Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stair na hÉireann 1
Title
Stair na hÉireann 1
Author(s)
Breathnach, Micheál 1881-1908,
Pen Name
Carraig Áine
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Caibidil 1. Na Ceiltigh. An socrughadh i nÉirinn, Clanna Míleadh. Tá na seanchaidhthe ar aon intinn gur tháinig na Ceiltigh go hÉireann trasna na hEórpa. Ceapann seanchaidhthe áirithe gur bh' ó'n Ásia a thrialladar, acht ar chuma ar bith bhíodar seal i n-aice Srotha Danóibí, agus innseann stair na hEórpa féin dúinn go raibh na Ceiltigh an-láidir agus an-chumhachtach san Eóraip roimh na Rómhánaigh féin, trí mhíle bliadhain ó shoin. Is deacair dhúinn fios cruinn d'fhagháil cé an uair ar tháinig na Gaedhil — cuid de'n tsliocht mór Ceilteach so — go hÉirinn nó cé mar thángadar. Do réir an tseanchais budh iad muinntir Phártholáin, muinntir Neimhidh, Fir Bholg, agus Tuatha Dé Danann na chéad dreama a leag cos ar bhántaibh Fáil. Is cosamhail go raibh draoidheacht mhór ag Tuathaibh Dé Danann, an dream a tháinig i ndiaidh Fear mBolg, agus freisin go rabhadar ealadhanta agus fóghlumtha ar go leór bealach, agus mar sin de gur chuireadar iongantas mór ar Fhearaibh Bolg le n-a gcuid draoidheachta. Tá cunntas le fagháil againn 'san stair go mba le n-a ndraoidheacht a fuaradar buadh agus lámh i n-uachtar ortha sa deireadh. Budh iad Clanna Míleadh an cúigeadh dream a tháinig, fuair siad-san buaidh ar gach dream d'á dtáinig rómpa. Dream tréanmhar agus fir troda cródha misneamhla dob' eadh iad.
Deireann seanchaidhthe linn ar theacht do Chlannaibh Míleadh trasna na hEórpa gur shocruigheadar 'san Spáinn agus gur chuireadar an tsean-chathair Brigantia, .i. Tor Breógain, ar bun annsin. Do réir rádh béil na nGaedheal do thriall Íoth, dearbhráthair d'athair Mhíleadh, ó'n Spáinn uair amháin agus d'éirigh leis an stad gur shroich sé Éire, agus do réir an tseanchais ar theacht i dtír dó, d'ionnsuigh Tuatha Dé Danann é agus loiteadar é, sul mar d'éirigh leis a bheith ar ais 'na luing. Cailleadh ar an bhfairrge é ag teacht ar ais do'n Spáinn go dtí n-a mhuinntir, agus thug a mhac, Lughaidh, a bhí leis, a cholann chum Clann Míleadh, agus chuir faoi ndeara dhóibh gluaiseacht leó fré chéile le sásamh a bhaint amach ar son a bháis, agus le seilbh agus ceannas na tíre a ghabháil. Bhí Míleadh, an sean-taoiseach, básuighthe tráth tháinig mac Íotha ar ais, acht bhí a chlann mhac agus a mháthair .i. an bhainríoghan Scota, sásta ar ghluaiseacht le seilbh d'fhagháil ar an tír a chonnachthas d'á sean-aithreachaibh a bheith i ndán d'á sliocht a dó nó trí de chéadtaibh bliadhain roimhe sin. Ghluais leó ó'n Spáinn i ndeich gcinn fhichead de longaibh, de réir na tuairisge, agus an bhainríoghan Scota mar thaoiseach ortha, agus Éibhear Fionn, Aimhirgin, Éibhear Donn, Colpa, Ír, agus Eireamhón, seisear mac Mhíleadh, 'na measg. Ceapthar gur tugadh an turas so go hÉirinn ceithre chéad déag bliadhain roimh aimsir ár Slánuightheóra, acht is deacair a bheith cinnte dhe. Níor bh' “Éire” acht “Inis Éalga” a bhí mar ainm ar an tír an tráth sin. Bhí triúr dearbhráthar de Thuathaibh Dé Danann 'na ríghthibh ar “Inis Éalga” an uair sin agus triúr deirbhsheathar, Éire, Banbha, agus Fódla, pósta aca. Maireann na hainmneacha so i nÉirinn go dtí an lá indiu, agus bhíodh fonn mór i gcomhnuidhe ar na filíbh Gaedhealacha ainm éigin díobh so a thabhairt ar an tír 'na gcuid filidheachta. Tá 'fhios againn mar sin, cé an fáth go bhfuil “Éire” mar ainm ar an tír anois — mar gheall ar go raibh an t-ainm ar bhainríoghain 'san tír trí mhíle bliadhain ó shoin.
Mar dubhras, bhí Tuatha Dé Danann 'na ndraoidhea- dóiríbh móra, agus nuair nár bh'fhéidir le Clannaibh Míleadh an tír a fheicsin nuair a bhí súil aca, mheasadar gur bh'iad Tuatha Dé Danann a chuir dorchadas nó dubh-cheó idir iad féin agus í, acht 'sa deireadh thiar d'éirigh leó teacht i dtír. Tháinig Tuatha Dé Danann chuca go casaoideach. Dubhradar go rabhadar gan a bheith ullmhuighthe le n-a dtroid, agus ó thárla nár airigheadar ag teacht ortha iad, nár chóir go bhfuighidís seilbh na tíre chomh héasgaidh. “Mar sin,” ar siad- san, “téidhidh amach arís in bhur longaibh, agus má's féidir libh teacht isteach an dara huair d'ár mbuidheachas-ne, bíodh an tír agaibh.” Níor mhór a thaitin sin ar dtús le Clannaibh Míleadh. Bhíodar eaglach roimh dhroidheacht Thuath Dé Danann, agus cheapadar go mb'amadánta an rud iad féin a chur i gcontabhairt gan teacht i dtír ar chor ar bith an dara huair. Acht 'sé rud a shocruigh Aimhirgin, a n-ollamh agus a dteagasgthóir, gur chóir dóibh an dara hiarracht a thabhairt, agus, mar sin, amach le Clannaibh Míleadh ó'n tráigh, acht ní rabhadar acht achar geárr amach nuair a shéid sé 'na anfadh gaoithe le draoidheacht Thuath Dé Danann. Ruaigeadh le fánaidh Clanna Míleadh ar fud na fairrge móire. Sguab an ghaoth láidir léithi long annso agus long annsúd, go rabhadar go léir sgaipthe ó chéile. Báidheadh go leór de na taoisighibh agus a gcuid ban, agus ní raibh fhios cé rud a thárla do mhór-chuid de na longaibh. Tháinig cuid díobh i dtír i n-Inbhear Colpa, .i. ag bun na Bóinne, cuid i gcuantaibh Chiarraighe agus tuilleadh annso agus annsúd i bhfad ó chéile. Acht d'éirigh le Clannaibh Míleadh teacht 'na chéile agus tugadh cath mór fuilteach idir iad féin agus na Tuatha i ngleann i ngar do Thráigh Lí seal thar a éis sin. Bhuaidh Clanna Míleadh 'san gcath, acht go marbhadh a máthair Scota, agus cuireadh í ag Scoithín i gCiarraighe. San gcath deiridh a tugadh idir Clanna Míleadh agus na Tuatha bhuaidh Clanna Míleadh arís, agus do marbhadh ríghthe na dTuath, agus freisin a dtriúr ban, Éire, Banbha, agus Fódhla, a thuit leó 'san ár céadna.
Caibidil II. Éire faoi Chlannaibh Míleadh. Droch-bheart Thuath Dé Danann. Socrughadh Feise na Teamhrach. Cumhacht agus eagla na Rómhánach. Bhí an tír ar fad beagnach i seilbh Chlann Míleadh gan mórán moille, agus chuireadar Fir Bholg agus Tuatha Dé Danann faoi n-a smacht, acht thugadar cead dóibh aire a thabhairt d'á ngnó féin 'san tír, ach amháin nár bh'fhéidir leó dadadh a dhéanamh a bhain le gnó an ríogh ná le riaghlughadh na tíre gan cead ar leith ó Chlannaibh Míleadh. Níor bh'fhada gur éirigh troid agus imreas mór idir an bheirt dearbhráthar, Eireamhón agus Éibhear, mar gur mhian le gach duine dhíobh é féin a bheith 'na rígh. Do marbhadh Éibhear 'san troid, agus annsin bhí an tír faoi riaghlughadh an dearbhráthar. Ar feadh míle bliadhain, beagnach, bhí rí de shliocht Mhíleadh ar Éirinn agus chuir an tír ar aghaidh ar go leór bealach. Bhí grádh aca d'fhoghluim agus do ghaisgidheacht. Ní'l againn acht cuimhniughadh gur chuir Ollamh Fódla, duine de shliocht Mhíleadh a bhí 'na árd-rígh ar Éirinn, Feis na Teamhrach ar bun míle bliadhain roimh aimsir ár dTighearna le tuigsint cé an fonn a bhí ortha deagh-dhlighthe agus deagh-shocruighthe a dhéanamh. Chum na Feise seo uair gach trí bliadhna nó mar sin thagadh le ordughadh ó'n rígh na taoisigh, na flatha, na báird, na breitheamhain, na sgoláirí, agus na seanchaidhthe le comhairliughadh agus ceadughadh le chéile, agus le gach rud a d'oireadh a shocrughadh. Mhair Ollamh Fódla 'na rígh ar Éirinn ar feadh dhá fhichead bliadhain agus do réir gach tuairisge d'á bhfuil againn le fagháil 'san stair, b'iongantach an duine é, mar ní hé amháin gur dhlúthuigh sé agus gur leathnuigh sé muinnteardhas, cáirdeas, agus sócamhal ar fud na tíre, acht bhí éirim agus úghdarthás mór ann féin thar aon duine eile. Muna mbéadh go raibh, níor bh'fhéidir leis na socruighthe a dhéanamh, agus séan agus suaimhneas a chur ar fud na tíre mar chuir sé.
Thar éis Clanna Míleadh a bheith os cionn na tíre ar feadh céadta bliadhan d'éirigh míshástuigheacht agus míshuaimhneas mór imeasg Thuath Dé Danann agus Fear mBolg a bhí an tráth sin féin go láidir 'san tír agus gan mórán láimhe isteach nó baint nó páirt aca le Clannaibh Míleadh ar chor ar bith. Do neartuigh a míshástuigheacht i n-aghaidh Chlanna Míleadh chomh mór agus gur shocruigheadar iarracht láidir a thabhairt ar chríoch a chur leó amach is amach. Mar sin de, thar éis iad a bheith ag ollmhughadh ar feadh trí mbliadhan i gcomhair an áir a bhí fútha a dhéanamh, thugadar cuireadh na féile (mar budh eadh!) do Chlannaibh Míleadh go dtí cruinniughadh mór ar an mbán i n-aice Chnuic Meádha i gConndae na Gaillimhe. Bhí bualadh báire, gníomha gaisgidheacht, imirt fithchille, fleadh agus féasta le bheith ann ar feadh naoi n-oidhche agus naoi lá. Acht sul do sgaip an cruinniughadh, do hionnsuigheadh Clanna Míleadh, agus rinneadh ár millteach ortha, gur marbhadh iad ó dhuine go duine nó nár fágadh fear innste sgéil díobh gan deireadh a chur leis, acht amháin triúr naoidheanán i mbronnaibh a máthar ag éirigh leó imtheacht. Bhí an triúr ban pósta ag triúr flath de Chlannaibh Míleadh, agus 'na n-ingheanachaibh do rígh na hAlban, do rígh na Breataine, agus do rígh na Sacs. D'éaluigh leis an triúr ban go hAlbain agus annsin 'seadh rugadh a dtriúr mac. Deireann an seanchas linn, thar éis an áir a rinneadh ar Chlannaibh Míleadh, gur tháinig gach mí-ádh agus mí-rath ar an tír, agus go raibh an donas ag teacht ar gach bealach. Rinneadh rí de Chairbre thar éis an mharbhtha so agus níor bh'fhéidir leis an tír a bheith ní ba mheasa ná mar bhí sí le linn a bheith 'na rígh dhó. Nuair a cailleadh Cairbre, ceapadh rí a dhéanamh d'á mhac, Murán, acht d'eitigh sé. Dubhairt sé nár chóir dhó-san a bheith 'na rígh an lá 'na raibh triúr de'n tsliocht d'ár chóir an choróin ó cheart beó. Mar sin, chuir sé fá ndeara an triúr mac a thabhairt ar ais ó Albain, agus rinneadh, le háthas agus aoibhneas, rí de dhuine aca dár bh'ainm Fearadhach. Cheap Fearadhach
Murán mar árd-bhreitheamhain agus an fhad is mhair sé 'na bhreitheamhain bhí síothcháin, sógh agus sástuigheacht 'sa tír. Le linn na haimsire a rugadh ár Slánuightheóir Íosa Críost, bhí an domhan ar fad beagnach faoi smacht na Rómhánach. Thángadar agus chuireadar an Bhreatain faoi n-a smacht go héasgaidh. Throid muinntir na Gasille (.i. na Frainnce) go calma tréanmhar 'na n-aghaidh, acht fuair na Rómhánaigh an lámh i n-uachtar ortha, agus chuireadar faoi smacht iad. Chualaidh na Rómhánaigh go minic trácht mhór ar dheiseacht agus ar áilneacht na hÉireann agus ar an saidhbhreas mór a bhí innti, acht 'na theannta sinn chualadar trácht ar chalmacht agus ar thréineacht na nGaedheal, agus ar na mór- ghníomhaibh agus ar an ngaisgidheacht ab' fhéidir leó a dhéanamh, agus mar sin, dá mhéad an tsainnt a bhí aca 'san tír, cheapadar go mb'fheárr gan aon chur isteach a dhéanamh ortha. Is féidir linn tuigsint as sin go mba thréan na laochra agus go mba mhór í cáil gaisge na nGaedheal an lá nár leig faitchios do'n Rómhánach sanntach, a bhí ag buadhadh ar fud an domhain, aon chur isteach a dhéanamh ortha. Caibidil III. Éire mar bhí fad ó. Ins an tsean-aimsir na céadta bliadhain sul tháinig Naomh Pádraig níor bh'ionann ar chor ar bith an tír agus anois. An t-am sin bhí Éire faoi choilltibh móra tiugha, 'na mbíodh na mílte beithidheach fiadhain, an madadh allta, an cullach fiadhain nó an torc, an fiadh, an sionnach, agus an madadh fiadhain, an cat fiadhain, &rl. B'é sin an t-am 'na mbíodh an eilit mhór le fagháil agus le fiadhach, atá anois caillte glan 'san tír go deó. Bhíodh na mílte éanlath 'sa tír freisin, an t-iolar, an chorr éisg, an eala, an seabhac, &rl.,
agus éanlaith go leór nach bhfuil a leitheid le fagháil 'san tír anois ar chor ar bith. Bhí na beacha 'sa tír go han-fhlúirseach, agus maidir le togha meala budh i n-Inis Fódla a bhí a tabhairt amach do réir gach tuairisge. Ní raibh an luasgán laithighe le fagháil 'san tír go dtí tuairim na haimsire ar thosuigh an Normánach ag iarraidh Éire a bhaint amach. Bhí iasg an-fhairsing 'san tír freisin, agus bhí an madadh uisge ann an t-am sin mar tá indiu. Bhíodh na madraidhe allta agus imtheacht 'na bplódaibh ar fud na tíre agus ag sgriosadh na ndaoine go minic leis an slad a ghnídís ar dhuine agus ar bheithidheach. Bhí madraidhe áirithe ag na daoinibh le n-a dtroid nach bhfuil a leitheidí le fagháil anois le fada, agus bhí siad faoi chlú ar fud na hEórpa le n-a gclisteacht, le n-a ndánacht, le n-a spreacadh, agus le n-a ndílseacht d'á máighistir. Go dtí le dhá chéad bliadhain nó mar sin bhí na madraidhe allta go fairsing 'san tír. Bhí an tír faoi mhianach an t-am úd. Bhí mianach óir, iarainn, agus umha go fairsing le fagháil. I gConndae Chille Mantáin 'seadh ba mhó a bhíodh ór le fagháil. Is aisteach an rud go bhfuil Éire chomh fágtha gan coillte, agus a fhairsingeacht is bhí sí fútha 'san am fad ó. Acht tá 'fhios againn go mbíodh na coillte go síorraidhe d'á ngearradh, agus an talamh d'a réidhtiughadh le haghaidh cuir. Bhíodh an t-adhmad freisin d'á ídiughadh go tiugh le haghaidh teineadh, nuair a bhíodh iarainn d'á oibriughadh 'san tír, agus freisin bhí ceannach mór ar dhair na hÉireann. Tá 'fhios againn gur as Éirinn a tugadh an dair d'á ndearnadh na rataí agus na taobháin atá ar halla mór Bhestminster Lonndain le tuairim a hocht gcéad bliadhain. Mar sin de, i leabaidh a chéile bhí na coillte d'á ngearradh, an t-adhmad d'á ídiughadh, nó gur fágadh an tír go lom de cheal crann mar tá sí indiu. Bhí grádh an tsaoghail ag na sean-Ghaedhlibh do léigheann, go háirithe do stair na tíre, d'fhilidheacht agus do shean-sgéaltaibh. Faraor! go leór de na leabhraibh 'na raibh a gcuid sean-sgéalta agus a gcuid
filidheachta sgríobhtha, dhóigh an Lochlannach iad ar theacht dó, agus tá siad anois caillte go deó ag Éirinn, acht tá mór-chuid lámhsgríbhinn againn i dtaisgidh fós i gColáiste na Tríonóide, 'san Acadaimh, i Leabharlainn na mBreatnach i Londain agus i nOxanfort. Ní raibh aon rud ab' fhearr leis na manaighibh i nÉirinn fad ó ná bheith ag sgríobhadh leabhar, agus bhí na leabhra so an-luachmhar ar fad. Bhéarfaidh caibidil atá sgríobhtha ar Cholm Chille tuairim dúinn 'na thaobh so. Seo iad na sean-leabhra is sine agus is feárr d'á bhfuil le fagháil : Leabhar na hUidhre atá 'san Acadaimh i mBaile Átha Cliath, Leabhar Laighean i gColáiste na Tríonóide, Leabhar Leacan, Leabhar Buidhe Leacan, an Leabhar Breac, Leabhar Cheanannuis, Leabhar Mhic Durnáin, Leabhar Árda Maca, agus Leabhar Bhaile an Mhóta. Tá cuid d'á bhfuil 'sna leabhraibh seo aistrighthe agus clóbhuailte, acht tá an chuid is mó go mór gan baint leis fós tar éis a ghéire is theasduigheas eólas uainn 'na thaobh. Leabhar iongantach eile is eadh “Annála na gCeithre Máighistrí,” a sgríobh oidí stardha Mhuinntire Dhómhnaill Thíre Conaill ó'n mbliadhain 1632 go 1636. Triúr dearbhráthar de Mhuinntir Chléirigh agus oide eile de Mhuinntir Mhaoilchonaire dob' eadh an ceathrar do sgríobh an leabhar tairbheach iongantach so. Do chuir Seaghán Ó Donnabháin an leabhar so i mBéarla sa mbliadhain 1851 agus tá le fagháil anois. Tá go leór de na sean-leabhraibh sgríobhtha i Laidin agus ar ndóigh 'sa tsean-Ghaedhilg a bhfuil furmhór na ndaoine ar bheagán eólais uirthi anois. Is iongantach de'n tsaoghal an slacht agus an mhaise a chuireadar ar na sean-leabhraibh so. Bhí na sean-Ghaedhil an-tsuimeamhail i gcomhnuidhe i gceól, agus ba mhinic oide ceóil as Éirinn ag dul anonn ag múnadh ar fud na hEórpa, agus cé go raibh lucht ceóil na Breataine agus na hAlban go maith, ní ceaptaoi dhóibh a bheith 'na ndeagh-cheóltóiríbh amach is amach, muna gcaithidís sealadh ag foghluim cheóil i nÉirinn. Tá sean-fhuinn na gceóltóirí againn le
cloisint fós ar fud na tíre agus béidh le congnamh Dé, cé nach bhfuil amháin eólas againn ar ainm aon duine d'ár chum iad acht amháin fíor-chorr-dhuine. B'í an chláirseach agus an phíob agus dá ghléas ceóil is mó a gcuiridís suim ionnta, agus ba ghnáthach leis na píobairíbh a bheith i dtosach an airm agus ag seinm cheóil do na saighdiúiribh ar bheith ag dul chun catha dhóibh. Níor bh'ionann a dtighthe agus na tighthe tá ann anois. Do-ghníthí d'adhmad iad agus cruinn i gcuma — ní hionann is anois. Le haghaidh na mban óg uasal bhíodh áit áirithe 'san tigh ar a dtugtaoi “grianán.” Bhíodh fál mór, nó balla, timcheall gach tighe mar chosaint ó na beithidhighibh fiadhaine agus ó na cneamhairíbh. “Dún” a thugtaoi mar ainm ar áit chómhnuidhthe an ríogh. Nuair a cailltí rí nó laoch mór, ba mhinic a dóightí an cholainn, agus chuirtí i dtaisgidh an luaithreamhán, agus ba mhinic a cuirtí lia mhór agus leacht nó cloch thógbhála os cionn na colna nó an tsoithigh 'na mbíodh an luaithreamhán curtha. Ba mhinic budh é cur an laoich 'na sheasamh suas 'san uaigh do-ghníthí, faoi n-a chulaith chatha, a chlaidheamh agus a aghaidh ar a námhaid. B'amhlaidh a cuireadh Laoghaire ag Teamhair agus Eóghan Béal Rí Chonnacht a marbhadh 'san troid i n-aghaidh na n-Ultach i n-aice Shligigh sa mbliadhain 537. Chreid na hÉireannaigh, an fhad is bhéadh a dtaoiseach feistighthe curtha ar an gcuma sin, nár bhaoghal go mb'fhéidir leis an námhaid a mbualadh. Budh í an bheatha ba mhó a raibh tóir ag na sean- Ghaedhlibh uirthi í feóil agus arán cruithneachta. Bhíodh bainne, cáise, im, iasg tortha, muicfheóil, leite mine coirce agus mil i n-úsáid freisin mar bheatha 'san tír. Mar deir mé, bhí na beacha go fairsing 'san tír, agus bhíodh corcóga in gach áit. Bhí tóir mhór ag na daoinibh ar mhil. Budh í an deoch a bhíodh aca, bainne, fíoruisge, lionn, fíon, agus cineál díghe do-ghníthí de'n mhil. D'ólaidís as an gcorn nó as an meidir agus bhruithtí an bheatha i gcoire mhór a mbíodh beatha ann go síorruidhe i gcómhair an fhir siubhail. Bhíodh tighthe áirithe annso is annsúd ar fud na tíre 'na mbíodh biadh agus lóistín i
n-aisgidh le fagháil. “Biadhtach” a thugtaoi ar fhear an tighe, agus bhíodh a chuid talmhan ag dul dó i n-aisgidh. 'Sé an solas a bhíodh aca bruibh a thomtaoi i ngeir agus a lastaoi annsin, acht bhíodh coinnle geire ag tuilleadh aca, agus bhíodh coinnle céarach ag na daoinibh saidhbhre amháin roimh an gcúigeadh aois. Ghníthí teine de'n adhmad agus de'n mhóin mar déantar anois agus bhí gual aca freisin. Ní raibh, 'ar ndóigh, acht duine sé nó seachráin i n-innmhe léighte, agus mar sin ní bhíodh ag na daoinibh acht eólas ar bith a theastuigheadh uatha a fhagháil ó na seanchaidhthibh agus ó na filíbh a raibh cuimse sean-sgéalta agus dánta agus eólas stardha aca. Ag fleidh nó féasta bhíodh i gcómhnuidhe seanchaidhthe i láthair le sgéalta innsint, agus ba mhinic cláirseóir nó píobaire 'sa láthair le ceól a sheinm dhóibh. Chuireadh gach duine a chlann le n-a n-oileamhaint agus a múineadh i dtigh duine eile d'á threibh féin. Bhíodh na daoine 'na “gclannaibh” agus 'na “dtreabhaibh.” Ar gach treibh bhíodh taoiseach nó rí de réir méid na talmhan a bhíodh 'na seilbh. Bhí an tír an uair sin roinnte 'na cúig cúigí, Ulaidh, Laighin, Mumha, Connachta, agus Midhe. Bhíodh sí ar gach cúige, agus os cionn na hÉireann go léir bhíodh árd-rí. Bhíodh cáin ag dul do'n árd-rí ó rígh gach chúige, agus ar an mbealach céadna bhíodh cáin ag dul go gach rígh ó thaoisighibh na gclann. Bhíodh réimse talmhan ag gach taoiseach agus ar fagháil bháis do rígh nó do thaoiseach chuirtí an talamh i seilbh an té a ndéantaoi rí nó taoiseach dhe i n-ionad an fhir mhairbh. Ghníthí rí de'n té ab' fheárr a mheastaoi a bheith i n-innmhe an cúige a riaghlughadh. Bhíodh ar an rígh i gcómhnuidhe an treabh a cheadughadh i dtaoibh aon tsocruighthe budh mhian leis a dhéanamh agus gan a gcead níor bh'fhéidir leis a dhéanamh. Ní bhíodh aon arm ar leith aca le haghaidh troda. Bhíodh ar an treibh an troid a dhéanamh dá dteastuigheadh. Ba mhinic na clanna agus na treabha i n-éadan a chéile, agus mí-dhílis d'á chéile. Sin é a d'fhág faoi smacht a námhad iad féin 'sa deireadh.
B'iongantach é dlighe na sean-Ghaedheal. Níor mhór do dhuine a bheith i bhfad is i bhfad ag foghluim sul d'fhéadfadh sé a bheith 'na bhreitheamhain. Bhí dlighe na mbreitheamhan i bhfeidhm i nÉirinn go dtí tús na seachtmhadh haoise déag nuair a chuir Sasana a dlighe féin i n-a ionad. Caibidil IV. Na Fianna : Sgéalta na bhFiann agus na mbárd : tuilleadh i dtaoibh na sean-Éireann; áiteacha cómhnuidhthe na ríogh. Sul mar tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn 'seadh do mhair Fianna Éireann, an dream gaisgeamhail tréanmhar a bhfuil sgéalta agus laoithe móra Fiannaidheachta le fagháil 'na dtaobh ó gach sean- Ghaedhilgeóir. Ní'l aon duine againn nár chualaidh cur síos ar Fhionn mac Cumhaill, taoiseach na Féinne, ar Gholl mac Móirne an mhóir-spreacaidh agus an bhrígh, ar Chaoilte lúthmhar luath mac Rónáin, ar Dhiarmaid Ó Duibhne an bhaill seirce agus an deagh-ruisg, ar Chonán Maol, “fear caithte na gcloch,” ar Osgar tréanmhar glan-osgardha mac Oisín, agus ar Oisín binn-bhriathrach fileadhta mac Fhinn, an duine deireannach de na Fiannaibh, agus an té a mhol agus a chan a dtréithe, a gcáil agus a ngníomha gaisgidheachta 'sna laoithibh Fiannaidheachta atá le cloisint againn go dtí an lá tá indiu ann. B'iongantach do'n tsaoghal na gníomha ab' fhéidir leó a dhéanamh de réir na sean-sgéalta, acht is follusach go bhfuil áidhbhéil mhór curtha leis na sgéaltaibh leis na céadtaibh bliadhain, agus tá sé le tuigsint nach mbéadh sé i gcumas aon fhir d'ár mhair riamh gníomha mar chuid aca a dhéanamh. Tá sé ceaptha ag cuid de na hughdaraibh léigheannta gurab áidhbhéil agus bréaga móra gach a bhfuil de chur síos ortha ar fad ; acht ní
dóigh sin. Creideann an Gaedhil go raibh an dream iongantach so i nÉirinn — ceithre mhíle dhéag dhíobh — agus go dtí an lá indiu taisbeáinfear dhuit “Bealach Oisín,” agus na háiteacha 'nar imthigh Diarmuid agus Gráinne ar a dteicheadh ó Fhionn mhac Cumhaill, agus ó ghlúin go glúin, ó bhéal go béal, agus ó gheinealach go geinealach, tá sgéalta móra na bhFiann d'á n-innsint agus dá n-aithris. Ná creidthear go raibh siad 'na laochraidhibh móra cumasacha amach is amach, nó go ndeárnadar cuid de na gníomhaibh iongantacha atá curtha 'na leith ; acht cé nár chóir go gcreidfidhe gach rud 'na dtaobh, ba cheart go mbéadh mór-mheas againn go léir ar na sgéaltaibh breágha bríoghmhara so, mar tugann siad léargus mór dúinn cé an éirim agus cé an inntleacht agus smaoineadh a bhí ag na sean- Ghaedhlibh a chum agus a chuir le chéile iad. Tá Gaedhilg bhinn chumasach againn ionnta le fagháil, agus badh cheart do gach Gaedheal gan a bheith gan eólas a sgéal “Chéadtaigh Mhic Fhinn,” ar “Thóruidheacht Dhiarmada agus Ghráinne,” agus freisin gan a bheith mí-eólasach ar na laoithibh breágha fuinneamhla Fiannaidheachta atá le cloisint, mar dubhras cheana, ó chuid de na sean- Ghaedhilgeóiribh, mar “Eachtra an Amadáin Mhóir,” “Laoidh na Mná Móire,” “Seilgí na Féinne,” “Turas na Féinne go Crích Lochlainne,” “Argúinteacht Oisín is Pádraig,” “Cath Bhinne Tráighe,” &rl. 'Na dteannta so badh cheart na sgéalta breágha eile : “Clanna Uisnigh,” “Clann Lir,” agus “Clann Tuireann” a bheith ag gach Gaedhilgeóir óg. Chuir na sean-bháird le chéile na sgéalta so, agus is deacair sgéalta is mó a chorróchadh an croidhe a fhagháil. Tá áilneacht agus filidheacht aoibhinn ionnta nach furas a shárughadh. Tá cunntas againn ionnta le fagháil mar dob' éigean do Naoise mhac Uisnigh agus d'á bheirt dearbhráthar teicheadh go hAlbain nuair a thug sé féin agus Déirdre searc agus grádh d'á chéile, mar mhaireadar i nAlbain, mar ba mhian le rígh na hAlban Déirdre a bhaint amach, mar d'iarr Conchubhar mac Neasa, árd-rí Uladh, Naoise agus Déirdre agus an
bheirt dearbhráthar eile ar ais, agus mar marbhuigheadh iad go fealltach míthrócaireach ar fhilleadh dhóibh. Agus is brónach dólásach an sgéal “Clann Lir” freisin — an chlann a mb'éigean dóibh a bheith ar fán “ó thuinn go tuinn thar sáile” 'na n-ealaíbh geala bána ar Shruth na Maoile ar feadh míle bliadhain. Tá na sgéalta so le fagháil ag gach duine anois agus mar sin ní chuirfeadh síos ortha annso, acht molaim do gach Gaedhilgeóir óg a bhfagháil agus a léigheadh, é féin. Bhí Conchubhar mac Neasa ann trí chéad bliadhain nó mar sin roimh aimsir na bhFiann, agus ba le n-a linn a mhair an laoch mór-spreacamhail iongantach Cú Chulainn. Tá gníomha curtha 'na leith-sean níos iongantaighe go mór 'ná tá curtha i leith na bhFiann féin. Creidim gur mhair sé acht nach raibh sé gar d'á bheith chomh hiongantach nó chomh cumasach is tá curtha síos 'sna sean-sgéaltaibh. Le linn na haimsire sin freisin — tuairim an ama a rugadh ár Slánuightheóir — 'seadh mhair Meadhbh, bain- ríoghan Chonnacht a chómhnuigh i Ráith Chruachan i gConndae Roscomáin agus ar a bhfuil freisin trácht mór 'sna sean-sgéaltaibh. Ní gábhadh dhom a rádh nár bh'é an creideamh Caitliocach a bhí aca i sean-Éirinn an t-am sin. Bhí na daoine 'na bpágánaighibh. Bhídís ag tabhairt adhruighthe do dhéithibh bréige, do'n ghréin, agus do'n ghealaigh. Oidhche áirithe 'san mbliadhain i gcómhnuidhe do lastaoi teine mhór ag Teamhair i n-onóir Dia bréige Beal. Is í oidhche Bhealtaine comhthrom na hoidhche sin anois, agus is é sin an fáth an t-ainm a bheith ar an mí ó shoin. Is cóir dúinn a bheith measamhail ar go leór rudaí a bhain le sean-Éirinn an t-am sin, agus ar go leór d'á ndearnadh i n-Éirinn sul tháinig Pádraig naomhtha leis an gcreideamh a mhúineadh agus na daoine a athrughadh. Bhí cineál sgríbhneóireachta ag na sean-Ghaedhlibh, an t-ogham. Bhíodar i n-innmhe a ngléis catha féin a dhéanamh, an gath, an claidheamh, &rl. Bhíodar oilte ar shaothrughadh na talmhan. Bhíodar i n-innmhe a dtighthe féin a dhéanamh. Bhí cineál curaigh aca le seóladh ar
fairrge. Bhí filidheacht agus ceól agus sgéalaidheacht aca. Bhíodar cleachtach ar chleasaidheacht agus ar shealgaireacht. Bhí dlighe agus ealadha aca, agus 'na dteannta so uile bhí aca i gcómhnuidhe mór-laochras agus deagh-fhearamhlacht. Théidís go minic trasna go Breatain, go hAlbain agus go dtí an Ghaill (.i. an Fhrainnc), agus cuireadh faoi n-a smacht muinntir na dtíortha sin. Le linn Néill aoi-ghiallaigh a bheith 'na rígh, tuairim leath-chéad bliadhain sul tháinig Pádraig, bhí an-fhaitchios ar fad ag muinntir na hÉireann an t-am sin. Do chreachaidís an Bhreatain ó am go ham. Thugadh turas anois is arís anonn go dtí an Ghaill, agus thugadh leó ar ais daoine mar sglábhaidhthibh ó'n tír sin. Is amhlaidh a d'éirigh leó Pádraig agus a bheirt deirbhsheathar Darearca agus Lupaid a chrochadh leó as an nGaill, nuair a bhí sé i n-aois a shé mbliadhan déag. Ba bheannuighthe an lá do na Gaedhlibh é nuair a tugadh go hÉirinn an t-ógánach naomhtha a bhí le solus agus lóchrann an chreidimh fhíre a lasadh i nÉirinn — an lóchrann soillseach lonnrach nach múchfar, le congnamh Dé, i nÉirinn na naomh go deó ! Níor chóir go mbeadh dearmad orainn i dtaobh na n-áiteacha 'na gcómhnuigheadh na ríghthe agus na huaisle i nÉirinn fad ó. I dTeamhair i gConndae na Midhe 'seadh bhíodh an fheis ar bun agus a chómhnuidheadh an tÁrd-rí. Ag Eamhain Mhacha 'seadh bhíodh áit chómhnuidhthe na n-uasal Ultach le linn Chon Culainn. I Ráith Chruachan 'seadh bhíodh uaisle Chonnacht le linn Mheidhbhe. Ag Caiseal a bhí áit chómhnuidhthe árd-ríogh na Mumhan, agus ag Binn Éadair 'seadh bhíodh cruinnighthe go minic ag Fiannaibh Éireann. Tá fhios gur fhág Diarmaid, an tÁrd-rí, Teamhair 'san seiseadh haois ó tharla gur chuir Ruadhán naomhtha mallacht ar an áit, mar nach raibh sé sásta le socrughadh áirighthe do rinne an tÁrd-rí Diarmaid Ó Cearbhaill i n-a aghaidh. Ó shoin amach níor chómhnuigh an tArd-rí i dTeamhair. Ba bhocht an sgéal tréigean na Teamhrach
agus gan bhréig budh mhór an dochar a rinne sé do'n tír. Thar a éis sin chómhnuidheadh na hÁird-ríghthe ag Tailtin, agus ag Tlachtgha na Midhe, agus ag Uisneach na hIarmhidhe. I dteannta na háite cómhnuidhthe bhí ag ríghthibh Uladh ag Eamhain Mhacha, bhídis freisin ó am go ham ag Oileach Néid nó Grianán Oiligh, agus ag Dún Cealtair i gConndae an Dúin. Bhí dúnta ag ríghthibh Laighean ag an Nás, ag Liamhain, agus ag Dionn Ríogh i gConndae Cheatharlach, agus ag Ailinn nó Dún Ailinne i gCill Dara, agus, i dteannta an dúna a bhí ag ríghthibh na Mumhan ag Caiseal, bhídís freisin anois is arís ag Brugh na nDéise i gConndae Luimnigh, ag Cathair i gConndae Thiobrad Árann, ag Tradraighe i gConndae an Chláir agus ag Ceann Coradh. Tá lorg agus cosmhalacht na ndúnta sa talamh fós féin. Caibidil V. Pádraig Naomhtha. Is dóigh le furmhór na seanchaidhthe go rugadh Naomh Pádraig ag Ail Chluaidhe nó Dún Breatan i nAlbain tuairim na bliadhna 373. Bhí go leór d'á ghaoltaibh 'na gcómhnuidhe 'san bhFrainnc agus 'san tír sin 'seadh fuair sé a chuid foghluma ar dtús. Do hoileadh é i ngrádh agus i bhfaitchios Dé, agus d'éirigh sé suas 'na bhuachaill chiuin shocair, umhal d'á athair agus d'á mháthair, cráibhtheach i seirbhís Dé, agus carthannach lághach leis na cómhursanaibh. Ar a bheith i n-aois a shé mbliadhan déag dó, tháinig na Scuit go hobann, agus sgriosadar an tír, mharbhuigh- eadar a athair agus a mháthair, agus chrochadar leó é 'na sglábhaidhe go hÉirinn. B'éigean dó a bheith ag buachailleacht mhuc d'fhear saidhbhair darbh'ainm Miolchú i gCúigeadh Uladh. An fear na haimsire chaith sé amuigh
ar an sliabh ag buachailleacht d'oibrigh air go dúthrachtach agus fuair eólas ar an nGaedhilg a bhí d'á labhairt ag gach duine ar fud an oileáin. Bhí an t-uaigneas, an t-ocras agus an fuacht ag gabháil do'n sglábhaidhe bocht, acht bhí aon rud amháin ag congbháil an mheisnigh ann — a chreideamh, agus an t-eólas a bhí aige ar Dhia. Bhíodh sé ag guidhe i gcómhnuidhe. Dubhairt sé le n-a bhéal féin : “Céad uair sa ló agus tuairim céad uair gach oidhche guidhim chum an Tighearna, agus 'sna coilltibh, ar na sléibhtibh, faoi shioc agus faoi shneachta, ní sguirim de mo chuid urnuidhthe.” Aon oidhche amháin agus é ar Shliabh Mis chulaidh an ghlaodhach chuige ag rádh, dar leis : “A Phádraig, is an-mhaith ag trosgadh thú, agus is ag trosgadh rachas tú chum do thíre dúthchais féin.” Go haibéil thar a éis sin chualaidh sé an glór an dara huair ag rádh : “Féach ! tá do long réidh.” D'imthigh sé ó Mhiolchoin annsin, agus siubhail dhá chéad míle sul shroich sé an fhairrge. Bhí long go díreach ag dul ag seóladh agus d'iarr sé cead a leigean innti acht ní fhuair. Thosuigh sé ag guidhe, agus ba ghairid gur glaodhadh air agus gur leigeadh 'san luing é. D'imthigh leó agus níor stad gur stríocadar talamh i dtír choimhighthigh. D'fhágadar an long agus bhain ocras dóibh. Ghlaoidh siad annsin ar Phádraig agus d'iarradar air a athchuinghe ar Dhia cuidiughadh leó mar go rabhadar leath- chaillte leis an ocras. Rinne sé amhlaidh, agus ba ghairid gur casadh plód mór muc ortha. Mharbhadar cuid de na mucaibh, agus d'imthigh a n-ocras. 'Sa deireadh tháinig Pádraig do'n Fhrainnc agus bhí Naomh Máirtín ina easbog i dToirinis an t-am sin. Bhí Pádraig agus é féin i ngaol gar d'á chéile agus rinne sé manach de Phádraig. D'oibrigh Pádraig annso d'oidhche is de ló go dúthrachtach ag foghluim le bheith 'na shagart. Thar éis sgathaimh bhig thug sé cuairt ar an easbog naomhtha léigheannta Gearmán. Ní raibh rud ar bith 'sa domhan ba mhó a bhí faoi'n mbeirt aca ná a ndícheall a dhéanamh ar an gcreideamh fhíre a chraobh- sgaoileadh imeasg na bpágánach.
Bhí sé anois gar d'á bheith 'na shagart agus thug cuairt ar a mhuinntir ag baile. Ba mhian leó a chongbháil, acht níor bh'é sin toil Dé. Aon oidhche ámháin bhí brionglóid aige agus do chonnacthas dó gur tháinig fear as Éirinn chuige agus do thug litir dó. Do chonnacthas do Phádraig go bhfaca sé na focla “Guth na hÉireannach” i dtús na litre, agus go gcualaidh sé na páistí ag glaodhach air ó Choill Fhochluth i ngar do'n Iar-Mhuir, agus ag á impidhe air a theacht chuca. D'innis sé dá charaid naomhtha Gearmán cé rud a bhí faoi a dhéanamh agus chuir seisean mar chómhairle air a dhul do'n Róimh go dtí an Pápa, Celestín, le cead d'fhagháil uaidh an Soisgéal Naomhtha a chraobh- sgaoileadh agus a theagasg i nÉirinn. Thug an Pápa cead agus a bheannacht dó agus chuir é go hÉirinn le hobair Dé a dhéanamh. Bhí Pádraig 'na shagart an t-am so. Níor bh'é Pádraig acht naomh dar bh'ainm Palláid an chéad duine a cuireadh leis an gcreideamh a mhúnadh i n-Éirinn, acht níor éirigh leis-sean ar chor ar bith. Tháinig Pádraig go hÉirinn 'san mbliadhain 432 nuair a bhí sé trí fichid bliadhain d'aois. Ceithre bliadhna is dá fhichead roimhe sin bhí sé 'na sglábhaidhe bhocht 'san tír, acht anois bhí sé 'na theachtaire ó Dhia. B'éigean dó glanadh as an áit agus gan acht aon duine amháin baistighthe aige, mar nach raibh aon ghlacadh ag ceannphuirt an cheanntair leis. D'imthigh leis annsin agus níor stad go dtáinig isteach i nInbhear Colpa ag Droichead Átha. Bhaist sé fear uasal dar bh'ainm Seiscneán annsin. Bhí mac an fhir seo 'na árd-easbog ar Árd Mhacha i bhfad 'na dhiaidh sin. Budh é a sgríobh “Leabhar na gCeart,” agus Beinén a b'ainm dó. As so ghluais le Pádraig go Cúige Uladh. Tháinig sé go Loch Cuan, agus thar éis míorbhailte mór d'áthruigh agus bhaist ceannphuirt na háite. Is ar a chuid talmhan a rinne Pádraig an chill ar a dtug sé an t-ainm Sabhall.
Tug sé annsin cuairt ar a shean-mháighistir Miolchú, acht bhí sé caillte roimhe, agus deirtear gurab é féin a chuir chun báis é féin. D'athruig sé a bheirt inghean, ámh. D'imthigh leis annnsin go Teamhair na Ríogh — agus annsin 'seadh is mó a rinne sé le págántacht a chur i n-íochtar i nÉirinn. Bhí an-argúinteacht aige féin agus ag na draoithibh, acht le cumhacht Dé fuair sé buaidh ortha, agus bhaist sé an tÁrd-rí, Laoghaire, agus na mílte de na daoinibh ag Teamhair. Chuaidh leis annsin go Cruachain Chonnacht agus d'athruigh daoine annsin. Budh iad an chéad bheirt a fuair bás ar an gCreideamh Caitliocach i gConnachtaibh, Eithne agus Féidhlim, beirt inghean Laoghaire, a bhí ag fagháil oideachais agus ag cómhnuidhe i gCruachain. Ó Chruachain chuaidh sé go hAilfionn, as sin go Conndae Mhuigheó agus Conndae Shligigh. Chaith sé dá fhichid lá ag guidhe agus ag trosgadh ar bhárr Chruaiche Pádraig. Chaith sé seacht mbliadhna ar fud an chúigidh, bhí sé 'sa Mám, i nUarán, agus i nGleann na Madadh. Do chuaidh sé go Tír Aodha as Cúigeadh Chonnacht agus do chaith tamall fada ar oileán i Loch Dearg ag síor- ghuidhe Dé, ag trosgadh, agus ag tabhairt spídeamhlachta d'á cholainn. Tugtar turais ar Loch Dearg gach uile bhliadhain 'gá chuimhniughadh sin. As Loch Dearg chuaidh leis go Doire agus go dtí Grianán Ailigh Ríogh Uladh, dhá mhíle ó chathair Dhoire. Baisteadh an rí, Eóghan, agus a chlann mhac agus gach duine d'ar bhain leis. Ó chlainn mhac an ríogh so 'seadh shíolruigh Colm Cille naomhtha, Aodh Ruadh, Eóghan Ruadh Ó Néill, Aodh Ruadh Ó Dómhnaill, agus na céadta laochradh cródha eile d'oibrigh go tréan ar son creidimh agus saoirseachta na tíre. As Dún na nGall chuaidh sé go Conndae Thíre Eóghain, tré Chonndae Mhuineacháin, agus tré Chonndae Lughbhaidh, ag teagasg na ndaoine 'san gcreideamh fíre, 'gá mbaisteadh, agus ag tógáil teampall. 'Sa deireadh tháinig sé go Baile Átha Cliath, agus deirtear le míorbhuilte Dé gur thóg sé ó'n mbás mac agus inghean le rígh Bhaile Átha Cliath, agus, thar éis sin
a dhéanamh, gur iompuigh an rí a theaghlach agus gach ar bhain leis ar an gcreideamh fíre. Baisteadh iad i n-áit a ngoirthear “Tobar Phádraig” de go dtí an lá indiu. Ó Bhaile Átha Cliath chuaidh leis tré Chúigeadh Laighean. Bhaist sé beirt mhac, Oileall agus Iollann, leis an rígh a bhí ar an mbaile a ngoirthear an Nás de anois. Chuaidh leis tré Chill Mhanntáin, tré Chill Dara, agus tré Chonndae Chille Dara, d'imthigh leis agus thug aghaidh ar Chaiseal na Ríogh agus d'fhág a bheannacht ag Cúigeadh Laighean. Baisteadh an rí, Aonghus, agus go leór eile. D'fhan Pádraig sgathamh fada ag Caiseal, áit chómhnuidhthe ríogh Mumhan agus an áit is mó a mbíodh déithe bréige d'á n-adhradh. Deirtear gur thuit na déithe bréige anuas ar a bheith ag teacht do Phádraig. Chuaidh leis annsin go Port Láirge. Thug cuairt ar Naomh Deaglán ag Árd Mór, agus thar a éis sin ghluais leis go Luimneach. Chuir sé Teampall ar bun ag Cill Mocheallóg. Bhíodh sé go minic ar bhárr cnuic darab ainm Árd Pádraig ag guidhe agus ag trosgadh, ag léigheadh an aifrinn, ag altughadh Dé, agus ag teagasg na ndaoine ar a bhárr. Ní'l aon chunntas go raibh sé i gConndae an Chláir ná i gConndae Chiarraighe, acht ceapthar go raibh sé in gach conndae beagnach, mar bhíodh sé i gcómhnuidhe ag siubhal ar fud na hÉireann. Bhí beirt naomh i gConndae an Chláir, Breandán agus Seanán, a d'athruigh na daoine i gConndae an Chláir agus i gCiarraighe thar éis aimsire Pádraig. D'fhág a sheacht mbeannacht ag Cúigeadh Mumhan agus d'imthigh go hUltaibh. Ag Tír Ghlais i ngar do Loch Dearg bhaist sé Eochaidh Ball-dearg agus go leór d'á chuid daoine. Thar a éis sin tháinig sé go dtí an áit ar a dtugtar Conndae an Ríogh anois. Deirthear gur casadh cuid de mhuinntir na Mumhan air ann a bhí ag iarraidh a thabhairt ar ais. 'Sé an t-ainm atá ar an áit anois Brosnacha Bladhma.
Bhí bunadhas na ndaoine athruighthe aige agus ní raibh uaidh anois acht riaghlughadh na hEaglaise a shocrughadh ionnus go mbeadh sí buan-sheasmhach 'san tír. Budh é Árd Mhacha an áit a thogh sé leis an teampall a dhéanamh ann le ordughadh ó aingeal Dé. Thug an rí, Dáire, cead uaidh an teampall a dhéanamh, agus ó'n lá sin go dtí an lá indiu tá príomh-theampall na hEaglaise i nÉirinn i nÁrd Mhacha. Rinne Pádraig deagh-obair, d'athruigh sé na daoine agus chuir deireadh leis an bpágántacht. Cailleadh é timcheall 493. Badh mhian leis go bhfuigheadh sé bás ag Árd Mhacha, acht shéalthuigh sé i gConndae an Dúin ar an mbealach go hÁrd Macha. Bhí Brighid, Etembria agus Tasach i láthair ar fhagháil bháis dó. Deirthear nár cuireadh é go cionn dhá lá déag, agus ar feadh na haimsire go raibh lóchrann soillseach thart thimcheall air agus ceól binn na n-aingeal le cloisint i ngar dó. Tá sé féin agus Brighid agus Colm Cille curtha i n-aon uaigh amháin ag Dún Phádruig i gConndae an Dúin. Thar éis a bháis bhí Éire faoi árd-mheas agus onóir ar fud an domhain. Bhí léigheann agus foghluim innnti. Bhíodh sgoláirí ó mhór-thír na hEórpa ag teacht ag fagháil oideachais ó naomhaibh beannuighthe agus ó oidíbh naomhtha léigheannta na tíre. B'in é an t-am ar thuill ár n-oileáinín dúthchais an t-ainm uasal “oileán na naomh agus na mbárd.” Caibidil VI. Colm Cille. Ní raibh aon duine de na naomhaibh go léir a mhair nÉirinnn ar feadh cúig chéad bliadhain thar éis aimsire Phádraig agus a chraobhsgaoil an creideamh ar fud na hEórpa ar bh'iongantaighe a ghrádh do Dhia agus d'á thír 'ná Colm Cille. Ní féidir cur síos i gceart ar an ngrádh mór a bhí aige ar Éirinn agus ar gach ar bhain
léithi. Dubhairt sé féin uair amháin agus é go dubhach deórach i ndíbirteacht ó Éirinn gur chosamhail leis an ghaoith ghlé fhionn-fhuair a bhíodh ag séideadh ar chnocaibh deasa Oileáin na Naomh gaoth ó Fhlaitheas féin. Shíolruigh Colm Cille ó theaghlach Uí Néill, agus bhí na haithreacha a tháinig roimhe 'na dtaoisighibh cródha agus 'na bhflathaibh móra i gCúigeadh Uladh. Rugadh Colm Cille ag Gartán i dTír Chonaill, 'san mbliadhain 521. Deirthear go bhfacthas d'á mháthair roimh ré go mbeadh an mac beannuighthe so aici, agus go dtáinig aingeal ó Fhlaitheas le n'innsint di. Deirthear freisin gur innis Pádraig i dtaoibh na naoimh iongantaigh a bhí le bheith 'sa tír seal thar éis a bháis féin. Thug a aingeal coimhdigh é féin le taisbeánadh dó go minic agus d'iarr air aon uair amháin na tiodhlactha ab' fhearr leis aige a thoghaidh. Thogh Colm Cille geanamnaidheacht agus eagna, agus ar an bpoinnte tháinig triúr ban óg chuige. Níor chuir an naomh aon tsuim ionnta, nó gur innnis siad dó gur ó Dhia a cuireadh iad le fanamhaint i gcómhnuidhe i n-éinfheacht leis. “Cé na hainmneacha atá oraibh,” arsa'n naomh. “‘Geanamnaidheacht,’ ‘Eagna,’ agus ‘Fáidheacht,’ atá orainn,” ar siad-san, “agus thángamar le gan sgaradh leat go deóidh agus le thú a ghrádhughadh go síor.” Fuair sé a chéad mhúineadh ó'n sagart a bhaist é agus ó sgoil an tsagairt seo chuaidh sé ag foghluim i sgoltaibh na mainistrí mór 'na mbíodh daoine saidhbhre agus bochta d'á dteagasg. Chaith sé seal ag foghluim ag Cluain Ioraird ag Finnén naomhtha agus ag an sean-bhárd, Gearmán. Thug sé le taisbeánadh, agus é san mainistir seo, go raibh tiodhlacadh na fáidheachta aige ó Dhia. D'oibrigh sé go dúthrachtach ag cur ceall ar bun agus ní raibh sé acht i n-aois a chúig bhliadhan déag nuair a bhí chomh maith le seacht gcinn déag is fiche curtha ar bun aige. Bhí sé i ngaol gar d'fhurmhór na bhflath, agus
mar sin bhí árd-mheas air agus mór-urraim dó ag muinntir na tíre. Bhí grádh an-mhór ar fad aige do léigheann agus d'fhilidheacht. Bhí sé féin 'na fhile agus ba mhinic ar feadh a shaoghail a chum sé dán agus rann binn fileadhta. Budh é a ghrádh mór do léigheann ba chionn-tsiocair le n-a dhíbirt go cráidhte dubhach as Éirinn ar dtús, agus a chuir é ag teagasg an chreidimh ar fud oileáin na hAlban. Théidheadh Colm Cille go minic ar thóir leabhar ar fud na tíre, agus, ó bhí leabhra an-ghann 'san tír an t-am sin — mar go mba láimhsgríbhinn gach leabhar — ba mhinic é ag fagháil eitigh a ghoilleadh air go mór. Thárla dhó a bheith ar cuairt aon uair amháin ag Finnéin, agus i rith na n-oidhcheannta bhíodh sé ó dhubh go dubh ag aithsgríobhadh Saltrach Fhinnéin a bhí i dtaisgidh 'san gcill. Bhí sé 'gá dhéanamh so i ngan-fhios d'Fhinnéin, agus bhí sé gan aon fhios a bheith aige go raibh Colm Cille ag aithsgríobhadh a leabhair nó go raibh sé críochnuighthe. Nuair a chualaidh sé an sgéal bhí fearg mór air, agus dubhairt sé go gcaithfeadh Colm Cille a chóib d'á leabhar a thabhairt dó, acht ní raibh an naomh sásta ar a dhéanamh. 'Sa deireadh shocruigh Diarmaid, an rí, a bhí i ngaol gar do Cholm Cille, an sgéal eatorra, agus b'éigean an leabhar a thabhairt d'Fhinnén. Chuir seo buile agus fearg mhór ar Cholm Cille, agus d'imthigh leis agus ghríosuigh Clanna Néill i nUltaibh i n-aghaidh Dhiarmada. Tháinig an dá arm 'na chéile ag Cúl Dreimhne ar an teórainn idir Connachtaibh is Ultaibh. Tugadh cath millteach. Buaidheadh ar Dhiarmaid agus rinneadh ár mór agus sladadh ar a mhuinntir. Budh é Colm Cille ba chionn-tsiocair leis seo go léir agus cuireadh d'fhiachaibh air imtheacht leis as Éirinn mar gheall air, agus an oiread págánach a ghnóthughadh do Dhia agus thuit de Chríostaidhthibh 'san gcath a mbudh é ba chionntach leis. Bhí a chroidhe beag nach briste faoi go raibh air imtheacht go deóidh ó n-a thírín dúthchais a ghráduigh sé ó dhoimhneacht a chroidhe, acht d'imthigh leis agus chuaidh go hÍ i n-iarthar na hAlban.
Ní raibh teóra ar bith leis na deagh-oibreachaibh a rinne sé annsin, na teampaill, na sgolta, agus na coláistí a chuir sé ar bun ; an méid daoine a d'athruigh sé, agus an méid daoine naomththa a chuir sé amach ar fud na mór-thíre leis an gcreideamh a sgaipeadh. Thug sé aon chuairt amháin ar Éirinn ar feadh na haimsire a chaith sé i ndeóraidheacht — am ar theastuigh sé go géar le n-a bhreitheamhnas a thabhairt ag díosbóireacht mhóir i nÉirinn 'san mbliadhain 573 i dtaoibh Chlann Gaedheal na hAlban agus bárd na hÉireann. Mar gheall ar an mbreitheamhnas aithrighe a cuireadh air tháinig sé go hÉirinn agus púicín ar a shúilibh. Ghnóthuigh sé an toisg 'na dtáinig sé anall, .i. saoirseacht na nGaedheal i nAlbain agus gan deireadh a chur le cumann na mbárd. Bhí 'fhios aige i bhfad roimh ré go bhfuigheadh sé bás gan pian gan tinneas ar maidin Dómhnaigh agus fuair. Bhí sé ag oibriughadh ag sgríobhadh nó go raibh sé ag saothrughadh an bháis. Tá tobar beannuighthe i n-aice na fairrge ar an taobh thoir de Chuan Chasla i gConmhaicne Mara a dtagann go leór leór daoine chuige ag tabhairt turas Lá Chuilm Cille gach bliadhain. Deirthear gurab ann a tháinig an naomh i dtír uair ar tháinig sé trasna an chuain as Árainn. Caibidil VII. Sean-sgolta agus cuid de naomhaibh na hÉireann tráth ar bh'í “Inis na Naomh agus na mBárd” í. Mar dubhradh cheana, ar feadh céadta bliadhain tar éis aimsire Phádraig, bhí clú agus cáil na hÉireann leathnuighthe ar fud an domhain mhóir le léigheann agus le foghluim, le síothcháin, le sógh, agus le naomhthacht. Ag Árd Macha 'seadh cuireadh teampall na hEaglaise ar bun i nÉirinn ar dtús, agus annsin 'seadh mhúintí go
leór a bhíodh ag ollmhughadh i gcómhair oibre Dé. Bhíodh go leór Sasanach ag cómhnuidhe agus ag foghluim 'san scoil seo, an áit a raibh múinteachas agus fialtas na nGaedheal le fagháil ag gach duine. Nach maith mar chaith an Sasanach leis an nGaedheal go minic ó shoin, agus nach iongantach mar chaith sé a bhuidheachas leis! Dhóigh na Lochlannaigh an chathair go han-mhinic ar feadh na gceithre chéad bliadhain roimh Chath Chluana Tarbh, agus is iongantach mar sábháileadh an scoil ar chor ar bith. Bhí árdscoil eile i gCill Dara. Budh í Bríghid a chuir na scolta agus na mainistrí ar bun i gCill Dara. Bhí sí 'na mnaoi riaghalta chráibhthigh dhéirceamhail, agus ní raibh ban-naomh eile i nÉirinn mar í. Mhair sí i n-aimsir Phádraig. Bhí scoil i gConndae Lughbhaidh a chuir Naomh Mochta ar bun; scoil ag Cill Bheineoin i n-aice Thuama Dhá Ghualann a chuir Beinén ar bun. Ar Oileánaibh Árann bhí scolta agus naoimh go leór. Budh é Éanna a chuir an chéad mhainistir ar bun ag Cill Éanna i nÁrainn. Níor bh'fhada ann é go dtáinig chuige Breandán nó Bréanainn, agus Finnén. Bhí Colm Cille i nÁrainn sgathamh freisin. Ba bheag naomh i nÉirinn nár chaith tamall beag nó mór i nÁrainn. Bhí Ciarán Iarfhlaith as Tuaim, Caoimhghein ag Gleann Dá Locha, Mac Creiche, Líbeus, Papeus, Neachan, Breacán, Colmán mac Duach, &rl., i nÁrainn. Mhaireadh na naoimh go gnóthach cráibhtheach ag urnuidhe, ag trosgadh, ag staidéar agus ag sgríobhadh. Bhí go leór teampall i nÁrainn. Bhí ceann ag Cill Éanna dar bh'ainm Teampall Éanna, Teampall Mhic Longa, Teampall Mhic Ceannáin, Teampall Bheanáin, an Mhainistir Chonnachtach, Cill na Manach, Teampall an Cheathrair Áluinn, &rl. Tá na céadta naomh curtha i gcréafóig naomhtha na hÁrann, agus má bhí 'san am fad ó ar an áit budh bheannuighthe i nÉirinn, tá sí amhlaidh fós, mar tá cráibhtheacht, spioraid, teanga agus creideamh Phádraig agus na naomh 'sna hoileánaibh anois go lonnrach agus beidh go bráth le congnamh Dé.
Chuir Ascius naomhtha scoil ar bun ag Ailfionn. Bhí scoil chlúthamhail eile ag Cluain Ioraird a chuir Finnén ar bun, agus scoil ag Cluain Fhearta a chuir Breandán nó Bréanainn ar bun agus scoil ag Cluain Fosa a chuir Iarfhlaith ar bun i n-aice Thuama. Bhí árdscoil an-chlúthamhail ag Cluain Mhic Nóis ar bhruach na Sionna tuairim deich míle ó Bhéal Átha Luain. Budh é Naomh Ciarán mac an tSaoir a chuir an scoil iongantach so ar bun. Ar feadh sé chéad bliadhain bhíodh árd-scoláirí ag múineadh agus ag teagasg innti. Do sgríobhadh ag Cluain Mhic Nóis cuid d'Annálaibh na hÉireann, do cumadh go leór de shean- dántaibh filidheachta na nGaedheal ann, agus do múineadh go leór Franncach agus Sasanach léigheannta ann. Do cailleadh Ciarán féin tuairim na bliadhna 549, agus gan an scoil acht ceithre mhí curtha ar bun aige. Ní'l anois le feicsint ag Cluain Mhic Nóis acht na fothracha. Tá ballaí leagtha, an t-uaigneas agus an ciuineas ar gach taobh, agus cnámha na naomh naomhtha a bhí ann fad ó go doimhin leagtha faoi'n bhfód. Acht tá fós féin lorg na dteampall againn ann le feiscint. Seo cuid aca : an Daimhliag a chuir Flann, rí Éireann, agus Colm, ab Chluana Mhic Nóis, ar bun 'sa mbliadhain 909; Teampall Fhinnéin, an té a mhúin Ciarán naomhtha ; Teampall Ua gConchubhair a chuir Cathal, rí Chonnacht, a cailleadh 'sa mbliadhain 1010, ar bun. Bhí teampall eile ann a chuir Conchubhar Ó Ceallaigh as Connachtaibh ar bun 'sa mbliadhain 1167, agus teampall eile darbh' ainm Teampall an Ríogh nó Teampall Uí Mhaoilsheachlainn. Tá 'fhios gur chuidigh Diarmaid, rí Éireann, le Ciarán ar dtús, agus níor bh'iongnadh mar sin Teampall Ríogh a bheith ann. Bhí ann freisin Túr Uí Ruairc a chuir Fearghal Ó Ruairc, rí Chonnacht, ar bun 'san deichmhadh aois. Tá leacracha go leór le feicsint ann a cuireadh os cionn na ndaoine curtha. Tá gar do chéad go leith de na leacrachaibh le fagháil ann fós. Ar fhaitchios go ndóightí leabhra an tseanchais i gCluain Mhic Nóis bhíodh ar chuid de na seanchaidhthibh an
seanchas agus na dánta a bheith aca de ghlan-mheabhair. Níor bhaoghal go gcaillfidhe iad annsin. Bhí scoil mhór eile i nGleann Dá Loch a chuir Caoimhghein ar bun. Budh naomhtha an duine é Caoimhghein. Rugadh é 'sa mbliadhain 498 agus mhair go raibh sé céad is fiche bliadhain d'aois. Tá na fothracha le fagháil fós ag Gleann Dá Loch. B'iomdha duine léigheannta naomhtha a mhair 'sna scoltaibh agus 'sna mainistríbh ann ó aimsir Chaoimhghein go haimsir Lorcain Uí Thuathail, Árd- Easbog Bhaile Átha Cliath 'san dara haois déag. Naomh agus fear an-léigheannta do b'eadh Lorcán Ó Tuathail freisin. Bhí scoil mhór eile ag Lios Mór a chuir Carthach naomhtha ar bun timcheall na bliadhna 636. Bhí an scoil seo ar an gceann ab' fhearr i n-uachtar na hÉireann. Bhí scolta móra i nDeasmhumhain freisin. Bhí Barra ar dhuine de na chéad daoinibh a chuir scoil ar bun i gCúigeadh Mumhan. Bhí scoil 'san Ros a chuir Fachtna ar bun, agus scoil ar Inis Faithleann a chuir Finnén ar bun ann. Bhí scoil eile ar Inis Cealtra 'san ochtmhadh aois idir Gaillimh is Conndae an Chláir a chuir Colm ar bun. Bhí scolta i dTuathmhumhain freisin, go háirithe ag Biorra agus Ros Cré. Bhí scoil ar Inis Bó Finne i lár na fairrge móire a chuir Colm ar bun, agus scoil mhór eile i Muigh-Eó. Bhí scoil mhór eile i dTuaim Dhá Ghualann a chuir Iarfhlaith ar bun, agus bhí scoil mhór i nDoire freisin ar a bhfuil trácht mór 'sna sean-leabhraibh. Ní raibh na Gaedhil taobh leis na scolta so, acht ní'l goir againn acht gearr-chunntas beag a thabhairt i dtaobh sean-scolta na nGaedheal annso. Bhí grádh agus meas ag na naomhaibh agus ag na sean-scoláiríbh ar léigheann agus foghluim. Bhí teanga na nGaedheal d'á múineadh agus d'á labhairt aca, agus bhí cuid díobh 'na bhfilíbh freisin. Bhídís an-tsuimeamhail 'san Laidin, agus d'á síor-chleachtadh. Bhíodar an-eólasach freisin ar an nGréigis, agus budh dheacair cur chuca le feabhas an
eólais a bhí aca ar Laidin is Gréigis. Bhíodh na hoidí foghluma 'na seacht mdreamaibh do réir a n-eólais ar léigheann, stair, filidheacht, &rl. 'Sé an t-ainm a bhíodh ar an árd-oide “ró-shaoi.” “Saoi” an chéad chéim eile ab' ísle 'ná sin. Bhíodh duine 'na “shruith,” agus duine ní b'fhearr ná é 'na “an-shruith”. Thugtaoi freisin “ollamh” nó “saoi litridheachta” ar árd- ollamh, agus bhíodh sé de chead aige suidhe agus biadh a chaitheamh ar aon bhórd leis an rígh féin, bhí an oiread sin measa air mar gheall ar a chuid eólais i dtaoibh filidheachta, léigheann, stair na dligheadh. Níor bh' ionann an “bárd” agus “file” 'san tsean- aimsir. Ní fhaghadh an “bárd” aon mhúinteachas 'san bhfilidheacht, mar gheibheadh a “file”. Ní bhíodh aige acht a bheith ag cumadh as féin agus ag nochtadh a smaointe 'san bhfilidheacht go nádúrtha gan eólas mór an fhile i dtaoibh méadarachta agus filidheachta. Acht níor bh'amhlaidh é ag an bhfuilidh. Bhíodh eólas aige-sean ar gach cineál méadarachta filidheachta 'sa nGaedhilg. B'fhéidir leis cumadh ar an bpointe boise i dtaoibh roda ar bith. Bhíodh cuimse dánta agus laoithe aige de ghlan-mheabhair, agus b'fhéidir leis a n-aithris os comhair an ríogh, agus na laochradh uair ar bith d'oirfeadh sé dhó. B'fhéidir leis gan aon deacracht ná duadh dán moltach nó cáinteach a chumadh i dtaoibh roda ar bith budh túisge aige, agus bhíodh an oiread so airgid ag dul dó ar son a chuid eólais. Chaithfeadh sé dhá bhliadhain déag a chaitheamh ag foghluim na seacht gcineál filidheachta — do réir méadarachta — agus bhíodh air freisin trí chéad go leith sgéalta mór fada bríoghmhar a bheith aige de ghlan-mheabhair le haithris. Bhíodh na breitheamhain mar an gcéadna 'na seacht rannaibh do réir a n-eólais ar dhlighe agus ar shean-reachtaibh na nGaedheal. Bhíodh a bhreitheamh féin ag gach rígh, agus budh é a socruigheadh cúis dlighidh ar bith a bhíodh ag déanamh easaontais 'sa teaghlach. Breitheamhain dob' eadh cuid de Mhuinntir Aodhagáin fad ó, i gConndae na Gaillimhe agus ag muinntir Urmhumhan i gConndae Thiobrad Árann. Bhíodh filí stardha ag na ríghthibh freisin, agus bhíodh ar na filíbh
nó starthuightheóiríbh seo cunntas a sgríobhadh i dtaoibh gach catha, gach cogaidh, agus gach buadha d'á ndéanadh an rí agus na taoisigh. Bhíodh ortha freisin eólas a bheith aca i dtaoibh na dteaghlach le fada fada an lá, agus gan aon dearmad a bheith ortha i dtaoibh na ngeinealach, agus 'na dteannta so bhí sé de dhualgas ortha fios cruinn a bheith aca cé mhéad talman a bhíodh ag gach teaghlach, agus gach socrughadh a ghníthí i dtaoibh teórainneacha agus eile. Go dtí an t-aonmhadh aois déag sgríobhtaoi i bhfilidheacht go coitchionn, acht ó shoin i le (an fhad is ba ghnáthach a dhéanamh) i gcaint sgurtha ba mhinicí a sgríobhtaoi. Ní'l aon ghoir annso acht fíor-gheárr-aithris a dhéanamh i dtaoibh léighinn agus scoláireachta na hÉireann. D'fhéadfaidhe leabhar mór a sgríobhadh 'na thaoibh, acht dá laighead dá ndubhradh 'san ngeárr-aithris seo, bhéarfaidh sé tuairim do'n léightheóir cé an tsuim agus an phráidhinn agus an mór-mheas a bhí ar léigheann agus foghluim i sean-Inis Éilge, agus is féidir leis a rádh go mbudh mhaith an aghaidh ar ár dtírín dúthchais an ghairm uasal Inis na Naomh agus na mBárd a tugadh uirre an t-am sin, agus ar chóir go mbeadh Clanna Gaedheal go héag bródamhail as a ucht. Caibidil VIII. Na Lochlannaigh, Maoilsheachlainn Mór, Brian Bórumha i n-a Árd-rígh. Creachach na Lochlannach ; ullmhughadh Catha Cluana Tarbh. Faraor cráidhte! Caithfear anois leigeann de'n chur síos agus de'n aithris ar an aoibhneas, ar an sólás agus ar an sócamhal a bhí i nÉirinn ar feadh a ceathair nó cúig de chéadtaibh bliadhain tar éis aimsire Phádraig agus trácht ar an gcaoi ar chuir na Lochlannaigh deireadh le suaimhneas agus le síothcháin 'san tír.
Thángadar ar dtús i ndeireadh na hochtmhadh aoise. Bhí cabhlach láidir ag na Lochlannaighibh an t-am sin, agus budh mhinic iad ag teacht ag goid agus ag cneamhaireacht 'sna cathrachaibh, agus as na mainistríbh agus ag scuabadh leó ar ais go Crích Lochlann. 'Sa deireadh, le súil is go n-éireóchadh leó an tír ar fad a chur 'na seilbh i gcionn tamaill, tháinig go leór dhíobh agus chuir Baile Átha Cliath, Droichead Átha, Portláirge, Luimneach, Loch Garman agus tuilleadh caladhphort ar bun. Tháinig an-chuimse dhíobh leis an taoiseach Turgéis tuairim na bliadhna 840 tráth bhí an tríomhadh Niall 'na rígh. Rinneadar gach ár, sladadh, creachadh agus gadaidheacht ab' fhéidir leó. Rinneadar a ndícheall ar deireadh a chur le creideamh na nGaedheal. Ghoideadar an t-ór agus na seóda luachmhara as na teampaill. Bhriseadar na dealbha, agus na híomháighthe, dhóigheadar gach leabhar ab' fhéidir leó a fhagháil, dhúnadar sgolta an léighinn agus an teagaisg. “Teach Dé” ag Cluain Mhic Nóis, rinne an creachadóir Turgéis an áit chómhnuidhthe féin dhe; gabhadh árd-easbog Árda Macha agus tugadh é gabhtha go dtí ceannphuirt na sgriosa- dóirí. Níor bh'féidir leis na Gaedhlibh fulaing ní b'fhuide leis an gcreachadh. Ba ghairid go rabhadar 'na seasamh go docht i n-aghaidh na Lochlannach. Ghabh Maoilsheachlainn a bhí 'na fhlaith 'san Iarmhidhe Turgéis agus chuir chum báis é. Bhailigh an tÁrd-rí Niall arm láidir i dteannta a chéile. Phléasg ó'n dtuaidh ar na Lochlannaighibh agus ruaig roimhe iad go creachta leónta. Budh cródha tréanmhar an taoiseach fear an tríomhadh Niall, agus budh bhocht an chaoi ar cuireadh deireadh leis, faraor, tar éis buadhadh dhó! Báidheadh é i n-abhainn Challainn ag iarraidh giolla leis a shábháil ar bhain tuisle dhó ag dul trasna na habhann. Ní raibh aon chumhacht ag na Lochlannaighibh 'san tír acht amháin taobh leis an bhfairrge. Chuireadar, mar dubhras cheana, cathracha ar bun, agus budh mhinic, mar gheall ar an tráchtáil a bhíodh ar siubhal aca, go
mbíodh lámh-isteach aca féin agus ag na hÉireannaighibh le chéile. 'Sé rud a bhasg agus a chreach na hÉireannaigh agus budh chiontach le gan é a bheith 'na gcumas buadh a fhagháil amach is amach ar an námhaid agus glan-ruagadh as an tír a thabhairt dó an t-am so — gan aontuigheacht a bheith eatorra. Faraor, sin é a chreach iad go minic ó shoin freisin! Bhí flatha agus taoisigh na nGaedheal ag troid agus ag imreas ag iarraidh buadh a fhagháil ar a chéile nuair budh cheart dóibh seasamh le chéile go teann agus námhaid bhradach mhí-thrócaireach a dtíre a ruaigeadh. Budh mhinic Árd-rí na hÉireann ag déanamh a dhíchill báis agus beathadh ag iarraidh an Lochlannach a bhualadh, agus nuair a bhíodh an bhuadh beagnach aige 'seadh thosuigheadh duine d'á chuid flath, b'fhéidir, ag iarraidh árd-tighearnas na tíre a fhagháil dó féin, agus d'éirigheadh sé mí-dhílis do'n Ard-rí. Ar feadh trí chéad bliadhain b'éigean do gach Árd-rí troid chomh minic ag iarraidh smacht a chur ar a chuid flath is b'éigean dó troid i n-aghaidh na Lochlannach. Faoi chuing na daoirseachta níor bh'fhéidir le Clannaibh Gaedhil a bheith ag na Lochlannaighibh, dá seasadh taoisigh na nGaedheal go daingean láidir le chéile agus dlúth-mhuinnteardhas a bheith eatorra an t-am úd. Tuairim agus i lár na deichmhadh aoise bhí rí ar Chúigeadh Mumhan dar bh'ainm Mathghamhain mac Chinnéide, agus bhí dearbhráthar óg aige dar bh'ainm Brian. Bhí an bheirt dearbhráthar an-cheanamhail ar a chéile. Bhíodar 'na gcómhnuidhe ag Ceann Coradh. Marbhuigheadh Mathghamhain go fealltach ag féasta chum a bhfuair sé cuireadh ó Mhaolmhuaidh, tighearna Deasmhumhan, agus ba mhór é cathughadh agus briseadh croidhe Bhriain 'na dhiaidh, go háirithe ó thárla dhó a bhás a fhagháil go fealltach gan a bheith i n-innmhe é féin a chosaint. Níor bh'fhéidir le Brian suidhe nó seasamh go mbaineadh sásamh amach ar son báis a dhearbhráthar, agus ní bréag a rádh gur bhain sé sin amach. Rinne sé ár ar dtús ar Lochlannaighibh Luimnigh a chuidigh le Maolmhuaidh agus
bhí ag gabháil do gach duine d'ár chionn-tsiocair le bás a dhearbhráthar nó nár fhág sé duine aca beó acht Maolmhuaidh féin. Thug sé cuireadh chum troda dó-san freisin. Bhailigh Maolmhuaidh Lochlannaigh agus Gaedhil Deasmhumhan le chéile le troid i n-aghaidh Bhriain. Tugadh cath mór eatorra, agus rinne Brian agus a chuid laochradh sléacht mór agus ár ortha. Do mharbh a mhac óg Murchadh le n-a láimh féin Maolmhuaidh. Thar éis na buaidhe seo rinneadh rí ar Chúigeadh Mumhan de Bhrian, agus ó'n am sin amach chruthuigh sé go mb'iongantach an duine é ag riaghlughadh a chúigidh. Budh é Maoilsheachlainn Mór a bhí 'na Árd-rígh an t-am sin, agus níor fhéad sé féin agus Brian réidhtiughadh le chéile ar chor ar bith. Is cosamhail nár mhaith leis an Árd-rí an chumhacht mhór a bhí ag Brian, agus go raibh sé ceaptha ag Brian é féin a bheith 'na Árd-rígh, agus a mhac 'na dhiaidh. Níor bh'iongnadh mar sin gur éirigh an cogadh mór eatorra a chaith ar siubhal ar feadh fiche bliadhain. Budh é deireadh an sgéil gur bhuaidh Brian agus go mb'éigean do Mhaoilsheachlainn tabhairt suas d'á bheith 'na Árd-rígh, agus an choróin a thabhairt do Bhrian. Ar feadh na haimsire a chaith sé 'na Árd-rígh thug sé séan agus rath agus sócamhal 'san tír. Bhí muinntir na tíre an-dílis do na deagh-dhlighthibh a chuir sé i bhfeidhm. Deirtear gur le n-a linn nár mhisde d'óg-mhnaoi uasail triall 'na haonar ar fud na tíre agus í córuighthe le seódaibh luachmhara agus nár bhaoghal go mbacfaidhe léithe. Dá mhéad urraim d'á dtiubhramaid do Bhrian, agus dá mhéad moladh d'ár thuill sé, ní féidir folach a chur ar an ngníomh mícheart a rinne sé nuair a bhain sé amach a bheith i n-a Árd-rígh le láimh láidir, agus bhain an chumhacht de Mhaoilsheachlainn Mór d'ár chóir an choróin ó cheart. Tar éis a aimsire budh bheag Árd-rí a bhí i nÉirinn nár bh'éigin dó troid sul fuair sé an choróin. Nó gur bhain Brian amach í le láimh láidir gheibheadh an té í a mbíodh sí ag gabháil dó ó cheart do réir na ndlighthe, acht ó aimsir Bhriain ní bhíodh ann go minic acht troid ar a son.
Bhí na Lochlannaigh an-chumhachtach 'san tír le linn Bhriain Bhórumha a bheith 'na Árd-rígh. Bhí cuid de'n Fhrainnc faoi smacht aca, agus bhí seilbh aca ar Shasanaibh, agus duine d'á bhflathaibh 'na rígh ar an tír. Go deimhin bhí Sasana faoi riaghlughadh triúr ríghthe Lochlannach i ndiaidh a chéile. Mar sin bhí mí-shuaimhneas agus mí-shástuigheacht mhór ag gabháil dóibh gan Éire a bheith 'na seilbh freisin. D'fhéachadar go minic acht do chinn ortha. 'Sa deireadh cheap na Lochlannaigh a bhí socruighthe síos i nÉirinn iarracht láidir a thabhairt ar an tír a chur faoi n-a smacht. Tháinig cabhlaigh Lochlannacha isteach go Corcaigh agus tuilleadh i Loch Feabhail i gCúigeadh Uladh ; acht bhí an tÁrd-rí agus a chuid flatha ullmhuighthe 'na gcómhair agus chuir ruaig ortha. Acht níor bh'fhiú dadadh é seo i gcomórtas leis an méid a bhí le teacht agus leis an gcogadh iongantach a bhí le críoch a chur go deó le cumhacht na Lochlannach i nÉirinn. Budh é sin catha Chluana Tarbh, mar atá fhios ag gach Gaedheal, a tugadh 'san mbliadhain 1014. Deirthear, muna mbeadh rud suarach a thárla ag Ceann Coradh, nach mbeadh an cath millteach so chomh luath idir na hÉireannaigh agus na Lochlannaigh. Bhí na flatha ag imirt fithchille agus thug Maolmórdha, flaith Laighean, comhairle uaidh, cé mar b'fhearr, de réir a bharamhla, le n-imirt. Chaill a chomhairle an cluiche. Bhí láimh-isteach ag Maolmórdha leis na Lochlannaighibh, agus muna mbeadh iad, ní éireóchadh leis a bheith 'na fhlaith mar bhí sé. Nuair a chonnaic Murchadh mac Bhriain gur chaill Maolmórdha an cluiche, dubhairt sé nár bh'iongnadh gur buaileadh na Lochlannaigh ag Gleann Máma, má thug sé droch-chomhairle dhóibh mar thug sé uaidh anois. Chuir sin an-fhearg ar Mhaolmórdha agus d'imthigh leis ar a chapall, agus ó shin amach ní raibh uaidh acht gach a mb'fhéidir leis a dhéanamh leis na Lochlannaighibh fré chéile a thabhairt anall go hÉirinn, rud a d'éirigh leis go maith, mar thángadar agus a lucht conganta as gach cearn, as Crích Lochlann féin, as Insibh Gall, as Insibh Orc, agus as Insibh Cad, na hoileáin atá timcheall na hAlban, ó thír na hAlban féin, as Inis Mhanann, agus
as go leór áiteacha eile. Bhí ceathrar taoiseach ar arm na nDanar agus na Lochlannach, Suibhne, iarla Inse Manann, Siugraidh, iarla Inse nOrc, Bruadar, agus Sítriuc Átha Cliath. Chuidigh Maolmórdha leis na Lochlannaighibh ar gach caoi ab' fhéidir leis. Anois thar riamh a bhí ar Éirinn seasamh go teann. Anois a bhí uirthi cruthughadh cé an bhrígh agus spreacadh a bhí 'na géagaibh. Anois a bhí uirthi a dícheall a dhéanamh leis an namhaid a sguabadh uaithi go bráth agus críoch a chur le gadaidheacht agus bradghail na nDanar! Ar fud na hEórpa bhí cabhlaigh láidre d'á n-ullmhughadh féin i gcomhair an chogaidh le hÉirinn. Acht níor chuir sin faitchios ar Bhrian. Dubhairt go raibh sé féin ullmhuighthe 'na gcomhair agus go dtiubhradh le taisbeánadh do'n tsaoghal mór cé rud ab' fhéidir le Clannaibh Gaedhil a dhéanamh. Agus bhí an meisneach agus an mhuinighin chéadna ag a chuid flath go léir beagnach, acht níor chuidigh ceachtar aca leis ní b'fheárr 'na Maoilsheachlainn d'ár bhain sé an choróin. CAIBIDIL IX. Cath Chluana Tarbh. Ar feadh an fhóghmhair 'sa mbliadhain 1013 agus i rith an earraigh 'sa mbliadhain a bhí chugat d'oibrigh Clanna Gaedhil agus na Lochlannaigh go díograsach i gcomhair an chatha. I ndeireadh an Mhárta bhí gach rud ullmhuighthe amach ag Brian agus thug ordughadh d'á arm gluaiseacht leó go Cill Mhaighneann, an áit i gcruinnigheadh arm na hÉireann le fada. Bhí a chuid fear go léir tuairim fiche míle i dteannta a chéile aige i lár an Aibreáin. Chuidigh flatha Deasmhumhan agus Thuadhmhumhan leis go léir. Tháinig buidhean chuige trasna ó Chonmhaicne Mara le cuidiughadh leis 'san gcath, acht congnamh ná cabhair ar bith ní fhuair sé ó uaislibh Uladh.
Sheól cabhlach láidir na Lochlannach isteach Cuan Bhaile Átha Cliath Domhnach an Iubhair an t-ochtmhadh lá déag d'Aibreán 'sa mbliadhain 1014. Bhí cuid de na soithighibh feistighthe ag Binn Éadair, tuilleadh aca i nInbhear Life, agus an chuid eile annso is annsúd amach ar aghaidh thrágha Chluana Tarbh. Níor fhan duine d'ár bhain leis an mbrathadóir, Maol- mórdha, rí Laighean, gan a dhul le troid i n-éinfheacht leis na Lochlannaighibh. Níor thúisge fuair Brian fios air sin ná chuir sé buidhean de shliocht Dáil gCais le smíochadh a dhéanamh ar fud Chúigidh Laighean. Acht bhí brathadóir ag Maolmórdha féin, agus d'innis fear d'arm Bhriain dó go raibh an dream cródha neartmhar so imthighthe go Cúigeadh Laighean, agus ar an bpointe is a bhfuair Maolmórdha sgéala air so thug sé comhairle do na Lochlannaighibh gan fanacht níb' fhuidhe acht tosughadh ar an troid an fhad is bhí an dream ab' fheárr ar fad ag Brian gan a bheith 'sa láthair. Mar sin, d'orduigh na Lochlannaigh do Bhrian a bheith faoi réir le troid an lá 'na dhiaidh sin, Aoine an Chéasta. Níor mhaith le Brian tosughadh ar an troid agus ag dortadh fola comhthrom an lae ar céasadh Mac Dé ar son an tsaoghail, agus d'impigh ortha fanacht go dtí lá ar n-a mhárach. Acht ní raibh maith dhó ann. Deirthear go raibh neach ag Bruadar a d'innis dó, dá dtosóchadh an troid Aoine an Chéasta, go marbhóchadh sé Brian go cinnte. Bhí arm na Lochlannach 'na dtrí rannaibh agus Sítriuc, Maolmórdha agus Bruadar mar árd-thaoisighibh ortha. Rinne Brian amhlaidh freisin le n-a arm féin. 'San gcéad roinn chuir sé an méid fear a bhí aige de shliocht Dáil gCais agus bhí aige 'na dtaoisighibh ortha a mhac Murchadh agus ceathrar dearbhráthar Mhurchadha, Tadhg, Domhnall, Conchubhar, agus Flann, agus mac le Murchadh, Toirdhealbhach, nach raibh acht cúig bliadhna déag d'aois. 'Na dteannta bhí aige freisin Maoilsheachlainn agus Clanna na Midhe. 'San dara roinn chuir sé Clanna Deasmhumhan agus bhí Cian mac Mhaoilmhuaidh agus Domhnall mac Duibhdábhoireann 'na dtaoisighibh ortha.
Agus 'san tríomhadh roinn chuir sé Clanna Chonnacht agus an Ceallach flaith Ua Maine, ó hÉidhin flaith Ua bhFiachrach Aidhne agus Eachthighearn rí Dháil Áraidhe 'na dtaoisighibh ortha. Nuair a bhí gach rud réidh amach i gcomhair na troda, chuaidh Brian thart ar a each, a chlaidheamh i láimh leis, agus comhartha na croise 'san láimh eile, ag gríosadh na bhfear i n-aghaidh na námhad agus ag impidhe ortha seasamh go daingean docht agus críoch a chur go deóidh le creachadh na Lochlannach i nÉirinn. Chuir sé i gcuimhne dóibh an fhoghail, an sladadh agus an droch- bheartaidheacht a rinne na Lochlannaigh ó thángadar ar dtús, na teampaill a leagadar, an dóghadh, an creachadh agus an ghadaidheacht a rinneadar, an mhí-onóir agus an dí-mheas a thugadar do'n chreideamh, agus mar d'fhéachadar le Éire a sgriosadh ar gach caoi a mb' fhéidir leó é. D'impigh sé ar Dhia buadh agus treise, neart agus meisneach, dílseacht agus laochras a thabhairt d'á chuid saighdiúir. Bhí sé ullmmhuighthe le gach ar bhain leis beó a chailleadh ar son a thíre, agus chuir a chlann féin, agus amháin clann a chloinne, le troid 'san gcath. Níor bh'iongnadh thar éis na hóráide seo go raibh an fhuil ag coipeadh 'sna fearaibh le fonn dul do throid leis na námhaid ar áit na mbonn. Bhí Brian féin ag iarraidh a bheith mar árd-thaoiseach ar arm na nGaedheal, acht ní raibh a chlann mhac ná na flatha sásta ar cead a thabhairt dó, mar bhí sé ró-aosta le n-a bheith i gceart-lár na troda. Mar sin 'sa deireadh chuireadar faoi ndeara dhó dul 'na bhoith, achar geárr ó áit na troda, agus tugadh cead d'á mhac budh shine, Murchadh, a bheith 'na árd-thaoiseach ar arm na nGaedheal. Annsin thosuigh an cath. Thuit laochradh 'na míltibh ar gach taobh. Throid na taoisigh go hiongantach — fear i n-aghaidh an fhir. Rinne na Gaedhil gníomha gaisgidheachta agus laochrais an lá úd nár sáruigheadh riamh. Níor fhág Dál gCais mac máthar de dheich gcéad de'n námhaid gan marbhughadh. Rinne Murchadh ár agus
smíochadh ar gach taobh dhe agus bhí ag leagan na Lochlannach chomh tiugh i nÉirinn is thagadh suas leó. Rith beirt taoiseach Lochlannach, Carlus agus Conmhaol, chuige go fíochmhar buileach nuair a thugadar fá deara an sléacht a bhí dh'á déanamh aige, acht níor thúisge go dtí é iad ná bhíodar sínte mín marbh go deó le buillíbh móra ó n-a thuaigh chatha. Bhí an cath ar siubhal go dian ó mhoch maidne go hárd tráthnóna gan fhios cé ag a mbeadh an bhuaidh, acht tuairim a trí tráthnóna d'ionnsuigh na hÉireannaigh na Lochlannaigh go teann agus bhí ag gabháil dóibh nó nár fhágadar mórán taoiseach aca gan deireadh a chur leó. Bhí Murchadh chomh tugtha sin le lagar o'n gcaoi mhóir a raibh sé 'gá oibriughadh féin ar feadh an lae is gur ar éigean a bhí ann a lámh a thógáil an tráth sin, agus budh é sin an t-am go díreach ar ionnsuigh Anradh, flaith Lochlannach, é. Acht dá laige dá raibh sé, beireann leis an gciotóig ar an Lochlannach agus tugann chun na talmhan é. Beireann leis an láimh dheis ar an gclaidheamh, agus ar chromadh dhó leis an mbuille marbhthach a thabhairt uaidh, d'éirigh leis an Lochlannach a ghath a chur thríd, acht níor thúisge an buille marbhthach de'n chlaidheamh buailte ar an Lochlannach ná bhí Murchadh mac Bhriain, an taoiseach tréanmhar, tuitthe marbh sáithte leis an gcath! Cuireadh ruaig is sgaipeadh ar na Lochlannaighibh. Ritheadar ag déanamh ar an gcuid long, an méid a d'fhan beó díobh, agus bhí an abhainn, an Tulca, líonta go bruach le tuile na mara rómpa. B'éigean dóibh iad féin a chaitheamh isteach 'san uisge ag iarraidh glanadh leó, agus báidheadh a bhfurmhór 'san abhainn. Thar éis na troda fríoth Toirdhealbhach mac Murchadha báidhte agus é i ngreim gruaige i Lochlannach a dtáinig sé suas leis. Acht níor thárla aon rud i rith an lae iongantaigh uathbhásaigh úd budh dólásaighe 'ná an chaoi ar marbhuigheadh Brian Bórumha féin. Thar éis bunáite an chatha a bheith thart tháinig Bruadar trasna ar an áit 'na raibh Brian, a bhí ar an bpointe sin fágtha gan fear coimhdigh. Rith an Lochlannach isteach 'san mboith, agus fuair Brian
roimhe annsin ag guidhe go dúthrachtach os cómhair na croise a thaisbeáin sé do'n arm maidin an lae sin, agus gan 'na theannta acht a shearbhfhóghantaidhe. Deireann seanchas na hÉireann go rug Brian ar a chlaidheamh, agus gur mharbhuigh an Lochlannach, agus annsin gur marbhuigheadh é féin, acht deireann seanchas na Lochlannach gurbh' é Brian a marbhuigheadh le buille ó Bhruadar. Tá Brian agus a mhac Murchadh curtha i nÁrd Macha agus Toirdhealbhach i gCill Maighneann. Is beag taoiseach Éireannach nó Lochlannach d'á ndeachaidh 'san gcath a tháinig as beó. Thuit gach duine beagnach. Thuit Brian a mhac agus mac a mhic ar son na hÉireann an lá iongantach úd. Bhí trácht ar fud an hEórpa ar an gcath millteach a tugadh, agus tá aithris 'na thaobh le fagháil i seanchas a láin tíortha. Sin mar cuireadh críoch leis na Lochlannaighibh ag Cluain Tarbh. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu níor thugadar iarracht eile ar Éire a bhaint amach. Bhí cath Chluana Tarbh ar cheann de na cathaibh ab' uathbhásaighe d'ár tugadh riamh. CAIBIDIL X. Teacht na Normánach; Cé rud budh chiontach leis. Feall Dhiarmada Mhic Mhurchadha. Thar éis báis Bhriain rinneadh Árd-rí ar ais arís de Mhaoilsheachlainn Mór, agus chaith 'na rígh ar feadh ocht mbliadhna go bhfuair sé bás. Thar éis a bháis bhí mac Bhriain, Donnchadh óg, ar iarraidh a bheith 'na rígh, acht ní raibh aon mhaith dhó ann. Ó sin amach ní raibh síothcháin na suaimhneas 'san tír. Budh mhinic beirt nó triúr ag iarraidh na corónach i n-éinfheacht. Budh é Brian budh chionn-tsiocair leis seo, mar budh é a bhain amach an choróin le láimh láidir ar dtús, mar
dubhras cheana. Mar sin bhí na daoine gan a bheith ar aon intinn le chéile; agus ní raibh aon aontuigheacht eatorra ar feadh bliadhanta móra fada. Mar dubhras, bhí triúr ríghthe Lochlannach ag riaghlughadh Shasana i ndiaidh a chéile. Tuairim cúig bliadhna fichead thar éis catha Chluana Tarbh chuir na Sasanaigh cogadh ortha is fuair lámh i n-uachtar ortha. Ruaigeadar an rí Lochlannach agus chuireadar rí Sasanach, Éamoinn, 'na áit. Acht ní raibh sé acht tuairim cúig bliadhna fichead eile 'na dhiaidh seo nuair a phléasg na Nor- mánaigh isteach agus chuir an tír 'na seilbh féin. Bhí gaol agus muinnteardhas idir na Normánaigh agus na Lochlannaigh, agus ní móide gur bh'iongnadh mar sin gur chuidigh na hÉireannaigh leis na Sasanaighibh i n-aghaidh na Normánach agus a rí, Uilliam. Ó thárla gur throid na hÉireannaigh 'na n-aghaidh, bhí faoi na Normánaigh sásamh a bhaint díobh agus Éire a bhaint amach, dá mb'fhéidir é. Daoine tréana i gcath, cliste ar arm, agus ughdarthásach is ealadhanta a bhí ionnta, agus i n-aon bhliadhain amháin bhaineadar Sasana amach. Ar feadh céad go leith bliadhain thar éis catha Cluana Tarbh bhí na Normánaigh ag dul ar aghaidh go láidir i Sasanaibh agus ag neartughadh na tíre ar gach bealach. I rith na haimsire sin bhí Éire bhocht ciapuighthe cráidhte ag a cuid tighearnaí á bheith ag imreas le chéile. Bhí na clanna 'san tír i n-aghaidh a chéile agus ag iarraidh cumhacht agus smacht fhagháil ar a chéile. Rinne na heasbuig a ndícheall ar chosg a chur leis an achrann a bhí ag creachadh na tíre, acht níor éirigh leó de cheal gan riaghaltas na tíre a bheith socruighthe go daingean, agus gan na flatha agus na clanna a bheith umhal do'n Árd-rígh. Rinne Maoilsheachlainn gach a mb'fhéidir leis le feabhsughadh a chur ar an gcaoi i raibh an tír, acht sul mar d'éirigh leis, bhí an Normánach pléasgtha isteach agus gan mí-shuaimhneas agus donas na tíre acht ag tosughadh. Bhí an stáid 'na raibh Éire d'á thabhairt fá ndeara le fada ag an Dara Hannraoi, mac mic Ríogh Uilliam, agus bhí mór-shainnt aige i nÉirinn, agus bhí faoi
a mhíle dhícheall a dhéanamh le n-a cur faoi n-a smacht féin. Bhí Sasanach, Adrian, 'na Phápa 'san Róimh an tráth so agus bhí Hannraoi cinnte go raibh a fhios go maith ag an bPápa cé an stáid 'na raibh an creideamh i nÉirinn, mar bhíodh na Sasanaigh i gcómhnuidhe ag cur sgéala do'n Róimh ag innsint go raibh flatha na nGaedheal ag creachadh gach roda i nÉirinn agus ag tabhairt mí-mheasa do'n chreideamh féin. Sgríobh Hannraoi féin go dtí an Pápa ag leigean air féin cé an dólás mór ag imnidhe a bhí Éire a dhéanamh dó. Is fíor nach dadadh a bhí uaidh acht leithsgéal le cogadh a thosughadh i n-aghaidh na nGaedheal, acht b'fhada uaidh sin a leigean air féin leis an bPápa. 'Sé an rud a bhí 'gá chiapadh (mar budh eadh!) an stáid 'na raibh an tír, agus mar sin d'iarr sé cead ar an bPápa a leigean go hÉirinn le ciuineas, síothcháin agus muinnteardhas a thabhairt ar ais 'san tír arís, agus le seasamh go láidir ar son an chreidimh d'á raibh na Gaedhil ag tabhairt dí-mheasa! Deirid na Sasanaigh go bhfuair sé an cead uaidh, acht má fuair, ní'l a dhuth ná a dhath ná a thuairisg le fagháil anois; agus dá bhfaghadh féin, níor bh'é sin an fáth go mbeadh cead aige an cogadh a chur ar bun 'na n-aghaidh mar rinne sé. Agus má bhí an cead faighte aige, nach iongantach nár thaisbeáin sé riamh ná go deó é nó go raibh an Pápa básuighthe! Acht níor bh'fada gur thárla rud i nÉirinn a thug an deis dhó a bhí uaidh, agus mar thárla go minic roimhe agus 'na dhiaidh, flaith Éireannach budh chiontach leis. Timcheall na bliadhna 1152 d'éirigh cogadh mór idir Tighearnán Ó Ruairc, flaith Bhreifne, agus Diarmaid Mac Murchadha, flaith Laighean. Thaobhuigh an tÁrd-rí le Mac Murchadha agus baineadh a chuid talmhan d'Ua Ruairc. I dteannta gach donais cé rud a dhéanfadh Dearbhfhorgail, bean Uí Ruairc, acht greadadh léithi ó n-a fear féin le Mac Murchadha, acht chuir an rí, Toirdhealbhach Ó Conchubhair, fá ndeara do Mhac Murchadha an bhean a thabhairt ar ais. Chuir sé ar ais í, agus chaith sí an chuid eile d'á saoghal go cráibhtheach ag déanamh a hanama.
Trí bliadhna déag thar a éis so d'fhéach Ruaidhrí Ó Conchubhair leis an gcoróin d'fhagháil. Budh mhac é do Thoirdhealbhach Ó Conchubhair a chuir d'fhiachaibh ar Mhac Mhurchadha an bhean a chur ar ais. Bhí cáirdeas mór idir Ruaidhrí agus Ó Ruairc, agus fuath mór idir é féin agus Mhac Murchadha. Ní ghéilleadh Mac Murchadha dhó, acht dhóigh a bhaile chómhnuidhthe agus amach leis ar shléibhtibh Chille Manntáin sul mar ghéilleadh sé dhó. Phléasg Mac Uí Ruairc 'na dhiaidh ó'n dtuaidh, mar bhí mór-fhonn air le fada fá dheis d'fhagháil le sásamh a bhaint de, agus seo chuige Ruaidhrí ó'n taobh eile. Chonnaic sé annsin nach raibh goir aige le seasamh 'na n-aghaidh, agus ghluais leis go dtí an baile cuain budh ghoire dhó. Anonn leis go Sasana agus é socruighthe aige 'na intinn sásamh dearg a bhaint de'n druing seo i nÉirinn a bhí 'na aghaidh. Tugadh a chuid talmhan d'á chol ceathrair. Stad níor bhain do Mhac Murchadha go dtáinig i láthair Ríogh Hannraoi, agus gur innis dó so is súd i dtaoibh gach a ndearnadh as bealach air i nÉirinn. Gheall sé do'n rígh rud ar bith a b'fhéidir leis a dhéanamh ar a shon agus faoi n-a chúram, dá dtugadh sé congnamh dó le sásamh a fhagháil agus le n-a chuid talmhan a bhaint amach arís. Ní raibh ó Hannraoi acht é, mar b'fhada ag faire é le deis a fhagháil le tosughadh ar an gcogadh i nÉirinn. Thug an rí cead dó congnamh a iarraidh ar mhuinntir Shasana. B'fhada gur éirigh leis aon duine a fhagháil, acht 'sa deireadh shocruigh Muiris Mac Gearailt, Maodhlair Mac Énrí, agus mórán daoine dána eile a bhí i n-easbhaidh foghlach, cuidiughadh leis. Sgaoil Mac Murchadha duine muinnteardha do fhlaith na Breataine Thuaidh as géibheann le cuidiughadh leis féin. 'Sa deireadh thiar thall tháinig an té ar a gcualamar go léir trácht — Strangbó, a d'éirigh 'na thaoiseach ortha go léir. Gheall Strangbó go gcruinneóchadh sé arm láidir i Sasanaibh le dul go hÉirinn le n-a chuid talmhan a thabhairt ar ais do Mhac Murchadha. Ar son an chonganta agus an chuidighthe seo bhí inghean Mhic
Murchadha, Éabha, le fhagháil le pósadh ag Strangbó, agus é féin le bheith 'na rígh ar Chúigeadh Laighean. Bhí a lucht conganta freisin geallta ar go leór talmhan a fhagháil i nÉirinn. Seo rud níor bh'fhéidir do Mhac Murchadha a ghealladh go dlisteanach do réir an dlighidh i nÉirinn. Ní raibh cumhacht ag aon rígh i nÉirinn, gan trácht ar fhlaith, rí a dhéanamh d'aon fhear eile, agus ar an mbealach céadna budh mhaith a bhí 'fhios ag Mac Murchadha nach raibh sé ceart ná dlisteanach aige tailte a ghealladh gan cead ná cumhacht aige ó na Gaedhlibh ar a dtabhairt uaidh. Do réir an tsocruighthe a bhí i bhfeidhm le míle bliadhain budh leis an gclainn nó an teaghlach an talamh, agus ní raibh sé i gcumhacht an ríogh féin baint leis gan cead ó na clannaibh a mbudh leó é. Bhí a fhios sin go maith ag Mac Murchadha, acht ní raibh uaidh acht an mí-ádh agus an donas a chur ar an tír. Ní raibh fhios ar bith i nÉirinn go raibh an stócáil d'á déanamh i Sasanaibh. Níor bh'fhada go dtáinig sé ar ais agus leig air féin cé an crádh croidhe agus cathughadh a bhí air. Níor leig air go raibh uaidh acht cuid d'á chuid talmhan a fhagháil ar ais. Mar sin níor brathadh cé rud a bhí dá dhéanamh aige, agus d'oibrigh air go dícheallach i gcómhir na Normánach a raibh sé cinnte go mbeidís pléasgtha isteach 'san tír gan mórán moille. (Ní Críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services