Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
CinnlaeAmhlaoibh Uí Shúileabháin III
Title
CinnlaeAmhlaoibh Uí Shúileabháin III
Author(s)
Ó Súilleabháin, Amhlaoibh,
Compiler/Editor
McGrath, Michael
Composition Date
1831
Publisher
(Londain: I.T.S., 1936)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CINNLAE UÍ SHUILIOBHAIN DEN BHLIAGHAIN 1831 Gionbhar gruama dorcha duairc, no sneachtamhail siocamhail sleamhain suairc "Samhra gach sine go Nodlaig." An chead la .i. dia satharn: la nealmhar dorcha: toineadh, agus mionfhearthain ar feadh an lae nac beag: tosach oidche clagairnighe: toineadh ar feadh na h-oidche: gaoth ciuin andeas: "Gaoth andeas bionn si tais, is cuireann si rath ar sioltaibh." "Is teo sioladh .i. siolladh den gaoth andeas na teine ceap a' domhain." Is í seo an chead la den bhliadhan nua .i. la an Nodlag beag .i. la saoire. Deas Dé sa bhliadhain duinn, bliadhain nua faoi sean, is faoi sonas chugainn! An dara la .i. dia domhnach: lá clagairnighe caoithigh le gaoth glorach giuineach geoineach andeas: tuile treun san Amhain (Abhainn). Is breagh ghlanfas an fhearthuinn trom so an talamh o sioc agus sneacta. An treas la .i. dia luain. Drochmhargadh muc: maidin breagh bog gruama nealtrom ciuin. Ceannuigheas da mhuc air se puint, acht leath coroin do theasdail (5-17-6). An ceathramha la .i. dia mairt. La tromnealtach ciuin dorcha soinninne: oidhce ciuin tirm. An cuigeadh la .i. dia ceadaoin. Lá tromnealtach tirm: gaoth ciuin anoir ndeas.
An seiseadh la .i. diardaoin .i. la cinn da la dhéag na nodlag. La breagh bog nealtach ciuin: ainiomad an iomad daoine a cCallain andiu: na ceadta daoineadh ag iaradh maitheamhnas no lagadh san deachmhadh on ministeir gallda .i. o Seoirse Stebhenson; acht do bhi pileirighe agus draguin dearga ag coimhead fear na deachmhuinn daingeann na chuid deachmhuinn. Ta an obair se ag dul ar aigheadh le coicigheas treas an ccontae se Cille Cuinne, acht is beag an comhar dul chum dlighe leis an diabhal agus an cuirt an ifreann. Ata an dlige air taoibh na ministeírighe agus ni dheanfadh an pairliament Sasanach aon aistriughad ar an dlighe sin go rachadh diobh. Ata an obair ceadna ar siubhal a Sasana féin (.i. i Norfolk). Ta cruacha agus stácaighe airbhair, agus feur da dhoithead tre se chontae deag a Sasana ag lucht oibre. Taid siad da ccrochadh, da cceusadh, da ccur tar saile go Botany Bay treas na loisgreann no toitein se. Is fiorbhoichteanna ata ag cur ar muintir na hEirionn agus Sasana do ghluasuighean iad chum gach eirghighe amach noch ata siad ag deanamh an aigheadh dlighe na rioghachda. Ar bharr leathnaigh Mi Gionbhair 1831: - gach lá líne. An seachtmhadh la .i. dia haoine. La aoibhin aorach nealtana greine ciuin: san oidhche d'eis ocht a clog, bhi cuma iongantach neamhgnathach ar an aer. Ba dhoigh leat go raibh an grian ag eirghighe an gach cuid den leath shoir agus thuadh don domhan. Bhí cuid den aor thuadh agus thuas os ar ccionn chom dearg le fuil; cuid eile buidhe. Bhi cuma sgathadan air an aer le riasta buidhe o mullach go lar. Is air an taobh thuadh agus shoir ba breagha iad; acht ba na riasta sofaicsionna aneas agus siar. Sheasadh na niamhdatha so ar feadh sgatha fhada.
Dubhairt daoine gan fodhlaim gur comhartha coga é; acht is doith liomsa gur comartha seaca e. Gheobhadh duine leigheadh leabair do dheanamh leis an solas iongantach so, gealain oidhche. An t-ochtmhadh la .i. dia satharn. Maidin seaca cruaidhe d'eis oidhche niamhdatha aeir, no gealain oidhche. An naomhad la .i. dia domhnach. La breagh bog neultach ciuin. An deichmhadh la .i. dia luain, drochmharga muc. La breagh bog neultach ciuin. An t-aonmhadh la deug .i. dia mairt. La aoibhin aerach speirghlan greine ciuin: gealain oidche d'eis ocht a chlog san ard thuadh. Is iongantach do saigheadan siad tres an aer. An dara la deug .i. dia ceadaoin. Maidin seaca leithe breagh bog ciuin neultach: gaoth andeas. An treas la deug .i. diardaoin. Maidin breagh bog nealtach ciuin: gaoth ciuin anoir ndeas. An ceathramha la deug .i. dia haoine. La breagh bog neul-tach: gaoth ciuin anoir ndeas: gach n-oidhche o oidche na ngealain thuaidh comh dubh le Poll a Phuca. An cuigeadh la deug .i. dia satharn. La breagh bog neultach: gaoth ciuin anoir ndeas. An seiseadh la deug .i. dia domhnach. Lá fuideach fuar ceofrain: gaoth ciuin anoir ndeas. An seachtmhadh la deug .i. dia luain. La neultach fuideach: gaoth ciuin anoir andeas: oidhche chom dubh le Poll a Phuca: is amla ata gach oidhche o do stad na gealain oidhce, no tuadh: drochmargadh muc: cia go raibh ainiomad diob ann acht nior dioladh acht beagan diobh: ata tri muca mora agam fein; ni bhfaigheann acht mo cuid fein orrtha d'eis a mbeathughadh ar feadh coichigheas. Má "chruinnigheann brobh beart meathan miothcaitheamh mor-chuid": acht "tagann maith le cáirde" agus "beidh la eile ag an gaodhal bocht." Is pluideamhail
ata an sraid, cia go bhfuil an la tirm os ar ccionn, do rachadh duine tar beul a broige shan dríb. An t-ochtmhadh la deug .i. dia mairt. Maidin greine neultana ag naoi a clog d'eis deire oidhce siltheanach. An naomhadh la deug .i. dia ceadaoin. La breag bog neultach ciuin. An fithchead la .i. diardaoin. Maidin siltheanach: gaoth ciuin anoir ndeas: deire laoi ceathanach: oidhce dorca. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia haoine. La ciuin bog dorcha pluideamhail: gaoth anoir ttuadh. An dara la fichiod .i. dia satharn. La siltheanach pluid-eamhail neultach dorca: gaoth anoir ttuadh. An treas la fichid .i. dia domhnach. La neultana gan gal greine: gaoth biogamhail fuar anoir ttuadh agus a ttuadh um deire laoi. Ceithre duine is fithche (24) ar coisir ag sagart a poraisde agus mise mar aon. An ceatramha la fichiod .i. dia luain. Maidin aoíbhin aorach speirghlan greine gan gal gaoithe gan fuacht: an t-sraid tirm o siocainin leith noch do thuit areir. Ta suil le Dia agam go mbeidh laethanna breaghtha againn as so amach, agus is mor do theastuigeann siad uainn: gaoth geur ciuin aniar ar maidin: neulta agus braon le gaoith um buile a clog: trathnona agus deire laoi foneultana, greine: gaoth geur fuar a ttuadh: oidhce foneultana gealaighe seaca: gaot gonta garoideach a ttuad. Mor marga muc: dhiolas muc agus chailleas leithe. An cuigeadh la ficiod .i. dia mairt. Maidin seaca duibhe, an grian ag taitneamh go fann tre tan-neulta: sioc daing-eann: tri ceathramhna ordlaich ar tiughacht san leacoidhre ar lochanaibh: daoine ag samhsleamhnadh ar an leac oidhre: anchuid guail air an marga agus beagan potataoi: sneacta ar gach morshliabh: ta maoilinibh Sleibhe na mBan agus na Gaillti glegeal: is alainn feuchuid oidhce gealaighe sneachtamhail: gaoth aniar ttuadh.
An seiseadh la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin breagh, sneachta ar an ttalamh: la neultach, gaoth aniar ttuadh. An seachtmhadh la ficiod .i. diardaoin. La siltheanach fuar: gaoth gonta garoideach aniar ttuadh: is geibhreamhail an la e: fiorbeagán daoine tuata a cCalain: so fasamhail folamh d'feuchann an baile: "fuar gach fliuch": is anrodhach an la e: oidhce ciuin nealtach gealaighe. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin ciuin tromneultach sraidshalach: beagan sneachta leathogach um deich a clog acht do leigheadh se mar thuit se: deire laoi ciuin bog: nil sneachta ar sliabh: oidhche ciuin bog. An naomhadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin dorca ciuin: crom tromsneachta leathogach ag tuitim ag ocht a clog ar maidin, go direach sios agus ni fairsgeo: is tiubh, tiub tiub thuiteann se; ag an naoi is glegeal gach nidh faoi. Ta caipin géal ar gual dubh san margadh: do lean ar ag cathadh sneacta go tri a chlog san trathnona, an tan crom sé ag fearthainn go dian: clagairneach caoitheach ag ocht a chlog san oidhce: is í seo an -, is é seo an la is anrodhach do thaineadh san bliadhan se. "Samhra gach sine go nodlaig, is ni fuacht go feil brigde." "La sneacht is fearthanna la cosgartha an loin." Creidim go mbeidh fiorbheagan lon ag labhart an samhra se cugainn oir do cosgar an geibhre se iad. An deichmheadh la ficiod .i. dia domnach. La neultach tirm act beagan mionsneachta le gaoth gonta anoir ttuad: sneachta ar gac sliabh; is mo go mor thuit ar na sleibhtibh budh thuadh na ar na sleibhtibh budh dheas. Nil aon sneachta ar maghaibh mine Gleann a Rig na Righe. An t-aonmhadh la deug ar ficid .i. dia luain: .i. oidhche feil Brighde. Maidin aoibhin aorach geal greine seaca leithe: la neultach fuar. Do crom se ag cathadh sneacta ag seacht a clog san oidhce, agus do lean ar go raibh an tir uile foiligte Is i seo oidhce cosgartha na n-eun: gaoth garbh geur gonta gartach a ttuadh.
Na Comarthaigh ag tighthe an osta ag giosgan go giuineach, dar leat gur ag tabhart an buile deigheanach duinn ata an geimhre gaibhtheach. Is fuar lucht fotharaighe folamha gan ard, is truadh lomnoctain na Heirionn. AN CEAD MI DEN EARRAC MI FAOILEADH: FABHRA 1831. An cheud la .i. dia mart .i. la fheile Brighde baine. "la fheile Brighde baine tig aile le gac sin "an breac sa bradan ban do snamh go Tigh-mhoilinn." "Samra gach sine go nodlaig, is ni fuacht go feil Brighde." Ta gach sliabh, beann, cnoc, cnocan, magh, agus machare foilighte go doimhin le sneacta sguabach. Bhí coiste an mhala deigheanach, agus, dar ndoith, ni iongantach e oir is mo do tuit sneachta laimh le Baile ath cliath na laimh le Callain: ni bheidh iongantas orm ma stadfadh coistighe cuige Ulaidh; coiste Baile Fearsad, coiste Doire Calgaigh, coiste Inse Ceathlain, coiste Cuil-raithin. Morchuid sneachta ann gac clais, ann gach dig ann gac deirc an gach gleanntan. Taid na sceacha ar an taobh cluthar den cladh mar cleitighe glegeala; acht ata bar na ccraobh agus na ccran glan o sneacta, o croithtear go mor iad le gaoth gonta giuineac aniar ttuadh: oidhce sneachtamhail fuar. An dara la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach geal greine sneactamhail: gaoth ciuin geur attuadh. Ní miste a radh "comh geal le sneacta sguabach," oir is glegeal e ann gach deirc. Ní feidir le coiste an mhala teacht o Baile ath cliath, le neart sneachta scuabach ar boithribh; cia nach bhfuill ainiomad de treas na boithribh laimh le Callain. An treas la .i. diardaoin. La breagh greine fuar: an tir uile geal le sneacta: gaoth geur ciuin aniar ttuad: cuma sneachtamhail ar an oidhce, cia nach ar thuit se; is gonta an oidhce i. Nior aireadh me chomh fhuar tres an geibhre. Ta
bar sgoilb ar sgoith-reodha, .i. ar caoinnle cuisne, .i. ar caoinnle seaca, as cleitin gac tighe. Nior thainead coiste an mhala o Baile ath cliat tre Callainn o deich a chlog dia mart. Ta coistighe Corrcaighe uile a cCill Chuinnigh. Ni féidir leo dul nios sia budh tuad. Nior thainead aon coiste o Corcaig andiumh. Cuala da focal andiu mar so: - "ta seanghreidm fianuighe aige ar gabaltas": "ta iarghnodh no iarno mor air an trathnona anois" iargnodh, iarnó. An ceathramha la .i. dia Haoine. Maidin aoibhin aorach geal greine speirghorm: gaoth geur gonta aniar, tar sleibhtibh seaca, tar cnocaibh cuisne, tar bantaibh bana, tar gleanntaibh agus gaisighibh geala, tar lochaib leacoidhre, tar fasaighibh fuara. Is cluthar bothan broinnard isiol ar a bhfuill trom- dhion agus ann a bhfuill biadh agus teine. Nil aon tigh com cluthar le botan bala fidin cinntuibhe, doras daingeann, beag fuinneogach mor teinneach biadhfairsing: "Is fearr tigh beag is moran sodh na tig mor is beagan bighe bidh." La aoibhin aorach seaca, is cruadh an sraid. Nil acht fiorbheagan do seachta siocaighte ar aighead bantaibh anois, ceathramha ordlach no mar sin; acht ata na deirceanna lán, agus gach cnoc, sliab, beann. moin, mulach, drom, droimin, tulach agus magh, ban, glegeal, on beagan sneacta siocaighte se. Deirthear liom go bhfuill chuig troidhte déag ar doimhneacht san sneachta ag an gleann ag Bailetoir Bealach Tuair, idir Ceatharlach agus Baile ath cliath. Is e seo agus gleanntain eile da samhail noch ata lan de sneacta sguabach noch do stadann coiste an mhala. Oidhce seaca ciuin reultsolais. Ag barr leathnaigh nua (Mi Faoileadh no Feabhra 1831 "Faoileadh fuar cia fliuc tirm"). An cuigeadh la .i. dia satharn. Maidin aoibhin aorach speirghorm greine seaca cruaidhe: is deacair do chapail
na ngualadoireadh teacht o Druim a Ghuail andiu; oir ataid na boithribh com cruadh sin gur ab ar eigean geibid na capail a ccruite gearuighte do cur san siuc. Thuit capal ar an droichead mor faoi ualach uisce beatha: do brisead bodaighe leathlaidhí na trucaile, agus do doirteadh se nó seacht ngalluin den uisge beatha: gaoth gonta aniar. An seiseadh la .i. dia domhnach. La mionfhearthana: gaot beodha bog aniar ndeas: sioc agus sneacta ag toinneadh tineadh, tionadh no ag leigheadh go mear: "is teo siolla den ghaoth andeas na teine ceap a domhain." An seachtmhadh la .i. dia luain - marga maith muc. La breag bog neultach, gaoth ciuin aniar ndeas. Ta an sneacta imighte, acht beagan a ndeiricieanaibh. Is ar guailnibh fear tainneadh an mala o Bhaile at cliat go Ceatharla agus druim capail as sin go Cill Cuinigh, agus a ccoiste an mhala as sin go Corca. Dhiolas da mhuc ar se puint ocht sgillinge, agus ceannuigeas muc ar ocht sgillinge deag ar fhicid: sraideanna pluideamhla. An t-ochtmhadh la .i. dia mart. Maidin bog neultrom dorca mionfearthana sraidshalach: la breagh bog, neultrom dorcha: oidhce ciuin bog mioncheathánach. An naomhadh la .i. dia ceadaoin. La breagh bog neultrom dorcha ciuin sraidshalach. An deichmheadh la .i. diardaoin meith na hinnide. Maidin tromneulach ciuin sraidsalach bog. Tainead coiste an mhala areir agus ar maidin andiu o Baile at cliat; ta an bothar glan o sneachta anois. Nior conairceas maidin ariamh ba dorcha go meadhon lae an tan do ghlan se suas beagan, - la dorchadais moir trid amach: gaoth roiciuin aniar ndeas. Leighim go raibh an sneachta chom trom a Sasana agus do bhi se an Eirinn. Muchadh beirt fear a ccontae Cille Meantain. Cailleadh triur leanabh san ait ceadna. Fuaradh na feara acht nior fuairadh na leinbh fos. Muchadh beirt idir Baile ath cliath agus Dun Laoghaire.
An t-aonmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin aoibhin aorac nealtana greine. Nil ball ban sneacta am radharc ar sliabh da aoirde. Cluinim an fuiseoigin fiadhain ag moladh Dé is na hardaibh andiu. Ni cluinim eun ar bith eile acht na gealbhain tige. Gaoth ciuin aniar, la aoibhin aorach neultana greine: "le gach la gach 'le la go h-aoibhin, alainn o la fheile Brighde go la fheile Pádraig" "la fheile Brighde baine tig aile le gach sinn, an breac 'sa bradan bán do snamh go Tigh Molinn." An dara la deug .i. dia satharn. Maidin aoibhin aorach ciuin ceo; la aoibin aorach geal greine: gaoth aniar. An treas la deug .i. dia domhnach .i. domna inide. La neultach tirm; gaoth ciuin aniar ndeas. L. inide. An ceathramha la deug .i. dia luain. La breag bog nealtana galgreineach: gaoth ciuin aniar ndeas. An cuigeadh la deug .i. mart inide. Maidin nealtrom mionfearthana. Is bocht an marga mart inide e. Ni feicim morán ag ceannach "spoilin meith na hinnide." Croicheas andiu chuig spola martfheola, se teangann marta, agus leath cinn muice moire. Is e seo la caithteadh na ccuileach. Ba barbartha an cleas e. Ceangalthaoi an cuileach boct le reabhad reifeadh .i. téad cruadh cnaibe de chuaille no cairthe nó coirthe, agus caithtigh caithtí maide leis, agus an te do marbhadh e ba leis e. Cuirthead cuirtí pingin sios le gach urchar. d'imthig an nos barbardha so ar ccul le deanuigheacht. Ni feaca le triochaid bliadhain é. Ba nos Sasanach é. Gallus ba ainm do chuileach agus do Francac san laidin; as so dhioladar an deargghrain noch do bhi aca ar Francachaibh (Gallus), ar an ccuileach bocht (Gallus). Bhi nos eile ann .i. ag cur agus ag caitheamh suas airgid ag cur ghill, acht d'imtigh an nos so go mor ar ccul mar a ttimthigh d'imthigh trod na ccuileach. Ta seannos maith air buan nó bun fos .i. ciste-adhan
oigheann, oidheann, aidhean do dheanamh ag lucht saibhris agus a ttabhart do lucht a tteaghlach, agus da ccomharsan le n-itheadh. An seiseadh la deag .i. ceadaoin a Luaithre. La aoibhin aorach speirghlan greine gan neul, gan ceo le ciuineas mor: gaoth ciuin aniar ndeas. "Ceadaoin a Luaithre is mor an buaireadh bainne d'ol." Oidhce reultsholais neultach. An seachtmhadh la deug .i. diardaoin. La breagh greine: gaoth ciuin ainir .i. aniar. An t-ochtmhadh la deug .i. dia haoine. Maidin neultana greine: gaoth ciuin geur attuadh, cioth um trathnona. An naomhadh la deug .i. dia satharn. La breag nealtana greine: gaoth ciuin attuad. "Is fuaire oidhce ciuin earraigh na oidhche gharbh gheimhre." Barr leathnaigh (Mi Faoileadh nó Fabhra 1831 gac la line: an dara seachtmhainn den chorghas). An t-aonmhadh la ficiod .i. dia luain - drochmarga muc: la breagh bog nealtach galgreineach tre neulta tana. An dara la ficiod .i. dia mart. La breag bogh ciuin nealtana galgreineach. An treas la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh bog ciuin neultach. An ceathramha la fichiod .i. diardaoin. La breag bog ciuin neulach. An cuigeadh lá ficiod .i. dia haoine. La breagh fuar nealtana greine; cioth ag meadhon lae le gaoth beodha aniar: deire laoi neultach ceathanach: oidhce giuineach, gaothmhar. An seiseadh la fichiod .i. dia satharn. Anfa aniar roimh eirghighe greine; gearrcheathain le gaoth garoideach aniar: maidin geal greine lomarneultach caoin, ciuin. An seachtmhadh la ficiod .i. dia domhnach. La neultana greine: anfa anba aniar um ceathar a chlog, agus deire laoi.
An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia luain - margad maith muc: La breagh neultana greine: gaoth ciuin aniar. Dhiolas muc ar da ghinidhe agus cheannuigheas muicin ar ceathar fichiod (24s.). Oidhce speirghorm reultsholais ciuin: "Is fuaire oidhce ciuin earraich na oidhche gharbh gheimhre." MÍ MARTA, 1831. An cheud la .i. dia mart. Maidin aoibhin aorac neultana greine ciuin caoin fionnfhuar. Is robhreagh an tosach air mi marta e: deire laoi neultac: gaoth ciuin aniar. An dara la .i. dia ceadaoin. La neultach ceofranach: gaoth ciuin aniarndeas. An treas la .i. diardaoin. La fearthanna eadtruim: gaoth ciuin aniar. An ceathramha la .i. dia haoine. Maidin breagh bog neultach ciuin: deire laoi ceathanach: gaoth andeas. An cuigeadh la .i. dia satharn. Lá fearthanna: gaoth garoideach andeas: taid na lionta lan anois. An seiseadh la .i. dia domhnac. Fearthain trom roimh breaca an lae le anfa aniar. La breagh neultana greine: anfa anba aniar. Is mor do theastuigheann aimsir tirm anois: "muna mbeidh na lionta lan roimh mi na marta lionfa an mart fein iad." An seachtmhad la .i. dia luain: - margadh mait muc. La aoibhin aorach neultana greine ciuin. An t-octhmadh la .i. dia mart. Maidin clagairnighe: gaoth ciuin aniar: deire laoi soinninne. Taid na lionta lan: focheathan um cronughadh lae: gealain aeir san ard tuadh (Aurora Borealis, gealain thuadh): ceathramha don radharc crios o ceann go ceann don gealan: oidhce speirghorm reultsholais: dar ndoith is comhartha soinninne an gealan so, agus is mor theasduigheann se; oir ni feidir obar earraigh do chur ar aigheadh.
An naomhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorac speirghlan greine ciuin d'éis oidhche gealainthuadh, speirghorm. La mar an gceadna go trathnona no tri a clog, an tan d'eirigh lomairneulta; cioth rothrom ag ceathair a clog: oidhce ciuin lomairneultach reultsholais. An deichmhadh la .i. diardaoin. Maidin dorcha neultrom ciuin sraidshalach soinninne: la ceathanach ciuin dorcha: oidhce chomh dorcha le Poll a' Phuca, deire oidhce dardala doinninne. An t-aonmhadh la déug .i. dia haoine. Maidin roimh breaca an lae dorcha dardalach doinninne. Chualas clagarneach no stealla fearthanna caoithigh: la soinninne, salach lomairneulach: gealain thuadh san oidhche speirghorm reultsolais ciuin. An dara la deug .i. dia satharn. Maidin siorbhaisthighe: gaoth garoideach andeas. Is comhsamhail nac comhartha soinn-inne na gealain thuaidh beith areir air an aer: o meadhon lae suas, anfa anba aidhbheil aniar ndeas. Ta slinn ag sginnead, deatachain ag tuitim, dion da dhiansgubadh; tuile treun san Amhain, agus siorfhearthain da stealladh: oidhce anrodhach anfadhach anba is i seo, rabhadhta rodhaibheil na feile Padruig: as mairg don luct loinge noch ata ar fairge laimh le Scillig Mhichil a ccontae Ciaruighe, no laimh le Inse Sgeimhle laimh le Carnaill anocht. (Is comhsamhail sgillig le sgeimhle .i. sgannra): dar leat gur ab "dubhlochuar", no curach na bliaghna ata ann: fuididididde is fuar e. Barr leathnaigh (Marta meirgeach gaothmhar cruadh 1831). An treas la deug .i. dia domhnach. La ceathanach cruaidh: gaoth gonta geimhreamhail aniar ndeas; sneacta ar sliabhaibh. Ta cnoic cloichaoil is gainimh glais saor o sneachta: dubh-lochair agus curach na bliadhna e go ceart anois. Ta gach
amhain, mor agus mion, srothan, gaise, dig, linn agus lointan, lan anois. Taid moinfhearthaigh isle na sgeitheannachaibh anois: trathnona .i. tri a clog slamneultac greine: gaoth gonta geur aniar ndeas; clagadh no stealladh ag ocht a clog 'san oidhche. An ceathramha la deug .i. dia luain. La gealáin agus ceathain: sneachta le gaoth gonta aniar ndeas: deire laoi neulmhar: beagan sneachta air Sliab na mBan Fionn is an t-aer os a cionn: oidhce anrodhach fliuch fuar neultrom dorcha. An cuigeadh la deug .i. dia mairt. Maidin siorfhearthana d'éis oidhce siorbhaistighe: gaoth geur aniar ndeas. Is comhsamhail go mbeidh aimsir doininne againn go n-iontadh an gaoth anois no ard eigin tirm. Bhiodh bualadh borb idir arm Polaind agus arm Ruisiath air an naomhad la deug agus ar an fitheadh la de mi Faoileadh no Fabhra se ghabh tarainn, laimh le Uarsabha. Caill arm Ruisiath deich mile fear. Bhi tri céad is dafhiciod ghuna mor ag lamhac. An seiseadh la déug .i. dia ceadaoin .i. oidhce fheil Padraig. Maidin mionfhearthana, d'eis oidhce doinninne: gaoth aniar ndeas: meadhon agus deire laoi soinninne sraidshalach: gaoth aniar, oidhce breagh neultana. An seachtmhadh la deug .i. diardaoin .i. la fheil Padraig. La breagh neultana greine: gaoth garoideach garbh aniar; is iongantach obann do thiormadh na bóithre: acht ata gach linn lán fos mar adeir an seanfhocal: "muna mbeidh na lionta lan roimh mi na marta lionfadh an mart fein iad." Acht ata suil le Dia agam gur gearr go ttrathadh na huisgeadha agus is mor theasduighean se, oir ata obar earraigh go h-iomlan air ccul, oir ni feacadh aoinneach da mareann aon tosach mi marta chumh fliuch leis an meid d'imthigh den mhi se: acht dar ndoith, beidh an chuid eile dhi breagh tirm mar adeir an sean- fhocal "le gach lá go h-aoibin alainn o la fheile Brighde go la fheile Padraig; gach aon la as sin amach agus leath mo lae si leis" (ar Padraig).
An t-ochtmhadh la deug .i. dia haoine - gaoth aniar: la aoibhin aorac lomairneultach ciuin: deire laoi roghlormhar, an grian ag luidhe dhi com dearg le fuil: oidhce speirghorm reultsholais. Re nua. Bhi bualadh borb eile laimh le Uar-sabha idir arm Poland agus arm Ruisiath. Sheasadh an cath tri la .i. an seiseadh la fichead, an seachtmhadh la ficead agus an t-ochtmhadh la ficead den mhi se ghabh tharainn .i. mi fabhra no faoileadh. Do tiomain saighdiuirighe Polaind na tioranaig o Ruisiath ar ccul cum na ccoilteadh; imtheacht gan casadh orrta. Amen, a Thighearna. An naomhadh la deug .i. dia satharn. La breagh tirm; an grian ag taitneamh go fann tre tanneulta: gaoth ciuin aniar ndeas: oidhce aoibhin aorach gealaighe, ceatana. An fithcheadh la .i. dia domhnac - ionan la is oidhce andiu. La aoibhin aorach neultana greine: gaoth roichiuin aniarndeas. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia luain - margad maith muc. Maidin ciuin ceo: ni fheicim ceud coisceim uaim: la aoibhin aorach speirghorm greine mar la buidhe bealltainne: gaoth roiciuin aniar ndeas; neulta orloisgighthe um luidhe greine, oidhce neultach ciuin caoin gealaighe. Ta daoine ag treabhadh coinnligh cum talamh potata anois agus ag cur coirce. An dara la ficiod .i. dia mairt. La aoibhin aorach neultana greine ciuin. An treas la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh neultana greine: gaoth geur anoir. An ceathramha la ficiod .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach lomairneultach greine: trathnona agus deire laoi neultach: focheathain mionshneachta le gaoth gonta anoir: oidhce neultach tirm cruaidh. Dia haoine .i. an cuigeadh la ficiod .i. la Fheil Muire na Feil Padraig, no la Fheil Muire na Sanuise, no Feil na Ciosa .i. la saoire. Mionsneachta ar maidin le gaoith gonta anoir. Ta gach sliabh agus Sliabh na mBan Fionn fionn go leor le sneachta
aindiu: mionfearthain um deire laoi: oidhce neultach. "Is fuaire oidhce ciuin earraigh na oidhce gharbh gheimhre." An seiseadh la ficiod .i. dia satharn. Maidin fearthana d'eis oidhce fliuch: gaoth fuideach anoir: la clagairnighe trid amach: cronughadh lae soinnine; lomairneulta liathghorma san ard shiar: gaoth ciuin aniar. Is mor do bog an la le aistriughadh na gaoithe: oidche speirghorm gealaighe, ciuin go maidin. An seachtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin aoibhin, aorach, speirghorm, ciuin greine sraidshalach: gaoth roichiuin aniarndeas. Ag luighe greine, d'eirigh an re lan go glormhur ar speir gan neul gan ceo acht fiorbheagan de neulta liath-ghorma lomartha noch do bhi ag goradh ar Sliabh na mBan. An t-ochtmadh la ficiod .i. dia luain - la aonaig Cille Chuinig. La aoibhin aorach speirghorm greine caoin ciuin caomh. Taineadh da guna mor agus lucht a lamhach go Calainn andiu. Do ling sé tar an naomhadh la fichead, ar fad. An deichmhadh la ficiod .i. Ceadaoin a' Bhratha. La aoibhin aorach neultach ciuin: gaoth ciuin geur anoir. An t-aonmhadh la deug ar fichiod .i. Diardaoin Naomhtha (sic). Maidin aoibhin aorach lomairneultach greine: gaoth geur ciuin anoir: la aoibhin aorach speirghorm greine ciuin caoin. "Tagann mi marta asteach mar leon, agus imthigheann si amach mar lughan." "Tagann mi marta mar leon: imthigheann si mar lubhan." MI ABRAIN 1831.-An céad la .i. dia haoine .i. Aoine an Cheusda. - Is o ceasadh Criost ar Chrois goirthear an ainm se dí. Maidin aoibhin aorach speirghorm greine. Ta seanghnath ar bun an Eirinn .i. bheith ag deanamh amadan abrain da cheile. Ni fheadar créud an bundhas ata leis an nos leamh
so. Bhi nos ameasg na bPáganach an alód: mi abrain amiuch amuich sa amach do thabhairt suas do leamhais agus do nios measa, .i. do Beandheas recte Uenir no Bheineir goireann Horace recte Orait mi Uenire, Mi Beandheas de mhi Abrain. Ba he an ceud la den mhi si .i. comhghairm an lae andiu an feile ba mho do bhi ag Beandheas ameasg na Romhánach an alód - Is olc thagann la amadain Abrain agus Aoine an Cheusda le cheile. Is clos domh gur ab i an teanga gaodhalach us teanga mathara a Monsearrat san India shiar o aimsir Oilebher Cromuil, noch do dhíbir cuid de clanna gaodhal o Eirinn gus an oilean sin Montsearrat. Labartar an gaoidhilge ann le daoine dubha agus bana. Muise mo gradh croid na dibearthaigh bochta gaodlacha; cia dubh bán iad, is ionmhuin liomsa clanna gaodhal. An dara la .i. satharn Casga. Maidin gruama; sneacta leathogach agus fliuchsneachta ar fead uaire um naoi a clog: la neultach; gaoth gonta garbh attuad se arda soir. Nil aon chomharta sneacta ar cnoc na ar sliabh: drochmharga feola andiu, cuig pingne air an bpont den muicfheol agus don caoirfheoil is fearr; conablach an mairtfheoilin caol craite bocht bracach noch do bhi ann: da pingin go leith ar gach pont a cceannaibh muc. Is iomdha smugharla dubh doite do dioladh. Bhi laoighfheoil seidhte againn; acht ni raibh laogh biadhta, na lughan uan ramhar, na mairtfeoil meith, na feoil da chos .i. eanlaigh sgioboil, acht fiorbheagan againn, "is leor o Mor a diochol." Bhi go leor ann do lucht a ceannuighthe. Ní fearr liom tosach leis an ccoruigheas na deire; cia go raibh cead idhte feola ann tri la sa tseachtmhainn .i. dia domhnac, dia
mairt, dia ceadaoin recte diardaoin agus cead uibhe gach aon la acht dia haoine amháin, ni ait liom iasg soillte, agus ni raibh iasg úr le faghail acht go rodhaor agus go h-anamh. Bhi ceithre uibhe cearc ar bpingin, agus tri uibhe lachan, agus da obh turcaoigh, agus aon obh amhain geadh ar an bpingin. An treas la .i. an domhnach Cásga. La aoibhin, aorach slam-neultac greine: gaoth ciuin anoirttuadh. An ceathramha la .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach seaca leithe speirghorm greine. Chuadhas go Baile ath cliath air coiste an lae. D'fagas Callain ag naoi a chlog ar maidin agus bhios a mBaile ath cliath ag leath uair d'eis an naoi san oidhce. Bhi sneachta ar ardbheannaibh Fir Tuathaill contae Cille Meantain. Is sleibhteach an contae í seo. Is iomda sliabh ann ag "bagairt a ccinn tar druim a cheile." Bhí gaoth gonta anoir ttuadh ar feadh an lae. An cuigeadh la .i. dia mart. La breagh neultana greine ciuin. Chaitheas an la ag ceannach earraighe g . . . An seiseadh la .i. dia ceadaoin. La breagh neultana greine ciuin. Chaiteas an la ag ceannach earraigh agus ag diol airgid ar a son. An seachtmhadh la .i. diardaoin. La neultach mionfheartanna: gaoth glorach andeas. Is iomdha balla aibheil da thogbhail a ccuan Baile ath cliath. An t-ochtmhadh la .i. dia haoine. Maidin ciuin ceo a mBaile ath cliath. Gluaiseas as ag leath uaire d'eis a h-ocht agus bhios a cCill Cuinne ag se um trathnona .i. naoi n-uaire go leith bhios ag teacht o Baile ath cliath go Cill Chuinne. Gaoth ciuin andeas. Thangas a bhaile ar mo shocracht de cois o Cill Chuinne go Callain. Cia gur thuit moran feartanna cuadhmar as. An naomhadh la .i. dia satharn. Le neultac: gaoth ciuin aniar ndeas. An deichmhadh la .i. dia domhnach. Maidin ciuin lomair-neultach, focheathain le gaoth ciuin aniar ndeas.
An t-aonmhadh la deug .i. dia luain margadh muc. La aoibhin aorach; gealain agus sgailinighe le ciuineas mor. An dara la deug .i. dia mart. La aoibhin aorach, gealain agus sgailinighe: gaoth roiciuin anoir. An treas la deug .i. dia ceadaoin. La aoibhin aorach, gealain agus sgailinighe: gaoth attuadh. An ceathramha la deug .i. diardaoin. La aoibhin aorac, gealain agus sgailinighe, ciuin. An cuigead la deug .i. dia haoine. La aoibhin aorach neultach ciuin. An seiseadh la deug .i. dia satharn. La aoibhin aorach neul-tach ciuin bog breagh: gaot roiciuin aniar ttuadh: dá phingin go leith ar potataoi. An seachtmadh la deug .i. dia domhnach. La aoibhin aorach neultach ciuin breagh bog. An t-ochtmhadh la deug .i. dia luain. drochmarga muc: lá aoibhin aorach ciuin greine. An naomhadh la deug .i. dia mairt. La aoibhin aorach bog greine: gaoth ciuin brothallach andeas: potataoi ar da phingin, air da phingin agus feoirling, agus air dhá phingin go leith an chloich: daoine ag saothrumha saothrughadh na talman, ag cur eornan agus potataoi; ag treabhadh agus ag cur leasuighthe amach. An fithcheadh la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach caoin ciuin ceo; la breag bog speirghorm. An t-aonmhadh la fichiod .i. diardaoin. La lomairneulach: luaithrean no ceo bothair da sguabadh le gaoth beoda anoir. An dara la ficiod .i. dia haoine. Maidin ciuin caoin ceo, agus ceofrain: la geal greine: gaoth ciuin anoir ttuadh. An treas la fichiod .i. dia satharn. La aoibhin aorach geal greine caoin ciuin: oidche aoibhin aorach gealaighe. An ceathramha la fichiod .i. dia domhnach. Bhios um shuidhe ag tri a chlog ag siubal tre na bantaibh. Is aoibhin ceol aon .i. eun um maidin go doith. Bhi toramh ar
faithce an aonaigh, acht ni rabhas ann; oir ni leigeann an t-easbog aosóg na daoine gan posadh ar toram san oidhce anois, agus is maith do ghnidh se sin, oir ni bhiodh do chaitheamh aimsire aca ag toramh acht ag imirt boidhicmin odharta (.i. boidichín odharta), diuistis .i. breitheamh na breige, Sur Suipin agus an banruighean ag an Greig, agus a samhail eile d'aisthighibh; agus ag innsinn sgeulta fianuigheachta, ag abhrán etc. tres an oidhce, agus dar ndoith bhi eolas ar suirighe aca muna rabhadar pósta. La aoibhin aorach geal greine bog brothallach breagh: gaoth ciuin andeas aniomadh stal da ttaisbeanadh ar fuaid na sraide. An cuigeadh la ficiod .i. dia luain. Maidin ciuin neultach: meadhon lae agus trathnona mionfhearthana: ag cuig a chlog clagadh trom: deire laoi siltheanach: gaoth andeas. An seiseadh la fichiod .i. dia mairt. La aoibhin aorach neultana galgreineach: gaoth ciuin. An seactmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach ciuin caoin neultana greine. Ta baine bainne im is laoighfheoil daor san earrach seo. Do theibh tarbh na dára tá smal ar an LS. ar mhorchuid ba. Ta fithce gamhnach an ionad fithce laoghligheach .i. loiligheach ag Paorach a bhainne o Graig Rosa-ua-Heana (ta da fhiciod ba bainne na Macha). Nior chualas a leithéid seo riamh roimhe seo. An ann sna buaibh no ann sna tairbh no san aer do bhi an locht ler theib dair air an uiread se ba? La neultach braonach; gaoth fuar andeas. An t-ochtmhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach geal greine d'eis oidhce mionceathanach: la neulmhar; gaoth ciuin aniar: abrán hog braonach anois e: deire laoi geal, greine: gaoth ciuin aniar.
An naomhadh la ficiod .i. dia haoine. La breagh bog neultana greine caoin ciuin. An deichmheadh la ficiod .i. dia satharn .i. oidhce Beallteoinne. La breagh bog neultana greine caoin ciuin. MI BEALLTOINNE 1831. An cead la .i. dia domhnach .i. la buidhe Bealltoinne. La aoibhin aorach geal greine foneultana ciuin. An dara la .i. dia luain .i. la aonaigh Muillean Uí Chuain. Maidin aoibhin aorach geal greine ciuin caoin. Cluinim an cuach ag cuachaireact o Fearn na Mionan agus an gearra- guirt ag chuid-chuid a chuidcuida: cloichshneachta ag tri a chlog na trathnona: is doith go mbeid siocan anocht againn: oidhce tromcheathanach. An treas la .i. dia mart. Maidin ceathanach d'eis oidche fliuch: gaoth ciuin andeas. "Gaoth andeas bionn si tais is cuireann si raith ar sioltaibh." La breagh bog lomair-neultach geal greine: drochmargadh muc a cCalainn. An ceathramha la .i. dia ceadaoin .i. la aonaigh Callain, .i. aonach na Bealltainne. La breag lomairneultac geal greine: gaoth ciuin fionfhuar aniar ttuadh: beagan daoine agus airneise air faithce an aonaigh; acht bí luach maith air banaibhe agus air muca beaga .i. slipidhe. Is iad banaibhe ceise is fearr .i. banaibhe cranach an ceud Ail; oir is ionan ceis agus crain an ceud Ail. Is crain goirthear uirthe ar gach Ál as sin amach. Beagan da dheanamh ag luct siopa no ag ceannuighthe gearra. Toirneach ag tri a chlog. An cuigeadh la .i. diardaoin. Maidin lomairneultac ceathain agus gealain: gaoth ciuin fionfhuar a ttuadh: la neultach galgreineach fionfhuar: daoine go gnodhthach ag treabhadh, ag cur potataoi, ag cur leasuighthe amach, ag gearradh clas etc. Ta an tir comh glas le geabhar (geamhar), acht talamh potataoi amhain.
An seiseadh la .i. dia haoine. Maidin glas, seaca leithe, neultach; deire laoi galgreineach: gaoth biogamhail fuar attuadh; is martamhail an la e. An seachtmhadh la .i. dia satharn. La biogamhail neultach greine: gaoth gonta anoir ttuadh. An t-ochtmhadh la .i. dia domhnach. La speirghorm greine: gaoth gonta anoir ttuadh. Ta ceas tiormacht orainn anois; is mor do theasdochadh fearthuinn on duthadh dúthaigh anois. Ata giobhar geamhar is féur glas ag ionntodh siar air ais san ttalamh. An naomhadh la .i. dia luain - drochmargadh muc. Maidin aoibhin aorach speirghorm greine: gaoth ciuin anoir. Ba gnath le marga seachtmhuinneamhail na luain noch do thosnadh d'eis na nodlag do beith criochnuighthe an ceathramha la de mhi na bealltainne .i. la aonaigh Callain; acht do glaodh fear a chluigin margadh an luain se ande; agus ba diomhaoin a ghnó, oir ni raib tar fithce muicin ceisin agus bainbhín ar an margadh agus ni raibh ceannuightheoir ar bith ann. An deichmhadh la .i. dia mart. La speirghorm greine: gaoth biogamhail anoir. Ta ceas tiormacht air an duthcha dúthaigh anois. Ta crotamhal na bpotataoi ruadh dhoite na snuisin. Ta spionain ciurains etc ag tuitim feochta doidhte des na toraibh. Ta eagla orm go mbeidh abhla ubhla tearc a mbliadhna cia go bhfuill cuma caoibheasach cuibh air a mblaith. Ta geabhar ag seargadh agus ag feochad, acht is aoibhin an tam siol potataoi do cur e, agus talamh potataoi do treabhad agus do fuirseadh, agus fuidhileach .i. aoileach do cur amach. An t-aonmhadh la deug .i. dia ceadaoin. La aoibhin aorach speirgorm greine gan gal gaoithe 'do croithfeadh bar croinn no blath.' Ta an talam doiteabhthadh go leor. An dara la deug .i. diardaoin deasgabhala. Maidin aoibhin aorach brothallach speirghorm greine gan gal gaoithe. (Maire
an Duail .i. bean airighthe lion do ghlanadh.) Gal teasbhuidh ag eirghidhe as an ttalamh le teas na greine .i. tres an lae (sic): gaoth ciuin anoir ttuadh um meadhon laoi. An treas la deug .i. dia haoine. La breagh tirm: gaoth beodha fionfhuar anoir ttuadh. An ceathramha la deug .i. dia satharn. Bi beirt fear agam ag cur fuighleac aoiligh amach, agus da leathadh. Ni ag breacadh na talmhan ataim acht da folcadh go foirlionta. Ta asal agam da tharrang agus cinnire na cheann agus bean ag sathadh siol potataoi, a ttalamh Riocard og de Burc idir Cuirt Piaruis agus Droichead na nGabhar. Is cnopanach gac talamh potataoi anois. Bhi tuairgin no smaichtin agam ag smachtadh no ag tuargan no ag briseadh na ccnopan, go rabhas curtha cortha go leor. Gaoth fionfhuar anoir ar maidin; gaoth bog andeas um deire laoi: la breagh greine neultana greine. An cuigeadh la deug .i. dia domhnach. La breag bog neultana greine: gaoth bog anoir. An seiseadh la deug .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach slamneultach geal greine: gaoth anoir: la amhla. An seachtmhadh la deug .i. dia mairt. La aoibhin aorach slamneultach geal greine: gaoth anoir. An t-ochtmhadh la deug .i. dia ceadaoin. La aoibhin aorach slamneultach geal greine: gaoth anoir. Bhios ag leathadh agus ag spiunadh faoiligh aoiligh andiu. An naomhadh la deug .i. diardaoin. La lomairneultach greine: gaoth gonta anoir. An fithceadh la .i. dia haoine. Maidin ceofrain: gaoth anoir: la greine lomairneultach: gaoth anoir ndeas. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia satharn. La brothallach geal greine lomairneultach ciuin. An dara la fichiod .i. dia domhnac .i. domhnach cinncighse cingcíse. Maidin brothallach geal greine: toirneach treun
san ard soir thuadh, le ciarneulta san ard cceudna, ag dó a chlog agus um trathnona: dorchudha mor le beagan fearthanna: gaoth ciuin anoir ttuadh. Ní cuimhin liom anfa ariamh le toirneach. An treas la fichiod .i. dia luain .i. luan cincíse. La lomairneultach greine brothallach toirnighe ceathanach ciuin: gaoth ciuin anoir: la aonaigh Baile an Garthaighe no Cille Baoithin. An ceathramha la fichiod .i. dia mairt. La breagh brothallach greine slamneultach: gaoth ciuin anoir ndeas. An cuigeadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh bog neultach greine. An seiseadh la ficiod .i. diardaoin. Clagairneach um cuig ar maidin ar feadh tri uaire le gaoth anoir: la breagh bog. An seacthmhadh la fichiod .i. dia haoine. La breagh bog neultach greine. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia satharn. La breagh bog neultana greine: gaoth beodha anoir ndeas. Ta fainleog camcosach clumhcosach gearrchosach ciar faidsgiathanach ban-sgornach agam. Laogh biadhta air an marga andiu, an ceath-ramha tosach tosaigh ar tuistiun an pont: an ceathramha deire ar cuig pingine an pont; is saor so. An naomhadh la fichiod .i. dia domhna. La breagh bog neul-tana greine: gaot ciuin anoir ndeas. An deichmhadh la ficiod .i. dia luain. La breagh bog neul-tana greine: gaoth ciuin anoir ndeas. An t-aonmhadh la deag ar ficidh .i. dia mairt. La breagh brothallach greine: gaoth ciuin anoir ndeas. MIDHMHEADHON A tSAMHRA 1831. An ceud la .i. dia ceadaoin. La breagh brothallach speirghorm greine: gaoth ciuin anoir ndeas. An dara la .i. Diardaoin Alainn .i. Corpus Christi .i. la
aonaigh Cille Cuinnigh na Mumhan. La aoibhin aorach slam-neultach speirghorm greine: gaoth brothallach andeas: gal teasbaidh ag eirghidhe as an ttalamh: "Diardaoin Alainn na mbinnsighe breaghta." Bhi do nos ann sa seanaimsir urluach-air feilisdram etc do leatha ar binsighibh cois na doirsi air an ttuaith, áit a suidheadh seandaoine ag inisin sgealtadh fiadhnuidheacta (fiann-), agus an t-aosog ag eisteact leo: mna na leanbh da bpogad le cúram agus cion. An treas la .i. dia haoine. La aoibhin aorac brothallach speirghorm greine: gaoth andeas. An ceathramha la .i. dia satharn. La aoibhin aorach speir-ghorm greine: gaoth brothallach aniarndeas: drucht naomhta gach oidche noch a choimheadeann guirth glas an ionad fearthanna. An cuigeadh la .i. dia domhnac. La breagh brothallach neul-tana geal greine: gaoth beodha aniarttuadh. An seiseadh la .i. dia luain. La neultach foghalgreine: gaoth fionfhuar attuadh. Do sgaipeadar na neulta um deire laoi. Ta an duthca dúthaigh go mor a bpraind bpráidhinn fearthanna. Is beag da cuma air an aimsir. An seachtmhadh la .i. dia mairt. La breagh brothallach slam-neultach speirghorm greine: gaoth roichiuin attuadh. Chuadhas fein agus Abhlaoibhin (.i. Amhl-) agus Seamuisin ag snamh a bPoll-a-Chapuil, laimh leis an Mulán Glas, leath is tuas de Callain. An t-ochtmhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin neultana greine: meadon is deire laoi neultach: gaoth fionfhuar aniar. Is glorach cuileoga cois amhan um crónughadh lae. Cluinim an cuil coronach ag dordán (pronounced dorán), tan bhionn gach eun go ciuin acht an traonach amhain. Ta cuma bog air an la, is comsamhail gur mor do theasduidheann si anois.
An naomhadh la .i. diardaoin. Maidin ceobhrain trom-neulach: gaoth ciuin bog andeas: "Gaoth andeas bionn si tais, is cuireann si rath ar sioltaibh." La tirm neultach o trathnona suas. An deichmheadh la .i. dia haoine. Maidin geal greine: ciothán um deich a clog le gaoth roiciuin aniarndeas: clagadh trom um trathnóna, le toirneach treun: is aoibhin claodach na sraide ag treun-rith le fana: deire laoi baisthighe: oidhche clagairnighe anfadhach. An t-aonmhadh la deug .i. dia satharn. aonach muc a cCalain. Maidin geal greine d'eis oidhche clagairnighe: la anfa anba aniarndeas: deire laoi clagairnighe le gaoth andeas. Do lean se air ag stealladh gus an t-aon bhuile deug san oidhce: deire oidhce tirm. An dara la deug .i. dia domhnach. Maidin neultach ciuin: cioth trom ag cuig a chlog um trathnona: gaoth ciuin andeas. An treas la deug .i. dia luain: la aonaigh Callain on domhnach. La breagh bog ciuin neultach tirm: anchuid muca oga air an aonach: thuiteadar da sgilling sa bpont: gaoth andeas: cheannuigheas da muc ar cheithre pont dó £4 ,, 2 ,, 0. Ar bharr leathnaigh (Mimheadhain-a-tsamhra, 1831). An ceathramha la deug .i. dia mairt. La neultach: gaoth- ciuin andeas: cuma uisgeamhail ar an speir. An cuigeadh la deug .i. dia ceadaoin. Maidin ceathanach d'eis oidhce fearthanna: gaoth ciuin aniarndeas. Ta marbhadh mor a bPoland idir muintir na tire agus muintir Ruisiath; go mbuadh Dia le lucht na tire anaighead na h-eachtranaigh (sic) o Ruisiath, agus a n-Impire Noclas. Le neultach gaoth-mar fionfhuar. Ta geabhar agus gach glasra eile ag teacht air anaigeadh go h-iongantach. An seiseadh la deug .i. diardaoin. La lomairneultach, ceathain is gealain, bog: gaoth ciuin bog aniarndeas. An seachtmhadh la deug .i. dia haoine. La lomairneultach, breagh bog: gaoth ciuin aniar ndeas.
An t-ochtmhadh la deug .i. dia satharn. La lomairneultach, breagh, bog: gaoth ciuin an iar ndeas. An naomhadh la deug .i. dia domhnach. La lomairneultach, breagh, bog: gaoth ciuin aniar ndeas. An fithcheadh la .i. dia luain . La neultach: gaoth fuar laidir aniar ndeas. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia mart .i. la feil cros. Maidin fuar neultach: gaoth laidir andeas ag scuabadh smuidean ar boithribh: ceofran agus cioth trom um meadhon lae: trathnona agus deire lae aoibhin aorach slamneultach speirghorm greine ciuin, caoin, breagh, bog: beirt fear agam ag cur athlán ar potataoi. An dara la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach slamneultac speirghorm greine caoin ciuin cumhra: la mar an cceadna: gaoth ciuin aniar ndeas. An treas la ficiod .i. diardaoin .i. oidhce fheil Seaghain - trosga. Maidin agus meadhan lae aoibhin aorach slamneultach, speirghorm greine; deire laoi neultach: gaoth fionfuar aniar ttuadh: teine cnamh agus sop Seaghain ar gach ardán. An ceathramha la ficiodh .i. la Fheil Seaghain .i. soíre .i. dia haoine. Maidin neultach: gaoth laidir aniar ttuadh, deanfad so diobhail do chruithneact, oir ata si faoi bhlaith. Bionn an clamh, .i. an claimh, ar an ccoirce go feil Seaghan; ata cuid di easgartha, agus i go roghearr an a tuibhe; acht leabh-aireochadh si d'eis na fearthanna. An cuigeadh la ficiod .i. dia satharn. Maidin ceofrain: meadhon lae ceathanach: deire laoi tirm: gaoth aniar ttuad. An seiseadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin lomair-neultach: gaoth gonta ard um meadon lae aniar ttuadh: deire lae aoibhin aorac ciuin caoin; iomaint, cogadh coileach, rinnce, spaisteoireacht etc. air faithce an aonaigh. Ta blaith na cruitneacta ar lar comh tiubh le siol-feir. An seachtmhadh la ficiod .i. dia luain. La neultach mion-cheathanach: gaoth ciuin attuadh ar maidin; gaoth ard san aird ceadna um trathnona agus deire laoi. Fuair bean cSheamuis Ui Loingsigh, o Droichead na nGabhar bas areir ag an t-aon
buile deug. de theinnios cloinne. Fuair si bas obann leath-uar d'eis an leanbh do bhreith. Geite fuair si ag teacht treasna Amhain (sic.) a-rig laimh le na tigh, le laimhdin baine ar a ceann d'eis a chruth os na buaibh. Bha laimhdin eile lionta le baine air cin a h-innghine, agus fuair an ingin tuisle ar sail no cumar noc ata treasna na h-amhan os cionn poill bhaite as ar togadh clocha noch do tog ballaidhe an muilinn. Ta si da toramh andiu, is a naoidhneainin beo martanach ag banaltra da oileamhain. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia mairt. La breagh neultach ciuin. Chuadas den Cuaileach le sochraid mna cSheamuis Ui Luingsigh: gaoth ciuin a ttuadh. An naomhad la ficiod .i. la saoire .i. la feil Pheadair is Phóil, dia ceadaoin. La breagh bog neultach ciuin: gaoth attuadh. An deichmad la ficiod .i. diardaoin. La breagh neultach: gaoth ciuin attuadh. Cidhim an blaith air cruitneacht a ttalam potataoi. BUIDHEMIS 1831. An cead la .i. dia haoine. An cead la lomairneultach galgreineach breagh bog: gaoth ciuin: deire laoi speirghorm greine, breagh brothallach ciuin caoin. Da bhliadhain o shoin a ccomghairm an lae andiu, do fuair mo bean posta bas. Ba h-e sin an bas bocht biothbhronach domhsa is dom chlann croidhe, go ndeanadh Dia truaidhbheileac trochaire ar a h-anam. Amen, a Thighearna. An dara la .i. dia satharn. Maidin ceathanach: deire laoi tirm: gaoth ciuin attuadh. Is maith do rachaidh na ceathain se do gach barr. Taid spealadoiridhe a gearradh feir. An treas la .i. dia domhnach. Maidin ciuin caoin aoibhin aorach lomairneultach greine; gaoth andeas: la mar an cceadna. An ceathramha la .i. dia luain. Maidin caoin ciuin ceobh-rain: meadhon lae agus trathnona trom ceathanach bog: gaoth ciuin andeas. Is aoibhin an la don duthaighe. Ta gach bar ag teacht ar aigheadh go h-iongantach: deire laoi tirm.
An cuigeadh la .i. dia mairt. La aoibhin aorach lomair-neultach greine: gaoth ciuin aniar. An seiseadh la .i. dia ceadaoin. La breagh brothallach ciuin lomairneultach greine. An seachtmhadh la .i. diardaoin. La breagh brothallach ciuin lomairneultach greine. An t-ochtmhadh la .i. dia haoine. Maidin geal greine: meadon is deire laoi lomairneultach; la breagh brothallach; cioth ciuin caoin cumhra trom idir a se is a seacht a clog um deire laoi: is breag bog beannuighthe an cioth e, comh cumra re cioth meala min. Is aoibhin aigheadh na tire comh glas le geabhar. Ta dath buidhe ag tosach air teacht air cruitneacht bhranair samhra. An naomhadh la .i. dia satharn - drochmhargadh muc. La breagh lomairneultach greine. An deichmhadh la .i. dia domhnach. La breagh bog ciuin: gaoth ciuin attuadh. An t-aonmhadh la deug .i. dia luain: la aonaig na feil Seaghain .i. sean la feil Seaghain beag. La breagh bog lomair-neultach: moran daoine is beagan airgid: cioth trom san oidhce. An dara la deug .i. dia mairt. (Maire ainm leinbh Peggy.) La breagh bog lomairneultach: gaoth ciuin a ttuad. An treas a deug .i. dia ceadaoin. La breagh bog ciuin lomairneultach. An ceathramha la deag .i. diardaoin. La breagh bog nealtach: gaoth ciuin attuadh: toirneach agus neulta dubha agus fear-thuinn air feadh na trathnona ar Sliabh Breathnach agus iomad aiteanna eile: toirneach treun agus teine creasa no aeir agus cioth um cronughadh lae a cCallain. An cuigeadh la deug .i. dia haoine. Toirneach treun agus teine creasa o tri go cheathair a clog um trathnona le mion-ceathain: gaoth ciuin attuadh. Ni cuibhin cuimhin liom anfa
le linn toirnighe ariamh. Ma bhionn an blaom toirnighe go mear andiagh an teine creasa ata an toirneach a bfogas agus contabhairteach no guasmair; acht ma bionn an blaom abfad andiagh an teine creasa, ta an toirneach abhfad uait, agus ni baoghal duit; oir is comsamail toirneach agus pudar guna. Ma seideann aon ceann aca laimh riot, beidh tu a mbaoghal; ma seideann siad suas a bhfad uait, ni gabha duit sgath na eagla beith ort rompa. An seiseadh la deug .i. dia satharn. La breag neultach: gaoth fionfuar attuadh ar maidin; ciuin na dhiagh san. Andiu d'fag Margréad Sinsion agus a hingin og me. An seachtmhadh la deug .i dia domhnach. La breagh bog neal-tach: gaoth ciuin attuadh. An t-ochtmhadh la deug .i. dia luain. La breagh bog neultach: an grian ag taitneamh go fann: gaoth ciuin aniar. An naomhadh la deag .i. dia mairt. La breagh bog neultach ciuin: gaoth aniar: tri pingine air chloic potataoi. An fithchead la .i. dia ccadaoin. Maidin neultach gal-greineach: meadhon agus deire laoi ceathanach: galgreine um luighe greine: gaoth ciuin aniar. An t-aonmhad la ficiod .i. diardaoin. Maidin trom-ceathanach: galgreine um seacht a chlog: la mionceathanach ciuin: gaoth aniar ttuad: blaodm toirnighe um tratnona. d'fag Margret St. John agus a hingin og, Maire, me andiumh. Creidim gur imtheacht gan casa é. An dara la ficiod .i. dia haoine. La neultach galgreineach breag bog ciuin aoin. An treas la ficiod .i. dia satharn. Maidin nealmhar ciuin caoin: ("go raibh tu slan agus go leagadh Dia do namhaid," cualas seo ag caileach): la neultach galgreineach. An ceathrama la fichiod .i. dia domhnach. La nealmar caoin ciuin, breagh brothallach. An cuigead la ficiod .i. dia luain. La nealmhar caoin ciuin breagh bog.
An seiseadh la ficiod .i. dia mart. La breagh bog nealmhar caoin ciuin. Ceannuigheas mairtfeoil meith ar tri pingine an pont. An seachtmhad la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh bog neultach caoin: gaoth ciuin aniar. An t-ochtmhadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh brothallach greine: gaoth ciuin aniar. An naomhadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin ciuin nealtach breagh brothallac. An deichmhad la ficiod .i. dia satharn. La brothallach: gaoth roichiuin andeas: tri pingine ar chloich potataoi. Coirce nua agus potataoi nua sa marga. An t-aonmhadh la deag air ficiod .i. dia domhnac. La robhrothallach ciuin. MI LUGHNASA, 1831. An cead la .i. la Lughnasa .i. dia luain. La breagh brothallach ciuin greine slamnealtach. An dara la .i. dia mairt. La breagh brothallach ciuin greine slamnealtach. An treas la .i. dia ceadaoin. La breagh brothallach greine slamnealtach ciuin. Ta cruitneacht nua gearrthadh a mbeagan d'aitaibh timcioll Cluana Meala agus Cille Chuinigh: toirneach treun agus ciothain um dó a clog san trathnona. An ceathramha la .i. diardaoin. La breagh brothallach ciuin, cioth trom ag buile a clog; cioth eile um ceathair a chlog um trathnona. An cuigeadh la .i. dia haoine. La breagh brothallach lomair-neultach ciuin: daoine ag gearradh cruithneacta. An seiseadh la .i. dia sathran. Cioth trom ag breacadh an lae: cioth eile ar maidin: la breagh bog ciuin: daoine ag gearradh cruitneachta: tri pingine air cloich potataoi. An seachtmadh la .i. dia domhnach. La breagh nealtach ciuin bog: gaoth aniar - seacht sgillinge se tseachtmhuin do lucht corán.
An t-ochtmhadh la .i. dia luain. La breagh greine go deire laoi, an tan do thuit ciothan. An naomhadh la .i. dia mairt. La breagh bog nealtach ciuin d'eis oidhche ciothanach: lucht corain ar sgilling sa lo: tri pingine go leith air potataoi nua. An deichmhadh la .i. dia ceadaoin. La breagh ciuin lomair-nealtach, gan gal gaoithe do croithfeadh deas arbhair. Gearrthar coirce agus eorna sul na bionn si lanabadh, agus fagthar ann sa sraith í dó no tri laethe, chum do lanabadh. Is e an ciall so do dheanamh: do spealladh an siol .i. an coirce no an eorna, ma d'fagfadh na seasamh í mar d'fagthar an cruithneacht go mbeith lanabadh di. An t-aonmhadh la deug .i. diardaoin. La breagh bog nealtach caoin ciuin caomh: ceithre pingine deug sa lo ag luct buanadh: teanga mairt agus cal ban mar proinn agam. An dara la deug .i. dia haoine. La aoibhin aorach lomair-nealtach caoin ciuin caomh cumhra. Nil acht sgilling andiu ag lucht coráin: ta an ciuineas comh mor sin gur feidir anamhain le s an ccruitneacht do aibiughadh go maith, agus nil dithneas no deifir no deabhadh ar sgologa da gearra. Chonairceas gleas nua ar speal andiu ag gearradh coirce do Sheoirse Gliondún. Bhi cliabhan gabhta air an speal mar so shíos. - Tugann an sbeal seo tora na talmhan leis, idir tuibhe agus arbhar, oir gearrann se isiol agus leagann se go direach sa sraith e. A B crann na speile: d, agus e, na dornóga: A C an speal: A, f, i, n, an cliabhan: f, i, a, n . . . slata an cliabhain; a ccusba don speal: f, t etc fleasga beaga caola iaruinn
choimh-meadan slat droma an chliabhain daingean do chrann na sbeile. Do gearrfadh fear sbeile cliabhain an uiread coirce no eornan leis an gleas so is do gearrfadh ceathrar fear coráin; acht ni fuláir an talamh do bheith gan ardain na isleain na seataibh; agus an t-arbhar reidh, gan beith tre na cheile d'eis anfadh. Ní furas cruithneact do gearradh leis an gléas so, oir is gnath le cruithneacht bheith tre na ceile o luigeacht a tuibhe agus truimigheacht a deis no a cinn; agus an fad do bhionn se ag fas faoi ghaoith, anfa, etc., agus bionn na h-iomairighe caola neamhionan na ndruim d'aon ghnó cum fearthuin an gheibhre do chroitheadh diobh. O Cill Train no Teampoll Loisc an dis spealadoirighe se. Nil aon sbealadóir a cCallain abalta ar gearradh leis an gleas so, agus nil an gleas aca. Ta tuarasdal beirte fear .i. da sgilling sa lo, ag na speala-doiridhe seo, agus is maith is fiu iad e: cliabhspeal an gleas, agus cliabspealadoir an fear. An treas la deag .i. dia satharn: la trosga. Maidin aoibhin aorach, nealtana: la breagh brothallach ciuin. Ni cuibhin le aoinneach beo ciuineas chom mor se an aimsir fobhar. Nil graine da spealladh, cia go bhfuil gach gort da baint
lanabadh. Is beag den bhran bios ar cruitneach, plur ar fad e nach beag, biadh arán go sarmhaith. An ceathramha la déag .i. dia domnach. La breagh brothallach ciuin. An cuigeadh la deug .i. dia luain .i. La Feil Muire Mor sa bhfobhar, saoire. La breagh bog nealtach ciuin go deire laoi, an tan d'eirigh gaoth aniar, acht do ciuineadh si go mor agus go mear roimh luidhe greine. (Barr leathanaigh Mi Lughnasa, 1831, Callainn a chlampair). An seiseadh la déag .i. dia mairt. Blaom toirnighe agus teine aeir agus clagadh caoitheach d'eis do a clog ar maidin. Do lean an clagadh air, air feadh tri uaire an chluig .i. go cuig a chlog ar maidin. Bhi an teine aeir comh beodha sin gur shaoil duine bocht san cCladh Mor go raibh a bhothan tre teinne. Ta gaisighe ag rith go buidhe ann gach claodaigh timchioll Challain. Ni cuibhin leis an duine is sine a cCallain clagairneadh chomh trom leis; dar ndoith chuadh se go criadh buidhe san talamh. Tuit colamhain uisge .i. sguarrdeann scíordán uisge a nGleann Fleisce a cContae Ciaruighe laimh le Ciallaithirne, mo baile duthchais fein, do sguab na sarthuiltighe daoine, eallach, airbhar, moin agus toradh na talmhan go huile leis (sic). Bhi muintir Cilleaithrne air droichead na Fleasca ag feachainn go fiadhain air an leirsgrios agus gan faighil aca ar cobhar, beag na mor, do thabhairt uadha. Scuabadh ochtar as aontigh amhain .i. an t-athair an mathar agus a seisear cloinne. Badhadh moran daoine. Ta a ccorpaibh da bhfaghail air traghadh na n-uisge. Scuabadh tuile aca asteach a Loch Léin na geothar go braith. Is doilbh dubhach an sgeal so ag muintir mo dhuthcha bocht féin. Maidin nealmhar caoin ciuin: ocht bpingine deag agus gloinne uisge beatha do fhear corain andiu. An seachtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breagh nealmhar: gaoth beodha a ttuadh: ceithre tuistiun agus gloinne d'fear corain. An t-ochtmhadh la deag .i. diardaoin. La ceobhrain agus
ceathain: ta da chead deag agus da fhiciod guail ceannuighthe, ar rael agus leathpingin, agus seacht bpingine, an cead agam. Cronughadh lae geimhreamail trom ceathanach gaoth ciuin attuadh. An naomhadh la deag .i. dia haoine. La nealtana greine: gaoth beodha attuadh. An fithcheadh la .i. dia satharn. La aoibhin aorach lomair-nealtach geal greine. d'fagas Callainn ag tri a chlog ar maidin ag imtheacht go Cluain Mealla, maidin bog dorcha; ba brothallach meadhon agus deire laoi; is siuighte tirm an duthcha o Cluain Mealla go Gleann Badhar. Is garbh caraig-eamhail an taobh theas de Sleibh na mBan. Ni faicthear mullach Suidhe Fein go ttagamaoid ar Sleibh Diliann. Ta tri claoid-ighe ar an taobh theas. Ba grianmhar d'feach sé a ccomhmortas leis na Cumaracha dorcha dubha. Bhi an grian ag taitneamh ar taoibh theas de Shleibh na mBan agus sgail dorcha ar an taoibh thuad de na Cumaracha caraigeamhla. Is aoibhin coil-teamhail na cnoic cois Siuire. Nil fios a n-ainm agam. Is trom coirce, is glas potataoi, is breagh eorna, is suairc aigheadh na tire o stacaighe cruitneacta go dluth ar gach gort cruitneacta. Ni raibheas a cCallain gus an t-aon bhuile deag san oidhce. Bhi an gealach go glormhar ar speir gorm gan neal, gan ceó. Thugas last earraighe liom le h-aigheadh mi na n-oimhinseach: gaoth beodha a ttuadh. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La breagh brothallach geal greine ciuin. An dara la ficiod .i. dia luain - la aonaigh na feil Labhrais. La aoibhin aorach speirghorm lomairnealtac geal greine; beagan daoine agus mionchuid airgiod. Ta daoine rognothach thimcioll an fobhair, ag gearradh coirce eorna etc. Ni feidir leo teacht, agus nior bhuaileadar an uiread leis na cimlisginigh deasgain fos cum airgid do dheanamh. Ni
raibh an uiread le buile na biseog na fear meisge air aonach an mhaga againn. Oidhce aoibhin aorac nealtana gealaighe gan gal gaoithe. An treas la fichiod .i. dia mairt. La breagh bog nealtach ciuin. An ceathramha la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin fearth-anna: gaoth aniar: meadhon is deire laoi soinninne nealtach. An cuigeadh la ficiod .i. diardaoin. La breagh bog nealtach: gaoth ciuin aniar. An seisead la ficiod .i. dia haoine. La breagh bog nealtach: cronughadh laoi agus urthosach oidhce tromcheathach: gaoth ciuin aniar. Beidh potataoi go maith le cúnamh De moruilechomhach-tach: oidhce siorsiltheanach. Cuirim laimhdínighe agus drobh-laighe agus corcain amach ag gabhail na fearthanna o dion no slinn a' tighe. Ta coirce agus cruithneacht na contae na mionstacaighe machaire anois agus fanfaid mar sin go mbeidh se caodhthamhail. ag na sgologaibh a ttarlodh .i. a ttarang cum na h-iothlann, an tan deanfuidhear morstacaighe no cruacha dhiobh; acht a ttaobh eornan, fagthar na chrucaibh i go mbionn si ionamh-ail cum a buailti, agus dioltar leis na brathadoirighe (brach-) agus leanndeantoirighe agus lucht uisge beatha do dheanamh í. An seachtmhad la ficiod .i. dia satharn. Ceobhrán agus mionceathain roimh breaca an lae: maidin caoin ciuin geal greine: la breagh: gaoth aniar. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia domhnac. La breagh nealtach: gaoth aniar. An naomhadh la fichiod .i. dia luain. La breagh nealtach; deire laoi tromnealtach: oidhche dorcha: gaoth aniar. An deichmhadh la ficiod .i. dia mairt. Maidin go doich neal-tach: gaoth ciuin aniar na diaidh san: maidin nealtach greine: deire laoi ceofranach: oidhche mionceathanach ciuin dorcha. An t-aonmhadh la déag ar fhiciod .i. dia ceadaoin. Maidin tirm lomairnealtach ciuin fionfhuar: la greine.
MI NA FEIL MICIL .i. MEADHON FHOBHAIR .i. MI NA n-OINSEACH. An cead la .i. diardaoin. La breagh greine: gaoth attuadh. An dara la .i. dia haoine. La breagh greine: gaoth attuadh. An treas la .i. dia satharn. La breagh nealtana greine: gaoth attuadh. An ceathramha la .i. dia domhnach. La breagh greine d'eis oidhce ceathanach: gaoth andeas. An cuigeadh la .i. dia luain. La breagh greine: gaoth andeas. An seiseadh la .i. dia mart. La breagh greine: gaoth ciuin andeas. An seachtmhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin geal greine nealeattrom go naoi a clog: la ceathanach: gaoth aniar. Chuadhas go Cluain Mealla ag ceannach earradh. Nior fhagbhas e go h-ocht a chlog san oidche, an tan bhi na stealla le gaoth glorach aniar. Nior chuadhas acht aestre mile an tan ba eigin domh dul asteach a ttigh oghasta on bhfearthann fiochmar. Ni rabhas ag Tigh na Naoi Mile go tri a clog ar maidin. d'fanas annsan on bfearthainn go la. Tangas abhaile go Calain maidin geal greine. An t-ochtmadh la .i. diardaoin. La breagh greine nealtana ciuin. D'fhag clann Sealbhadh agus Ceitinn mo scoil. Bhriseas suas. Nil aon scoil agam anois. An naomhadh la .i. dia haoine. La breagh greine lomair-nealtach ciuin. An deichmhadh la .i. dia satharn. La breagh nealtach ciuin. An t-aonmhadh la deag .i. dia domnach. La breagh nealtach ciuin. An dara la deag .i. dia luain. La breagh nealtach ciuin. An treas la deag .i. dia mart. La breagh nealtach ciuin. An ceathramha la deag .i. dia ceadaoin. La breagh nealtach greine ciuin.
An cuigeadh la deag .i. diardaoin. Maidin ciuin caoin ceo: la aoibhin aorach greine. Is mor ata potataoi bochta a bprainn fearthanna. An seiseadh la deag .i. dia haoine. Maidin geal greine; la breagh brothallach: samhra beag na feil Michil e. An seachtmhadh la deag .i. dia satharn. Maidir geal greine ciuin caoin brothallach: meadon laoi mar an cceadna: deire laoi nealmhar ceofranach: cronughadh lae bog braonach: oidhce ceathanac ciuin: clagairneach roimh breaca an lae agus na diaidh: ciuineas mór: potataoi ar da phingin an chloich. An ochtmhadh la deag .i. dia domhnach. Clagairneacht roimh breaca an lae agus na dhiaidh ar feadh uaire, mar adubhras cheana, le ciuineas mor. Is maith rachas so do photataoi, agus d'fheur, agus ni miste de na branair folca maith d'fhaill. La breagh tirm nealtac: gaoth fionfhuar beoda andeas um deire laoi: cuma fearthanamhail air an speir; oidhce gaoth-mar go meadhon oidhce an tan do chrom se ag clagairneacht go maidin. An naomad la deag .i. dia luain. Maidin ciuin clagair-nighe roimh breaca an lae agus go h-ocht a clog, an tan do glan an speir beagan, agus do taitneadh an grian tre tan-nealta uisgeamhla: o meadhon oidhce go la bhi an clagadh chom caoitheach sin gur dhoith leat gurab e deire an domhain bhi ag teact muna bheith gur geall Dia nac bathadh se an domhan nios mó. Gabhadh Padraig Mic Eachadh le Seoirse Ualcar ar ordughadh dian on ccuirt, um an t-aon bhuile deag areir. Do saoil grathainn na sraide a bhaint amach, agus do bhris-eadar fuinneog dorais Seoirse Ualcar noch do lamadh urcar piostail leo. Do beigin do na pileirighe teacht amach cum tig Seoirse Ualcar do sabhail o bhriseadh leis an grathain. La garoideach: gaoth gonta attuad: mioncheathain air feadh an lae: deire laoi geibhreamail soinine: Oidhce resholais nealtach ciuin: gaoth aniar. An fithceadh la .i. dia mairt. Maidin nealtach dorca ciuin tirm go naoi a clog; cnagairneach trom as sin go
trathnona, le gaoth ciuin andeas; o tri a clog go deire laoi la breagh soinnine fonealtach greine: gaoth ciuin aniar. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin - la trosga. La aoibhin aorach speirgorm greine caoin ciuin: cioth trom um trathnona: anchuid daoine ag imtheacht go Rath Cloch gus na raiseanna (coimhlingeadh): oidhce aoibhin aorac speirglan gealaighe. An dara la ficiod .i. diardaoin. La brothallach aoibhin aorach speirghorm greine: ceofran um trathnona. An treas la ficiod .i. dia haoine - la trosga. La tromnealtach dorcha: gaoth fionfhuar aniar; deire laoi ceo-franach. An ceathramha la ficiod .i. dia satharn - la trosga. La tromhceathana ciuin. An cuigeadh la ficiod .i. dia domhnach. La breagh nealtana greine ciuin. d'fagas Callain ar coiste an mhala ag casadh le dul cum Baile ath cliath; acht nior feadas dul nios sia na Cill Cuinne, oir do bhi an uiread sin de dhaoine uaisle ann noch do bhi ar cursa an rais, ag a raibh suidheachain an airighte reomham gur bheigin dom luidh a cCill Cuinigh an oidhce sin. Thugas sgilling air mo leaba: oidhce gealaighe ciuin. - Leathcoroin an coiste o Callain go Cill Cuinnigh. An seiseadh la ficiod .i. dia luain. D'fagas Cill Chuinnigh ar coiste lae: se sgillinge agus se pingine an dioluigheacht o Cill Cuinnigh go Baile ath cliath. Is saor so: la breagh neal-tana greine roichiuin. Bhiodhas a mBaile ath cliath ag ceathair a clog um tratnona .i. deich n-uaire an chluig biodas ag teacht seacht mile deag air da fhiciod. Oidhce breagh ciuin: cheannuigheas leabhairtha. An seachtmhadh la fichiod .i. dia mairt. La breagh bog nealtach ciuin: ceannuigheas earraigh: oidche fearthanna. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin: oidhce Feil Michil, ceannuigheas earraigh agus leagas amach mo chuid airgid go le orra: oidhce clagairnighe ciuin.
An naomhadh la ficiod .i. La Fheil Michil .i. diardaoin. La breagh bog nealtach. Cruinnigheas mo chuid earraidh a tteanta a cheile ag tigtaisge Dubhthaigh a Spaid Iochtarach an Droichid, agus do chuireas suas a bpucaibh no a malaibh mora iad, ceangailte le teadaibh cruidh cnaibe: oidche clagairnighe. d'itheas mo phroinn .i. mairtfeoil agus potataoi air tuistiun is leathpingin (4.½). d'itheas cuid de ge na feil Michil. An deichmheadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin trom-nealta a mBaile ath cliath; acht d'ardadh na nealta mar do druideamair amach o Bhaile ath cliath noch d'faghbhas ag naoi a chlog: la breagh nealtana greine: gaoth giuineach gairbhteach andeas: "ni anfa go gaoth andeas." Bhadhmar a cCill Cuinnidh ag se a clog .i. naoi nuaire agus beagan moimentaoi bhadhmar ag teacht. d'itheas mo phroinn .i. aran agus im a ttig Eibhlinn Ni Dulachannta, dearbfiur mo cheile. Chuireas cnagaire uisge beatha a mbuideilin: d'fagbas Cill Cuinnigh ag seacht a chlog. Bhi fobhraon ann. Crom se ag stealladh orm ag (Garaidh an Phiopa) .i. garaidh noch a dioladh ar piopa tabac analod an aimsir Chromuill. Is tabac ata ag fás ann anois. Is beag garaidh timhcioll cathar Cille Chuinnig nach bhfuill tabac ag fas ann anois. Is mor an cuid fuidilleach aoiligh theas-tuidhean uaidh: is mor an curam nac fulair do thabhairt do, agus is mor an faghaltas ata mar gheall air. Acht do chuir acht pairliament Shasana deire leis an bar so; oir ni feidir moran de do chur. Do lean se air ag stealladh baistighe orm o Gharaidh an Piopa go h-Ath cColeir, áith ar dholas braon as mo buideilin. Bhi anfa andeas nach beag am aigheadh air mo leith chle. Bhi mionceathain ag tuitim orm agus an bothar rophluideamhail rodoimhin. Do leanas orm de Cnoc Greine de Baile Mac Adhamh ait ar olas braoinin eile, de Tulach Maoine ait ar olas braoin beag biogach eil; de Cnoc Riabhach; de Caislean Tobain, ait ar chuireas crioch ar mo
buideilin uisge beata briodhmar bhalsaim. Biodhas ag Cúine an Mhaga a cCallain ag dich a clog d'eis iomad baistighe do tuitim orm, agus d'eis bualadh na gairbhgaoithe am leathaigeadh na leath cle. Ni raibh tainnte tirm orm. FUIDHEALL FABHAR. An cead la .i. dia satharn. La sraidsalach nealtac ciuin. An dara la .i. dia domhnach. Steallad ar feadh an lae: gaoth andeas: beagan soinninne um thrathnona: oidce, stealladh baistighe o linn go linn: tuile sgeitheanach an Amhain a Righ. An treas la .i. dia luain. Maidin doinine: deire laoi soinnine ciuin. An ceathramha la .i. dia mairt. Maidin ciuin caoin slam-nealtach greine; dheire laoi clagairnighe le gaoth garthach andeas: clagad gus an t-aon buile deag: soinine go doiléir san oidhche. Cuadhas de Droichead na cCarbad agus Magh Dheisioll agus na h-Oileain go Magh Tabar. Bhi se na stealladh air mo theacht ar ais. Glaodhas go tigh Padraig Ui Faolain ag crois agus teampoll Maghdeisioll, aith a bfuaireas aran, im agus sgailthin go leor. Air mo chasadh laimh le Droichead na cCarbad dob eigin dom dul asteach a mbothan, ait ar cuireadh failte reamham ag oigbhean muinte caoin cneasta noch do suidh suas liom cois na teine gus an t-aon bhuile deag, an tan do stad dortadh na diolann, agus do chur me reamham teacht abhaile; acht bhi an bothar nua tuilte agus me suas gus na colpadh le gach coisceim: oidhce anrodhach dorcha. An cuigeadh la .i. dia ceadaoin. La nealtach ciuin caoin: fuaireas mo chuid earradh abhaile a Baile ath-a-cliath: oidhche ciothanach: gaoth andeas: tuile san Amhain. An seiseadh la .i. diardaoin. La siorfhearthanna d'eis oidhce clagairnighe: gaoth andeas. Ni feidir siolcur do
dheanamh na potataoi do bhaint: aimsir rofliuch anrodhach robhadhta na feil Micil go ceart e: tuile san Amhain. An seactmhadh la .i. dia haoine. Maidin agus meadhon lae fearthanna d'eis oidhce siorclagairnighe: gaoth andeas: deire laoi soinninne: oidhce duibhre soininne. An t-ochtmhadh la .i. dia satharn, .i. la aonaigh na muc. Maidin geal greine ciuin: moran muca, beagan luach: la breagh bog. An naomhadh la .i. dia domhnac. Maidin breagh bog sraid-shalach, d'eis oidhce ceathanac: meadhon lae mionfheartann: deire laoi tromfhearthann: gaoth andeas. An deichmhadh la .i. dia luain .i. la aonaigh Challain. La breagh bog nealtach ciuin: - moran daoine, airneis, mionmhuca, oiniun, eanlaigh, etc, etc. Ni raibh buile na biseog air an aonaigh (sic), cia go raibh tracht mor ar buala roimh la an aonaigh, acht "is minic dorchudha mor le bheagan fearth-anna." Biodhas fein agus mo mac Donnchadh go gnotach ansa siopa ag diol earraigh. An t-aonmhadh la deag .i. dia mairt. La breagh bog nealtach galgreineach tirm ciuin: diolas morchuid earraigh annsa siopa. An dara la deag .i. dia ceadaoin. La nealtach: gaoth ciuin andeas: teine creasa beodha: toirneach trom os ar ccionn agus clagairneach caoitheach um do a clog d'eis meadhon lae. Ni fhacadh airiamh claodach com mor a Sraid-'a-Fatha. Bhi amhain mór tre leithead na sraide ag scuabadh mion-clocha faoileach drabhlach etc leis sios an cloidin: deire lae agus oidhche fearthanna. Dhiolas cuid mhaith earraigh. An treas la deag .i. diardaoin. Maidin feartanna: gaoth giunach andeas: la mar an cceadna. An ceathramha la dheag .i. dia haoine. Maidin fearthanna: gaoth andeas: la breagh bog.
An cuigeadh la deag .i. dia satharn. La breagh bog nealtach galgreineach: gaoth aniar. An seiseadh la deag .i. dia domhnac. La breagh bog tirm nealtach: gaoth aniar. - seacht sgillinge sa tseachtmhuinn do lucht potataoi do bhaint. An seachtmhadh la deag .i. dia luain. La breagh bog nealtac: gaoth aniar. An t-octmhadh la deag .i. dia mairt. La breagh bog nealtach: gaoth aniar: - ceithre tuistiuin sa ló do lucht potataoi do bhaint. An naomhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breagh bogh nealtach ciuin: gaoth aniar. An fithcheadh la .i. diardaoin. La breagh bog nealtach: gaoth andeas: braon le gaoith. Is iomdha mithil ag baint potataoi ann gach ard: deire laoi fearthanna: briseadh luct potataoi do bhaint: oidhce resholais nealtana, ciuin caoin. Is i seo samhra beag na Feil Michil. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia haoine. La breagh speir-ghorm greine: oidhce gealaighe breagh go meadon oidhce. An dara la ficiod .i. dia satharn. Fearthainn no clagair-neach o meadhon oidhce go meadhon lae: gaoth gartach aniar ndeas: deire laoi soinnine. An treas la ficiod .i. dia domhnach. La breagh bog nealtach: gaoth aniar: seacht sgillinge sa tseachtmhuinn do lucht oibre: oidhce breag bog gealaighe ciuin. An ceathramha la ficiod .i. dia luain. Maidin stuacac: gaoth giuineach aniar. Ta cuma maidin martha tirm garbh gartach air. Is iomdha mithil ag baint potataoi. An cuigeadh la ficiod .i. dia mairt. La breagh bog: deire laoi agus tosach oidhce fearthanna: gaoth aniar ndeas: deire oidhche tirm ciuin. An seiseadh la ficiod .i. dia ceadaoin. Tosach agus meadhon lae agus trathnona tirm: deire laoi agus tosach oidhce
baistighe: gaoth aniar ndeas. Tuit dheil agus slinn urmhor tighe-an-mharga asteach d'eis muintir an aiste do imteacht amach. Ba mhaith mar a tarla, oir marbhocfaidh cuid aca sa teach an uair an cloichceimire ma biodh aon geite orra. An seachtmhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach speirgorm greine: gaoth ciuin aniar ndeas. Ta mullaighe na mor sliabh glan o neal, acht is beag duine ag obar; ta an talamh roifliuch. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia haoine. La breagh nealtana greine: gaoth ciuin aniar ndeas: cia tirm an la is deacar potataoi do bhaint. An naomhadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin aoibin aorach glan greine speirgorm ciuin: la mar an cceadna. An deichmhadh la ficiod .i. dia domhnach. La soinninne tirm nealtach: gaoth ciuin aniar ndeas. An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia luain - oidhce samhna. La breagh tirm nealtach: gaoth ciuin aniar ndeas. Caitheas an oidhce go soilbhir samh ag itheadh abhla, ag ol té, ag doigheadh cnu, ag ol sgoiltin agus ag itheadh breac-bholg abla. Mar so chuireas deire le ratha an fobhair. MI SAMHNA .i. AN CHEAD MI DEN GEIBHRE 1831. La Samhna: An cead la .i. dia mairt. Maidin breagh bog nealtach galgreineach: gaoth ciuin aniarndeas: la mar an cceadna. An dara la .i. dia ceadaoin. La breagh tirm fuar fliuch-sneachta ag do a chlog um trathnona acht do leigheadh se comh mear is do thuit se: gaoth geur aniar. Diolas mo da mhuc ar se puinth acht sgilling. An treas la .i. diardaoin - la aonaigh na muc. La breagh tirm: gaoth ciuin aniar: sneacta ar Sliabh na mBan Fionn agus ar Cumaracha Cuntae Puirtlairge bhan. Baineas
mo cuid potataoi andiu le moirsheisear fear agus beirt ban da mbailighadh agus asal da ttarrang a bhaile. An ceathramha la .i. dia haoine - la aonaigh Callain. La breagh nealtana greine: gaoth ciuin aniar: sneacta ar Sliabh na mBan Fionn, agus ar Cumaracha Cuntae Puirtlairge: luach maith air muc agus ar airneis. D'imtigheadar na daoine abaile d'eis an gnotha aonaigh do dheanamh cum a bpotataoi do bhaint agus siolchur do deanamh. An cuigeadh la .i. dia satharn. La breagh nealtana greine ciuin tirm d'eis oidhce feartanna. An seiseadh la .i. dia domhnach. Maidin mionfeartanna: la fearthanna: gaoth aniar ndeas. An seachtmhadh la .i. dia luain. La breagh nealtach: gaoth aniar ndeas. An t-ochtmhadh la .i. dia mart. La breagh nealtach: gaoth ciuin aniar. An naomhadh la .i. dia ceadaoin. La aoibhin aorach speir-gorm greine: gaoth ciuin aniar ttuadh. Ta slinneadoir ag cur slinn ar an ttigh agam, agus is mithid e oir ba maidin seaca leithe e. An deichmhadh la .i. diardaoin. La aorach nealtach tirm: gaoth aniar ttuadh. An t-aonmhadh la deag .i. dia haoine. La tirm nealtach: gaoth beodha biogamhail attuadh. An dara la deag .i. dia satharn. La tirm nealtach: gaoth ciuin aniar: robhreagh an seachtmhuinn saothair i seo d'imtigh tarainn. An treas la deagh .i. dia domhnach. Maidin ro-bhreagh speirghorm greine fonealtach: gaoth beodha biogamail aniar ttuadh: la mar an cceadna. An ceathramha la deag .i. dia luain. La mionfearthanna: gaoth ciuin aniar. An cuigeadh la deag .i. dia mart. La tannealtach greine: gaoth gonta aniar ttuadh: beagan mionshneacta. An seiseadh la deag .i. dia ceadaoin. La tannealtach
greine: gaoth gonta aniar ttuadh: sneacta ar Sliabh na mBan: is roibhreagh an la siolcuir e. An seachtmhadh la deag .i. diardaoin. La aoibhin aorach speirghorm fonealtach greine: gaoth roiciuin aniar ttuadh. Is comhsamhail le la breagh bog abrain e: daoine ag baint potataoi agus ag siolchur, agus is roibreagh an tam cuige e. An t-ochtmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin aoibhin aorach speirghorm greine seaca: leac oidhre tana ar lochanaibh: gaoth ciuin aniar ndeas ag seoladh ceo cois talmhan o Coill a tSleibhe cois Sleibhe na mBan tre laganaibh, an tan ata lagain eile glan o cheo: la breagh: beagan mionfhearthanna ag seacht a chlog san oidhce. An naomhadh la deag .i. dia satharn. La breagh nealtach ciuin. An fithchead la .i. dia domhnach. Maidin ? mhin mharbh neal-tach ciuin: meadhon agus deire laoi fearthanna agus clagair-nighe: oidhche mar an cceadna. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia luain. La breagh bog nealtach ciuin sraidsalach. An dara la ficiod .i. dia mairt. La breagh nealtac sraid-shalach: gaoth ciuin aniar ndeas. An treas la fichiod .i. dia ceadaoin. La tromnealtach sraidshalach: gaoth beoda aniar ndeas. An ceathramha la ficiod .i. diardaoin. La tromnealtach sraidsalach: gaoth aniar ndeas. An cuigeadh la fichiod .i. dia haoine. La tromnealtach sraidshalach.: gaoth aniar ndeas. An seiseadh la fichiod .i. dia satharn. La tromnealtach sraidsalach, d'eis oidhche fearthanna: gaoth aniar ndeas. An seachtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin trom-nealtach sraidsalach: la mar an cceadna. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia luain. La tromnealtach tirm: gaoth ciuin aniar ndeas.
An naomhadh la fichiod .i. dia mart. La breagh bog tirm: gaoth ciuin andeas. An deichmadh la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin trom-nealtach tirm ciuin: meadhon agus deire laoi lomairnealtach galgreineach aoibhin aorach tirm. MI NA NODLAG .i. MIMHEADHAIN A' GHEIBHRE 1831. An cead la .i. diardaoin. Maidin nealach ciuin tirm: la mar an cceadna: gaoth tirm aniar ttuadh. Is breagh an tosach. ar an mi e. Cidhim fodhuine ag baint potataoi agus ag siol-chur cruitneachta; deirid go bhfuill se am go leor siolcur do dheanamh go n-imeochad duibhré na Samhna. An dara la .i. dia haoine. La breagh bog tirm nealtach ciuin. An treas la .i. dia satharn. La breagh bog tirm nealtach ciuin. An ceathramha la .i. dia domhnach. La breag bog nealtach ciuin. An cuigeadh la .i. dia luain. La tromnealtac: gaoth fionfhuar andeas: deire laoi fearthanna: tosach oidhce clagairnighe: meadhon agus deire oidhche soinninne. An seiseadh la .i. dia mairt. La tromnealtach sraidsalach: deire laoi fliuch; tosac oidhce clagairnighe: gaot andeas: deire oidhce clagairnighe. An seachtmhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin tromnealtach dorcha d'eis deire oidhce clagairnighe: meadhon lae gal-greineach: gaoth garbh aniar: deire laoi galgreineach ciuin: oidhche reiltineach ciuin tirm. An t-ochtmhadh la .i. diardaoin. Maidin nealtach galgreineach: gaoth beoda anoir: meadon agus deire laoi nealtach: gaoth beoda andeas; clagad ag meadhon oidhche. An naomhadh la .i. dia haoine. Midin nealtana galgreineach: la nealtach: gaoth andeas; oidhce ceathanach. Dia satharn .i. an deichmhadh la. La breag bog nealtach: oidhce ceathanac: gaoth andeas.
Dia domhnach .i. an t-aonmhadh la deag. La breagh bog; an grian ag taitneamh go fann ar speir ceotana: tuile sgeithanach san Amhain. Dia luain .i. an dara la deag. La nealtach: tuile treun san Amhain d'eis oidhche siorbhaistighe. Ni fulair bheit cos-noctuighthe ag teacht tar amha beag de Fhatha an Aonaigh; la braonach: gaoth garoideach andeas: oidhche ceathanach anfadhach. An treas la deagh .i. dia mairt - la marga na muc. Moran muca agus daoine, drochcheannach; la greine nealtana, gaoth ciuin aniar ndeas: oidhche aoibhin aorach speirghorm geal-aighe: moran daoine ag siubhal na sraide mar chaitheamh aimsire. An ceathramha la deag .i. dia ceadaoin .i. la trosga .i. la an aonaigh. La breagh bog nealtach: moran airneise air Fatha an Aonaigh, agus ceannach ar ba romhra ag bughbhuisteirighe: oidce speirgorm gealaighe: gaoth ciuin aniar ndeas. An cuigeadh la deag .i. diardaoin. La nealtach breagh bog: gaoth ciuin aniar: oidhce ciuin nealtach resholais. Bhi marbhadh mor ar Sliabh Breatnach laimh le Baile Hugún andé. Deirthear gur marbhadh ocht nduine dheag de na pileirighe noch do bhi a bhachair i bhfochair an Buileireach ag friothalamh Citations go cuirt an easboig, mar gheall ar dheachmadh noch ata amuch ag Hamilton ministeir Cnoc-a-Tochair. Ta da dhuine deag aca sinnte marbh a cCill-mic-Eanda. Is dona an obar í seo do clanna Gaodhal, oir deanfadh na Sasanaigh dioghaltas orra. An seiseadh la deag .i. dia haoine .i. la trosga. Maidin fuar fliuch geibhreamhail: gaoth gonta andeas. "Fuar gach fliuc." La tromciothanach clagairnighe anfa andeas ar maidin, agus anfa aniar ndeas um trathnona; deire laoi ciuin soinninne: oidhche resholais ciuin. Taineadh tri soch-araide pileirighe tre Callain andiu. An seachtmhadh la deag .i. dia satharn .i. la trósga. Maidin
tirm tromnealach glasfhuar: meadhon lae siltheanach sraid-shalach: deire laoi agus oidhce clagadh caoitheach le anfa anba andeas. Is anrodach anfhuar, is gaibhtheach garbh garoideach gaothmhar, geibhreamhail an oidhche í. "Ni anfa go gaoth andeas." Mo mhile truadh lucht Sleibhe Breathnach anocht. An t-ochtmhadh la deag .i. dia domhnach. La nealtach sraid-salach tirm: gaoth andeas. An naomhadh la deag .i. dia luain. La sraidsalach tirm: gaoth aniar ndeas. An fithcheadh la .i. dia mairt. La spaidsalach tirm: gaoth aniar ndeas. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La spaidshalach tirm: gaoth ciuin aniar ndeas: la nealtach. An dara la fichiod .i. diardaoin. Maidin siorfheartanna: stealla iongantach ag ocht a clog; claodach ag treunrith sios Sraid-a-fhatha agus an cloidin, na cloidin go ceart: deire laoi soinnine. An treas la fichiod .i. dia haoine. Maidin fearthanna: meadhon is deire laoi soinnine. An ceathramha la ficiod .i. oidhche Nodlag .i. dia satarn. La aoibhin aorach nealtana greine breagh bog ciuin. An cuigeadh la fichiod .i. dia domhnach .i. la an Nodlag. La breagh bog nealtach: deire laoi ceathanach: gaoth andeas: oidhche clagairnighe. An seiseadh la fichiod .i. dia luain .i. la Feil Stiophain. Maidin is meadhon lae siorfhearthanna: gaoth gonta aniar: deire laoi siltheanach: oidhche duibhre soinnine. An seachtmhadh la ficiod .i. dia mairt. La soinninne neal-dubh ciuin: taineadh da guna mor agus lucht a lamhach agus draguin asteach andiu. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. Chuadhas le car-aoirí go Cluain Mealla, - maidin ciuin: ceo ag tri a chlog: an gealach ar an ceathramha deaghanach. D'fagas Callainn le
capall trucaille ag cuig a clog. Thaineadh briseadh an lae ag Tig-na-naoi-mile, breachadh an lae ag seipeal Mhuillinn-na- ccloch, faithne an lae ag tosach Glinne Bodhar, deargmhaidin ag deire Glinne Bodhar, la geal agus eirghidhe greine go grod da eis sin. Is aoibhin aorach radharc Gleanna-an-Oir agus na Cumaracha. Bhi an speir gan neal gan ceo, an deatach ag eirghidhe anairde as deatachain na mbothain um mhor timhcioll. Cheithre mile o Cluain Mealla tharlas a cceo tiubh. Taid na moinfearthaighe cois na Siurach tuilte go h-iongantach, agus ceo tiubh os cionn na h-amhan o Cluain Mealla go Portlamhach. Ceannuigheas morcuid earraigh o Malcomson .i. Mhac Maoil- coluim. D'fagbhas Cluain Mealla ag seacht a clog san oidhce. Thangas treas an cceo ceithre mile tre bothar pluideamhail, act an sin tarla sioc daingion ar feadh da mile den botar: da mile eile bhi an bothar bog pluideamhail. Ag Gleann Bodhar do daingneadh an sioc; ba rodheacar tarrang. Bamar da uair a chluig ag teacht aon mhile amhain suas an Gleann Garb so. Ni rabhamair a tTigh-na-naoi-mile go dó a clog ar maidin, ait ar stadhamar da uar-a-chluig eile ag ithe feola agus arain, ag ól leanna agus uisge-beatha; ag teacht go Callain o Tigh-na-naoi-mile, bhi an sioc rodhaingean go ranga-mar Poll-a-Chapail, an tan d'inntadh an bothar pluideamhail. Bhamar a cCallainn ag seacht a clog. An naomhadh la ficiod .i. diardaoin. La breagh bog nealtach ciuin pluideamhail. An deichmhadh la ficiod .i. dia haoine. La breag bog nealtach ciuin pluideamhail. An t-aonmhadh la deag air ficid .i. dia satharn. La breagh, bog tromnealtach, ciuin pluideamhail.
GEIBHRE GLAS le gaoth andeas. GIONBHAR 1832. An cead la .i. dia domhnach .i. la Nodlag beag. La breagh bog nealtach: gaoth fionfuar andeas. An dara la .i. dia luain - marga muc. La breagh bog tirm: gaoth andeas: luach maith ar muca. An treas la .i. dia mart. La breagh bog nealtac tirm: gaoth andeas. An ceathramha la .i. dia ceadaoin. Maidin fearthana: la ceathanach, mionfearthainn: gaoth andeas. An cuigeadh la .i. diardaoin. La breagh bog nealtach: gaoth andeas. An seiseadh la .i. dia haoine .i. la cinn da la deag na Nodlag .i. la saoire: la mionfearthan: "fuar gach fliuch." An seachtmhadh la .i. dia satharn. La sraidsalach soininne ciuin: "geibhre glas le gaoth andeas." An t-ochtmhadh la .i. dia domhnach. La ciuin nealtach sraidsalach soinninne. An naomhadh la .i. dia luain - margadh muc. Maidin clagarnighe gus an t-aon buile deag: gaoth ciuin aniar ndeas, agus an grian ag taitneamh go fann as sin go dó a clog, an tan do chrom se ag mionfearthanadh: deire laoi nealtana galgreineach: oidhche ciuin gealaighe. An deichmhadh la .i. dia mart. La sraidsalach soinine ciuin. An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach speirghorm greine ciuin: meadhon lae sceirdamhail: gaoth aniar. Sgeird .i. gal gaoithe le cioth fuar: as so tagan "sgeirde, sgeirdeamhail. "Tabhair aire don eallach, earrach an deighgeibhre." "sgeithbholg, an chnagarnach
chluintear ins an bhfoghmhar nuair bhíonn an t-arbhar ar tí spealta le neart teasa neamhchoitchinn agus taise agus abaidheachta iarmartaighe. An dara la deag .i. diardaoin. La bog braonach focheathanach d'eis oidche tromcheathanach le gaoth aniar. "Tabhair aire don eallach, earrach an deighgeibhre." Oidche aoibhin aorach speir-ghorm gealaighe roiciuin gan sioc: - bionn geibhre glas le gaoith aniar no andeas. An treas la deag .i. dia haoine. Maidin aoibhin aorach speirghorm greine ciuin: meadhon agus deire laoi nealtach: gaoth aniar. An ceathramha la deag .i. dia satharn. Maidin seaca leithe: leicin oidhre ar lochanaibh: maidin agus meadhon laoi nealtach: gaoth attuadh: trathnona agus deire laoi aoibin aorach speirghorm greine: oidche gealaighe. An cuigeadh la deag .i. dia domhnach. La breagh bog ciuin nealtach. An seiseadh la deag .i. dia luain - margadh maith muc. La breagh bog ciuin nealtach. An seachtmhadh la deag .i. dia mairt. La nealtana greine ciuin. An t-ochtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin aoibin aorach greine: deire laoi nealtach: gaoth andeas. An naomhadh la deag .i. diardaoin. La breagh bog tirm nealtach ciuin. An fithcheadh la .i. dia haoine. La breagh bog nealtach, ceofran um trathnona le gaoith andeas: ceathainini um urthosach oidhce. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia satharn. La aoibhin aorach speirgorm greine, mar la buidhe bealltainne. Is iomdha fear ag romhar agus capal ag treabhad ann gach lóca um urthimcioll. Ni feacadh ariamh na aoinneach da maireann
la chomh breagh an tan so den bhliadhain: urthosach oidhche reultsholais, tosach oidche ceofraineach: oidche ceathanach. An dara la fichiod .i. dia domhnach. La ceofrain fuar: gaoth ciuin aniar ndeas. Is romhór an deifir idir andiu is ande: oidhche ceofran le gaoth garb giuineach. An treas la ficiod .i. dia luain. La breagh bog nealtach sraidshalac: margadh maith muc: ceofran le gaoth andeas ar maidin agus trathnona: galgreine um meadhon lae. Ni feacadh ariamh an uiread banaibhe diuil a cceasacha is do bhi air an margradh andiu. Ata lucht aiste .i. aisteoirighe ag plearaca a cCallain anois. An ceathramha la ficiod .i. dia mart. Maidin tirm nealtach: gaoth ard andeas: la mar an cceadna: tosach oidhce tromceathanac le anfa andeas. An cuigeadh la ficiod .i. dia ceadaoin - gaoth aniar ndeas. Maidin spreirgorm greine. Do marbh Flóra mo soichin francach mór aréir noch do rúaig an cat anuas on ttreas lofta. An seiseadh la ficiod .i. diardaoin. Maidin ciuin seaca leithe: leicin oidhre ar lochanaibh. Is breagh an maidin nealtach i: la fuar nealtach: gaoth geur attuadh: oidce seaca rofuar: gaoth gonta attuadh. "Ni fuacht go Feil Brighde." An seactmad la fichiod .i. dia haoine. Maidin seaca: leacoidhre ar lochaibh tri ceathramha ordlaigh air tigheact: gaoth ciuin attuadh: la breagh nealtana greine: deire laoi bog: gaoth aniar ndeas. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia satharn. La breagh bog, gaoth andeas: an sioc ag leigheadh: ta leachoidhre ar lochaibh. Is olc rachadh so do ghiobar gheamhar. An naomhadh la ficiod .i. dia domhnach. La breagh bog tirm nealtach: ta an leacoidhre imtighthe, agus an sioc leis, gan fuacht, gan fearthainn. An deicmhadh la ficiod .i. dia luain. La breagh bog nealtach
ciuin: mor-mhargadh muc, acht beagan ceannaightheoirighe: gaoth ciuin andeas. An t-aonmhad la deag ar ficid .i. dia mart. Oidhche ? Feil Brighde: la breagh bog nealtach: gaoth ciuin andeas. Is breagh bog an deire ar an geibhre glas so e. FAOILEADH no MI FABHRA (1832). An cead mi den Earrach. An cead la .i. dia ceadaoin: la Feile Brighde. - "La Feile Brighde baine tig ailne le gach sín. An breac sa bradán bán do snamh go Tigh Maoilin." La braonach tromnealtac: gaoth ard aniar ndeas: sneachta ag deich a clog san oidhche noch do leigheadh comh mear nach beag is do thuit se. An dara la .i. diardaoin. Maidin seaca; leicin oidhre ar lochánaib; sneachta ar gach sliabh agus morchnoc; acht ata gach cnoicin, crocan, cnoc cloicheaoil, druimin, agus tulach taobuaithne, saor o sneachta: ta an sraid salach, cia go bhfuil an bothar ar Fatha an Aonaigh siocthirm. La speir-liathghorm greine: gaoth geur aniar ndeas: oidhce duibhré, realtach, seaca, fuar. An treas la .i. dia haoine. Maidin seaca leithe: gaoth geur aniar ndeas; leacoidhre leathordlaich ar locanaibh nach coraidh an gaoth; acht uisge gan leacoidhre san ait air ar sheid an gaoth go laidir: "Gaoth andeas bionn si tais." Sneachta ar gach sliab agus ardchnoc: maidin speirliathghorm greine go naoi a chlog, acht nealtach na dhiaidh san le ceofran: ta daoine ag treabhad caoinligh agus da romhradh. Is robheag an tuarasdal ata ag lucht raimhne rámhainne .i. cheitre sgillinge ar son ceathramhan coinligh do romhradh. Ta cuig deag is fithce ciosa ar ceathramha acra de chaoinligh reachtais .i. oireachtais noch do fuair faoiligh iarbudhnura fa'n "b" agus fa'n "dh" ata . . agus air a raibh cruitneacht an uraidh (iaruande .i. earruande ere yesterday; iarua-
maireach .i. earruamaireach after to-morrow, iaruanuraidh .i. earruanuraidh ere last year). Oidhche tromnealtach dorca: gaot gonta garoideach ag garthadh tres na seanchaisleain dithcheannach diomair. An ceathramha la .i. dia satharn. La breagh bog nealtach: gaoth ciuin aniar ndeas: oidhche chomh dorcha le Poll a' Phuca a Rath-a'-Phuca. Crochadh fear de muintir de-Búirc a nDun Eidin ardchathar na h-Alban an-uraidh air son deicniubhar is fithce duine do mhuchadh le n-a n-anal do cosg, cum a ccorp marbha do dhiol leis na taithliadhaibh air deich nginidh an corp. Fuaireadh amach gur muchadh na millte duine a nDun Eidin agus a Longduin chum a ccorp do dhiol mar an cceadna. Deirtear go bhfuil an cleachta diabluidhe ceadna da leanmhainn an Eirinn anois: deirthear go bfuill dream des na "Burcanaigh" a cCallain anois, acht ni creidim e. Is é an cuma a ndeinid "burcail" ar duine puicin air a mbiodh pic do tharang sios air do bheal agus ar do srón, agus do mhucadh amhla sin leis an puicin pice; acht is e an cuma a ndeunaid a Lungduin agus a nDun Eidin .i. duine do chur ar meisge sul a mucadh, no codladhnan do cur a ndeoch do agus ann sin a mhucadh. An cuigeadh la .i. dia domnach. Maidin garb garoideach mionfhearthanna: gaoth garthach gonta aniar ndeas; la mar an cceadna: oidhche ciuin dorca. An seiseadh la .i. dia luain - margadh muc. La aoibhin aorac nealtana galgreineach ciuin: "Le gach la go h-aoibhin alainn o la fheil Brighde go la fheile Padruig". Cheannuigheas muc andiu ar naoi is dafhicid is rael (49s ,, 6d) agus muc eile seachtmhuinn ó andiu ar an airgid ceadna (49s ,, 6d), ma cuireann siad leo fein, beidh pingin maith agam ionnta: deire laoi speirghorm gealaighe: oidhce realtsholais ciuin. An seachtmhadh la .i. dia mairt. La aoibhin aorach ciuin mar la buidhe bealltainne gan fuacht gan fearthuinn: gaoth ciuin andeas. Bhi teas breadh san ngrein mar la samhra.
An t-ochtmhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach galgreineach ciuin lomairnealtach, gan ceo acht ag Coill an tSleibhe amhain. Ta an smoilin ag sgolgoireadh go sidhbhin an gach sgairt sgathmhar air chraoibh cruim; an fuiseog fiadhain ag fuidhleadh go fonnmhar os nealta neimhe, agus an iomad einin eile ag ailneadhadh na maidne le na cceol caoinbhinn. Ta an noinin niamhrach an castsearbhan orbhuidhe, an granaircin reiltionnac agus blath buidh an aitinn ag breaghthughadh gach gleanna anois: la nealtach ciuin breagh bog. An naomhadh la .i. diardaoin. Maidin geal druchta spreirgorm greine: an bronndearg go ceolmhar caoin: einin bogadh tana .i. an glasog go gnothach cois uisge. Ta da gne glasog ann .i. an glasog agus an glasog bolgbhuidh. Cidhim na cearca uisge cois Inis na Giubhaise cois muilleann Ui Bhriain. Ta an castshearbhan (.i. cas searbh .i. cos searbh, oir is searbh sudh a coise) go niamrach; ta puisinigh an crain cnu .i. an coill (.i. coll) ag briseadh amach: la aoibhin aorach speirgorm greine ciuin trid amach: oidhce gealaige. Briseadh cheithre pana andiu orm le Peggy St. John. An deichmhadh la .i. dia haoine. Maidin ciuin ceo: la aoibhin aorach speirghorm greine "Le Feile Brighde baine, tig aile le gach sin, An breac san bradán bán do snamh go Tigh Moilín." An t-aonmhadh la deag .i. dia satharn. Maidin ciuin ceo: la aoibhin aorac speirghrom greine. "Giolla gach sine an ceo": oidhce ciuin gealaighe. An dara la deag .i. dia domhnac. Maidin ciuin mion-fearthanna: "Giolla gach sine an ceo." An treas la deag .i. dia luain - margadh muc. La breagh bog tirm nealtach: gaoth ciuin anoir ttuadh.
An ceathramha la deag .i. dia mart. La breagh bog tirm nealtach: gaoth ciuin aniar. An cuigeadh la deag .i. dia ceadaoin. La breagh bog tirm nealtach: gaot ciuin aniar. An seiseadh la deag .i. diardaoin. Maidin breagh: gaoth biogamhiail andeas: la tromnealtach: mionfearthainn um meadhon lae agus trathnona: deire laoi speirghorm: oidhce gealaighe seaca leithe. An seachtmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin aoibhin aorach speirghorm greine, seaca leithe, leicin oidhre ar locánaibh; Sliabh na mBan Fionn geal o mionsneacta: na Cumaracha Dubha geal: na Gailte glegeal. Ta ceo tana idir me is na sleibhte shoir. Is comsamhail go raibh sneachta ar sliabhaibh ande, an tan do bhi mionfhearthainn a ngleanntaibh: la aoibhin aorac speirgorm greine: Andiu cuireadh Daithin- na-nObh oncal do Seaghan na-Sgadán o Muillean Ui Cuan. An t-ochtmhadh la déag .i. dia satharn. La aoibhin aorac breagh bog ciuin nealtach mar la abrain. Aithnigeann iasgarighe gur ab iad na cuileoga abrain ata ag gluaiseacht sios le h-amhain anois; oir is bréag-chuil abrain cheanglaid da ndubhain iasgaireacta. - Ta breag-cuil air leith le h-aigheadh gach síne. Oidhce ciuin breagh bog; nior mhiste codladh amuth. An naomhadh la deag .i. dia domhnach. Maidin aoibhin aorach ciuin nealtrom: ceofairnín um meadhon lae, agus mionfhearthain go trathnona le gaoith anoir ndeas; deire laoi agus oidhche soininne ciuine. An fithceadh la .i. dia luain - drocmargadh muc. Maidin aoibhin aorach ciuin lomairnealtac galgreineach: gaoth biogamhail anoir ndeas: ceofran o linn go linn: oidche dorcha. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia mairt. Maidin geal greine slamnéaltac: la mar an cceadna; gaoth ciuin anoir ndeas:
oidhce ciuin tirm. Is clos domh go bfuill geadhanna fiadhaine sa tir fos: cia gur geibhre glas an Eirionn e, bhi geibhre rochruadh an Ameirica. An dara la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin tirm ciuin nealtach. Deirthear go mbainfear an dechmhadh de na minis-teirighe gallda, agus na fagfar aca acht na bannsaigh amhain (bannsa Glebe Ground); mar ata bannsa an Bhuiltearach a cCill-da-Lua, laimh le Callainn, bannsa Cille Brighde etc.: bannsa .i. tearman .i. tarman .i. ban-suadh, the Lands of the Learned: H. O Sullivan. An treas la fichiodh .i. diardaoin. La aoibhin aorach lomarnealtach greine: gaoth ciuin andeas. An ceathramha la ficiod .i. dia haoine .i. la aonaigh Droichid Benead. La siorbhaistighe: gaoth ciuin aniar ndeas. An cuigeadh la ficiod .i. dia satharn. Maidin ciuin caoin geal greine: la mar an cceadna: gaoth ciuin aniar ttuadh, an feileog (?) (Woodbind) glas. An seiseadh la ficiod .i. dia domhnach. La breagh bog nealtach ciuin. An seachtmhadh la ficiod .i. dia luain - margadh maith muc. La breagh bog nealtac ciuin: luach maith ar muca. An t-ochtmhad la fichiod .i. dia mart. Maidin aoibhin aorach speirghlan greine ciuin. An naomhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La aoibhin aorach nealtach ciuin: oidhce bog braonach: gaoth ciuin andeas. - Ni feacadh ariamh geibhre nios buige, na Mi Fabhra .i. Faoileadh .i. Feil Brighde nios breaghthadh na an Mi Feile Brighde se ghabh tarainn.
MI MARTA. An cead la .i. diardaoin meith na hinnide. Maidin aoibhin aorach speirghorm greine ciuin: gaoth andeas: la mar an cceadna go deire, an tan do eirigh nealta: oidhce nealtach ciuin. An dara la .i. dia haoine. Maidin nealtach, la mar an cceadna: gaoth ciuin andeas. An treas la .i. dia satharn. Maidin siorfhearthana: gaoth ciuin andeas; meadhon lae lomairnealtach greine; gaoth ciuin aniar ndeas: trathnona geal greine: gaoth ciuin aniar: luidhe greine glormhar: gaoth caoin aniar ttuadh: oidhce speirdubh-gorm reiltionnach: gaoth roiciuin a ttuadh: "Gaoth andeas bion si tais." "Is iomdha sine a la earraigh; March many Weathers. - Deirtear go minic gan an reimhiughadh "in-", no "ion-", a ccomfhoclaibh mar ata "in ionad": "Grodgarta guil ba silte fuil" "silte" in ionad inshilte dar leis an ughdar; cm. "beidhte", srl., ámhthach. An ceathramha la .i. dia domhnach .i. domhnach innide. Maidin siorfearthana eattruim: gaoth ciuin andeas: meadhon lae soinnine, sonna gaoithe um buile a chlog: deire laoi tirm: gaoth ciuin aniar ttuadh. An cuigeadh la .i. dia luain - drochmargadh muc. Maidin aoibhin aorach speirghorm: sneachta ar gach sliabh agus cnoc: Sliabh na mBan Fionn chomh geal le h-eala: gaoth geur aniar ttuadh; la breagh trid amach. An seiseadh la .i. mairt innide. Maidin nealtach ciothanach d'eis oidhce mion fearthanna: gaoth geur aniar ndeas: gal greine o deich gus an da bhuile deag; cloichshneachta le dorcughadh na dheagh, fliuchsneacta um trathnona: deire laoi galgreineach: oidhce fuar fliuchshneachtamhail: gaoth geur aniar. - "Tabhair aire dod eallach ar earrach an deighgheibhre." An seachtmadh la .i. "ceadaoin-a-luaithre. Is mor an buaidhre baine d'ol." Maidin aoibhin aorach speirghorm greine; leicin oidhre ar lochanaibh: gaoth geur ciuin aniar:
sneacta ar gach ard. Tagann an breithiomh asteach go Cill Chuinnigh andiu, agus Donald Ua Conaill. Beidh muintir Caraig Seaca da ttriadhail idir so agus an domhnach. Go reidheadh Dia Mor Uilecomhachtach dhoibh Amen, a Tighearna. Ni beidhte dhuinn beith miodhochasach: la breagh greine: gaoth geur aniar: oidhce reiltsholais fuar. An t-octmhadh la .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach speirghorm greine seaca leithe: la mar an cceadna: gaoth geur fuar aniar ttuadh: oidhce breadh. An naomhadh la .i. dia haoine. Maidin, meadhon lae agus trathnona aoibin, aorach, speirghorm, greine, breagh bog ciuin: gaoth andeas: deire laoi nealtach glas: oidhce bog ciuin nealtach. Is clos domh gur leigeadh priosunaigh. Caraige Seaca amach gan triaill ar banaighibh, chum seasaim ag cuirt an fobhar se chugainn. An deichmhad la .i. dia satharn. La breagh bog nealtach ciuin. - Nior leigeadh muintir Caraige Seaca amach, mar adubradh ande: acht coimeadfuidhear astig iad (gan a leigeann amach ar banuighib) go cuirt an fhobhair se chugainn, cum a ttriaill. An t-aonmhadh la deag .i. dia domhnac .i. an cead domhnac don corghas .i. domhnach na ndeoirinighe. - "Ni fearr cearc innide 'na craobh Bealltainne." Maidin ciuin caoin ceofrain: meadhon lae sraidghlan nealtach ciuin: la mar an cceadna: oidhce aoibhin, aorach, nealtana gealaighe: ainiomad ag siubhal sios agus suas mar caitheamh aimsire doibh fein. An dara la deag .i. dia luain - droch marga muc. La aoibhin aorach lomarnealtach breagh bog ciuin: deire laoi ceofrain: oidhce nealtach bog gealaighe: gaoth ciuin andeas. An treas la deag .i. dia mairt. Maidin tromnealtach, fearthainn gan traochadh le gaoth aniar ndeas, o naoi a clog ar maidin go tri a clog um trathnona .i. air seadh se uaire an chluig, an tan do ghlan se suas: deire laoi nealtach
dorcha; sneacta ar gach morsliabh: oidhche speirghorm gealaighe ciuin caoin. An ceathramha la deag .i. dia ceadaoin. La breagh speirgorm greine: gaoth gonta aniar ttuadh: sneacta ar gach sliabh ard: ciot cloichsneachta um trathnona: oidhce ciuin gealaighe lomarnealtach. An cuigeadh la déag .i. diardaoin. La breagh galgreineach. lomarnealtac: sneachta ar gach morsliabh: gaoth geur ciuin aniar ar maidin; ciunas agus buigeacht um deire laoi: oidhce aoibhin aorach breagh bog ciuin lomarnealtac gealaighe comh breagh le oidhce samhra. An seiseadh la deagh .i. dia haoine .i. oidhche Fheil Padruig. Maidin ceofrain: la nealtach: gaoth glorach aniar; tosach oidhche garbh gaothmhar garoideach tirm: deire oidhce mion-ceathanach; si seo robhadhta na Feil Padruic. An seachtmhadh la deag .i. dia satharn .i. la Fheile Padruig .i. la na seamroige. .i. seamrog na ttri ccluas mar sompla no comhsamhlacht air an TTrionoid ronaomhtha. Maidin garbh gaothmhar ciothanach lomarnealtach galgreineach: tromcioth cloichsneacta ag naoi a clog: robhadhta rogharbh na Feile Padruig í seo go ceart: ta daoine a tteanta an d'aithid ag teacht a ccoinne na gaoithe glanfhuare gartach geimreac gaibhteach garg: la roghaothmhar: oidhce garbh gaothmhar: cioth eile cloich-shneachta um trathnona. - a tteanta an d'aithid .i. da Aithid. An t-ochtmhadh la deag .i. dia domhnac. La garbh gaothmhar: anfa aniar ttuadh: robhadta na Feil Padruic go ceart. An naomadh la deag .i. dia luain - drochmarga muc. La garbh gaoithe: anfa ard aniar: robhadhta na Feil Padruig. An fithceadh la .i. dia mart .i. an la in ar coimhinan la agus oidhce, oir luigheann agus eirghidhen an grian ag se a chlog. Maidin nealtach galgreineach: gaoth fionfhuar aniar ttuadh. Nil si comh laidir le gaoith na tri laethe se gabh
tarainn, cia go bfuill si garoideach go leor. Is focal coitceann "rabhadhta (pronounced robhta) na Feil Padruig" agus "rabhadta na Feil Michil," cia na faghaim a leabhar ar bith iad. (robhadhta .i. monsoon or Equinoctial. Wind) os cionn na line agus i láimh eile ata (No; but great Floods or tides). An t-aonmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh bog nealtach: gaoth ciuin aniar. Dfagas Callain ag buile a clog ar maidin, agus chuadhas go Cluain Mealla. Ba deire oidhce solais gealaighe í. Bhi ceo fuar cois Sleibe na mBan, acht bhi fosg on ngaoith aniar o Tig-na-naoi-mile go droichid Gleanna Bodhair. Bios a cCluain Clluain tré dhearmhad Mealla ag ceathramha d'eis a seacht: la breagh nealtach: ghluaiseas abhaile ag chuig a clog san trathnona. Biodas a tTig-na-naoi-mile ag deich a chlog san oidhce breagh bog, agus a cCalainn ag an da bhuile deag no meadhon oidhche le last breagh d'earaigh nua. An dara la ficiod .i. diardaoin. Maidin greine breagh bog: meadhon agus deire laoi nealtach: gaoth geur aniar ttuadh. An treas la fichiod .i. dia haoine. Maidin breagh greine: meadhon agus deire laoi nealtach: gaoth geur aniar ttuadh. An ceathramha la ficiod .i. dia satharn .i. oidhche Feil Muire na Feil Padruig. La breagh tirm sraidthirm marta: gaoth gonta aniar ttuadh. An cuigeadh la fichiod .i. dia domhnach .i. la Feil Muire na Feile Padruig. La breagh tirm: gaoth gonta aniar ttuadh. Bailidheadh Cios Ui Chonaill andiu a cCallain. An seisead la fichiod .i. dia luain. La breagh bratnealtach: gaoth geur aniar. Cia go raibh nealta neimhe na n-aonbhrat faoi aigheadh na speire go h-uile, chomh ard le mullach Suidhe Finn ar Sleibh na mBan, bhi an t-aor cois talmhan chomh glan
san go bhfaicfeadh gac ball breac agus donn ar Sliabh na mBan chom soiréadh soi-réidh sin go mbadh dhoith leat nach raibh se leath slighe uaith: oidche ciuin nealtach. An seachtmhadh la ficiod .i. dia mart. Maidin aoibin aorach speirgorm caoin ciuin tirmbhotarach. Chidhim an paigheacán buidhe, an gronaircin .i. an reultan orda; an salcuach, blaith suibhe na talmhan, blat buidh an aitinn, puisinighe .i. caitinighe na saileoige. agus na coille recte an chuill. Ta an Galar Goimhidach gorm .i. (Cholera Morbus) a mBaile Fearsad anois. Is iomdha gne soileoige, gaodh- allaich agus gallda, ann; mar ata: soileog dhearg, soileog cluasach, soileog donn, soileog gaodhallach, soileog ban, soileog buidhe, soileog briosg, soileog corcra, agus gneithe eile nach aithnighim a n-ainm. Ta blaith .i. puisinighe, ar an soileog ban agus buidhe anois. Taid na puisinighe ag teacht ar an soileog dubh no gaodalach. Nil aon gobughadh amach ag na saileoga dearga fos. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La aoibhin, aorach, nealtach, ciuin, caoin, breag, bog, sraidghlan. An naomhadh la fichiod .i. diardaoin. La aoibin, aorach, nealtach, ciuin, caoin, breag, bog, sraidghlan. An deichmhadh la ficiod .i. dia h-aoine. Maidin aoibhin aorach speirgorm greine; ceo rotana ar cnocaibh caomhaille. Ta an granaircin .i. an realtan orda go rolionmhar a nGleanntan-na-bhFuiseoig noch ata faoi aon bharr ceoil ag moladh De is na h-ardaibh. Ta an buidheacan, an noinin, an salcuach, blaith na suibhe talmhan, agus ceadna go lionmhar san ngleanntan ceadna cois na h-Amha Bige. La mar la samhra e go ceart: gaoth ciuin anoir ttuadh: oidche duibhre realtsolais.
An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia satharn. Maidin ciuin caoin: ceo comh tiubh san nacar bfeidir idirdeilt idir bainleomhan agus bainasal cead slat uait: la breagh nealtach ciuin. - Bhi Mi Marta go huile breagh bog acht ar fead robhadhta na Feil Padruig amhain. MI ABRAIN 1832. An cead la .i. dia domhnach .i. la Abrain na n-amadan. La aoibhin aorach speirghlan greine ciuin caoin. Tagan daith dearg-bhuidhe ar an bfearnog an tan gearrtar e. Cuireann na baroga bhaintear de dath dubh ar eadaighibh an ionad bod. Nior mhiste fearnog gallda do glaodhadh ar bod - bod a' bhata (chip Logwood): bod powdered Logwood. Deire laoi nealtach: oidhce dorca. An dara la .i. dia luain: - drochmargad muc a cCallain. La breagh bog nealtach ciuin sraidthirm. An treas la .i. dia mairt. Maidin breagh bog nealtach galgreineach. Chidhim ceithre beach ag diul meala na mblath: gaoth beoda andeas. Bion margadh maith coirce gach mairt is satharn a cCalainn. Deir siad gur ab í coirce fabhra is fearr (.i. an coirce cuirtear a ndeire mi fabhra a ttalam tirm teith). Is maith coirce marta agus abrain, acht nil maith a ccoirce cuaiche (.i. an coirce curtar an tan labhran an cuach): la breag nealtach. An ceathramha la .i. dia ceadaoin. La aoibhin aorach geal greine: gaoth ciuin andeas: is comhsamhail le la buidhemis brothallach e. Ta luaithreán bothair go tiubh faoi cois: "Is fearr lan doirn de luaithrean marta na lan doirn d'or buidhe." Ni bheidh aon coirce cuaiche ann an bliadhain se. Chonairceas ar maidin ande ceithre beichin binn ag diul gach blaith da mbiodas ar an ccoill soileoige cois na h-Amha Bige a nGleanntan na bFuiseog. Is breagh beannaighte an aimsir í, mile miliun buidheacais le Dia mor uilecomhactach.
Taineadh truip marccroisigh asteach andiu. "Ceo soinnine air aimhnibh, is ceo doinnine ar sleibhtib." "Coirce cuaiche" "uan cuaiche" .i. uaghan deigeanach. "Giolla gach síne an ceo." "Ceo soininne air aibhinte, is ceo doininte ar sleibhtibh. An cuigeadh la .i. diardaoin. Maidin breagh bog braonach ciuin: meadon agus deire laoi tirm nealtach: oidhce mion-ceathanach. An seiseadh la .i. dia haoine. Maidin breagh bog soinine spaidsalach, caoin ciuin d'eis deire oidhce bog braonach: la aoibhin aorach, speirghorm slamnealtach: gaoth ciuin a ttuadh. Chidhim coirce da cur faoi arán rámhainn agus sluasad na seataighib leathna: nior mhaith aon ghraine do bheith san ttalamh ar feadh an geimhre do cur a seataighibh, oir do dreoghfadh an siol le iomarca fliucra; acht imthigheann an t-uisge o na h-iomairighibh caola arda leis na clasa caola agus bionn an siol tirm slan. Thaineadh caogad luct guna mor asteach andiu le ceol adharc is stoc. - Drom Dearg o bearna Tighe-na-naoi-mile go Bearna na Gaoithe, - is cuid de Sleibh Dile e: Gleann na h-Amhan an teora idir Sliabh Breathnach agus Sleib Dile. An seachtmadh la .i. dia satharn. Maidin aoibhin aorach breagh teith speirghorm geal greine: ceo rothana um mor-timchioll. "Ceo soinine ar aimnibh." Chidim luibh go mblaith bancorcra, le sé cuid ann agus go dtri duileoga mar crub maghghabhain. Deirtear gur maith e a ccoinne duruabhan dobhar-uamhan. Chidhim lubh-na-seacht-ngath ar seanbhallaibh, ta ar gach geigin seacht nduileoigin (trichodcha), gach cuid mar gath, as so ta an t-ainm. Ta sroil donn ar druim gac gath no gabh, inistear dhomh gurab e a ainm bearla speedwell. La breagh greine: oidhce ciuin gealaighe.
An t-ochtmhadh la .i. dia domhnac. La breagh nealtac galgreineach: gaoth geur andeas. An naomhadh la .i. dia luain. - Drochmargadh muc. La breagh speirghorm fonealtach: gaoth geur anoir: tainead da thruip marcshluad croisig agus cuideachta lucht guna mor asteach. An deichmhadh la .i. dia mart. Maidin seacain leithe, ciuin, ceo glasfuar; la aoibhin aorach speirghorm greine: gaoth ciuin anoir ttuadh. Ta na puisinighe soileoige ar an soileog buidhe agus ban feoidhte on ngaoith ngeur anoir: oidhce speirghlan gealaige caoin ciuin caomh. An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach speirghorm geal greine roichiuin: cia go bhfuil puisinighe na soileoige buidhe agus ban ruadhdhoite, ta puisinighe na soileoige duibhe go breag banbhuidhe, oir is í an soileog dubh is mo fuinneamh anaid (in aghaidh ?) gaoth ruadh. Nil aon puisin air an soileog dearg, cia go bhfuil an duileamhar ag teacht amach trid, agus gan an duileamhar ar an soileog dubh, ban, na buide. Is mar an cceadna don droighean; oir tagan an blath roimh an duilemhar, agus tagan an duileamhar roimh an blaith ar an sgeach gheal. - na croin ar a ttagan blath roime duileamhar droigean soileog ban .i. coll soileog buidhe soileog dubh na croinn ar a ttagan duileamhar roimhe blath soileog dearg, etc. sgeach geal, etc. - Deire laoi: gaoth geur attuadh. An dara la deag .i. diardaoin .i. an céad la de thri laethe na sean riabaiche. Maidin garb: gaoth fuar anoir ttuadh: ceobothar .i. smuitean, da scuabadh ar boithribh: "Is fiu lan doirn d'or, lan maime de smuitean mi marta." La garbh gaothmar mar an cceadna.
An treas la deag .i. dia haoine .i. an dara le de tri laethibh na sean-riaibhiche: la nealtach: ceobhraon cubhra o am go h-am, agus is mor do theasduigheann se o feur glas agus o ghiubhar cruithneacta agus o coirce nua-churtha. Ta duileoga an coill ag gobughadh amach d'eis na cuitinighe .i. na puisinighe do thuitim feoighte ruadhdhoite. Ni feicim druid na naosgac na fiodog na filibin miog na siocan. Ta cuid aca imighte tar lear agus cuid eile gus na fasaighibh ag togann a n-al óg. An ceathramha la deag .i. dia satarn .i. an treas la .i. an la deigheanach de tri laethaibh na sean-riabhaiche .i. an seanbhuin. Ar mo moicheirighe (foghar, mochóirighe.), bhi mion-cheathain ann, ceobhraon caoin na dhiaidh sin le gaoith aniar. Ta an fearthainn ag liobarnadh as an speir go talamh um urthimchioll: la breag bog. An cuigeadh la deag .i. dia domnach. La breagh bog ciuin nealtac sraidghlan: oidhce breagh bog. An seiseadh la deag .i. dia luain - drochmarga muc. La ciuin caoin, ceobhrain agus mionfhearthanna. - Meanadh mana: Duinnín .i. faistinne .i. Foretelling, le tochas do bheith an aon bhall diot; mas air an taobh deas is fear bios chugat; mas ar an taob chli is bean bhios chugat (1) Meanadh chladhart .i. tocas ad giall le a ttuigtear duit deoradh beith ag triall do thighe cum fanamhain seal agat. (2) Meanadh poige .i. tocas ad phusaibh le a ttuigtear dhuit go bhfadhair pog o duine muinteardha. (3) Meanad chreime cnama le a ttuigthear go mbeidhir ag ol is ag aoibhneas le daoine muinteardha. Is ad smeigin thagann so. (4) Meanadh dheor comharta buaireadh agus caoi fa bhás etc. (5) Meanadh shiubhail .i. tochas ad iosgad no a ccnamh do lorgan. "Meanadh siubhail orm: aigheadh do scribe ar Luim-neach." (6) Meanadh caonuig leapthan .i. tocas ad uct.
- "Giolla gach sine an ceo: ceo doinnine ar sleibhtib." Is glas gach gort abhrar agus gach magh mín anois. Beidh bainne flughairseach no fairsing anois: an ionad piont ar pingin as na laimhdinighe, ta cart andiu as na cuineoga. Beidh laoighfheoil saor. Ta se pingine ar pont caoirfeola, cuig pingine. go leith air pont muicfheola no mairtfeola. Ni faicim uainfeoil no lughan fos. Chidhim fo-mhionan: beidh siad iomadamhail satharn casga. An seacthmhadh la deag .i. dia mart. La breag nealtach: da mionceathan agus beagan ceobraon le gaoth biogamhail fuar andeas: "fuar gach fliuch." "Ceo doinine ar sliabh-aibh": tosach oidhche ciuin soinninne; deire oidche doinninne: anfa roimh breaca an lae. An t-ochtmhadh la deag .i. ceadaoin a' bhrath. Maidin ciuin doininne d'eis oidhce fearthanna, ag naoi a chlog do ghlanadar na sleibhte shiar suas; acht do bhi na nealta fear-tanacha ag liobarna os cionn na sleibhte shoir. Is aoibhin aigheadh na tire. Ta an beagan giobar glasbhuidhe noch do bhi ann, ag iontodh chom glas le cuillean colgac ceann na coille. "Giolla gach sine an cheo." "Ceo doinninne ar shleibhtibh." Deire laoi ceobhraoin: gaoth biogamhail aniar. An naomhadh la deag .i. diardaoin. Clagairneach caoitheach le gaoth ard aniar o tosach oidhce go dó a clog san oidhce; dar ndoith plandochadh giobhar anois. "Marta cruadh gaothmhar, abran bog braonach, agus bealltainne beilfhliuc lionas na sgioboil." Aoine an ceasta .i. an fithceadh la. Maidin geal greine speirgorm: gaoth ciuin fionfhuar aniar d'eis oidce clagair-nighe. Is aoibhin aorach aighead. na tire anois dar ndoith. Beidh feur glas go leor ag ba bainne anois. Bhiodh pota bainne raimhir da chraedhil areir as na cuinneogaibh (.i. meadaraibh .i. soichighibh mora ann a ndeantar coigeann agus ann a ttugthar baine a ttrucail go margadh). Is mor an fluirse ar daoine bochta pota .i. cheithre phionta an ionad aon
piontain amhain, luach na pingine ar feadh dubhluacair na bliadhna agus an earraigh. Is roibheag don fheoil ag buabhuis-teirighe Callain andiu. Beidh si daor satharn casga. Ni ceannochad mise aon fheoil, oir ata bagún agus lándrae .i. mairtfheoil deataigh go leor agam. Meadhon lae agus trathnona lomarnealtach ghalgreine ceathanach. Bi cioth cloich-shneacta um mheadhon lae: gaoth gonta aniar: deire laoi agus oidche soinnine speirghorm glasfhuar. Satharn casga .i. an t-aonmhadh la ficiod. Maidin aoibhin aorac ceotana greine: gaoth ciuin bog aniar: meadhon lae agus trathnona nealtach; cioth um ceathar a clog, deire laoi breag bog. An dara la ficiod .i. domhnach casga. La nealtach: gaoth fionfhuar aniar: oidhce tromceathanach. An treas la ficiod .i. luan casga. La breag nealtach galgreineac ciuin. An ceathramha la ficiod .i. dia mart. Maidin aoibhin aorach geal greine: la geal greine: gaot geur aniar ttuad: oidhce speirghorm realtsholais. An cuigeadh la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorac gealain agus sgailinige: gaot fionfuar aniar ttuadh, meadhon lae mar an cceadna: ciothan um ceathar a chlog. An seiseadh la ficiod .i. diardaoin. La gealain agus sgailinighe: gaoth fionfhuar aniar ttuadh. Ta an Galar Goimhideach Gorm ag marbhadh na ceadta duine a mBaile-ath- chliath a cCorca etc, a Longduin etc.; acht is a bPairis na Fraince ata an t-ar da dheanamh aici, oir ata deich mile is fithce mile duine treasgartha aici. Cuirthear san oidhche iad san ccladh mor ata timcioll Pairis. An seachtmhadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin aoibhin aorach geal greine: meadhan lae nealtach. ceofranach ciothanach: trathnona, gealain agus sgailinighe. Cidhim an fainleog tighe na cceadta ag cuilireacht os mo chionn go h-ard san aer an
chead uair san mbliadhain se: deire laoi fionfhuar: oidhce mar an cceadna. Cluinim an cuach ag Coilldoite. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin aoibhin aorach speirghorm geal greine: ciothán cloichsneacta agus mionfearthana um meadhan lae: trathnona agus deire laoi sgailinighe agus gealain le gaoith ciuin andeas. Cidhim beaghan ainleoga tighe ag cuilearacht. An naomhadh la fichiod .i. dia domhnach. La nealtach tirm: gaoth beodha fuar anoir ndeas. Bhi coimhtionol againn andiu cum an Galar Goimhideach Gorm do comhead a Callain. Go ccumhnadhadh Dia linn. An deichmhadh la ficiod .i. dia luain .i. oidhce Bealltoinne. La breagh nealtana greine: gaoth beodha fionfuar anoir ttuadh. Dhiolas da mhuic air aonach Muilleann Uí Chuain, ar £7 ,, 12 ,, 6: deire laoi gonta. Is dian an la ar feur agus giobhar e an tan so bhliadhain: coimthionol eile an aigheadh Cholera. - Ni feacadh riamh Geimhre no Earrach ba breadha. MI BEALLTOINNE 1832 Bealltoinne Beilfhliuch An cead la .i. la buidhe bealltoinne .i. dia mart. Maidin mionfearthanna, is mor do theasdad si. Bi luach maith ar ba ar aonach Muillean-Ui-Chuain .i. ar buaibh ionlaogh, ar loilighighibh, ar gamhnachaibh etc.: meadhon lae, trathnona agus deire laoi soinninne: gaoth ciuin andeas: "Gaoth andeas bionn si tais, is cuireann is rath air sioltaibh": oidhce ciuin soinninne. An dara la .i. dia ceadaoin. Maidin tromnealtach soininne d'eis oidhche soininne: "ceo doinnine ar sleibhtibh": meadhan lae agus tratnona doinnine: deire laoi soininne ciuin. An treas la .i. diardaoin - margadh na muc go maith. Maidin aoibhin aorach nealtach galgreineach: meadhon lae mar an cceadna: trathnona ceobhraoin: oidhce soinnine: gaoth roiciuin andeas. ar bharr leathnaigh (Mi Bealltoinne 1832 Bealltoinne beilfhliuch).
An ceathrama la .i. dia haoine .i. la aonaigh Challain. La aoibhin aorach speirgorm greine: gaoth atruigheach anoir ttuadh To. Tu.: anoir To.; anoir ndeas To. Te.; andeas Te.: oidhche speirgorm: gaoth geur andeas Te. Bhi ceannach maith ar bhanaibhibh, ar slipighibh, ar buaibh seasga, ar buaibh ramhra, ar caoire, agus ar earraighibh ceannuighe gearra .i. lucht siopa. Ta saighdiuirighe a cCallain ag fanamhaint le deachamha do thogann, cia nach bhfuill an dlighe deachmaighe nua deanta .i. duine do phriosiosughadh le n-a ainm do cur ar comla dorais an teampuil!!! "Cro roimheas na h-airc" iad na saigh-diuirighe se. An cuigeadh la .i. dia satharn. Ceobhrain ar maidin go moch: gaoth ciuin anoir ndeas agus andeas: galgreine tre tiubhnealta, um seacht a clog. Cluinim an gearraguirt ag radh a chuid chuid-a: is gobach gliadarac an ceolaire sailighe; la nealtach breagh soinine. Glac ceithre duine deag (14) a nGraig na Manach cois na Bearbha, ag bun Cnuic Breanduin .i. Breanuill, a cContae Cille Cuinnigh, an Galar Goimhideach Gorm (Cholera Morbus) an seachtmhuin se, agus do fuair da dhuine deag aca bas an aon lo; is mor an t-ár so. Ta an tamh marbtach so a mBaile at cliath, a cCorca a Nás Laighean agus a tTaimhleacht Muintir Partoloin. Ta ceithre mile bliadhan idir an da Thaim. An seiseadh la .i. dia domhnach. Maidin ciuin caoin nealtana greine: la mar a cceadhna. An seachtmhadh la .i. dia luain. La aoibhin aorac nealtana greine: gaoth ciuin aniar. Bhi ceathrar fear agam andiu ag romra le haighead potataoi, ar naoi bpingine san lo do gach fear le biadh agus deoch. Is maith an la oibre do rinneadar. An t-ochtmhadh la .i. dia mart. La breagh nealtach geal greineach: gaoth geur anoir ttuadh. Bhi beirt ban agam ag sathadh potataoi andiu, ar se pingine sa lo do gach bean
le biadh agus deoch. Cuirfeadh beirt ban ceathramha acara san lo. An naomhadh la .i. dia ceadaoin. La breagh geal greine gan neal gan ceo: gaot geur anoir. Bhi triur fear, capal agus trucail agam ag cur faoiligh amach andiu. Bhi ceithre sgill-inge san lo don capall trucaile agus da chinnire. Ta an talamh com tirm le fadharcán. An deichmhadh la .i. diardaoin. Maidin seaca leithe com trom is conairceas ariam. La aoibin, aorach, speir-gorm greine: gaoth ciuin andeas. An t-aonmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin seaca leithe; la aoibhin aorach speirghorm greine: gaoth ciuin anoir ttuadh. Gearras clasa andiu air mo ceathramha acara de photataoi dearga. Beidh an mile abhal agus áirne amuch a mbliadhna, muna millfeadh an sioc liath so iad: oidhche aoibhin aorach speirghorm gealaighe. An dara la deag .i. dia satharn - la aonaig Baile Ribin. Maidin aoibhin aorach speirghorm greine: gaoth geur anoir ttuad: ta a lan den bhlaith ruaddhoite on ngaoith ruaidh. Ta nead ein agam a n-abhalgort tri ranca on ccladh, agus tri chran on cceann: uibhe breaca ruadha ata ann. La breagh, gan neal gan ceo. An treas la deag .i. dia domhnach. Maidin aoibhin aorach speirghorm geal greine: - fod a sod, fodfughala the unploughed sod between the two first ploughed sods: caolfhod the last sod ploughed in a ridge or set (seathach) which leaves the grianán or hollow exposed to the sun. If digging take place after first ploughing the grianán agus fodfughala are difficult to dig, the grianán having no depth of sod, and the fodfughala not being ploughed or stirred at all: but when the athúntódh, or second ploughing and
gorail, or cross ploughing, take place, no digging is neces- sary, but a treabhadh beag, or seed sowing, for wheat etc. Deire lae nealtach: gaoth gonta anoir ttuadh. Is cruadh an gaot ata le seachtmhuinn. An ceathrama la deag .i. dia luain. Maidin nealtach galgreineach: gaoth geur a ttuadh: ciothainin ag naoi a chlog: ceobhraon agus ciothaininighe o linn go linn: tromchioth um trathnona air feadh leath uaire; deire laoi greine lomair-nealtach fionfuar. An cuigeadh la deug .i. dia mairt. Maidin geal greine; la mar an cceadna: gaoth ciuin cruaidh attuadh. An seiseadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin geal greine: gaoth ciuin attuadh: cioth trom um trathnona, .i. tri a clog, air feadh ceathramha uaire: fearthain rothrom um deire laoi air feadh tri ceathramhna uaire, le blaomanaibh toirnighe a ccein. An seachtmhadh la deag .i. diardaoin. Ceannuigheas da cnúdán ar da pingin. Maidin breag bog d'eis oidhce soin-inne. Is romhaith rachas tromcheata an laoi ande do gach gne giobhair, agus do fheur glas noch a bhi ag ionntodh sios sa talamh, no ag cnagadh faoi do chois, ruadhdhoiteadh on ngaoith ruadh: daoine go gnothach ag cur faoileadh amach, ag cur sil potataoi, ag gearradh clas etc. la breagh bog.
An t-ochtmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin aoibhin aorach breag bog brothallach. geal greine, gan neal, gan ceo, gan gal gaoithe: la mar an cceadna. d'itheas fein agus mo clann mo dha cnudan. Is mait an t-iasg iad, acht go bfuill moran cnamh ionnta. An naomhadh la deag .i. dia satharn. Maidin aoibhin aorach druchta geal greine, gan neal, gan ceo ar neamh: ceo tana ar aimhnibh: "Ceo soinninne air aimhintibh." Is aoibhin ceol cuaiche ar chraoibh chruim: is aoibhin ceileabar na n-éan: is aoibhin fuaim na n-eas cois coille cumhra: morcuid potataoi boga bana ar an margadh andiu: gaoth anoir ciuin ar maidin: gaoth andeas um deire laoi noch ata nealtach; oidhce nealtach, acht do ciuineadh an gaoth beagan. Is buartha ata Sasana le seachtmhuin. Cuireadh Iarla Grey an t-ard-ministeir amach agus na Uigeanna le na chois; agus tugadh an taoiseach Duke of Wellington asteach agus na toirighthe le n-a shál. An fithcheadh la .i. dia domhnach. La breagh bog nealtach ceathain um trathnona, le gaoth andeas. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach nealtach galgreineach. Bios a ngarrdha na bpotataoi le cead camhaoir an lae no cead glaodh na fuiseoige. Cluinim an cead uair an bliadhain se an traonach ag aicaic, aicaic, aicaic! - "Is caoin guth cuaiche, is grinn guth gearraguirt Is garbh guth traonnaigh ann gach geabharghuirt Is binn faoi fuiseoige, os cionn nealta neimhe Is samh guth spideoige, agus scolgoire smolaighe." La geal greine ciuin caoin caomh: ceathan le gaoth andeas um deire laoi. An dara la fichiod .i. dia mart. Anchuid potataoi bana
cupuidhe agus potataoi dearga air an margadh andiu: la breagh bog nealtach ciuin caoin caomh go deire. An treas la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin bog nealtach: gaoth roichiuin andeas o Cnocan-an-Eithigh ar Faithche an Aonaigh; chidhim treabhad da dheanamh; faoileach da chur amach, siol potataoi da chur; clasadh da ngearradh etc; cia nach ar tosgeadh spailpin o Crois Challain andiu: la breagh bog brothallach nealtach ciuin: oidhce ciuin mar an cceadna: samhra go ceart anois e. An ceathramhala fichiod .i. dia diardaoin. Maidin nealtach; la nealtach caoin ciuin breagh bog gan gal gaoithe: "Ni raibh gal ann don ghaoith do chroithfeadh bar crainn na blaith." An cuigeadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin nealtach ciuin: la mar an cceadna breagh, bog. An seiseadh la fichiod .i. dia satharn. La breagh brothallach speirghorm greine: gaoth ciuin andeas. Is iomdha faoileach ar an ttalamh gan leathadh. An seachtmhadh la ficiod .i. dia domhnach. La breag nealtach galgreineach.: gaoth ciuin andeas. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia luain. La breagh nealtach galgreineach ciuin. An naomhadh la ficiod .i. dia mart. Maidin geal greine go naoi a clog: la lomarnealtach geal greine: gaoth ciuin bog aniar. Ta urmhor faoiligh Callain amach ar ithir na bpotataoi anois. Nior doitheadh an uiread biadhtine aon bhliadhain ariamh lem chuimhne is do doitheadh an mí se laithreach: gaoth beodha um trathnona aniar ndeas: deire laoi nealtac ciuin: oidche mar an cceadna. An deichmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin ciuin ceobhráin: fearthainn caoin o meadhon lae, (le gaoth ciuin andeas), go do a clog: cioth trom ag ceathar a chlog le gaoith ciuin aniar ndeas: gal greine um luidhe greine le gaoith ciuin aniar. la breagh bog.
An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. diardaoin deasgabhala. Maidin ciuin bog nealtach; meadhan lae agus trathnona mar an cceadna: deire laoi geal greine: gaoth ciuin aniar. MI MEADHOIN AN tSAMHRA .i. MEITHIOMH .i. MI FEITHIOMH. An chead la .i. dia haoine. La breagh bog geal greine speirgorm slamnealtach: gaoth ciuin aniar ttuadh. Cuireadh Seaghan Ua Murchu ó Faithce na Gard i cCill Mho-Lua andiu. An-alod sul do thaineadh potataoi go h-Éirinn, biodhadh eorna mor, pis, ponaire, pisean etc. ag aibiughadh a Mi-Feithiomh (.i. a Meithiomh .i. a Mi-Mheadhain-an t-Samhra); bidis aibidh a mBuidhmis, as an feithiomh so air an bár nua a Mimheadhoin taineadh "Meithiomh" .i. Mi Feithiomh mar ainm ar an Mi si. Bhi gach mi an tan san aon la deag nios sia asteach sa mbliadhain na anois .i. roimhe teacht na bpotataoi; oir is e Papa Greagoir do athrad na hamann, an seancomhareamh gus an ccomhareamh nua an XIIIadh Greagóir, bl. 1582. An dara la .i. dia satharn. Maidin aoibhin aorach lomar-nealtach geal greineach: la mar an cceadna. Ancuid potataoi ceannuighte air an margad le muintir a chontae o muintir contae Tobaradaran. - Is talamh gainimhe tirm suighte ata timchioll Ceananuis, Baile Mic Andain, Cnoc-a-Tocar agus cois na Feorach uile. Nil comhgar teinne na teas aca, acht potataoi, moin, gual agus colamas do tharang o Callainn. Ni raibh fiu an fheir tirm aca go dti le deanuigheachta, an tan do thosonadar ar seamar capail do chur. An treas la .i. dia domhnach. La aoibin aorach nealtana greine ciuin. Bhi ar ttighearna Easbuig Osaruighe san seipeal poraiste andiu. An ceathramha la .i. dia luain. Maidin ciuin ceobhrain (.i. ceo-braon) cumhra caomh: gaoth ciuin anoir ttuadh. La nealtach breagh bog tirm.
An cuigeadh la .i. dia mairt. Maidin go doich bog braonach: meadhon lae agus trathnona siorfearthana; deire laoi neal-tana greine ciuin: gaoth andeas: oidhce speirgorm soinine. An seiseadh la .i. dia ceadaoin. Maidin go moch bog braonac tromnealtach ciuin caoin siltheanach sraidshalach: gaoth ciuin attuadh: la bog braonach tromnealtach: cioth trom um deire laoi: oidhce tromnealtac "Ceo doinnine ar sleibhtibh". An seachtmhadh la .i. diardaoin. Maidin go moch trom-nealtac soinnine: meadhon laoi, trathnona, agus deire laoi mar an cceadna. An t-ochtmhadh la .i. dia haoine. Dfagas Callain ag tri a clog ar maidin, agus chuadhas fein agus Padruig Ua Sealbhuadh Sealbhaigh le capall cSheaghain Ui Fearghuighealla fhearghaile go Cluain Mealla, tre Tigh-na-naoi-mile. Bhamar ann ag leath uair d'eis an seacht. Biodhas ag ceannach earragh agus eadail go hocht a clog um luidhe greine, an tan ghluaiseas abhaile le tri paca earraig. Is aoibhin an oidhce í. Bhi an gealach ag taithneamh o speir ghorm air gach nidh fo nimh: is aoibhin aorach siubhal go la. Bhi an traonach na haonar ag aicaic go ceolmhar, agus gach nidh eile fo nimh go ciuin, acht fo-sgeamh o gadar. Ni feacadh duine na daonuidhe ar feadh moran miltighe, tre Gleann Bodar agus Sliabh Dile go rochtainn Tigh-na-naoi-mile, ait ar stadamar ag itheadh is ag ol ar ar shocaracht ar feadh uaire no dho an tan ghluaiseamar tre Garadh Ricín agus Coill na bhFraochán. Thuit capall Ui Fearghuigealla faoi an uallach earraighe a lochan ag Ath-a-teora. Bhamar san bhaile a cCallain ag ceatar a chlog. Ghlac an uiseoigin uasal naire tre bheith na codladh (agus an traonach ag cantain ceol) agus d'eirig os ard go nealta neimhe ag canadh go sighbhinn, ag gairm ar an smolach, ar an londubh, ar an spideog, etc., tre Coill-na-bFraochan, agus gleanta na himcioll.
An naomhadh la .i. dia satharn. La breag bog fo-cheathanach ciuin. An deichmhadh la .i. dia domhnach. La breagh bog soinninne nealtana greine ciuin. An t-aonmhadh la deag .i. dia luain. La aonaig Baile-an- Gharadh no Cille Bhaoithin. Maidin siorbhaistighe: gaoth ciuin andeas: trathnona agus deire laoi soinninne. - Is saobh-creideamhach an drong iad iochtarain clana gaoidhil. Chuir fear magadh eigin duine saobhnosach air siubhal le cipín doite, no spre teinne eigin eile muchta an uisge na Casga, no uisge coisreactha, agus adubhairt leis a dheilt a ceithre codchaibh agus a tthabhart do cheithre duine a cceire tighthibh, ag innsinn doibh go mairbhodhadh an Galar Goimhdeach Gorm iad muna ndeana gach duine aca an cleas ceadna. Ar an chuma so fuair se duine deag, agus ceathrar air tri ficid, agus seisear air caogad ar da cead, agus 1024 agus 4096, etc. etc., duine an teine so, go raibh an dutha uile na mball maga ag Sasanaig. Ba iongantac an rith bhi air na hamadain agus air na hoimhin-seachaibh. Bhi aigheadh gach nduine aca mar an re lan comh dearg le fuil le neart reata. d'insighdis an gach baile go raibh urmhor mintir an bhaile, d'fagbhadar na ndiadh, marbh leis an Galar Goimhideach Gorm. A cCallain bhiodh muintir Gort-na- h-Uamha marbh. I cCeannanas biodh muintir Callain marbh, etc. Nior stadadar go rochtain na fairge. Chuadh an earoid se tre Ros Nua, Portlairge, Cillchuinigh, Caraig na Siuire, Cluain Mealla. D'fiafraigh bean diom-sa cread do dheanfadh. le n-a cipin, adhubhras le imtheacht agus a tabhairt don sagart. Oc! ar sisi, geobhadh se d'eaclaisg orm; agus d'imtigh si abhaile go dolasach, oir ni bfuair si (tigh) crosta amach arís. an chuid eile ag deireadh an ochtmhadh lae déag. An dara la deag .i. dia mairt .i. la aonaigh Callainn. Maidin siorfhearthanna: trathnona agus deire laoi soinninne - drochaonach.
An treas la deag .i. dia ceadaoin. La ceathánach sraid-salach ciuin. An ceathramha la deag .i. diardaoin. La breag bog neal-tana greine ciuin. An cuigeadh la deag .i. dia haoine. La aoibhin aorach speir-gorm greine ciuin. Is aoibhin radharc na tire anois. Beidh feur go beannaibh na mbo ma tigeann teas a ndiadh na fearth-anna. Biadh coirce eorna agus cruitneacht roalinn. Beidh potataoi air pingin an cloich. Beidh abhla go h-iomarcach. Beidh pis agus piseánach go lionmhar. Beidh turneisighe, meacain, caraoduighe, cabaistigh, ionuin, sgailiuin agus glasaruighe eile go fluirseach saor. An seiseadh la deag .i. dia satharn. Maidin tirm nealtach: la ceofrain agus ceathain, bog braonach: gaoth andeas: siltheanach ceathanach trid amach. An seachtmhadh la deag .i. dia domhnach. La breagh bog lomarnealtach ar maidin, slamnealtach um trathnona, agus deire laoi ciuin caoin. Imtheochadh gach barr tar barruighibh na ccraoibh. An t-ochtmadh la deag .i. dia luain. La breagh bog trom-nealtach: gaoth fionfuar andeas. Ta an Galar Goimhideac Gorm ag deanamh eirleach an Innis a ccontae an Clair, a Luimneach, a dTulach Mor. Deirtear liom go bfuill si a bporaiste laimh le Portlairge. Ta Bord Slainte a cCallain, tri duine dheag ata san mBord Slainte, duine dhiobh mise. Caithfidh-mid an baile do ghlanadh o carnfaoilibh etc. Scéal na gcipiní, ar leanamhain. Ni bhfuair sí, cheithre tighthe an a bhfagfadh a cheithre cipinighe dubhdhoite, diabluidhe doilbhte: an aiteanna is sop tuibhe doite na luaithrean dubh doilbhte draoidheacht, agus mucta an uisge torain .i. uisge noch is doith le daoine do marbhas torain, piasta noch a itheas giobhar. Cia gur amadanta barbardha an gnó so, is iontuigthe as gur furas clanna gaodhal do ghluasacht cum maith no uilc,
le beagan griosughadh. Deir daoine gur ab iad na minis-teirighe do rinne so do chur ar siubhal le dioghaltas a ttaobh na deachamhan noch ata gan cruinniugadh aca tre comcruinighadh na ngaodhal na chuineadh na gcoinne. An naomhadh la deag .i. dia mairt. Maidin aoibhin aorach breagh bog lomarnealta galgreineach, ciuin caoin cumhra. artha .i. ortha na h-urchoide: - "Triur go gnidh diobhail, fear is bean, is aosan (.i. siobhra). Triur do bhionn da ngardail, an t-Athar an Mac 'sa Spiorad Naomh" aosan .i. sigeog .i. siobhradh. An fithceadh la .i. dia ceadaoin. La breag bog slamnealtach greine caoin ciuin. Tainead tri ficid pileir go Callain andiu, ag dul ag togann na deachmhudhain go Cille Mean-tain. Tangadar o Contae Tiobraidarain, o Condae Chiaruighe, agus o Contae Chorcaighe. Nachar a be a mbeatha na a slainte ag teacht cugainn! An t-aonmhadh la fichiod .i. diardaoin Abhlainn .i. diardaoin chuirp Chriost .i. Corpus Christi. Is o na focail si Abhlann-coisrigte the Consecrated Host, or Body of Christ, Corpus Christi, deirthear diardaoin Abhlainn, agus ni diar-daoin álainn mar saoileas. Ta aonac a cCillchuinnigh andiu, .i. aonach an diardaoin Abhlainn. Maidin agus meadhon lae breagh tirm nealtac: gaoth beodha andeas ag sguabad ceobhothair .i. smuitean: trathnona agus deire laoi sior-fearthana, breagh bog min. Is diardaoin alainn diardaoin abhluinn; oir ta gach barr ag boradh: clagairneach um cuig a clog: oidhce doininne: "Ceo doinnine air sleibhtaibh." An dara la fichiod .i. dia haoine. Maidin go moch tiubhnealtach tirm d'eis oidhce doininne: gaoth beodha aniar: la lomarnealtac breag bog. Cluinim go bhfuill an Galar Goimhideach Gorm a cCluain Mealla: oidhce fionfhuar soinnine.
An treas la fichiod .i. dia satharn .i. oidche Feil Seaghain. Maidin gealain. agus sgailinighe: gaoth garthach aniar ag crothadh arbhair mar tonnta na mara. Deanfadh an gaoth garbh so diobhail do aon cruithneacht noch ata faoi bhlaith: la garbh gaothmhar, agus gealáin agus sgailinighe mar an cceadna go deire laoi: oidche fionfuar, no glasfuar giuineach garb don am so don bliadhain. An ceathramha la fichiod .i. la Feil Seaghain .i. dia domhnach. Maidin garbh giuineach, gaot garoideach aniar, ceobothar .i. smuitean da sguabadh ar botharaibh bana, ar tocháraibh in ionad tócharaibh ruadha agus ar bealachaibh mora mine mionluaithreacha. Is mor m'eagla go ccuirfeadh an anfa so an gluineach ar cruithneacht .i. galar tagann ar cruithneacht tre a mheathann se (sic), oir ni fulair a tuibhe beith fualain folláin cum an deis do lionadh agus do aibiugadh go ceart. An cuigeadh la ficiod .i. dia luain. La breag bog nealtana caoin ciuin. d'imtigh an anfa gan diobhail. An seiseadh la ficiod .i. dia mairt. La breag brothallac speirghorm greine. Taim os cionn morseisear fear agus da capall trucaille ag tarang cloch agus criadh bhuidhe, ag lionad poill a Lana-an-Mhuillin cum nach ttabarfadh na breanoga an Galar Goimhideach Gorm go Callain. Tamaoid ag faighaill an criadh bhuidh agus na clocha ag Cuineadh-an-Mhaga, laimh le Tig-na-n-amhas. Is mor do theasdadh leathanughadh an ccuine seo, oir is iomdha uair do treasgaradh coiste-an-mhala ann. An seachthmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Taim os cionn morseisear fear agus da chapall trucaille amhail is bhios ande. La breagh brothallach speirghorm ciuin. Diardaoin .i. an t-ochtmhadh la ficiod .i. Oidhce Feil Seaghain beag. La breagh, brothollach, speirghorm ciuin. Ta Seaghan Ua Aithiaruin, mac an bhancaera os cionn na bhfear is na gcapall ag Cuine-an-Mhaga, laimh le Tigh-na-n-amhas. Thug Seamus Mac an Eidhre, sughgán le n-ol duinn. Ta tuibhe
cum leapthann da thabhairt amach gan a h-udha do bhochtaibh Callain, agus na sean suip agus na dreathnuitighe da ccathamh amach. Ta gach carnfhaoile agus gach bréanog da glanad. Do rinn eagla an Galair Goimhideach Gorm an meid se maitheasa duinn. Is iomdha sop Seaghain ar lasadh ar fuaid na duthcha anocht. Is aoibhin aorac feachainn orra o faithce an aonaigh, agus ag cluinn le gair na ngasra 'na bfuaid. Is aoibhin gut na traonuighe na h-aonar, oir ni labhrann eun eile san oidhce a ttalamh na h-Eirionn acht an fiodog san geibhre. An naomadh la fichiod .i. dia haoine .i. la saoire, la Feil Peadar is Poil .i. la Feil Seaghain beag. La breagh, ciuin, brothallach, geal, greine. An deichmhadh la fichiod .i. dia satharn. La breagh brothallach speirghorm geal greine ciuin: tri pingine ar potataoi: muintir a chontae da cceannach: is breagh brothallach an seachtmhuinn í seo d'imtigh tarainn. Ta cruithneacht faoi bhlaith, agus nil gal gaoithe ann "do croithfeadh barr croinn na blaith." Da bhrigh sin, is comhsamhail, le Cumhna De, go mbeidh toradh maith innti. BUIDHMIS 1832 Gach la líne. An chead la .i. dia domnach. La breagh brothallach gealgreine ciuin, fo-lomarneul ar aidheadh nimhe. An dara la .i. dia luain. La breagh brothallach geal greine ciuin: cruithneacht go h-alainn. An treas la .i. dia mairt. Maidin geal greine; ceo um naoi a clog. "Giolla gach sine an ceo": smuiteán no ceo bothair da sguabadh le gaoth andeas um meadhon lae agus trathnona: ciothán um se a clog a ttrathnona; deire lae bog nealtach ciuin. An ceathramha la .i. dia ceadaoin. Cioth trom ag ceathar a chlog ar maidin: la breagh brotallach lomarnealtach geal greine ciuin.
An cuigeadh la .i. diardaoin. La breagh brothallach, gealain agus sgailinighe le gaoth ciuin andeas. An seiseadh la .i. dia haoine. Cioth trom ag ceathar air maidin: la ciuin ceathanach, clagairneach trom: d'eis a se um trathnona claodach ag rith sios Sraid-a-Fatha agus an Cloidin. Is maith do rachadh so do gach barr. Is air eigin cidhim gluasacht na ttromneal aniar. An seachtmhadh la .i. dia satharn. La breagh brothallach lomarnealtach geal greine: deire lae ceathanach ciuin: beidh gach barr tar barruighibh na ccraobh. An t-ochtmhadh la .i. dia domhnach. La breagh: gealain agus sgailinighe. Bhios ag coimhtionol Baile Heil, laimh le Cnoc-a'- Tochar agus Carraig Seaca. Bi cead mile fear ann, an cuid is lugha dhe. Bhi fithce mile marcach ann. Bi fir condae Cille Cuinigh agus contae Puirtlairge agus contae Loch Ghar-muin agus contae Tobruidarain ag cur an aigeadh deachaimhe agus srath Teampuil, agus ag iarra an parliament do tabhart tar ais go Baile ath cliath. Labhras a ngaoidhilge ann. An naomhadh la .i. dia luain - droch mhargadh muc. La breag bog nealtach: deire laoi ceathanach ciuin. An deichmhadh la .i. dia mart - La aonaigh na Feil Seaghain. La breagh: gealáin agus sgailinighe: moran daoine, eallaigh, agus earra ar an aonach. Ni raibh bruighean na eachrann ann, act idir beagan dailtinighe a ndeire an laoi. Diolas fein agus mo clann, Donncha, Anastas, Amlaoibh agus Seamus, cuid mhaith earra. Oidhce aoibhin aorac: lanré. An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin go moch aoibhin aorach; gealain agus sgailinighe: beagan dailtinighe ag garoid ar Crois-a-mharga. La breagh greine. An dara la deag .i. diardaoin. La breagh nealtana greine ciuin.
An treas la deag .i. dia haoine. La breagh nealtana ciuin greine. An ceathramha la deag .i. dia satharn. La breagh neal-tana ciuin greine: moran potataoi ar an margadh: da phingin go leith ar an ccloich: oidhce aoibhin lanré. An cuigeadh la deag .i. dia domhnac. La breagh nealtana greine: deire laoi fionfuar gruama gaothmar: gaoth aniar: oidhce nealtach fionfuar. An seiseadh la deag .i. dia luain. La breagh fionfuar nealtana greine: gaoth geur aniar. Ta an Galar Goimhideach Gorm ag deanamh eirleach a morán bailte an Eirinn. Ta se a cCuain Meala a cCarraig na Suire agus a bPortlairge. An seachtmhadh la deag .i. dia mairt. La breagh greine: gaoth fionfhuar geur aniar ttuad. Anchuid potataoi ar an margadh. Ni ait le daoine dul leo go margadh na Carraige, o tharla an Galar Goimhideach Gorm go dona ann. Ta Port-lairge go dona uadh. An t-ochtmhad la deag .i. dia ceadaoin. La breagh nealtana greine: gaoth fionfhuar geur aniar ttuadh. An naomhadh la deag .i. diardaoin. La breagh bog nealtana greine: do mhaoladh an gaoth geur aniar ttuadh. An fithcheadh la .i. dia haoine. Maidin aoibhin aorach slam-nealtach, geal, greine, breagh brothallach ciuin: la mar an cceadna. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia satharn. La aoibhin aorach nealtach ciuin bog breagh. An dara la ficiod .i. dia domhnac. La breagh nealtach galgreineach ciuin. An treas la ficiod .i. dia luain. La breagh galgreine, fo-nealtac ciuin caoin. An ceathramha la fichiod .i. dia mairt. La breagh bog neal-tach: gaoth ciuin attuad. Saoradh muintir Carraig Seaca. Andiu fein d'ionntadh an breithiomh amach iad. Ni bfaghadh se
cuiste a cContae Cille Cuinnigh do daorfadh iad. Taid na milte teinne cnamh ar ardaibh Eirionn um mortimcioll ar feadh mo radhairce .i. Sliabh na mBan, na ceadtha teine ar Sliabh Dile, ar Sliabh Breathnach, ar Sliabh Arda, ar cnocaibh na Cránuighe, agus ar gach cnoc agus sliabh a ceithre contaeibh .i. a ccontae Cille Cuinnigh, i ccontae Tiobruidarain, a ccontae Phuirtlarge, agus ar Carraig Seaca gan con-tabhart. Tá an chuid eile den leathanach so ban. An cuigeadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh nealtach geal greineach ciuin. An seiseadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh nealtach bog ciuin: oidhce nealtach: gaoth ciuin attuad. An seachtmhadh la ficiod .i. dia haoine. La breagh nealtana greine ciuin. Is breagh an aimsir í cum fear tirm do dheanamh. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia satharn. La breagh bog ciuin greine, cuid de brothallach: tuistiun ar potataoi. An naomhadh la fichiod .i. dia domhnac. La breagh brothallach ciuin greine. An deichmhadh la ficiod .i. dia luain. La breag brothallach ciuin greine. Connairceas guairdean gaoithe .i. sidhe gaoithe ar faitce an aonaigh timcioll fithche troidh ar trasna ag scuabadh luaithrean agus gach ni eattrom timcioll ina guaird go h-ainmhear, agus suas san aer leath cead troidh. Ni feacadh guairde chomh mor leis riamh roimhe. An t-aonmhad la deag ar ficid .i. dia mairt. La breagh brothallach nealtana greine ciuin. Tuistiun air cloichin potataoi. Is daor so. MI LUGHNASA, 1832. An cead la .i. dia ceadaoin. La breagh bog nealtach: gaoth ciuin andeas: oidce ceofraoin. An dara la .i. diardaoin. Maidin ciuin, siorfeartanna o meadhon oidhce go meadhon lae. Is romhor do teasdadh so o
gach barr: "gaoth andeas - bionn si tais is cuireann si. rath ar sioltaibh"; tratnona deire laoi is oidhche soinninne. An treas la .i. dia haoine - La ciuin caoin geal greine. An ceathramha la .i. dia satharn. Maidin ciuin greine: meadhon lae greine: o ceathar a chlog go seacht siorfhearthanna: gaoth ciuin aniar ndeas. Thuit potataoi o tuistiun go da phingin i rith an lae .i. o maidin go ceathar a clog. Biodh a bhuidheacas so air Dia mhor uilechomhactach noch d'osgail doirse na bflatas le eocar na feartanna. Potataoi nua ar tuistiun an cloich. Is saor so. Ni raibh acht aon cis amhain sa marga. An cuigeadh la .i. dia domhnac. La breag bog nealtac ciuin. An seiseadh la .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach geal greine: fearthainn fial o naoi a clog go meadhon lae .i. ar feadh tri huaire le gaoth andeas: trathnona, deire laoi agus oidhche soinnine le gaoth beoda aniar. An seachtmadh la .i. dia mairt. La breagh nealtach ciuin: seanpotataoi o da phingin go tri pingine an chloich: cuig pingine ar potataoi nua. An t-ochtmhadh la .i. dia ceadaoin. La breag bog nealtach galgreineach ciun. An naomhadh la .i. diardaoin. La breag bog nealtach galgreineach ciuin. An deichmhadh la .i. dia haoine. La breagh nealtach gal-greineach: gaoth ard aniar ag crothadh arbhar go mor: cioth rothrom um cuig a clog a ttrathnona noc do ciuineadh a gaoth aniar: daoine ag gearradh cruitneachta a bhfo-ait timcioll Callainn. An t-aonmhadh la deag .i. dia satharn. La breagh bog nealtac galgreineach ciuin. An dara la deag .i. dia domhnach. La breagh bog nealtac galgreineac ciuin. An treas la deag .i. dia luain. La breagh geal greine; breagh bog ciuin: da sgilling agus faoi na bhun ag lucht corain.
An ceathramha la deag .i. dia mart. La breag geal greine ciuin: stacaighe cruitneachta um mortimcioll: sgilling agus da tuistiun an lucht buanadh. Dia ceadaoin, an cuigeadh la deag .i. La Feil Muire Mor sa bfobhar. La bog ceathanach ciuin. An seiseadh la deag .i. diardaoin. La breag bog geal greine ciuin. An seachtmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin geal greine: gaoth ciuin aniar: la fearthanna, gaoth ciuin andeas. Is mor chuirfeas seo an fobar ar gcul, agus potataoi ar aigheadh. An t-ochtmhadh la deag .i. dia satharn. Maidin geal greine: LS. do-léighte ? meadhon agus deire laoi ceathanach ciuin: is docair an fobar do sabhail anois: oidhche tirm, go gaothmhar. An naomhadh la deag .i. dia domnach. La breagh nealtach tirm: gaoth aniar, borb ar uairaibh: ciuin um meadhon lae agus trathnona. Ta tri ceathramhna cruitneacta an contae gearrtha. Act ata na barruighe glasa le buaint fós .i. coirce marta agus eorna. An fithceadh la .i. dia luain - aonac muc. Maidin aoibhin aorach geal greineach LS. do-léighte nealtach ciuin: drochmargadh muc: oidhche tirm: urmhor cruitneacta na contae bainteadh. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia mairt .i. la aoinigh Callain; aonac na d'fhág sé bán an áit seo. La breagh nealtana greine ciuin: beagan daoine ar an aonach: bhiodar roghnothach sa bhaile ag gearradh fobhair, ag deanamh stacaighe, etc. An dara la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh nealtana greine ciuin; toirneach agus cloichsneachta trom um tri a clog. An treas la fichiod .i. diardaoin. La breagh geal greine. D'fagbhas Callain idir a buile sa dó a clog ar maidin, d'eis eirghidhe na gealaighe iaradharcach; bi gaoth geur aniar, an geal-ain thuadh san ard thuadh go rolonnrach. Gabhas tre Ath-an Uis, Ath-a'-Teora, Coill-na-bFraochan, Garadh-Ui-Rícin
Bearna Tighe-na-naoi-mile, Sleibh Dile, Muilleann na cCloc, Bearna Glinne Bodhar etc, go Cluain Mealla, ait a rabhas ag seacht a chlog ar maidin. Cheannuigheas luach da cead punt d'earradh. Ta an Galar Goimhideac Gorm .i. an Calar marbhthach, ag fagan Cluain Mealla gan daoine tuatha ag diol na ag ceanach. d'fagbhas Cluain Mealla ag deich a chlog san oidhce. Bhi an taos ciuil ag sinim treas na sraideanna ag coimead aigne na ndaoine o ghruaim no dolas. Bhi an gealan tuadh ar feadh na h-oidche ag deanamh solas dom. Rug an la orm ag Cill Amhrach. Thangas abaile agus chuadhas a codladh d'eis airnean da oidhce. An ceathramha la ficiod .i. dia haoine. La breagh bog, deire laoi ceathanach: oidhce soinnine. An cuigeadh la ficiod .i. dia satharn. La breagh bog ciuin nealtana galgreineach. An seiseadh la fichiod .i. dia domhnach. La breagh bog nealtana galgreineach ciuin. An seachtmhadh la fichiod .i. dia luain. La siorfearthana: gaoth boda beodha a ttuadh: is mhaith rachadh so do potataoi deighneacha. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia mairt. La tromnealtach dorcha garbh garoideach: anfa attuadh. Is geimhreamhail fheachas se. An naomhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La tromnealtach dorcha garbh garoideach: anfa attuadh. An deichmhadh la fichiod .i. diardaoin. La ciuin caomh tannealtach galgreine. Bradan breag mor méith a Baile Mic Andain, ar tri pingine go leith an punt. Ni bheidh se comh saor (oir is gnath da tuistiun ar punt de) acht go bhfuil an Galar Goimhideach Gorm a cCill Chuinnigh go millteach, is nac maith iasg do. An t-aonmhadh la deag ar ficid ,i. dia haoine. La ciuin
caomh nealtana greine. Bradan le h-aigheadh mo proinneach agam. Geibheim gach la den tseachtmhuin se seacht bpuint airgid am shiopa ar earra; oir tagann muintir Gallmhaigh, agus muintir na Crannuighe etc (noch do teigheadh roimhe seo go Cill Chuinnigh) go Callain anois. Go mbadh fada glan Callain on Galar Goimhideach Gorm so. MEADHON FHOBAIR. An chead la .i. dia satharn. La breagh bog ciuin nealtana galgreineach. Ta Cill Chuinigh ro-dhona ag an Galar Goimhideac Gorm. Fuair Uilliam Mac Cormaic, an tornae, i cCill Chuinigh, bas oban ande leis. Cuireadh ar maidin andiu é ag Leaca na Cuailighe Moire ann a urlacas duthchais. Ollamhain leagha do chuir sios san uadh é, oir ni leigfeadh an eagla do aoineach eile a chur. Glac 115 céad is cuig duine deag an galar marbtach so a cCill Chuinead. Nior eireadh acht aon duine deag, agus ata 70 duine deichneabhar is trí fichid marbh leis agus an cuid eile tinn mar seo: - othair tháinig tríd fuair bás tinn fos An dara la .i. dia domhnach. Maidin breag bog caomh ciuin nealtana gan galgreine. Gach lá mar an cceadna: samhra beag na Feil Michil go ceart e. Nior scriobhas line tre failith gos an treas la ficiod. An treas la fichiod .i. dia domhnach. La breagh geal greine mar is gnath treas an Mi-si a laithir: siocain le seachtmhuinn: is mor teasduighean fearthuinn o potataoi. Samhra beag na Feil Michil e go ceart. An ceathramha la fichiod .i. dia luain. La breagh greine ciuin. Garoid gáróid mor a cCallain a' chlampuir andiu a ttaobh seaneaduigheadh Ui Neil do dothadh.
An cuigeadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin breagh bog ciuin nealtana greine: la mar an cceadna: tosach oidhce fionfhuar: gaoth geur aniar ar mullach Sleibhe Dile. Chuadas go Cluain Mealla ar coiste an lae, ar tri sg. An seiseadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin ciuin ceo: la breagh bog geal greine. Ceannuigheas luach da chead punt andiu. An seachtmhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin ciuin ceo: la geal greine breagh brothallach. Gluaiseas abhaile ag deich a clog le tonna meadhachaint d'earraighibh boga. Biodhas a cCallain ag seacht a clog um tosach oidhce caoin ciuin realtsolais; re nua. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia haoine. La breagh bog ciuin nealtach. Inserted in English: - Nurse Moore gave up the child to Peggy St John. An naomhadh la fichiod .i. dia satharn. La breagh ciuin nealtana. An deichmhadh la ficiod .i. dia domhnac. La breagh ciuin nealtach. Mi ro-thirm: samhra beag na Feil Micil. FUIDHEALL-FHOBHAIR. 1832. An cead la .i. dia luain: La breagh nealtana ciuin. An dara la .i. dia mairt: la breagh nealtana ciuin. An treas la .i. dia ceadaoin: la ceofrain: gaoth garg aniar ndeas. An ceatrama la .i. diardaoin: la breag bog ciuin: oidce ceathanach. An cuigeadh la .i. dia haoine: la breag bog ciuin. An seiseadh la .i. dia satharn: la breagh bog, ciuin: oidche ceathanach. An seachtmhadh la .i. dia domhnach: la breagh bog nealtana; gaoth garg attuad; oidhce fearthanna agus clagairnighe go tri a clog. An t-ochtmhadh la .i. dia luain: la breagh bog nealtach ciuin.
An naomhadh la .i. dia mart, margadh mor muc. La breagh bog nealtach ciuin: tosac oidche clagairnighe. An deichmhadh la: .i. dia ceadaoin .i. la aonaigh na Feil Michil .i. la aonaigh Callain: maidin nealtach sraidsalach soininne: la mar an cceadna: anchuid daoine agus moran diol ar an aonach: gaoth aniar. An t-aonmhadh la deag .i. diardaoin. La nealtach sraidsalach soinine: gaoth aniar. An dara la deag .i. dia haoine: maidin siorfhearthanna; gaoth aniar: deire laoi soininne. Gach aon la as so gus an treas la ficiodh ciuin geal grianmhar speirghorm breagh bog: samhra beag na Feil Michil go ceart e: potataoi ro-mhaith agam: urmhor an dutha da mbaint, acht nil siolchur da deanamh oir ata gach ithir ro-thirm. An treas la fichiod .i. dia mairt. La nealtach tirm: gaoth fiorfhuar andeas. An ceathramha la ficiod .i. dia ceadaoin. La nealtach tirm: gaoth fionfhuar andeas. An cuigeadh la ficiod .i. diardaoin. Ceofrain agus mionfearthanna trid amach. An seiseadh la ficiod .i. dia haoine. La breagh soinine nealtach: gaoth ciuin andeas. An seachtmhadh la ficiod .i. dia satharn. La soinine sraidshalach ciuin ceofran ar maidin agus meadhon lae. An cuid eile den mi breagh. MI NA SAMNA. Tosach agus meadhon an mhi breagh: siolchur da dheanamh: deire an mhi fliuch, geimhreamhail. An Galar Goimhideach Gorm a cCallain a ttosach an mhi, Thuit fithce duine leis, agus do imthig se uain ann sin.
An cuigmheadh la fichiod .i. dia domhnach. La siorfhearthanna: oidhce anrodhach fearthanna: gaoth andeas. An seiseadh la ficiod .i. dia luain. La aoibhin aorach ciuin geal greine. An seachtmhadh la ficiod .i. dia mart. Maidin agus deire laoi nealtach: meadhon lae geal greine: gaoth geur aniar. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin greine: meadhon lae nealtach: deire mar an cceadna: sneachta ar gach morshliabh: gaoth gonta aniar: tosach oidhce garthach clagair-nighe anrodhach anfadhach: an cuid eile den oidce, garoideach, gaothmar, soinninne, fo-cheathanach. An naomhadh la ficiod .i. diardaoin. Maidin geal greine: sneachta ar maoilinibh gach morsliabh: gaoth geur aniar: la mar an cceadna. An deichmhadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin trom-nealtach fearthanna: aimsir fliuch. MI NA NODLAG. An cead la .i. dia satharn: la breagh nealtach. An dara la .i. dia domhnach: la anfa tromceathanach; sior-fearthanna: sdoirm ard aniar san oidhce. An treas la .i. dia luain: la breag geal greine ciuin. An ceathramha la .i. dia mairt. La breag ciuin nealtach galgreineach. An cuigmheadh la .i. dia ceadaoin: la breagh nealtach ciuin. Gabhas le "Tionol Gaodhalach na cCeard" anocht: oidhce ciuin gealaighe. An seiseadh la .i. diardaoin: maidin aoibhin aorach speir-ghorm geal greine; la ciuin mar an cceadna.
An seachtmhad la .i. dia haoine: la aoibhin aorach speirghorm greine: gaoth ciuin andeas. An t-ochtmhadh la, dia satharn. La aoibhin aorach speirghorm greine: gaoth ciuin andeas: cuileoga san aor le luide greine; mar ba Mi Mheadhain an tSamhra. an ionad Mi Meadhain a' Gheibhre, é. An naomadh la .i. dia domhnach: la breagh ciuin nealtach tirm. An deichmhadh la .i. dia luain: maidin aoibin aorach speir-ghorm geal greine: gaoth ciuin aniar: la mar an cceadna. urthosach oidhce duibhre realtsholais: meadhon agus deire oidhce gealaighe. An t-aonmhadh la deag .i. dia mairt: la breagh tromnealtach dorcha: gaoth ciuin anir, anoir: duibre na Samhna: daoine ag siolchur. An dara le deag .i. dia ceadaoin: la breagh nealtach ciuin. An treas la deag .i. diardaoin - aonach much. La breagh nealtach ciuin: moran muc agus beagan luach. An Galar Goimhideach Gorm go millteach an Ath-Stoin, se mile o Callain, agus mile go leith o Ceananais. Tá se go millteach a bPortlairge agus i Ros Mic Triuin. An ceathramha la deag .i. dia haoine .i. la aonaigh Callain. La breagh nealtach ciuin: oidhche garb ceofrain: droch aonach, .i. aonach-a'-mhaga. An cuigmheadh la deag .i. dia satharn. La breagh nealtana galgreineach ciuin beodha: oidhche realtsholais duibhre: acht nior theasdadh re na reiltin, oir bi na milte teinne cnamh ar gach ardan, cnoc agus sliab um moirthimcioll. An seiseadh la deagh .i. dia domhnach. La nealtach: gaoth fuar aniar ndeas; oidhce fearthanna. An seachtmhadh la deag .i. dia luain: la nealtach, oidhche anrodhach; anfa aniar ndeas le stealladh trom. An t-ochtmhadh la deag .i. dia mart: la breagh bog nealtana greine ciuin: tosach oidche duibhre dorcha ciuin.
An naomhadh la deag .i. dia ceadaoin: maidin geal greine la mar an cceadna. - Laethana breagha agus foth-oidhce ceathanach ciuin. An ceathramha la fichiod .i. oidhce an Nodlag .i. dia luain. La breagh nealmhar ciuin: morchuid daoine agus feola ar an marga. An cuigeadh la fichiod .i. dia mart - la a Nodlag. Maidin tromcheathanach roimh breaca an lae: la breagh greine ciuin caoin. An seiseadh la fichiod .i. la Feil Steaphan .i. dia ceadaoin. La breagh nealtana galgreineach ciuin. Bhi coimheasgar idir saighidiuirighe agus buachaillighe tuatha. An seachtmhad la ficiod .i. diardaoin. Maidin seacha geal greine: leacoidhre ar lochanaibh: deire laoi fionfuar geur. Cuiread Padruig Ua Deabran chum priosun andiu ar son a chuid san ccomheasgar ande and: adhaig in aghaidh na saighidiuirighe. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin trom-nealtach: meadhon laoi geal greine: deire laoi ceofrain: tosach oidhce gealaighe nealtana. An naomhadh la ficiod .i. dia satharn. Oidhche tromfearth-anna o deich a clog oidhche dia haoine: maidin tromnealtach sraidnighte. Bi se ag fearthuinn o deich a clog san oidhce, dia haoine go breacad an lae dia satharn: o do a clog um trathnona, fearthuinn go h-ocht a clog san oidhche: anfa ar feadh an lae agus an oidche. "Anfa a ttuadh is fuadach fiochmhar Is calaith an chuain ag tuargan tinte." "Samra gac sine go Nodlaig" Is geibhreamhail anrodhach an la agus an da oidhche iad. An deichmadh la fichiod .i. dia domhnach. La fuar ceofrain agus mionfearthanna: deire oidce ceathanach gaothmhar. An t-aonmhadh la déag ar ficid .i. dia luain. La breagh speirghorm greine: gaoth geur attuadh: is ro-breagh an la deire bliadhna e, slan agus beannacht leis an bliadhain 1832, go brath a' domhain.
GIONBHAIR 1833. Gach la line. An cead la .i. la Saoire .i. dia mairt. La breagh nealtana: gaoth ciuin aniar ttuad. Deas Dé 'sa bhliadhain duinn. Go ttugadh Dia bliadhan nua dhuinn faoi sean is faoi sonas! An dara la .i. dia ceadaoin. La breagh geal greine. speirghorm: gaoth geur aniar ttuadh. Fuair Pól Ceiting bas andiu ar maidin, agus do cuiread a ttrathnona é. Is doith le daoine gur leis an Galar Goimhideach Gorm do fuair se bas. Bhi brusgar an baile air deargmheisge ag a sochraid. An treas la .i. diardaoin. La aoibhin aorach speirghorm geal greine mar la buidhe bealltainne: is sona an tosach bliadhna so. Ceo tiubh d'eis luidhe greine agus air feadh na h-oidhche. "Giolla gac sin an ceo." "Bionn a rogha sine aig an cceo." "Ceo soinninne ar aimhintibh." An ceathramha la .i. dia haoine. Maidin nealtach ciuin: ceo cois tsleibhe: la mar an cceadna, agus oidhce: gaoth geur andeas. An cuigmheadh la .i. dia satarn. Maidin nealtach ciuin: la mar an cceadna: gaoth geur adeas. An seisead la .i. dia domhnach .i. la-cinn-da-la-deag-na- Nodlag. Maidin nealtach ciuin: la mar an cceadna. An seachtmadh la .i. dia luain. La breagh nealtach ciuin: drochmargad muc: oidce aoibin aorac nealtana gealaighe: gaoth ciuin anoir ndeas. An t-ochtmhad la .i. dia mairt. Maidin breagh nealtach ciuin: la mar an cceadna: gaoth ciuin anoir.
An naomhad la .i. dia ceadaoin. Maidin nealtach breagh: gaoth geur anoir ndeas: la mar an cceadna. Cuadas go Muillean-Ui-Cuan, agus beidh orm dul ann a cceann coigcigheas .i. an treas la ficiod. An deichmhad la .i. diardaoin. Maidin fuar fliuch: la fiorfhearthanna: gaoth andeas. Cuireadh Jack Smyth agus Nancy Dooly, noch deug le Galar Goimhideach Gorm Cholera. An t-aonmhadh la deag .i. dia haoine. La nealmhar ciuin. Cuireadh beirt andiu noch d'eug leis an galar goimhideach gorm. An dara le deug .i. dia satharn. La nealtach ciuin. Cuir-eadh triur andiu noch d'eug leis an Galar. Ta beirt a ttigh an galair. An treas la deag .i. dia domnach. La tirm nealtach. Ta triur a ttig an ghalar goimhideach goirm. Fuair leanbh bas leis andiu ar maidin, agus bean a ttosach oidhche. An ceathramha la deag .i. dia luain. La breagh nealtach ciuin. Cuiread duine leis an galar goimhideach gorm. An cuigeadh la deag .i. dia mairt. La breagh nealtach ciuin: Cuireadh duine leis an galar gorm. An seiseadh la deag .i. dia ceadaoin. La breag nealtach ciuin. Cuiread duine leis an galar. An seachtmhadh la deag .i. diardaoin. La breagh nealtach ciuin. Cuiread beirt leis an galar. An t-ochtmhadh la deag .i. dia haoine. La fuar nealtach ciuin: beagan sneachta um deire laoi. Cuiread aon duine amhain leis an galar gorm. An naomhadh la deag .i. dia satharn. La breag nealtach: gan eag le galar: sneacta ar gach sliabh um urthimchioll. An fithceadh la .i. dia domhnach. La breagh nealtach: gan eag le galar: cuigear a ttigh an galair goirm ag deanamh go maith. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia luain. La breagh nealtach: gaoth geur attuadh. Fuair beirt bas leis an galar gorm ag Sgeach a' Cloithrean .i. Brian na ccis agus a bhean.
An dara la fichiod .i. dia mairt. La breagh fuar, fliuch-sneacta mion um deire. Luigh beirt leis an galar goimhideach gorm goile (Cholera Morbus). An treas la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh nealtach: sneachta ar mhaoilin Sliabh na mBan Fionn. Cuireadh an beirt andiu noch d'ol uiread aitheach a ttigh an galar goimhideach ande agus d'eug areir. Is gearr an re aithrighe fuaireadar araon .i. Cait Ni Conaill agus Murchudha an Clumadoir: gaoth anoir ttuad. An ceathramha la ficiod .i. diardaoin. La breagh nealtana geal greine: gaot anoir ndeas: gan galar a cCallain a' Clampuir. An cuigeadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin breagh bog nealtach ciuin, gan galar a cCallain. Ta urmhor caoinligh na dutha treabhtha no romhartha. Cluinim an feadog agus an druid, da ean geibhre; acht cluinim an smoilin go roibhinn faoi bharraibh na ngéag ag failtiughadh na Feile Brighde: la breagh bog geal greine: gaoth ciuin andeas. Is e nidh an galar marbhtach (Cholera Morbus) galar goile do marbhas a mbeagan aimsire, muna ttabarfar aire do. Is e an cuma theigheann se ar aigeadh, ar ttus galar goile no treadhaid, ann sin aisioc no urrshlugan, agus sgaoilteacht .i. tonn-taosgach, agus ba gnath an galar so ann Eirinn: ann sin crampaighe goile no greamana baill; ann sin is gnath goir-meacht an sa croicean agus dathanna eile eagsamhla, o stad na fola; an sin an BÁS. Glaodhaimse galar goile Goimhideach Gorm air, óir is ionan goimhideach agus marbhtach. Da bhrigh sin ionan galar goimhideach goile agus treadhaid bháis, no Cholera Morbus. Galar goile gearrteach (.i. treighideach) tonnthaosgach ballgreamthach craptach fuilbasuighte, goimhideach .i. marbtach; agus is minic gorm; no, a mbeagan focal, galar goimhideach goile domblais: agus adeir an t-Ollamh
Ceiting gur ab o'n iomarca domblais san goile fasann an galar goimhideach goile gaodhalach, agus o uireasba domblais san goile fasann an galar goile goimhideach gallda, no indiach; acht ata deifir mhor eile eatarra .i. Ni ghlacaid daoine an galar goile goimhideach gaodhalach o ceile, acht glacaid daoine galar goile goimhideach gallda o cheile; cia go bhfuill ceist idir ollamhnaibh rofhoghlamtha ar an nidh so féin. Glaodhan O Reighla in a fhocloir gaodalach Plágh don treaghait. Is comsamhail as so go raibh galar goile an Eirinn an allod com dona leis an galar goimhideac goile se anois againn. An seiseadh la ficiod .i. dia satharn. La breagh geal greine: gaoth ciuin aniar: ta daoine ag treabadh agus ag romhradh caoinligh go saotharach anois. Nil galar goile goimhideach a cCallain anois cia go bhfuill si a cCill Cuinigh go h-iomarcach. An seachtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La breagh neal-tana: gaoth geur aniar. Nil galar goile goimideach gorm a gCallain. An t-octmhadh la ficiod .i. dia luain. Lá ceofrain sraid-salach: drochmargadh muc a cCallain. Ta an galar goimhideach domblais go millteach a cCill Chuinigh. An naomadh la fichiod .i. dia mairt. La breagh nealmhar: gaoth aniar. Marbhas muicin meith le h-aigheadh abhlainn. Ta an galar goimideach domblais a cCill Cuinigh go millteach. An deichmheadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La breagh nealtach: gaoth aniar: mionceathain. An t-aonmhadh la deag ar fhichid 31 la fichiod LS. .i. diardaoin .i. oidhche feil Brighde. Maidin siorfearthanna: meadhon lae agus tratnona nealtana greine: gaoth ciuin aniar. Cidhim sgata druideanna. Cluinim ceol na bfuiseaog agus na smoluighe sairbinn. Nil daoine ag treabhadh caoinligh andiu: tosach oidhce speirgorm realtsolais gealaighe. Is robhreagh an deire so ar Mi Ghionbhair agus geibhre breagh bog. Is mor ata daoine ar an aigheadh an obair earraigh .i. treabadh
agus romradh caoinligh le h-aigheadh coirce eornann agus pota-taoi; acht ata caoinligh le h-aigheadh branair samhra gan treabhadh fós. Nil aon galar marbhtach a cCallain, agus ta an Brideog ar siubhal ag cailinighe beaga andiu. CEATRAMHA AN EARRAIGH 1833 MI FABHRA NO FAOILEADH. An cead la .i. dia haoine .i. la Feile Brighde. "La Feile Brighde baine tig aile ar gach sin. An breac sa bradan ban do snamh go Tig Moilinn." Fearthuinn um deire oidhce roim breacadh an lae: sneachta go lionmhar air Sliabh na mBan fionn: gaoth ciuin aniar: la nealmhar dorcha fuar: oidche siorfearthanna o deach a chlog suas: anfa aniar. An dara la .i. dia satharn. La nealtana greine d'eis oidche siorfhearthanna: tuile tréan sgeitheanach an Amhain-a- Righ agus san Amh Beag: gaoth ard aniar. "Is iomdha sine a la earraigh"; dorcudhadh mor le beagan fearthanna, deire laoi agus oidhce anfadhach: slinn da sguabadh le gaoith garbh aniar. An treas la .i. dia domhnach. La nealtach: gaoth garbh aniar d'eis oidhce anfadhach: oidhche nealtach. An ceathramha la .i. dia luain - drochmarga muc. Maidin nealtach d'eis oidhce ceathanach: gaoth aniar: la breagh nealtana greine: "Le gach la go h-aoibhin aluinn o la Feil Brighde go la Feile Padruig": oidhche ciuin breag bog. Ceannuigheas muicin dubh air da fhichiod sgilling. An cuigmheadh la .i. dia mart. La aoibhin aorach geal greine, gan neal gan ceo: gaoth ciuin aniar ndeas. An seiseadh la .i. dia ceadaoin. La ceofrain agus mioncheathain: gaoth geur andeas. An seachtmhadh la .i. diardaoin. Maidin, meadhon lae agus trathnona geal greine: deire laoi tromnealtach: anfa
aniar ndeas: tosach oidhce go deich a chlog Anfa Anba siorclagairnighe: oidhche gaothmar trid amach: "Ní fuacht go Feil Brighde." An t-ochtmhadh la .i. dia haoine. Teine creasa, trom-blaodhm toirnige, clagairneach agus anfa ann um ocht a clog ar maidin: acht d'eirigh an maidin suas cum slamnealta agus speirgorm geal greineach. Anfa aniar: tuile san Amh bheag. Is gnath toirneach aniaidh teine creasa, agus fearthainn re linn toirnighe: acht ní fheacadh anfa re linn toirnighe ariamh gus an maidin andiu. Is anamh toirneach sa ngeimhre: la nealtana greine gaothmhar garthach giuineach garb: oidhche dorcha. An naomhadh la .i. dia satharn. Maidin geal greine neal-tana: gaoth aniar. Dia domhnach .i. an deichmhadh la. La breagh nealtach: gaoth geur aniar. An t-aonmhadh la deag .i. dia luain. La breagh nealtach: gaoth geur aniar. An dara la deag .i. dia mart. La breagh nealtach: oidhce ceatanac: gaoth aniar. An treas la deag .i. dia ceadaoin. La breagh nealtach ceathain le gaoth geur andeas um deire laoi; ni feicim duine na daonuidhe ag treabhadh na ag romhradh. An ceathramha la deag .i. diardaoin meith na h-innide. La breagh nealtach ciuin. An cuigmheadh la deag .i. dia haoine. Maidin fliuchsneachta: gaoth geur aniar: gach cnoc agus sliabh faoi folach fionn; acht ataid na gleannta agus na cnocain glas no saor o sneachta: gaoth geur aniar: meadhon laoi nealtana: deire laoi sneacht-amhail: gaoth gonta aniar: oidhche seaca cruaidh: "Ni fuacht go Feil Brighde." An seisead la deag .i. dia satharn. Maidin aoibhin aorach geal greine gan neal gan ceo: leacoidhre tana ar lochanaibh; sneacht ar gach beann, sliabh agus cnoc; na cnocain agus na
gleannta glan o sneacta. Is fionn Sliabh na mBan Fionn andiu, agus dar ndoith mullach Suidhe Finn. Cread as a deirthear Sliab na mBan Fion? An fionn do bhi na mna ann? An o suidhe no suidheachan fianuidheacta do bheit ag Fion Mic Cumhail ar a mhullach deirtear mullach Suidhe Finn leis? Cia sgeal e is fionn andiu e an sliabh ard aorach aoibhin so. Adeirid lucht seanchuis eile gur ab e Fifeach an ainm, "Sliabh na Man" .i. sliabh na ndeithe, agus mullach "sidhefinn" .i. mullach deithe Finn; oir is ionan "Man" agus Dia, agus is ionan sidhe agus spirid; acht fagamoid siud mar ata se. An seachtmhadh la deag .i. dia domnach. La nealtach: gaoth ciuin andeas: do leigh an sneachta. An t-ochtmhadh la deag .i. dia luain: drochmarga muc. Maidin aoibhin aorac slamnealtach geal greine: gaoth geur aniar. Nil sneachta air sliabh da aoirde: "le gach la go h-aoibhin aluinn o la Fheil Brigde go la Fheile Padraig." Le gach la .i. gach le la .i. gach eile la: le .i. eile .i. ala. An naomhadh la deag .i. mairt inide. Maidin nealtach: meadhon lae siorfhearthanna: gaoth andeas. Si seo gairbhsin na Feil Brighde. "Fuar gach fliuch ": anfa aniar ttuadh ar feadh na h-oidhce le ceathana caoitheaca Barr leathanaigh "Faoileadh fliuch, le gach la neamshuairc, 1833." Ceadaoin a' luaithre .i. an fithceadh la. Deire oidhce agus maidin go moch, tromceathach: sneachta ar gach morshliabh .i. ar Sliabh na mBan Fionn, ar na Cumaireachaibh, ar na Gailltibh, ar Stuadh Laighean agus ar na Staidhribh Dubha, is fuar an maidin i: anfa anba aniar ttuadh le ciotháin caoitheaca. Ata da cead de Cath na mBreathnach ag imtheacht o Callain go Feadard Fiodh-ard andiu. Ata an anfa anba so na ttaobh deas: galgreine o am go h-am: ta slinn da sguabad o cinnibh na ttighthibh mar do sguabfaoidh sop caoinligh le gaoith
garthach garbh: anfa anba ar feadh an lae agus tosach an oidhche. "Ni theighean sdoirm tar domhnach na robhadhta tar ceadaoin." An t-aonmhadh la fichiod .i. diardaoin. La nealtach gal-greineach ciuin: gaoth geur aniar ttuadh. An dara la ficiod .i. dia haoine. La nealtach: gaoth gonta tirm anoir. Ta daoine ag saotarugadh na talmhan. An treas la ficiod .i. dia satharn. Maidin nealtac: gaoth gonta anoir ndeas. Fuaireas puthanal puth anáile agus cosuchtach casachtach mor, la an anfa agus an la na dhiaidh, an tan chuaidheas chum sochraide Mhic Odo cum Cluain Ui Geartha. "Deaghbhás chugainn agus deaghla chum cille." Oidhche fuar feartanna. An ceathramha la ficiod .i. dia domhnach. Maidin fuar d'eis oidhce fearthanna: la breagh nealtana greine: sneachta ar gac sliab gaoth ciuin aniar ndeas. An cuighmheadh la ficiod .i. dia luain: la aonaigh Droichead Beinead. Chaill Callain a marga muc da brigh sin. Maidin aoibhin aorach geal greine gan neal gan ceo: trathnona agus deire laoi nealtach: oidhche fearthanna. An seiseadh la ficiod .i. dia mart - drochmargadh. La nealtach fuar ciuin: gaoth ciuin anoir: sneacta ar gach morsliabh. Ni feicim duine na daonuidhe ag saotharughad na talmhan: tosach oidhce siltheanach. An seachtmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La nealtach ciuin dorcha. Ta bille cogamhail a ccoinne na h-Eireann san bParliament. An t-octmhad la ficiod .i. diardaoin. Maidin sior-baistighe: gaoth gartach gonta andeas; is geimhreamail an maidin i; fliucshneacta um meadhon lae: gaoth aniar ttuadh: deire laoi nealtana greine: sneacta ar maoilinibh na morshliabh. "Fabhra fliuch leath la neamhshuairc": fabhra fliuch anfadhach anrodhach tuilteach.
MI MARTA 1833. An cead la .i. dia h-aoine. La breagh nealtach tirm fuar: gaoth aniar. An dara la .i. dia satharn. La breagh nealtach sraidshalach ciuin: do lámhadh peileir urchar guna la duine andiu a cCallain (le duine) acht is capall do lamhadh se noch d'eug go gearr na dhiadh sin. An treas la .i. dia domhnach .i. an dara domhnach den Corghas. La breagh nealtach ciuin. Taineadh maormor na bpileirighe ag sgrudughad daoine an aigheadh an phileir noch do marbadh an capal ande. Do dhiol an Major 10£ le fear a' capail .i. an Briotach on Dairmhor, agus do cur se an pileir go priosun Cille Cuinnigh cum a thriail do seasamh do laithir an breithiomh, an naomhadh la den Mhi si laithreach. An ceathramha la .i. dia luain - drochmarga muc. La aoibhin aorach speirghorm geal greine, gan neal gan ceo. Ta ceithre boill gealla sneachta ar mullach Sleibh na mBan, laimh le miullach Suidh Finn. Ni fheicim duine na daonuidhe ag saothrughadh na talmhan. An cuigmheadh la .i. dia mairt. Maidin breag bog, meadhon lae agus trathnona mionceathanach ceofrain: deire laoi soininne: oidhche mar an cceadna: gaoth ciuin aniar. An seiseadh la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach geal greine, gan meal gan ceo: la mar an cceadna: beagan sneacta ar Sliabh na mBan agus ar Stuadh Laighean: morchuid sneacta ar maoilin na nGaillti. An seactmhadh la .i. diardaoin. La siorfhearthanna: gaoth gonta andeas; tuile trean san Amhain: oidhce siorfeartanna An t-octmhadh la .i. dia haoine. Maidin mionfearthana gaoth gonta andeas; tuile treun sgeithanach san Amhain. Is anrodhac geimhreamhail an da la iad so, d'eis la breag bog (sic) geilgreine iaruande: meadon agus deire an laoi tirm; oidhce reultsolais. An naomhad la .i. dia satharn. Maidin nealtach: meadon lae galgreineach: deire laoi nealtach: oidhce fluichshneacta:
gaoth gonta attuadh: moran sneacta ar Stuadh Laighean agus air an Staidhre Dubh; acht nil aon sneacta ar Sliab na mBan na na sleibhte eile theas shiar agus thuadh: sneachta seacran ata ar na sleibhte shoir. Ta an breithiomh na shuidh a cCill Chuinnigh. Is comhsamhail go ndaorfar moran. An deichmheadh la .i. dia domhnac. La breagh speirghorm geal greine: gaoth gonta anoir ttuad tar mullaighibh sleibhteadh Cille Meantan agus Locha Garman. Ta gach sliabh agus cnoc san ard shoir foilighthe o bhonn go barr le sneachta. Nil acht fiorbheagan sneacta ar Sliabh na mBan Fionn. Is sneacta seacrán ata ar siubhal anois. An t-aonmhadh la déag .i. dia luain - drochmarga muc. Maidin geal greine speirghorm: sneachta ar Stuadh Laigheann agus ar na Staidhrighe Dubha. Is geal anois iad; acht do leigeadh teas na greine andé an sneacta do Cnoc Breandoin (pronounced Cnoc Breandaill), agus de Cnoc Copana: gaoth geur anoir ttuadh: meadhon lae nealtach; deire laoi gal-greineach. Is gorm Sliabh na mBan, is ban Stuaidh Laigheann. Ta an geimhre ar an taobh shoir dinn, agus an earrach air gach taobh eile. Ta nealta neimhe gorm agus corcra agus dearg ag luidhe greine. An dara la deag .i. dia mairt. Maidin seaca leithe: leacoidhre ar lochanaibh: gaoth geur aniar ttuadh. An treas la deag .i. dia ceadaoin. Maidin agus la fuar nealtach. An ceathramha la deag .i. diardaoin. La fuar nealtach. An cuigmheadh la deag .i. dia haoine. Fliuchsneachta le gaoth geur anoir ttuadh ar maidin: la nealtach fuar: sneacta ar gach sliabh beann agus cnoc. An seiseadh la deag .i. dia satharn. La breagh nealtach: gaoth geur anoir ttuad. An seachtmhadh la deag .i. dia domhnach .i. la Fheil Padruig. La breagh nealtach: gaoth geur anoir ttuadh. Is gnath an t-am so don bhliadhain go mbionn an gaoth anoir, agus go ttugann so tiormacht agus saothar a tteanta a ceile.
An t-octmhad la deag .i. dia luain - drochmarga muc. La breagh nealtach: gaoth geur anoir ttuadh; saothar da dheanamh. An naomhadh la deag .i. dia mairt. La breagh nealtach: gaoth geur anoir ttuadh: d'imtigh dublocair na bliadhna noch do bhi a ndeire Mi Fabhra agus a ttosach Mi Marta sa mbliadain se. An fithceadh la .i. dia ceadaoin. La breagh nealtach: gaoth geur aniar ttuad: sneacta ar Stuadh Laigheann agus ar an Staidhre Dubh - Is ionan la agus oidhce andiu. An t-aonmhadh la ficiod .i. diardaoin. La breagh nealtach: gaoth geur aniar ttuadh. Ta daoine ag saothrughadh na talmhan agus ag siolchur coirce. Ni coirce cuaiche e anois. Taid na h-uain ag tuitim anois. Ni h-uain cuaice iad anois. Thaineadh an galar gorm ande ar mo dearbhsiubhar. Sile Ni Shuiliobhain; acht ta si as dainsear anois: sneacta ar Stuadh Laigheann, agus ar an Staidhre Dubh. An dara la fichiod .i. dia haoine. La breagh nealtach tirm: daoine ag saothrudhadh. An treas la ficiod .i. dia satharn. Maidin nealtana greine: gaoth geur anoir ndeas: ta beagan sneachta ar Sliabh na mBan Fionn agus ar na Cumaracha agus ar na Staidhre Dubha; acht ata morcuid ar Stuadh Laigheann agus ar bhin na nGaillti. Nil aon sneacta ar Chnoc Breannduin na ar Cnoc Socair, an cnoc budh tuadh dhe, na ar Cnoc Chopana, taobh thuadh dhe sin. Is idir Cnoc Socar agus Cnoc Chopana ata Bearna Copana .i. bothar garb gleanntach. San abhrán deirthear "Socar sochar ar shocair na sleibhteadh." Deirthear "sliabh" le slabhra de cnocaibh, mar ata Sliabh Ardach, Sliabh Breathnach, noch ata fiche míle ar faid. La breagh geal greine sgailineach: gaoth geur andeas. Ni miste "na Gaillti gealla" do radh, agus "Stuadh Laighean laoghmar" laog .i. ladhg .i. sneachta. Ta fiabhrais an galar goirm d'eis imtheacht dem dearbhsiubhar, Sile Ni
Shuiliobhain andiu. Ta an galar goimhideach gorm go lionmhar marbthach a cCorca na cCuan agus a Luimneach na long anois; - agus san Daingean .i. Daingean Ui Chuis. An ceathramha la fichiod .i. dia domnach. La breagh nealtach: gaoth ciuin attuadh. An cuigmheadh la ficiod .i. dia luain .i. la Feil Muire na Feil Padruig .i. la saoire. La breagh nealtana greine: gaoth geur attuadh. Chuad ocht nduine deag de na "cosa bana" tar braghaid andiu, faoi garda saighdiuirighe ag imtheacht go Botani Báigh. An seiseadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin breagh nealtach: gaoth geur attuadh. Chidhim an noinin, an granaircin grán arcáin, Ó h-Ógáin reiltionach, blath na subtalmhan, an buidheach buidhe; acht is tearc ataid siad suas, oir taineadh deire Mi Fabhra agus Mi Marta rogharbh mi-nadurtha go nuige seo: meadhon lae agus trathnona. Ar feadh tri huaire, tromnealtach ceobhráin. Neal .i. memh-ball .i. ball-ar-neamh nean, LS.: sgamal .i. sgath-mball sgailín Deire lae galgreineach: oidhce fuar. An seachtmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin fliuchsneacta go deich a chlog: gaoth attuadh. Ta gach sliabh agus cnoc faoi brat ban sneacta. Ta an caistsearban dearg "san bfasc": trathnona braonach. Do leigheadh an sneachta air na maghaibh agus air na cnocaibh: deire laoi nealtach braonach. Chuadhas air m'aigheadh agus air m'eolas cois na h-Amha Bige. Ta daoine ag saothrughadh na talmhan anois. Chuadh dragúin dearga treas an mbaile aindiu. Bhi aosciuil aca: gaoth anoir: fearthuinn trom um deire laoi: oidhce braonach. An t-octmhadh la fichiod .i. diardaoin. La aonaigh Cille Chuinigh: maidin nealtach braonach: gaoth geur anoir ttuadh:
meadhon lae breagh: an grian ag taitneamh tre tannealta: trathnona tromceathanach: gaoth geur athruigheach. An naomhadh la fichiod .i. dia haoine. Maidin aoibhin aorach geal greine: gaoth ciuin bog andeas. Ta moran sneacta ar na Cumaracha agus ar na Gaillti. Ta beagan sneacta ar Sliabh na mBan Fionn. Ta ceo tana idir me is na sleibhte shoir: meadon lae chidhim Stuadh Laigheann agus an Staidhre Dubh glegeal: deire laoi ceathain cloichsneacta agus fearthanna: gaoth aniar. An deichmadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin breagh bog ciuin. Nill acht ball beag sneacta ar Sliabh na mBan; aniomad boill ar na Cumaracha: ceo tana ar na sleibhtibh shoir. Ta muicfeoil maith ar tri pingine go leith an punt andiu. Ta suil agam go bfuil curach no dubhlochair na bliadhna imighthe anois. Ta morcuid de Stuadh Laighean agus cuid des na Staidhrighe Dubha foilighte le sneachta. Is on bhfocal "Ce" .i. talamh .i. cruine agus uisge, agus "o" tagann "ceo," oir is on ttalamh eirgeainn gach ceo mar gal o uisge fiuctadh. An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia domhnach. La breagh nealtach ciuin. - Ba Marta cruadh gaothmar í. MI ABRÁIN. An cead la .i. dia luain: - la Amadan Abran. La breagh bog nealtach: gaoth ciuin anoir: oidhce fearthanna. An dara la .i. dia mart. La breagh bog: braon o am go h-am. Taid na cuileoga go geur gnodhthach: da bhrigh sin, is gearr go mbeidh na hainleoga camcosacha ciara ag cuileireacht aguinn. An treas la .i. ceadaoin a' bhratha. La breagh
trom-nealtac bog braonach: gaoth ciuin andeas: urtosach oidhce, agus oidhce trid amach tromfheartanna. An ceathramha la .i. diardaoin naomhta. Maidin bog braonach tromnealach: gaoth andeas: tuile beag buidhe faoi port san Amhain ar feadh an lae: gaoth aniar um trathnona agus deire laoi: gaoth glorach san oidhce le tiormacht noch a theasduigheann on duthcha go mor, oir ata obar earraigh ar ccul. An cuigmheadh la .i. aoine ag Ceasda. Maidin aoibhin aorach geal greine. Nil sneacta ar sliabh, nil ceo ar cnoc um morthimcioll. Gealáin agus sgailinighe na dhiaidh san: trathnona geal greine: gaoth athruigheach ciuin aniar ndeas: dorcudha mor agus cioth cloichsneacta rothrom um ceathar a chlog: oidhce ceatanach ciuin. An seiseadh la .i. satharn Casga. La nealtach ciothanach ciuin: gaoth aniar ndeas. Muicfheoil ar tuistiun, martfheoil an tuistiun is leathpingin, agus caoirfheoil ar real is leath- pingin, an punt: laoighfhoil cuibheasach ar da sgilling an ceathramha. An seachtmhadh la .i. domhnach Casga. La breagh nealtach: gaoth ciuin aniar ndeas. An t-ochtmhadh la .i. luan Casga: - drochmarga muc. La breagh nealtach: gaoth ciuin aniar ndeas. Bhi bruighean borb idir muintir Townsend agus daoine eile ar an sraid. Biodar ag lamhach cloch le na cheile. An naomhadh la .i. dia mart. Maidin breagh bog nealthana galgreineach: gaoth ard aniar ttuadh: la mionceathanach; cloichsneacta o am go ham: oidhce tromceatanach rofhuar. An deichmadh la .i. dia ceadaoin. La ceatanach, cloich-sneachta o am go ham: oidhche tromcheathanach: gaoth ard aniar ttuadh. An t-aonmhadh la deag .i. diardaoin. La tirm focheathanach: gaoth ard aniar ttuadh: cloichsneachta o am go ham: oidhce tirm.
An dara la deag .i. dia haoine. An cead la den tsean- riabha: la breagh tirm geal greine: gaoth gonta attuadh. Ta Dlighe Arm ar bun a ccontae Cille Chuinnigh anois. An treas la deag .i. dia satharn: an dara la den tsean- riabhach. La breagh nealtach, mionciothan cloichsneachta: gaoth gonta aniar ttuadh. Is fuar an Mi Abrain so. An ceathramha la deag .i. dia domhnach: an treas la den tseanriabhach. La breagh nealtach: gaoth gonta aniar ttuadh. An cuigmheadh la déag .i. dia luain - drochmarga muc. Maidin cruadh; gaoth gonta aniar ttuadh: gealán na diaidh sin: cioth rothrom cloichsneachta ag deich a clog an maidin. "Is iomdha sine ann la earraigh." Shoill me go raibh tri laethe na seanriabhaiche torainn, agus ma ta fein, níor imthigh an fuacht leo, san earrach anrodach so. Nior gabhadh aoinneach a cCallain le dlighe arm, noch do thoitinn an t-aonmhadh la deag den mi si laithreach, agus ata suil agam nach geabadh-faidear. Ciotháin cloichsneacta o am go ham gealain idir da linn: sneacta geal ar na Staidhrighe Dubha? An seiseadh la déag .i. dia mairt. La breagh nealtach geal greineach: gaoth gonta garbh attuadh. Is comhsamhail gur sneacta seacrain do thuit ar na Staidhrighe Dubha ande, oir nior thuit sneacta ar aon sliabh eile am radharc. Ta Sliabh na mBan liath. Ta daoine ag casadh le obair earraigh do dheanamh: tromcioth cloichsneacta um trathnona. An seachtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breag nealtach ciuin; acht ta an talamh rofliuch (?) chum a saothruighte fos. Nil daoine acht ag pluideaghail ris. An t-octmhadh la deag .i. diardaoin. Maidin nealtana geal greine: gaoth geur aniar ttuadh: beagan cloichsneacta a ttrathnona. An naomhadh la deag .i. 1 dia haoine. La breagh nealtana: gaoth ciuin aniar ndeas.
An fithcheadh la .i. dia satharn. Maidin aoibin aorach nealtana greine. Ta suil le Dia agam go bhfuill an gargshin imthighte: la bog geal greine. Is d'aonaidhim (pronounced d'aonodham in the Co. Kilkenny) cuiread dlighe arm ar bun chum an deachmhadh do chruiniugad. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia domnach. La breagh nealtana greine ciuin. An dara la fichiod .i. dia luain. Rug Margread Nic tSeagain mac og andiu. La aoibhin aorach geal greine: gaoth ciuin aniarndeas. Chuadhas go Baile at cliath ar coiste an lae. Ta morchuid sneacta air sleibhte Cille Meantáin fós: taisbeanann so gur aoirde iad na na sleibhte a radarc Callain. An treas la ficiod .i. dia mairt. La breagh bog nealtach: oidhce feartana: caitheas an la ag ceannach earraidh. An 24 ceatramha la fichiod .i. ceadaoin an 25 .i. diar-daoin: da la breadha: ag ceannach earraid agus ag diol ar a son. An 26 seiseadh la fichiod .i. dia haoine: ag spaisteoireact, la breagh. An seachtmhadh la ficiod .i. dia satharn. Maidin anfa tromnealtach, tromceatain um meadon lae noch do maoladh an anfa anias ndeas. Tangas abaile. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La breagh nealtach ciuin. An naomhadh la ficiod .i. dia luain. Maidin breagh bog: toirneach tréan agus tromfhearthainn le cloichshneacta idir a ceathar agus cuig a chlog. An deichmhadh la fichiod .i. oidhce Bealltainne .i. dia mart. La breagh bog: gaoth aniar ndeas. Dhiolas muc ag Muillean Ui Chuan. Ba droichaonach muc e.
MI BEALLTOINNE, 1833. .An cead la .i. dia ceadaoin: la aonaigh Muillenn Ui Chuan Maidin tromcheathanach sior-fhearthanna: deire laoi soininne. - Aimsir roibhreagh on cead la gus an seiseadh la deagh, an tan do thuit tromceathain le gaoith andeas. Is mor foineas an fhearthuinn so do gach gne glasra. An seachtmhadh la deag .i. dia haoine. La nealtach: gaoth fuar aniar. Cuireas ceathramha potataoi. An t-ochtmhadh la deag .i. dia satharn. La breagh nealtana geal greine bog ciuin. Gearras clasa ar mo ceathramha potataoi faoiligh ar pairc an fhatha - Aimsir aoibhin aorach go deire Mhi Bealltoinne: gaoth brothalach bog andeas agus aniarndeas: ta an duthca ag cur potataoi, agus ag cur faoileach amach agus ag dothadh beidhtinne. MI MHEADHOIN AN TSAMHRA. An cead la .i. dia satharn. La breagh geal greine: gaoth ciuin andeas. An dara la .i. dia domhnach. La breagh nealtach: tromceata clagairnighe le beagan cloicsneacta um deire laoi, le gaoith ciuin andeas: oidhce soinninne. An treas la .i. dia luain. Maidin soinine; meadon lae, trathnona agus deire laoi siorchlagairnighe le gaoth ciuin aniar ndeas. An ceathramha la .i. dia mart. La soinine nealtach: tuile buidhe faoi port san Amain d'eis na fearthainne: gaoth ciuin aniar ndeas. An cuigmheadh la .i. dia ceadaoin, oidche diardaoin Abhlainn. Maidin soinnine: deire laoi tromceathanach: gaoth ciuin aniar ndeas. Ta an tir comh ghlas le geabhar. Beidh tuibhe go leor faoi arbar: beidh feur agus seamar agus gach gne
glasra go lionmar, agus beidh na potataoi ata faoi trin-seagail go breagh: act ta moran potataoi gan cur, agus faoiligh gan cur amach, agus beidtinne gan dothadh; acht "is mait a t-am fos e," mar adubairt "Duisigh" le "Giolla", a ndiaidh na ngadar. La aonaigh na muc a cCill Cuinigh. An seiseadh la .i. diardaoin Abhloinne. La breagh nealtana galgreineach: gaoth ciuin aniarndeas. Teasduighean soinin anois: la aonaigh Cille Cuinnigh. An seachtmadh la .i. dia haoine. La breagh bog nealtach: gaoth ciuin aniar ndeas. Ta daoine ag leathadh faoiligh agus da cur amach, agus ag gearradh clas, cia go bfuill an talamh úr go leor fós. Is aoibhin aigheadh na tire. Laethana breagha on cuigmheadh la gus an t-aonmhadh la deag .i. la aonaigh na muc a cCallainn, an tan tuit moran fearth-anna ar maidin, le gaoth aniar ndeas. La aonaig Callain .i. an dara deagh breagh: laethana ceathanacha as sin gus an domhnach .i. an seiseadh la deag, an tan tuit clagairneach coimhteach ar maidin: aimsir ceatanach fuar fuideach as sin gus an cuigmheadh agus an seiseadh la ficiod. An t-ochtmhadh la fichiod agus an naomhadh la ficiod clagairneach ann san oidhce, agus air maidin o am go h-am. As fliuch fuar fuideach anrodhach an Mi Mheadain a tsamhra í. Ni fheaca liom linn a leitheid. Ta morchuid potataoi gan trinseaghail, moran arbhair air lar, agus moran moinfearthaibh sgeitheanacha meilltidh le tuiltibh buidhe salacha gainimhe. Acht is air laimh De ata a leigheas so uile. An t-ochtmhadh la fichiod, la trosgadh: an naomhadh la ficiod la saoire .i. la Feil Poil, absdoil. Nior ba saoire la Feil Seaghain an bhliadhain se, cia go raibh amlaidh riamh roimhe se. An deichmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La nealtach fuar ceathanach. Is anrodhach an deire seo ar midh anrodhach. Is on leath siar bhi an gaoth urmhor an mi.
BUIDHMIS. An cead la .i. dia luain. La ceathánach, cloichshneacta. Gach lá sa tseachtmhuinn fuar fluich acht aon la amain. Ag tri a clog um trathnona dia satharn an seiseadh la chrom se ag siorfearthuin go deich a clog air maidin dia domhnach: tuile trom sgeitheanach san Amhain. Is iomda aol gan leathadh, agus potataoi gan trinseaghail. Ta cruithneacht agus feur agus seamar capail go dona: deire laoi go breagh. An t-ochtmhadh la .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach geal greine ciuin: la breagh bog nealtana galgreineach. An naomhadh la .i. dia mairt .i. marga na muc. La aoibhin aorach geal greine brothallach, .i. an cead la brothallach le se seachtmhuinne: - drochceannach ar muca mora agus miona. An deichmhadh la .i. dia ceadaoin .i. la aonaigh na Feil Seaghain .i. aonaigh seanalai Fheil Seaghain beag. Maidin ciuin ceobhrain: la breagh nealtach. Bhi coimheasgar idir dailtinighe. Do lamhadh na pileirighe bean sinséara san cromán agus do loiteadar beirt no triuir eile. An t-aonmhadh la deag .i. diardaoin. La breagh nealtach ciuin: moran meisgeoiridh ar fuaid na sraide. An dara la deag .i. dia haoine. La aoibhin aorach nealtana geal greine. Ta bean agam ag glanadh potataoi ag pairc a' Fatha .i. Fatha-na-gárda. Cuireadh triur dailtinighe diabluighe .i. Priut, Beirgin agus doléite go priosún Cille Chuinigh andiu. An treas la deag .i. dia satharn .i. la aonaigh Cheananais. Maidin aoibhin aorach ciuin geal greine, gan neal gan ceo. Ta se seacht seachtmhuinn o bhi la gan neal againn cheanna. An ceathramha la deag .i. dia domhnach. Maidin fearth-anna; la breagh bog. An cuigmheadh la deag .i. dia luain .i. la Feil Suitinn. Maidin ceofrain ciuin; la breagh bog. An seiseadh la deag. .i. dia mairt. La breagh brotallach ciuin: priachain ag luidheadh ar branaraib.
An seachtmadh la deag .i. dia ceadaoin. La breagh brothallach: gaoth ciuin aniar. An t-ochtmhadh la deag .i. diardaoin. La breagh nealtach ceofran le gaot aniar, o do a clog go cuig, ar feadh tri huaire. Chuireas deire le priocadh agus le sluaisteaghail mo ceathramha potataoi ag Pairc-a-Fatha, ar Fatha na nGard. Taid siad go robhreagh ag cruinniughadh blaith. An naomhadh la déag .i. dia haoine. Maidin nealtach gal-greineach, la mar an cceadna. An fithcheadh la .i. dia satharn. La breagh nealtach gal-greineach. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La breagh nealtach galgreineach. An dara la ficiod .i. dia luain. La garbh gaothmhar d'eis oidhce ceathanach: gaoth ard aniar. Is fuar an buidhemis e. An treas la ficiod .i. dia mairt. Maidin nealtach: gaoth garbh aniar: meadhon agus deire laoi geal greine fionfhuar. An ceathramha la ficiod .i. dia ceadaoin. La geal greine slanmealtach: d'imthigh an fuaire as an la um trathnona. An cuigmheadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin geal greine ciuin, trathnona agus deire laoi nealtach fionfhuar. Ceannuigeas naoi ccead go leith guail andiu, ar da tuistiun is leathpingin a chead. An seiseadh la fichiod .i. dia haoine. La breagh bog nealtach ciuin: deire laoi geal greine, bog: gaoth ciuin aniar. An seachtmhadh la ficiod .i. dia satarn. Maidin geal greine ciuin. Fuair cailin og dar ab ainm Smyth bas ande leis an glasgeill .i. giall glas .i. galar geill noch a coimeadas glas air, agus fasann so o gearradh a bhfeith airighthe san ordóg. La breagh brothallach: gaoth roiciuin aniar. Ta daoine ag gearradh s a deanamh féir go mear. Is aoibhin deire laoi le nealta ordha san ard siar tuadh: oidhce aoibhin gealaighe.
An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin robroth-allach: la mar an cceadna. An naomhadh la ficiod .i. dia luain. La breagh brothallach ciuin. d'eirigh gaoth ciuin attuadh um meadhon lae. An deichmheadh la ficiod .i. dia mart. La breagh brothallach ciuin. d'eirig gaoth ciuin um meadhon lae anoir ttuadh. An t-aonmhadh la deag ar fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh brotallach ciuin. d'eirig gaoth ciuin anoir ttuadh um meadhon lae. Conaircios cearc an chruidin. Is comhsamhail ion a deanamh leis an ccuileach ccruidin í, acht ata sgiathain agus drom agus ceann liath aici, agus bolg bán. Nil na dathana eaccsamhla ailne noc ata ag an ccoileach inti. - Mi breagh acht an cead seachtmhuin. MI LUGHNASA. An cead la .i. diardaoin. La breagh brothallach greine: gaoth um trathnona cum na greine .i. anoir ttuadh. An dara la .i. dia haoine. La breagh brothallach geal greine: gaoth um trathnona chum na greine .i. anoir ttuadh. An treas la .i. dia satharn. La breagh bog nealtach ciuin: meadon agus deire laoi gaoth anoir ttuadh. An ceathramha la .i. dia domhnach: la breagh brothallach geal greine. An cuigmheadh la .i. dia luain. La breagh brothallach ciuin. An seiseadh la .i. dia mart. La breag brotallach ciuin. An seachtmhadh la .i. dia ceadaoin. La breagh brotallach geal greine ciuin. An t-ochtmhadh la .i. diardaoin. La breag geal greine ar maidin: nealtach um meadhon lae agus trathnona. An naomhadh la .i. dia haoine. La geal greine ciuin. An deichmhadh la .i. dia satarn. La geal greine ciuin. An t-aonmhadh la deag .i. dia domhnach. La geal greine ciuin. An dara la deag .i. dia luain. La geal greine ciuin.
An treas la deag dia mairt. Maidin nealtach ceofrain. Gaoth fionfhuar attuadh: meadon agus deire laoi nealtana greine. An ceathramha la deag .i. dia ceadaoin .i. la trosga. La breagh nealtana greine ciuin brothallac. An cuigmheadh la deag .i. diardaoin .i. la saoire .i. La Feil Muire mor sa bfoghmar. La breagh galgreineac ciuin bog. An seiseadh la deag .i. dia haoine. Fodhuine ag gearradh cruitneacht: la breagh bog ciuin nealtana galgreineach. An seachtmhadh la deag .i. dia satharn. La breagh bog nealtach ciuin galgreineach ciuin. An t-ochtmhadh deag .i. dia domhnach. La breagh bog nealtana galgreineac ciuin. An naomhadh la deag .i. dia luain. La breag beodha nealtach: gaoth laidir, ag sguabab ceo bothar, aniar ttuadh. An fithcheadh la .i. dia mairt - drochmarga muc. La nealtach gaothmhar: deire laoi ceofrain le gaoth garbh aniar. Aonach na Feil Labhrais. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La nealtac: anfa aniar ag sguabadh smuideán go hiongantach: ciothan um se a chlog: roibeagan daoine na airnéise na aoin read eile ar aonach Callain. Ta daoine go gnotach ag gearradh arbhair: deire laoi speirghorm fionfuar. Tri sean aoinigh do bhi a cCallain .i. aonach na Feil Seaghain .i. la aonaigh la Fel Seaghain Beag, agus la aonaigh na Feil Labhrais .i. sean la Feil Labhrais, agus aonach na Feil Michil .i. sean la Fheil Michil. An dara la fichiod .i. diardaoin. Maidin breagh ciuin: trathnona gaothmhar: gaoth aniar biogamhail.
An treas la fichiod .i. dia haoine. La gaothmhar nealtana galgréineach: gaoth gartach aniar ttuadh. Is iomda luach- saothar bhi ar maidin do lucht corain .i. tri pingine deag, ceithre tuistiuin, tri raolacha, agus cuig thuistiuin, do reir mar do eirigh an gaoth ag crothadh an arbhair. "Ní raibh an fear deirionach diobalach." Deire laoi ciuin: oidce breagh bog nealtach. Chuadhas go Cluain Mealla ag ceannach earraighe. Bhios ann ag cuig a clog ar maidin dia satharn go doich. Ta an cruithneacht gearrtha tiomchioll Cluana Mealla. Ta droich fecsion ar potataoi. An ceathramha la ficiod .i. dia satarn. La breagh nealtach ciuin; ciot trom um buile a chlog. d'fagas Cluain Mealla ag cuig a clog um trathnona. Thuit an oidhce orm se mhile o Cluain Mealla: oidhce aoibhin aorach nealtac gealaighe ciuin, gan gal gaoithe. Bhios a cCallain ag dó a chlog ar maidin dia domnach le uallac earraidhe. An cuigmheadh la ficiod .i. dia domnac. La breag bog nealtach ciuin. An seiseadh la fichiod .i. dia luain. La breag bog geal greine. An seachtmhadh la ficiod .i. dia mairt luain san LS. La breag bog geal greine: ciotan um deich a clog san oidhce. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. La breag nealtana greine ciuin: ciothan um faithine-an-lae. An naomhadh la fichiod .i. diardaoin. La tromnealtach, ceobhraon um meadhon lae le gaoth aniar ndeas. Is romhor theasduigheann fearthainn uain; oir ata na potataoi mion gearbach d'uiresaba fearthanna, on seactmha le de Buidhemis: oidhce speirghorm gealaighe gaoth ciuin aniar. An deichmhad la fichiod .i. dia haoine. Moch-mhaidin trom-nealtach tirm, am cruithte-na-mba ceobhráin; on t-aon bhuile deag clagairneach caoin le gaoth andeas. Ni raibh fearthain air ard againn le h-ocht seachtmhaine, agus ni raibh soinneann ar ard le seacht seachtmhaine roimhe sin: "Baineann
an aimsir comhar da cheile." Ag leath-uair d'eis an ceathar trathnona do stad an clagairneach le aistriughadh na gaoithe on ard theas gus an ard aniarttuadh: deire laoi agus tosach oidhce soinine fuar. An t-aonmhadh la deag ar ficid .i. dia satharn. La geal greine lomarnealtach: gaoth garthac attuadh: oidhce ciuin nealtach tirm. MEADHON-FHOBHAR. An cead la .i. dia domhnach. La breagh nealtana geal greine ciuin. An dara la .i. dia luain. La nealtach, ciuin. An treas la .i. dia mart. La lomarnealtach, greine, ciothanac: gaoth gartach. aniar ttuadh. An ceathramha la .i. dia ceadaon. La breagh geal greine bog ciuin. An cuigmheadh la .i. diardaoin. La breagh geal greine ro-bhog ciuin. An séiseadh la .i. dia haoine. La breag geal greine brothallach ciuin. An seachtmhadh la .i. dia satharn. La aoibhin aorac geal greine brotallach ciuin. An t-octmhadh la .i. dia domhnach. La breagh geal greine brothallach: gaoth caoin ciuin aniar ttuadh. Chuadas ag snamhadh. Ta an t-uisge bog. An naomhadh la .i. dia luain. Maidin aoibin aorach ciuin ceo: la slamnealtach greine: gaoth ciuin andeas. Chuadhas ag snamhadh ag buile a chlog. Bhi an t-uisge bog: deire laoi nealtach fuar. Ta suil le Dia agam gur gearr uain fearthainn: oidhce ceofrain. An deichmhadh la .i. dia mairt. Maidin bog braonach. tromnealtach: gaoth ciuin andeas: clagairneach trom um meadhan lae agus trathnona: deire laoi agus oidhce roinninne. An t-aonmhadh la deag .i. dia céadaoin. La breag bog
nealtac ceathánach: gaoth ciuin aniar ttuadh: oidhce soinine: tuistiun is leathpingin ar cloichin Lumpers. Is roeagla liom gur tearc ocrach an samhra so cugainn, - acht is ag Dia ata. An dara la deag .i. diardaoin. La breagh nealtach. An treas la deag .i. dia haoine. La tromfhearthana, agus is mor theasduigheann. An ceathramha la deag .i. dia satharn. La breagh nealtach. ciuin. An cuigmheadh la deag .i. dia domhnach. Lá tromceatánach clagairnighe. Gaoth ciuin aniar ndeas. Chuadhas go Cill Chuinigh agus tangas abhaile. An seiseadh la deag .i. dia luain. La breag tromceatanach: acht nil tuile san Amhain. An seachtmhadh la deag .i. dia mart. La breag bog geal greine ciuin. An t-ochtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breag bog nealtach ciuin. An naomhadh la deag .i. diardaoin. La breag nealtana geal greine ciuin brothallach. Thuit potataoi go tri pingine agus da phingin go leith an chloich. Is mor ata potataoi ag boradh. Ta suil le Dia agam go mbeidh siad go maith fos, cia gur mor m'eadochas seachtmhuinn o shoin, act is ag Dia ata: tugann se an tuile, agus "is mo an tuile .i. tuilleadh na an tomhas." An fithcheadh la .i. dia haoine. La trosga: maidin ciuin ceobhrain: gaoth ciuin andeas: la nealtach fionfhuar: oidhche ceatanach. An t-aonmhadh la ficiod .i. dia satharn; la trosga. Clagadh trom roimhe breaca an lae agus na diaidh: maidin trom-nealtach: teasbadh an fearthuin, oir nil tuile san Amhain. Ni bruchtann an tir tuile san Amhain go mbionn an talamh sathach.
An dara la ficiod .i. dia domhmach. La breag bog nealtac ciuin: oidce fearthanna: gaoth aniar andeas. An treas la fichiod .i dia luain. Tromclagadh roimhe breaca an lae: la breagh nealtach: oidhce ceatanach An ceathramha la ficiod .i. dia mairt. Maidin breag bog nealtach galgreineac, d'eis oidhce ceathanach: gaoth bog andeas: tromclagadh um trathnona agus deire laoi: gaoth garthach andeas; oidhce ciuin: nil tuile san Amhain fos. An cuigmheadh la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin ceathanach d'eis oidhce ceathanac: gaoth andeas: glasthuile san Amhain: galgreine am cruithteadh na mba: meadon lae, trathnona agus deire laoi ceathanach bog: oidhce ceatanach nealtach An seiseadh la fichiod .i. diardaoin. Mochmhaidin ceathánach: trath ceadhshlogan .i. céadlongaidh nealtana geal greine, breagh bog caoin ciuin caomh. Ta potataoi ag boradh go mor, is daoine ag tracht ar siolchur do deanamh. La aoibin aorach slamnealtach geal greine bog, nach beag brothallach. An seachtmhadh la ficiod .i dia haoine. Maidin sior-fearthanna: gaoth andeas: meadhon lae agus trathnona geal greine: glastuile san Amhain. Barr leathnaigh (Meadhon Fhobhar .i. Mi Mheadhon an Fobar .i. Mi an Feile Michil .i. September 1833). An t-ochtmhadh la fichiod .i dia satharn. La breagh nealtach ciuin. An naomhadh la ficiod .i. dia domhnach, la Fheile Michil. La breagh nealtana galgreineac: gaoth ciuin attuadh. Cuadas go Cill Cuinigh agus thangas abhaile um naoi a clog san oidhche. Bhiodas ag feachain teampuill Cille Chuinigh agus seipeal nua na butaighe: is ro alainn e astigh is a muich. An deichmhadh la fichiod .i. dia luain. Maidin agus meadhon lae agus trathnona agus deire laoi tromnealtach breagh bog ciuin.
FUIDHEALL FHOBHAIR, NO MI DEIRE AN FHOBHAIR 1833. An cead la .i. dia mairt. La breagh bog nealtac ciuin. Tosaig Coimhlinge Cille Chuinigh andiu. An dara la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach speir-ghorm geal greine. Is roibhreagh an dara la eachoimlinge Cille Cuine; la mar an cceadna. An treas la .i. diardaoin. La aoibhin aorac geal greine ciuin: dorchudha mor os cionn Faithche na Coimhlinge, acht nior thuit braon. An ceathramha la .i. dia haoine. Maidin aoibhin aorach geal greine caoin ciuin. Ni samhra beag na Feile Michil so, acht samhra mor na Feile Michil: potataoi ar tri pingine an cloich, agus ar da phingin-go-leith: la alainn ciuin. An cuigmheadh la .i. dia satharn. Maidin ciuin ceo: la mar an cceadna: gaoth ciuin aniar ndeas: samhra beag na Feile Micil. An seiseadh la .i. dia domhmach. La breagh nealtana greine ciuin: samhra beag na Feil Michil. An seachtmhadh la .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach geal greine gan néal gan ceo. Ta siocainín liath ar dion agus ar slinneacha tighe, la brothallach. Is fada o nach fheacas a leitheid do la: oidhce ciuin realtsolais speirgorm duibhre: gaoth ciuin aniar ndeas. An t-ochtmhadh la .i. dia mart. Maidin ciuin ceofrain: la sraidshalach ceobhrain: oidhce ciuin soinnine: moran muca da cceannachadh, cia nach í oidhce an aonaigh í. An naomhadh la .i. dia ceadaoin: oidche an aonaig. Maidin aoibhin aorach speirghorm geal greine; gan oiread mo bhoise do neul; sioc liath "cuireann sioc proisios air potataoi agus a friothalamh go ceart": moran muc meadhonach da cceannach ar timchiol se ficiod a céad: beagan ceanach ar
muca mora meithe ar tri fichiod a céad. Tainead Commis-sioners an righ ag feuchain an raibh gach read ceart i mbrugh Callain. An deichmhadh la .i. diardaoin. La aonaig na Feile Micil. Maidin breagh bog nealtach galgreineach ciuin: la mar an cceadna: aonach breagh daoineach. Dhiolas luach ocht bpunt deag d'earraigh. An t-aonmhadh la deag .i. dia haoine. La breagh nealtach ciuin. An dara la deag .i. dia satharn. La breagh nealtach gal-greineac ciuin: gealain san ard shiar thuadh, um ocht a chlog san oidhce. An treas la deag .i. dia domhnach. La breagh nealtach ciuin. An ceathramha la deag .i. dia luain. La breagh nealtach galgreineach: gaot biogamhail aniar: gealáin thuadh um ocht a chlog. An cuigmheadh la deag .i. dia mairt. Fearthainn agus fliuchsneachta ar feadh uaire a chloig .i. o ocht a clog go naoi ar maidin. Bhi clagadh ar feadh leath uaire. Connairc mise sneacta anthrom a meadhon Mi Bealltoinne .i. an la cuireadh Aindrias an Deirige o ma Mionnain a cCill Bhrighde. Bi an sneacta chomh trom sin gur b'eigin dom an sgathadán do dhunadh le iomarca na sneacta bhi ag tuitim ar air. Ta Sliabh na mBan Fionn fionn go ceart le sneacta: la ceathanac: gaoth fuar aniar: gealain thuadh, san ard thuadh um ocht a chlog san oidhce. An seiseadh la deag .i. dia ceadaoin. La ceathain is gealain, gaoth gartach attuadh. An seachtmhadh la deag .i. diardaoin. La breagh ciuin nealtach fionfhuar tirm: moran cruitneacht da cur faoi ceachta agus faoi ramhan is sluasad: bradán ar da pingin an punt. An t-ochtmadh la deag .i.dia haoine. La breagh nealtac ciuin.
An naomhadh la deag .i. dia satarn. La breagh nealtach ciuin: potataoi ar tri pingine an cloich. An fithcead la .i. dia domhnach. La breagh ceathanach ciuin. An t-aonmhad la ficiod .i. dia luain. Tromfhearthainn um tri agus ceathar a chlog ar maidin: la breagh mionceathanach ciuin. An dara la fichiod .i. dia mart. La breagh geal greine ciuin. An treas la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach lomarnealtach geal greine: gaoth roiciuin attuadh. Ta siolchur ar siubhal go mear, acht is tearc duine ag baint potataoi: la mar an cceadna: gaoth ciuin aniar. An ceathramha la fichiod .i. diardaoin. Deire oidhce tromfheartanna: anfa o do a chlog go breaca an lae: maidin siorfhearthanna go naoi a clog: ceobhraon as sin go meadhon lae: tromceathain um do a clog: la siorfeartanna, trom-nealta le gaoth andeas: tuile buidhe faoi phort san Amhain: oidhche fliuch mionfearthanna. An cuigmheadh la ficiod .i. dia haoine. Maidin trom-nealtach d'eis oidhce mionfheartanna: tuile buidhe san Amhain, gan luidadughadh gan meidiughad o nde: la tromnealtach tirm soinninne sraidshalach: tosach oidhce siorfhearthana: gaoth anoir ndeas. An seiseadh la ficiod .i. dia satharn. Maidin tromnealtach siordoinninne d'eis deire oidhce soininne: tuile buidhe ag meadughad agus ag sgeith tar portaibh an Amhain-a-Righ: gaoth giuineach anoir ndeas amhail ande: la anrothach siorfearthanna: tosach oidhce mar an cceadna: gaoth gartach aniar ndeas o naoi a chlog suas: oidhce soinninne: tuile treun sgeithanach san Amhain. An seachtmhad la ficiod .i. dia domnach. Maidin soininne d'eis oidche soinninne o naoi a chlog areir: gaoth ard andeas.
ta tuile roithreun san Amhain: taid na h-innsi uile foiluighte leis an ttuile sgeitheanach so. Is deacair siolchur do dheanamh, na potataoi do bhaint go foil: tosach oidhce soinninne: meadhon oidhce mar an cceadna: deire oidhce ceathanach ciuin. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia luain. Maidin ciuin ceo tromnealtac sraidsalach. Tuit an tuile slat; taid na h-innsi saor nach beag o uisge; acht nil na dioga traighte fos. Ta daoine ag siolchur faoi ramhan is sluasad. - Bathad Seaghan na gealaighe Ua Donnachudha areir andig uisge an .i. in Graigamhlaighe ag imtheact abhaile go Doirín laimh le Tig-na-h-Innsi, dho. Is comhsamhail gur air meisge bhi se, read ba gnath leis. Is e fath fár glaodhad Seaghan na gealaighe air, nior ghnath leis imtheacht a bhaile o Callain-a'-chlampuir go h-eirghe na gealaigh, oidhce duibhre, agus ba gnath-focal na beul "imeochad a bhaile le solas na gealaighe"; acht, faraoir craite! bathadh areir e i ndeire a sgribe, cia go raibh an ré lán agus solas na gealaighe aige; acht ni raibh solas na suilibh, oir d'ol se ainiomad uisge beathadh agus leanna. Ba mac do Eadhmond gearr Ua Donnacuda e on Duirin. - Bi Seaghan na gealaighe air mar forainm 'na oigeacht, oir do measadh gur ab buachail geilt e .i. duine faoi reim na gealaighe. An naomhadh la fichiod .i. dia mart. La tromnealtach, ceatha rothroma clagairnighe le da bhlaom toirnighe um an t-aon bhuile deag ar maidin: claodach treun tre ceart-lar Sraide an Fhatha, agus tre Sraid an Droichead mhoir, agus tres an Cloidín. Cuiread Seaghan na gealaighe andiu a cCillmha- luadh. Taid na branair samhra curtha; acht beidh talamh ath- photataoi deanach. - Ta trí gné branar ann .i. branar samhra, branar soipin agus branar dubh. - Branar samhra .i. talamh bocht noch a geibhean treabadh, agus fagthar gan barr do chur ann le haigheadh ionntodh agus aithionntod d'faghail san samhra,
agus na dhiaidh sin cuirthear siol ann um Feil Michil. Is gnath an barr theagann air seo go maith. - Branar soipin .i. coinnleach cruithneachta treabhtar chum sil cruithneacta do cur ann go grod d'eis an barr do bhaint de, agus is anamh barr maith ar an branar soipin se. - Branar dubh .i. branar roibhocht samhra noch d'fhagthar gan siol do cur ann treas an geibhre, ann a ccurthar siol coirce san earrach na dhiaidh sin, agus is graith coirce maith ar an branar dubh so. An deichmhadh la ficiod .i. dia ceadaoin. Maidin ciuin ceo, "Giolla gach sine an ceo." "Ceo soinninne ar aimhintibh" agus a ngleanta. Maidin aoibhin aorac geal greine, gan neal d'eis an cheo d'eirghidhe. An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. oidhce Samhna .i. diar-daoin, .i. la trosga .i. oidhche an coimhbleide. La breagh nealtach ciuin: oidhche tirm nealtach. MI SAMHNA .i. AN SAMHAIN 1833 .i. An cead mi den geibhre. An cead la .i. la Samhna .i. dia haoine, la saoire: la breagh nealtach ciuin. An dara la .i. dia satharn. La breagh tirm: gaoth garthach aniar: morchuid muc ar an marga, acht beagan luach orra: oidhce gaothmar gartach reultsolais duibre: gaoth aniar. An treas la .i. dia domhnach. Maidin breagh tirm speir-ghorm geal greine: gaoth geur aniar: an la mar an cceadna: oidhce ciuin reultsholais duibhre: luct oibre da ttogbhail le solus realtann ar chrois Chalainn. An ceathrama la .i. dia luain .i. la aonaigh na Samhna. Maidin aoibhin aorach geal greine speirgorm: gaoth ciuin aniar: la mar an cceadna, - agus oidhce: muca beaga agus banaibhe ar beagán eadala. Chonnairc me banabh ar da sgill-ing: ta geite ar daoine da ccartadh uatha ar eagla go n-iosfadaois na potataoi orrtha: daoine ag baint potataoi: cheithre tuistiun dfearaibh agus sgilling sa lo do mnaibh ag baint. Is maith an tuarasdal so, ma seasuigheann sé tamal maith.
An cuigmead la .i. dia mart. Oidhce tromnealtach braonach roimhe breaca an lae: la breag bog tirm tromnealtac: gaoth ciuin aniar: ceithre pingine deag do lucht oibre: oidhce bog braonach. Ar bharr leathnaigh Mi Na Samhna, 1833: - gach la line. An seiseadh la .i. dia ceadaoin. Mioncheathain roimhe breaca an lae: la breag bog nealtach galgreineach: gaoth ciuin aniar: cheithre pingine déag agus gloinne uisge beatha (vulgo fuisgidhe) do lucht raimhne ag baint potataoi: ceathan um ceathair a clog no trathnona. An seachtmhadh la .i. diardaoin. La tromcheathanach: gaoth aniar. An t-ochtmhadh la .i. dia haoine. La breagh bog nealtac tirm ciuin. An naomhadh la .i. dia satharn. La breagh bog nealtach tirm: gaoth ciuin aniar: - potataoi o da phingin go leith go tri pingine an chloich: muicfeoil maith ar tri pingine an punt, mairtfeoil maith ar an airgead ceadna: oidhce realtach tirm. An deichmhadh la .i. dia domhnach: maidin tirm: la trom-nealtach ceofrain: gaoth ciuin andeas: fear raimhne ar chuig sgillinge san tseachtmhuinn: oidhce fearthanna, clagadh trom um oct a chlog, agus fearthainn gus an t-aon bhuile déag: meadhon oidhce tirm. An t-aommhadh la deag .i. dia luain. Maidin aoibhin aorach speirghorm geal greine, gan neal, gan ceo, ciuin: la nealtana galgreineach ciuin: oidhce breagh. An dara la deag .i. dia mairt. La aoibhin aorach lomar-nealtach, galgreineach: gaoth ciuin aniarndeas ar maidin gaoth gartach. aniar um deire laoi. Bhaineas ceithre baraille fichiod potataoi as ceathramha, andiu a bPairc-a'-Fatha, ag Fatha na nGard: oidhce breag. An treas la deag .i. dia ceadaoin. Maidin breagh bog nealtach caoin ciuin: gaoth roiciuin andeas. "Samhra gach sine go Nodlaig."
An ceathramha la deag .i. diardaoin. La breagh nealtach: gaoth ciuin andeas, "Samhra na Samhna." An cuigmheadh la deag .i. dia haoine. La breagh biogamhail: gaoth geur anoir. An seiseadh la deagh .i. dia satarn. La breagh nealtach ciuin. An seachtmhadh la deag .i. Domhnach Ui Chonaill. Maidin ceofrain: la breagh nealtach: cruinnighe - puint deag is fiche (£3-) d'O Connaill, san bporaiste se Callain indiu: "Samhra gach sine go Nodlaig." An t-ochtmhadh la deag .i. dia luain. La breagh nealtach ciuin. "Samhra gach sine go Nodlaig." An naonadh la deag .i. dia mairt. Maidin aoibhin aorach ciuin ceotana greine: daoine go gnodhthac ag baint potataoi: "Samhra gach sine go Nodlaig": la aoibhin aorach speirghorm samhramhail seimh sam solasach suairc: tosach oidhce ciuin gealaige. An fithcheadh la .i. dia ceadaoin. Maidin tromnealtach caoin ciuin: la nealtana galgreineach: gaoth ciuin aniar. Beidh urmhor potataoi an duthcha bainte an t-seactmhuinn se: "Samhra gach sine go Nodlaig": oidhche aoibhin aorach reiltineach resolais biogamhail tirm An t-aonmhadh la ficiod .i. diardaoin. Maidin tromneal-tach: gaoth ciuin aniar: la tromnealtach; ceofrán o am go h-am: daoine ag baint potataoi agus ag siolchur go mear: urthosach oidhce ceofrain agus ceathain: am codlatad soinninne. An dara la ficiod .i. dia haoine. Deire oidhce clagair-nighe roimhe breaca an lae: maidin fearthanna: gaoth beodha aniar le tromnealta. - Ba roibhreagh an aimsir saothair e o maidin dia luain .i. an t-aonmhadh la deag gus anois. Ta go leor potataoi gan baint fos agus moran talamh ath-potataoi gan siolchur, acht "is maith an t-am fos e"; oir, is seanfocal nach feidir a sarughadh "gur maith an t-am
siolcur duibhre na Samhna," agus ta sin le teacht fos: la siorfearthanna gaillsinne: oidhche nealtana gealaighe breagha ciuin. An treas la ficiod .i. dia satharn. La breagh nealtana greine: gaoth ciuin aniar. An ceathramha la ficiod .i. dia domhnach. Maidin nealtana greine: la breagh nealtach: beagan mionsneachta um do a clog um trathnona: gaoth gonta aniar: tosach oidhce ceathanach: deire oidhche gealaighe. An cuigmheadh la ficiod .i. dia luain .i. le Feil Caitirin .i. Caitilin. La breagh speirghorm geal greine: gaoth gonta aniar: sneacta ar mullach Sleibh na mBan Fionn: deire laoi mar an cceadna: an re lan ag eirighe ar speir gan ceo. Deirid daoine gur ag Re Lan na Samhna tosuigheann duibhre na samhna, acht adeirid daoine eile gur ab í an ceathramha deire an duibhre, agus is don ceadfadh deirionnach so tugaim- se geille, oir cionnas glaodhfuidhe duibhre ar re lan? Ni bionn an re dubh acht tuairim tri lae a ndeire agus tri lae a ttosach gach mí .i. an feadh bhionn an re nach beag eattruinn is an grein .i. ar feadh seachtmhuinne - Goirthear Re na Feil Caitilin ar an cead re nuadh tagann a ndiaidh la Feil Caitilin, no ar la Fheil Caitilin fein: oidhche aoibhin aorach lanre gealaighe ciuin seaca. An seiseadh la fichiod .i. dia mart. Maidin seaca: leac-oidhre ar lochánaibh ceatramha ordlaich air tiubhacht: sneacta ar Sliabh na mBan Fionn, ar Stuadh Laigheann, ar na Staidhrighe Dubha agus ar na Cumaracha: acht nil sneacta ar aon sliabh eile na cnoc um mor timcioll. Chidhim o Cnocan an Eithigh ag
ceann a' Fatha, mithill ann gach ard, ag baint potataoi, agus ceachtaigh ag siolcur um uirthimchioll, agus dar ndoith, "is maith an t-am fos e." Mionfearthainn um meadhon lae le gaoth geur andeas: trathnona agus deire laoi mar an cceadna: oidhce tromfearthanna. - Cluinim sgeul ait ar an ccorriasg .i. gur ab ag an re lán is lionta a bfeoil e, agus gurab ag an re nua is teirce a bfeoil e, agus mar is lionmhaire solas san Re gur lionmhaire a fheoil: go bfasann leis an re, agus go seirgean leithe. Ta ciall leis seo a ttiortha daonmhara mar Eire; oir is feidir leis an ccoirriasgh beith ag iasgair-eacht ann gach oidhche gealaighe agus na codladh gach la, acht annsa duibhre caitfidh se beith na trosga gach la nach beag, o iomad na namhad daona noch ata ar a thi cum a marbhtha, agus ni feidir leis iasgaireacht san duibhre: da reir sin, beidh se teircfeolach thimcioll an duibhre agus beidh se reamhar timcioll an lanre. Mar so do gach eun noch a mareann ar saothar an oidhche: mar ata an naosgach, an feadog, an pilibin, an creamar, noch is fusa do lamhach san duibhre na san lanre, no am gealaighe. An seachtmhadh la ficiod .i. dia cheadaoin. La breag bog nealtana ciuin. Cuireas slinn ar cuid de cinn tig na bpotataoi: oidhce breag gealaighe ciuin. An t-ochtmhadh la ficiod .i. diardaoin. Maidin sior-fhearthanna d'eis oidhce ceathanach: gaoth garbh garthach andeas: meadhon lae clagairnighe. d'iontadh an gaoth cum anfa anba aniar um leath uair d'eis an da bhuile deag: acht do ciunadh an anfa agus do stad an clagadh roimhe buile a clog go grod: da eise sin, do eirghidh an gaoth aniar go gartach; acht ni go h-anfadhach: da leanfadh an t-anfadh anba air, ni bheidh slinn na cinn ar tightibh; trathnona, deire laoi agus oidhce, trid amac, anfa anba aniar. Ni cuimhin liom a leitheid lem ré. Sguabadh slinn agus dion mar sop caoinligh.
An naomhadh la fichiod .i. dia haoine. Anfa anba aniar ttuadh ar fead an lae d'eis oidche anfadhach; nior ciunadh se go luidhe greine: sheasadh an anfa anba so la go n-oidhce agus tri n-uaire a cluig da barr .i. ar feadh seacht nuaire ficiod. Ta se fuinneoga no poill nuadeanta ar cinn mo tighe fein, agus tighthe eile mar an cceadna sa ccomarsanacht: oidhce ciuin caoin gealaighe: "d'eis calóid ciunas." An deichmhadh la ficiod .i. dia satharn. La breagh trom-nealtac: gaoth ciuin aniar ndeas: tosach oidhce duibhre dorcha tromnealtach: o ocht a clog oidhce slamnealtach gealaighe ciuin: is roibreagh an deire so le mi na Samhna: daoine go gnodthach ag baint potataoi agus ag siolcur. "Is maith an t-am fos e." MI NA NODLAG 1833 - gach la line. Mi Mheadhoin an Gheibre - Advent. An céad la .i. dia domhnach. La geibhreamhail, siorceathanach: tosach oidhce soinninne trom-nealtac duibhre dorcha: nior eirigh an gealach go deich a clog: meadhon agus deire oidhce gealaighe soinninne. An dara la .i. dia luain. La breagh nealtach: gaoth geur aniar. Cuadhas go socaraid Caitilin Ni Ceiligh tres na Mionain agus an Moin-garbh go Cill-Briocain: oidhce reil- tineach, dubhre go meadhon oidhche. An treas la .i. dia mart. La breagh nealtach: gaoth ciuin aniarndeas, tosach agus meadhon oidhce duibhre: deire oidhce gealaighe ceathanach. - "duibhre na samhna." An ceathramha la .i. dia ceadaoin. Maidin garb gaothmhar d'eis deire oidhce ceathanach: gaoth garbh gartach aniarndeas: speir slamnealtach gorm greine, um deich a clog agus tres an la: tosach oidhce ceathanac; am codach ciuin speirglan reiltionach: am dul a codlata mar an cceadna .i. naoi a clog.
An cuigmheadh la .i. diardaoin. La breagh speirghorm geal greine: Sliabh na mBan Fionn liath o cloichsneacta ar feadh an lae: cioth trom cloichsneacta um meadhon lae le gaoth gonta aniar: gealain aeir san ard shiar um seacht a clog san oidhce: oidhce fuar ceathanach duibhre. An seiseadh la .i. dia haoine - trosga. Maidin speir-gorm geal greine slamnealtach d'eis oidhce garb gaothmhar ceathanach. Ta Sliabh na mBan Fionn liath le cloichsneacta o bhonn go barr .i. go mullach Suidhe Finn: gaoth gartach garbh gonta aniar. Leighim gur cailleadh agus gur diothuigheadh moran luingeas um traighibh na hEireann agus na Breatainne diardaoin agus dia haoine se gabh torainn .i. ar an t-ochtmadh la ficiod agus ar an naomhadh la fichiod .i. an tan do sguabhadh an slinn do cinn mo thighe-si: bathadh ainiomad marnealaigh agus lucht tracta agus ceannighte. Saruigheadh an seanfhocal, oir adeirtur "Samhra gach sine go Nodlaig"; agus dar ndoith, ta an seachtmhuinn se gabh tarainn geibhreamhail go leor. An seachtmhadh la .i. dia satharn. Deire oidhce agus glaodh an lae agus breacadh an lae tromceathanach: gaoth gartach aniar: mochmaidin tromclagach go deich a clog, an tan do ghlan an speir: meadhon lae agus trathnona, agus trathnona deigh-eanach agus cronughadh lae speirghorm glan: oidhche glan reilteineach ciuin: ba gruama agus ba geal an lá é. An t-ochtmhadh la .i. dia domhnach. Maidin ciuin nealtach; la mar an cceadna: oidhce fearthanna: gaoth garoideach aniar. An naomhadh la .i. dia luain. Mochmhaidin fearthanna d'eis oidhce fearthanna: maidin tromnealtach soinninne: meadhon lae agus trathnona slamnealtach galgreineach: trathnona deighionnach nealtach: oidhce soininne ciuin. "Nil annsa la anois acht maidin agus trathnona." An deichmhadh la .i. dia mairt. Maidin slamnealtach geal greine: la mar an cceadna: oidhce fearthanna go ham dul cum leapthan, an tan do glan an speir suas, ar feadh tamal: gaoth garb gartach aniar air feadh an lae agus na h-oidhche: anfa anba ar feadh leath uaire um an t-aon bhuile deag.
An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin ceathanach tromnealtach fuar, d'eis oidhce tromceathanach: gaoth gonta aniar "Fuar gach fliuc." Glastuile san Amhain. Is comsamhail nach ar thuit ainiomad fearthanna suas ar Sliabh Ardach, na air ar cnocaibh na Cranaighe, as a bfasan Amhain a Righ. Fasann Amhain a Righ as na cnoic laimh le Cill-an- Ailli agus gabhan si uisge Poill na Cailighe agus a mion-rannaibh Moinbaile Seamuis, agus moin Coill a Duibhtir etc: acht tagann an Amh Muimhneach o Sliabh Ardach agus o Cnocaibh na Cronuighe ag meadugadh Amhain a Righ leath mhile suas o Callain, mar seo: - (Féach an léarscáil) Deire le duibhre na samhna agus tosach le Ré San Caitilin andiu an t-aonmhadh la deag. D'eirig an tuile go mor um deire laoi, cia go raibh se na soineann: oidhche reiltinneach duibhre.
An dara la deag .i. diardaoin. Maidin aoibhin aorach speirgorm geal greine: gaoth geur aniar: sneacta air Sliabh na mBan Fionn o bonn go barr .i. mullach Suidhe Finn: leacoidhre ar lochánaibh ceathramha ordlach ar tibheacht o aon oidhce amhain seaca; acht ni comhsamail go leanfadh se ag sioc, ma fanann an gaoth san ard siar. La breagh mar an cceadna. Chidhim sneacta ar Cnoc Breanduinn (Brean-daill) agus air gach sliabh ard eile um thimchioll. An treas la deag .i. dia haoine: - marga na muc a cCallain. La breagh nealtach ciuin. An ceathramha la deag .i. dia satharn: - la aonaigh Callain. Maidin breagh nealtach ciuin, do deich a clog: la breagh slamnealtach geal greine: adharca Re San Caitilin le faicsin anocht: oidhce tromnealtach braonach ag ocht a clog. An cuigmheadh la deag .i. dia domhnach. La breagh trom-nealtach: gaoth ciuin aniarndeas: oidhce tromfearthanna. An seiseadh la deag .i. dia luain. La breagh nealtana greine: oidhce tromfhearthanna anfadhach: ba garthach geimeach an gaoth garg aniar ttuadh; acht nior sguabad an uiread slinn na dion o ceannaibh tigh is do sguabadh an t-ochtmhadh agus an naomhadh la ficiod de Mi na Samna se gabh tarainn. An seachtmadh la deag .i. dia mart. Maidin agus meadhon lae garbh garthach gaoite aniar ttuadh d'eis oidhce anfa: deire laoi ciuin: la nealtach sonininne: tuile treun sgeithanach. An t-ochtmhadh la deag .i. dia ceadaoin .i. trosga. La tromnealtach ceathanach d'eis oidhce ceathanach anfa: gaoth biogamhail andeas: tosach oidhce tromfheartanna: soineann am codach agus dulta cum codlata: oidhce anfa. An naomadh la deag .i. diardaoin. La tromnealtac, trom-ceatanach: anfa aniarndeas: oidhche soinine anfa. An fithcheadh la .i. dia haoine. Maidin anfa d'eis oidhce anfa: gaoth garthach aniar: la anfa aniar. tirm tromnealtach:
deire laoi slamnealtach speirghorm gealaighe gaothmhar gar-oideach. Feighil (.i. feil Vigil) .i. faire: an allod ameasg na ccriosduighte tosanuigheach an la comhairighthe ag luidhe greine agus as sin la-go-noidhce go luidhe greine an la na dhiaidh sin, agus ba gnaith leo bheith ag feighil no ag faire Chuirp Criost o luidhe greine satharn Casga go h-eirghe greine domhnach Casga: agus na dhiaidh sin ba gnath an feighil ceadna o luidhe greine roimhe gach feusta no saoire, agus as so goirthear Oidhce an Nodlag don oidhche roimhe la an Nodlag etc.; oir ba cuid don la nadurta nó la-go-n-oidhche an oidhce roimhe an saoire. Na dhiaidh sin, ba gnath an feighil seo air feadh an lae roime la saoire, agus, da brigh sin goiread oidhce na Nodlag, etc., don la-go-noidhche roime saoire. Mar so Oidhche Samhna, Oidhche Fheidhil Seaghain .i. oidce an (sic) teine cnamh, Oidhche Feidhil Martain, agus mar so do gach la-go-noidhche roimhe saoire no la spriocalta mar ata Oidhce Bealltainne; act aon la eile, mar ata, oidhce dia luain, oidhce domhnaigh, tuigtear an oidhche noch a leannas an la ainmnightear. Ex. oidche domnigh, Sunday night. An t-aonmhad la ficiod .i. dia satharn. La aoibhin aorach speirghorm geal greine caoin ciuin: ni raibh la breagh againn o tri seachtmhuinn is la iaruande: drochmarga feola agus beagán ceannach: ta muc marbh ann gach aon baile beag fearainn. An dara la ficiod .i. dia domnach. Tromcioth roime breaca an lae: la agus oidhce tromceathanac: gaoth garbh aniar. Is anrodach an aimsir odlaig i. Ni feacadh a leiteid eile ariamh: oidhce tromceatanach: tuile treun san Amhain: ta gach dig lan d'uisge anois. An treas la ficiod .i. dia luain. Maidm tromnealtach: braon a mbeul na gaoithe: la tromceathanach go luidhe greine, an tan do glan an speir suas beagán: oidhce ceathanach ciuin:
tuile sgeitheanach treun an Amhain-a-Righ. Ta eagla orm go ndreothadh cuid de siol na cruitneachta an isleanaibh. An ceathrama la ficiod .i. dia mairt: Oidhce 'an Odlag .i. la trosga. Maidin agus meadhon lae tromnealtach, tromceathanach ciuin: an grian ag taitneamh ar feadh da uair an cloig roimhe luidhe greine: trathnona deigheannach braon a mbeal na gaoithe ciuine aniar: oidhce lanré ciuin slam-nealtach. Is mor teasduigheann soineann; oir ata sugha sileann agus fasga anios an urmhor lagbhothain na tuata, go hairighte cois tsleibhe agus cnoic. An cuigmheadh la fichiod .i. dia ceadaoin: la an Nodlag .i. Ogh-luig. Maidin aoibhin aorach speirghorm geal greine ciuin caoin caomh: la mar an cceadna, agus oidhce nealtana gealaighe. An seiseadh la fichiod .i. diardaoin .i. la feighil Steaphán: gaoth andeas. Crom se ag clagadh ag glaodh-an-lae, agus do lean ar treas an maidin agus meadhon lae go trathnona, an tan do glan se suas, le gaoth aniar: oidhche aoibhin aorac speirghorm gealaighe: gan oiread mo baise de sgathmball (sgamal): urdhubha iongantach air an gealach am dulta a codla. Bhi ainiomad reiltionn go lonnrach, an tan do crom an urdhubha ag dul ar ccul. Ba aoibhin an t-adharc ordha bhi ar an geallach. An seachtmhadh la ficiod .i. dia haoine. La nealtach: gaoth aniar. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia satharn. La tromnealtac tromceathanach: gaoth aniar: oidhce nealtach gealaighe soinninne. An naomhadh la ficiod .i. dia domnach. La breagh nealtach soinnine: gaoth glórach aniar. An deichmhadh la fichiod .i. dia domnach luain ba choir. La nealtach soininne, d'eis deire oidhce doinninne: gaoth aniar. An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia mairt .i. Oidhce an
odlag beag. Maidin anfa anba d'eis oidhche anfa: anfa o cead glaodh na gcoileach: gaoth gartach giuineac garbh aniar: la mar an cceadna. Is garbh an deire so ar bliadhain garb dona: oir bi se seachtmhuine doinninne againn roimhe an naomadh la de bhuidhemis agus ocht seachtmhuinne siorsoinninne na dhiaidh. Thug an siordoinin gan potataoi do chur an am, agus an siorsoinninn gan leigean doibh fas, an tan cuireadh iad; da bhrigh sin taid siad go h-olc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services