Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Bhrighde
Title
Beatha Bhrighde
Author(s)
Mághnus Ó Domhnaill,
Compiler/Editor
Ó Domhnaill, Mághnus
Composition Date
1739
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1940)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
In n-ainm Dé an obair so. TRÁCHTADH AR BHEATHA BHRIGHDE agus an modh a rugadh í agus ar a feartaibh agus ar a miorbhuile do réir mar aithrisid deagh-ughdair do mhair inaon aimsir ria agus do réir mar atá ar gnáth-chuimhne ó sin anuas. Feachtas do Dubhthach i gCúigeadh Laighean agus fuair sé Bruighseach .i. máthair Bhrighde i ndaoirse agus i moghsaine agus do cheannuigh Dubhthach do féin í mar innilt, agus níor bhfada dho 'na dhiaidh sin gur bha bean do féin í agus gur toirrcheadh uadha féin í. Do ghabh éad adhbhalmhór bean Dubhthaigh tríd sin agus adubhairt muna reacadh nó muna n-ionnarbadh sé an n-innilt uadha i dtír imchéin go bhfúigfeadh sí féin co n-a maitheas é. Níor bhfurus le Dubhthach a bhean do bheith ina fhéagmais, agus ní mó do budh maith leis a chumhal do chur uadha, agus ní raibhe a bhean ag leigean suaimhnis do. Feachtas ann dochuaidh Dubhthach ina charbad agus a innilt torrach leis agus do ghabh sé le taoibh tighe an druaidh dobhí roimhe ar an tslighe. Maidhion a ainm an druaidh sin agus is uaidhe a ainmnighthar Ros Maighion i gCúige Laighean. Is
annsin adubhairt an draoi re fear dá mhuinntir tré rádh fáisdine a spioraid fáidheadórachta, “Éirigh, a ghiolla,” ar sé, “agus féach cia hé an carbad sin thorainn, óir is foghar carbaid fá righ nó fá ríoghan adchluinim.” Do innis an giolla do iaramh gurab é Dubhthach dobhí ann. Dochuaidh an draoi i gcoinne Dhubhthach dá fhiafruighe cia í an bhean dobhí san gcarbad in a fharraid nó cia ór toirrcheadh í. “M'inniltse atá ann,” ar Dubhthach, “agus is uaim féin atá sí toirreach.” “Budh onórach uasal ag Dia 's ag daoine an ghein atá fó n-a broinn,” ar an draoi, “óir bhéaraidh sise inghean bhus fearr 'ná clann ris nach biaidh cóimheas ná comparáid ná cosamhlacht do mhnáibh na talmhan.” “Máseadh, ní leigeann mo bhean dhamhsa gan a hionnarbadh,” ar Dubhthach. “Ní cás dise sin,” ar an draoi, “óir ba humhal clann do mhnása do inghin atá ina bruinnse, agus ba mór cion na hinghine sin ag Dia agus ag daoinibh, óir amhail shoillsigheas an ghrian do rannaibh na bhfiormameintadh is amhlaidh sin a shoillseochas a gníomhartha agus a deagh-bhéasa idir na daoinibh ar feadh na cruinne.” Do ghabh lúthgháire lán-adhbhal Dubhthach agus an chumhal tríd sin, agus adubhairt go mbadh fearr leis inghean mhaith do bheith aige 'ná mac, óir do
bhádar clann mac aige agus ní raibhe aon inghean aige. Dochuaidh Dubhthach dá thigh iaramh agus ní raibh an innilt leis. Ba suaithnidhe so-thuigsiona onóir na hinghine sin i mbroinn a máthar óir dothángadar dá easpog ó Shliabh Alpa anoir dá tairrngire .i. Easpog Mel agus Easpog Melchú a n-anmanna agus tugadh fáilte agus onóir mhór do na heaspogaibh sin i dtigh Dhubhthaigh agus dorinne an chumhal .i. máthair Bhrighde timthireacht dóibh agus dobhí agá bhfritheoladh mar budh cumhal. Ba tuirseach dubrónach bhí intinn agus aigneadh mhná Dubhthaigh an tan sin, agus do fhiafruigh na heaspuig damhna a tuirse agus a dubróin dí agus adubhairt gurab tré mhéad a chúraim bhí ag Dubhthach um an cumhal agus fá n-a toirrcheas, agus gan cion ná onóir do bheith aige uirthi féin ná ar a cloinn. Is annsin adubhairt Easbog Mel tré spiorad fáidheadórachta: “Budh maith le do chloinnse foghnamh agus seirbhís do dhéanamh do chloinn na cumhaile agus biaidh móirsheisear mac agat,” ar sé, “agus budh olc uile iad a olcas ataoir se ris an gcumhal muna mbeannuighe inghean na cumhaile iad” etc. Feachtas eile tháinic draoi a chríochaibh Maine go tigh Dubhthaigh agus mar dochonnairc an fhearg mhór sin ar mhnaoi Dubhthaigh ris an gcumhal do fhiafruigh do Dhubhthach an reacfadh sé í. Adubhairt Dubhthach go reacfadh agus adubhairt na heaspuig (dothainic go tigh Dubhthaigh roimhe sin) leis dá
racfadh sé an chumhal gan an toirrcheas dobhí 'na bruinn do reic go bráth; do reic Dubhthach an chumhal ris an draoi. Dochuaidh an draoi dá thigh iar sin agus an innilt leis. Thainic iar sin file a chríoch Chonaill Murtheimhne do thigh an draoi reimhráidhte do cheannach na cumhaile, agus mar dofuair an ceannach is mó iná a dtug sé féin uadha ón bhfile do reic sé an bhruighseach agus níor reic an toirrcheas dobhí ina bruinn; dochuaidh an file dá thigh iaramh agus an innilt leis. Feachtas eile tug an file sin cuireadh dá thighearna .i. do righ Chonaill. Ba toirrach bean an áirdrigh an tan sin. Tháinic sí leis ar an gcuireadh sin; dobhí fáidh maith i gcoimhdeacht an righ an tan sin agus do fhiafruigh dhe ca huair ba maith don ríoghan a toirrcheas do thuismeadh. Do fhreagair an fáidh é agus iseadh adubhairt: “Gidhbé gein a bheirthar sul do éireochas grian amárach ní bhiaidh a leithíde sin i nÉirinn uile.” Dorug an ríoghan mac marbh ní ba luaithe iná an t-am sin agus do fhiafruigh an draoi don bhfáidh cá huair budh maith don innilt clann do bhreith. “Gidhbé gein a bheirthar sul éireochas grian amárach agus gan a bhreith astuigh nó amuigh, rachaidh a clú fán uile dhomhan agus mairfidh a sgéala go deireadh an domhain.” Do éirigh an chumhal idir ló agus oidhche sul do éirigh grian do bhaint bainne do na buaibh mar budh gnáth léi, agus ar dteacht isteacht dhí agus meadar lán do leamhnachta léi
agus cos istigh agus cos amuigh aice ar gach taoibh don tairseach aice, thainic íodhna an leinbh uirre ionnas nár fhéad sí an chos dobhí amuich do thabhairt isteach ná an chos dobhí istigh do bhreith amach, go rugadh an ghein naomhtha dobhí i ndán agus i dtairrngire; agus do nigheadar na mná dobhí do láthair an leanbh beannuighthe sin as cuid leamhnochta sin dobhí i lámhaibh a mháthar; ba hiomchubhaidh Brighid do nighe ar dtús as leamhnochta, óir mar atá an leamhnochta deagh-dhaite deagh-bhlasda neamh-thruaillighthe is mar sin do Bhrighid Naomhtha, óir fa deagh-dhaite deagh-bhlasda neamh-thruaillighthe ó oibrighe agus ó ghníomhaibh í amhail fhoillseochas an bheatha so fós. Feachtas eile dochuaidh an bhean .i. máthair Bhrighde dá leabaidh tar éis an leanbh naomhtha do bhreith agus is ann do chuireadar an leanbh naomhtha ar aon leabaidh le leanbh marbh na ríoghna. Agus mar is luaithe thainic a hanál naomhtha faoi an leanbh marbh thainic anam ann i gcéadóir, ionnas gur moladh Dia agus an ghein naomhtha thríd sin. Feachtas eile dochuaidh an chumhal .i. máthair Bhrighde chum na buaileadh d'iarraidh bainne, agus do fhág an leanbh 'na haonar san tigh agus dochuaidh an teagh re theinadh, agus an uair thangadar a comharsa agus a lucht aonbhaile d'anacal an tighe fuaradar an teine ar ndul as uaithe féin, agus mar dochonncadar an
naoidhean mbeag 'na haonar san teagh do thuigeadar gurab d'fheartaibh Dé agus Bhrighde thainic sin. Feachtas eile do chodail an draoi aga raibh máthair Bhrighde agus dochonnairc sé (dar leis féin) triar marcach in éadaighe glégeala .i. trí haingil agus fíoghair ríoghamhail orra agus do chuireadar ola ar Bhrighid agus do iarradar Brighid naomhtha do thabhairt d'ainm uirthe, óir is ionann Brighid re n-a rádha agus teine, óir dobhí teas-ghrádh teintighe ina croidhe do Dhia. Adhbhar eile um ar tugadh Brighid d'ainm uirthe óir amhail sheargas agus luingeas an teine gach ní théid uirre is amhlaidh sin a sheargas sí a bpeactha agus a n-anmhiana ó chách le seanmóir bhréithre Dé agus an bhreitheamhnais. An treas adhbhar um ar goireadh Brighid dí .i. um ar samhluigheadh re teine í .i. mar is dúil ró-ghéar ró-neimhneach an teine, ba hamhlaidh sin do Bhrighid. Ba ró-ghéar ró- mhothuigheach í in gach uile ní do shaoilfeadh dorachadh i n-onóir do Dhia agus i leas dá hanam féin agus i dtairbhe choitchinne don chineadh daonna, agus is géar ullamh í dochum fearta agus miorbhul do dhéanamh ar gach duine a chuireas dóich innte agus a ghuidheas Dia ina honóir. Iar n-éirghe don draoi as a chodladh do innis sé ar an bponc do chách gach ar taidhbhreadh dho ar an inghin. Ó sin suas do hoileadh agus do leasuigheadh Brighid agus an uair dobheirthí biadh nó deoch ón draoi
dhí do dhiúltadh nó do sgéitheadh sí é. Do sheol Dia don draoi iar sin gurab tré n-a pheaca nó tré n-a neamh-ghloine féin do-níodh Brighid sin agus thug sé bean chrábhach dobhí i gcómhgar dho dá ionnsaighe agus do fhurail sé uirthe bó chluaisdearg ghlégeal dobhí ar airghe féin do bhleaghain agus a chur i soitheach ar leith gach ló agus gach n-oidhche fá chomhair Bhrighde, conadh amhlaidh sin do hoileadh Brighid as a naoidhandacht. Feachtas eile dochuaidh an draoi agus a bhean ar cuairt chum na spréidhe agus iar tilleadh dhóibh dá dtig dochonncadar an curcán dobhí fá cheann Bhrighde re lasair agus do shíneadar a lámha go deithfireach dá hionnsaighe d'eagla an leinbh do losgadh, agus mar do ghlacadar é níor mhothuighdar an teine agus ní fhacadar an lasair. Do hoileadh Brighid amhla sin nó go raibhe sí 'na timthire agus 'na teachtaire mhaith agus gach ní re mbeanadh mbaineadh sí nó dá nglacadh sí dobhíodh ar biseach, agus do chuireadh Dia rath mór dá dheoin fair agus dobhídís na haoidheadha agus na daoine bochta buidheach dí. Feachtas eile do ghabh sainnt agus toil mhór Brighid fá theacht ar cuairt chum Dubhthaigh .i. a hathair, agus do chuir an draoi fios chum Dubhthaigh teacht ar ceann a inghine, agus do innis an teachtaire d'fheartaibh agus do mhiorbhuile Bhrighde nach raibh a samhail ar talmhuin: do ghabh gáirdeachas Dubhthach uime sin agus dochuaidh iaramh do
dhéanamh comhairle re n-a dhraoi agus d' fhiafruigh dhe an rachadh ar a ceann. Do labhair an Spiorad Naomh i mbeol an draoi annsin agus iseadh adubhairt - “Éirighse,” ar sé, “agus dhá fhear dhéag 'na coinne i bhfíoghair Íosa agus an dá easpal déag, óir leanfaidh sí slighe Chríost agus na n-easpal agus ba ró-mhór a hiomrádh agus a honóir ag Dia agus ag daoinibh, agus biaidh a fearta agus a miorbhuile ar cuimhne le n-a linn féin agus 'na dhiaidh go suthain.” Dochuaidh Dubhthach go tigh an draoi aga raibhe a inghean agus do chur an draoi fáilte roimhe; agus dorinneadh onóir mhór agus sóghlas do an oidhche sin, agus do léig an draoi a inghean agus a buime saor leis. Iarn-a mhárach gluaiseas Dubhthach dá thír féin iaramh .i. Tír na Failghe agus Brighid agus a buime leis. Feachtas eile thainic do bhuime Bhrighde gur ghabh easláinte mhór í. Thainic don easláinte sin mian dighe leanna do ghabháil, agus dobhí óglaoch saidhbhir san gcomharsainn aga raibh lionn an uair sin féin, agus Beadchú ainm an óglaigh, agus dochuaidh Brighid agus aon ógh amháin léithe go tigh Bheadchon d'iarraidh dighe leanna. Dobhí fear agus bean an tighe roimhe Brighid istigh agus do dhiúltadar le chéile í agus an teaghlach uile mar aon riú. Iar sin do imigh Brighid go náireach agus níor bhfada 'na dhiaidh sin gur fhéachadar na soithighe ina raibhe an lionn agus
ní bhfuaradar aon deor ionnta. Iomthús Bhrighde do líon an soitheach dobhí léithe as tobar uisge dobhí ar an tslighe agus do bheannuigh sí é agus dorinneadh lionn ba fearr 'ná lionn Bheadchon de, agus ní hé amháin gur choisg sin tart agus íota a buime acht do shlánuigh í ó gach uile easláinte gur méaduigheadh ainm Dé agus Bhrighde tríd sin. Feachtas eile dobhí Brighid ag ionghaire muc Dubhthaigh agus thangadar dias gaduidheadh d'ionnsaighe na muc gur ghoideadar dhá thorc mhóra dhíobh, agus an tslighe in ar ghabhadar thárla Dubhthach dhóibh gur bheain bhain an dá mhuic sin díobh, agus thainic mar a raibhe Brighid agus tug sé achmhusán mór di agus iseadh adubhairt gur bh'olc an t-aodhaire í agus gurab olc nach dearnaidh sí coimhéad ba fearr 'ná sin ar na mucaibh. Níor mhaith le Brighid sin agus do labhair sí leis go mín náireach agus iseadh adubhairt: “Áirmhimse do mhuca,” ar sí, “agus is féidir le Dia gan díoghbháil do dhéanamh dhóibh.” Do áirimh Dubhthach iad agus nior theastuigh aon mhuc díobh, gur móruigheadh ainm Dé agus Bhrighde dhe sin. Feachtas eile thainic aoidheadha go tigh Dubhthaigh agus do fhuráil sé feoil do chur dá ghléas dóibh agus cúig chuibhrinn do dhéanamh dhí, ina bhfiaghnuise féin, óir dobhí an aimsir cruaidh agus dobhí gorta mór ann is an bhliadhain sin. Do thaoibh sé le Brighid an fheoil do bhruith agus do choimhéad. Dochuaidh Dubhthach, iaramh, amach agus níor
fhágaibh san teagh acht Brighid agus na haoidheadha. Is annsin thainic sean-chú bhocht dobhí ag dul d'éag don ghorta chum an tighe agus mar dochonnairc Brighid í adubhairt gurab dúil do dhúilibh Dé dobhí ann agus gurab mór an truaighe a bheith san riocht sin agus tug sí an cúigeadh cuid don bhfeoil di. Do long an chú sin go ró-ghortach, agus mar dochonnairc Brighid an righean a leas iomarcach sin ag an gcoin tug sí an dara cuid don bhfeoil don choin, agus mar do loing sí sin go cíocrach tug sí an treas cuid dí ionnas go raibhe sí sáitheach. Dobhádar na haoidheadha aga fheitheamh sin uile. Thainic Dubhthach isteach iar sin agus d' fhiafruigh an raibhe an fheoil bruite nó an raibhe sí uile ag Brighid agus má dobhí a cur chugtha, “Áirimhse an fheoil,” ar sí “féach an bhfuil sí agat uile.” Do áirimh Dubhthach an fheoil agus níor theasda aon chuid dí acht mar budh mó an uair sin, agus do innsigheadar na haoidheadha do Dhubhthach gach ní dhá ndearna Brighid ris an bhfeoil agus ba mór an t-ionadh bhí aca uile sna míorbhuile sin. Is annsin adubhairt Dubhthach gurab iomdha a leithéide sin de mhiorbhuile do-níodh sí. Do cuireadh an fheoil iaramh i bhfiaghnuise na n-aoidheadha agus an fheoil sin do bheannuigh Brighid agus do chruthuigh Dia ina honóir níor fhéadadar na daoine neamh-ghlana a hithe mar dobhádar cionntach agus i bpeacadh; gurbh éigean dóibh a hiompódh ar a
hais arís go Brighid arís agus gur thiodhlaic sí do bhochtaibh agus do gach aon rainic a leas a fagháil í. Feachtas eile do ghuidh bean chráibhtheach dobhí san tír Dubhthach fá Brighid do leigean léithe ar cuairt chum cóimhthionóil do dhaoinibh cráibhtheacha go Magh Life. Tug Dubhthach an cead sin dí iaramh. An lá arna mhárach do foillsigheadh do neach naomhtha dobhí san chóimhthionól chéadna Muire ógh do theacht ar cuairt chugtha (dar leis féin) agus do innis sé sin don chóimhthionól. Iarna mhárach tháinic an bhean chráibhtheach reimhráidhte agus Brighid léithe chum an chóimhthionóil agus mar dochonnairc an duine naomhtha (dar thaisbeánaidh Muire an oidhche roimhe sin) Brighid ag teacht do éirigh sé 'na sheasamh agus do labhair do ghuth árd fhollus-ghlan agus iseadh adubhairt: “Is í so an Mhuire dochonnarcsa,” ar sé. Do éirigh an cóimhthionól 'na sheasamh iar sin uile agus do labhradar d'aon ghuth uile agus iseadh adubhradar: “Dia do bheatha, a Mhuire na nGaoidheal” - gonadh díleas an t-ainm do Bhrighid ó sin amach Muire na nGaoidheal. Feachtas eile do smuain Brighid maille le gríosadh ón Spiorad Naomh dul d'iarradh a máthar dobhí i ndaoirse agus i moghsaine agus do ghabh sí cead a hathar agus ní bhfuair sí cead uadha. Do ghluais sise gan cead dá hathair agus dochuaidh sí mar a raibh a máthair agus dobhí sí ró-
easlán an uair sin agus dob éigean dí a bheith ag banairgheachas don draoi an uair sin. Agus í mar sin ro ghabh lúthgháire lán-adhbhal roimhe a hinghin í agus do ghabh iar sin ag éagcaoine a heasláinte agus a hamhgair fria agus meád a saothair. Do ghabh Brighid do láimh an banairgheachas do dhéanamh ar son a máthar, agus an chéad mhaistradh dorinne sí dorinne dhá chuid déag cudroma dhe, agus dorinne an trímhadh cuid déag ní ba mó 'ná aon chuid eile dhíobh i bhfíoghair Íosa Críost agus na n-easpal. “Do-nímse an roinn seo,” ar sí, “i n-onóir Íosa Críost agus sásuighim na daoine bochta 'na onóir.” Do chuir airgheacha na mbó i n-iongnadh mhór an díol dobheireadh Brighid ar im agus ar bhainne na mbó agus dochuaidh do chasaoid ar Bhrighid leis an draoi, agus an uair do fhiafruigh an draoi dhe nár mhaith an bhanairgheach an ógh i n-ionad a máthar dob áil leis an óglach a bhéal d'fhosgladh agus casaoid trom do dhéanamh uirthi. Is amhlaidh so adubhairt: “Atáid na laoigh ramhar,” ar sé, “agus do-gheibhimse mo sháith agus do-gheibh na haoidheadha agus na daoine bochta a sáith.” Is amhlaidh sin nár fhéad an t-óglach turbhaidh nó ithiomrádh do dhéanamh ar an óigh naomhtha. Feachtas eile thainic an draoi agus bhean ar cuairt chum na hairghe aga raibhe Brighid agus a máthair agus tug bean an draoi rúsg mór léithe aga raibheadar ocht bhfear-dhuirn ar leathad
ann, agus a áirde dá réir sin. Do chuir Brighid fáilte rómpa agus do ullmhuigh sí biadh dhóibh. Is annsin adubhairt bean an draoi: “Ar cuairt chugaibhse thangamairne agus d'fhéachain na laogh agus na hairghe agus dar linn is maith atáid agus tugthar an t-im chugainn go bhfeiceann a dhéanamh agus go leasuighthear é.” Do éirigh Brighid 'na seasamh iar sin go humhal náireach agus dochuaidh san gcuile dobhí aice agus níor mhair aice dá him (an uair sin) acht measgán go leith agus thainic sí anuas arís agus an leath-mheasgán ina láimh léithe agus do theilg sí san rúsg sé. Dorinne bean an draoi gáire mór tré choir fhonamhaide agus adubhairt: “Is maith an chubhaidh rúisg móir do líonadh sin,” ar sí. “Ní meisde,” ar Brighid; “líonfaidh sé do rúsg agus féadaidh Dia im do chuir ann,” ar sí. Dochuaidh Brighid ina cuile iar sin agus do bheannuigh sí roimpe agus 'na diaidh, agus ar gach taoibh dhí agus do labhair agus iseadh adubhairt: “Cuile le Dia an cuile seo is cúram ormsa,” ar sí; agus dorinne na rainn seo agus atá do bhuadhaibh ortha gidhbé cuile no lanntaoir a n-aibeoradh duine a bhias ar deagh-staid iad i n-onóir do Dhia agus do Bhrighid go bhfuighe a righean a leas agus cosg a náire uaithe.
“Mo chuilese an chuile seo, cuile Fiadhadh fionn, Cuile ro-bheannachadh an rígh, cuile gan ní ann.
Tigeadh Mac Muire, mo chara, do bheannachadh mo chuile, Flaith an domhain go imeal, rob é ionad lasuidhe. A Choimdhe, a mo ruirese, coinnigh na huile seo, Beannuigh, a Dhé, nuall gan geis, dot láimh dheis an chuile seo.”
Iomthús Bhrighde ní thabhradh sí acht leithmheasgán léith gach uair agus thainic do bhrigh mhór ghrás agus miorbhuile Dé gur chuir sí a lán san rúsg agus go raibhe measgán go leith d'fhuigheall aici. Do chuir an draoi agus a bhean i n-iongantas go ró-mhór sin agus do mholadar Dia agus Brighid thríd sin. Is annsin adubhairt an draoi: “An t-ím seo agus na ba ó dtainic sé tiodhlaicimse do Dhia agus duitse iad.” “Go n-íocaidh Dia sin riotsa,” ar Brighid, “agus bheirimse na ba agus sin duitse,” ar sí, “agus léig mo mháthair leam saor.” “Dobheirimse an airghe agus do mháthair saor do Dhia agus duitse,” ar an draoi, “agus gach ní is mian leat do dhéanamh dhamh féin ó sin amach agus biad ag seirbhís is ag foghnamh do Dhia agus duitse.” Do baisteadh an draoi iar sin agus dobhí Brighid buidheach dhe agus dobhí sé i gcoimhidacht Bhrighde agus 'na óglach díleas do Dhia agus do Bhrighid ó sin amach. Do b'fhollas rath an Spiorad Naomh i gcoimhideacht na hóighe sin do ghnáth, agus dob í Brighid an ógh dharíribh, óir dobhí do choimhéad aice ar a hóghacht nár fhéach sí ina éadan ná ina
aghaidh ar fhear ar bioth ariamh, ionnas nach mór go raibhe fios cuma aighthe fir ar bioth aice, agus níor ionnail sí a cosa ná a lámha i bhfiaghnuise fir ariamh. Feachtas eile thainic fear uasal inmheach d'iarraidh Bhrighde le pósadh agus do labhair le Dubhthach. Do ba maith le Dubhthach agus le n-a mhnaoi agus le n-a chlann mhac an cleamhnas sin d'fhagháil agus do ghealladar Brighid do chur leis ar gach aon chor. Mar dochuala Brighid sin do dhiúlt sí an chómhairle sin agus adubhairt nach biadh sí ag an bhfear sin ná ag fear oile go bráth. An uair dochuala a dearbhráithrese an comhrádh sin ba feargach iad agus adubhradar go mbadh éigean dí a bheith ag fear. Adubhairt sise nach biadh atharrach Meic na hÓighe d'fhear aice go bráth. Do fhreagair bráthair dá bráithreachaibh í, .i. Bicnia a ainm, agus iseadh adubhairt: “Biaidh an tsúil álainn sin id cheann ag fear sul dtí an oidhche amárach,” ar sé. “Biaidh fhios ag Mac na hÓighe,” ar Brighid, “nach biaidh an tsúil sin im cheannsa go bráth, má sí is cionntach frium.” Leis sin tug Brighid a meor fá n-a súil gur chuir tré n-a gruaidhe amach í. Mar dochonncadar a hathair agus a bráithre sin do ghabh eagla agus náire mór iad agus adubhradar dá gcuireadh sí an tsúil ina hionad féin arís nach iarrfadis uirre a bheith ag fear ar bioth choidhche. Mar dochuala Brighid sin do chuir sí a dearna
fán tsúil agus do shuidhidh sí í go an-shocair gan tinneas ina háit féin arís í ionnus nár bhféidir a aithne go raibhe sí ina féagmhais ariamh; agus dochuaidh a shúil tar a cheann amach ag Bicnia .i. a bráthair. Mar dochonnairc Brighid sin do ghabh truaighe agus náire dá bráthair í agus do chuir an tsúil ina hionad féin arís gur shlánuigh i gcéadóir é, agus níor thairgeadar Brighid do thabhairt d'fhear ó sin amach. Gach uile ní ar a mbeiradh Brighid d'áirnéis nó do spré Dubhthaigh, nó gidhbé do thaobhadh sé fria do thaisgidh nó do choimhéad, do sgaoileadh sise sin ar bhochtaibh Dé ionnas gur thuirsigh sí Dubhthach go mór agus gur chomhairligh sé féin agus a bhean Brighid do reic mar chumhail do dhéanamh seirbhíse do neach eile i n-ionad éigin. Dochuaidh Dubhthach ina charbad iar sin agus Brighid maille fris; do labhair fria agus iseadh adubhairt: “Ní do thabhairt onóra nó oirmhidne dhuit dothugas san gcarbad so thú,” ar sé, “acht dot reic le Dunlaing mac Éanna Chinnsealaigh .i. righ Laighean agus biaidh tu ag déanamh aráin agus ag meilt bróna aige.” Rainic Dubhthach ina charbad iar sin go dorus tighe righ Laighean. Do thuirling as a charbad agus dochuaidh isteach i gceann an righ. Ro fhágaibh sé Brighid ina charbad agus a chloidheamh maille fria. Thainic lobhar bocht d'ionnsaighe Bhrighde agus do iarr déirc i n-onóir Dé uirre. Do himdhearguigheadh go mór fá Bhrighid iar
sin mar nach raibhe aon ní aice do-bhéaradh sí dho, agus féachas ina timcheall agus dochonnairc sí cloidheamh Dubhthaigh san gcarbad ina farradh agus tug don lobhar é ar son Dé. Iomthús Dhubhthaigh do fhiafruigh sé don righ an gceannóchadh sé cumhal. “Cia hí an chumhal?” ar an righ. Adubhairt Dubhthach gurab í a inghean dobhí sé do reic. “Créad fá reicfása th'inghean mar chumhail?” ar an righ. “Adhbhar maith,” ar Dubhthach, “óir ní bheireann sí ar aon ní dom chuid nach dtabhrann sí uaithe ar son Dé,” ar Dubhthach. “Tugtar isteach an ógh,” ar an righ. Dochuaidh Dubhthach ar cheann Bhrighde iar sin agus mar dochuala an cloidheamh do thabhairt don lobhar do ghabh fearg mhór é agus adubhairt go ndigheoladh sé sin uirthi. Tugadh Brighid iaramh do láthair an righ agus do innis Dubhthach an díol tug sí ar a chloidheamh, agus adubhairt dá mbeith nach gcuirfeadh uadha í roimhe sin go gcuirfeadh uime sin uadha í. Do labhair an righ fria iar sin agus iseadh adubhairt: “Is urusa aithne, a inghean,” ar sé, “an tan dobhéarthá an díol úd ar spré nó ar mhaitheas th'athar nach gcoigeolfá an ní do thaoibheochainn féin friot dá gceannchuinn ód athair thú.” “Atá a dheimhin ag Mac na hÓighe,” ar Brighid ”.i. Íosa Críost Mac Dé Bhí, dá mbadh leamsa do thighearnas uile go dtiubhrainn do bhochtaibh Dé agus do gach duine a righfeadh a leas é iar sin, agus ní hé amháin acht ríoghacht na
cruinne.” Is annsin adubhairt an righ re Dubhthach: “Ní cóir dhuitse th'inghean do reic agus ní mó is cóir dhamhsa ná do neach eile a ceannach mar chumhal, óir is uaisle i modhaibh agus i mbéasaibh í 'ná ceachtar againne, acht gidh thusa a hathair agus gidh atáimse im righ Laighean.” Is annsin thug an righ cloidheamh do Dhubhthach ar son an chloidhimh dothug an inghean don lobhar agus dothug sé do bhreith gan cumhachta tighearna, ná a hathar, ná duine ar bioth eile do bheith uirthi acht a bheith ar a toil féin ó sin suas, agus cead do bheith aice a Tighearna féin do leanamhain amhail do thionnsgain sí as a hóige agus amhail do críochnuigheadh léi ó sin amach. Feachtas eile dochuaidh Brighid agus a ógha eile maille fria dá mbeannacha agus dá gcoisreagadh go hEaspog Mel agus do ghabháil grádha caillighe nduibhe uadha agus do léig Brighid na hógha eile roimpe do ghabháil grádha caillighe mar chomhartha úmhlachta, agus dobhí féin ar a glúinibh i bhfiadhnuise na haltóra. Is annsin do éirigh colamhan thintidhe ó mhullach a cinn go huachtar na hEaglaise. Is annsin do fhiafruigh an t-easpog “Cia hí an ógh uasal umhal dobhí ar a glúinibh i bhfiadhnaise na haltóra?” Do innis ban-ab na gcailleach ndubh gurab í Brighid Naomhtha dobhí ann. “Éirigh, a Bhrighid,” ar an t-easpog, “go dtugam grádha caillighe dhuit roimhe na hóghaibh sin eile.” Thainic Brighid go
humhal d'ionnsaighe an easpuig, agus an uair dob áil leis grádha caillighe do léigheadh os ceann Bhrighde thainic do rath an Spioraid naomhtha gurab grádha easpuig dob éigean dó do thabhairt di. Do labhair an bhan-ab agus iseadh adubhairt: “Tabhair haire dhuit féin, a easpuig,” ar an bhan-ab, “nach cóir an léigheann sin do léaghadh os cionn mná ar bioth, óir is léigheann grádha easpuig atá tú do rádh os cionn Bhrighde.” “Ní bhfuil cumhachta ná cumas agamsa air sin,” ar Easpog Mel, “óir ní héidir leam a atharrach súd do léigheann do rádh os a cionn, agus tug Dia cumhachta easpuig di seo tar aon mhnaoi eile dá dtainic nó dá dtiocfaidh, agus dá dhearbhadh sin atá i sgriobtiúir gurab grádha easpuig nó gurab onóir easpuig a dhligheas comharba Bhrighde nó fear a hionad d'fhagháil i gCill Dara ó fhearaibh Éireann go bráth.” Ceithre cosa crainn dobhí faoi an altóir agar ghabh Brighid na grádha agus dobhí an ceathramhadh cos díobh i láimh Bhrighde an feadh dobhí ag gabháil na ngrádha. Do loisgeadh an altóir sin go minic agus mairidh an chos chéadna go fóill gan chaitheamh gan losgadh tré mhiorbhuile Dé agus Bhrighde. Feachtas eile do Bhrighid agus dorinne sí comhnuidhe an charghais mhóir i bhfogus don eaglais a raibhe Easpog Mel, agus do thionnsgain sí an Cháisg do dhéanamh mar dhéirc do na heaglaisibh bochta dobhí gach taoibh dhí agus ní raibh do bhraich
aice acht aon chrannóg amháin agus ní raibhe do shoitheachaibh aice acht dhá amar iomar agus dorinne sí dabhach d'amar aca agus dob é an dara h-amar ba cubaird dhí, óir thug sí ar dhá óigh dá hóghaibh a bheith ag fritheoladh dhí agus gach uair dothigdis lucht na gceall bhocht (do fhan ina timcheall) dá n-ionnsaighe dogheibhdís an dabhach sin lán aice agus dobheirdís lán an amair leo. Mar sin di ocht lá na Cásga agus a hocht n-oidhche ionnas go dtug sí a sáith leanna do sheacht gceallaibh bhFear dTulach gur móruigheadh ainm Dé agus Bhrighde de sin. Feachtas eile do ghabh tinneas cinn Brighid agus Easpog Mel agus do iarr an t-easpog Brighid leis i gceann leagha mhaith dobhí san tír. Do labhair Brighid agus iseadh ro ráidh: “Rachadsa leatsa,” ar sí, “agus muna ngéillinn dot chomhairlese do chóimhlíonadh ní rachainn d'iarraidh leagha chorpardha ar bioth choidhche.” Do ghluaiseadar iaramh agus mar bhádar ag siubhal i bhfarradh a chéile thárla easgar do Bhrighid ionnas gur créachtnuigheadh go mór í (fá chlochaibh na talmhan) ina ceann gur shil a fuil go hiomarcach, agus do shlánuigheadh (ó easláintibh marbhthacha) dias ban do thárla dhóibh san tslighe leis an bhfuil sin do chomailt díobh. Ar ndul i gceann an leagha dhóibh do fhéachadar ceann Bhrighde agus do fhiafruigh an liaigh ca hionad ina raibhe an loit uirthe. Do labhair an t-easpog agus iseadh adubhairt:
“Nach furus dhíbhse an chneadh dorinneadh ar an láthair uirre d'fhaicsin?” “Adeirimse,” ar an liaigh, “dá mbeidís leagha an domhain dá leigheas gurab feárr 'ná sin do leigheasadh í, óir ní bhfuil cneadh ná sliocht cneidhe uirre.” Agus do ba fíor don liaigh sin óir ní hí an chneadh amháin dobhí slán acht níor mhothuigh sí tinneas cinn ó sin amach. Feachtas eile thainic lobhar d'iarraidh bó do dhéirc ar Bhrighid. “Cia is feárr leat bó d'fhagháil nó d'fhóirithin ó'n lobhra sin ort?” ar Brighid. “Dob fheárr liom mo shlánughadh ó'n easláinte,” ar sé, “'ná maitheas an domhain, óir is righ gach slán,” ar sé. Dorinne Brighid úrnaighthe chum Dé iar sin agus do iarr sí aisioc a shláinte don lobhar. Dofuair sí sin ó Dhia, óir do slánadh an lobhar i gcéadóir ina honóir agus dobhí sé 'na óglach ag Dia 's ag Brighid ó sin amach. Feachtas eile thainic fios ar cheann Bhrighde ó dhá mhaighdin óga do shíl féin do thuit i lubhra lobhra agus do iarradar uirthi dul dá bhfurtacht ó nár fhéadadar dul dá hionnsaighe. Dochuaidh Brighid go humhal annsin agus dorinne sí uisge coisreagtha dhóibh agus mar is luaithe do bhain an t-uisge sin riú dobhádar slán fá chéadóir agus do fhanadar i bhfarradh Bhrighde ó sin amach. Feachtas eile do Bhrighid agus dá hóghaibh ag moladh Dé i n-ionad áirithe agus dochonnairc triúr oilithreach dá n-ionnsaighe agus do bheann-
uigheadar dhóibh agus dorinneadar comhnaidhe na hoidhche sin aca. Do thuig Brighid go raibhe ocras ar na hoilithrachaibh taréis a dturais agus a dtroisge, agus do fhuráil sí mórán aráin agus feola do chur i dtigh ar leith chugtha an oidhche sin agus níorbh áil leo san an fheoil d'ithe taréis a dtroisge d'eagla go rachadh i ndroch-oileamhain dóibh, agus do itheadar an t-arán agus do thaisgidh siad an fheoil ina máilín. Mar sin dóibh go rabhadar ag gabháil a gceada re Brighid arn-a mhárach agus do iarr sí ortha a fhéachain créad dobhí san máilín agus mar do féachadh dofríth na ceithre chuibhrinn fheola (do chuireadar san máilín) 'na gceithre bairghinibh aráin. Is annsin adubhairt Brighid: “Gidhbé cruth ina rabhadar súd aréir,” ar sí, “ní do dhéanamh díoghbhála dhíbhse do fuarabhair iad, acht gur thuigeassa ocras mór do bheith oraibhse taréis bhur dturais agus bhur siubhail agus bhur dtroisgthe, agus is é adhbhar fár thoiligh Dia agus mise aráin do dhéanamh dhíobh súd, dá chur i gcéill nach déandis do dhíth nó do dholadh dhíbhse 'na bhfeoil, acht amhail dobheithdis 'na n-aráin.” Mar dochonnairc na hoilithrigh na miorbhuile móra sin dá ndéanamh ag Brighid .i. feoil dá iompódh dochum aráin, do mholadar Dia agus Brighid agus do fhanadar ina coimhdeacht ó sin amach. Dochuaidh dias díobh arna mhárach do dhéanamh seirbhíse do Dhia agus do Bhrighid agus do fhan an fear eile 'na
chomhnaidhe. “Is iongnadh sin,” ar Brighid, ”.i. an dias is sine do dhul amach do dhéanamh foghainte agus an fear is óige do fhuireach 'na chomhnaidhe.” “Dá bhféadainnse dul amach,” ar sé, “ní bheinn mo chomhnaidhe istigh óir ní bhfuil agam acht leath- lámh agus ní furas dam maith do dhéanamh amhla sin.” Do thaisbeáin sé an lámh do Bhrighid agus mar dochonnairc sí gurab duine baclámhach dobhí ann, do chuir sí urnaighthe chum Íosa Críost Mac Dé Bhí ar son an óglaoich ionnas gur slánuigheadh fá chéadóir é. Agus dochuaidh amach iar sin i ndiaidh a chompánach agus ní raibh aca neach budh treise agus ba láidre iná é ag déanamh saothair tré mhiorbhaile Dé agus Bhrighde agus do moladh ainm Dé agus Bhrighde tríd sin. Feachtas eile do ghabh crithghalar agus easláinte mhór ógh do mhuinntir Bhrighde agus do ghabh mian dighe leamhnachta í agus ní raibh bó ar bioth fán mbaile. Is annsin adubhairt Brighid le hóigh dá hóghaibh: “Tabhair leat,” ar sí, “lán soithigh d'uisge ghlan agus cuir éadach ar a bhéal agus tabhair don óigh easláin é re n-a hól,” agus dorinne Dia agus Brighid do mhiorbhuilibh iongantacha ansin .i. an uair a tugadh an soitheach lán d'uisge fhuar i láimh an easláin go bhfríth 'na leamhnachta mhilis é agus an uair do ibh sí é dobhí slán i gcéadóir ionnas gur moladh ainm Dé agus Bhrighde tríd sin. Feachtas eile dochuaidh bean áirithe le boin go
Brighid agus dorug sí a hinghean lé do iomáin na bó agus an laoigh, agus thárla coill mhór ar an tslighe rómpa, agus iar ndul thríd an choill dóibh dochuaidh an laogh amugha uatha agus do ghabhadar ag siubhal ar feadh na coille ag iarraidh an laoigh agus ní bhfuaradar é. Do ghabh an bhó cuthach mór uirthi ionnas nár fhéadadar a hiomáin conadh annsin adubhairt an bhean: “Guidhmid Dia agus Brighid Naomhtha fán mboin do cheannsughadh dhúin.” Leis sin iar nguidhe Dé agus Brighde do ghabh an bhó an tslighe mhór rómpa go rangadar go hairm a raibhe Brighid agus níor chuimhnigh an bhean ar laogh ná bó go nuige sin, agus do ghabh agá éagcaoine iar sin agus adubhairt Brighid riú gan a bheith ag éagcaoine agus go dtiocfadh an laogh d'ionnsaigh a mháthar an oidhche sin féin; agus thainic an laogh an uair do gheall Brighid a theacht. Feachtas eile thainic Easpog Mel i gceann Bhrighde agus do fhiafruigh sí dá hóghaibh an raibhe lionn aca dobhéaraidís don easpog. “Dobhéara Dia lionn dhuit,” ar siad iar sin, mar nach raibh lionn aca. Tug dias do na hóghaibh drolmach mór uisge leo mar budh lionn do bheith aca ann agus do iarradar uirre an lionn do bheannachadh. Tógbhas Brighid a lámh iar sin agus do bheannuigh an drolmhach uisge mar budh lionn do bheith ann agus adubhairt: “Dobheirmid a bhuidhe re Dia an lionn so do
bheith againn re thabhairt don easpog,” agus níorbh fhuras aithne nach lionn maith nó fíon dobhí an tré bheannachadh na hóighe, óir dobhí neart, brígh agus sásadh fíona san uisge chéadna gur móradh ainm Dé agus Bhrighde tríd na miorbhaile sin. Feachtas eile thainic bean áirithe re hubhlaibh chum Brighde agus do iarr Brighid uirthi na hubhla do roinn ar na lobhraibh agus ar na daoinibh bochta dobhí fán mbaile agus mar dochualaidh an bhean aga raibh na hubhla sin do dhruid sí a hucht ar na hubhlaibh agus adubhairt gurab do Bhrighid agus dá hóghaibh dobhí sí féin ag iomchar na n-ubhall agus nach do lobhraibh. “Is olc dorinne tú mo dhéirc do thoirmeasg umam,” ar Brighid, “agus is cead liomsa má's cead le Dia é an abhallghort ar a dtainic na hubhla sin gan tusa ná neach eile d'fhagháil aon ubhall dá tairbhe go bráth.” An abhallghort mhór mhaith dobhí lom lán d'ubhlaibh ag an mhnaoi sin (ag fágbháil an bhaile dhi) ní bhfuair aon ubhall uirthi ag filleadh tar a hais agus ní mó dofuair sí féin ná neach eile aon ubhall dá tairbhe ó sin amach do bhrígh briathra Bhrighde. Feachtas eile thainic daoine dúthrachtacha le déirce chum Brighde, agus thangadar gadaidhthe 'na ndeoidh chum an bhaile agus do ghuideadar a ndaimh uatha. Iomthús na ngadaidhthe do ghluaiseadar rómpa go rangadar abhainn Life agus na
daimh sin leo agus do éirigh anfadh mór san abhainn rómpa ionnas gur chuireadar a n-éadaighe fá mhuinéalaibh na ndamh agus dochuadar féin ina n-aice chum dul tríd an abhainn. Agus thainic do mhiorbhaile Dé agus Bhrighde go ndeachadar na daimh amach ar eigin uatha san agus go rugadar na héadaighe sin leo i gceann Bhrighde gur mhóruigh ainm Dé agus Bhrighde dhe sin. Feachtas eile dochuaidh muinntir an tighe a raibhe Brighid amach acht aon chláiríneach balbh bodhar amháin: thangadar aoidheadha coimhigheacha isteach agus do iarradar go deithfireach biadh ar Brighid. Do fhéach Brighid ina timcheall agus ní fhacaidh do mhuinntir an tighe istoigh acht an duine martrach agus níor fhidir Brighid gurab é dobhí ann. Do labhair sí fris agus iseadh adubhairt fris: “Má's do mhuinntir an tighe thú,” ar sí, “an bhfuil fhios agat cia an áit inar cuireadh an eochair?” “Atá cheana,” ar an duine bodhar balbh, “óir dochonnairc me dá taisgbeadh í.” “Máseadh éirigh agus fosgail doras na lantaoire agus tabhair biadh do na haoidheadhaibh úd.” Do éirigh an t-óglaoch le bréithir Bhrighde nár shiubhail aon choiscéim ariamh roimhe sin agus do fhosgail an lantaoir agus tug biadh do na haoidheadhaibh, agus ar dteacht isteach do mhuintir an tighe dofuaradar an t-óglaoch dobhí bodhar balbh gan choisidheacht (ag dul amach dhóibh) go raibh éisteacht, siubhal, agus caint aige ag filleadh
dhóibh! Do fhiafruigheadar dhe cionnus do éirigh dho agus do innis sé sin dóibh ó thosach go deireadh agus do mholadar Dia agus Brighid tríd sin. Feachtas eile dochuaidh Easpog Mel agus Easpog Melchu i gceann Bhrighde agus do iarradar leo í i gceann Phádruic mhic Calpuirn. Adubhairt sise gurab leasga léi a dhul ann acht nach diúltfadh sí a dhul leo san ann. Do ghluaiseadar na heaspuig co n-a gcléircibh agus Brighid co n-a hóghaibh agus thárla ba dhóibh ar an tslighe agus fear ag buain bainne dhíobh agus do thuig Brighid go raibh dubháilce mhór ar an óglaoch agus do fhiafruigh adhbhar a thuirse don óglaoch, nó créad um a raibhe ag buain bainne do na buaibh. Do fhreagair an t-óglaoch agus iseadh adubhairt: “Muinntir mo thighe uile idir fhear agus mhnaoi atá i n-easláinte agus is dham féin is éigin bainne do bhaint do na buaibh agus fritheoladh do dhéanadh dóibh agus ní dócha liom a dteacht ón easláinte sin 'ná gan a dteacht.” Do ghabh truaighe mhór Brighid don óglaoch agus tug ar a hóghaibh cuidiughadh leis fá bhleaghan na mbó, agus do iarr an t-óglaoch ar Bhrighid cead dá hóghaibh ní don bhainne d'ibhe agus í féin do ól cuid dhe. Tug Brighid cead dá hóghaibh ní d'ibhe don mbainne agus níor ibh sí féin aon deor dhe, óir fa gnáth léi a bheith 'na trosgadh acht go hannamh. Annsin dorinne Brighid uisge coisreagtha le n-a lámhaibh beannuighthe féin agus do chroith sí
ar an muinntir easláin sin uile é agus dobhádar slán fá chéadóir, ionnas nár aithnigheadar laige ná meathtacht, gur móradh ainm Dé agus Bhrighde de sin. Feachtas eile dochuaidh Brighid agus na heaspuig reimhráidhte go Tailltion, áit a raibh Pádraig agus cliar Éireann idir easpog agus chléireach 'na fharradh ann agus ceist agus cúis mhór ag Pádraig agus aga chléircibh .i. bean thainic chugtha agus leanbh léi agus adubhairt gurab le hEaspog Broin do mhuintir Phádruic an leanbh, agus do shéan an t-easpog é, agus do shaor nach raibh cuid aige dhe, agus dobhí sin 'na cheist mhóir ar Phádraig agus ar a chléircibh uile, agus adubhradar gurbh iomdha do fhearta agus do mhiorbhuile Bhrighde agus go réidheochadh an chúis sin dhóibh. Dorugadh an bhean agus an naoidhean go Brighid agus do fhiafruigh sí don mhnaoi cia ór toirrcheadh í. Do fhreagair an bhean agus iseadh adubhairt gurab ó Easpog Broin do toirrcheadh í agus gurab dó dorug sí an naoidhean beag san dobhí ina hucht. Do iarr Brighid ar fhear do na cléircibh comhartha na croiche do bhuain ar beol na mná go nach aibeoradh sí an bhréag sin do ghnáth agus nach biadh sí ag síor-thabhairt náire don easpog. Dorinne an cléireach amhlaidh sin agus thainic at mór i gceann agus i dteangadh na mná ionnas nachar fhéad sí aon fhocal do rádh. Do bheannuigh Brighid teanga an naoidheanáin
bhig dobhí i n-ucht na mná agus do fhiafruigh cia dob athair dí. Do fhreagair an naoidhean beag agus iseadh ro ráidh: “Ní hé Easpog Broin m'athair,” ar sí, “acht duine bocht deireoil daidhbhir atá do leath a taoibh an oireachtais, agus gabhthar timcheall an oireachtais liomsa agus mar is luaithe chidhfeas me m'athair bhéaradh eolas díbhse fair.” Do fhuráil Brighid a bhreith timcheall an oireachtais agus mar is luaithe thainic an leanbhán san chuid don oireachtas a raibhe a hathair do labhair do ghuth mhór árd fhollas-ghlan agus iseadh ro ráidh: “Ag súd m'athairse,” ar sí. Dorinne Pádraig agus an chliar uile lúthgháire lán-mhór annsin agus do mholadar go mór Dia agus Brighid. Dorinne máthair an leinbh aithreachas mór annsin agus do ghuidh sí Brighid, agus mar dochonnairc Brighid aithreachas agus aithrighe fhírinneach aice do thógaibh sí lámh ós a cionn agus do saoradh idir corp agus anam í gur moladh Dia agus Brighid trid sin. Feachtas eile dobhí Brighid ag imtheacht go Muighe Breagh agus dochonnairc sí gaisgidheach óg arrachtach chuigthe agus a mháthair aige dá hiomchar ar a mhuin. Do bheannuigh do Bhrighid agus do fhreagair sí é agus do fhiafruigh sgéala dhe. “Gaisgidheach óg mé,” ar sé, “aga bhfuil mo mháthair aosta easlán agam agus gan ionad comhnaidhe agam agus is éigean damh a bheith dá hiomchar ar mo mhuin mar so.” Adubhairt
Brighid gur chóir sin agus go raibh sin d'fhiachaibh air do ghnáth-bhunadh. Do ghluaiseadar re chéile .i. Brighid ina carbad agus eisean dá chois agus a mháthair ar a mhuin, agus adubhairt an mháthair le n-a mac leigean ar lár ar lorg carbaid na ban- naoimhe. Dorinne an mac amhlaidh sin, agus mar is luaithe do bhein a taobh ris an talamh ar ar imigh an carbad dobhí slán ó gach uile easláinte cuirp agus anama. Annsin do labhair sí do ghuth mhór fhollas-ghlan agus iseadh adubhairt: “Ní hiongnadh gach uile mhaith agus gach uile raitheamhnas dá bhfuil ort, a Bhrighid fheartach mhiorbhuileach, óir isé sliocht do charbaid do shlánuigh me ó na huile ghalar dobhí orm.” Feachtas eile tugadh óglaoch dobhí ar mire san tír chum an ionaid a raibh Brighid agus mar dochuala sé gurab do láthair Bhrighde dobhí siad da bhreith do léig sé ar lár é féin agus adubhairt sé nó go ndiongantaoi aigheadha foghailte feoilsgaoilte dhe nach rachadh i gceann Bhrighde. Níor fhéadadar a bhreith as sin muna marbhthaoi é, agus ó nár fhéadadar dochuaidh cuid aca ar cheann Bhrighde agus do ghuidh siad í fá theacht leo d'fhurtacht an duine mire ar a raibh aimsiughadh áidhbheirseorachta. Thainic Brighid leo go trócaireach, agus mar thainic sí ar amharc fir na mire do sgréach an diabhal dobhí ann agus adubhairt nár fhéad sé fuireach le Brighid fheartach agus
fa gnáth leis an droch-spiorad seachna gach ionad ina bhfeicdis í nó ina gcluindis a bheith agus do ghabhadh crith agus eagla mhór iad roimpi. Is annsin do éirigh an duine sin dobhí ar mire iaramh agus thainic a chiall agus a réasún chuige agus do léig ar a ghlúinibh i bhfiadhnaise Bhrighde é agus dorug buidheachas re Dia agus re Brighid. Feachtas eile thárla Pádruic mac Calphuirn go n-a chléircibh agus Brighid go n-a hóghaibh i gCill Lasair agus dobhí doilgheas mór ar lucht na cille fá laghad a mbíd agus fá mhéad a gcoinnmhe, agus thangadar do dhéanamh comhairle le Brighid óir dob usa leo labhairt fria 'ná re Pádraig agus do innseadar dhí nach raibh do bhiadh aca acht dhá bhairghin agus aon chaora agus beagán bainne, agus nach raibh feidhm air sin chum Phádruic go n-a chléircibh agus ise go n-a cóimhthionól. Dochuaidh Brighid leo iaramh mar raibh a beagán bídh sin, agus do thógaibh a lámh os a chionn gur bheannuigh é. Iar sin do shuidh Pádraig go n-a chléircibh agus Brighid go n-a hóghaibh go bhfuaradar a ndíol an oidhche sin, agus a ló arn-a mháireach agus ro bha mó a bhfuigheall 'ná a raibh aca ar tús tré bheannachadh Bhrighde, agus mar dochonnairc Lasair .i. ban-naoimh an bhaile, na miorbhuile móra sin do smuaineadh gur bheannuighthe í agus do thiodhlaic sí í féin do Dhia agus do Bhrighid ó sin amach. Feachtas eile do Bhrighid i gCill Lasair agus
thainic óglaoch dá hionnsaighe aga raibhe fuath aga mhnaoi pósta fair agus dobhí do mhéad a fuatha fair nach gcaitheadh biadh i n-aon ionad fris agus nár bh'áil léi a fhaicsin ná a chlos. Is annsin dorinne Brighid uisge coisreagtha dho agus adubhairt ris an t-uisge coisreagtha do chrothadh ar a leabaidh, ar a bhórd agus ar a dhigh agus ar an teach uile, agus mar is luaithe dorinne sin thug an bhean grádh adhbhal-mhór do ionnas nach bhfuilngeadh sí bheith san leith eile don teach uadha le baoithe an ghrádha thug sí dho. Lá éigin dár éirigh an fear sin amach agus thárla dá mhnaoi a bheith 'na codladh; do lean sí é go deithfireach (iar ndúsgadh as a codladh dhí) agus dochonnairc sí uaithe é agus gabhal mhór mhara idir í agus é. Do fhógair sí dho teacht go luath dá hionnsaighe nó go mbáithfeadh sí í féin gan mhoill san bhfairrge, conadh amhlaidh sin dochuaidh an fuath mór sin dobhí ag an mnaoi ar a fear pósta i dteasghrádh mór fair do chumhachtaibh an uisge sin dorinne Brighid. Feachtas eile thainic bean bhocht d'iarraidh déirce ar Bhrighid. “Dobhéaraidh me brat nó bó dhuit,” ar Brighid. “Ní bhfuil feidhm ar cheachtar dhíobh sin agam,” ar sí, “óir gidhbé aca sin dobhéarainn liom dobhéaradh na gadaidheana uaim é.” “Beir mo chrios leat,” ar Brighid. “Créad dob áil dhamhsa le do chrios?” ar an bhean bhocht. “Atá,” ar Brighid, “mórán
do ghalraibh agus d'easláintibh san tír a bhfuil tú do chomhnaidhe agus ná déana re mo chrios acht a thomadh i n-uisge agus an t-uisge céadna do chrothadh ar an duine easlán agus fóirfidh gach uile thinneas agus easláinte.” Dorinne an bhean amhlaidh, agus ó sin amach ní raibhe easbaidh bó ná capall, óir ná airgid ná fearainn re cumhachtaibh creasa Bhrighde gur móradh ainm Dé agus Bhrighde de sin. Feachtas eile thainic lobhar do Chlannaibh Néill an Tuaiscirt d'iarraidh bó go n-a laogh do dhéirc ar Bhrighid. Adubhairt sise ris an airgheach a rogha bó agus a rogha laoigh do thabhairt do. Acht cheana dorug an lobhar a rogha bó agus níorbh é laogh na bó sin a rogha laoigh. Do bheannuigh Brighid an bhó agus an laogh agus do ghrádhuigheadar a chéile ar an mball sin. Do iarr an lobhar (iar sin) ar Bhrighid duine do chur leis tiomáin na bó. Do iarr Brighid ar óglaoch dá muinntir a dhul leis. Do fhiafruigh an t-óglaoch cia do bhruithfeadh an fheoil do chuir sé síos an uair sin féin. Adubhairt sise go mbéaradh sé gan bhruith uirthi. Do ghluais óglach Bhrighde ris an lobhar go rangadar Magh Breagh ionnas gur fhágaibh an lobhar ina ionad comhnaidhthe féin agus ro fhillsad go Brighid. Agus uidhe dá ló do gach coisigh dá fheabhas an siubhal sin dorinne sé athghoirid agus dofuair sé an fheoil sin do chuir sé ar theineadh ag imtheacht do agul
í gan í acht lán-bhruithe tar a cheann, agus do chuireadar i n-iongantas ró-mhór méad na miorbhaile sin .i. óglach Bhrighde do dhéanamh uidhe dhá ló re leath-uair mbig amhail dobhí grádh Íosa Críost ag Brighid go gcóimhlíonadh labhairt a beoil agus toradh a hintinne. Feachtas eile do Bhrighid ag siubhal a ló rófhliuch agus thainic sí isteach ameasg na n-ógh agus do éirigh taitneamh na gréine an uair sin féin san ló ionnas go dtangadar gaoithe gréine ar feadh an tighe re dteacht isteach do Bhrighid, agus mar dochonnairc an ní tarsna an tighe do deithfir uirthi do rádh a trátha ní dhearnaidh acht an brat do fliuch ar a huachtar do theilgean ar an ghath gréine budh neasa dhí agus níor fhidir sí nach téad nó slat nó gad dobhí ann óir ní air dobhí aire aice. Acht cheana ro iomchair an gath gréine an brat anáirde, dá dhearbhadh go raibh grása Dé go hiomarcach uirthi, agus dobhí sí ag seanmóir bréithre Dé ó sin go meadhón oidhche, óir do measgadh go mór re teas-ghrádh Dé an uair sin í ionnas nár mhothuigh sí an lá ag dul thort ná an oidhche arn-a caitheamh go meodhan oidhche. Is annsin do iarr neach éigin dá raibh san tigh ar Bhrighid an brat do thógbháil don ghath gréine óir biaidh an tsoillse so isteach choidhche an feadh bhias an brat air. “Ní thugassa dom aire nach téad nó gad dobhí faoi,” ar Brighid, agus do tharraing an brat don ghath gréine agus
do imigh an tsoillse sin an ghaoi gréine ionnas nach bhfacthas aon ní istigh ó dhorchadas na hoidhche nó gur lasadh soillse ann, agus do chuireadar cách sin i n-iongantas go ró-mhór agus do mholadar Dia agus Brighid. Feachtas eile do Bhrighid i gCúigeadh Chonnacht agus dobhí loch i gcomhgar don áit a raibh sí agus fa gnáth léise dul gach n-oidhche go nuige a hasgalladha san loch sin agus a bheith abhfad ann ag rádh a trátha agus a hurnaighthe, agus dochuaidh sí ann oidhche áirithe agus sioc mór ann agus sneachta agus mar do mhothuigh sí fuacht na hoidhche do smuaineadh sí ar ghlóir fhlaitheamhnais, ionnas go dtug sin sólás mór di, agus do smuain sí arís ar phéin ifrinn agus dorinne gol agus dólás mór, agus do chaith sí urmhór na hoidhche amhlaidh sin agus gur mhaith le n-a hintinn chráibhtheach agus le n-a cogús an oidhche fhuar sin do chaitheamh amhlaidh sin. Do chuir sé go mór ar a dealbh dhaonna agus go deacrach, gidheadh dob áil léi dul gach n-oidhche ann, agus do ghluais sí an oidhche ba goire dhi agus mar dobhí coimhéad ag Dia ar Bhrighid agus nár bh'áil leis a corp beannnuighthe naomhtha do thraochadh go róluath, is amhlaidh dofuair an loch agus gan braon uisge ann acht an gaineamh tirim. Agus dob iongnadh mór léithe sin. Dochuaidh sí dá tigh iaramh agus ar maidin arn-a mhárach dobhí a lán uisge san loch chéadna. Mar sin dí co go
ceann thrí n-oidhche agus ní fhaghadh deor uisge san loch aon oidhche acht gaineamh geal tirim agus dobhíodh lán d'uisge gach ló, conadh follus as sin agus as mórán do mhiorbhuile eile grása Dé go hiomarcach ag teacht ar Bhrighid. Feachtas eile do Bhrighid agus dá hóghaibh ag fágbháil Chúigeadh Chonnacht agus dobhádar Clanna Néill an Tuaiscirt agus Connachta i gcoinne a chéile fán tSionainn an uair sin, agus tuile mhór innte agus ar dteacht chum an phuirt do Bhrighid agus dá hóghaibh dobhádar drong díobh ag dul i n-árthrach dobhí ag iomluchtadh eatorra agus do iarr Brighid ortha cuid dá hóghaibh do bhreith leo san árthrach. Agus adubhradar san nach mó iná aon ógh dá muinntir do thillfeadh aca. Adubhairt Brighid le hóigh dá hóghaibh dul leo agus do ghabh eagla mhór í mar dochonnairc sí tuile agus annfa mór san abhainn agus do iarr sí ar Bhrighid a coisreagadh agus Dia do ghuidhe fá rochtain slán. “Gabhaim do láimh do rochtain slán,” ar Brighid. Dochuaidh an ógh san árthrach ar comairce Bhrighde agus ar ndul i lár an tsrotha dhóibh do báitheadh an t-árthrach agus a raibh ann acht ógh Bhrighde agus do iomchair an sruth borb ('na suidhe go socair) í go ráinic sí don taoibh arbh áil léi dul agus do chuireadar na sluaigh sin i n-iongantas go mór. Is annsin do thógaibh Brighid a lámh agus do bheannuigh an sruth ar a raibhe an t-annfa mór sin nár bhféidir
le hárthrach ar bioth d'imtheacht ar a bhuirbe agus ní headh amháin an sruth dásachtach do dhul i gciúnas acht do thraoithaidh sí, ionnas nach raibh uisge go glúinibh d'aon duine dá raibhe i bhfarradh Bhrighde go ndeachadar slán i dtír, agus mar is túisge dochuaidh Brighid agus a muinntir slán i dtír do líon an abhainn agus dochuaidh an sruth agus an t-anfa ina chruth féin arís. Do gháireadar an sluagh dobhí ar gach taoibh don abhainn mar dochoncadar na miorbhuile móra sin aga ndéanamh agus do mholadar Dia agus Brighid go hiomarcach tríd sin agus dochuaidh an sgéal sin agus tuarasgbháil na bhfearta (agus na míorbhuile) go Saxaibh agus go hAlbain agus go Breatáin agus fán reann iartharach don domhan agus níorbh iongnadh sin. Feachtas eile dochuaidh Brighid agus a hógha go hÁrdmacha mar a raibhe Easpog Mel, agus dobhí tighearna Teabhtha ag caitheamh fleidhe an uair sin i gcomhgar dhóibh, agus dobhí cupa róonórach aige, aga raibhe cúram ró-mhór aige uime ag ól na fleidhe, agus do ghlac duine áirithe dá raibhe san tigh an cupa agus do thuit sé as a láimh fán talmhan ionnas gur briseadh é. Do gabhadh an fear sin leis an tighearna agus do bhagair sé a chrochadh muna gcuireadh an cupa ina riocht féin arís. Dochuaidh Easpog Mel dá iarraidh agus ní bhfuair é agus mar nach bhfuair dorug sé an cupa briste leis i gceann Bhrighde
agus mar dofuair Brighid sgéala aglaoich agus an chupa do ghuidh sí Dia go dúthrachtach fá gcupa do chur ina riocht féin arís agus do cuireadh i gcéadóir i gcruth dob fhearr iná dobhí aroimhe é agus dorug Easpoc Mel leis i gceann an tighearna é agus mar dochonnairc sé féin agus cách eile é do mholadar an t-easpoc. “Ná molaidh mise,” ar an t-easpoc, “ar a shon súd, óir ní mé dorinne na miorbhuile úd acht Dia agus Brighid fheartach.” Conadh amhlaidh sin do shaor Brighid an t-óglach dobhí ceangailte i ngeall fris an gcupa agus do moladh Dia agus Brighid trid sin. Feachtas eile do Bhrighid agus dá hóghaibh ag caitheamh a gcoda agus dochonnairc sí an droch-spioraid ar méis óigh dá hóghaibh agus a chosa síos agus a cheann suas agus deatach mhór agus lasair iomarcach as a bhrághaid agus as a shróin. Is annsin do iarr Brighid ar an óigh a coisreagadh agus go mbadh cead léi féin ise d'fhaicsin an fhir choimhideachta dobhí aice .i. an t-aidhbhirseoir. Dorinne an ógh comhairle Bhrighde agus dochonnairc sí an torathair gránna agus ceann mór agus brágha chaol agus meadhon mhór agus sliasta fada caola agus glúine móra corra agus dhá throigh bró leathan agus aghaidh a iosgad roimhe agus é féin ciardhubh uile. Mar dochonnairc banóglach Bhrighde an fomhór adhuathmhar iongantach sin do ghabh eagla ró-mhór í. Is
annsin do labhair Brighid fria agus iseadh adubhairt: “Créad fá ngabhann tú a chomh mór sin d'eagla roimhe an dalta atá dot leanmhain le fada?” Is annsin adubhairt Brighid ris an droch-spiorad gach ni do fhiafróchadh dhe a innsin di. Do fhreagair an t-aidhbhirseoir í agus iseadh adubhairt: “Is éigean do fhreagra, a chaille” (ar sé) “óir gidhbé choimhéadas tiomna Dé is éigean don uile dhúil a bheith umhal do.” “Máseadh,” ar Brighid, “is áil liomsa a fhios d'fhagháil uaitse créad fá mbíthse ag síor- dhéanamh urchóide don chineadh daonna?” “Atá” (ar sé) “ar eagla go rachaidís in ár n-ionad féin i bparrthas.” “Máseadh créad fá dtangais chugainne na caillighe beaga bochta so?” ar Brighid. “Ógh chráibhtheach dod mhuinntirse atá annso, is 'na coimhideacht atáimse,” (ar sé). “Créad fá bhfuil tú dhí tar na hóghaibh eile?” (ar Brighid). “Toil mhór atá aice do chraos agus do dhrúis dá leigeadh heaglasa dhí a chur i ngníomh” (ar sé). Annsin do chuir d'fhiachaibh air a bheith ar siubhal uatha agus gan an leanmhain sin do dhéanamh ar a cóimhthionól ó sin amach. Dorinne banóglach Bhrighde aithrighe fhírinneach annsin agus dobhí sí do mhuinntir Dé agus Bhrighde ó sin amach. Feachtas eile dochuaidh Brighid go Magh Léana d'éisteacht seanmóra ó Phádruic agus do thuit codladh trom ar Bhrighid agus Pádruic ag déanamh
na seanmóra agus iar n-éirighe dhí adubhair Pádruic gurbh iongnadh leis mar do chodail sí leis an tseanmóir. Do leig sise ar a glúinibh í i bhfiadhnaise Phádruic agus do ghabh absolóid uadha agus adubhairt gur taidhbhsigheadh neithe iongantacha isin chodladh sin dí. Do fhiafruigh Pádruic dhí créad dochonnairc. “Dochonnairc,” ar sí, “dar liom féin ceithre seisreacha glégheala do theacht anoir dheas agus éadaighe glégheala ar a n-oireamhnaibh agus gur threabhadar Éire uile le ré athghoirid agus sul do sguireadar na hoireamhain do chur an tsíl nó do fhásadar 'na ngortaibh cruithneachta agus dobhádar abuidhe onbhuana agus thangadar tobair fhíor-áilne ró-aoibhne agus srutháin fhíor-uisge as clasgánaibh na ngort sin; agus 'na dhiaidh sin ad-chonnairc ceithre seisreacha ciar-dhubha agus éideadha ciar-dhubha ar a n-oireamhnaibh agus do threabhadar fiar-tharsna Éire uile agus sul sguireadar na hoireamhna do chur an tsíl dobhádar abuidhe ionbhuana don ghort choirce budh measa san domhan agus thangadar tobair chiar-dhubha as a n-eitrigheibh.” Agus dobhí dubháilce mhór ar Bhrighid ag innisin na haislinge sin. Do fhreagair Pádruic í agus iseadh adubhairt: “A Bhrighid naomhtha,” ar sé, “na bíodh do-mheanma ortsa fá aon ní dá bhfacaís óir is iad ceithre leabhair an tsoiscéil na ceithre seisreacha
glégeal adchonnairc tú ar tús agus is mise agus tusa agus na naoimh uile na hoireamhna dobhí aca agus is iad na guirt abuidhe na daoine atámaoid do theagasg agus do tharraing ó pheacadhaibh do ghabháil agus a mbeith 'na muinntir dhílis ag Dia, agus is iad na tobair ghlana agus na srotha an baisteadh agus an aithrighe dobheirmaoidne ar na daoinibh. Is iad na ceithre seisracha dubha dochonnairc tú lucht an fhuar-chrábhaidh, na bréagaireadh, agus na daoine a bhias i seilbh chrádhbhadh i ndeireadh na haimsire agus iad gan chrádhbhadh, óir cuirfidh sin i dtarcuisne a ndeárnamairne agus a ndéanmaoid agus cuirfidh siad an crádhbhadh ar gcúl as sin amach ó chách, agus ní bheirmaoidne ar an aimsir sin, a Bhrighid,” ol Pádruic, “óir biaidh tusa agus mise agus na naoimh uile i bhfaidhnaise na Trionóide ag caitheamh na glóire suthaine tré shaoghal na saoghal, amen.” Feachtas eile (dochuaidh Brighid) go hÁrdmacha agus a hógha maille ria agus thárla dias do mhuinntir an bhaile dhí agus drolmach uisge eatorra agus thangadar go lúthgháireach i gceann Bhrighde, do thabhairt póg dhí agus ní thugadar a n-aire don drolmhach nó gur thuit sí fó chlochaibh na talmhan, agus thainic do mhiorbhuile Dé agus Bhrighde go raibh an drolmhach slán agus níor doirteadh aon deor don uisge, óir níorbh áil
le Dia go rachadh an tulgháirdeas dorinneadar roimhe Brighid i ndólás dhóibh, agus mar dochuala Pádruic sin do iarr sé an t-uisge sin do chrothadh ar Árdmacha agus ar a órdaidh agus do shlánuigh sé gach uile ghalar dá raibh ann. Feachtas eile do Bhrighid agus dá hóghaibh ag siubhal Sléibhe Brethe agus thárla go raibhe óglach ar mire isin sliabh an uair sin agus ní leigeadh duine ná beathadhach uaidh gan mharbha gan mhilleadh agus do ghabh eagla mhór na hógha dobhí i bhfarradh Bhrighde mar dochualadar a thuarasgbháil agus ní fada dochuadar an tan dochualadar an torann agus dochonnacadar an fear mire chugtha agus a bhéal oslaicthe agus é ag malladh do Bhrighid agus dá hóghaibh. Do labhair Brighid fris agus is eadh adubhairt: “Déana teagasg bréithre Dé dhúinn, a óglaigh,” ol sí. “Ní fhéadaimse gan do chomhairlese do dhéanamh,” ol an t-óglach, “óir ataoir féin ró-umhal do Dhia agus is éigean do na huile dhúil a bheith umhal dhuit,” ar sé: “Bíodh grádha agad ar Dhia, a chaille, agus beidh grádh ag na daoinibh ort. Tabhair onóir do Dhia, a chaille, agus bhéaraidh cách onóir dhuit. Bí go heaglach roimhe Dhia, a chaille,” ar sé, “agus biaidh eagla ar cách rómhat.” Is mar sin dob éigean don diabhal dobhí i bpearsain dhaonna seanmóir do dhéanamh do Bhrighid agus an eagla mhór dobhí ar na hóghaibh agus an dólás mór do dhul i sólás dhóibh.
Feachtas eile do Bhrighid agus dá hóghaibh ag siubhal Muighe Léana agus dochonnairc sí sgoláire 'na rioth tairse. “Créad an siubhal géar sin ort, a sgoláire?” ar Brighid, “nó an misde a fhiafraidhe cá dtéid tu?” “Ná bí do mo thoirmeasg, a chaille,” ar sé, “óir is go flaitheas Dé dob áil liomsa a dhul ar an uair seo féin.” “Atá fhios ag Mac na hÓighe go mbadh toil liomsa féin a bheith leatsa annsin,” ar Brighid. “Dá ngeallthása mise do bhreith leat id chuideachta féin an uair dorachfá ann do fhuireochainn leat,” ar an sgoláire. “Geallaimse sin má's cead le Dia é,” ar Brighid. Fanas an sgoláire i bhfarradh Bhrighde. Feachtas eile do Bhrighid agus don mac léighinn adubhramar ag rádh a dtrátha agus do thuit codladh ar Bhrighid le foghar na hurnaighe agus do chuir an mac léighinn guidhe ós íseal ar óigh dá raibh i bhfarradh Bhrighde. Do dhúisigh Brighid as a codladh iar sin. “Is iongnadh an aisling tarfás dhamh is an gcodladh sin,” ar sí, ”.i. dar liom dochonnairc me muileann ag meilt im fhiadhnaise agus a bheith 'na chruithneachta ró-bhreágh dho aga chur ann agus coirceró-ghránna ag teacht as.” “Dá dtugthá an luach do iarrfainn féin ort dham dobhéarainn breith fhírinneach na haislinge sin dhuit,” ar an sgoláire. “Dogheabhair,” ar Brighid, “dá bhfagha mise ó Dhia é.” “Má'seadh,” ar sé, “mise an muileann agus na trátha adeirim
go laethamhail agus an chanóin naomhtha do shaothruigh me an chruithneachta dochonnairc tú dá thabhairt don mhuileann, agus is é an coirce dochonnairc tú ag teacht as na droch-smuainteadha agus an droch-intinn dobhí agam an uair dobhí mé ag guidhe na hóighe seo dot mhuinntirse agus tú féin id chodladh, agus is é luach iarraim ort do chumann féin i neamh agus i dtalamh do bheith agam agus gan an bhaoth-ghlóir ná an díomhaoineas do aifirt ar mac léighinn ar bioth go bráth, agus fós gurab me féin a bhéaras absolóid agus cumaoineacha dhuit ag dealadh dot chorp agus dot anam re chéile.” “Dogheobha tusa gach ní dar iarrais annsin,” ar sí, “óir is é Dia tug ort a n-iarraidh agus is é do thoiligh dhuit a n-iarraidh agus is é do thoiligh dhuit a bhfagháil.” Mar dochuala an sgoláire sin do fhuráil sé coimhéad airgid do chur fá n-a láimh; oir do bhreathnuigh sé nárbh iomchubhaidh an lámh do chuirfeadh ós ceann na hóighe do thabhairt absolóide dhí do bhuain re neithe saoghalta ar bioth choidhche, acht a bheith ró-ghlan ó gach uile cháidhe agus thruailleadh agus dobhí glas agus eochair fá gcoimhéad sin agus do gheall Ninnia nach bhfoisgeoladh an glas sin go bráth nó go n-iarradh Brighid absolóid air in aimsir a beatha déaghnaidh agus is uime sin a goirtheadh Ninia Láimh Íodhan de; óir is ionann íodhan re rádh agus glan, agus
do chongaibh Ninnia a lámh glan ó sin amach gan aon ní maith ná saith do ghlaca ria, agus ní headh amháin acht dobhí sé glan ó bhréithir agus ó ghníomh do bhrígh a chumainn le Brighid, agus chuaidh sé dochum na Rómha iaramh agus iar ndul abhfad ar fairge dhó do theilg sé an eochair an choimhéada dobhí fá i mbeol na fairge; agus is é ciall dobhí aige dho sin nach bhfuigheadh Brighid bás nó go bhfaghbhadh eochair le a bhfoisgeoladh an coimhéad sin dobhí fá n-a láimh féin, óir do gheall Brighid go mbadh í an lámh sin dobhéaradh absolóid dí ria mbás agus do fíoruigheadh sin amhail inneostar i ndeireadh na beatha so. Feachtas eile do Bhrighid i gCill Dara agus tug sí Easpoc Iubhair dá hionnsaigh, do thogha agus d'fhéachain áit eaglaise dhi; is í sin uair agus aimsear do ghabh Oilleadh mac Dunluing mac Éanna Chionnsiolaigh .i. mac Righ Laighean, tríd an mbaile agus céad marclach d'fhiodhach fionnchuill leis. Do chuir Brighid dhá óigh dá muinntir d'iarraidh slaite don fhiodhach air agus do dhiúlt iad fá chéadóir. Iar sin thainic do mhiorbhuile Dé agus Bhrighde dá mbristí a raibh d'fhiodhach annsin uile ar na gearránaibh nach gcorróchadh aon ainmhidhe as an mball sin díobh. Mar dochonnairc mac Righ Laighean sion, do thiodhlaic sé an fiodhach uile do Bhrighid, gurab de sin do
rinneadh eaglais agus teach do Bhrighid ar dtús i gCill Dara. Feachtas eile thainic dá lobhar d'iarraidh déirce ar Bhrighid agus ní raibhe i láimh Brighde an uair sin acht aon bhó amháin agus tug sí do na lobhraibh í agus dobhí lobhar aca ró-bhuidheach agus tug sé buidheachas mór do Dhia agus do Bhrighid ar son na bó. An dara lobhar aca, iomorra, dobhí sé ró-dhíomsach agus adubhairt nár chóir áireamh imeasg lobhar agus dá ndearnthaoi nár chóir a thaobhadh ris an uiridsi; mar dochuala Brighid sin tug sí an bhó uile dhó agus do chongaibh an lobhar umhal ag feitheamh re boin eile d'fhagháil (ina farradh féin). Níor chian dóibh go dtáinic duine dúthrachtach re boin go Brighid agus tug sí an bhó don lobhar umhal. Iomthús an lobhair dhíomsaigh níor fhéad sé an bhó do thiomáin i slighe dhírigh nó gur iompuigh sé arís mar a raibh Brighid agus a chompánach féin .i. an lobhar umhal; agus do ghabh sé ag aithiseadh Bhrighde agus aga rádh nach ar son Dé thug sí an bhó uaithe acht mar thromdhacht air féin. Tug Brighid buidheachas na haithise sin do Dhia agus don lobhar. Do ghluais an dá lobhar iar sin agus an dá bhó leo, go rangadar an Bhearbha agus ar ndul amach san abhainn dhóibh do báitheadh an lobhar díomsach agus a bhó (in aice a chéile) agus thainic an lobhar umhal agus a bhó slán i dtír gur moladh Dia agus Brighid tríd sin.
Feachtas eile thainic bean mic Éanna Chinnsiolaigh .i. Righ Laighean i gceann Bhrighde agus tug sí slabhra airgid léithe chuigthe, agus dobhí ubhall airgid (arn-a óradh) ar ceann an tslabhra sin agus fíoghair deilbhe Dé fair agus gur mhaith an séad sin. Do thiodhlaic Brighid do lobhar bhocht é mar dochonnairc an cóimhthionól dobhí ina farra sin adubhradar le feirg mhóir gur bheag an mhaith dhóibh féin gach aon ní ar a mbeireadh sise a bheith dá thabhairt do lobhraibh bochta agus iad féin i riachtanas bídh agus éadach agus ní eile fós an slabhra ró-onórach tug bean Righ Laighean dí do thabhairt do lobhar bhocht agus gur mhór an masla leis an ríoghan sin agus gur bho ró-mhó an díoghbháil dhóibh sin é. Do fhreagair Brighid agus is eadh adubhairt: “Éirighse,” ar sí, “chum an ionaidh a mbímse ar mo ghlúinibh san eaglais ag déanamh urnaighthe agus féachaidh an bhfuighe sin sibh an slabhra ann.” Dochuadar iaramh agus dofuaradar an slabhra ann nó slabhra nár mheasa iná é ina ionad. Conadh amhlaidh sin do shábháil Dia Brighid ar dhíomdha na ríoghna agus ar mí-chéadfadh na n-ógh archeana. Feachtas eile thainic imreasáin agus cogadh idir Ultaibh agus Laighean. Thangadar i gcoinne Bhrighde do réidheadh eatorra agus budh náir le Brighid an t-am a dtangadar ann óir ní raibhe aimsear ithte feola ann agus ní raibh dá him ar bioth acht aon mheasgán amháin agus do bheannuigh
sí é ionnas go raibh sáith na slógh uile ann agus gur mhó a bhfuigheall iná an measgán, gur móruigheadh ainm Dé agus Bhrighde tríd sin. Feachtas eile thainic Righ Laighean d'éisteacht seanmóra bhréithre ó Bhrighid (ní nárbh iongnadh) agus dobhí culadh catha fán righ an lá sin agus dochuaidh dá thigh tar éis na seanmóra; is annsin dochuaidh Brighid agus a hógha agus a daoine bochta dá bproinn agus do chuireadar a gcuid ar tús i bhfiadhnaise na lobhar agus na ndaoine bochta. Is annsin adubhairt Lomán Lobhar nach gcaithfeadh sé biadh go bráth nó go bhfaghadh sé culadh Righ Laighean idir ghath agus sgiath agus chloidheamh agus go gcraithfeadh é féin ar lár an tighe i bhfiadhnais Bhrighide agus a raibh san teagh san gculaidh sin. Iomthús Bhrighde mar dobhí Lomán Lobhar 'na mhuirear uirre níor mhaith léi a bheith gan biadh agus do chuir sí teachta i ndiaidh an righ d'iarraidh a chulaidh catha don lobhar. Níorbh urus leis an rígh Brighid do dhiúltadh acht amháin nach raibh feidhm aice ar a chulaidh catha. Do ghluais an righ 'na dhiaidh sin agus dobhí ag síor-shiubhal ó mheadhon lae go tráthnóna beag na hoidhche agus ní ráinic leis dul aon mhíle amháin ó Chill Dara fris an rae sin gurbh éigean do filleadh i gceann Bhrighde agus a chuladh do thabhairt don lobhar. Feachtas eile do ghabh óglach le taoibh an ionaidh a raibh Brighid agus eire mór salainn air. Do
fhiafruigh Brighid de créad an t-ualach sin dobhí air. Do fhreagair an t-óglach agus adubhairt gurab cloch dobhí ann. “Ba fíor sin,” ar Brighid, agus dorinneadh cloch ar an uair sin féin don tsalann dobhí ar a mhuin an óglaigh ionnas nár fhéad sé a eire d'iomchar ag an tamall ar a throma agus do fhéach sé an t-eire agus is cloch dofuair ann agus do smuainidh an t-óglach gurab do bhrígh na bréige dorinne sé le Brighid dorinneadh cloch dá chuid salainn mar sin, agus do fhill sé go luath tar ais san tslighe do ghabh roimhe go raibh ag gabháil le taoibh Brighde agus do fhiafruigh Brighid de créad dobhí ar a mhuin. “Atá salann,” ar an t-óglach. “Budh fíor sin,” ar Brighid agus dorinneadh salann d'eire an óglaigh fá chéadóir, gurab amhlaidh sin dorinne Brighid fírinne do bhriathraibh mhailíseacha an óglaigh sin dá chur i gcéill nár chóir do dhuine ar bioth bréag do dhéanamh, gur moladh Dia agus Brighid de sin. Feachtas eile thainic dhá lobhar d'iarraidh a bhfurtachta ar Bhrighid agus do bheannuigh sí uisge coisreagtha dhóibh agus adubhairt sí ris an dara lobhar aca an lobhar eile do nighe agus dorinne an lobhar amhlaidh agus do shlánadh an lobhar fá chéadóir. Is annsin do iarr Brighid ar an lobhar dobhí slán an lobhar eile do nighe (mar an gcéadna). Dochuaidh seisean i n-easumhlacht agus i ndíomas annsin agus is eadh adubhairt:
“A chailleach,” ar sé, “is neamh-iomchubhaidh dhuitse a rádh friomsa agus mé slán agus éadach nuaidhe neamhdha do chur umam go nighfinn an lobhar ceirteach gránna úd agus a bhaill uile dubh-ghlas agus a chuid leathair briosg truaillidhe ina thimcheall.” Mar dochuala Brighid sin do nigh sí an lobhar ró-easlán le a lámhaibh beannuighthe féin ionnas go raibh sé slán fá chéadóir ó chorp agus ó anam agus do líon Dia an lobhar díomsach do lubhra agus don uile easláinte do bhrígh a neamh-umhlachta do Bhrighid agus ní bhfuair aon oidhche d'fhurtacht ó sin amach. Feachtas eile do Bhrighid ag éisteacht Aifrinn ó easpoc áirithe agus dob áil léi cumaoineacha do chaitheamh i ndeireadh an Aifrinn agus iar gcaitheamh na cumaoineacha dhí tug an t-easpoc an chuladh Aifrinn dá hionnsaighe agus do dhiúlt sise an chuladh, óir dar léi féin dobhí ceann gabhair san chulaidh agus do innis sí sin don easpoc. Is annsin tug an t-easpoc fear fritheoilmhe an Aifrinn dá ionnsaighe agus adubhairt sé ris a fhaoisdin do dhéanamh i bhfiadhnaise Bhrighde, agus dob éigean do a admháil gur chuidigh sé gabhar do ghoid agus d'ithe, agus do ghabh sé breitheamhnas aithrighe ón easpoc agus dorinne sé aithreachas ina pheacuidhibh agus tugadh an chuladh Aifrinn chum Brighde agus ní fhacaidh sí ceann gabhair ná aon ní neimh-iomchubhaidh innte an uair sin. Conadh amhlaidh sin do fhoillsigh
Dia dhí gach uile ní nár chuibhdheas, gur moladh ainm Dé agus Bhrighde tríd sin. Feachtas eile thangadar mórán d'óghaibh cráibhtheacha ar cuairt chum Brighde agus do dhéanamh comhairle crádhbhaidh fria agus adubhairt sise le sealgaire rón dobhí aice dul do sheilg ar rón do na hóghaibh. Do ghluais an t-óglach agus rón-gha leis agus téad as an rón-gha agus ar ndul chum na fairrge dhó, ro-chuir an ga go héasgadh i rón agus dobhí ceann don téad ina láimh agus an ceann eile ceangailte don rón-gha. Téid an rón fan bhfairrge agus dorug sé iasgaire Bhrighde leis as sin go tráigh Bhreatáin agus do dhealuigh sé leis annsin agus do imigh an rón céadhna agus an rón-gha tríd go rainic an tráigh dobhí i gcomhgar do Bhrighid. Iomthús iasgaire Bhrighde, iomorra, thárla iasgaireadha Breathnacha dhó agus mar do innis sé dhóibh gach ar imigh air agus gurab óglach do Bhrighid é tugadar curach do agus do ghluais iar sin go dtainic go hÉirinn san gcurach sin agus thainic chum na trágha inar chuir an ga san rón agus dofuair an rón marbh ann agus a gha thríd agus thainic do mhiorbhaile Dé agus Bhrighde gidh mór a ghuaisacht agus a aistear go raibh san meadhon lae an lá sin féin mar a raibhe Brighid agus an rón leis d'fheartaibh Dé agus Bhrighde. Feachtas eile do ghiolla teineadh Bhrighde ag buain chonnaidh agus tharla peata sionnaigh do
bhí ag Righ Laighean do agus mharbh sé i riocht shionnaigh eile é agus mar fríoth a fhios sin air rugadh i láimh dochum an righ é agus adubhairt an righ go gcrochfadh é. Mar dochuala Brighid sin dochuaidh d'iarraidh a hóglaigh le n-a fhuasgladh air agus adubhairt an righ nach dtiubhradh as fuasgladh ar bioth é nó go bhfaghadh sionnach dodhéanfadh oiread cleas leis an tsionnach do mharbh sé uadha as. Conadh annsin tug Brighid ar shionnach (do shionnachaibh na coille) teacht i bhfiadhnaise na slógh agus toil a n-intinne féin do chluicheadha agus do chleasaibh do dhéanamh dhóibh - ionnas go raibh neamh-chion ró-mhór aca ar gach cleas dá ndiongnadh an sionnach dhóibh roimhe sin. Do labhair Brighid iar sin ris an righ agus is eadh adubhairt: “Dochím,” ar sí “go bhfuil m'óglach fuasgalta.” “Atá go deimhin,” ar an righ. Agus iar n-imtheacht do Bhrighid agus dá hóglach as an oireachtas tug an sionnach aghaidh fán gcoill agus do leanadar na slóigh uile é idir choisidhe agus marcach, idir choin agus gadhar, agus ní rugadar air, conadh amhlaidh sin do shábháil Brighid a hóglach do mhairbh peata sionnaigh Righ Laighean gur moladh Dia agus Brighid tríd sin. Feachtas eile dobhí meitheal ag buain arbhair do Bhrighid ar Mágh Life agus tharla doineann agus deartan duartan agus fearthainn iomarcach
san ló agus mar dochonnairc Brighid sin do chuir sí guidhe ar Dhia fá thuradh d'fhagháil dá muinntir nó dá meithil féin agus dofuair sí sin go humhal ó Dhia, óir ní dhiúltadh fá athchuinge dá n-iarradh (dhí féin nó do neach eile) agus gér fhliuch an ló do na tíorthaibh 'na timcheall ba tirim do mheithil agus d'arbhar Bhrighde é. Feachtas eile tharla Brighid chum tighe mná cráibhthighe dobhí san tír agus ní raibh do bheathadh na mná sin acht aon bhó go n-a laogh agus ní fhuilngeochadh an bhó an laogh do mharbhadh uaithe. Gidh eadh mar tháinic Brighid go n-a hógha d'ionnsaighe na mná dúthrachtaighe sin, do mharbh sí laogh a haon bhó gan cead do Bhrighid agus do chaitheadar feoil an laoigh an oidhche sin agus iar n-éirghe dhóibh arn-a mhárach fuaradar an laogh ag súgradh re n-a mháthair agus é beo marthanach d'fheartaibh Dé agus Brighde. Feachtas eile tharla Brighid agus easpoc áirithe i gCúigeadh Laighean agus do labhair Brighid ris an easpoc agus is eadh adubhairt: “Dochímse anois,” ar sí, “cath dá chur eidir an tuaith dá bhfuil tusa agus a chomharsa ar Magh Breagh.” Is annsin adubhairt mac léighinn do mhuinntir an easpuic nár chosmhuil gur bhfíor do Bhrighid sin. Mar dochuala sise an mac léighinn dá bréagnughadh do bheannuigh sí a shúile ionnas go bhfacaidh sé an t-amhar dochonnairc sí féin. “Is fíor dhuit adubhairt tú,” ar sé, “agus dá
dhearbhadh sin dochímse mo bhráthair féin dá mharbhadh os mo chomhair san gcath céadna,” ar sé, agus dorinne sé aithreachas dúthrachtach fá n-a amhras ar Brighid agus dobhí sé 'na óglach dúthrachtach ag Dia 's ag Brighid ó sin amach. Feachtas eile dorinne óglach do mhuinntir Bhrighde fleadh mhór i gcoinne Righ Laighean agus an uair dobhí an fhleadh ullamh ionchaithmhe tug sé cuireadh don righ agus ar dteacht don bhaile don righ do féachadh na soighthighe agus níor fríoth aon deór leanna ionnta nár thiodhlaic Brighid do bhochtaibh Dé uile, agus mar dochonnairc sí an eagla agus an áire dobhí ar a hóglach do éirigh sí 'na seasamh agus do bheannuigh sí na soighthaidh folmha agus thainic an lán céadna ionnta fá chéadóir don miodh dob fhearr san domhan, ionnas go bhfuair an Righ go n-a shluagh agus Brighid go n-a hóghaibh agus go n-a bochtaibh a sáith don miodh sin d'fheartaibh Dé agus Bhrighde. Feachtas eile dá ndeachaidh easpoc áirithe as Éirinn go hIarúsalem, agus go Sruth Iordan do dhéanamh oilithre agus tug seachrán mara san India é agus tharla i gcúirt easpuic áirithe san tír sin é agus do ghabh an t-easpoc Indiach go ró-onóirach é agus tug leis do chodladh dá sheomra féin agus iar n-a mhárach dochuaidh an t-easpoc Indiach do rádh Aifrinn agus dobhí dá mhaith agus dá naomhthacht i n-am na coinnle do lasadh san Aifreann nach dearna acht a anál do chur
fúithe ionnas gur las sí gan chongnamh teine uaithe féin, agus iarn-a mhárach do ghluais an t-easpoc Indiach agus an t-easpoc Éireannach mar aon fris dochum na heagluise, agus do iarr an t-easpoc Indiach ar an easpoc Éireannach an tAifreann do rádh; cuireas an t-easpoc Éireannach an chulaidh uime agus do thionnsgain an tAifreann do rádh agus i n-am na coinnle do lasadh dorinne mar do-níodh an t-easpoc Indiach .i. tug anál faoi an choinnill agus níor las sí. Do ghabh náire mhór uime sin é agus do ghuidh sé an méid dob aithne dhó do naomhaibh an domhain agus go háirithe naoimh agus bannaoimh Éireann um a fhurtacht as an ngábhadh agus as an gcruadhchás a raibhe sé agus do chuir anál fúithe an dara feacht agus níor las sí. Do chuimhnigh sé ar Brighid maille le náire agus le tuirse mhóir agus ghuidh sé go géar í agus do chuir a anál (maille le dochas ró-mhór as an mbannaoimh Brighid) faoi an gcoinnill gur las sí i gcéadóir; gurab amhlaidh sin a fhóireas Brighid gach neach a chuireas a dhóchas innte as gach éigin a mbí. Iar gcríochnughadh an Aifrinn do labhair an t-easpoc Indiach ris an Éireannach agus is eadh a ro ráidh: “Is maith adubhradh an tAifreann sin,” ar sé, “agus ní mairg aga mbí banchara maith ina dhiaidh, óir dochonnarcsa cailleach dhubh go ró-fhriochnamhach id thimcheallsa san Aifreann agus claoine ina leathrosg agus
is í ro las an choinneall dhuit.” Conadh amhlaidh sin do shaor Dia agus Brighid an t-easpog Éireannach ón náire ina raibhe gur moladh Dia agus Brighid tríd sin. Is í trá, an naomh-ógh so do thairngirsad fáidhe agus draoithe abhfad roimh a geineamhain. Is iad trá fearta agus miorbhuile na banóighe seo a thaithnigheas grian agus shoillsigheas ranna neimhe. Is í fós anál na hóighe seo do aithbheodhaidh an mac marbh dorugadh i n-aon oidhche fria. Is í fós ar ar chuir na haingil an ola spioradálta lér huaisligheadh a baisteadh seach na n-óigheadha eile. Is í an ógh chéadna dorinne lionn d'uisge ar dtús agus leamhnacht an dara feacht. Is don óigh chéadna so is díleas Muire na nGaoidheal do ghairm. Is í an ógh so nár fhéach ina aghaidh ar fhear ariamh. Is í nár nigh a cionn, a cosa ná a lámha as os comhair fir ar bith ariamh. Is i fós an ógh naomhtha so dofuair grádh easpuic tar mhnáibh an domhain. Is í, iomorra, an ógh so go n-a muinntir dochuaidh trí huaire do chosaibh tiorm tar Sionnain gan long gan árthrach agus í ag tabhairt a dtíorrtha do thuile. Is í iomorra dobheireadh bail ar an mbeagán bídh go mbiadh sáith slóigh agus sochaidhe ann. Is í fós adubhairt ó chuir sí a toil agus a hinntinn i nDia ar dtús nach dtug sí aon smuaineamh tar a hais ariamh. An uair, trá, ba maith agus ba mian re Dia a breith dá ionnsaigh féin agus a hanam agus a
corp do dhealadh ré chéile thainic an sgoláire a dubhramar rómhainn ar an uair sin féin go raibhe ar adhart Bhrighde agus níor fhidir sé féin cionnas tháinic sé ann, acht Dia dá thabhairt ann, agus fuair eochair an ghlais choimhéada dobhí fá n-a láimh do theilg sé san bhfairge mhóir roime sin, agus do fhoscail an glas coimhéada dobhí 'na láimh do theilg san bhfairge agus do bheinn bhain an coimhéad dá láimh agus thug absolóid do Bhrighid agus comaoineacha amhail do gheall sí féin ina beathaidh agus dochuaidh a hanam maille le glóir agus le lúthgháire lán-adhbhail i n-aontadh na Trionóide iar gcaitheamh 74 bliadhna ar an tsaoghal; agus atá a corp iomorra i dtalamh in aon tomba re Pádruic agus le Colum Cille in saecula saeculorum amen. An bhliadhain d'aois an Tighearna an tan dofuair Brighid bás cúig chéad fiche agus a cúig, 525. Iarn-a sgríobhadh le Riosdard an bhliadhain d'aois an Tighearna míle seacht gcéad agus 39. Trócaire ó Dhia go bhfuighe an scríbhneoir. Amen. Gach ní trá ro itcheadh Brighid for an gCoimdhe dobheireadh dhí é fá chéadóir óir ba hé a mian agus a saint sásadh na mbocht agus díthchur gacha dócamhla, oirchiseacht gacha truaighe. Ní raibhe trá neach budh féile agus budh náirighe iná an naomh-ógh so. Níor labhair ariamh gan luisne. Budh haonta an ógh urnuigheach; budh foighideach, budh faoilidh i dtiomnaibh Dé. Ba cobhsaidhe;
budh humhal; budh dleaghthach déarcach; ba comhra coisreagtha coimhéada Corp Críost í. Budh teampull Dé, budh díoghrais tairise don Spiorad Naomh a croidhe agus a meanma; ba diuid fri Dhia; budh tuirseach dá thruaghaibh; ba héadrocht i bhfeartaibh. Is é iomorra a samhail idir dhúilibh colum idir éanaibh, fíneamhain idir feadhaibh, grian ós rannaibh. Is é a mac Íosa Críost, is é a hoide an Spioraid Naomh; is aire sin do-níodh na miorbhuile móra do-áirimhe. Is í, trá, a fhurtuigheas do gach aon a bhíos i gcumhgach agus i ngásacht. Is í thiormuigheas na feadhmanna, is í thoirmisgeas buirbe agus fearg an mhara mhóir. Is í ríoghan ndeisceartach is í bantairngire Críost í. Is í iomorra Muire na nGaoidheal í agus a fearta agus a miorbhaile ní cumhang a n-innisin nó a n-áireamh acht an Spiorad Naomh nó muna dtísiod aingeal do neamh dia innisin. Níor bha lia trá gaineamh mara nó réalta neimhe 'ná a déirce agus a trócaire amhail innistear san scrioptúir dhiadha, in saecula saeculorum. Finis. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services