Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duanta Diadha Phádraig Denn
Title
Duanta Diadha Phádraig Denn
Author(s)
Denn, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Foghluadha, Risteárd
Composition Date
1828
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1941)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Duanta Diadha. I. Is fada dham go suaidhte. Fonn: “Cois Leasa dham go huaigneach”. Is fada dham go suaidhte le buaidhirt an pheaca 'om thraochadh Is aicht is dlighe an Mhórmhic do bhuan-bhriseadh i gcáil Tré chreachadh m'anam uasail ba mhuardhach ba réimeach Ba réilteannach gléigeal tré naomhthacht na ngrás; Dobhí sé saoidheamhail greanta nuair do baisteadh é go líonta suas De bheannacht Dé is séala Chríost 'n-a mharc go daor gan bhréagnadh ar a chló Nó gur léirchreach me le baoth-bheart mo phéarla le peaca baois Is gur ghéilleas go héigceart do chlaontaibh mo námhaid. A Rí ghil mhór na naomha tug ó Éigipt tar bóchna Maois is síolrach Jacob bhí dá dtraochadh gan chóir Age Pharó feargach fraochmhar bhí le n-a thréan-trupa á dtóruigheacht Le meón marbhthach ró-olc baois-ghnóthach gur bádhadh Díon mo chroidhe óm namhaid chlaon bhíonn ag braith me chreachadh i bpéin Is tabhair me isteach ameasc do thréad a Dhé mhór na gcómhacht Go haoibhneach it ríoghachtsa gan chríochadh ar Neamh na naomh Ar do thaobh dheas go fíor-ghlan tre ghuidhe mhaith do stóir.
A Rí na gcómhachta n-éachtach doghnidh an tréan-trup do leónadh Insan lag gan meas ó chéadna má ghéillid dot ghlór Fá bhrígh agus gean it naomhbhrog a ghnúis ghléigil an eóluis 'S a Dhé dhil gan aon locht is récsach ar slóghaibh Beir me leat ar scar don chléir lá na gcreach ar shleachtaibh Éabh' 'Om shaoradh ó bhreath an scata bhaoth do réab do riaghail gan ghó. A Mhic Mhuire is áilne dá dtáinig ó geineadh síol Mo dhianghean go brách tu a Ghein Ghrádhmhair gan smól. A Mhaighdean mhilis néata gan aon locht ót óige A scaotháin ghil mar réiltean gan éalaing it ghnúis A phéarla ghlain le naomhthacht gan béim locht it mhórdhacht 'S a ghréin-scoith na nGaedhal mbocht chum pléidhe dhóibh it chúirt Líon mo chroidhe le searc na naomh le guidhe de shíor chum Rí na gcréacht d'Íosa Críost do shil gach braon dá ghlé-chnis gan smúit Le grádh ceart do shíol Ádhamh dobhí báidhte le peaca Íbh Don sár-fhuil do thráigh tríd mar láin-íoc 'n-ár gcúis. Is taitneach liom mar shearc thu ar uair chumha na ndaor bhreath Ar aicme an pheaca a bhréanuigh ár mbréithne go deó De bhrígh mo ghean dot dhúthracht dot mhúinteacht dot naomhtacht Do umhlaidheacht dot thréithe is do néatacht do cháil Ó thoigh tu me mar chumann croidhe chum dlighe do Mhic do chur i ngníomh Is do chomhad anois le hiomad brígh le croidhe glan glas ló Go síoch geal bí taoibh liom ar chríochnadh mo bheathadh fós Is beir saor me ó gach díoghaltas go ríoghacht deas na gcómhacht.
II. - MOLADH NA MAIGHDINE MUIRE. Fonn: Nóra Ní Áinle. Is méin liom a scrúdadh im chunntas i láthair Le congnadh ón Árdmhac is grádhmhar 'n-a ríoghacht Ar réiltean do naomhadh i nglé-bhroinn a máthar An t-aon bhean do b'áilne dá dtáine ar an tsaoighal Péarla fuair grása 'san am úd nur thárla An Rí geal 'n-a meodhán ghlan ba lán-mhaiseach gnaoi Tar bantracht gach dream deas sa chúirt mhór anáirde Ce hiongantach le n'áireamh a mbreághthacht go síor. Cé soillseach é Phoebus is lonnrach í an éasca Is greidhnmhar í an réiltean ar spéir ghlan 'n-a suidhe Bhénus fuair clú mhór ó ughdair is bárda Is Hélen an bhán-chnis chuir ár ar an Traoi Níor thionnscain an tÁrdrí éincheann díobh dá áilne Bhí i ndeallradh le Máire le breághthacht a gnaoi Dil-mhaighdean is Máthair Dheigh-Mhic na ngrása Do thúirling sa stábla Lá Nodlag go fíor. Ba bhúclach ba phéarlach ba leabhair deas é a craobhfholt Ba mhodhmhail geal gan éalaing a héadan tais mín Ba dhiadha thar muar-shliochta anuas chughainn ó Ádamh Céile na ngrása i lár ceart a croidhe Ceannsa ciúin grádhmhar gan aon locht 'n-a cáile De phlúr-scoth na bpátriarc, is bán-lile ar chraoibh Bean annsacht gach dream ceart bhíonn dúthrach dá sár-Mhac Tré ghreann ghlan le páirt leis ná fágfa 'n-a saoighal.
Ba lán-gheal tar géise glé-chneas deas Mháire Péarla nar fhás ann pátrún na naoimh Réiltean is naomhtha tá i ndaonnacht anáirde Ar thaobh cheart an árdfhlaith láimh leis n-a suidhe Is í an soitheach criostal lonnrach chum Rí na bhflaitheas d'iomchar Croidhe searc don Leanbh múinte do thúirling 'n-a broinn An bhanaltra chneasta chumhra do chleachtuigh caintics ghreannda 'S nár pheacuigh leis an antoil i gcúrsa fada a saoighil. An uair labhradar na fáidhe fáistine na glé-bhean Níorbh'iongnadh liom Phoebus dá léimeadh go groidhe Is lasracha phreabadh sa ndearg-mhuir le tréine Le taitneamh an Réiltean bheith 'n-a céile age Críost Is gach aingeal gheala lonnrach i gcathair ghreanta an umhal-Mhic Fé mheas an Athar ionnraic 'n-a chúirt ghlan 'n-a suidhe Dá dtagadh seal 'n-a dtrúpaidh go dtí an ainnir mhaiseach mhúinte Ní chuirfeadh orm iongantas ar a túirling sa tsaoighal. A Bhanaltra is áilne i mbreághthacht 's i naomhthacht Dá dtáine ar an saoghal so ó éinne den tsíol Go geanmnach go grádhmhar go páirteach tar éinbhean Is múinte le béasa in éinfheacht le suidheamh Díon feasta m'anam smúiteach ó cháith an pheaca mhealltaigh Tré shearc a leanfidh damhsa le dúthracht ót chroidhe Is mar charaid cheart im chúis-se, a phéarla ghreanta ghreannmhar Réidhtigh dam san ló san n-a dtómhasfar mo ghnímh.
III. LÁ AN BHREITHEAMHNAIS. Fonn: Aonmhac na hÓighe. Scéithfead le tuirse insa dréacht so le tuigsint An t-éacht iongantach 'nisim go fíor-cheart im sceól Don tréad so do bhriseann 's do réabann go minic Naomh-reacht Mhic Muire do céasadh 'n-ár gcómhair Is ná géilleann dá dhlighthe go n-éagaid ar mire Am éighmhe na cine ag caoi-ghol 'n-a ndeóidh Anuair glaodhfar gach duine traochta fé licibh Is baoghlach go gcuirfear gach i n-aon díobh dá dhóghadh. Do réir mar a scribhid cinn léigheanta na cruinne Ar lá éachtach na stoirm meillteach fí bhrón Ní bheidh réiltean ná tuitfidh ó spéarthaibh le mire An ghréin gheal gan ghileacht tré mhúscailt na ngleó An ré mhaiseach 'nisid go léir dearg luisneach 'Na caorthain ar buile tré sceimhle 'n-a cló Beidh ar an saogal go huile sul do léighfe Mac Muire An daor-bhreath le binb an thréadta an dobróin. Beidh an saogal 'n-a theine, céad scréach ag gach nduine Na sléibhte le buile ag léimrigh 's ag dóghadh Gach coill insa chruinne le sceimhle dá bhriseadh Is aibhne agus sruithe ag búithrigh fé chumha; Ní bheidh cathair ná tuitfidh ná carraig ná brisfidh 'S an talamh ar crithe is dá loscadh 'n-a smól Is Tétis 'n-a tuile ag blaomadh ó n-a grinneall Is ag éirighe go luinneach le storm san lú. Beidh éanlaith na cruinne ag scréachaidh le tuirse Is éisce na linne ag léimrigh gan deóir Gach daonnaidhe sa chruinne ag scréachaidh le mire Is iad 'n-a gcaortha ag an teine chraosach dá ndóghadh
Beidh tóirneach ar leigint, is splangcaí le fuinneamh Is fuaim age tuinnibh le siosma go leór Beidh tuamaí dá bhriseadh agus luaithre gach cine Ina gclódhanna ar sheinm bhuabhail éachtaigh na nglór. O! is le tréineacht na guithe ón trompaed dá sheinm Clann Éabha gan moille éireóghaidh ina gclodh Is ag aos a deich fichead is trí leis mar thuille Beidh gach n-aon aca 'nisim go fíor-cheart im sceól Níl diabhal dubh sa choire ná cliar gheal Ríogh neimhe Ná triallfidh go mullach Shíon-chnoc na mbrón Is gach tréada dár imthigh as an saoghal so gan filleadh Beidh in éinfheacht os coinne Aonmhic na hÓighe. Ní héifeacht ar imthigh de na scéalta so 'niseas Go léigfidh Mac Muire an daor-bhreath gan ghó Ar gach aon dream do bhriseann 's go réabann a dhlighthe Mar mhéirligh ar mire 's ná stríocann dá ghlór Déarfaidh le binb le tréatúir na gcoirthe Nár ghéill riamh dá dhlighthe tré chlaonta rómhór Téigheadh gach n-aon agaibh uile sa chaorthain ar buile Tá 'n-a caor-lasadh ar fiuchadh, 's gan filleadh go deó. Is éachtach le 'nisint mar scréachfaid seo uile Ag dul i gcraosacha buile dá loscadh fé bhrón 'S ó n-a ngaolta dá roinneadh bheidh in éinfheacht le Muire Ar thaobh dheas a Leinbh is choidhche ina ghlóir, An uair ghlaodhfaidh go soineann an dream naomhtha le gile Do ghéilleadh dá dhlighthe is do thréigeadh a nómhaid, Ó! is ní féidir le pionna chinn léigheanta na cruinne A chur i bhféirim ná i dtuigsint a n-aoibhneas go deó.
IV. - AN SAOGHAL MEALLTACH. Fonn: Stáca an Mhargaidh. Ar mo leaba dham aréir is me ag déanadh marthana Ar aindeise an tsaoghail is méid a mhallathacht Ochón! 's is olc é mar ghnó Ag briseadh 's ag réabadh dlighe an Aenmhic Bheannuighthe Is gan suim 'n-a bhréithre ná géilleadh 'á aitheanta Ochón! is danaid é dhóibh Is eadh thuigeas-sa an t-éacht tá ar strae is ar mearathal Ceangailte ar séirse age daol dá mealladh so Go hifreann craosach fá shéala a ndamanta I dtaobh Críost do shéanadh tré chlaon a n-anama Ochón! fá mhallacht go deó. 'S an chuid den trúp sa thug cúl don mbeannathacht Dream na drúise chuireann dúil sa mbarbaracht Ochón! is fuath liom a sórt: Is lucht na mionn mór atá go lom-dubh ceangailte Ag diabhail is deamhain le slabhra an pheaca san Ochón! is pianfar iad fós Is lucht an éirligh léantach mhaslathach Tharcuisneach bhréagach scéaltach scannalach Is feallairí fraochmhar mar ghéirnimh chealgach Thugann aithis don Aonmhac go daor do cheannuigh sinn Ochón! beid á loscadh go deó. Tá dream eile fós ar scórnain greamaithe Lucht meisce agus póite go deó a bheidh damanta Ochón! de dheasca a gcuid óil Mar tá a n-anma múchta i gcúrsa mallathacht Is gan beann aca ar Dhia ná ar bhiadh na n-aingealaibh Ochón! is fuathmhar é a nglór
Le barbaracht bhréaga le scréacha ag glamaireacht Ag spalpadh go héachtach le faobhar-nimh ghangaideach Ó! is le bladhman spreallaireacht mhillteach mhaslathach Ag méadughadh an pheaca san do thuillfeadh damaint dóibh Ochón! in ifreann go deo. Is níorbh'iongna liom féin dá mbeadh caortha dearga Dá chaitheamh in éadan gach méirdreach barbartha Ochón! is iad do loscadh 'n-a smól Is gach mallathóir daor-dhubh tá séantach seachantach Ar riaghlacha an Aenmhic go mbeadh daeil dá stracadh leó Ochón! gan sosadh go deó. I bhfochair gach dream atá dall, ar mearathal, Do shíolruigh ó Liútar, an bhrúid shalach mhallaithe Is gach méirleach calcaithe atá ar séirse ceangailte Ag an diabhal in achrann go doimhinn sa pheaca dhubh Ochón! beidh in ifreann leó. Ní fhaicim sa tsaoghal ar éan-taobh dá n-amharcainn Acht mallathacht, eigean, craos is cama-chlis Ochón! agus peacaí go leór. Gan gradam do Dhia ná do dhiadhacht bheannuighthe Acht imtheacht leis an ndiabhal fá iarsma peaca coir Ochón! is olc é mar stór Acht taidhbhsí is géar-choic ar éadan ghaigeamhail Is mairg fé bhéabhair ar sméirlí smeartha dubh Sé mo chás mo chréim is mo phéin go peannaideach Dlighe na naomh fé ghéim is magadh aca Ochón! beidh buaidhirt ortha fós. Chím gach caile-bhean liath agus iarmhar sheanduine Go daingean míriaghalta is gan iarradh ar a leas aca Ochón! nach dona é mar sceól! Acht go feargach faobhrach 's a mbéal go heascaineach Ag tiomaint go héachtach gach claon don leanbh san Ochón! fuair peannaid go leór.
Dá loscadh ameasc daol fá phéin-bhroid damanta Beidh óg is aosta do thréig gach beannuightheacht Mar a nglanfid go héag a bpéarla ón bpeaca dubh Tré pháis Mhic Dé is le déaraibh aithreachais Ochón! sin críoch ar mo sceól. V.- GRÁIN-PHEACA NA MIONN IS NA DRÚISE. Beidh lucht dearbhtha agus eascaine ar shlabhra ag an diabhal go deo 'S a n-anam go dubh gangaideach dá scalladh thíos i dteinte teó Beidh an teanga san thugann masladh mór do Chríost gach ló Le fearg buile mallathacht fé phian go síor ag dóghadh A dhaoine dalla saoghalta Nach dona an scéal díbh Bhur dteanga le géar-nimh Bheith ag masladh an Aenmhic Is an diabhal gan traochadh Dbhur mealladh is dbhur gcaochadh Is dbhur dtarraingt 'n-a dhéidh leis Go hifreann daortha? Ag dóghadh is ag loscadh gan sosadh le dochar an chrádhnais pian Beidh teangacha tiubaisteach géar-chuirptheach dána dian Thíos in ifreann go binbeach i ndaor-chuilithe go brách, mo ciach Ar son a mioscaise le buirbeacht is tréan-thiomaint le páirt don diabhach Beidh teangacha na heascaine Is na guidhdeóireacht mallaithe
Dá róstadh go deó damanta I dteinte teó greadaithe Mar thréigeadar an Rí Beannuighthe Is níor ghéilleadar dá aitheanta Acht dá reabadh gan eagla Gur traochadh lag marbh iad. Ag an diabhach greamuighthe go peannaideach beidh lucht eascaine ameasc daol de shíor 's a dteanga nimhe mhaslathach 'n-a lasracha buile mar chaor go fíor I dtaobh gach tarcuisne go malluighthe fuair an leanbh dfhulaing bás 'n-ár dtaoibh Dá spalpadh leó go scannalach ag tabhairt aithis do is dá Pháis i ngníomh Lucht Páis naomhtha Íosa Is fós tiodhlaicí an Naoimh-Spirid 'S na Banaltran chaoin tais 'S na bhFlaitheas breágh aoibhinn Do spalpaid an naimhid seo N-a bhfuil a dteanga go líomhtha Chum masla thabhairt d'Íosa Dfhulaing Páis dár saoiradh. Gníomh níos measa 'ná masla thabhairt d'ainm Dé is dá Pháis Ní feidir a cheapadh ar talamh ná in ifreann tíos go brách Níl aon teanga do spalpann le cómhachta Chríost na ngrás Ná tuilleann peannaidí is damanta ná an diabhal a dfhagháil A dhaoine dhona anacrach Na bídhí-se ar mearathal Ag tabhairt uathbháis scannail uaibh Le mionnaí móra is eascainí;
Cuiridh srian lennbhur dteanga anois Is ná tuillidh-se bheith damanta De dheasca bhur malluightheacht Is méid bhur n-aindeise. Cás ní bhíonn ar na daoine sin tá truaillighthe bréan 'n-a nglór Le barbaracht shalach scannalach is bréithre bruid go leór Is le magadh suilt go cealgach dá sheanchas 'measc aosta is óg Gach ar ghlacadar de mhallathacht tríd an bpeaca san 'n-a méinn ag dóghadh. Ó! a bhrúidibh bharbaraithe Drúiseach shalach mhalluighthe Tá gráin Mhic Dé 's a Bhanaltran Is na Maighdean glan geanmnach Is gach dream eile i bParrthas Anuas oraibh leagaithe Mar dhíoghaltas díbh ceapaithe Le haghaidh bhur ndamanta. Ag doghadh go síor bheidh na daoine sin thugann taitneamh don drúis. Is n-a mbíonn a mbéal salach gáirsceach ag fágháil suilt is scannail sa chúis Agus mallacht daor Chríost is na naomh atá i gceannas go subhach Beidh ortha go híochtarach is iad thíos insa choire go dubhach Bainfar an uair sin sásamh De lucht na drúise gránna Is na barbaracht' gáirseach Do chuireannn ar na Flaithis náire 'S ar Mhuire gheal ghrásach 'S gach dream eile láimh léi; Anois beidh ortha so áthas Na brúidibh bheith dá chrádh thíos.
AN CEANGAL: Mallacht Dé is na naomh atá i ngradam go buan Beidh do daor ar an dtréad san do mhair ina suan Insa pheaca bhréan gur éag 'n-a namhad go muar Ag Rí na gcréacht gach péin dá ndeascaibh a fuair. VI. - CÓMHAIRLE DON PHEACACH SHAOGHALTACH. A Dhuine bhocht anacraigh aindeis dhall-shaoghaltaigh Chruaidhte chalcaithe pheacamhail phéacaigh Créad fáth ná smaoinir go fíor-cheart féachtach Mar atá tú it naimhid age Rí na gcréachta? An dtuigeann tu chuigint gur cuireadh sa tsaoghal thu Chum dlighe agus aitheanta an Athar ghil naomhtha Do chomhad go grádhmhar trí ghrása an Naomh-Spirid Ó bhliantaibh t'óige go ló do thraochta? Ó! 'sé mo thuigsin ná tuigirse féin sin Is gur beag do chuimhne ar Chríost ná ar a chréachta, Mar tá do chroidhe go cruaidh is fuar trít chlaonta Is gan t'aithne ar Íosa d'fhuiling mílte péin duit. Ó is truagh liom do chás gan ghrádh gan daonnacht Acht grádh an tsaoighil tá go dtí so 'ot chaochadh Is grádh don bpeaca tug masla don Aonmhac Do thuill duit pianta ameasc diabhal le saogail. An dtuigeann tú chuigint gach donas tá déanta Ar t'anam bocht cnaoidhte fé oirbhíre Dé thuas Gach am dá mbrisir a dhlighthe atá naomhtha Let chuirptheacht cama-chlis scannalach scléipeach?
Cé go n-éisteann Dia leat, a chladhaire an éirligh Dá mhasladh gach lá is gan chás 'n-a thaobh ort Tiocfaidh an t-am n-a mbeir scannrach éagnach N-a mbainfar díot sásamh le cráidhteacht péine Níorbh'aon iongantas dá dtuitfeadh díoghal Dé ort l dtaobh nimh do theangan ag spalpadh an Chrois Chéasta Is Íosa is Muire dá thiomaint go héachtach Is eascainí an diabhail, mo chiach, dá phléascadh. Tá do theanga thiubaisteach ghoinideach léantach Go nimhneach namhaideach i gcúis do dhaortha 'N-a sclábhaidhe dílis 'get chroidhe is 'get stéigibh Chum oibreacha an diabhail go dian do dhéanamh. Atá tu eólach cliste ar thiomaint 's ar bhréaga Ar bharbaracht ghránna is ar cháineadh céadta Is níl eólas agat ná aithne féin ceart Ar Rí na glóire d'onóradh ar aonchor. Ó! tréig do bhearta agus seachain do chlaonta Smacthuigh do theanga tá 'ot mhalladh 's 'ot léanadh Glan do chroidhe istigh tá líonta go léir-dhubh Le smalaraic peaca a cheangail tu i ngéar-ghluis. Ná bí meallta ná feallta ag an saoghal so Cad tá le fagháil ann acht bláth beag bréige Is mórchuid anród is trioblóidí ar a chéile A thuillfidh damaint duit má thugair dóibh géilleadh? Tar éis gach cama-chleas is anabheart éirligh Dorinn tú riamh don diabhal ag tabhairt géilleadh Cá bhfuil do thairbhe a chealgaire shlaodach Acht ualach peacaí ar do choinsias chaochta?
'Nisim go fíor duit is ní innsim bréag duit, Gur i bhfochair na ndiabhal 's a chliar san daorfar Bheidh t'anamsa fós go deó sa chaorthain Muna ndéinir é nigheadh tré aithrighe naomhtha. Tá agamsa truagh dhuit i dtabh cruadhacht do mhéinne Mura dtuigirse chuigint go mbeidh an Breitheamh chómh daor san Ar éinne fuair baiste na heagaisle naomhtha Is gheobhas bás 'n-a Chatoilceach fé thearmain Dé ghil. 'Nisim duit fós gan gó an scéal so Go ndeir béal glan Íosa le fíor-cheart-éifeacht Ná rachaidh go Parrthas fé ghradam go réilteach Aon duine bheidh marbh sa pheaca uair a éaga. O chruthuigh Dia go riaghaltach féin tu Is go gcomhadfá a dhlighe le brígh tré naomhthacht Iompuigh do chúl le smúit an tsaoghail seo Is iompuigh t'aghaidh ar shoillse an naomh-Spirid. Tabhair taitneamh do chroidhe do Chríost na gcréachta Is dá Mháthair bheannuighthe gheanmnach ghléigeal Sil feasta na deóra le brón trít chlaonta 'S i dtaobh fhaid a bhí tú it naimhid don Aonmhac. Déin marthana fada ar gach peannaid is géar-bhrid Nur ghaibh Íosa Críost tríd dot shaoradh Ar feadh cúrsa a Pháise 's a bháis ró-naomhtha Ar chrann na croise ar a rinneadh é chéasadh. Cuimhnigh go fíor-cheart an oidhche sul d'éag sé Gur chuir sé allus a chroidhe tríd 'n-a bhraonaibh Mar dheóraibh fola le dochar it thaobhsa Cé go bhfuil tú riamh gan chiall dá thréigean.
Cuimhnigh air fós ag an bpiolóir go créachtach Is na Giúdaigh fhallsa le feall gan trachadh Dá ghearradh go fórsach le córdaí caola Nó go raibh gach órlach de 'n-a spóla chraorag. 'S tar éis an chríoch so ar Rí na naomhaibh l dtaobh do chionta-sa agus cionta an tsaogail An féidir dot chroidhe gan stríoc do is géilleadh Agus cúl do thabhairt don bpeaca, go n-éagfair. Cuimhnigh arís ar Chríost dá chéasadh Ceangailte go lom ar an gcrann le spéicibh Is na srutháin fola dá dhortadh ar gach taobh de, Is ó cheartlár a chroidhe scoilt tríd le géir-shleagh. Ó! ná bí gan chiall, ná ag diabhail 'ot bhréagadh! Cadé an tairbhe choidhchin duit cumann an tsaoghail seo Ó tá tú it naimhid dhubh ag Rí na gcréachta Is tu ceangailte ar shlabhara ag deamhain 's ag daolaibh? Mar a n-iompuighir ar Dhia 's ar a riaghla naomhtha Is aithrighe umhal go dubhach do dhéanamh Ameasc na ndiabhal fé phian beir daortha 'Ot loscadh go brách is gráin Mhic Dé ort. An Ceangal: Mo léan-chás an daor-cháil tá ar shíol Ádhamh go hiongantach Bheith i síor-ghrádh le caoich-bhláth na draoib-láib dhubh mhúnlaigh Is iad 'na naimhid ghráin ag fíor-smál an tsíl d'fhág iad liúinte Is gan binn láithreach ar an Rí ghrásach, acht diabhail ghránna 'á múineadh.
Cé teann dána tá an dream gránna is le fonn gáire iad súgach Is gaith láidir ag an diabhal Sátan isteach sáithte ina súile Tiocfaidh lá fós ar uair a mbáis dóibh n-a mbainfar sásamh Is n-a mbeidh áthas ar an Rí lán-cheart iad do thiomáint fé dhiúltas. VII. - SIOSMA AN ANMA LEIS AN gCOLAINN. Éistigh a chómhursan agus 'neósad scéal díbh Mar deirid na hughdair mhúinte léigheanta Ar an siosma chruaidh bheidh lá na ndaor-bhreith Ag an gcolainn 's ag an anam in earraid le chéile. An uair shéidfar an trúmpa go humhal go faobhrach Éireoghaid 'n-a suidhe le brígh go héasca Agus baileoghaid annsúd gach trúp sa tsaogal Mar ar chéasadh Críost go fíor ar ghéarchrois. An uair thiocfaidh an t-anam damanta daordhubh Aníos as ifreann is é uile mar chaortha Raghaidh go dtí an cholann lobhtha sa chré thíos Chum teagmháil leis an mBreitheamh ar mhulla an chnuic éachtaig. Déarfa le fearg 's é ag screadaigh le péine:” Mo mhallacht duit a cholann chómh dona 's is féidir Is mó mallacht a thuillis dam in ifreann daortha Is mo mhallacht don lá n-a dtánga ag pléidhe leat.”
C.- Créad é do chúis chugham a lúbaire scléipeach Créad fáth n-a bhfuilir chómh cuthaigh seo 'om dhaoradh Créad a rinneas leat riamh, a dhiabhail an éithigh Le n-a mbeifá ar buile chugam 's ag siosmadh le faobharnimh, A.- Do mheallais chum peaca me let bhladaireacht éithigh Is do gheallais 'n-a dhiaidh sin let bhriathra bréige Go ndéanfá aithrighe it pheacaí claontach Nídh ná rinis nó go rinneadh me dhaoradh. Is mó mallacht do thuillis dam in ifreann craosach I dtaobh do chuirpeacht ó rugadh sa tsaoghal thu Mo chreach go dóighte, Ó! is go scólta céasta Mar fuair mé riamh thu ó Dhia mar chéile. C.- Nach agatsa riamh bhí an chiall 's an éirim Tuigsin is meabhair i dteannta a chéile Créad é an chúis ná rinnis mise do staonadh Is gan leigean dam tusa do mhilleadh 's do chaochadh. A.- Dofuair mé ciall ó Dhia, ní bréag san Acht do bhain tusa dhíom í le brígh do chlaonta Do dhallais mo mheabhair let chamshlighe éithigh Mo thoil, mo thuigsin, do mhillis in éinfheacht. C.- Éist, a scallaire is a ghlamaire bhéiceach Tá tú go hiomarcach ag déanadh an tiubaist le héitheach Má bhíos-sa dall gach am dem shaogal Bhí tusa mall chum aithrighe do dhéanamh. Is fós ba mheasa leat bheith ag machtnamh ar t'éirim Ar fheabhas t'eólais 's ar do mhórchuid réime Is méid do thuigsiona i gcuideachtain éigse Cé nár thuigis an tuigsin ba naomhtha.
A.- Éist, a chonablaigh, cuir stopadh ar do bhéal uaim Is mó droch-chaint agat ag innsint scéalta orm Dá ndéanainn an dheichmhadh cuid det choirthe scéithean Ba mhór é an masladh do leanfadh 'n-a thaobh díot. Is fiosach don domhan go rabhais it mhéirleach Ag siosmadh is ag bruighean gan scíth gan traochadh Is le linn t'óige is tu it bhóich mhór aerach Lán de phoimp is de bhladhman tsaoghalta. Ní raibh truagh agat damhsa is tu go púdrach péacach Ag imtheacht go meadhrach is taidhbhsí ar t'éadan Go bailte muara is tu it ghuagaire scléipeach Ag imirt 's ag ól is leis an óige ag pléireacht. Do b'annamh aon Domhnac ná rabhais-se traochta I dtig an ósta le hól go héachtach Is mise gan dada 'om stracadh is 'om chaochadh Le hocras is tart 'om thachtadh in éinfheacht. Is mó bhiadh blasta do chaithis leat féinidh Is féastaí muara ameasc uaisle tréitheach Is mise go fannlag go lom fé ghéarghlais Istig it chobhail-se is gan beann ag éinne orm. C.- Éist, a chlampaire is ná labhair chómh daor san Má chaithinnse biadh ameasc cliar na féile Is go n-ólainn i dtigh an ósta mo dhaethin Níor stopas tusa ó chuideachtaí naomhtha. A.- Adeirim nach misde a rádh go dtugais-se t'éitheach; An uair bhínn-se ar aigne mo leasa do dhéanadh Le faoisdin beathadh im peacaí go léireach Ní leigfá-sa chum cinn me, a chladhaire an éithigh.
Dá rádh gan amhras go raibh am mo dhaethin Agamsa go fóill chum iompódh ar naomhthacht Is ó bhí Dia trócaireach gur chóir nár bhaoghal dam Fuireach mar bhíos go crích mo shaogail. C.- Má bhíos gan tuigsin gan chruinneas ná éirim Gan fios na deifrach acht me im bhreillice bhréagach Cadé an chúis ná rinnis-se mise do staonadh Is gan leigean dam a-chuigint tusa do chaochadh? Ná tuigeadh éanduine gur mise do léan tu Ní me go deimhin acht do neamhshuim feinidh Gan grádh do Dhia ná iarradh ar naomhthacht Ach it spaidire mharbh gan eagla ar aon chor. Cé go bhfuair tu foghluim chum labhairt le héifeacht Gaedhilg is Laidean is anachuid Béarla Níor chortha leat choidhchin i gcuideachta an tsaogail. Bheith ag cáineadh gach duine nár chumann leat féin é. Dheirthá go minic nár mhisde dhuit féin sin Bheith ciontach i bpeaca let chleachtadh is let bhréathra Mar bhí eólas agat chum casadh ina dhéidh san Ar Rí na n-aingeal chum t'anam do shaoradh. B'uaibhreach muarfhoclach an ghuag thu tréimhse Ag trácht ar tfhoghluim is feabhas do thréithe Agus tu 'san am san - níl amhras bréige ann Ar bheagán aithne ar aitheanta Dé ghil. Dá mhéid é t'eólas is do mhórchuid Béarla Níor bhainis as choidhchin tuigsin ná éifeacht B'annamh tu le taitneamh ag glacadh an Chuirp Naomhtha mar bheatha dot anam chum a mhaitheas do dhéanadh.
Deirim le fírinne leat le brígh agus éifeacht Gur maith do thuillis go deimhin tu dhaoradh Mar, dúil do leasa níor ghlacais ar éanchor Acht fuireach it spaidire gur gearradh den tsaoghal tu. Is danaid go deimhin duit, a chladhaire shlaodach Bheith it spaidire mharbh gan eagla Dé ort; Gan éandúil agat bheith carthannach naomhtha Acht bheith riamh it dhall gach am 'et shaoghal. A.- Ní beag duit a ndubhrais, a lúbaire léantach Is cruinn do chanair ar mo bhearta le chéile Is ní thuigir chuigint créad é do chuirpeacht féineach Is gur mó do lochtaí 'ná lochtaí éinneach. Nach bocht an cás dam bheith go brách i bpéine 'Ot thaobhsa, a chonablaigh thiubaisteach bhréagach Is me an t-aindeiseóir cráidhte fé ghráin an Aenmhic I gcuideachta diabhal i dtabh riamh duit géilleadh. Mo mhallacht go dtuitidh ort, óir do thuillis go daor í I dtaobh me mhealladh trét chleasa chum géilleadh Dot phaisiún mheillteach do thuill gach péin dam In ifreann thíos go síor 'om chéasadh. Chómh fada is bhéas Dia ina Dhia le saogail Beidh tusa agus mise ar buile gan traochadh Ag mallathóireacht mar dheamhain gach am ar a chéile I dteinte ifrinn ameasc tuilleadh atá daortha. Beidh splangcacha teine ag rith as do bhéal-sa Is piastaí nimhe 'ot ithe is 'ot réabadh Do cheann nó do chloigean ar fiuchadh le tréine Thíos insa choire is tu ar buile go héachtach.
Beidh tu ceangailte go daingean fé ghéibhean Ar róistín dearg is tu 'ot ghreadadh le péine Is deamhain an uabhair ag do chluais ag scréachaidh Le buile na bpian is gan Dia dot réidhteach. Beidh íota tarta ort is do theanga amuich ag géarghol Is gan deoch le fagháil agat acht domblas daoldhubh Níor thuillis, a mhalairt i gcaitheamh do shaoghail duit Ag déanadh an pheaca is ag tabhairt masla don Aonmhac. C.- Is mó bliain fhada ó leagadh me traochta Is cuireadh me marbh i dtalamh fá léithlic 'Om dhreóghadh mar rangclach don am so glaodhadh me Chum ceangal leat arís 's gan tú choidhche a thréigean. Mo mhallacht le binb don lá rugadh sa tsaoghal me Mo mhallacht le buile do gach nduine do chaoch me 'Om tharraingt sa bpeaca de dheasca a ndrochlaonta Is mo mhallacht duitse tugaim chómh dona 's is féidir. Mo mhallacht anois fós is go deó le saogail Dom athair is dom máthair, is gráin Mhic Dé ortha Mar níor stopadar mise óm chuirpeacht eachtach Ná teagasc mo leasa ní thugadar é dham. Mo chreach go dóighte is mo bhrón mór péine Nach im chloich nó im maide do chaitheas mo théarma Ní bheinn anois im chonablach bhréantach Ag imthacht go hifreann 'measc tuilleadh bheidh daortha. A.- A bhrocais mheillteach bhladhmannach scléipeach Leig det chaint is éist lem scéalsa Níor thuigis in am, mo channtladh, an méid sin A n peaca do sheachaint nó gur leagadh tu traochta.
Níl agam aon mhoill a bheith ag innsin scéalta Caithfead gabháil leatsa arís, 's is díth liom féin sin Chum dul go dtí an gleann n-a mbeidh ann sliocht Éabha Áit ná faghairse cead cainte ar aonchor. Taoibh leis an ngleann so gan amhras d'éinneach 'Seadh shuidhfe Críost ar mhaoil an tsléibhe Chum breith do thabhairt ar pheacaigh, dá ndaoradh Agus na haithrighigh rócheart go deó do shaoradh. Iompóidh a aghaidh go meillteach faobhrach Amach ar na sluaighte muara san Éabha Is déarfa leó le cómhacht a naomhthacht “Créad é chuigint ná rinneas don tréad so? Is mó ocras is uireasbha d'fhulaing mé im shaoghal daoibh Fuacht is fán is me 'om chrádh ag méirligh Is tar éis a rinneas daoibh dorinn sibh me thréigean Is m'aitheanta go minic do bhriseadh is do réabadh. Do throisc me dathad lá ar fásach sléibhe Gan bhiadh gan deoch go bocht beó tréithlag Is tar éis mo charthannacht chum bhur maitheasa dhéanadh Do ghaibh sibh leis an ndiadhal 's mo riaghailse thréig sibh. Mo chorp is m'anam dfhágas agaibh in éinfheacht Insa tSácraimint go cómhachtach naomhtha Mar lón dbhur n-anamsa is beatha dhó dhéanamh Is tar éis mo chumainn daoibh dorinn sibh me threigean. Is ar bhur son-sa dfhulaing me gach peannaid dá ghéire Me cheangal de phiolóir ós cómhair an tsaogail Is mo chorp do ghearradh treasna ar a chéile Le sciúirsí cruadha is me im thrú bhocht aonair.
Feachaidh fós an clódh ar mo ghéagaibh Dorinneadh go doimhinn ortha le linn a gcréachtadh 'Om cheangal do Chrois ar son chlann Éabha Is tar éis mo phianta mo riaghailse shéan sibh. Do scoilteadh mo chroidhe go fíor le caoltsleagh Is mó seile salach do caitheadh im éadan Is mó masla tugadh dam le hiomarca éithigh Is me go nochtaithe ar crochadh ar ghéarchrois. Ó's é mo mhallacht do thuill sibh, a chladhairí caocha Tabharfa mé dhaoibh í go fíochmhar fraochmhar Go leanaidh bhur ndiaidh go dian dbhur bpéineadh Go deó deó gan fóirthin le saogail. Imthighidh as mo radharc, is leaghadh agus léan oraibh A dhream na mallacht, an aicme bhréan so, Teinte ifrinn chómh dona 's is féidir Dbhur loscadh go deó gan fóirthin, gan traochadh. Anois iompóghadh m'aghaidh go soillseach séimh deas Ar na daoine diadha dobhí ciallmhar naomhtha Is tabharfad dóibh uile cuireadh le buidheachas Chum dul go cúirt gheal na Tríonóid' taobh liom. Sibhse an dream tug greann go héag dam Dothug biadh agus deoch dam is mórán éadaigh Lóistín oidhche, is le deaghchroidhe dhéineadh Go leór maitheasa i gcaitheamh bhur saoghail dam. Gluaisígh liom ó ghleann bhocht Éabha Go seilbh na bhFlaitheas 'measc aingealaibh naomhtha Fí ghlóire chaithiseach na cathrach néata Ag moladh an Athar, an Mhic 's an Naomh-Spirid.”
VIII. - CÓMHAIRLEACH AN PHEACAIGH. A Dhuine bhocht dhaill atá gan chéill Ag briseadh dlighe Dé gach lá An é t'aigne ar feadh do shaoghail Calcadh daor i mbreis míádh? An dtuigeann tú fós méid na locht Tá i ngach olc dá ndeárnais riamh Dot anam féin tá tréithlag bocht Nó tar éis dul d'éag i lár do chliabh? Do chruthugh Dia thú, níl éanghó Chum aithne do chur air féin Is chum é ghrádhchant feadh do ló Go ceart cóir it chroidhe is it mhéinn. Nach dona an gnó dhuit bheith chómh dall Gan éinbheann ar sheirbhís Dé Acht bheith riamh it spaidire mhall Is Rí an domhain fét tharchuisne. Is é do chruthuigh de neamhnídh An saoghal so chír gach aon lá 'S gach créatúir ann i ngach slighe Is iad go fíor rian a lámh. Thug sé bith dhuitse mar thug do chách Is togha sláinte riamh it shaoghal Meabhair is ciall go fial so-ghrádhach Cé ná dearnais dá riaghail géill.
De ló is d'oidhche do smaoin sé ort Cé gur luath dhó a thugais cúl 'S do spreag do chroidhe ná scaoilfá thort Am na haithrighe uait ar siubhal. Dothug sé slán tu ó gach baoghal Bhí an Bás féin dá chur it air 'S dothug duit cáirde fada it shaoghal Chun fóghmhar naomhtha chur i stór. Is mó fear tréan do leag an bás Ón am do thárla dhuitse ciall; Cé shaor tusa acht Rí na ngrás Ó bheith ar lár ameasc na ndiabhal? Ar shon gur dhiúltais dó gach am Is gan aon-tsuim agat dá ghlór Níor bhuail sé ort aon bhuille trom Le searc is greann duit go leór. Is le greann duitse is dúinn go léir Dfhulaing a Mhac Naomhtha páis Is mór-chuid masla ag íoc go daor As ár gclaonta tré n-a bhás. Muna mbeadh tusa bheith gan truagh Is ar bheagán buaidheartha in do chroidhe Thabharfá taitneamh do Rí na mbuadh 'S do bheifá go buan ag caoidh. Is mó géar-chaoidh agus dortadh deór Is peannaid mhór in do chás Nur ghaibh sé tríd 's a naimhid gan chóir Dá stracadh leó go bhfaghadh bás.
Is mó trombuille dfhulaing sé Ar a naomh-chorp bhí ró-tinn Is cneadh mharbhthach 'n-a phearsa ghlé Nó gur éag sé re n-a linn. A dhuine dhona stad go fóill Is féach it mheón ar a chréacht Na srutháin fola tríd an bhfeóil Anuas gan teóra leis ag téacht. Tar éis gach péin dar ghaibh sé tríd Ar an ndaoir-chrois duit le grádh Ba chóir go dtréigfá feasta a naimhid Is greann do chroidhe thabhairt dó le báidh. Dá mbronnadh duine bocht den tsaoghal Nídh beag éigin duit mar dhuais Le báid do chroidhe 's let chómhrádh béil Do bheifá séimh leis as san suas. Is mó duais riamh fuair tú ó Dhia Is tiodhlaicí daora fós Is tá tú ag diúlt dó rómhat 's it dhiaidh Mar tá an diabhal do réir a nós. Dá mbeadh caraid mhaith is tu fein Tar éis tuitim le chéile amach Suaimhneas ná síth ní bhfaghthá it mhéinn Go mbeadh sibh ar aon raon ag teacht. Thuit tú amach le Rí na naomh Gach am do thréig tú dlighe na ngrás Ní fheicim cás ort trí n-a thaobh Ná roimh dhaorbhreith uair do bháis.
An aon mhaith dham bheith leat ag súil Go dtabharthá do chúl go brách Don pheaca mharbhthach dár ghlac tú dúil 'S do thuill duit cúis gach mí-ádh. An aon mhaith dham bheith leat ag caint Chun tu leigheas ón loibhre bhréan 'S go ndiúlfá choidhche arís don tsainnt Rinn go deimhin ar t'anam léan. AN PEACACH. Ní bhfaghaim locht it chaint go léir Mar tá do scéal ró-fíor Táimse eaglach go bhfuil mé daor Mar do thréigeas Dia go fíor. Do Dhia níor dhiúlt me riamh le fuath Cé gur cruaidh lionn fós a dhlighe Acht tuigim féin go bhfuil sé luaith Chum maitheas mhuar a thabhairt chum brígh. AN TEAGASC ARÍS. Dá gcuirthá riamh do stór ar Neamh Is siubhal go ceart i ndlighthe Dé Ní bheifá anois it thrú bhocht leamh 'S gan aon mhaith bheith leat ag pléidhe. Pianta ifrinn na pianta is mó 'S gan aon tsúil le crích go brách Áit a dtuilleann do pheacaí dubha Bheith 'ot únfairt ann i ngádh.
Is beag an chiall, adeirim, it cheann Cé gur teann atá tú ag caint Óir do thréig tú Rí na reann Tré iomarca greann don tsainnt. Maith ní dhearna tú fós it shaoghal Is tu gan aon-ghreann ar Dhia Dá naimhid mhallaithe thugais géill Is ró-bhaoghal liom go mbeir níos sia. Och! nach dall tu! is nach cam do chroidhe! Gan aon chuimhne ar Rí na ngrás Ag tabhait droch-shompla do chlann do thighe Ag masladh Chríost is brígh a Pháis. Rinn tu saothair dot chorp ghránna T'anam dfhágais go bocht lom Is tú gan chiall ag rith go dána Ó Dhia ghrádhmhar riamh gach am. Tá eagla an mháistir i dtabh an chíos' Ag cur sceimhle it chroidhe, adeir tú féin 'S níl aon eagla ort i ndeire t'aois Bheith fá dhíoghaltas Chríost i bpéin. De mhaith an tsaoghail seo rinn tu rogha 'S do chúl a thabhairt le Mac na hÓighe Is eaglach liom go mbeir gan togha Lá na ndaor-bhreath is tú gan sógh. Ní lia peaca ar t'anam fann 'Ná diabhal is deamhan 'ot nasc i dtráth Chun bárr greama bhreith ort le fonn Tu bheith lom fá ghlas go brách.
Ót mhaoin shaoghalta ná fós ót chlann Ní bhfagha tú cabhair am do bháis Chum tu shaoradh ó shlóighte deamhan A bheith le scannradh ag brath do cháis. Gach deamhan riamh dá dtugais géille Feadh do théarma insan tsaoighal Beidh 'san am san i dteannta a chéile Ag déanam éilimh ort gan fuigheall. Bí lán-chinnte ná fuil aon bhréag Agam sa scéal so dhuit ó thúis Mura stadair go raghair in éag Go mbeidh tu daortha tré gach cuis. Gibé síol cuirthar síos sa chré Isé an sórt céadna fhásann ann Aon dá mhalairt ní thiocfa sé - Is fios do lucht céille an domhain. Isé an síol do chuir tú it shaogal riamh Síol fiadhaile is dosaibh tríd Síol d'fhás trí gach páirt det chliabh Go fairsing fial ameasc do naímhad. Síol an pheaca anois do luadhaim Síol an uabhair is an mór-shainnt Síol na meisce le bruighean is fuaim Síol feirge le droch-chaint. Síol barbarachta is drúiseamhleacht Síol droch-mhúinte gan aon scáth Síol Dia-aithis is easamhlacht Síol tnútha trí neamh-ghrádh;
Síol an achrainn ameasc na gcómhursan Spídeamhul dúr, lán de glór Síol na mionn ag buaint an fhógmhair sin Fairfing tútach ag déanadh stór; Síol den tsórt le feall is éitheach Damaint dhaorbhroid luach do phágha 'S is fír go bhfios duit féin Tu bheith daor 'san olc gach lá. Cionnas thuigir go rachair suas Go saor buadhach ameasc na naomh Go daor le meang gach guais Is dream an uabhair ar do thaobh. Glóir ar Neamh ní bhfaghair go bráth Gan mór-chás is doilghíos chroidhe T'anam go ghlanadh in am 's i dtráth Ó gach cáim dfhág é gan bhrígh Nuair rinn tu an peaca chaillis Dia 'S do chaillis a ghrádh gach ló Chaillis prionnsa mór is triath Chaillis ar Neamh sult gach sógh. Chaillis fós luach géar-pháis' Íosa Is chaillis an Ríoghain tséimh Do chaillis trí mhéid gach baoise Caradas na mílte naomh. Do thuillis a bheith 'ot loscadh síor 'San am a thréigis Críost na ngrás Thuillis mallacht na bhFlaitheas fíor Thuitim ort le inn do bháis.
Thuillis caidreamh diabhal is deamhan 'S gan aon chabhair thabhairt duit go deó Óir do dhiúltuis do Dhia le fonn Gan casadh in am let ló. Do chásais liom bean do thighe Bheith sínte fé fhód go fann Do chásais liom gan mórán brígh Bheith sa chuid tá óg det chlann. Níor chásais gur chaillis Dia Ná t'anam bocht a bheith fá smúid I bpríosún dubh gan deoch gan bhiadh Ar nasc ag an diabhal, do namhaid. Dá mbeadh tinneas, fiabhrais nó pláigh Ar aon neach de chách sa tír Is é cruadh-cheangailte 'n-a bhráigh Ba thruagh leat a chás go fíor. Tá pláigh ar t'anam i lár do chléibh Agus arís léan go leór A namhaid dá stracadh ar gach taobh Is tusa fós féin 'n-a gcómhar. Ní truagh leat go bocht dearóil Gan neart brígh, go rólag fann It anam tréith - sin tú gan eól Is mallacht Dé ós a cheann. Dá ngoidfidhe uait aon chuid det stór Is dubhach deórach bheithá ag caoidh Is baoghal liom nár shilis deór I dtaobh an diabhail bheith ag goid do chroidhe.
Do ghoid sé uait fós grása Dé Agus grádh gach naomh ar Neamh Ghoid sé solas na soillse glé An tan thréig tu Dia go leamh. Ní fheicim ort buaidhirt, cás ná brón I dtaobh an chúrsa a lean tú it shaoghal Ní bhraithim go bhfuil daingean-rún Agat umhlughadh do Chríost ná géill. d'fhoighnigh Dia leat riamh gach lá Bheith gan chás dá mhasladh síos Gan chion gan mheas gan searc gan grádh Tré olcas do cháil tré bhaois. An aon mhaith dham rádh leat stad Den pheaca bhain díot do chiall 'S do cheangail t'anam dubh ar fad Le cruadh-nasc nó slabhraí an diabhail? An dtuigir fós liacht olc is pian Do tharraingis it dhiaidh ó thúis Níl aon áit a mbí smál dá rian Ná leanann de riamh mar chúis. Do dhíbir aingil ó Neamh anuas Síos i bhfuathais ifrinn, daor Is ár gcéad-shinsir amach ar luas As gáirdín buadhach fá phian géar. 'Sé tharraing díle ar an domhan 'N-a bhorb-thaoide rabharta thréan 'Sé loisc dhá chathair láidir theann 'S a raibh ionnta n-a smál bhréan.
'Sé tharraing 'san tsaoghal gach míádh Cogaidhe is ár is buaidhirt is gleó Do líonann ifreann gach aon lá Le peacaigh dá chrádh is dá dhóghadh. 'Sé fáth na cúise n-a bhfuair Críost bás Fá mhasla anáirde ar chrann Is iomad pianta air trí n-a pháis Ó bhonn a thrácht suas go ceann. Cuir le n-a chéile gach droch-nídh Dá raibh sa tsaoghal riamh gach am Dá bhfuil anois, nó dá mbeidh choidhche Sin iad síol an pheaca cham. An bhfuil aon eagla ort fós 'n-a thaobh Nó an méin leat casadh ar Dhia Innis dam t'aigne anois go séimh Is ní bheith mé leat ag pléidhe níos sia. FREAGRA AN PHEACAIGH. Och! och! monuar! is truagh mo chás! Ag imtheacht ar fán ó Dhia Gan eagla an pheaca riamh ná an bháis Acht le Neamh gach lá i ngliadh. Gliadh agus gleó do lean me im shaoghal Is me ag réabadh dlighe na ngrás Ag tabhairt gach masla riamh lem béal d'Íosa Naomhtha agus dá Pháis.
Ní bhfuair me suaimhneas riamh im chroidhe Ó dhroch-smaointe bheith 'om chrádh Is peacaí troma agam gan scíth Dá dhéanadh arís gach lá. Do stór an tsaoghail seo thugas greann Is do b'amplach me ag teacht 'n-a shlighe Ag iarraidh suilt le sógh dom chlann Thug clampar ar fuaid an tighe. Do b'é m'aigne an uair bheinn gan bhrigh Nó lag críona caithte tréith Aithrighe dhéanadh le doilghíos croidhe Le peacaí mo shaoighil do scéith. Acht anois ba mhéin liom stad i dtráth Dá bhfaghainn grása fós ó Dhia Óir tá mo chroidhe ar fad dá chrádh Le gráin ar an saoghal níos sia. Do shaoil mé riamh go raibh agam ciall Is gur thuilleas meas gach lá, Is me 'san am san i nglasa an diabhail Gan taitneamh do Dhia ná grádh. Anois dochím go rabhas im dhall Gan tuigse gan mheabhair gan chéill Ag brise mo chroidhe ná ag déanadh feall Ar m'anam gach am dem shaoghal. Is é mo shaoghalsa an saoghal gan rath Cé nár shaoileas féin sin riamh Is anois dochím gach nídh gan mhaith Da dtug mé searc i lár na chliabh.
Dá mb'eól dam casadh ar Mhac Dé Is umhladh lem shaoghal dá riaghail Tosnughadh anois ba mhaith liom é Is diúltadh lem ré don diabhal. Teagasc ar mo leas isé atá uaim Is eólas ar luas ar Dhia Go mbeinn go cneasta caoin gan ghruaim Dá mholadh go buadhach níos sia. Méad an ualaigh atá ar mo chroidhe Le peacaí mo shaoghail go léir Ní bhfaghad suaimhneas síth ná scíth Muna dtugairse, a Chríost, me saor. Aithris damhsa go caoin it rann Cionnas thabharfad sásamh cóir Do Chríost ghrádhach le báidh agus grann Óir thréigeas gach am mo stór. AN ROINN DÉADHNACH DEN TEAGASC. Tuigim féin mar tá do chroidhe Mór-líonta le buaidhirt is brón S' dá chrádh anois le neart cathaidhe Mar dochíodh an diabhail do mheón. 'Sé meón thuigim tá agat go fíor Sásamh thabhairt do Chríost go deó Le haithrighe cheart bheith buan go síor Is diúltadh dot naimhid gach ló.
Is gnáth leis an diabhal le linn chách Bheith ag tabhairt cúil go brách dó féin A líonta a scaipeadh go neamhspleadhach Chum é leagadh ar lár i bpéin. Ná tabhair dá chathaidhe choidhce cluas Acht tabhair ar luas dóibh gráin Tóg do chroidhe chum Dé atá thuas Is bronn dó é buan iomlán. 'Se mo chómhairle féin duit in am Gan bheith mall ná leasc sa ghníomh Le heagla roimh an diabhal 's a ghlam Tu mhealladh ó ghreann na naoimh; Chum túis do chur ar obair Dé Sléacht tú fein go talamh síos Iarr cabhair na ngrás tré sholas ghlé Go bhfaicthá go léir do bhaois. Tar éis chabhair Dé do iarraidh i gceart Tré mhór-luacht Chríost insan Pháis Féach siar it dhiaidh ar gach droch-bheart Dorinn tu it shaoghal gan tlás. Smuain ortha go léir i ngach slighe Dá ndearnáis an gníomh gan scáth Let bhriathra béil, le toil do chroidhe, Is le faillighe riamh gach tráth. Smaoin go minic agus féach siar Tríot bhearta riamh i ngach cam N-a rinnis an peaca gráineamhail ciar 'S tu scartha le Dia gach am.
Scrúdaigh do choinsias go fíor-chóir Agus lean gach ród dár ghabhais Ag lorg gach nídh det ghnímh ba mhór Daor-chiontach it shaoghal 'n-a rabhais. Is fiosach dam féin tu bheith dall Chum do chionta a lorg go ceart Is ná tiocfá thar taoide anall Le huireasbha cabhair is neart. Do réir an tuigse is fós an chiall Do bhronn Dia orm féin i dtráth Teasbáinfead duitse líonta an diabhail Nuair bhris tú riaghail Chríost gach lá. Tar éis mo chómhrádh bheith 'n-a cheann Le gach rann dá ndearna fós Geobha tú fios ar gach olc ann Is déin é thómhas le chogús cóir. Nuair bheidh do pheacaí it mheabhair Is tú ar fhonn scaradh leó Iarr do Dhia go dian gach cabhair Chum fuath dhóibh do thabhairt go deó. Le linn do chroidhe bheith lán de ghráin Is mór-chuid cás ort ina dtaobh Imthigh leat rómhat le brón iomlán Fé choimirce ghrádh na naomh. Is é áit a ndeirim leatsa triall Ar eagailseach dhiadha chaoin Chum faoisdin beathadh le ciall Do dhéanadh leis siar go mín.
An chuid ná féadfair uair nó dhó Chur go cóir don sagart síos Cas arís is déin do ghnó Ag aithris gach cúrsa 'et bhaois. Ná ceil aon locht ar son an tsaoghail Nó beidh mallacht Dé it chómhair 'S an diabhail 'ot stracadh tar éis gach scéil Mura ndéinidh Críost ort fíor. Scéith amach ót chroidhe le fuath An t-olc - muar is beag - is scáth Go mbeidh tú glan fá neart is bhuadh 'S an Rí atá thuas leatsa i ngrádh. Nuair bheir ag fagháil na hasbolóid' Iarr trócaire ar Rí na ngrás Is tu scaradh amach as líon do namhaid Tré gach pionós dofuair sa pháis. Tar éis do pheacaí scéith ót chroidhe Éirg i leath-thaoibh go caoin umhal Ag breith buidheachas le Mac Dé Bhí Do shaor tú ót shlighe pheacamhail. As-san go ragha tú go bórd Dé Ag glacadh a Naomh-chuirp in do chroidhe Smaoin go minic i gcúrsa an lae Gur b'é féin bheidh ag roinnt an bhídh. Tar éis gach nídh bheith déanta i gceart Is mórán ratha ort anuas Tabhair aire mhaith gach droch-bheart Do léirsheachnadh as-san suas.
I dtaobh faid na haimsire bhís gan chiall Fá fhiacha ag Mac na hÓighe Tiocfaidh arís go sleamhain an diabhal Ag cur géar-chatha ort gach ló. Ná héistse leis go brách let shaoghal Is ná tabhair géilleadh dhó aon am Is saorfaidh Críost tú ó gach baoghal Má dhiultair dá bhréag-shlighe cham. Déin ach dualgas dá cuirfear ort Do chóimhlíonadh go ró-luath Ná leig go mall an t-am ceart thort Nó gheobhaidh ceann an ndeamhan ort buadh. As san amach go crích do shaoghail Mo chómhairle dhuit féin i dtráth Corp naomhtha Íosa gan leith-scéal Do ghlacadh gach mí le grádh. Is gach féasta mór tríd an mbliadhain Glac do Dhia má's féidir leat 'Sé chneasóghaidh t'anam ó gach léan 'S do chuirfidh ann mórán neart. Gan síor-thaithidhe le mórán dúil, Is an lón so a ghlacadh mar bhiadh Casfa tú thar ais ar gcúl 'Ot leagadh aget namhaid níos sia. Dá mhéid neart i gcorp éinne beó Is gairid fós go mbeidh sé fann Má ghnídh dearmad sa bhiadh gach ló Ní fada bheidh mór-neart ann.
Is mar seo adeirim bheidh do chás Is tú go tláth ag dul ar gcúl Ag tuitim i laige is ag fagháil bháis Mura n-ithir an t-arán le dúil. Do b'é an t-arán so a neartuigh naoimh Chun gabháil tré chathaidhe an tsaoghail 'S do chongnaidh leó-san i ngach gníomh Ag umhladh do Chríost is ag géill. Do b'é an t-arán so choimeád gach óg Ó phósadh le haon neach riamh 'S do chuir marc naomhtha ar a gcló Agus glaineacht ghlé 'n-a gcliabh. Do b'é an t-arán so do líon gach cill Roimhe seo le hiomad naomh 'S le gnáth-ghlacadh dhóibh do thuill Mór-shaidhbhreas ar Neamh go séimh. Glac-sa an t-arán so le mór-ghrádh Gach am is áil let shagart Neart is brígh gheobhair ann gach tráth Chum do namhaid dhána a threascairt. Ní gádh cúl a thabhairt don tsaoghal Ná dot chúram féin níos sia Acht tabhair cúl don bpeaca - 'sé is baoghal Is fuath go héag dó it chroidhe. Tabhair aire dot ghnó gach am Acht ná bí sanntach mar bhís Seachain gach slighe neamh-dhíreach cham 'S gach n-aon dein dream so ar baois.
Seachain gach scraiste sleamhain gan chiall Atá droch-shomplach riamh 'n-a gcáil Is lucht eascaine atá ag an diabhal Ceangailte go dian dá sháil. Seachain lucht na barbaracht bréin' Dream dubh daor-shalach 'n-a nglór Bíonn saigheadh nimhe 'n-a dteanga chum léan Do dhéanadh ar gach n-aon 'n-a gcómhar. Seachain tigh an ósta acht le gádh Nó is baoghlach tu bheith gan mheabhair Is lucht meisce it shaoghal go brách Nó ní bhfaghair ón Árdmhac cabhair. Deirim leat arís lucht na mionn Do sheachaint gach am le gráin Óir is cosmhail iad leis na deamhain Tá á mhallacht throm is cain. Seachain gach n-aon bíonn ag gearradh clú Na gcomhursan atá ar ach taobh Seachain gach cladhaire is fealla-chú N-a mbíonn dath an fheill 'n-a scéimh. Scar let dhroch-chleachtaí i ngach slighe Scar le droch-dhaoine go bás Scar le fearg is le nimh do chroidhe Is scar let bhaois gan spás. Bhí feasta suas go múinte mín Umhal-chroidheach le grádh do Dhia Tabhair aire fós bheith cneasta caoin Mar na naoimh let shaoghal níos sia.
Bí carthannach le bochtaibh Dé Is bhí séim le clann do thighe Bí Aifreannach má's féidir é Agus úrnaidhtheach gan scíth. Bhí buan-tseasmhach gach aon am 'S ní baoghal duit am an bháis Saor ón diabhal is gach cliar dhubh cham Tabharfaidh Críost duit tré n-a Pháis; Mar gheallas duit i lár mo scéil Brigh agus éifeacht chur it ghnó Le gach aithne go fíor le chéill A chur lem chaol-pheann duit i gclo. Acht cuirfead ort gach ceist me féin Do réir mar léigheam i leabhartha breágh Tabhair fá ndeara gach olc is léan Sin mo scéal-sa agat le grádh. IX. - DUAN PÁISE ÍOSA. Is olc an peaca, 's is claon a thréithe 'S is mó aingceis a thuilleann dúinn go crích ár saogail. Agus mallacht Íosa go síor dár ndaoradh Go hIfreann thíos ameasc daoil dár gcéasadh. Ní fuiris an mhailís go deimhin do spréagadh Mar do dhún na flaithis is do dhamain na céadta Is do thuill dúinn gráin an Árd-Rí naomhtha Ná féadfaidhe a shásamh go brách in aon tslighe.
Ach le fuil an Uain ghil a ghluais 'n-a dhaonnaidhe I mbroinn na Maighdine, braghaid an Naomh-Spirid, Is do cuireadh chun báis go cráidhte céasta Ar chrann na croise chun sinn-na shaoradh. Tar éis do sealad do thabhait sa tsaoghal so I bhfochair a mháthar 's an phátriairc naomhtha In umhlaidheacht mhor, ghlan-mhúinte bhéasach Charthannach gheanmnaidhe gheal-chroidheach néata. Do thoigh sé aspoil chun teagasc do léigheadh dhúinn, Do leigheas gach nduine ó thinneas go héasca, Dorinne gach maitheas don aicme do chéas é Is do cheangal don chrann é ós comhair gach éinne. Is olc é an peaca, machtnuigh air tréimhse, 'S ar shainnt an duine do mhilleann na céadta 'S do mheall Iudás chun a mháighistir naomhtha Do dhíol ar bheagán, tug bás 'n-a thaobh do. Tar éis an fhealla so is an mhallathacht éachtach Chuaidh Rí na n-aingeal chun machtnamh a dhéanamh I nGáirdín na nOlóg is an triúr in éinfheacht Dá dheisciobail bheannuighthe ina gcuideachta taobh leis. Annsan do thosain ar na flaithis do shaothrughadh Do dhream an pheaca a bhíonn ceangailte i ngéibheann Le n-a allus fola dá dhortadh ina bhraonaibh Anuas go fairsing ar an dtalamh go héachtach. Ba mhór é a dhoilghíos is dortaí déara Le hÍosa Críost ag cuimhneadh ar a phéine Is ar méid ár bpeacaí trí mhailís léantach Is ar laighead ár ngrádha dho tar éis a shaothair.
Ar laighead an tairbhe a bhainfeadh na céadta As toradh a pháise ná a bháis ar ghéar-chroich Ar méid ár bhfaillighe ar thaithighe a dhéanamh Ar leigheas ár n-anmna a ghlacadh le naomhthacht. Ar an masladh mór dogheobhadh 'n-a dhéid sin Ó shluagh na mallacht 's na mionna éithigh Ag spalpadh na croiche agus Críost in éinfheacht Is á chéasadh arís gan scíth le héigceart; Ar an bhfíor-bheagán daoine saoitheamhail séanmhar A bheidh 'n-a ríoghacht ina suidhe go naomhtha Le huireasa teacht go deas glan gléasta Go dtí an sácraimint cómhachtach mórdhach féastach. Ní hiongnadh a chroidhe bheith claoidhte traochta Is a chorp gan bhrígh is a chlí go tréith-lag Ag na ciothanna fola a dhoirt sé le péine Ag smaoineadh ar a pháis is ar ghráin ár gclaonta. Ba ghairid go dtáine Iudás, an tréatúir, Ina cheann ar sluagh muar na méirleach Is dothug do phóg mar chomhartha daortha Go Nuig Annas is Caiphas 'n-a bhraighe ar séirse. Smaoinighidh feasta, a lucht peaca do dhéanamh Ar a liacht tuisle agus buille trom tréanmhar Ar a liacht masla agus aithis is éigceart d'fhuiling Íosa Críost ón naímhid seo a chéas é.
Ag siubhal na slighe dho, is a naímhaid gan traochadh Á stracadh ina ndiaidh fá phian is créachta Á bhualadh le n-a ndorn 's le n-a gcosa in éinfheacht 'S á leagadh ar an dtalamh le fearg go faobhrach. Ó! is é naoidhe na truagha é an tUan geal naomhtha Go bocht brónach fá dhubh-chnead péine Ceangailte ina bhráighe, á chrádh in ár dtaobh-na Ná tugann do grádh ná páirt 'n-a dhéidh sin. Smaoinighidh arís, le croidhe truaighmhéileach Mar thréigeadar a aspoil 's a charaid go léir é. A fhágaint ag na Giúdaigh thrúpach mhéirleach A thug go dtí an chúirt é ó Annas go Caiphas. Annsan do thosain na crochairí craosach Ar Chríost do thriall le fiadhnéidhthe bréige Ag déanamh a gcumais go coirtheach chun daortha Is gan an dara duine aca ag teacht le chéile. Níorbh'éidir leis an ndiabhal ná le cliar na péiste Dá mhéid é a mbuille i dteine na péine Níos mó magadh ná fealladh do dhéanamh Ar Rí na cruinne 'ná mar rinne an tréad sin. Dobhídis uile ar buile go héachtach Á bhualadh is á bhrughadh gan chúis ar aon chor 'S ag caitheamh a seilí is a réamaí bréana Isteach ar a aghaidh gheal shoillseach ghréanmhar. Níl fós aon mhasla nár caitheadh 'n-a éadan Is é ina spórt ag an gcóib mhallaithe bhréagach Ó! nár bh'é radharc é sceimhealach scéaltach Críost na ngrás dá chrádh ag méirligh.
Is é mo chás é is cás chloinne Éabha Tabhairt masla nua agus cúrsa péine Do Íosa mhórdach ghlórmhar naomhtha Gach am dá dtagann linn an peaca do dhéanadh. Cé gur trom a labhram an aingceis an tréada Dobhí ar buile chun donais is daortha Do dhéanadh ar Chríost gheal, croidhe na féile, A dhoirt a chuid fola le dochar dár saoradh. Is measa go muar lucht uabhair is éada, Lucht meisce agus leisce, lucht feille agus éitheach Lucht buaidheartha is bualadh, lucht suathaidh is bréige Lucht sainnte is aimhleas, lucht caillte ar a chéile. Lucht na mionn dar liom is baoghal dóibh Lucht spalpadh na fola a doirteadh ar ghéar-chrois Lucht Dia agus Muire do thiomain go héachtach Lucht leabhartha thabhairt i bhfearg 's in éitheach. Lucht faoisdin is comaoine ná déineann A bpeacaí a chur síos go cruinn gan éin-cheilt Ná rún leasuighthe ar a mbratha ina dhéidh sin Ná fós doilghíos croidhe ná dortaí déara. Gach am a thagann linn a shamhailt seo a dhéanadh Is mó an masladh an scanall 's an daoradh A thugann do Chríost, croidhe gan aon locht 'Ná thug an aicme sin threascair é ar ghéar-chrois. Casaimíd tamall ag machtnamh 's ag féachaint Ar na pianta marbhthach maslathach léanmhar d'fhuiling sé 'n-a anam tar éis an feallaire Caiphas Do dhul abhaile ar thabhairt na daor-bhreath.
Go dtí lá na breithe na creiche na ngéar-ghol Leath ná trian na bpian ní léighfar d'fhuiling sé an oidhche sin i slighe ná féadfainn A innsint díbhse is a naímhid á thraochadh. Níl aon tsórt mallaitheacht ná tarcuisne ab éidir In éagmuis gach masladh thug an ghramaisc á léasadh Ná tugadh do Íosa is é claoidhte traochta Is gan caraid ina aice ach Peadair a shéan é. Is moch ar maidin do theagmhuigh le chéile Na Giúdaigh fhallsa, dream gan daonnacht, Is d'fhiosruigh de Chríost ar bh'é Íosa Mac Dé é Is thuig sé ortha freagra go thapa nár bhréag é. Do thuigeadar annsan nár cheart é dhaoradh Ná a chur chun báis go brách go ndéineadh Pontius Peilat deimhin den scéal san Is le n-a ughdarás san é chur dá chéasadh. Ar a thabhairt dóibh suas ar ghualainn tréith-lag Do Phontius Peilat fá ghreim ar séirse Annsan dá innsint gur chladhaire méirligh Is rí é ar Ghiúdaigh, do dhiúlt do Chaesar. Ní dhubhairt Peilat meaithte seo dada do dhaorfadh Rí na n-aingeal ná a ghearrfadh den tsaoghal so Ach a rádh é sheóladh ar an ród chun Hérod Ó ba duine é tógadh 'n-a chomhursa taobh leis. Ba mhaith leis an gcladhaire go raghadh an tAonmhac I láthair a phearsa, go gcaithfeadh do géilleadh Chun cuid dá chúmhachta i gclú is i naomhthacht d'fheicsint dá shuidheamh le brigh agus éifeacht.
An uair ná rinne Íosa stríocadh 'o Hérod Do líon sé le buile agus cuthach is craos air Is chuir culaith bhán air le gráin dá thréithe Á rádh leó é thabhairt tar ais chun Péilat. Níl aon tsórt aithis ná masladh, dá mhéid é, Ná fuair Críost ón mbuidhin nár ghéill do, Á stracadh, á leagadh, is á chaitheamh le laochas Anuas ar an dtalamh go feargach faobhrach. An uair chonnaic Peilat, an cladhaire slaodach, An aicme seo ag teacht tar n-ais go saothrach Agus Rí geal Mhuire aca le buile dá thraochadh Is fothram muar ar uair an lae aca. Tar éis mór-chuid scrúdadh le dúthracht déine Do dhéanadh ar Íosa, Rí na naomhaibh, Ní thug sé freagra ar machtírí méirligh Ná focal do rádh leo i gcás a shaortha. Do ba nós sa tír sin ar thigheacht gach féile N-a dtug Maois leis tríd an dtrean-mhuir Clann Ísrael ó dhaoirse is ghéar-bhroid Coireach ceanntach bheadh ann do shaoradh. Dobhí, gan amhras, fear foghla is léirscrios, Fear murdair is áir den tráth fá ghéibheann I bpríosún dorcha tré olcas a thréithe, Dar bh'ainm Barabas, feallaire éirligh. d'fhág Peilat fá rogha agus togha na méirleach Cia aca den dís seo, Críost nó an té sin, A thabharfaidís saor do réir dlighe 'n-a thaobh san; Ach le cómhachta an daoil is é an díth do shaoraid.
Seo cás an pheacaigh a stracann is réabann Dlíghe na ngrás gach lá gan traochadh Ag tabhairt masladh do Dhia, is gan chiall ag géilleadh Do thoil na colna, is an t-anam do dhaoradh. Chun go sásóghad Peilat na gadhair seo ag scréachaidh Thug ordughadh láidir sciúrsáil eachtach A thabhairt don Rí gheal, Íosa Mac Dé Bhí Is tar éis an ghnímh sin é scaoileadh ar eigean. Annsan do nochtadh go huile dhe an t-éadach Do ceangladh do phiolóir é le fórsa téide Chun a chorp do ghearradh go daingean le tréine An sciúrsáil mhallaithe do lascadh le faobhar air. Chúig mhíle buille agus tuille gan bhréagnadh Fuair Mac Mhuire ón gcuideachta daol so Gach buille a buaileadh ar an uan geal naomhtha Do loit go deimhin é chomh doimhinn 's do b'édir. Ó! b'é an radharc é, ba sceimhle éachtach A chuid fola ina shruthán dhiombádhach déarach Ag rith síos le gach stríoc-lot péine Bhí ina cholainn ghlórmhar mar bheadh spóla craorach. Tré lár a phianta, is na diabhail seo ag léimrigh Le háthas ghaisceamhail mhagamhail shlaodach, Agus Rí na bhflaitheas fá n-a pheannaidí daora Ag guidhe chun a Athar maitheamh dá gclaonta. Do scaoileadar den phiolóir é go scólta créachtach, Is gan duine aige taoibh leis a shínfeadh éadach Chun grádh na maighdean 's é meillte ó ghéar-luit Ach é féin dá lorg 's á gcur uime ina dhéidh sin.
Is uaigneach a bhí sé is gan taoibh leis a ghaolta Ná duine dá charaid do ghlacfadh truaighmhéil do Ná a cheanglóch suas a mhuar-luit féin do Ón ngaoith chruadh-dhubh 's ó fhuacht na spéire. Ba ghairid an suaimhneas a fuair tar a éis sin An uair baineadh de anuas le muar-chuid péine Arís an t-éadach 's na géarthaí ag séideadh Na fola ina shrothaibh síos go féar leis. Is luath 's is obann do shocair na méirligh Ina shuidhe ar bhinnse é, is do chaith le sméide air Sean-éadach corcar is corann tar a éis sin De dheilgníbh fada a leagadh ar a éadan. Dothagadh gach nduine aca le binb 'n-a dhéidh sin Ag caitheamh a seile le seirbheacht daola Is do luigheadh ar a nglúin chun a chlú do réabadh Ag cur fáilte roimhe go deimhin le géir-nimh. Tar éis na peannaide is gach masladh in éinfheacht Dorug Peilat é ar bhinn cnuic taobh leis Is dubhairt ós árd i láthair céadta “Féachaidh an duine” is a chuma go créachtach. Is cúis mhór bhrónach cúis an scéil seo Ach is cúis mheidhir shúbhach i gcúirt na naomh é Ceann deas Íosa ar son bhuidhean mór Éabha Bheith ina roithleán poll gan dabht ó spéicibh. Ní rabhadar sásta d'éis a chnámha a léir-scrios Go lom loiscithe, is a chroiceann go craorac Gan breitheamhnas báis a d'fhagháil ar an Áonmhac Chun críoch a chur ar a bheatha chun maitheasaí Chaesair.
An uair fuaireadar cead tré mheathtacht thréithe Pheilat mhallaithe a d'admhuigh saor é Dorugadar leó é is córda ar a aol-mhuin Is cros mhór throm ar a dhrom tinn tréith-lag. Is fíochmhar feargach peannaidheach faobhrach Leó do stracadh é go Calbhaire an éirligh Is beirt bhitheamhnach ag siubhal sa raon leis Chun a gcrochta taoibh leis ar maoil an tsléibhe. Do ghluais glamaire rómpa chun cúis a chéasta d'innsint do na Giúdaigh i gcúrsa a shaogail Na crochairí ina dhiaidh is diabhail an éithigh Le comhgar a mhairbhthe is na tairngí géara. Dobhídís á leagadh ar an dtalamh gan traochadh Is á chur 'n-a sheasamh, á lascadh le saothar; Ar an tsráid 'n-a shiubhladh go brúighte péineach Dobhí a chuid fola dá dhortadh ó n-a ghéar-luit. Ba trom an t-ualach bhí ar ghuala an Aonmhic Is é ag tuitim gan bhrigh fá pheacaí an tsaogail Is mó hussá is magadh, is mó aithis is sméide Dorinne an aicme dhona is mo chumann do dhaoradh. An uair tháinig Críost go maoil an tsléibhe Is é cortha cráidhte tnáithte traochta Dofuair bhinéigre is domblas le hibhe mar chaol-deoch. Chum a chroidhe do loscadh le dochar na péine. Do ceangladh nochtaithe le binb é an ghéar-chrois Tar éis do síneadh uirthi go mín le naomhthacht Tairngí fada do lascadh go faobhrach Trí n-a dhá dheárna is a dhá throigh néata.
I dtaobh scanaill ná mailís ná caolaois léantach Dá mbeinn ag scríobh' ar eadh mí lem chaol-phion Ní chuirfinn síos díbh, lem dhícheall a dhéanadh Leath ná trian pianta a Naomh-chuirp. Ó! a Íosa, a Mhic Bheannuighthe, gheanmnach ghléigil Ba mhór do pheannaid nuair stracadh do ghéaga, Is ar fheicsint do Mháthar go cráidhte déarach Ag bun na croise is claidhmhte ina taobh tríd. Sa chás san screadann le carthannacht naomhtha Ar Rí na bhflaitheas chun maitheamh don tréad so Is iad-san ag drannadh leis, is gan taise dá péinsean Is ag crochadh a gcinn ag déanadh deimhin den laochas. Tar éis gach drannacht is mallathacht b'éidir Ní rabhadar sásta d'éis an áir a dhéanadh Go rinneadh é a shádh le lán-bhrígh aon-fhir Isteach ina chroidhe le caoin-tsleagh faobharmhar. Sin mar a scaoileadh a chlí ina thaobh deas Is an sruth go fíor ag rith tríd gur éag sé; Ní raibh deor fola ina chorp gan taoscadh Ag tabhairt sásamh thaithnigh dá Athair 'n-ár dtaobh-na. An uair chonnaic an Mhaighdean, an deigh-bhean ghléigeal A hAonmhac trócaireach 's gan a chlódh ná a scéimh air Ach an tsleagh trí n-a chroidhe agus críoch ar a phéine Do thuit sí i laige trí n-a cumann bheith traochta.
Le linn a bháis anáirde ar an ngéar-chrois Bhí an ghrian go múchta fá smúit is éiclips Do chrith an talamh, 's na carraigeacha ag pléascadh Is d'éirigh na mairbh 'n-a séasamh ag féachaint. Gach nidh sa domhan do scannruigh tréimhse An fhaid a bhí Íosa á chlaoidhe 'n-ár dtaobh-na Ar chrann na croise fá iomad créachta Ach croidhe na nGiúdach, an trúp do chéas é. Is cruadha 'ná an charraig an peacach ná tréigfeadh A ghníomhradh buile d'éis an donas a dhéanadh Ar chlos gach nidh dfhuiling Críost dár saoradh Ar chrann na croise gur goineadh a thaobh dheas. Is maith do cheannuighis sinn, a Chríost, let chéasadh, Is ní móide an cumainn a thugam 'n-a thaobh duit, Go mbogair ár gcroidhe chun do dhlighe atá naomhtha Do chómhad go fíor-cheart go críoch ár saoghail. A Íosa chródha mhórdha réimeach Is a Mhuire ghlórmhar ghleóite phéarlach Stiúruigh m'anam go arthannach déarcach Go cúirt na bhflaitheas nuair leagfar me traochta. An Ceangal: Sin é críoch is brígh mo scéil-se Cé go bhfuil tuille ann nár 'nniseas ar aon chor Déineadh gach nduine a chloisfeas á léigheamh é Guidhe chun na bhflaitheas chun m'anamh dhul saor ann Amen.
X.- Aighneas an pheacaigh leis an mBás. B. Is chughat a thánga, a pheacaigh chríonna Le hordughadh láidir tú bhreith den tsaoighal so, Go dtabharfá cúnntas it dhrochghníomhra Don Rí fuair bás ar an gcrois Dé hAoine. P. Cé hé tusa atá ag labhairt chómh dána le seanóir liath atá fé chiach, cráidhte? Och, mo channtladh! is fann atáimse, Is mo chroidhe dá bhriseadh le huireasbha sláinte! B. Mise an Bás, atá lán de thréin-neart Do leag ar lár clann Ádhaimh go léircheart, Leagfad tusa anois mar aon leo Is béarfad ót mhaoin gan bhrígh fá chré thu. P. Éist a Bháis, tabhair cáirde fós am Ná déin me chreachadh is ná marbhuigh go fóill me Go ndéanad aithrighe im peacaí móra Is go ndíolad m'fhiacha le Rí na Glóire. B. Is fada an cáirde fuairis go dtí so An fhaid eile dá bhfaghthá arís é Mar mhair tú riamh do mhairfá choidhche Dá fhaid é an cluiche go deire do scríbe. P. Ní hamhla mhairfinn, geallaim ó chroidhe dhuit Acht im aithrigheach dhian fá chiach ag caoidhghol Ag tabhairt sásaimh do Dhia is do dhaoine Im dhroch-chleachttha is am bheartaibh baoise. B. Is mó geallamhain fhallsa thugais it shaoighal uait Dfhear ionaid Dé fá éide Íosa Go dtréigfá an peaca is go mairfá mín tais Fá riaghlacha naomhtha gan tréigean choidhche.
P. Ó! is fíor gur gheallas don sagart, ní bréagach Go ndeánfainn faoisdin fada mo bheatha le chéile Acht cúramaí an saoighil 's an cíos ag glaodhach orm Do chráidh sé riamh 's do chiap go léir mé B. Leig det sheanchas, a sheanduine chnaoidhte, Nó sáithfead an bior so tré lár do chroidhe isteach Is tabharfidh Aonmhac Mhuire breith gan scaoileadh Ar t'anam anois, is go hifreann síos leat! P. Mo ghreim dubh dóighte is mo bhrón an scéal so Mise bheith caillte is mo mhuintir im éagmuis Is m'anam bheith á loscadh in ifreann péineach I dtaobh iomad mo chortha is mo mhórchuid claonta. Do shaoil me riamh ná rinn me aonnídh Do thuillfeadh pianta síorraidhe éachtach? Ní rinn mé goid ná broid ná éigean Murdar na feall aon am dem shaogal. Dothugainn lóistín do gach deóraidhe tréithlag Biadh agus deoch don té chínn ina éagmuis Díolaidheacht cheart le fear an éilimh Ó! nach cruaidh é Íosa má ghnídh me daoradh! B. Níl dabht nach fíor gach nídh dhen méid sin, Acht éist go fóill is 'neósad féin duit Cread iad no nidhthe atá it choinne ag an Aonmhac 'N-a gcúis mhór throm le fonn tu dhaoradh. Dobhí tú paisiúnta drochlabhartha bréagach Óltach imearthach siosmathach scléipeach Barbarach glagarthach is ag dearbhughadh éitheach Is tuig go dtuilleann an sórt so tu dhaoradh.
P. Má ólainn scilling go minic tigh an tábhairne I bhfochair mo chómhursan nó mo chómhgas cáirde Is mairg duit choidhche san a mhaoidheamh im láthair Is feabhas mo chroidhe-se chum íoc thar cách díobh. Dobhí mé tamall beag i dtosach mo shaoghail Bruidheantach barbarach is tabhartha d'éitheach Dorinn mé faoisdin fhada mo bheathadh 'n-a dhéidh sin Is do shaoileas, geallaim, go raibh maithte mo chlaonta. Dochuala sagairt dá theagasc go fórsach Go bhfuaireadar ó Chríost, le brígh, na cómhachta Chum peacaí a mhaitheamh don aithrigheach eólgach An uair dhéanfadh faoisdin i ngach gníomh dá mhóruilc. B. Is fíor, an peacach, cé malluihthe a thréithe Má inniseann a pheacaí le doilghíos déarach Go bhfaghaidh párdún fíor ó Rí na naomhaibh Ag glúine an tsagairt is beannacht an Aenmhic. Acht i dtaobh t'fhaoisdin-se, is do gheallamhain bhréagach Níl ionnta aon tairbhe chum t'anam do shaoradh Mar ná raibh ort doilghíos trét pheacaí éachtach Ná fonn ceart fíor an aithrighe dhéanamh. Ná tuig, a spaidire, go maithfidh Mac Dé dhuit Tar éis a rinnis de chuirptheacht chlaontach Is ar bhrisis dá dhlighe is gan suim 'n-a chréachta Acht dá chéasadh arís gan scíth le héigceart. Is fada é ag foidne leat, a chladhaire méirligh Is tu lán de thaidhbhse is de bhladhman éithigh Do shaoil tú é mhealladh let bhladar 's let bhréagaibh Acht anois chífir gach gníomh det thréithibh.
P. Fóill, a Bháis, faghaim cáirde an lae seo Go ndéanadh m'uadhacht mar is dual a dhéanamh Chum ná beidh buaidhirt ameasc mo ghaolta I dtaobh mo rachmais nuair leagfar mé traochta. Má's fíor gach a ndeir tú go mbéadsa daortha Ar son na gcortha d'innisis it scéal dam Is é mo thuigsin gur beag sa tsaoghal so ná fuil chómh dona liomsa sa méid sin. Má bhíd uile mar mise, gan saoradh Tar éis gach maitheas do chleachtaid le daonnacht Is beag a bheidh le sábháil lá na ndaorbhreath Mar atáid uile sa chuirptheacht chéadna. B. Is fada me ag seanchas leat, a sheanduine dhána Sáithfead trét chroidhe an saighead so im láimh-se Acht sul a gcuirfead crích ort a straoill bhocht ghránna Inneósad tuille dhuit den donas atá ort. Níl duine sa tsaoighal so bhris dlighe an Áirdmhic Dá olcas é a ghníomhra agus díth na ngrás air Má dheineann faoisdin le brígh go láncheart Maithfidh Íosa a pheacaí go bráth dho. Isé slighe n-a mealltar clann bhocht Ádaimh An uair dhéanaid an peaca is annamh iad cásmhar Cuireann an diabhal srian le lán díobh Is stracann ó Dhia ina dhiaidh go brách iad.
An uair is méin leó filleadh ó chuirptheacht Shátain Deir sé arís leó i na gcroidhe go lánghlic Ná fuil Dia chómh dian is tráchtar Is ná daorfar chuigint an duine macánta. Adeir sé fós gan ghó gach lá leó Go bhfuil an aimsir fada chum casadh ar an áithrighe Gan géilleadh thabhairt do shagart ná 'o bhráthair Acht leanmhain dá ngreann go ham na hársa. An chómhairle sin glacaidh is mairid dá dtraochadh 'N-a sclábaidhthe dubha ag diabhal na péiste Gan suim i nDia ná ina riaghlacha naomhtha Acht ag briseadh a aitheanta is ag maslughadh an Aenmhic. Cómhairle sagairt is annamh a dhéinid Gan dúil i sailm i bpaidir ná i gCréidh aca Ná beann ar Aifreann ce aindeis mar scéal é Acht i ngrádh leis an bpeaca is le maitheas an tsaogail. P. Cé gur tláth lag tréith atáim féin sa chiach so Is tusa, a Bháis, ag cur lánchuid pianta orm le heagla rómhat is roimh dhíoghaltas an Tiarna Má's fíor do ráidhte tá míádh an diabhail orm Creid mo scéalsa is géill go fíor dam Gur gairid go mbeir in ifreann síos uaim Mar ná rinnis aithrighe it pheacaíbh líonmhar Acht dá cur ar cáirde gach lá go dtí so. P. Aithris dam is ná déin bréag liom Créad é an sórt daoine dobhíonn dá dhaoradh Is dá chartadh síos go hifreann péineach Ar son a bpeacaí is a mailís chlaontach.
B. Deir Mac Dé an té atá fíorcheart Ná rachaidh suas go dtí an chuallacht naoimhtha Aon dein dream a dh'áireoghad síos duit Mar atáid uile ar mire ag á naimhdhe: Dream na drúise na brúidibh gháirsceach Lán de mhagadh is de bharbaracht ghránna Dream na gadaidheacht 's an chamadghail tháire Is dream an fheill, na cladhairí dána; Dream na sainnte do mheill na táinte De dhaoine bochta bhíonn ocrach cráidhte Is dream an éithigh bhréagach chnáideach Scigeamhail mhagamhail mhaslamhail cháinteach; Dream an chraeis mhór éachtach óltach Dobhíonn ar meisce go minic gan teóra Is dream na mionn bhíonn canncrach callóideach Ag spalpadh go síor le brígh ag guidhdeóireacht; An dream dubh gallda reamhar - na mórthuirc Atá deighilte ó Dia, is leis an ndiabhal a gheóbhaid siad Is an dream atá dall is ná glacfadh cómhairle Beidh ina dteannta fá scannradh a ndóithin Dream na feirge bhíonn deifireach bruigheantach Ag bualadh na gcómhursa is ag sladughadh daoine Is gach dream eile bhíonn ag briseadh na saoire Nó ag fuireach ón Aifreann is beannuighthe íodhbairt; Dream an uabhair bhíonn muar, mar shaoilid Lán de thaidhbhse is de phoimp 'n-a gcroidhe istigh Is an dream ná tugann aon urraim do íosa Acht ag dearbhughadh a chómhachta is a ainm naoimhtha.
Níl duine sa domhan mar namha ag an Aonmhac Má gheibheann bás i bpeaca marbh ná daorfar Is ná cuirfar go hifreann insa teine dá gcéasadh Ameasc na ndeamhan go lom fé gheárghlais. P. Ó! A bháis, éist, is deimhin gur bréag duit Go leór dá ndubhairt tu bheith 'n-a gcúis daortha Mar is beag, saoilim, dochím sa tsaoghal so Ná fuil ceantach mar dhream éigin. Ma bíonn an méid sin go léir díobh caillte Agus scartha go síor ó Chríost gan aimhreas, Is beag a rachaidh fé ghradam go meadhrach Go cúirt na bhflaitheas ameasc aingeal dá adhradh. B. d'innis me roimhe seo ná 'neósainn bréag duit, Gur le hughdarás Chríost táim fíor im scéalta Tuig, a spaidire, gur gairid go n-éagfair Is go mbeir 'n-a gcuideachta 'ot phiocadh age daolaibh. Ní rachaidh go Parrthas, geallaim óm bhéal duit, Acht an t-aithrigheach cóir a rinn leór dhaothain De shásamh fíor do Rí an naomhaibh I bpeacaí a bheathadh go cathathach déarach, Acht amháin an leanbh nár pheacuigh gur éaga Rachaidh ar an nóimeant go cúirt na naomhaibh Ameasc na n-aingeal go taitneamhach gléigeal I seilbh na glóire i gcómhar don Naomhspirid. P. Och! a Bháis, is cráidhte an scéal liom Laighead na ndaoine bheith saoir sa tsaoghal so Mar atáid uile gan tuigsin gan éirim Gan scim a leasa le haithrighe a dhéanamh.
Is minic go dtí so dorinneas gníomhra éachtach Déirc is carthannacht is anachuid daonnacht An bhfaghadh aon luacht im mhuar-mhaith ar éanchor Tar éis gach a dtugas de ghustal an tsaoghail uaim? B. Ná bhí meallta, a chlampaire méirligh Ní bhfaghair éanluacht trít mhuarchuid daonnacht Mar bhí tú marbh sa pheaca gach tréimhse N-a rinnis an charthannacht san 's gan eagla Dé ort. Tabhair fé ndeara gan dearmad an méid seo An fhaid bhíos an duine ag briseadh is ag réabadh Dlighe Mhic Muire tré chuirpthe a chlaonta Ní bhíonn éantairbhe 'n-a mhaitheas go léireach, In úrnaighthe, in Aifreann, i dtrosadh, ná i dtréadhnas I ndéirc, i gcarthannacht, ná in anachuid daonnacht Níl ionnta éantairbhe an peaca mura dtréigfar Is bheith i ngrádh le Críost am an ghnímh a dhéanadh. Cé maith í an charthannacht, mar is subhailce naomhtha í Is i scáth is tearmon an anam' gan bhréig í Acht má ghnítear dearmad den aithrighe dheárach Atá an uilemhaitheas chómh marbh's do b'éidir. P. Aithris fós dam gan ghó an scéal so Créad é an chiall n-a mbeidh Dia ag glaodhach orainn Lá na mbreath is na gcreach go léireach Ó gach áit chum clann Ádhaimh d'éisteacht? B. Isé cúis n-a dtiocfa an chine bhocht dhaonna Go Gleann mór Iosaphat lá na ndaorbhreath - Chum iomad a gcortha do nochtadh don tsaoghal Go bhfeiceadh gach nduine aca lochtaí a chéile.
An dream atá in ifreann tré n-a gcortha do dhaoradh Is dfhág sampla an pheaca age clanna na gcéadta Beidh mallacht Chríost go fíor mar éiric Dá mhéadughadh ortha thíos go crích an tsaoghail seo; Agus na fíréin ghleóite go glórmhar naomhtha Ag fagháil breis onóra agus mórchuid réime In aghaidh gach duine do leanas an léighean ceart Dhágadar 'n-a ndiaidh ag an cliar so Éabha. Sul dtiocfa an lá san beidh ár sa tsaogal Loiscfar an domhan is gach nídh ar a éadan Beidh an ghrian go dubhach fá smúit ag éiclips Is an gealach, mo mhairg, chómh dearg le haonfhuil. Beidh an spéir ar buile agus tuitfe na réalta Beidh tíortha ar bogadh is ag oscailt ó chéile Beidh an fhairrge ar lasadh ag imteacht 'n-a caortha Agus clocha is crainn le n-a linn á réabadh. Beidh cnuic is gleannta le scannradh ag léimrigh Beithidhigh an domhain go hadhbhal ag géimrigh Na peacaigh dhona dá loscadh is dá thraochadh - Sceimhle is eagla ortha roimh fhearg an Aonmhic. Tiocfa annsan aingeal ó sna flaithis le scéala Ag glaodhach ar na mairbh chum an bhreitheamhnais dhéidheanaig Éireóghaid ina seasamh go tapa le chéile. An sliocht so shíolruigh ó Adam is Éabha. Beidh righthe agus prionnsaí is iarlaí saoghaltach Gaiscidhigh uaibhreach chómh muar le Caesar Annsúd 'n-a seasamh is le heagla ag scréachaidh Gan teideal gan meas 'n-a measc go léireach.
Na daoine uaisle bhi go guagach péacach Go faisiúntach gaigeamhlach péarlach beid an lá úd go cráidhte céasta Gan urraim gan mheas fé mhallacht Dé ghil. Beidh an dream dochídh tú go fíor ag séanadh Ríogh na reann ar an gcrann do céasadh Annsúd 'n-a seasamh chómh dubh le daolaibh Go diablaidhe gránna is gráin Mhic Dé ortha. Beidh an ghramaisc mheillteach go deimhin gan bhréagnadh Ar nós na ndiabhail le pian ag béicigh Is ag crith le sceimhle, is treighid dá dtraochadh Le huathbhás eagla roimh fhearg an Aonmhic. Annsúd dochífir gach gníomh dá ndéantar Le mailís an chroidhe go crích an tsaoghail seo Méad na bpeacaí is gan aithrighe naomhtha Le feicsin go fíorcheart scríobhtha ar a n-éadan; Agus lucht na drúise, na brúidibh, dhéineann Barbaracht tharcuisneach is peacaí ná déarfad An lá úd dochífir lucht bruighne is scléipe 'N-a mbruscar ghránna go hárd ag scréachaidh; Agus lucht na meisce deirim gan bhréag leat Go mbeidh a gcraos oscailte losctha mar chaortha Is lucht na guidhdeóireacht ag mallathóireacht le chéile Ceangailte ar shlabhra ag deamhain 's ag daolaibh; Beidh an dream do fhanann ón Aifreann naomhtha Is do bhriseas an tsaoire is do Chríost ná géilleann Chómh dubh le diabhal na gcliar ann, taobh leó Is naithreacha nimhe dá n-ithe go héachtach;
An lá úd dochífir machtírí is méirligh Tíoránaigh mheillteach le sceimhle ag scréachaidh Is Liútar dall, Ó! do mheall na céadta Agus lucht a chreidimh go huile dá dhaoradh. Pontius Pheilat is an cladhaire Hérod Is na Giúdaigh mhallaithe thréascair an tAonmhac Is gach dream eile d'eitil ón Naomhspirid Beid an lá úd go cráidhte 'á dhaoradh. Beidh ós a gcómhair go trúpach gléigeal Na mairtírigh chródha go glórmhar péarlach, Confeasúirí diadha a bhí riaghaltach naomhtha Is oilithrigh bheannuighthe a sheachain an saoghal so. Beidh maighdeana geala ann dfhan gan chéile Agus ainm Íosa scríobhtha ar a n-éadan Beidh gach dream ann tug annsacht don Aonmhac Is dorinn aithrighe go fíor sul chríochna' a saogal. P. Innis dam, a Bháis cé táim gan éifeacht Créad fáth an cómhartha úd ar ghnúis gach aon neach Den dream san dubhairt tu dfhan gan chéile Is gach n-aon eile adeir tu a bheith 'n-a éagmuis. B. Atá go fírinneach mar dobhíodar néata I ngrádh le hÍosa thar dhaoine an tsaoghail seo Is líonta le glaineacht is le gileacht naomhtha Ag séanadh an pheaca do shailigh na céadta. Beidh gach maighdean ghlan díobh dfhan gan chéile Níbhus gile abhfad 'ná gal na gréine Ní bheidh aon i bParrthas chómh taitneamhach léithi ann I bhfochair na n-aingeal i ngradam 's i réim leó.
Beidh onóir fá n-a gcómhair seo gan bhréag duit Ag an Slánaithóir Íosa, Rí na naomhaibh Beidh a nglóire chómh mór san, ní fhéadfainn Innsin dhuit choidhche le brígh mo scéalta. Beidh go criostalach soillseach meadhrach taobh leis Cóirighthe go ró-dheas le péarlaí Beidh a súile a bhí dúnta in aghaidh an tsaoghail seo Níos gile go deimhin 'na soillse an réalta. Beidh amhráin bhinne aca dá sheinm le néatacht I gcuideachta an Uain ghil go buadhach gan traochadh Ná tuigfe éindream acht an dream ceart céadna Do ghaibh le hÍosa go fíor mar chéile. P. Ó! mo chreach, mo chás nár ghrádhas-sa im shaoghal An tsubháilce bhreágh san thuill bárr gach réime Acht dá bhfaghainn éanáit insan árus naomhtha Dobheinn anois sásta is go bráth tar a éis seo. B. Éist, a spaidire, ní maith liom do bhréathra Níor thaitneamh riamh leat riaghail na naomhaibh Níor mhaith leat do chlann go mbéidís naomhtha, Ná iompódh ar Dhia go mbeidís aosta. P. Do shaoileas, geallaim duit, go mb'fhearra chum Dé dhóibh Clann is conách mar atá agam féineach Le heagla bheith bocht nuair bheidís aosta Is go mbeidís go brách i spleádhchas d'éinne. B. Dalladh gan leigheas ort, a chladhaire méirligh A sheanduine cham 's a chrannca shaoghaltaigh Ní thuigir go mb'fhearra dhóibh caradas Dé ghil 'Ná clann is conách is 'ná bláth beag bréige.
Cad tá anois agatsa de bharra do shaoghaltacht Acht iarsma peacaí is gan t'aithrighe déanta Is anois i ngeall ar do chamshlighte éithigh Beir, trét ghníomhra, go fíor 'ot dhaoradh. Is lá na breithe ag deire an tsaoghail seo Tiocfaidh Íosa Críost arís gan bhréag duit An uair sin suidhfidh ar mhaoil an tsléibhe Mar bhreitheamh chómhachtach chum cúise d'éisteacht. Beir-se annsúd ameasc brúid gan éinmheas Is do cholann is t'anam ar dhath na ndaola Is do chlann 'n-a gconairt ag siosmadh 's ag pléidhe leat I dtaobh iad do thógaint ar do nós-sa féineach. Annsúd dochífir Críost 's a chréachta Is gach phian mharbhthach dfhulaing it thaobh-sa Is na Giudaigh fhallsa, an dream do chéas é Ag screadaidh 's ag caoidh go fíochmhar péineach. Beidh crann na croise ar n-a rinneadh é a chéasadh Annsúd 'n-a láimh dheas i láthair an tsaogail Chum compóird síor chur ar na daoine naomhtha Is dólás gan chrích chur ar an mbuidhin a dhaorfar. Is iompóidh a aghaidh go meillteach faobhrach Ar shluagh na mallacht, an aicme shéan é Agus déarfa leó go fórsach tréammhar - “Imthigh as mo radharc fé gheibhean is ghéarghluis; Mo mhallacht go dian bhur ndiaidh le géarnimh Ó shéan sibh mise le cumann don tsaogal Mallacht na ndiabhal fé phian bhur dtraochadh Is mallacht na bhflaitheas bhur dtreascairt le chéile;
Mallacht na naoimh seo atá taoibh liom naomhtha Anuas ar bhur n-anam dbhur gcreachadh gan faothamh Is mallacht m'Athar 's gan dearmad an Naomh-Spirid Is fós mo Mháthar go brách bhur ndéidh-se.” Annsan, ar an nóimeant, Ó! búirfidh béicfidh Clann na mallacht ag imtheacht go daortha Brisfidh an talamh fén aicme bhréan so Agus sloigfar síos iad go hifreann péineach. Annsan, iompóidh a ghnúis go ciúin deas néata Ar shluagh na mbeannacht, an sluagh do saorfar Agus dearfaidh leó le glór caoin caomhnach:” Gluaisígh go síor go Ríoghacht na Naomh liom; Má bhí sibh tamall beag fé tharcuisne an tsaoigail 'S gur fhulaing sibh crosa tré olcas bhur naímhdibh Agus fuacht is fán go cráibhtheach tríomsa Glóire Pharrthais beidh agaibh 'n-a thaoibh-san. A mhairtíreacha beannuighthe do stracadh ó chéile Is dhoirt bhur gcuid fola le dochar im thaobh-sa Anois dochíonn sibh mar thugas-sa an daorbhreith Ar na méirligh do mhairbh sibh agus sibhse do shaoradh; A mhaighdeanacha do thuill uaim go naomhtha Bheith níos aoirde im ríoghacht go péarlach 'Ná éindream den mbantracht so Éabha Mar is sibh do ghráidh me go lánghlan gléigeal; Beidh sibhse is mo Mháthair go brách in éinfheacht Go glórmhar compórdach go réaltach Go síochánta síorghrádhmhar síornaomhtha 'Om moladh go fíor gan chrích le saogail.
Gluaisígh liom, a chlann gan éanlocht Go seilbh na glóire i gcómhar don Naomh-spirid Go Ríoghacht na bhflaitheas go gradamach réimeach Gan chrích go deó le bhur gcóisir naomhtha.” Gluaiseóid uile ó mhulla' an chnuic léanmhair Suas go Parrthas i gcuideachta a chéile Is ceólta binne aca dá seinm le néatacht Ag moladh an Athar an Mhic 's an Naomh-Spirid. Anois, a sheanduine, stadfad dem scéalta Ní hé an t-am ceart cabhair ná saoradh d'iarradh ar Dhia is tu riamh dá thréigean Go huair do bháis is tu i mbearna an bhaogail. P. Uch, a Bháis, ná sáith do ghéarghath Tabhair dam cáirde go dtí amáireach féineach Go n-iarrad síothcháin ar an Árdrí naomhtha I méid mo pheacaí is gan m'aithrighe déanta. B. Ní bhfagha tú cáirde, a chneámhaire an éithigh; Do thuill tú ó Chríost go fíor tu a dhaoradh Mar do thréigis riamh a riaghail 's a naomhthacht Is béarfadsa it bhrágha tu i láthair an Aenmhic. Le n-a linn sin tharraing an seanduine saoghaltach Osna throm is le scannradh d'éag sé I lár a phianta is na diabhail dá aodhaireacht Chum é sciobadh leó go deó le saogail.
XI. - ARAOIR IS ME AG MACHTNAMH. Araoir is mé ag machtnamh ar Íosa Mac m'Athar A daoradh le peannaid go tréith insan Pháis, A raibh a mhín-chorp a ghearradh le sciúrsí go deaingean Ar an daor-chrois dá cheangal Dé hAoine chum báis; Guidhim chughat-sa feasta, a Rí ghil na bhflaitheas Féachaint ar m'anam gan é léigean chun fáin, Gach saigheadadh le peaca tá im chroidhe istigh le fada Do scaoileadh is do scaipeadh is do shaothrughadh let bhás. A Íosa, a Mhic Mhuire, saor sinn ar an teine - Ná leig sa choire géar sinn go bráth - Do réir mar a thuigim do dhlighe-se do bhriseas Im smaointibh 's im choirthibh, is nách éachtach mo chas! A Mháire 's a bhruinneal, grádhaim thu le cumann, Soláthair dam ionad ag Rí geal na ngrás, Mar a mbídh ceólta dá sheinnm, glóire dá leigint Do ach n-aon bhocht againn-na réidhidh Dia a gcás. Gach n-aon tá ar mire ná geilleann do Mhuire Lá an tsléibhe nuair a thiocfaidh 'seadh chífidh uathbhás, Blaomfaidh an teine, beidh na sléibhte dá bhriseadh, An ghrian uainn ag sileadh is na réaltain ár lár; Tiocfaidh Michéal le fuinneamh is truimpéad aige á sheinm Go nglaodhfa ar gach nduine ó thír is ó thráigh; Beidh a chlaon-bhearta scriobhtha ar éadan gach nduine Is a Dhia ghléigil cuir sinn-na ar thaobh do dheas-lámha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services