Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Giolla an Fhiugha; Eachtra Cloinne Rígh na h-Ioruaidhe
Title
Giolla an Fhiugha; Eachtra Cloinne Rígh na h-Ioruaidhe
Compiler/Editor
Hyde, Douglas
Composition Date
1755
Publisher
(Londain: I.T.S., 1899)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A uaisle 'Eireann áilne A chrú na g-céimeann combáide, Tréigidh bhur d-tromshuan gan ón; Céimidh lomluadh bhur leabhar. Trom an téidhm so tharlaidh daoibh, Idir mnáibh agus macaoimh, Ar séanadh seanrádh bhur sean, Cómhrádh soluis bhur sinnsear. Níor dhealbh an domhan uile, Teangaidh is milse mórthuile, De briathraibh is briochtshnuite blas, Caint is ciaintilte cuntus. Ma traightear tiobruid an fhis, Leabhair uama a's iris, Falach bhur sgeul ni sgrios gan, Gan fios bhur g-céimeann cothrom.
Iar na sgriobhadh liomsa Eoghan Tóibín chum usáide agus ar uralamh easboig corcaighe .i. an t-athair Seaghan O'Murchadh, an 6adh lá don mhi December annsa mbliaghain d'aois ar dTighearna 1817.
"Ag so leabhar Bhriain Mhe Guidhir, mic Concabhair modara, mic Briain, mic Seáin, mic Feidhleime duibh, mic Giollaphattraig, mic Eamuinn na Cúile .i. Maguidhir, mic Thomáis óig, mic Tomais móir .i. aon ceann cothuighthe agus congbhála shleachta Giollaphattraig mic Emuinn na Cúile, biatach iomlán, congbhus teach aoidheadh prinsipalta le hadhaigh uasal agus isiol .. oide oileamhna agus altruim na nord ccráibhtheach anaimsir persecution, deirceach agus tiodhlaiceach do bochtaibh ... agus do dhileactuibh agus do dheibhleinnibh dearóile De: duine do caill moran airgid le hathnuadhughadh le sgriobha agus le fuasgladh iomad leabhar o Ghallaibh agus o Gaedhealaibh, chum maithiosa na cundae, do mhéadughadh anma agus onora an cine da bhfuil Dé, agus do cum a dhul a leas agus a sochar da anam, agus go ndeacaidh.
Ag so liter cuiradh dionsaidh minister tainig deanam seanmoire a Gaoidilg cugain an so go pairais Druimarath cum daoine tiompo leis ar an creidiomh Protestan, etc.
An gcualabhar an mór-chlú, ainm, áiriomh, agus urradhnos do bhí ar Mhurchadh mac Bhriain Bóirmhe, mhic Chinéide, mhic Lorcain mhic Lachtna, mhic Chuirc, mhic Anluain, mhic Mhathghamhna, mhic Thoirdhealbhaigh, mhic Chathail, mhic Aodha Chaoimh, mhic Chonaill, mhic Eochach Bhaill-deirg, mhic Charthainn Fhinn, mhic Bhlóid, mhic Chais, mhic Chonaill each-luaith, mhic Lughaidh Meann, mhic Aongusa Tireach, mhic Fhircuirb, mhic Mhogha Chuirb, mhic Chormaic Cais, mhic Oiliolla Óluim, agus an chuid eile de shíol Eibhir Fhinn.
GIOLLA AN FHIUGHA Agus fós, de shíol Éibhir Beimionn inghean Arcadh mhic Mhurcadh righ iarthair Connacht, máthair Bhriain Bóirmhe, go mbudh é sin féin an righ gan uabhar gan feall gan imreas. An righ le n-a dubhradh na h-aithfrinn agus re n-ar beannuigheadh na h-abhlanna, re n-ar baisdeadh na daoine, re n-ar slánuigheadh fineachas agus fearann Críoch Fáil, re n-ar crochadh sladaighthe agus gadaighthe an domhain uile i n-aon ló, etc. Lá dár éirigh an righ féin amach ar an bhfáithche óirdhearc feur-uaithne do bhí i nDún Cinn-Coradh, is iad do bhí ann a fhochair an lá sin an chuid budh shine d'á chloinn, mar do bhí Murchadh mac Bhriain, Donnchadh mac Bhriain, Dómhnall mac Bhriain, Conchubhair mac Bhriain, Flann, Tadhg, Dubhlainn giobhail agus giolla an ghaid mac Fhinnbhearra mic righ Albanaigh, an fear do b'fhearr méin agus miotal, coigchríochaigh agus clainne coigchríochaigh do tháinig riamh go h-Éirinn. Feuchaint dá dtugadar tharrsa ann san bhfaithche do chonarcadar chugtha an bóthar réidh só-shiúbhlach, an Draoi agus an deagh-dhuine ealadhanta, agus léine do'n tsleamhan-tsíoda um a chneas, agus a bhrat ciúmhas-bhuidhe cró-dhearg cruinn-chruaidh. Do bhí ann san mbrat buine óir 'na bhrollach, fidhe óir ar fholt an draoi, fleasg ag sileadh ar an bhfolt ag congbháil an fhuilt o na rosg agus o na radharc. Cu agus gadhar agus beann-bhuadhmhuin leis, fidh de'n airgiod finn-gheal a mbarra croibhe
a láimhe chlí, an chuid eile de'n tslabhra a n-áirde agus fá mhuinéal na con. Ann súd is é d'fhill a ghlún, do chrom a cheann agus d'fheac a chollan, do bheannaigh agus d'úmhlaigh do mhac árd-righ Éireann. "Le tri séadaibh suirighe chugad-sa thángas o bhainríoghain an uabhair, re cu agus re gadhar agus re beann-bhuadhmhuin. Is é sin cuid an ghadhair do'n bhuadh-bhuadhmhuin binn .i. ni chuirfeadh lorg agus ni dhéanfadh fiadhach no go gcluinfeadh sé an bheann d'á seinm. Ann sin an uair do chloisfeadh sé an bheann d'á seinm ghluaiseóchadh sé fá fhoraighis lorg agus fá ghraidhlsi fiadhguidheachta, ionnus nach fágthar leis fiadh i bhfiadhuigheacht, ná broc i mbruchlasaibh, ná sionnach i dtalamh, ná beithigheach só-fhaicsionach nách dúistighthear leis. Ann sin leigthear an chu andhiaigh na seilge ionnus nach léigfighear léi beithigheach díobh soir ná siar, ó dheas ná ó thuaigh, nach marbhthar agus nách dith-cheanntar léi iad, do láthair aon áite." "Ní h-iongnadh liom-sa sin," do ráidh Murchadh, "séada suirighe d'fhághail ó bhainrioghain an uabhair, agus ó gach mnaoi eile, maidir léi, dá chómhachta dá bhfuil san domhan-so féin, agus is iongantach liom cá gcualathas le bainríoghain an uabhair, clú nó ainm nó áireamh nó mór-urradhnós do bheith orm féin." "Aithrisfead sin duit a mhic an righ. Lá d'á rabhamar-ne san nGréag, ag déanamh lúith agus liathróide, ag déanamh malairt uradh agus airm agus éadaigh, ag caitheamh fleadh agus feusta i mór-theallach righ Ghréige féin an ló san. Do finnidheag ar na bordaibh na sgoraidibh seannamhla raigh-seamhla de thogha gacha daith do dhul ar gach éadach, de bhuidhe de bhán de dhearg de ghorm agus de ghlas-uaithne. Do dáileadh ar na bórdaibh úd biadhna so-chaithte, deocha só-ólta, ró-mhillse, agus fíonta uaisle ro-dhaora, ionnus gurab lia fleadh agus feusta do bhí i mór-theallach righ Gréige, an lá sin, 'ná mar do
bhí fear ná buidheann chum a chaithte, de choin, de ghadhair, de mhnáibh, de choileáin, agus d'athalaisg urláir, ionnus gur budh chomh-sholus teaghlach mór na Ridireachta an lá sin ar an dtaoibh amuigh agus ar an dtaoibh astigh. Ann súd is eadh d'éirigh bollsaire na bruighne ann a sheasamh agus do chraith sé slabhra-éisteachta do bhí aige. Do h-éisteadh leis, faoi mar do bhí soir siar ó thuaigh agus ó dheas, ar feadh an réidh-theaghlaigh sin. Is ann sin d'fhiafraigh dhíobh cia aca idir áird-righ, prionnsa, righ-dhamhna, príomhfháidh, tighearna, no iarla, do bhí i mór-theaghlach righ Gréag an lá sin, is mó do bhronnadh d'ór agus d'airgiod, de thalamh agus de thighearnas, d'eich agus d'éadaighibh, de sgoraidibh finneamhla réighsamhla, de thogha gacha daith do dhul ar gach h-éadach, de bhuidhe de bhán de dhearg de ghorm agus de ghlas-uaithne, agus do gheabhadh ann féin teacht ag suirighe re banríoghain an uabhair. "d'éirigh gaisgidheach éolgaiseach de'n teaghlach ann a sheasamh, agus adubhairt sé gurabh eadh féin é, agus ni móide bheidheadh se amhla, é féin dá rádh ris féin. "Do shuigh sin síos agus ni dubhairt ni bhus mó. Ann soin iseadh d'éirghíos-sa féin am' sheasamh, a mhic an righ, agus adubhairt mé gur gaisgidheach éolgaiseach mé do shiubhal an domhan so faoi agus os a chionn, fá mar do bhí o Uradh go h-Urradh, o Life go Lochlainn, ó Lochlainn do'n Spáin, ó'n Spáin do'n Easbáin, ó'n Easbáin go h-Eirinn, go Tiobraid bo maoile finne, go Gárdhaidh na hIisbheirte ar an dtaobh shiar, go tigh an tsean bhaile. d'innis mé nár bh'aithne agus nár bh' eólach dam ar an bhfad sin mac righ ná curadh ná proimhinsil do b'fhearr 'ná Murchadh mac Bhriain Bóirmhe agus an chuid eile etc., agus d'innis mé dóibh go mbudh tu féin an righ gan uabhar gan fheall gan imreas, an righ re n-a dubhradh na h-aithfrinn re n-ar beannuigheadh na h-abhlanna, re n-ar baisteadh na daoine, re n-ar sloinneadh na fineamhacha, re n-ar slánuigheadh fineachas
agus fearann Críoch Fáil, re n-ar crochadh sladaighthe agus gaduighthe an domhain uile i n-aon ló. Dá bhrigh sin cuirim i gcomhghabháilteas agus i bhfiadhnuíse a bhfuil ann so do láthair, go ndearna mé mo chómhal agus mo theachtaireacht." Ris sin ceileabhras do mhac an righ, agus budh shamhail re h-uisge ceóidh geimhridh no siolla de ghaoith Mhárta é ag imtheacht chum siubhail, ionnus gur imthigh sé gan toradh gan tuarasgbháil. Ann soin do chuaidh Murchadh mac Bhriain agus gach n-aon d'á raibh 'na fharradh d'á dheigh-theaghlach, abhaile. d'éirigh sé go moch de ló agus de lán-tsolus ar na mhárach. An uair do dhearcadar a réidh-theaghlach, sin, d'éirgheadar féin ag comóradh seilge an laoi sin leis, agus do sheinn an righ féin an bheann bhuadhmhainn; ann soin gluaisigheas an gadhar fá fhorruisibh lorg, agus fá gharfhaillsigh fiadhguidheachta, fá thorc ós loch, agus fá chríoch bhFearmorc agus fá dhá shliabh déag Fhéidhlime, ionnus nár fágadh leis fiadh i bhfiadhach na broc i mbroithinisg ná beithidheach sói-fheicsionach, ná sionnach i dtalamh, nár músgladh ris, ionnus go g-cuirfeadh se broic as coilltibh, geilt as gleanntaibh, faolchoin faoi árdaibh, sionaigh ar seachrán. Ann soin do leigeadh an chu andiaigh na seilge ionnus nár leig sí beithidheach díobh-san soir ná síar, ó thuaigh ná ó dheas, nach raibh treasgartha agus nár dith-cheannadh léi do láthair aon áite, ionnus go mbudh i sin an treas sheilg is mó do rinneadh i n-Éirinn riamh ar na Creatalachaibh, os cionn loch Deargtar. Adubhairt Murchadh mac Bhriain re gach n-aon d'á lucht-leanamhna, eireadh a dhroma agus a d'á shlinneán do bhreith leis de'n tseilg go dún Chinn Choradh, d'á innsint agus d'á fhaisnéis gur éirigh a leithéid sin de sheilg laé leó. "Dar bógha agus dar briathar," do ráidh iad-san," "gidh bé nidh do dhéanfamaois-ne re sgabal gaisge, no re tular catha no re éadach mic righ no tighearna d'iomchur, ni rachfamaoid ag iomchur do sheilg-laoi-se linn ar ár ndromaibh no ar ár
slinneáin," agus ris sin d'fheargadar a réidh-theaghlach go ró mhór ris, ionnus nár fhan aon duine díobh láithreach, agus gur fhágbhadar Murchadh mac Bhriain 'na uatha agus 'na aonar os cionn na seilge. Feuchain d'á dtug sé ann san áird budh thuaigh do chonnairc sé chuige fear fallainge loime léithe, agus léintín garbh dubh air, tri h-óirneach iubhair ar a bhaclainn, ionnus go mbudh dhóigh le Murchadh go mbainfeadh plaitín a dhá ghlúin a innchinn as chúl a chinn. Mar sin dó, go rochtain an righ. Ann soin do chúb a ghlún, do chrom a cheann, d'fheac a chollan, agus do bheannuigh go h-úmhall fómósach do mhac righ Éireann. Is ann soin d'fhiafruigh mac áird-righ Éireann dé cad é an duine é. Adubhairt sé gur buachaill é do bhí ag lorg máighistir. "Is maith mar thárla," do ráidh Murchadh, "teasduigheas buachaill uaim-se, agus cad é an tuarasdal d'iarras tu orm go ceann bliadhna?" "Breith mo bhéil féin de thuilleamh agus de thuarasdal," do ráidh an buachaill. "Go mbudh mheasa i gcionn bliadhna thu," do ráidh Murchadh, "cad é an deantús maitheasa adeir tu a bheith ionnat mar go n-iarras tu breith do bhéil féin de thuilleamh agus de thuarasdal?" "Abair gurab mé aon sgeuluidhe búird agus leapthan is fearr d'á dtiocfaidh ná d'á dtáinig, d'á rugadh ná d'á mbéarfar go bruinne an bhrátha." "Budh dhoilbh dhamh-sa na maithe móra do thabhairt duit-se agus go raibh Flathadh an sgéaluidhe do bfearr ann, re linn Fiacha Fionnluidhe do bheith i bhflaitheas Éireann." "Do budh eólach damh-sa féin Flathadh agus budh ró eólach, agus dam budh eólach é. Ní innseadh sé sin acht an sgéal do bhí ann riamh agus an sgéal do bheidheadh ann choidhche. Ní mar sin damh-sa. Inneósad an sgeul nach raibh ann riamh, agus an sgéal nach mbéidh ann choidhche, ionnus lucht daor-othair agus easláinte an domhain go gcodladaois uile iar gclos mo sgéalta-sa."
"Cad iad na deantúis maitheasa eile déarfas mé bheith ionnat, mar go bhfuil tu ag iarraidh breith do bhéil féin de thuilleamh agus de thuarasdal?" "Abair gur mé aon ghiolla turais is fearr d'á dtiocfaidh ná d'á dtáinig, d'á rugadh no d'á mbéarfar." "Budh dhoiligh damh-sa na maithe móra sin do thabhairt duit-se, agus go raibh Luaithlugha Cam an giolla turais do b'fhearr re linn righ Uladh bheith ann san gCraoibh Ruadh." "Do budh eólach damh-sa Luaithlugha Cam re linn righ Uladh, agus budh ró eólach, agus is dam budh eólach é. Do bheireadh sé taistiol na críche i gcúig lá, do bhíodh tri gearcaigh ar a mhuin aige i gcliabhán, ni bhíodh aon bhean ar an bhfaid sin nach tógfadh fogha bhuilg lae uaithe, ni mar sin damh-sa, do bhéarfaidh mé taistioll na críche i n-aon ló, agus ní thógfaidh me fogha bhuilg aon laoi ó aon mhnaoi ar an bhfad sin acht ó aoin mhnaoi amháin, 's is cuma liom e fhághail uaithe sin féin no gan fhághail!" "Maiseadh an dtugann tu do bhriathar gur cuimhin leat righ Uladh bheith ann san gCraoibh Ruadh?" "Dar mo bhriathar," ar san giolla, "is cuimhin, agus righthe roimhe, .i. Eochaidh Feidhlime mac Fhinn mhic Fhionnlógha mhic Roghnáin Ruadh, etc de shíol Eireamhóin." "Dar mo bhriathar," do ráidh Murchadh, "is ogánach aosta thu, agus cad é an bhreis mhaitheasa déarfas mé do bheith ionnat go dtabhairfinn breith do bhéil féin de thuilleamh agus de thuarasdal duit?" "Abair gur mé aon ghiolla teine is fearr d'á dtiocfas ná d'á dtáinig, d'á rugadh ná d'á mbéarfar." "Budh dhoilbh damh-sa na maithe móra sin do thabhairt duit, agus go raibh mac Leisg an ualaigh thruim re linn Cormaic do bheith i dTeamhair, agus ni raibh giolla teine re fághail do b'fhearr 'ná é." "Do budh eólach damh-sa mac leisg an ualaigh thruim, agus budh ró eólach, agus is dam do budh eólach é. Do thugadh sé
fris, ó na coilltibh, eireadh a dhroma agus a dhá shlinneán d'ádhmad. Do bhidheadh sé ag bruith agus ag beirbhiughadh re seacht lá agus seacht n-oidhche, agus do bheidh' féin na chodladh seacht lá agus seacht n-oidhche eile. Ni mar sin damh-sa. Ni dhéanfaidh mé acht mo thri h-oirneach iubhair do chur síos, agus gach a dtiucfaidh 's a dtáinig d'á rugadh no d'á mbéarfar, do gheobhaidís goradh agus teas agus beirbhiughadh bidh d'á dtairbhe, agus ní lúghaide agus ni móide agam féin i gceann bliadhna iad." "Is tu aon bhuachaill amháin is fearr ar bith," ar Murchadh, "má's fíor a n-abrann tu." "Is fíor go deimhin," do ráidh an buachaill. Do réighthígheadar ar an módh sin. "Is mór an tseilg í seó d'éirigh leat a mhic an righ," ar an buachaill. "Maiseadh is mór," do ráidh Murchadh. "Créad fáth nár dhubhrais re gach n-aon de d' mhuinntir eireadh a ndroma agus a dhá shlinneán de'n tseilg do bhreith leó, d'á innsint agus d'á chóimh-innsint gur éirigh a leithéid seo de sheilg laoi leó?" "Maiseadh adubhairt," ar Murchadh, "agus thugadar fuath a's éaradh orm mar chidheann tu mé." ... agus níor fhagbhadar aon duine d'fhuaith na d'iongna orm acht mar chidh tusa mé... Leis sin tarraingeas an buachaill broisnín de chórdaibh beaga cruaidh-chnáibe amach ó bheann a bhruit, agus do léirig sé chuige iad ar árd an talamh agus do chruinnigh chuige, faoi mar do bhí ann, fiadhna méithe meith-mhuinéalacha, agus eilte bearacha barrachluasacha, ionnus nár fhág sé oiread maide sgeine de'n tseilg go léir nár líon sé asteach ann a chórda. Do shnadhmaigh sé re ingnibh a chos agus a lámh é. "Tar fá dheire an ualaigh a mhic an righ," ar sé, "agus árdaigh é orm." "Ni shamhlóchainn a leithéid sin d'ualach re h-aon óg-laoch 'san domhan," do ráidh Murchadh. "Fá mar is tusa an máighistir agus gur mise an buachaill
is cóir dam féin é árdúghadh." Do thug sé úrthogbháil faoi an ualach ionnus gur árdaigh sé ar dheire a dhroma agus a dhá shlinneán é. "Anois tar rómham amach, a mhic righ," ar sé, "agus múin an t-eólas dam." "Ni bhéidh mé i m' ghiolla ag fear an ualaigh sin," ar Murchadh. Tógann sé .i. an giolla féin ar na bonnaibh diana deagh-reatha, do na coiscéimibh tulcanta talcanta tréan-mhóra, ionnus go gcuirfeadh sé cnoc de léim de, agus gleann de throslóig, mar sin dó go raibh ag déanamh go céim-díreach ar theach Chinn Choradh. Féachain d'á dtug an doirseóir thairis, do chonnairc sé chuige anuas do thaobh an tsléibhe amhail sin é. Ritheas asteach, agus do chonnairc an cócaire é, agus adubhairt, "do ghoin a's do ghuais ort," ar sí, "do dhubhadar t'fhiacla, do bhánadar do shúile, do chuaidh do ghlór chum sighfrigheachta id' cheann, do tháinig brón báis agus buan-éaga ort, no créad suaitheantas no iongnadh do chonnairc tu?" "Do dhubhfadh t' fhiacla-sa agus do bhánfadh do shúile, do thiucfadh brón báis agus buan-éaga ort agus do rachfadh do ghlór chum sighfrigheachta id' cheann dá bhfeicfeá-sa an t-iongantas do chonarc-sa." Ann soin do chuala an sean righ .i. Brian Bóirmhe iad, agus d'fhiafraigh dhíobh cad do chonncadar. Adubhairt an doirseóir gur ab é aon óglaoch amháin mi-líothach, maol-riabhach, bhí ag teacht de dhruim an tsléibhe, a raibh na seacht gcoillte Creatalacha no dá shliabh dhéag Fhéidhlime no a mhacsamhail eile sin d'ualach ar a mhuin aige, agus má leanann sé do'n tsíubhal atá faoi is deimhin go sguabfaidh sé teach Chinn Choradh ann a chosaibh faoi an bhfairrge leis. "Tárrthaigh, tárrthaigh!" ar an Rígh, "cuiridh sgéala chuige gan ár múchadh ná ár mbáthadh, agus má sé siothgaoithe Tuatha Dé Danann féin atá ann, gidhbé nidh atá uaidh go bhfághadh é." Ar ndul amach do'n teachtaire do leag an t-óglach an t-ualach agus do chuir sé an talamh go léir agus teach Chinn Choradh ar sonnachrith. Do tháinig sé asteach agus do shocruigh sé síos a thrí oirneach iubhair. Agus níor fhág sé oiread maide sgeine
de'n tseilg nach raibh riaghstálta suas ar bhordaibh, sul tháinig Murchadh mac Bhriain ná aon duine d'á reidh-theaghlach a-bhaile. An nidh do rinn sé an lá san, do rinn an nidh céadna gach lá go ceann bliadhna no níos fearr. Ni raibh aon lá nach siubhalfadh sé ó Uradh, go h-Urradh, ó Life go Lochlainn, ó Lochlainn do'n Spáin, ó'n Spáin go h-Easbáin, ó Easbáin go h-Éirinn, go Tiobraid bó mhaoile finne, go Gardha na h-Isbirte ar an dtaoibh shiar shíos d'Arainn mar a dtéidheann an ghrian chum leapthan, ó Bhothán na Buaile go Teach an tsean- bhaile. Ni bhíodh sgeul nuadh ná iongnadh ar an bhfad sin nach mbíodh aige re h-innsint do Mhurchadh mac Bhriain Bóirmhe gach aon oidhche ann a leabaidh. Do bhí ag caitheamh na h-aimsire mar sin go ceann bliadhna agus ag déanamh gnótha buachaille agus cailín gach aon nóment ar an ló d'á n-iarrfaidhe air é, go fonnmhar. "Bliadhain agus lá andiú," ar sé, "a mhic an righ, do réidhtigheas féin leat ar bhreith mo bhéil féin, de thuilleamh agus de thuarasdal d'fághail uait." "Is é go deimhin," ar mac an righ, "agus beir do bhreith orm." "Beirim-se de bhreith ort, a mhic an righ," ar sé, "fiugh do chur ar an saghfaig seo gan fuighioll gan easbhaidh gan iomarca, ionnus nach bhfághad locht uirri." "Do ghoin agus do ghuais ort," do ráidh Murchadh, "créad fáth nach milliún óir no airgid no fuasgailt righ no Ridire d'iarrais orm, sul ar iarrais an spriosántacht sin?" "Ni beag liom súd féin ort," do ráidh an buachaill. Gluaiseas Murchadh agus téid go dti an gabha do bhí ag obair dó, agus adubhairt ris fiugh do chur ar an saghfaig sin gan fuighioll gan easbhaidh gan iomarca. Do rinn an gabha an fiugh, agus níor fhoir sí dhó. Déanas fiugh agus fiugh eile dhí, agus dá mbeidheadh a bhás air, ni dhéanfadh aon fhiugh nach bhfághadh giolla an fhiugh locht uirri. Gluaisid rómpa ann soin,
agus níor fhágbhadar aon ghabha ar feadh na críche nach ndearnaidh fiúgh dhóibh, agus níor fhoir aon cheann díobh do'n tsaghfaig. Mar sin dóibh go dtángadar ar an bhfaithche os cionn loch Deargtar mar ar réidhtigheadar le chéile an cheud lá riamh. "A mhic an righ," ar sé, "ni bhfuil maith dhuit bheith ag fághail duadh na fiugh so, ni bhus faide, óir ni bhfuil aon ghabha faoi an ngréin do dhéanfadh fiugh d' fhoirfeadh do'n tsaghfaigh seo, acht an fiugh do bhí uirri féin roimhe seo." "Cá bhfuil sí sin anois?" do ráidh Murchadh. "Muna mbeidheadh a fhaid liom-sa, a mhic an righ," ar sé, "do chongbháil ar bhonn do dhá chois an fhaid do bheidhinn d'á innsint, d'inneósainn féin sin duit." "O! ni fada liom-sa é," ar Murchadh. Do shuigheadar araon síos ar dhá tholmán glasa. "Ann so, a mhic an righ, mar a bhfuilmid araon ann ár suidhe, do bhí cúirt ró bhreágh i n-allód. Thárla go raibh an Righ fá thuinn, Áird-righ Éireann, agus righ Féinne, a n-aois grádh, agus a lucht leanamhna, ag caitheamh fleadh agus feusta i bproinn-teach na cúirte an lá sin, ionnus go mbudh lia fleadh agus feusta do bhí againn 'ná mar do bhí buidhean chum a chaithte. Ann súd a mhic an righ, is seadh d'éirigh bollsaire an teaghlaigh 'na sheasamh agus do chroith sé slabhra éisteachta do bhí aige. Ann soin do fiafruigheadh de gach aon neach díobh an bhfacadar riamh bórd bidh do b'fearr no budh shaidhbhre agus budh raighseamhla 'ná an bórd bidh sin do bhí láithreach. Adubhradar sin uile nach bhfacadar agus nach raibh a leithéid ann riamh. Ni dubhart féin aon fhocal. Do tugadh fá ndeara mé, mar nár mholas agus nár cháineas an biadh. Adubhradar má's leath-iomarca bidh no dighe do rinneadh orm go gcaithfidhe a choimhlíonadh liom. Adubhart nach molfainn agus nach cáinfinn an biadh, agus nach molfainn aon bhiadh acht an biadh do thiucfadh as an gcoire do bhí i gcríochaibh Lochlainn, nach mbidheadh uaithe acht tri clocha éibhir agus tri h-oirneach iúbhair do chur fá n-a thóin, agus a
dtiucfadh agus a dtáinig go bhfághdaois aon bhiadh d'iarrfaidís, ollamh, bruithte, as aníos, agus gan aon ghreim do chur ann dé go bráth. Adubhradar nach raibh amhail sin ann riamh, agus adubhairt righ Féinne nach n-innseósainn féin bréag. Ann soin adubhradar na laochra nár bhfuláir dul ar thóirigheacht an choire. Ann soin do h-ollamhnuigheadh liom féin seacht gcéad laoch lán-chalma de thaoiseachaibh na Féinne i n-airm 's n-eudach. Do gleusadh dhúinn curachán ceann-árd cliabh-fhairrsing long-luchtmhar, láin-ísioll. d'éirigh gaoth idir dá sgód orrainn, agus d'éirgheamar ar thaisdioll gaoithe, ionnus nár fágadh seól gan síneadh, ná stiúr gan leónadh, ionnus go mbídheadh cúbhar na fairrge d'á chur i n-íochtar agus an gaineamh d'á chur i n-uachtar. Mar sin dúinn go rochtain cuain críche Lochlainn. Ann soin thugamar ceangal laé agus láin-bhliadhna ar ár gcurachán, ionnus nach mbeidhmís uaidh acht uair a chluig. Níor bhfada ann soin go bhfacamar uainn cnoc árd ann a raibh ceithre bóithre d'á ionnsaidhe, ó ceithre h-árdaibh an domhain mhóir, agus ni raibh aon bhóthar díobh nach raibh céad laoch lán-chalma ag faire agus ag coimhéad an chnuic. Do chonnarcmar an coire i mullach an chnuic, agus seacht gcéad laoch lán-chalma ag gach aon chúinne dhé, i n-éagmais a raibh de lucht freasdail agus frithalamh an bhidh bheirighthe ar lucht na críche uile. Agus ar a bhfaicsin 'san ordughadh sin do m' laochraibh féin do ghlac meatacht agus mi-mheisneach iad, ionnus gur thuiteadar a n-arma as a lámhaibh, agus nár fhan brigh ná tapa ionnta, agus adubhradar dá bhfuighdís flaitheas críoch Lochlainn nach rachfadh neach díobh tairis sin. Ni raibh agam féin, a mhic an righ, acht bearradh óinsigh no amadáin do thabhairt orm féin agus dul suas mar a raibh an coire, agus bheith ag ithe an bhidh mar chách, go bhfuaireas amas ar na tri clochaibh éibhir do bhí fa'n gcoire do chaitheamh ann asteach, agus na tri h-óirneach iubhair mar an gcéadna: ris sin thug me úr-thógbháil faoi an gcoire,
ionnus gur fhuadaigh mé liom é i nglinntibh an aédhir a bhfad as radharc an oireachtais. Ann soin gluaisid lucht na críche agus an bhuidhean chalma do bhí ag coimhéad an choire ar a lorg, ar fud gleannta agus cnoc, no gur thárladar re m' sheacht gcéad laoch de thaoiseachaibh na Féinne, go ndéanaid siad orra, go rabhadar dá n-dith-cheannadh agus d'á n-éirleach; go ndubhart féin gur truagh liom taoiseacha na Féinne do bheith d'á dtreasgairt mar gheall ar an sprealaire coire sin, choidhche, agus caithim uaim fad m'urchair é, agus ionnsaighim orra, ionnus go mbudh chomh-chlos duit andiú agus an lá sin, an léirsgrios do thugamar ar shluaightibh Lochlainn. Dá éis sin thugamar linn an coire, agus do shocruigheamar, ann ár gcurachán chugainn é, ionnus nár stadadh linn go rochtain Éireann dúinn agus go dtugamar linn an coire gus an réidh-theaghlach do bhí ann so. Do cuireadh na tri clocha éibhir faoi na chosaibh agus na tri h-óirneach iubhair faoi n-a thóin, ionnus go bhfrithalfadh biadh bruithte, ollamh, ar fhearaibh agus mhnáibh Éireann, agus gan aon ghreim do chur an dé go bráth - gur fá h-éigean dóibh adbháil gur chanas féin fírinne leó. Níor bhfada d'aimsir ann soin, go rabhadar fir Éireann trom i bhfeóil, gan lúth ná gaisge, re neart socaracht, iar bhfághail a mbeatha chomh saor sin, ollamh i gcómhnuidhe, as an gcoire; go lá d'ár éirigh uillphiast as an loch, iar bhfághail bholaidh an bhídh bheirighthe, go ndearrna sí go céim-díreach ar an gcoire, agus do thosnaigh ar an biadh do bhí innti do alpadh. Do bhí sí chomh uathbhásach sin de phéist gur ghlac gráin agus eagla fir Éireann roimpi, gur theitheadar uaithe, agus do bhí sí ag ithe an bhidh as an gcoire go ndubhart féin gur bocht an sgéal liom tar éis a bhfuaireamar de dhuadh an choire, a shochar do bheith ag an uillphéist sin. Do rinneas uirri, agas gan d'arm agam féin acht an sághfach so, agus le fóirneart na mbuillidheadh, gur sgeinn an fhiugh de'n tsaghfach
uaim asteach san gcoire. Ris sin thugas úr-thógbháil fúm féin go ndeachas i mbarra an bhile úd thall, suas, ar teitheadh uaithi. Ann soin, ar bhfághail suaimhnis do'n phéist ó na buillidhibh, agus re saint chum an bhidh, do chas sí a h-úir-ghéag timchioll an choire gur sguabadh léi síos fá'n loch é, ionnus gur imthigh uainn gan toradh gan tuarasgbháil, agus atá an uillphiast, an coire agus an fiugh fá'n loch shíos fós." Ann soin tigeas Murchadh mac Bhriain a-bhaile, agus éirgheas go moch de ló agus de lán-tsoillse ar na mhárach, agus do shocraigh air a chulaidh airm agus éadaigh go h-iomlán, agus do chuir sé air a cheannfart glaine, agus do rinn ar an loch, é féin agus a r' lean é, d'á aois ghrádh agus d'á lucht leanamhna. Ann soin do thug ruthag dó féin go ndeacha de léim i gceartlár an locha, agus níor bhfada go bhfacaidh an uillphiast, agus í 'na lúib, fillte timchioll an choire, gur leig é féin ar a dhruim san tsnámh gur chaith urchar d'á shleigh léi, gur aimsigh ann a lár í, go ndearrnaidh dá órdán dí. Leis sin do dhruid léi go cródha gur bhain an ceann de'n uillphéist. D'éirigh re n-a linn sin bárr dearg ar an loch. Ann soin do thángathas ar gach taoibh de'n loch, agus adubhairt gach n-aon gurb ab é Murchadh do bhí marbh. "Is cosmhúil re glór óinbhide no amadáin bhur nglór," do ráidh giolla an fhiugh, "óir is deimhin dá mbeidheadh a bhfuil ann so de dhaoinibh, agus Murchadh, agus a sheacht n-oiread marbh nach dtabharfaidís uile snódh chomh dearg ar an loch, agus ni h-é acht an uillphiast atá marbh." Re n-a linn sin do chonncadar chuca go réimeamhail Murchadh agus an fiúgh, agus ceann na h-uillphéiste ann a dhá láimh aige, agus do shocraigh sé an fiúgh re n-a dhá láimh aige, agus do shocraigh sé an fiúgh re n-a dhá láimh ar an saghfaigh gan fuighioll gan easbhaidh gan iomarca; agus thug do Ghiolla an fhiúgh é. "Tá mo thuarasdal agam anois," ar sé, "gidheadh is fearr an t-seóid d'fágbhais id' dhiaigh 'ná a dtugais leat."
"Maiseadh," ar Murchadh, "is fearr an t-eólas atá agam anois 'ná bhí agam roimhe seó." Leis sin téid Murchadh an dara feacht fá'n loch, arís, gur chuartaigh é go mion minic, gur theangmhaigh an coire leis, go dtug leis go calma ar port é. Ann soin buaileas Murchadh a chli agus a chorp fá lár, gan stad, agus do bhí féin agus a mhuinntir go buaidheartha tre imtheacht na seóide sin do saothraigheadh leis, ar an módh sin, uatha. Téidheas Murchadh a-bhaile agus nochtas an toisg sin d'á athair, gur saorthaigheadh leis a shamhail sin de sheóidibh agus go rug Giolla-an-fhiugh leis ar an módh sin iad. "Cad do dhéanfair-se air sin, a mhic?" do ráidh an righ aosta. "Déanfad-sa," do ráidh Murchadh, "go ngeobhad de gheasaibh orm féin gan dá oidhche de chodladh ar aon leaba, ná dhá bhéile bidh d'ithe ar aon bhord, no go dtugfam-na Giolla-an-fhiúgh agus an coire agus na tri clocha éibhir agus na tri h-oirneach iúbhair tar ais arís go Dún Chinn Choradh." "Beir buaidh agus beannacht a mhic, agus gurab maith an mhaise dhuit-se sin," do ráidh Brian. Do chuaidh Murchadh a chodhladh an oidhche sin, agus éirigheas de ló agus de lán tsoillse ar na mhárach agus do choisnigh é féin, do chiar a cheann agus d'ionnlaigh a lámha agus a aghaidh, agus do chaith a phroin, agus iar sin d'iarr beannacht a athar agus a mháthar agus a ghaolta, agus do fearadh sin dó. Do ghleus an fiannuidhe súl-ghorm é féin 'na éideadh agus airm gaisge, .i. a lúithreach leathan lán-daingionn, a lann fada nimhfhaobhrach, a chlogad curáidheach lán de chlochaibh carbúncail réaltannacha, a dhá chraoiseach crann-ramhra catha ann a dhóidibh daingne dó-sgaoilte, a sgiath chorcortha dhoinn-dhearg ar stuaighleirg a dhroma, meabhrach sgeinne géire fá n-a thaoibh chlí, agus tri litre de litreachaibh órdha, sgríobhtha ar an sgéith agus ar
an sgín, d'á shuidheamh gur ab é féin do chearbadh na laochra san dtreas. ...Do chómhruidh se air corpannacha éide fé mar do bhi aige, léine don tsleamhain tsíoda, uime a gheal chnis, a thruis chaol bruithineach nuadh-chóraighthe seaca saidhbhre socruighthe go h-iomalach eugsamhla, comhraic cuifeach chuinneach choilearach caitineach mor-uchtrach brad brádh baramhail, a dhá bhróig miona clúdaighthe dheasa dhubha ghaodhalacha, togh gar drisbéalacha thiorma theanna shasda: a spuir gheara ghreannta de'n airgiod cearrbhálta go na n-iallachaibh i n-iomall órdha dá n-iaig agus dá n-osgalt go hainmeach, faoi an mbeilgín mbreac mbróigh, agus do chuir sé a chrios tharis, .i. crios conallach buadhach buadhclach bhándearg lán do chnaipidhe dísle, de shioda na h-Arabia, da iadh agus dá osgalt, a sgaball phollach phéarlach o uachtar luingheach a chloidhimh fada re feidh imuinge a bheinn chúmhdaighe clochórdha córta arm an Fhianaidhe shochma shulgorma, a lann neimhe choinn-láidir corportha ag an laoch gan eagla comhraic, a chlogad cuirrceach cusógach lán de chlochaibh carrabuncail faoi na hata ceartbheannach
airgid, agus a luireach leathan Lochlannach lán-daingionn réaltanach o Chaisléan Chonaill Craoibh-ruadha, agus éide Chonaill ceann- ruadh, a dhá chraoiseach ceann-ramhra chatha ann a dhornaibh dhaingionna do-sgaoilte... ...ag lomadh gaoithe ...
Ann soin do gabhadh each do .i. each mín mearagánta lom-luath léir-léimneach go n-a cheithre crúdhaibh d'airgiod finngheal fé, agus srian béal-órdha, ag a raibh dá ghníomh déag chum na maitheasa innti, faoi mar do bhí tri ghníomh o mhnaoi ar dtúis, com cal, toll ramhar, agus meanmna uallach, trí ghníomh o tharbh, súil theann, muinéal ramhar, agus éadan leathan, tri ghníomh ó shionnach, .i. síubhal ranngach agus cluas bhearach agus earball sgothach, trí ghníomh ó mhíolbuidhe, .i. léim árd, filleadh grod, agus rith anaghaidh cnuic. Ann soin do chuaidh sé ar mhuin an eich ghorm-sguabaigh mhóreólais bheódha chliste, ionnus nach mbíodh de nós orra acht mar a bheidh lon ag dul le gaoith, no, faoileann de mhaoilin sléibhe, no roth ag dul le mór-fhánadh, no gaoth ag dul i ngleanntaibh, no Céadach mac righ na Sorcha ag dul a' díspóireacht re righ-mhac Chaoillte mhic Ronáin i n-uathaibh mic Airreacht ui Chonchubhair, i gcómhgár Éireann agus Alban, agus gur ab é sin an raon siúbhail agus síor-imtheachta do bhí fá'n ngaisgidheach an tan sin. Ionnus go gcuirfeadh sé broic as choilltibh, agus geilt as ghleanntaibh, faol-choin faoi árdaibh, agus sionnaigh ar seachrán, riamh, go dtáinig sé ar bhruach locha Deargtar. Ann sin do chuir se uime a chlogad gloine, agus thug úr-thógbháil dó féin go ndeachaigh i gceart-lár an locha, go raibh ag siúbhal ann ar feadh trí lá agus tri oidhche, no gur sloigeadh é fá dheireadh go tír fá thuinn, mar a fuair iomad bogaighthe agus coillte agus gleannta diamhaire, gan duine gan beathaigheach ag áitreamh ann. Do bhí Murchadh ag imtheacht
ar feadh an laoi sin gur casadh é do chailligh mháis-liath mhaslathach budh ghránna deilbh agus déanamh dá'r bhfaca súil dhaonna riamh, ionnus go bhfanfadh mion-úbhall no mór-áirne ar bhárr gach ribe de'n mhuing gharbh-liath do bhí mar ghruaig uirri. Do éirigh an phéist caillighe seo i gcoinne Mhurchadh chum catha do thabhairt dó. "Do ghoin agus do ghuais ort," do ráidh an chailleach, "a Mhuirichín ghránna ó Éirinn! is mion liom mar ghreim do chuid feóla agus is lúgha deoch de d'chuid anairthe agam," ar sí. "Do ghoin agus do ghuais ort," do ráidh Murchadh, "do chuir m'athair de gheasaibh orm gan cómhrac caillighe do dhéanamh no dtéidhinn a-bhaile, agus má chuir, níor chuir sé de gheasaibh gan do leithéid-se de chailligh ghránna do cheangal." Ann soin beireann agus tugann ceangal na gcúig gcaol uirri go daor agus do docht agus go daingionn, fá mar bhí caol a dhá chois, caol a dhá láimh agus caol ramhar a muinéil, agus ni dubhairt sí "ochón". Téidheas anonn an dara feacht agus thug leis carraig chloiche 'na raibh soc uirri chomh geur le barra snáthaide agus gabhas míle buille fá charrán an gé ..... an gcailligh dí, agus ni dubhairt sí "ochón." Ann soin buaileas míle buille ... na lurgan uirri agus ni dubhairt sí "ochón". "Anois," ar sí, "ni bhfuil aon nidh acht go bhfuil luas anála orm ó'n ualach. Fágbhas an chailleach ann soin agus gluaiseas chum siúbhail, agus níor bhfada dhó go dtárla buachaill bó air, agus tar éis beannughadh dá chéile adubhairt an buachaill re Murchadh gur dóigh leis go raibh an gaisgidheach tuirseach déis an laoi, agus go dtiúbhairfeadh sé féin dreas marcuigheachta dhó. "Glacfad sin uait agus fáilte," do ráidh Murchadh. Tógbhas ar a ghualainn ar feadh seacht míle é. Ann soin tugas Murchadh mám óir agus airgid dó agus buidheachas; agus níor bhfada dhó ann soin go dtárla an dara buachaill bó air, agus beannuigheas do Mhurchadh go na briathraibh foisdineacha
fáigheamhla do bhí ann do réir na h-aimsire sin, agus do fhreagair Murchadh an beannachadh mar an gcéadna. "Is dóigh liom go bhfuil tu tuirseach, a ghaisgidhigh," do ráidh an buachaill, "agus budh mhéin liom dreas marcuigheachta do thabhairt duit." "Glacfad sin uait agus fáilte," do ráidh Murchadh. Ris sin tógbhas ar a ghualainn é, agus sgiobas leis ar feadh seacht míle é. Ris sin tugas Murchadh mám airgid agus óir dó. agus buidheachas. Níor bhfada dhó ag siúbhal no gur thárla an treas buachaill bó air, agus do bheannaigh do Mhurchadh 'san módh reamh-ráidhte, agus do fhreagair Murchadh é mar an gcéadna, agus do ghlac an ghreis mharcuigheachta ar feadh an fhaid chéadna do iomchair gach aon de'n dís buachaillidh eile é, agus thug mám óir agus airgid dó re mór-bhuidheachas. Níor bhfada dhó ann soin, no gur airigh sé bean ag caoi go faoidheach agus ag gol go truagh. Ann soin adubhairt Murchadh gur 'bh bhéas d'á bhéasaibh nár éist riamh re gol mná 'na h-aonar gan fios a cúise d'fhághail, agus do rinn uirri go céim-dhíreach, agus d'fhiafruigh dhí créad é fáth a ghuil. Agus adubhairt sise, "cá críoch no cá h-oiléan duit nó cá dúithche ann ar rugadh thu mar nach bhfuil fios mo chúise-se ná mo ghearáin agad-sa?" ar sí. "Is Éire is dútha agus is oileán dam, agus ni bhfuil fios do ghearáin ná do ghuil agam," ar sé. Inneósad sin duit a ghaisgidhigh," ar sí; "an ríoghacht so go léir do bhí ag Rígh Fá Thuinn, no gur bhain fathach na gcúig gceann na gcúig mbeann, agus na gcúig muinéal agus a mháthair .i. an uillphéist chaillighe, úmhla d'á aimhdheóin dé, agus dá dtrian a ríoghachta, agus go raibh sé d'áird-chíos aca air, gach aon uair do do gheobhadh sé tharrsta amach no asteach, maighdean do thabhairt dó gach aon oidhche chum a leapthan agus a bheith aca aige a márach chum proinne; agus atá," ar sí, "an ríoghacht uile dísgighthe ó mhnáibh óga, acht inghean an righ féin, agus aon inghean amháin atá agam-sa, agus atá sí ar mnáibh breágha an domhain, agus is gearr anois, beag, o ghabh
sé ann so asteach, agus coire ar a mhuin aige, agus d'fhág se fógradh agam-sa m' aon inghean do chur chuige i gcómhair na h-oidhche anocht, agus sin agad-sa a ghaisgidhigh fáth mo ghuil agus mo ghearáin." Tabhair damh-sa," do ráidh Murchadh, "an óigbhean agus rachfad féin ar maidin chum an fhathaigh ar a son." "Do gheobhair agus míle fáilte," ar sí. Ann soin d'fhiafraigh dhí an raibh fághail fuasgalta go bráth ar an ríoghacht. "Ní bhfuil," ar sí, "acht go bhfuil sé ann san tarraingearacht go dtiucfaidh Murchadh mac Bhriain Bhóroimhe ó Éirinn ann, agus ni fios an rugadh é sin fós, ná a athair ná a shean-athair, no cad é an t-am go ceann míle bliadhain 'na dtiucfaidh sé ann so ó Éirinn," ar sí, "agus is leis saorfar an chríoch." "Is mise an fear sin," ar Murchadh, "agus ni iarrfad-sa d'inghean ar feis láimhe na leapthan, óir níor rinn fíor-laoch ó Éirinn maighdean do thruailleadh riamh, agus má tá sé ar mo chumus, le neart gail agus gaisge saorfaidh me bhur ríoghacht ó smacht brúideamhail an fhathaigh." Ann sin do phreap an bhean suas le luthgháir agus beireas ar Mhurchadh, agus is iongnadh nár mhúch sí re pógaibh é, agus nár bháith sí re deóraibh e, agus thiormaigh sí re brataibh fíor-uaisle síoda agus sróil é, agus thug sí dhó de bhlas gach bidh, sean gach dighe, deocha geura gabhála i gcopánaibh tiorma teó, mil Greugach, agus beóir Lochlannach, go raibh sé meadhar-ghlórach gan meisge. Thug sí léi a-bhaile an oidhche sin Murchadh chum a grianáin taithneamhaigh gorm-fhuinneógaigh féin, agus do chonnairc sé roimhe astigh an fhionna-bhean chaomh áluinn ór-fholtach ghorm-rosgach gheal-déadach. Budh ghile a cneas 'ná sneachta adfhuar aon oidhche, agus budh dheirge a gruadh 'ná 'na rós ríoghdha, agus ar feicsint an ghaisgidhigh dhí do b'fhearr deilbh agus dreach ionall agus éagcosg d'á bhfacaidh sí riamh roimhe, do b'iongnadh
léi cia'r bh'é sin, no cad é fáth a thurais do'n tír sin. Do labhair a máthair agus is é adubhairt, "Ag so an gaisgidheach fíor-uasal 'n a raibh sé i ndán dúinn fuasgailt orrainn féin, agus ar an ríoghacht uile." Ann sin do labhair an inghean de ghuth árd solas-ghlan: "Fíor-chaoin fáilte rómhad, a Mhurchadh mhic Bhriain Bhóroimhe ó Éirinn. Is fada sinn ag feitheamh re do theacht do'n tír seó dá'r bhfuasgalt ó'n gcruad-chás 'na bhfuilmid le fada d'aimsir. Ann soin do leag an inghean biadha saora so-chaithmhe agus deocha garga gabhála, agus leannta réidh sói-mhillse i láthair mhic righ Éireann. Agus do bhíodar súgach soi-mheanmnach tar éis na proinne do chaitheamh dóibh. Ann soin do rinneadar tri treanna de'n oidhche, trian chum fiannuigheachta agus chum sgéaluigheachta, agus trian chum fleadh agus feusta, agus a tríomhadh trian chum suain agus síor-chodalta. Ann soin do chóirigh an inghean iomdha agus áird-leaba do mhac righ Éireann, gur éirigh an mhaidin lán-tsoillseach ar na mhárach. d'éirigh Murchadh go moch, agus do chiar a cheann, d'ionnail a lámha agus a aghaidh agus do chaith biadh. Agus is uaigneach do bhí an fathach ar dith súgradh na h-oidhche agus ar dith proinn' na maidne. Do ghleus an fiannaidhe súl-ghorm é féin ann a chulaidh éideadh agus airm-gaisge .i. an lúithreach leathan lándaingionn, a lann fada neimh-fhaobhrach, a chlogad curaidheach lán de chlochaibh carbúncail réaltannacha, a dhá chraoiseach crann-ramhra catha, ann a dhóidibh daingne dó-sgaoilte, a sgiath chorcra dhoinn-dhearg ar stuaidh-leirg a dhroma; meabhrach sgeinne géire fá n-a thaoibh chli, agus tri líne de litreachaibh órdha sgríobhtha ar iomall-bhórdaibh na sgéithe, agus ar an sgín, dá shuidheamh gurab é féin do chearbadh na laochra san dtreas; tar éis teóra póga do thabhairt do'n inghin, agus d'fhág beatha agus sláinte aici féin agus ag a máthair. Agus budh dhubhach déarach dobrónach do bhí an inghean ann a dheoigh. Ann soin déanas ar chúirt an fhathaigh go céim-dhíreach agus buaileas tri bhuille ar an gcuaille cómhraic. Ann soin tháinig chuige
an fathach mór modartha mí-sgiamhach na gcúig ceann na gcúig mbeann agus na gcúig muinéal: "Nár ab é do bheatha ná do mhór-sláinte, a Mhuirchín ghránna ó Éirinn, agus is mion do shracfad-sa as a chéile thu ar an mball." Ann soin d'ionnsaigheadar a chéile go fraochmhar feargach fíornáimhdeamhail dána dásachtach, mar do bheidheadh dá tharbh buile, no mar dá leómhan fraoch-chuthaigh, ionnus dá dtiucfaoi o íochtar an domhain go h-uachtar an domhain ag féachain ar chath no ar chruadh-chómhrac gur ab orra araon budh chóir teacht ag féachain. Do cloisti ann sna tri triúchaibh budh ghoire dhóibh béiceach an fhathaigh agus bloisgbhéimeanna an churaidh chalma ag leadradh an uillphéist. Do chuiridís ceithre ceatha dhíobh, cith teine d'á n-armaibh, cith cailce d'á sgiathaibh, cith fola d'á gcneadhaibh, agus cith foidreach de'n talamh, ionnus go ndéanaidís ball bog de'n bhall cruaidh agus ball cruaidh de'n bhall bog, ísleán de'n árdán, agus árdán de'n ísleán. Do tharraingidis toibreacha fíoruisge dána a móir-chleasa ar a chéile ann a bhfeirg agus ann a neamh-réighteacht ar feadh lá agus oidhche. Do bhí Murchadh agus an fathach ag sníomh clogad agus ceann ag sgoltadh corp agus meang, ag iarraidhe buaidhe ar a chéile no go raibh an fathach ag cur gabháil na mbuillidheadh ar Mhurchadh gur labhair guth mar a bheidh' duine aosta, go ndubhairt gur mór an náire do ghaisgidheach chomh maith leis tuitim re n-a shamhail súd de phéist ghránna chomh fada sin ó bhaile "agus
gan aon bhean chaointe agad ann so, a mhic an righ uasail is fearr méin." Ris an ngríosughadh sin d'éirigh an fhuil uasal i n-uachtar a uchta ag Murchadh, go dtug cor tréan-fhoirtil fíor-arrachtach do'n fhathach do chuir ar a dhá ghlúin é, agus thug an dara cor dó gur chuir ar a dhruim ar an talamh é. "Do cheann díot a fhathaigh," ar Murchadh. "Is sé a mhic, má's toil leat-sa é, agus ná déan-sa sin agus geobhair móir-ghréithre uaim .i. sleagh buadh agus beannacht, an t-each cluais-leathan dearg-dhonn do bhéarfadh ar an ngaoith do bhí roimhe, agus nach béarfadh an ghaoth do bhí 'na dhiaigh air, ballán slánuighthe agus mórán de sheódaibh eile, agus déanfad féin ionad buachaill agus cailín duit, agus dá dtrian na ríoghachta so ó lá mo bháis amach." Leis sin do tharraing amach a lann leadartha na dtrí bhfaobhar nach bhfágfadh fuighioll buille ná béime - dá bhfágfadh de'n chéadbhuille go ngearrfadh agus go mbéarfadh leis de'n dara buille. Leis sin do thóg le dásacht nár lag an arm nimhe agus do bhuail i gcómhgar chinn agus muiníl é, gur sgiob sé na cúig cinn dé ar aondacht. Tarraingeas gad fá n-a phlucaibh, agus tugas leis iad go cúirt Righ fá thuinn. Agus is amhlaidh do bhí ann soin astigh roimhe Giolla an fhiugh, i gcáthaoir órloisgthe agus cúirín airgid faoi n-a chosaibh, a trí h-oirnigh iúbhair os a chómhair ar lasadh dhó. Éirghíos i gcoinne Mhurchadh agus is iongantach nár mhúch sé le pógaibh é agus nár bhádhaigh sé lé déoraibh é, agus thiormaigh sé le brataibh fíor-uaisle síoda agus sróil é. Thug dó blas gach bídh, sean gach dighe, mil Gréagach agus deóir Lochlannach. "Anois," ar an Giolla, "a mhic Bhriain, gurab é do bheatha agus do mhór-shláinte chugam, agus is fada an ríoghacht so faoi anbhruid ag feitheamh leat, agus anois ó atá an chríoch uile saor," ar sé, "ni bhfuil aon easbhadh orrainn, agus fan 'nár bhfochair ag caitheamh fleadh agus feasta sealad aimsire."
Do bhádar ag caitheamh an fhleidh seal aimsire ar an módh sin no gur fhiafruigh an giolla dhé cá fhaid do bhí sé 'san gcrích sin. "Tá mé le seachtmhain na dó," ar sé. "Nach bhfuil fhios agad gur ab é seó Tír na n-Óg, agus nach n-aireóchá an aimsir ag imtheacht thart. Atá tu ann so de lá agus bliadhain," ar an Giolla."O! ni mhaireann aon i m'dhiaigh i n-Éirinn de m'mhuinntir!" ar Murchadh." "Tá's agad nár bh'olc an giolla turais mise, agus ní bhfuil aon lá o thángais ann so nach bhfuil sgéala agam-sa ód' mhuinntir, agus bhí sásta suaimhneasach 'na dtaobh, óir táid slán. Agus fós, tá fhios agam-sa cad iad na geasa do bhí ort-sa, agus níor bhris tu aon gheas díobh, óir do bhí d'fhiachaibh ort gan dá oidhche do chodladh ar aon leaba ná dá bhéile d'ithe ar aon bhord no go dtiucfá agus go mbéarfá mise agus an coire a chríochaibh Lochlainn go h-Éirinn tar ais leat arís. Maiseadh, a Mhurchadh, do geobhair anois iad agus fáilte." "Maiseadh! muna mbeidh' sin ni iarrfainn ort é go bráth," ar Murchadh. "Maiseadh!" ar an Giolla, "dá ngeallfá-sa an coire do thabhairt damh-sa tar ais arís, d'iomchorainn an coire le t-ais go hÉirinn." "Maiseadh geallaim go dtabhar-sa dhuit é tar ais arís, le tabhairt leat go críochaibh Lochlainn." Ann soin tógbhaid siad leó ar na mhárach an coire, agus iomcharann an Giolla re h-ais Mhurchadh go h-Éirinn é, go dún Chinn Choradh. Ann soin cuirtear cruinniughadh agus coimhthionól ar uaislibh Éireann uile, d'á innsint agus d'á fhaisnéis gur éirigh a leithéid de áthas le Murchadh mac Bhriain agus go dtáinig sé saor slán foláin tar ais arís go h-Éirinn, agus go dtug leis Giolla an fhiugh agus an coire. Do bhí an cóimhthionól go gáirdeach ag caitheamh fleadh agus feusta ar feadh trí lá agus teóra oidhche. Ann soin do ráidh
Murchadh "Tá na geasa do bhí orm cóimh-líonta go h-uile, agus, ó táid, bhéarfaidh mé an coire tar ais arís do Ghiolla an fhiugh, go buidheach beannachtach, óir budh ró mhaith an buachaill é, agus is cóir a cheart dlisteanach do thabhairt dó, agus do bhí sé d'fhiachaibh orm breith a bhéil féin de thuilleamh agus de thuarasdal do thabhairt dó, agus ó's cuid díobh so an coire beireadh sé ris é." Do bhí an Giolla go buidheach beannachtach ag imtheacht, agus tá sé féin agus an coire i dtír fá thuinn ó shoin a leith, agus béidh go deó. Gurab í sin críoch imtheachta Ghiolla an Fhiugh agus an coire agus taisdioll Mhurchadh go crióchaibh Lochlainn, go nuige sin, etc. FOIRCHEANN DE'N SGEUL SO. Síraim guidhe an leighteora eagnaide ar son Dé agus ga mé imdhearga ná dhíomholla má thárla dam dul as an slíghe chóir am sgríbhin do bhrígh gur cómh-mhearathal do leanus mise, agus an lámh is fearr do rug ar pheann riamh, .i. nách fuil a g-cómhachta aon don adhaimh chloin é féin do chosaint do shíor gan dearmad etc. Do sheirbhíseach bithdhílis a leigthóir ionmhuin.
Eachtra Cloinne rígh na h-ioruaidhe. Árd-Righ uasal óirdhearc feasach fír-ghlic fír-eólach calma curata ceartbhriathrach, ro ghabh flaithios agus forlámhas agus forsmacht ar chríochaibh glan-áille cnuas-thoracha na h-Ioruaidhe, dar ba chómh-ainm IORUAIDH mac Dhealbha, mhic Dathaoin, mhic Dhaire Dheirg-ghlais, mhic Ioruaidhe, etc. Ba lachtmhar loilghidheacha, ba chnuas-thorrach coillte, ba h-iasg-líonmhar aibhne, ba thromthorrach fearoinn, ba bhuidheanmhar brúgha, ba thoiceach oireachta, ba chonaigheachd árd-chealla, agus ba h-iosdaighthe ollamhuin le linn an tréin-Rígh sin. Is amhlaidh iomorro do bhí an Rígh sin, ní raibh de chloinn aige acht triar mac móir-mheanmnach mór-dhálach, eadhon Cod agus Cead agus Mícead. Agus ní raibh cearda gaile no gaisge fo thrí foghail rannaibh an bheathadh nach dtugadar seal éigin d'á n-aimsir i dtír ionnta, ag mín-mheadhradh gacha glan-ghaisge ionnus go ngoiridís cách go coitcheann trí h-uaithne cosanta an bheathadh dhíobh, óir do chuaidh a n-ainm agus a n-árdnós ar fhearaibh an domhain go h-iomlán ina gcomh-aimsir féin. Lá d'á ndeachadar na fir óirdhearca-sa do sheilg ar oileán na n-éan, de'n taobh ba thuaidh de'n Ioruaidh: Is amhlaidh atá an t-oileán sin agus fíodh clúthar glan coille de thaobh dé, agus muir de'n taobh eile dhé. Sealladh éigin d'á dtugadar ar muir do chonncadar long luchtmhar leabhar-fhairrsing d'á n-ionnsaidhe, go seólta iomdha éagsamhla uirri agus ráinig i gcuan na h-inse sin gan mhoill; agus nuair do shíleadar neart slóigh agus sochaidhe
do theacht aisti, ní tháinig aisti acht aon bhean, ba áilne cruth dealbh agus déanamh, ineall agus éagcosg, de mhnáibh an domhain go h-iomlán. Is amhlaidh do bhí an inghean sin agus calladh d'ór áluinn Áifrice fa n-a ceann agus é ar n-eagradh go ceardamhail de chlochaibh buadha Phárthais Adhaimh, agus folt fada for-órdha for a ceann, anuas tar ghuaillibh na h-óg-ríoghna sin. Ba dheirge no bláth na partuinge a béal, agus amhail rós ro-chorcar ar lasadh 'na gruaidh, agus amhail ba fras de neamhanaibh a déad ina ceann, agus rosg gorm gaireachtach aici, agus í ciúin miocaire deagh-chómhráidhteach milis-bhriathrach, agus brat de'n tsról na timchioll, agus dealg dearg-óir ar loscadh i mbrollach an bhrait fhír-bheannaigh sin. Agus an méad rug an Mhuir Ruadh os na maraibh, agus Sliabh Síon os na sléibhtibh, agus an ioruaidh os an éanlaith, rug an chaoin-bhean sin de bhárr deise agus deaghchumtha ar mhnáibh na cruinne go h-iomlán. Is annsin do bheanuigheadar Clann Rígh na h-Ioruaidhe do'n ógmhnaoi il-dhealbha sin, go milis briathra agus go caoineas cómhráidh, agus do fhiafraidh fios a h-eachtradh agus a h-áirdimtheachta féin dí. Ro fhreagair an inghean agus is eadh ro ráidh, "atá m'eachtrasa fada for-sgaoilte re innsin," ar sí, "agus is córa dhaoibhse bhur sgéala féin do thabhairt damhsa a ttúis, óir is lia de dhaoinibh sibh-se 'ná mise: agus ádhbhar eile, muna dugaim-se mo sgéala féin daoibh-se do m'dheóin is éidir libh-se a mbuain do m'aimhdheóin díom." Is ann sin thugadar a sgéala ó thús go deireadh do'n ríoghain iolbhuadhaigh sin. Is annsin, a h-aithle na sgéal d'fhághail di-se, do labhair an inghean sin agus is eadh adubhairt, "Rachad-sa do tharraing mo luinge i dtír agus do bhéarfad mo sgéala féin daoibh-se dá éis sin." Ceaduighid-sean sin di, ionnus gur ghluais go h-athlámh
úrmhaisneach troith-éasga do chum a luinge agus a luathbhairc, agus do thug a h-aghaidh orra iar ndul innti fhochéadóir dhí, agus iseadh adubhairt. "Na tri ranna thug Marcus Crasus Pomp. maighe agus Iulius Sesar ar an domhan, .i. na trí ranna do rinneadar dhé .i. an rann Euróip, an rann Aifric agus an rann Asia, cuirim-se sibhse fá throm-gheasaibh doilbhthe draoidheachta muna n-iarraidh sibh gach áird a's gach íseall de na trí rannaibh sin do m'iarraidh-si, no go bhfáighidh sibh an ghnáth-áit bhunaidh ina mbím-se." A h-aithle na h-iom-agallmha do thóg a ríoghan seólta na seang-luinge go h-athlámh im-éasgaidh, ionnus gur ghluais roimpi ar dhruim-chladhaibh na díleann agus ar threathan-thonnaibh na tréan-bhóchna, gacha n-díreach, agus do bhí de luas agus de luthmhaireacht lán-imtheachta na luinge, agus d'eólcha na h-ainnire ar a h-árd-stiuradh, nach cian do bhí ag dul as faicsin agus as fíor-radharc Cloinne righ na h-Ioruaidhe, ionnus nach fios dóibh cá chríochaibh an domhain i n-ar ghabh sí uatha. Agus annsin do claochluigheadh cruth dealbh agus déanamh Cloinne Rígh na h-Ioruaidhe; agus do ghluaiseadar rompa, agus ní h-aithristear a n-imtheachta no go rángadar Dún na dáibhche deirge .i. baile de bhailtibh Rígh na h-Ioruaidhe, agus do bhadar do dúbhach dobrónach. d'fhiafruigh Rígh na h-Ioruaidhe ádhbhar a ndóbróin díobh go díthchiollach agus thugadar sgéala ó thús go deireadh dhó. Annsin do labhair Rígh na h-Ioruaidhe agus is eadh adubhairt, "A Chlann," ar sé, "na bíodh na geasa sin de cheist orraibh-se," ar sé, "óir cuirfead-sa loingeas lán-mhór libh, chosanas ceannas gacha críche go coitcheann agus rígheacht gacha h-oileáin gan imreasan no go siúbhlaidh sibh an domhan." "Ní hí sin an chómhairle d'á dtugamar féin ár dtoil," ar Cod mac Rígh na h-Ioruaidhe, "acht sinn féin ár dtriar do dhul do shiúr an domhain no go bhfágham ár n-iarraidh, agus gach
nuadh-threise d'á ngeabham ba móide alla agus óirdhearcas dúinn, gan do bheith linn acht sinn féin amháin." Níor thoirmeasg an Rígh an chómhairle ar ar chinneadar. Ar na mhárach do dheasuigheadar long luchtmhar lán-aidhbhseach dóibh, agus do bhí gach re clár san luing sin .i. clár gorm agus clár dearg, clár uaithne, clár dubh, clár buidhe, agus clár fionn, agus cuireadh trí pobaill innte .i. pobal geal 'na tosach, pobal dearg 'na meadhon, agus pobal dubh 'na deireadh; agus do cuireadh trí tionnchaire loinge innti .i. biadh i n-ionad a caithmhe, airm i n-ionad a ndiubhraice agus ór i n-ionad a bhronnta. Do chuadar clann Rígh na h-Ioruaidhe do chum a loinge lán-mhóire féin agus do leigeadar urlanna a gcraoiseach re lár agus re lán-thalmhain agus do éirgheadar de thrí léim lúthmhar lán-aigeantach d'urlannaibh a sleagha agus de chrannaibh a gcraoiseach gur ghabhadar leathad a mbonn de'n phríomh-luing sin, agus thugadar aghaidh ar threabhadh na bóchna brat-uaithne, agus do rinneadar an laoidh eatorra: -
Tógthar seól na caol-bhairce Damh-sa 's do m' dhias dearbhráthair Teacht beó gion go saoilim-se Nocha an dubhach atáthair. Déantar dúinn an t-imtheacht-sa Fá mbiadh sibhse go súbhach, Má sí ro bhur gcéad-eachtra Ná bíodh bhur meanmna dubhach. Buaidh neóil ar na téadaibh-si Gé tá na tuirse ar óg-mhnáibh, Seól na bairce béal-fhairsing Mo cheann feasta d'á thógbháil.
A h-aithle na laoidhe sin ba rosg-fhliuch deagh-laoich agus ba dhearg-bhasach maighdeanna agus ba shúil-fhliuch bainríoghna,
agus ba h-osnaidheach Árd-Rígh, ba chainteach file, agus ba bhrónach ban-chuire, tar éis na gcuradh gcalma sin. Dála Cloinne Rígh na h-Ioruaidhe innistear sin seal eile. Ó rángadar a ndlúthas na dtonn agus ar shál na sean-mhara bhadar ag féachain na ceithre árda na dtimchioll, mar atá soir siar ba dheas agus ba thuaigh. Níor chian dóibh mar sin go bhfacadar aon mharcach d'á n-ionnsaidhe, agus stéad lúthmhar lán-mhaiseach ceann-bheag cos-éadtrom iongan-chruinn snuadhfholtach faoi. Beannuigheas an macaomh sin go milis-bhriatharach do Chloinn Rígh na h-Ioruaidhe, agus do fhreagradar-san é mar an gcéadna, agus an feadh do bhádar ag iomagallamh le chéile, do cheangail sé folt an eich draoidheachta sin do chor tosaigh loinge Chloine Rígh na h-Ioruaidhe, agus gluaiseas an t-each roimpe go réim-dhíreach agus an long 'na leanmhúin, na dhiaidh, gacha ndíreach. Cíodh trácht do shíoradar iol-mhara na cruinne indiaidh an eich, ar an órdughadh sin, gan ar a gcumas sgaradh na loinge ris an each. Do bhadar bliadhain on callean go chéile, amhlaidh sin, agus ní ghearrfadh lann ná faobhar aon roinne d'fholt an eich draoidheachta sin. Lá éigin dóibh mar sin ag taisdioll na dtonn do chonncadar dobhar-chú nimhe d'á n-ionnsaidhe, agus iolra gacha datha innte, agus a súile le lasadh ina ceann, agus caor teintidhe teinidh ag teacht tar a béal agus tar a sróin amach, agus mar do chonnaic an Macaomh an cú nimhe d'á ionnsaighe do sgaoil sé folt an eich ó'n luing mhóir sin Chloinne Rígh na h-Ioruaidhe, i múinighin a thréan-luathais, agus leanas an cú neimhe an marcach agus ní rug fair, agus do sgaradar araon mar sin le Clann Rígh na h-Ioruaidhe. Agus do chuaidh fear de Chloinn Rígh na h-Ioruaidhe i gcrannseóil na loinge, agus thug sé súil thuairim ar na ceithre h-áirdibh 'na timchiol, agus do chonnairc toirt iatha agus im-dhéanamh oileáin i bhfad uatha, agus thug sé na sgéala sin d'á dhearbhráithribh, agus seólaid aghaidh na luinge d'aon-chómhairle
do chum an oileáin sin, agus do bhadar srotha uaithne éagsamhla tre cheart-lár an oileáin sin, agus do b'iomdha toradh apuidh ionchaithmhe ar chrannaibh ceann-troma na h-innse sin, agus eánlaith éagsamhla ann. Is ann sin do chonncadar cáthair cheann-árd ucht-bhláith uaithne il-ghreasach uatha. Acht atá nídh cheana, do chuadar do'n dúnadh sin i gcéadóir agus ba h-áluinn an dún sin re amharc, óir do bhadar gach re clár ann .i. clár fionn, clár gorm, clár dearg, clár dubh, agus clár uaithne, agus ní fhéadfadh teanga dá ghlioca nó úghdar dá fheasaighe leith no trian aoibhneasa an dúna sin d'innsin, óir do bhadar mórán de chlochaibh criostail agus coirmogaill agus de leagaibh moghmhara na h-Asia, agus na h-Eórpa agus a lán de bhrataibh sróil agus síoda agus d'éadaibh uaisle onóracha ar bhórdaibh bith-áille is an Ríogh-bhruighin sin. Agus ní bhfuaradar neach beó no marbh innti acht aon chat mór-ádhbhall mór-iongantach, agus do bhí an cat sin féin ag déanamh luine agus lúthghaire ina timchioll, agus do bhí cruit cheól-bhinn chaoin-théadach d'á fras-sheinm go healadhanta binn-ghothach aige, agus eóin áille Aifrice ag cóimh-sheinm ciúil ris an gcaoin-chruit sin, agus do bhadar clann Rígh na h-Ioruaidhe trí la agus teóra oidhche ins an uasal-bhruighin sin. Is annsin adubhairt Cod mac Rígh na h-Ioruaidhe, "is mithid dúinn triall anois, óir ní maith cómhnuighe gan comhfhlaithios, agus is doirbh doiligh linn an t-imtheacht sin do dhéanamh, óir dá mbeith aon righ ar thrí rannaibh an domhain is díol dúna dhó an Rígh-dhún so, agus is doilighe dúinn iná sin an t-imtheacht sin do dhéanamh agus gan nídh éigin de sgéalaibh an chait iongantaigh seo bheith againn." A h-aithle sin do bheanadar mórán de thorthaibh an oileáin agus thángadar d'á luing, agus do chuadar innti, agus do chaitheadar aimsir fhada ag asgnadh an aigéin, agus ag fras-iomradh na tréan-bhóchna. Lá éigin dóibh amhlaidh sin agus do chonncadar oileán ró iongantach eile uatha, agus do sheóladar aghaidh a loinge i dtír
ann, agus do bhí cáthair cheann-árd fhochair-bhláith fhuinneógach i gceartlár an oileáin sin, agus fuaradar fosgailte an Ríogh-bhruighean sin, agus do chuadar asteach innti, agus ní bhfuaradar neach innti, acht aon mhacaomh mallrosgach mná do ba chosmhúil cruth agus deilbh, inneall agus ordughadh ris an mnaoi do chuir na geasa sin orra. Agus an tan do chonncadar an inghean, do leig na frasa diana deór uaithi. As a h-aithle sin ro fhiafruigh an inghean sgéala dhíobh, agus thugadar-san a sgéala féin gan imreasán dí, agus do fhiafruigh Cod sgéala de'n inghin, agus annsin do chuaidh i gceann sgéala d'innsin dóibh, agus adubhairt: "Rígh corónta ceart-bhreitheach do bhí i dtír na bhFear bhFionn d'ar ba chomh-ainm Eochaidh armghéar mac Maidion agus ní raibh de chloinn aige acht dias inghean amháin, agus níor bh'ionann máthair do'n dís inghean sin féin. Inghean Rígh na h-Antuaighe, an chéad bhean do bhí ag Rígh na bhFear bhFionn, agus ní rug sí de chloinn riamh acht aon inghean amháin, agus dá mbeath aon rí ar thrí rannaibh an domhain ba dhiongmhála mar mhnaoi dhó í, óir ní raibh ina cómh-aimsir féin bean ba fheárr dreach dealbh déanamh agus éagcosg 'ná í, eadhon, Feithlinn mhongshúileach inghean Rígh na bhFear bhFionn, ainm na mná sin. Agus a h-aithle báis na céad-mhná sin, thug an Rígh sin bean eile .i. inghean Rígh na Dreólainne agus rug an bhean sin inghean eile dhó agus ni rug níos mó, agus mise féin an inghean sin. Dála mo mháthar, ar dteacht go tír na bhFear bhFionn dí, thug fuath agus fíor-mhiosgas d'Fheithlinn mhongshúilig .i. d'á leis-inghin, agus do bhreug léithe do shnámh ar eas do bhí láimh leis an gcáithrigh í, .i. eas Bomaine ainm an easa, agus iar n-a fághail ar an uisge í, imreas draoidheacht uirri, agus cuireas fó gheasaibh í bheith bliadhain 'na cat agus bliadhain 'na h-eala agus bliadhain 'na dobhar-chú nimhe. Agus bhí sí lá gacha bliadhna 'na cruth féin, agus
gidh bé fear do luighfeadh léi an tan ba cat í, sgaoilfeadh a geasa dhí, agus ni h-ion-luaidhte deilbh bhan an domhain ag féachain deilbh na h-inghine sin," agus adubhairt gur bh'í sin do chonncadar 'na cat ins an oileán sin gan amhras, agus "Saor-innis" ainm na h-innse sin féin, agus "cat na Saorinnse" goirthear di-se do ghreas. Do labhair an inghean arís agus is eadh adubhairt, "Is mise an inghean eile do bhí ag Rígh na bhFear bhFionn, agus do gabhadh lá aonaigh agus árd-oireachtais leis an Rígh, agus do shuigh an Rígh i gcáthaoir áluinn órdha i gceartlár na sluagh iomarcach sin, agus do bhí breatha fír-ghlioca fír-eólacha da bhfoillsiughadh dhóibh agus do chách i gcoithchinne, an uair sin. Siolla d'á dtugadar na slóigh iomarcacha sin tar muir agus tar mór-fhairge do chonncadar long luchtmar lán-aidhseach ag teacht i dtír i gcuan na cáthrach sin agus an tan do shíleadar iomad slóigh agus sochaidhe do theacht aisdi, ní tháinig acht fomór úr-ghránda il-phiastach, agus ba dhuibhe 'ná gual soileach ar na báthadh i n-uisge fhuar oighreatha gach alt agus gach aghaidh de'n fhear mhór sin, agus ní raibh geal dé acht a dhá shúil, agus ba ghile iad 'ná sneachta aon-oidhche, agus beart de chroicnibh fiadh-mhaol agus fearbóg uime, agus do leig 'na raon ró-reatha tríd na slóightibh é, agus do bhadhus-sa i gcáthaoir óir óir-loisge san aonach an uair sin, i bhfochair m'athar, agus ní oireasamh nó cómhnuidhe do rinne an t-óglach mór sin no gur chuir a dhá lámh am' thimchioll, agus gur chuir ar a ghualainn go h-úir-éadtrom mé, agus thug aghaidh ar ais chum a loinge. Agus mar do chonnairc an t-aonach sin ba náir leo é, agus cíodhtrácht nochar fhan fear iomcartha airm do na h-iolmhaoinibh iol-bhuidhnibh do bhadar is an dáil sin nár éirghidh go h-athlamh im-éasga agus nár lean eisean, agus ba dhíomhaoin dóibh, óir ni rugsat air go ndeachaidh d'á luing agus thug a tosach do mhuir agus a deireadh do thír, agus seólas roimhe gacha ndíreach
gus an oileán so, agus atáim-se aige ó shin a leith. Agus ni fhacas de dhaoinibh an domhain an ccéin atáim sunn acht sibh-se amháin, agus an lá thug leis mé do ghabhas ag tarraing m'fhuilt agus m'fhionnfhadh, agus an tan do chonnairc an fomór fíorghránna sin, adubhairt liom-sa meanmna maith do bheith agam agus nach raibh athchuingidh ar bith do iarrfainn air nach dtiúbhradh sé dham, agus is é athchuinge do iarras air gan milleadh do dhéanamh orm go ceann bliadhna, agus atáim aige le bliadhain gus an lá amárach: agus a cháirde grádhacha," ar sí, "déanfaidh-se imtheacht go luath ó'n bhfear mór, óir ní théid tréan no truagh gan básughadh uaidh." Is annsin adubhairt Cod nach ngeabhadh sé ós na cruinne agus gan anmhain re tuarasgbháil an fhir mhóir sin. Is gearr do bhádar a h-aithle an chómhrádha sin go bhfacadar an fomór fíorghránna chuca, agus lorg im-reamhar iarnuidhe ina láimh chiorcla chiarduibh, go seacht sleasaibh uirri, agus faobhar sgeinebearrtha ar gach slios díobh sin, seacht slabhraidhe os cionn na righ-luirge sin, agus ubhall-mheall iarainn ar gach slabhradh dhíobh go fo-dhealgaibh uime, agus níor fhágbhaigh sí fuath no fitheide allta no arracht éigcéille i gcreig no i gcuais no i gcarraig no i n-inbhear nár dhúisigh sé le fuaim na príomh-luirge sin. Agus an tan do chonnairc an fear mór clann Rígh na h-Ioruaidhe do rinne glomhar garbh gáire ionnus go bhféadfaidhe a ionathar uile d'áireamh ar mhéad an fhosgailte thug sé ar a bhéal. Cíodhthracht thug an inghean cruth maith ar éagcruth, agus maise ar mhi-mhaise an sin, re h-uamhan agus re h-imeagla na n-óg niamh-chrothach sin do thuitim ris an bhfomór bhfíorghránna. Is an sin do ráidh Cod mac Rígh na h-Ioruaidhe, "nár ba mhaith agus nár ba shoirbh an saoghal duit, agus nár ba fhor-fháilteach teach nimhe no talmhan rómhad no do dhiaidh dhuit a fhathaigh ghránda" ar sé. Is annsin d'éirigh an brat tar bhruach agus
an tuile gan trághadh agus an buinne gan briseadh agus an té nach dtug aon troigh ar gcúl re h-uathadh no re h-iomad i gcath go i gcómhlainn riamh .i. Cod mac Rígh na h-Ioruaidhe, i gcoinne agus i gcómhdháil an fhathaigh. Is annsin do cromadh na sleagha ceann-ghéara catha eatorra le buirbe an chómh-bhuailte, gur lúbadh na crainn ris na sgiathaibh, agus do bhéiceadar na firmaminte re h-ádhbhal a n-im-bhuailte, gur lúbadar agus gur ghearradar na lúithreacha d'á luath-ghearradh agus gur leadradh na cinn catha de na craoiseachaibh, agus gur h-aimhréidheadh a bhfuilt de na lannaibh, agus gur dalladh a shúile leis na linntibh fola flannruaidhe ag tuitim go forleathan idir an dias gaisgidheach sin, agus ni dhearnadh fo'n TRAOI no fo chath cathardha, cómhrac deise deaghlaoch ba fhearr 'ná cómhrac na deise deagh-laoch so. Iar sin shíneadar na dóide righne réidhe tar taobhaibh agus tar corpaibh a chéile, gur mhaoidh loch tobar dílionna fó n-a gcosaibh le feabhas na gleice agus na corruigheachta do bhadar d'á dhéanamh: agus ní h-annso do dheónaigh an fír-Dhia forórdha bás no oidhe mhic Rígh na h-Ioruaidhe, agus, ó nach ann, thug sé saobh-chor saobh-cham do'n bhfathach, gur chuir na ceithre gabhla go ró chliste i h-áirde fair, agus do labhair an t-óglach mór agus is eadh adubhairt: "Toradh do ghaile agus do ghaisge ort a mhic Rígh na h-Ioruaidhe i mbéal suagh agus seanchuidh agus lucht léighte liag agus leabhar, agus ná cuir mé féin chum báis." "Luighim-se i bhfiadhnuise m'arm," ar Cod, "dá dtugfaidhe ór na cruinne dham nach geabhainn é agus gan do cheann do bhuaint díot," agus do tharraing a lann líomhtha leadartha, as a thruaill thirim taisgthe agus do bhuail a gcómhrac a chinn agus mhuinéil é, gur theilg a cheann d'á cholainn de'n bhéim sin. Agus tháinig do'n mbruighin iaramh, agus thug lorg an fhir mhóir leis, agus leigeas ar lár í, i bhfiadhnuise na h-inghine, agus
do ráidh re n-a dhearbhráithribh a airm do ghabháil uaidh, agus do rinne an laoidh:
"Gabh na h-airm-se ann do dhorn A mhic Ioruaidh na n-órlann, Go bhfaicim iad-san go beacht Mo creachta uile ó'n bhfaitheach. "Is mise Cod mac an ríogh Gé tá m'fhuil na cobhair críon, Do caoinfidhe sinne gan fuath I gcríochaibh caoimhe Ioruaidh." "Cuiribh luibhe le mo chneas Má fearrde libh mo leigheas, Mo chneadha sul fhearfas m'fhuil Ar gradh bhur n-inigh gabhaigh."
A h-aithle na laoidh sin do cuireadh luibhe íce agus léighis i gcneádhaibh agus a gcréactaibh mic Rígh na h-Ioruaidhe, agus do bhadar trí lá agus teóra oidhche ins an dúnadh sin, agus iad ag iomrádh ar chat na Saor-innse de ghnáth. Óir ba dheimhin riu gurab í an inghean do chuir iad féin fo gheasaibh do bhí ann, i gcruth cait. Gidheadh is air do chinnseat, an long do bhi ag an bhfomór do chur le hinghin Rígh na bhFear bhFionn go a h-athardha féin. Agus críochnuighthear an chómhairle sin leó. Agus iar gceileabhradh do'n inghin dóibh gabhaid ag asgnamh na sruthfhairrge agus ag taisdeall na dtonn dtiugh-ruadh ar feadh
cúig mbliadhan d'á n-aimsir, ag iarraidh na Saor-innse, agus ní bhfuaradar. Agus lá éigin dóibh mar sin agus iad ag éisteacht le foghail an chuain chaintigh chúbharbháin, do chonncadar long luchtmhar lán-aidhbhseach go seóltaibh iomdha examhla d'á n-ionnsaidhe, agus aon óglach ríodhga rosg-leathan calma curata croidheamhail i gcor-thosaigh na luinge sin, agus is amhlaidh do bhí an t-óglach-san agus mion óir ór-loisge fo n-a cheann, agus corrán d'iarann im-righin ina láimh láidir luathghonaigh. Ciodhtrácht ar ndrud a n-athfhogus do chloinn Rígh na h-Ioruaidhe dhó, síneas an lámh gus an loing a rabhadar, agus cuireas an corrán uirri go h-athlamh úrmaisneach agus tógbhas i n-áirde as an bhfairrge í, agus thug aghaidh ins na h-iolmharaibh: agus is é óglach do bhí annsin .i. an Macaomh Mór mac Rígh na Sorcha, agus is é ádhbhar fá raibh sé dhóibh gur le Rígh na h-Ioruaidhe do thuit Rígh na Sorcha i gcath cathrach an tSrotha Dheirg roimhe sin. Thugadar Clann Rígh na h-Ioruaidhe a dtrí cloidhmhthe amach agus bhuaileadar trí bhuille gach fear dhíobh i gcrann-seóil luinge an fhir mhóir, gur ghearradar an crann i gceadóir, ionnus gur thuit an long chum an tsáile shearbh-ruaidh arís. Is annsin adubhairt an Macaomh Mór, "Mo cheann fá bhur mbeith annsin a chlann Rígh na h-Ioruaidhe," ar sé, "dá ngeabhadh sibh cómhrac aoinfhir uaim." "Geobham go deimhin," ar Cod, "óir ní fhaicfidh aon duine sinn go bráth ag tuasgain aoinfhir amháin." Agus thug Cod agus an gaisgidheach dá sgiath sgiamhdha sgothdhearg breac buan-litreach, agus dá chloidheamh comh-fhada cómh-ghéara ceirdeamhla, d'á n-ionnsaidhe, agus do chómhraic siad ar an láthair sin, agus ba bhuan-áidhbhéil bas-luath béim-láidir cómhrac na deise deagh-laoch sin, go dtug an Macaomh Mór trí troighthe ar a chúl isan cómhrac sin, ar gclaochlódh crotha deilbhe agus céadfadh dhó. Is annsin do
foillsigheadh do'n Mhánach .i. oide mhic Rígh na Sorcha, a dhalta do bheith ins an éigean, mar sin, .i. Mac Rígh na Sorcha, agus do b'é an Manach sin féin fear ba mhó doilbhthe draoigheachta d'á dtáinig ina chomh-aimsir féin, agus thug liag ceithirbheannach caorthainn chuige, agus do chuaidh uirri, agus do éirigh le na chúmhacht draoigheachta i bhfrithibh na firmantí, agus do chuir ceó dorcha draoigheachta timchioll luinge an Mhacaoimh Mhóir, no gur ghoid an Manach a dhalta leis tres an ceó nduaibhseach ndorcha sin, agus ar sgaoileadh do'n dobhar-cheó draoigheachta sin uatha, fuaradar Clann Rígh na h-Ioruaidhe an long follamh. A h-aithle an Mhacaoimh Mhóir d'imtheacht uatha ba h-im-shníomhach ath-tuirseach Clann Rígh na h-Ioruaidhe, óir níor ghnáth leó a gcéile cómhraic leigin uatha gan bhásughadh. Is annsin fiafruigheas Cod d'á bhráithribh créad an chómhairle do dhéanfadaois. Dubhradar-san an tSaor-innis d'iarraidh seal eile. "Ní h-í sin mo chómhairle féin daoibh," ar Cod, "acht dul go críochaibh na Sorcha agus slóigh na h-Ioruaidhe do bhreith linn, agus cath do thabhairt do'n Mhacaomh Mór, óir is deimhin liom gurab é do tháinig do dhíoghailt marbhtha a athar orrainn-ne, agus ni ba suaimhneach go dtugam iarraidh air arís." Do mholadar-san an chómhairle. Is ann sin do cheangladar Clan Rígh na h-Ioruaidhe long an fhir mhóir do stiúr a luinge féin, agus do sheóladar a h-aghaidh tar dhrom-chla gacha domhan-fhairrge agus ní h-aithristear sgéalaidheacht orra gur ghabhadar cuan agus caladh-phort i gcríochaibh cré-ghlana cnuas-thorthacha glan-áilne na h-Ioruaidhe, agus rangadar go dún a n-athar féin an oidhche sin. Agus do bhadar 'na n-aoidheachaibh ann, agus níor canadh ceól no oirfidhe no ealadhan dóibh an oidhche sin, acht ag éisteacht re sgéaluibh na gcuradh réimh-ráidhte sin ó thús go deirigh. Agus ar na mhárach cuireadh feasa agus teachta uatha ar mhaithibh na h-Ioruaidhe, agus thugadar a bhfilidhe agus a bhfalsamhna chuca, agus chuadar i gcómhairle créad do dhéanfadaois.
Agus is í cómhairle ro cinneadh leó, an mór-eachtra sin do dhéanamh; agus gabhadh lá aonaigh agus oireachtais leó i gceann míosa, agus thángadar slóigh na h-Ioruaidhe uile chum aon láthair i gceann na ré sin, agus do ghabhadar an chéad lá ag gormadh sleagh, agus ag glanadh lúithreach, agus ag géirlíomhadh colg crosórdha, agus ag colg-dhiriughadh a soighead, agus ag gléas gealtuagh, agus ag athchailceadh sgiath, agus do ghabhadar an dara lá ag luathadh a long agus ag piocadh a bpríomh-long, agus ag ceartughadh a ccranna agus ag deasughadh a ndonn-bharc, agus ag socrughadh a rámh agus ag snadhmadh a seólchrann. Agus bhadar an treas lá ag cur lóin ins na longaibh sin, agus an ceathramhadh lá le h-imtheacht. Variae lectiones ó "soighead" ag colg diriughadh a soidhead searrgtha sithruinnighthe agus ag glanadh agus ag daingniughadh a samhthach ria saor thuaghaibh agus ag cailceadh agus ag caomh bhrechtnughadh a sgiath sgealbolgach agus for córughadh agus for comhgleus gach cinel airm archena deireadh Is annsin do chuadar an sluagh iomarcach sin ina longaibh agus iar rochtain an chuain tar chiúmhsaibh na mara dhóibh do leigeadar gáir ádhbhal uathbhásach rómhór os áird, go gclos i bhfríothaibh na firmamente an trom-gháir sin, agus níor lúgha gáir na mban agus na macaomh, na bhfileadh agus na n-ollamhan, ag éagcaoine a dtriath agus a dtighearna. Is annsin do éirigh an mhuir 'na glas-thonnaibh garbha gáireachtacha go gclos fá na críochaibh fá chóimhneasa dhóibh garbh-chongháir na blathmhaoilmuire, fodhail gearanach na fairrge fri sleas agus frí buird na luingeas sin. Ba dhian agus ba fhada do bhí an cuan crioth-bhraonach crithgalach cainteach congaireach ag gleic agus ag imreasán fris na cruadhlongaibh Variae lectiones H ó "muir" ciodhtracht ar rochtain formna na fairge dona feinigheadh ro at agus ro inbhuilg an mhuir milradharcach motharthonnach futha agus na ttimchioll, rompa agus na ndiaigh, ionnas gur bhrúchtadar borbthonna na bóchna re crannaibh a mbarc mbronn-fairsing, gur doirtseat an díle duamhaibh dubhaidhbhseacha diana aigmhéala rompa agus dia néis, gur bho samhail do thulach aibhsigh áirdshléibhe gach aon chnoc mheall anfa da neirgeadh na nurtimchioll, gonar cuingbaighsat locht an cobhlaigh suaimhnios no saidhileacht, cómhnuidhe no comhsanadh do dheanamh, acht a beith ag fromhadh a bhféamann go fiorchalma doifhreastal anfa an aigéin olladhbail anfunnaig an ccéin do bhi ag imirt a bhrigh agus a bharrainne
urra, acht cheana o nach bfuair deireadh Variae lectiones L ó "muir" d'eighrig an mhuir na maolthonnaibh mothar-ghlasa mallghlóracha agus na caomh-chuasaib cainteacha cladh- líonmhara cruadh-gháithfeacha agus ar ndórta na dílion d'á dromchladhaibh, agus ar ndath n-at na haibhéise da hosnaidhibh, agus ar mbriseadh na bochna agus ar ndlúthughadh na dílion da tromanfadh do bhí an cuan cainteach ciorchladhach ag gleic ris na curraidhe sin, agus o nach fuair an mhuir laige ar na laochaibh ná treise ar na tréinfhearaibh na cróilidhe ar na curradhaibh do éirge féithchiúin ar na huisgidhibh agus do roinneadar neoil eadarbhuasacha an aedir re cheile gur ba féithchiúin ciubhsaibh na ccuanta daithle na mór olc sin, agus ni rángadar a leas iomramha do dheanamh deireadh Variae lectiones A ó "garbh-chongháir na" mbladmaoill muiridh agus fodhil deireadh
sin, agus ó nach bhfuair an mhuir laige ar na laochaibh no time ar na tréanfhearaibh no crith-eagla ar na curadhaibh do éirigh bláth síothchána ar an muir agus ar na tonnaibh. Is ann sin do rinneadar neóil uachtracha an aeidhir agus dúl na firmament sith agus séimhshíothchána re chéile, gur ba sith-chiúin coibhsuidh na cuanta conghaireacha sin. A h-aithle sin ní rángadar a leas a lámha do chur ins na rámhaibh agus do rinneadar an laoi:
Is mairg théid san turus-sa Ní dóigh a bhfosdógh feasta Ríomh a n-uilc ní hurusa, Tri h-uaithne gacha gaisgidh. Ní h-iad nach bhfuil go meanmnach Cia atáid na n-ealtain aineoil Fá tuar fola d'airm-reandoibh Dream d'ar buidheach braineoin. Lucht iad nár chleacht ceól d'obadh Dar cóir ceannus gach tíre Fir da ndéantar ór-phoball Trí Mhananain na míleadh. Trí seabhaic na h-Ioruaidhe Fada gur sguir a móir-fhearg Atá triall do'n chathshluaigh-se Dream da dtiocfaidh ró-mhairg.
A h-aithle na laoidh sin do chonncadar loingeas ádhbhal-mhór iongantach ar chiúmhsaibh an chuain gacha ndíreach rompa, agus ar na fhaicsin sin dóibh do thógadar Clann Rígh na h-Ioruaidhe a meirge agus a mbratacha maothshróil agus a n-airm cosanta 'na lámhaibh luath-ghonacha. Ar na fhaicsin sin do'n chobhlach eile do leagadar a seólta agus a meirge féin mar chomhartha síothchánta dhóibh. Is annsin d'éirigh callaire Cloinne Rígh na h-Ioruaidhe agus do fhiafruigh sé de ghuth árd fhollus-ghlan de lucht an chobhlaigh eile cia h-iad; agus ro fhreagradar é agus aseadh adubhairt gur b'iad féin clann Rígh Innse h-Orc, .i. Gruagach na craoibhe, Gruagach an bhodha agus Gruagach an dordáin, iar dtiachtain de bháidh agus de chonailbhe ag congnamh, re Cloinn Rígh na h-Ioruaidhe. Is annsin thángadar maithe agus mór-uaisle na gcobhlach n-iomarcach agus do chuadar i gcaoineas comhráidh agus iomagallmha re chéile. Agus ar snadhmadh agus ar ceangal a gcáirdis re chéile, do bhadar seal eile ag féachain iongantuis na dtonn tiugh-ruadh taobh-ghorm tulganach. Agus níor chian dóibh ar na h-iomráidhtibh sin go bhfeacadar críocha agus caisleáin iomdha uatha, agus aonach ádhbhal-mhór ar fhaithche an Rígh-dhúnadh, agus ba dhóigh leó oiread a bhfeacadar de dhaoinibh riamh go raibh baramhail dóibh san aonach sin. Agus iar bhfaicsin an chobhlaigh ádhbhal-mhóir sin do lucht na críche do leigeadar 'na ruathar ro-reatha go h-úr an chuain iad. Is annsin thángadar Clann Rígh na h-Ioruaidhe mar a raibh Clann Rígh Innse h-Orc .i. Gruagach na Craoibhe agus Gruagach an dordáin, agus d'fhiafruigh dhíobh ar bh'aithne dhóibh an t-oileán no an cháthair sin, fá raibh an t-aonach ádhbhalmhór sin. Adubhradar-san nar bh'aithne dhóibh féin iad. Is annsin d'fhiafruigh Cod de mhaithibh na slógh, créad an chómhairle do dhéanfadaois. Do labhair Gruagach na Craoibhe agus is eadh ro ráidh, "lucht sgéala is cóir chur chuca ó thús," ar sé. "Cia líon rachas ann", ar Cod.
"Lucht sgéal do bhuain amach d'aimhdheoin, is fearr do chur ann," ar siad, "d'eagla nach dtiubhradh sgéal go h-úmhal; agus cuirthear fiche céad uaibh-se agus deich gcéad uainn-ne," ar Gruagach na Craoibhe, "óir do bhéarfaidh siad sin sgéala leó, de dheóin no d'aimhdheóin." Is ann sin do leigeadar na deich gcéad fithchead sin iad d'ionnsaidhe an aonaigh, agus do ghabhadar lucht na críche d'á leadradh agus d'á luath-mharbhadh; agus is iad muinntir Chloinne Rígh Innse h-Orc is mó do mharbh de mhuinntir Chloinne rígh na h-Ioruaidhe, mar is orra is lúgha do bhadar ar gcoimeád, óir is tre mheing agus tre mheabhail-cheilg an Mhacaomh Mhóir do chuadar clann Rígh Innse hOrc a gcoinne agus a gcómhdháil Chloine Rígh na h-Ioruaidhe do dhéanamh cumainn agus caradradh riu amhlaidh sin. Cíodhtrácht ni tháinig neach beó no marbh de mhuinntir Chloinne Rígh na h-Ioruaidhe. Ba fhada re Cod do bhí sé gan sgéal a mhuinntire d'fhághail. Is annsin do labhair Gruagach na Craoibhe agus is eadh adubhairt, gur cóir drong eile do chur d'iarraidh sgéala na críche chuca. "Cá líon rachas ann?" ar Cod. "Rachaidh sinn-ne agus na slóigh uile acht lucht na trí long ina bhfuil sibh-se, a Chlann Rígh na h-Ioruaidhe." Adubhairt Cod gur cóir sin do dhéanamh; agus iar gclos sin do'n chobhlaigh do leigeadar ann a n drongaibh siubhlacha isin crích iad, agus ránagadar do'n aonach ádhbhal-mhór, agus do rinneadar lucht na críche an nídh céadna sin .i. ro mharbhadar uile iad. Agus is iad muinntir Chloinne Rígh Innse h-0rc is mó do mharbh iad mar an gcéadna. Acht tá ní cheana, ní tháinig neach beó no marbh díobh thar ais. Iar mbeith aithidh imchian do Chod amhlaidh sin gan sgéala na críche d'fhághail, is í cómhairle air ar chinnseat an chríoch d'ionnsaidhe, agus níor mhair de shluagh aca acht céad timcheall gach fir díobh, agus do chonncadar ráth árd aoibhinn uatha, agus rángadar mullach an rátha sin, agus do thógbhadar trí pubaill áilne éagsamhla ar an ráth sin, gur ba "Ráth na
dtrí pobaill" ainm an rátha sin, air ar suidheadh iad, ó shin a leith i gcríochaibh na Sórcha. Níor chian dóibh annsin, an tan do chonncadar an t-aon óglach d'á n-ionnsaidhe, agus is amhlaidh do bhí an t-óglach sin agus fleasg file fá n-a cheann, agus inneall draoi fair, agus brat cuana corcar-chiúmhsach uime, agus fleasg fhionn-airgid 'na láimh. Beannaigheas an t-óglach sin de bhriathraibh blasta beól-mhilis, agus do bheir sgéala dhóibh amhail do fealladh for a muinntir, agus ro innis dóibh gur bh' í sin críoch na Sorcha ina dtárla iad, agus d'iarr orra dul go Críochaibh na h-Ioruaidhe tar a n-ais arís. Is annsin d'fhiafruigh Cod d'á bhráithribh créad an chómhairle do dhéanfadaois. Adubhradar-san gur bh'í a gcómhairle féin cath ceann-árd confaoidheach do thabhairt dóibh ar an uair seo d'eagla nach bhfuighfidhe ar aon láthair arís iad. "Is maith an chómhairle sin," ar Cod, "agus luighim-se i bhfiadhnaise m'arm dá dtugadh sibhse a atharrach sin de chómhairle dham gur orraibh féin d'fhéachfainn nimh m'arm ar dtús." Is annsin d'fhiafruigh Cod de'n draoi ca h-ainm do bhí fair. "Curaire Camchosach m'ainm-se," ar sé, "agus is truagh doiligh liom-sa an nídh do b'áil libh-se do dhéanamh, .i. an dias is annsa liom gur ab comh-thuitim dóibh indiú." d'fhiafruigh Cod de'n Churaire Camchosach "Créad é do cháirdeas linne, ó's comh-olc leat sinn?" agus dubhairt ris "sloinn do cháirdeas dúinn anois." Agus do fhreagair an Curaire Camchosach é, agus is eadh adubhairt, "Sgelgan Atis Deib mic Ghlais an t-athair d'á rugadh mise," ar se, "agus nuair bhí mo mháthair torrach orm-sa, do gabh Rígh na Sorcha mar dhalta mé, agus táim aige ó shin ale: do chuid-se dhíom, .i. Ilghreasach de chríochaibh na h-Ioruaidhe mo mháthair. Agus do thuil an tonn grádh agus an-bháidh grádha fó mo chroidhe, ar bhfaicsin do
mhuintir-se d'á marbhadh. Acht atá ní cheana, thugas grádh m'anma dhaoibh-se. Agus is dearbh liom sibh do thuitim le sluagh na críche-seo, óir ní h-ionchatha sluagh ná socraidhe an domhain riu, agus a gcómhchruinniughadh i n-aon láthair, re líonmhaireacht a gcuradh agus a gcaith-mhilidhe." Rugadar as an oidhche sin gur shoillsigh lá go na lán-shoillse ar na mhárach, gur éirigh an ghrian os a crann-phobail teintidhe, os dreach na talmhan tromfhódaigh gur shoillsigh sí cnuic céide agus cabháin agus coillte ceann-árda barr-ghlasa cnuas-iomdha de gach leath. Is ann sin adubhairt Cod ris an gCuraire Camchosach dul d'fhógradh catha ar mhac Rígh na Sorcha gona mhorshluagh. Agus adubhairt an Curaire Camchosach le Cod, "is snámh i n-aghaidh easa, no gad um ghaineamh, no tuargan darach de dhornaibh, no fadógadh teineadh fa inbhear, no is glac um ghath gréine no teas i gceann fiuchtha, no is léim 'na leabuidh ar leómhan, dul i gceann mhic rígh na Sorcha." "Leig seachad an saobh-chómhrádh adeir tu," ar Cod, agus is cuma do bhí d'á rádh. Do chuir Cod a lámh i gcómhrann a sgéithe, agus thug liag dhruimneach dhearsguidhe de dhearg-ór, agus thug do'n draoi an t-ór. Agus iar na ghlacadh do'n Churaire Camchosach do theilg an liag luach-mhór fo thalamh, agus ro ghabh dubha agus doimheanmna é, agus mar do chonnairc Cod sin do rinneadh ró-nuaill corcra ó bhonn go báthas dé, agus d'fhiafruigh Cod dé "an a' toirmeasg an óir bhí sé?" Dubhairt an Curaire Camchosach nár bh'eadh, nach tormas no trom-cheasacht bhí aige ar an tabhartas fuair, acht gur truagh doiligh leis an dias ba h-annsa leis gur ba chomhthuitim dóibh araon. ...no as buain meala do minbheacoiph agus as morghort formagh danacal gan fal ga iomchosnam daiphsi...
"Ná h-abair sin," ar Cod, "níor chuir an talamh ar a muin riamh neach mo dhiongbhála-sa indiu." ...na biodh an mheisneach sin agadsa asamsa, oir tuingimsi a ttuinghid mo thuatha nach bhfuil isin Sorcha fear mo dhiongbhála-sa a láthair catha no cruadh-chomhlainn a haithle na feille fiorghránna gráineamhail do rinneadh ar mo mhuintir... ...nir bo sámh siotchánta codladh no comhsanadh sluagha na Sorcha an aga sin or do biomdha an aislingthe aduathmar iongantacha, agus a bfasttine fiorgraneamoil an aga sin, agus do bhadar neóil neamhghlana an aieoir agus faidhe fuar fliocha na fiormaiminnte agus taighleora siotluatha... Is annsin do chuaidh an Curaire Camchosach d'ionnsaidhe an mhór-shlóigh sin mhic Rígh na Sorcha do reic aithisig Cloinne Rígh na h-Ioruaidhe. Agus adubhairt ris mar so: "Cé líonmhar do chatha agus cé mileadtha do churaidh, agus cé cródha bhur mileadha, ba neamh-chródha bhur gcuraidh agus ba h-eamh-neartmhur bhur gcatha agus ba meathta bhur milidhe, agus ba neimh-threórach bhur dtréinfhir agus ba tana bhur dtrom-shlóigh agus ba sgaoilte bhur mbuidhne agus ba neamh-chródha bhur saorshlóigh agus ba neamh-churata bhur n-óg-righthe ar cheann Cloinne Rígh na h-Ioruaidhe. Agus ní thug Rígh na Sorcha d'á uidhe ná d'á aire créad dó bhí an Curaire Camchosach d'á rádh, ar mhéad a dheithnis ag inneall na gcath n-iomarcach sin tar cheann Cloinne Rígh na h-Ioruaidhe. Agus ó nach dtug, d'fhill an Curaire Camchosach i bhfrithing na conaire céadna, agus níor fanadh leis go ráinig an tulach a rabhadar Clann Rígh na h-Ioruaidhe; agus níor aithin iad, óir do chlaochlaigh dath dealbh agus déanamh na bhfear do b'fhearr deilbh inneall agus éagosg d'fhearaibh an domhain go h-iomlán, óir do mhear-lasadar a súile 'na gceannaibh, agus do chóimh-éirgheadar a bhfuilt 'na gcolgsheasamh, ionnus go bhfanfadh mion-úbhall nó mór-áirne ar bhárr gach aon roinne d'á bhfoltaibh craobh-sgaoilte. Acht atá ní cheana do chreathnadar a gcuirp 'na gcath-éidibh agus do chóimh-dheargadar a ngruadha donn-bhreaca, agus d'fhiafruigh Cod sgéala na gcath mór-ádhbal sin de'n Churaire Camchosach. "Is ádhbhal sin re innsin," ar an Curaire Camchosach, "óir níor cumadh coillte dá dhlús riamh nach dlúithe tiagar a n-arm gcorcar-dhearg os a gceannaibh," ar an Curaire
Camchosach. Do b'iomdha fis amhra agus aisling iongantach do chonncadar na slóigh an oidhche sin, agus do bhí an firmament uile ar coimheasgadh os a gcionn, agus do b'iomdha bádhbh béal-dhearg luath-chainteach agus bran-eóin bonnluath ar eitilleadh, agus feithide fíor-ghránda ag fíor-fhaisdine na mór-olc sin os ceann na sluagh an oidhche sin, agus níor bh'iongna dóibh tarrangaire. Óir is é sin treas ár na beathadh .i. Cath ceathardha ar mháigh na Teasáile agus cath maighe tuir na bhfomhorach agus cath maighe na dtrí bhfeart i gCríochaibh na Sorcha. Is annsin do tógbhadh tri sról-mheirge do Chloinn Rígh na h-Ioruaidhe, go rángadar i gceann na mór-shluagh sin. Is annsin do thug Cod borb-ruathar ríogh-laoich agus príomhghaisgighidh tríd na cathaibh sin, no go ráinig fá chómhair an chatha a raibh Rígh na Sorcha, agus níor chonailbheach ná cáirdeamhail fáilte na deise deagh-laoch sin d'á chéile, agus thugadar achusan garbh-ghéar an-iarmhartach d'á seanarmaibh d'á chéile, agus ar mbriseadh a ngorm-chraoiseach i n-éidibh agus i gcorpaibh a chéile, do shíneadar na lámha go léadmhach sith-ghoineach leis na cloidhmhthibh claisleathana cros-órdha caomh-fhaobhrach go dtugadar sáightidhe soigheadghéara fíor-ghonta fó na chéile, acht tá ní cheana dá dteangmhadh cáirde coimh-dhísle ar chómhair a chéile ní thiúbhraidís taobh re fear díobh seach a chéile, re luas a n-iombuailte agus re méad a bhfola agus a bhfollrachta fá na n-áighibh agus fá na n-éadanaibh. Iomthusa na coda eile de chloinn Rígh na h-Ioruaidhe: thugadar a n-aighthe mar a bhfacadar clann Rígh Inse h-Orc agus níor bh'fháilte carad agus níor chuirim, fáilte na ndeaghlaoch sin d'á chéile. Acht atá ní cheana ní féidir gníomhartha gacha gaisgidhigh f o leith aca d'innsin, acht blodh beag de ghníomharthaibh an dheagh-laoich sin, .i. Cod mac Rígh na
h-Ioruaidhe. Is annsin do leigeadar na slóigh n-iomarcach ró-mhór sin trí gártha comh-mhóra le teilgean a n-arm ndiúbhraicthe i n-áirde, agus deirid eólaidhe go ndeachaidh caogad fear n-armach re gaoith agus re gealtuigheacht ó na tromghárthaibh sin. Agus fós is cosgartha do bhadar na slóigh i n-alt na h-uaire sin, oir do bhadar drong aca agus a gcosa teasgtha dhíobh agus iad ag tuargan a n-eascarad re n-a lámhaibh, agus drong eile dhíobh agus a lámha d'a n-easbaidh, agus iad ag tuargan a n-eascarad re n-a gcosaibh agus re n-a bhfiaclaibh, agus drong eile dhíobh agus a n-abhach agus a n-ionathar asta agus iad d'á bhfolach is na h-eitrighibh os na linntibh fola flannruadh do shileadh as chorpaibh agus as chréachtaibh na laoch agus na gcuradh, agus drong eile gan cneadh gan créacht ora, agus iad ag cur na gcorp ar a muin trasna d'á ndíon féin ar fhuaim na h-úrluigheachta sin na n-óglaoch. Cíodhtrácht do b'iomdha sgiath d'á sgaoilteadh agus lúithreach d'á luaith-theasgadh, agus cath-bhárr d'á chruadh-bhrúghadh, agus fós do b'iomdha cloidheamh re cnámh agus féithe fíor-ghránda ar fúd an chatha i n-alt na h-uaire sin. Iomthusa mhic Rígh na Sorcha agus mhic Rígh na h-Ioruaidhe do b'iomdha cneadha doimhne dian-bháis agus créachta do-leighis ag síordhórtadh agus ag sileadh uatha ar gach leith. ...Do fhreagradar na dúile uachtaracha accomhdháil an chatha sonn, ag aisneis na nolc agus na nimheadh bai ar na ndenamh san losoin, agus ba mearlupur an mhuir ag iomluadh na nesad? agus na neasba sin, agus do togbadar na tonna tromgartha truadh tinneasnach agus iolguth adbal iongantach ag a caoineadh an oilein sin, agus do buireadair na biastta agus ad geisedar na garbhchnuic le gabhadh na greisi sin, agus ad criothnuigheadar na coillte da caioneadh, agus ag caioneadh na gcuradh ar cheana, agus do gairedar na glaschlocha ag iomradh ... agus do guiladar na gaotha ag admhail na nardécht agus do criothnuigh an talamh tromfhódach ag tairngire an tromair sin, agus do gormbruthaigh an grian re coigeadal an glassluagh, agus do niam dubhadar na neóil re hathaigh na huaire sin, agus do chomgaredar coin agus cuanarta badba agus braineoin agus geilte glinne agus arachtasa
eólas d'á mbeadh aige, leath no trian na mór-olc sin d'innsin. Is annsin tháinig airgenta báis agus beag-shaoghail do Rígh na Sorcha, agus ar na bhfaicsin sin do mhac Rígh na h-Ioruaidhe do chuimhnigh mac Rígh na Sorcha, mar do rug an Mánach tre dhraoidheacht uaidh é, agus thug aire ró-mhaith agus go fríochnamhach. Ba ghearr as a h-aithle sin go bhfacadar athach ath-uathmhar gránda cuca, agus é dísgir dearg lomnochttha. Is annsin do chuimhnigh Cod ar an úbhall-mheall iarainn do bhí i gcuibhreach a sgéithe agus tug lámh na thimcheall agus thug rogha an urchair ar an aitheach, agus do thárla an t-urchar i lár a aighthe agus a dhuibh-éadain dó: imthusa an urchair do rug an t-úbhall comthrom d'a inchean tar a chúil-cheann seachtar, agus do leig an t-aitheach sgread ath-uathmhar cruaidhnimhneach os áird as, agus do fhill i bhfrithnigh na conaire céadna agus gé'r bheag neart mhic Rígh na Sorcha roimhe sin, ba lúgha 'na dhiaidh sin é, óir do bhí súil le cabhair an Mhánaigh aige gonuige sin. Is annsin thug Cod buille do mhac Rígh na Sorcha, gur sgoilt an cathbhárr órdha do bhí fá n-a cheann, agus thug mac Rígh na Sorcha buille eile do Chod agus do sgoilt a sgiath agus do chuir ar a leath-ghlúin chlí é. Agus tógbhas Cod a lámh i n-aghaidh bhuille mhic Rígh na Sorcha agus thug sé an dara buille chuige, agus do bhuain a cheann agus a lámh dheas dé de'n bhuille sin. Is annsin do bhuain Cod a chathbhárr d'á cheann d'a fhionnfhuaradh, ag iarraidh gaoithe, agus do bhí ceó dorcha os ceann an chatha, i n-alt na h-uaire sin, agus d'fhéach Cod ar fud an chatha agus do b'iongna leis nach gcualaidh sé fuaim no foghar a bhráithre ann, óir ba ghnáth leó bheith ag súr an chatha tar éis a chur. Ba mhaith an t-ádhbhar measgtha mí-laoich bheith ag feithiomh an chath i n-alt na h-uaire sin, óir do b'iomdha eithide ro ghránda garbhghlórach os collaibh ceann-throma, agus linnte fola an feadh an chatha an tan sin, ionnus nach leigfeadh dlús na gcorp siúbhal do na cró-linntibh sin. Is annsin do chuaidh Cod d'iarraidh a bhráithreach ar fúd an
chatha agus fuair Cead marbh ar lár an chatha agus trí mic Rígh Innse h-Orc marbh ar gach taobh dé, agus a shleagh faoi; agus do rug leis an tulach, do bhí ós cionn an chath, é. Agus tháinig féin d'iarraidh Mhicead fa'n gcath agus fuair 'na chrosair cró é, agus do b'imshníomhach atuirseach athmhéalach do bhí Cod an uair sin, agus do thochail feart domhain fada fairsing dóibh, agus do chuir i bhfochair a chéile iad ins an bhfeart, agus do fearadh leis a gcluithche caointe, agus do sgríobh a n-anmanna i n-ógham, mar ba ghnáth. Agus téid fo'n gcath arís d'fhios an bhfuigheadh aon nduine beó d'á mhuinntir, agus ba dhíomhaoin dó, óir ní raibh fear faisneise sgeul díobh gan marbhadh aithidh imchian roimhe sin, agus nochar thuit le n-a n-oiread féin ariamh ar tuit riú isin lá reamh-ráidhte. Do shuidh Cod ar chloich tar éis na h-oibre sin, agus adubhairt: "Is linn féin do dhéanam ár gcómhairle feasta, óir níor ghnáth linn bheith 'n ár n-aonar", agus adubhairt an laoi ann:
"Truagh cuma na gcuradh-sa Aniú nach imrid arma, Gleo riu nochar bh'fhurasa Do b'iad an bhuidhean chalma. "Mé ar an tulach bárr-ghloin-se Ní h-iongnadh sinn i mbaoghal, d'éis mo dheise dhearbráthar, Nocha sluagh neach 'na aonar. "Níor dhulta i ndáil aon-chatha Go bráth tar éis an fheill-se, Cia táim uirri d'aoin-iarraidh Mallacht an chat na h-innse. "Doilghe liom 'ná an turas-sa An tréan-chlann chalma Iorruaidh Ag tuitim 's na cathaibh-se, Do bheir mo chroidhe ro thruaigh.
A h-aithle na laoidhe sin do thochail sé trí fearta ar an máigh sin .i. feart Chloinne Rígh na h-Ioruaidhe, fear Chloinne Rígh Innse h-Orc, agus feart mhic Rígh na Sorcha, agus do'n mháigh sin goirthear "Mágh na dtrí bhfeart" i gcríochaibh na Sorcha o shin a leith. Agus d'fhágadar buidhne móra an cath sin beó, ar gach leith, agus ní thiúbhraidís féin taobhadh re chéile re h-uamhan agus re h-imeagla an mhór-ghleo sin. Is ann sin do bhí Cod ag amharc ar na ceithre h-árdaibh uaidh gacha ndíreach, agus is gearr do bhí sé a h-aithle na n-amharc sin go bhfaca aon óglaoch d'á ionnsaidhe sa' máigh go díreach, agus is é óglach do bhí ann .i. an Curaire Camchosach .i. an draoi ó chian, agus do thoirbhir Cod teóra póg dó, agus níor mhó a lúthgháir dá bhfeicfeadh a bhráithre do theacht beó as an uaigh chuige 'nás roimh an Curaire Camchosach: agus d'fhiafruigh an Curaire Camchosach sgéala an chatha de Chod, agus thug Cod sgéala dhó mar do bhí aige, ionnus gur chuir an Curaire i gcuimhne agus i g-cómh-uaim feasa agus filidheachta iad, d'eagla do rachadh báthadh no buan éag timchioll orra dá éis. Is annsin do chonncadar eallta de ghéisibh da n-ionnsaighe ó'n gcuan; agus d'fhilleadar do chum an chuain arís, agus d'fhill aon ghéis amháin díobh o'n gcuan mar raibh Cod agus an Curaire Camchosach, agus adubhairt an ghéis mar so: "Is truagh tuirseach doiligh liom an riocht sin i bhfaicim thu a mhic Rígh na h-Ioruaidhe." "An labhra daonda sin id' bheól a eóin?" ar Cod. "Thug an fíor-Dhia for-órdha sin dam, d'athcuinge," ar an t-éan. Agus adubhairt Cod, "A Dhia, ó thárla urlabhradh daonda agat, tabhair sgéala dhúinn." "Do-bhéara cheana," ar an ghéis, "is mé do chuir thusa 's an riocht a bhfuil tu anois."
..agus ro fhiafruigh Cod di cionnas ro fuair a h-aithghin urlabhra daonna do bheith aice amhlaidh sin...
"Dá mba tráth achmhusáin dúinn é," ar Cod "do bhéarfamaois, duit é." Is annsin adubhairt an ghéis, "Gidh atá sibhse is na riochtaibh sin, níor sgaoileabhar mo gheasa-sa, agus ní h-iad mo gheasa féin chaoinim, acht is truagh amhgar liom an riocht sin a bhfuil sibh-se; agus thugas brat Rígh na h-Antuaighe liom chughaibh-se, agus cibé corp fa gcuirthear é biaidh 'na riocht féin, má fada no gairid, no go bhfághthar íocshláinte dhó, agus is í mo chómhairle dhuit-se a chur um chorpaibh do dhearbhráthar, i ndóigh go mbeith i gceineamhain duit íocshláinte d'fhághail uair éigin do a n-aith-bheodhughadh," agus thug sí an brat iongantach sin dó. Is annsin d'éirigh Cod agus an Curaire Camchosach agus do thógadar béal na h-uaighe, do chur an bhrait fa na corpaibh: agus ar n-a fhaicsin sin do'n Churaire Camchosach do ling ar a muin agus fuair bás i gcéadóir. Agus do éirigh Cod agus do chuir an brat umpa 'na dtriar, agus do leag béal na h-uaighe orra arís, agus ní bhfuair bás riamh aon duine ba mheasa le Cod 'ná an Curaire Camchosach, óir níor bh'aonar leis agus a bheith aige: agus ceileabhras an eala dhó agus ráidheas na rain-se ria n-imtheacht dí:
"Truagh na geasa orrainn-ne O thárla tusa id' aonar, Sul do fheallas orraibh-se Truagh nach dtáinig mo shaoghal. "Mé an eala ó'n chaomh-innse Is mé dobhrán an easa, Is mé cat na Saor-Innse Ní mé de mhnáibh ba mheasa.
"Ar dtoisg go binn Bómaine 'S ann do cuireadh na geasa, d'inghin Rígh na Dreólainne Níor ba leas-mháthair leasa. "Ar ngeasa is dó-fhuasgailte Ní h-iompa táim ar buile, Acht tuitim na gcuraidh-se. Do-bheir mo chroidhe ro-truagh."
CASTAR COD DO BHETHUINE. A h-aithle na laoidhe sin do chuaidh Cod fó'n bhfíodh coille ba chomh-neasa dhó, agus thug gual-eire mór leis de chraobhach agus de shlataibh na coille, agus d'fhíodhbha fada bláthréidhe, agus do dhoigh tor mór tréan teineadh. Agus do thuit dorchacht na h-oidhche ar Cod, mar sin. Agus is gearr do bhí sé d'aithle na h-oibre sin go bhfacaidh sé aon chailleach d'á ionnsaidhe, agus is amhlaidh do bhí an chailleach sin agus aon shúil amháin i gceart-lár a duibhéadain duaimhsigh droch-dhaithte, agus aon chos altach ingneach gheur fúithe, agus aon lámh mar chrann-seóil comhramhar loinge as a h-ucht cnapach corrach, agus do shuidh an chailleach de'n taobh eile de'n teinidh, agus adubhairt "I d'aonar taoi a mhic Rígh na h-Ioruaidhe," ar an chailleach. "Ní h-eadh anois," ar Cod, "óir atá tusa agam." "Ní h-agad atáim-se," ar an chailleach, "acht tusa atá agam-sa muna dtugaidh tú mo chíos dam." Cá cíos sin a chailleach?" ar Cod. "Comh-fhaid mo choise d'ór áluinn aith-leighte," ar an chailleach. "Nach geabha tú airgead uaim?" ar Cod. "ní gheabhad," ar an chailleach. "Is dóigh liom nach bhfághann tú airgead na ór uaim-se,"
ar Cod. "Agus a chailleach," ar sé, "créad fá deara dhuit-se an cíos sin do bheith agaibh amuich ar gach aon?" Do ráidh an chailleach: "An t-athair d'á rugadh mise do thuit ar an tulach-sa, agus is é is eiric damh-sa, - cia bia doghní teine ar an tulach so an oiread úd d'ór d'fhághail damhsa, no ceann an fhir sin féin." "Níor chleachtas cómhrac caillighe do dhéanamh riamh, agus gidheadh do ghéan anois é má's éigin dam." Is annsin adubhairt an chailleach, "An áil leat-sa teacht ar feis oidhechta liom féin anocht, a mhic Rígh na h-Ioruaidhe?" Adubhairt Cod, "dá dtugadh duine ba ghráince iná thusa cuireadh na h-oidhche anocht dam is dearbh go ngeabhainn uaidh é, agus geabhadh uait-se é." Is annsin d'éirigh an chailleach i dtosach na slighe, agus do lean Cod í go dtárla dhóibh bruighean cheann-árd chlogasach uaithne ucht-bhláith fhuinneógach, agus do chuadar isteach innti, agus do b'aoibhinn an Rí-Bhruighean sin, agus is í teine do fuaradar ar urlár na cáthrach sin, .i. teine de chlochaibh buadha, agus níor éirigh de no deatach dí, agus do bhadar cáthaoirigh d'ór áluinn i bhfochair na teineadh sain, agus peall sróil i nglaic gach cathaoireach díobh, agus do shuidh Cod i gcáthaoir dhíobh agus do shuidh an chailleach i gcáthaoir eile dhíobh sin. Agus do sgaoil Cod a earra catha agus cómhraic dé, agus d'éirigh an chailleach agus thug sí corn cloch-bhuadhach cúmhdaighthe i lámhaibh Chuid, agus ibheas Cod deoch as an gcorn sin, agus a h-aithle na dighe d'ól, thug an chailleach biadha saora so-chaithte chuige, agus do chaith Cod a leór-dhóthain díobh, agus ba mhilis-bhriathrach deagh-chómhráidhteach cailleach na Bruighne le Cod. Agus do b'iongnadh leis gan do bheith de dhaoinibh aici acht í féin amháin, agus do fhiafraigh Cod de'n chailligh, an raibh isin gcáthair áluinn sin acht í féin amháin na h-aonar. "Is dearbh go bhfuil," ar an chailleach, agus do chruadh-chroith an chailleach slabhradh do bhí i láimh léi, agus do tháinig caogad cailleach asteach, agus fearas na mná fáilte fria Cod, agus iad
uile i gcosamhlacht ris an gcéad chailligh. Is annsin fíafruigheas Cod i sgéala féin de'n chailligh, agus adubhairt mar so: - "Rígh ro ghabh flaitheas agus forlámhas fós chríochaibh na Sorcha uair éigin, dar ba chomhainm Roighne rosg-glais mac Risína shiúbhlaigh, mic Laoisigh lámhfhada, agus ní raibh de chloinn aige acht aon inghean amháin agus ní raibh mac Rígh ná ro-fhlaith ná Tighearna fo thri foghail-rannaibh an bheatha nach dtug sí éaradh tochmarc agus tabhartais ar gach aon díobh fo leith. Agus do gabhadh lá aonaigh agus árd-oireachtais leis an Rígh sin, ar fhaithche an dúna so a bhfuil tusa anocht, agus thángadar maithe agus mór-uaisle críche na Sorcha go h-iomlán chum an aonaigh sin, agus do shuidh a n-uaisle agus a n-árd-mhaithe i dtimchioll an Rígh go h-uasal onórach, agus thug an Rígh súil 'na thimchioll go bhfacaidh long luchtmhar lán-aidhbhseach bhreac-sheóltach ag tigheacht i dtír i gcuan na cathracha-sa, agus ní tháinig de shluagh no de shocaidhe aisdí acht aon óglach amháin, agus tháinig ar an tulach so thall, agus do sháith a sgiath i dtaobh na tulcha-sa, agus do thógaibh a ilchleasa os a cheann go h-uathbhásach. Agus ní raibh de na slóightibh uile neach d'ar leig an eagla dul d'iarraidh sgéala far an ridire óg iongantach sin, gur cuireadh draoi fáthach focal-ghéar ag iarraidh sgéal ar an ngaisgidheach cathbhuadhach sin. Agus thug an deagh-laoch sin sgéala dhó gan imreasán, agus do ráidh gur b'é féin Ceann gan colainn mac Rígh na gCaisleán, agus gur d'iarraidh inghine Rígh na Sorcha tháinig sé, agus adubhairt a cur chuige, no céad fear n-arm do chur do chómhrac ris, agus nuair do thuitfidís sin an oiread eile do chómhrac agus do chathughadh fris. Agus tháinig an draoi leis na sgéalaibh sin do chum an Rígh, agus do chuadar maithe agus mór-uaisle críche na Sorcha i gcómhairle, agus is í cómhairle do críochnuigheadh leó, céad fear n-arm do chur do chómhrac ris an ngaisgidheach; agus do cuireadh. Ní fada do mhair an céad sin dó. Agus do cuireadh céad eile do chómhrac fris,
agus ní fada rug an céad sin dó. Acht tá ní cheana, do thuiteadar urmhór sluaigh críche na Sorcha leis, agus na rígh féin, sgéal ba mhó, sul do tháinig an tráthnóna chuige. Agus a mhic Rígh na h-Ioruaidhe is mise féin an inghean do bhí ag Rígh na Sorcha fo'n am sin, agus an tan do chonnairc mise an t-ár mór ar na slóightibh, do chuireas cealtar daoigheachta i dtimchioll na cathracha so, ionnus nach bhfacaidh aon duine an cháthair-se ó shoin a leith, agus do ghaibh an gaisgidheach sin neart agus treise agus ceannas na críche seó ó shoin anuas, agus a shliocht 'na dhiaigh. Agus fós a mhic Rígh na h-Ioruaidhe, is ar shliocht an ghaisgidhigh sin atá an fear úd do thuit leat-sa, amuigh, agus is é sin mo cháirdeas féin riot-sa a mhic Rígh na h-Ioruaidhe," ar an chailleach. "Beir buaidh agus beannacht" ar Cod, "is maith na sgéala sin, agus innis anois dúinn créad do bheir gan chosaibh gan lámhaibh sibh, i gcruth éagsamhail mar sin?" "Inneósad sin daoibh, a mhic Rígh na h-Ioruaidhe," ar an chailleach, "i ndóigh gur móide sgáth agus im-eagla cáich rómhainn, ár mbeith mar so, agus níor ghnáthuigheadar ár dtaithighe tríd sin," ar sí, "agus is gan fhios do lucht na críche seó támaoid san mbruighin seo de ghréas, agus a mhná," ar sí, "téidhmid ann ár gcruth féin go lá. Do rinne na mná sin agus níor bh'éagsamhla mná 'san domhan no iad, ar feabhas a ndeilbhe agus ar bhreághthacht a sgéimhe. Is ann sin do cuireadh luibhe íce, no balsoim, i gcneadhaibh agus i gcréachtaibh mic Rígh na h-Ioruaidhe. Is ann sin d'fhiafruigh Cod de na mnáibh an raibh íce no balsom ag Rígh na Sorcha. "Do bhí cheana," ar an inghean, "agus do bhí uathadh ban sa gcáthair, lá éigin, agus tháinig athach úr-ghránda i bhfochair do'n chaithrigh seo, agus an íce atá tusa d'iarraidh, do rug leis i gcéadóir í, agus do chuadhas ar bhárr na cathrach sin, agus do chónairc mé an uillphéist athaigh sin ag dul i mbéal na h-uaimhe tá re taobh na mara so shíos."
Iar sin d'fhiafruigh Cod de'n chailligh créad fad d'aimsir ó fuair a h-athair bás, "no ca h-ainm atá ort féin?" "Bethuine is ainm damhsa," ar sí, "agus tá trí chéad bliadhan ó fuair m'athair bás." "Créad do bheir beó sibh an fad sin?" ar Cod. "An dtugais fo deara an corn as a dtugas an deoch duit ó chianaibh?" "Do chonairc mé," ar Cod. "Maiseadh," ar sí, "gidh bé neach ólfas deoch as gach lá, ní luigheann aois no úr-chrádh air, tre bhith shíor, agus táid seóid eile againn ar a bhfuilid iomad buadh mar súd." Iar sin do cóirigheadh iomdhaidh agus árd-leaba do Chod, agus cuireadh bruit uaisle onóracha ar an leaba sin. Thugadar as an oidhche sin gur éirigh an ghrian iona ciorcal teintidhe os dreach na talmhan tromfhódaighe ar na mhárach. Is ann sin do ghabh Cod a earradh aistir agus imtheachta uime, agus do iarr ar mhnaoi de na mnáibh dul leis do dhéanamh eóluis do chum na h-uaimhe, 'na ndeachaidh an t-athach. Do chuaidh Bethuine le Cod do dhéanamh eólais na h-uaimhe dhó, agus do rinne an laoi:
"'S tuirseach sin a chompánaigh A Choid na mbriathar maordha Cuid ded' eachtra ghabhlánaigh I mbéal uaimhe is tu id' aonar. "Do shluagh gion gur an-áibhseach Saoilim nach baoghal duit-se, Gé taoi anois go tuirseach Mor tír d'á dtugais tuirse."
A h-aithle na laoidhe sin do chuaidh Cod san uaimh, agus fuair fosgailte í, agus slighe chaol chúmhang dhorcha ann, agus do lean Cod an tslighe sin go dtárla mágh mhín áluinn dó iar
bhfághbháil na h-uaimhe sin, agus thárla oileán beag dó, agus do ghabh sé ag min-iarraidh an oileáin no go dtárla tigh beag ro-áluinn dó, agus teine gan de gan deataigh ar fadógh ann, agus an tigh sin ar na eagar agus ar na úr-luachradh de chaonnach an tsléibhe, agus de luibheanaibh na talmhan, agus de dhuilleabhar na gcrann. Agus ro shuidh Cod ann, agus ro bhuain a arm agus a earradh aistir agus imtheachta dhé agus adubhairt sé, "Anfad ann so anocht agus má tá athaigh ins an oileán so is annso bhíd de ghréas," agus do bhí nóin agus deireadh an laé ann an uair sin. Agus iar dteacht na h-oidhche chonnairc Cod athach úr-ghránda ath-uathmhar d'á ionnsaidhe, agus fiadh feólmhar ar a dhá bhinn leis, agus do threasgair go lár agus go lán-talmhain é agus feannas go h-athlamh é dá éis, agus do chuir ar cheithre biorraibh fada fionn-choill a cheithre ceathramhna, agus fadoigheas morc treathan-mhór teine ris, agus níor labhair aon fhocal re Cod ris an raé sin. Agus d'fhiafruigh Cod de'n athach ann sin: "Cá leith dhíobh sin mo leith-se?" Adubhairt an fear mór, "Ní shaoilim-se gur leat ceachtar dhíobh," agus an tan fá bheirbhthe ullamh an fheóil thug an t-athach lámh na timcheall, agus rug d'á thaobh féin de'n teine í. Is ann sin thug Cod sith sanntach sár-lúthmhar ar an bhfear mór, gur chuir a chúig caoil i gceann a chéile, agus b'áil leis a cheann do bhuaint dé. "Ná marbh mé," ar an t-athach, "agus biaidh mé úmhall duit as so suas." "Tá connradh ar an ndéanfainn sin," ar Cod. "Cá connradh sin?" ar an t-athach. "An íce atá agat d'fhághail damh-sa," ar Cod. "Níl an íce agam-sa go dearbhtha," ar an t-athach, "agus a bhfuil d'á sgéalaibh agam do bhéarfad duit-se é." Agus do sgaoil Cod i gcéadóir dhé. Is annsin adubhairt an t-athach fá ráidhtibh gréine agus iasga, go ndéanafadh sé fírinne do Chod.
Is annsin adubhairt an t-athach: "do bhí an íoc-shláinte sin ag an athair d'á rugadh mise, agus thángadar triar athach chugainn, agus rugadar an íce sin uainn; agus toradh mo reatha do rug mise uatha. Agus do chuadar i mbéal uaimhe tá re taobh an oileáin seo, agus ní'l a bheag no a mhór d'á sgéalaibh agam ó shoin a leith." Agus rugadar as an oidhche sin, no gur shoillsigh an lá go n-a lán-tsoillse ar na mhárach orra. Is annsin do chuaidh Cod i gceann aistir agus imtheachta, agus do iarr sé ar an bhfear mór dul, do dhéanamh eólais dó, ar an uaimh a ndeachadar na h-athaigh. Is annsin dubhairt an fear mór nách geabhadh maitheas na talmhan agus aon shúil amháin do thabhairt ar aon aitheach díobh, agus dá dtugtaoí maitheas na cruinne dhó féin nach geabhadh é, agus dul ar a n-amharc arís. " Tar, a fhir mhóir," ar Cod, "agus ná bíodh uamhan ná im-eagla ort an feadh bhiad tu ann mo chuideachta-sa." Iar gclos na mbriathar sin do'n fhear mór do chuaidh sé leis, go dorus béil na h-uaimhe. CASTAR COD DO GHRIAN GNÚIS-SHOLAIS. Agus do chuaidh Cod i dtosach na slighe isteach ins an uaimh, agus fuair slighe chomh-dhorcha innti, agus iomarcaidh de iongantasaibh dó-áirmhighthe. Agus thárla oileán beag dó agus fairrge ar gach taobh dé, agus cloidhe comhranna tre lár an oileáin sin, agus tréad de chaorachaibh ar gach taobh dé sin, agus aon reithe corcardha eatorra, agus do bhí a leath de na caorchaibh dubh agus an leath eile fionn díobh, agus an tan thigdís na caoirigh dubha do'n taobh a mbídís na caoirigh fionna do bhídís uile glégeal agus an tan thigdís na caoirigh fionna do thaobh na gcaorach ndubh de'n chloidhe, do bhídís uile dubh, agus is é an reithe do chuireadh na caoirigh amach 's asteach fo an cloidhe, ar an ordughadh sin. Agus do bhí Cod d'á bhféachain seal, agus do chuaidh do'n chuid eile de'n oileán, agus thárla loch
áluinn dó, agus cith áluinn d'éanaibh glé-geala, agus sír-éirghe suas as lár an locha sin, agus ní fhilleadh aon éinín síos arís díobh acht ag sír-éirghe suas de ghnáth. Agus adubhairt Cod gur maith leis fios do bheith aige cia as a dtigeadh na h-éin ghléigeala sin, agus thug brat uisge bhí aige amach, agus thug a ucht ar an loch, agus téid faoi go greann agus go grinnioll, agus féachas ar gach taobh dé, agus do chonnairc dún dath-áluinn dearg-óir i gcéadóir uaidh. Agus do chuaidh ann, agus téid sé asteach ins an dúnadh, agus thárla inghean chruthach chaomh-áluinn dó, agus calla d'ór áluinn Aifrice fo n-a ceann, go clochaibh buadha agus go niamhannaibh fionn-chorcra, agus go geamaibh fionn-airgid ag folach a h-ór-fhoilt, agus brat de'n chorcarshróil na timcheall, agus peall de shról uaithne fúithi go n-éaduighibh uaisle onóracha os gach taobh dí. Agus is amhlaidh do bhí an inghen sin agus slat gheal ina láimh, agus sgian bheag san láimh eile, agus do bhí sí ag snoidhe na slaitge sin, agus gach slios d'á mbaineadh de'n tslait d'éirgheadh 'na n-éanaibh glégeala tre fhuinneógaibh na cathrach amach. Agus do b'iongnadh le Cod nádúir na slaite sin, agus do bheannuigh do'n inghin agus do fhreagair an inghean é, agus is eadh adubhairt: "Cia hé againn nach iongnadh a chéile; óir is iongnadh leat-sa mise, agus is iongnadh liom-sa tusa!" d'fhiafruigh an inghean a sgéala féin de Chod agus thug-san a sgéala féin dí, ó thús go deireadh. d'fhiafruigh Cod an céadna di-se agus do fhreagair an inghean é, agus is eadh adubhairt: "Mise Grian Gnúis-sholais inghean Rígh Foraoíse na n-Iongnadh agus is é sin an Rígh is mó cúmhachta 'san domhan re n-a linn, agus amhic Rígh na h-Ioruaidhe do b'annamh frith eólas an dúna-sa rómhad riamh, agus gabh an tslat so agus déana dreis d'á snoidhe." Do rug Cod ar an tslait agus do
chaith seal d'á snoidhe, agus níor chuir olc na anbhfainne d'á bhfuair riamh roimhe sin fair. Agus d'fhiafruigh Cod dí an raibh a leithéid sin de shlait 'san domhan acht í féin. "Tá go dearbhtha," ar an inghean, "agus an tí ag a bhfuil, ní bhéarfadh uaidh í tré ghrádh no tre fhuath no tre imeagala, agus is é an fear sin m'athair féin, .i. Rígh Foraoise na n-Iongnadh." Agus thugadar as an oidhche sin gur shoillsigh an lá go n-a lántsoillse ar na mhárach. Is annsin d'fhiafruigh Cod de'n inghin sgéala na n-athach do rug an íce leó. Do labhair Grian Gnúis-sholais agus is eadh adubhairt: "Ní fada uait Foraois na n-Iongnadh, agus táid na h-athaigh de'n taobh eile de'n loch so, agus an nídh atá tusa d'iarraidh, .i. an íce, d'a mbeadh sí againn ba leat-sa í gan fuireach, agus rachad féin seal leat do dhéanamh eólais duit." Do rug an inghean Cod léi i slighe eile, ionnus nár fliuchadh aon ruainne d'á éadach ina thimchioll. Iar dteacht i dtír dhóibh, d'fhiafruigh Cod de'n inghin an raibh fear diongmhála aici. "Do bhí sin agam," ar sí, "agus ní bhfuil anois, agus ní bhiaidh go bráth." "Ba mhaith linne méad éigin de sgéalaibh an fhir sin do bheith againn," ar Cod. "Geabhair-se sin gan amhras," ar an inghean, .i. "Ciabhán Glún-gheal mac Rígh na h-éanlaithe tháinig dom' thabhairt-si de'n dún-so i rabhais-si aréir, agus is amhlaidh bhí an fear sin; thug inghean Rígh Gréag sruth fíor-ádhbhal seirce dhó, agus tháinig sí leis i gcruth a chon féin an oidhche sin. Agus do rug mise agus an cú leis isin luing, agus thug tosach na luinge do mhuir agus a deireadh do thír agus seólas gacha ndíreach go dtáinig d'á thír féin, agus iar dteacht i dtír dhó, ar na mhárach do bhí an draoigheacht urlaimh léi, .i. cia bé an chéad eithide do theigeóbhadh dhóibh go gcurfeadh sí Ciabhán Glungheal
i riocht an eithide sin. Agus is í an chéad nídh thárla dhóibh, .i. seabhac súl-ghorm, agus nuair chonncamar an seabhac do éirigh Ciabhán glún-gheal i riocht seabhaic eile uainn, gur éirigh as ár bhfiadhnuise, d'eitil aierdha, i gcuideacht an tseabhaic eile, go bhfuil amhlaidh sin ó shoin aleith; agus thig sé san mbile úd thall do-chídh tusa, gach aon lá, agus bím-se agus é féin ag féachain a chéile. Agus éirghidh sé arís uaim i gcomhluadar na seabhac eile ó mheódhan laoi amach." Fiafruigheas Cod dí, an raibh 'san domhan aen nídh d'fhóirfeadh ar Chiabhán Glún-gheal? Adubhairt an inghean nach raibh, "óir na geasa do cuirthear de dhruim uisge, ní chuirthear ar gcúl iad go bráth." Is truagh an sgeul sin," ar Cod, "agus luighim-se fo m'armaibh gaisgidh da mbeadh sgaoileadh ar a gheasaibh fo thrí foghail-rannaibh an domhain go dtiúbhrainn-se chugaibh é d'aimhdheóin fear agus ban an domhain uile." Do cheileabhradar Cod agus Grian Gnúis-sholais d'á chéile. FORAOIS NA N-IONGNADH. Is ann sin thug Cod a aghaidh go Foraois na n-Iongnadh, agus níor chian dó an tan do chonnairc triar athach diabhluidhe dubh-ghránna d'á ionnsaidhe, agus beart de chroicnibh fiadh-maol agus fearbóg umpa, agus lámha ciorclacha ciardhubha aca. Agus beannuigheas Cod dóibh ina dteanga féin, agus do b'iongna leó faicsin Cuid, agus thugadar grádh ro mhór dó, ar fheabhas a dhealbha, agus thugadar sgéala dhó gan imreasán. Is annsin d'fhiafruigh Cod sgéala na h-íce de na h-athachaibh. "Is truagh sin," ar na h-athaigh, "óir do bhí íce againn-ne annso, agus rugadh uainn í go Foraois na n-Iongnadh, agus dá
mbeadh sí againn do bhéarfamaois duit-se í, ar mhéad an ghrádh thugamar duit-se; agus ná lean-sa go bráth í," ar siad, "óir is amhlaidh tá an Fhoraois sin agus Bile Buadhach 'na lár agus iollradh gacha datha ins an gcrann sin, agus ní'l toradh de thorthaibh an bheatha nach bhfuil ar an gcrann sin, agus is doiligh do aenneach d'á bhfaicfeadh é sgaradh ris, tre bhith shíor, ar mhéad a iongantais, agus ní dheachaidh aon duine asteach san bhForaois sin riamh tháinig amach arís go bráth, ar mhéad a draoidheachta, agus ná lean-sa an íce sin go bruinne an bhrátha no go foircheann an bheatha." "Luighim-se fá m'armaibh guil agus gaisgidh," ar Cod, "dá bhfuighinn-se an íce ann-so nach anfainn ann-so gan Foraois na n-Iongnadh d'fhaicsin, ar mhéad a teasta agaibh-se, agus déanaidh-se eólas damh-sa chum na Foraoise iongantaighe go luath," ar Cod. Do rinneadar na h-athaigh eólas na Foraoise do Cod, agus ní d'á gcead no d'á gcómairle chuaidh sé ann, ar uamhan lucht na Foraoise. Is annsin do chuaidh Cod go Foraois na n-Iongnadh, agus chonnairc sé Bile na mBuadh uaidh, agus do chonnairc sé iomad de dhathaibh éagsamhla agus de thorthaibh iongantacha fo gheugaibh trom-leathana an bhile bhláith-iongantaigh sin, agus ro sheachain é. Agus thárla trí fir déag dó agus a dtrí cinn déag d'easbhaidh orra, agus Rígh-mhíleadh ró-chalma ar lár na druinge sin, agus brat buadha d'ór áluinn Afraice uime, agus folt fada feamuineach fór-órdha for a cheann, agus mionn d'ór áluinn fá n-a cheann go ndealbhadh leóghan agus liopard agus go gríobh iongantach agus go beithidhighibh éagsamhla ar n-a n-eagradh de lámh suadh agus saorcheard ar an óir-mhionn sin, agus ni fhacaidh Cod an oiread sin de dhainibh riamh ba éagsamhla 'ná an bhuidhean mharbh sin. Agus do chonnairc ass áluinn go gclochaibh mbuadha fá chois an Ríghmhilidh sin, agus do shín Cod a lámh do bhuain na bróige dhé, agus do theilg an chos uaidh ar feadh naoi gcéimeann ar a chúl é. Is annsin do labhair ceann na colna, "ni sháróchadh aon duine an chos sin fo'n am so andé."
"Dar liom tá úrlabhradh agad a chinn," ar Cod. "Atá," ar an ceann. "Tabhair do sgéal dhúinn," ar Cod, "agus sgéala na buidhne-seo eile." "Tá connradh ar a dtiúbhrainn," ar an ceann. "Cá connradh sin?" ar Cod. "Feart do chlaidhe dham féin agus do na fearaibh eile seo," ar an ceann, "agus ár n-ádhnacal fó chéadóir." Agus iar rádh na mbriathar sin dó, do rug Cod ar mhanaois muirne mhóir leabhair do bhí aige i n-aice a sgéithe, agus do ghabh ag tochailt na h-uaighe i gcéadóir, gur ba h-ollamh í. "Dar liom atá an feart ollamh," ar an ceann. "Is ollamh anois," ar Cod. Agus is ann sin adubhairt an ceann an laoi: -
"Truagh deireadh na gcuradh-sa. Ni maith brandubh gan fuirinn, d'aon mhac Rígh na hAlmaine Ni fhóghnann leaba cúmhang. "Breasal beódha bord-bhriathrach Deagh-mhac Rígh Thíre-an-tSneachta, Fiachadh a's Fionn forniata Gus a ndéanadaois mná eachtra. "Corc a's Cairbre comhgaireach An dias so shiar ar m'uilinn Uaithne a's Artúr ollbhadhach Nach dtug do laochraibh urraim. "Laighne dearg is Tuireanna Cuirtear sinne re chéile, Ainm na díse deireannaigh Feachna fionn is Béinne.
"Cuirtear sinn san adbhaidh-si A fhir an órfhoilt fhionnfhuair A ghil dheirg óig abradhuibh Adubhras focal ró-thruagh."
A h-aithle na laoidhe sin do chuaidh an ceann i gcionn d'innsin do Chod, agus adubhairt mar so: - "Iollán Ór-Armach mac Rígh na h-Almáinne an fear d'ar ceann mise, agus Clann Rígh Thíre-an-tSneachta an dá fhear déag so 'mo thimcheall, agus is dearbh-chómhaltaidhe dhamhsa iad, agus thugas-sa tuile trom-ghrádh agus sruth síor-sheirce d'inghin Rígh fá thuinn," ar an ceann. Agus is amhlaidh do bhí an bhean sin: do bhí móid uirri nach beadh fear aici acht an fear do bhéarfadh Bile na mbuadh as Fhoraois na n-Iongnadh chuic; agus do bhí de mhéad grádh na mná sin agamsa, nár fhéadas gan dul d'iarraidh Bile na mBuadh, agus tháinig mo dhearbh-chómaltaigh liom, agus do h-imireadh draoidheacht orrainn ann so, agus is é an chéad nídh do chonncamar chugainn .i. fear beag agus cruit chaoin-téadach cheol-bhinn aige ina ucht leis, agus thug an fear beag dorn ar an mbéal do'n fhear fá chóimhneasa dhó againn-ne, agus thug an fear sin a chloidheamh amach do bhualadh fir na cruite, dar leis féin, agus ní h-é do bhuail, acht fear againn-ne, ionnus gur sinn féin do dhithcheannuigh a chéile tre dhraoidheacht fhir na cruite. Agus cia h-iongna sin? Is iomdha iongantas is mó 'ná é i bhForaois na n-Iongnadh má's fíor, agus cidh maith linne thusa d'ar n-adhlacadh, is doiligh linn thu d'fhanamhain an fad sin, b'eagla draoidheachta na foraoise iongsantaighe seo." Is annsin thug Cod a lámha timchioll Iollain Ór-Armaigh agus do chur i lár na fearta é, agus do chuir seisear ar gach taobh dé, agus do sgríobh a n-anmanna i n-ogham os an bhfeart, mar ba ghnáth aca an uair sin. A h-aithle na h-oibre sin do bhí Cod ag min-iarraidh agus ag amharc na foraoise agus ba ghearr a h-aithle an amhairc sin
go bhfacaidh fear na cruite agus a chruit fá n-a ucht leis chuige, agus tháinig do láthair Chuid. Agus thug Cod sítheadh ar fhear na cruite, agus buaileas an chruit fó an gcarraige cloiche fá chóimhneasa dhó, agus do chuir bladh in gach áird de'n fhoraois dí. Agus tiomsuigheas an fear beag an chruit arís i ndiaidh a chéile, agus dar leat níor bhain buille ná béim dí. Do rug Cod an dara feacht ar an bhfear beag gur sgar a cheann re n-a cholainn. Is annsin d'éirigh an fear beag arís agus do imthigh, agus a cheann ina láimh, agus a chruit ins an láimh eile. Agus do b'iongna le Cod an cleas sin. Níor chian, iar sin, a h-aithle an fhir bhig d'imtheacht, go bhfacaidh sé dámh iongantach chuige, agus dá bhinn óir fair, agus bean-buadhbhaill 'na bhéal, agus do bhuail buille ar an mbeanbuadhbhaill sin, agus ní raibh cat no cailleach no aireachta gránda éigcéillidhe i gcreig no i gcuais no i gcarraig no i dtigh no i dtalmhain no i sigh-bhrogh sithe no i néalltaibh athuathmhara aédhir, nach dtáinig, fá fhoghair na bine-buadhbhaill sin. Is annsin thug Cod lámh fá'n manaois muirne mhóir leabhair do bhí i n-aice a sgéithe, agus thug urchar dhí, gur chuir thríd an dámh í. Agus nuair thárla an tsleagh dhó ni mo sgreadaidh beathuighigh eile 'ná sgréach na sleighe féin, agus ba h-iongna le Cod nádúir na sleighe sin. Agus is amhlaidh do bhadar na beathaidhigh eigcéillidhe sin, agus drong díobh ag sgreadfidh agus drong díobh ag búirfidh, drong ag basgarnaigh agus drong eile ag tuargan na talmhan d'á gceannaibh agus d'á gcosaibh, agus ní féidir a áireamh no a fhaisnéis a raibh d'olc agus d'áithmhilleadh draoidheachta is an bhforaois i n-alt na h-uaire sin, agus ní raibh cloch ná crann innti nach raibh ar aon chrith, agus ar aon tóirneach. Is annsin do thug Cod an chloch nimhe do bhí i gcuibhribh a sgéithe amach agus do thiomsuigh na h-eithdighe éigcéillidhe no gur chuir i mbéal uamha is an bhforaois
iad; agus ba mhaith an t-ádhbhar measgtha mi-laoich i bhForaois na n-Iongnadh an tan sin bheith ag éisteacht le h-uallgháire agus re sgréachaidh agus re crith-bhuirthidh na n-arracht n-iolchruthach sin. ..o sgreadail ... o sgiamhghal... Acht tá ní cheana, tháinig Cod tar éis na h-oibre sin ar feadh na foraoise, agus ba thuirseach im-shníomhach aithmhéalach é, agus ba bheag nár bh'aithreach leis teacht do'n bhforaois sin, agus do b'iomdha faolchú nimhneach siúbhlach ar fo-luaimneach, ag éirghe ar gach taobh dé, agus ní bheireadh orra, acht iad ag imtheacht uaidh in gach aon áird ina ró-bhuinneadhaibh róireatha. Is annsin do chonnairc Cod bantracht ró-áluinn ban chuige, agus Ríoghan cheannárd chéadfathach i dtosach na buidhne sin, agus eiliotram órdha, ar ceathrar, roimpi amach, agus tháinig an inghean sin do láthair Chuid fá'n gcumadh sin, agus adubhairt, "A mhic iongantaigh," ar sí, "do b'anamh oidhe rómhadh riamh i bhForaois na n-Iongnadh, agus an méad bhus áil leat de sheódaibh uaisle na foraoise beir leat é, agus an fhoraois d'fhágbháil anocht." "Dar an luighe ghnidhim le Dia," ar Cod, "ní gheabhainn ór na cruinne agus gan fanamhain i bhForaois na n-Iongnadh d'aimhdheoin a bhfuil innti." "A mhic Rígh na h-Ioruaidhe," ar an inghean, "ag súd agat an dámh do ghonais ó chiainibh againn-ne san eiliotrom." Mar do chualaidh Cod sin thug a chloidheamh amach, agus do ghabh ag cómh-thuargain ar an eiliotrom no go ndearnaidh sé blogha beaga béal-sgaoilte dhé, agus d'imthigheadar na mná uaidh. Iar sin do leigeadar aon gháir ós árd asta, agus cuid de'n eiliotrom i n-ucht gacha mná dhíobh; agus is ath-uathmhar do bhí Foraois na n-Iongnadh i n-alt na h-uaire sin ó singala na n-oillphiast n-allmhurdha sin. Agus adubhairt Cod de ghuth árd mór follus-ghlan le lucht na Foraoise, "ni fearr liom cearcall codlata, dá mbiadh agam anocht," ar sé, "ná oillphiasta na foraoise seo." Is annsin do chuaidh Cod go bile
na mbuadh agus thug gual-eire mór leis de ghéagaibh an bhile bhláith-bhuaidhigh iongantaigh sin go ndearna both agus béal-sgalan dé ar lár na foraoise. Agus ni ar choimirce lucht na foraoise do chuaidh Cod an oidhche sin, acht ar choimirce a láimhe agus a lainne féin. Agus do fhadaigh teine tréan mór an uair sin, agus ní raibh fad orlaigh de'n fhoraois sin gan eithide fíor-ghránda do bheith innti, agus do leigidís gártha gráineamhla ina thimchioll, ionnus go dtigidís na piasta sin fá'n teinidh, d'ionnsaidhe Chuid. ...torc treathan mhór teine... Acht tá ní cheana, ba shamhailte le ruithne ruadh-gaoithe no re fuaim príomh-thuinne re h-eas athgharbh, nualainn coda dhíobh, agus ba shamhailte le réaltannaibh loinneardha a súile 'na gceannaibh. Agus do bhí an charraig sin .i. Cod mac Rígh na h-Ioruaidhe gan chlaochladh crotha no céille no deilbhe, gan corughadh meanmna no Is annsin d'éirigh Cod, an dara feacht, agus thug lámh 'na dtimchioll amhail aodhaire ag tiomsughadh tréada, agus do thiomsuigh go béal uamha, gur chuir i mbéal na h-uamha céadna arís iad. Agus do lean isteach iad, agus an t-arracht air a mbeireadh do bhuaileadh ar an dara h-arracht é, gur chuir dith ró-mhór dó-áirmhighthe orra, agus do lean dóibh go grinneall na h-uamha, agus ní fheadar cá leith a' ndeachadar uaidh fá'n am sin. Agus tháinig Cod amach, iar sin, agus ní bhfuair ar muir no ar tír riamh an oiread sin d'aimsir ba mheasa leis, 'ná an feadh do bhí sé astigh ins an uaimh. Agus níor lúghaide aith-mhilleadh na foraoise, dar leis féin, gach a ndearna sé de dhíoghbháil dóibh. Agus do tháinig chum na teine agus ní bhfuair aon chrithir beó dhí: agus is amhlaidh fuair an boith do bhí aige, ina dhoire dhlúith de chaol-chrannaibh réidhe rófhada, agus gaotha géara grod-neimhneacha d'á lúbadh agus sneachta fliuch lán-trom ag lúbadh na gcrann sin, agus linnte fuara fíor-uisge
ag snoidhe agus ag síor-thibersin idir na crannaibh ceann-réidhe. Agus is ádhbhal re n'innsin tuarasgbháil Foraoise na n-Iongnadh mun am sin, agus níor bh'in-chreidte ó dhraoithibh dá bhfeasaighe ná ó úghdar dá ghlice, a raibh d'aithmhilleadh draoidheachta ar feadh Foraoise na n-Iongnadh an tan sin. Is annsin thárla athach fíor-ghránda do Chod re taoibh na Foraoise, agus beart de chroicnibh fiadh maol agus fearbóg uime, agus dá bhinn comh-ghlasa gabhair fair tre na chloiginn, agus lámh chiorcla chiardubh aige, agus aon chos mar chrann-seól loinge lán-mhóire faoi, agus loirgfhearsad imreamhar d'iarann athleaghtha ina láimh, agus laogh im-dhísgir allata san láimh eile ar éill aige. Agus iar dteacht do láthair dhó d'fhiafruigh Cod sgéala dhé, agus d'fhiafruigh fós créad é ádhbhar a bhráighdheanais ar an bhfiadh-maol. Adubhairt an t-athach nach raibh fonn air sgéala d'innsin, agus "nach mó do dhéanfadh ar maithe re neach eile é, agus ní thiubhrad níos mó de mo sgéalaibh duit-se no do dhaoinibh eile, acht amháin gur measughadh oidhche do thug is an bhforaois mé." Annsin mar do chualaidh Cod glór neamh-thláth an athaigh, níor fhéad a fhulang, agus thug buille cloidhimh tre cheann an fhir mhóir, agus ba shamhailte re fuaim príomh-darach, foghar agus torann an athaigh, ag rochtain go lár agus go lán-talmhain dó. Is annsin thug an t-athach cliseadh colna go dtárla 'na sheasamh ar aon chois arís, agus an cloidheamh trasna tre n-a cheann. Is amhlaidh do bhí Cod an uair sin ar ghualainn an fhir mhóir, agus a dhá dhorn i ndornchladh a chloidhimh féin, agus níor fhéad a leigean amach, agus do rug an t-athach ar a luirg i láimh leis, agus ar an tslabhradh do bhí ar an bhfiadh-maol san láimh eile, agus do ionnsuigh an t-athach dorus-bheól na huamha bhí san bhforaois, fó an gcuma sin. Ba nár re Cod an cleas sin, agus ba bheag nár bh'fhearr leis blodh mór d'á shaoghal do theacht 'ná an fhoraois d'fhágbháil an oidhche sin. Agus iar rochtain go dorus na h-uamha dhóibh, do chruadh-fháisg Cod dorn-chladh an chloidhimh go
glac láidir, go ndeárnaidh blodha beaga dhe, ionnus gur thuit féin de ghualainn an aithigh go talmhain. Agus iar rochtain chum na talmhain do Chod, tug súil thairis, agus is eadh do chonnairc an cairthe comh-mhór cloiche ar ndéanamh de'n aitheach agus an cloidheamh tríd, ó'n taobh go chéile. Agus níor fhéad Cod an cloidheamh do tharraing as an gcarraig acht do thug sithe prap ar an luirg fomhordha do bhí ag an athach, agus is eadh adubhairt, "is fada go dtárla mo dhíol d'arm dam go dtí anocht." Is annsin do fhill Cod ar fud na foraoise agus is amhlaidh do fuair í, eidir chrannaibh agus clochaibh, 'na h-aon leic fhuair oighreachta an uair sin, agus níor mhaith adhbha cómhnuighthe an uair sin í, agus adubhairt Cod, "is mairg duine coimhtheach tháinig i bhfad go Foraois na n-Iongnadh, agus ní ba fearr dóibh-sean má ba beó mise amárach." Agus ní raibh fios créad do dhéanfadh, an t-am sin, óir ba mhór uisge na foraoise agus ba iomdha eithide fíor-ghránda agus gealta glinne, agus deamhain aédhir ag sgreadfaidh agus ag béicfidh fá'n aimsir sin i bhForaois na n-Iongnadh; agus dá dteangmhadh a charaid gaoil i gcómhfhogus do neach, ní chluinfeadh iad ó chaint agus ó ghárthaibh na n-arrachta sin. Agus do smuain Cod nár bhaoghal dó iad, óir níor lucht troda ná teangmhála iad. Is annsin do chonnairc Cod lóchrann lonnardha lán-álainn ar lasamh d'á ionnsaidhe, agus inghean óg iol-chrothach cheann-árd chéadfadhach ag iomchur an lóchrainn sin, agus thug Cod aithne uirri, .i. gur b'í Grian Gnúis-sholais inghean Rígh Foraoise na h-Iongnadh do bhí ann, agus tháinig do láthair Chuid, agus d'fhear fáilte go fríochnamhach ria Cod ina ainm agus ina shloinneadh, agus adubhairt an inghean, "A mhic Rígh na h-Ioruaidhe, dar liom féin is olc fuair tu Foraois na h-Iongnadh ó tháinig tu innti, agus tar liom-sa do mo bhruighin féin, má olc maith re a bhfuil innti." Ba mhaith le Cod an cuireadh sin d'fhághail, agus d'imthigheadar rómpa leith ar leith, agus thárla bruighean cheannárd chlogasach aoibhinn
bhláith-iongantach dóibh, agus ba h-ilghréasach iolchrothach an bhruighean sin, óir do bhadar mórán aoibhneas innti, agus do bhí seacht ndoirse uirri, agus céad fear n-arm ar gach aon doras díobh, agus níor chumadar lámha suadh na saor-cheard o do cruthaigheadh an chruinne baramhail do'n chathraigh sin, ar a h-ilghréasaibh, óir do bhadar mórán de chlochaibh uaisle agus de liagaibh loghmhara ina taobhaibh, agus is í cathair do b'fhearr dealbh agus déanamh san domhan í, ó Chathair na h-Isbirne amach. Agus fuaradar ar a gceann innti Rígh forasda flaitheamhail i gcathaoir áluinn órdha, agus trí caogad ridire go mbeartaibh óir ór-loisgthe ar gach taobh dhé, agus bantracht i mbrataibh sróil i n-árd-ghrianánaibh an dúna dheagh-mhaisgh sin. Agus d'éirigh an Rígh sin agus do rug ar láimh ar Chod, agus do chuir na shuidhe é i n-ionad Rígh ins an Ríogh-bhruighin sin, agus thángadar maithe na cáthrach, idir fhear agus mnaoi, d'á ionnsaidhe agus do chuireadar fáilte fria Cod, gidh nach raibh d'á eólus aca acht a fhaicsin i bhfochair na h-inghine, agus méad na honóra do bhí ag an ríoghain dó. Is annsin d'fhiafruigh an Rígh de'n inghin, "Cia h-é an Ridire óg amhulcach iol-chrothach thug sí léithe do'n teaghlach?" Adubhairt an inghean, "Cod mac Rígh na h-Ioruaidhe an fear úd," ar sí, "agus tugaidh-se dhó gach nídh iarrfas orraibh, agus muna dtugaidh sibh de bhur ndeoin é is éidir leis a bhuain díbh de bhur n-aimhdheoin, agus gidh gur líonmhar bhur slóigh is ró bheag idir lámhaibh an fhir úd iad, óir is leis an bhfear úd do sraonadh cath ar Rígh na Sorcha, agus do thuit an Rígh féin leis, agus iomad slóigh mar aon fris. Agus ní h-é sin amháin, acht is iomdha fuath agus arrachta comhaightheach eile do thuit leis, agus is fearr daoibh-se gach nídh iarrfas orraibh do thabhairt dó 'ná imreasán do bheith eadraibh agus é. "An bhfeadair-se," ar an rígh, "cá nídh iarrfas orrainn?" "Ni fheadar," ar an inghean, "acht gur dóigh liom go bhfuil lorgaireacht aige ar an íce atá agaibh-se." Fiafraigheas an flaithrigh féin créad de mhaitheas na foraoise le raibh a shúil. Is annsin adubhairt Cod, "Is í breith
do bhéarfainn-se orraibh .i. breith dhealuighthe idir bhur gceann agus bhur gcolainn agus maitheas na cáthracha agus na foraoise do bheith agam féin, muna mbeadh an inghean so do bhur dteasargan orm," ar Cod. Iar gclos na mbriathar sin do lucht na cáthrach uile, do leigeadar ar a nglúinibh iad, agus thugadar a lámha i láimh Chuid agus ghabhadar leis mar thriath agus mar thighearna, idir ísioll agus uasal, agus thugadar grian agus gealach do bheith díleas urramach dó ar feadh a raé. Agus thug Grian Gnúis-sholais cómhairle do Chod sin do ghabháil uatha agus adubhairt, "Is córaide dhuit an mhuinntir úd do ghabháil chugad nach rugadh a mbuaidh riamh rómhad, re h-uathadh no re h-iomad." Agus a h-aithle na mbriathar sin do shuidh an inghean i gcáthaoir áluinn agus do chuaidh lucht na cathrach uile fó chíos do Chod, o sin suas, agus do ghabh Cod sin uatha. Is annsin do tógbhadh buird shlím-leathna na Cathrach agus do folchaigheadh iad d'éadaighibh uaisle iongantacha, agus do shuidh an mór-theaghlach sin, agus tugadh biadha saora so-chaithmhe d'á n-ionnsaidhe, agus deocha sói-mheasgtha il-chineálacha, agus do ghabhadar ag ól agus ag aoibhneas go mba súbhach sói-mheanmnac iad. d'éirgheadar lucht ciúil agus oirfide agus a gcraobha coimhneasa agus a ngéaga ginealacha do chách go coitcheann. Is annsin thug Cod a lámh i gcobhrainn a sgéithe, agus thug cumaoin a ealadhna féin do gach aon díobh, agus adubhairt Cod, "Is maith do'n Bhruighin seo nach dtugamar eólas i dtosach na hoidhche uirri." Agus mar do chualadar muinntir na foraoise sin ó Chod, do ghabh eagla agus uamhan mór iad, acht tá ni cheana fós, ba bhinn re mnáibh agus ba shearbh re fearaibh ar chan sé. Acht tá ní cheana, thugadar as an oidhche sin no gur shoillsigh an lá go n-a lán-shoillse ar na mhárach. Is annsin thug Cod lámh ar imtheacht, agus tugadh an tslat iongantach sin dó, agus a chloidheamh féin, agus adubhairt Grian Gnúis-sholais, "A mhic
Rígh na h-Ioruaidhe do rug Cat na Saor-Innse an íce atá tusa d'iarraidh léithe, agus tá sí agus do bhráithre-se i dtigh Bethuine, inghine Rígh na Sorcha, ar do cheann. Ba bhinn le Cod na sgéala sin, agus thángadar an mhuinntir sin agus Grian Gnúis-sholais leis, go loch na h-Iongnadh ar ais arís, agus d'fhág Cod beatha agus sláinte aca. Agus ní h-aithristear sgéala imtheachta air, go ráinig Cathair Bhethuine i gCríochaibh na Sorcha, agus fuair sé Cead agus Mícead agus an Curaire Camchosach agus cat na Saor-Innse innti, maille ria, agus d'fhearadar fáilte roimh Chod agus do phógadar go díl agus go diacrach é, agus do ghabhadar ag tabhairt a sgéala féin dóibh o thús go deireadh, mar do h-aithbheódhaigheadh tre bhuadhaibh na h-íce do rug Cat na Saor-Innse chuca, iad. Agus do innis Féithleann Mhongshúileach mar do rug an íce léithe do'n taobh eile. Acht tá ní cheana do sgaoileadh a geasa de chat na Saor-Innse, an oidhche sin, agus ar na mhárach níor bh'éagsamhla bean san domhan 'ná í. Agus do ghabhadar lámh ar imtheacht, agus do thángadar go h-athlámh d'ionnsaidhe a luinge féin, agus do chuaidh Cead agus Mícead agus Féithleann Mhongshúileach agus an Curaire Camchosach innti. Is annsin adubhairt Cod nach rachadh beó no marbh féin go Críochaibh na h-Ioruaidhe, agus Iollán ór-armach mac Rígh na h-Almáinne d'fhágbháil 'na dhiaidh marbh i bhForaois na n-Iongnadh. Ceileabhraid d'á chéile annsin, agus thógadar clann eile Rígh na h-Ioruaidhe seólta na sheang-luinge tar dhrom-chladh gach domhan-fhairrge, agus ní h-innistear a sgéaluidheacht no go rángadar Críocha na h-Ioruaidhe. Agus fuicfeam annsin iad gan easbhaidh, agus tráchtam ar gach nidh dar éirghidh do Chod a bhForaois na n-Iongnadh. Filleas Cod roimhe an oidhche sin go Cáthair Bhethuine, go Críochaibh na Sorcha, agus do fhan 'na farradh an oidhche sin, go mocha na maidne ar na mhárach. Agus do ghabh Cod as sin go h-uaimh na n-Iongnadh ar na mhárach, agus do ghabh mar raibh Grian Gnúis-sholais inghean Rígh Foraoise na n-Iongnadh, agus do innis dí gurab d'fhéachain a' bhféadfadh aithbheódhughadh do dhéanamh
ar Iollán Ór-armach tháinig sé, do bhí marbh i bhForaois na n-Iongnadh, ó do bhí an íce aige do aithbheódhaigh a dhearbhráithre féin, agus adubhairt Grian Gnúis-sholuis gur cóir an toisc sin. Agus thángadar araon d'ionnsuidhe na fearta ina raibh Iollan órarmach agus a mhuinntir, agus d'fhosgail Cod an feart orra, agus thug íce i mbéal gach fir díobh fo seach, agus d'éirgheadar slán uile an uair sin. Is annsin d'fhiafruigh Cod de'n inghin an raibh ar dhruim an domhain nídh d'fóirfeadh do Chiabhán Glúingheal ó na gheasaibh. Adubhairt an inghean gan contabhairt nach raibh. "Ar ghrádh h-oinigh ná ceil orm-sa má tá fhios agat." "Is olc do rinnis sin d'iarraidh orm-sa," ar an inghean, "óir is eagal liom gur tríd do thuicfas do bhás, má chuiris rómhad furtacht d'fhághail dó." Agus adubhairt mar so, "Danuite, inghean Rígh Gréag, do chuir na geasa úd fair, agus dá mbeadh an bhean sin againn-ne ba dhearbh do Chiabhán Glúingheal a gheasa do leigheas." "Adubhairt Cod, "Is fada gur innis tusa sin damh-sa." "Eagla do thuitim ann, do bhí orm-sa," ar an inghean, "óir ní h-urusa dul do'n Ghréig, óir is iad is lia de dhaoinibh is an domhan go h-iomlán." "Ba beag an tairbhe sin dóibh," ar Cod "dá ndeachainn-se do'n Ghréig." Is annsin tháinig Rígh Foraoise na n-Iongnadh amach ar cheann Cuid agus Iolláin Ór-armaigh, d'á mbreith do'n cháthraigh, agus do chuadar leis, agus ba dhearbh nach bhfuaradar riamh oidhche is fearr fuaradar 'ná an oidhche sin. EACHTRA CHUID AGUS IOLLÁIN 'SAN NGRÉIG. Agus ar na mhárach do thrialladar, agus cuireadh Bile na mbuadh le muinntir Iolláin Ór-armaigh go hinghin Rígh Thíre fó Thuinn, agus do deasuigheadh long luchtmhar dheagh-dhíonmhar dó féin agus d'Iollán Ór-armach, agus ní rugadar de shluagh ná do shochaidhe leó acht iad féin araon, agus thugadar aghaidh
ar an nGréig an uair sin: agus do bhí Iollán ag múnadh eólais gacha domhan-fhairrge do Chod, agus seal eile ag féachain iongantas na dtonn, no go rángadar do'n Ghréig. Agus do chuadar i dtír, agus do choncadar cathair áluinn órdha uatha, agus aonach adhbhal-mhór ina timchioll. Fiafruigheas Cod d'Iollán cia h-é an chathair, no cia h-é an t-aonach adhbhal-mhór do bhí ina timchioll, óir ba h-eólach san nGréig é. Do innis Iollán sin do Chod agus adubhairt an laoi ann, mar so síos:
"Innis ainm na cathrach-sa A Iolláin na n-arm bhfaobhrach, Foillsigh dhúinn go meardhána Na sluagha ad chiú 'san aonach." "Filleadh uaithi ní abraim-se Cia deacair dul d'a dtaobhadh, Cathair na h-Aithne an chathair-se um Rígh Gréag tá an t-aonach. "Sluagh docrach na cathrach-sa 'S mairg le a bhfuil a bhfuatha, A Mhic Rígh na h-Ioruaidhe Ní shaoilim ár dteacht uatha. "Ná h-abair an comhrádh-sin A Iollain na n-Arm n-Órdha, Ba beag de na slóightibh-se Mhairfeas, againn, tráth-nóna. "Inghean Rígh an dúna-sa Madh olc re lucht an éidigh Go Grian ghasda Gnúis-sholais Béarfad ar ais no ar éigin. "Ni bhfuil a n-eagla orruin-ne Gidh óirdheirc iad 'sgach innis, Ainm na cathrach ceann-áirde Tarr a Iollain a's innis."
A h-aithle na laoidhe sin thángadar go faithche cathrach na h-Aithne, agus do thógadar pobal áluinn éagsamhail iongantach ar leath-thaobh na faithche féar-uaithne sin, agus ba dheacair an pobal sin d'fhéachain an tan sin, óir do sgaoileadar cleasa gráineamhla ina n-úir-thimchioll, agus ní frith de shluagh na cathrach neach do rachadh d'iarraidh sgéal orra, agus ó nár frith, chuadar do'n chathair agus do dhúnadar na doirse orra féin. Iomthusa Buinne Borb-thréan mic Rígh na h-Afraice, is í sin uair agus aimsir tháinig sé do thabhairt Danuite, inghine Rígh Gréag, agus ráinig go dorus an dúna fo'n am sin, agus do iarr osgladh go h-úrmhaisneach. Tháinig an doirseóir d'á innsin sin do'n Rígh, agus ba luathgháireach lucht an dúna de'n sgéal sin, óir b'é sin aon fhear ba mhó teist gaisge san gcuid sin de'n chruinne ina aimsir féin, agus ba mhaith leó a theacht chuca le linn na n-aoidheadh sin eile, agus do leigeadh asteach é agus do rinneadh úmhla agus fosadh dhó. Is annsin d'fhiafraidh Buinne Borb-thréan, "Cia h-é an pobal éagsamhail, do chonnarc do leath-thaobh na faithche?" Adubhradar cách nach raibh a bheag no a mhór d'á sgéalaibh sin aca féin: leigid an cómhrádh sin seacha. Is annsin d'éirgheadar lucht freasdail agus fritheola an tighe, agus do thógadar buird chos-ramhra taoibh-leathana na cathrach, agus d'fholuigheadar iad d'éadaighibh uaisle onóracha, agus do dáileadh deocha garga gabhailteacha orra, nuadh bidh agus sean dighe, gur ab subhach so-mheanmnach iad, ionnus nár mheathta meanmna na míleadh ná na gcuradh fo'n am sin dóibh. Iomthusa na deise Ridire do bhí san bpobal innistear seal eile. Adubhairt Iollan Ór-armach go rachadh ar cuairt mar a raibh Rígh Gréag, agus do rug a bheart catha leis, agus tháinig do'n dúnadh agus do iarr fosgladh, agus do rug an doirseóir an sgéal sin chum an teaghlaigh, agus do innis gur b'é an dara fear do bhí san phobal é. Agus adubhradar a leigean asteach, agus nár chóir diúltadh roimh aon nduine amháin choidhche; agus do leigeadh é asteach do'n
chathraigh, agus tháinig ar lár na cathrach agus folmuighthear ionad suidhe dhó agus iarras an rígh air suidhe is an ionadsin. Adubhairt Iollan nach suidhfeadh, agus go raibh amuigh sgéal ba mhó 'ná é féin. "Sloinn an fear sin dúinn," ar Rígh Gréag. "Cod mac Righ na h-Ioruaidhe atá ann," ar Iollan, "agus aon uaithne gaisge an bheatha is ainm díleas dó." "Créad ghluaiseas do'n chathraigh seo sibh?" ar Rígh Gréag. "Ar cheann t'inghine thángamar," ar Iollan, "agus is éigin a tabhairt dúinn má olc maith libh é." "níor bh'olc linn sin," ar ann rígh, "muna mbeadh fear níos fearr 'ná é aici féin." "Cia an fear sin?" "Buinne Borb-thréan mac Rígh na hAfraice an fear úd," ar an rígh. An tan do chualaidh Iollan sin do rinneadh rothnúaill corcra ó bhonn go bathas dé, agus thug buille de'n tsleigh do bhí 'na láimh i gclár uchta agus úr-bhruinne, ar an Rígh, gur chuir fad láimhe laoich de chrann cruaidh-ramhar na craoisighe tre na dhruim amach, agus leigeas féin do chum an dorais é, gan fuiliughadh gan fóirdheargadh do dhéanamh air. Agus do luigh trom-thuirse ar lucht na cathrach uime sin, agus annsin adubhairt Buinne Borb-thréan leo, agus is é adubhairt go rachadh do dhithcheannadh na bhfear úd do bhí san bpobal fo chéadóir, muna mbeadh go mb'fhearr leis a ndithcheannadh lá ar na mhárach, i bhfiadhnaise na nGréagach 'ná anocht. Iomthusa Iollain Ór-armaigh, ráinig go a phobal féin gan fuireach, agus do shuidh ina ionad féin. Féachas Cod ar Iollan Ór-armach agus do chídh ruthadh na feirge ina ghnúis agus ina aghaidh, agus is eadh adubhairt, "Tuigim go ndearnais éacht éigin ó shoin." "Do rinneas cheana," ar Iollan. "Máiseadh is éacht uasal," ar Cod. "Má's éacht uasal an Rígh, do
mharbhas é," ar Iollan. "Beir buaidh agus beannacht," ar Cod, "is óirdhearc an chéad ghníomh sin do rinnis ins an chathraigh, agus ni bhfuil d'á imshníomh orrainn acht nach i gceart-lár catha na nGréagach do marbhadh leat é - a los catha amárach." Is annsin d'éirigh Breasal Bhéildhearg mac Rígh Gréag agus sé céad curadh cath-chalma ar an bhfaithche amach, do dhíoghailt a athar ar an muinntir do mharbh é. Agus do chídh Cod iad ag teacht agus tháinig deallradh gléigeal d'éadaighibh na gcuradh sin, agus dearcas Cod ar an bhfaithche, amach as an bpobal, agus do chídh an taithniomh iongantach tháinig d'éadaighibh na gcuradh, agus tháinig i dtosach na drongbhuidhne sin, agus thug aon tuargain orra gur ab lia a mairbh 'ná a mbeó. Acht tá ní cheana, ní dheachaidh fear innsin sgéal as díobh acht Breasal Béildhearg amháin, do chuaidh go doras an dúna de thoradh reatha. A haithle na hoibre sin tháinig Cod d'á phobal, agus do shuidh ina ionad féin, agus do fhiafraidh Iollan sgéala dhé, agus adubhairt Cod, "Thárla drong éigin de na Gréagachaibh dam, agus táid 'na gcosar cró ar feadh na faithche, agus ní eadar-sa an uaisle no an-uaisle iad." "Is mairg nach dtugais neach beó dhíobh leat," ar Iollan. "Créad é an t-ádhbhar thug ort sin do rádh?" ar Cod. "Ridire óg árrachtach do chonnarc," ar Iollan, "agus muna mbeadh luas do fhágbhas an bhruighean, ar ngoin Rígh Gréag dam, do íocfainn é uaidh an gníomh do rinneas." ...agus muna mbeadh a luaithe do fhágbhas an bhruighean... ...ionnus go ndeachadar almha agus innle cruith agus
ceathra an cheanntair asgéin agus asgaol fa dhiamruibh agus fa dhroibealaib na críche a cceadoir ris an bhfothram sin...
Do rugadar as an oidhche sin gur éirigh an ghrian go n-a lán-sholas ar na mhárach orra. Is annsin do rug Cod ar a bheart catha, agus tháinig amach ar an bhfaithche, agus do bhuail béim baschrainn ar a sgéith go lonn loisgneach, ionnus nach raibh cloch ná crann de'n chathraigh nach raibh ar aon chrith ó'n torann-chleas sin, agus do chuadar mná agus miondaoine na cathrach i dtaisibh agus i dtáimh-néalaibh báis ó'n trom-thorann sin. Is annsin adubhairt Buinne Borb-thréan mac Rígh na h-Afraice, "Níor fhágbhas," ar sé, "cúl no críoch, iath, innse, nó oileán, ar muir no ar tír, fo thri fhoghal-rannaibh na cruinne,
nár chuartuigheas, agus ní chualas ar muir ná ar tír baramhail do'n bhéim-sgéithe sin, óir atá an chathair uile ar aon-chrith." Is annsin do chuir Buinne Borb-thréan a earra catha uime agus tháinig Breasal Béildhearg agus urmhór na nGreagach, agus teaghlach na cathrach amach. Is annsin thug Cod agus Buinne Borb-thréan a n-aighthe thar a chéile. Is annsin thángadar na Gréagaigh ar an bhfaithche amach, agus is dó-fhaisneise an líon thángadar ann, óir táid seacht dteaglaigh déag san nGréig, agus ocht dtuatha déag in gach teaglach díobh, agus ní raibh fear iomhchuir crainn gatha aca nach dtáinig go cathair na h-Aithne an lá sin fá thásg an rígh, d'á dhíoghailt ar an druing do mharbh é. Mar do chonnairc Iollan bárr daoine ag breith ar Chod, tháinig sé féin fo thosach na nGréagach, agus do righne buidhne briste béal-sgaoilte dhíobh, ó'n gcathraigh, agus ní féidir faisnéis no innsin ar thuit le h-Iollan i n-alt na huaire sin de shluagh na nGréagach. Is annsin thug Cod agus Buinne Borb-thréan a n-aighthe ar a chéile. Ba mhaith an t-ádhbhar meisge mílaoich bheith ag féachain an chómhlainn sin, agus do bhriseadar a n-airm ar a chéile, agus níor fhuiligh ceachtar dhíobh ar a chéile, re feabhas na hiomdeagla do ronsat, agus do bhadar mar sin go deireadh an chaomh-laoi gan easba meanmna no aigeanta ar cheachtar dhíobh, agus do ronsat chomshosadh cómhraic re chéile an oidhche sin. Iar sin téid Cod d'á phobal féin, agus do chuaidh Buinne Borb-thréan chum na cathrach, agus maithe na nGréagach mar aon fris. Agus thug Cod an tslat thug Rígh Foraoise na n-Iongnadh dhó, amach as coibhreach a sgéithe, agus do bhí d'á snoidhe aithigh, agus thug d'Iollan í, go ndearna an gcéadna ria, agus níor chuir cogadh no cruadh-chómhlann d'á bhfuair siad riamh orra a h-aithle na huaire sin. Is annsin adubhairt Cod, "Do chuaidh tusa aréir ar cuairt go cathair na h-Aithne, agus rachaidh mise anocht innti." Do chuir Cod a earra catha uime, agus do chuaidh go doras an dúna agus d'iarr a osgladh. Agus téid an doirseóir do'n dún d'á innsin go raibh Cod san doras, agus ní chualaidh muinntir an dúna no lucht na cathrach beagán coimhightheach
riamh ba lúgha orra 'ná é, agus is í freagra thugadar air, nár chóir cáthair na h-Aithne d'fosgladh go héirghe gréine ar na mhárach. Agus mar do chualaidh Cod an freagradh sin, thug guala fris an gcómhladh agus do rinne blodha beaga buanréabtha dhí, agus fá mhairg do'n teaghlach cuma tháinig Cod fá'n bhfeirg sin, agus ar ndul asteach dhó thug aon tuargain cómh-chalma ar chách go coitcheann. Is amhlaidh do bhi Buinne Borb-thréan fá'n am sin ina sheomra codalta, agus tháinig fá'n torann-chleas ádhball-mhór sin, agus thug sé féin agus Cod a n-aighthe ar a chéile, agus do chuireadar an chathair ar aon chrith. Fá'n am sin do chuala Iollan Ór-armach an mórthorann sin, agus tháinig do'n chathraigh i gcéadóir. Iar na fhaicsin chuca do mhaithibh an teaghlaigh ro dhruid siad na choinne agus 'na chomhaircuis agus ro ghuidh siad é um ceansacht éigin do dhéanamh ar Chod, agus go ndéanfadaois féin an gcéadna ar Bhuinne Borb-thréan, d'fhios an bhfuighthigh uatha caradradh no compántus do cheangail re aroile. Do nídh amhlaidh, agus beireas Iollan ar Chod agus beireas uaisle agus árd-mhaithe an dúna ar Bhuinne Borb-thréan, ionnus gur cuireadh ó chéile iad, agus gur thuirnseat a bhfíoch agus a bhfearg-luinne, i gcéadóir, agus gur gheallsat lucht na cathrach fanamhain ar bhreith Iollain féin, gibé cúis uma raibh an laoch-mhíle Cod dóibh. Aontuigheas Buinne Borb-thréan agus Cod um fhuireach ar an breitheamhnas sin, agus ceangaltar sith agus síothcháin eatorra ar gach taobh ar an gcoinghioll chéadna. Iomthusa an teaghlaigh, do thógadar buird agus beinnsidhe an tighe, agus do shuidh Cod agus Iollan Ór-armach ar ghualainn a chéile, agus do shuidh Buinne Borb-thréan ar an ngualainn eile de Chod, agus do shuidh Danuite inghean Rígh Gréag ar an taobh eile de Bhuinne Borb-thréan, agus do ghabhadar ag ól 's ag aoibhneas. Is annsin do chuaidh Iollan Ór-armach i gceann sgéal d'innsin, agus do innis a thoisg ó thús go deireadh .i. gur do léigheas Chiabháin Ghlún-gheal mic Rígh na h-Éanlaithe do thángadar, agus
do bhreith Danuite, inghean Rígh Gréag, leó, óir is í do chuir na geasa sin fair, roimhe sin. Do ghabh Iollan rádha éasga agus gréine ora fá fhanmhuin mar adéaradh sé féin, agus thugadarsan sin dó go neamh-fhallsa. Agus is í breith to thug Iollan: "Inghean Rígh Gréag agus Buinne Borb-thréan dul re Cod go Loch na n-Iongnadh agus Buinne Borb-thréan bheith 'na óglach ag Cod ó shin suas, agus iad do dhul i n-éinfheacht go Foraois na h-Iongnadh i bhfortuathaibh Ifrinn, do leigheas Chiabháin Ghlúinghil," agus adubhairt cách go coitcheann gur chóir an triall sin do dhéanamh, agus gur mhaith an bhreith do thug Iollan. Agus ar na mhárach do goireadh Rígh Gréag do Bhuinne Borb-thréan, agus do ghaibh re Cod mar thighearna. Is annsin do sgaradar d'a n-ól, agus do chuadar d'a n-iomdhaidhibh. Agus ro éirgheadar ar na mhárach, agus do thrialladar na matha sin, .i. Cod, Iollan Ór-armach, Buinne Borb-thréan, agus Danuite inghean Rígh Gréag, agus ní h-aithristear sgéalaidheacht orra no go rángdar Loch na n-Iongnadh, agus do chuaidh Rígh Foraoise na n-Iongnadh leó an oidhche sin, agus thug Grian Gnúis-sholais fleadh uasal onórach dóibh, agus cuireadh Ciabhán Glúingheal 'na riocht féin ar na mhárach, agus do ghabh sé re Cod mar thighearna. Sgaraid re chéile annsin agus filleas Buinne Borb- thréan agus Danuite do'n Ghréig. Iar gceileabhradh dhóibh- sean téid Ciabhán agus Grian Gnúis-sholais d'á n-athardha féin. Iomthusa Cuid, gluaiseas roimhe go h-uaimh na n-Iongnadh, agus níor chian dó an tan do chualaidh greasacht na mbolg d'á luaith-shéideadh, agus fuaim na n-órd d'a luath-bhualadh, agus do chuaidh Cod chum na ceardchan gan fuireach, agus do chuaidh asteach innti, agus thárla dá fhear dhéag dó innti, de ghaibhnibh croicneacha ciardubha, agus d'fhearadar fáilte fria Cod go fríochnamhach 'na ainm agus 'na shloinneadh, agus d'fhiafraidh Cod sgéala dhíobh. Do labhair fear aca, "A mhic Rígh na h-Ioruaidhe, i bhfortuathaibh Ifrinn atá tu anois, agus Suasmhaol is ainm do'n ghabha dár ceardcha í seó. Agus an chéad uair tháinig tusa annso do thionnsgain sé an cloidheamh
do dhéanamh duit, agus tá sé ullamh anois." Is annsin thug Suasmhaol an cloidheamh i láimh Chuid, agus adubhairt nach ndeárnadh idir ord agus inneóin a chomh-maith sin do chloidheamh riamh roimhe sin; agus dubhradar go bhfuaradar mórán d'á sgéalaibh roimhe sin, "agus is uime sin do rinneamar an cloidheamh sin duit, agus thugamar atharrach anma ort .i. Gruagach na Ciorgala." Agus do lean an forainn sin do Chod ó shin suas. Gluaiseas Cod leis, as a h-aithle, agus ní dhearnaidh cómhnaidhe go ráinig go Cáthair na Bethuine i gcríochaibh na Sorcha an oidhche sin, agus foillsigheas dí mar d'éirigh dhó, agus do bhí cách ag innsin sgéala a n-eachtra agus a n-imtheachta féin d'á chéile. Níor chian dóibh mar sin, an tan do chualadar óglach ag doras an dúna, agus is é óglach do bhí ann .i. an Curaire Camchosach, agus do leigeadh astech é, agus ba mhór-lúthgháireach iad roimhe, agus do freastaladh agus do friothóladh go huasal onórach é. Agus a h-aithle sin d'fhiafruigh Cod sgéala dhé: "Tá sgéala maithe agam re n-innsin duit," ar an Curaire Camchosach; "do ghabhadar do bhráithre an treas rann de'n domhan .i. rann na hAsia Móire go Cathair an tSrotha Dheirg. Agus is amhlaidh tá an chathair sin, tá trí príomh-shrotha na timcheall, agus táid tre dhoighir dhonn-ruaidh dhearg-lasraigh, agus ní lámhthar a taobhadh re ró-mhéad a dteasa agus a dteandála, agus gidhbé teaghbhas innti aon oidhche amháin, nó bhiaidh 'na shláinte ó shin amach, ó mhéad an deallruighthe agus an teasa. Agus ní'l d'fhearuibh innti acht aon chéad amháin, agus tá trí mhíle de mhnáibh innti, agus is bean is bainríoghan orra .i. Eiteall inghean Rígh na h-Asia Móire, agus is aca mheabhruighthear for-mhór gaisge an bheatha. Agus níor mhaith re do bhráithribh-se filleadh ó'n gcathraigh sin gan úmhlughadh do bhaint dí, agus is amhlaidh do chuaidh sin díobh, agus táid ceangailte cruadh-chuibhrighthe innti, agus ba mhaith gach olc d'á bhfuaradar riamh ag féachain uilc na cathrach sin. Agus thángas-sa ar an eachtra sin ar feadh na beatha do bhur n-iarraidh-se, d'á innsin
sin duit-se, agus is mór dhuit féin rómpa súd," ar an Curaire Camchosach. Acht tá ní cheana, thugadar as an oidhche sin go maidin ar na mhárach, gur shoillsigh lá go n-a lán-shoillse. Éirgheas Cod annsin, agus cuireas an file ar cheann Bhuinne Bhorb-thréan do'n Ghréig, agus do thug an Curaire Camchosach sgéala dhó, agus tháinig as sin d'Almáin, agus thug Iollan Ór-armach leis, agus tháinig as sin go Ciabhán Glúingheal mac Rígh na h-Éanlaithe agus thug leis é, agus ní h-aithristear sgéalaidheacht orra no go rángadar Cathair na Bethuine i gcríochaibh na Sorcha i n-éinfheacht. Thoirbhreadar teóra póg d'á chéile annsin, ionnus go mba shubhach só-mheanmnach iad, agus do bhadar ann sin an oidhche sin. IMTHEACHT CHUID GO CATHAIR AN TSROTHA DHEIRG. Agus lá ar na mhárach thugadar lámh ar imtheacht, agus is í long rugadar leó .i. long Bhuinne Bhorb-thréan, agus d'fhuighill na hairce féin í, agus is ins an Airc do bhí Naoi feadh bhí an díle d'á cur, agus tar éis na díleann do fágadh 'san Aifric 'na crannghaill í, agus tháinig sí i n-oighreacht a shean agus a shinnsear chum Bhuinne Bhorb-thréan, agus do rinne Rígh na h-Afraice long luchtmhar lán-aidhbhseach de'n chrannghaill sin, agus atá teóra buadh aice .i. buaidh gaoithe, buaidh eólais, agus buaidh aisdir, agus do chuadar an bhuidhean curadh sin innti .i. Cod mac Rígh na h-Ioruaidhe, Buinne Borb-thréan mac Rígh na hAfraice, Iollan Ór-armach mac Rígh na hAlmáinne, agus Ciabhán Glúingheal mac Rígh na h-Éanlaithe, agus an Curaire Camchosach. Is ann sin thugadar tosach do mhuir agus deireadh do thír, agus do bhadar ag taisdeal na dtonn dtiughruadh sin na fairrge fíor-dhoimhne cúbhar-bháine, agus seal eile ag déanamh fíor-eólais na fairrge, agus seal eile ag ceangal a gcáirdeas re chéile, go rángdar Críocha na h-Ioruaidhe; agus do chuadar go Cáthair na gCeann .i. dún Rígh na h-Ioruaidhe, agus d'éirgheadar lucht na cathrach sin
'na gcoinne, agus an Rígh féin, agus do ghabhadar d'á bpógadh go díl agus go diacrach, agus thugadar a n-aimsir i dtír i bhfochair an Rígh ag muirn agus ag macnas, ag ól agus ag aoibhneas. Agus ar gcaitheamh na h-aimsire sin dóibh do ghabhadar lámh ar imtheacht, agus níor leigeadar de shlóightibh no de shocaidhibh leó acht iad féin amháin .i. an ceathrar adubhramar, agus an Curaire Camchosach, agus do chuadar d'á luing, agus ba bhrónach draoithe agus deagh-dhaoine ealadhna agus mion-daoine na críche i ndiaidh na gcuradh sin, agus do ráidh an Curaire Camchosach an laoidh:
"Ceathrar thángadar a n-oir O innsibh iarthair an domhain Níor thaisdeal talamh no tonn Ceathrar ba chródha i gcómlann. "Tá an tús an ceathrar caoimh Giolla óg i n-earaibh finn-ghill, Cod mac Ioruaidh na n-arm shean, Ádhbhar áirdrígh an domhain. "Buinne Borb-thréan mairg fá mbeanfadh An dara fear de'n cheathrar Sgiath go ndoirsibh óir na h-aice Deagh-mhac Rígh na hAfraice. "Iollan Ór-armach na dtreas An treas curadh fá choimhdheas; Fear beirthe buaidh gacha búire Oighre Rígh na hAlmáinne. "Fear follmhuinghthe gach faithche Deagh-mhac Rígh na hÉanlaithe, Dar ba hainm Ciabhán Glúingheal An ceathramhadh fear de'n cheathrar." ...Sgiath irse óir na haice...
A h-aithle na laoidhe sin do chonncadar cáthair cheann-árd iostamhail eochair-bhláith iongantach, agus dúnta deagh-gheala uatha, agus d'fhiafraigh Cod de'n Churaire Camchosach
ar bh'aithne dhó an chríoch chaomh-áluinn sin. "Atá aithne agam uirri," ar an Curaire Camchosach: "Tír na bhFear bhFionn an tír úd, agus Cáthair na dTri gCeann ainm na cathrach úd," ar sé, "agus is innti atá do chliabhain-se .i. Rígh na bhFear bhFionn, agus, ó tharla dhúinn iad, is cóir cuairt agus céilidhe dhéanamh aige." Agus do chuireadar a long i dtír, i gcuan na cathrach, agus do chuadar ar an bhfaithche i gcéadóir, agus thugadar cách do bharamhail gur b'iad féin do bhí ann, óir ní raibh beagán buidhne isin domhan ba óirdheirce no iad, agus do fháiltigh Rígh na bhFear bhFionn rompa, agus do fhanadar trí lá agus teóra oidhche i bhfochair an Rígh, agus ba chonailbheach cáirdeamhail cómhairle an Rígh dhóibh, agus do innis an Curaire h-Ioruaidhe i gcathraigh an tSrotha Dheirg i láimh, ceangailte cruadh-chuibhrighthe, agus do innis dó diabhlaigheacht agus draoidheacht na cathrach sin, agus a raibh de dheacraigheacht innti, agus gurab d'fhios an bhféadfadh na curaidh calma céadfadhacha sin furtacht no fóirighin do thabhairt dóibh, thángadar de'n toisg sin as an Ioruaidh agus as na h-áiteacaibh imchiana a rabhadar. Adubhairt Rígh na bhFear bhFionn: "Do bhéarfad-sa congnamh daoibh do ghabháil na cathrach sin," ar sé, ".i. brat iongantach iol-bhuaidheach atá agam-sa," ar sé, "agus is cuid d'á bhuaidhibh nach féidir draoidheacht na diabhlaigheacht d'imirt, ar an té fá 'mbiaidh. Tá iolradh gacha datha ann, agus atá buaidh ar leith ar gach dath dhíobh agus beiridh sé neach leis le toil a mheanma agus a aigeanta féin, in gach ionad i n-ar mian leis féin," agus thug an Rígh an brat sin do Bhuinne Borb-thréan. "Ní dhamh-sa is cóir an brat," ar Buinne Borb-thréan, "acht do'n Churaire Camchosach." Do chuir an Curaire Camchosach an brat uime. Is annsin d'fhiafruigh an Curaire Camchosach de'n Rígh cionnus fuair sé am brat. "Inneósad sin duit," ar an Rígh. "Lá éigin d'á raibh mise ar fhaithche na cathrach so agus thugas súil 'mo thimcheall ar na ceithre h-árdaibh, agus is eadh do chonnarcas long luchtmhar
lán-aidhbhseach ag leagadh a seól síos mar chomhartha siothchána, agus tháinig sí i gcuan na cathrach so, agus do chuaidh mise d'á hionnsaidhe amhail mar ba ghnáth liom de ghréas, go ndeachas asteach innti gan fuireach, agus ní bhfuaireas neach beó no marbh innti acht amháin go bhfuaireas cruit cheóil-bhinn chaointéadach ag seinm uaithe féin, agus eóin áilne d'éin-chineál ag cóimh-linge ciúil na huasal-chruite sin. Agus do chuartuigheas an long go dtárla orm iomdhaigh ar n-a folach de shról lánmhaiseach, agus tháinig ró-mhian suain agus síor-chodalta orm an tan sin, agus tuitim 'mo thoirchim suain agus síor-chodalta, agus iar músgladh dham, is amhlaidh fuaireas an long, ceangailte do thor comh-reamhar caisleáin, ar lár na fairrge fíor-dhoimhne, gan innis gan ráth gan oileán i gcomhfhogas dam. Éirighim mo sheasamh annsin. Agus do chonncas doras an tuir ar m'aghaidh fosgailte, agus do chuadhas asteach i gcéadóir, agus rángas bárr an tuir, agus thárla orm annsin inghean chrothach iolbhuaidheach chaomháluinn, agus calla d'ór áluinn fó chlochaibh iol-bhuaidheacha fo n-a ceann, agus na buadh-chlocha sin ar na gceangal d'or-nasg fíor-áluinn agus brat de'n tsról soineamhail uimpi. Agus an tan do chonnairc an inghean sin mise do éirigh 'na colamhain comh-dhíreach ina ceart-sheasamh, agus ag éirghe dhi do rug mise ar an mbrat d'a fasdogh. Fágbhas an brat agam-sa agus imthigheas féin uaim. Do thuigeas annsin go raibh buadha iomdha aige, as do iarras air mo bhreith dom' chathraigh, agus do thóg an brat iongantach iol-bhuaidheach sin mise leis i bhfrithibh na firmaminte, no go rángas an chathair seo; agus dá dteagmhóchadh beithidhigh éigcéillidhe an domhain dam, agus an brat sin umam, ní dhéanfadaois olc no urchóid dam, agus ní loisgeann teine agus ní bháthann uisge agus ní thoirmisgeann arm an tí fa mbiaidh an brat sin uime de ghréas, agus ag sin agat imtheachta an bhrait iol-bhuaidhigh sin." Acht cheana fá bhuidheach Cod de'n tabhartas. Ar na mhárach do ghluaiseadar ag imtheacht, agus ní mo tuirse mic Rígh na h-Ioruaidhe indhiaidh na bhfear sin na tuirse Rígh Thire na bhfear bhFionn an lá sin, agus fágaid
iomarca beathadh agus sláinte ag an righ, agus gluaisid rompa, agus ní h-aithristear sgéalaidheacht orra no go rángadar Cathair an tSrotha Dheirg. Agus do thógadar pobal áluinn éagsamhail iongantach leó os cómhair an locha lán-dheirg sin, agus ba ghráineamhail inneall a n-arm, óir ba shamhailte le bruighin fosgailte a lasamhlacht os a gceann, agus ní fhéadfadh duine ar bith a bhféachain re gráineamhlacht a n-inneall agus a n-arm, agus iomad a dtorann-chleas. Is annsin do thángadar os múraibh na cathrach amach, agus is amhlaidh tháinig Eiteall an bhanfhlaith amach agus léine áluinn uimpi, agus mionn cúmhduighte go n-ór-gheamaibh corcra fá n-a ceann, agus folt fada for-órdha feamuineach fionnbhuidhe for a geal-ghualainn, agus dá shleagh teintidhe teineadh ina láimh, agus go theilgeadh i n-áirde iad, agus do ghabhadh ina láimh arís iad, ag rochtain chum na talmhan dóibh. Do bhí drong eile de na mnáibh sin agus slabhradh iarainn go fo-dhealgaibh nimhe orra i n-a lámhaibh leó, agus drong díobh ag cleasaidheacht leó go héagsamhail. Is annsin d'iarr an Curaire Camchosach ar bhuaidh an bhrait a bhreith go Cathair an tSrotha Dheirg, agus éirgheas uatha i gcóimhdeacht na glan-ghaoithe géar-luaithe, gur gabh leathad a dhá bhonn d'urlár an oiléin sin. Agus do fhearadar na mná fáilte go fríochnamhach roimhe, óir do bhí aithne aca fair, agus iar bhfaicsin an phobail do na mnáibh do ghabh eagal mhór iad. Is annsin d'fhiafruigh na mná de'n Churaire Camchosach, "Cia h-iad lucht an phobail ghráineamhail úd?" Do ráidh an Curaire Camchosach: "Cod mac Rígh na hIoruaidhe, Iollan Ór-armach mac Rígh na hAlmáinne, Buinne Borb-thréan mac Rígh na hAfraice, agus Ciabhán Glúingheal mac Rígh na hÉanlaithe, an ceathrar atá san bpobal úd, agus níor chuir an talamh tromfhóideach ar a muin riamh ceathrar d'á macsamhla súd, óir is iad is treise de na tréin-fhearaibh, agus is uaisle de na huaislibh, agus is cródha de na curaidhibh, agus is meardha de na mílidhibh, agus is siothealta briathra de na daoinibh, agus is deagh-aithne de'n droing dhaonda."
Is annsin adubhairt Eiteall, "Ní móide ár meas-na orrasan." "Ná h-abair na saobh-bhriathra beag-thairbheacha sin a inghean," ar an draoi, "agus muna mbeadh teas agus tineamhlacht an tSrotha Dheirg bheadh fios na dtréanfhear úd agat-sa, óir is ansúd atá mir cródha na cródhachta, agus méar-mheadhan na míleadh, agus ursa catha na gcríoch, agus baranta cosanta cáich, agus rígh-bhile na cróidheachta, aigne gan iompóghadh .i. Cod mac Rígh na hIoruaidhe. Coinnigheas an bhanfhlaith an file na fochair féin an oidhche sin. Acht cheana thugadar as an oidhche sin, gur éirigh an ghrian go n-a lan-shoillse ar na mhárach, agus tháinig an Curaire Camchosach re buadhaibh an bhruit a dtír, agus tháinig do'n phobal a rabhadar na maithe sin, agus thug sgéala na mban iongantach sin do Chod. Is annsin adubhairt Buinne Borb-thréan, "Do rachainn leat a Iollain Ór-armaigh," ar sé, "d'fhéachain an bhfuil teas an tSrotha Dheirg mar atá a fhiuchadh," agus thángadar go húir an locha láin-dheirg sin, agus níor fhéadadar dul fad láimhe laoich de'n loch dearg sin ar ainmheasardhacht an teasa, agus annsin adubhairt Cod ris an bhfile, "Tabhair-se iasacht an bhrait sin damh-sa go bhféachainn cionnus tá Cathair an tSrotha Dheirg de'n taoibh astigh." "Ní rachair," ar Buinne Borb-thréan, "óir ní bheireann an brat leis acht aon duine amháin, agus ar ghrádh t'oinigh, ná toirmisg an turus umam féin," ar sé. Thug Cod an cead sin dó, go haimhleisg. Is annsin do chuir Buinne Borb-thréan a bhrat catha uime, agus do ghaibh an brat ar uachtar a gheal-arm, agus téid i gcumas na gaoithe géar-shiúbhlaighe, agus do ghabh leathad a dhá bhonn ar lár an oileáin. Is annsin thugadar lucht an oileáin frasa diana d'á n-armaibh diúbraice fair, agus cromas Buinne Borb-thréan a cheann, agus leigeas thairis na frasa sin, go dtug aghaidh fá'n gcathair go neimh-mheirbhthe, agus do ghabh ag tuargain cáich go coitcheann, gur chuir a raibh amuigh asteach d'a n-aimh-dheóin; agus an uair do rug iomad na lámh fair, agus tiughadh na dtromhshluagh, thug dith do-áirmhighthe orra,
agus nuair tháinig iomad na gcath ar Bhuinne Borb-thréan d'imthigh féin i muinghin a bhruit i gcéadóir, agus do chuaidh do'n phobal 'na rabhadar na gaisgidhigh sin eile. Agus do fhear gach aon díobh fo leith fáilte roimhe, agus do bhí seisean ag tabhairt sgéala agus tuarasgbháil lucht na cathrach agus teasa agus tinneála an tSrotha Dheirg. Agus gidh mór a ndraoidheacht do bhádar lán d'eagla Chuid, agus a dheagh-mhuinntire. Is annsin do chuir Eiteall feasa agus teachta go righthibh an domhain uaithi; ar dtús go Rígh na hAsia Móire d'innsin na trom-dáimhe sin dó. Is annsin do chuir Rígh na hAfraice sgéala, agus feasa uaidh gus na righthibh eile. Tháinig annsin go hathghearr Tuireann tréan-bhuilleach Rígh na hAfraice, agus Daire Déadsholais Rígh na hAntuaithe, agus Raighne Rosg-leathan Rígh na hEigipte, agus Ioruadh mac Dhealbhaigh Rígh na hIoruaidhe, agus Brotair Béal-fhairsing Rígh na Beag-innse, agus Fotrach Fíochmhar Rígh Albann, agus Fachtna Fáthach Rígh Éireann, agus Breasal Béal-dhearg Rígh Gréag, agus Lamport Lámh-fhada Rígh Lochlann, agus Sitear Súil-gheal Rígh Shacsan, agus Toireann Faobhar-dhearg Rígh Franc, agus Sinnsear Sálfhada Rígh na gCaoileach, agus an Donn Dubh-chorcra Rígh na gConcheann, agus Amon Gantach Rígh na gCoitre, agus Michéal Rígh na bhFear bhFionn, agus Ridire an Ghleanna, agus Rígh Thire an Óir, agus mórán de righthibh eile nach n-airmhightear ann so. Agus ar dteacht de'n trom-shocraidhe annsin, do chur Rígh an domhain teachta uaidh go Rígh na h-Ioruaidhe, agus go Rígh na h-Afraice, agus go Rígh na h-Almáinne, agus go Rígh na h-Éanlaithe, agus thángadar na deagh-righthe i dtimchioll an Áird-Rígh. Agus d'fhiafruigh an t-Áird-Rígh dhíobh, "créad thug an táir no an tarcuisne ag a gcloinn air féin, thar urmhór ríogh-mhaicne an domhain, agus maithe ríoghra an domhain im fharradh-sa ann so?" "Ná bíodh iongnadh ná iomthnúth agad-sa uime sin," ar Rígh na h-Ioruaidhe, "óir do ghabhadar seacht rígh dhéag ó'n Ioruaidh
Ríoghacht an Domhain, agus ni mó 'ná tri righ de d'chine-se do ghabh í." "Tuigim anois," ar Rígh an Domhain, "go bhfuil an mac meanmnach mór-aigeantach atá agad-sa ag dúil a ndiaigh na fise agus na faisdine do rinneadh dhó i mbroinn a mháthar .i. go ngeabhadh an domhan mór go h-iomlán." "Tá ocht mic dhéag de chloinn agad-sa, agus ní'l acht triúr agam-sa, agus ní shaoilim gur mó cuid na n-ocht mac déag sin agad, 'ná cuid mo thriúir mac-sa." Do choisgeadar d'á n-iomarbhádh annsin, agus chuadar ar fhaithche cathrach an tSrotha Dheirg, ar an dtaobh eile de'n loch, agus do thógbhadar poible béal-fhairrsinge agus botha díona druimneacha re taobh an locha sin. Is annsin do chuaidh righ an Domhain agus Rígh na h-Antuaithe go h-úir an locha lán-dheirg, ag déanamh iongantuis de'n tSroth Dearg, agus d'fhiafruigh Rígh na h-Antuaithe de Rígh an Domhain, "créad do bheir an teas iongantach so 'san tsruth úd seoch gach sruth eile?" Dubhairt an rígh, "seacht gclocha tá 'san tsruth úd liom-sa," ar sé, "agus is cuid d'á mbuaidh gibé sruth no innbhear 'na gcuirthear iad is gnáthach leis bheith 'na dhoighir donn-ruadh dearglasrach an feadh bhiadh na clocha sin ann." "Agus an bhfuil aon nidh do choisgfeadh teas no tineall an tSrotha Dheirg seo?" ar sé. Tá," ar Rígh an Domhain, "agus is tairise liom-sa a fhios a bheith agad-sa, óir tá cloch bhuadhach agam-sa seoch gach cloch eile, agus an uair cuirthear san tsruth í, trághann i gcéadóir, agus do geabhthar na clocha eile re n-a gcnuasach, ar an dtrácht. Agus fós, i gCathair na dtri mbeann 'san Asia mhóir tá an chloch sin do ghnidh an sruth do thrághadh, agus tá i bhfios agus i bhfaisdine dhuinn aon ridire do theacht go Túr na dtri mbeann agus an chloch sin do bhreith uainn go h-aimh-dheónach, agus go bhfághainn-se bás obann an oidhche sin. Agus tá tri chéad ridire n-armach ion-chomhlann ag coimhéad an tuir sin agus na gcloch atá ann. Agus ni mór de dhaoinibh riamh d'á dtugas fios an sgéil ann." Ach cheana, thárla fá'n am sin giolla grádha de mhuinntir
Rígh na bhFear bhFionn ag éisteacht re cómhrádh an rígh ag innsin an sgéil sin do Rígh na h-Antuaithe, agus Treabhar Tréanluath ainm an Ghiolla. Agus tháinig annsin go Rígh na bhFear bhFionn, agus thug na sgéala sin dó gan fuireach. Is annsin do chuir Rígh na bhFear bhFionn an fear céadna go Cod mac Rígh na hIoruaidhe d'innsin an sgéil sin dó, agus d'á rádh ris feidhm fear an domhain do sheachnadh ar feadh na huaire sin. Iomthusa Chuid agus a dheagh-mhuinntire do cheangladar cómhairle créad do dhéanfadaois, "Do bhéara féin cómhairle mhaith dhaoibh," ar Buinne Borb-thréan, "is cóir déanamh. "Cá cómhairle sin?" ar Cod. "Mise dul ar cheann na cloiche tá i dtor na dtrí mbeann ins an Asia Mhóir, agus cuiridh-se cealltar draoidheachta in' bhur dtimcheall go teacht damh-sa chugaibh, agus na déanaidh acht dímbrígh de gach nídh feasta, óir is dearbh bás Rígh an Domhain do theacht iar mbreith na cloiche úd uaidh. Do cinneadh ar an gcómhairle sin, agus d'fhág Buinne Borb-thréan iomarca beathadh agus sláinte aca, agus do leig i gceann aistir agus imtheachta é. Agus i gceann aimsire na dhiaidh sin, iar n-imtheacht dó, thárla droichead mór ar abhainn mhara do bhí idir dhá oileán, agus mórán de cholnaibh agus de chorpaibh go gcréachtaibh iomdha orra ar gach taobh de'n droichead sin, agus mórán de cheannaibh curadh ar ghabhlaibh agus ar bhearaibh ar gach taobh dé, os úir an droichid sin. Agus thárla míleadh mór calma dhó ann, agus a ucht re carraig mhóir chloiche agus é créachtach cróilinnteach ar dtréigean a chuid fola. Do bheannuigh Buinne Borb-thréan dó agus d'fhreagair an míleadh calma sin: agus d'fhiafraigh sgéala na mór-éacht sin, agus an áir mhóir sin: agus d'fhreagair an fear gonta mar so é. "An Dreólainn an tír 'a bhfuil tu, agus mise féin ba Rígh dhí, agus tháinig ban-athach caillighe d'ár n-ionnsaidhe, agus thug sí ár curadh agus cath-mhíleadh orrainn, agus tá sí anois
'na codladh ar lár an droichid úd, agus mórán de chorpaibh na mion-óirn each brúighte ar gach taobh di." Agus a haithle na mbriathar sin fuair Rígh na Dreólainne bás, agus do chuaidh Buinne Borb-thréan chum an droichid agus do chonnairc an bhan-athach caillighe sin 'na toircim suain agus síor-chodlata. Agus do chuir a hanál agus a suanfadhach i bhfad ó'n droichead amach é. Is annsin do chuaidh Buinne Borb-thréan ós cionn na caillighe sin, agus do ráidh mar so. "A Chailleach, d'fhéadfainn dul thart dá mba áil liom féin, agus músgólad as do chodladh thu," agus do thógaibh cloch os cionn an droichid agus do bhuail an chailleach ar lár a huchta agus do chuir tonn dubhfhola tar a béal amach. Agus ag éirghe dhí do chuir cloch 'na rinn ratha i mbruinn na caillighe, agus thug an chailleach mór-fhuasgladh ar a brághaid do chur na cloiche aisti. Thug Buinne Borb-thréan béim cloidhimh dí gur sgar a ceann agus a colann féitheamhail ó chéile. Agus téid Buinne Borb-thréan tar an droichead anonn an uair sin. Iomthusa Rígh an Domhain agus a mhuintire, do chóirigheadar a bpobla agus do h-ath-nuadhadh a dteinte agus a dtineala leó, agus do chaitheadar a mbiadha neamh-ársadha agus a ndeocha milse meisgeamhla, agus 'na dhiaidh sin thugadar chuca a gcruiteóraidh ceóil-bhinne caoin-téadacha agus do chanadar ceól sír-bhinn sítheamhail dóibh fó'n am sin. Iomthusa Chuid agus a dheagh-mhuintire: ar n-imtheacht mic Rígh na hAfraice an oidhche sin uatha do chaitheadar a mbiadha saora sóchaithme, agus a ndeocha garga gabhálta míne meisgeamhla agus iar sin do shnaoidheadar slat na n-iongnadh. Is annsin adubhairt Cod re n-a dheagh-mhuinntir. "An áil libh dul go Rígh an Domhain ar cuairt d'a fhéachain créad é an sógh atá aige?" Adubhradar san gur cóir sin do dhéanamh. Is annsin thugadar an bhuidhean chalma churadhta chródha sin a n-airm chuca agus ba shamhailte re ruithne ríogh-bhruighne deallradh a n-arm agus a n-éidigh ag teacht d'ionnsaidhe fear an domhain an tan sin. Agus tháinig ridire an uair sin seach uair eile, de theaghlach
Rígh an Domhain, amach as phobal an Rígh féin, agus do-chí na trí coinnle rosg-ghorma sin amuigh d'á ionnsaidhe, agus téid i dtaisibh agus i dtromnéalaibh báis, agus do bhí mar sin aga fada, agus iar n-éirghe dhó do innis do'n Rígh go rabhadar tri sléibhte donn-ruadha dearg-lasracha ag teacht d'á ionnsaidhe. Dála Chuid, do roinn sé a mhuinntir agus is é roinn thug sé orra, fear do chur in gach áird de'n tsluagh dhíobh, agus mar do bhí gach aghaidh ar Chod seach gach duine eile is é áird a dtárla é, ins an áird a rabhadar trí Righthe do bhí 'na gcáirdibh dile ag Rígh an Domhain .i. Rígh na Sorcha, Rígh Inse hOrc, agus Rígh na hAntuaithe, agus do rinneadar caor measgtha agus buaidheartha de na sluaghaibh i n-alt na huaire sin, agus ní héidir a n-áireamh ar thuit le Cod i n-alt na huaire sin. Agus tháinig Iollan Ór-armach chum na coda eile dhíobh, mar raibh Rígh Frainc, Rígh na Siosaile, agus Rígh na hEaspáinne, agus ba dhó-áirmhighthe d'fhíor-eólach ar thuit re hIollan iar sin, agus tháinig Ciabhán Glúingheal do'n taobh eile dhíobh agus thárla Rígh Sacsan agus Rígh eile as iarthar an domhain dó, agus ní héidir áireamh no innsin ar thuit le Ciabhán Glúngheal de'n ruathar sin. Is annsin d'ionnsuigheadar na catha céadfadhacha sin a chéile. Acht tá ní cheana: dá dteagmhadh do mhac no do bhráthair ar ghualainn fir aca do shaoilfidh gur bé námhaid na eascarad do bheadh ann, agus níor bh'ion-áirmhighthe ar thuit le Cod, le hIollan, agus le Ciabhán Glúingheal, díobh; agus ba chuma sin i bhfarradh ar thuit de na sluaghaibh féin ré chéile. Acht tá ní cheana, thárla Rígh na hIoruaidhe, Rígh Inse hOrc, agus Rígh na Sorcha re chéile, agus do chuimhnigheadar a bhfíoch agus a bhfoltanas d'á roile, gur ba chomhthuitim dóibh na dtriar ar an máigh sin.
A haithle na mór-olc sin tháinig Cod agus a dheagh-mhuintir d'á bpobal féin agus ge'r mór easbha fear an domhain ó'n trom-thorann sinn ba mhó easbha Chuid agus a dheagh-mhuintire fá Bhuinne Borb-thréan. Iomthusa Buinne Borb-thréan, innistear sonn seal eile. Ar bhfágbháil an droichid dó, ni cian do chuaidh an tan thárla Rígh-chathair ro-mhór dó, agus téid asteach innti gan fuireach, agus ba hil-ghréasach iongantach árd áluinn deaghdhéanta an dún sin, agus ní bhfuair de dhaoinibh innti acht aon ridire amháin, iar gcaitheamh urmhóir a aoise, agus macaomh óg amh-ulcach neamhársaidh, agus cailleach chríona chrom liath chasachtach L. casaightheach de'n leith de'n bhruighin, agus caor d'iarann aith-leaghtha i n-imeall na teineadh aca. Agus ag suidhe do Bhuinne Borb-thréan do dhearg an chaor i gcéadoir, agus ar na fhaicsin sin do'n mhuinntir do bhí astigh, do éirgheadar uile agus do thugadar teóra póga dhó, agus dob' iongna le Buinne Borb-thréan, agus d'fhiafruidh sgéala de'n bheag-bhuidhin sin. Agus do fhreagair an fear ba shine aca é, agus is eadh adubhairt: - "An Isbéirne an chríoch so 'na bhfuil tu, a mhic Rígh na hAfraice. Do tháinig piast chugann, agus do chogain ár mór-thréad, agus do mharbh ár ndaoine uile na dhiaidh, agus thug sí ár sluagh agus ár sochaidhe orrainn, idir óg agus ársaidh, ionnus nach maireann aguinn d'ár slógh agus d'ár sochaidhe acht a bhfuil ann so. Agus d'fhágadar ár sinsiridh i bhfíor agus i bhfaistine againn an tráth do lasfadh an chaor 'san teinidh go dtiocfadh Buinne Borb-thréan mac Rígh na hAfraice chugainn agus go bhfóirfeadh sé orrainn ó'n éigean sin 'na bhfuilmíd, agus go muirfeadh an phiast iongantach úd." Agus do freasdaladh agus do frithealadh go huasal onórach é an oidhche sin, agus d'éirigh go moch ar na mhárach. Is annsin adubhairt an fear aosda: "A mhic Rígh na hAfraice; is ionann athair damh-sa agus do'n mhacaomh óg úd do-chí tusa, agus is í an chailleach úd ár máthair araon, agus d'aon toircheas agus d'aon
toirbheart sinn araon. Agus ní hionann beatha ar ar hoileadh sinn .i. nimh an chéad-bheatha do tugadh do'n mhacamh óg úd, agus gidh bé oiltear ar nimh ar dtús, ní chuireann aois ná urchóid air, tré bhith shíor: agus ar bheatha na ndaoine eile do hoileadh mise, agus uime sin táim ársaidh mar so." Is annsin adubhairt Buinne Borb-thréan: "Déantar eólas na Rí-phiasta sin dam." Téid an macaomh óg agus Buinne Borb-thréan mar a raibh an phiast, agus is annsin fuaradar an phiast, ag féachain agus ag timchealladh na cathrach, d'á fhéachain an bhféadfadh dul asteach. Agus ó nar fhéad, do lúib í féin timcheall na cathrach amuigh, agus thug Buinne Borb-thréan urchar de'n rígh-chraoisigh bhí 'na láimh ar an bpéist gur chuir an tsleagh tríthe do'n taobh eile, agus annsin thug béim de'n lann leathanghlais do bhí 'na láimh ar an bpéist gur bhuain a ceann dí. Ro gabh, trath, lúthgháire ádhbhal an ridire um an gníomh sin, agus thángadar an bhuidhean do bhí fo ghlas amach le lúthgháir mhóir. Is annsin thug an chailleach do bhí san gcathraigh Fithchioll óir ar a rabhadar iomad buadh air, do Bhuinne Borb-thréan, agus is uaithe goirthear Fithchioll Rígh na hAfraice ó shoin a leith, agus de sheódaibh maithe an domhain é. Agus d'fhág an deagh-laoch an chathair sin, agus ni h-aithristear a imtheacht go ráinig do'n Ásia Mhóir, agus iar ndul ins an bhfaithche dhó, do thóg pobal fíor-áluinn go gcleasaibh gráineamhla. Agus an tan do chonncadar mór-theaghlach na cathrach an pobal sin thángadar do dhéanamh iongantais na timchioll, óir ba h-iongna leó éagsamhlacht an phobail. Agus nuair fuair Buinne Borb-thréan forgla lucht na cathrach amuigh ó'n gcathair, téid tríotha no go ráinig doras an dúna, agus téid asteach. Agus iadhas an doras 'na dhiaidh, agus tug bás obann athghearr d'á bhfuair astigh de'n teaghlach, agus thug cuairt con ó na cuainne ag min-iarraidh na cathrach no go dtárla an chloch do bhí d'á iarraidh dhó.
Agus do rug uirri, agus do chuir i gcuibhreach a sgéithe í, agus tháinig go doras an dúna, agus do bhí sluagh na cathrach ag tochailt na trom-thalmhan go niata neart-chalma a dtimchioll an tuir, agus do luath-fhuasgail Buinne Borb-thréan an doras agus tháinig amach ar an doras chum na faithche, agus thugadar slóigh na cathrach frasa diana d'á n-armaibh do-fhulang dó, níor bh'iomlaid gan íoc sin, óir do thug Buinne Borb-thréan malairt gonta do gach aon díobh fá seach, agus fágbhas tor na dtrí mbeann iarsin; agus ní h-aithristear sgéalaidheacht air, no go ráinig go Cathair na gCloch nDearg 'san Éigipt. Agus ráinig doras an dúna, agus d'iarr a fhosgladh, agus téid an doirseóir d'á innsin do'n Rígh .i. mac Rígh na hAfraice bheith 'san doras. Agus adubhairt an Rígh a leigean asteach, agus do rinneadh sin i gcéadóir leis agus fáiltigheas na h-uaisle i gcoitchinne roimhe, agus do freastaladh go huasal onórach é. Is gearr go dtáinig an doirseóir an dara feacht asteach agus d'innis dóibh aon óglaoch bheith 'san doras agus beart geal uime, agus adubhairt an Rígh a leigean asteach agus do rinneadh amhlaidh, agus tháinig ar lár an dúna. Is annsin d'fhiafruigh an Rígh sgéala dhé, agus adubhairt an gaisgidheach gur bh'é féin Iollan Arm-dhearg mac Rígh an Domhain, agus gur ag tóruigheacht Buinne Borb-thréan mic Rígh na hAfraice tháinig sé, do sháruigh a bhaile athardha, .i. Baile Rígh an Domhain, agus do mharbh mórán d'á mhuinntir agus do rug cloch na mbuadh uaidh. Is annsin adubhairt Rígh na hÉigipte, "tá Buinne Borb-thréan i ngeal re n-a chionntaibh féin, ar ár gcumas." Do b'fhíor dhó, ar an ádhbhar gur ab ag Rígh na h-Éigipte do h-oileadh Rígh an Domhain. Is annsin do loinneadh agus do luath-fheargadh fá Bhuinne Bhorb-thréan mar do chualaidh an cómhrádh sin Rígh na hÉigipte, agus do éirigh 'na cholamhain cómh-dhíreach 'na cheartsheasamh, agus do chuaidh amach ar an bhfaithche, agus do lean Iollan Armdhearg amach é, agus níor bh'fáilte carad um chuirm, fáilte na deise deagh-laoch sin d'á chéile. Is annsin adubhairt
Iollan Arm-dhearg, "Cosgaidh teaghlach an Rígh," ar sé, "go bhféachaim féin agus mac Rígh na hAfraice cómhrac re cheile." Is annsin do ionnsuidheadar an dias deaghlaoch re chéile, agus do ronsat cómhrac féigh fuilteach forbarta foirniata bonn-mhall bas-luath béim-láidir, agus no go n-áirmhighthear gainimh mara no duillidhe feadha no drúcht for fhéar no féar for fhaithche, no réalteanna aoir, ní háirmhighthear a dtugadar-san de chneadhaibh agus de chréachtaibh dó-léighis ar a chéile, agus dob' é críoch an chómhraic sin go dtug Buinne Borb-thréan braon báis agus beag-shaoghail do Iollan Armdhearg, agus iar n-a fhaicsin sin do Rígh na hÉigipte agus d'á theaghlach do chuadar timcheall mic Rígh an Domhain, agus rugadar leó go Cathair na gCloch nDearg é, agus ní mór go dtáinig leis teacht asteach, an tan do fuair bás obann athghearr, agus d'fhágadar Buinne Borbthréan 'na aonar ar an bhfaithche amuigh. Agus do thuit dorchacht na hoidhche ar Bhuinne Borb-thréan annsin, agus do thóg pobal 'na sheasamh ar an bhfaithche, agus d'fhaduigh tor tréan-mhór teineadh fá an am sin. Ba h-amhgharach do bhí Buinne Borb-thréan ó chnéadhaibh agus ó chréachtaibh an uair sin: agus do bhí inghean chrothach chaomh-áluinn ag Rígh na hÉigipte, agus do bhí sí ag féachain Bhuinne Bhorbthréan ins an gcath-iorgail sin, agus tug sí searc a hanma dhó, agus tháinig ar cuairt go Buinne Borb-thréan an tan sin, agus do bheannuigh dhó go gcaoineas comhráidh agus go milisbhriatharaibh, agus d'fhreagair Buinne Borb-thréan an beannchadh. Is annsin thug an inghean cloch bhuadha do bhí aici amach agus do chumail í do chnéadhaibh agus do chréachtaibh Bhuinne Bhorb- thréan, ionnus nár fhág cneadh no créacht gan leigheas d'á raibh air, re buaidh na cloiche sin. Agus do gheall an inghean sith Rígh na hÉigipte do dhéanamh dhó. Adubhairt Buinne Borb-thréan nar bh'fhearr dhó sith 'ná cogadh aige. Acht tá ní cheana, thug an inghean biadha saora so-chaithmhe dhó, agus deocha séimhe soineamhla, agus do chaith Buinne Borb- thréan a leór-dhóthain díobh. Iar sin téid an inghean d'á
grianán do chodladh. Iomthúsa Rígh na hÉigipte, tar éis báis mic Rígh an Domhain, do bhí go dubhach dobhrónach an oidhche sin. Iomthusa Buinne Borb-thréan, iar soillsiughadh do'n lá ar na mhárach, do cheangail a chorp ina chath-éidigh catha agus cruadh-chómhlainn, agus tháinig amach ar an bhfaithche, agus do bhuail a sgiath go calma curata, agus do chualadh an béicidh sin i bhfrithibh na firmament. Agus nuair do chualaidh Rígh na hÉigipte an trom-thorann sin, tháinig amach ar an bhfaithche, agus do chómhraic sé féin agus Rígh na hÉigipte re chéile, agus thugadar il-iomad de chneadhaibh doimhne dó-leighis d'á chéile. Acht tá ní cheana, do thuit an Rígh le Buinne Borb-thréan. Agus d'fhágaibh Buinne Borb-thréan críocha na hÉigipte, agus ní h-aithristear sgéaluidheacht air, no go ráinig go Cathair an tSrotha Dheirg mar a raibh a mhuinntir féin. Iomthusa Rígh an Domhain, an oidhche rugadh an chloch uaidh do thuit sluim trom tiugh galair air, agus frith marbh ina iomdhaidh féin é ar na mhárach. ...slaodan troim ghalair... Agus iar dteacht do Bhuinne Borb-thréan mar a raibh a mhuinntir féin, do ghabhadar d'á phógadh go díocrach agus fiafruighid sgéala dhé, agus ann sin do ráidh Buinne Borb-thréan an laoidh: -
Sgéala leat a Bhuinne Bhuirb Tabhair do sgéala gan fheirg Isé sgéala sin leath buird Ingheilt do chuilg ón tSruth Dhearg. BUINNE. Tárla san Drólainn dúinn Mór-bhuidhne 's droichead re taobh Ar ndórtadh fola go h-úr Giolla súil-ghorm séidte saor. Atá fa'n droichead, truagh liom, Cuirp sheanga i n-easbaidh a gceann, Na slóigh uile bonn ar bonn Re húir na dtonn thoir a's thall.
Sírim ar fhéinnibh na n-arm A dheagh-ainm do dhéanamh dúinn. Fá sgéal sin re ngabhtar gráin Sgéal an uair sin fá mbiadh dúr. "Ag so an sgéal d'fhiafruighis díom A fhir ghlic na mbriathar mín, An Dreolainne an tír seo féin, 'Sis mise ané fá Rígh dhí. "Baoghal duit-se dul re taobh An droichid ar chaol an chuain, Atá 'na luighe ar a lár An phiast do chuir ár na sluagh." d'fheachas faobhar m'arm géar Mairfidh an sgéal so tar m'éis, I n-éiric ar mharbh de'n tsluagh Beantar liom a ceann de'n phéist. Tárla san Iosbirne dhúinn Fear aosmhar a's macaomh óg, Caillech chríon i gcathraigh úir Thugadar dúinn teóra póg. 'San gcátraigh atá fi'n gleann Rugas a ceann de'n phéist ruaidh, Fuaireas ó'n gcailligh nár bh'óg Fithchioll óir go n-iomad buaidh. Do thuit liom teaghlach an Ríogh Ni gníomh sin fá déanta rún, Iar mbriseadh tuir na dtrí mbeann Thugas liom an chloch ar gcúl. Mac Ríogh an domhain, sgéal ba mhó, 'Na chosar chró théid asteach, 'S Rígh na h-Éigipte thuit liom Is Iollan Fionn na n-arm ngeal.
Ní bhfuaireas ar muir ná ar tír Troid mar Iollan na narm ngéar, I gCathraigh na Mór-chloch nDearg, Ag sin agaibh dearbh mo sgéal.
A haithle na laoidhe sin do cuireadh an chloch 'san tSruth Dearg agus do fuaradh agus do tiormadh an sruth i gcéadóir, agus do chuaidh Cod agus a mhuinntir go Cathair an tSrotha Dheirg, agus thugadar a bhfuaradar d'ór agus d'ionmhas innti leó, agus thugadar gearrughadh saoghail d'a bhfuaradar innti ó shin amach, acht Eiteall amháin. Iomthusa fear nDomhain, thugadar a n-aighthe ar Chlainn Rígh na hIoruaidhe, agus do rinneadar úmhla dhóibh. Agus do goireadh Rígh an Domhain do Chod mac Rígh na híoruaidhe, agus an méad do marbhadh de na righthibh sin san gcathraigh, do goireadh righthe eile 'na n-áit, d'á n-oighribh féin; agus do goireadh Rígh na hIoruaidhe do Chead mac Rígh na hIoruaidhe, agus tugadh Eiteall mar mhnaoi dhó, agus tugadh rann de thrí rannaibh an Domhain do Bhuinne Borb-thréan, agus an méad do mhair de righthibh an Domhain ar an láthair sin thángadar d'ionnsaidhe an áird-rígh sin, do cheangal a gcuir agus a gcáirdis fris, agus d'fhághail tuilliomh agus tuarasdail uaidh, agus cíosa agus cána thabhairt dó-san ó shin suas. Is annsin do goireadh Rígh na hAsia Móire do Mhícead, agus thángadar Clanna Ríghtheadh agus tighearnaidh dúithche agus barúin agus biadhtaigh agus taoisigh d'á ionnsaidhe do ghabhail forba agus fearann uaidh, agus do thabhairt úmhla agus urrama dhó. Iomthusa Rígh an Domhain, .i. Cod mac Rígh na hIoruaidhe, ba throm conaighe ba bhinn-bhéarlach na fileadha, ba shoilbhir soineamhail na sochaidhe, agus na cineadhacha, ba húmhal
aigiontach na hoighe, agus ba bhinn-fhoclach beancuire le linn an tréin-rígh sin, no go bhfuair bás.
Agus buidheachas do Dhia Uile-chúmhachtaigh go dtáinig liom a chríochnughadh anois, agus beannacht Día do gach Críostuidhe léighfeas guidhe le hanam an tí sgríobh mar so féin í." Finis. AODH MAC DOMHNAILL do sgríobh an beagán so. Ag so leabhar Thomáis Uí Luinigh ar na chriochnadh seachtuadh la fithet do mhídh Iuli an bhliaghain d'aois an tighearna .i. míle agus seacht ccéad agus ceathra bliaghna déag 1714, etc. etc.
Gura bi eachtra chloinne riogh na h-Ioruaidhe an scel sin anuas, agus fos goirid fireolaigh ciorgaile na sceuloidheachta don eachtrasa, agus dolbh daithgheal draoi agus Curaire Camchosach do scriobh an eachtrasa a ffleascoiph fileadh agus anamhlorgoiph druagh, agus gurabi so an ceathramhadh teanga in ar tarraingeadh hi; agus do scaoileadh righte an domhain da ccriochaibh fpein oshin amach. Finid. Amen. Ailim trocoire ar an trionoid.
Sirim guidhe an leaghthóra mar aon le n-a lucht éisteachta.
Ag sin eachtra chloinne R. na h-Ioruaidhe ar na cur i gceart críoch le Seamus mac Ciarnáin 's an mbhliadhain d'aois ár dTighearna 1770. Guidh ar anamnaibh mharbh Purgeadair. Na dearmuid an sgríobhnóir Séamus Mac Ciarnáin, agus guidh ar anam Mhriartigh Mac an Bháird. Finit.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services