Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seilg i Measc na nAlp
Title
Seilg i Measc na nAlp
Author(s)
Breathnach, Micheál 1881-1908,
Pen Name
Carraig Áine
Composition Date
1913
Publisher
Cumann Oideachais na hÉireann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seilg i measg na nAlp. (As an gClaidheamh Soluis.) I. Ar bhóithrín na smaointe. Seilg san Eilbhéis! Seadh, — “Seilg,” an t-ainm is fearr liom. Agus nach mór a chuireas an focal sin i gcuimhne dhom! Gluaisim ar ais “bóithrín na smaointe.” Tagann laetheannta aoibhneacha samhraidh ar ais. Chím sean-cháirde ar gach taobh. Tá buachaillí dílse & óg-mhná suairce i dteannta a chéile. Tá gáirí geala le cloisint. Tá aoibhneas croidhe le tabhairt fá deara. Tá meisneach, fuinneamh, agus croidheamhlacht na hóige in gach aon. Tá lóchrann an tír-ghrádha ag lonnrughadh, agus soillse na Gaedhealtachta ar lasadh sa sluagh. Tá sult & siamsa ar siubhal — amhráin bhinne Gaedhilge dhá ngabháil go binn-ghothach; rinncí Gaedhealacha dhá ndamhsughadh go lúthmhar éadtrom deas; agus an Ghaedhilg bhinn dhá spreagadh go ceólmhar. Tá! Imthigheann liom i measg na gcarad — agus nach aoibhinn mar caithtear an lá i gcoill áluinn Epping nó i gcoilltibh móra Hadley! Tá Fionán nó Art 'n-a árd- taoiseach ag stiúradh “Gaedheal Lonndan” thrí bhealaighe aimhréasacha na coilleadh. Tá an Paorach fá n-a chulaidh ghaisge ag síor-shéideadh na bpíob i dtosach an tsluaigh. Nach breagh mór-dhána an fhuaim a chuireas sé le “Ó Domhnaill Abú.” Nach bríoghmhar croidh- eamhail, nach láidir fearamhail, mar ghabhas na Sealgairí é mar an gcéadna! Agus nach iomdha croidhe tír- ghrádhach ag preabadh tráth bhfuil gáir chatha Gaedheal “ag síneadh go hárd ar an ngaoith” an lá áluinn samhraidh seo! Is iomdha. Agus an “tae” — & an “damhsa” 'n-a dhiaidh — & na “geataí árda” — nár mhór an greann a baineadh asta!
Acht is ait an mac an saoghal! D'imthigh sin agus tháinic seo. Is fad ó chéile anois go leór dá mbíodh ag Seilgíbh i gCathair na gCeó bliadhanta ó shoin. Acht is grádhmhar ceanamhail mar bhéas cuimhne go deó ar na laetheanntaibh úd! Is minic a smaoinigheas Fionán ortha ag taisteal na Mumhan dó ag brostughadh & ag gríosadh Gaedheal. Is minic a ritheas siad thrí intinn an Dochtúra & é ag machtnamh go doimhin ar an “Módh Díreach” i mBaile Átha Cliath. Is minic a leagas Liam uaidh a pheann éadtrom éasgaidh & a thagas an t-am nach bhfillfidh os a chomhair arís. Anois & arís sgaoileann Seaghán srian le n-a smaointibh féin, ghníonn neamh-shuim ar feadh tamaill bhig sna “Modhthaibh” — & buaileann amach i measg na sean-charad i bhFás-Coilleadh. Is minic na trí Art ag cuimhniughadh ar “na laethibh fadó” — agus a feicthear dhóibh go mbíonn siad ag gluaiseacht ar na sean-chasáin úd arís. Smaoinigheann Diarmuid san Aifric Theas ortha — & ar an “gCapaillín Bán.” Agus tá deóraidhe Gaedhil annso i measg na nAlp a smaoinigheas go minic ar na laetheanntaibh aoibhne úd freisin, 's an dá lá is beó é béidh a gcuimhne i dtaisge go ceanamhail aige i bhfíor-íochtar a chroidhe. Is iomdha áit a rabhas ar Sheilg. Nach maith is cuimhneach liom an Domhnach áluinn ar tugadh cuairt i mbád mór ar “Oileán na Caillighe” an samhradh so chuaidh tharainn! Nár shólásach mar chaith mic léighinn Choláiste Chonnacht an lá úd! Nárbh' aoibhinn an tráthnóna é ag teacht ar ais dúinn — glór bog binn Thomáis Mhic Dhomhnaill ag imtheacht le gaoith treasna an locha — & a bheidhlín ag cur na dtonn ag damhsughadh le sólás. Bhí na hoileáin ag éisteacht & na cnuic ag dearcadh le iongnadh & le áthas — mar cuireadh an tsean- aimsir i gcuimhne dhóibh an tráthnóna ciúin Lughnasa úd. Acht, a léightheóir na gcarad, gabh mo leith-sgéal! Táim ar fuaidreadh & ar seachrán. Níor airigheas mé féin ag sguabadh liom ar “bhóithrín na smaointe” acht an oiread 's d'airigh Oisín an t-am ag imtheacht i dTír na nÓg. Thugas leath-bhord as an tslighe. Ní rabhas
féin san áirdeall & ní raibh duine ar bith eile san aireachas. Bhí fúm cur síos duit ar Sheilg san Eilbhéis i measg na nAlp & ar neithibh a thárla annso le goirid. Acht chuir an focal ag smaoineadh ar laethibh i n-áiteachaibh i bhfad as seo mé. Má bhír féin in do “dheóraidhe” choidhche — nó má táir — a léightheoir chroidhe, tuigfir an sgéal & maithfir dhom. Anois crochfamuid “seólta móra bocóideacha bacóideacha” an sgéalaidhe; casfamuid stiúr na cuimhne; ceanglóchamuid an sgód mór a bhí leigthe le gaoith; béarfamuid leath-bhord breagh fada ó Loch Measga, & ní athróchamuid cúrsa go sroichtear bun na nAlp! II. Ullmhughadh & Gluaiseacht. Anois, a léigtheóir dhil, caithfir beagáinín foigde a bheith agat linn go ceann tamaill. Nílmid ag dul ag cur síos duit ar na hAlpaibh go fóill. Ní thráchtfamuid leat fá láthair ar an turas sa traen aibhléise ó bhun an chnuic — ar an sneachta mór ar gach taobh — ar na gleann- taibh doimhne — ar na beannaibh iongantacha. Tar linn ó Ghleann an Rhón go bárr an chnuic. Tabhair léim mhór ghlan-osgardha & suas leat chúig mhíle troigh mar dhéanfadh deagh-ghaisgidheach! Annsin 'seadh is fiú dhuit dearcadh in do thimcheall ar áilneacht & ar iongantas na nAlp. Codail go sámh i Léisin anocht. Ní iongnadh thú do bheith tugtha sáruighthe thar éis an aistir. Ar maidin i mbárach tá deichneabhar againn le dhul ar Sheilg chuig “les Diablerets” (ná sgannruigh, a mhic ó, is áilne an áit 'ná an t-ainm!). Agus bí réidh go moch le theacht linn! Bhí beirt Eilbhéiseach le dhul 'na seilge, beirt Fhranncach, Gearmánach, Eadálach, Iúdach óg, Rúiseach, Sasanach, & an mac so. Bhí fúinn dhá mhíle dhéag de
thuras a thabhairt ó Léisin, imtheacht go moch, & a bheith ar ais roimh “thuitim cheó na hoidhche.” Acht cé'n chaoi a rachthaidhe ar an turas? B'in é an buille! Ní raibh bóthar iarainn ná traen ag dul an bealach. Ní rachadh “cóiste bodhar” ná coiste teineadh ann. Ní rachadh gluaisteán, cárr, cairt, ná carbad an bealach go léir — & ní gan fáth. Agus maidir le rothaíbh — “fág marbh iad” — mar adubhairt an fear fadó! Céard a déanfaidhe? “A thabhairt do na buinn,” arsa tusa. Go bhféachaidh Dia ar do cheann, a mhic ó! Ní hionann anois & ariamh — & ní hionann dhá mhíle dhéag i measg na nAlp & i measg sléibhte fraochmhar Chonnamara! Go deimhin ní hionann. “Eh bien,” ars' an Franncach, “qu' est-ce que nous allons faire, mes amis?” “Moi, je n'en sais rien,” ars' an Rúiseach go breagh socair sásta. “It's the 'ell of a route, ' ars' an Sasanach & chuir cor 'n-a chroiméal. “Aber es ist sehr prächtiges Wetter,” ars' an Gearmánach. “Peut-on y aller sur les ‘luges’?” arsa duine eile. “An módh díreach go deó!” ars' an tÉireannach. “Comment?” ars' an tIúdach. “Was haben Sie gesagt?” ars' an Gearmánach. Thosuigh an chainnt & an seanchus. Thosuigh an díospóireacht. D'éirigh sé i n'aragúinteacht. Acht ar deireadh thiar socruigheadh a dhul i n-aghaidh na n-árdán i d“traineaus” & síos na fánáin sur les “luges.” Socruigheadh fios a chur ar dheich gcinn de “luge- annaibh” & ar dhá “thraineau” i gcomhair na maidne. Cuireadh. Gheallamar dá chéile a bheith réidh le imtheacht go moch lá'r n-a bhárach, & chuaidh 'ch aon duine a bhealach féin. Ar maidin Dia Domhnaigh bhíos in mo shuidhe le fáinne geal an lae. Chuadhas chuig Aifreann a hocht i séipéilín beag deas gleóidhte Léisin. Nuair a tháiniceas ar ais bhí mo cháirde go mí-fhoighdeach ag feitheamh liom.
Bhí an mhaidin go han-fhuar. Bhí gaoth ghéar chruaidh sheaca ag séideadh ó bhárr na gcnoc & cé go raibh an ghrian 'n-a suidhe le sgathamh ní raibh aon amharc le fágháil uirthi — & ba mhór an truagh é. Ní raibh duine de na sealgairíb gan a chota mór, a bhróga sneachta, a chochall muiníl, a mhiotóga lámh, & a chaipín cluasach. D'fheistigh an mac so é féin mar an gcéadna & níorbh' fhada go rabhas fá réir. Is gearr go gcualamar na cluigíní uainn soir. Bhíodar ag crathadh gan sgur & an torann ag teannadh linn de réir a chéile. Níorbh' fhada go bhfacamar ár ngléis marcaidheachta ag teacht anoir i n-aghaidh an chnuic. Bhí péire capall fá gach carbaidín — ceann roimh an gceann eile — & cúig cinn de “lugeannaibh” in gach “traineau.” Bhí linn annsin. Ní raibh orainn acht lasgadh linn. Rachthaidhe na bealaighe sleimhne & na fánáin réidhe leis na gléasaibh sleamhnuighthe; & rachthaidhe na bealaighe deacra garbha 'sna gléasaibh marcaidheachta. Ní raibh rotha ná acastóir ar cheachtar dár gcarbadaibh. Dhá mbéadh ní dhéanfaidís cúis — & ní imtheochaidís chomh héadtrom éasgaidh thríd an sneachta 's rinne! Bhí néall mór dorcha bagarthach sna spéarthaibh uainn soir, & bhí faitchíos orainn go mb'fhéidir gur tuairt thobann shneachta a bhí air. Acht buidheachas mór le Dia, sgaip an néall de réir a chéile & bhí deagh-ghothadh ar an maidin ag imtheacht dúinn. Bhuaileamar isteach 'n-ár gcarbadaibh marcaidheachta. Chuireamar ár n-éadaighe tiugha troma glún 'n-ár dtimcheall & shocruigheamar sinn féin chomh socamhlach & b'fhéidir é. Cé'r mhilleán sin orainn? Cuireadh isteach “les luges” & fuaireadar marcaidh- eacht i n-aisge. Acht bhí a gcuid oibre féin rómpa acht a dteanntaidhe soir i mullach an áird mhóir. Annsin chaithfidís gluaiseacht go beó tapaidh & na sealgairí a iomchur síos le fánaidh chomh sgioptha leis an ngaoith Mhárta. Leigeadh fead. Tarrnuigheadh laisg. Buaileadh buille. Agus ghluais linn go héadtrom-chroidhtheach
III. An Sneachta. Sneachta! Sneachta ar gach taobh! Sneachta ar na cnocaibh ó bhun go bárr. Fiacla sneachta i stramhasaibh na nAlp. Mullaighe caola géara sneachtacha ar na beannaibh. Sneachta 'sna gleanntaibh doimhne. Sneachta ar na halltrachaibh árda. Coillte móra fá bhratachaibh sneachta. Croinnte ag lúbadh fá ualaighibh gléigeala. A ngéaga fá chultachaibh fuara geala. A mbuin 's a mbarra dhá bpréachadh le sneachta. Mealltracha sneachta i gclaiseachaibh i dtaobhaibh na gcnoc. Puill 's sgailpreacha ag cur thar maoil. Uachaiseacha móra líonta go béal. Áirde sneachta ar dhíon gach tighe. Cárnáin shneachta ar aghaidh gach dorais. Sgonnsaí sneachta i leath-taobh gach casáin. Agus an talamh cothrom ar nós trágha móire sneachta gan cloch gan crann — chomh mín le sgáthán! Nach iongantach mar thagas an sneachta! Dhá mhí ó shoin ní raibh a dhath ná a thuairisg le fágháil annso. Bhí sé go geal gléigeal os ár gcomhair ar bharraibh na gcnoc. Acht b'fhada uainn é — cé gur chosamhail dó a bheith gar go maith do láthair. Maireann sé go síorraidhe annsin i measg na mbeann. Níl beann aige ar ghaoith dhá láidre, ná ar bháistigh dhá thruime. Bheireann sé dubhshlán na gréine i lár an tsamhraidh. 'Sé an clúdach é a bhfuil an teacht aniar ann ar mhull- aighibh na n-árd-chnoc, & nár thréig le aois ná le caitheamh le na míltibh bliadhain! Níor leághadh fós ariamh é. “Cá bhfuil an sneachta mór a bhí anuraidh ann?” adeireas an Gaedhilgeóir go minic. Sin ceist a chuireas-sa orm féin annso tá dhá mhí ó shoin ann. Agus d'fhreagair na spéartha mé sul bhí an tseachtmhain caithte. Tháinic sé chugainn 'n-a cheathannaibh móra gan cuireadh gan iarraidh. Anuas leis 'n-a thuairteannaibh. Tháinic sé 'n-a chalógaíbh móra boga go mall ciúin réidh gan gleó gan torann. Tháinic sé go mion tirim ar nós an
tsiúcra. Tháiníc sé le anfadh láidir & le stolladh cruaidh gaoithe. Sguabadh chun siubhail é le fánaidh na gcnoc. Rinne sé “ísleáin d'árdáin & árdáin d'ísleáin” de réir mar shéid an gála mór & na sinneáin láidre é. Níor fhág sé áit ar bith 'n-a dhiaidh. Bhratuigh sé cnoc 's gleann mar a chéile. Tháinic sé mar thiocfadh leas- ughadh gileachta le haghaidh na talmhana ó neamh. Lean an cruaidh-shioc & cruadhtan an gheimhridh é. Tháinic an fuacht do phréachfadh & do dhallróchadh daoine. Tháinic sé le drioganna a chur i mballaibh, le marbh-léathair a chur i lámhaibh — le fuar-nimhe a chur i méaraibh. Agus is cruaidh mar thagas sé chugainn annso ó mhullaighibh fuara géara na nAlp! Lean air ag cur shneachta gan sguireadh go ceann seachtmhaine. Lean air ag cur sheaca go láidir. Bhí an sneachta ceathair nó cúig de throighthibh ar áirde anois ar an talamh cothrom. Gach maidin caithtí casáin do dhéanamh & bóithríní do rómhar ó theach & chuig an mbaile. Do rómhar, an eadh? Ní baileach é. Ní fhacais riamh caoi is fearr le bealach do dhéanamh sa sneachta ná le gléasaibh ádhmaid ar nós “?,” caiple ghá dtarraingt 'n-a ndiaidh. Is minic an capall bocht go bléantracha i sneachta. Is minic an sneachta chomh doimhin 's go sluigfidhe ann í. Cuireann an “?,” nó an “triantán” mar tugtar air, an sneachta 'n-a chárnán- aibh ar gach taobh & fágann bóithrín bog geal caol 'n-a dhiaidh. Bhéadh duine i gcontabhairt mhóir bualadh amach go minic sul bhíos na casáin shneachtacha so déanta. Nuair a bhíos stolladh mór láidir ann sguabthar an sneachta ó áit go háit & bíonn sé i bhfad níos doimhne i n-áiteachaibh 'ná a chéile. Is fánach an chaoi a gcasfaidhe duine i mbealach a bháithte & a phlúchttha — & is minic a castar. “Má's cam díreach an ród 'sí an tslighe mhór an aithgiorra” annso go cinnte ar feadh an gheimhridh.
IV. Cnuic 's Coillte. Nárbh' iongantach — nár shár-áluinn an turas é! Cnuic mhóra “ag bagairt a gcinn thar dhruim a chéile.” Na céadta beann ag cur na súl thrí spéarthaibh neimhe. Claiseacha fada doimhne i leath-taoibh na gcnoc. Sruthláin ag gluaiseacht go crónánach le fánaidh. Coillte áilne ar fud na sléibhte. Carraigreacha móra. Alltracha árda géara. Fánáin iongantacha. Gleann mór an Rhón os ár gcomhair ag cosaint na bhfathach sléibhe ar a chéile. La Dent du Midi go maordha áluinn ar thaobh dhe. La Dent des Morcles ag dearcadh uaidh go haireach áirdeallach ar an taobh eile. An abhainn ar nós oll-phéiste móire a bhéadh 'ghá lúbadh & 'ghá sníomh féin chúig mhíle troigh uainn síos! Agus nuair d'éaluigh an ghrian ó na sgamaill a bhí 'n-a timcheall — nuair tháinic sí chugainn 'sna spéarthaibh 'n-a meall mór cruinn glóire agus do sgairt sí le n-a soillsibh ar an domhan mór fúithi thíos — nárbh' áluinn iad na cnuic agus na beanna — nár lonnrach an leac oidhre & an sneachta — ag damhsughadh le ríméad fá lóchrann na gréine gile! Acht dhá áilne dhá bhfuil na cnuic anois i meadhon an lae, béidh siad i bhfad níos áilne nuair bhéas an ghrian ag fágáil “slán” aca tráthnóna. Béimid le n-ár mbeannacht a chur léithi acht a mbídh sí ag dul chun suain “le tuitim cheó na hoidhche.” Dearcamis uainn síos le fánaidh an chnuic mhóir seo. Nach iongantach an fánán é ó bhárr go híochtar! Féach na tighthe beaga ádhmaid atá ar leicnibh na gcnoc. Tá siad socruighthe annsin i gceart-lár an tsneachta. Tá sé 'n-a chárnáin mhóra ar gach taobh dhíobh anois — agus bíonn ar feadh chúig mí gach bliadhain. Nach fuar an áit chomhnaidhthe é ag duine 's ag beithidheach i lár an duibh-gheimhridh! Acht nach mór é grádh na gcomhluadar dhá sléibhtibh fuara dúthchais, mar sin féin! Tá siad níos sásta & níos sólásaighe annsin ar aghaidh
na síonaí 'ná tá Tsár na Rúise 'n-a phálás. Is binn leób glór an easa & crónán an tsruthláin. Tá fáilte sean-charad acab roimh an sneachta. Tá síor-chleachtadh acab ar fhiadhántas & ar áilneacht na nAlp. Tá spéartha glana gorma gan smúit gan sgamall os a gcionn — agus cé déarfas nach bhfuil siad lán-tsásta leis an saoghal? Is minic i gcontabhairt bháis agus basgtha iad. Is minic a bheireas an sneachta uaidh le teas na gréine & a thagas na mílte tonna de thaobh an chnuic anuas le cuaifigh gaoithe. Imthigheann sé 'sna caoir theinte. Ruagann sé roimhe gach rud a castar 'n-a bhealach. Baintear na croinnte as an talamh le teann fórsa. Teilgthear carraigreacha móra go híochtar. Crochtar tighthe agus botháin agus bailte le fothramán uathbhásach chun bealaigh. Leagtar, basgtar, agus marbhuightear daoine. Sgriostar agus creachtar go leór. Agus fágtar tighthe agus croithe, croinnte agus carraigreacha, clocha agus créafóg, leac oidhre agus sneachta — agus fairíor! colainneacha daoine go mion minic — i n-aon “chuailín cnámh” amháin thíos sa ngleann — na mílte troigh ó'n áit a dtug an sneachta uaidh! Tá a fhios ag na daoinibh a chomhnuigheas i measg na gcnoc go bhfuilid i mbéal baoghail agus contabhairte. Níl a fhios aca cé an uair nó trát a gcuirfidh na cnuic a gcosa uatha le taisbeáint do'n tsaoghal mór go bhfuilid ar a gcomhairle féin. Acht ní sgarfar uatha 'n-a dhiaidh sin. Tá daoine ag brúghadh cáirdis agus cineáltais ortha anois leis na ciantaibh. Dúnann na cnuic bearnaí i n-aghaidh na ndaoine go minic. Is minic a ídigheas siad a gcuid mí-shuaimhnis ortha. Acht nach iomdha caoi a gcuidigheann siad leis na daoinibh a mhaireas 'n-a measg? Nach gcuireann siad brígh 'n-a mballaibh agus lúthad 'n-a ngéagaibh — le toil agus le cead Dé? Nach bhfuil sláinte an bhradáin acab fá'n ngaoith ghlé ghlan-fhuair agus fá'n sgairteadh gréine? Nach gcuirid gealán agus aoibhneas ar chroidhthibh duairceacha le n-a n-áilneacht? Nach
músgluighid smaointe fileadhta? Nach dtaisbeáinid an Áilne agus an Ghile ag breith buaidhe ar Dhorchadas agus ar Shuaraighil an tsaoghail? Nach gcuireann a nglóire glóire agus sólás síorraidhe na bhflaitheas i gcuimhne? Agus an féidir dearcadh ortha gan smaoineadh ar chumhacht an Té a chruthuigh an domhan mór ar fad? Féach na coillte móra atá ag fás i leath-taoibh na gcnoc. Shílfeá gur ab arm iongantach saighdiúirí atá sna croinntibh i bhfad uait — na fir 'n-a míltibh 'n-a seasamh le cúl a chéile, a mbratacha geala i n-aer acab, & a n-aighthe ar a námhaid san ngleann. An raibh arm Napóleon chomh dlúth sin le chéile ag treasnughadh na nAlp dhó lá de'n tsaoghal? Ní dóigh go raibh. Nach breagh mór árd fada díreach na croinnte péinne nó giúmhasaighe iad sin i ngar dhúinn? Nach mairg gan na mílte coill bhreagh áluinn mar sin againn i sean-Inis Fódla! Fairíor géar nach bhfuil! Nach ar ár dtírín dil dúthchais a bhéadh an slacht, an dreach, agus an mhaise thar mar tá! Nárbh' aoibhinn a bheith i measg sléibhte mór Chonnamara dhá mbéidís ag tabhairt a sean-eiridh coilleadh? Tá suim ag an Eilbhéiseach 'n-a thír & i n-áilneacht a thíre, agus is furasta aithne go bhfuil. I leabaidh leath- taobh na gcnoc a bheith lom fuar préachta ar aghaidh na gaothtalaighe, táid fá na croinntibh is breagha a d'fhéadfaidhe d'fhágháil. Tá a fhios ag muinntir na tíre cé an mhór-thairbhe atá dóibh féin & dá dtír ionnta. Méaduighid ar an Áilneacht a bhronn Dia & nádúr ar an tír. Ní leigid do mhealltrachaibh móra sneachta agus créafóige sleamhnughadh le fánaidh. Coinnighid an talamh cruaidh tirm fáisgthe 'n-a chéile, & ní leigid dó sgiorradh le mío-thoisg & ár do dhéanamh sna bailtibh beaga “thíos ins an ngleann.” Bheirid fasgadh & deagh-dhídean uatha ó'n doininn & ó'n gcruadhtan. Baintear cuimse airgid as a gcuid ádhmaid. Gan iad bhéadh na mílte teallach go fuar dallruighthe gan teine gan teas gan dé gan deatach. Tá follántas mór & sláinte ionnta. Is iomdha tairbhe eile ionnta nach gábhadh a luadhadh. Tá
a fhios ag gach duine nach bhfuil cur síos ar a bhfuil de thairbhe do thír 'n-a cuid coillte. 'Sa tír seo caithtear i gcomhnaidhe crann óg a chur i n-aghaidh gach crainn a baintear. Tá sé sin sa dligheadh. V. I measg na gCoigcríoch. Ag teannadh soir le mullach an áird mhóir dhúinn i meadhon an lae chonnaiceamar na daoine ag bailiughadh ó gach taobh. Ní raibh a fhios againn ar dtús cé an fáth. Bhí plód mór bailighthe ar an árdán romhainn, agus go leór eile ag teacht go roighin réidh i n-aghaidh an chnuic. Tháinic sean-daoine agus daoine meadhon-aosta; buachaillí óga agus cailíní sgiamhacha; sgoracha agus stócaigh; girrseacha agus gearr-chailí; malraigh agus páistí. Bhí daoine móra agus daoine beaga ann; daoine ramhra agus daoine caithte; daigéid theanna agus séaclaí claoidhte; béinneacha sé troighthe go leith agus feithidigh beaga bídeacha. Bhí fir ann a bhí hocht gclocha déag meadhchain nó os a chionn; agus daoine a raibh a gcnámha trí n-a gcraicnibh ar easbaidh feóla. Bhí daoine giorr-análacha go fairsing ann; daoine gan mórán croidhe ná meisnigh; daoine ar bheagán nirt; daoine gan go leór lúthaid; daoine duairceacha crosta agus daoine suairceacha aeracha. Bhí filí ann agus a gcuid gruaige go guailnibh leób agus an fhilidheacht ar lasadh 'n-a súilibh — acht deir na daoine aeracha gur comhartha éadtruimeachta é! Tháinic beag nach gach duine de'n tsluagh mór coigcríoch so do'n Eilbhéis i ngeall ar a shláinte. Tá cuid acab chomh lag suarach spíonta 's nach bhfuil leigheas i ndán dóibh — mara bhfuil ag Dia. Go leór eile a tháinic ar thóir nirt agus spreacaimh fá ghaoith ghlé shláinteamhail na nAlp — thar éis droch-thinnis a chur dhíobh.
Daoine eile a tháinic leis an donacht agus an mheathtacht a sheachnughadh. Daoine a d'athruigh a n-áit chomhnaidhthe le neithe a bhí ag déanamh síor-bhuaidheartha dhóibh a dhearmadadh. Tuilleadh a d'imthigh ó ghleó, ó thorann, agus ó fhothram na gcathrach le suaimhneas a thabhairt dá n-inntinn agus sgíth dá mballaibh thar éis oibre móire ar feadh bliadhanta fada. Agus taistealaidhthe atá ag déanamh aeir agus ag caitheamh airgid go fairsing. Bhí daoine ann a cheapas nach fada go mbídh a seal ar an saoghal so tugtha; daoine a bhfuil saoghal fada i ndán dóibh ag Dia agus nach gcreideann é; daoine ag leigean ortha féin go bhfuilid seacht n-uaire níos measa 'ná táid; daoine go dona agus nach leigeann sin le n-a n-ais de ló ná d'oidhche; daoine adéarfas leat gur cuma leób beo nó marbh — agus daoine a bhfuil an saoghal ag déanamh an iomarca imnidhe dhóibh. Bhí fir óga ann nach raibh acht tarraingt na gcos ionnta ar éigin agus croidhthe chomh haerach acab leis an gcaislín cloch de réir chosamhlachta. Máithreacha cúramacha agus ingheana spéireamhla. Sagairt óga lághacha fáilidhe, agus go leór mac léighinn ar easbaidh sláinte, fairíor! Bhí Eilbhéisígh go fairsing ann; Rúisigh & Gearmáinigh, Franncaigh & Eadálaigh; Spáinnigh & Sasanaigh; 'Meiriocánaigh & Ástránaigh. Agus bhí aon Éireannach amháin ann ar chuma ar bith. Bhí Rúisigh ann a mb'éigin dóibh a dtír d'fhágáil mar nach rabhadar dílis do'n Tsár ná dá chóiriughadh riaghluighthe; Rúisigh eile atá fíor-dhílis dó & a bhfuil an dearg-ghráin acab ortha so atá ag cur clampair ar bun i n'aghaidh, agus Iúdaigh bochta nach bhfuil truagh ná trócaire le fágháil acab ó cheachtar de'n dá dhream acht an oiread le chéile. Bhí Gearmánaigh uaibhreacha ann & Sasanaigh leitheadacha a cheapas gur dóibh féin a sgairteas an ghrian. Bhí an “Franncach dubh aerach” ann adeireas nach bhfuil beann aige ar Eaglais Dé — agus Franncaigh nár chaill fós an tsean-dílseacht a thaisbeáin a dtír dhúthchais do'n Chreideamh ar feadh na gcéadta bliadhain. Bhí an Punncán ann & díol fir de thalamh faoi — leis an fhírinne a rádh. Agus mara raibh losgadh ar siubhal ag an
Spáinneach luath-chainnteach & ag an Eadálach bog-ghlórach, ní lá go maidin é! Bhí teangthacha go leór le cloisteáil. Bhí siosga & caismirt ar siubhal — an té a d'fhoghluim thríd an Módh Díreach ag cur dhe go tapaidh & fear an Mhódha Chaim go mall roighin stadach — agus go haireach faitcheach — ag iarraidh a smaointe a nochtughadh & a chuid cainnte a chur i gcéill. Bhí an deagh-“bhlas” agus an droch- “bhlas” ann — agus cé gur ab ait an rud le rádh é annso i measg na nAlp — roinnt Béarlachais! Bhí an fear dána ag ropadh leis & gan beann aige ar riaghaltaibh ná ar ghramadaigh acht an oiread le chéile; agus fear na sgáthmhaireachta ag dearcadh uaidh, ag éisteacht go haireach, agus faitchíos a anama air dá mbogadh sé amach & bealadh a chur fá n'iosgadaí — nó fá n-a theangaidh a b'áil liom a rádh — go gcuirfidhe i ndiaidh a mhullaigh i gcaoch-pholl mór na gramadaighe é! Bhí daoine ann nach raibh mórán suime aca i nEaladhain na bhFuam ná mórán áirde ar an gcaoi a raibh a dteang- thacha agus Téada an Ghotha ag fuaimiughadh na cainnte! Ní bhéadh mórán maitheasa dhuit ghá chomhairliughadh dhóibh acht an oíread! Déarfaidís leat go raibh rud eicínt ar a n-aire seachas a bheith ag socrughadh na dteangthacha a gheall Dia dhóibh agus ag cur “cluas le héisteacht” ortha féin ó Luan go Satharn ag faire ar “ghlórthaibh bog' binn' gach béil”! Ní móide gur mhilleán sin ar go leór acab — indiu go háithrid — mar nárbh' é seo “Lá na Rásaí”! 'Ar ndóigh, ní ar a theangaidh is cóir do dhuine áird a bheith aige a léithid de lá? “Bíonn an dá ‘bhféidir’ ann,” arsa tusa. Ní i “bhfuama” amháin a thig le teangthachaibh coda de na daoinibh ciotaighil a dhéanamh — & b'fhiú a bheith san aireachas ortha go minic! Acht “fágamuis siúd mar atá sé.” D'ísligheamar. Chuadhamar chun cainnte leis an sluagh. Bhí le tárlughadh mar cheapamar. Bhí “rásaí bob-sléigh” le tosughadh go luath. Bhí chúig cinn déag acab le n-a chéile fhéachaint & bhéadh sé i n'an-lá grinn amach 's amach. Bhéadh na rásaí thart i gceann uaire go
leith de réir mar bhí socruighthe. Nár bh'fhearr dhúinn fanacht leis an ngreann a fheiceál? Nach mbéadh ár ndóthain breith' againn ar a dhul go “Les Diablerets” anois ó bhíomar i mullach an chnuic? Nárbh' fhurasta sguabadh le fánaidh ar an Módh Díreach? B'fhurasta gan bhréig. Agus b'fhurasta do dhuine a mhuineál a bhriseadh freisin ag dul síos dó! Acht ná bactar le timpistíbh! Ní cóir glaodhach ar an ngol go deó go dtigidh sé! D'fhanamar go mí- fhoighdeach geal-gháireach i measg na gcoigcríoch nó gur thosuigh na rásaí, agus b'fhiú dhúinn é. VI. Rásaí na “mBob-Sléigh.” Anois is gairid go mbídh na rásaí ag tosughadh! Bhí sé 'n-a sgéal mhór ar fud na háite thart timcheall le coicís. Ní raibh fear, bean, leanbh ná páiste sa láthair nach ar na “rásaíbh” a bhí ag cur síos. Bhí gach duine ar bís le mí-fhoighid. B'fhada leób go rabhthas ag stócáil. Bhí 'ch uile dhuine sa mullach ar na stiúrthóiríbh faoi nach rabhadar ag brostughadh. Acht b'fheárr a fhios aca- san, dar leób féin, céard ba chóir a dhéanamh 'ná acab so a bhí ghá gcomhairliughadh i n-aisge & ní mórán áirde a bhí acab ar a gcuid cainnte de réir chosamhlachta. Ní móide gur mhilleán sin ortha acht an oiread. Bhí corn óir de dhuais do'n chéad “bhob-sléigh” — nó do'n fhuirinn a bhí fúm a rádh. Bhí chúig cinn déag sa gcomórtas & ceathar d'fhuirinn le bheith in 'ch aon cheann. Bhí ortha rith tuairim dhá mhíle go leith. An ceann ba sgiobtha a chuirfeadh an bealach dhe, bhéadh aige. Ní fhéadfadh a bheith ar an gcúrsa acht ‘bob’ san uair. De réir an ama ar bealach 'seadh gnóthóchaidhe na geallta. Agus nárbh' iongantach an cúrsa é! Gluaiseadh de bhárr cnuic ar bhealach sleamhain de shneachta cruaidhte. Ballaí de mhealltrachaibh móra sneachta ar gach taobh.
Cora géara sa gcúrsa go mion minic. Coirnéil chontabhairteacha. Sglaigeanna móra doimhne. Fánáin mhóra. Straptha coracha. Leath-taobh de'n bhealach ní ba crochta 'ná an taobh eile. Leath-mhaing air mar bhéadh brath aige iompughadh druim ar ais. Tuitim le fánaidh iongantach ar thaobh na láimhe deise de'n chasán ag dul síos. Leiceann an chnuic ar thaobh na ciotóige; agus croinnte móra géagacha ar mhullach an chnuic ag breathnughadh uatha ar an gcúrsa agus ar lucht an ghrinn fútha thíos. An bhfacais “bob-sléigh” riamh, a léightheóir? Tá sé déanta bunáite mar bhéadh bád beag. Acht ní hionann cuma dhóibh i slighthibh áithride. Tá pus caol air ar nós puis curraigh, agus deireadh cosamhail le deireadh púcáin. Níl d'áirde ó thalamh ann acht timcheall troigh. Is ionann leithead dó i n-íochtar agus i n-uachtar beag nach. Tá rotha 'n-a phus, cosamhail le rotha gluaisteáin, le n-a stiúradh go díreach. Tá seas- rálacha ann le haghaidh na fuirne. An t-é a bhíos i dtosach, bíonn air stiúradh. An fear a bhíos i ndeireadh, caithfidh sé cuidiughadh le fear an rotha agus sgaoileadh leis an m'bob' nó laghadughadh ar a chuid siubhail de réir mar fheileas do'n bhealach. D'ádhmad 'seadh bhíos na “bob-sléighs” déanta acht amháin beagán iarainn a bhíos 'n-a n-íochtar le go sleamhnóchaidh siad ar an sneachta cruaidh. Tá an “bob-sléigh” ó shé troighthe go dtí hocht dtroighthe ar fad. Bhailigh na daoine ar 'ch aon taobh de'n chúrsa. Bhíodar i n-aon sguaidrín amháin beag nach ar feadh an bhealaigh. Chruinnigh plód i n-aice gach coirnéil bhaoghalaigh. Bhí sgata ag faire ag gach cor agus casadh agus áit dá chontabhairtighe. Bhí sé i gceist go mbéadh go leór timpistí 'sna háiteachaibh seo agus bhí ar a laghad fiche grian-ghrafadóir agus a bhoisgín beag i gcaoi agus i gcóir ag gach duine aca le pictiúir a dhéanamh nuair a bhéadh na “bob-sléighs” ag dul tharta. Anuas le teachtaire 'sna feirí-glinnte le fánaidh an áird agus a chuid ribíní gorma sgaoilte le gaoith.
Chuaidh sé tharainn le fothramán ar a luge agus níor stad gur stríoc sé tír agus talamh i n-íochtar. Le sgéala áithride chuig an Stiúrthóir 'seadh tháinic sé bog te de'n gheáitse sin. Bhí gach rud fá réir i n-uachtar anois agus ní déan- faidhe níos mó moille. Bhí an guthán idir dhá cheann an chúrsa le gach sgéala a theastóchadh a sgaoileadh uaidh le iompódh do bhoise agus le cainnt a choinneál ar siubhal idir na stiúrthóirí. Séideadh an bunnán ar bhárr an chnuic. Chuir sé glaodh mór árd as a cloiseadh ar feadh an chúrsa. Chuir na stiúrthóirí na gártha fuagartha asta gan aon duine a bheith ar an mbealach. Bhí daoine ag bíodhgadh & daoine ag preabadh; daoine ag dearcadh go grinn & daoine ag faire go háird- eallach. Chuir duine uaill as agus duine béic, duine glaodh agus duine sgread, duine sgréach agus duine fead — mar bhí an chéad “bhob” ag teacht anuas mar bhéadh Dia 'ghá rádh leis. Anuas leis 'sna caoir theinte mar bhéadh oll-phéist mhór ag treabhadh na fairrge. Bhí “dustaí” an tsneachta mar bhéadh cáith na dtonn ar gach taobh dhe. A phus ag gearradh thríd an sneachta chomh tréan leis an ngaoith Mhárta. É ag éirghe i n-aghaidh strapadh, ag léimnigh thar sglaigeannaibh, ag sguabadh thar choir- néalaibh, agus ag lasgadh le fánaidh ar nós míl mhara seacht dtroighthe a gcuirfidhe géar-shleagh gháibhtheach ann & a bhéadh ag ruatharach roimhe ar dearg-bhuile le teann cuthaigh agus neart feirge. Bhí fear an rotha ar a mhíle dícheall ag faire ar gach cor & casadh. Ní raibh blas dhá aghaidh ná dhá éadan le feiceál acht a dhá shúil — agus bhí siad-san i gcruth léimnighe thar na mogail & pléasgadh as an gceann le teann sgéine & uathbháis! Bhí fear na teile & a sheacht sáith ar a aire i ngreim 'sna sgóid ag spreagadh an “bhob” chun siubhail go díocasach, ag fuagairt go cráidhte ar fhear an rotha, & ag ceannsughadh go fórsach nuair a theastuigheadh.
Nuair a tagthaidhe i n-áit a mbéadh baoghal go n-iompóchadh an “bob” druim ar ais de bhárr neamh- chothromachta an bhealaigh, géireachta an chasta, nó neart an tsiubhail, leigeadh an fhuireann a meádhchan go léir ar thaobh & is beag nach mbíodh leath a gcuirp amuigh as báidín an tsneachta “go mbíthí thar áit na con- tabhairte. Chasadar gach coirnéal gan aon timpist a thárlughadh agus shroicheadar ceann cúrsa go slán. Leigeadh “trí gártha cnuic.” Traosluigheadh dhóibh & rinneadh comhgháirdeachais. Agus bhí ann árd-ghlaodhach & mór-ghreadadh bos ar feadh chúig nóiméad. D'éirigh timpist do'n dara “bob.” Ag casadh coirnéil dó do hiompuigheadh druim ar ais é & cuireadh an fuireann fiche slat i ndiaidh a mullaigh thairis amach i gceart-lár an tsneachta. D'éirigh mar an gcéadna do'n tríomhadh ceann. Sguab an ceathramhadh ceann d'aon mhór-athmhóig amháin thar an teórainn agus chuaidh sé féin & a fhuireann dhá mbáthadh sa sneachta i bhfad as láthair. Rinneadh dhá leith glan-díreach de'n chúigeadh ceann agus ní raibh goir críochnuighthe aige. Shroich an sémhadh ceann ceann cúrsa acht ní raibh mórán gaisge 'n-a chuid luathais de bhárr faitchís fhir an sgóid agus faoi nár sgaoil sé a cheann leis thar mar rinne. Nuair a bhí an seachtmhadh ceann ag tarraingt ar cheann cúrsa rith madadh treasna an chasáin ag tafan air go dána feargach. Buaileadh go díreach glan aniar sa leath-dheiridh é agus rinneadh spéic dhe i lár an bhealaigh. Bhí sé sínte annsin ó chluais go hiorball gan mothughadh gan arann & síleadh go raibh a chuid bídh ithte agus a sheal tugtha. Bhí gach duine lán-chinnte gur marbhuigheadh d'aon iarraidh é. Tóigeadh de'n chasán é. Sgrúduigh dochtúirí é. Láimhsigh óig-fhir é. Bhreathnuigh mná agus gasúir air. I gceann tamaill déarfá gur chorruigh sé beagáinín beag bídeach. Bhí an anál ann fós. Thar éis sgathaimh shílfeá gur ag caochadh leath-shúile a thosuigh sé. Annsin cheapfá go dtug sé iarracht ar a shúile d'fhosgailt acht chinn air — mar dhuine a bhéadh ag iarraidh dúiseacht' as a chodladh agus nach bhféadfadh
an trom-shuan a chur dhe. I gceann leath-uaire dhúisigh sé agus d'fhéadfá a rádh gur ab é a dhearc uaidh go cráidhte agus na deóra briste faoi n-a chuid súl! Thosuigh sé ag giúnaighil agus ag gol dó féin agus chaoin a dhóthain mhór agus a leór-dhóthain sul fuair sé fear a bhactha. Acht le sgéal gearr a dhéanamh dhe tháinic sé as de réir a chéile. Chonnaiceas cúpla lá 'n-a dhiaidh sin é agus bhí cosamhlacht air a bheith chomh críonna céillidhe staidéarach le sean-dall glic. Tá an saoghal i n-an duine agus beithidheach a mhúnadh — agus níor cloiseadh ag amhastraigh ar bóthar ná ar bealach an madadh bocht ó shoin. Tá sé chomh ciallmhar anois is nach gcraithfeadh sé a iorball dá n-íocthá ar a shon é de réir mar chualas! Bhí triúr cailín óg ó'n Rúise sa seachtmhadh “bob” agus fathach mór géagach sé troighthe agus trí hordlaighe 'ghá stiúradh. Chonnaiceas Hacenschmidht i Lonndain aon uair amháin, agus, dar m'fhocal, creidim go raibh an béinneach mór de Rúiseach sin chomh teann toir- teamhail téagarach leis. B'iongantach an leithead a bhí idir dhá bhois a shlinneán. Thug 'ch uile dhuine sunndas dó le n-a mhéid. Ní raibh sé thar thrí bliadhna fichead d'aois nó mar sin, de réir a aighthe agus a éadain. Agus d'fhéadfá a rádh gur bhreágh an feic an gaisgidheach sin ag stiúradh bob-sléigh! Acht ní raibh an t-ádh 'n-a chaipín an lá sin. Tá daoine ar an saoghal — acht ní san Eilbhéis é — adéarfadh go mb'fhéidir gur droch-shúil a rinneadh dhó! Nuair a bhí sé ag casadh an choirnéil dheiridh i bhfoigseacht fiche slat de cheann cúrsa crochadh an “bob” de chothrom talmhan agus cuireadh d'aon mhór-léim amháin thar an teórainn é. Caitheadh an Rúiseach mór leath-chéad troigh amach thar a mhullach síos le fánaidh an áird ar an taobh eile de'n chúrsa agus cuireadh na hóg-mhná i ndiaidh a mullaigh 'n-a dhiaidh. Baineadh crathadh mór agus leagan asta go cinnte. Thairis sin níor éirigh aon dochar dhóibh. Acht níor dheagh-bhail a bhí ortha de bhárr a ndearnadar d'ionnfairt agus d'útamáil sa sneachta!
B'é “An Sionnach Luath” a ghnóthuigh an chéad gheall agus ba mhaith an aghaidh air é. Ba mhór an t-uathbhás mar chuir sé an bealach dhe. Sgaoileadh cead a chinn leis ó thús. Cosg ná strómh níor cuireadh air. Leagan níor baineadh as. Timpist níor éirigh dhó. Comhnaidhe ní dhearnaidh sé acht ag imtheacht “go folcanach fal- canach” gur stríoc sé ceann cúrsa. Tháinic sé i n-aon turas leis an mbuaidh a bhreith agus rug. Acht ní dheachaidh sé abhaile slán mar sin féin. Briseadh 'n-a dhá leith é lá'r n-a bháireach ar an gcúrsa céadna. Níor shroich acht cheithre bhob-sléigh ceann cúrsa gan timpist a éirghe dhóibh. Gortuigheadh triúr fear go domáisteach. Bhí na cailíní ó'n Rúise sáthach priaclach thar éis an lae. 'Séard a bhasg iad — nár chuimhnigheadar ar iad féin d'ullmhughadh i n-am i gcomhair an chasta dheiridh, adubhradar! Bhí truagh mhór agam dhóibh mar ní ceal meisnigh a chaill an geall dóibh. Bhéadh duais acab go cinnte marach an rud a d'éirigh dhóibh. Bhí an Rúiseach mór bacach thar éis an lae. Bhí Sasanach & cupán a ghlúnach as áit. Bhí Gearmánach ag tabhairt fhola. Agus bhí Franncach ag gearán go raibh sé basgtha sa gcoróig thar éis an lae. Fógruigheadh os comhair an tsluaigh cé hiad a ghnóthuigh na duaiseanna & tosuigheadh ag glaodhach go hárd & ag bualadh bos. Sin mar críochnuigheadh “rásaí na mbob- sléigh. VII. En Route. Bhí na “rásaí” thart, na daoine sgaipthe, agus sinne ar bóthar arís. Bhí an bealach réidh romhainn amach — nó romhainn síos — annsin, agus sguabamar le fánaidh, gach duine againn ar marcaidheacht ar a luge agus ag cur an bhealaigh dhe 'sna seala babhtaí. Bhí greann agus glaodhach agus fuagairt ar siubhal agus
timpistí fánacha — nach gábhadh a luadhadh, 'ar ndóigh! — ag tárlughadh. Ní hionann an “luge” agus an “bob-sleigh.” Níl sa luge acht gléisín marcaidheachta beag ádhmaid, agus níl sé baoghal ar chomh contabhairteach leis an m“bob.” Is fusa a cheannsughadh freisin — cé nach i gcomhnaidhe a chuireas go leór de lucht an ghrinn srian ná sgód leis — agus ní réabann sé le cuthach agus le báine. Imthigheann an luge de luathas mór go cinnte, acht cuireann sé an bealach dhe gan sgannradh, gan mór-uathbhás. Dá bhfeictheá an péire ar an gcúrsa agus an gais- gidheach beag éadtrom i dtosach chuirfidís i gcuimne dhuit mar bhíos an mhuc mhara ag coimhlinnt i ndiaidh an bhradáin feárnaigh go minic i muir mhóir na dtonn. Cuireann an mhuc mhara cáthadh agus cubhar agus tonn- tracha i n-aer le neart siubhail. Éirigheann sí go láidir i n-aghaidh na maidhm le dearcadh go grinn roimpi sa tseilg. Sgoilteann sí uisgí na mara móire le neart a sróine agus fágann sí go corruighthe coipthighthe feargach i n-achrann le chéile 'n-a diaidh iad. Acht, cé go mbíonn a dhóthain mhór uathbháis ar an mbradán feárnach, ní dhéanann sé mórán gleó ná torainn. Baineann sé as thríd an muir chomh tréan i nÉirinn 's is féidir leis, le n-a chuid eadha a thabhairt slán, agus caitheann sé corr-léim bhreagh shlachtmhar thar bharra na dtonn go lúthmhar éadtrom éasgaidh le neart deifre. Sin mar ghluaiseas an luge le fánaidh roimh an mbob-sléigh ar na casáin chama shneachtacha i measg na nAlp. Síos linn, síos linn an fánán mór iongantach gur shroicheamar Sepey, baile beag deas fá bhun an áird mhóir. Acht má bhí sé fá bhun áird bhí sé ar leath-stuaic chnuic eile agus mór-ghleann fada áluinn na mílte troigh ar doimhin faoi thíos agus amach os a chomhair. B'iongantach go léir an radharc é — gleann leathan doimhin agus mór-fhánán ag síneadh uainn siar andeas ar feadh an bhealaigh go gleann an Rhóne agus bun la Dent du Midi.
Cé d'fhéadfadh cur síos i gceart ar an mór-áilneacht a bhí os ár gcomhair agus ar gach taobh dhínn — ar na halltrachaibh árda díreacha mar bhallaí mór-chaisleáin ar ár gcúl — ar na carraigreachaibh móra ag cosaint na gcreagán — na coillte árd-chrannacha i leath-taoibh na gcnoc — na sruthláin bheaga ag síor-chrónán agus ag éagcaoin ag iarraidh gluaiseachta thríd an sneachta — na beanna ag cur a ngéar-mhullach geal thrí na néaltaibh liath-bhána, agus ag dearcadh suas suas ar spéarthaibh gorma neimhe agus ar árd-Fhlaitheas Dé! Agus nuair a neartuigheas an teas i dtús an Earraigh — nuair a bhíos an sneachta dhá leághadh go tréan agus a ghluaiseas na mílte sruthlán sléibhe le fánaidh i n-éinfheacht de ló 'gus d'oidhche — nuair a thagas an t-uisge go láidir fórsach thar bharra na n-alltrach — agus a cloistear na mór-easa árd-ghlóracha ag síor- ghéimnigh — nach áluinn an ceól a bhíos i measg na nAlp. Ní raibh na heasa le feiceál an lá úd, acht tá a nglórtha láidre le cloisint an lá a bhfuil an t-alt so dhá sgríobhadh. Bíonn an t-uisge gann gan neart ná fórsa de bhárr an tseaca i rith an gheimhridh. Ní bhíonn sé ar a chomhairle féin. Bíonn sé i bhfastódh ag an leic oidhre agus ag cruadhtan na haimsire, agus ní bhíonn croidhe ná spreacamh ann. Ní ghluaíseann sé le fánaidh na gcnoc acht 'n-a shruthláiníníbh beaga bídeacha caola le duadh agus deacracht. Shílfeá gur ag a iarraidh éalódh leis ó'n bhfuacht a bhíos sé. Acht san earrach tagann a neart agus a fhuinneamh agus a mhór-spreacamh ar ais. Bíonn srutháin láidre i leab- aidh na sruthlán. Bíonn na tuilte ag ropadh leób go tadhadach gargach agus na heasa go buileach ag sgárdadh an uisge le fánaidh na n-alltrach. Rinneamar sgathamh moille sa mbaile beag úd .i. Sepey. Bhí spiacáin mhóra fhada leice oidhre ar sileadh as bun-tsop gach tighe, agus cárnáin mhóra ádhmaid réidh glan le haghaidh na teineadh i leath-taoibh gach dorais. Acht níor chóir dhom úsáid a dhéanamh de'n fhocal “bun- tsop,” b'fhéidir. Tá sé ceart go leór sa nGaedheal- tacht, acht níl “sop” tuighe nó cíbe le feiceál i
ndíon aon tighe annso, 'ar ndóigh. D'ádhmad 'seadh tá botháin na mbocht go léir déanta annso i measg na gcnoc. Agus is deas an déanamh atá ar chuid mhaith dhíobh — cé nach mórán de mhaoin ná de bhráigíll shaoghalta atá ag furmhór na gcomhluadar. Acht b'fhéidir dhúinn tráchtas fada a dhéanamh ar ghnáth-shaoghal na ndaoine agus mar mhaireas siad, amach annso, agus mar sin de ní chuirfimid síos ar na tighthibh anois. 'Ar ndóigh, ní gábhadh dhúinn a rádh gur tighthe cloiche is mó a feictear 'sna bailtibh beaga a bhfuil díol 's ceannacht ar siubhal ionnta. VIII. Ar an leic oidhre. Rinneamar geábh spaisteóireachta thríd an mbaile ag baint lán na súl as gach rud. Chualamar glaodhach agus mór-gháire i ngar dhúinn sa ngleann. D'fhéachamar uainn síos agus céard a bhéadh ann acht plód mór daoine bailighthe i dteannta 'chéile ag sleamhnughadh. Bhí an lochán mór reóidhte go láidir agus tiughas balla mhóir san gclumhdach mín sleamhain leice oidhre a bhí air. Sin é an áit a raibh an greann! Bhí gach duine feistighthe go cúramach. Ní raibh fear ann gan a ghléis sleamhnuighthe a bheith ceangailte de bhonnaibh a bhróg, a chaipín geal olna anuas go cluasa air, a chasóg bhán chabhaile fáisgthe go teann timcheall a chonablaigh, a bhríste colpach cumhang-iosgadach, agus a mhiotóga tiugha bána lámh. Agus na cailíní! bhíodar gléasta go galánta, 'ar ndóigh. Go deimhin dearbhtha, ní fhéadfainn aon innseacht cheart a thabhairt ar an bhfeisteas a bhí ortha. B'fhéidir mar sin de, go mb'fhearr gan aon iarracht a thabhairt faoi. Acht déarfad an méid seo gan sgáth gan faitchíos — go raibh “bróga sneachta” móra leathana slachtmhara ar gach duine aca dá ndeachaidh tharm féin
ag triall ar an lochán, agus de réir mo bharamhla & mar thugas fá deara ní mórán bróid a bhí acab asta! Ní' mé beó cé'n fáth? Go deimhin bíonn cuid de na brógaibh sneachta céadna sáthach liopaisteach — ar throightheachaibh beaga deasa dhaoine áithride. Acht ná bactar leis sin! “Fág an tír nó bí sa bhfaisiún,” adeir an sean-fhocal agus ní féidir le cailíníbh bheith dhá n-uireasbhaidh i rith an gheimhridh annso. Is minic a caithtear baill is measa 'ná bróga sneachta deirim-se leat é! Thugamar cuairt ar an lochán mór agus bhaineamar lán na súl as lucht an ghrinn agus as a raibh ar siubhal. Bhí tuairim is dá fhichid duine ar an leic oidhre. Coigcríghthe a b'eadh a mbunáite. Bhí cuid aca an- chliste agus an-oilte ar an sleamhnughadh. Bhí tuilleadh nach raibh acht ag tosughadh ag foghluim. Daoine a raibh a gcosa ar a gcomhairle féin acab. Daoine nach raibh smacht dá laghad acab ortha féin. Daoine dána meisneamhla. Daoine sgáthmhara faitcheacha. Baineadh leaganacha móra as daoinibh. Cuireadh daoine ar chúl a gcinn agus ar shlatrachaibh a ndroma. Socruigheadh daoine go tobann ar a gcora-geábh ar an leic oidhre dhá míle buidheachas. Síneadh daoine go minic ar chlár a ndroma ag éirghe dhóibh. Agus cuireadh corr-dhuine i ndiaidh a mhullaigh. Bhí daoine ag sleamhnughadh deiseall; daoine tuaithbheall; daoine ag imtheacht rómpa go díreach; daoine ag sleamhnughadh go cearcallach; agus daoine i ndiaidh a gcúil. Bhí buachaillí agus cailíní ag imtheacht go tréan i ngreim lámh 'n-a chéile agus 'ch aon sgairt gháire acab. Mná ag imtheacht asta féin agus ag dearcadh — go mí- chéadthach, déarfá — ar na cailíníbh a bhí ag gáiridhe. Daoine ag múnadh na dtosuightheóirí thríd an “Módh Díreach Sleamhain.” Daoine chomh croidheamhail aerach 's nach maith a bhí a fhios aca cé b'fhearr dhóibh sleamhnughadh deiseall nó tuaithbheall, cam nó díreach, tréan nó mall, asta féin nó i gcduideacht daoine eile. Bhí daoine ann — lucht dhéanta gaisge — ag taisbeánadh i n-aisge cé'n chaoi ar chóir sgiorradh agus sleamhnughadh
go deas slachtmhar taithneamhnach agus plód tosuightheoirí 'n-a dtimcheall. Daoine eile chomh mór ionnta féin 's nach mbreathnóchaidís díreach ar na múinteoiríbh. Bhí daoine ag sleamhnughadh i n-aon sguaidrín fada amháin i ndiaidh a chéile. Agus bhí daoine ag coimhlinnt 's ag rith rásaí le chéile agus a ndóthain go binn ar a n-aire. Bhíodh go leór dá raibh ann buidheach — agus lán- bhuidheach — de mhór-láidreacht agus de thiughas na leice oidhre! Ní raibh aon bhaoghal go sluigfidhe iad ar chuma 'r bith, agus ba mhór an sásamh intinne dhóibh sin, 'ar ndóigh! Bhí fear mór millteach beathuighthe ann agus geólbhach iongantach feóla air. Ba chumasach an tuailgín de dhuine é — slán a bhéas sé! Maidir le colpaíbh cos, b'aige a bhíodar. Acht cé'n ghoir a bhí ag na colpaíbh ar na ceathramhnaibh breagha ramhra a bhí aige! Nár chaillidh sé a chuid saille le brón ná le an-shógh, le donacht ná le meathtacht! Ní raibh ag gabháil dó acht beagáinín gearr-anála nárbh' fhiú cnaipe gan chos,” adeir sé. Ní raibh acht tamall gearr ó tháinic sé do'n tír “n-áit ar dhubhairt an dochtúir leis go raibh faitchíos air go n-éireóchadh sé ró-utruighthe mara dtéidheadh sé faoi athrughadh aeir, & a bhaill & a ghéaga a oibriughadh & a aclughadh chomh maith is b'fhéidir é.” Mar sin ní raibh uaidh acht neart luadháile. Théidheadh sé 'n-a “bhob-sléigh” ná ar a “luge” gach maidin a mbíodh an bealach feileamhnach, & chaitheadh sé an tráthnóna ar an leic oidhre. Acht ní raibh aon rath leis ag sleamhnughadh “cheal cleachta.” Dheamhan breathnughadh ar leabhar ná ar pháipéar a dhéanfadh sé go dtéidheadh sé ar ais i gceann ráithe, adeir sé! “Tuige a mbreathnóchainn?” ar seisean. “'Ar ndóigh, ní le bheith ag léightheóireacht ná sacuighthe istigh a thainic mise annso acht le mo dhóthain grinn agus caithimh aimsire a bheith agam?” Dubhradh leis, agus dearbhuigheadh dhó os mo chomhair go mb'fhíor dhó é, agus gur le bheith ciallmhar dhó é freisin! Acht tá faitchíos orm nár mhó 'ná ciallmhar é. Déarfainn-se gur dhuine leath-shimplidhe go leór é. Dá mbéitheá taobh
le aon gháire amháin chaithfeá a dhéanamh dá bhfeictheá dháréag gleacaidhthe aerach geal-gháireach 'n-a thimcheall ag múnadh dhó cé'n chaoi ar chóir dhó sleamhnughadh. Ba mhinic a tháinic sé anuas go tobann d'aon phlimp amháin agus a bhain géim as an leic oidhre. Agus ba mhinic ag cuimilt a láimhe d'á cheathramhain é agus ag lag-éagcaoin dó féin! Acht níor mhisde leis timpistí beaga fánacha ó bhí an leac oidhre breagh cruaidh adeir sé! Níor fhéadas gan cuimhniughadh ar “Phicbhuic” agus an bheirt a chur i gcomórtas in m'intinn féin an lá úd. Ba chosamhail le chéile iad in go leór slíghthe go cinnte. B'fhéidir gur baineadh corr-leagan maith slachtmhar as daoinibh eile féin agus gur síneadh iad minic go leór. Acht cé'r dhochar sin? Nár lá d'ár saoghal é? Agus má gortuigheadh aon tsealgaire nach raibh cleachtach ar na gléis sleamhnuighthe fágtar mar sin é. Ní fáightear eolas gan duadh agus deacracht — ná gan corr- ghortughadh anois agus arís, b'fhéidir! IX. Cnuic Leice Oidhre. Ar shroichint Les Diablerets dhúinn chonnaiceamar meall mór glas-ghorm leice oidhre uainn suas ar thaobh an árd-chnuic, ag lonnrughadh go háluinn fá shoillsibh na gréine. Tá sé annsin leis na ciantaibh, gan beann ar theas an tsamhraidh, i n-aon mheallamhán amháin ar nós an chriostail. Tá spiacáin mhóra leice oidhre, agus guib fhada ghéara 'n-a chonablach, & snáthadaí móra fiche troigh ar fad, b'fhéidir, ar sileadh as. Nach iongantach an feic é annsin leis féin i rith na bliadhna, é glas-ghorm go moch ar maidin, geal gléigeal fá shoillsibh na gréine i rith an lae, órdha áluinn tráthnóna! Ní fhacas-sa uaim acht an meall mór so agus ceann eile, “Le Glacier du Trient,” acht tá na céadta aca ann ar fad.
Gluaiseann na huisgí 'n-a sruthláiníníbh beaga anuas de bharraibh na gcnoc, acht bíonn siad reóidhte beag nach ó thús de bhárr an fhuaicht. Imthighid leób go roighin réidh le fánaidh. Castar an meall mór leathan so 'n-a mbealach & thairis sin ní théidhid. Greamuigheann siad go léir dhe. Beireann sé ortha. Ceangluigheann dá chabhail iad, &, ó bhíos siad i bhfastódh aon uair amháin, níl goir aca iad féin a bhaint as greim. Tuiteann sneachta 's leac oidhre anuas ó ghach taobh, & beirtear greim ortha go léir. Is minic carraigreacha móra le fágháil i gceart-lár na leice oidhre & nár chorruigh as sin leis na céadtaibh bliadhain. Is minic poll mór doimhin i lár an mheall- amháin mhóir, agus na céadta bior mór láidir ar liobarnadh agus ar sileadh as taobh istigh. Bíonn uisge ar sileadh freisin go minic & feictear anois agus arís croidhe an mheaill lán de. Leis an aimsir pléasgann an t-uisge seo go minic sa samhradh, & sguabann le fánaidh an chnuic 'n-a shruthán láidir go dtéidheann go híochtar. Gluaiseann an meall mór féin beagán beag i rith na bliadhna, acht ghníonn stad & mór-chomhnaidhe sa deireadh, agus fanann go daingean láidir gan mórán corruighthe a dhéanamh níos mó. Is baoghlach contabhairteach an rud turas a thabhairt ar chnoc leice oidhre, agus is iomdha duine a théidheas i mbealach a bhasgtha ag dul ann dó. Tá “treóraidhthe” i measg na gcnoc le dul i gcuideacht na sealgairí agus lucht dhéanta grinn. Caithtear a dhul suas na mílte troigh thríd an sneachta thar alltrachaibh móra agus carraigreachaibh, thar chlaiseachaibh agus thar uachaiseachaibh, & aon choiscéim amháin as an tslighe chaillfeadh sí an saoghal mór dhuit go minic! Bíonn an treóraidhe i dtosach, & córda nó téad mhór ceangluighthe timcheall air. Bíonn an ceangal céadna ar gach duine a bhíos 'n-a dhiaidh. Bíonn na córdaí seo as fad a chéile ó'n “treóraidhe” go dtí an fear deiridh. Cuidighid féin le chéile ag dul suas. Bíonn gléis ghreama 'n-a lámhaibh acab a théidheas i bhfastódh thríd an sneachta. Bíonn an lón ceangluighthe i máilín beag ar a ndruim,
agus is minic a hithtear é ar ghob géar an chnuic os cionn an duibheagáin mhóir chúig mhíle troigh fútha thíos caol díreach — chomh díreach leis an dorugha tig liom a rádh! Nach iomdha sin duine a dtiocfadh miabhán & rae- roilleacán 'n-a cheann dá mbéadh air suidhe ar an strapadh leice oidhre úd! Nach iomdha duine nach dtiocfadh ar ais beó? Fairíor! is iomdha duine nach dtagann go minic. Ní 'bhfad ó sgiorr fear óg le fánaidh gar go leór do'n áit seo. Sgiorr fear eile ag siubhal treasna thrí mheall leice oidhre, & cuireadh i ndiaidh a mullaigh síos san uachais mhóir 'n-a ceart-lár é. I gceann leath-uaire, nuair a tagadh le fóirthint air, bhí sé greamuighthe de'n leic oidhre agus reóidhte! Níorbh' fhéidir a thabhairt ar ais! Chualas léightheacht áluinn ó fhear a bhí i mbárr na gcnoc go minic. Chaitheadar cúig uaire a' chluig ag treasnughadh aon mhór-chnocáin leice oidhre amháin, adeir sé. Bíonn an oiread gob sa leic oidhre agus gur le duadh agus deacracht mhóir is féidir siubhal uirthi 'chor ar bith. Acht 'sé buac na “dtreóraidhthe” dána neamh-eaglach a bheith i measg na gcnoc, ar na beannaibh is áirde, ar na gobaibh is géire, ar na strapaíbh is contabhairtighe! Grádhuighid iad go léir. Is annamh a thagas duine aca anuas sna gleanntaibh. Níl acht duine sé nó seachrán aca a thug cuairt ar cheachtar de bhailtibh móra na tíre. Leághann go leór de'n leic oidhre sa samhradh, agus tagann an t-uisge uaithi anuas go tréan. Sa ngeimh- readh méaduigheann sí arís. Deirtear gur i laghad atáid go léir ag dul de réir a chéile gach bliadhain. Tá trácht i sean-stair na hEilbhéise ar mhealltrachaibh nach bhfuil a dtásg ná a dtuairisg le fágháil anois. Tá an teas ag breith bhuaidhe ar an bhfuacht, acht is go roighin réidh é. Ní feictear de ghnáth na hiongantais mhóra so — na cnuic leice oidhre — níos ísle 'ná sé mhíle troigh os cionn na talmhan cothrom leis an bhfairrge.
Tráthnóna. Bhí sé n-a tráthnóna nuair a bhíomar ar ais san áit a d'fhágamar ar maidin. Bhí an ghrian ag brath ar a dhul faoi — agus nárbh' áluinn mar d'fhág sí “slán” ag na fathachaibh móra sléibhe sul chuaidh sí chum suain! Chuir sí na mílte beann ar dearg-lasadh. Rinne sí ór lonnrach de'n tsneachta gléigeal ar bharraibh na gcnoc. Rinne sí bóithríní dearga 'n-a leicnibh. Chuir sí sgátháin ag lonnrughadh ar nós an chriostail 'n-a dtaobhaibh. Tháinic lóchrann glóire uaithi aniar chuig gach cnoc 's beinn le sgéala go raibh sí le n-a bhfágáil go maidin fá shoillse na gealaighe agus fá réaltaibh na hoidhche. Bhí a gaethe dearga mar bhéadh teachtairí idir dhá cheann an domhain. Tháinic frasa deór ó'n sneachta le cumha 'n-a diaidh. Agus nárbh' áluinn na deóra iad! Bhí gach braon chomh lonnrach soillseach 's dá dtigeadh drúcht óir anuas ó neamh. Shín na croinnte móra géagacha a sgáilí sa sneachta le umhlaidheacht do'n ghréin. Sgairt na fuinneóga dhi. Sheas na daoine i lár an tsneachta ag déanamh iongantais dá glóire agus dá mór-áilne. Tháinic dath buidhe-dhearg ar na néalltaibh a bhí mar bhéadh lomraí móra olna i spéarthaibh an Domhain Thiar. Dhearguigh spéartha na hEadáile, agus d'éirigh losgadh sléibhe i mbun an aeir ó dheas. Tháinic néall mor dorcha os cionn tórann na Gearmáine. Bhí spéartha na Frainnce buidhe-ruadh agus corcor-dhearg i dteannta 'chéile; agus os ár gcionn bhí spéartha neimhe chomh gorm le uisgíbh Locha Léman! Ár mbeannacht leat, a Ghrian! Codail go sámh taobh thall de'n chnoc! As do shuan go dtugair chugainn do ghlóire ar maidin! Nach iomdha duine a chodlóchas go sámh anocht atá buidheach dhíot, agus nár bheag sólás lae gan thú? Míle altughadh leat-sa, a Rí na Glóire, a chruthuigh an ghrian, an ghealach agus na réalta, agus a thug dhúinn áilneacht iongantach an domhain agus na cruinne! Nach Tusa Féin gach lóchrann? Nach Tú a
lasas soillse nach múchfadh gaoth dhá láidre i gcroidhe an deagh-dhuine? Nach Tú a shoillsigheas do'n tSaidhbhir agus do'n Daidhbhir ó cruthuigheadh Ádhamh? Ár mbeannacht leat, a Ghrian! Cuireann do ghlóire glóire na bhflaitheas i gcuimhne dhúinn. Go mbeirimid beó ort ar maidin! Agus míle altughadh Leat-sa, a Rí an tSoillse — a Sholuis na Cruinne! Anois seasamuis annso ar bhárr an árd-chnuic agus dearcamuis uainn síos. Féach an ceó atá ag éalughadh ó bhun na gcnoc. Féach an meall mór atá ag brúghadh dhe amach fá bhun La Dent du Midi. Féach an meall mór atá ag déanamh fá n-a dhéint go roighin réidh ó'n taobh eile de'n ghleann. Dearctar arís. Féach an droichead ceódhach dorcha atá treasna an ghleanna mhóir idir an dá chnoc anois! Tá an Rhóne ag crónán ós íseall faoi thíos. Tá la Dent du Midi dhá mhíle dhéag troigh ar áirde ar thaobh dhe. Tá la Dent des Morcles beagnach ar an áirde chéadna ar an taobh eile. Tá Dún chosanta an ghleanna agus gunnaí móra na hEilbhéise i leath-taoibh an chnuic ag síor-fhaire. Acht anois tá droichead ó thaoibh go taoibh nach dtreasnóchadh laochra dhá láidre, nach mbrisfeadh gunnaí móra dhá iongantaighe, nach ndéanfadh fir dá inntleachtaighe. Sin é Droichead na Sidhe agus Bealach na Spiorad ó chnoc go cnoc. Bhí sé annsin ó thús aimsire agus béidh go deireadh an domhain — i bhfalach ar 'ch aon taobh de'n ghleann — le theacht 'n-a chéile anois agus arís, nuair a theastuigheas ó “Ridire an Ghleanna” a dhul ag breathnughadh ar le Glacier du Trient nó aithgiorra a dhéanamh treasna na gcnoc go Mont Blanc. Agus anois dearctar síos sa ngleann arís. Tá la mer de brouillard agat le feiceál anois. Nach iongantach an rud fairrge agus gan innti acht ceó? Tá sin os do chomhair. Féach mar ghluaiseas na meall- tracha móra ar nós na dtonn, — mar fhágas siad gleannta ceódhacha 'n-a ndiaidh! Féach an t-oileán coillteach i lár báire, — mar oileán draoidheachta a d'éireóchadh ó íochtar na fairrge. Tá na tonntracha ag
gluaiseacht ar gach taobh dhe. Tá na madhmanna ag briseadh i n-aghaidh na gcrann. Tá taoile tuile an cheódha ag teacht isteach go láidir. Tá ar an oileáinín imtheacht as amharc go beó! Buaileann an “Ridire” le n-a shlaitín draoidheachta é agus síos leis! Tá an gleann go léir i n-aon fhairrge amháin anois agus an t-oileán sluigthe. Acht nach aisteach an fhairrge í? Ní cloistear glór bog brónach na dtonn. Ní ghluaiseann na tonntracha móra fá ghearradh. Ní buailtear na fáganna go láidir i n-aghaidh na gcarraigreacha. Ní curtar an cubhar ag coipeadh agus ag fiuchadh go feargach. Ní imthigheann an cáthadh “mar bháistigh ins na spéarthaibh!” Ní imthigheann. Níl san bhfairrge seo acht ceó. Ní raibh san oileán acht barra na gcrann i gcoill agus an ceó 'n-a dtimcheall. Ní raibh san droichead acht gail agus ceó a tháinic as na cnocaibh thar éis dul faoi do'n ghréin. Leath an dorchadas ar an talamh. Bhí an ghrian as amharc sa domhan thiar. Sgaip na soillse áilne a bhí ar na beannaibh agus d'imthigheadar — mar imthigheas an tuar ceatha, agus mar thréigeas a dhatha os comhair ár súl. Na hárd-chnuic a bhí fá thuiltibh soillse leath-uair ó shoin bhíodar annsin mar bhéadh fathaigh mhóra ag faire san dorchadas le ciúin-tráth na hoidhche, agus a mullaigh árda ag sgríobadh leis an aer. Ní raibh torann dhá laghad ná fuaim dhá laige le cloisteál. Bhí préacháin bheaga na nAlp ar a suaimhneas agus faoi fhasgadh. Ní raibh cor ag duilleabhair na gcrann ná ag na géagaibh sa gcoill — mar nach raibh puth as aer ag séideadh fá láthair. “Bhí an saoghal ar fad uaigneach,” tráth ar sheasas liom féin ar bhárr an chnuic. Chonnaiceas an ghealach ag biorrughadh aníos go mall réidh de réir a chéile go raibh sí 'n-a seasamh go díreach, dar liom, ar mhullach árd-chnuic uaim soir. Suas léithi gan gleó gan torann 'n-a meall mór bán i measg na néall. Anoir léithi os cionn na nAlp ag dearcadh uaithi síos ar chnocaibh agus ar bheannaibh, ar mheall- trachaibh móra glas-ghorma leice oidhre, ar an sneachta gléigeal, ar chroinntibh árda, ar aibhnibh doimhne.
Lasadh coinnle beaga soillseacha na spéartha os mo chionn. Bhí lonnrughadh na réalt ag rinnceadh os cionn an domhain — na mílte agus na milliúin de shoillsibh beaga nach múchfadh gaoth dhá láidre ná anfadh dhá uathbhásaighe — mar shoillse an tír-ghrádha ag lonnrughadh í lár an chroidhe! “Stadas seal agus mhachtnuigheas tamall” i ngan fhios do'n tsaoghal. Nár bheag bídeach suarach éid- treórach mise ar aghaidh na mór-iongantas úd! Féach na hAlpa móra, nach fada fada é a saoghal! Nach mór a d'fhéadfaidís innseacht! Chonnaiceadar Gall agus Columbanus ag craobhsgaoileadh Soisgéil Dé. Chon- naiceadar Dáithí ar a thuras deireannach tráth ar mharbhuigh an teine ghealáin é fá n-a mbun. Táid annsin ag dearcadh uatha ó thús an tsaoghail agus béidh go lá deiridh an domhain. Nach fada é a stair agus a seanchus! Nach dtiocfadh leób a rádh liom mar deir an “Bhóchna” mhór leis an “mbraon” fíor-uisge a bhí ag sileadh as taoibh na haille:— “Est-ce que j'ai besoin de toi — Petite, moi qui suis l'immense? Sin é an smaoineadh a tháinic chugam ag dearcadh uaim dhom ar na hAlpaibh, agus ar réaltaibh na hoidhche. Smaoinigheas nach bhfuil i saoghal an duine acht ceó — mar deireas na sean-Ghaedhilgeóirí — i gcomórtas leis an tsíorraidheacht atá romhainn, agus gur beag suarach í obair an duine i gcomórtas le oibreachaibh móra Dé. Agus anois, a léightheóir na gcarad, ó tá an deireannas ann, agus néillín chodladta ort, b'fhéidir, thar éis a bheith ag léigheadh dhuit le tamall, cuirfead chugat míle slán agus beannacht ó árdaibh na hEilbhéise. Ní raibh 'n-ár “Seilg” acht seilg lae. Is mór eile a thugamar fá deara agus a chonnaiceamar annso, acht níl uain againn leanacht dár dtráchtas níos fuide fá láthair. B'fhéidir, amach annso, go n-eireóchadh linn geábh eile a thabhairt thríd an tír, agus go mbéadh cur síos againn sa gClaidheamh ar ghnáth-shaoghal na ndaoine agus ar go leór neithe eile — le do chead-sa, a Eagarthóir chroidhe. Mícheál Breathnach
“Lean Lorg na Laochra.” (Ó'n “gConnachtach.”) Go mbeannuighthear dhíbh, a Ghaedheala! Seo chugaibh “An Connachtach” óg nár facthas go dtí seo i Críchibh Banban. Tagann sé chugaibh lán de mheidhir agus de chroidheamhlacht na hóige. Tá fuinneamh agus neart san óglaoch Gaedhealach so. Tá smior na nGaedheal 'na chnámhaibh. Tá lúthad na nGaedheal 'na bhallaibh. Tá fuil the na nGaedheal ag preabadh go láidir 'na chuis- leachaibh! Tá — agus tá a chroidhe geal Gaedhealach ag cur thar maoil le grádh agus le dílseacht do Bhántaibh Fáil! Leanfaidh “An Connachtach” “lorg na laochra.” Seasfaidh sé go daingean cródha ar son teangadh na nGaedheal agus ar son gach a bhfuil fighte fuaighte snadhmtha le fíor-náisiúntacht. Oibreóchaidh air gan staonadh gan stríocadh le sgamaill dhubha ghránda an Ghalldachais agus na Seóinínteachta a sgaipeadh. Cuirfidh sé é féin i gcéill gan sgáth gan eagla, agus nochtfaidh sé a smaointe do'n tsaoghal Fódlach go meis- neamhail fearamhail i gcómhnuidhe. Rachaidh sé 'un cainnte le Seóiníníbh agus le Staigíníbh, le ceóláin agus le glincíníbh, le daoinibh fallsa táim- leisgeamhla agus le daoinibh spadánta sleam-chúiseacha. Acht tá faoi labhairt leób go mín ciúin ceannsa gan tadhad gan buile. Tá a fhios aige gur easbaidh eólais atá ar a bhfurmhór — seadh, easbaidh eólais, neamh-shuim, agus corp leisge. Cuirfear an fhírinne ghlan go soiléir soillseach os a gcómhair agus tá dóchas ag “An gConnachtach” go dtiocfaidh athrughadh smaointe dh'á lán aca dá bhárr. “Níor chaill fear an mheisnigh riamh é!” Tá ar “An gConnachtach” a chion féin a dhéanamh leis an fhíor-sprid Ghaedhealach a dhaingniughadh sna
daoinibh; leis an nGaedhilg a leathnughadh; leis an tír- ghrádh a neartughadh. Tá faoi gach ar féidir leis a dhéanamh ar son déantús agus earraidhe na tíre. Seas- faidh sé ar son na measardhachta agus oibreóchaidh sé le meas a chur ag an nGaedheal air féin agus ar a thír, ar a stair agus a litridheacht, a ceól agus a seanchus, a sean-nósa agus a béasa fíor-Ghaedhealacha. Acht thar gach nidh féachfaidh sé le sean-teanga na nGaedheal a chur i n-árd-réim arís in gach clúid agus ar gach teallach sa gCúigeadh seo ga háithrid. Tá “An Connachtach” óg ag éileamh cabhrach oraibh, a cháirde. Ná clistear air! Ó thárla beó bríoghmhar folláin é anois ná leigtear san ísligh-bhrígh é de cheal conganta. Seóltar chuige baramhail agus smaointe agus breitheamhnas na gcarad. Gabhamuid ár mór- bhuidheachas le gach sgríbhneóir dár chuidigh linn san gcéad iarracht. Sgríobhaidh chuige, a Mhúinteóirí Taisdil! Innsighidh mar tá ag éirghe libh sa nGaedhealtacht. Cuiridh síos ar bhur saothar, agus ar aon nidh atá ag cur teampáin ar bhur n-obair. Cuiridh chugainn laoidhte, sgéalta, dánta, amhráin, seanchus, &rl., ó na sean-Ghaedhilgeóiríbh. Béidh fáilte 'gus fiche roimh thráchtais uaibh i gcomhnuidhe, a cháirde chroidhe. “Mol an óige agus tiocfaidh sí,” adeir an sean- fhocal. Má's fíor do'n tsean-rádh so é ba cheart go dtiocfadh croidheamhlacht mhór agus árd-mheisneach do'n “Chonnachtach.” Fuair sé mór-mholadh ó fhearaibh Fáil. Thaithnigh sé le gach duine do réir mar hinnstear dhúinn, & fáiltigheadh roimhe go geanamhail Gaedhealach in gach áit 'n-ar thriall. “Ní raibh súil againn le n-a leithid de pháipéar chor ar bith,” ars' an “Peasant,” “agus ní raibh aon cheapadh againn go mbéadh sé baoghal ar chomh maith & tá sé. Tá brígh & spreacamh ann. Tá smaointe & eólas ann agus tá breitheamhnas cruinn grinn le fághail ó
an lucht sgríobhtha. Ní'l aimhreas againn nach músglóchaidh sé spioraid na saorsachta & an tír-ghrádha san Iarthar, agus nach gclisfidh sé é féin a chur i gcéill & i n-éifeacht ar fud Éireann uile.” “Bíonn gach tosughadh lag.” Acht fantar go bhfeictear! Támuid féin lán-tsásta le mar d'éirigh le 'n-ár gcéad uimhir. Díoladh gach cóip dár cló- bhuaileadh. Is ag neartughadh agus ag dul 'un treise a bhéithear le congnamh Dé. Ní'l uainn anois acht cabhair na gcarad le lóchrann na Gaedhealtachta a sgaipeadh ar fud Chonnacht. Is fada deacair achrannach agus is doiligh aisdreánach an casán atá rómhainn, acht ní chuireann sin droch- mheisneach ná mí-mhuinghin orainn. Tá an talamh garbh le socrughadh agus an síol le cur san ithir. Bhí an galldachas calcuighthe i n-ithir na h-intinne le fada, agus gan d'á bhárr ag fás acht galántacht bhréige, truailleachas aigne, sglábhaidheacht, suaraighil, agus neamh-shuim. Ní raibh árd-smaointe ná dian-mhachtnamh ar an mbárr gallda úd. Bhí na gasa feóighte críon. Bhí na blátha seargtha. Bhí na torthaí lobhtha. Tá orainn bárr eile a bhaint anois. Caithfear an ithir a spréadhadh as éadan a chéile ar dtús agus an síol glan-Ghaedhealach a chrathadh. Tá tosuighthe ag an “gConnachtach” agus rómhróchaidh sé roimhe go dian dícheallach go mbídh an bárr mar ba dual do thír na nGaedheal. Tá dóchas mór againn as Gaedhealaibh Chonnacht — go háithrid as lucht sgríobhtha & lucht mhúinte na teangadh. Tá meisneach breagh ag teacht d'ár sgríbhneóiríbh óga, agus iad ag éirghe muinghíneach asta féin anois. Ní'l duine dhíobh gan a bharamhail féin ar gach nídh a bhaineas le cús na Gaedhealtachta, agus nach dtig leis a smaointe a nochtughadh dhúinn go glan soiléir. Buailidh fá'n obair & cuiridh cúis na teangadh i dtuigsint do'n tsluagh mór nach dtuigeann í, a cháirde! Ar aghaidh libh, a Laochra Gaedhil! Beireadh gach mac máthar agaibh ar a “Chlaidheamh Soluis” agus ar mhála de'n tsíol Gaedhealach! Agus, acht a dtigidh lá an fhóghmhair, nach lonnrach mar shoillseóchas grian na saoirse
os cionn bánta Fáil! Socruighidh an talamh, agus spréidhidh libh! “An té nach gcuirfidh san earrach ní bhainfidh sé sa bhfóghmhar.” Anois tá sé i n'earrach i nÉirinn, agus oibrighmis orainn! Tá Sliabh Partraighe agus Loch Measga fá thoirchim suain agus mór-shuaimhnis. Tá cumha agus uaigneas ar gach cnoc 's gleann — ar gach máigh agus oileán. Tá ciúineas mór ar fud Thuar Mhic Éadaigh. Tá. Ní'l gáir-chatha Gaedheal “ag síneadh go hárd ar an ngaoith” mar bhíodh. Tá an phíob mhór agus an bheidhlín na dtost. Tá an filléidín fada ar iarraidh. Ní cluintear glórtha láidre Gaedheal ag músgailt macalla na gcnoc le “Fir an Iarthair,” agus cá bhfuil an sgairtighil gháire a baintí as Gaedhealaibh leis “an Maidrín Ruadh” nó le “Inghín an Phailitínigh”? Tá siad imthighthe go léir! Ba bhrónach sgaradh na gcarad i gColáiste Chonnacht. Acht casfar ar a chéile iad fós le congnamh Dé ar an gcreagán árd aerach céadna. B'iomdha sin lá geal aoibhneach a chaitheadar le chéile, agus b'iomdha sin uair a chaitheadar ag oibriughadh go dúthrachtach ag fóghluim do theangadh, a shean-Éire. Ní raibh duine dhíobh gan grádh ó chroidhe a bheith aige dhuit — seadh, grádh agus mór-ghean. Oibhreóch- aidh siad ar do shon d'oidhche agus de ló, agus déanfaidh gach duine a chion féin leis an nGaedhilg bhinn a chur ar ais i n-árd-réim i n-áruis na nGaedheal. Gealltar sin duit. Is geal agus is áluinn mar d'éirigh le Coláiste Chonnacht i mbliadhna. Bhí sluagh mór iongantach Gaedheal ann — cailíní sgiamhacha spéireamhla agus ógánaigh lúthmhara sgolabánta a mbéadh bród ag do chroidhe asta. Bhíodar go léir lán-tsásta le mar chuadar ar aghaidh. Cuireadh a lán ar eólas dóibh nach raibh aca cheana. Bhí 140 duine sa láthair i rith an dá théarma, agus is ádhbhar mór-áthais dúinn go dtáinic daoine ó gach conndae i nÉirinn uile. Mar sin díbh, a Ghaedheala!
An lá sul cuireadh críoch ar obair na Coláiste tháinic an Craoibhín Geal Aoibhinn ar cuairt. Cuireadh na mílte agus na múrtha fáilte roimh Árd-Rígh Chonnartha na Gaedhilge. Bhí croidhe gach duine sa gColáiste ag cur thar maoil le aoibhneas nuair a leagadar súil air. Léigheadh “Fáilte do'n Chraoibhín,” agus leigeadh trí gártha cnuic a cluineadh ó Shliabh Partraighe go Dúthaigh Sheóighe. Rinne an Craoibhín óráid bhreagh bhríoghmhar ag moladh na hoibre a bhí ar siubhal sa gColáiste, agus mhol do na macaibh léighinn a bheith i gcómhnuidhe dá ríribh agus fíor-dhílis. Dubhairt go raibh sé cinnte go ndéanfadh go leór de Ghaedhealaibh óga na Coláiste obair mhór thábhachtach amach annso ar son teangadh agus litridheacht na nGaedheal. Bhí an Craoibhín i láthair nuair a bhí an sgrúdughadh sa múinteóireacht ar siubhal agus bhí sé lán- tsásta le modhthaibh múinteachais na Coláiste. D'fhág sé slán & beannacht ag an gColáiste tráthnóna. Tiodhlacadh síos go bruach Locha Measga é. Bhí na mic léighinn go léir san gcomh-shiubhal. Seinneadh “Trialladh an Chraoibhín” ar na píobaí cogaidh go meisneamhail mór-dhána, agus bhí na Gaedhil go léir ag éirghe ó thalamh le mór-chroidhe agus glionndar. Stadadh ag ceann an bhóthair agus tosuigheadh ar an damhsa. Rinnceadh go lúthmhar éadtrom-chosach. Gabhadh “Fir an Iarthair” go fearamhail croidheamhail. Éisteadh go haireach áthasach le briathra binne an Chraoibhín. Cuireadh uaill mhór Ghaedhealach i n-aer. Crochadh hataí. Crathadh céirsiúir, leigeadh glaoidh & glaoidh eile. Tháinic lonn- radh soillseach ó'n ngréin aniar a dtuaidh agus ghluais leis an gCraoibhín Geal Aoibhinn ar a bhealach ar ais go sásta & go sólásach. Go mbeannuighthear dhíbh, a Mhúinteóirí Sgoile! Cé mar tá ag éirghe libh ar an uair seo de ló? An bhfuil sibh go léir ag tabhairt “cabhair na gcarad” do chúis na Gaedhilge? An bhfuil sibh go léir ag cur dílseachta, dúthrachta, agus spioraid an tír-ghrádha ag borradh agus
ag lasadh i gcroidhthibh na n-ógánach atá fá nbhur gcúram? An músgluigheann sibh smaointe na Saoirse — grádh do gach cnoc 's gleann — gach abhainn 's sruthán — gach gort 's garrdha — i nÉirinn iath-ghlais? An bhfuil fíor-ghean ag bhur malraigh ar gach beithidheach sa bpáirc, gach éinín deas ceólmhar san aer? An aithriseann sibh sgéalta as stair na hÉireann dóibh — sgéalta a líonfadh a gcroidhthe geala óga le áthas — gníomha cródha agus buillí tréana a chuirfeadh an fhuil ag preabadh go teann láidir 'na gcuisleachaibh? Ní'l nidh sa saoghal chomh geal, chomh glan, chomh glé, chomh gléigeal le inntinn an pháiste. Grádhuigheann sé go nádúrthach gach nidh breagh áluinn. Is maith leis a bheith ar a chomhairle féin. Is maith leis a bheith saor. Ní'l páistín beag ag siubhal an urláir i nÉirinn nach bhféadfaidhe a chroidhín óg a líonadh le tír-ghrádh. Ní theastuigheann acht deagh-shompla agus deagh-theagasg ó thús. 'Sé dualgas an mhúinteóra an deagh-theagasg sin a thabhairt uaidh. Tugtar é “ar son glóire Dé agus onóra na hÉireann,” agus tiocfaidh an lá a mbéidh Éire buidheach de lucht mhúinte a clainne. Tá go leór sgolta 'na múintear an Ghaedhilg ar nós chuma liom. Bhéadh sé chomh maith éirghe aisti ar fad le bheith ag gabháil di ar a leitheid de chaoi. Cé mhéad sgoil i nÉirinn uile 'na bhféachtar le Gaedhilgeóirí a dhéanamh de na páistíbh? Cé'n mhaith a bheith i n-an ráidhte beaga a léigheadh agus a thionntodh mara dtéidhthear thairis sin — agus ní téidhthear in go leór sgolta 'na bhfuiltear n-ainm 's bheith ag múnadh na Gaedhilge le fada 'n lá. Tá a fhios againn nach raibh modhtha múnte feileamhnacha i ngnáth-úsáid go dtí le goirid. Acht anois badh chóir go mbéadh an Modh Díreach ar eólas ag gach múinteóir. Agus i dteannta an mhodha ní mór do'n mhúinteóir a bheith 'na Ghaedhilgeóir é féin. Ní thig le duine rud a theagasg nach bhfuil ar eolas aige, ná Gaedhilgeóirí a dhéanamh de na páistí maran Gaedhil- geóir é féin. Agus fairíor! Tá go leór múinteóirí ag múnadh na Gaedhilge le fada agus gan mórán eólais
aca féin uirthi. Níor chóir gur ab amhlaidh a bhéadh. Ar na sgolta a sheasas Connradh na Gaedhilge leis an nGaedhilg a shábháil, agus, má thogruigheann na múin- teóirí agus na stiúrthóirí é, tiocfaidh leóbhtha a sábháil de bhuidheachas do'n tsaoghal. Comh-gháirdeachas libh, a Thimtirí Gaedhealacha an Bhuird Náisiúnta! Go mairidh gach aon díbh a thoghadh. Go n-éirighidh le nbhur saothar go geal. Dia go gcuiridh rath agus slacht ar bhur n-obair. Is mór bhur ndualgas, a Thimthirí. Is mór bhur bhfaill agus bhur ndeis le cuidiughadh le cúis na Gaedhealtachta. Tig libh na sgolta a chur ag obair mar is cóir agus is feileamhnach, an clár dhá-theangadh a chur i n-úsáid, na múinteóirí a ghríosadh agus a bhrostughadh, na páistí a chómhairliughadh agus mór-shuim a chur aca 'na dteangaidh dhúthchais féin. Támuid lán-chinnte go gcuirfear suim in bhur mbriathra beóil. Tá croidhthe tír-ghrádhacha Gaedh- ealacha agaibh go léir. Is fada 'n lá sibh ag oibriughadh go dian dícheallach ar son teangadh bhur dtíre. Ní fhéadfadh faill níos fearr a bheith agaibh ná mar atá ar an uair seo de ló leis an nGaedhilg a dhaingniughadh sa nGaedhealtacht, agus a thabhairt ar na sgolta a ceart féin a thabhairt do theangaidh dhúthchais na bpáistí. Seo é an socrughadh is tábhachtaighe dhá ndearnaidh an Bord go dtí seo. Níor mhinic sinn ag tabhairt an “fhocailín mholta” do'n Bhord agus ní déanfar sin anois acht an oiread mar is mór eile atá uainn ó'n mBord céadna. Acht deirimid gur mór mór an chéim ar aghaidh dhúinn lucht ghríosta a bheith againn sa tír a mbéidh aire agus áirdeall aca i gcómhnuidhe i gcómhnuidhe ar na sgoltaibh a mbéidh an Ghaedhilg dhá múnadh ionnta. Mar dubhramar an mhí seo chuaidh tharainn ní rabhthar acht ag leath-mhagadh ag múnadh na Gaedhilge in go leór sgolta go dtí le goirid. Ní raibh beódhas, brígh ná meisneach sa múinteóireacht. Ní raibh suim ag na páistíbh bochta sna ceachta tura fuara loma a múintí
dhóibh. Agus maidir leis an teangaidh a mhúnadh go healadhanta nó modhtha maithe múinteachais a bheith i ngnáth-úsáid, ní raibh. Caithfear athrughadh puirt agus athrughadh sgéil a bheith ann feasta. Táthar ghá rádh go dtuigeann Bord an Oideachais ar deireadh thiar nach mór úsáid cheart ealadhanta a dhéanamh de'n Ghaedhilg le oideachas ar bith a thabhairt sna ceanntair Ghaedhealacha. Nach fada an lá sinn ghá rádh sin leób? An bhfuil siad ar aon inntinn linn 'na thaoibh sa deireadh? Deireann daoine ughdarásacha go bhfuil. Is fada an lá anois an Ghaedhilg d'á teagasg in go leór sgolta sa nGaedhealtacht. Is iomdha gasúr a chaith trí bliadhna “ag gabháil di.” Cé mhéad sgoláire measardha Gaedhilge a tháinic chugainn ó na sgolta sin san am a caitheadh? Cé méad aca a bhí i n-an litir dheas shlachtmhar a sgríobhadh 'na theangaidh féin? Cé mhéad aca a raibh grádh do'n teangaidh 'na chroidhe de bhárr deagh-shompla a mhúinteóra? Cé mhéad a lean do staidéar a dhéanamh ar an teangaidh thar éis imtheachta ó sgoil dó? Ba bheag, rí-bheag é. Tá sé i n'am agus thar am tosughadh i gceart ar an oideachas Gaedhealach sna sgoltaibh. Tá sé i n'am faill a thabhairt do'n Ghaedhilgeóir ar a inntinn agus a aigne a oibriughadh 'na theangaidh féin. Bhí an aigne Ghaedhealach go hiongantach nuair a bhí an Ghaedhilg fá réim agus fá bhláth. Sgrúduigh “Amhráin Ghrádha Chúige Chonnacht.” Nach binn ceólmhar smaoin- teach, nach aibidh, nach bríoghmhar, nach litreadha an chainnt a gheobhair ionnta? I leabaidh na cainnte áilne sin ní'l againn anois in go leór áiteacha acht Béarla briste. Tá an aigne truaillighthe ag an teangaidh ghallda. Tá an fhilidheacht ar iarraidh. Ní'l againn anois acht a bheith ag léigheadh i leabaidh a bheith ag cumadh agus ag ceapadh mar ghníodh ar sinnsear — agus ní grádh mór do'n léightheóireacht féin atá againn. Cuirigidh athrughadh crotha ar an sgéal sa nGaedhealtacht, a Thimthirí agus a Mhúinteóirí agus tuillfidh sibh buidheachas na hÉireann.
Go mbeannuighthear dhíbh-se, a sgríbhneóirí na Gaedh- ilge. Ar mhisde dhom focal nó dhó a rádh libh? Tá neithe go leór a bhaineas le sgríbhneóireacht & le litridheacht nár mhisde a chur os comhair gach duine againn go mion & go minic. Ní hé go leór atá le fághail i nGaedhilg na haimsire seo fós ar fiú árd- litridheacht a thabhairt air. Ceapann sgríbhneóirí áithride mara bhfuil dh'á rádh aca acht “go rabhadar ag tiomáint an asail” nó “ag beathughadh na muc” go bhfuilid ag fágáil litridheachta n-a ndiaidh! Táid ag fágáil cainnte agus sgéalta againn, acht an litridheacht cainnt agus sgealta i gcómhnuidhe? Nár leigidh Dia! Anois tosuighmís ar iarracht a thabhairt ar a chur os bhur gcómhair cé leis ar chóir go mbéadh súil againn sa litridheacht. Ní mar a chéile na tighthe a ghníos saoir chloiche áithride go minic cé go mbíonn gach teach dhíobh go háluinn agus go galánta, b'fhéidir, 'na shlighe féin. Mar an gcéadna leis na sgríbhneóirí. Tá a inntinn, a aigne, a éirim, a mheabhair, a thuigsint, a eólas, a ghrinneas, a chruinneas féin ag gach duine. Tá buaidh filidheachta ag duine, buaidh ceaptha ag duine eile, buaidh aithrise agus innste ag an tríomhadh duine. Acht san té ar leis litridheacht iomlán a sgríobhadh ní mór dhó na tréithre seo go huile. Ní móide gur sgríobh sé dán nó rann 'riamh acht caithfidh féith na filidheachta a bheith ann i dtaisge i n-áit eicínt — mar gan í ní thiocfaidh leis cur síos go fileadhta nuair is gábhadh dhó é. Teastuigheann fuinneamh agus spreacamh, gearradh agus neart, spioraid agus cumhacht sa gcainnt ar uairibh. Bíonn an anfadh ag séideadh go huathbhásach; an fhairrge mhór ar buile le mór-fheirg; na coillte ag géimnigh agus ag síonaighil; an toirneach ag creathadh na spéartha; an teine ghealáin ag ropadh an aeir; agus an fhearthainn ag baint deannaigh as na leacrachaibh glasa. Ní mór dhuit, a sgríbhneóir, é seo go léir a chur síos go bríoghmhar agus go fuinneamhail. Caithfir gach nidh a chur go glan iomlán os comhair amhairc spioradáilte an léightheóra.
Agus annsin tagann an ciúineas agus an mór- shuaimhneas. Bíonn an domhan ar suidheachan. Ní bhíonn puth as aer. Tá tír-ghrádhuightheóir óg os do chomhair ag fághail bháis ar son a thíre. Á! Músgail na smaointe is caoine agus is fileadhta! Tagadh deóir ó do shúil agus dhá dheór ó do chroidhe! Líonadh d'inntinn go léir de'n radharc atá os do chomhair. Ritheadh na dreólánaí doininn thrí gach ball ded' chorp. Beir ar do pheann. Machtnuigh & smaoin & machtnuigh. Agus nochtuigh do smaointe “le glórtha na mbárd.” Béidh filidheacht san aithris sin. Béidh caoineas in do chainnt sgurtha anois, nó is tur agus is tirim é do pheann. Seadh, béidh. Agus b'fhéidir go mbéadh an ghuidhe agus an mhallacht, an grádh agus an ghráin, an searc & an fuath agat fighte fuaighte le chéile! Tá ort buaidh innste agus ceaptha a bheith agat mar dubhras cheana — a bheith i riocht cur síos go háluinn agus aithris go nádurthach glan-Ghaedhealach. Bí chomh simplidhe agus leigfeas nádurthacht cainnte dhuit a bheith. Acht ná cuir an oiread suime sa tsimplidheacht 's go gcoisgfidh tú ar do chuid cainnte a chur síos de réir mar thagas sí chugat. Ná dearmad nach mar a chéile an chiall a bhaineas a lán daoine as an bhfocal “sim- plidheacht.” An rud is simplidhthe do'n Ghaedhilgeóir 'sé is deacra do'n mhac léighinn go minic. Cuir do léightheóirí i lagracha' ag gáiridhe nuair a theastuigheas uait gáire do bhaint asta. Déan úsáid de'n chainnt a chualais ag na Gaedhilgeóirí 'ch uile lá riamh — bíodh sí simplidhe nó deacair. Ní ar na macaibh léighinn — dhá thábhachtaighe iad — is cóir do'n sgribhneóir a bheith ag smaoineadh acht ar na Gaedhilgeóirí a rugadh agus a béarfar. A sgríbhneóir, bí muinghíneach dóchasach i gcómhnuidhe. B'fhéidir gur bhronn Dia éirim agus inntleacht ion- gantach ort i ngan fhios duit fhéin & do'n tsaoghal. Táir óg fós agus tá aimhreas agat ort féin. Is áluinn an nídh a bheith umhal — ní'l tréith is taithneamhaighe le fághail
— acht ná leig do'n umhlaidheacht ná do'n óige fhéin cosg a chur ar do smaointe a nochtadh. Ní thiubhraidh an saoghal mórán áirde ort ar dtús. Ní cuirfear mórán suime ionnat. Acht ná cuireadh sin aon droch-mheisneach ná mí-mhuinghín ort. “Lean an ród go díreach.” Agus má thug Dia na buadha dhuit cruthóchaidh an aimsear sin. Ní féidir cosg a chur le uisge na habhann. Pléasgfaidh sé le fánaidh i n-áit eicínt. Mar an gcéadna leis na smaointe. Nochtfar & foillseóchar iad de réir a chéile — mar shruthláin ag teacht as loch i lár an tsléibhe. Badh cheart duit, a sgríbhneóir, a bheith i gcómhnuidhe ag léigheadh agus ag fóghluim. Má's leat aon nídh áluinn liteardha a sgríobhadh agus gealán a chur ar chroidhe an Ghaedhil, ní mór dhuit staidéar a dhéanamh ar na sgríbhneóirí is fearr agus is eólasaighe. Ná bí sásta le cainnt shuaraigh sheafóidigh, le sgéalta mí- thaithneamhacha — le ughdair gan suim gan meas ar na neithibh is gile agus is áilne san saoghal mór. Seachain an sgríbhneóir nach bhfuil teagasg glan glé agus eólas sláinteamhail folláin do'n aigne le fágháil uaidh. Díbir uait é! Ní'l sé acht ag cur chathuighthe ort — ag truailliughadh agus ag milleadh d'inntinne — ag cur smúite agus sgamaill ghránda ar do mheabhair agus ar do thuigsint — agus ag cur néallta mór bagarthach an bhaoghail agus na contabhairte in do thimcheall. Bíodh grádh mór láidir daingean agat do'n Áilne agus do'n Ghile. Bí measamhail ort fhéin agus ar an gcineadh daonna. Tá neithe i dtaisge go cúramach i gcómhairín do chroidhe — bíodh síor-ghean agat dóibh agus is fearrde do shaothar é. Bíodh fút deagh-theagasg a thabhairt do'n léightheóir — comhairle, eólas, siamsa, sult 's greann a chuirfeas an aimsear thairis go haoibhinn taithneamhach agus a rachas 'un tairbhe dhó i gcómhnuidhe. Tá an saoghal so dona go leór & mí-ádhsach go leór cheana. 'Siad na sgríbhneóirí is cionntach le cuid mhaith de dhonas an tsaoghail — na droch-sgríbhneóirí a bhí fúm a rádh. Nach iomdha anam a dhamnuigheadar! Nach iomdha óganach a tharrnuigheadar i mbealach a bhasgtha! Ba dual do'n Ghaedheal a bheith ag obair ar son gach nídhe
dhá uaisle agus dhá áilne. Bíodh ár litridheacht nuadh glan gan smál ar nós croidhe agus coinsís ár dtíre! Bí i gcómhnuidhe ag smaoineadh, ag léigheadh, ag cleachtadh, má's leat modh sgríobhtha maith taithneamhach slachtmhar a bheith agat. “Tagann gach maith le cáirde.” Mar an gcéadna le sgríbhneóireacht. Tagann éasgaidheacht agus deiseacht agus áilneacht cainnte le síor-chleachtadh. Bí dílis agus dá ríribh. Léigh an fhilidheacht is fearr agus is áilne — na sgéalta is mó cliú agus cáil — beatha na ndaoine ba cumhachtaighe & do b' inntleachtaighe — stair & drámaí. Má tá an dúil cheart agat ionnta is cruthughadh maith dhuit féin é. Badh cheart do sgríbhneóir na Gaedhilge eólas cruinn a bheith aige ar shean-sgéalta na nGaedheal. Badh cheart dó a bheith eólasach ar na laoidhte fiannaidheachta agus staidéar cruinn a dhéanamh ar an gcainnt agus ar an modh sgríobhtha atá ionnta. Ní mór do'n sgríbhneóir é fhéin a thomadh go doimhin agus folcadh go mion & go minic i dtobar na fíor-Ghaedhilge. Is mór a thig linn a fhóghluim as sean-sgéalta agus sean-amhráin ár dtíre. Sgríobhadh nó cumadh iad nuair a bhí an aigne, na smaointe agus an chainnt fhéin fíor-Ghaedhealach. Is mór a leigeadh ar lár i nÉirinn ó shoin, fairíor! Is mór a chuaidh an Ghaedhdhilg ar gcúl. Is mór a truailligheadh & a milleadh an aigne Ghaedhealach. Téighmis ar ais agus feicimis cé'n chumhacht & cé'n doimhneacht a bhí innti sul thosuigh an meathadh agus an feóthadh — sul thosuigh an truailliughadh agus an Béarlachas. Tá go leór de litridheacht na nGaedheal i leabharlannaibh ar fud Roinne na hEórpa agus gan fágháil againn ar na seóda luachmhara atá i dtaisge ionnta. Fairíor géar — gur mar sin atá! Acht a bhfuil d'ár litridheacht ar fágháil badh cheart do na sgríbhneóirí a léigheadh & a mion- sgrúdughadh. Cuir romhat, a sgríbhneóir, eólas chomh cruinn & chomh hiomlán & is féidir é a bheith agat ar shaothar liteardha do shinnsir. Rachaidh sin 'un tairbhe go mór do do shaothar liteardha fhéin. Deir daoine áithride linn gur ar na sean-sgéalta Fiannaidheachta badh chóir dhúinn aithris a dhéanamh anois
nuair atámuid ag saothrughadh nuadh-litridheachta sa nGaedhilg. Níor léigheas fhéin aon nídh fós i litridheacht ár dtíre is mó a thaithnigheas liom 'ná an Fhiannaidheacht — go háithrid na laoidhte. Tá gearradh agus neart agus cumhacht neamh-choitcheann ionnta. Agus ní hé sin amháin — acht tá áilneacht cainnte agus binneas ionnta ar dheacair a sárughadh. Nach aoibhinn áluinn an chainnt atá i “dTír na nÓg”? Tá fuaim agus fuinneamh & ceól léithi ar uairibh — sprid agus spreacamh — caoineas, ciúineas, éadtruimeacht — gonntacht focal — cruinneas aithrise — smaointe fileadhta. Ní gábhadh dhom tráchtas fada a dhéanamh annso ar na sgéaltaibh Fiannaidheachta — an modh sgríobhtha ar leith — an chainnt árd-bhriathrach — na ráidhte mór-fhoclacha — na habairte aimh-réasacha — an árd-aigeantacht, an torann & an fothram — an siosga agus an gearradh — an treasgairt & an tréan-tuairgint — mar ghlórtha láidre na dtonn ag pléasgadh i n-aghaidh na gcarraigreacha lá gairbhthin agus anfaidh. An bhfeilfeadh modh sgríobhtha na Fiannaidheachta as fhéin ar an uair seo de ló? Ar cheart é a bheith againn mar shompla & mar mhúnla agus a bheith ag síor-aithris air? 'Sé mo mheas & mo bharamhail fhéin go bhfuil a ré mar mhodh iomlán litridheachta caithte. Ní hionann an saoghal anois & riamh. Ní saoghal aithrise agus innste é fá láthair acht saoghal léighte agus foghluime. Tá meas agus mór-ghean ag mo chroidhe ar an tsean- tseanchaidheacht agus ar an sgéalaidheacht. Acht ní mholfainn do'n sgríbhneóir a bheith ag síor-aithris ar na sean-sgéalta mar sin féin. Tá am & tráth le haghaidh gach neithe. Ní'l aimhreas nach mór a chuideóchas siad linn anois & aríst má choinnighmid os comhair ár súl iad. Cuirfidh cuid dá gcainnt dreach & cosamhlacht na sean- Ghaedhealtachta ar ár saothar. Agus is mairg nach ngrádhóchadh an sean-nós! Acht is romhainn amach atá. Buail ar d'aghaidh, a sgríbhneóir. Smaoinigh go minic ar shaothar ár sean. Cuirfidh a ndearnadar aoibheall agus glionndar ar do chroidhe. Gheobhair eólas & teagasg uatha. Acht “is fearr stuaim ná neart.”
Tá ort-sa do dhualgas a chóimh-líonadh anois as do stuaim fhéin — agus ar do shlighe fhéin. Céard a tuigtar le fíor-litridheacht? Céard a bhaineas do mhodh sgríobhtha? Céard a ghníos áilneacht cainnte? Sin ceisteanna móra tábhachtacha. Buailimis fá n-a réidhteach. Ar an gcéad dul síos de, tá áilneacht cainnte le fágháil i bhfíor-litridheacht. Tá snas agus dreach agus cosamhlacht fíor-áluinn ar shaothar an rí- sgríbhneóra. Tá stuaim agus deas-lámhacht, grinneas radhairc, éirim cinn agus fíor-inntleacht le tabhairt fá deara in gach caoi d'á bhfuil “gáirdín a shaothair” roinnte agus socruighthe aige. Tá a thréithe le tabhairt fá deara sa gcaoi a bhfuil gach nídh ag teacht le chéile ann. Tá na blátha go cumhartha. Tá na torthaí go fairsing, agus tá sláinte agus follántas agus milseacht ionnta le blaiseadh dhíobh. Ní'l meathadh ná feóthadh ná slabhcadh ar aon nídh. Tá an ithir saidhbhir agus úr. Is sólás croidhe agus inntinne do dhuine cuairt a thabhairt ar an ngáirdín seo. Is aoibhinn agus is tairbheach dhó a sgíth a leigean ann istigh i measg na mbláth agus na dtorthaí. Agus is mór a thig leis a fhóghluim agus a thabhairt fá deara a rachas 'un tairbhe dhó. Tig linn leabhar fíor-áluinn gan locht gan béim a chur i gcomórtas leis an ngáirdín ar a bhfuilmid ag trácht. Cuireann an árd-litridheacht so gealán ar an gcroidhe. Cuireann sí dreólánaí aoibhnis thrí bhallaibh an chuirp. Glacann sí seilbh iomlán ar an inntinn. Ruagann sí neithe fánacha saoghalta as cuimhne chinn an léightheóra. Bheireann sí somplaí áilne os comhair a amhairc spioradáilte. Beódhuigheann sí, bíodhgann sí, spreagann sí é. Díbrigheann sí gach tuirse uaidh. Ní airigheann sé an t-am ag sleamhnughadh 'un bealaigh 'n-a láthair. Beireann an leabhar greim air, mar déarfá, agus crochtar 'un bealaigh é i n-gan fhios dó fhéin. Tá smaointe fíor-áilne os a chomhair — seóda luachmhara
litridheachta ó ughdar ar bhronn Dia buadha móra ar leith agus árd-tréithe air. Tá féith an sgríbhneóra le feiceál in gach nidh dh'á dtagann ó n-a láimh. Tá a chuid ráidhte ag luighe le chéile agus ag teacht le chéile go breagh bog ceólmhar binn gan duadh gan deacracht gan anró. Tá an chainnt ag rith go glan réidh nádurthach mar uisgí an tsruthláin sléibhe. Ní'l aon nídh le tabhairt fá deara bun os cionn nó druim ar ais. Tá a chuid saothair chomh hiomlán ann féin agus críochnuighthe, chomh slachtmhar 's bheadh sean-chaisleán ag Gobán Saor. Agus nach aoibhinn a bheith 'n-a chomhluadar! Nach aige atá an cothughadh glan folláin do'n aigne agus do'n inchinn! Ní abruighim go mbíonn ciúineas mór agus suaimhneas le fágháil sa litridheacht i gcomhnuidhe. Bíonn an aithris de réir aigne & inntinne & smaointe an sgríbhneóra agus de réir a bharamhla agus a chuid eólais ar na neithibh ar a gcuireann sé síos. Agus nach iomdha athrughadh a thagas ar inntinn an duine! Nach bhfuil sí chomh hathruigh- theach leis an ngaoith fhéin? Nach bhfuil an sólás, an dólás, an brón, an crádh, an fuath, an grádh, an gairbhthin, an anfadh, an buile, an fhearg — nach bhfuil siad so go léir — agus go leór eile nach luadhaim — i gcomhnuide i dtaisge i gcómhairín do-fheicthe na hin- chinne? Téigh chuig an amharclainn agus feic léirightheóir mór-chliúmhail ar an árdán. Nach glan soiléir mar chuireas sé na neithe iongantacha so os do chomhair agus i gcéill duit? An bhfulaingeann sé fhéin iad? An mbíonn an fhulaingt mar samhluighthear? Badh dhána an mhaise dhúinne a rádh go mbíonn gach nídh ag goilleadh dá ríribh ar an léirightheóir nó ag cur air. Acht deirimid an méid seo: go gcreidimid, dh'á iongantaighe an léirightheóir, dh'á dhílse & dh'á dhúthrachtaighe é, dh'á mhéad a ghrádh d'á chuid oibre, & dh'á fheabhas é chun smaointe & tréithe an duine a nochtadh go fírinneach do'n tsaoghal, gur ab amhlaidh is mó a theangmhuigheas an léiriughadh le n-a chroidhe fhéin. 'Sé dualgas an sgríbhneóra smaointe agus tréithe an duine a nochtadh do'n léightheóir 'n-a chuid sgéalta mar nochtas an léirightheóir ar árdán na hamharclainne iad.
Acht, 'ar ndóigh, is iomdha nídh thar sgéalta le fágháil i litridheacht an domhain. Buaileann an sgríbhneóir fá cheisteanna móra aimhréasacha ar uairibh. Sgaoileann sé lán-sgód le n-a chuid smaointe, agus gluaiseann leis i spioraid i measg réalta neimhe, i measg ion- gantas mór do-thuigthe na Cruinne. Labhrann sé leis na néalltaibh móra dorcha sna spéarthaibh. Ceistnigheann sé na gatha gréine gach tráthnóna sa Domhan Thiar. Cluineann sé sgéalta iongantacha i siosmarnaigh na gaoithe. Castar an bhean sidhe 'n-a threó i dtaisteal a smaointe. Beireann crónán an tsruthláin agus glór an easa teachtaireachta chuige. Chíonn sé 'n-a thaidh- bhreamh laochra móra, agus gaisgidhthe tréana a mhair fadó. Dar leis tá na cnuic 's na sléibhte ag dearcadh air agus ag éisteacht le smaointe nár haithriseadh fós riamh. Tá daoine ann adeireas gur beag an tairbhe do'n Ghaedheal anois saothar litreadha an té a leigeas sgód leis fhéin thar theórainn na tuigse, agus a bhíos ag pléidhe le modh litridheachta ar leith de'n tsághas so. Ní'l agam-sa le rádh acht go bhfuil idirdhealbhughadh idir feallsamhnacht agus modh sgríobhtha, agus nach cóir a meas mar a chéile. Tig le feallsamhnacht bhréagach a bheith i litridheacht sár-áluinn. Ní hionann áilneacht cainnte & doimhneas feallsamhnachta i sgríbhneóiribh áithride i gcómhnuidhe b'fhéidir. Acht measamuis an chainnt agus an litridheacht asta féin. Caithfidh an file agus an t-ughdar sgód d'fhágháil. Ní féidir a smaointe a chosg. Agus ní orainne, a léightheóirí, a bhios siad ag smaoineadh furmhór na haimsire. Ní h-eadh. Bíonn a smaointe móra doimhne fhéin aca — smaointe iongan- tacha — smaointe do-innste — na smaointe a ghníos árd-litridheacht. Agus anois ag tagairt do nuadh-litridheacht sa nGaedhilg dhúinn ní cóir dearmad a dhéanamh gur mór an t-idir-dhealbhughadh atá 'n-a lán slighthe idir an Gaedheal agus go leór de chinidhtheachaibh an domhain mhóir. Tá feallsamhnacht d'á chuid fhéin ag an nGaedheal. Tá smaointe dhó fhéin aige i dtaoibh a lán neithe. Tá uaisleacht agus gile na hinntinne aige. Tá croidhe
glan agus glan-choinsias aige má's fíor-Ghaedheal é. Níor chuir na leabhra brocacha úr-ghránda smúit agus ceó agus sgamaill an dí-chreidimh ar a mheabhair agus ar a thuigsint. Níor chuir árd-aigeantacht an uabhair agus na gaisge néallta móra bagarthacha an bhaoghail agus na contabhairte 'n-a thimcheall. Níor casadh lucht chraobhsgaoilte an dorchadais 'n-a threó. Níor sgaoil sé mór-sgód leis fhéin le fánaidh Aibhne an Chathuighthe. Níor sguabadh 'un bealaigh é le fuarloch mór an Aimhris. Níor sguabhadh, agus le congnamh Dé ní sguabfar. Tugadh sgríbhneóirí na Gaedhilge litridheacht do'n Ghaedhilgeóir a bhéas glan & glé mar chroidhe agus mar anam na h-Éireann agus seachnuighdís feallsamhnacht bhréagach choigchrícheach nach dual do'n Ghaedheal — nach dual do'n Chríostaidhe. Mar dubhras mí ó shoin 'sé dualgas an sgríbhneóra eólas sláinteamhail folláin Críostamhail do'n aigne agus do'n inntinn a thabhairt uaidh. Cé'n cineál modha sgríobhtha a bhéas againn i nuadh- litridheacht na Gaedhilge? Nach mithid tagairt do'n cheist seo feasta? Thráchtamar an mhí seo caithte ar an sean-nós, agus ní ath-abróchamuid aon nídh an dara huair annso má's féidir linn é. Ní fheilfidh modh na Fiannaidheachta as fhéin. An leanfar de na ráidhte mór-fhoclacha aimhréasacha, de'n chainnt chasta, de'n torann & de'n fhothram — nó an ag an tsimplidheacht a bhéas an báire? Ní mholfamuid aithris a dhéanamh ar mhodh sgríobhtha aon duine ar leith i n-aon teangaidh. Is olc an nídh do'n sgríbhneóir an iomarca de'n aithris a dhéanamh. Téigheann sin roimhe sa deireadh, mar nach dtugann sé an fhaill cheart dó féin le cruthughadh céard a thiocfadh leis a dhéanamh as a stuaim agus as a ughdarás fhéin. Ní mór go cinnte staidéar cruinn a dhéanamh ar mhodh sgríobhtha deagh-sgríbhneóirí acht ná déantar an oiread aithrise ortha 's nach mbéadh féith ar leith dhó fhéin le feiceál i modh sgríobhtha an nuadh- sgríbhneóra. Tá daoine ag sgríobhadh na Gaedhilge, agus gan iad ag déanamh a ndíchill ar dheagh-mhodh sgríobhtha a shocrughadh agua a cheapadh dhóibh fhéin. Is
truagh sin. Tá faitchíos orm go bhfuil cuid díobh a mheasas nach dteastuigheann ó'n sgríbhneóir acht an Ghaedhilg a sgríobhadh go simplidhe so-thuigthe, gan aon mhór-iarracht a dhéanamh ar a shaothar a bheith go breagh maiseach slachtmhar litreadha mar bhéadh saothar dheagh- sgríbhneóra. Ní dhéanfaidh simplidheacht cúis aisti fhéin, dh'á fheabhas í. Tá simplidheacht & simplidheacht ann. Ní bhéidh an tsimplidheacht ceart gan saothar a chaitheamh leis an gcainnt, agus gan slacht agus rian na litridh- eachta a bheith le tabhairt fá deara uirthi freisin. Ní'l aon duine a ghníos staidéar ar shaothar sgríbh- neóirí Gaedhilge na haimsire seo nach dtiubraidh fá deara go bhfuiltear ag socrughadh modha sgríobhtha go mall réidh de réir a chéile. Ní hé go bfuilid ag sgríobhadh na Gaedhilge mar a chéile-níorbh' fhéidir sin a bheith amhlaidh. Tá idir-dhealbhughadh chomh mór, b'fhéidir, idir a gcuid Gaedhilge agus tá idir na sgríbhneóirí féin i slighthibh áithride. Ní hionann buadha sgríobhtha ná buadha ceaptha dhóibh. Ní hionann tuigsint ná eólas ná léigheann dóibh. Ní hionann a n-eólas ar an aigne dhaonna. Ní thagann an chainnt chomh héasgaidh nádurtha do chuid aca le n-a chéile. Ní hionann dílseacht, dúthracht, fonn oibre ná cleachtadh dhóibh. Agus tá a rian sin ar a saothar litreadha. Acht, cé go bhfuil an t-idir-dhealughadh so eatortha, tá cosamhlacht idir modha sgríobhtha sgríbhneóirí áithride mar sin féin & tá bun maith dh'á shocrughadh aca de réir a chéile. Cé'n modh sgríobhtha é seo atá dh'á shocrughadh aca? Céard is tréithe dhó? Caithfidh sé go dtugtar fá deara cé an tóir atá ag teacht ag go leór d'ár sgríbhneóiríbh ar na ráidhtibh agus ar na habartaibh gearra, ar ghonntacht focal, ar chruinneas áithrise. Tá siad ag éirghe ar an sean-nós agus as modhthaibh ársa. Ní'l aon duine a ghníos staidéar ar litridheacht Frainncise na haimsire seo nach dtiubhraidh fá deara cé an modh áluinn atá socruighthe ceaptha sa teangaidh sin. Ní'l an iomarca de'n ghleó ná de'n torann, ná de
charraigreachaibh móra cainnte le tabhairt fá deara ann, acht tá simplidheacht fíor-litridheachta sa modh sgríobhtha. Ní linne aithris a dhéanamh ar mhodh coigcrícheach adéar- fas duine eicínt liom. Ní mholaim-se an iomarca de'n aithris. Acht — cé go gcreidim gur ó Dia féin a gheibheas duine féith cheart na sgríbhneóireachta — deirim go bhfuil ar an sgríbhneóir go leór d'á cheird a fhóghluim, agus má's leis litridheacht a chumadh nó a cheapadh gur mór a rachas sé 'un tairbhe dhó eólas a chur ar mhodha sgríobhtha ar féidir leis é de dheagh- sgríbhneóirí. Is gairid ó cómhairligheadh dhúinn go léir aithris a dhéanamh ar sgríbhneóir is mór cliú i measg Gaedheal .i. an tAthair Peadar Ó Laoghaire. Dubhairt sgoláire áithrid nár bh'féidir le aon duine eile Gaedhilg shnasta Ghaedhealach a sgríobhadh acht é. Gan aimhreas ar bith is togha sgríbhneóra an tAthair Peadar. Tá féith an sgríbhneóra ann. Tá eólas mór ar Ghaedhilg na haimsire seo aige. Tá an inntinn agus an aigne Ghaedhealach aige. Tá cumhacht agus brígh agus fuinneamh 'n-a chuid cainnte. Agus tá buadha móra ag a pheann. Táim fhéin thar éis “Séadna” agus “Niamh” a léigheadh, agus a ath-léigheadh. Rinneas staidéar cruinn ortha araon agus 'sé mo mheas gur fearr de sgéalaidhe an t-ughdar ná de starthaidhe. Déarfainn gur mó de litridheacht bhreagh atá le fághál i “Séadna,” gur bríoghmhaire an chainnt, agus gur doimhne na smaointe atá ann ná mar atá i “Niamh.” Acht ní ag sgríobhadh léir-mheas ar leabhra an Athar Peadar atáim annso, agus ní leanfad a bhfad eile de'n taobh so de'n sgéal. Tá a lán seafóide ar siubhal ag daoinibh áithride i dtaoibh na haigeanta Gaedhealaighe — go mór mhór ag an gcuid aca nach bhfuil a fhios aca céard í mar nach hí atá aca fhéin! Mara bhfuil deagh-oideachas ar an sgríbhneóir deirtear nach dtig leis sgríobhadh go healadhanta ná go slachtmhar & go gramadamhail. Agus má's sgoláire é bíonn aimhreas ag cuid de'n dream úd ar a chuid Gaedhilge freisin, agus measaid go
mbíonn baladh na leabhar agus rian an Bhéarlachais ar a shaothar! Mo chomhairle-sa do'n sgríbhneóir gan géilleadh do na daoinibh úd, acht bualadh ar aghaidh ar a shlighe fhéin. Tá sgríbhneóirí againn i gCúige Chonnacht ar an uair seo de ló a bhfuil a n-aigne 'ch uile ordlach chomh Gaedhealach le aigne an Athar Peadar agus fá dhó níos Gaedhealaighe ná an aigne atá ag daoinibh áithride ar mór a ngleó. Ní ghéillim fhéin d'aon duine i dtaoibh an sgéil. Tá a fhios agam céard is aigne Ghaedhealach ann, mar déarfadh an Céitinneach. 'Sí bhronn Dia orm ar dtús. Tagann sé chomh réidh dhom smaoiniughadh in mo theangaidh fhéin 's thagann sé do'n Bhéarlóir a anál a tharraingt. Tá inntinn an Ghaedhilgeóra ag furmhór sgríbhneóirí Chonnacht mar is as an nGaedhilg a fuineadh agus a fáisgeadh iad. Ní'l aon nídh is mó atá ó mo chroidhe-sa ná snaidhm cháirdis a fheiceál snadhmtha idir ár sgríbhneóirí go léir. 'Siad na daoine is lugha a sgríobhas agus a oibrigheas is mó a mbíonn le rádh aca i dtaoibh bunáite gach nídhe ag baint leis an ngluaiseacht, agus is cuid díobh a thug masladh d'ár sgríbhneóirí le goirid. Ní maith liom-sa tráchtas fada a dhéanamh ar an sgéal. B'fhearr liom dá dteagadh liom a nglórtha a sgaoileadh tharm, acht mheasas gur chóir tagairt feasta do'n tseafóid chainnte a bhí ar siubhal sna páipéiribh, tá tamall ó shoin ann. Níor chuir sgríbhneóirí Chonnacht i gcéill iad féin roimhe seo mar ba cheart dóibh a dhéanamh. Bhíodar ag glacadh leis an saoghal go ró-réidh ar fad. Acht tá siad músgluighthe ó n-a suan anois agus badh náireach an sgéal le haithris é dá nglacaidís le masladh ó aon duine — is cuma cé hé. Tugadh fá fhurmhór sgríbhneóirí na Mumhan freisin, acht ní gábhadh dhúinne a gcliú sin a chosaint annso. Tá eólas ag Fearaibh Fáil ar a gcuid Gaedhilge, agus ní baoghal nach dtiocfaidh siad ó'n díth-mheas a caitheadh ortha. Rachaidh leabhra an Athar Peadar i dtairbhe dhúinn go léir, agus ní'l aon duine a léigheas iad nach fearrde é é. Acht, cé go dtaithnigheann leabhra an Athar
Peadar linn, ní hionann sin agus a rádh go bhfuilmid ar aon inntinn leis an ughdar i neithibh áithride ag baint le litriughadh, le modh sgríobhtha agus le litridheacht. Tá sean-eólas againn faoi seo ar an modh litrighthe ar leith atá aige. Ní thaithnigheann an modh sin linn, acht taithnigheann binneas & deiseacht & áilneacht a cainnte linn go mór. Cuirimid spéis mhór sna ráidhtibh gearra a bhíos aige, agus ní fhághamuid de locht ortha acht amháin go leanann sé ró-fhada dhóibh go minic sul dá gcuireann sé athrughadh crotha ortha. Sin locht ar an modh sgríobhtha, dar linne. Éirighthear tuirseach de na habairtibh gearra gonta mara n-athruighthear go healadhanta iad, agus ráidhte ar athrughadh crotha agus déanamh a mheasgadh leób go minic. Ní abraim nach ndéanann an tAthair Peadar sin, acht deirim — de réir mo bharamhla — nach ndéanann sé sáthac minic é. Ní leigeann sé lán-sgód leis fhéin minic go leór. Dá leigeadh b'fhearrde a mhodh sgríobhtha é.
An Triúr Amadán. (As an gClaidheamh soluis.) Bhí fear fadó ann agus is fadó bhí, agus bhí sé féin agus a bhean an-tsaidhbhir ar fad. Bhí gach uile rud ag éirghe leób go maith, acht amháin go rabhadar ag cailleadh na cloinne. Ní raibh beó acab acht aon mhac amháin, dar bh' ainm Tadhg, & ó bhíodar taobh leis, is cinnte gur bh' é an “sugh súilíneach” leób é. Aon tráthnóna amháin dá raibh an fear agus a bhain-chéile ag seanchus le chéile go buadhartha brónach ar an mí-ádh a bhí ag gabháil dóibh i dtaobh cailleadh na cloinne, 'seadh dubhairt an fear go ciallmhar:— “Dar fiadh! a Nóra, níor chualaidh tú riamh aon smuainiughadh mar tháinic in m'intinn anois mar bhuailfeá do dhá bhois fá chéile.” “Ara! a Pháid 'chroidhe, céard sin ort anois? — nó an ag éirghe seafóideach atáir?” arsa Nóra, go lag- ghlórach. “M'anam! nach headh, gur fada uaim é, le cong- namh Dé,” arsa Páid. “Dheamhan smaoiniughadh níos ciallmhaire 'ná é tháinic in m'aigneadh le bliadhantaibh móra fada.” “A Pháid, a chuid, an misde dhom a fhiafrughadh céaróch machtnamh doimhin a bhís a dhéanamh, nó cé an smuainiughadh iongantach é siúd adeir tú a' rith thrí t'aigneadh?” “Ní inneósainn d'aoinne é acht duit féin, a Nóra, a ghrádh,” arsa Páid, “agus ná bíodh fios ag aoinne ar mo chuid smuainte nó go bhfeicimid ar dtús an mbéidh faill againn, le toil Dé, an riaghail is mian liom a shocrughadh a chur i bhfeidhm.” “Badh cheart go mbéadh fhios agat feasta, a stór, nach rabhas-sa riamh in mo chabaire; agus nár mhisde do
dhuine coir a chrochta innseacht dom aon lá riamh, mar go dearbhtha táim rúnmhar. Creid nó ná creid mé acht 'sé sin lom-chlár na fírinne.” “Tá tuairim mhaith agam in do thaobh,” arsa Páid; “acht tá a fhios agam go rígh-mhaith gur deacair, agus gur ionduail nach féidir teangthacha na mban a choinneáil gan a bheith ag síor-shiosgadh agus ní'l agam le rádh acht gur mór an pleidhce agus an pleóta, an té d'innseóchadh coir a chrochta d'aon fhear ná mnaoi dhár choisrig a malaí.” “Tá tú ro-chruaidh ar na mnáibh ar fad,” arsa Nóra, “agus nach ait an sgéal é, an rud is measa le duine, gur minic gur air is measa labhrann sé!” “Anois, a Nóra, ní aighneas, easaontas, ná aragúinteacht a theastuigheas uainn,” arsa Páid go céillidhe, “acht comhairle a bheith agam i dteannta chéile gan gleó ná torann, go bhfeicimid an réidhteóchamuid le chéile, agus go bhfeicead-sa an aontóchaidh tusa liom 'san méid is maith liom a chur os do chomhair.” “Agus i n-ainm Dé 'gus Muire, sgaoil annseo chugainn é feasta, agus ná bhí ag tabhairt leath-bhuird air níos fuide,” arsa Nóra. “Maise, is furas a rádh,” arsa Páid. “Támuid ag cailleadh na cloinne: ní'l againn acht an t-aon duine Tadhg. Thug Dia nó na “daoine maithe” uainn gach duine eile dár gheall Dia dhúinn, agus 'séard tá in m'intinn, a Nóra, “Tadhg” a thabhairt freisin ar gach mac eile a bhéas againn, ó thárla gurab é an t-ainm atá ag maireachtáil dúinn é.” “Ní abróchadh aoinne é acht duine tuigsionach fad-bhreathnuightheach,” arsa Nóra. “Má gheallann Dia dhúinn iad béidh mé sásta, mara ngeallaidh b'fhéidir go mbadh amhlaidh b'fhearr é.” “Déanfaidh sin, a Nóra,” arsa Páid, “go raibh míle maith agat. Ní chreidim go dtóigfeadh Dia orainn é.” Bhí go maith 's ní raibh go holc. Ba é toil Dé gur gairid gur rugadh beirt mhac dhóibh, agus hainmnigheadh
“Tadhg” ar gach duine aca — “Tadhg Beag,” “Tadhg mór,” agus “Tadhg, a Ghrádh.” D'fhásadar suas go rabhadar 'na mbuachaillibh óga, agus annsin cheannuigh an t-athair feilm thalmhan do gach duine aca, agus ba mhian leis iad a phósadh. Mar sin d'imthigh leis ar thóir ban dóibh, acht ba bheag an mhaith dhó sin. Ní raibh 'na chloinn acht triúr cliobairí móra gan críonnacht nó éirim, agus cheap gach duine gur clabhtaidhe móra d'amadáin a bhí ionnta, & 'ar ndóigh dheamhan a bpósfadh aon chailín gleóidhte a raibh maoin agus saidhbhreas aici ceachtar aca — nidh nár mhilleán uirri. D'á bhrigh sin fuair sé triúr cailíní bocht dóibh bhí cruaidh críonna céillidhe, agus pósadh an triúr amadán aon lá amháin. Bhíodar go compórtach ag obair ar na feilmneachaibh ar feadh tamaill, an saoghal ag éirghe go maith leób, ba agus caoirigh go leór acab, rath & slacht ar a gcuid oibre, & sonas ar gach rud a rabhadar ag dul thríd. Aon lá amháin, chuir an t-athair cuireadh chun dínnéir ar an triúr lánamhain agus is lúthmhar éasgaidh thrialladar air, gach beirt go meidhreach ag a cheapadh gurab iad féin is mó a thaithneóchadh leis an athair, mar ba í seo an chéad chuairt a bhíodar a thabhairt air ó pósadh iad. Thar éis bídh a chaitheamh thosuigh sé ag comhrádh le na mnáibh & bhí gach duine acab ag gearán agus ag casaoid nach raibh splannc chéille ag a fear féin, agus ag a rádh, dhá bhoichte dh'á rabhadar sul phósadar, go raibh an mí-fhortún ar fad ortha ó ghreamuigheadar de na leibidíbh de chloinn mhac a bhí aige-san. “Anois,” arsa an t-athair, “creidim nach bhfuil ionnta acht pleidhcí, agus bhéarfad trí fichid punnt mar dhuais do'n mhnaoi is mó a dhéanfas amádán dá fear, agus ó thárla gur amadáin faoi láthair iad, ní bhéidh an t-airgead i bhfad d'á shaothrughadh.” Bhí na mná lán-tsásta & thosuigheadar ortha ar an bpointe boise ar an obair ghreannamhail a bhí ar láimh acab. Thosuigh bean Thaidhg Bhig ag tabhairt biotáille dhá fear féin nó go raibh sé ar na stealladh dúrach le
meisge. Annsin chroch sí léithi abhaile é, acht nuair a bhí sé i ngar dá theach féin thuit sé 'na phleibistín ar an mbóthar gan mothughadh nó arann. Is gairid gur bhuail bacach bocht an bóthar, agus gach ré ball dá chroiceann leis. D'iarr sé déarc ortha i n-ainm Dé 'gus Mhuire. “Ní'l aon déarc agam-sa dhuit, a dhuine bhoicht,” ar sise. “Acht seo fear atá ar meisge a bhfuil culaidh bhreágh shleamhain mhín éadaigh air, & ní'l snáithe de na seacht n-éadaigh ort-sa, acht na gioblaigh sin. Mar sin bhéarfad duit a chuid éadaigh agus míle fáilte, acht go gcaithfear do chuid gioblach féin a chur air.” “M'anam, gur caraid a dhéarfadh é,” ar seisean, “agus glac mo mhíle buidheachas as ucht an chineáltais & an cháirdeasa thruaighe a thaisbeán tú dhom.” Thosuigh air annsin, agus is gairid go raibh an plíoma d'amadán lom-nochtuighthe aige, na gioblaigh & na balcaisí fáisgthe suas air, agus éadach mín luachmhar an amadáin buailte suas ar chabhail an bhachaigh, a chuir i gcruth & i bhfoirm duine uasail árd-nósaigh a láithreach bonn. Ar n-a dhéanamh sin di ghluais an bhean abhaile go meidhreach & d'fhágaibh sí an t-amadán bocht sínte ar an móinín bán ar leath-taobh an bhóthair. An tráth ar mhusgail an duine bocht as an trom-chodladh agus an meisge, fuair sé é féin gléasta suas i gculaidh bacaigh, agus gan duine ná deóraidhe i n'aice. Breathnuigh sé air féin & thosuigh sé ag smaoineadh go dúthrachtach. “Ní'l a fhios agam an mé atá ann,” ar seisean: “‘Cá bhfuil mo chualaidh éadaigh, má's mé? Saoilim gur liom an fheilm sin, agus ní aithnigheann na fir oibre mé! Saoilim gur liom an teach mór sin thall. Má's mé atá ann, aithneóchaidh na madraí mé.” Suas leis go dtí doras an tighe mhóir. Thosuigh na madraí ag tafaint nuair chonnaic- eadar an bacach ag trialladh ar an doras. Is gearr gur éirigh an bhean-uasal amach agus dubhairt: “An déarc atá uait, a dhuine bhoicht?” “Seadh,” ar seisean — mar bhí ocras air. Thug sí arán agus feóil chuige, a thug a lán subhachais dó, már bhí sé stiúgtha leis an ocras.
“Bí annseo tráthnóna,” ar sise, “agus béidh do dhínnéar le fágháil agat.” Nuair fuair sé é sin, cuireadh chun codalta 'san sgioból é. Lá'r n-a bhárach d'orduigh an bhean dó a bheith ag obair ar fud an gháirdín agus go dtiubhradh sí a bhiadh agus a dheoch dhó i gceann tamaill. “Ní'l tú láidir le bheith ag siubhal mar sin, a dhuine bhoicht,” ar sise, “acht b'fhéidir gur gairid go bhféadamuid athrughadh éadaigh fhágháil duit.” Bhí an obair seo ar bun i ngan fhios do'n dá lánamhain eile, acht ní rabhadar féin 'na gcomhnuidhe. Ar maidin, thar éis an fhéasta, 'nuair shaoil Tadhg Mór dhul ag obair, ní raibh snáithe éadaigh le fágháil aige, agus dubhairt an bhean leis go gcaithfeadh sé fanamhaint ar a leabaidh, mar go dtug ceannuidhe leis an t-éadach. B'éigin do'n duine bocht fanamhaint 'na splíota ar a leabaidh ag cur a chuid oibre thrí na chéile, mar ní raibh eólas ná suim aige i rud ar bith acht obair an tsaoghail. An lá céadna bhí bean “Thaidhg, a Ghrádh” 'na suidhe cois na teineadh, nuair a tháinic a fear isteach thar éis a bheith ag obair. “Bhfuil mo dhínnéar ullmhuighthe agat?” ar seisean le n-a mhnaoi. Bhreathnuigh sí suas air 'san éadan. “Céard sin ort, a Thaidhg?” ar sise. “Ní'l aon nidh orm” ar seisean. “Tá rud eicínt ort,” ar sise, go brónach; “tá an lasadh bhí in do ghruaidh sgaipthe! tá do dhá shúil 'na seasamh in do cheann! tá tú ar crith! — Ó! dar fiadh, tá an bás ort, a Thaidhg!” ar sise, ag tosughadh ag gul. “Diabhal pian ná tinneas orm-sa,” arsa Tadhg, “ná rud an bith eile acht amháin an t-ocras.” “Deirim leat go bhfuil,” ar sise. “Luigh ar do leabaidh agus fágh bás, mar thairis ní féidir leat dhul.” Leis sin, chuaidh Tadhg a chodladh, & fuair sé bás! Cheannuigh sise tobac fá chomhair an tórraimh, agus, mar
is gnáthach, chruinnigh na comhursanna isteach 'ghá chaitheamh, agus ag caoineadh Thaidhg. Dheamhan uair dá dtéigheadh an bhean i n-aice na leaptha nach n-abradh Tadhg i gcogar, “Bhfuil mo bhéile réidh fós agat?” Bhí go maith 's ní raibh go holc, mar deir an sean- chuidhe. Lá na sochraide cuireadh 'san gcómhnra chláir é, agus chroch ceathar buachaillí leób ar a nguailnibh é chun na reilge. Ar an mbealach dhóibh go dtí an reilig chuadar thar theach Thaidhg Mhóir a bhí i ngéibheann ar an leabaidh ó'n lá a dtug an ceannuidhe a chuid éadaigh uaidh. Nuair a chonnaic a bhean an tsochraid ag teacht, chuaidh sí siar sa seomra go dtí Tadhg, go milleánach, agus dubhairt: “Is mór an náire dhuit, a Thaidhg, do dhearbhráthair grádhmhar a bheith ag dul sa gcill, gan thú bheith ar a shochraid. Sin rud nach ndéanfadh seisean leat-sa.” “Mo dhearbhráthair ag dul 'sa gcill! Óchón go deó! mise sínte annseo agus mo dhearbhráthair ag dul chun na cille! Mise annseo im' stróinse fá'n bpluid, agus Tadhg a Ghrádh d'á shíneadh 'san uaigh! Ó! an abrann tú go dearbhtha gur ab í an fhírinne í? Cá bhfuil mo chuid éadaigh, adeirim? A Thighearna na trócaire, céard a dhéanfas mé ar chor ar bith de cheal mo chuid balcaisí! Mise gan snáth éadaigh & go dtug tusa, a sheafóidín, mo chulaidh bhreágh cheann-easna do bhacach an bhóthair!” Annsin thosuigh sé ag filidheacht, agus is é r'd adubhairt: “A Thaidhg, a ghrádh, nach bocht é an bás 'S nach brónach cráidhte an sgéal é, Mo dhearbhráthairín dil ag dul i gcill — Má's fíor mar deir mo chéile. Cead fairíor géar! a ghrádh mo chléibh, Ní'l agam acht thú 'chaoineadh, An t-éadach breágh bhí agam tá Anois ag bacach saoghalta.
“Mo bhean gan chéill a thug dhó féin Mo chulaidh bhreagh ba dhaoire, 'S d'fhág mé féin — mo bhrón 's mo léan — Gan snáth le haghaidh an Lae Saoire! Marbh-fáisg, gach mísg 's crádh, Gan suairceas choidhche nó aoibhneas, Go raibh go bráth ar an mbacach teánn 'S an bhean thug dhó mo mhaoin-se!” “Ara! a amadáin, tá tú ar buile,” arsa an bhean, agus leig de do chuid seafóide.” D'fhreagair Tadhg mar seo:— “Seafóid go héag ort, droch rath agus léan ort, Maran tú tá gan eagla gan náire; Mo bhalcaisí bhronn tú ar bhacach na dúithche, Acht gan amhras béidh agam-sa sásadh. Tá mé annseo sínte, gan casóg ná bríste, Ná snáithe le cur ar mo chnámhaibh, 'S an bacach go haerach i gculaidh ghlas-caorach A' magadh 's a' spreallaracht gháire.” “'Nois, a Thaidhg,” arsa an bhean, “bíodh foighid bheag agat, & is gairid a bhéas mise ag fágháil culaidh dhuit i bhfad níos seasmhaighe 'ná an chulaidh a bhfuil tú ag clamhsán 'n-a taobh. Ní bhéidh sé le rádh ag aoinne go deó gur choinnigh mise thú ó shochraid do dhear- bhráthra.” Amach léithi 'san sgioból, agus bheireann sí isteach croiceann bó, & leag sí aniar ar a dhruim é. Chuir sí cúpla cnaipe maith daingean láidir i bhfus ar a bhrollach, an dá adhairc 'n-a seasamh suas le n-a dhá chluais, agus an t-iorball síos go talamh 'n-a dhiaidh — ar nós cheannaidhe an iorbaill a facthas go minic ar bhóithribh Chonnamara. “Seo 'nois,” ar sise, “tá culaidh chomh faisiúnta ort agus tá ar an tsochraid indiu!” D'fhreagair seisean i bhfilidheacht arís mar seo:— “Tá croiceann mór láidir 'nois orm go teánn a'd, 'S an t-iorball seo síos le mo shála,
'S mé dul ins na fásgaibh ar shochraid mo dhearbhráthra Tá, fairíor, 'nois imthigh' go bráth uaim! An cneábhaire bacaigh úd, bainfead-sa faic as, Béidh smíochadh 'gus achrann is ár ann, Ní'l bacach im' aithne ó Bh'l'á' Cliath go Gaillimh Nach gcuirfinn-se streilleadh 'gus cáir air!” Amach leis annsin, mar bhéadh sé ar dearg-bhuile, & é ag rannuidheacht i gcomhnuidhe, ag teacht i ndiaidh na sochraide. Bhí díosgán ban i ndiaidh na cómhnra cláir ag cur síos ar chúrsaidhibh an tsaoghail go cúramach dhóibh féin, nuair a chonnaiceadar Tadhg ag teacht 'n-a ndiaidh 'sna feirrí glinnte. “Ó! m'anam ag Dia,” arsa duine aca, “gur ab é an Diabhal atá ag teacht i bhfoirm fir a bhfuil croiceann bó air, adharca gabhair, & iorball asail agus é ag iarraidh Thaidhg a Ghrádh!” Rith duine soir, duine siar, duine ar gach uile thaobh, nó i ndeireadh na preibe nár fhan mac an pheata dh'á raibh ar an tsochraid acht an ceathrar a bhí faoi'n gcorp. Nuair tháinic sé suas ghlaoidh sé amach ag caoineadh:— “A dhearbhráthairín! a dhearbhráthairín! nach bhfeicfead go héag!” Labhair an fear istigh agus dubhairt:— “An tú Tadhg?” Nuair mhothuigh na buachaillí do bhí fá'n gcorp an marbhán ag labhairt, chaitheadar dhíobh an chómhnra chomh tapaidh 's b'fhéidir leób é, & lasg leób go mear 's go huathbhásach, agus d'fhágadar an corp annsin agus an “Fear Mór,” dar leób, ag caismirt leis. “An tú Tadhg, adeirim?” arsa an fear istigh arís. D'fhreagair Tadhg, agus is é r'd adubhairt: “Is mise Tadhg, 's tá orm tadhad 'S fearg, nidh nach iongnadh, Mo bhean, a Thaidhg, a dhein díom beitheach, 'S chuir orm croiceann críonnta.” “Ar son Dé,” arsa an fear istigh, “leig de'n fhilidheacht agus féach ar dtús le mise a leigean as an ngéibheann.”
“Ara, an gcreidfead go bhfuilir beó chor ar bith?” arsa Tadhg file, “mar tháinic mise le cuthach 's teasbach ag a cheapadh go rabadar ag dul go do chur 'san uaigh.” “Táim beó ar éigin,” ar seisean, “acht táim i ndáil le bheith stiúgtha leis an ocras, & cuirim geasa droma draoidheachta ort féachaint le mé leigint as seo.” “Leigfead, chomh fada 's rachas mo chuid adharc,” ar seisean. Annsin chuir fear an iorbaill liúgh 'gus béice as a chluinfeá trí mhíle ar gach taobh dhíot agus le dúrach thosuigh sé ag lasgadh na gclár le n-a chuid adharc agus é ag baint gach fuama agus siolladh asta nó gur mhór an t-uathbhás é le allus. Faoi dheireadh bhí an chómhnra na stiallacha aige agus Tadhg a ghrádh innti istigh, acht mo bhrón! leis an mbuille deireannach déigheannach bhuail sé aon phlaidhb amháin go díreach glan i gceart-lár na luirgeann ar Thadhg a Ghrádh, agus rinne sé sprúdhánaí dá chois. Annsin nuair nár bh'fhéidir leis na cosa a chur faoi, bhuail Tadhg suas ar a dhruim an fear bacach agus thosuigh sé ag filidheacht agus ag crónán dó, 'ghá bhréagadh, nó gur chum sé port deas damhsa a dtugann na Gaedhil “Tadhg a Ghrádh” air ó shoin, agus na Seóiníní an “Rocky Road to Dublin” — “Óra Thaidhg, a ghrádh Óra Thaidhg, a chumainnín Óra Thaidhg, a Thaidhg, 'S grádh mo chroidhe mo chumainnín.” Is iomdha oidhche shultmhar shuairc a raibh dráma ag na buachaillíbh i gcuimhne an lae úd na dtrí n-amadán. Níor bh'fhéidir liom a fhágháil amach riamh ar casadh Tadhg Mór agus an bacach ar a chéile. Anois, a léightheóirí an “Chlaidhimh,” cé aca amadán bá mhó bhí 'n-a phleidhce nó cé an bhean a mbadh cheart an duais a thabhairt di? “Cois-Fairrge.”
An chéad lá ar mealladh mé ó'n sgoil. (As Irisleabhar na Gaedhilge.) Is maith an sgathamh anois ó thárla sé seo. Tá, fairíor! bunáite gach duine de na daoinibh a bhí an lá úd in mo theannta anois i gcoigcríocht sgaipthe ar fud an tsaoghail. Tá an chuid is mó dhíobh san Oileán Úr ag saothrughadh greime a mbéil go cruaidh agus go hallusach a bhfad ó n-a ndáimh agus a ngaolta. Tá beirt nó triúr dhíobh fós ag comhnuidhe san tsean-tírín dúthchais ag cabhrughadh le n-a muinntir. Acht, mo nuar! tá sé de rún & d'inntinn acab sguabadh leób ó “Éirinn ghlais na bhFiann” anonn thar mhuir mhóir na dtonn chomh luath i nÉirinn 's is féidir leób é. Nach iongantach agus nach ait an mac an saoghal & nach mór a bhíos i gcinneamhaint na ndaoine! Fairíor, nach go ró-luath i gcomhnuidhe a thigeas buaidhreadh & anró an tsaoghail seo, & a imthigheas fuinneamh & meisneach & croidheamhlacht na hóige! Nach ró-ghearr a mhaireas laetheannta aoibhneacha gréineacha ár n-óige, an t-am is aoibhnighe & is sólásaighe dár chaith neach ariamh! Cá bhfuil an tÉireannach i gcéin nach dtigeann cumha ar a chroidhe nuair a ghníonn sé machtnamh geanamhail ar gach sult & gach siamsa d'á mbíodh aige i n'óige ar bhántaibh míne Inse Fáil? Agus cá bhfuil an tÉireannach nach bhfuil rud eicínt d'ár thárla i laethibh a óige go grádhmhar ceanamhail i bhfíor-íochtar a chroidhe mar shéala nach bhféadfaidh sé sgaradh leis ná dearmad a dhéanamh air go n-imthighidh an tséideóg dheiridh as? Cé gur fada ó Éirinn a bhíos an deóraidhe dúbhach bocht go minic, cé gur ab iomdha lá agus bliadhain ó d'fhág sé. “slán agus beannacht” ag a thír agus a
mhuinntir dhúthchais, tá go síoruidhe aige le feiceál os comhair a amhairc spioradáilte gleannta, cumair, agus bánta Fáil, agus nach minic a feicthear dhó go mbíonn na sean-cháirde óga croidheamhla aríst i n'aice, agus na sean-chleasa a bhíodh acab fadó aríst acab d'á gcleachtadh le meidhir agus le fuinneamh. Agus cé'n t-áthas agus an glionndar a bheireas na smaointe agus an taidhbhreamh seo dhó fad 's mhaireas siad agus cé'n duairceas agus an chumha chroidhe a bhíos air ar mhúsgailt dó ar a fhágháil féin sgartha leób go léir! Is beag duine againn nár thárla rud eicínt ar feadh na haimsire a chaitheamar ag dul chun sgoile a bhéas go h-úr-ghlas 'nár gcuimhne i gcomhnuidhe pé áird de'n domhan mór 'n-a gcasfar sinn. Chaitheas féin mo chúig bliadhna déag ó thosuigheas gur fhágas an sgoil i gceanntar Gaedhealach Chois-Fhairrge. Acht ní ar na bliadhantaibh úd atáim ag dul ag trácht, acht ar aon lá amháin d'aimsir mo sgolaidheachta agus an dá lá 's mhairfeas mé ní fhéadfad dearmad a dhéanamh air — mar ba é an chéad lá riamh é ar mheall mo chompánaí mé le fanamhaint ó sgoil. Ní raibh ionnam acht paitrín beag bídeach an t-am úd. Tá sé anois os cionn dhá bhliadhan déag ó shoin, agus bhíos ins an treas leabhar. As mo bhaile féin bhí dh'áréag buachaillí eile ag dul chuig an sgoil agus bhí an mac seo ar an duine do b'óige dhíobh. Ní misde a rádh gur bhuachaillí árd-inntinneacha croidheamhla a bhí ionnta bunáite go léir. Ba dheacair ialach a chur ortha dearcadh ar leabhar ná páipéar ag baile, fód ná caorán iomchur go dtí an sgoil, ná bheith istigh go headartha buidhe gréine go minic, agus, 'ar ndóigh, ba mhinic cuid díobh ag imtheacht nó ag a iarraidh a bheith ag éalódh ó'n sgoil ar fad. Bhímis i gcomhnuidhe i gcuideacht ag dul chun sgoile agus ag tigheacht a bhaile i n-aoinfheacht in aon druing bhríoghmhair amháin gan beann ar aon sgata buachaillí eile as aon cheard agus, maidir le croidhe agus meisneach, árd-inntinn agus neamh-spleadhchas, do b'ag an bhfuirinn se'againne a bhíodar. Cá raibh an
sgoláire a mbéadh sé de mheisneach aige aon fhocal droch-mhúinte a labhairt ná aon dí-mheas a chaitheamh le buachaillí an locháin? Cá raibh an buachaill a leigfeadh an faitchíos dó aon sgiollaidheacht ná spiadóireacht a dhéanamh orainn? Dhá ndéanadh, a mhala agus a ghruadh bhéadh i gcontabhairt a ndathughadh gan aireachas, 'sí a phasóid a bhéadh gléasta, nó mar deireadh na buachaillí iad féin “'sé a chnaipe a bhéadh déanta” chomh luath i nÉirinn is gheobhfaidhe greim air taobh amuigh de gheata na sgoile. Bhí buachaillí an Locháin mar adéarfá 'na dtighearnaí os cionn go leór de na buachaillíbh as na ceanntaraibh eile a bhíodh ag teacht go dtí an sgoil chéadna leób. Ní bhíodh cleas ná pléaráca ar bun nach mbídís ag déanamh cíor-thuaithbhill díobh. Ní bhíodh comhrádh ar bun nach mbíodh a ladar buailte acab ann agus a mbaramhail tugtha n-a thaobh thar éis a gcomhairle a chur le chéile n-a thaobh go cúramach. Is dream achrannach go deimhin a bhí i gcuid díobh, agus chuiridís sgléip ar bun mar gheall ar an rud ba shuaraighe nó ba sheafóidighe; agus bhí an chuid do b'óige dhínn, dhá aistighe le rádh é, a bhfad ní ba chiallmhaire agus ní ba fhad-bhreathnuighthe 'ná iad seo eile a bhí bliadhanta móra fada ní ba shine ná muid, agus a mbéadh súil agat de réir nádúir ciall agus tuigsint a bheith n-a gcloignibh díth-chéillidhe. Bhí dearbhráthair liom féin, Seaghán, ag dul chun sgoile ar an aimsir úd agus creidim nach dtóigfidh sé orm a rádh anois go raibh sé chomh croidheamhail agus chomh hárd-inntinneach le ceachtar acab. Réidhtigheadh fuireann an Locháin le chéile beagnach ar gach uile phointe cé gur mhinic anois 's arís a thagadh smíochadh eatortha féin, acht bhíodh sé i gcomhnuidhe éasgaidh go leór cáirdeas agus muinn- tireas a tharraingt eatortha, agus nuair a thigeadh aon cheist i dtaoibh a mbaile dhúthchais ó dhream ar bith eile ag an sgoil, bhídís ar aon inntinn agus ar aon toil amháin le seasamh go daingean docht ar son cliú agus cáile an Locháin. Maidin bhreágh ghréineamhail earraigh san mbliadhain
1891 thar éis céad-phroinne buailim féin agus mo dhearbhráthair Seaghán amach le dhul 'na sgoile. Bhí seisean san chúigeadh leabhar agus an mac seo san treas leabhar. Bhí beart leabhra faoi 'na asgaill aige-san, agus cúpla leabhairíní beag bídeach ag an mac seo 'na phóca. D'aithnigheas air ó d'fhág sé an teach nach raibh aon fhonn air a dhul chun na sgoile an lá údaí acht, mar sin féin, áitigheann air ag cluas- fheadghail agus lasgann linn sna fásgaíbh. Ag ceann an bhóthair céard a bhéadh romhainn, acht an feigheall fré chéile ag fanacht go dtigimís. Nuair a chonnaiceadar Seaghán agus mé féin ag déanamh ortha chuireadar liúgh asta agus a sean-sgairt gháire. Ní raibh a fhios agam féin céard a bhí 'n-a n-aigne mar bhíos mí- eólasach ar go leór dá gcuid cleasann an tráth úd, acht bhí tuairim agam mar sin féin go rabhadar ag brath nó ag smaoineamh ar bheart nó gníomh eicínt nach raibh ceart ná cóir a dhéanamh; mar ar an bpointe boise 's ar tháiniceadar i dteannta chéile bhuail bleid agus caismirt chomhráidh iad, agus annsin tosuigheann ortha ag cogarnaighil ionnus nach gcloisfinn féin céard a bhí ar bun acab. “Anois,” arsa duine de na buachaillíbh, “nach fearr dhúinn a bheith ag bogadh soir nó m'anam go mbéimid deireannach?” “Mh'anam muise, má cheapann sibh go mbéidh, seachnuightear é, mara bhfuil dúil agaibh an greadadh cráidhte agus dualgas an tslisne a fhágháil,” arsa Colm Thomáis. “Dheamhan fata a chonglóchas muid choidhche má thagann muid isteach deireannach go dtí é,” arsa Seaghán Ó Caidhin. “Cuirfear ag crathadh na gcrúb muid mar cuireadh go minic!” “Á! téightear go dtí an Sruthán Buidhe ar chuma'r bith,” arsa an ceathramhadh buachaill. “Dheamhan mo chos ná mo chnámh féin a rachas thairis seo,” arsa Séamus óg! “Sé an cás céadna dhíbh é. Cos ní chuirfead taobh istigh de'n sgoil indiu! B'fhearr liom go mór fada a bheith ag a iarraidh an fhairrge a
thaosgadh le mo chaipín, nó ag a iarraidh gaineamh a chur i ngad ná a bheith ag dul chuig an sgoil.” Acht ní raibh maith dhó ann. Thar éis slíomadóireachta fada b'éigean dó gluaiseacht le dhul go Sruthán Buidhe i n-aoinfheacht leis an gcuid eile thar éis tamaill mhaith tathaint agus argúinteachta. Ghluaiseamar linn soir, agus dheamhan a bhfad a bhí curtha dhínn againn gur casadh “Tomáisín” dúinn, ag déanamh anoir 'sna seala babhtaí, faoi n-ár ndéint. Bhí allus ag tuitim leis, a chroidhe ag bualadh, séideán mór ann, agus gan puth anála aige thar éis an tseársa. Nuair fuair sé an anáil leis, labhair sé linn go magamhail, agus dubhairt: “Ara, a amadána, cé'n mío-ádh mór, nó cath marbh atá oraibh, nó cá bhfuil bhur gcosa beaga, mío-stuamdha dh'ur dtabhairt indiu? 'Ar ndóigh, ní féidir gur ag smaoineadh ar a dhul chuig an sgoil a bhí sibh indiu,” ar seisean go meangamhail. “Nach bhfuilim-se thar éis a bheith thoir agus dheamhan sin máighistir ag teacht ná a thiocfas go luath, buidheachas mór le Dia!” ar seisean, ag tabhairt a shean-laisg d'á ucht le neart áthais agus glionndair. “Bíodh aige anois,” ar seisean, “acht is fada an lá go gcuirfidh sé ag crathadh na gcrúb muid-ne arís.” “Céard atá tú a rádh chor ar bith,” arsa duine againn, “i dtaoibh an mháighistir, nó cé'n fáth go n-abrann tú nach mbéidh sé ag aon sgoil indiu ná go luath?” “Bhíos ag a rádh,” arsa Tomáisín, “nach raibh aon sgoil ann indiu agus cruthóchaidh mé dhíbh é freisin.” “Tá súil le Dia agam nach bhfuil,” arsa ‘Ball Dearg,’ “mar dheamhan oiread 's smid de mo cheachta agam-sa, ná dearcadh a rinneas ortha ó thug mé cúl mo chinn do'n sgoil indé, acht cé'n chaoi a bhfuil fhios agat, a Thomáisín go bhfuil an sgéal mar dubhairt tú?” “Innseóchad sin daoibh,” ar seisean, “acht fágadh muid an bóthar ar dtús agus ná bíodh gach duine ag breathnughadh orainn ag uardal anonn 's anall annso. Is fearr dhúinn bualadh isteach faoi thóchar an Droichid
ar an gcúl-shráid, agus innseóchad daoibh cé mar thárla.” “Déantar ann,” arsa'n chuid eile, agus isteach linn faoi'n tóchar, agus buachaillí Chor na Rón, agus tuilleadh as Baile an Tighe Mhóir 'n-ár dteannta a loiceadh freisin ó dhul ar aghaidh chun na sgoile. Thosuigh ar Thomáisín ag a innsint dúinn annsin mar dochuaidh sé soir chun na sgoile, mar bhí sé a bhfad 's a bhfad ag fanamhaint leis an máighistir, mar do tháinic sé 'sa deireadh, agus mar tháinic triúr síoth-mhaor nó constáblaí go haibéil 'na dhiaidh agus mar chrochadar leób é gan fios a thabhairt d'aon duine beó cé'n fáth ná an bun-úghdar. “'Ar ndóigh,” arsa Tomáisín ag críochnughadh dhó, “chualaidh sibh go léir go raibh an máighistir agus boicíní eile ag fiadhach an Dómhnach faoi dheireadh thall ag Bó Bhrocháin agus go rug an maor ortha?” “Mh'anam gur chualaidh,” ar siad-san, “acht céard a thárla?” “'Seadh, maith go leór, a bhuachaillí, is breagh an sgéal é sin, acht tá a fhios agaibh nach raibh aon chead fiadhaigh ag an máighistir ar an réimse mór úd ag Bó Bhrocháin atá ceannuighthe thar bárr amach ag an bhfear uasal úd as Sasana le h-aghaidh fiadhaigh, agus frítheadh an máighistir bocht agus a ghunna aige taobh istigh de'n teórainn, agus mh'anam go dtiocfaidh sé righte leis nó go n-íocfaidh sé ann. Bhí sé ag gabháil thart go mb'éigin dó a theacht 'na cúirte an lá faoi dheireadh, acht níor chreid go leór go mbéadh sé chomh domáisteach ar mo dhuine bocht go rugthas air indiu agus gur crochadh 'un bealaigh é i ngreim ag “lucht na gcaipíní speiceach,” agus ag Dia atá fhios cé'n uair a leigfear ar ais chugainn é.” Sin é an uair a bhí an greadadh agus an bualadh bos ann le mór-bhródh agus átas ag an máighistir a bheith sguabtha uatha. “Meas tú nach fíor é?” arsa duine leis an gceann eile.
“An fíor é, an eadh?” arsa Tomáisín go borb, “an amhlaidh a mheasann tú gur ag áidhbhéil a bhéinn? Tá a chómhartha le n-a chois ann, an sgoil dúnta, an doras faoi ghlas, agus na cailíní beaga 'san sgoil eile agus gan fhios acab beirthe ná beó cé'n fáth a bhfuil an oiread grinn agus éirghe i n-áirde ag na buachaillí ar fud an bhóthair; le mo dhá shúil a chonnaiceas iad féin agus an mháighistreás óg ag spéacláireacht amach thrí na fuinneógaibh, agus gan fhios acab 'sa domhan cad chuige a raibh na gearr-bhodaigh ag gluaiseacht abhaile faoi mheidhir chomh luath 'sa maidin.” “Acht nach bhfaca an mháighistreás an máighistir ag imtheacht?” arsa Ball Dearg. “Ní fhaca, a dhuine. Bhí glanta leis sul tháinic sí ar maidin; agus rud eile, ní ar an mbealach 'na gcomhnuidheann sí a d'éirigh leis na constáblaí a thabhairt.” “Dheamhan smid bhréige agat, a Thomáis,” arsa an chuid eile. “Céard a dhéanfas muid, chor ar bith?” “Cé'n chaoi is fearr leis an lá a chaitheamh?” arsa gach duine leis an gceann eile. “Dheamhan baoghal orainn a dhul abhaile, ar chuma 'r bith, ó gheall Dia an lá 'n-a shaoire dhúinn,” arsa Ball Dearg. “Abhaile! Mh'anam gur fada uainn é. Ó tá sé 'n-a lá againn, bíodh sé 'n-a lá,” arsa Seaghán Ó Caidhin. “B'fhearr dhúinn an lá a chaitheamh ag cleasaidheacht 'sna guirt, agus bollógaí breagha a cheannacht 'sna siopaí, agus toghadh féasta a bheith againn i dteannta chéile,” arsa Colm Thomáis. “Dheamhan locht ar bith air,” arsa Séamus Óg. “Ní baoghal nach mbeidh lá sultmhar sólásach againn go tráthnóna. An bhfuil sibh-se sásta, a mhuinntir Chor na Rón?” “Mh'anam go bhfuil — d'éireóchadh dhúinn,” arsa Stiopháinín. “Anois bíodh lá eicínt eile ag na guirt agus na bollógaí,” arsa Tomáisín. “B'fhearr dhúinn go mór
fada a dhul síos go dtí sgoil na gCartúr, agus an áit d' fheiceál, agus freisin go bhfeicfimid an bhfuil mac máthar ann atá dána go leór ar aon mhí-mheas nó masladh a thabhairt dúinne ó Pharáiste an Chnuic. Tá chomh maith le fiche duine againn ann, agus, dar fiadh, ba cheart go mbéadh muid i n-an cur chuca má theanann orainn!” Duine achrannach sgléipeach a bhí ann, agus bhí an cathughadh biorach air le neart ceann-dánacht' agus fuinn troda. Ní rabhadar ag réidhteach le chéile. Ní raibh an feigheall ar aon inntinn. Bhí cuid acab ag a iarraidh na guirt a thabhairt ortha féin, agus tuilleadh a mb'fhearr leób a dhul go dtí sgoil na gCartúr, agus mar sin d'éirigh caismirt fhada eatortha. 'Sa deireadh caitheadh ar croinnte cá rachadh, agus thárla go raibh an chuid ba mhó ar aon inntinn le Tomáisín, agus mar sin bhí ar an gcuid eile a bheith sásta le lasgadh siar go dtí na Cartúir. Nuair bhíodar ag stócáil ag imtheacht ó'n Sruthán Buidhe, ní rabhas féin sásta ar a dhul leób, chor ar bith. Bhí cuid acab ag a rádh mé fhágáil mar bhíos, agus gan bacadh liom — go mbadh chuma ann nó as mé acht, mhaisge, dubhairt Seaghán dá bhfágthaoi 'n-a ndiaidh mé go mbéadh sé contabhairteach aige féin a dhul acht an oiread, mar go rachainn abhaile agus go n-innseochainn go cinnte cá raibh sé imthighthe, agus go mbéadh a phasóid ullmhuighthe 'n-a chomhair, agus a ghléasadh le fágháil aige ar a theacht ar ais dó. Ceapadh go raibh an ceart aige, agus mheasadar go rabhas chomh hóg agus chomh díthchéillidhe 's go n-innseochainn ortha é dá dtéighinn a bhaile, agus mar sin tosuigheadh ag bladaireacht liom, ag a iarraidh mo mhealladh siar i n-aoinfheacht leób. Gealladh 'ch uile rud dom dhá dtéighinn i n-aondigh leób, agus go ndéanfaidhe gach rud ní ba mheasa ná chéile liom dhá loicinn. Mar sin 'sa deireadh dubhras go rabhas sásta, agus go rachainn leób. Bhíodar sásta go leór annsin, agus maidir le buillí ar an druim is mé a fuair iad
le neart a gcuid áthais ag mé a bheith ag teacht leób, agus chloisfeá Tomáisín agus na buachaillí eile ag a rádh:— “Sin é an buachaill agaibh!” “Bhí fhios againne go ndéanfadh sé é!” “Ba dhual dhearbhráthar dhuit gan cliseadh,” agus go leór briathra moltach nó plámásach eile mar sin. Casadh tuilleadh buachaillí linn ar an mbealach siar dhúinn, agus bhuaileamar bleid ortha, ag a dhearbhughadh go raibh an máighistir sguabtha uainn, nó gur iom- puigheadar siar i n-aoinfheacht linn. Maidir le glaodhach agus béiceadh, torann agus fothrom, siosga agus caismirt, suairceas agus greann is againn a bhíodar ag lasgadh siar 'sna fásgaíbh, agus ag mealladh gach sgoláire d'ár casadh dhúinn, gur shroicheamar na Cartúir. Bhuaileamar isteach go neamh-spleadhach 'san sgoil — os cionn deich nduine fichead againn agus, 'ar ndóigh, ní raibh buachaill ná cailín san sgoil gan dearcadh orainn, agus lán na súl a bhaint asainn ar a theacht isteach dhúinn i ndiaidh a chéile ó dhuine go duine. 'Sé an chéad rud a ndearnas féin iongnadh dhe, triúr máighistreásaí ag múnadh stócachaí de bhuachaillí i bhfad ní b'airde ná iad féin, agus cheapamar go léir go mba hí an sgoil ba dheise í dá bhféadfaidhe 'fhágháil ag na cailíní is na buachaillí a bheith ag fágháil a gcuid oideachais i dteannta chéile. Ní bhídís i n-aoinfheacht ar feadh “leath-uair an ghrinn” féin san sgoil a d'fhágamar, rud a ghoilleadh go mór ortha ar fud fad a chéile. D'fhiafruigh an mháighistreás dínn cé'n fáth ar tháiniceamar, agus d'innsigheamar dhi, & gheallamar go rabhamar le teacht go dtí n-a sgoil sise uaidh sin amach. Dar fiadh, ba chosamhail go raibh sí glionndarach chomh fada le mo chuimhne, mar ní'l duine againn nár cuireadh a ainm síos ar áit na mbonn san “leabhar mór,” agus rinne an mháighistreás óráidín ghearr ag fáiltiughadh romhainn, agus ag moladh na mbuachaillí a bhí le teacht chuice uaidh sin amach,
agus d'innis sí do na sgoláirí cé'n bród a bhí uirthi ag a fheabhas is bhéadh an sgoil méaduighthe, & clú na sgoile árduighthe ag an bhfuirinn bhreágh a bhí le teacht ó'n gCnoc. Cuireadh gach duine againn annsin 'n-a bhuidhin féin, agus nach maith is cuimhneach liom an chéad cheacht i Long Division a múineadh dhom an lá úd. Chaitheamhar an lá ciúin, réidh, socair go leór nó go dtáinic “leath-uair an ghrinn” 'sa meadhon-lae, nuair a sgaoileadh amach ar an mbóthar sinn le dul ag cleasaidheacht agus ag déanamh grinn. 'Sé an cleas a bhíodh go gnáthach ag buachaillí na gCartúr — ag imirt chnaipí, agus an lá seo tosuigheann siad féin agus buachaillí an Chnuic ag imirt le chéile. Ní minic a thagadh an tsíothcháin asta, mar chnaipí, acht, a dhearbhráthair mo chroidhe thú, ba ghearr ag imirt iad nó go raibh sé i n'achrann dhearg eatortha. A leitheid de ghléasadh agus de phlaidhbeadh níor facthas 'sna Cartúr cheana ó cuireadh sgoil ar bun ann, agus bhí an lá úd! Bhí “fuil ar smuit' agus mailí gearrtha,” gan amhras, acht cé gur chabhruigh cliobairí móra as na bailte leób, ba ag buachaillí na háite bhí an chuid ba mheasa de'n sgéal. Thar éis an greadadh agus an smíochadh a bheith críochnuighthe, agus na laochra go léir tuirseach tnáite, lasgamar linn a bhaile ag gealladh do na buachaillí eile go mbéadh a bpasóid gléasta n-a gcomhair chomh luath i nÉirinn is gheobhthaidhe greim ortha chomh fada soir leis an Tulaigh Ruaidh, mar gheall ar an bhfuar-cháirdeas a chaitheadar linn, agus bhaineamar as sna fásgaíbh soir an bóthar, agus cnámha leónta, mailí dubha, agus súile daithte ag ár mbúnaite le tabhairt linn abhaile. Bhí fios maith againn go mbéadh sgéala acab air 'sa mbaile romhainn, agus céard a dhéanfadh na buachaillí acht a shocrughadh gan a dhul abhaile chor ar bith an tráthnóna sin! D'éaluigh cuid acab mar sin féin, agus thug an baile ortha féin, acht cá bhfanfadh tuilleadh againn acht go sámh 'nár gcodladh istigh i sgioból thuas ar áiléar a bhí líonta le tuighe ar feadh na hoidhche; mar bhí sgéala fáighte acab sa mbaile ar an gcleas
a rinneadar, agus ó bhí a fhios againn go mbéadh an “fhearg mhór” go cinnte ortha, socruigheadh go mb'fhearr fanacht uatha go maidin go bhfuairigheadh sí roinnt. Acht 'ar ndóigh téigheadh ar ár dtóir, agus fuair muinntir an bhaile a bhí 'ghár dtóruidheacht sgéala ó bhuachaill eicínt a d'éaluigh uainn cá rabhamar, agus rugthas orainn 'n-ár suan réidh go leór. Ní misde a rádh gur íocamar go géar nuair a frítheadh sa mbaile sinn, agus gur leagadh an “tslaitín ghéar” orainn go maith. Tugadh soir go dtí an sgoil sinn an mhaidin sin go dtí an máighistir bocht a raibh cuthach agus tadhad an tsaoghail air, gan trácht ar náire, ag an gcleas a himrigheadh air, agus an chaoi ar himthigheadh uaidh, go dtí sgoil eile. Ní bréag a rádh gur thuilleamar uaidh an íocaidheacht ghlan a thug sé dhúinn le ordughadh ó n-ár muinntir, mar máighistir ní b'fhearr, ná ní ba lághaighe linn ná é roimhe sin ba dheacair fhágháil. Thug sé bualadh agus greadadh breagh dhúinn, & fuair Tomáisín “dualgas an tslisne” ar fad uaidh, mar ba in aon úim amháin a chuaidh sé soir an mhaidin roimhe sin go dtí an sgoil le teacht ar ais le bacadh a chur ar gach duine d'á raibh ag teacht chun na sgoile, mar bhí an mío-ádh mór air le baill-séire, agus ní bhíodh uaidh i gcomhnuidhe acht bail-amhair a dhéanamh de gach duine. Maidir leis an sgéal a craobh- sgaoileadh i dtaoibh an mháighisteára bhoicht, ní raibh ann acht bun-sgéal a chuir Tomáisín agus buachaillí gleacaidhthe eile an Locháin i dtoll a chéile roimh ré, ionnus go bhféadfadh siad an mac seo agus muinntir Chor na Rón a mhealladh. Rinneadar é go paiteanta an lá úd; acht ní raibh ann acht ceann de na cleasannaibh agus na h-imeartais a n'imrigheadar orainn ar feadh na mbliadhanta a chaitheamar ag dul ar sgoil i dteannta chéile. “Cois-Fhairrge.”
Seilg na Meadhon Oidhche. Bhí sgata buachaillí ag faire ar dhoras oidhche bhreagh gheal ghealaighe san áirneán ar mhullach Thulcha, le súil is go n-osglóchaidhe é, go dtéighidís isteach ar cuairt. Tugadh faoi deara istigh go raibh an feigheall ag faire, agus cuireadh maidí éamuinn leis an doras, agus cuireadh bolta agus ath-bholta air, ionnus nach mbéadh dul isteach acab. Ba han-sgéalaidhe ar fad fear an tighe, agus bhí cuimse sean-sgéalta aige. Bhíodh na buachaillí ag bailiughadh ag éisteacht leis, acht bhí an iomarca de chroidheamhlacht agus de mheidhir na hóige acab, 's nach mbídís i n-an aon chluais a rath a thabhairt dó. Bhí sé oidhche ag innseacht dóibh i dtaoibh na “seólta móra bocóideacha, bacóideacha,” agus i dtaoibh Chéadtaigh, “a bhuail cic ar a luing a chuir seacht gcéad déag léig i bhfairrge í,” nuair a sgairt na buachaillí ag gáiridhe, nó go sílfeá go bpléasgfaidís leis an bhfalrach tháinic ortha. “Mo chroiceann-sa ná raibh ag an diabhal mara'r dhalbaidhe an chic í,” arsa feithideach an-bheag feósuighthe sa gclúid. Chuir seo i n-arainneacha ar fad iad, nó gur sgannruigheadar an capall a bhí ceangailte de'n doras, agus gur chuireadar ag cuachaighil í agus ag réabadh ar fud an tighe, sa deireadh. Ó'n oidhche sin bhí ortha ar chroiceann a gcluas an teach a sheachaint, acht mar sin féin bhí an dúil nimhe acab 'san ngreann, agus dheamhan mé mar ar mhian leób a dhul isteach an oidhche seo dá mb'fhéidir é, ar chor ar bith. Sin é an fáth a rabhadar anois bailighthe os comhair an dorais, ag siosgadh agus ag caismirt le chéile céard a b'fheárr dhóibh a dhéanamh. “Innseóchad-sa dhíbh céard a b'fhearr dhíbh a dhéanamh,” arsa duine. “Buailtear cúpla pléisg mhaith ar an doras, agus rachad i mbannaí go n-osglóchar é,”
“Déantar ann,” arsa tuilleadh. Is gearr go raibh cárnán cloch bailighthe acab le caitheadh. “Má rinne sibh leimhéaracht ariamh déanaidh anois é, a ghasúra,” arsa Pádhraic, “agus caithtear i n-aoin- fheacht, agus feicfidh sibh go músglóchar iad as an soirm sámh 'na bhfuil siad istigh.” “An gcaithfir féin, a Phádhraic?” arsa cuid acab. “Mh'anam go gcaithfead” arsa Pádhraic. “Abair ‘dar an ladhairicín bheannuighthe, chéasta,’” arsa ceann eile. “Dar an ladhairicín bheannuighthe, chéasta” arsa Pádhraic. Bhíodar sásta annsin; agus caitheadh múr cloch a bhainfeadh teine ghealáin as an doras dá mb'fhéidir é. I gceann trí meandar bhí fear an tighe amuigh 'na mhaoil le cuthach agus báine — nídh nár bh'iongnadh. Thosuigh sé ag tóraidheacht, acht ní raibh duine le fágháil aige mar bhíodar go léir sgaipthe. Chrom sé agus thosuigh air ag tógáil cloch go raibh lán a ghabhála aige. Rith leis annsin, agus d'áitigh air ag cuartughadh, agus cé bhéadh aige sáinnighthe istigh sa gclais ghainimh i bhfalach acht Pádhraic. Ar an bpointe 's ar aithnigh Pádhraic gurbh' é Tomás a bhí faoi chuthach ag déanamh air phléasg sé amach, agus lasg leis chomh tréan i nÉirinn 's b'fhéidir leis é, agus seo Tomás 'n-a dhiaidh, ag cur cloch ag feadghail thar a mhullach. Sguir ná stad níor bhain dóibh gur shroicheadar an “Aill Bhuidhe.” Go mío-fhortúnach bhí na clocha fré chéile caithte le Pádhraic ag Tomás annsin, agus b'éigin dó tosuighe ag cruinniughadh gabhála eile; acht a mhaisge, níor le Pádhraic do b' fhaillighe é. Cromann air, agus líonann sean-hata mór a bhí air go béal le clocha, agus seo i ndiaidh Thomáis é, sul mar d'airigh sé é, agus tosuigheann ag cur múr cloch amach thar a mhullach. B'éigin do Thomás baint as ins na fásgaíbh le n'anam a shábháil, agus Pádhraic agus 'ch aon fhuaim aige d'á baint as na claidheachaibh le gach fearnóig dá gcaitheadh le Tomás nó gur chuir sé isteach é fá dheireadh ar leic an teallaigh.
Ar maidin lá'r n-a bháireach bhí Pádhraic ag teacht anoir go mín, réidh, socair ag iarraidh feánach uisge ag an tobar, agus cé casfaidhe dhó acht Tomás. “Ó, a Phádhraic, ar airigh sibh-se tada de'n triopáil a bhí annseo aréir? Is beag nár donuigheadh mé ag na hamhuis bhradacha a bhí ag caitheamh le mo dhoras.” “Muise, ní ag mugadh magadh atá tú, a Thomáis!” arsa Pádhraic. “Mh'anam gur airigh mé plód buachaillí ag rith soir an bóthar go deifreach aréir, mar bhéadh domáiste eicínt déanta acab. “Ó, ní fiú biorán a ndeárnadar sin,” arsa Tomás, “acht bhí fear mór árd ann go díreach do mhac-samhail féin, agus is beag nár bhasg sé mé!” Ní raibh cuimhniughadh ar bith ag Tomás go mba hé Pádhraic féin a bhí ghá sheilg ar feadh na hoidhche. Cois-fhairrge.
Sgéala 'n Domhan Thoir. (Litreacha do sgríobh Mícheál Breathnach, ó Lonndain, go dtí an Claidheamh Soluis.) An Seambairléanach. Tá an sean-tSeambairléanach — fear dhéanta an áir — ag déanamh abhaile ó'n Aifric Theas. D'iarr sé ceisteanna móra a réidhtiughadh san tír úd. Réidh- tigheadh sé ceisteanna, acht ní mhúchfaidh sé go bráth, agus ní choisgfidh sé an fhíor-sprid dhúthchasach i muinntir na haite úd. Is deacair a chreideamhaint go nglacfaidh dream cródha calma mar na Búraigh leis an sglábhuidh- eacht ná leis an truailleachas, ná go mbéidh siad sásta le luighe faoi chuing & géar-bhruid na Sasanach go deó na ndeór Leabhar mná De La Réidh. Tá leabhar cumasach taithneamhach thar éis a chló- bhuailte i Lonndain a sgríobh bain-chéile an taoisigh chródha, De La Réidh .i. Búrach fíreamhail neamh-eaglach. Bheireann sé cunntas cruinn fíor-thaithneamhach i dtaoibh gach a mb'éigin di fhulaing leis ar feadh an chogaidh; i dtaoibh na n-aistear bhfada a b'éigin di a thabhairt thrí na sléibhte & na cnuic mhóra gharbha. Tráchtann sí ar an gcaoi a mbíodh na Búraigh calma curtha fútha i n-uaigneas na ngleannta nó ar bhruach na n-abhann ó oidhche go maidin amuigh ar an gcúl-shráid san iar-gcúltacht ag ceapadh slighthe & ag cur comhairle i dteannta a chéile céard a b'fhearr a dhéanamh leis an sgriosadóir a smíochadh & le n-a ruaigeadh amach as a dtír dhúthchais.
Mo ghroidhin chroidhe thú, a bhean uasal thréanmhar! Ba hé do ghuidhe gach oidhche & do phaidir gach maidin na Búraigh a bheith buadhach, an báire a bheith leób sa deireadh, do thír dhúthchais a bheith saor ó shlabhraibh na nGall, & an t-eachtrannach mío-thrócaireach neamh-chríost- amhail a fheiceál ruaigthe go bráth amach as do thír! Is dílis mar d'oibrigh tú & is tír-ghrádhach mar chruthuigh tú go raibh do chroidhe & d'intinn fighte fuaighte le cúis do thíre. Is onórach áluinn an sompla a thaisbeáin tú & is dúthrachtach féidhmeach mar chuidighis leis an muinntir fhearamhail líomhtha a sheas go dána docht ar son saoirseachta a dtíre agus a dteangadh agus a sleachta! Fleadh na bhFeisirí i Lonndain. Bhí cruinniughadh mór d'ár bhfeisirí ag fleidh i gceann de na hallaí is mó i Lonndain oidhche Fhéile Pádraic. Léighmid go raibh an áit ag cur thar maoil le daoine. Bhí Seaghán Réamonn sa gcathaoir & mar is gnáthach leis thug sé cómhrádh cumasach uaidh ag cur os comhair na ndaoine cé'n stáid 'n-ar mhian le gach fíor- Ghaedheal a raibh an croidhe agus an t-anam 'san áit chirt ann, ár dtírín dúthchais a bheith. Dhearc agus sgrúd sé go cruinn an chaoi atá ar an tír fá láthair. Dubhairt sé go raibh sa' deireadh ár dtírín dil ag biorrughadh suas go cumasach thar éis na mbliadhanta bhfada fá throm-shuan agus fá neamh-shuim, go raibh sí músgluighthe ó thaobh go taobh, agus a clann ag oibriughadh go dúthrachtach le gach ar bhain le fíor- náisiúntacht na tíre a chur ar aghaidh. Thug sé árd-mholadh do Chonnradh na Gaedhilge, agus dubhairt gur thuill sé meas, cabhair & cuidiughadh gach Éireannaigh; mar an gcéadna chuir sé os a gcomhair an chaoi a raibh déantúsaí na hÉireann ag dul ar aghaidh go hiongantach, agus ag breith greime níos láidre, mar Chonnradh na Gaedhilge, ar intinn agus ar aigne na nGaedeal gach lá.
An Seambairléanach. Cuireadh cuimse neithe 'n-a gcír thuathbhaill an fhad 's bhí an Seambairléanach san Aifric. Tháinic sé a bhaile an lá cheana, agus de réir gach deallraimh agus gach tuairisge níor éirigh a thuras leis, agus níor bh'fhéidir leis an socrughadh a shásochadh na bitheamhnaigh ag baile a dhéanamh mar nach nglacfadh na Búraigh leis, agus is soiléir go bhfuil an fuath agus an dearg-ghráin ar an Sasanach chomh láidir agus chomh doimhin i gcroidhthibh na mBúrach ar an uair seo do ló & bhí aon uair ó'n gcéad lá riamh ar chuir an sgriosadóir sanntach dúil 'n-a gcuid óir & a gcuid talamhna. Ceist na Talamhna. Lonndain, Márta 28. Cé nach bhfuil fós staidéar cruinn ná machtnamh doimhin déanta ag furmhór na ndaoine ar an socrughadh ar cheist na talamhna a cuireadh os comhair Thighe na Féise seachtmhain go Céadaoin seo caithte, is follasach as sgrúdughadh dhá laghad, gur mór go léir an biseach é ar aon tsocrughadh dá ndearnadh go dtí seo. Taisbeánann sé go soiléir go bhfuil an Riaghaltas chomh mí-shuaimhneach & chomh fonnmhar ar shíothcháin & ar shástaidheacht a tharraingt i nÉirinn agus d'fhéadfaidhe a chreideamhaint. 'Sé seo anois socrughadh an t-aon 's dá fhichid a rinneadh, agus a chruthuigh fabhtach & neamh- fhéidhmeach le tunóntaí na hÉireann a shásughadh, agus, cé nach bhfuil glactha leis fós, ná é 'n-a dhligheadh, tá dóchas láidir, le beagán beag athruighthe a bhfuil súil go ndéanfaidh Bhuindam ann amach annseo, go gcruthóchaidh sé sásamhail do thunóntaí na hÉireann fré chéile, agus go dtiocfaidh ciúineas & síothcháin, sástaidheacht & suaimhneas as nach bhfuil cleachtadh ortha 'n-ár dtír le os cionn céad bliadhain.
Is iongantach de'n tsaoghal an tsuim a cuireadh 'san gceist seo le fada. Ní raibh a leitheid de chruinniughadh i dTeach na Féise le deich mbliadhna. Bhí an seomra mór brúighte dingthe i n-íochtar 's i n-uachtar le daoinibh. Nach deacair a rádh nárbh' imnidheach a bhí beirt d'Fheisiribh na hÉireann a bhuail isteach agus a thóig seilbh a suidheachán ar uair mharbhtha na hoidhche roimhe ar fhaitchíos nach mbéadh breith acab ortha! Tháinic an leomhan neamh-eaglach grinn lán-smaointeach, Mícheál Mac Dáibhí anall ó Éirinn i n-aon turas le bheith i láthair. Má tá aon fhear a rinne cion fir le leasughadh a chur ar an gcuma mhí-ádhmharaigh 'n-a raibh na tunóntaí bochta dhá dtreasgairt & dhá gciapadh fá chuing na dtighearnaí, & a d'oibrigh go dána fíreamhail teann ar son lucht shaothruighthe na talamhna tá os cionn fiche bliadhain ó shoin ann, is é Mícheál Mac Dáibhí é. Ó chuir sé suas d'á bheith 'n-a Fheisire, tá cúpla bliadhain ó shoin ann, ní thug sé aon turas ar Mhainistir Thiar go dtí seo. Is minic a cloiseadh fuaim a ghlóir go bríoghmhar teann 'san árus mór céadna bliadhanta ó shoin ag seasamh ar son daoine bocht na hÉireann, & ag díbliughadh ar an dream & ar an dligheadh a bhí ghá bhfágáil bánuighthe; acht anois bhí sé i measg na gcuartóirí ag éisteacht go dlúth & go haireach leis an óráid a bhí ag míniughadh na slighe leasuighthe & feabhsuighthe ar cheist na talamhna — ceist ar chuir sé lúthad na ngéag, spreacamh na gcnámh, & éirim an chinn ag oibriughadh gan staonadh ar a son ar feadh bliadhanta mór fada. Ar feadh uaire go leith an chluig chaith Bhuindam ag trácht i dtaoibh na ceiste, ag a mhíniughadh céard a bhí fá'n Riaghaltas a dhéanamh le sgur de'n achrann agus de'n chreachadh, & le deis a thabhairt do thunóntaí na hÉireann ar a bheith 'n-a máighistrí neamh-spleádhacha ar a dtalta féin thar éis suime achair. Chuir sé os a gcomhair cé'n mhí-shástaidheacht a bhí i nÉirinn le bliadhantaibh, cé an tsíor-throid & donas a thárla de cheal gan socrughadh sásamhail a bheith déanta. Bhí an dligheadh dhá oibriughadh go láidir mí-thruaigheach
i n-aghaidh na ndaoine a bhí ag cur a gcos i dtalamh, agus ag seasamh go docht i n'aghaidh, mar gheall ar an gcaoi a raibh an cheist fágtha i n-aimhreas gan réidhtiughadh. D'fhág na céadta agus na mílte an tír de cheal saothruighthe & d'imigh leób anonn thar mhuir mhóir na dtonn le n-a gcnámha a oibriughadh go cruaidh ar son tíortha coimhthigheach & ag fágáil a dtíre dúthchais go tnáithte ciaptha n-a ndiaidh. Tharraing an mí- shuaimhneas na mílte constábla isteach 'sa tír le bheith ag imtheacht n-a sguaidiríníbh i n-ainm 's bheith ag smachtughadh an dreama mhí-shásta a bhí ag bagairt seo 's siúd a dhéanamh nó go bhfághaidís a gceart; agus airgead na ndaoine bocht ghá gcothughadh. Má thagann an tsíothcháin laghdóchar na constáblaí seo go mór, agus ní bhéidh, 'ár ndóigh, an t-airgead ag imtheacht ortha mar tá le fada. Tá fá'n Riaghaltas sa' deireadh cuidiughadh le saothrughadh na talamhna, agus leis sin tá dóchas go ndéanfar cosgadh mór ar an imtheacht as an tír, & le súil 's go mbéithí i n-an sin a dhéanamh & go ruaigfidhe an droch-mhisneach & an mhí-mhuinighin atá le fada ag ruaigeadh na ndaoine chuireadar socrughadh i dtoll a chéile le n-a bhféadfadh na tighearnaí agus na tunóntaí réidhtiughadh eatortha féin. Shocruigheadar dhá mhilliún déag punnt a bhronnadh, agus iasacht airgid mar an gcéadna a thabhairt uatha le n-a bhféadfaidhe a bhfuil de thalamh le díol a bheith ceannuighthe ag na tunóntaí i rith cúig mbliadhan déag, nó mar sin, agus béidh hocht mbliadhna 'gus trí fichid beagnach caithte sul mar bhéas ialach an t-airgead go léir a bhéith íoctha ar ais. Má thárluigheann nach mbéidh an tighearna & na tunóntaí i n-an a theacht le chéile 'sa socrughadh tiocfaidh triúr measadóirí atá ceaptha ag an riaghaltas le luach a cheapadh do'n talamh acht nach féidir leób aon tsocrughadh a dhéanamh gan trí ceathramhna na dtunóntaí ar an dúthaigh a bheith sásta le n-a mbreith- eamhnas. Tá ár bhFeisirí as Éirinn le bailiughadh i dteannta a chéile i mBaile Átha Cliath 'san Aibreán anois leis an socrughadh seo a sgrúdughadh go grinn
& go cúramach thríd síos & thríd suas & le comhairle a chur i dtoll a chéile 'n-a thaobh, agus ní bhéidh fios go dtí sin an mbéidh muinntir na hÉireann i gcoitcheann sásta leis. Badh cheart ar chuma 'r bith gan glacadh le hochtmhadh cuid an chíosa a bheith dhá íoc go bráth ag na tunóntaí thar éis an ama — de réir an tsocruighthe — a mbéadh an talamh glan acab. Tá sé sin sa socrughadh .i. thar éis gach lasgaine, & thar éis an tsuim aimsire a bheith caithte 'n-a gcaithfidh an t-airgead a bheith íoctha ar ais, nach mbéidh 'n-a dhiaidh sin an talamh saor, mar leanfar de hochtmhadh cuid an chíosa a bhaint amach air go síorruidhe. Badh cheart seasamh go daingean láidir i n'aghaidh sin. Tá fáth ag an riagh- haltas leis sin, acht badh cheart a thaisbeánadh dhóibh go gcaithfidh siad é a bhaint as an socrughadh, & an t-airgead a theasdóchas a fhágháil ar chaoi eícint eile seachas mar tá fútha a dhéanamh. Caithfidh Clanna Gaedheal a bheith 'n-a sealbhadóirí ar a dtalta féin & iad a bheith saor ó chíos & ó cháin acab sa' deireadh! Má leasuighthear beagán an socrughadh is mór an gar do Chlanna Gaedheal é; cé, mo bhrón! nach ndéanfaidh sé go haibéil sonasach séanmhar ár dtír dhúthchais arís. Nuair a smaoinigheas sinn gur fhág dhá fhichid míle duine, idir an chúig déag & chúig déag 's fiche d'aois, ár dtír i rith na bliadhna atá caithte, nach bhfuil sé i n-an crádh & dólás a chur ar chroidhe an Ghaedhil is aoibhnighe & is meidhrighe! Is deacair a rádh cé mhéad acab seo a bhéadh deagh-shocrughadh na talamhna i n-an a choinneáil 'sa mbaile. Tá faitchíos orm nach uimhir ró- mhór é. Tá an talamh 'n-a fhásach thart timcheall na tíre ag cothughadh eallaigh do'n té atá, b'fhéidir, ró-neamh-shuimeamhail, nó ró-leisgeamhail le n-a shaoth- rughadh, agus tunóntaí bochta dhá gciapadh ar gach taobh dhe, b'fhéidir, ag a iarraidh greim a mbéil a bhaint as talamh clochach garbh, nó as muing shléibhe nach gcuirfidhe gabhar dá chothughadh air i n-áiteachaíbh eile. Roinntear amach na réimsí breagha leathana féaracha seo idir na tunóntaí bochta, & bíodh againn comhluadar socruighthe
síos ortha go sásta socamhlach, agus bíodh gleó na bpáistí le cloisint againn ortha i leabaidh géimneach an eallaigh amach annseo. Go dtí sin béidh go leór tunóntaí go suarach ag síor-chiapadh leis an saoghal. Tá ár bhFeisirí go léir beagnach glanta leób as Lonndain abhaile anois, le gan filleadh go dtí thar éis na Cásga, & go mbéidh socrughadh eicínt déanta ar cheist na talamhna acab thar éis machtnughadh doimhin agus féachaint ghrinn fhad-bhreathnuightheach a dhéanamh uirthi i mBaile Átha Cliath an mhí seo. D'fhág Seaghán Réamonn Lonndain 'san oidhche Diardaoin, & tá ghá chur féin faoi réir i gcomhair an Choiste & na ceiste móire atá ortha a shocrughadh .i. an bhfuil ortha glacadh leis an socrughadh atá ceaptha dhi & atá cinnte gan cruthughadh sásamhail ar gach bealach dhá bhfuil ó'n tunónta faoi láthair; nó feabhsughadh & leasughadh a chur air, rud a bhaint as annseo & chur leis annsiúd, nó go gceapfar go mbéidh sé acab sa deireadh gan easbaidh gan marach, & gach a mbéidh ann tuigthe i gceart ag muinntir na tíre. Annsinn béidh ortha a thabhairt os comhair na Féise an dara huair leis an athrughadh & an mbiseach a bhéas curtha acab air, & annsin ní baoghal nach dtreabhfar arís é, thríd síos agus thríd suas, i measg sluagh mór na gcarad & na námhad. Thar éis na díospóireachta atá le bheith ann an dara huair thar éis na Cásga, béimid eólasach go maith ar céard atá le tárlughadh. Deirthear gur dhubhairt cuid de na Féisirí atá ar thaoibh an Riaghaltais go bhfuil rún acab cur i n'aghaidh nuair thiocfas sé ós a gcomhair an dara huair. Tá trácht go bhfuil fá'n Riaghaltas gar do dhá chéad míle a thabhairt uaidhe d'Éirinn gach bliadhain as an airgead atá curtha i leath-taobh le haghaidh neithe áirithe 'san Raghaltas ó cuireadh i bhfeidhm an dligheadh a ceapadh 'san bhFéis i dtaoibh an oideachais le goirid. Tá a cuid féin de'n airgead seo a ceapadh le
hócáide 'san bhFéis ag dul go dlisteannach d'Éirinn, & is mian le Bhuindam a dhícheall a dhéanamh le n-a fhágháil di le cuidiughadh le saotharacht & le déantúsaí innti, agus le bóithre iarainn agus bealaigh a dhéanamh níos fearr. Béithear ag trácht i dtaoibh na ceiste seo thar-éis na Cásga freisin, & béidh tuilleadh le rádh 'n-a taobh amach annseo. Ceist na Talmhan — lochta san mbille. Mar ceapadh, frítheadh a lán lochta agus easbaidh i mBille na talmhan ó tosuigheadh ar a sgrúdughadh. Ó cuireadh os comhair an tsluaigh é tá cuimse cainnte d'á déanamh 'na thaoibh, agus tá réimsí agus cornaí páipéir dá n-ídiughadh ag taisbeánadh a chuid lochta, & an leasughadh badh chóir a dhéanamh ortha. Ní iongantas nach dtagann go leór dhíobh seo atá dh'á sgrúdughadh le chéile san mbaramhail atá siad a thabhairt i dtaoibh rudaí áirithe atá san socrughadh mar cuireadh os a gcomhair ó'n bhFeis é, agus ní cosamhail go bhfuil sé éasgaidh leasughadh nó athrughadh a chur air a shásóchas na tunóntaí i gcoitcheann, mar an rud d'fheilfeadh i gceanntar nó i ndúthaigh, ní móide go mbéadh glacadh ar bith leis ag tunóntaí i n-áiteacha eile ar fud na tíre. Tá furmhór na ndaoine ghá dheimhniughadh go bhfuil an iomarca dh'á thabhairt do na tighearnaíbh faoi dheireadh thiar thall thar éis na mbliadhanta mór fada a caitheadh ag a iarraidh a bheith ag fulaingt le treasgairt agus spídiúlacht uatha. Tá tuilleadh ag a rádh go fírinneach, agus ag a chruthughadh gan duadh, gur ab iad na tighearnaí talmhan a gheobhfas an bhuntáiste is mó as an airgead seo atá i n-ainm 's a bheith dh'á bhronnadh ar na tunóntaíbh, agus go bhfuil luach áidhbhéil ceaptha dhóibh ar an talamh — luach nach fiú é, & nár chóir go mbéadh súil go dtiubhradh na tunóntaí air. Fáightear locht ar an mBille mar nach dtugann sé aon deis mar badh cheart do na tunóntaíbh bochta a caitheadh amach as a gcuid gabhaltas le cúig bliadhna fichead leis an talamh d'fhágháil ar ais arís 'na seilbh
féin an lá gur shaothruigheadar é go tíoghmhasach, & gur chailleadar é go neamh-dhlisteannach. Mar an gcéadna cáintear & lochtuightear go géar gan an bille ag déanamh i bhfad níos mó do “lucht na hoibre,” a bhíos ag saothrughadh na talmhan ar a bpáidhe agus gan deis a thabhairt le n-a gcuirfidhe talamh feileamhnach atá gan tunónta ar bith, acht in a fhásach, 'na seilbh, ar a bhféadfaidís maireachtáil i bhfad níos socamhlaighe ná mar atá siad. Níl an bille sásamhail de cheal gan socrughadh a bheith ann le n-a mbéadh sé furasta ag tunóntaibh bochta i gConnachtaibh, & i n-áiteachaibh eile na talta míne féaracha nach bhfuil ag cothughadh éinne, a cur na seilbh ionnus go mbainfidís greim a mbéil amach — rud atá i ngar d'á bheith ag cinneamhaint ar go leór aca de cheal a sáith talmhan. Go cinnte tá deis tugtha le n-a bhféadfaidhe beagán méaduighthe a chur ar ghabhaltaisibh i gceanntaraibh mar iarthar na hÉireann nach bhfuil acht fíor-dhroch-thalamh ionnta, agus 'na bhfuil Gaedhil bhochta go fairsing (slán beó go rabhaid!) acht níl aon deis éifeachtach tugtha a chuirfeas na reimsí leathana féaracha thart timcheall ortha 'na seilbh. 'Sé seo a theastuigheas. Ní hiongnadh go bhfuil na Gaedhil ag imtheacht go cráidhte dubhach as na ceanntaraibh úd i gcoigcríocht. Níl, fairíor! tada le n-a n-aghaidh ag baile go minic acht an ganntanas. Nuair a sgoiltear an gabhaltas, nó an leath-ghabhaltas (rud a ghníthear go han-mhinic) agus gheibheas duine de'n chlainn mhac a leath, is ionduail gur beó bocht mar chaitheas sé é féin agus a mhuirghin a chothughadh, ag a iarraidh a bheith ag saothrughadh & ag baint brabaigh as na leacracha glasa, nó as an gcriarach fiadháin i rith a shaoghail dóibh. An iongnadh nuair atá deagh-thalamh mín cothrom os comhair na n-óig-fhear líomhtha sgolbánta 'sna ceanntaraibh úd, & nach féidir leób amháin smaoineadh ar dhrannadh leób, go ngoilleann an droch-mheisneach agus an mhí-mhuinghin ortha de cheal gan feiceál a bheith acab ar rud ar bith le n-a n-aghaidh, & go n-ullmhuighid le lasgadh leób ó n-a ndáimh & a ngaolta chun na Stát Aontuighthe? Go
mbídh i bhfad níos mó talmhan le roinnt caithfidh siad a bheith ag ciapadh leis an saoghal, & fairíor! caithfidh na daoine óga a bheith ghá bhfágáil. Tá beag nach gach duine d'á gcuireann a smaointe & a bharamhail os comhair an tsluaigh ghá lochtughadh go láidir ochtmhadh cuid an chíosa a bheith le híoc leis an riaghaltas go bráth thar éis na hocht mbliadhna 's trí fichid go leith, a chríochnóchas an téarma, a bheith caithte. Tá daoine ag a rádh má ghníthear dligheadh dhe seo go réabfar & go ruaigfear an mhuinghin agus an tsúil chráidhte a bhí le geinéala an talamh a bheith saor ag Clannaibh Gaedheal 'sa deireadh. Ceapann daoine go mb'fhearr an Gaedheal a fhágáil mar atá sé ag súil go geanamhail, acht go dóchasach, le saorsacht sa deireadh ná fóirthint air féin anois agus fios a bheith aige nach mbéidh talamh a sheacht sinnsear saor ó chuing riaghaltais na námhad go bráth. Acht le congnamh Dé & Mhuire ní baoghal go mbéidh sin amhlaidh, agus ní cóir claonadh go bráth do'n droch-mheisneach, ná an mhuinghin a chailleadh. Támuid anois ag biorrughadh suas agus ag brostughadh orainn. Tá na fóda d'á bhfadughadh i dteinidh na saorsachta i nÉirinn anois agus ní haireóchar go dtiocfaidh lóchrann go lonnrach soillseach aisti a ruaigfeas sgamaill dhubha léanmhara na daor- sachta agus an ghalldachais amach as cumair ghlasa mhíne na Fódla go deó na ndeór! Achrann na “nDaoine nGeal” le na “Daoine Dubha.” An tSomáil. Nach ró-fhurasta an ciúineas agus an suaimhneas d'athrughadh, & ár & smíochadh a tharraingt 'na leabaidh! Nuair is suaimhnighe agus is socamhlaighe a bhímid go minic 'seadh thagas an droch-thuairisg chugainn de sgiotán, & d'aon phlimp amháin, go bhfuil raic agus sléachta dh'á ndéanamh, agus an cineadh daonna ag sgeannadh agus ag áitiughadh ar a chéile i n-áit eicínt
de'n domhan mór, agus iad i n-éadan a chéile go dána fíochmhar námhadach — dream ag a iarraidh smacht agus an lámh i n-uachtar d'fhágháil, agus an dream eile gan aon ghlacadh le smachtughadh uatha, acht ag iarraidh cead' a gcinn agus a gceartais féin gan aon duine ag bualadh a ladair 'na ghnaithíbh, ná aon chur isteach a dhéanamh ortha féin nó ar a dtaltaíbh dúthchais! Nach mairg nach leigtear dhóibh maireachtáil go mín réidh socair, agus dul ar aghaidh le n-a ghnó gan an t-eachtrannach a theacht le mí-shuaimhneas agus tadhad agus corrughadh mór 'na measg, agus a gcur amach ar na sléibhtibh uaigneacha mar bheithidhigh fiadháine ag ruatharach rómpa go cíocrach neamh-fhoighdineach, ag faire ar a gcreachadóir. Agus nach mairg gur ab é an “fear geal” ar gnáthaighe leis, le sainnt i maoin nó i dtalamh, tosughadh ar an imreas leis na “daoinibh dorcha.” Ceapann an “fear geal” nach mór an “fear dorcha” a cheannsughadh i n-áit eicínt a mbíonn sé ag cur na gcos uaidh, agus go bhfeileann Críos- tamhlacht agus macántas a mhúnadh dhó, agus mar sin is minic a thosuigheas an t-imreas & a leagtar an iomad daoine, agus a thagas creachadh & réabadh, agus marbhadh millteach is cur isteach an “fhir bháin” i n-ionad ciúineas, múinteachas nó macántas a chur 'sna “daoinibh dorcha.” Agus is fearamhail dána neamh-eaglach é an “fear dorcha” nuair a curtar air, agus is fíreamhail mar sheasas sé ar son a thíre, agus a ghiodáinín dúthchais. Tá sé oilte riamh ar an nga agus ar an ngléas caithte. Is minic a b'éigin dó é féin a chosaint ar an mbeithidheach allta 'sna coilltibh fiadháine, nó 'sna gleanntaibh uaigneacha. Tá seisean mar na haithreacha agus gach dream dh'á dtáinic roimhe, agus cé nach bhfuil sé chomh sleamhain, chomh mín, nó chomh slíoctha leób seo ó Roinn na hEórpa a thagas ag cur air, is beag acab nach fear dóibh é ag cosaint a mhaoine, nó a thalmhan 'sa gcómhrac.
Tá tuairisg curtha amach go bhfuil smíochadh mór thar éis a dhéanta ar na Sasanaighibh 'sa tSomáil san Aifric Thoir. Is beag nár stialladh ó chéile cipe acab ar an seachtmhadh lá déag de'n mhí seo .i. Aibreán. Marbhuigheadh deichneabhar oifigeach agus céad 's ceithre feara déag 's trí fichid saighdiúir ortha, agus chailleadar dhá ghunna mhóra. Is é an leómhan millteach cumasach úd .i. “an Mullah,” a rinne an t-ár. Is cosamhail gur fiadháin allta an mullachán de dhuine é, agus gur ab iongantach go léir an croidhe & an meisneach a gheall Dia dhó. Bhí an Coirnéal Pluincéad os cionn an dreama a marbhuigheadh go huathbhásach tobann an lá úd, agus tá faitchíos a n-anma ar na Sasanaighibh go bhfuil an Coirnéal Cobbe, a bhí ann freisin, i ndaimhséar cruaidh. Tugadh faoi deara na daoine dubha ag teicheadh leób ar an gcúl-sráid an tráthnóna úd, agus phreab an Pluincéadach agus a chuid saighdiúir go meisneamhail dána na ndiaidh. “Bainfead-sa faic as na daoinibh dubha fiadháine nimhneacha seo, agus fág fúm iad go gcuiread deireadh le gach feithideach acab,” ar seisean ar imtheacht dó. “Bainfead-sa faic asat-sa ar chuma ar bith agus fágfad sínte thú féin & do dhream dh'á mhéad do chuid gaisge, agus dh'á dhána do ghlór, mara dtugair rí-aire dhuit féin,” arsa taoiseach na bhfear ndubh faoi n-a fhiacail. Lean an Pluincéadach dhóibh go dána árd-inntinneach, agus rún daingean aige gan mac máthar acab a fhágáil beó. Theich siad-san roimhe thrí uaigneas na ngleannta, & thrí ghairbhtheacht na gcnoc nó go bhfuaireadar dealuighthe amach é féin agus a chuid saighdiúir i bhfad ó'n gCoirnéal Cobbe agus a chuid saighdiúir seisean, agus annsin thainiceadar thart timcheall air, de sgiotán, agus d'ionnsuigheadar agus d'áitigheadar dh'á smíochadh agus dh'á leagan go huathbhásach. Thuit an Pluincéadach go luath san achrann le urchar domáisteach ó fhear dubh a d'fhág criogtha é. Ní raibh aon chabhair i ndán dóibh mar bhíodar ró-fhada ó Chobbe, agus ní raibh
aon fhios aige go dtí i bhfad go raibh an mhío-thoisg dá déanamh. Is cosamhail gur mealladh na Sasanaigh i ndiaidh shaighdhiúirí an Mhullah, agus gur i n-aon turas a theicheadar uatha le súil go leanfaidhe iad agus go mbéadh deis acab ar an domáiste a dhéanamh — rud a rinneadar go paiteannta. De réir gach tuairisge throid an Pluincéadach mí- ádhmharach agus a bhuidhean go tréan, agus rinneadar iarrachta láidre ar fhilleadh ar ais ar an áit 'na raibh an Coirnéal eile, acht chinn ortha amach 's amach. Níor fhan urchar ná piléar gan ídiughadh, agus 'sa deireadh bhíodar i gcleitheamhnas na bhfear ndubh a bhí ann 'na mílte, agus, 'ar ndóigh, thugadar “dualgas an tslisne” do na Sasanaighibh bochta. Tá faitchíos an tsaoghail ortha i Sasana go ndéanfar an cleas céadna le Cobbe & a bhuidhin féin. Níor chuir sé cor ná car as ó rinneadh an t-éirleach, le sgannradh roimh an námhaid. Tá taoiseach eile Sasanach, darab ainm Manning, ag déanamh air go mall aireach le féachaint le fóirthint air, agus ní'l a fhios céard a thárlóchas amach annseo. Tá Cobbe bocht le dhá chéad fear agus míle camail ag feitheamh leis go himnidheach mí- shuaimhneach, agus ní leigeann an faitchíos dó corrughadh go bhfághaidh sé congnamh. Is ait an mac an saoghal — indé go haoibhneach glionn- darach as ucht síothchána & ciúinis an tsaoghail mhóir, agus indiu go doilgheasach buadhartha ag cásughadh go brónach an áir & an achrainn atá ar siubhal idir na Sasanaigh & na daoine dubha 'san Aifric Thoir! An tSomáil. 'Siad na focla deireannacha dubhairt Hanburaí .i. fear mór i Riaghaltas Shasana, agus a cailleadh go han-tobann an la cheana, i dTeach na Féise gur cinnte nach bhfuil leathnughadh ná neartughadh ar fud an domhain mhóir thar mar tá gnóthuighthe cheana i ndán do'n ríoghacht 'san am le teacht, &, mar sin, nár mhór feasta féachaint
le n-a raibh acab a choinneáil, & gan drannadh le tada nár leób. Ní raibh sé seachtmhain básuighthe go raibh aragúinteacht mhór i dTeach na Féise mar gheall ar an domáiste a thárla go mí-fhortúnach do'n Arm Sasanach i dTír na Somála le goirid. Bhí go leór de na cainnteóirí ag dul le cuthach faoi gur cuireadh arm amach 'san tír choimhthighigh fhiadháin mhío-fholláin úd le aon bhacadh a chur ar na “daoinibh dorcha” & le bheith 'sa' deireadh stiallta ó chéile ag an “Mullah” millteach uathbhásach amuigh annsiúd. “Ní'l neart ar a leitheid” arsa Tighearna Chranborne. “Caithfear arm a chur ag gluaiseacht leis an dream dubh a cheannsughadh i ríoghacht mar í seo againn-ne, agus má thárluigheann go ndonuightear iad seo a théigheas amach uainn, deamhan neart air acht a bheith go cráidhte!” Ní cóir dearmad a dhéanamh gur 'san Aifric a rinneadh an t-ár le goirid, agus gur ab annsiúd, freisin, a cailleadh ar na Sasanaighibh na mílte & na dáinte le gar do cheithre bliadhna. Go deimhin is mío- ádhsach an tír í an Aifric do ríoghacht Shasana, agus is deacair a rádh cé an tuairteáil agus an chiapáil a bhainfear as ceóláin Shasana amuigh annsiúd amach annseo. Ó'n gcéad lá ar thosuigheadar ag troid na mBúrach ní raibh aon tuairim acab cé'n bhrígh & an éifeacht a bhí san dream cródha a bhí san Aifric Theas le seasamh go docht 'na n-aghaidh, & go díreach glan thárla an mí-eólas mí-ádhmharach céadna dhóibh ar dhul dóibh amach go tír na Somála. Shíleadar nach raibh rómpa amuigh annsiúd acht dream beag dubh suarach éidtreórach, & an chéad urchar a chaitheadar bhíodar cinnte go raibh an báire leób, go raibh na feithideacha sguabtha, & is gairid go raibh an sreang-sgéal curtha anall go dtí Seaghán sanntach bocht: “Tá an chúis ag dul ar aghaidh go háluinn. Ní bhéidh cimleachán dubh dh'á bhfuil in d'aghaidh féin nó i n-aghaidh an Teagaisg Chríostaidhe, atámuid a
sgaipeadh annseo go fóir-leathan, nach mbéidh smís- teáilte againn sul aireóchas tú é. Bí ag súil le deagh- thuairisg uainn.” Tháinic meangadh gáire 'na bhéal ar léigheadh na tuairisge dhó. “Nach mairg a dhéanfadh tada,” ar seisean, “an lá a bhfuil saighdiúir líomhtha calma mar sin le seasamh dhom.” D'fhan sé leis an deagh-thuairisg go neamh-fhoighdineach. 'Sa deireadh tháinic sí; acht, a Sheagháin bhoicht, thuit an driúll (trioll) ar an dreáll (treall) agat nuair a fuairis í, mar, i leabaidh a innsint duit go raibh “an chúis ag dul ar aghaidh go háluinn,” chualais go raibh do chuid “laochraidhe” dh'á leagan go millteach & an “Mullah,” a bhí i n-aimhreas a bheith i dtrom-shuan nó glanta leis ar fad, ath-mhúsgluighthe, & biorruighthe suas go hiongantach, ag imtheacht ar thóir do chuid saighdiúir 'na chroiceann dearg le teann cuthaigh & tadhaid — anois 'na sheasamh ar bhárr an chnuic ag dearcadh uaidh go grinn géar-radharcach, mar sheabhac na haille fuaire, ag cuartughadh an námhad; & arís 'ghá ruaigeadh roimhe mar sgata beithidheach ag rith le teasbach lá grianmhar samhraidh! Tháinic tuairisg eile go bhfuil an “Mullah” i ngar dá bheith gabhtha & ceannsuighthe “Támuid i ndáil le timcheall ar an mbitheamhnach clamparach,” arsa tuairisg. “Tá sé i ngar dá bheith ruaigthe againn go dtí an áit a d'fhág sé, agus nár fhillidh sé choidhche” arsa tuairisg eile. Acht dheamhan baoghal air. Tá an braon ag coipeadh ann fós go láidir teann, & bainfidh sé cnead eile ó chroidhe as Seaghán nó is mór ár mearbhall. Bille na Talamhna. Is maith mar thárla do Bhille na Talamhna ar a thabhairt os comhair Thighe na Féise an dara huair. Níor chuir i n'aghaidh acht sé dhuine fhichead, agus bhí
ceithre chéad, triúr, 's dá fhichid leis. Tá súil go gcuirfear deagh-chríoch air, acht tá feabhsughadh mór le cur air fós sul mar is féidir le Feisiribh na hÉireann glacadh leis. Caithfidh siad anois, nuair a bhéarfar ós chomhair na Féise é an tríomhadh huair, a bheith an-aireach agus rí-áirdeallach ar fad ag a iarraidh gan cor ná casadh a leigean ann má's féidir é, acht mar socruigheadh ag an gcruinniughadh mór i mBaile Átha Cliath. Tá athruighthe móra ag teastáil ann sul mar féadfar a rádh go bhfuil sé amháin gar dh'á bheith sásamhail, agus tá muinghin, nuair a rachthar dhó an tríomhadh babhta, go gcuirfear a mbunáite seo ann. Thaisbeán Seaghán Réamonn, Liam Ó Briain, agus Seaghán Díolúin go soiléir cé'n daimhséar a chaithfeadh tárlughadh dá ndéantaidhe dligheadh dhe gan aon bhiseach a chur air; go ndéanfadh sé maitheas do roinnt, dochar do go leór, go mbéadh mórán nach dtiubhradh sé ceart ar bith dhóibh, agus go gcuirfeadh sé go leór eile i gcontabhairt mhóir i leabaidh leasughadh a chur ortha, nó amháin a gceartas a thabhairt dóibh. Is cumasach mar labhair Feisirí na hÉireann ag cur ós comhair na Féise céard a bhí ag teastáil uatha i nÉirinn, agus céard a bhéadh i n-an a sásaimh. Thugadar arís ós comhair an tsluaigh chomh lochtach 's bhí an Bille mar gheall ar an gcaoi a raibh sé ag fágáil na dtunóntaí bocht i n-iarthar na hÉireann i nganntanas agus, d'á bhrígh sin, cionntach le go leór dár n-ógánaigh croidheamhla líomhtha i gCúige Chonnacht a ruaigeadh go deó na ndeór amach as an tír. D'fhiafruigheadar de Bhuindam cé'n mhaith a bheith ag a iarraidh socrughadh a dhéanamh ar thalamh na hÉireann mara raibh faoi méadughadh a chur ar na paistí beaga atá ag tunóntaíbh bochta i gCúige Chonnacht, agus límistéar eicínt a thabhairt dóibh thar mar tá acab faoi láthair, nó mara raibh faoi na daoine bochta, ar baineadh a ngabhaltais díobh le fada agus ar cuireadh a gcuid talmhan i seilbh fhir an sparáin nó fhir an eallaigh, a chur ar ais arís, mar is ceart & is cóir dhóibh a bheith go neamh-spleadhach ar a dtalta féin, thar éis
a bheith gonta sáruighthe tnáithte ag a iarraidh a bheith ag ciapáil le tighearnaíbh talmhan, nó le boicíníbh na mbeithidheach agus na sparán fada le bliadhanta. Freisin, ní bhéidh siad sásta go mbídh sé fágtha fá'n tunónta féin a mhargadh a dhéanamh, agus nach gcuirfear d'fhiachaibh air níos mó a thabhairt ar an talamh a cheannóchas sé ná mar bheirtí air 'san margadh le cúig bliadhna déag nuair a ghníthí ceannacht. Thárla dhomh a bheith i láthair fad 's bhí cuid de'n chomhrádh agus de'n díospóireacht ar siubhal. Dheamhan bréag nach acab atá an teanga ar a gcomhairle féin san Árus mór úd, & gach fuaim 's siolla le cloisteáil i ngach cúinne de'n tseomra, i n-íochtar 's i n-uachtar. Labhair Tadhg Ó hÉilidhthe chomh greannmhar agus chomh cáinteach géar agus is gnáthach leis agus, nuair a chualaidh na feisirí Sasanacha, nach raibh i láthair acht a bhí sa seomra cúl-shráideach ag caitheamh tobac ar a mine-ghéire nó ag comhrádh dhóibh féin ar a suaimhneas, go raibh Tadhg neamh-eaglach ar na bonnaibh agus ag cainnt, shílfeá go mbéidís i gcontabhairt na sála a bhaint d'á chéile ag pléasgadh isteach sna fásgaíbh ag éisteacht leis. Ná habruigheadh aon duine gur fear sgáthana faitchís Tadhg mar ní headh. Is cuma cé'n rud a mbéithear ag trácht air, tá Tadhg i gcomhnaidhe i n-an baramhail a thabhairt 'na thaoibh nár smaoin ceachtar de na cainnteóiribh eile 'na thaoibh. Nuair a sheasas sé le labhairt tá a fhios agat i gcomhnaidhe go dtiubhraidh sé breitheamhnas a thaisbeánas inntleacht, smaoineadh, cáineadh & b'fhéidir roinnt aistidheachta i n-aoinfheacht. Labhair Seaghán Réamonn mar dubhras cheana thar cionn. Ní móide go bhfuil fear sa Teach 'na chainnteóir chomh cumasach leis. Is fear é atá i n-an é féin a cheannsughadh mar a déarfá, agus nach leigfidh do thada an iomarca tadhaid nó feirge a chur air. Leigeann tuilleadh acab dhóibh féin lasadh, ar bheith ag cainnt dóibh, chomh dearg leis an splainnc, nó gur ar éigin a fhágas siad puth anála acab féin fá dheireadh. Is breágh an rud fuinneamh & éifeacht & spreacamh a
chur leis an nglór acht, an gaisgidheach ealadhanta a bheireas a chuid cainnte uaidh go socair, & 'na dhiaidh sin a bheireas an teanga go géar gan cuthach gan coipeadh dhóibh seo atá sé a dhíbliughadh, is minic is é a bhuaidheas an cath fá dheireadh agus a dtugtar áird ar a ghlór. Sin é bhíos á cheapadh liom féin an oidhche úd agus mé ag éisteacht leób i dTeach na Féise acht creidim go bhfuil sé le nádúr ag an nGaedheal a bheith i gcomhnaidhe cineál árd-inntinneach, agus labhairt amach go neamh-eaglach teann, a athchuinge a iarraidh, a ghearán, a chásughadh agus a dhíbliughadh a dhéanamh ortha seo is cionn-tsiocair le go leór de'n donas & de'n chrádh atá ag gabháil dó le fada, agus a bhfuil sé anois ag iarraidh aisíoctha bhig bhídigh dá laghad ortha, ar son ar bhaineadar dhe, & a ndearnadar air, ó chuireadar a gcrúba go sanntach sladthach 'na ghnaithíbh ar dtús. Múintear dhúinn ó lá go lá nach mór dhúinn a bheith ullmhuighthe i gcomhnaidhe le tárlughadh eicínt le nach raibh súil againn. Is minic ar theacht dó a chuireas sé aoibhneas croidhe & glionndar orainn, acht is minic is brón & duairceas a thagas chugainn 'na chuideachta. Is minic a chuireas sé i gcuimhne dhúinn an sean-fhocal adubhairt: “Ná déan do ghearán le giolla gan truagh.” Nach minic is é an té le n-a mbíonn an tsúil chráidhte againn a chliseas orainn i ndeireadh na preibe, agus fhágas sinn go doilgheasach buadhartha ag cásughadh gur chuireamar riamh ár muinghin ann. Bímid ró-thugtha ar fad do ghéilleadh & do shuim i mbladaireacht & i ngealltamais, & shílfeá go bhfuil sé i n-am againn anois aithne a bheith againn ortha. “Moladh gach duine mar gheibheas sé,” ars' an sean- fhocal. Nó go mbídh na gealltamais cóimhlíonta bíonn siad go minic i ndaimhséar & ní cóir a bheith ró- mhuinghineach, & is contabhairteach an rud a bheith ró-dhearbhtha 'n-a dtaobh.
Bhíomar, b'fhéidir, ró-chroidhe-luaimneach agus ró- gheal-gháireach ar fad, agus bhí an iomarca muinghine agus dóchais ag a lán againn as an riaghaltas ó bhuaileadar faoi Bhille na Talmhan, tá sgathamh ó shoin ann. Thárla go maith dhó ar an gcéad & ar an dara turas a thug sé thrí Theach na Féise. Rugthas air agus sgrúduigheadh go cruinn é, agus thaisbeáin Feisirí na hÉireann a chuid marach & locht go soiléir do'n tsaoghal Fódlach. Chruinnigheadar i dteannta 'chéile maille le an-chuimse de thunóntaí na hÉireann i mBaile Átha Cliath & shocruigheadar annsin cé'n t-athrughadh a bhí oireamhnach le déanamh, dá mb'fhéidir leób é, in gach pointe de'n bhille. B'acab-san a bhí a fhios céard a bhí ag teastáil agus céard a bhéadh agus nach mbéadh i n-an a sásuighthe, agus 'sí an chontabhairt is mó atá roimh an mBille anois nach dtiubharfar áird ar chomhairle Fheisirí na hÉireann, agus nach ndéanfar na hathruighthe móra millteacha atá ag teastáil uatha. Go deimhin, tá cliste ag an riaghaltas cheana féin ortha i gceann de na pointíbh is mó, agus is éifeachtaighe sa mBille, agus níor bh'iongnadh, b'fhéidir, dá gcuireadh sé seo an Bille ar fad i gcontabhairt. Taisbeánann Bhuindam mór-shuim i bhfear íoctha na cána i Sasana, agus níl géilleadh aige dhóibh seo a bhíos ag síor-mheabhrughadh dhó mar tá na tunóntaí bochta, go minic. Cé gur cuireadh i n-umhail dó go láidir chomh riachtanach 's bhí sé athruighthe a dhéanamh i bhfíor-thosach an Bhille má bhí deagh-rath ar bith le teacht as, níor chlaon sé, agus d'éirigh leis féin agus leis an riaghaltas ar an bpointe seo, agus fritheadh an ceann is feárr ar an athrughadh a bhí ceaptha dhó ag Feisiríbh na hÉireann. Ní raibh d'ear is bárr ag an riaghaltas acht duine 's dá fhichid. Caithfidh an tunónta, má's leis an talamh a cheannacht, luach a thabhairt air nach fiú é, agus luach nár tugadh a leitheid ar aon ghabhaltas dár ceannuigheadh thar bárr amach le hocht mbliadhna déag. Tá sé socruighthe go gcaithfidh an tunónta cíos dá bhliadhan 's fiche, nó mar sin, a íoc ar son na talmhan sul bhéas sé thar bárr amach aige gan trácht ar a bheith ag íoc dhá sgilling
'san bpunnt nó mar sin leis an ríoghacht fhad is beó é. Ní raibh aon tsúil go ndéanfaidhe an luach chomh hárd sin ar na tunóntaíbh. Tá go leór leór tunóntaí beag, mar adubhairt Tadhg Ó hÉilidhthe, agus ní thioc- faidh sé go ró-chruaidh ortha. Dubhairt seisean i dTeach na Féise “go mbéarfadh na cearca i n-uibheachaibh oiread 's bhéadh i n-an an difridheacht íoc gach bliadhain idir an socrughadh a rinne an riaghaltas, agus an laghdughadh ba mhian le muinntir na hÉireann a chur air.” Táid ag gabháil do'n Bhille mar seo. Bhuaileamar isteach an oidhche faoi dheireadh agus go cinnte bhí iongnadh orainn ag laghad a raibh i láthair ag éisteacht le n-a raibh ar siubhal ag “Coiste” an Bhille. Ní raibh mórán le fiche duine ar thaobh an riaghaltais i láthair. Bhí an chuid eile greadtha leób amach nó go mbéidís ag teastáil le n-a dtoil a thabhairt. Níl aon mhaith ar a innsint do chuid de na daoinibh céard atá ag teastáil ná céard a dhéanfas na gnaithí, mar tá a n-inntinn socruighthe acab roimh ré ar an taobh le n-a dtaobhóchaidh siad. Is mór an tuairt a baineadh as ár ndóchas asta ag an gcéad tsocrughadh a rinneadar, acht tá an t-ádh ortha nó bainfear tuairt asta féin amach annseo. “Fán & sgaipeadh na nGaedheal.” Le goirid bhí fear páipéir áirithe as Sasana ar cuairt sgathamh i nÉirinn, agus ar dhul ar ais dó thug sé cunntas fada ar an athrughadh mór a thug sé faoi deara i nÉirinn, agus ar an uaigneas a bhí i n-áiteachaibh ar fud na tíre ar chóir comhluadar a bheith socruighthe síos go socamhlach. Dubhairt sé go raibh an cunntas a tugadh ar an tír thar éis bliadhanta na gorta sáthach dona agus truaghach, acht gur casadh é i n-áiteachaibh a ndeachaidh an t-amharc a bhí le fágháil ionnta thrí n-a chroidhe ar feadh a thurais ar fud na hÉireann. Bhí an t-Iarthar dona go leór, adubhairt sé, acht is mó an dólás a cuireadh air i gConndae na
Mídhe ná ann, mar tá an áit beaghnach ar fad i n-aon fhásach amháin agus gamhna agus beithidhigh agat le feiceáil thart timcheall i leabaidh daoine. Is cráidhte an rud léigheadh ar an gcaoi a bhfuil na daoine ag laghdughadh, acht is measa seacht n-uaire a bhfeiceáil le do shúile féin ag imtheacht 'na gcéadta ar bhord na luinge i nGaillimh nó ag Cóbh Chorcaighe — na céadta mac agus inghean mhuirneach ag fágáil a dtírín dúthchais i dtús a n-óige agus a maitheasa agus ag imtheacht le greim a mbéil a shaothrughadh i gcathrachaibh plúchtuighthe thar lear. Thug sé faoi deara ag port na traenach ag an gCloich Leathain i mBaile Átha Cliath dáta gearrtha 'san gcloich a thaisbeáin go ndearnadh an port leath-chéad bliadhain ó shoin; agus mo mhairg go deó! tá go díreach a leath-oiread daoine againn i Éirinn anois agus bhí an tráth úd. Níl amhras nár cheap na daoine a thosuigh ar an bport a dhéanamh roimh bhliadhanta na gorta go mbéadh againn i nÉirinn ar an uair seo de ló trí mhilliún déag i leabaidh ceithre mhilliún daoine. Ar feadh an dá fhichead bliadhain roimh bhliadhanta na gorta méaduigheadh seisear in gach deichneabhar ar mhuinntir na hÉireann, agus dá ndéantaoi amhlaidh i rith an leith-chéad atá caithte bhéadh a thrí oiread daoine i nÉirinn agus atá anois. “Ní hiongnadh” ar seisean, “agus lucht an bhóthair iarainn seo, le n-a chuid stad costach ag a iarraidh a bheith ag maireachtáil ar dhaoine atá ag laghdughadh agus ag laghdughadh i leabaidh a chéile le leath-chéad bliadhain, go gcaithfir íoc go daor ar do thicéad, agus go bhfuil na feilméaraí agus na ceannaidhtheóirí ag síor-ghearán ar dhaoracht a chostais ortha. Ar feadh an achair ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh ní castar ort acht dhá bhaile — An Muileann Cearr & Áth Luain — 'na bhfuil níos mó ná cúig mhíle duine 'na gcomhnaidhe, & dhá mbéadh aon bhailte beaga 'na mbéadh aon tsaoth- rughadh a rath ce'r cás é, acht níl. Níl acht trí bailte beaga Mágh Nuadhat, Móta, & Béal Átha na Sluaigheadh ar fiú trácht ortha, & níl siad sin féin ag dul ar aghaidh leis an saothrughadh. Is rí-bheag agus is fánach an
chuid de mhuinntír aon bhaile dhíobh atá ag cur aon lámh nó chos ar bith i n-aon déantúsaí tairbheacha. Tá na bailte líonta le tighthe ósta agus le siopaí agus de réir mar tá siad ag méadughadh tá na daoine ag laghdughadh nó nach mbéidh acab sa deireadh acht a bheith ag a iarraidh a bheith ag maireachtáil ar a chéile. Ní hiongnadh go n-abarthar “cé an mhaith é” le aon iarracht nua dhá dtugtar ar rud eicínt a chur ar bun. “Coinneóchaidhe na bailte beaga féin gan tuitim i léig dhá mbéadh tighthe agus comhluadar sna límistéir uaigneacha úd, acht níl na botháin féin le feiceáil in go leór áiteach. Is féidir a rádh nach bhféadfaidhe súil a bheith go mbéadh comhluadair socruighthe síos ar na portaigh agus ar an gcriarach fiadháin i n-iarthar na hÉireann: acht tar & feic Conndae na Mídhe agus céard a gheobhfas tú ann, ins na ceanntaraibh is deise, is glaise, & is fearr dhá bhfuil i nÉirinn? Gheobhfair páirceanna glasa, agus uisgí ciúine ar feadh mílte & mílte; b'fhéidir, idir gach deich míle dá siubhlair, go gcasfaidhe baile beag ort le cúpla sgór tightheadh atá ag dul i léig ó lá go lá agus gan teach ná bothán eile i rith na ndeich míle mara mbéadh teach aodhaire caorach nó árus mór tighearna talmhan, agus gan cur ná treabhadh le feiceáil agat ná cosamhlacht saothruighthe ar feadh mílte ar do thuras. Níl acht beithidhigh agus caoirigh in gach áit — beithidhigh a ceannuigheadh nuair a bhíodar go feósaidhe suarach ar aonaighe san iarthar, agus a cuireadh ar na talta glasa féaracha úd le ramhrughadh i gcomhair an mhargaidh thall i Sasana. Sin iad na tunóntaí atá anois ar na talta úd — na beithidhigh socra ceithre gcos a shiubhlas go sásta ar na bántaibh míne, agus a luigheas siar go socair sámh ag congailt a gcíre ar an gcúl-shráid ó lonnradh te na gréine, gan tairbhe ar bith do'n chineadh daonna acht amháin an méad feóla a chuireas siad ortha, & a fheabhas is thagas siad chuca féin i rith an tsamhraidh. Tá na daoine & na tunóntaí ruaigthe acab chomh maith is dhá mbadh leis an gclaidheamh a dhéanfaidhe é.
“Siubhlann siad go mín réidh socair treasna an ghleanna ar ar mhair go sóghmhar daoine a ruaigeadh dá dtamhnaigh bliadhanta ó shoin, agus de réir a céile tá lorg na n-iomarach a bhíodh óig-fhear eicínt a chur go héadtrom-chroidheach, atá anois fásta agus athruighthe 'na Mheiriocánach, agus b'fhéidir, mo nuar! gan amháin smaoineadh aige ar an stáid 'na bhfuil a thír dhúthcais, ná suim ar bith aige innti. “Tá an talamh glas ar gach taobh agus in gach áit dhá fheabhsughadh gach bliadhain ag tabhairt a chuid féir atá d'á ithe ag na caoirigh & na beithidhighibh. “B'fhéidir leat éisteacht go haireach am ar bith san lá gan aon fhuaim amháin a cloisint ó dhuine ná ó dhaoine. Níl amháin agat le cloisint torann na traenach i bhfad uait, ná rothaí an carbaid, torann an casúir, buille na tuaighe ó fhear ghearrtha an ádhmaid, feadghail ná puirt chroidheamhla suairce an Ghaedhil, gleó ná gáire na bpáistí — níl tada le cloisint agat acht ceileabhar na n-éan ag glaodhach agus ag seinm sna sgeacaibh, agus ar na géagaibh. Tá na daoine sgaipthe agus imthighthe agus níl 'na ndiaidh acht tréada agus eallach, talta 'na bhfásachaibh, agus tighthe agus bailte ag dul i léig agus ag tabhairt uatha ó lá go lá.” Sin agaibh cuid dár dhubhairt an té seo a cuireadh anall i n-aon turas le machtnughadh a dhéanamh, agus an tír fheiceáil dó féin, & a cunntas a thabhairt uaidh i dtaoibh a bhfaca sé innti. Is fíor dhó ar dhubhairt sé. Tá ár dtír, fairíor! d'á sladadh ó lá go lá agus ó bhliadhain go bliadhain. Tá a fhios againn go bhfuil ár ndaoine ag imtheacht, acht tá sé air againn leigean de'n bhuaidhreadh, agus rud eicínt éifeachtach a dhéanamh le leasughadh a chur ar an stáid 'na bhfuilmid, agus le féachaint le n-a clainn a shábháil do “Ghráinne Ní Mháille” bhoicht feasta. Támuid ag a iarraidh a dhul beagáinín beag bídeach ar aghaidh leis an gcosg anois. Is mithid d' “Éire Ghaedhealach” iarracht a thabhairt faoi anois nó riamh. Anois is roimpi atá!
Comhrádh Cois Teineadh. (As an gClaidheamh Soluis.) Tadhg. — Maise, céad míle fáilte rómhat, a Mhaitiú! — Leag annseo í! Tá an-áthas ar fad orm thú fheiceáil, acht nach fada go dtáinic tú. Ní misde dhúinn súil a bheith againn le árd-oidhche anocht, mar tá Seónac Éamuinn & Diarmuid Ua Céirín geallta ar a theacht. Nach mór an truagh go bhfuil sé ag clasgairt bháistighe mar atá sé; acht ní féidir nó tiocfaidh siad. Maitiú. — Bhí do theachtaire istigh rómham, go deimhin, nuair tháinic mé isteach tráthnóna thar éis na fairrge, ag tabhairt cuiridh dhom, & cheapas bualadh anuas ar an bpointe a rabhas bearrtha & stócáilte. T. — Cé mar d'éirigh leat indiu ar an muir, a Mhaitiú? M. — Á! maise, mar sin, réasúnta. Dheamhan maith ar bith 'sa gcasaoid ar chuma 'r bith. 'Ar ndóigh, caithfidh cuid againn a bheith sásta le roinnt, agus ní fhéadfamuid a bheith ag comórtas le daoinibh óga lúthmhara láidre sgaoilte sgolabánta, a mhic ó, atá i n-an dul ar a dtóir i ngach poll agus sgailp ó Bhun Ghúlaim go Gaillimh. T. — Sin í an fhírinne. Dheamhan mé má's furasta a bhfágháil ar an aimsir seo. Ó tháinic an ghlas-aimsir & ó chuaidh an ghaoith ó thuaidh ní'l mórán gliomach le fágháil. Tá corr-cheann maith thoir i n-aice na gCrumpán agus os cionn na hAille Finne, do réir mar bhí Máirtín Thaidhg Eibhlín a rádh liom; acht, má tá féin, 'ar ndóigh, ní bhéad sé in do cheann finne curraichín a oibriughabhdh soir chomh fada sin ar an ngaothtalach so.” M. — Ní'l agam féin acht a bheith ag bordáil & ag útamáil timcheall an Mhatail, & bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag a iarraidh gainimh a chur i ngad le bheith ag
iarraidh gliomaigh na bposann sin a mhealladh. 'Ar ndóigh, a mhic ó, má tá daoine le haghaidh na gCrumpán, ní cuid againn iad-mh'anam! nach muid. Cé mhéad doiséin a bhí agaibh-se, a Thaidhg, an babhta seo? T. — Bhí seacht ndoiséin de cheannaibh móra, os cionn dhá orlach déag; cheithre dhoiséin de leath-cheannaibh maithe; & sílim deich gcinn de cheannaibh beaga éid- treóracha nár bh'fiú a chur chum bealaigh. M. — Agus ar thóig sibh an cárnán sin acab ó chuaidh an púcán soir cheana seachtmhain 'sa' lá indiu? Ní'l fhios agam 'sa' domhan mór go cé an ghleacaidheacht nó an ealadhain le n-a meallann sibh iad chor ar bith? T. — Ní'l aon bhréag ann, a Mhaitiú. Go deimhin thóigeamar an méid sin le seachtmhain. Go cinnte caith- fidh sórt gleacaidheacht' agus ealadhan a bheith ag an ngliomadóir, má's mian leis a obair a bheith tairbheach buan-tseasmhach. Caithfidh sé urlais neamh-lochtach a bheith aige. Ní mór dhó a chuid potaí a bheith déanta gan marach, na slata casta & fighte go dlúth agus go pointeálta, an pota a bheith go deas cruinn socamhlach, bealach fada fairsing a fhágáil ag an ngliomach le dul síos, rud taithneamhach a bheith go síorruidhe thíos le n'aghaidh a mheallas síos é, & a bhéarfas subhchas dó le nach gcuimhneóchaidh sé ar theacht ar ais; & fós caith- fear aire mhaith a thabhairt do na potaíbh, ionnus go mbainfear an brabach & an bhuntáiste is fearr astab, & gach drugall, leisge, diúlta & spadántas a dhíbirt. Is iomdha maidin ar chuir muid-ne trí dhoiséin 'sa bpota thóir ag an mBran-shruth Beag i n-éinfheacht, acht, 'ar ndóigh, támuid ag caitheamh ár n-aimsire go léir leób beag nach. M. — Is fíor dhuit. Ní'l maidin dhá mhoiche dhá n-éir- ighim nach bhfeicim sibh ag lasgadh amach ó Chaladh an Tuinín 'sna feirrí glinnte. Ní'l duine dhá bhfeicfeadh sibh nach n-aireóchadh gur oraibh a bhíos cosamhlacht na maitheasa, bail ó Dhia oraibh! Nuair a bhíos tuilleadh a bhfuil a rian ortha 'ghá searradh & 'ghá lúbadh féin, bíonn sibh-se go dúthrachtach i n-éadan bhur ngnóthuidhe. Tá faitchíos orm go raibh droch-chaoladóirí ag déanamh
mo chuid potaí-sa, ar chuma 'r bith, a d'fhág basgtha mé fhéin ó shoin. T. — Cé mhéad fhághas tusa uaidh súd i mBóthar na Trágha ar an doiséin, a Mhaitiú, ó d'eitigh tú a gcur anonn? M. — Coróin 's trí píghne thríd 's thríd, gan aon bhréag a rádh: agus ceapaim-se gur mór an dalladh mullóg atá ag gabháil do dhaoinibh 'ghá gcur anonn tráth bhfuil sin le fágháil orthab ag baile. T. — Marach an éasguidheacht atá 'n-a gcur anonn, ní bhfuighfeadh sé ó chuid againn iad; acht ní'l aon deis againn le n-a gcur go háit ar bith eile. M. — Tá éasguidheacht agaibh go deimhin go minic. Shíl mise go raibh sí agam fhéin nó gur chlis an púcán — le corp faillighe agus drugaill a fuirinn — a theacht an lá gheall sí, agus a chuir giní buidhe as dom ar a laghad, 'n-áit ar cailleadh na plíomaí ba mhó bhí agam ag an mbruithteacht sul d'fhéadas sgaradh leób. Acht an fhad 's bhéas asal maith & cléibh agus cinnire le cur 'n-a dhiaidh agam ní éireóchaidh sé dhom arís ag fanacht le giollaíbh bádóirí gan truagh ar bith dhuit ná suim ar bith in do chás. T. — Maise, agus cailleadh an oiread sin ort, a Mhaitiú? Chualas an sgéal mí-ádhmharach céadna ag cuid do na gliomadóiríbh eile go minic. Agus d'éirigh sé go domáisteach dhom féin babhta nó dhó i bhfad ó shoin sul mar phósas. Tá a fhios ag gach duine gur anbhaoghalach contabhairteach an rud an bhruithteacht ag gliomaigh — mór-mhór na plíomaí móra mí-stuamdha — ní fhágann sé blas, brígh, ná beódhas ionntab. M. — 'Seadh! Agus ó thárla go bhfuil a fhios acab sin, go cé an leiciméaracht a bhíos orthab nach dtigeann chugainn go pointeálta ar an am a ceaptar agus a socruightear nuair is féidir leób é? T. — B'fhéidir gur minic nach mbíonn neart acab air. Tá a fhios ag gach duine go gcaithfidh an mhoill agus an tseiléag a bheith ann, mór-mhór ag an t-é a mbéidh a chúram fhéin aige le breathnughadh 'na ndiaidh. Ní'l a fhios ag éinne eile cá ngoilleann an bhrógh ar an té
chaitheas í acht aige fhéin. Caithfimid a bheith fad- bhreathnuightheach, a Mhaitiú, & gan a bheith casaoideach ná clamhsánach le foclaibh tadhadacha borba. Ní'l sgreatal maitheasa a bheith ró-chasaoideach ná ró- ropannta, mar 'sé dualgas & oibliogáid an tsaoghail ar bhealaighibh is cionntach le bheith faillightheach agus drugallach 'sa' dualgas a bhaineas leis ar bhealaighibh eile go han-mhinic. Acht céard tá ag coinneáil mo bheirte compánach lúthmhar mear éasgaidh a bhí geall- ta ar a bheith annseo go haibéil thar éis an seacht a chlog? Dar fiadh! B'fhearr dhom geábh a thabhairt soir 'ghá n-iarraidh. Ní dhéanfad aon mhoill, agus ní baoghal nach mbéidh árd-oidhche shúgach mheidhreach gan dolás gan brón ná imnidhe againn go socair ceóchánta tráth a mbéimid bailighthe i bhfochair a chéile. A Shiubhán, bíodh gach rud réidh 'mach agat-sa, & ná bíodh aon ghábhadh dhuit a bheith ag stócáil nuair a bhéas muidne ar ais. Béidh mé aníos arís sul bhéas do dhóthain tobac caithte agat, a Mhaitiú. Gheobhaidh tú mó phíopa smigíneach 'sa' sgipéad, a Shiubhán, & tabhair dhó é. Tá maiste ar an teinnteán, mara féidir libh na cipíní soluis a fhágháil. M. — Ó thárla go bhfuil tú ag dul soir, rith isteach & abair le Peadairín gur dhubhairt mé go bhfuil sé i n-am aige mo shoitheach teara & mo mhapa grábhála a chur ar ais chugam, má 'sé do thoil é. T. — Déanfaidh sin; sílim nár mhisde dhó é. M. — Beannacht Dé dhuit, a mhic ó! — nach bhfuil sé thoir aca le ráithe mhóir fhada fhairsing! T. — A Shiubhán chroidhe, tabhair dhom mo chochall & mo chóta mór. Tá droch-chosamhlacht ar an oidhche, agus b'fhéidir go nglacfainn slaghdán, mar tá sórt piacháin nó cártháin ionnam cheana. Siubhán (ag fáisgeadh an chochaill). — Maise, a Mhaitiú, nach breagh mór téagarach toirteamhail an fear é Tadhg s'againne, bail ó Dhia air! Tadhg (le Maitiú) — Freagair í mar is maith leat nuair a bhéas mé imthighthe. Ó! is dalabuidhe an bháis- teach í: acht ní bhéidh aon strómh orm anois ó thárla an eochall seo búrlailte faoi mo mhuineál. Is gairid go
mbéad ar ais. Ná corruigh ar a bhfacaidh tú 'riamh, a Mhaitiú, go dtigidh mé. M. — Go ngnóthuighidh Dia dhuit S. — Fainic, an dtruisleálfaidhe thú ar na strapaidhibh sleamhaine sin 'sa' mbearnain. T. (ag seinnm go binn-ghlórach agus é ag imtheacht):— “'Sí mo shearc í 'gus 'sí mo roghain í, 'Sí péarla an chúil duinn í, 'Sí an samhradh anns a' bhfuacht í Idir Nodlaig agus Cháisg.” S- Meas tú nach mise tá sé a rádh? M. — Go dearbhtha is tú. Is beag an chosamhlacht piacháin ná cártháin atá 'nois air. 'Sé a chroidhe atá go héadtrom glionndarach. S. — Ní'l fear ar thalamh an domhain chomh lághach deas geanamhail grádhmhar caoitheamhail le Tadhg s'againne — slán a bhéas sé! Nach fearr dhom tosughadh ag stócáil feasta. Bog thusa an cliabhán go mbéidh na gréithí glanta agam. (Tosuigheann Maitiú ag bogadh.) Siubhán — Dheamhan blas maitheasa dhuit a bheith 'ghá bhogadh mara dtugaidh tú “Hú seóithín” dó. B'fhéidir an uair sin go dtuitfeadh néilín chodlata air. Maise, nach mairg gan Cáit istigh! tá gach rud 'n-a mhangarae & 'n-a chír thuaithbhill 'sa' teach seo, & ní aireochamuid, go mbuailidh na bádóirí isteach sul mar bhéas blas stócáilte againn. Nach fearr dhomh-sa ceápar a thabhairt síos go tigh Mhághnuis, agus a chur fá ndeara dhi siúd atá ar a dhá sáil ar cuairt rud eicínteach a dhéanamh. 'Ar ndóigh, ní bhéadh an bhean is fearr a chuir lámh as gualainn i n-an ag gach a bhfuil de ghiotamáil le déanamh faoi chleitheachaibh an tighe seo. Maitiú — Meas tú an bhfuil tada 'san dúidín úd adubhairt sé atá san sgipéad, a Shiubhán? Dheamhan sin gail a chaitheas le trí lá. Tá cuid de thobac Mheiriocá agam le cangailt a cuireadh anall chugam le Máirtín Thaidhg, agus is ait é, acht ní iomchruighim píopa ar bith,
cé nach bhfacaidh tú aon fhear ariamh is dalabuidhe dúil ann ná mé. Go deimhin bhíos ins na siopaibh móra geala sin thoir ar sholáthar gráinín, acht ní raibh agam acht bonnacha, thar éis m' aistir. S. — Mar dubhairt Bríghid bheag leis an táilliúr: “Tobac thar éis bídh, Ar bhean an tighe tá sin, Gach stróinse dhá dtéidheann an tslighe Is suarach an cíos dó é sin.” Seo dhuit an píopa anois agus deirim-se gur suarach an cíos duit-sé é thar éis an páisde a chur a chodladh. Ní eiteóchainn-se thú faoi phíopa Thaidhg dhá mbadh é smúdar nó deannach an óir a bhéadh sé a chaitheamh as i leabaidh tobac — bíod a fhios agat sin. M. — Tá a fhios agam é, go raibh maith agat. Go deimhin, le congnamh Dé, nuair a gheobhas mise mé fhéin mar badh mhian liom, pé lá é, ní bhéidh mé i gcleitheamhnas tobac ná píopa dhuine ar bith. Béidh tobac agam fhéin 'n-a bharra bachall, is cuma céard eile a mbéidh mé easbadhach ann. S. — Táim-se ag imtheacht anois ar an toirt, mar ceapaim go bhfuil sé i n-am deagh-chosamhlacht a chur ar an teach seo i gcomhair na hoidhche, agus dheamhan trí mheandar go mbéad ar ais. Fainic ar chuma ar bith an éireóchadh an páiste. Nach féidir leat leath-chos a choinneáil 'san gcliabhán fad 's bhéas tú ag deargadh an píopa? Go réidh anois, tá tú ag croitheadh an leinbh ró-mhór. Déan go mín réidh socair é nó croithfidh tú as a shláinte é. Sin é 'nois agat an tslighe ealadhanta le cliabhán a bhogadh! B'fhuras d'aithne agus an chaoi ar thosuighis nach raibh aon chleachtadh agat air, agus ní móide gur beag dhuit a thúisge. Is beag rud nó bealach 'san saoghal seo gan a locht fhéin. Acht táim ag déanamh an iomarcaidh moille. Caithfidh mé a rádh le Cáit a theacht aníos. Ní'l a fhios aici go mbéidh rud ar bith ar siubhal annseo anocht. Tá an clampar uirthi le cuarta. Féach anois! Rith sí, agus d'fhág
sí a túirne 'n-a chadhan aonraic annsin, agus sguab léithi gur bhuail sí bleid ar Chaitlín Ní Bhrallaigh, agus tá mé cinnte go bhfuighead anois í ar a corrageab ag coinneáil comhráidh léithi. Ní bhéidh mé i bhfad amuigh nó cinnfidh sé orm. Go bhfóiridh Dia ar aon bhean go sléibhe a mbéidh inghean bheag-mhaitheasach, stuacach, pheatamhail aici. B' fhearr do dhuine bheith ag gabháil de chlocha ar a chirteachaibh ná bheith ag pléidhe léithi, acht, fairíor, ní do gach duine a gheall Dia socamhlacht ná suaimhneas. Nach fearr dhom seársa a thabhairt síos anois. Ná bíodh cás ná náire ort leagaint ar an bpíopa nó go dtigidh mise. (Greadann léithi). M. — (Agus é i n'aonar) Dar fiadh! Tá an-chuimse tobac 'san bpíopa seo aige. Bhí sgiorta de'n ádh orm 'n-a dhiaidh sin. Tá sé lán go boimbéal. Is féidir liom a bheith a caitheamh anois go mbéidh mé súghach sáthach ar mo shocamhlacht, acht céard seo? Dar a' leabhar seo! Tá triopáil eicínt ar na leacrachaibh. Seo daoine ag strapadóireacht thar an gclaidhe. Sin cnead a rinne duine a truisleáladh sa mbearnain. Ní féidir gur ab iad Tadhg agus an dream eile atá ar ais chomh luath seo, agus gan smeach stócála ná ullmhuighthe déanta rómpab. Mh'anam gur ab iad — go n-aithnighim an torann atá bróga móra gréasuidhe Thaidhg a bhaint as na leacrachaibh. Nach air a bhí an dalladh mullóg agus a dtabhairt i leith chomh luath seo! Dar fiadh! Is righ-bhreagh an chosamhlacht atá rómpab, gan pioc déanta, gan sméaróid 'san teinidh, an bothán 'n-a chírthuaithbhill, & an bean & an inghean ar cuairt! Nach beag an ghraithe a bhí ag fear canntalach crosta mí-fhoighidneach 'san teach seo, acht T. (glór garbh Thaidhg amuigh). — Leig isteach. Támuid fré chéile annseo, a Shiubhán. Ní raibh aon chall agam dul thar an Tóchar mar casadh dhom iad ag bualadh aníos agus mar sin, buidheachas le Dia, níor bhain aon mhoill dom mar cheapas. M. — Tá faitchíos orm gur dhearmadais é siud a rádh le Peadairín, ariú, bhí ar bhéal an bhealaigh romhat ag dul soir dhuit, agus cruadhóg a bhfacaidh tú 'riamh agam
leis an teara & an mapa, mar ní'l liobar croicinn ar mo ghleóiteóigín curraigh de cheal grábhála. Tadhg. — Dhá mbéadh sí gan sgiolltar croicinn go bráth níor chuimhnigheas air le neart deabhaidh. Acht an bhfuil maith ar bith dhom a bheith ag cainnt leat, a Shiubhán? Ní hé seo an chéad uair a rinnis neamh-shuim i m'ordughadh dhuit. Sgaoil isteach muid, adeirim; nó an bhfuil sgrubal ar bith agaibh istigh annsin dúinne atá bhur gcuid roighintis a choinneáil amuigh faoi an múrghail dhomáistigh seo? M. (ag osgailt) — Tigidh isteach anois go mín réidh socair éadtrom-chosach, nó má dhúisigheann sibh an leanbh atá go sámh 'n-a chodladh agam nuair a thiocfas Siubhán aníos as tigh Mhághnuis i n-a bhfuil Cáit ar cuairt, tá mé cinnte dearbhtha go mbéidh sí ar buile le cuthach & tadhad. Go réidh anois, a Thaidhg. Ní'l ar an doras acht an bolta, agus bíodh foighid agat. Dheamhan aithne ort nach maide Éamuinn atá leis le do chuid guailneála. M'anam, maise, an bhfeiceann tú, nach mbéadh mo dhóthain mhór le déanamh agam agus a fhosgailt daoibh! T. (go dána garbh) — Buail pléisg de do ghlúin ar an doras i n-íochtar, annsin brúigh dhíot amach é go teann fórsach tapaidh, croch suas é annsin as íochtar chomh maith 's is féidir leat, cuir an ghlún cheanann chéadna a bhuail an phlaidhb air i n'éadan annsin, agus coinnigh mar sin é. Beir annsin go deas réidh ar an mbolta, agus má chinneann sé ort a tharraingt diabhal fhios agam-sa go cé an chaoi a mbéidh sé. Sin é an chaoi ar fhosgail mé fhéin é go minic do Shiubhán ar feadh an áirneáin. M. (ag cneadach i n-éadan an dorais) — Tá sé agam sa' deireadh, agus isteach libh; acht tá an bolta briste, an ursainn corruighthe, an fár-dhoras contabhairteach & bagarthach, acht mo lom dubh dubhach, agus mo chreach chráidhte go deó! tá mo ghlún donuighthe, an cúpán as áit agus mé basgtha ag an bpléisg dhomáistigh a thug mé dhom féin i n-éadan cláir dharaidhe an dorais.
T. — Go sábhalaidh Dia muid, tá tú basgtha, a dhuine bhoicht! Acht béidh 'chuile shórt ceart amach annseo. Suidh san gclúid agus bain gail as an bpíopa go fóilleach. Tabhair congnamh dhó, a Dhiarmuid. Sín uait amach í. Cuir dornán tuighe faoi, a Sheónaic, agus b'fhéidir go mbéadh sé go maith ar ball. Seónac (le Diarmuid i gcogar). — Ara, dheamhan lá riamh nach raibh an dream sin ag áidhbhéil. Cuirfead-sa geall leat nach bhfuil faic ar an mbuachaill báire sin acht ealadhain. Tá sé ag súil le teasachan agus strioncán le n'ól, a mhic ó. Sin é a bhfuil de bhasgadh air. Mh'anam go bhfeicfidh tú gurab é. Beódhóchaidh sé suas ar ball, deirim-se leat. T. — A Thighearna na Trócaire, cé an sórt cóir agus cuma tá fágtha ar an teach so! Nach maith a bhí a fhios agam gur mar seo bhéadh sé. Thar éis an fhógra thug mé dhi sul mar d'imthigheas gach rud a bheith i ndeagh-chaoi nuair a thiocfainn fhéin agus na daoine groidheamhla seo, ní cosamhail gur chuir sí suim cnaipe gan chois 'n-ar dhubhairt mé. Dearóil aosta príosta! Nach beag an dochar dhom náire a bheith orm ag tabhairt cuiridh na féile dhíbh, a dhaoine mhuinnteardha, agus laghad dá chosamhlacht atá ar an mbothán seo. Nach deacair dhom foighid a bheith agam léithi thar éis na faillighe clam- paraighe atá déanta aici sa' méid adubhras léithi, agus nach deacair dhom a rádh go bhfuil mórán smachta ná comhairle agam faoi dhíon an tighe mhí-ádhsaigh seo. M. (go lag-ghlórach san gclúid) — Maise, mh'anam go bhfuil an páiste ag biorrughadh suas agat anois, & nach bhfuil a fhios agam-sa cé an chaoi a mbéidh sé nuair a thiocfas sí fhéin ar ais. Diarmuid. — Mh'anam go sílfeá go bhfuil tú fhéin ag biorrughadh suas, agus ag éirghe beagán níos spleódaraighe freisin, bail Dé ort. M. — Och! 'Sé do thruagh dhom é! Ara, a dhuine, bhí an t-ádh orm nach ndeárnadh sprúdhánaí de mo spreangaidíbh. Dheamhan cos a bhéas mé i n-an a chur fúm an rabharta seo. Tá mo chnaipe déanta anois thar ariamh. A Thaidhg, dheamhan fhios agam-sa cé an
chaoi a mbéidh sé eidir thú féin agus Siubhán faoi gur dhúisighis an t-óglaoch. Ó, is olc an phian í! — Ó, cé an chaoi ar féidir fulaing léithi chor ar bith! T. — Mara bhfuil fhios agat-sa é tá fhios agam-sa é. Caithfidh an rud adéaras mise a bheith déanta nó béidh a fhios agam cé an fáth. Mh'anam go gcaithfidh! Ó chuir an ghrian a gob aníos indiu go ndeachaidh cárr an phosta soir tráthnóna ag ceathramhadh thar éis an sé bhí mé amuigh ar an bhfairrge faoi dhoininn agus báistigh ag a iarraidh bheith ag breathnughadh i ndiaidh na bpotaí, ag tógáil shíl, & ag coimhlint le muca mara mar tá a fhios agaibh, agus thar éis m'anró & mo thrioblóide ag a iarraidh bheith ag troid leis an saoghal, agus ag a iarraidh bheith ag coinneáil an bhotháin i dtoll a chéile, seo é an cútiughadh atá mé a fhágháil ó'n té a bhfuilim ag dul thríd an méid sin ar a son. Nach bhfuil sé i n-an fear ar bith a liathchan, a chomharsanna, agus nach beag an t-iongnadh mé a bheith ag cailleadh an chroidhe mhóir a gheall Dia dhom? Tá bladaireacht le fágháil go maith uaithi, acht, dar fiadh, ní sheasfad-sa le bladaireacht, clabaireacht, ná tada de'n tsaghas feasta, nó is cruaidh an cás é. S. — Ní mheasaim go bhfuil aon chall clamhsáin agat, a Thaidhg, mar sin. Ní'l a fhios agat mar atá daoine eile! Tá deagh-bhean agat, a mhic ó, agus bean ar chóir dhuit a bheith bródamhail agus uaibhreach aisti — T. — Bródamhail agus uaibhreach! Go dtugaidh Dia ciall duit! S. — Bean gan leisge gan diúltadh, agus bean gan bíodán ná anachain T. — Bean ghleárach, ghleódhach, mhí-stuamhdha, ragair- neach, ghearr-'ubalach, b' fhéidir a b' fhearr a d'ainm- neóchthá í! S. — Á! dún do chlab. Ní headh, acht bean lághach, charthannach, shubháilceach, fhial, dheas-labhartha, dheis- bhéalach a bhfuil an croidhe agus an t-anam san áit chirt innti. T. — Ní'l a fhios agat cé an sórt mná í. Fiafruigh dhíom-sa é. Ná trácht ar charthannas ná subháilceas, acht
ar dhíomhaoineas, droch-mhúnadh, fuar-chúiseacht, stuaic, & peatuigheacht, agus tógfad uait é. S. — Tá tú ró-chruaidh ar fad uirthi, agus ní chuirim suim deich triuf ins an méid aoidiughadh atá tú a thabhairt uirthi. Is ort a bhí an t-ádh & an t-amhantar an lá sonasach ar sguabh tú leat í ó'n bpátrún agus a liachta fear óg spéireamhail groidhe faoi na bhóna geal agus a bhríste colpach a raibh súil na glasóige aige 'n-a diaidh. Nach minic a bhínn ag a rádh le Peig gur dheacair a rádh cé an duine de dhá'réag a mbéadh sí aige agus nach beag an duine a cheapfadh nuair a bhíodh sí ag teacht ar cuairt go tigh Mháirtín go meangach i n-aois a naoi mbliadhan déag gur ab ag Tadhg Bhudalán gliomadóir a bhéadh sí i ndeireadh thiar thall, acht bhí sibh i ndán dá chéile ag Dia, agus níor bh' fhéidir dul thairis sin. T. — Maise, mh'anam gur fíor dhuit an méid sin, ar chuma ar bith. Is beag an ceapadh bhí agam fhéin tráth ar thosuigheas ag spalluigheacht léithi ar dtús go raibh aon bhaoghal go raibh sí ag cur aon tsuime in mo chuid bladair, agus, 'ar ndóigh, cheap gach duine gur ag déanamh fonomhóide dhíom a bhí sí nó gur chruthuigh mise go mín réidh socair nár bh'eadh an tráthnóna úd nuair a ghreadamar linn ó'n bpátrún. Tá an clampar uirthi le cuarta, sin é an locht is mó tá agam uirthi, agus is cuma léithi 'sa gcat marbh céard adeirim léithi. Tá na gnótha gan a bheith anocht ar chuma ar bith eidir í fhéin agus a hinghean, agus cuirfidh mé cnaipe libh go mbéidh siad féin ag cur an mhilleáin ar a chéile nuair a thiocfas siad. D. -Ara, maise, a mhic ó! Mh'anam gur corr- dhuine atá mar badh mhian leis, agus gur deacair duine fhágháil gan a ghearán clamhsánach fhéin a bheith le déanamh aige, dá mbéadh fhios agat é. B' fhearr dhuit an saoghal a ghlacadh go réidh, mh'anam! Dhá mbéadh aon tuairim agat mar atá daoine eile agus laghad de'n tsochamhlacht atá aca, agus iad ag coinneáil a mbéal ar a chéile, nach mbéitheá leath chomh casaoideach.
T. — Mo bhéal a choinneáil ar a chéile, go deimhin! Ní thiubhrad-sa cinnireacht do dhuine ar bith orm — na ceap é. Tá mé fada go leór ag cur suas le stiúradh ó dhaoinibh cuartacha cabacha conóracha; acht, dar an leabhar seo! ní bhéidh sé le caitheamh in mo bhéal feasta. Caithfidh pointeáltacht, stuaim, deiseacht, agus umhluigheacht a bheith 'sa teach seo, nó béidh a fhios ag Tadhg Bhudalán cé an fáth — (Buailtear an doras & tosuigheann an siosga taobh amuigh. Fosgluigheann Seónac an doras, & buaileann an mháthair agus an inghean isteach i ndiaidh a chéile go teann fuinneamhail. Croitheann Tadhg a chloigeann, breathnuigheann amach ó n-a mhalaíbh ar Cháit, agus annsin ar Shiubhán, annsin bhéireann sé súil ar fud an tighe, croitheann an cloigeann arís, agus ag tabhairt a aghaidh go feargach fíochmhar ar Shiubhán deireann):— Mo mhallacht do'n lá mí-ádhmharach ar greamuigheadh dhíot mé! Nach é mo chroidhe atá briste agat, a dhabaire de chlabaire gan chiall, gan náire, gan chaoith- eamhlacht, mara postamhail fuinniméadach a bhuaileas tú isteach chugainn, thar éis a bheith ar do ghogaide ar cuairt i dteach na muinntire eile ó d'imthigheas, agus nach righ-bheag an dochar dhuit náire a bheith ort dhá mbéadh a fhios agat céard é. (Níor labhair ceachtar acab smid, & níor leigeadar dur astab nó gur sguir sé dhá chuid díblighthe.)
Óráideacht. A cháirdí chroidhe, — Tá áthas mór agus aoibhneas ar mo chroidhe a bheith annseo indiu ag cruinniughadh breág Gaedhealach mar é seo. Tá roinnt aithne againn ar a chéile cheana & le congnamh Dé béidh aithne níos feárr againn ar a chéile feasta. Is é seo an chéad uair agam a theacht os cómhair muinntire an pharáiste seo ag cruinniughadh puiblídhe le beagán a rádh i dtaoibh cúise 'ar dtíre agus 'ar dteangadh dúthchais. A cháirde, ní móide go bhfuil ar thalamh na hÉireann ceanntar ná paráiste chomh háluinn chomh taithneamhach agus chomh fíor-Ghaedhealach leis an bparáiste seo. Shiubail mé ar fud na hÉireann agus dh'á óige dh'á bhfuilim is iomdha áit bhreágh áluinn a chonnaic mé ní hé amhain i nÉirinn acht i dtíorthaibh eile agus deirim go dearbhtha nach bhfacas fós aon áit a sháruigh le áilneacht le deiseacht & le Gaedhealtacht ar an áit bhreágh aoibhinn aerigh a toghadh agus a ceapadh le haghaidh Choláiste Chonnacht. Agus anois, a cháirdhe, ó thráchtas ar Choláiste Chonnacht chor ar bith ní bhéadh sé ceart ná cóir agam an fhaill seo a leigean tharm gan a innseacht dhíbh chomh buidheach agus chomh fíor-bhuidheach agus tá na mic léighinn agus mé féin ag chomh lághach fáilídhe soineannta agus tá sibh linn 'sag an gcaoi a dtugann sibh gach cabhair agus cógnamh dóibh seo a thagas chugaibh i bhfad agus i ngearr leis an nGaedhilge a fhóghlúim agus a chleachtadh annseo in bhur measg. Tá na mic léighinn lán bhuidheach agus tá mise agus lucht stiúrta an Choláiste fíor-bhuidheach go cinnte 'Sé mo bharamhail nach bhfeadfaidhe aon áit nios feileamh- naighe fhághail le haghaidh Coláiste Gaedhealaigh ná an áit seo. Tá an Ghaedhilge is Áilne, is binne, & is blasda ann dá gcualas i n-áit ar bith i nÉirinn. A! a cháirde chroidhe, fairíor dóighthe deacrach! — nach bhfuil
tuairm cheart ag gach duine dhá bhfuil annseo cé mhéad is fiú paráiste Gaedhealach mar é seo; agus anois, impíghim agus athchuingím oraibh i n-ainm Dé agus Mhuire seasamh go dílis dhúthrachtach i gcómhnuidhe do theangaidh Bhríghde & Naomh-Phádhraic — an teanga a cheap Dia féin do mhuintir na tíre seo. Támuid annseo indiu le impíphe agus athchuinge oraibh éirge suas go láidir teann & seasamh go daingean docht ar son na Gaedhilge. Táthar ag cur i n-umhail díbh cé an dualgas mór atá oraibh ag “Éire ghlas na bhfiann” agus ag gach a bhfuil fighte fuaighte le fíor-náisiúntacht agus céard a thuigmid le fíor-náisiúntacht? Agus céard atá fighte fuaighte le fíor-náisiúntacht agus nach féidir a dhealughadh uaithi go deó na ndeór? Cé'n t-aon chosainteóir mór atá i n-an spíoraid na saorsachta agus an fhíor-shpioraid náisiúnta a choinneál go bráth go beó bíodhgamhail agus go lonnrach soillseach ar lasadh? Deirim-se gurab í teanga tíre an cosainteóir is láidre, is éifeachtaighe agus is treise i n-aghaidh an námhad. Gan a teanga féin ní féidir le tír chroidhe slán folláin a bheith aici, ná chroidhe glan gléigeal acht an oiread. Agus an tír a bhfuil a croidhe fabhtach, tá an bás i ndán di de bhuidheachas de'n tsaoghal agus tá sí i ngar d'á bheith i ndeireadh na déithe. An tír atá gan a teanga ar leith féin — an tír 'n-a bhfuil teanga an chreachadóra & an sgríosadóra fá mheas agus a sean-teanga féin fá dhíth-mheas agus fá chois — Dia go bhfóiridh Sé uirthi! Tá sí ar chaoi nach bhfuil ceart ná cóir. Tá sí ag dul i n-aghaidh tola Dé féin. Tá sí ag dul i n-aghaidh nádúir. Agus ní'l aon bhealach le na haghaidh, ná aon chasán aici le gabháil acht bealach a basgtha. Tá a cuid róthaí ag casadh tuaithbheall; tá a croidhe ag lobhadh agus ag tabhairt uaidh; tá sí ag cailleadh a bríghe & a nirt i leabaidh a chéile; tá sí gan meas uirthe féin; gan meas ar a stair ná ar ghníomhartha a laochra; gan croidhe gan sprid; gan tada acht an donas & an mhí- ádh; 'n-a cadhan aonraic i measg na náisiún — gan i ndán di sa deireadh acht-an bás! A! a cháirdí, an
léigfimid d'ár dtírín dil féin — “Oileán an Naomh & na mbárd” — a dhul an casán mí-ádhsach seo? An léigfimid í i mbealach a basgtha? An sgaoilfimid bóthar léithi ar bhealach an mhí-áidh mhóir go Sasana le bás fhágháil? An leigfear di bás fhágháil? An leig- fear? Nár leigidh Dia! Tá ár dtírín díl i gcontabhairt má fhághánn an Ghaedhilge bás. Mara gcoinnighimid 'ar dteanga féin, 'ar nósa féin, 'ar gceól & 'ar ndamhsaí féin, sin é an casán atá rómhainn agus sonas, séan, sógh, ná saoirse ní'l i ndán dúinn. Go dtí le goirid féin bhí muinntir ná tíre seo ag imtheacht i ndiaidh a gcinn rómpa ar an mbealach mhí-ádhsach gallda. Go dtí le goirid féin bhí an gall- dachas agus a chomhluadar ag breith greime níos láidre gach lá ar inntinn an Ghaedhil. Tugadh sgolta dhúinn 'n-ar ceileadh orainn eólas ar stair, an theangaidh & ar litridheacht na tíre. Ní raibh rud ar bith ó'n dream Gallda a thug dhúinn iad acht sglábhuidhthe sásta macánta a dhéanamh dhínn & sinn a bheith sásta le bheith 'n-ar leath-Shasanaigh gan eólas ar ár dtír na suim ar bith inti. Béasa, nósa, agus cleachtaí an tSasanaigh sgaipeadh ar fud na tíre, agus i n-éinfeacht leóbhtha tháinic an galldachas, an tseóinínteacht, an truail- leachas, an ghlincíneacht, agus gach ceólántacht, postamhlacht agus suairaighil dhá mheasa. Acht míle altughadh le Dia chuir Connrad na Gaedhilge cosg ortha sin. Tá an galldachas i n-íochtar, agus ní theas- tuigheann uain anois acht congnamh na nGaedheal le 'n-ar dteanga a shábháil, & an tír a chur ar bhealach a leasa. Is iomdha caoi ar féidir linn cuidiughadh le rath & rathamhnais a chur ar an tir arís. Tá a dhualgas féin ar gach duine againn. Acht tá dualgas ar leith oraibh-se a aithreatha agus a mhaithreatha. Ar son Dé labhairidh an Ghaedhilg leis an aos óg. Mara mbídh an teanga dhá labhairt caithfidh sí bás d'fhághail agus deirim-se an t-athair nó an mháthair a bhfuil an Ghaedhilge aca go beó binn blasta agus nach labhrann acht Béarla briste le n-a gcloinn gur mór atá le freagairt aca. Chuirfeadh sé dólás ar chroidhe Gaedhil
ar bith tabhairt fá deara comh práinneach is tá cuid d'aos óg na tuaithe sa mBéarla agus laghad a bhfuil de shuim aca na dteangaidh féin. Tá sórt dalladh mullóg ag gabháil dóibh. Measann siad nach bhfuil áilneacht ná filidheacht árd-smaointe ná léighinn 'n-a dteangaidh féin. Agus go bhfóiridh Dia ortha! ceapann siad, 'ar ndóigh, go bhfuil Béarla breágh blasta galánta aca! Ní'l sa domhan go léir teanga is áilne agus is binne ná ár dteanga féin. Ní'l sgoláire d'á léigheanta sna hárd-sgolta is mó cáil sa nGearmáin & sa bhFrainnc agus i dtíorthaibh eile nach bhfuil árd-mheas aca ar an nGaedhilg. Casadh cuid aca orm an geimhreadh seo cuaidh tharainn san Eilbhéis agus i bParrthas agus tá fhios agam céard adubhradar. Tá bean-uasal ó'n nGearmáin againn sa gColáisde a bhfuil cúig teangthacha aici ceana & tá sí anois ag oibriughadh ar chroidhe a díchill ag fógluim na Gaedhilge. Tá duine uasal óg léigheannta againn as Oxford freisin agus tá mac léighinn óg ó Bhonn san nGearmáin ag teacht an mhí seo chugainn.
Litreacha. An chéad litir Ghaedhilge d'ár sgríobh Mícheál Breathnach. Do Fhear Eagair An Chlaidhimh Soluis. Lochán Beag, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. A Chara, — Is minic le bliadhain a smaoinigheas ar chúpla focal do sgríobhadh chugat le n'innsint duit a fheabhas 's tá an Ghaedhilg agam. Mar chíonn tú, táim ag maireachtáil i gConnamara, an áit nach gcluinfeá focal acht Gaedhilg aon am san lá, ná aon lá 'sa mbliadhain. 'Sí an Ghaedhilg an teanga nádúrtha a chualaidh mé & do labhair mé ó'n gcliabhán, & do labhraim gach am, & le congnamh Dé a labhró's mé go bródamhail blasta ins gach áit & gach tráth is féidir liom é. Ní'l aon chall agam a rádh go bhfuil fíor-mheas & mór-ghean agam ar theangaidh ghlé bhinn mhilis ar dtíre dúthchais féin. Tá sé trí bliadhna, tuairim, ó thosuigheas ag foghluim leis an nGaedhilge a léigheamh & do sgríobhadh. 'Ar ndóigh, bhí mé ábalta ar í a labhairt go blasta agus go breagh nuair a thosuigh mé & dá bhrígh sin tá fhios agat nach bhfuair mé cruaidh ná deacair í le foghluim. Thar éis trí mhí bhíos ábalta ar í léigheamh maith go leór. Annsin thosuigheas ag fágháil an Chlaidhimh & fághaim beagnach gach uile sheachtmhain ó shoin é, & deirim lé fírinne leat nach bhfuil aon pháipéar i nÉirinn a bhfuil oiread gean' agam air leis an gClaidheamh, a thugas oiread sásaimh dhom leis, ná is mó thaithnigheas liom ná é. Tá dhá charaid agam, fear pósta nach bhféadfadh fear ar bith bheith níos tír- ghrádhamhla ná é, darab ainm Pádraig Breathnach, &
buachaill óg ciallmhar, socair, múinte tuigsionach is eadh an dara duine, darab ainm Pádraig Ua Cois- dealbha. Tá siad 'na dtogha Gaedhilgeóirí, ábalta ar í a léigheamh gan aon strómh, & táid anois ag obair go dian dúthrachtach ag fóghluim na sgríbhneóireachta & na litreach. Léigheann sinn an páipéar Gaedhealach gach oidhche Shathairn i gcuideacht, & mar sin fághmuid an sásamh i n-éinfheacht. Ná habradh aon duine go bhfuighidh an Ghaedhilg uasal bás go bráth i gConnamara. Ní bhfuighidh an fhad 's bhéas fraoch ar na sléibhtibh & feamainn dearg ar na cladaighibh. Ní fhéadfadh aon áit i nÉirinn na bhFiann bheith níos Gaedhealaighe ná an ceanntar mór, leathan seo. 'Seo é an áit gan bhréig a gcloisfeá na sean-sgéalta, na hamhráin bhinne & an fhiannuidheacht iongantach ar feadh oidhcheannta fada greannamhail an gheimhridh. Éireannach ar bith chaithfeadh oidhche i measg na mbuachaillí bhíos cruinnighthe i dteannta a chéile ar na teaghlaighibh d'amhdóchadh sé gur fíor mo ráidhte. Ní'l ag na páistíbh acht Gaedhilg, ní chloiseann siad acht í, & 'ar ndóigh ní'l siad ag iarraidh acht í. Mo chrádh! nach bhfuil an sgéal amhlaidh ag páistibh i n-áiteachaibh eile ar fud na hÉirinn. Tá an Ghaedhilg dá múnadh in beagnach gach sgoil 'san cheanntar seo do Chonnachtaibh ar a dtugamuid “Cois Fhairrge.” Tá amhras orm go bhfuil tú tuirseach ag a bhfuil mé a rádh. Acht tá mé ag a cheapadh gur maith leat mé ag sgríobhadh chugat ar chuma ar bith agus a thaisbeánadh dhuit go bhfuil sgríbhneóir Gaedhilge eile i gConnamara, nó Cois-Fhairrge, badh chóir dhom a rádh, nach raibh fhios agat go raibh a leitheid ann ar chor ar bith. Bhíos ag Féis na Gaillimhe & fuaras dhá dhuais. Ní raibh mé ag aon Fhéis cheana ariamh. Le congnamh Dé sgríobhfaidh mé chugat anois is arís feasta ó mhúsgail mé ó'n trom-shuan bhí orm le fada i dtaobh sgríobhtha. — Le meas mór, “Cois-Fhairrge.” Meadhón Foghmhair, 21, 1901.
An dara litir do sgríobh sé. Connradh na Gaedhilge, Lonndain, An 4mhadh lá de Dheireadh Fóghmhair, 1901. A Chara, — Ní'l sé acht tamall gearr ó sgríobhas chugad cheana & chuir sé bród mór orm mo litir d'fheicsint fá chló. Bhíos an t-am sin i dtír ghlais na hÉireann i measg mo mhuinntire & mo ghaolta, acht thuit sé amach gur cheapas go mb' fheárr dhom imtheacht ó shoin, & mar sin, táim le seachtmhain annseo i gceart-lár chathrach Lonndan, &, 'ar ndóigh, is mór an t-athrughadh é seachas an ceanntar Gaedhealach de Chonndae na Gaillimhe d'fhágas. Go deimhin 's go dearbtha is áluinn an gnó atá ar bun ag Connradh na Cathrach seo. Is dóigh liom nach féidir le héan-bhuidhin nó Connradh Éireannach ar bith eile a bheith níos dílse ná níos dúthrachtaighe do chúis na teangan ná na fíor-Ghaedhil atá annseo i bpríomh-chathair ár námhad ag obair go dian, bríóghmhar, croidheamhail, neamh-eaglach chun ár dteanga mhilis ársa d'fhóghluim, d'aithbheodhughadh, & do leathnughadh. Tá siad ag cómh- oibriughadh le chéile go taithneamhach & go feileamhnach & ag déanamh gach a bhfuil n-a gcumas le n-a sparán & le n-a ngníomharthaibh go sásamhail toilteanach chun í chur ar aghaidh chomh láidir 's nach féidir léithi meathadh go lá an Luain 'n-a measg. Tá an iomad daoine idir bhuachaillíbh & chailíníbh ag foghluim na Gaedhilge 'san gcathair mhóir iongantaigh seo. Thosuigh sinn ar na ceachtaibh 'san oidhche Dia Luain seo chuaidh tharainn ag halla an Athenéum. Bhí an halla líonta de Ghaedhealaibh & b'áluinn an radharc an obair bhreágh thaithneamhach bhí ar siubhal ann ó'n seacht go dtí leath-uair thar éis an deich d'fheicsint. Bhí chomh maith le céad duine do thosuigh ar an obair ann an oidhche sin, & ba shoiléir as an taithneamh thugadar dá ngnó, an mhór-shuim do chuireadar ann, & an chosamhlacht bhí ortha ar feadh na hoidhche go bhfuil a gcroidhthe te i dtaoibh cúise na Gaedhilge, & go mbéidh siad buan-tseasmhach san obair shuairc, thír-ghrádhamhail
bhéas ar bun acab feasta. Bhí cúigear is fiche ag léigheamh an “Chlaidhimh Soluis,” & is féidir liom a rádh gur an-mhaith uatha sin do dhéanamh. Tá an blas & an chanamhain cheart acab chomh maith 's dá mbadh i n-íochtar Chúige Mumhan, nó ar shléibhtibh fiadháine uaigneacha fraochmhara Chonnamara phiocaidís suas é. Do bhí amhráin againn i gcuideacht do thóigfeadh do chroidhe, & leis an oidhche do chríochnughadh go sultmhar sásamhail do gach duine sul sguir sinn do bhí rinnce fada ann faoi stiúr fir atá eólasach ar rinnce Ghaedhealach, &, go deimhin, táim cinnte go raibh croidhe gach duine éadtrom le lúthgháir & le bród fhad 's bhí an rinnce áluinn úd ar bun. Má bhí gach duine dá raibh 'sa láthair chomh bródamhail & bhí mise — & táim deimhneach go raibh do réir gach cosamhlachta — chuadar abhaile go háthasach aoibhneasach ag machtnamh ar an oidhche ghreann- mhair Ghaedhealaigh bhí acab. San oidhche Dia Máirt do bhí sgoruidheacht againn ag Halla Bhellington. Bhí eagla orainn nach mbéadh mórán daoine ann mar bhí an tráthnóna an-fhluich, acht mar sin féin níor choinnigh sin uainn ár gcáirde Gaedhealacha & tháinic an oiread sin 's nach raibh slighe ag a leith, beag nach. Bhí go leór acab 'n-a seasamh de cheal áite, le n-a raibh de dhaoinibh ann. Dubhairt na Gaedhil seo atá i Lonndain le fada nach bhfacadar aon sgoruidheacht fós 'n-a measg bhí chomh maith leis. Ba shólásach an obair bhí againn ann. Do bhí aithriseóireacht, seinnm, píobaireacht & rinnce againn go dtí a haon déag 'san oidhche. Nach áthasach & bródamhail a leitheid de chruinniughadh Gaedheal d'fheicsint oidhche bháistighe i gceart-lár chathrach Lonndan i measg ár ndearg- námhad. Is fíor an sgéal go bhfuil clanna Gaedheal ag músgailt ó'n gcodladh & go bhfuil siad ag ullmhughadh chun cath na teangan do throid gan faitchíos, & chun an Ghaedhilge mhilis, chruthóchas choidhche gur fiú iad & go dtuilleann siad Éireannaigh a thabhairt ortha, d'fhoghluim, do sgaipeadh & do choinneáil beó an fhad 's bhéas tonntracha Chuain na Gaillimhe ag nigheachán Cladaigh “Chois Fhairrge.” 'San oidhche Dia Céadaoin do thosuigh an gnó san gceanntar thiar de Lonndain ag áit a
ngoirthear “Bermondsey” air. Do bhí cruinniughadh breagh eile againn annsin. Thosuigh chomh maith le dhá fhichid duine an chéad leabhar, & ní raidh súil agam go mbéadh sé 'n-a gcúmhachta an chéad cheacht d'fhóghluim chomh héasgaidh, ná an chanamhaint cheart do phiocadh suas chomh luath. Fuaradar an-tsásamh 'n-a n-obair & tá dóchas agam gur an-ghearr go mbídh siad ag sguabadh thríd an dara leabhar go misneamhail dána. Do bhí buidhean eile 'san tseomra ag léigheamh an tríomhadh leabhair. Cailíní is eadh iad beag nach go léir & go deimhin creid mé gur deas mín milis uatha an léigheamh do dhéanamh. Go bhfágaidh Dia sláinte neart & brígh ins na mnáibh óga tír-ghrádhamhla seo. Nár cheart go mbéidís mar shompla ag an iomad cailíní péacach eile atá faoi throm-shuan an ainéolais & gan suim 'n-a dtír ná 'n-a dteangaidh, fairíor & is gearr uainn an lá le congnamh Dé nach mbéidh mórán measa ar aon óg-mhnaoi nach dtaobhóchaidh leis an gcúis & nach mbéidh eólas aici ar theangaidh na nGaedheal. 'Ar ndóigh, ní'l mé ag tógaint páirte na bhfear n-óg nach dtuilleann aon mholadh, mar tá cuid díobh neamh- shuimeamhail i gcúis na tíre & mí-dhílis chomh maith innti is dá mbadh 'n-a gCockneys do thóigfidhe iad. Is é mo ghuidhe go mbadh luath fheicfeas sinn an lá a mbéidh ár bhfir & ár mná óga go léir dílis dúthrachtach geanamhail ar a dtír dhúthchais & eólasach ar theangaidh ársaidh mheasamhail na hÉireann. D'fhágas-sa áit darab í an Ghaedhilg uasal an teanga choithcheannta & le fírinne, cé gur léigheas & gur chualas árd-cháil i gcomhnuidhe ar an gConnradh atá annseo, níor cheapas gur bh'fhéidir leób bheith a thríomhadh cuid chomh maith oibreamhail & tá fhios agam anois go bhfuilid, & 'sé mo bharamhail dá siubhailteá an chruinne nach bhfuightheá buidhean Éireannach i gcoigcríocht níos dílse ná níos spioradamhla i gcúis na Gaedhilge ná iad so atá annseo i bpríomh-chathair an domhain. Go mbadh bhuan-tsaoghalach bhéas siad; is aoibhneasach, is sásta atá mé fá bheith i measg a leithéidí de Ghaedhealaibh — Le meas mór, Mise, Míchéal Breathnach.
Filidheacht. Smuainte an deóraidhe ó Éirinn. Fonn:— “Eóchaill.” I. Mo chrádh go n-éagad nach bhfuil mé 'nÉirinn, Ar bhántaibh féarach' “Oileáin na Saoi!” Le bliadhanta fada faoi bhrón gach tréimhse 'Sna Státaibh Aontuigh'e tá mé, mo dhíth! Gan aoibhneas, sólás, ná suaimhneas lae 'r bith, Go síorruidhe smuainighim ar Inis Fáil, 'S mo chroidhe 'ghá réabadh i lár mo chléibhe Faoi dhuibhshion shaoghalta go síor 'ghá chrádh! II. Tráth rabhas im' óglaoch go croidheamhail spórtamhail, Bhí mé faoi shólás i gCríochaibh Fáil, Acht tháinic athrughadh 's do mheasas seóladh Ar thóir an óir bhuidhe go 'Meiriocá; Éire gheanamhail bhocht, céad fairíor! d'fhágas, 'S thugas “Slán” di ó lár mo chroidhe, 'S nach deacrach cráidhte bhí athair 's máthair 'S mo cháirdí grádhmhar' bhí leób ag caoi'! III. Annsin 'seadh ghluaiseas gan croidhe ná suairceas, A Dhia! níor bhuadhartha a bhíos gan fáth! Bhí an cúpla lúbach faoi bhrón 's uaigneas 'S a gcroidhe faoi dhuairceas im' dhiaidh go bráth; An mac ba mheasa leób bhí dul thar sáile, Gach slighe 'gus fágháltas do gealladh dhó, Acht é d' fhanacht leób i measg a cháirdí Is gan iad fhágáil go síor gan sógh.
IV. Annseo go cinnte 's mé tuirseach claoidhte, Do ritheann mo smuainte shiubhal oidhche 'gus ló Do'n oileán gheanamhail úd taobh thall de'n taoide 'Na rabhas go haoibhneach 's go síor faoi bhród; Na daoine fearamhla bhí cumhachtach bríoghmhar 'Na cáirdí dílse bhíodh liom ag spóirt 'S gach cleas 's siamsa dhá mbíodh 'sa tír úd Béidh siad im' chuimhne go dtéighead faoi'n bhfód. V. Anois, a cháirdí, ó táim go fann lag 'S nach bhfuil sé i ndán dom bheith 'rís go deó Ar shléibhtibh árda 'gus gleannta áilne Na tírín breágh' úd 'na rabhas go hóg, Comhairle tógaidh anois ó'n deóraidhe, Ní'l croidhe ná sólás annseo le fágháil, Acht doilgheas saoghalta i bhfad ó ghaoltaibh 'S an croidhe 'ghá chiapadh faoi bhrón 's crádh! VI. 'Sí Éire bhreágh dheas an tír is áilne, Ní innti táim-se, céad fairíor géar! Tá an aimsir ciúin ann 's an spéir gan smúit ann, Tá an Ghaedhilg mhúinte ann 'gus í 'n-árd réim. Tá innti cáirdeas, deágh-cháil 's fáilte 'S mo chroidhe bheadh sásta i Ríoghacht na nGaedheal, Acht táim i n-díbirt 's ní'l acht smuainte, 'Nois guidhfead choidhche dhuit, a thír na nGaedheal. 11/7/'02. Cois-Fhairrge. Connradh na Gaedhilge. I. A Chonnradh na Gaedhilge, mo ghoirm go héag thú! Gan duairceas 's go séanmhar go raibh tusa choidhche! Fad 's mhaireas na tréan-fhir 'tá againn i nÉirinn Is cinnte nach n-éagfaidh tú i n-Oileán na Saoi;
Na daoine breágh' Gaedhealach' tá ag oibriughadh go tréanmhar — Na buachaillí féidhmeach' 's na cailíní groidhe, An seanóir lag lúbach 's gach duine le dúthracht Anois tá siad músgluigh'e le cumhachta 'gus chroidhe. II. Bhí Éire go séanmhar i n-aimsir na Gaedhealtacht' I sean-Inis Éilge bhí subhchas 's sógh; Bhí daoine breagh' tréanmhar' ag oibriughadh le laochras Ag neartughadh na hÉireann gach oidhche 'gus ló; Bhí tréineacht 's croidhe ann, bhí buachaillí groidhe ann, Bhí sonas 's saoirse ann, 's aoibhneas rígh-mhór: Fad 's bhí acab Gaedhilg, 's nár dearnadh a séanadh, A ndealughadh ó chéile níor bhaoghlach go deó. III. Acht tháinic an Béarla, 's do sgaip sé go héasgaidh, 'S thart timcheall na hÉireann is lúthmhar a sheól, Do dhubhuigh na spéartha le sgamaill an Bhéarla, 'S d'athruigh sean-Éire ar shlighe nach raibh cóir; Do múchadh an Ghaedhealtacht i gcroidhthibh na gcéadta, 'S fágadh go héag iad faoi dhuibhshion an cheó; An cosainteóir bríoghmhar a chabhróch' go hiongantach 'S a neartóch' a ndílseacht — do thréig siad, mo bhrón! IV. Bhí fíor-shliocht na Féinne le bliadhantaibh i ngéibheann, I sglábhuidheacht 's i ngéar-bhruid, gan aoibhneas ná sógh, Faoi mhasladh gach tréimhse ag seóinínibh an Bhéarla Bhí creachadh na Gaedhilge mín' aoibhne go deó. Ó d'éirigh chomh héif'teach ar fud Inis Éilge Tonntracha an Bhéarla le fuinneamh 'gus cóir, Do sguabadh na céadta le fánaidh go léanmhar 'S sluigeadh go héag iad 'sa' sruth millteach mór.
V. Bhí Éire go fann lag, 's í fágtha go cráidhte, 'S a teangaidh mhín ársa faoi tharcuisne mhóir; Ní cleachtaoi a béasaí, 's a nósa ní déantaoi, 'Gus a stáir ní léightí — céad fairíor go deó! Acht las Dia na spéartha 'gus cruinnigheadh na céadta Do músgluigheadh na Gaedheala le cumhachta ríg- mhóir, 'Gus Connradh na Gaedhilge do chuir sí a fréamha Go daingean doimhin éif'teach 'na gcroidhthibh, mo bhród! VI. 'Sí Connradh na Gaedhilge a dhúisigh go léir iad, Is a thairngeas le chéile iad le aoibhneas 's bród; 'Sí d'athruigh na daoine le goirid go cinnte, 'S a bheódhuigh le brígh iad nach gcoisgfear go deó. An glincín 's an seóinín do ruaig sí thar teórainn, Do náirigh go mór iad 's bhasg iad ní baoghal; Tá sí 'nois go láidir, go bríoghmhar, 's go dána, 'S ag oibriughadh go háluinn i nÉirinn na naomh. VII. Mo ghrádh-sa an Ghaedhilg, 'sí ár dteanga féin í, 'S labhairfead go héag í amach ó mo chroidhe; An Béarla 'nois síos leis — ní theastuigheann ó dhaoinibh Acht teanga a dtíre 'tá aoibhinn 's groidhe. Teanga na Féinne 'nois molaim-se féin í, 'S grádhóchad go héag í fad 's mhaireas mé beó; An Béarla ní mian liom, ní'l ann croidhe ná aoibhneas, Acht teanga na tíre tá croidheamhail go deó. “Cois-Fhairrge.” Lughnasa 8, 1902.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services