Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Calendar of the Saints of Ireland
Title
A Calendar of the Saints of Ireland
Author(s)
O'Cleary, Michael,
Compiler/Editor
O'Donovan, John
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: Celtica, 1864)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ulltan Airde Breacan dochum in himuinn “Brigit be biothmait”, oir asé dorine a uersa Laidne ata na diaigh, acus ata aroen leis in dan Laidni ata uaidh le hais na bethadh so scriobh i Laidin .i. Cogitis me Fratres, acus as cosmail a stil re leabar Cill Connig, acht nach ionann gidhead.
Is ind aimsir sin tug Diarmaid Mac Murchadha, rí Laighen Dearbhorguill, inghen Murchaid mic Flainn, ben Tigernain ui Ruairc, righ Laighen acus Midhe, do réir coda do na leabhraibh, ar élódh ar scáth eigin leis.
... acus do léig a ais a Saxannuib go litreachuibh é, acus go nionnmhas.
tri fichit sguier, acus tri chéd bodha. dorinneadar longport ann nó go táinic Mac Murchadha chuca cúig céd do coimhérge. Do athdhainghnigheadar a cconnradh...
Do gabadh comarba Patruig ann, acus do leigeadar na Saxonaigh uatha é da ndeóin, acus tugadh canóin Patruig, acus ceólán Tigernuigh ar ccúl ó na Galluibh ar na bfagbháil san ár ar marbhadh a maiccléreach, acus ataid na huile mhionna ele ag Galluib go se.
Timna Cataoir, mic Feidlimidh, righ Erienn, atbath la Conn Cédchathach i ccath Muighi hAgha.
acus atpert fris tuarustol acus tiodhnacail do thabuirt dona macuibh acus do Laghnibh archéna. Do Bresol Eineachghlas, a dhara mach, cúig longa luatha luchtmhara, caoga sgiath sgeallbholgach go seamannuibh óir acus airgid, cúig chloidhimh ordhuirn, acus cuig carpait cetharriata. Do Daire Barrach, a treas mhac, tri .l. slegh seimhneach go bfeadánaibh fionnairgit, agus tri .l. cloidhemh coilgshnighthe, acus tri .l. sciath go ccubhradhuibh óir acus argait; 5 failge óir dergleghtha, tri .l. lenn lordhatha, acus secht meirgeadha mórchatha. Do rad do Tuathal Tightheach, mac Maini Mhaoil .x. ccarbait cethar riata, 5 fhichiolla, cuig branduibh, trioca sgiath go sreathuibh óir acus arguit, acus .l. claidheamh gérfhaobhair. D'Fiacha Aiceadha, a mac reisin, .l. corn craoislethan, .l. dabhach ndoinn iobhair, .l. gabhar gormghlas go srianaib, acus go mbacánaibh créumha. Do Criomhthuinn, a chuigeadh mac, .l. camán creumha go liathroidibh examhla, 5
fhichealla derrsgnaightheacha la xx mbrannamh mbrec fhoirnech, acus macaemhdacht chert choigidh Laighen. Do rad dna do Nia Corb, mac Laoghaire Bern-mbuadhaigh, mic Aongasa Osraighe, céd bó brecfhionn, óidherg acus laogh la gach da bhoin, go nasguibh examhla, céd sgiath mbiligh mbraoineach, céd craoiseach crannchorcra, céd manaois lethan ghlas; céd lenn lánchorcra; céd mileachan órdhatha .i. dealg; céd neach nioldathach; céd corn caoineagair; céd ndabach nderg iobhair; .l. carpat cumdachta, a x dhíbh cethar riata; .l. ficheall fian imbeartha; .l. brandubh; .l. bledhe buabhall bélfhairsing; .l. coire creumha; .l. meirge mór chatha, le cumas comhairle nert chóigidh Gailian.
Cill Baird i Laignibh, ni agra.
Ni dú salann leis an ccorc arán. nouum testamentum, go ccengal airgid acus gemmuibh. táinig dionnsoighidh Briain na mBarróg diarraidh caillighe do togbhail da corp. Ara leic ata isin relig cuirim an leacsa ort a Gormlaith.
Ata a bhacholl mirbuiligh dfionnbhruin .i. prás, go nairgead buailte ar fagail ag Piotar mac Eochagain. Dobhach Bercháin dofríoth go nuaidhi in uibh Failgi i bhferonn o ui Berchain, an maidi fós timchiol an uisge.
Baile Ath in Urchair i cCinel Fiachaidh, ata Tempall Daidhi .i.
bhail ar buaileadh inchinn Meisgeghra ar Conchobhar rig nUlad. scológ in aice Atha cliath, a ccen a shecht fiched bliadhun lan da chuimhni dá céill. Doberthi go minic docum fiaghnuise teorann, etc.
Ciar acus Lasar, virgines tutelares, i ttempoll porroste Domnaig móin, i bporraiste aidbairt dioc. Clocheren. i ccondae in Rig, in espugoidecht Cluana mic nois. Saoilim gurab eso Donnchadh patrun na n-iasgaireadh i cCill Clochair.
As é tra an Sguithinsi nothéighedh do Róimh in aon ló gan luing, gan artrach, agus nothiccedh uaithe doridhise, in aon ló aile. Tárla somh fecht ann do Bhairre epscop ó Chorcaicch acc imthecht an mhara dia chossaibh, acus Bairre i luing, go ro fhiarfaidh Bairre desiumh cidh fo dere dó an mhuir do imtheacht amhlaidh sin. Atbert Scuithín nár bo muir itir acht magh scothuch sgoithsemrach; acus acc so comhartha aire ag sínedh a láimhe isin muir, acus tóccbhaidh sccoith do luibhibh corcra este, acus do chuir go Bairre isin luing. Sínidh imorro, Bairre a láimh isin muir, acus dobeir bradán este, acus tilgidh go Sguithín é. As ón scoith sin beos ro hainmnicchedh Sccuithín de.
a ccondae acus a nespuccóideacht Luimnigh.
dob' áirdfhile do Laoghaire mac Néill d'áirdrigh Erenn... dorigne onóir, acus airmidin mhór do Phatraicc... Is é Diarmait dorighne an Cealtair Dicil a ndán, in ro ataigh dronga dirímhe d'apstalaibh acus do naomhaibh dhomhain, acus do naomhaibh Erenn, mar chomairce...
Así ro fhulaing mar martra ar Dhia; daol do bheith aga diúl gan fhios do neach, go haimsir imchein, gur bu méidighter orc no banbh co ro chlaoi a lethtaobh uile, acus maille ris sin a deir Cuimín Coindeire isin dan dárab tús: “Caras Pátraic puirt Macha,” nar chuir a lecu na a haghaidh re lár riamh ar gradh an choimdhe. Agso mar adeir.
Carais Mídhe mór altrom, Umhalóid trén gan toirnemh; Ni thard a leacain re lár, Riamh ar gradh an choimdhedh, etc.
Adeir Cuimin Condeire isin dán ... nach ccuiredh Féichin édach etir a thaobh no a asnach, acus an leaba no an charcair ina luigheidh. Gomadh e so Sarán do bhennaigh i tTig Sáráin i nDealbhna,...
tri derbhsethracha, acus tri hógha... Acus robtar daltadha do Comhgall Bennchair iatt...
Atad a thaisi isin mbaile cedna i scrin ata ar na cumhdach go dersgaighthe le claraibh don leth astigh, acus o umha don leith amuidh dibhsein, ar na rionnadh go roderscaighthe. Adeir seinleabhar roaosda meamraim ina bhfrith Martarlaic Tamhlacht Maoileruain, acus comhanmanna na naomh ...
do shiol Colla Uais airdri Erenn. As do ba hainm Eochaidh, mac Colla,... Ase dorighne an moladh oirdheirc do Colum Cille d'a ngoirther Amhra Coluim Cille,...
Ba dia cheid fhertaibh an leac for a ruccadh d'a bhaistedh é, nobhítís cach aga niomlochtadh uirre amach acus isteach, amhail gach n-arthrach aile, gus an oilen boi ar in loch, for a ruccadh é. Ba dia fhiortaibh fós bacán siuil bainfighidh boi illaimh Eithne mathair Maedhócc aga bhreith, baoi ina mhaide feoidhighe chruaidh chuill, do infhas fo dhuille, acus daghbhlath, acus daghthoradh ina dheghaigh; acus as marthanach fos an coll sin ina chrann úr gan urchra gan chríonadh fo ccnoibh gacha bliadhna in n-Inis Brechmhaighe, etc...
Brighit, ógh, banabb Cille dara. De shliocht Eochadha Finnfuathairt, mic Feidhlimidh Reachtmair, mic Tuathail Teachtmair, airdri Erenn dí. Broiccseach, inghen Dallbhronaigh, mic Aodha Meamair, a mathair, acus siur do Ulltan Airdebrecain isidhe, acus ise Ulltan do thionoil ferta acus miorbuile Brighde go haon maighin, acus do aithin da dhiscipul Broccan a ccuma tre fhilidhecht amail as follas isin Leabhar Iomann, .i. “Ní char Brighit buadhach,” etc. An trath dobí Moling ag tionntudh ó righ Eireann, iar bfaghail maithmidhe na Boramha o Fionnachta ri Erenn, go ghlach aithreachas muintir an righ, acus ro lensat é dia marbhadh. O doconnairc Moling sin dochuaidh i muinighin na naomh, acus do ghuidh Brighit ar tús, go ndubairt: - “A Brighit bennach ar séd,” etc. Adeir seinleabhar roaosda memraim ina bhfrith Martarlaic Maolruain Tamhlachta, acus comhanmanna na naomh, acus morán do maithribh na naomh go raibhe Brighit ag lenmain na mbés, acus na betha dobhi ag naomh Muire mathair Iosa. Así an Brighit sin tra na tucc a menmain, na a hinntinn as in ccoimdhe edh naon uaire riamh, acht a shiorluadh acus a shiorsmuainedh go ghnath ina menmain amhail as follas ina bethaidh fein, acus fos i mbethaidh naoimh Brenainn espucc Cluana Ferta. Dobi rofhial rocharthanach re haoidhedhaibh acus re lucht riachtanais. Dobhi umhal, acus doniodh aodhaireacht, acus moicheirge amhail derbhas a betha,
acus amhail ader Cuimin Coindeire isin dán darab tus, “Carais Patraic puirt Macha,” etc. Ag so mar adeir: -
Carais Brighid bennachtach Crabadh buan nar bo benta Ionghaire, acus moicheirge Feile re feraibh ferta.
Ro thochaith imorro 74 bliadhan ag foghnamh go diochra don choimdedh ag denamh fert, acus miorbhal ag slanuccadh gach galair, acus gach tedhma arcena, amail as follas ina bethaidh fein, go ro fháidh a spirat iar bforbhadh .lxxiiii. mbliadhan, amhail ro remhraidhsem, A.D.525. Acus ro hadhnaicedh i nDún in aon tumba lá Patraic mar ar hadhnacht Colam Cille iaram. Adeir betha Ciarain Cluana, cap. 47, gurab dona hocht nordaibh dobi in Eirinn ord Brighdi.
Adeir Cáin Adamnáin gurab dona naomhaibh fuair sé in urradhas mna do shaoradh ó gach sglabhaidhecht da raibhe orra Aedh epscop Slebhte.
No Glais mór ceall robui i taobh Suird indess, co tangattar Goill Inbhir Domnann chuicce, co ro marbhsat é, acus a mhuintir uile in aon oidhche, co na terno éloitheach gan mudhuccadh diob, co ndechsat i martra amhlaidh sin. Ethcen, epscop, Cluana foda i Feraibh bile i Midhe, do sliocht Laoghaire Luirc do Laighnibh dó, acus ase ro forchongair for an damh nallaidh toidheacht do threabhadh cuicce an tan tucc gradha saccairt for Choluim Cille an ionadh gradh epscoib, acus atbert an ti Colum Cille na gebhadh a naitherrach do gradhaibh an ccein bad beo, acus asedh on ro chomhaill, acus ni tainic nech riamh do gabhail gradha gus an ccill sin osin alle, A.D.577.
ro faidh Daigh eisiumh go araile muilenn i Muigh Muirthemhne, acus bolcc cruithnechta lais dia mheilt, acus fuair ben acus buachaill daos tuaithe ara chind isin muilinn, acus bolcc coirce leo dia mheilt; acus ro iarr Berach orra seal an mhuilinn, acus ni tucsat do, acus ro chuirset ar gach leith an coirce, acus an cruithneacht isin muilenn, acus ro heidirdhelicchedh ettorra isin muileann tria miorbhuilibh dé, acus Beraicch go ro ghabh an cruithnecht daoin leith, acus an coirce don leith oile gan cumascc mine dibh for araile amhail as follas ina bhethaidh...
Ba mór abstainens an tí naomh Fionntain, amhail as follas as an randso: - ...
Fionntain fial, Fionntain fial Ni ro thomhail re a ré riamh Acht aran eorna fédha, Acus uiscce crédha criadh.
Colga, mac Ua Duineachda .i. ferleighinn Cluana mic Nois. Ise dorighne an gné ernaigthe da ngoirther Sguab Crabhaidh. Is cuige tainic Pol apstol da agallaim, acus da chobhair isin slighidh gur gabh a theigh liubhar a Móin tíre an áir, acus ase do thagair tar a chenn re sgoil Cluana mic Nois, acus adeir an prologus, no an remhfocal ata roimh an urnaigthe sin, gurbo naomh, gurbo saccart, acus gurbo sgribhneoir do naomhaibh Erenn an Colga so etc. Acus dogeibhther Colga naomh, acus a gheinealach ar sliocht Dathi, mic Fiachrach mic Eachdhach Muighmedhoin, acus gomadh é an Colga so é.
As dirime ina nderna Dia dfertaibh, acus miorbhuilibh trid is na talmannaibh. Ase no fhurailedh for na clochaib lasadh la tinfedh dia anail. Ise fos dorighne iasg, mil, acus ola, don begán feola in aimsir in troisgthe an tan tainic Brenainn Birrae, acus Ciaran Cluana da ionnsaigheadh is ar cuairt, amhail as follas ina bethaidh, maille re hiomat miorbuile eile. Dobiodh i ndabhaigh fuaruisge go minic ar serc an Coimdhe dia bfoghnad. Ase noteighedh gus in carraic mara robui edh cian for muir ait a mboi a bhuime .i. Coca, gan luing gan ethar, acus noticcedh tar a ais doridhise, amhail as follas ina bethaidh fein... Do athain Ciarán a coimtionol do Dia acus do Carthach. Adeir betha Bairre, cap. 18, go raibe Muadan ó Aill Nuaitin ar sgoil ag Bairre i cCorcaigh maille re hiomat ele naomh, acus gur eadbairsiod uile iad féin, acus a ccealla do Dia acus do Barra; acus mesaim gurab é so no an Muadan ata 30 Aug. adeir, óir ní faghaim acht iad da nanmannaib is in Martarlaic.
Cairpre Crom,... epscop Cluana mic Nois, cend crabaidh ermoir Erenn ina ré. As do ro taisbenadh spirat Maoilsechlainn mic Maelruanaddh ri Erenn. Aon do lo dia mboí acc ernaighte a aenar ina reccles ier nespartain, conaca in ndeilbh ciorduibh ina dochom go ro shesaimh ina fhiadhnaisi. Ro fhiarfaidh an tepscop cuich é. Acus asbertsomh gur bo he féin Maoilsechlainn mac Maolruanaidh, acus ro innis gach earnail péine fogeibedh i Purgattóir, acus an fochann ar ro pianta é fein, acus a anmchara i Purgatoir, acus a sceala arcena. Dála an epscoip dno, ro gab ag gabail éccnairce an righ. Acus ro fhoráil for na saccartaibh guidhe ar in saccart dia thabhairt a pianaibh, acus go nguídhfedh féin for an righ. Doronsat amhlaidh ar gach leith go ceann leith bliadhna. Dia mboí Cairpre ina ernaighthe, i cend na rée sin, conaca in ri chuicce, acus é leithbhrec, acus tucc a bhuídh fris an epscop ina nderna ara son, acus ro guidhe é condernaid an ccétna co cend leithbliadhna oile. Doronsat din, tredhan acus ernaighthi díocra, acus almsana mionca co cend leithbliadhna aile; acus táinic in rig i ndelbh sholusta ina dochom, acus rug a bhuidhe fris an epscop naomhtha an doroine, acus ro innis do go rachadh dochum nimhe an lá sin, acus an saccart arna márach; acus ro fhiarfaidh Coirpre cidh fodera eisiumh roimhe. Atbert an ri gurbo he uaisle a ernaighthe siumh, acus treise a ataich seach na sacartaibh .i. da shaccart dheg bháttar i cCluain mic Nois an ionbaidh sin, etc.
Senán, epscop, Insi Cathaigh, mac Gerrginn. Do sliocht Conaire mic Modha Lamha do. Asé an Senan sin ro thairrngir Patraicc ria na ghein, an tan tangattar Corca Baiscinn tar Luimneach atuaidh dia shaighidh dia mbaistteadh. Acus atbert Patraicc friu co raibh gein amhra aca, i mbroinn mna an tan sin, no baistfedh iatt iarttain .i. Senán. Acus ro tarrngir go ngebhad Senán in inis, amhail ro comhailledh iarttain. Ar asé Senán ro bendaigh Inis Cathaigh, acus ro dhiochuir eiste an péistt ó ro hainmnigedh an inis .i. Cáthach, acus no erchoidighedh an péist do dhaoinibh acus cethraibh, conar laimhedh a haitreabhadh na a haitiuccad co ttáinic Senán, amhail atá ina bhethaidh. Adeir Cuimin Coindeire gur grádhaigh Senán easláinte do beith air, ionnas go rabhatar 30 tinnes ara chorp.
Enda, abb Arann. Conall Dercc, mac Daimhine, mic Coirpri Doimhairgitt a athair. Do shiol Colla da Críoch ro sonnradh. Aebhfhinn, inghen Ainmirech, mic Ronáin, rí na nArd, a mathair, acus mathair Libae; acus do threiccsiumh oighreacht righe, acus rochonách a atharda ar Dhia; gur cumdaigh ecclas in Arainn, acus ro ghabh a habdhaine iaramh. Tri chaoga líon a choimhtionoil. Ba he fromadh, acus derbadh dobeireadh forra gacha nóna dia saoradh ar peacthoib .i. gach fer dibh ar nuair do chur i ccurach gan croicenn iter uime for an muir amach, acus no thiccedh an saile isin curach diambeith coir no peacadh ar in ti nobiodh ann; ní thiccedh diamadh glan o pheactoibh; acus ase Enda an tab as dédhencha notheighedh isin curach. Ni frith aoinfher don tri caoga sin nach táinicc gan flechadh as an ccurach, achtmadh Gigníat cóicc no cócaire Enda a aonar. Cidh doronais a Gigniat ar Enda. Atbertsomh nach dernaidh acht tuilledh becc dia chuid fein do thabhairt iccuid Ciarain mhic an tsaóir. Forcongraidh Enda fairsiumh ant oilén dfagbháil. Acus atbert ni thalla gataidhe sunn, ni ro dheonaigheasa sin cenae.
Domhanghort, mac Eachach, epscop, ó Raith Muirbuilg i nDalriada, A.D.506. Do shliocht Fiatach Finn, airdri Erenn, ata do shíol Eiremhóin dó. Derinill chethirchicheach a mháthair.
Ceallach, comharba Patraicc. Ata Ceallach deochain o Gleann da Locha alLaighnibh, .uii. October, acus gibe diobh ara ttugtar Ceallach, mac Connmaigh, tuigter as an rann so, ata isin dán “carais Patraicc puirt Macha”, dorinn Cuimin Condeire, go bfuair sé ó Dhia beith dall, bodhar, bacach. Agso mar adeir:
Carais Ceallach mac Connmaigh, Crabhadh do chráid a cholann Daille, buidhre, bacaighe, Tugadh dó fa dál dodhaing.
is amhlaidh fuarattar e ag togbháil chaisil, acus brat fliuch ime, acus é ag ernaighthe go madh aire sin a dubhradh: -
Gníomh caisil crios fighill, Slechtain irnaighthe iodhan, A dera uadh gan etail, Buaidh Becain gan cuid cionadh. Lamh a cloich, lamh anáirde, Glun fillte fri coir cairrge, Suil ag siledh, dércaidh ale, Acus bél ag ernaighthe.
Ro féch Becan tairis, acus odconnairc Diarmait. Fon talmain a fionghalaigh, arsé, acus dochuaidh go nuicce a glune fon talmain. Ar mo comairce tainicc cugat, ar Colum
Cille, do thofhiuscadh a mic do. Ro todhuisig Becan Bresal mac an righ o marbhaibh.
Adeir Cáin Adamnáin gurab dona naomhaibh dochuaidh in urradhus mna do shaoradh o sluagh, o dhaoirsi, acus ó gach sglaubhaidheacht eile Cennfaoladh ab Bennchair. Adeir betha Bhairre, cap. 10, go raibhe Brogan, mac Senain, na dhalta ag Bairre, acus go ndeinedh tri haicechta gach laoi aige go ttugadh gradha air, acus gur edhbair é féin cona chill .i. Cluain Carna, do Bhairre; acus mesaim gurab é so no Broccan ata 27 Iun da labhrann, óir atá gach aon eile da ainmniughadh ó chill no ona athair acht iad so amhain.
Aon eisein dona naomhaibh fuair Adamhnán in urradhus, na mna do shaoradh o gach daorobair... dogebhdis a sasadh do ghrés gan saothar ndaonna aga niomfhulang, acht a mbeith do ghnath ag ernaighthe,...
Acus tangattar dibergaigh na fairge tan ann gus an oilen, acus eissiumh ag celebhradh offrind. Ro chuindigh forra gan a marbhadh acht co tairsedh lais an taifrenn do radha, acus tuccsat do an cairde hisin, acus ro dicendadh é iaramh, acus dias ar chaogait dia mhanchaibh imaille fris.
Coiningean, acus roba dalta iside do Mac Tail Cille cuilinn, acus is trithe ro eccnaighsiot cléir Laighen mac Tail.
Forannan, mac Ronáin... priomhaidh Ardmacha.
Adeir Cáin Adamnáin gurab dona hurradhaibh naomhtha fuair Adamnán na mná do shaoradh o gach broid, acus o gach lethtrom da raibhe orra Oisin, mac Glais, abb Cluana ferta Molua, acus ni fhaghaim Oissene ar bith ele gan beith arna ainmniughadh ó cill eigin acht é so...
Conlaedh, epscop Chille dara, acus ba heside cerd Brighde,...
Fer ro oil, acus ro lesaigh iliomat do naomhaibh oile, inar adhain, acus inar las teine domhuchta gradha Dé ina ccridhe,...
Oen do ló dia mboi Brenainn i cCluain Ferta ina eclais iar proicept, acus oiffrend, ceithre bliana décc ria écc conacca an nén ningnathach dar san seinistir gur suidh forsan altóir, acus ní caomhnacair Brenainn silleadh fair las na ruithnibh griandaibh bai ina thimchioll. Bennach dhúinn a cleirigh ar an tén. Rot bennacha Dia ar Brénainn. Cia tu ar in cléreach. Mese Michel ro fhaidh Dia cuccatsa dot accallaimh, acus dot airfitedh. Atlochar do, ol Brénainn as focen duitsi liomsa. Ro gabh an tén a gulbain iar cliathaigh a eite, acus ba binne ina ceola in domain an ceól doroinne. Doboi Brenainn dan ag eistecht fris ón tráth go roile, acus celebraidh an tén do iarsin. On uair sin imorro co a bhás, ni ro éist Brenainn fri ceól saoghalla itir, acht aon la cascc itir ro chedaigh do mhaicclereach dia muintir a cruit do seinm dó, acus dobhert a bhennacht don maicclereach iaram. Asedh do gníodhsomh an tan do cluinedh ceol saoghalla idir, no cuiredh da ubhall ciara
nobiodh ar iomchar aicce ina cluasaibh coná cluinedh ceol tre bithe acht ceol muintire nimhe. Ase an Brenainn sin ro tréicc a athardha, a cháirde, acus a chomhfuilidhe acus docuaidh dia ailithre for muir siar go mboi seacht mbliadhna for muir amhail innises a mhuiridhecht, acus a bheatha fein, A.D.576, an tan tesda. Fiodhmuine, .i. Ua Suanaigh, angcoire Raithne,...
Colman, mac Daire, epscop, dfolaibh riograidhe Muman, o Doire mor, i ccoiccrich Muman acus Laighen, hisin ccrich re nabarthar tir Eile. Began acus én mhile amhain ata etir Doire mor acus Leth mor Mocaomóg.
Adeirid nar thuit, gerbhiongnadh, ann acht aoinbhen dofrith arna maireach ar bruach an locha gan fios di féin... nar thuit no ca raibhe. Tuillid triur ina leabaidh, ata i spingc anabaidh. Ideirid go ttraghaighenn an loch ina lar, acus go bhfaicther uilphéist uathbhásach ann, acus tre na huamhain sidhe nach lémh aon snámh coídche for an loch. Atá a bhetha i nGaoidhelg ag Domhnall Carrach, mac Ferghail mic Eochadha isin Eanaigh mhor i cCinnsileach. Atá da loch ann idir slebhtibh duaibhseacha, tuairim .xx. míle ó Ath cliath i ccondae Chille Manntáin. Adeir Cuimin Condoire isin dán, “Carais Patraicc Puirt Macha”, go mbiodh Caoimhghin ina shesamh do ghnáth a ccro cumhang aga diden féin ar dhemhan. Glúnsalach, .i. dibergach oirdeirc roboí for slighidh Miodhluachra fri re cian ag dénamh gach uilc, acus ro scrúd ina mhenmain tionntúdh ona ulc condeachaidh dochum Caoimhghen acus do rad a coibhsena dó, acus ro an immaille fris iaramh go a écc, go ro naomhadh, acus ro hadhnacht ag Caoimhgein ina chill é condeachaidh dochum nimhe ar méad a fhoghnamha do Dhia, acus asi so a fhel. Gomadh é so Glunsalach, mac Costamhail, o Shliabh Fuaid, acus atá do shíol Ireil, mic Conuill Cernaigh.
Colum cille mac Felim, abb manach ndubh a ndoire Choluim chille, acus in hI in Albain. Criomtann a céd ainm, acus do radadh Coluim fair ar a chosmhaile fris an én da ngoirther an coluim ar chendsa acus ar ailgine. As aire ainmnighther é ó chill, .i. ar a oilemahain i cCill mic Nénáin i cCenel Conuill ina athardha fein. An seachtmhadh la do mi December ruccadh é i nGartan isin cCenel Conuill remhraite, A.D.520. Ro thochaith, umorro, da bliadhain, acus da fhichit dia aois in Eirind acc sioladh creidme, acus irse crabhaidh acus caoingniomha; ag senmoir, acus acc proicept bréithre Dé; ag slánúghadh gach galair, acus gach tedhma... ag cumhdach mainistrech acus cheall niomdha seachnon Erenn, amhail ata Doire, Rathboth, Senglend, Toraidh, Cill mic Nénáin, Druim tuama, Gartán, Tullaigh dubhglaisi, Baile meg Robhartaigh a cCenel Conaill, acus Druim cliabh a cCairbre Droma cliabh, acus Scrin a cConnachtaibh; an Scrin i Midhe, Cenandas, Dermagh, Surd, Maein, acus aroile ilcealla sechnon Erenn arcena. Dochuaidh iaromh in Albain dia oilithre acus ro aitreabh isin oilen dan hainm hI Choluim chille acus ro hedbradh an baile sin do, acus araile cealla iomdha. Acus as mo inderna do foghnamh in nAlbain ar grádh an coimdedh ina a nderna i nErinn gér bo mór dorighne do maith innte. Ar ise tug ó dhorcha geinntlighechta, acus peacadh iat co soillsi creidimh acus caoinghniomha. Ro thochaith imorro ceithre bliadhna dég ar fhichit dia aois isin crich sin ag foghnamh do Dhia co ndeachaidh dochum nimhe aidhche domhnaigh do sunnradh iar bhforbha .ui. mbliadhan .lxx. Tuccadh dana a chorp iarna écc in hÍ dochom nErenn co ro hadhnacht co n-onóir, acus co nairmittin móir in aon tumba la naomh Patraicc, acus la naomh Brighit i nDun da Lethglas in Ultoibh. Ar is iadsin ina ttriur tri hardpatruin na hÉrenn, .i. Patraicc,
Coluim cille, acus Brighit. Acus ba do shaorclannaibh Erenn din, do Choluim .i. do Chenel Conail Gulban, mic Neill naoighiallaigh a athair. Eithne, inghen Dioma, mic Noe, do Laighnibh, do shiol Cathaoir móir .i. ri Erenn a mháthair, acus ni fír mar adeirid daoine gurab inghen do mac Contsnámha a mháthair, óir dobí suim airidhe do chédaibh bliadhain ó ghein Coluim cille gus an aimsir inar goireadh O Ruairc ó bfuil Mac Contsamha. Adeir Cuimín Coindeire isin dan darab tus, “Carais Patraicc puirt Macha”, nach caithedh Coluim cill do bhiadh ar fedh na seachtmaine ni doberadh sásadh bidh én uair amháin do dhuine bhocht.
Do thairngir Patraic é ar Sith Aodha an tan dobí ag bennachadh Conuill Gulban acus Fergus a meic, an tan do chuir a láimh ndeis ar cenn Fergasa tar Chonall. Fiarfaighis Conull de cidh imo nderna. Asbert Patraicc: Biaidh mac meic ag Ferghas ar sé, acus budh Coluim cille a ainm, acus is na onóir do beirimsi mo láimh ndeis ar cenn Ferghasa do bhrigh gurab foigsi fa ghlún an mac sin do iná duitsi, acus budh taithneamhach la Dia acus la daoinibh an mac sin. Geinfidher mac dia fhine, etc. Betha Coluim cille, cap. 2. Do thairngir Patraicc a nionadh ele Coluim cille ria na gheinemhain iar mbeith a nDomhnach mór Muigh hIthe, a cCenel cConuill, go ndechaidh arna mhárach gus an sruth ris anabar Daol ina carpat do bennugadh na tire, acus ar ndul go hur an atha brisitt feirsti an carpait dobí faoi, acus gach uair da ndaingnighthi iad an tan doteigheadh Pátraicc isin carpat do bristís doridhisi. Acus iongantaighid cach an ni sin. Na bíodh iongnadh oraibh ar Pátraicc tre spioraid faidhedorachta óir ni rigenn an talamh úd on tsruth anonn ales meisi da bennughadh, óir berthar mac ann, acus budh Coluim a ainm, acus asé benneochas an talamh budh thuaidh, acus as na onóir do thoirmisg Dia gan mo léigensa do bennughadh an talaimh. Ath an carpait ar Daol ainm an atha sin. Adeir betha Coluim cille, cap. 2, gur tairrngir Patraicc Coluim cill an tan dobi ag Búill an tan do bennaigh an abann acus a hiasg, acus adubhairt go ttiucfadh mac na bethaidh suthaine.i. Coluim cille, acus go ccumdaighfeadh ecclais onorach ag Eas mic nEirc. Do tairngir Patraicc gein Coluim cille aimsir dá ttainic go hEs Ruaidh, acus do bennaigh an taobh budh des don eas, acus a dubairt gurab fo comair Coluim cille do
fháguibh uiresbaidh bennaighthe ar an taobh budh tuaidh amhail do comhailledh. Adeir betha Coluim cille, cap. 3, gur tairrngir Martan naomhtha a naimsir a bháis, gein Coluim cille, óir do iarr a leabhar sein do cur ar a ucht isin tumba, acus go tiuccfadh mac naomhtha bennaighthe as Eirinn a ccionn aimsire, acus as on én isa fioghuir doconnairc Eoin ag luigh ar Iosa ag sruth Iorthannain ainmneochar leth a anma, acus as an eacclais ainmneochar leath ele a anma tiucfaidh annso a ccionn, 100 bliadhan, acus oisgeolaidh mo tumba, acus coimédfaidh Dia mo leabarsa fa na chomair gan sal gan dorcadas, acus béraidh go hErinn, acus budh soiscél Martain a ainm i nErinn iar sin. Ata betha Coluim cille, cap. 62, ag techt leis sin .i. gur gabh gus in ionadh araibhe Martan, acus go rucastair an soiscél Martain leis. Do thairrngir Bríghit naomhtha Coluim cille, cap. 4, do bhethaidh Coluim cille an tan dorighne faistine go ngeinfighe slat og isin taobh tuaidh, acus gomadh crann mor iarsin, acus go lethfadh a bharr tar Erinn acus Albain gona (i so) an rann: -
Macan Ethne taobhfhoda, Seach as bol is blathughadh, Coluim cille caidh gan on, Nir bó romh a rathughadh.
... gur tairrngir Fionn mac Cumhaill an tairrngertaidh oirdeirc é an tan do léig an cu oirdeirc Bran andiaidh an daimh allaidh, acus do len gus an abainn ag Seinglenn Coluim cille, acus nir len tar abainn anonn é, gurab annsin do tairngir Fionn gein Coluim cille o nainmneochthaoi an glenn sin, acus go mbeinneochadh a morán d'ionadaibh i nErinn acus in Albain, acus Bealach damáin ainm an ionaid sin o sin ale. go ffacaidh Ethne máthair Coluim cille aisling .i. go dtugadh brat mór di, acus gur lethnaigh os Erinn... Adeir an 15 cap. do bethaidh Coluim cille co bhfuil Adamnan naomhtha aga meabrughadh gur foillsigh aingel Dé e fein uair eile d'Eithne, acus gur thaisbein tubhaille di ina raibhe egsamhlacht acus iolradh gach dath, acus deaghbhaladh gach neithi deghbhalaidh air, etc. Doconnairc ben formaid acus iomtnuith dEithne aisling, .i. énach acus ethaide an aieoir do breith ionathair Ethne fo
chríochaibh Erenn acus Alban, acus ruc Eithne fein breath fire, na haislinge sin. go bhfacaidh Finnén naomh aisling eile .i. dar leis da esga d'eirghe isin aier, .i. esga oir acus esga airgid, acus an t'esga oir d'eirge don taobh budh tuaidh d'Erinn, acus gur las Ere, Alba, acus iarthar domhain da dheallradh da soillsi, etc., acus an tesga airgid d'eirghe os cenn Cluana mic Nois, acus gur las medhon Erenn da deallradh acus da soillsi. go rachadh clú a chrabaidh eisiomlair, acus dealradh a bheathaidh ainglecda, a gloine, a eacna, a eolais, a bréithre, acus a senmóra fo iarthar domhain uile, agus gomadh é Ciarán mac an tsaoir an teasga airgid cona subhailcibh acas cona deighgniomhaibh, etc. Amail do tairrngireadh acus do fioghradh gein Coluim cille is amhlaidh tárla... amhail dogeibter isin aonmadh cap. fichid do bethaidh Coluim cille... Ionann imorro Criomtann isin nGaoideilg cruaidh acus sionnach...
doconncas do Dia nár biomchubhaidh an tainm sin do beith air, ionnas gur chuir se a ccroidheadhaibh, acus a menmannaibh na macaomh dobíodh ag cluithe, acus ag sugradh ris Coluim do ghairm dhe. As don Baoithinsin ro foillsiccheadh na trí cathaoire oirdearca dfhaicsin do i nimh folamh fo chomhair druinge do naomhaibh Eireann, .i. cathaoir óir acus cathaír airccit, acus cathaír ghlaine, acus ro innis do Coluim cille in hI in reladh ro taidhbhredh do; ár as araon re Coluim cille nobiodh do ghnáth, ár ba foccas a fialas, acus a carratradh iad, .i. mic deise dérbhráthar iad na ndís. Is annsin rucc Coluim cille breth do somh for an ní atconairc, ár ba fáidh amra é. Conidh ann asbert. An cathaoir óir atconnarcais cathaoir Ciaráin mic an tsaoir ar a naoimhe, acus einech, acus aidhedhcaire... An chathaír ghlaine, mo chathairsi féin sin, ár gérsam glan solus is am aibrisc soibriste tres na
cathaib do cuiredh tríom. Conidh iarsin ro chinnsium (.i. Coluim cille) an apstainent noirdeirc .i. braisech nennta mar bethaidh tria bithe gan ionmar gan methradh itir, combo léir lorcc a asnaigh tria na ionar cilic isin traigh gainmighe boí la taobh hIae, an tan no luighedh isin oídhche fuirre. Baoithin imorro, bai ceithre bliadhna in abdhaine in hI iar mbás Colaim cille, ár ba do fheraibh Erenn no toghta abb co hI, acus ba o Chenel Conaill ba meince no toghta itir. An trath dobíodh ag ithe bídh adeiredh, Deus in adiutorium meum intende, etir gach én da greim. An tráth dobhíodh ag tionól arbha araon las na manchaibh dobhíodh lámh anairde aige ag guidhe De, acus lámh ag tionól an árbha. Ro fhaidh Baoithín a ainm iarsna ceithre bliadhnaibh remhráite dochum nimhe iccomhainm an laoi do deachaidh Colum cille dochum nimhe, A.D.600. gur bennaigh Coluim cille an baile, acus gur fháguib cléireach dá muintir ann a ccomarbus an bhaile,...
Ise do ling Luachair Deadhaidh do thri léimendaibh, an tan dobattar na fuatha ina dhiaidh conidh aire sin adubradh Moling Luachra ris, gér bo Taircheall a céd ainm. As lionmhar a miorbuile re a ninnisin. Daircheall din a chéd ainm. Aidche naon ro chuir Moling a iasccairedha do gabháil éiscc, acus ro gabhsat bradán mór is na líona, acus an tan do scoiltedh air fríth tinne óir ina medhon, acus ro rann Moling an tór a trí rannaibh, .i. trian do bhochtaibh, acus trian fri cumdach mind, acus an trian naile fri dénamh lubhra acus oibre...
Mochaoi, abb Naon dromma i nUltoibh. Caolán a chéd ainm. Bronach, inghean Miliuc, mic Buain, aga raibhe Patraicc a n-daoire a mháthair. Dochuaidh secht fichit ócclach do buain caolaigh chum ecclaisi do dénamh. Roboi siumh féin ag dénamh na hoibre, acus ag buain fiodhaigh amhail gach naon. Ba hurlamh laissiomh a mharclach ria cach, acus contuargaibh fria ais. Dia mbai amhlaidh go ccualaidh an tén ettrocht ag ceileabhradh for san droighen ina fochair. Ba háille imorro, ináit énlaith in domhain. Atbert, imorro, an tén “díocra an obair sin a chlérigh,” ar sé. “Asedh dlegor dinn ag dénamh ecclaisi De,” ar Mochaoi. “Cia fil gum accallaim,” ar Mochaoi. “Fer do muinntir mo thigherna sunn,” ar sé, .i. aingel Dé do nimh. Fochen duit ar Mochaoi, acus cidh Dia ttángadhais alle? Do taccallaimhse ót tigherna, acus do tairfittedh co léicc.” As maith liom ar Mochaoi. Glésaiss iaramh a ghulbain a ccliathaib a eite. Tri caeccait bliadhain do Mochaoi acc éistecht friss, acus a grinne fria ais ar lár na coilleadh, acus nírbo críne acac an fiodhach, acus nirbo sia laisiumh ina aon uair do ló. Ceilebhrais an t-aingel do iar sin. Téidsiumh iar sin don chill cona fhiodhach lais. Go bhfaca an duirteach san chill iarna dhénamh ara anmainsiumh dia mhuintir. Ba hiongnadh, umorro, lais an ecclas atconnairc. Dochuaidhsiumh din don bhaile, acus ní ro aithin neach díbh aroile gur innis féin a sccéla dóibh, acus amhail tárla dó ón én. Amhail rochualatar somh sin ro shlechtsat do uile, co ndernsat cretar don fiadhach, acus ro fothaigset an cheall isin ionad sin iartain, .i. áit i mboísiumh oc estecht fris an aingel.
Tri hadbainn do chaoin ceoil, Ro chan aingel a riocht eoin, Ar lar chaille i mbun an chroinn, Caocca bliadhain cach adhboinn.
Asé Mochaoí an céidfher do naomhaibh na hErenn da ttuc Patraicc soiscél acus bachall, .i. an Eiteach Mochaoí táinic ó nimh...
Do fháguibh Pátraicc reilge naomhtha i lLecain Midhe...
.. nar ith si a saith riamh, acus nachar ith dinnér. Tainic Mainnsena, máthair Brénainn Biorra go Saighir, acus dob áil lé dol go hoilén Doimhle. Ná heirg, ar Ciarán Saighre, acht is a tTamhlachta bias teiseirge féin, acus eiseirge do mheic...
Dochuador sidhe na ttriur i martra isin Almain i nUairseburg.
Decclan.. epscop acus confessor. Robaísiumh in aroile aimsir ag toidhecht ón Róimh, acus ro dhermait clocc tuccadh dó do nimh for carraicc robaí isin purt, acus ro sna an charracc ina ndiaidh go raibhe riasan luing go hErinn; acus atbert Declan gibe háit i ngebhadh an charracc comhnaighe gurab ann do dheonaidh Dia dosomh ecclas do chumhdach, acus isedh sin ro comhailledh iartain. .. go ngnathaíghedh a chenn do shíorchur a ccuithe no a bpoll uisge.
Carais Mobeócc buadhach, Do réir senadh na sruithe, An trath do thoirnedh a cheann, Toichredh a chenn sa chuithe.
Nessan, deochain... An tan dobí Patraicc ag bennughadh Mumhan do bhennaigh deochain Nessan, amhail as follas i mbethaidh Pátraicc. As fair tucc Cuimin Coindeire an teistsi aga foillsiughadh nach dubhairt brécc tar a bhel.
Carais Neasan naomh deochain, Crabhadh ainglidhe iodhan; Nocha ttáinicc tar a dhéd, Ni budh brég ná budh brefal.
Asé Molua dob anmcara do Dabid Cille muine...
...ase ba tréinfher do Pátraicc, acus dobhíodh agá iomchar tar gach ionad aimhréidh.
Daigh, mac Cairill... Ceard oirdeirc ésein. Asé dorighne ced go leith clocc, céd bachall, acus do chuir cumhdach no folach ar trí fichitt soisccel (.i. leabar ina mbí oirbreacha an cethrair soisccel,)...
Tri caogad clocc, buadhach bann, La chéd mbalc mbuidhneach mbachall, La seasca soisccéla slán, Do láimh Dheagha a aonarán.
Mochta, epscop Lughmaigh. Tri ced bliadhain a aois an tan docuaidh docum nimhe... Acus ní dhubhairt briathar bréicce no aineólach, acus nír ith én greim méith, no ina mbeith súgh sesúir an fad sin. Gonadh aire sin tuccadh an tuarasccbháilsi air, acus fós agá fhoillsiughadh go rabhatar tri fichid senóir ina thegh, no nach dénadh saothar ar bith acht ag rádh psalm acus ernaighthe...
Fiacail Mochta fa maith bés, Tri chéd bliadhain buan an cís, Gan guth niomruil seiche suas, Gar mir nionmhuir seiche sís. Tri fichid senoir psalmach, A theghlach rioghda remend, Gan ar, gan buain gan tíoradh, Gan gniomhradh acht madh léighend. Fer trí fichit, fer trí céd, Arca fuin as sein an dét, Ni mo cin ogan foghail, I faithfithe an seinfiacail.
Adeir Cuimin Coindeire ... gurab céd bliadhain dobhí Mochta gan greim do annlann no do ní méith do ithe.
Isedh aderar gur tuitettar tiagha liubhar Erenn, acus a soisccela, acus a leabhair foghlama da naidhlennaibh an oidhche écca Luingaradh, amhail do tuiccfidis nach tiucfadh go brath neach mar Longaradh. Ba do bhésaibh Ultáin gach lenabh ar ná bíodh leasuccadh in nErinn é féin da mbiathadh lena lámhaibh féin, gurbo minic caoga no trí caogait in aoinfhecht aige, gerbo dodhaing dó. Adeir fos Cuimin Coindeire go mbíodh carcair cloiche nó mhaide fo na thaobh, acus go ndeinedh fothraccadh i n-uisge fuar isin gaoith rocruaidh.
Adeir betha Ciarain Cluana,.. gurabe Mac Cuilin acus Odhrán, ó Letrechaibh do innis do Ciarán a shaoghal do thimhdibhe...
Bai imorro Ciaran in araile la in Iseal Ciaráin ag cur shil, acus táinic duine bocht dia shaighidh do chuinghidh almsaine fair. Dobeir Ciarán mám don ghrán ina ucht, acus ro soadh in ór fo cettóir. Do chuir an rí an tan sin, .i. Aenghus, mac Criomhtainn, da each acus carpat go Ciarán, acus tucc Ciarán na heich don bocht ar an ór, acus ro soadh in tór ingran focettoir, acus ro síoladh an gort de iaramh, coná raibh isin crích uile árbhar rob ferr inás. Samhailter Ciarán fri Crist amhlaidh sin óir as trí bliadhna triochat ba haois do Críost amhail ba headh do Ciaráin. Beoaidh saor ba hainm dhathair Ciaráin, amhail as Ioseph saor ba hainm do cele Muire...
As adhbhal a fherta acus a miorbhúile, amhail as follas ina bhethaidh..
Ailbe, airdeaspucc ó Imleach Iobhair isin Mumhain, A.D. 541, an tan ro faidh a spirat. Carais Ailbhe aoidhedhcaire..
Corbmacc, mac Culennáin, rí Mumhan, epscop, acus mairtir. (Dob óigh hé riamh; acus i nionar ro inigh no chodladh; fa hiairmeirgidh fós, acus in uisci do ghabhadh a shailm go minic. Gormlaith umorro inghen Flainn.. a bhensidhe, acus nir chionaidh ria acht aon phóg iar niairmeirghe; acus trí caogait salm i ttiobrad Locha Tarbh d'aithrighe.)
Criotan Certronnach, ceallóir Comhgaill Bennchuir.
Asé an tAdhamnansa robhuí .ui. bliadhna fiched in abdhaine i nI Cholaim cille. Robai sidhe dno, aon do ló i n-hI, acus asedh ro scrúd ina mhenmain anmain co cenn trí lá acus trí noidhce, ina recclas aaonar ag atach an coimdedh, acus ro airis din co ceand na ré é sin gan toidheacht don mhainistir itir. Lotar uathadh daoine foirbhthe don recles dia fhios cionnas roboí an cléireach, ár ba cianfhoda leo dobhuí ina neccmais. Ro dhéchsat for poll na heochrach, acus atconncatar an mac mbecc co ndealradh, acus ruithnedh éttrocht in ucht Adhamnáin. Robhuí dna Adhamhnán ag buidhe, acus ionmaille fris an naoidhin, acus ni caomhnachtor a fégadh ní budh síre las na ruithnibh diadha bátar imon mac. Ba derbh leo ba hé Iosa baí indeilb naeidhen ag urgháirdiuchcadh Adhamhnáin amhlaidh sin, acus gur bo hé fós fa sásadh, acus airer do ar fedh na ttri la sin cona naidhcibh. Leastor n-eccna é, acus fer lán do rath De, acus do eolas an naoimhscriptuir, acus gach eccna archena. Lochrann lasamhail é ro shoillsigh, acus ro ionshorchaidh iarthar Eorpa do shoillsi soalach acus soibhés, reachta acus riaghla, eccna acus eolais, úmhla, acus inísle. Ro hadhnacht imorra a chorp go nonóir, acus co nairmitin móir i n-hI, acus tuccadh a chorp in nErinn iar ttrioll..
..as cosmail gurab é so é, óir ní faghaim a aithearrach isin Martarlaic.
Bairre, epscop acus confessor, ó Chorcaigh Mumhan. Criost fadeisin do rad grádha eapscoip fair, amhail as follas ina bhethaidh. Do sliocht Briain, mic Eachdach Moighmedhoin dó. Do labhair Bairre i mbroinn a mháthar, acus fós iarna bhreith tresar saoradh a athair acus a mháthair, amhail innises a bhetha ... Dogeibther ag seinleabhar roaosda ina bhfuil Martarlaic Tamhlachta acus bainseanchas na naomh, go rabhatar seacht naoimheaspuicc décc, acus seacht ccéd manach rathmar amalle le Bairre..
Adeir seinleabhar ro aosda memraim go raibh Cainneach cosmhail a mbésaibh acus a mbethaidh re Pilib apstol. Acus ní faghaim suaithniughadh ar bith ar an cCainneach ar a ttugadh an tuarasgabail sin acus munab é so é iarraim pardún ar an naomh ara ttugadh, ma a tu ag dénamh ainbhfis an aimhriocht.
Mar do ghlac Colum cille an crios as ann adubhairt. Maith an fer aga raibhe an crios so, ar sé, óir nír hoslaigedh dochum craois riamh, acus nír hiadhadh fa bhréig.
Acus as é Mochua, mhac Lonáin ro íc é ón lubhra baí fair ó thossaigh.
Mac Tulchain dia deóin, Ni ro sháith ionga ina fheoil, Gomadh móide a phian abhus, Ni derna riamh thochus.
Ag so an Cruaidh do ghuidh Moling do theacht dá chobhair maille re drongaibh ele do naomhaibh Erenn, an tan dobí teglach Fionnachta rígh Erenn ina dhiaigh dia mharbhadh, óir dob aithreach leo mar do mhaith Fionnachta an boromha do Laighnibh ar impidhe Moling, go ndubairt Moling...
Adubairt Art .. iar bfhaicsin na físe an lá ria ccath muigh Mucraimhe, gurab Dumha Dergluachra ba hainm don aitsin ó thús, acus gomadh Trefhod dobhiadh air ó sin amach óna trí fódaibh do bhenfadh sé an uair sin, .i. fód fona chenn acus fód ceachtar a dhá thaobh, acus gurab ann do hadhnaicfidhe é in ainm an athar, an mic, acus an spirat naoimh.
Do shliocht Cuirb Uluim .. mic Rughraidhe, ó n-abarthar Clanna Rugraidhe dó.
Malachias .. áirdespucc chathaíre Páttraicc, acus airchend iarthair Eorpa, acus legait chomharba Pettair, acus aoinchend ro riaraighsiot Gaoidhil acus Goill, ardshaoi inn-eccna acus i ccrábhadh, lochrand solasta no fhoillshighedh tuatha acus eccalsa tria foircetal acus caoinghníomha. Aoghaire tairise na hecclaisi co coitcenn. Iar n-oirdnedh dó espucc acus saccart, acus aésa gacha gráidh arcena, acus iar coisreaccadh tempal acus reilccedh niomdha, acus iar ndénamh gach lubhra ecclastaccda co hiomdha; iar ttiodhnacal seott acus bíd do thrénaibh acus do thruaghaibh; iar bhfothuccadh ceall acus mainistrec, ar as leissiumh ro hathnuadhaighthi i nErind iar na bhfailliucchadh ó céin máir gach necclais ro léiccthi a ffaill acus in eislis. Iar bfágbhail gach riaghla, acus gach soibhésa in ecclais na hErenn arcena. Isin dara fecht a légáidechta ro fhaidh a spirat
dochum nimhe iar mbeith ceithre bliadhna decc ina priomhaidh in nArdmacha...
As é ro athbheóaigh Eoghan Sriabh, mac Duach Galaigh a bás an tan ro ba naoidh é, conidh óna sriabhaibh dia bhachaill tucc for a chorp agá aithbheóughadh ro hainmnighedh Eoghan Sriabh dhe.
Leastar n-eccna a aimsire an fersa. Proiceptaidh eargna bréithre Dé.
Caillin, mac Niatach .. Adeir betha Maedhoig .. gurab dalta foircedail do Caillín Maodhog. As é an Caillín si tra dorighne an fiort namhra ar na draoidhibh ro fhaid Fergna, mac Ferghasa, ri Breifne .. ina acchaidh an tan ro triall fothuccadh Fiodhnacha go ro soadh i cclochaibh na draoidhe fo chéttóir, acus marait beos ina ccoirtibh cloch,
amhail aisneídhes a bhetha acus ro shluicc an talamh an ri Fergna feisin. Ba caol craibdheach an tí naomh Chaillin. Ba hógh, ba hionnraic. Ba he an teine lasamhail fri losccadh ingrinntidh Dé, acus na heccailsi; ba hé an muir gan traghadh i fertaibh, acus a miorbailibh.
Asé an Fionnchusa nobhíodh go meinic i carcair cloiche
robadh airde ina a fhad féin, acus cloch uasa chionn, acus cloch fo a chosaibh, acus dá bhacán iarainn ceachtar dhá thaobh na carcrach; acus no léiccedh a dhi osccaill ar na corránaib sin, cona benadh a chenn fris an ccloich suas iná a chossa fris an leic síos. Tárla Comghall Bennchuir cuicce in aroile aimsir, go ro fhuráil fair toidhecht as, in carcair sin, gér bo lescc lais, etc. As é no luighedh in aon adhnacal la gach marbh no hadhnaicthe ina chill in chédoídche, etc.
.. fo chrann dhuilligh ag urnaighthe ina aonar, acus go bhfuil dealbh na croiche isin inadh sin... ..gur thairngir Brenainn Colum cille do geinemhain athaid ria na gein.
..ar ba caoin an tormach do samh retlu ag foillsiughadh a comperta amhail robhaí ag foillsiughadh coimperta Críost.
As aicce robai reithe caorach no iomchuiredh a psaltair acus a leabhair urnaighthe. Tainicc aroile méirlech acus gadaighe go ro goid an reithe. Teid iaramh Maighnenn cona tri nonbhoraibh cléireach in diaidh an mheirligh go a thech. Ro shén an méirlech goid an reithe fo mhionnaibh, acus fo láimh Maighnenn féissin. Dobí an reithe ina cethramhnaibh cosccartha i bpoll talman, iar nithe irraibhe ina bhroinn. Ro labhair an reithe faoi isin poll. Féchais Maighnenn acus a thrí nonbhar uasta for nemh, acus tuccsat altuchcad buidhe do Dhia immon bfiort sin. An méirleach imorro ro benadh a ruscca dhe, acus dochuaidh a lúth asa chosaibh, acus assa lámhaibh, acus atbert ó ghuth mhór ar Dhia frit, a Mhaighneann, ar se, ná ben nemh díom budhdesta. Mar dochualaigh Maigh-nend
aithrechus an phecthaigh, ro ghuidh Dia co díochra ara shon, acus doroine ernaighthe, acus fuair a shúile do doridhisi acus ba saoi i ccrabhaidh cein boi imbiu, acus ro móradh ainm De acus Maighnenn tre san bfirt sin.
... ní fhuil eaglas ann anosa, gidhedh as gnath lenbain oga d'adhnacal ann.
Tri ched slectain gach noidhche, acus tri ched slechtain gach laoi doníodh amhail adeir Cuimin Coinneire. Acus do thairngir go ttiucfad Mael andiaidh na ttri n-easpucc n-eithriccedh dobhí ina chathraigh, etc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services