámh ar an bhfear sin! Tá droch-obair ar
siúbhal agaibh. Choibrigh sibh mo bhean,” ar Jean “agus íocfaidh sibh as.” “Nach bhfuil bean agam-sa dom féin?” arsa an Sárgint “Tá, spéir-bhean!” arsa Brian nuair bhain sé craitheadh as féin. “Maidir le S. Ó Néill, T. Gintí, & Adolphus Mac Giolla Bhuidhe — taid uilig luaithe, & béidh ag pósadh roimh an Gheimhreadh. Nach mbéidh?” arsa Dic. “Béidh a Shárgint!” ar siad-san in-aonfheacht & go h-árd. “A bhréagadóirí!” arsa Brian. Thug Dic áladh eile faoi ach shábhail Jean é. “Brisfear chuile mac mháthar dhíbh” arsa Brian. “Fé gur leigeabhar bean an fhir eile uaibh & sibh gealladh go dtiúbharfadh sibh aire di. Ar ndóigh, níl focal tincéara agaibh.” “Go mbrisidh an donas do mhuinéal!” arsa an Sárgint go h-íseal. “Go mba tuisge leat féin é,” arsa Brian go h-árd. “Cuirfead casaoid isteach ort,” arsa Jean le Dic, & “brisfead thú, má fhéadaim.” “Cuir,” arsa Brian. Chaith an bhean í féin ar an talamh. Ba mhór an t-ár í ag béicigh & ag gol. Thóig Ginti le leath laimh í & chuir na seasamh le balla í, mar dhéanfá le maide. “Táim ag dul siar chuig oifig an phuist anois, go gcuiread tein-sgéal chun bealaigh” arsa Jean. “Ní bheidh siad na shuidhe,” arsa Gintí. “Is gearr bhéas mise ag dúiseacht Miss Céin. Ní codladh trom a bhíos uirthi” arsa Brian. Bhíodar beirt ag dul amach an geata ag dul siar, nuair buaileadh S. Ó Néill orra & gan puth dá anáil aige, & é trom tuirseach.
“Cá bhfuil mo bhean?” arsa Jean. “Amuigh ag Loch Fheichin,” ag tarraingt duirn ar Bhrian, ach theann sé uaidh. “Céard tá sí a dhéanamh annsin.” “Ag dathadóireacht. Ruaig — dubhairt sí liomsa bualadh abhaile dom féin nuair nach snámhfainn chun an oileáin di.” Rinne Brian gaire croidheamhail. “Cé thug ann í?” arsa Jean. “Í féin.” “Agus céard thug tusa ann? “Go spáininn an bealach di.” “Agus thángais abhaile d'á h-uireasbhaidh? “Tháinig. Ní cheapann tú go rachainn dá tarraingt in mo dhiaidh nuair nach raibh fonn uirthi féin a theacht.” “Cá bhfuil sí anois? “Ar bhruach Loch Fheichín. Nach n-abraim leat gurab eadh.” “Bhfuair tú cead ó'n Sárgint an bearraic fhágáil?” arsa Jean. “Féidir liom imtheacht uair, no lá ar bith is mian liom. Tá laethe saoire agam fe lathair i gcóir na gCleas lúth,” arsa an Niallach. “Má tá ní le imtheacht le mnaoi fir eile é,” arsa Jean ag bualadh a choise fé'n talamh. “Níor imthigh mise le do mhnaoi,” ar seisean ag féachaint go fíochmhar ar Bhrian. Ba mhór é athas na ndaoine eile nuair chualadar chomh dána & bhí an Niallach ag cainnt. Ní brisfidhe an Sargint ná ceachtar aca. “Bhfuil aon barramhail agat cáide go dtagaidh sí, nó an gceapann tú go bhfuighidh sí an t-éolas? arsa Jean. “Ní'l baoghal nach bhfuighidh, tá togha eolais anois aici. Tuigh leat bheith ag súil le tuairm a trí nó an ceathair,”
“B'fhearr dúinn a dhul amach in a coinne, a cháirde,” arsa Jean, ag suaimhniú. “Cé fiú dhuit é?” ar siad-san. “Glac tú féin go réidh. Tháinig Jean & Brian abhaile. Níor bh'fhiú le Gintí ná le Mac Giolla Bhuidhe dhul a chodladh in ath-uair, ach chuaidh an Niallach, nuair bhí a sháith ithte, & a dhóthain gáire déanta aige fé'n mnaoi a bhí as a céill. Bhí cineál imnidhe ag teacht ar Bhrian. Má bhí aon tsnámh ag Marie béidir go bhféachfadh sí leis an oileán a bhaint amach & báidhfidhe í, & b'eisean bheadh cionntach le n-a bás. Bhuail cumha in a diaidh é. Thiomáin an capall go réidh. D'fhéachadh sé in gan-fhios ar Jean, ó am go h-am, agus truagh in a chroidhe aige dó. Dochas láidir in a chroidhe a chéile caoin fheicéal trathnona. É d'á fheicéal do Bhrian gur báidhte ar bhruach an locha nó an oileáin a cífidhe í. Ba ghearr go raibh sé in a sgéal mhór ar fud an cheanntair gur imthigh an bhean Franncach. Bean an tSargint a d'innis do Miss Céin é & chuaidh sise siar ar a rothar, & an guthán ag preabarnaighil gur innis do mhnaoi an Mhinistéara é. Bhí a mhalairt de phort ag Brian, ach ní sheineadh sé é nuair bhíodh Jean in éiseacht. Se'n sgéala chuir seisean amach gurbh é an chaoi ar mheall an Niallach ar siubhal go Loch Fheichín í, agus nuair fuair sé anach go raibh sí pósta gurbh é a báthadh a rinne sé, i gcruthamhnas duit, gurbh iomdha crot a cuireadh ar an sgeal. Gach duine do réir a inntinne féin. Bhí sluagh beag cruinnighthe ag an mbearraic nuair ceapadh Marie bheith ar ais. Marach ceo beag bhí ag tuitim béidir go rachaidís in a h-airicis, nó piosa mhaith den bhealach go Loch Fheichín.
Bhí S. Ó Néill go cainnteach le chuile dhuine & é ag déanamh íongantais fé'n moill a bhí uirthi. Bhí an Cléireach, Fear na bhfataí, & na síothmhaoir san seomra lae & a mbraoinín póitín ós a gcomhair. Sheasadh Dic amach amannta, a lámha in a phócaibh aige, cnaipí uachtair a chasóige fosgailte aige, 'tabhairt aeir dá mhuineál. D'fhéachadh suas ar an gcnoc, ach ní raibh aon fheicéal uirthi. Bhí Jean agus Brian réis a theacht. Cé'n mhoill a bheadh ar Mharie? Amugha sa gceo a chuaidh sí go cinnte! Bhí Jean ag cailleadh a chuid foighde. Caithfidhe rud éigin a dhéanamh. D'iarr sé orra go léir a theacht leis go Loch Fheichín. Tháinig, & thug cúpla guna leo le urchair a sgaoileadh ionnus go dtuigfeadh Marie, cibe cá mbeadh sí, go rabhthas sa tóir uirthi. Rachad bean an Mhinisteara leo marach go raibh a ceann dá sgoileadh le tinneas cinn & a buidéilin Aspirin Tablets i gcúl a glaice aici. D'fhan sí sa mbearraic léi féin gur taghadh ar ais. Shroiseadar an loch. An Sárgint ag puthaighil & é báidhte le allus. An méid sin níor shiúbhail sé o'n lá a ndeachaidh sé leis an bhfear as Pollach, go Teach na ngealt. Béigin' do bualadh faoi ar thulán go leigeadh a sgith, & go dtuiteadh an t-allus de. “Seo í an áit ar fhágas í,” arsa Ó Néill. Ní raibh tasg na tuairisg ar Marie. Thosuigh Jean ag glaodhach in árd a ghutha, ach freagra ó na béilín díl ní bhfuair. Bhí an Niallach ban le h-eagla. Mhionóch Brian Ó Dugáin rud ar bith, mar ní raibh aon choinsias aige. Bhí brón anois air nar fhéach leis an loch a shnámh di, dul sgaithin, & leigint air go raibh sé ghá bhathadh Casadh isteach arís, & bheadh
an cheist socruighthe. Dá ndéanadh ní faoi uisge dorcha Loch Fheicín bheadh Marie anois. Cuartuigheadh thart le taobhaibh an locha. Connacthas gur baineadh an díon & cuid de na maidíbh den bhothán. Dubhairt Ó Néill go bhfaca sé an ceann air & é ag fágháil an amhairc dheiridh ar Mharie & ar an ngleann. Soir leo go dtí an tráighín ghainmhe. Fríothadh a hata annseo. Phóg Jean go díl é & chaoin a sháith. Tamall beag ó'n áit seo fríothadh cúpla maide mór & píosa de shugán orra, ach cá raibh “Uimhir a h-aon” & an mac-samhail? Ar thóin an locha nó fé na bruachaibh! Sin nó í da dtarraingt sios léi &greim an fhir bháidhte thíos orra. B'in cruthamhnas soilléir gur fhéach sí leis an oileán a bhaint amach ar na maidi & gur imthigheadar ó chéile & í tamall fada amach i lár an locha. Suidheadh síos. Jean ag féachaint ar an oiléan uaigneach i lár an locha. Deora móra goirte ag tuitim mar bhraonachaibh móra drúchta uaidh ar an bhfraoch le cumha in a diaidh siúd dár thug sé grádh & gean a chroidhe. Ghlacadar comhairle le chéile. Sí an bharramhail ar ar chineadar — “gur fhéach Marie le dhul chuig an oileán ar dhá mhaide nó níos mó. Gur bhris an súgán a bhí dá gceangal & nach raibh aon mhilleán ag dul dón Niallach. An Cléireach a sgríobh é seo mar bé a sgríobhadh rud ar bith mbíodh “tábhacht” ann. Chuir na síothmhaoir go léir a n-ainm leis, ach ní chuir- feadh Brian ná Jean. Bhí faoi an chúis seo phléidhe agus sásamh fhághail ar ais nó ar éigin. Ba mhór é chuma & cantal croidhe Bhriain. B'é ba cionntach leis an obair ar fad ach nach raibh sé de mhisneach ann labhairt. Néall níor chodail Jean an oidhche sin, ach a hata aige in a
lamhaibh — hata an t-é a d'imthigh. Dá mbeadh sí ar na sléibhthibh nó ar an oileán féin nach mbeadh sí caillte le ocras. Da mbeadh sí ar an oilean nach bhfeicfidhe í agus nach gcluin- feadh sí a ghlaodh — an ghlaodh nar freagruigheadh. Chuaidh lá nó dó thart. Truagh i gcroidhe gach duine do'n Fhranncach ar báitheadh a bhean. Is siorruidhe & is buan dóchasach é croidhe coda de na daoinibh. Ba duine aca sin Brian. Ní bheadh Dia chomh dona & go mbáithfeadh sé bean mar í, a bhí uasal in-anam agus glan í gcroidhe. Níor shíl Brian gur chuir sí fearg air ariamh. Néall níor chodail se ar feadh dhá lá ná néall nior tháinig ar mhuintir an bhearraic ach an oiread. Bhí tuar na triobloide le feiceál ins na spéarthaibh — go mór-mhór san spéir dhuibh bhí amuigh os cionn Locha Fheichín. Bhí muintir Chaisleáin Bhaile Atha Cliath go gnothach le linn an ama seo, ag iarraidh freagartha a thabhairt ar leitreachaibh & air thein-sgéalaibh Jean. Iad ag iarraidh a gcáil & a gcliú a sheasamh chomh mhaith & béidir & gan aon mhasladh a chaitheamh ar shíothmhaoraibh Chill-Mhíne. Bhí Miss Céin ro-chorruighthe & ro-fhaithcheach le aon cheann de'n ualach leitreach a fhosgailt. Bhí eagla uirthi. Nach mbeadh na dligheadoirí ba mhó in Éirinn i gCill-Mhíne lá ar bith? Chuir Jean fios ar dhuine de na dhligheadhóiribh ba mhó cála i n-Ath Cliath. Tháinig ard chigire Síothmhaor anuas, & dhá dhligheadóir eile leis. Tháinig an Cigire Ceanntair aníos & a inghin — Mabel — san ngluaisteán leis & freagra sgríobhtha roimh-ré aige ar gach ceist d'ár cheap sé cuirfidhe air. Bhí an Coiste Coroinéara ar bun i dteach na cúirte & Seán Mór i gCeannus. Bhí na “h-uaisle” seo ar an gCoiste leis — an Cléireach an Ministéar & a bhean, Tomás
Pheadair & ceathar nó cúigear eile. Bhí an Cigire Ceanntair & a dhligheadóir ann i n-ainm na Constablachta Rioghamhla “Gaedhealaighe,” Brian, an Dochtúr Beag & Jean mar fhiadhnaisibh. Jean an chéad duine a ceisnigheadh. Dubhairt go raibh sé ag teacht go Cill-Mhíne ar a leitheid seo de lá chun laethe saoire chaitheamh ann & go ndéanadh a bhean roinnt dathadóireactha; gur bhuail tinneas in aice an bhearraic í. Gur thugadar isteach ann í. Gur tugadh an Dochtúr chuici, & gur orduigh sé í fhágail san mbearraic an oidhche sin i leabaidh di féin. Gan gleo ná torann cur isteach uirthi go dtagadh sé in a coinne ar maidin. Gur fhág an Dochtúr a cúram ar an Sárgint. Gur leig sé uaidh ag an ceathair a chlog ar maidin in-aonfeacht le duine dá chuid fear í chuig loch sé mhíle ó bhaile, & nach bhfuair aon amharc ó shoin uirthi. “Bhfuil céad ag siothmhaoir bearraic fhágáil gan cead?” arsa dligheadóir Jean, le Dic. “Níl ach le cead uaim-se,” ar seisean. “Raibh an chead sin aige?” “Ní raibh.” Cuirtear S. Ó Néill fé ghlas fhad is tá an Coiste ar suidheachan!” arsa an t-Árd Cigire. Cuireadh. Buidheachas le Dia nach raibh aon rasúr ag an Niallach. Mhionuigh Brian gurbh é a thug isteach iad chomh fada leis an mbearraic & nuair tháinig amach an mhaidin dár gcionn go raibh sí imthighthe le Ó Néill cé gur dhubhradar go léir gur isteach chuig a fear sa teach ósta a tháinig. Gur síleadh é féin a mharbhú in aghaidh an gheata marach, Jean a shábhail é. Mhionuigh Gintí, an Sargint & feas na bhfataí gur friothadh a hata & cúpla maide ar fhéach sí le dhul ar an oileán leo, ar thráigh an locha.
“Cé mhéad duine chuaidh chuig an loch leat?” arsa an Cigire Ceanntair le Cléireach na Cúirte. Chaoch an Sárgint a shúil air. Chonnaic Brian é. “A Chathaoirligh, bhfuil sé ceadmhach ag fiadhnaise súil a chaochadh ar fhiadhnais eile i gCúirt mar seo,” arsa Brian. “Cé rinne sin? Níl sé ceart coir ná fuleamhnach,” ar seisean ag bualadh a bhuird. “Innis dúinn cé bhí leat nuar chuadhais chuig an loch athrú indé.” Labhair an Cléireach go faitcheach. Ní dhéanfadh sé cúis dá léitheid gan bheith díreach cneasta & an pósta “uasal” a bhí aige. Ba mhaith leis an Sárgint a chosaint, ach bhí a sháith ar a aire & é féin a chosaint, béidir. Go h-Acaill leis an Sárgint! “Mé féin Mac Úí Chana (fear na bhfataí) an Sárgint & a bhean Mac Ui Néill, Mhic Giolla Bhuide & Gintí,” ar seisean. “An bearraic ar fad, nach h'in é in aon fhocal amháin é?” arsa an D.I. “Sé,” arsa an Cléireach. “Cé d'fan i mbun an bhearraic?” “Mise,” arsa bean an Mhinistéara. “Cuirtear Sárgint Dic fé ghlas go maidin,” arsa an D.I. “Níl aon mhillean agam ar an mbeirt eile!” Mhionnuigh fear an bhfataí gur ghlacadar comhairle le chéile ar bhord an locha & gurbh í an chomhairle ar chineadar uirthi-gur báidhte bhí Marie; gur chuir sé féin & na síothmhaoir a n-ainm leis, ach nar chuir Jean ná Brian “Sórd run diamhaire é seo,” arsa na dligheadóirí. Leig Jean osna, & bhí meirbhcheann ag teacht air nuair dubhradh cathaoir & deoch uisge thabairt chuige. Tugadh. Glachadh comhairle ar feadhceathramha uaire Sheas an Cathaoirleach suas & dubhairt.
“Cineadh go gcuirfidh an Coiste seo ar ath-ló go rachthaidhe & go bhfeicidhe an loch.” Béidh Sárgint Dic, & Ó Néill fé ghlas go dtí sin. Béidh an Coiste ag dul go gleann Fheichín amáireach ag fagháil an bhearraic ag ceathramha roimh an h-aon déag, & ag filleadh ag an trí i gcóir lóin. Duine ar bith ar mhaith leis teacht leis an gCoiste & faisnéis ar bith atá aige thabhairt dúinn beithfidhe buidheach.” “Lón ag an trí a chlog, agus an bhean is áilne dár oil tír na Fraince ariamh ar Íochtar Locha Fheichín! Go bhfóiridh Mac Dé orainn! Nach beag an truagh atá aca d'a fear, ná dá muintir! Bhfuil aon chroidhe ná grádh Dia ag locht airgid chor ar bith? Nó an gcuireann siad suim i dtada ach in a mbolgaibh, & in aoibhneas an t-saoghal reo?” arsa sean bhean, as an gCladach beag. “Dheanamh chroidhe mais,” ach pléaráca & airgead. Ní'l aon ghrádh-Dia mar ghrádh-Dia na mbocht,” arsa sean bhean eile as Leitir fraoigh.
CAIBIDIL IX AR BHORD AN LOCHA Bhí tír agus talamh cruinnighthe ar thaobh Locha Feichín ag an dó-dhéag lá ar na bhárach, mar bhí sé 'na sgéala mhór ar fud na dúithche go raibh an coiste eagnach le cuairt a thabhairt ar an áit & le n-a mbarramhail a thabhairt. Tháinig sean-fhir nach ndearna aon bhlas cnocadóireachta le seal fada roimhe sin agus a sh'il nach ndéanfadh go deo arís. Sean mhná, bhí lag lúbach a raibh níos mó fiosrachta na diagantacht ag baint leo. Páistí beaga sgoile bhíodh dá leagan, dá mbasgadh, & ag dul ó shiúbhal sa bhfraoch. Bhí chuile dhuine i gCill-Mhíne ann raibh aon láthar ann, & coiste an gCleas luth arfad, ach amháin an Mhinistéar & Miss Céin. Bí air-san an baile fhágail an mhaidin sin agus bhí ar Miss Céin an guthan a aire, a léitheid de phreabadh ní dhearna sé ariamh — ó tugadh go Cill-Míne é! Ag gléaradh arfeadh an láe! Tein sgéil ag teacht ó gach áit san Europ ag fiasruighe raibh aon fhágail ar Mharie. Seachtmhain eile a sheasfadh an obair sin, agus bheadh sí marbh sin, nó fios a chur ar bheirt chongantóir go Baile Átha Cliath bheadh sár- chliste & sároilte ar an gceird uasail. Bhí sluagh mór ar an tráighin bhig ag an gceann thoir dén loch ag féachaint ar na maid í! Sgata eile ag féachaint ar
lorg na gcos. Iomdha páiste & sean bhean a choirsig a malaí leis an mbraoinín uisge bhí i sál cinn aca. Sluagh eile ag an gceann thiar san áit ar shuidh sí, agus a ndeachaidh sí amach. Plód eile ag sgrúdú an t-sean bhotháin ar bhain sí an ceann de. An coiste eagnach & na shiothmhaoir ach amháin Gintí bhí ar gárda sa mbearrac, ag siubhal go troighmhall timcheall an locha & ag féachaint isteach fé na bruachaibh. Jean agus a dhligheadóir, Tomás Peadair, & Brian in aon ceathar amháin ag dearcadh i dtreo an oileáin, leigeadh amach an Niallach agus Dic le theacht leis an sluagh, ach ní raibh a seal géibhinn thart fós aca. Ní rabhadar ach ar “paról.” Glaodhadh ar an sluagh mór fré chéile. Bhuail uamhain agus athás iad san am chéadna, ag ceapadh gur faighte bhí Marie, ach níor bh'eadh. Iomdha osna thruaghmhéalach a leigeadh leis an mealladh baineadh asta. Seasadar timcheall ar an gCoiste ar an tráigh & ar na cnocáinibh. Bhí a ndóchas caillte. Léigh Seán Mór an bharramhail ar ar cineadh. B'ionann í agus barramhail an lae roimhe sin — gur fhéach Marie le dhul ar an oileán ar dhá mhaidhe nó níos mó, gur sgardar ó n-a chéile & gur báthadh í. Gur tháinig na maidí agus a hata i dtír & gur dhóiche nuair bhí sí ag stracadh leis an mbás gur thug sí “Uimhir a h-aon,” & an mac-samhail síos le go tóin puill & go raibh greim aici-se thíos orra.” Narbh bhronach doilighearach an smaoineadh é go raibh an bhean ba h-áilne ba mhúinte ba ghlaine & b'uaisle dár thóig an Fhrainc ariamh ar thóin an lócha sin! Sgal an ghrian amach go lonnrach soillseach. Thagadh smeamha gaoithe aniar go mín réidh socair ar dhruim an locha a dhubhuigheadh í go sealadach, & a chlúduigheadh sgáilí na sléibhte mór a bhí le feicéal thíos futha san loch. Fada amach a b'féidir fheiceál iar n-imtheacht do na leoithne gaoithe. Bhí clocha féar, builleoga báidhte, luibhearnach, fréamha crann
giúis, le tabhairt fá ndeara suim mhaith achair amach. Nar dheas & nar mhaordha an luasga a ghníodh na builleoga báidhte nuair bhuaileadh gaoth iad? Nar dheas a bhí na dathanna comhmheasgtha? Buidheacht an chroidhe. Báineacht na duilleoige & glas-uaithneacht an uisge mór-thimcheall? Narbh íongantach áluinn an comhthaobhacht é, gidh nar lámh shaolta chuir le chéile iad. Rud ar bith ar chumaraidheacht duine a cití san uisge ceaptaoí gurbh í Marie a bhí ann. An sgannradh & an sgáth a thagadh ar an sluagh amannta! An crith-ball & an imnidhe a thagadh ar an Niallach! Nar raibh an imnidhe & an aicís ag ithe an chroidhe as! Sgal an ghrian ní ba láidre. Chiuinigh aghaidh an locha. Rinne sí clár, amhail & dá mba leacoidhre í. Bhí léargus le fághail ní b'fhuide amach ar an tanuidheachan go h-imeall an duibheacáin duibh ghuirm a bhí mar chroidhe dubh i lár an locha dhoimhin. “A Thomáis! a Thomáis! an bhfeiceann tú tada annsúd amuigh?” arsa Brian ag sineadh a mhéire idtreo roda ar dhéanamh duine ar íochtar an locha. “Ní fheicim, ná tusa, ar do shúili atá sé.” Shín Brian a mhéar arís. Sgal grian ghlórmhar Neimhe ní bá láidre amhail agus dá mb'é a toil deis a thabhairt dóibh ar gach bealach.” “Tá rud eigínt ann,” arsa Tomás. “Tá duine saolta ann. Bhfeiceann tú na géaga sínte amach uaidh,” arsa Brian. “Féach anois! Breathnuigh! bhfeiccann tú an t-éadan siúd, agus an lámh mhar beadh sí ingreim i rud éigin.” “Dar siad tá, duine ann gan aon bhréag.” Ba ghearr go raibh sluagh mór cruinnighthe thimhcheall na beirte & súil gach n-aon ar an rud san loch. Sguabh smeamh eile aniar go díreach ós cionn an chuirp a chuir ó léargus orrtha é go ceann tamaill bhig. Bhuail
fuacht is crith an sluagh mór fre chéile. Ní debhárr fion- fhuartas an smeamha gaoithe é ach de bhárr corruigheachta is sgáth. Fríothadh léargus maith air arís. Colbha na ndaoine ag brúghadh isteach go raibh na daoine ar imeall an locha i gcon- tabhairt a dhul in uisge. “Bean í,” arsa Brian, “bhfeiceann sibh an guna & an muineál leis & fosgailt crúibe ar a láimh.” “Bean í go cinnte,” arsa an Cigire Ceanntair. “A Mharie! a Mharie!” arsa Jean & thugiarracht ar léimneacht amach, ach rugthas air. “Go ndéanaidh Dia trócaire ar a h-anam gléigeal” “Amén, a Rí na bhfeart!” arsa an sluagh & d'fhreagair mac-alla íseal lag brónach sna cnoca' iad. Chaith Jean é féin ar a bhéal & ar a fhiacla sar bhfraoch le teann cumhaidh is briseadh croidhe. Ní raibh bean ná girseach sgoile san sluagh mór sin fré chéile nach ndearna comhbhrón ar an gcao is dual. Nar chaoineadar Marie na Fraince chomh mhaith is a caoineadh aon bhean ariamh. Dá mbeadh sí gaolmhar aca ní móide go gcaoinfidhe leath chomh maith í. Thosuigh bean Dic & an Mhinistéara ag snugaighil freisin, ach níorbh ó'n gcroidhe é. Bhfuil dream ar bith ar domhain is truaillidhe is suaraidhe is tútaugh na lucht comhbhróin bhréagaighe? Ní'l, ní fhéadfadh a bheith. “Tugaidh isteach an corp!” arsa an Cigire Ceanntair le Dic & leis na Niallach. Ní dhearnadar beirt ach teannadh ó imeall an uisge. Da mbeidís ós cionn leith-chéad feadh ní fhéadfádh a sgannradh bheith pioc níos mó már bhánuigheadar amhail is dá mbeidís le dhá mheirbh cheann a chur díobh. “Ná téigh! ná téigh!” arsa an bhean go truaghméalach
le Dic. “Báidhfidhe thú a chuid,” & tharraing sí léi as an sluagh é. “Fan amach a bhean!” arsa an Cigire Ceanntair. “Sa mbaile ba chóir duit a bheith.” “Teannuighidh uilig siar!” arsa Brian ag cur a bhoise san aer. “An mise nó tusa atá i gceannus annseo?” arsa an Cigire. “Múchadh is bathadh ort féin & ar do threibh! Cé'n bhaint atá agat-sa do'n áit seo ach oiread liom féin?” arsa Brian, ag strachailt bun fraoigh & dá changailt, ar nós leomhain, ag crinneadh cnámha, mar bhí gearradh fiacal & colg uathbhásach air, gur theann na mná uaidh amach. “Béarfad-sa isteach í,” arsa Tomás. Ní leagfaidhe aon phílear lámh uirthi nó caillfidhe mise leagan leis.” D'eirigh Jean ar chloisteál na bhfocal & go bhfaghadh sé amharc ar chuid dhíl a chroidhe & go bhfághadh sé aon phóg amháin eile ón mbéal fliuch fuar sin. Le duadh a bhain Tomás an corp as greim. Bhí a chuid éadaigh i bhfastó i bhfréamh giúise de bhárr an oibrighthe is an anróigh a fuair sí ó'n mbás. Rug sé ar lámh uirthi ach chaill sé a ghreim. Bhí an lamh sleamhain toisg an cholainn bheith ag lobhadh is ag leaghadh! Gheibheann sé barróg ar an gcorp. Ní raibh aon chaoi eile chuige. Dá dtarraingeadh sé 'na dhiaidh í ní móide nach in a píosaí a thiocfadh sí i dtír. An osna chaol bhronach a leigeadh ar fheiceal an chuirp dá chrochadh as an loch. Ná mná & a n-aghaidh i bhfalach in a mbrataibh aca ag gol go truaighmhealach. Páistí na sgoile ag gol go h-árd … Ba bheag a b'fhiú Brian anois, & níor thaise leis an Niallach é. Gheobhaidís beirt priosún sglábhuidheach an róighteach saoil go lobhadh a gcnámha.
Leagadh an corp ar an mbruach. Ba le duadh a coinnigheadh an sluagh siar. Níor sheas thimcheall air ach an coiste Fiosrachta. “Ní hí tá ann! Ní hí! dar m'fhocal nach hí!” arsa Brian. Moladh go deo le Dia!” Bhí Jean ag cromadh dá pógadh nuair thug sé an ghruag dhearg fá deara, & ná súile glasa leath-dhúnta iompuighthe san gcloigeann. Sgéin uathbhásach ionnta & a n-aghaidh ar spéir ghuirm ghlé-ghlain Neimhe. Chonnaic sé an drad manntach, an cóta tiugh cabhaile, an guna glas ceann-easna, ná bróga éadtroma tairgnighe … “Ní hí sin. Marie chor ar bith,” arsa Brian leis, & greim aige air dá choinneall uaithi. “Ní dóigh liom gurab í, ach an oiread,” arsa Dic. “Ní athróch' sí chomh mór sin.” “Ní hí! Ní hí!” arsa bean Dic. “Ní hé sin an gléas éadaigh a bhí uirthi chor ar bith.” “Bhfuil tú cinnte nach hí sin do bhean?” arsa an Cigire leis “Ní shílim gurab í.” “Ar mhiste leat cuntas cruinn a thabhairt dom i dtaobh do mhná?” “Gruag chatach dhubh. Súile móra cinealta lonnracha. Drad déad-gheal dluth. Cabhail-chóta bán dearg gan muinéal. Gúna gearr fillinéach, stocaí tanuidhe sgaileacha. Bróga buidhe láidre búclacha,” arsa Brian. “Nach raibh na comharthai aige chomh maith le Jean fein 'ndúnfá do chlab? arsa an Cigire leis. “Tá lom-chlár na firinne aige. Tá tá,” arsa Jean, & leig sé osna an-róighteach. Bean bocht í seo do réir deallramh & ní dócha gurab í do bhean í,” arsa an Cigire. “Bhainfeadh Marie an ceo de do chroidhe dá bhfeicfeá í,” arsa Brian.
“Ní bréagh!” arsa an Niallach ag iarraidh misnigh thabhairt dón Franncach. Chaith bean as an gCladach beag brat ós cionn an chuirp a bhí ag cur crith-feola ar gach duine dá bhfaca é. Ghlac an Coiste Comhairle le chéile. “Bean í seo a d'éaluigh as teach na ngealt i gCaisleán an Dúidín, mar fuaireas leitir ón Sárgint annsin,” arsa Dic. “Bhfuil an leitir agat?” arsa an Cigire. “Tá, níl, fan go bhfeicidh mé,” agus thosuigh ag cuartú a phócaí. Bhí barramhail aige go raibh sí aige, ach bhí cúpla rud san leitir nar mhaith leis an Cigire a léigheamh. Shín sé chuige í agus crith ar a láimh. Thosuigh an Cigire a léigheamh. Chuir gach duine cluas air féin: Dearc an Sárgint faoi san bhfraoch agus ar na sléibhte mágcuairt. “R.I.C. Bearraics, Caisleán an Dúidín, 23adh Iúl, 19 –. A Dic, a Chara Ionmhuin, D'éaluigh bean as teach na ngealt annseo ar an 2adh den mhí seo — an lá raibh an cruinniú puiblidhe ag Dallta Fionglaise annseo ar an gCearnóig. Bhí na geilt ag éisteacht le na chuid leibideachta. Bhí an oiread sin cainnte aige ar shaoirse & ar dhaoirse gur bhuail spadhar í, & gur éaluigh ar shlighe éigin i rith na h-oidhche. Ní'l fhios cé'n chaoi. D'fhéachas an na slinnte ar mhullach an tighe ach chinn orm lorg a méar ná a cos fhághail. Fuaireas focal ó'n Líonán gur facthas a leithéid ag déanamh isteach ar Chill-Míne & béidir dhuit í a fheiceál ag na cleasa luth. Cruinn-eolas: Áirde, chúig troigthe is ordlach go leith. Gruag dhearg, éadan bricíneach & ball dóráin fá na smig, ionga a ladhairicín deise dubh. Bróga éadtrom tairnighe
uirthi. Gúna glas ceann-easna, í manntach. Má fhághann tú aon eolas fúithi cuir sgéala chugam. Ní gádh díbh í chuartú. Béidir go bhféadfadh sibh tuairisg fhághall ó na páistí sgoile; nó béidir go mbuailfeadh sí isteach san mbearraic chugaibh ag iarraidh airgid. Béad ag súil leis an gCigire Conda annseo Dia Céadaoin. Bheinn rí-bhuidheach díot dá bhfhéadfá buidéal cáirt de'n stuf a chur chugam, mar cuireann sé an-spéis i mbraon de. Bhí an galún a chuiris chugamh fá Cháisg thar cionn amach sa 'mach! Bhí an-raic againn air. Cuirfead síol inniúin is meacan chugat in a leabaidh a fuaireas ó'n teach is mó le rádh i Sasana. Is dócha go bhfacas san “nGaset” gur mé an chéad duine eile ar an liosta i Muigheo i gcóir Cigireacht Ceanntair. Chuala tú freisin, is dócha, go rabhas luaidhte le inghin nic Giolla Phúdair — Bean na lása — i gceathramhain an Chait, ach óthárla go bhfuil Cigireacht indán dom anois sílim nach mbacfad léithi. Chualas go bhfuil inghean an-bhreagh ag an gCigire sin agaibh- se. Mabel atá uirthi, nach headh? Meas tú mbeadh aon t-seans agam? Nó meas tú cé'n baoite ba cheart dom oibriú? Is dócha gur fearr dom fanacht go mbidh D.I., in diaidh m'ainme. Is amhlaidh is treise mé, & is amhlaidh is mó a chuirfeas sí suim in mo chuid cainnte. Is mór is fiú an onóir & an t-airgead a mhic ó. Mise do chara fé chrios is bata, T. B. S. FÍORGHLIC, Árd Shárgint.” “Seo é an cineál leibideachta a bhíos ar siubhal agat-sa i leabaidh do ghnó a dhéanamh,” arsa an Cigire ag stróiceadh na leitre 'na píosaí, & ghá mbualadh san éadan ar Dic. “Dá mbeadh fhios agat,” arsa Brian, “Ar ndóigh níl meas madaidh ar dhlighe Shasana i gCill-Mhíne ó tháinig na
smístí seo. Ní bhíonn faic dá dheanamh aca ach, na gcodla is na gcomhnuidhe.” “Thug tú h-éitheach!” arsa bean Dic. “Ar ndóigh níor chodail m'fhear oidhche, na leabaidh le coicís ach amuigh ag dhéanamh a dhualgais dá thír 's dá Righ.” “Ma's eadh is istigh tigh Sheáin Mhóir é & a dhruim le balla aige,” arsa Brian & straois ghangaideach air. Cineadh narbh í Marie a bhí ann & fágadh an sgéal mar sin gur tháinig teinsgéal ó T. B. S. Fíorghlic á rádh céard a déanfaidhe le corp na mná ruaidhe. Laghduigh ar bhron Jean. Laghduigh ar bhrón na muintire eile mar an gcéadna. Go bhfeictí Marie fuar marbh, strumptha ag an mbás; na súile breagha úd dúnta; ná lámha & an aghaidh mhín mhánla úd gan corr, ní féadfaidhe a rádh go fírinneach go raibh sí ar shlighe na fírinne. Bhí aithin beag lag dóchais fágtha san bhFranncach fós. Bhí an Coiste i gcruadhchás. Bhí an cheist chomh h-aimhréidhteach is bhí ariamh. Ba chinnte go raibh sí san loch. Marach go raibh ní gheobhfaidhe an hata & na maidí. Dá n-imthigheadh sí in diaidh a cinn roimpí, nach bhfuighthi sgéala urrí nó nach bhfeicfidhe in áit éigin í. Tháinig an Coiste le chéile arís. Bhí cuid aca ag eirighe ocrach & tuirseach. Bhí deifir ag na dligheadoirí le na gcuid airgid, & bhí deifir orra chuig traen na h-oidhche le dhul go Baile Atha Cliath. Ba bheag a bhí Jean in ann a chaoineadh anois, In a diaidh siúd a tháinig ó thír i bhfad i gcéin le obair a dhéanamh a thuillfeadh urram, meas is cáil, do thír & d'inntleacht na Frainnce. Cineadh ar an mbarramhail chéadna a cineadh roimhe seo ach
ní aontóchadh Jean ná Brian léithi. Bhí Marie ró-uasal le n-a bathadh. Bhí an sluagh mór ag bogadh abhaile in a nduine is in a nduine & an cheist mhór socruighthe. Cheap seandaoine nar mhór do'n chorp a bheith naoi lá in uisge sul a n-eireochadh sé — dá n-eireochadh sé choidhche. D'iarr Jean orra seasamh. Sheas. “A cháirde,” ar seisean de ghlór lag caointeach. “Is cuma liom anois dá bhfaghainn a corp féin. Bheinn rí- shásta dá dtéigheadh duine éigin chun an oileáin. Béidir gur bhain sí amach é sul ar sgar na maidí. Bhéarfad luach saothair maith do'n té a dhéanfas é.” D'fhéach na síothmhaoir ar a chéile. D'fhéach gach duine ar a chéile. Ba léir dóibh go léir an stáir a bhí ag baint leis an loch. Nar tháinig cainnt na ndaoine isteach fíor? Thairis sin, daoine pisreógacha muintir Iar Chonnacht de ghnáth. Bhí Brian in a sheasamh ar imeall an bhruacha. Greim cruadh teann aige ar bhuidéilín bainne in a phóca. Bhí sé ghá fheiceál dó dá bhfuighthidhe go deo í go mbeadh sí dith-bheo cheal bídh. “Ba chóir duit fhéachaint leis,” arsa Bean Dic leis. “Ó seadh, le súil go mbáthfaidhe mé,” ar seisean go géar. Tá mise chomh ceanamhail orm féin le Dic nó le aon Chigire Ceanntair dár shlíoc a mhullach ariamh.” Bhí Tomás Pheadair ina sheasamh tamall ó'n sluagh. É ag féachaint go smaointeach i dtreo an oiléain. Níorbh é an t-airgead a shanntuigh sé. Beag an baol. Connacthas dó go raibh duine éigin ag glaodhach a bhí ingéibheann & í gcall. Bhí freisin, ach níor chuala é ach an té a bhí láidir i meanmain & neamh-fhaitcheach i gcroidhe. “Shilfeá go bhfuil tusa chomh brónach leis an bhfear ar bathadh a bhean,” arsa Brian leis. “Táim ag braith ar a dhéanamh,” arsa Tomás leis. “'Magadh táir?”
“Dar fiadh ní headh. Bheadh gráin agam orm féin go deó mara ndéanainn é,” ar seisean ag rith go cúl-shraidheach go bun bruaiche & ag sgaoileadh cuid dá chuid éadaigh de. Bhí bean Dic & an Mhinistéara ag dul síos chun na h-áite gur ghlaodh Brian orra. “Beag an náire sibh a stróinsí!” ar seisean. Níor bhféidir leis an sluagh brónach gan gáire a dhéanamh fé'n rud a dúbhairt Brian. Mo chuach thú, a Thomáis Pheadair múirnín ban is maighdean! mo chuach an taobh tíre a thóig tú! Nach hé an míle truagh gan an mháthair a d'oil go deas múinte thú, & an t-athair ar thugais uaidh an uaisleacht, & an meisneach croidhe gan a bheith in a seasamh ar bhruach Locha Fheichín & tú ag do chur féin sa gcontabhairt mhóir ar son duine nar leag tú súil fos ariamh uirthí! Ba mhór é uamhain & íongnamh na ndaoine nuair leig sé é féin amach san uisge. Brian ag guidhe ar chaoi nar ghuidh sé ariamh. Bhí dearmad déanta ar chuid de na paidreachaibh aige, ach ba chuma sin. Bhí an deagh chroidhe aige. Bhí Tomás ag cur an bhealaigh dé go deas réidh. Seal ag snámh ar a bhéal, seal eile ar a thaobh, ag sgoilteadh an uisge nar sgoilteadh le colainn duine leis na ciantaibh. Seasadh ar na cnocánaibh go bhfuighfidhe amharc ní b'fearr air & é ag teannadh leis an áit chontabhairtigh. Eagla & crith-croidhe orra uilig, nach ndéanfadh sé é. Uisge ag teacht ó shuilibh chaointeacha Jean, mar a shúil níor thóig sé dhe ó bhuail sé uisge. Lamh chruadh chnapach Bhriain i ngreim sa mbuidéilín ar eagla go ngoidfidhe uaidh é. Cuireadh gáir mhaoidhte suas a sgoilteadh sléibhte nuair facthas Tomás dá tharraingt féin isteach i measg fraoigh an oileáin, & ag cur a láimhe suas mar chomhartha gur bhuail sé ceann cúrsa go breagh! Smid níor labhair an sluagh mór go bhfeicidhe an dtiocfadh aon chomhartha eile uaidh. Jean, an duine bocht, ag dul san
ísligh-bhrigh. Gearr eile go mbeadh sgéala aige bíodh sé maith nó olc. Fhad is bhí Tomás dá chraitheadh & dá théidheadh féin, chuala sé osna éagcaointeach, thruagh-mhéalach, in a ghoire. Ó dhuine saoghaltach tháinig an osna sin. Bhuail critheadh is faithchíos é, cé nach duine faitcheach a bhí ariamh ann. Anonn leis go dtí an balla bhí thimcheall an tobair. D'féach go faitcheach síos, agus chonnaic an bhean áluinn uasal & í ag saothrú báis! Í ag séalú go mear & sgéin uathbhásach in a súilibh. An sgéin sin a thagas & an duine ag dearcadh ar an mbás. Céard b'fhéidir leis a dhéanamh ach leigint di bás fághail, & Liodáin na Marbh a rádh, & béidir go mbeadh innti freagairt! Ní raibh aon cheo aige le tabhairt di mara dtugadh braon as an tobar a fhliucadh a béal calctha, narbh eol dó ariamh cealg, ach glaine is fírinne. Thug. Tóg sé bosóg de'n uisge & leig go réidh ar a béal é. Narbh é an íoc — shlainte ag béal an bháis é! Tháinig roinnt mothuighthe innti iar bhlasta de'n uisge di. Rug sé ar láimh uirthi, ba fuaire é 'ná an leabaidh chloiche ar a raibh sí na luighe. A cuid éadaigh greamuighthe di le fliuchan. Leag-bhróg caillte aici. Bhí an dream istigh go mío-fhoighdeach. Tuige é bheith an fhad sin taobh istigh de'n balla? Ar tuitim san tobar a rinne sé? A Dhia dhílis! Ó chonnaic sé nar bhaoghal báis di go ceann sgaithín, léim suas ar bhárr an bhalla. Chuir a lámh san aer. Chuir an sluagh mór mío-fhoighdeach istigh cluas orra féin. An ghaoth aniar a sheol Marie ar an oleán sheol sí chuca an deagh sgéal ó Thomás — “Í annseo — dí-bheo!” “Moladh & gloire do Dhia,” arsa Jean. “Míle moladh arís dó,” arsa Brian. “Amén, a Thigearna,” arsa an sluag mór buidheach fré chéille, dá gcaitheamh féin ar an bhfraoch ag tabhairt buidhea-
chais & altuighthe do Mhac Dé, & d'freagair na cnuic iad. D'fhéach Tomás in a thimcheall. Chonnaic sé conablach an phictúr áluinn leagtha suas leis an mballa. Tarraingte isteach i measg an fhraoigh chonnaic sé an rud ar dhéanamh geata, & maide nó dhó imthighthe as. Le n-a ais seo, bhí “Uimhir a h-aon” & fraoch dá chlúdach beagnach. Bheadh sé láidir go leor le n-a coinneall suas. Leig sé “Uimhir a h-aon” amach le cóir. Sheolfad an ghaoth aniar, a thug an déagh sgéala léi, soir é. Bhain sé fraoch is fiontarmach mín bán. Chóirruigh go deas ar an ngeata é. Ach an pictúr! Connus a bféidir é a thabhairt i dtír gan a fhliuchadh? dá bhfliuchthaí é nach millfidh é. Thug sé an corp di-bheo amach & leag ar an ngeata é. Leag “mian a croidhe” ar a h-ucht, & a lámha míne bána os a chionn le n-a choinneall ó sgiorradh. Sháidh an geata amach ar dhruimh an uisge. Sáthach láidir i gcóir an ualaigh a bhí sé. Amach leis féin in a dhiaidh, & d'á sháthadh roimhe seal. Seal eile dá dhíriú. “Uimhir a h-aon” ag seoladh soir go deas dó féin. Aoibhneas, aiteas, ar sluagh mór fré chéile. Páiste na sgoile ag rinnce le áthas. Narbh iomdha Paidirín Beag a chuireadar chuig Dia ar feadh an ama ar son Mharie na Frainnce mar thugaidís uirthi? Nar chuala Dia an-impidhe sin? Chaithfeadh Sé. Tháinig Marie i dtír ag cosaibh a fir ar an mbád céadna le “mian a croidhe” Phóg seisean go díl í, maith a d'aithin sí an béal sin! An fhéachaint impidheach a thug sí air, & gan ceathramha cuid an t-slogha in-ann amharc fhághail ar an gcorp di-bheo. “Leag annseo í” arsa Brian, “bhí fhios agam go ndéanfá é, ar son Cill-Mhíne & tíre na h-Éireann buaileadh nar ariamh.”
Dubhairt an Dochtúr Beag leis an sluagh gan torann dá laighead a dhéanamh, & go mbéidir go dtiocfadh sí as. Marach sin, cuirfidhe gáir mhaoidhte suas a dhúiseochadh a raibh de chearcaibh fraoigh, crotach, is girr-fhiadh ar shléibhtibh Chonamara, & ghlanfadh leo le sganradh is sgáth. “Ocras is fuacht atá ag dul di,” arsa an Dochtúr, leagadh roinnt éadaigh uirthi. “Bhfuil tada ag aon duine a d'féadfadh sí ithe ná ól? ar seisean. “Ó tá,” arsa bean an Mhinisteara, ag síneadh chuige an bhuidéilín “Aspirin Tablets.” “Ag iarraidh í mharbú roimh ré atá tú!” arsa an Dochtúr. “Ndéanfadh braoinín bainne!” arsa Brian go réidh. “Sé íoc slainte an t-saoil é dá mbeadh sé agat? arsa an Dochtúr. “'S nach bhfuil,” ar seisean ag síneadh chuige an bhuidéilín & ag brúghadh mná an Mhinistéara as a bhealach. “Tá do luach saothair ceannuighthe go maith agat,” arsa Jean, le Tomás, & ag craitheadh lámh. Tharraing sé leabhar baince, & peann luaithe as a phoca, & bhí ar tí sgríobhtha nuair sgiob Tomás uaidh é. “Ní ar do chuid airgid a bhí mise ag cuimhniú chor ar bhith,” arsa Tomás. “Ní headh sin.” “Go deimhin féin ní headh,” arsa Brian, ag chur a ladair isteach. “Agus d'eile,” arsa bean Dic le mnaoi an Mhinistéara. Ach níor cluineadh an freagra. “Nois cábhfuil an Coiste eagnach?” arsa Brian & cáir air. “Na h-amadáin mhóra ó Bhaile Atha Cliath!” Labhair Jean leis na dligheadóiríbh. Glaodhadh ar leath taobh ar an gCoiste.
“Ba mhaith liom rud iarraidh ort,” arsa Jean, le Árd- Chigire na síothmhaor. “Strainséara mise san áit seo, agus ó tá mo bhean díl as con tabhairt bháis anois níor mhaith liom go gcuirfidhe tada as d'aonduine, & táim cinnte nar mhaith léith-se é, ach an oiread. Tá fhios agam go ndearna sibh bhur ndithcheall. Níor bhfeidir libh níos mó a dhéanamh, dá bhrigh sin, bheinn rí bhuidheach, ar son mo mhná, & ar mo shon féin, dá dtugtá maitheamhnas dó'n tSárgint & do Mhac Uí Néill. Táim cinnte nach raibh aon droch rún aca.” “Bhoil, ó d'iarr tú orm é, ní maith liom thú eiteach. Is eol dom a ndeachaidh tú thrídh, & déanfad sin duit, & fáilte, ach ní mór dóibh bheith níos cúramaighe feasta,” arsa an Cigire. “Go raibh míle maith agat,” arsa Jean ag craitheam láimhe leis. Bhí Brian in-éisteacht dóibh; nuair chuala sé cad a dubhradh bhuail buile é, ach nar mhaith leis labhairt, mar bheadh sé ag macnas le athas, dá mbeadh fhios aige go mbrisfidhe an Niallach & Dic. Nuair smaoineadh sé ar an dalladh mullóg a chuir sé ar an Niallach an oidhche úd, níor bhféidir leis gan gáire a dhéanamh. A leithéid de shásamh inntinne ní raibh ariamh aige! Cheap sé dá mbeadh a inntinn ag ceann de dhligheadóisibh móra Bhaile Átha Cliath go mbeidís sásta, & cé'n fath nach mbeadh? “Fanfaidh sibhse beirt annseo anocht ag faire an chuirp seo go mbeidh deis le na thabhairt as, & Coiste Coroinéara chur air,” arsa an Cigire Ceanntair leis an Niallach & le Mac Giolla Bhuidhe. “Fanfaidh,” ar siad-san ach ba in-aghaidh a dtoil é. Níor bhuail aicís ná sgáth an bheirt i gceart go bhfacadar an sluagh ag ísligh an ghleanna uatha abhaile, gan comhluadar ag an mbeirt irith na h-oidhche ach labtharnach na mion-tonn in aghaidh na mbruach. Ceoil caol caointeach a bhaineadh gaoth na h-oidhche as an gcíb mór-thímcheall. Crónán truagh-
mhéalach an t-srutháin ag dhéanamh ar an loch & aisti arís. Gan fasgadh ná dídean aca ón ngaoith ghéir ghaimhthigh adtuaidh, a shéideadh go cruadh thar maolainn cnoc, nach raibh le feiceál aca ach a mothar in am mharbhthach na h-oidhche. An loch ar dhath na dubhaighe futha thíos. An corp caithte sa bhfraoch ag cur a chodlata deire thairis. A thighearna! narbh aisteach uaigneach uathbhar an áit a raibh fós a bháis? Chodhluigheadar beirt tionuar nuair fuair an codhla an ceann-is-fearr ortha, ach ba bheag a b'ionann é & an codhla a ghnídis sa mbearraic ar a sáimhín suilt. Minic amach san oidhche a dhúisigheadh an Niallach de Bhárr an fhuaicht & crónán an t-srutháin sléibhe — dhá nidh raibh neamh — chleachta aige ortha. An léim a thugadh a chroidhe nuair d'airigheadh sé rud éigin ag corruighe san loch! Léigh sé rud san bpáipéar cúpla lá roimhe seo a chuir ag smaoineamh é & a chuir buaidhreadh air — ganntan corp i otharlanna Bhaile Atha Cliath i gcóir na macaibh léighinn. Cá bhfios nach dtiocfaidhe de shíubhal oidhche & nach ngoidfidh an corp? Nar mhinic roimhe seo a goideadh as an uaigh iad ní hé amháin de bhord locha? Nach ndéanfadh Brian Ó Dugáin rud ar bith ar airgead & le ball-odhair air féin? Nach mbainfeadh sé an chrosog de'n asal? Nar ghoid sé péire croithe de asal tincéara má bhfhíor don sgéal? D'éaluigh na smaointe uathbásacha seo as a cheann de réir a chéile, & chuir lúb chodlata ar féin, & theann isteach le na charaid, go bhfaghadh roinnt de theas a cholna má bhí a leitheid innti. Ba ghearr gur dúisigheadh as a chodla é. Chuir cluas air féin. Chuala glór saoghalta ag déanamh air. Cé bheadh ann an tráth sin d'oidhche? Cé bheadh ann ach gaduidhe eicínt leis an gcorp a ghoid & eisean a mhasladh & béidir a mharbhú.
Dhuisigh sé a chara. D'éiseadar beirt go h-aireach. Bhí gaoth na h-oidhche ag seoladh na cainnte chuca go soilléar láidir. Ba bheag soluis a bhí ann le linn an ré dorcha. D'eirigheadar in a seasamh. Iad ar crith & buailadh fiacal ortha, ar nós beirt shean-fhear a tógfaidhe as fairige cháitigh. Mhéaduigh ar a neagla ar chloisteal na bhfocal. “Má beirtear orainn caithfimid sa loch é.” “Caithfidh, darfiadh, caithfidh & tarraingeochar fuil,” arsa glór eile. “Caithfidh siad san loch sinn! A dhiabhail ar chuala tú sin?” arsa an Niallach. “Chualais, tuige nach gcloisfinn?” arsa an duine eile & a shúile ag bogadh chun caoineacháin. “Níl ann ach beirt measaim.” “Sin an méid cheapfainn.” “Chuireadar cluas easóige orra féin arís & ch'aon bhuile mear teann ag a gcroidhthe in aghaidh a n-ucht. “Tá an-ghlaodhach ar stu maith i nGaillimh. Fuair mise sé phunt ar cheann maith a cuireadh go Baile Atha Cliath tamaill ó shoin, ach níl fhios ag mórán é. Dochtúr airm a cheannuigh uaim é,” arsa glór. “Fuair tú,” arsa an glór eile. “Ba chóir go bhfuighimís seacht nó h-ocht ar an gceann seo ar an Líonán mar tá baladh breagh air.” “Is mór is fiú an baladh maith láidir,” arsa an dara glór. “Nois nach hé an corp atá i gceist aca. Chuala tú ag cainnt ar ‘bhaladh’ iad?” “Chualas” arsa Mac Giolla Bhuidhe de ghlór lag critheach. “Amach le do ghuna póca! Bhfuil sé lán?” “Tá.” “Anois nó ariamh, siúd chugainn iad. Níl le marbhú
ach beirt. Caithfimíd san loch iad. Má fáightear iad ní bhéidh fhios nach beirt eile iad a d'éaluigh as teach gealt éigin. Ní mheasaim go bhfuil Brian Ó Dugáin ar cheachtar aca.” “Tá, aithnighim a ghlór,” arsa Mac Giolla Bhuidhe. Sé an fear beag é.” “Fág fúm-sa an Dúgánach! Bfhada mé fanacht le deis fhághail le na chrioga ach rachaidh luaidh amach tríd anois. Tóg thusa an duine eile. An fear a bhfuil an chruit air.” “Réidh, aon! dó! trí!” Sgaoileadh urchar abhain mac alla uathbhásach as sliabh is gleann. Dúisigheadh gach feithidhe saoil a bhí i bhfoisgeacht dhá mhíle dén áit. Iomdha fuiseóg cearc-fhraoigh is crutach chuaidh thart le siúbhrán san aer & casaoid chruadh ghá déanamh acha faoi na gcodla chur amugha ortha. D'airigheadar osna. Bhí duine marbh gan aon bhréag. Chuadhar in a threo. “Bhfuil tú marbh, Áontoine?” “Nach bhfeiceann tú go bhfuilim. Sgaoil díom an ceaig!” “Cá ndeachaidh an piléar ionnat?” “Ó éist liom go fóill. Eist liom, Ó Mhuire!” “Fág an póitín san tubáiste & bainmís as. Seo chugainn na pílirs.” “A dhiabhail a bhfuil?” “Tá, an Niallach & Mac Giolla bhuidhe. Bhfuil tú in an reatha?” “Ca ndeachaidh an piléar ionnat-sa?” “Amach le mo chluais. Airighim craiceann mo chluaise ruadh-dóighthe.” Ba mhór é athas na bpílirs nach gaduidthe bhí ann ach beirt a bhí ag tabhairt ceaig póitín do'n Líonán dá dhíol.
Tháinig Aontoine Bán, as Garumna, ar cuireadh an croidhe treasna ann chuige féin. Bhí sár-aithne aige ar an mbeirt. Nar mhinic a thug sé póitín chuca ach cead fhághail é dhéanamh? Narbh é thug an galún do Dic an Cháisg roimhe sin a chuir sé go Caisleán a Dúidín? “Cheapamar go rabhamar chomh marbh le mart,” arsa Aontoine & é ag neartú do réir a chéile. “Ní raibh baol orraibh ag iarraidh sibh a sgannrú a bhíomar,” arsa Niallach ag baint an dochair as an sgéal. “Ce'n tubaiste tá sibh a dhéanamh annseo.” “Ag faire cuirp.” “Ag faire cuirp! Go dtárthuigh Dia sinn. Cáil an corp?” “Sin é annsin é & clúdach air.” “Go ndéanaidh Dia trócaire & grást air! Ce hé? Amén,” arsa na síothmhaoir. An chéad “amén” a dubhradar a chonnacadar é. “Bean a déaluigh as teach na ngealt i gCaisleán an Dúidín & a bháidh í féin sa loch. “'S dóiche go raibh sí as a céill,” arsa Aontoine. “Bí cinte de,” arsa Mac Giolla Bhuidhe ag cuimilt an fhuar- alluis dá bhaithis. “'S fearr dom braon a tharraing díbh.” Ní móide ná go dteastuigeann sé uaibh go ghéar. “M'anam go bhféadfá arádh. Tá déidín tuithte againn le fuacht,” arsa an Niallach ag líochán a bhéil ar nós laoigh óig. D'óladar beirt alúntas maith. Níos mó ná cheap adar, mar thosuigh an fhilidheacht ag briseadh amach tríd an Niallach. D'imthigh an fuacht & an faitchíos de.
“Lá maith agaibh” arsa an bheirt. “Go seirbhigh Dia díbh! Má ith' chuaidh sibh as nár fágadh sínte sibh,” ar an Niallach. Dá mhéad a ndeifir ní dheacadar thar an gcorp gan paidir a rádh ós íseal ar a shon. “Nach hé Dia achas chugainn an bheirt!” arsa Mac Giolla Bhuidhe, nuair chuaidh an bheirt ó léargus orra i gceo liath bhán an ghleanna. “Nach maith a chuaidh sinn as nar mharbuigheanar iad?” arsa an Niallach cé gur thuig mise aghaidh an ghuna ar chroidhe duine aca.” “Bhí mise lán cinnte gur chuireas an piléar trí bhéal an duine eile,” arsa Mac Giolla Bhuide & rinne sé gáire. “Ní annseo bhí fód a mbáis,” arsa duine & leagadar a gcinn tharrtha le néal eile a leigint as a gceanna? Ar dhúiseacht do Mhac Giolla Bhuidhe ar maidin chonnaic sé radharc a chuir aoibhneas ar a chroidhe. Radharc nar chuimhneach leis fheiceál ariamh ó rugadh é. Dhúisigh sé an Niallach go bhfeiceadh sé é freisin. Is cinnte go mbeadh íongantas na n-íongantas air, mar ní móide go bhfaca sé radharc mar é ariamh cheana. Cé'n chaoi an bhfeiceadh agus iad beirt na samh-chodlata go taca an h-aon déag gach lá? Ba greannmhar an feic an bheirt shíothmhaor da searradh féin & ag cuimilt a gcuid súl le amharc fhághail ar ghréin ghlóirmhair na maidne bhí a' gobadh aníos san domhan thoir. “Nach áluinn an radharc í? arsa Mac Giolla Bhuidhe. “Níor cheapas ariamh go raibh an ghrian chomh mór, nó chomh dearg sin, ar maidin.”
“Ní shin tada, dá mbeitheá buailte uirthi. Is breagh a d'fhéadfadh an Mórdach, an file, cur síos uirthí,” arsa an Niallach. “Is dócha go bhfaca sé ag eirigh í mar sin í. Bí cinnte de?” “Féach an chaoi a bhfuil corr-chuileog ag teacht agus ag luighe ar an gcorp!” arsa an Niallach & uaigneas & cineal truagha in a ghlór. “Sin é deire an duine,” arsa Mac Giolla Bhuidhe ag méanach. “Nach dóigh-chreidte & nach brónach an sgéal go mbéidhmid féin lá éigin mar sin & béidir seacht n-uaire níos measa. Na lamha a d'fháisgeamar go croidheamhail, & na béil a phógamar go díl ag lobhadh is ag déanamh cnuimh. Na súile boga cinéalta a dhéarcadh go grádhach muintireadha orainn imthighthe in a uisge san uaigh dhuibh, fhuair, gan fágta ach a n-áit san mblaoisg luim, & péiste & cnuimh na talmhan & lúb orra in a n-áit! Nach suarach an rud an duine? Nach beag an mhaitheas don chorp sin anois áilneacht, said- bhreas, aoibhneas, pléaracha, an t-saoil seo mara bhfuil solás siorruidhe ag an anam?” “Tá tú ag cur crith-feola orm,” arsa an Niallach. “Stop!” “Abraimhís paidir ar son a h-anmna. Cibe cé hí.” “Déarfaimíd.” Ba deas an radharc an bheirt fheicéal ar a nglúiní' tamall ón gcorp. A gcinn cromtha. Paidir íseal dá rádh aca. Grian ghlórmhar na maidne ag ordú a n-aghaidh & na h-áite mór thimcheall. An loch mar phlata mór óir a bheadh san an- mhéid, & a mbeadh roinnt de'n airgead tríd. “Solás síorruidhe na bhflaitheas dá h-anam. Amén! A Thighearna & d'éirigh na cuileoga den bhrat.” D'iomchar fir bhreagha láidre Chill-Mhíne Marie chomh fada leis an mbearraic ar an “ngeata” a rinne sí féin. Bhí
an cárr annsin ó tháinig Brian & Jean amach sa meadhon lae. I gceann tamaill bhig eile, & bhí sí ar a leabaidh tigh Sheáin Mhóir, san seomra bhí réidh le fada di, & pictúr Lord Roberts ann uair ar bith ar mhian le í breathnú air, Nímó rán spéise a chuir sí in a leithéid. Thagadh an Dochtúr Beag isteach agus chaitheadh tamall ag cainnt léi, i dtaobh an ghábhaidh mhóir in a raibh sí, & chomh gar do'n bhás agus chuaidh. Ba ghearr go raibh sí chomh mhaith & bhí ariamh ach go raibh cuid de'n tslaghdán in a cnámhaibh fós. Thagadh bean an Mhinistéara isteach go minic — ró-mhinic búrla blath aici & chaitheadh an t-siorruidheacht aimsire ag cainnt ar éadaigh, agus ar tennis, go mbíodh déistean ar Marie, ach nar mhaith léi a rádh. Nuair bheadh sí ar tí imtheachta bhuaileadh bean Dic isteach le buidheachas a thabhairt di mar gheall ar mhaitheamhnas fhághail dá fear. Sin eile a mbíodh de leith sgéal aici. D'fhanadh bean an Mhinistéara annsin go mbíodh a cuairt déanta ag mnaoi Dic, & bhuailidís abhaile le chéile, ag rádh le Marie gur ghearr arís — an lá dár gcionn béidir — go bhfeiceadh siad í. Áthas croidhe bheadh uirthi — si da mbeadh siad gan teacht ní ba mhó. Bhíodar ag iarraidh greamuighthe di mar ghreamuigheas na leadáin Shamhraidh do'n éadach, ba deocair a mbaint as greim. Ní bhíodh aon chead ag Brian a dhul suas staidhre. Níorbh é sin le rádh nar mhinic a chuireadh sé a faisnéis le Jean, & iad ag bádóireacht sgaittí beaga. An t-áthas a chuireadh Jean air nuair deireadh sé leis nach bhfhágfadh Marie taobh an locha go bráthach marach é féin, & a bhuidéilin bainne! Fear postamhail, riméadach, as sin amach a bhí ann, & ní leigfeadh a chroidhe dhó an cat bocht, ba chionntach leis an rásur dhul go cnáimh in a smig, a mharbhú. Ní mórán a d'fhéadadh Jean a sgríobhadh irith an ama seo, mar chaitheadh sé an chuid ba mhó dá am ag coineáll comhluadair
le na mhnaoi, a tarraingeadh as béal an bháis. Bhíodh truagh in a chroidhe aige di, nuair smaoineadh sé ar a ndeachaidh sí thríd, & é i bhfad uaithi, gan duine, ná deoraidhe, le na béal a fhliuchadh, ná focailin meisneamhail a labhairt léi, & í ar oilean Fheichín. Chuir an pictúr a rinne sí, áthas ar a chroidhe. A leithéid níos facthas go dtí sin! Níor íongnamh é bheith thar cionn & a bhfuair sí de sgábhuidheacht & d'anshóg uaidh. D'innsigheadh sise dó fé'n duibheacán mór fuithi & ar gach taobh di. An faitchíos croidhe a bhí uirti go sguabfaidhe an pictúr uaithi. An chaoi mbíodh an “geata” ag dul faoi le gach cor d'á dtugadh sí. An chaoi ar imthigh an dá mhaide nuair bhí sí ingiorracht cúpla coiscéime den oiléan! An chaoi ar shiúbhail sí as an uisge air! An ogham a chonnaic sí sgriobhtha ar an leabhaidh chloiche, ach nar bhféidir le léigheamh, An t-athas a bheadh uirthi dá bhféadadh! Rinne sí cóip di & gheobhadh sí sa mbosga, nó in a cuid éadaigh uair éigin eile é. An gliondar a bhíodh uirthi nuair dhearcadh sí ar “mian a croidhe” & é crochta ar ar mballa! An chaoi dtugadh sé an aisling, an t-aoibhneas, an sgrannradh, & an chontabhairt báidhte ar ais! 'Un áilneacta bhí an pictúr sin ag dul gach uair a ndearcadh sí air. Ag méadú a bhí a cion & a meas ar mhuin- tir Chill-Mhíne, go mór-mhór, ar Thomás Peadair & ar Bhrian. Iad-san a rinne an gníomh b'uaisle dar smaoinigh croidhe ariamh air! Chíodh sí an pictúr ar dhúiseacht di ar maidin, & bhíodh ar bhord locha arís. Chíodh sí tráthnóna é, & an ghrian ag órdhú an t-seomra le n-a gaethibh buidhe. Bhaineadh sí sult is aoibhneas freisin ar an bhfaitchíos a chuir sí ar an Niallach, & an chaoi ar ruaig sí é. An buidheachas a bhí ag Dic uirthi fe mhaitheamhas fhághail dó!
Ba riméadach an bhean í nuair d'iarr Róisín uirthi na duaiseanna a roinnt lá na gCleas lúth. Dhéanfadh sí sin go fonnmhar, dhá gceapadh sí go rud é a chuirfeadh áthas ar mhuintir Chill-Mhíne. Bhí sí na suidhe & ag siúbhal amach taréis deich lá. Í féin agus Jean ag siubhal na mbothar, & páistí beaga cúthala ag meanga léi, iad súid a ghuidh ar a son. Sgathtí eile, ag siubhal na gcnoc; sgattí eile 'na suidh cois trágh, ag éisteacht le bog thorran na dtonn. Níor iarr aon duine ortha aon duais a thabhairt, ach amháin Brian, an trathnóna úd ag teacht ó Stad na Croise. Eagla ar Bhrian go raibh Jean ag déanamh dearmaid as an iarratas sin. Ach ní raibh, baoghal air. Thug sé fiche punt. An t-athas a bhí ar an Sagart Paráiste! Nar iarr sé ar dinnéar iad? An t-éad a bhí ar mhnaoi Dic nuair chualadhsí cé bhronnfadh na duaiseanna. Nar bheag é a buidheachas di as ucht an chreasa a choinneall ar Dic? Nach amach ar an gCreig nó go Meiriocá a chaithfidís greadadh, ach is minic a deantar dearmad ar an arán a h-ithtear, & is neamh-bhuidheach, dear- madach, iad cuid de na daoinibh. Bhí bean an Mhinistéara chuile ordhlach chomh dona. Nach n-eireochadh sí as an gCoiste ar fad marach faitchíos go mbeadh daoine ag cainnt, & bheadh. Bhí eagla freisin uirthi go mbeadh a cáirde feargach fe imtheacht uatha i lár a gcruadhóige, nó cé réidhteochadh an tae sa mbearraic? Ní thiocfadh an Cléireach, ná fear na bhfataí, ná na Francaigh, amach na tráthnónaí fada Fogmhair, le cluithche Tennis a imirt, ná ní bheadh aon tae fé'n sgeich, ná ní bheadh aon tamall biadáin fé dhaoine b'fhearr go mór fada ná í féin. B'éigin di fanacht ar an gCoiste, gid gurbh go mór in aghaidh a tola é. Bhí Marie go moch is deireannach ag smaoineamh ar an gcineal duaise ba cheart di a thabhairt. Mhol Seán Mór
maosán airgid, mara mbeadh sé ro-dhaor. Bhí fhios aige go dtíubharfadh sí ceann maith slachtmhar, & mhol sé di an maosán a thabhairt ar son comórtais an mheadhachain. Bhí fhios aige go raibh cinéal gradha éigin ag an Niallach do Róisín. Ghnothóchadh an Niallach an comórtas sin, & bhronnfadh an duais uirth-si. Bhí gach rud eile san seomradh bidh, ach amháin maosán airgid — ó choinín stuáilte a marbhuigheadh ar an gCladach Beag, go fiú pictúir Ríogh na h-Ormhuaidhe. Ba bhreagh an rud maosán airgid bheadh ag deallradh fé sholus gréine is lampaí. An Sionnach! Narbh é a bhí fad-bhreathnuigheach & narbh as a baineadh an mealladh? Thug Marie sin & ceann breagh. Ní raibh aon cheann sa tír mar é ach ceann a chonnaic an Cléireach, ag dinnéar mór i mBaile Átha Cliath, uair amháin, & cheap sé go mba daoire é seo. Bhí sé le feicéal go soilléir ar fhuinneoig an t-siopa, & ribhiní na Fraince ó láimh go gob air, seachtmhain roimh lá na gcleas luth. Minic a bheireadh Róisín i ngan fhios air, & leigeadh uirthi féin go mbíodh sí thoir tigh Thomáis, ag sgardadh tae as. Bhí an-chleachta dá dhéanamh leis an meadhchan nuair cluineadh fé'n duais luachmhair. Tháinig fuirmeacha comórtas ó ghaisgidhtibh tréana i Muigheo & inGaillimh. Bhí S. Ó Néill ag cleachtadh go moch & go deireannach, ag ithe neart mair- fheola & ag ól ubh fuar. Chaith sé uaidh an fhilidheacht is pointí dlighe, & ní léigheadh sé ach “Slainte is Neart” a thagadh chuige ó Londain, ionnus go mbeadh gach dindiúir aige a bhain le Ealadhain an mheadhchain. Bhí fógra móra ar gach dath ar gach teach-siopa, sean — bhalla, is crann tein — sgéil, ar fud an dúithche. Nar thug Seán Mór an capall & an cárr seachtmhain do Bhrian chun a dhéanta? Nach n-innsigheadh Brian do chuile shean-mhnaoi
a castaí leis ar a thuras, i dtaobh na h-aoise a gheobhadh an chéad pháiste a baistfidhe san Iomar, & chreididís é! Bhí tailliúirí an cheanntair ag cailleadh a n-amharc mar bhíodar ag obair moch, mall, is deireannach, ag déanamh éadaigh. Nar dubhradh leo mara mbeidís réidh i gcóir an láe mhóir, go bhfágfaidhe ar a lámhaibh go Nodlaig iad, nach mbeidís ag teasdáil & na Cleasa luth thart. Iomdha duine bhí ag fágháil éadaigh nach raibh gádh ar bith aige leo. Ba chuma sin. “Olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin” b'fhearrde lucht siopaí é & táilliúiri i ndeire na dála. Chuir Brian iallach ar Thomás Pheadair fios a chur ar chulaidh nua-dhéanta go Gaillimh dhó. Ní raibh sé de mhuingin ann culaidh fhágáil ag táilliúiribh na h-áite. Ní bheadh síad réidh, & bheadh sé náirighthe agus an meas a bhí ag chuile dhuine air, fén ngníomh a rinne sé. Nuair cluineadh gur tháinig an chulaidh chuige dubhairt nar mhóide nó go bhfuair se síneadh láimhe maith o'n na Francaighibh. Deireadh Brian go mba chuma dóibh sa tubaiste, ach aire a thabhairt dá ngnó féin.
CAIBIDIL X LÁ THAR LAETHE Níl lá dá fhad nach dtagann a thrathnóna, & tháinig lá na gCleas luth fe dheire. Lá féile Muire sa bhFóghmar, & aghaidh na tíre chomh buidhe, leis an ór in áiteachaibh, ag an arbhar buidhe aibidh. Bhí eagla an domhain ar Bhrian, seachas aon duine eile nach mbeadh an lá breagh. 'Sé a dubhairt a phaidreacha — nó an méid a bhí aige díobh — go díl, dúrachtach, an oidhche roimhe, agus sé a d'éirigh go moch, go bhfeiceadh sé cé'n chosamhlacht bhí an mhaidin a chur uirthi féin. Ba mhór é a áthas nuair chuala sé dordán an beiche, & fuaim an t-srutháin shléibhe, ag teacht chuige ar an ngaoith fhionn-fhuair, a' rádh leis nach mbeadh a leitheid de lá i in-Iar Chonnacht ariamh, & bheadh an lá sin, & bhfhior dóibh. Bhí cáil na gCleas luth i bhfad is i ngearr. Ní cainntightí ar aon rud eile ach orra. Nach raibh plúr na bhfear le n-a chéile fhéachaint? Nach raibh gaisgidhthe móra ag teacht ó gach áit i nGaillimh, & ó Mhuigheo atá ar chúl na gcnoc amuigh. Ó'n h-aon déag bhí daoine ag tarraing ar pháirc na gcleas bhí amuigh ag coirnéal an bhearraic. Bhí coisidhthe, lucht rothar lucht cárr is gluaisteán ag deifriú as gach cear de'n duithche. “An bóthar dubh le daoine,” mar deireadh na páistí sgoile.
An cuan breacuighthe le bádaibh bhí ag tabhairt fear mór cnámhach cruadh ó na h-oiléanaibh beaga & amach ó Árainn. Sean-fhear annseo agur annsúd ag leigint a sgith ar thaobh an bhóthair. Ba fhada cheana ó shiúbhaileadar an oiread sin, & níor shiúbhail arís go ndeachaidh i gcré. Bhí an-chuimse páiste sgoile ann & iad go deas, nighte, poinnteailte, & éadaig nuadha ar an gcuid ba deiseamhla aca. A bheag nó a mhór airgid bhig ag chuile ghasúr i gcóir cáca milis is milseán. Nach raibh chuile sgoil dúnta le deis a thabhairt dóibh lá thar laethibh a bheith aca? Nach mbeadh na múinteoirí féin ann le n-a gcuid ban is páistí? Nach raibh an “Band” ó Ghaillimh le bheith ann, ar cluineadh cainnt chomh minic sin air, & nach raibh deis aca ar a fheicéal go dtí an lá mór seo? Nach shin é an chéad adhbhar Cumadóireachta a gheobhaidís nuair bhéidís ar sgoil lá ar na bhárach. “Nach mbeadh an domhan mór is a chlann ann? Sean- fhir, laga, liatha, & páisti beaga, bídeacha, nach go maith bheadh in ann an t-aistir a dheanamh, mar go n-iomchurtaoi sgaittí iad? Nach mbeadh cuimhne ar an lá sin fhad is bheadh oileán i Loch Fheichín? Bhí árdán beag socruighthe istigh le h-ais an bhearraic, & cleitheacha caola bána, suas as, & brat gach naisíuin, ach amháin an chinn is sine diobh ar fad, ag follumhain asta. Bean Dic & an Mhintéara & Miss Céin a ghléas é, agus bhí sé gan locht. Bhí lucht na gcabán ag teacht cheana féin, & ag coimhlint go bhfeicidhe cé ba túisge mbeadh a cheann thuas aige. Bhitheas an ghnóthach in Oifig an phuist an lá sin, beagnach chomh cruadhógach leis an uair raibh Marie ar iarraidh. Tein- sgéal ag teacht o Iomathóiríb a rádh go raibh siad ar bóthar cheana féin. Cáirde do'n choiste ag rádh an ama ar chóir súil a bheith leo. Teinsgeal ó dhaoinibh eile ar a ndeachaidh rud éigin as treo sa ngluaisteán thoir ag an Spideoig. Mara
mbeidís in am, ní féidir nó bheidís in-am i gcóir an rinnce san seomra lae & b'annsin ba mhó bhí spéis aca. Bhí eagla an domhain ar Miss Céin nach mbeadh si réidh chor ar bith. Bhí sé taca an dó-dhéag anois, & ní bheadh aici ach uair le í féin a ghléasadh. Laghduigh an chruadhóg seal gearr in a dhiaidh seo, & thosuigh dá cur féin i gcaoi & i gcóir. Níor mhór di bheith ar fheabhas, agus an méad fear óg a bhí ag teacht as gach áit, & a bheadh ag baint lán na súl aisti, ar feadh an lae, & ag rádh le chéile — “Cé hí an réalt?” “Cuir in aithne dom í.” Ó! an ceol & an binneas a bhí ins na foclaibh sin! & í dá gléasadh féin & sgathán ar gach taobh di! mar thug sí trí cinn aníos as an siopa ag teacht aníos di. B'fhéidir le í féin fheicéal ar cheithre bhealach éagsamhail, & ba deacair di a rádh cé aca bealach ba deise a bhreathnuigheadh sí. Chaith sí uair an chluig dá gleasadh féin, & ní le ar chuir sí d'éadach uirthi é, & corr phreab ag an nguthán thíos staidhre. An guthán malluighthe sin! Agus an rinnce mór a bheadh tharéis an lae, & a mbeadh de strainséaraibh ann! Íongantach an meas a bhíos ag cuid de mhuintir na h-Éireann ar strainséaraibh bídis maith nó olc. Má bhí sise gnothach, bhí an Rúnaidhe, Cléireach na Cúirte Gallda chomh dona. É dá bhearradh féin thuas staidhre in a theach féin, & Fear na bhfataí ag fanacht leis an sgathán. Shíl sí nach mbeadh an Cléireach réidh go deo. Chaitheadh eisean an t-am, sheal in a shuidh ar an leabaidh; seal ag seasamh taobh thiar de, seal eile ag géarú na rásúire, réidh le dhul ag gearradh feasóige comh luath is gheobhadh an deis! A leitheid d'fhaobhar is bhí ar an rásúr sin! Bhearrfadh sí a raibh sa Rúise! Bean an Mhinistéara ar an gcuma gcéadna, dá gléasadh féin, i nguna síoda bán de thogha an éadaigh. An siúbhrán a ghníodh sé & í ag súibhal ann! Ag fiafruigh dá fear an ndéan-
fadh sí cúis. Deireadh seisean, ar ndóigh — chaithfeadh sé a rádh, nach mbeadh a leithéid eile ann. Bean Dic agus an obair chéadna eidir lámhaibh aici, dá gléasadh féin sa ngúna gorm a tháinig as Londain. Bhí áthas an domhain uirthi gur gorm a bhí sé, mar bán a bheadh gach gúna eile, agus is ceart a bheith éagsamhail amannta. Bhí Dic thíos staidhre ag sgríobhadh, nó ba cirte rádh — ag leigint air go raibh — bhí corr dhuine ag teacht isteach sa mbearraic, & mara mbeadh sé ag sgríobhadh roda dá mbé chaitheamh sa teine arís a dhéanfadh sé déarfa i dhe nach raibh sé sé ag déanamh faice. Glaodhadh suas staidhre air. An bhean mar bhféidir léi na lúibíní a dhúnadh, taobh thiar. Ar éigin b'fhéidir léi iad a aireachtáil fé na corr-mhéir, ní hé amháin a ndúnadh, bhíodar chomh beag sin. Ach d'éirig le Dic, tar éis leath-uaire cé gur chaill sé allus leis. Shuidheadh sé tamall, sheasadh tamall eile, é ag osnaighil, a mhéaracha móra reamhra ag sgiorradh, & rian na méar mór ar gach taobh den ghúna. Ba chuma sin. Níor thug sí-se fé deara é. Fuair sé póg as an méid sin a dhéanamh. Ise ag baint cor, is casadh, aiste féin os comhair an sgatháin, & í lan t-sasta nach mbeadh a leithéid eile ann, agus ní bheadh ach an oiread, do réir Bhriain. B'é Brian fear an chluig, & a Thighearna narbh é a thug an liúradh dhó. Thuit an teanga cúpla uair as, ach fuair sé sreangmhiotail sa mbearraic le n-a dheasú. Bhí sé taca an h-aon, & chuile dhuine cruinn. An Coiste go léir ach amháin, an Ministéar. Ní rachad sé soir. Ní raibh sé ar fognamh. Sin nó ba leith sgéal é a bhí aige. Bhí na Francaigh agus Róisín in aon triúr amháin, ag siubhal thart, & ag baint aoibhnis as an lá, & as na daoinibh. An Rúnaidhe & a léine bhán air &, carabhat dubh cuachóige. Mála buidhe in a láimh aige, in a raibh an — chuimse páipéar comórtas. Ba mhór le rádh an lá sin é, ag stuiradh gach rud & tudóg na
bhéal aige — ar cheannuigh sé bosga aca in aon turas i gcóir na h-ocáide. Ní dhéanfadh píopa, ná tuitín. Nach rabhadar sin ag fear na bhfataí, & ag muintir na h-áite! Bhí fear “camera” as Gaillimh ann, le pictúr a dhéanamh don té a ghnóthochadh an maosán airgid. D'iarrfadh an Cléireach air, mara mbeadh sé ion tuigthe aige féin, a phictúr a thógáil, mar bé rinne an obair mhór throm ar fad — an Rúnaidheacht. Chéard déarfadh an Riaghaltas dá bhfáighidis fios gur chaith sé coicís ag obair ar son na h-oibre seo, gan cead, gan comhairle, & gan faic dá chuid oibre féin a dheanamh. Ach ní bhfuigheadh. Narbh é féin Rí, Riaghaltas, & dlighe Shasana cé nach raibh sé ach i gCill-Mhíne, & ar aon leabaidh le fear na bhfataí! Tosnóchaidh roimhe seo marach go rabhthas ag fanacht go mbeadh caoi ag Gintí ar a rothar, mar bhí sé le dul amach san rásai rothar — trí mhíle. Isteach chomh fada le teach an Chléirigh & amach arís. Bhuail Brian an clog ar chaoi gur chuala beirt shean-fhir as Camus é raibh caíl ortha bheith chomh bodhar le tuairgín! Seisear a bhí san rása seo. Bhí Gintí ún tosuigh ag teacht abhaile, marach asal le tincéaraibh raibh a mbothán ar thaobh an bóthair, a chuaidh treasna go díreach roimhe. Marbhóchaidh é féin nó an t-asal, nó marbhochaidh iad araon, mar bhí sé ag teacht as nós na gaoithe. B'éigin dó laghdú ar a shiubhal Sgoth fear as Casla é — col-seisear do mhnaoi Sheáin Mhóir, & sé fuair an rása, cé nar thuill sé é. Ní h-ionann seo & coimhlint con. An chéad duine ag an téid go dlistineach a gheibheas an duais. Bonn óir a bhí le fághail as an gcomórtas sin. Chraith Brian lámh leis, agus an clog leis an laimh eile, le áthas gur buaileadh Gintí. Léim árd an chéad chomórtas eile. Léigh an Rúnaidhe na h-ainmeacha & d'freagair gach fear é.
Máigistir sgoile Leitir mhóir, a ghnothuigh an comórtas seo, cé go raibh deichneabhar in a aghaidh. Seisear síothmhaoir ó na bearraiceachaibh mágcuairt, & ceathar as Gleann buidhe. An bualadh bos a thug a chuid páiste sgoile féin dó! “Maith bhí fhios agam-sa go ndéanfadh an máighistir seo againne é sin,” arsa pataire cinn cataigh, raibh lorg maide milis ar gach taobh dá bhéal. Bhí sos beag ann iar sin. Na “h-uaisle” ag siúbhal thart dóibh féin. Ná páiste sghoile & an t-aos óg bailighthe thart ar an mband. Ní dhéanfadh sé cúis don “uaisle” suim a chur in a leithéid, a bhí chomh coitcheannta le siothmhaoir' in Éirinn. Na sean-shir in a suidhe ar na cnocánaibh bheaga sa bpáirc ag leigint a sgith dóibh féin, & ag aithris i dtaobh na ngníon ngaisge a chonnacadar dá ndeanamh in a n-óige. Ná mná na suidh ar chnocán eile, ag rádh gur ghearr a bhíos an t-aos óg ag méadú. Gur dheacair olann mhaith bréidin fhágail i nGaillimh, sin nó ag fághail caidéise do mhnaoi Dic, fé'n ngléas tánuidhe, sgáileach, éadaigh a bhí uirthi, & í chomh caithte le tlú! agus ag rádh gur mhór a bhí Dic ag tuitim & bhfeoil, ag rádh gur bhreagh dathamhail simplidhe an bhean í “Marie na Fraince” & nach raibh sí ní ba dathamhla ná Róisín Sheán Mhóir, bhí ag súibhal le na cois. Marach nar thaithnigh Seán le muintir na h-áite, molfaí Róisín thar cionn, mar bhí cion is gean ag gach n-aon uirthi. Baineadh tuille torainn as an gclog. Bhí rásaí na ngasúr ag tosú. Trí rása a bhí ann, do réir sgoil is aois. Ní mórán suime a cuireadh ionnta, mar bhí na gasúir ag rith cam, ag breith an a chéile, ag basgadh, & cuid eile ag déanamh aith giorra, & gan iad ag dul leath an bhealaigh. Iad lán cinnte annsin gur ghnothuigheadar. “Tarraing teide” an chéad chomórtas suimeamhail eile. Árainn aghaidh Iar Chonnacht ar fad! Deichneabhar ar an taobh. B'íongantach an tarraingt í. Fir mhóra láidre
raibh roinnt fiadhántais in a súilibh. A muinchilí crapaighthe, & lamha móra, cruadha, féitheacha ag at nuair thagadh orra, & nuair d'féachaidís leis an taobh eile tharraingt, le aon iarracht mhór amháin. Bhí geall curtha ag an Sárgint leis an Rúnaidhe as an muintir amuigh, mar bhí bheirt fhear as an gCreig ag tarraingt. Bhí geall ag Brian as muintir Árann mar níor mhaith leis go ngnóthachadh sé — cé go raibh sé ag cur in aghaidh mhuintire a áite féin. Is cuma sin. Nuair tá fearg ar dhuine déanfaidh sé rud ar bith. B'iad an mhuintir amuigh a b'fhearr cé gur láidre an mhuintir istig, ach bhíodar ag sgiorradh. Ní raibh ortha ach bróga úrleathair. Ba mhór an dearmad é ach ní raibh neart air. Ní raibh an téad ag dul troigh ar aon bhealach ar feadh tamaill. Na fir ag éagcaoin, & a gosnaighil, le strómh, gur thug Brian tarraing bheag i ngan-fhios do mhuintir Árann & fuaireadar an chraobh, & chaill Dic. Bha beagnach raibh droch-obair ann agus nar dóirteadh fuil Bhí na fir mhóra sin oibrighthe le cuthach. Bhuailfidís dreas maith ar a chéile, marach an Cléireach Dic & Seán Mór, a bhagair an Chuirt ortha, & a gheall seal fé, ghlas dóibh, mara mbeidís socair. Chiúinigh sin iad, ach tá cloch sa muinchile aca do Dic, chomh luath is cífear ag aonach na Croise é. Píopaí & tobac an duais. Caitheamh an dá chloch mheadhchain an comórtas deire, agus an comórtas ba tábachtaighe. Chruinnigh gach duine i leith i gCoirnéal na páirce san áit a raibh na fir mhóra fhéitheacha le n-a chéile fhéachaint. Tháinig na sean mhná de na cnocán- aibh. Shuidh sean-fhear ar bith a bhí in-ann ar an sgunsa go bhfaighidis deis cheart an an gcomórtas. Bhí sean athair Thomáis Pheadair ann, & Síghle Bheag, mar bhí Tomás le caitheamh freisin, ach ní mórán barramhla a bhí dhó, mar ní dhearna sé aon chleachta. Thug Brian bualadh do'n chlog nar
tugadh dhó ó chuaidh teanga an chéad lá ariamh ann! Bhí Jean, agus Marie, & Róisín ann, mar chuireadar triúr suim mór in Ealádhain ar bith raibh neart & spreacadh ag baint léi. Tugadh cuimilt chumasach dón Niallach istigh iriocht is go mbeadh sé breagh, sgánfanta, acluidhe, agus d'ol “lán mearacáin” sul ar tháinig amach, leis an saol fódhlach a bhualadh? Ba bhreagh an fear é le dearcadh air gan amhras, in a bhriste gearr bán, & in a léinteóig bhig gan muinchile, & amharc ag fearaibh Fáil ar a cholpaibh cos, a mhásaibh, a lámha móra, reamhra, bhí atuighthe le feitheachaibh móra cruadh. Dá mbeadh a mheanman dá réir, ba togha fír é. Ach ní raibh fear neamh- mhisneamhail íogmhar bhí chuile lá ariamh ann. Ní raibh fir na Gaillimhe na Mhuigheo chomh mór, ná chomh ramhar leis ach bhíodar ní b'áirde. Cheap lucht meadchan go mba mhór an gar sin dóibh, dá mbeadh an comórtas géar. Tomás Pheadair an duine ba lugha den cheathar, ach le breathnú go grinn air déarfá go mbé ba déanta & ba h-acluidhe. Bhí sé in ann é féin a lúbadh, & a chúbadh, ar nós easgainne. Bhí a shean athair in a shuidh ar chloich fé bhun an chlaidhe & a shúile sáidhte i mac a mhic aige, & dhá chuir i gcomórtas le na seadairibh eile. “'Beag liom é,” a deireadh sé, “le h-ais na bhfathach eile, ach is iomdha uair bhí fear beag teann sona. Sé pictúr a athar é beannacht Dé le n-a anam! Eisean a bhí in-ann an meadhchain a chur amach ó mhaol na gualann!” a deireadh sé leis féin. Chaith fear na Gaillimhe. Bhí sé socruighthe ag an Niallach go bhfágfaidhe é féin ar deire i gcomhnuidhe, b'amhlaidh ba tábhachtaighe agus ba treise an bhuaidh. Ocht dtroigh feichead de'n chéad iarraidh chuir an Gaillimheach! Ba mhaith an caitheamh é má bhí an cur-leis ann. Níor chuir sin
aon droch-meisneach ar an Niallach, nár chuir sé tríocha is troigh go leith, an oidhche roimhe sin í, & é ag cleachtadh ar an gCearnóig. Chaith an Gaillimheach eile as Tuaim agus ghéaruigh de bheagán. Chaith fear Mhuigheó as Cathair na mart, & ghéaruigh de leath troigh ar an trúir. Ba ghéar, agus ba rí-ghéar, an fhéachaint í. Chaith an Niallach Mór, a rith ón mnaoi áluinn ar thaobh an locha & a dhfág i gcontabhairt bháis cheal bidh í, agus bhuail iad ar fad go dtí seo, de throigh. Ba chumasach an caitheamh é. Níor leig seisean ar féin nach fód mónadh bhí sé a chuir amach dá ghualainn, bhí féachaint & cosamhlacht chomh sásta neamh-bhuartha ar a aghaidh. Chuir a cháirde an-gháir mhaoidhte suas a cluineadh istigh sa mbearraic. Maith a h-aithnigheadh an gháir sin! Mar tháinig bean na lása, Miss Céin, bean Dic, & an Mhinistéara amach, a bhí ag féachaint orra féin thuas staidhre, agus ag socrú a gcuid gruaige, ar eagla go mbeadh sort locht ar bhith ortha os comhair an tslogha mhóir árdnósaigh — cé gur bhiad muintir an Iathrar ba líonmhaire bhí ann. Chaith Tomás Pheadair, ach má chaith féin b'é ba mheasa ar fad. Céard a chuir sé í ach sé troighthe fíchead! Dá throigh ar gcúl ó'n duine ba dona aca fós. Arbh as a chéill a bhí sé & a dhul ag comórtas le fearaibh raibh cáil is cliú ar neart a lámh ar fud Chúige Chonnacht! An t-athas bhí ar an Niallach & an troslóg a thug sé fé Thomás a bheith chomh suarach dith- céille! Bhí an-íongnamh go deo ar Mharie & ar Jean. Níor thuigea- dar go mbuailfidhe fear a rinne a ghniomh, ach níorbh ionann neart colna, & neart an chroidhe & na tola béidir. Dubhairt Brian le Róisín gur bheag an truagh é nuair nach ndearna sé aon chleachta, mar rinne an mhuintir eile. Connus is féidir le duine aon mhaitheas rathamhail a dheanamh
muna gcleachtuigeann sé an rud? Nach sa gcleachta tá an bhuaidh ar fad? Níl san neart ach an t-ádhbhas a caithfear a oibriú, & a stiúradh i gceart, & an méid maitheasa is féidir abhaint as. San dara caitheamh bhí an Niallach troigh ún tosuigh arís & b'e Tomás ba mheasa. Níor ghéaruigh sé ach leath-troigh. Bhí na gaisgidhthe eile in a dtost, agus imnidhe ag teacht orra. Ní fé'n mbualadh ar fad é, ach níor mhaith leo gur Ciarruidheach & siothmhaor, a bhuailfeadh iad. Bhí an comórtas geall le bheith thart & an chraobh ag an bhfear a rith ó'n mnaoi b'a h-uaisle & ba dathamhala dar thóg tír áluinn na Fraince ariamh. Chuaidh sé féin agus Gintí isteach agus iad ag gáire. Gintí tabhairt bosóg ar na slinneanaibh dó. Ní feasach dúinn fatha a ndulta isteach. Ní'l againn ach barramhail. Bhí na mná go geal-gháireach fe n-a gcaraid bheith ún tosuigh. Tuige nach mbeadh arsa bean Dic, & ar ithséde mhairt-feol na Gaillimhe & ar ól sé d'uibheachaibh fuara & na sgaithtí breagha, a chodluigheadh sé, gan brón ná imnidhe ag cur isteach air. Bhí athas mór freisin ar Miss Céin fé na rudaibh deasa blasta a ghníodh sí dó, & a chuireadh sí aniar chuige, & a bheadh sé in-ann ithe, nuair bheadh ceas air ó mhairt-fheoil reamhair na Gaillimhe. Narbh fhiú é? & nar mhaith an aghaidh ar a leithéid d'fhear rud blasta ar bith a béarfaidhe dó? Ní bhíodh seachtmhain dá gcuireadh sé thairis nach mbíodh a aithne air, nós beithidigh bheithfidhe reamhrú, i gcóir an bhúistéara. Labhair Brian ós iseal le Tomás, ní feasach cad dubhradh, ach b'iontuigthe ó aghaidh Bhriain nar mhórán barramhla a bhí do Thomás aige. Tháinig a shean-athair anall go trom troighmhall agus d'iarr air teacht abhaile sul a náireochadh sé é féin tuilleamh, san gcaitheamh deire. Nach raibh chuile duine dá dtáinig roimhe ariamh náirighthe go mór cheana féin aige? Narbh
aoibhinn don mhuintir a chuaidh ar shlige na fírinne sul a bhfeicidis an masladh bhí a sinnsear fhághail! “Bhfuil Tomás s'againn-ne buailte?” arsa Sighle Bheag le na Daideó. “Tá & go granna,” ar seisean. Tháinig deora ó shúilibh Shighle. Gidh nach raibh sí ach óg níor mhaith léi go mbuailfidhe a dearbháthair díl, ná go bhfuigheadh aon duine dá dtáinig roimpi aon mhasladh dá laigheadh. Mór é ómós & urram, na bhfíor Ghaedheal dóibh síud a sheas an fód san am a chuaidh thart. Nach hí an ómós & an díl-chuimhne sin a ghríosuigheas iad siúd a tháinig in a ndiaidh, le cáll a n-duithche & a dtíre, a sheasamh ós comhair an tsaoghail, le uaisleacht aigne, nó le luth na ngéag? “Tar uait abhaile. Cuir ort do chóta, & ná bímís annseo níos faide. Ní'l duine ag an teach ach an cailín aimsire. Béidh sí ar an buile & na ba le bleaghan.” “Béidh mé luath go leor,” arsa Tomás. “Ní thiubhar- fainn le rádh dóibh nach ndéanfainn an caitheam deire, bím buailte, nó ná bím.” Bhí caitthe ag an triúr eile. Bhí gnothuighthe ag an Niallach arís agus an uair dheire, de throigh. Dá throigh déagh is fiche! Níor bhféidir a bhualadh. Fear na Gaillimhe an dara duine, fear Thuama an treas, fear Chathrach na Mart, an ceathramha. An buachaill óg, a shábhail Marie an cúigeadh duine, mó mhór agus mo ghéar chrádh! Bhí an sean-fhear ag glanadh leis abhaile, ach d'fhan Brian, & Sighle Bheag, go mbeidis abhaile le Tomás, nach raibh cuimhne imtheachta fós aige. “T — á — á T — omás s — s — againne buailte,” arsa Sighle Bheag le Róisín. “Sí! a óinseóigín! tuige thú bheith ag gol mar sin?” “Ni'l aon neart agam air, ar sise go truaghmhéalach & ag brughadh láimhe Róisín le na láimhin bhig chrithigh féin.
Chaoinfheadh Róisín dreas bheag freisin le cantal dá bhfuigheadh an deis. Ba mhór é athas na siothmhaoir, & an Choiste nuair chon- nacadar sean athair Thomáis ag bogadh abhaile. Nar chruthamhnas cruinn é sin go raibh Tomás buailte & nach raibh aon bharramhail aige dó? Dá mbeadh nach bhfanfadh sé go mbeadh an comórtas thart, ach níor fhan. Dubhairt fear an “camera” leis an Niallach bheith dá fhághail féin fé réir — go dtógadh sé é — go raibh deifir ar an tiománuidhe bheith sa mbaile roimh an deich. Chuaidh sé anonn chuig Róisín. Ghlaodh ar cúl-shraid uirthi. “Is leat an maosán ar an bpoinnte, is a sintear chugam é. An seasfaidh tú sa bpictúir liom?” ar seisean. “Ní sheasfad,” ar sise. “Ó tuige,” ar seisean. “Bheadh náire orm. Beithfidhe ag cainnt.” “ “Na bach thusa le n-a gcuid cainnte. Nach áthas ba cheart duit a bheith ort seasamh le mo thaobh & an gníomh atá déanta agam?” “Béidir,” ar sise, go simplidhe. Ní mórán imnidhe chuir an eiteach seo air. Chaithfeadh sí géilleadh nuair rachad sé isteach leis an maosán taréis cúpla lá. Bheadh Róisín aige gan buidheachas de'n t-saoghal! “Bhfuil tusa ag dul dá caitheamh seo arís?” arsa an Cléireach le Tomás. Bhí sé ar buile fe go rabhthas ag cur moille air. Bhí na duaiseanna le roinnt, tae le n-ól sa mbearraic, leis an gcomhluadar ba séimhe dár sheas i leathar bróg ariamh, agus iar sin, an rinnce mór, & na tudóga go maidin. Rud eile, bhí air aon amharc amháin eile fhaghail ar a oráid, a bhí sé le dhéanam, & bhí rún buidheachais aige le cur i bhfeidimh do Marie. “Ní fhéadfaidh mé déanamh ach cliseadh, níor chaill fear
an mheisnigh ariamh é,” arsa Tomas ag caitheamh de a chóta, & a hata. Rinne an Coiste, ach amháin Fear na bhfataí, gáire sgigeamhail fé “amadán” a bhí ag déanamh pléidhce de féin. Áthas a chroidhe ar an Niallach fé chuid dá chliú bheith caillte ag Tomás. Rug sé ar an dá chloich. Shocruigh go deas cothrom ar a ceann, ar chroidhe a bhoise í. D'féach amach roimhe. Chonnaic sé a shean-athair — cinéal na sean Ghaedheal nár sáruigheadh ariamh, le neart laimhe, ná luth géag, ag imtheacht abhaile go brónach dó féin & a chroidhe beagnach briste. Chonnaic sé rian na ndeor ar éadan Shighle Bhig. Chonnaic sé fonn guil ar Róisín féin & truagh in a súilibh aici dó. Chuir sé a chos clí leis an seas, thug siar a chos dheis, & lúb é féin san am chéadna. Thug aniar arís le sáil an chinn eile í, & chuir an meadhchan amach de chroidhe a láimhe, chomh h-éadrom le h-uibh chirce. Leis an gcasadh, & leis an bhfuineamh, a chuir sé ann féin, bhí a chúl leis an seas aige iar, dtuitim don mheadhchan. Toirneach! is teintreach! ní féidir! Ó'n ngáir a chuir Muintir Chill-Mhíne go mullach an aeir b'fhurasta aithne dhó go raibh Cill-Mhíne ar bárr, an Niallach Mór fé chois, an maosán ag Róisín, seadh agus Róisín í féin aige — sean i gceann tamaill bhig. Leigeadh osna uathbhásach. D'éaluigh na mná is na síothmhaoir isteach san mbearraic. Marar chuiréadar cúpla meirbhcheann díobh bhíodar gar go maith dhó, fe mealladh, an masladh, an náire, & an doiligheas croidhe, a bhí ortha & Niallach mór na feola buailte! Chraith na gaisgidhthe eile lámh le Tomás, & dubhairt gur mhaith an aghaidh air é, gur bhuail Gaedheal & fear maith iad. Rinne Marie, & Jean mar an gcéadna. “Cé'n sort amaideachta a bhí ar bun agat?” arsa Brian,
dá ionfairt féin ar an talamh & ag eirighe de léim arís. “Tuige nar bhuail tú leis an gcéad chaitheamh an Niallach?” “Ní chuirfeadh sin a shaith buadhartha air,” arsa Tomás. “Ní chuirfeadh, acht tá sé anois orra & go bhfanaidh sé orra,” arsa Brian, ag caitheamh an chluig isteach i halla an bhearraici, gur gheit a raibh istigh. “Bhíos fhios agam nach leigfeá leo é,” arsa Róisín, & í go geal-gháireach. “Ní leigfinn ná thusa ach an oiread,” ar seisean. “A Róisín,” arsa Brian, & an gliondar ag briseadh amach in a súil. “Seadh,” ar sise. “An cuimhin leat cad dubhras leat ag dul chuig an tobar an tráthnóna úd? “Is, is — cuimhne,” ar sise réis tamaill. “Raibh an ceart agam, labhair amach agus sgaoil dhíot do chuid cuthalachta. Tá sé in-am agat, & thar am. Rabhas ceart? Ná bíodh aon hum, ná há, faoi.” “Sílim go raibh,” ar sise. Chaoch Brian a shúil ar Thomás. “Nois, a Thomáis, nach minic a dubhras leat gur ghearr go bhfeicinn sa teach agat í. Moladh & buidheachas do Dhia.” Rug Tomás ar láimh uirthi. Nior dubhairt ach cúpla focal, & iad beirt ag baint lán na súl as a chéile. Tháinig mian ar í a phógadh, & phógfadh, marach an sluagh. “Tá an bhuadh agam ar an dá chaoi,” ar seisean. “Tá ar sise,” ag tabhairt fáisgthe daingin doicht do'n lámh sin a sheas cáil is cliú do Iar Chonnacht. Le na linn sheo connacthas gluaisteán mór ag teacht anoir. Laghduigheadh ar a shiúbhal ag tarraingt ar an sluagh. Trúir a bhí ann: an tiománuidhe, Captaoin Airm & bean óg a bhí beagnach i bhfolach le gabhail mhór blath a bhí ar a h-ucht aici.
Maith a d'aithnigh an Cléireach í, mar dhearg sé tudóg & chuaidh chun cainnte léithi. “Míle fáilte romhat,” ar seisean, ag síneadh a láimhe chuici. “Beag an cheapadh bhí agam go mbeadh sé d'adh orm thú fheiceál annseo indiu.” Rug sise go bog sgaoilteach ar a láimh sin Ghortuigh an fáinne mór cnapach a bhí ar láimh an Chléirgh í. “Tá an-lá againn amach sa 'mach. Fanfaidh tú i gcóir an rinnce ar ndóigh?” ar seisean. D'fheach an Captaoin go gruamdha dúr air & cruinneochaidhthe in a bhaithis. “Sin é an Fear Ionaid anois agaibh!” arsa Brian le muintir Árann. “Má theastuigheann tada uaibh, 'nois an t-am le n-a iarraidh. Togha fir é. É thar cionn fá na phóca. Nar thug sé luach asail do thincéara amuigh ar an Mám mí ó shoin? Deirtear nach bhfuil ríochan saoil le na chuid airgid.” “Céard tá ar siúbhal annseo agaibh. Troid chineadh, nó cruinniú poiliteamhail?” “Beag an baol!” ar seisean. “Dá mbheadh ní feicfidhe mise ann. Cleasa luth atá againn,” ar seisean & púr deataighe ag dul in aer uaidh. “Ó Maigh!” ar sise, “ach is greannmhar an tír í.” “Nach bhfuil sibh ag teacht isteach i gcóir cupán tae? Ní bhéad nóiméad ghá réidhteach. Tig linn cúpla amhrán a bheith againn ar an nguthán-ceoil fhad is bhéimid ag fanacht leis. Tá cúpla pláta-ceoil breagh agam. ‘Colonel Fresco's March’ & ‘Teacht thríd an seagal,’” arsa bean Dic. Phléasg an Captaoin ag gáiridhe. “Ní'l teach na ngealt lán fós,” ar seisean leis féin. “Cén áit isteach?” arsa Mabel. Fiod-mhagadh is fíoch- mhaireacht 'na súil san am chéadna. “Sa mbearraic d'eile?” Sméid Mabel ar Dic.
Tháinigh sé. “Ar mhiste leat na daoine seo chur den bhóthar? Tá deifir orainn,” ar sise go láidir dána. Ghlaodh Dic chuige ar a sheadairí síothmhaoir, ach bheadh sé chomh h-éasga aca Cloch Coiril a bhogadh le muintir Árann a bhrughadh de'n bhóthar. “Bhfuil cead ag na ‘natives’ an bothar a bhasgadh mar seo?” ar sise, ag tabhairt féachaint ar Dic a sgoiltfeadh crann daraighe. “Ní'l neart air,” ar seisean, ag cuimilt an alluis dá bhaithis. “Lá thar laethe” é seo “Is gearr go sgaipfidh siad.” “Ní'l muc, laogh, gé, asal, ná capall, san tír nach ar na bóithribh soir annsin atá. Na Cleasa luth is bun leis is dócha,” ar sise go gáireach. “Is dócha gurab é an sgéal céadna siar é.” “Ní hé,” arsa Dic. “Bhí Gintí siar an bóthar sin indiu, & dubhairt go raibh an ‘cúrsa glan.’” Ní fheicim an brat s'againne in áirde,” arsa Mabel, ag dearcadh ar chleitheacha an árdáin. “Túige sin?” “Bhoil bhí sé ann, ach tháinig sionáin gaoithe trí h-uaire roimh lá indiu & fuaduigheadh é. Chualas go bhfuar bó le Conn Ó Murcadha é, gur ith sí é & go bhfuil sí tinn anois.” “Go cén masla ar ár mbratach é!” ar sise leis an gCaptaoin. “Is uathbhasach an sgéal é, ar seisean, go nimheannta. “Ar aghaidh leat!” ar sise leis an tiománuidhe a bhí 'na thost ar an achar seo, & éadan ciúin cloiche air. Thug an gluaistéan amhóg ar aghaidh. Bhí air cosgadh go tobann. Bhí na daoine sa mbealach. “Ní fhanfaidh sibh mar sin?” arsa Dic. “Ní fhanfaidh. Cá bhfanfaimis?” arsa Mabel & chuir srón uirthi féin.
“An go gleann buidhe. Leitir fraoigh, Doirín, Cnocán an Iolraigh, Crompán Glas, Aill-Mhór, Coill-Mhóir, Muicineach-idir-dhá-Fhairrge atá sibh ag dul?” arsa bean Dic le Mabel, ach ní bhfuair aon fhreagra. Sé an uair a cheap muintir Árann go raibh an tiománuidhe ag iarraidh dhul in a mullach leis an ngluaistéan a d'fhágadar an bealach. Bhíodar go léir ag cur na súl san bhfear a rinne na droichid, céibheanna, tighthe lasa “le na chuid airgid féin.” Shíleadar gur le drochmheas orra a d'imthigh an phúir dheataighe as an ngluaisteán ar n-imtheacht dó. Ba greannmhar an feic Dic & an Cléirin a seasamh in a ndá staic i lár an bhothair, gan ceachtar aca in dan focal a rádh leis an duine eile, fé'n masladh a fuaireadar. “Nil meas madaidh orainn,” arsa an Cléireach leis féin ag bualadh bun na tudóige in aghaidh an bhalla. “Cuirfidh siad casaoid isteach orm fé'n mbrat,” arsa Dic leis féin. “Faraoir géar deacrach gan mé amuigh ar airgead-aoise! Tuige a mbeadh mo leitheid-sa do mo mhasladh & do mo chiapadh ag gach ceolán is stróinse da rachaidh an bóthar? Nach bhfuil ár ndothain againn le maireachtáil air, tagaim amach amáireach? Ní muirighin atá orainn, agus ní muirighin a bhéas orainn. Ní ag ceasacht ar Dhia é.” Ní i bhfad a bhí Mabel imthighthe siar nuair facthas gluais- téan beag cnó-bhuidhe ag teacht anoir mar bheadh Dia dá rádh leis. Sheas sé ag mbearraic. Léim fear mór dalaba fuineamhail amach ar a raibh cruiméal dubh dluth láidir a chuirfeadh sguab fiacal i gcuimhne dhuit. Bhí fáilte an domhain ag Dic roimhe. Ba bheag an chainnt a rinne fear an ghluaisteáin bhig gur chuir sé in iúil do Dic go raibh an D.I. — an chéim árdnósach sin fáighte. Rinne Dic comhgáir- deachas leis, gidh gur mhó an fonn a bhí air a mhallacht a thabhairt dó, mar bhí an croidhe dá ithe as le h-éad. Nach
raibh Dic trí bliana fá chrios is bata sul a ndeachaidh eisean go dtí an depóchor ar bith? “Ní'l ann ach go bhfuil sí imthighte siar, ach níl fhios agam nach rachaidh sé righte leat í —” “Cé hí? arsa Fíorghlic & mhéaduigh na súile in a cheann. “Mabel! nach cuimhneach leat an leitir —” “Bí inghin an Chigire Ceanntair s' agaibh-se?” “D'eile,' a dhuine, d'eile?” “Gluaistéan a bhí aici?” “D'eile, baol uirthi siúd dul ar a mhalrait de chaoi!” “Raibh sa gcárr ach í féin?” Bhí, tiománuidhe & Captaoin Airm. Ní abhróchainn nach bhfuil sé ag déanamh mórtachais léi.” “Ó míle murdér! Cé'n sort feithide é? Bhfuil sé dathamhail, mór, beag?” “Pleota mór téagartach é & cosamhlacht air a bheith lobhtha le airgead. Tá an t-adh in do chaipín nó caillfidh tú í! Is mór an dream le arm muintir an D.I. chéadna. Níl meas madaidh ar an R.I.C., le na n-ais.” Níor dhubhairt Fíorghlic tada go ceann tamaill, ach é ag baint greamann as a bhruas íochtar. Bhí seift éigin dá leagan amach aige leis an gCaptaoin a chur as an mbealach. Ba deacair dó seift ar foghnamh ar bith a cheapadh & an cuthach, an diombáidh, agus an fhearg cholgach a bhí air. Narbh uathbhásach an smaoineamh an bhean áluinn a cheap sé dhó féin mar mhnaoi a bheith ag taisteal bothar geal Chonamara lá breagh Foghmhair i ngluaistean le púdarlach mór de Chaptaoin Airm, gan fios aici cén sort duine é? Ag iarraidh í chur i mbealach a basgtha, béidir. Chraith sé é féin le teann feirge. Chuir sé a lámh i bpóca a chorróige. Bhí an guna póca annsin & é lán. An gearra fiacal a tháinig air & é ag caitheamh an Chaptaoin má b'fhior dó féin! “Níl fhios agat cá ndeachaidh siad?” ar seisean.
“Ní abróchainn nach siar go Caisleán na Neanntóige a chuadar ag imirt Leadóige.” “Chím,” arsa Fíorghlic, & dhún a bhéal go daingean docht. Siar le Fíorghlic le luas lasrach & mian an dúnmharbhthóra in a chroidhe. Ar mhilleán air é? Chuirfeadh sé piléar, nó dhá phileár, go croidhe san gCaptaoin. Chuirfeadh! dar fiadh! chuirfeadh! Cen bhaint a bhí do Mabel aige! Dá mbeadh fhios ag a h-athair é nach gcaithfeadh sé í béidir. Nach raibh míniú éigin ar leith san gcomhgháirdeachas caoin a rinne an D.I., leis in Gaillimh seachtmhain roimhe seo? Céard a bheadh air ach i a iarraidh? B'in iad na smaointe a bhí aige & a ghluaisteán cró-bhuidhe ag dul mullach lachan, ceart, gé, is sicín, ar an mbealach siar, gur fhág se anchuimse aca ag sracadh leis an mbás ar thaobh & ar lár an bhóthair. Ní raibh aon am le cailleadh ag T.B.S. Fíorghlic. Thug sé fá deara rian gluaisteán ag dul suas chuig Cais- leán na Neanntóige. Lean sé an rian sin. Bhí sé ag an doras mór. Bhí gluaisteán breagh mór fada fairrsing taobh amuigh, cótaí blathanna, bratglún & eile ann. An tiománuidhe ag léigheamh … Bhuail sé ar an doras. Fhad is bhí sé ag fanacht, tharraing amach an guna póca ar eagla go mbeadh aon rudh ar cearr leis, ach ní raibh. Ní hé an guna a chlisfeadh. Tháinig buitléar plaiteach a raibh sgáil in a éadan de bharr nigheacháin is bearrtha amach. “Bhfuil Miss Mabel Nector annseo? Ba mhaith liom í fheiceál. Abair le go bhfuil T. B. S. Fíorghlic, D.I., annseo,” & shín sé a chárta aithintis chuige. Nach bhfuair sé beart aca nuair rinneadh Cigire dhe? Tháinig Mabel anuas staidhre, & tuitín Éigipteach ghá chaitheamh aici.
“Tusa Mac Uí Fhíorghlic, D.I.?” ag féachaint go fon- mhóideach air, & dha infhiúchadh ó bhun go bárr. D'umhluigh sé di, & é ag cur gach goic is cuma ait ar féin a cheap sé a d'fheilfeadh le croidhe na mná óige a mhealladh mar ba cheart. Is mór an bhuadh a bhíos san gcéad airiceas ach gach rud a dhéanamh go deas taithneamhach deaghmhóideach. É a dhéanamh mar ghníthear sna sgáil-phíctúirí é, & bheadh leis! Ar eagla go gceapfadh sí gur ar rothar cos atháinig sé, thosuigh sé ag méirínteacht ar a mhiotóga' móra gluaisteán, & rinne tagairt éigin do “phetrol.” “Béidhmíd ag ól cupán tae thuas staidhre & béidir go mbeadh cupán agat.” “Go raibh céad & míle maith a'd!” ar seisean & bhuail a smig ar a ghlúin, leis an umhlú a rinne sé, go bhfuair sise amharc ar lorg gearrtha a bhí ar chúl a mhuiníl. Bhí cinéal gránach ag teacht aici ar a leithéid de luadramán leibideach. Rachadh sé suas staidhre, tuige nach rachadh, go bhfaghadh sé eis le solus an lae chur tríd an gcneamhaire a bhí ag teacht idir é & mian a chroidhe? Nar mhéaduigh ar a chuthach nuair fuair sé amharc ceart ar Mhabel in a culaith síoda gil, & ar a súile beo soillseacha? Nar bhlath críochnuighthe bheadh innti & í ag síubhal suas an séipéal leis lá a bpósta? Lag na glúine aige ag dul suas staidhre dhó. B'shóbair dó sgiorradh le fánaidh ar mhullach Mabel, marach go bhfuair greim ar rud éigin … Bhí sé ag doras an t-seomra, lamh ar an mbuachaill aige, nuair chonnaic sé mo dhuine istigh ar an sintéan mór bog, ag caitheamh tudóige ar a sháimhin suilt. 'Nois nó 'riamh!” ar seisean & d'fháisg na fiacla go daingean docht ar a chéile. Bhí a mhéar ar an sgaoilteán aige. D'eirigh mo dhuine & púir dheataighe ag dul in aer uaidh. Dféach go grinn ar an bhfear a bhí le na mharbhú.
“Uncail seo é Mac Uí Fhiorglic, D.I., comhoibrightheoir le ‘Dadaí,’” ar sise. “Fáilte romhat a chara, suidh. Béidh tudóg agat, arsa an t-Uncail, ag sineadh an bhosga mhóir chuige. D'fhéach Fíorghlic go géar air. Cé'n diabhal a bhí ar Dic & ar dhubhairt sé leis. Dhearg Fíorghlic a thudóg. Áthas ar a chroidhe mar tharraing sé an fhuil. É ag dearcadh go múinte meangach ar Mabel, ag iarraidh úsáid a dhéanamh de “Eala- dhain na súl” chomh maith is béidir leis. “Tiocfaidh tú amach linn i gcóir cluithche leadóige? Tá an trathnóna go h-aoibhinn amuigh. Is fearr duitse amuigh, freisin, 'Uncail,” ar sise go h-impidheach. “Aithmhéala an domhain atá orm nach féidir liom,” arsa Fíorghlic. “Ní raibh am agam an cluithche sin fhoghluim ariamh.” “Céard mar gheall ar ‘golf’ mar sin?” ar sise. “Ach an síubhal! an siubhal!” ar seisean. “‘Crócaigh’ mar sin,” ar sise. Níl mórán siubhal le déanamh, agus truagh in a glór. Bhí drugall air a rádh nar bhféidir leis. Ní dhearna ach an luath a chaitheamh dé'n tudóig. Thuig sise. “Cluithche fithchille mar sin,” ar sise ag cur na súl tríd. “Ní gádh duit cos a chorrú.” “Leis an bhfírinne a rádh leat, a chara chaoin, níor chleach- tuigheas aon chluithche ariamh ach ‘Fainní.’ Sin é an t-aon chluithche a bhíos againn sa mbearraic. Rinne an t-Uncail gáire i nganfhios dó féin. Tháinig cáir fhiod-mhagamhail ar Mabel chomh maith. “Nach bhfuil ‘Ping Pong’ féin agat?” ar sise, “ag magadh faoi. Cé'n sórt D.I. thú chor ar bith?”
“Éist leis an bhfear bocht,” arsa an t-Uncail. Ba fhollus do go raibh cúiseamhlacht ag dul dó & chomh corruighthe is bhí sé ar an gcathaoir, agus an chaoi a raibh sé ag méirin- teacht ar na miotóga' móra, ar nós girsigh sgoile le imeall a práisgin, nuair chuirfeadh an Sagart caidéis uirthi ar an mbothar. D'eirigh sé in a sheasamh. Ba truagh a chas. Bhí caillte aige go dtí seo. Thug aghaidh ar an doras. Thuit leath- mhiotóg uaidh. “Níl tú ag imtheacht?” ar sise go fuar, neamh-cháirdea- mhail. “Táim,” ar seisean & a cheann faoi aige. “Béidir gur mhaith leat rud éigin le n-ithe. Raibh do dhinnéar agat?” “Bhí,” ar seisean. “Ní mór dom a bheith i mbaile Conlaoi ar a sé, Béidh inghin an Dochtúra ag fanacht liom. Tá coinne againn le chéile anocht. Ach ní raibh. Ag iarraidh éid a chur uirthi a bhí sé. Sin cuid den Ealadhain. Ainm mná a luadhadh i láthair mná eile. “Sin miotóg leat ar an úrlár!” ar sise. Ní raibh sé de mhisneach ann “go raibh maith a'd” a rádh leithi. Thuit an “trioll ar an treall” ag an bhfear bocht meallta. Bheadh sé sásta ach a bheith as a n-amharc, go mór-mhór ó na h-amharc sise. Ní gach fear bheadh indan an fhéachaint úd a sheasamh. D'fhág sé an Caisleán sáthach brónach, sathach aiciseach, & sáthach bréan de féin in a ghluaisteán beag a raibh cluthach gé is ceart greamuighthe faoi. Bhí sé ag imtheacht agus an croidhe ghá ithe as uaithi súid a cheap sé dó féin mar mhnaoi. “Iarrfad mí, nó dhó, laethe saoire,” ar seisean leis féin, & é ag cur an bhóthair go Cathair na mBó dhe féin. É ag
fáisgeadh an rotha stiúrtha go daingean docht, is gearra fiacal air. Mór a bhi leighte faoi seachas mar bhi sé sul ar chuir sé aithne ar a “mhian.” “Iarrfad.” Iarrfad, & rachad go h-Oileán Mhana go bhfóghluimeochad “golf,” “crócaigh” “ping pong” & gach cineál béas is cluithche eile a ghníos duine uasal do dhuine. Ní oideachas go dtí iad! Ní h-eol dom slighe ar bith eile le croidhe cailín óig a mhealladh ach a bheith sár-oilte sna cluithchí árd nósacha sin. “Rud eile, cuirfead iallach ar gach fear dá bhfuil fúm iad a fhoghluim, ionnus go mbéidh togha & rogha na tíre le faghail aca, & go mbeidh siad in inimh a dhul i dtréim & chuig aon-bhord leis an gcuideachain & an uaisleacht is séimhe. Cé'n mhaith dhom anois an t-urchar díreach atá agam leis an “Fainní?” Cheapas go raibh eolas agam ar go leor, ach chím anois nach aineolas go dtí mo chuid aineolais! Dá mbeadh bosga misleán féin agam di béidir go gcoinneoch sé ó chainnt í. Dá dtugainn “súile tairbh” & maidi milse chuici nach mbuailfeadh sí san i gclár an éadáin orm iad? Níor b'fheidir le Brian an clog a bhualadh ní ba mhó, mar thuit an teanga & an lámh as, nuair chaith sé isteach sa mbearraic é, ach dubhairt sé leis an sluagh — cé nar ghádh e — deasú isteach leis an árdán, go mbronnfaidhe na duaiseanna. Bailigheadh timcheall an árdáin. Cléireach na Cúirt bhí na stiúrthóir. Fuair sé rud éigin istigh a bhain an cantal go sealadach de & chuir sé cosamhlacht chomh maith agus bfeidir leis ar féin, mar bhí giota de óráid réidh aige. Níor bhféidir no labhróchadh Marie in a ainm air & í ag tabhairt buidheachais fé'n ónóir mhóir a bhronnadh uirthi — na duaiseanna a roinnt. Bhí an smaoineamh céadna ag an muintir a bhí istigh, & bhíodar ag bogadh amach & ag seasamh sa timcheall nuair tháinig beagán misnigh ionnta. Ghlaodh an Cléireach aníos ar na Francaighibh B'orra bhí gach
súil — ar Marie go h-áirid. Breagh uasal, maordha, an suidhe a bhí aici ar an árdán an tráthnóna sin, & grian bhuidhe an Fhoghmhair ag fágáil sláin ag cnocaibh is gleanntaibh diamhara Iar Chonnachta. Rinne an Cléireach óráid bheag, ag fáiltiú roimh na bhFrannach, ag cur i gceill dóibh an bhuidheachais mhóir a bhí aige féin, go h-áirid, orra, fé an duais bhreagh mhaiseamail a thug sise — An sintús téagarach a thug a fear & fé bheith toilteanach na duaiseanna a roinnt. Rinneadh an-bhualadh bos. Tháinig na mná ní ba ghoire. Bhí sgáth gréine fosgailt ag mnaoi Dic, cé go raibh an ghrian ag dul faoi. Ní amach in ndearmad a bhéarfadh sí é? Go deimhin níor bh'eadh. Faitchíos a bhí uirthi go mb'fheidir nach dtiúbharfadh Marie fá deara sa sluagh í & í ag cainnt. B'in é an fath a gcrochadh & a gcraitheadh sí é chomh minic. D'eirigh Marie, agus sheas go h-uasal, áluinn ar an árdán, mar sheasfadh bainrioghan. Ach cá raibh an bhainrioghan ba h-uaisle, ná ba bhreagha, ná í féin? Thug sí buidheachas do'n Cléireach ar an gcaoi is dual do dhuine bheadh in a brógaibh ar a leithéid de ocáid; ach ní bhfuair sé aon mholadh ná buidheachas thar aon duine eile den Choiste. Labhair sí go bog, réidh, íseal ar dtús, agus luisne na cuthalachta in a h-aghaidh. D'éist gach duine go h-aireach. Stad lucht caithte tobaic, ar eagla nach sluigfidís chuile fhocal. Bí Bhrian in a sheasamh ag Coirnéal an árdáin, & slis air ag féachaint suas uirthi & ar an sluagh amannta, go bhfeiceadh sé cé'n bharramhail a bhí aca dá cainnt bhuig cheolmhair. “A cháirde,” ar sise & í ag neartú ar a glór do réir mar thagadh an chaint léithi. “Bheirm na mílte buidheachas díbh ó fhíor-íochtar mo chroidhe as ucht iarrta orm na duais- eanna seo a bhronnadh ar sheadairibh Gaedheal. Ach b'fhearr liom-sa go mór fada go ndéanfadh duine éigin eile é. Ní
dhearna mise ná m'fhear tada ar bhur son, ach duaisín bheag fhánach a thabhairt díbh. Sinn-ne atá fe chomaoin agaibh-se, & ní sibh-se againne (baineadh crathadh as an sgáth-gréine). Féach an imnidhe agus an trioblóid mhór a chuireamar orraibh seal gearr ó shoin; nuair d'imthigh sibh i lár bhur gcruadhóige ar mo thóir! An t-áthas a bhí orraibh nuair fríothadh mé! An chaoi ar h-iomchuradh go deas, réidh, socair, chun na h-áite seo mé — go díreach & da mba duine agaibh féin mé! An crathadh lámh, & an fháilte chaoin a gheibhinn uaibh iar n-eirighthe dom! Ar ndóigh, béidh cuimhne dhíl go deo agam orra sin & orraibh go léir. (Bualadh bos & crathadh eile as an sgáth gréine.) “Sul a n-abrad a thuilleamh iarrfad ar bheirt fhear a chím annseo, seasamh ar an ardán liom, mar chruthamhnas do'n tsaoghal go léir, an buidheachas croidhe atá agam orra, Tomás Pheadair duine aca. (Osna.) “Nuair bhí mise i mbéal an bháis chuir seisean é féin i gcontabhairt bháidhte ar mo shon, gidh nar leag mé súil ariamh air, ná eisean orm, go dtí an uair úd. Rinne sé gníomh nar smaoin croidhe fós ariamh air, le feabhas. Rinne sé gníomh nar bhreacuigh a leithéid ariamh paipéar. Brian Ó Dúgáin an fear eile. (Osna thruaghmhéalach.) Nuair theastuigh mo bhéal a fhliuchadh le rud éigin a thogfadh ó bhás go beatha mé, bhí a bhuidéilín beag bainne aig Brian in aon turas le m'aghaidh. Aoibhinn dón Dia a chruthuigh iad! Aoibhinn do na máthrachaibh a d'oil iad! Aoibhinn do'n tír, & d'ón duithche, in ar tógadh iad! “Deirtear nach bhfuil aon ghrádh is mó na an grádh a chuireas ar charaid bás fhagháil do charaid eile, & is fíor é. Ní fhaca Tomás Pheadair mise ariamh roimhe sin, le go dtaithneochainn leis & go gcuirfeadh sé é féin i mbaoghal ar mo shon. Sin tréith agus ceist nach féidir liom-sa, ná le m'fear
a mhiniú, ná a thuisgint, gidh gur minic a dh'féachamar leo, mara tréith do-thuigsiona, do fheic-siona i measg na nGaedheal í, & measaim féin gurabh eadh. (An bhualadh-bos.) Ar éigin a bhí na síothmhaoir, & na mná in-ann an bearraic a bhaint amach le briseadh croidhe, & cantal, fé'n mealladh mór. Ná ní raibh aon rinnce ná tae an oidhche sin. Sé an leith-sgéal a tugadh, gur tháinig leitir óChigire Ceanntair ar maidin, ag rádh gur cuireadh fógra isteach ag rádh go mbead rinnce & tae sa mbearraic go maidin, & go mbrisfidhe Dic dá mbeadh a leithéid ann. Chuaidh na cáirde abhaile gan rinnce & gan tae. Fuair gach duine a dhuais féin & bhí buidheach beannachtach — go mór-mhór na páiste sgoile a fuair an-chuimse leabhar. Chuaidh muintir na h-áite abhaile lán t-sásta leis an lá, ach amháin Conn Ó Murcadha ar cailleadh a bhó air le Galldachas mar bhí cáil is cliú a dtíre i bhfad & in ngearr. Na fir mhóra ó Ghaillimh & Mhuigheo, ghlanadar leo gan pioc aicise, fé mar ghnothuigheadar, & tógadh pictúr Thomáis & Róisin ingan-fhios, do Sheán Mhór, & do'n t-sluagh nuair sgaipeadar. Tháinig na sean-fhir abhaile níos beodhaighe ar a gcoisceim ná thángadar. Bhí an óige arís ionnta, de bhárr an lae. Na sean-mhná ar déire & iad a rádh nach bhfacadar bean ariamh ba simplidhe, ba laghaighe, ná ba lugha ríméid ná Marie na Fraince. Ná páiste sgoile ag coimhlint, agus ag iarraidh a chéile a chaitheamh síos sna díogaibh, & lorg maide milis go cluasaibh orra. B'éasga do Thomas Marie a thabhairt de'n oileán, ná Sean Mór a shásamh an tráthnóna sin. Ba chuma faoi ó bhí Róisín í féin sásta bheith in a céile ag an bhfear a b'fearr in Iar Chonacht Nar thug sí gean a croidhe ingan-fhios di féin fadó dó ach go raibh iomarca cuthalachta uirthi chun a radh leis go dtí anois féin. Is minic ó shoin a chuir, & cáir gháire
ar Bhrian futha, & é mar bhuachaill aca, gidh nar chuir Róisín na Tomás é sin in iúil dó ariamh. Ní raibh call leis. B'é eisean a bhí laghach cathrannach leo & fíor-dhílis. Iad-san mar an gcéadna leis. Ach bhíodh sé ag tagairt ró mhinic do'n Iomar baiste & chuireadh sin roinnt cuthalachta uirthi si. Chaith na Franncaigh blian i mbéal a chéile i gCill-Míne. I ndeire an ama sin bhíodar chomh cleachtach ar an áit & ar na daoine laghacha subháilceacha sibhialta & dá mba 'gCill- Mhíne a béarfaidhe iad beirt. D'aireochaidís an Geimhreadh fada, fuar, neamh-éagsamhail, mar corr chuairt a thugaidís féin & Róisín is Seán ar a chéile le cluithche fithchille imirt nó le dreas ceoil a bheit aca. Ní thaobhuigheadh na “h-uaisle” eile iad, mar níor fhan san áit ach corr dhuine. Ba léar dóibh nach rabhadar ag teasdáil. Cuireadh an pictúr ar a bheith críochnuighthe chuig teasbántas mór a bhí i bPárrthas. Marach é bheith thar barr & fhíor- nádúra ní hé a bheithfidhe a ghrinn-dearcadh seachas aon cheann eile dá raibh ag an teasbántas úd. Deireadh Brian & ní abhróchainn nach raibh craiceann na firinne ar a chuid cainnte gur tairgeadh an-chuimse airgid do Marie air ach nach leigfeadh a croidhe di sgaramhaint leis ar ór na cruinne. Mar bhí nádúr ar leith aici leis. Sul ar fhág sí slán ag a cáirdi Gaedheal i gCíll-Mhíne bhronn sí mac óg ar a fear. “Pataire chomh deas & chonnaic tú ariamh. A pictúr ceanann féin” mar deireadh Brian. Narbh é féin a sheas leis, & a cheap ainm dó — Feichín. Cá bhfuighthí ainm ní ba feileamhnaighe? Minic a d'éaluigheadh Brian siar ingan-fhios do Thomás le sgaithín grinn a dhéanamh le Feichín óg, & a dhuine nar mhaith an aithne bhí ag Feichín air, cé nach raibh sé ach óg. Nuair bhíodh a sháith gáirdhe bainte ag Brian as chuireadh sé slis-cheoil ar féin & chasadh go mall bog binn an suantraighe a chuir codhla
sámh ciúin ar gach malrach dar chuala ariamh mar is ceart é —Crónan na banaltra Tháinig athrú ar an saol ó shoin. Thuit an bearraic oidhche amháin nó dhóigh sé uaidh féin. Tugadh an Cléireach in áit éigin & chuir purgadóireacht ghéar chruadh de & ghlac fuath do Chill-Míne & ghread leis. Tomás Pheadar an giúisdís fé dhlighe ceart na tíre anois. Tá an teach dhó féin ag Mac Uí Chana (“fear na bhfataigh”) & é ghá oibrúi féin go dtí an smior le Cill-Mhine a dhéanamh níos fearr is níos torthamhla. Nach iomdha fear in Éirinn indiu bhfuil croidhe misneach, neart, uaisleacht aige mar Thomás Pheadair? Narbh iomdha oidhche an róiteach a chuireadar díobh fé ghaoith fhuair ghaimhthigh ar shleasa cnoc, & nach iomdha ainnir bhfuil caoidheamhlacht, glaineacht, dathamhlacht, a chéile ghradhmhair chaoin Róisín Shean Mhóir aici! (A Chríoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services