Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúileabháin I
Title
Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúileabháin I
Author(s)
Ó Súilleabháin, Amhlaoibh,
Compiler/Editor
McGrath, Michael
Composition Date
1827
Publisher
(Londain: I.T.S., l936)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CINNLAE AMHLAOIBH UÍ SÚILEABHÁIN 1827 GIONBHAR (Cinnbhair .i. Ceannbhair .i. ceannmhulach na bliaghna. Rath Dé: "gionbhar gruama dorcha duairc"). (Ni tagann an seanfhocal so leis an mi se a mbliaghna.) Aimsir breagh seaca air feadh an mhi se: sgologa ag cur leasaighthe amach o cinnfearanaibh etc. Nil blaith le faicsin acht an noinin, agus blaith an aitinn, agus chitear iad so araon gach la sa mbliaghain, da annrodhach an aimsir. An 26 la den mhi se, do ghabhas fein .i. Amhlaibh Ua Suiliobain seanchaidh, agus an tOllamh-leagha Padruig Ceiting o Challain, cois
Amhain a Righ, tre Caislean Aoibe, mile go leith soir o Challain, agus do ghrafas cairt air a chaisleain agus a bhabhan badhbhdhún agus do bhuaileamair o sin go Ceananas, agus do bhreacas cairt eile ar mhainistir Ceananis, agus ataim a sgriobh eachtra Ui Mearcuraidh. Ag Muillean an Iucaire, idir Muillean Ui Briain agus Muillean Cille Briocain, conairceas dobharchu ag iasgaireacht. FEABHRA FAOILLIDH (Faoighligh .i. luthghair). "Faoilidh fliuch leat lae neamhshuairc. (Ni thagann an seanfhocal so leis an mi seo a mbliaghna). Aimsir bhreagh seaca air feadh an mhi se: sgologa ag treabhadh, acht an tan bhios an sioc ro laidir no cruadh. Nil blaith le faicsin acht an noinin agus blat an aitinn, na crann Gaodhlach glas acht an cuilean agus an feidheanan no gort, agus cuid den aiteann, agus giubhais, agus an crann dearg labhrais. Do mheath an coirce noch do speal no do cuireadh am Feil Michil. MART ("Marta meirgeach gaothmhar cruadh"). Ní Thagann an leath deire don mhi leis seo. Mi Mart .i. mi na mbó. Leath tosach an mhi se ro annrodhach; fearthainn
trom, tuiltighe, anfadha. Port mona ag imtheacht le teacht uisge faoi in Olltaibh: airneis da sguabadh air siubhail laimh le Doire Calgach: an leath deire den mhi breagh: caisearbhan, buidheacán vulgo paidheacán, .i. buidheacan-bo-bhliucht, baine-bo-bliucht, salcuach, uile anois faoi bhlath. Ta an t-soileog dearg agus bán (salics) faoi blath: ata an draighneog, agus an sgeach gheal .i. scé .i. uathadh ag gobughad amach anois: ta duilleabhar air feathlog, ar feirdhris. Ag comhla uisge noch ata san mballa a meadhon linn Muillinn Ui Briain, do chonarcas dobharchú ag iasgaireacht, agus is doith gur maith an t-ionad iasgaireacta dho e, oir tagann an t-uisge na thulchaighe fe an chomhla-uisge. ABRÁN (.i. Athbraon: "Abraon braonach meighilleach nuadh."). An céad la .i. dia domhnach. Do chuadas le socharaid dearbhshear mathara Sheoin Ui Riain go Teampull Loisc .i. Cill Train. Do ghluaiseamar o Challain ag buille a chlog tre Sceach a' Cloithreán, tar Cnoc Riabhach agus Tullach Mhaoine, tre Baile Ui Macadhamh i. Baile-mic-Dháibhidh go Teampoll Loisc, thimchioll cheithre mile gaodlacha o Challain. Ta cloch san righlig ar a bhfuil grafadh an Bliaghain cuig cead agus da bhliaghain air caogaid (552) d'aois Chríost. Is ro aluinn an tir i seo thimchioll Teampoll Loisce. Taid coillte giumhaise ag Teampoll Loisc agus ag Cill Coráin. Is tir breagh cruitneachta coirce eorna beag agus mór agus potataoi í, cia gur mheathadar an uraidh (1826) tre tiormacht na bliadhna. Tá an gorta buidheghorm tres an duithche anois: cuig phingne go leith air cloichin craite potataoi (ceithre puint deag san ccloich); ocht sgilinge deag air bairille coirce (ceithre cloca deag san mbairille); agus daoine bochta gan obair gan tuarasdal do cheannochadh biadh na annlan: na bochtain gan fiu na deirce fein le faghail aca, acht iad da ccur a bhaile go n-a bparaistige fein: bochtan Callain, timchioll trí cead muintir, no cuig cead deag daoine, san aindeise.
Ta bailiughadh da dheanamh doibh on Tighearna Clisden .i. Clifden, sagart agus ministeir a' poraiste, an suafrao agus ceannaighthe Callainn; acht is gearr le dul ar a leath e, go bfoireadh Dia orra! Thangas abhaile air mo socracht. La breagh bog aoibhin aorach e, go dimhin. An dara la .i. dia luain. Do ghluaiseas o Chalain ag deich a chlog go Cill Mic Eanda .i. Cill Mo Gheanna i gcuideactain Marghraod de Bar baintreabhach, agus a h-inginn Marghraoidin milisbhriathrach binn. Bhi seana-chapall trucaile leathchaoch corptruagh crubtrom stagach, agus cingire coiriceach ciardhubh, .i. Micheal Ua Cuidithe, mar ghiolla againn. Do gluaiseamair tar Droichead na nGabhar sios cois na h-amhan do Mhuillean Ui Bhriain, do Baile Mailearta, do Theampull Geall, thar an Camuisg, do Cathair Leisg, do Bharrsguabh, agus annso d'iompuigheamar budh dheas. Is ro aluinn an tir i seo o Challain go Barrsguab. Ta giubhar cruitneachta a tosach ar teacht air agaidh go maith anois. Ataid aniomad coillte agus gorain air gach taob don bhothar, go h-airighte ag Ballach a' Tobin, no Beallach a' Comhais Chobhais; acht o Barrsguab go Ros-an-eara agus .... ta feachain fasamhail ag na talmain ar gach taoib, liontain fliucha, agus an criadh bhuidhe le feicsin; acht is aluinn feuchuin ar Sliabh na mBan siar budh deas faoi caipin ceo, agus is ro dheas na cnoic bheaga mar slabhra o Sliabh na mBan go Baile Ribin, le gorain giubhse a fás orta o bhonn go barr. Is deas an baile beag tuaithe Cill Mic Eannda. Ataid a lan tighthe nua da dtogain. Nil ac coroin ciosa bliaghnamhail ar ionad tighe agus clois. Ta cloch ruadh (no buidhe) maith le faighil fagháil ag ceann an bhaile as taoibh an cnoic le tarang gearr, agus slinn go leor ag Ath na
Slinteacha i ngar do. Tangamar abhaile go socair samh d'eis braoinin uisge beata d'ol ag tig osta an Paora. Bhi an la uile, agus an trathnona go h-airighthe ro aoibhin. Ag cora Muilleann a' Bhrianaigh ta eas agus linn bhreagh, inis soileog air taobh theas don linn, agus oilean go gcranna giubhaise air an taobh tuadh. Seasadh an aindear aluinn idir me agus an t-eas, ag abhran, agus a' t-eas ag cronan, agus na crainn ag camhran; seasadh si mar bean sidhe a cceo an easa. Bhi greidn air mo chroidhe. Bhiodar sgamail croidhearg la 'na luidhe air Sliabh na mBan; d'ionntaidheadar o croidhearg go buidhe, o buidhe go glas, gorm, dubh, ciardhubh. Do sdad an aindirín. An treas la .i. dia mairt. An maidin: an gaoth caoibheasach cruadh. An trathnona: cioth bheag noch do chiunadh an gaoth. Sé pingine air cloichin potataoidh. An ceathramhadh la .i. dia céadaoin. An maidin: gaoth 'niar a-ndeas agus fionn-fhuar. An trathnona: gaoth a-ndeas agus fionn-fhuar; fo-cheobhraon; an speir neulmhar: oidhche. An cuigeadh la .i. dia Ardaoin. Gaoth andeas, speir neulmhar: caipin ceo ar Sliabh na mBan: fo-cheobhraon, fion-fhuar. Tugas abhaile liom o Gabhaltas an Mhionain caisearbhán, buidheacán, noinin, dearna Mhuire, garbhlus agus fearbán no gairgín (earáid: ni h-eadh, óir nil se garg acht min). Trathnona glasfuar: oidhche ceathánach. An seiseadh la .i. dia haoine. Fo-dhuine ag cur potataoi: maidin glasfhuar: gaoth a-niar ndeas: la nealmhar. An trathnona: gealáin agus nealáin: oidhche aorach gealaighe: tosach an dara ceathrugha don ré. Leath coirce na tire curtha.
An seactmadh la .i. dia satharn. An maidin nealmhar; ceobhraon le gaoth 'niar ndeas: deich a clog gaillingeach ceathánach: gealáin: an tir com glas le geabhar: margadh mor potataoi, coirce, mona agus guail: se pingine air cloich potataoi; ó seacht sgillinge déag go púnt air baraille coirce; deich fichiod air chruithneact ag Muillean a' Bhrianaich: deich bpingine air chead guail: da sgilling ar chisín mona, Poll na Caillighe; leath-choroin air chisín mona, Poll a' Chapuil: ó thuistiún is leathphingin go rael is leathphingin air cead plandaighe cabaiste: chuig pingne air pota mine no fiche sgilling air chéad mine: meadhon lae grianmhar: oidhche gealaighe aoibhin. An t-octmhadh la .i. dia domhnach. Maidin aoibhin greine ciuin: is ar eigin chifeadh beagan nealta tanaighe ag corruidhe: ceo air na cnuic is air na sleibhte. Is aoibhin radharc o Ceann a' Fatha; ceo tana ag leathcheilt Cnoc na Caraige, Cnoc na Ratha, Cnoc na Pollaighe, Sliabh Ardach, Sliabh na mban, Sleibhte Cúntao Phuirtlarge, Sliabh Dile, Sliabh Breathnach, Cnoc Breanaill (Branduin) Bearna Copana. Is ar eigin chithear na Staighrighe Dubha, Stuadh Laighean na Cnoc Achadh: meadhon lae neulmhar glas: trathnona aoibhin. Do chuadhas a spaisteoract sios Bothar na Mionan agus tre Moinfhéar an Damhaisg, tre Gabhaltais an Mhionain, don tiníl, gus an Cora ag an ceann thiar d'Oileana-an-Ghorain Giubhaise. Chonarcas slugthan mar galltrumpa. Se an chuma tarla so: bhi poll san ccora, agus an tan do stadadh an t-uisge agus dob eigin do dul le na mheadhachan sios san bpoll deis timchioladh d'faill, bhi an t-uisge do reir nirt timchiollratha ag leathnughadh san bfuaidreadh, agus do lion an t-aor an log an
a lár. Act mar do bhi an t-uisge fuaidreadh agus an t-aor fuaidreadh na lar ag tuitim sios, bhi corp an uisge thimchioll air da bhfasgadh nios laidre is nios laidre, agus ba bhrigh sin, bhi an log lair noch a bhi lionta d'aor da chaolughadh mar gall-trumpa no cuachog cam casairníneach. Bhi an t-aor mar an chuid firionn do agus an t-uisge mar an chuid buinionn, agus d'eis imteacht tre poll san ccora bhi an t-uisge ag eirghe ar an dtaobh eile don chora na thulcaighe le nirt an aoir bhi ann, agus le na dheineacht fein. Bhi slugthan beag le taoibh an tslugthain mhoir, act do bhristidh go minic e le fiadaille noch a bhi a fás san uisge, agus tar eis tamall chromadh air aris. Ag teacht abhaile dhom tar Droichead na nGabhar chualas air gach taoib díom an smolach, an fuiseog, agus gac einín bin eile ag ceileabhradh da cheile. Bhi ... agus cuinín ag sugradh ag coinniceir na Meanain. Badar oganaigh agus oigmhna an bhaile a siubhal cois Amhain a Righ tres na moin-fhearthuighe. Chuadhas go h-easbar ag seipeal na mBrathar ag eisteact le ceolta neamhdha. Dia luain .i. an naomhadh la. An maidin neulmhar ceo-bhraonmhar: gaoth andeas fionnfuar: margadh na muc gacha luain ó Nodhlug go Bealtuinne: meadhon lae neulmhar bog-braonach: trathnona fearthuinn gan traochadh: crónughadh lae fearthuinn cuideasach: oidhche bhreagh: gaoth attuaidh; ciuin An deichmheadh la .i. dia mairt. Maidin geal greine: dar ndoith ata an giobhar a planndughadh andiumh: deich a chlog gealáin agus neulain: gaoth attuaidh ciuin bog: meadhon lae trathnona agus cronughadh lae, nealain agus gealain: oidhche ciuin solus-gealaighe. An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin .i. ceadaoin a' Bhratha. An maidin neulmhar: gaoth andeas beó: meadhon lae neulmhar: gaoth andeas: trathnona neulmhar: gaoth anois .i. anoir ndeas le ceobhraón: oidhche neulmhar. An dara la deag .i. diardaoin .i. an diardaoin roimh domhnach Casga. Maidin bog braonach: Stuadh Laighean agus
na Staidhrighe Dubha muchta a neulta dumha agus a cceo: leath Sleibhe na mBan faoi tromualach sgamal: Sleibhte Deise, Sliabh Branduin (no Breindill) agus na cnuic ar gach taobh de Bhearna Copana ag sádhadh a ccinn suas annsna neultaibh dumha: na cnuic eile timcheall gan neul na ceo: gaoth beo aniar: an la ag glanadh suas: neulain agus gealain ag naoi a chlog: an tir chomh glas le giobhar. Ta suil le Dia agam go mbogfadh croidhthe na ndaoine. Taid trí cead muintir a cCallain ag dul a ngorta. Meadhon lae gaoth laidir aniar, ciothán agus gealain. Chuadhas sios cois na hamhan go gleantan aoibhin Muillinn Cille Bhriocain. Ta cloch aoil faoi an amhain agus air gach taoib de san ngleanntán aoibhinn; acht is doith liom nach bhfuil si go maith chum (doighte no) doghadh. Ta si lan de chloich tinne, cloich drithleáin, agus sioga de cloich chomh geal le marmar na h-Iodaile. Ta si dreoighte a ccoilear in a bhfuil na sratha ag claona siar bud thuadh agus eochracha direacha reidhe. Ta si air luidhe na talmhan (no cospannach do aghaidh na talmhan) a ccoleir eile. Is í an cloch aoil saidhbhris na duithche seo: deire lae breagh. Si seo .i. an dara la deag do mhi abrán, an chead la de tri laethe na seanriaibhiche .i. tri laethe noch do rug sine na sean-marta de thosach sean-abraoin. Seo mar adeir an sgeul: - Bhi seana-bho riabhach ann sa tsean aimsir nachar muchadh a ccae na a slugaire ar fead mi na marta, agus an tan thainead an cead la de sean abraon, do chuir si a h-iarball na chuilg-sheasamh, agus do crom uirthe a rith agus a geimre le gairdeacas an sine breagh do theact agus i fein bheith saor slán o gach anachuin, d'eis "marta meirgeach gaothmhar chruadh" do chaitheamh. "Foil! foil!" ar sine na sean-marta, agus do chuaidh an gairbhsin ag fiosrughadh seimhshine an "abrain braonaich meiligh nuadh", agus d'iarr trí laethe uirte. "Tugaim-se sin duit", ar sine abrain, "act go bposair mi". "Posfad
ceana" ar an garbh-bhodach beodha leis an seimh-shine sighe, agus do seid an gaoth cruaidh craite goineadach gaifeach anoir ó Druim Alban, agus do chuadh an tseanriabhach a ccae ag iarad feur glas bhi a fás air uachtar bogaich, agus do bathadh í. Gona uadh so raidhtear tri laete na sein-riaibhche. Amhlaoibh Ua Suiliobhan a cCallain a' chlampair i mir Cille Chuinigh. An treas la deag .i. dia haoine .i. aoine an cheasda .i. an dara la de thri laethe na seinriaibhiche. An maidin, neulain agus gealain, gaoth aniar ndeas beodha, neulta air barraibh na morsliabh, Stuagh Laighean nach beag muchta a cceo: meadhan lae agus trathnona, gaoth ciuin niar andeas, brothallach, neulain agus gealain, na neulta mar lomaraighe olna air muin a cheile go breagh bog. O Muilean Cille Bhriocain chonarcas na Gailte siar on cCathair, an maoilin oirthear maol, an maoilinn iartar na bheann mar beann tinneshliabh: ceo tana mar únan idir me agus iad: sleibhte Deise a bagairt a ccinn orm tar Bearna na Gaoithe: tir saidhbhir agus daoine bochta: ceist agam ort: cad as so? An droigheann faoi bhlath gan a beith glas, agus an uath glas gan blaith. An ceathrughadh la deag .i. dia satharn .i. satharn Casga .i.an treas la no an la deighionach do trí laete na seinriaibhiée. Maidin ciuin mar ainnfhir og ag eirghe: speir gan sgamal act aon neulain amhain ag ardughad ailneachta mar clais a smeigin na h-ainnfhire: Sliabh na mBan Fionn glan gan ceo: Stuagh Laighean agus na sleibhte agus na cnoic oirthearach eile 'na luighe ar leaba cheo, ag ardughadh a ccinn, ag smeideadh air an ngrein, mar oigbhean chiuin air a fior posda: ta greidin air croidhthe na mbochtain ag suil le greidhm feola amaireach: taid daoine na tuatha ag cruinniughadh asteach chum an mhargaidh: ni ithid lucht bothain tuaithe feoil acht tri laethe san mbliagain
.i. la a nodlag, mairt innide, agus domhnach Casga. Meadhan lae brothallach, speir gan ceo: trathnona, gaoth beodha aniar, foth-neul. An cuigeadh la deag .i. domhnach Casga. La aoibhin: meadhan lae d'fag cuigear aguin Callain cum dulta go Tigh-na-hinnse. Do chuamar tre Graigamhluighe (no Graig-dhubhluighe), tre Dair Mhór, tre faschoill a' Tighearna a poic-leimnigh, tres an Doirínn, Úrachillinn de na heisg- linntibh go Tigh-na-hinnse. Is ro aluinn radharc na tire ón ngrianán taitneamhach so. Bhi gal ón ngrein, badar na sleibhte dubhghorm budh deas, Cnoc na Caruige lamh linn budh tuad faoi faschoill, agus Cnoc na Ratha siarthuadh mar an cceadna: badar coillte cluthara 'nar n-úirthimchioll, foinnseog agus dair gan duiliur a fas a measg giubhais gnathghlas, moinfhearthuighe comh mín le sioda no sról agus chom glas le giobhar; is ionnan agus parrathas talamhuighe é. Do bhuaileamar soir gus na reidhilltheain lamh le Baile Ui Gheile, go tigh an Bhuiltearaigh, ait a bfuaramar builin bán, muicfheoil meith, caoirfheoil cumhra, potóg breacbhan, agus braon uisge beatha, no sile na hornan le n-ol o ban-odhastóir aluinn. Do ghabhamar abhaile go meadhrach tre Tullach Maoine, Cnoc Riabhach etc.: trathnona comh breag is chonarcas ariamh. An seiseadh la deag .i. luan Casga no la na comhoboige. Maidin greine greadhnach ciuin: meadhan lae, na h-ogmhna agus na h-oganaigh ag ithe a ccomhoboige agus ag ol is na tightibh osda: trathnona, na tighthe osda lionta le daoine oga fos: an la ro bhreagh. An seactmhadh la deag .i. dia mairt. "Da fhada e an t-ol is tart e a dheire". "Is milis dha ol é, is searbh dha dhiol é". Bhi cóip na sraide ro-garoideach ag trí a chlog air maidin: taid cuid diobh air na canuighe dubha fós. Ni misde cóip do glaodh orra, oir is iad fein cóip (coipe) na liontaraigh, mointeanaigh agus na sleibhteainigh salacha gan meas gan muine.
Maidin gaillingeach ag ceilt agus ag dicheilt na cnoic, na sleibhte agus na coillte dumha 'nar n-úirthimchioll: gaoth beodha cuibheasach cruadh anoir: curadoireacht coirce criochnuighthe: meadhon lae agus trathnona dorcha ciuin, oidhche mar an cceadna. An t-ochtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin greine greadhnach gan ceo: meadon lae, do chuadhas fein agus Margraeidín meadhrach binnghlorach De Bar, agus duine eile go Tigh-na-hinnse tres na boithre ceadna noch a ghabhas domhnach Casga. Do chsiublamar tre coillte dubha giubhaise gnathglas, tre boithrinighe breagha, anois camm, aris direach sgaite o gnuis na greine, ag eisteacht le feaduigheal na fuiseoige sna moinfhearthaibh a leathtaoibh, le minfhead an loin, an ceirsigh, a smolaigh agus gach binn-ein eile, air comhguth le Margraoidin mín binn beoghlorach De Bhar. Do chailleamar ar slighe a ngleantan dorcha diamhar, go nach fios duinn soir seach siar na deas seach thuadh. Faoi dheireidh shiar thall thangamar tre cuasain caonaich agus doirighe dreiseoige, agus fainghleanta fuinseoige, agus gorain giuibhise gnathglasa, go cluanlachan na lion na liontadh agus na liontain, na gaisighe na n-eas agus na gcannran. Sonn bhi an lacha ban, sa bardal breac, sa londubh go h-ard ar bar na sgeach ag ceileabhradh da ceile. "Taim curtha," ar Margraoidin min binn beoghlorach. "Taimse mar an cceadna," ar me fein. "Suidheam sios air caonac na craige." "Suidheam cheanna." Le cannran na n-eas thuit neul ar Margraoidin min. Gluais, a ghaoith, lead coranán tre crannaibh an lionntan! Na biodh .i. bí beoghlorach na bagarthach! Do sheid an gaoth go ciuin tre folt an fanuighe faon, ag nochtadh muineal chom geal le h-ala ar linn. Bhadar a puisínighe chom dearg le caora cartainn, chom milis le mil, a brollach ban mar dha sleibteain sneachta agus .i. ag eirghe 'sa ag luidhe mar tonnta Amhan a' Righ, a coimín caol, a toinin triopallach, a coisínighe cumhra foilighte le h-ionar sroil go troidhte teanna. Siud da naosgach o liontan laimh linn tres an t-aor mar saighead o bhomha bhogha. Do phreab
m'andirín aluin o na suan samh. "Nach raibh liontan an Eirinn dibh as so amach go brath," ar me fein, "nach raibh cheanna! Ta an grian ag dul chum suain: bimid ag imtheacht abhaile." d'imthigeamar go trom treith, a laimh fe m'osgail, a ceann air mo gualainn, a suile ag claonadh chum talmhain. Ni cuibhin liom la b'aoibhne. An naomhadh la déag .i. diardaoin. Maidin aluinn greine ciuin bog: do chuadhas le Flora, soichín buidhe-donn, go Faithche an Aonaigh, den Amh Beag, Droichead na nGabhar, coradh Mhuilin Ui Bhriain, de na Mionain abhaile arís. Cia gur iomadh la o tháineadh blaith geal ar an droighnean donn is a-niomh indiu 's andé do cheadchonarcas duileabhar glas ag teacht tres an mblaith. Bhi an beichín binn ag cronan go caoin leam thaobh o Droichead na nGabhar abhaile: trathnona, gaoth geur attuadh: cronughadh lae, gaoth attuadh: fearthuinn trom ó seacht a chlog go meadhon oidhche. An ficheadh la .i. dia haoine. Maidin neulmhar; gaoth geur attuadh: sneachta air Shliabh na mBan Fionn ó mheadhon a aoirde go mullach Sighe Finn (Suighe Finn): sleibhte Deise a' bagradh a ccinn laith liath orm tar mullach Sleibhe Dile: bar Sleibhe Branduin (Cnoc Breindill) foilighthe le bairead ban: Stuadh Laighean agus na Staighrighe Dubha muchta a cceo: na sleibhte isiola agus na cnuic gan sneachta: nil acht fiorbheagán air an da mhaoilinn air gach taobh de Bearna Copana. As so uile is iontuigthe go rabhadar na magha uachtaracha don aor lionta le sneachta, agus gur bhog se annsna maghaibh iochtaracha suil raineadh leis teacht chum talmhan, agus ni iongantas so, oir bhi an talamh agus an t-aor laimh leis choimh teith air maidin ande is do bheidh .i. bheadh sé a meithiomh a' t-samhra. (Ni feas dom préamh an fhocail seo "meithiomh", na go de an mhi é diobh so araon .i. mi meadhoin a' t-samhra no Buidhemis. Is doith liom gurab é a shanasain mi-fithiomh, oir bid na daoine a fithiomh leis an bhfomhar san t-samhra; no mi-tamh .i. na
laotha madramhla an tan bhid daoine támh no marbh le brothall na haimsire - Amhlaoibh Ua Súiliobháin): meadhon lae, gaoth attuadh beodha: chuadhas go tinn-aoil na Meanáin: bhadar na Staighrighe Dubha muchta a cceo: bhi Stuagh Laighean ó Bhearna an Sgollaigh go Bun Cloidigh foilighthe le sneachta liath ó neulta os a gceann: bhi Cnoc Breindaill mar an cceadna, agus sleibhte Deise amhla san: Sliabh na mBan Fionn comh fionn le h-airgid nuadh-glanta ó taithneamh na greine: na Gailti go glegeal, agus an cocán mullaigh no beann ata orra chom geal le muineal ealla. Ni gabha dul go h-Ailp na h-Iodaile chum radharc breagh d'fhaill air sliabh is gleann. Ta an geibhre ar na sliabhaibh árda, an t-earrach air na cnocáin cumhra, agus an samhra is na mórghleanta: trathnona, an grian ag taitneamh air Stuadh Laighean; ba aluinn aighead an aithigh oll. Bhi an sneachta gan leighead air a thaoibh shiar theas, cia go raibh se ag leigheadh go mear air thaoibh thuaidh Sleibhe na mBan agus gach sliabh eile acht beann na nGailte, agus taobh thuadh sleibhte Deise. Go de an chiall so? Ta port mona air taoibh thuadh sleibhe na mBan. B'fheidir gur .i. go leidheann an uire nó taisleach é: crónughadh lae braonach: oidhche neulmhar. An céad lá air fhichid .i. dia satharn. Timchioll a dó air maidin da cheathan breagha: is comhsamhail leis an cCloidin go raibh ceathain eile ann an fhaid bhios am chodla: maidin ar mhota Ceann a' Faithche, bhi Sliabh na mBan, na Cumaracha, Stuadh Laighean, agus an Staighre Dubh muchta a cceo. Is air eigin do chonarcas Caraig Micliar, Cnoc Breindill na an da chnoc ar gach taoibh do Bearna Copana: ta Sliabh na Leac agus Sleibhte Í Duach muchta a cceo: chim faoi cheo Cnoc na Caraige, Cnoc na Ratha, Cnoc na Pollaighe, Sliabh Ardaigh, Sliabh Dile, Sliabh Breathnach: gaoth attuadh beodha; ceobhraon agus tromneulta. Is neamhchosamhail leis an maidin ande é, cia go bhfuil se chomh mhaith do ghiobhar, do mhóinfhéarthuibh, do bhantaibh, agus do gach uile nidh ata a fas. Ataid sgológa sásta ag cur seamair chapuill d'eis coirce do chur. Meadhon
lae caitedh ag airiomhadh lucht bothain ata cum beagán mine coirce d'fhaighil air leath luacha, .i. dha phingin go leith an pota. Ataid céad go leith de mhuintiribh airighthed cheanna: ataid an oiread eile ag iaradh comhartha cabhra, acht ca bhfaghtar dhoibh e sic, muna bhfuil aige Dia? Tráthnóna duibhnealmhar: gaoth beodha attuadh: oidhche gaothmhar garbh. An dara lá fichiod .i. dia domhnach. Dó a clog air maidin, an gaoth geóineach garb: comhartha an chruinne úd thall ag gíoscán: an oidhche tirm: maidin, gaoth anoir ttuadh: neulmhar: ceo air na cnuic: na sleibhte saor o shneachta, - acht ni fheadar ca bhfuil an beichin binn: ta an maidin fuar: tráthnona, do maoladhadh an gaoth attuadh beagan: taid liomaraighe ordha tumargathadh tiomargtha air dhruim a cheile 'sna h-iarmuiltighe fiormaimeintíbh thiar theas, agus an reithe aordha a' feachuinn cá bhfuil a gealtread nochtaighthe gan faice air a ttaobh: - a bhfocail eile, ta an grian a cur cuma lomaraighe ordha air neulta neimhe tiumargaithe air a cheile, agus is ceann des na da chomharthaighe dheag do chrios na mearathail an Reithe. D'athruigheadhar athruigheadar na neulta go cróchdhath, gorm, liathghorm, liath, crón: ta an oidhche ann is realta ordha ar speir glangorm. An treas la fichiod .i. dia luain. Maidin, ceathain is gealain: meadhon lae ceathain is gealain: tráthnóna goinideach, neulain is gealain: gaoth aniar air feadh an lae: na neulta mar lomaraighe olna geala agus glasa: giobhar ag plandughadh go h-iongantach: feur ag fás tar beulaibh bróg: luigheadh greine, speir glan acht fo-neul timchioll an uaircrios, corcra, gorm, ordha, cróchdhath, ar gach taoibh. An ceathramhadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin bíogamhail: gaoth aniar ttuadh, gealáin agus neuláin: sioc liath air maoilin na morshliabh 'nár n-uirthimchioll: mórsgáile ag triall tar brollach Sleibhe na mBan, 'na ttríogh-uilleanaibh,
'na cceathair-uilleanaibh etc.: speir glan os ar ccionn, na neulta tiumargaidhte ar a cheile air an radharc-chrios (.i. an crios air a ghlaodad nglaodhadh saoithe na sean uairchrios) agus is ró-fhuras a chiall so a thuigsin, oir ma dhealbhamaoid an samhuil cruinne so, A E D agus an t-aor B C F ina snamhaid na neulta, bíodh an duine 'na chomhnuidhe ag A, is iontuigthe don duine do thuigeas Eoiclid gur giorra A B ná A C .i. is giorra an line A B nar feidir neulta do bheith os ar gcionn na an line A C inar feidir neulta do bheith os ar ccomhair .i. an line uainn gus an radharc-cios, agus os giorra is doithide gur lugha bhios nealta ann: N.B.T. (.i. noch a bhí le taisbeanadh.): mion-cheathán sneachta le cruadh-shíne ag deith a chlog: meadhan lae, gaoth aniar ttuadh, mar air maidin: mion-cheathán cloich-shneachta le fuar-shine: idir a buile 's a dó a chlog cioth sneachta: o leathuair tar eis a sé go seacht a chlog cioth sneachta le gaoith ro-chruadh agus dubhneulta: is anrodhach an deire lae é: cronughadh lae beagán nios buige: a ccionn meadhain oidhche garbhghaoth. An cúigeadh lá fichiod .i. dia céadaoin. Maidin, an gaoth anír ttuadh ciuin: sioc liath air na mor shliabhaibh: gealain agus neulain. Is iad na morshléibhte chítear ó Cheann a Fatha: .i. Stuadh Laighean agus an Staighre Dubh idir Contae Cheatharlaich (.i. Aoibh Drona Uíbh Dróna) agus Contae Loch- garmain (Aoibh Cinnsiolach Uíbh Cinnsealaigh), na Cumaracha a nDéise no Contae Phuirtlairge, agus Sliabh na mBan agus na Gailti a Magh Feimhin nó Contae Tiobraid-Aron. Is iad na sleibhte isiola chitear o Ceann a' Fatha: Sliabh Ardach i Magh Feimhin, Sliabh Dile soir o Sliabh na mBan a Magh Feimhin, Sliabh Breathnach i nOsaruighe nó Condae Cille Chuinigh, Sliabh na Leac san taoibh thuadh do thriuchadh Gabhrain i nOsaruighe. Is iad na cnuic chitear ó Cheann a' Fatha: Cnoc Breindill an cnoc is aoirde dhiobh, agus slabhra cnoc o Ghabhran go h-Innis-
tiog, cnuic na Crannuighe a nOsaruighe. Is í an gleann chitear ó Ceann a Fatha .i. gach a bhfuil o Sliabh na mBan agus Sliabh Ardach siar do .i. go Sliabh Dile agus Sliabh Breatnach, bud dheas, go Cnoc Breindill, agus slabhra na ccnoc o Innis-tiog go Gabhrán agus go Stuadh Laighean soir, agus go Sliabh na Leac agus cnuic na Cranuighe budh thuadh. Da bhrigh sin chitear an chuid is fearr de Chondae Cille Chuinnigh ó Cheann a Fatha agus cuid de Chontae Tiobrad-Aron, agus ni miste gleann an arbhair nó na cruithneachta do ghlaodadh ar an ngleann so: meadhon lae, gealain neulain agus ceathain mionshneachta, cia gur imthigh an ghuimh ghoimh as an lá ó chiúineas na gaoithe: tratnona, d'imthigheas le Pádraig Ó Sealbadh, ceannuighe, go Gráig-iomhluighe a feuchain a ghabhaltuis. Chonarcamair ocht n-asail a' cur leasuighthe amach do aoineach amhain. Is líonmhaire asail anois lamh le Callain agus air feadh na mona na capuil, cia go ccuimhnighimse air an t-am in a rabhadar asail chomh tearc sin is go mbeid geite air chapul ceann diobh d'faicsin. Thug sgológ darab ainm Maolala Ó Maol Fhalaidh, laimh le Callain, trí fichid punt air stal-asal on Spainn da bhliaghain ó shoin, agus geibheann se punt air leim uaig. Taid ceathain a' triall go mall air bhrollaighe na ccnoc agus na sliabh agus tre ghleann an arbhair. An seiseadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin breagh: gaoth aniar ndeas: sneachta go leor air Cumaracha Deise, noch do chidhim do mhullach Tigh na Naoi Mile, cia nach bfuil sneachta air aon sliabh na cnoc oile am radharc. Cread as so? Dar ndoith, ní aoirde na Cumaracha na Sliabh na mBan, na Stuadh Laighean, no na an Staighre Dubh. Da bhrigh sin is o neul eigin bhi a snamhadh tres an aor gan moran leithead do thuit an sneachta, mar thuiteann ceathain fearthanna san tsamhra ar thaoibh bothair is gan braon do thuitim ar an taobh eile den bothar: meadhon lae, do cuadhas go muillean Cille Bhriochain, agus do chonarcas na Chumaracha de mhullach Bearna
na Gaoithe, agus bhi an sneachta orra mar air maidin. Do chuadhas gus an ngleanntán aoibhin air an taoibh shoir don mhuillean cois na h-amhan, agus cia nach bfuil acht beagan laoithe o bhios ann faoi dheire d'fhas lubh mar gairleog suas ann chum troidh troighe air aoirdeacht. Bhi leath-cheathramha acra ann, agus cia go raibh féar nios sia a fas 'na measg na mar do bhi san chuid eile den mhoinfeur, iona a raibh mar a dearfadh tri acra, ni iosfadh an bhó bhi ag infhíur ann an gairleog fiadhain se; bhi blas teith air. Deirthear liom, ma iosfadh na ba é, go mbeidh mbeadh blas na gairleoige den bhaine; acht is doigh liom nach baoghal go mbainfid siad leis sic an fhaid bhias aon sort féir eile le n-ithe aca. Is beag do chaoiribh lamh le Callainn, is aniomh indiu do chonnarcas na chead uain. An seachtmhad la fichiod .i. dia haoine. Ó trí a chlog ceatháin le gaoth andeas: comhthra na cruinne ud thall a' giosgain: fearthainn trom o seacht go naoi a chlog: maidin dorcha. Is gnath a cCallain fearthuinn le gaoth sheideas aimsir fhada andeas, oir is san ard andeas is fuigse aigein no fairge mór duinn .i. air a' ttaobh theas de Dheisibh Mumhan, agus is í an ghaoth andeas is teodha, oir seideann sí ó an rann don domhan is teodha, mar ata Afraic, agus is í an aimsir is teodha is eattroma, leis, mar is feas do lucht aeir-eoluis. "Is teodha sioladh don ghaoth andeas na teinne cheap a' domhan." Is iomdha nidh riachtanach chum fearthuinn trom do thuitim, mar ata, mórchuid gal do eirge ón domhan braonach suas san aor, teas no buigeacht, oir eattromuighean an teas an t-aor, agus is mar sin is lughadh bheis beas an t-aor ionamhail leis an fearthuinn do choimeád suas; acht má bhionn fuacht mór ann is gnathuighe leis an gal tuitim 'na reo, na dhrucht, 'na shioc, 'na sneachta no 'na cloichshneachta. Agus ni fulair an gaoth do sheideadh tar aigein no fairge mor, oir an tan seideann an gaoth tar tiortha mora, mar ata Asiath no Afraic, bion tiormacht mór ann, mar is gnath le fiaghaintibh
fiadhaintibh Bárca san Afraic, agus le fiaghaintibh Araibiath agus le fiaghaintibh Peirsiath etc. Is gnaith le gaoith sheideas aimsir fhada aniar agus aniar ndeas fearthuinn do thabhart go Callain, oir seideann siad tar an muir iartarach nó Atlantaic recte Athlainn act tuitean a lán don fhearthuinn thagann leis an gaoithibh seo a cCiaruighe (air na Cruacha etc.) a cCorca (air mullach Muisire etc.), a Luimneach (air Cnoc Fírinne etc.), a tTuathmhainn (air Sliabh Caláin etc.). Ni gnath fearthuinn trom a cCallain le gaoth sheideas aimsir fhada anoir na anoir ttuadh, oir seideann siad so tar an ccuid tuad d'Asiath agus don Eoirip, agus tar innis móir na Breatainne. Ni h-eifeacht an muir bheag gaodlach na an muir allamaighneach no gearmaineach. Ni gnath fearthuinn trom a cCallain le gaoth sheideas a bhfad attuadh na aniar ttuadh, oir seideann siad air feadh faid na h-Eirionn agus tuiteas tuiteann a lan don fhearthuinn thagann leo air sleibhtibh Tir-Chonaill, Tir-Eoigain, Dal-Riada etc.: na sleibhte faoi cheo: meadhan lae, trathnona agus cronughadh lae, neulta acht tirm. An t-ochtmhadh lá fichiod .i. dia satharn: maidin, buac liath ar Sliabh na mBan agus na Cumaracha: buac bán-bhuidhe air Stuadh Laigheann agus an Staighre Dubh. Ni chidhim síc na Gailte; ni chidhim Sliabh na Leac. Ta ceo tana bán-bhuidhe idir me is na sleibhtibh agus na cnocaibh eile: neulain agus gealain: gaoth beodha anoir. Chuadhas a feuchann talamh faoiligh go Mulaise don bhothar mor: go deimhin ba mór fairsing an bothar é, act ta se níos cungainge anois; is do mullach Mulaise gabhann se. Is iongantach gur do barraibh na ccnoc, agus ni .i. nach ag n-a ccois do rinntigh sean-bhoithribh na h-Eirionn; acht ni h-amhla ata anois, - is maith ata fios aguinn gur fhusa do chapall trucaille le tromuallach
gabhail air bothar a ccusba don radharc-crios, na suas a ccoinne na ccnoc. Taid coiléir cloich-aoil robhreagha a Mulaise, agus is cóir aoil, agus tighthe do thogainn, iad: meadhan laoi agus trathnona breagh bog ciuin: gealain agus neulain: crónughadh an lae mar an cceadna. An naomhadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin geal greine bog, is beag nach deurfuinn brothallach: "gan gal ann don gaoith, do chroithfeadh barr crann na blaith": an puth beag ata ann is anoir ata. Is air eigin chidhim na sleibhte a ccein. Ta ceo mar ughnan air bar baine bo idir me is iad, agus ata a mbarr air dath an aeir .i. liath-gorm. Is aniomh indiu do chonarcas an chead line geidinighe oga. Do chonarcas an lasair leana i liontain beag i cnoc aitinn le Uilliam Cros, agus os comhair Muillean an Ucaire. Ataid chuig n-acra cruithneachta ithte ag na torrain air fearann Riobard O Madagain sic. Chidhim an seibhirin seimhirín, O'C. 7 O'D. ag blathughadh agus an feiliocan ag eitiol. An deichmheadh la fichiod .i. dia luain. Maidin ciuin bogtheith: neula eattroma air feadh na speire: ceo ann gach aon ard: an spideoigín, mo einin fein, ag ceileabhradh da ceile ag fior-fhailtiughadh an la amaireach .i. la buidhe Bealtinne .i. comhgairm an lae ann a rugadh me (.i. Amhlaoibh Ua Suiliobhan). An dreoilin, an smolach, an ceirseach, an londubh, an gealbhan-tighe, an gealbhan-buidhe, an caistin-cloch, an riabhog-mona, an fuiseog (nó riabog) agus cead éan eile a cur le cheile air barr gach craoibhin cruim air comhghuth gradh' da cheile, agus ag sior sugradh tres an aer. Nil "siamsa na gliadar na n-ean go ciuin". Is greidhnach an maidin i, mile buidheachas le Dia: trathnona do chonarcas cuileoga air ttús. Nior chualas guth na cuaiche fós. Athsmuintighe air shíntighibh an mhi: - breagh, bog, ciuin aoibhin, geal, cruadh, fionfhuar; gaoth andeas aniar andeas anoir ndeas; neulain gealain ceathain le gach seal gus an ficheamhadh la: sneachta, sioc, ceathain, gaoth garb aniar ttuadh
agus attuadh, ceathain, sneachta, cloichshneachta, fearthuin le gach seal ón ficheadh la gus an t-ochtmhadh la fichiod. As sin breagh tri la go deire an mhi. Is feidir a radh le h-urmór an mhí: "Abrán branach meighilleach nuadh". MI NA BEALTINNE. An cead la .i. dia mairt .i. la na liathroide agus na craoibhe Bealtuine .i. comhghairm (.i. feiltiughadh no breith-fheilteacht) an lae ann ar rugadh mise, .i. A. Ua Suiliobhain. "Bealtinne buadhbreit liúighrigh laoi". Maidin greidhneach ciuin: na h-ein go siansanach, acht ni fhuilid gliadarnach anois ag seacht a chlog. Bhuaileas amach do Ceann a Fatha agus sios treas na gortaibh go Droichead na nGabhar. Ta giobhar an choirce ag teacht go laidir. Taid na crainn, beith-na-measa no faidhbhile, agus ailim no leamhan no leamh ag cur a nduileabhar amach anois, agus an t-ubhall agus an cairteog mar an cceadna: naoi a chlog, bog neulmhar. Is breagh e boladh an mismin dearg sic: ta an slanlus suas; an crann silín faoi bhlath agus an sgeach gheal a' tosach blathughadh: meadhon laoi fionnfhuar; trathnona gaoth andeas, biogamhail glasfhuar, gealain agus neulain: droch-aonach ag Muillean Ui Chuan: mórchuid airneise gan diol: airgid .i. airgead gann: na Cumaracha, Sliabh na mBan, Stuadh Laighean, an Staighre Dubh, leathmhúcta a neultaibh: buac air Cnoc Breanaill.
(Is doith liomsa nach Cnoc Breandaill an ainm ceart, acht Cnoc Breandainn). An dara la .i. dia ceadaoin. Ceobrán air feadh na maidne: tromneulta ar na sleibhteibh ag triall go mall le gaoth andeas: ta Stuadh Laigheann, an Staighre Dubh, Sliabh na Leac, Cnoc Breandainn (Breandaill) agus na Cumaracha foilighthe o bhonn go barr: is air eigin chidhim bonn Sleibhe na mBan: taid barraighe na mionsliabh agus na ccnoc faoi neultaibh dubha: feuchann an tir úr glas: taid na daoine tortthimcioll ag obair 's ag gnothamhadh, ag treabhadh talamh potataidh ag cur eorna, ag sathadh siol potataidh, ag cur faoilig agus leasaighthe eile amach: is roghnothach an aimsir í anois, agus go la Feile Seaghain i mi mheadain a' tsamhra. Meadon lae, na sleibhte agus na cnuic budh dheas agus soir faoi neulta, o bhonn go barr, ar triall go mall le gaoth andeas: na sleibhte agus na cnuic siar is thuadh glan o bhonn go barr: la breagh bog go deire. An treas la .i. diardaoin. O maidin go trathnona la bog dorcha, neulta eattroma, gaoth andeas: na cnuic agus na sleibhte glan o ceo agus sgamul: roimh luidhe greine, aoibhin ciuin: mo sgail mar athach caolchosach a dul a bhfaid mar isligheas an grian: buac air maoilin gach mor-sliabh: na mionsleibhte agus na cnuic glan gan neul: an seamar-chapuil ag teacht suas treas an coirce agus siol feir da chur 'na measg leis an te le'r ab mian a thalamh do leagan sios chum innbhír: ta cronugha an lae ag teacht agus na buachaillighe beaga ag iomaradh; is ro chogamhail an cluiche no an cleas é; puth ciuin aniar ndeas. An ceathramhadh la .i. dia haoine, .i. la aonaigh Challain. Maidin geal greine: gaoth biogamhail aniar ndeas: seacht a chlog, na neulta a' luighe ar na sleibte: an la ag dorchughadh: da bhoin agus naoi no deich de mhucaibh air faiche an aonaigh: both dá thogann: a' t-aon buile deag, muca beaga daor da ccur chum Sasana: bannaibhe daor: ma iarfuidhe beagan luach
air gamhnach, do gheobhadhfaoi í dhiol: gan iara air aon sort eile airneise: laoigh agus gamhna go leor ann, act beagán glaodhadh ortha: neulta air na mor-sleibhtibh is air na cnocaibh arda: is comhsamhail gur gearr uainn fearthuin: an gaoth aniar ndeas: an speir foilighthe le neultaibh: beagan trachta ag an t-aon both noch ata air Fatha an Aonaigh: neamhnidh da dhéanadh ag na ceannaighthe beaga, foraoir! "Is fearr an t-achrann recte imreasan na an t-uaigneas". Aonach a mhaga go ceart e: trí a chlog, ciothán bhreagh breagh: gan duine na daonuighe air faithche an aonaigh: deire leis an chead cheathramhadh den ré: tosach oidhche: solus gealuighe gaoth aniar ndeas, biogamhail: bearaed air Sléibh na mBan. A' cuigeadh la .i. dia satarn. Maidin, gaoth aniar ndeas o ceathair a chlog: ceobhrán is ceathain go seact: trom-neulta a sguabadh a slapair sileacha sairliatha tar maoilinnibh na mionchnoc agus na sliabhaibh. Meadhan lae, na h-athaigh-neulta ag trusail suas a slapair silteacha, is ag coiméad uisge na speur ina mbinnibh: ag glanadh suas: gealain agus neuláin le gaoth aniar: luighe greine, faithche gorm neimhe leath-lionta le neulta beaga eattroma, mar reithidhe adharcacha, caoire caomha, moilt meithe, uain ailne, agus lugháin 'na luighe le taobhaibh a mathar: gan puth gaoithe: cronughad lae, lasair mhor air maoilin Cnoc na Ratha; acht chuaidh si as gan mhoill: ni raibh ann acht gal suip: ciorcal banbhuidhe timchioll na gealaighe leathlan: oidhche greidhneach. An seiseadh la .i. dia domhnach. Fearthuinn fial o buile a chlog air maidin gus an dá bhuile déag, no meadhon lae: gaoth attuadh. Da bhrigh sin d'ionntadh an gaoth le lo-go-n-oidhche on ard aniar ndeas gus an ard attuaidh; se sin, leath an radhaircrios nach beag. Ta an radhaircrios cumhangaighthe go mor san ard shoir; oir ni chim sic aon sliabh ná cnoc san ard shoir act aon chnuicín amain laimh le cloighteach Cille-Righ.
Ni chím na Cumaracha na Sliabh na Leac. Taid na sleibhte agus na cnuic eile um uirthimchioll leatmhuchta a neultaibh agus a cceo: trathnona, is dubh-liath na neulta, cia go bhfuilid na sleibhte agus na cnuic saor uatha, acht ta ceo tana ag cur dath liathgorm orra. Is aoibhin radharc na dutha. Cluinim an traonach ag faltiughadh samhra a ngarann Cuirt an Uite, mar aon liomsa. "Gach dalta mar oiltear 's a' traonach sa neantoig". Ata an giobhar glas mar srol uaithne agus comh bog le lus. Chidhim aon bhranar suipin amhain thar an maolchluidh úd thall gan a bheith go maith; acht do cuireadh go deigheanach é. Chim giobhar eile do cuireadh tar éis na Nodlag a ttalamh seamairchapuil noch do treabhadh beagán laethe roimhe sin, agus ata feuchain feochta air. Ata urmhor na h-eornann curtha. Ata an duine ag deanamh an siolcur .i. an t-síolchuir, acht is ó Dia thugann an biseach. Ta suil le Dia agam gur bliaghain torthamhail í seo. An seachtmhadh la .i. dia luan. Maidin greine; ceo liath air na cnocaibh agus air na sliabhaibh: Sliabh Breathnach agus gach sliabh agus cnoc san leath shoir as sin go Sliabh na Leac mucta a cceo. "Ta ciach air na riasgaibh 's air sleibhtibh dubha". Sliabh na mBan agus na sleibhte agus cnoic hiar agus thuadh leathcheilte: deic a clog, gealáin agus neuláin; boladh cumhra na draonoige ag cur áthais orm. Taid na h-ein go binnglorach. Cluinim an cuach air mo taoibh dheis. Is duine leamh do bhainfidh bhainfeadh ciall as act gur bin a beol, mar adeir an file "Is bin guth cuaiche air craoibh cuim air an mbinn ós Gleann Da Ruadh".
Chidhim aniomh indiu gur don aicme fithche-bhráithre agus don ord aonbhan an airne no blath na draoghnoige; agus gur don aicme chuig-bhráithre agus don ord aonbhan an cloigin gorm. O trathnóna go crónughadh lae, gaoth anoir neambog, neulta agus ceo. An t-ochtmhadh la .i. dia mairt. Maidin aorach ciuin, mile moladh le Dia na ndul: Sliabh na Leac, Stuadh Laighean, an Staighre Dubh agus na Cumaracha mucta faoi tromualach neultadh: tromneulta ag goradh air Sliabh na mBan agus Cnoc Breanduinn: na sleibhte agus na cnuic eile san leath theas faoi liathcheo tana; agus na cnuic is na sleibhte hiar is thuadh faoi ceo tama liathbhuidhe: gealain agus nealáin: cronugad lae, gaoth ciuin anoir, neulain agus ceo. An naomhad la .i. dia ceadaoin. La aoibin go deire. An deichmheadh la .i. diardaoin. Maidin aoibhin: fearthuinn ag buile a clog air maidin: gaoth ón ard thuadh gus an ard hiar bog breagh: trathnona chuadhas go Loch a Chuitín ag cur siol síl putataoi air talamh an Chrathaigh. "Bheidh .i. bheadh tataí nighte bruithte ite ag Conachtaoi, an fhaid bheidh Laighneach ag rádh potátaoi": naoi a chlog ciothán. An t-aonmhadh lá déag .i. dia haoine. Maidin aoibhin: Chuadhas le socharaid Caitilín Ni Cubhair gus an nGráinsigh: la ciuin greine: gleann an arbhar o sliabh go sliabh aoibhin. Tar éis teacta abhaile do chuadhas go Loch a' Choitin a cur deire le cur tsil na bpotataoi. A Maolaise do chonarcas biaidhtine dá dhóith a cceantar Cille Baoithin agus Muillean
Ui Chuan. Is doith liom gur mór an bliaghain potataoi i seo. An dara la deag .i. dia satharn. Maidin aoibhin greine: ceo bhán air sleibhtibh: nil potataoi na min coirce ag eirghidh 'na luach chomh ard is do shil daoine: tainidh min buidhe ó Ameiricá: tathnigheann si go maith le moran daoineadh: coimeadfadh .i. coimeádfaidh si luach beatha sios des na bochtáin. Laimh le Ceann a' Fatha chruinnigheas blaithin liath-chorcra don aicme comhachta an ceathair, coisin troidh troigh air faid agus duileabhar mar duileabhar na giúise giumhaise. Trathnona, speir gan ceo: gaoth anoir ndeas: "Is teo siolla don ghaoth andeas na teinne cheap a' domhain": acht do sáruigheadh an seanfhocal so um cronughadh lae, oir bhi an gaoth gonta go leor, le speir gan ceo, beagnach gan neul, d'éis triall chugainn tar Cumaracha agus Sliabh Breathnach. An triomhadh la déag .i. dia domhnach. Maidin greine, gealain agus neulain: gaoth anoir ndeas (mar bhi si trathnona andé) roard ag tiomáin smuid air na boirthibh mar gailing gaill-shín na sliabh. Is dubhach an sgeal so cois Siuire. Shaoileadar dream bocht gortach min do bhuain as badaibh bhi ag seoladh o Chluain Meala go Caraig na Siuire, acht do lámhadar na píléirighe leo as na bádaibh. Do marbhadh triur, agus do goineadh go millteach mor-sheisear eile de Chlanna Gaodal bocht. Tharla so an deichmhad lá don mhi seo laithreach .i. diardaoin so ghabh thorainn. Meadon lae, gaoth ard gonta anoir ndeas. Do chuadhas fein agus Tomas Ua Ceallaigh agus Seaghan Ua Mathghamhna mac Taidhg a' Chuinne sios cois na h-amhan de mhuillin do mhuileann Challain a Sraid a' Mhuillinn agus de Poll Sheagain go muillean an iaruinn noch a bhi ag oibriugad iaruinn - bliaghan o shoin, ait a bfuil spá iaruinn
leath-taoibh an bothar gan dion gan fosg o smuid an bhothair. Bhi muilleann iaruinn eile laimh le Tobar na mBrathar, bhi ag obair san am cceadna chum coillteadh na tire seo do dhoigheadh, chum nach longoghadh na ropairighe ionnta. Is iad ba ropairighe ann, daoine bochta Gaodhlacha noch do creachadh leis an chead Seamus righ Sasana, agus le Oilibhér Cromuil, agus le righ Uilliam .i. prionnsa Orains; agus do throididis le ropair no sleagh gearr, agus is o na ropairighe seo fuaradar an t-ainm. d'ionntad cuid des na Sasanaigh fein 'na ropairighe ag sladhadh sladadh na ccatilicighe bochta mbocht noch do creachadar roimhe sin: cronughad lae, ciuin, bog. An ceathramhadh la déag .i. dia luain. Maidin aorach ciuin gan puth gaoithe: ceo ag gorad air na cnocaibh 's air na sleibhtibh, ag leath-cheilt an cuid is fuigse agus ag muchadh an cuid eile. Is mor an t-aistriughadh o meadon lae ande go maidin aniomh indiu ó beagnach anfa go ciunas caoin: naoi a chlog, an ceo ag glanadh suas: la breagh greine beagnac brothallach, go deire. Do chuadhas o Challain tre Cuirt an Uite, an Cuinicear, Baile Ui Clómhain, de dhroichead Baile Ui Laghean, tre Scotbrugh, tar an sruthan noch a dheileas dheaghlas, dheaghluigheas Baile Ui Laighean agus cuige Laigheann o cuige Mumhan, go Moghthobar, ait ar tangaigheas le shocharaid ... marnéal ... de Padruig O Sealbhadh. Cas me air m'ais treas na Crosroid go Cilldaluadh, ait ar adhlacadh an corp. Ag na Crosroid d'olas braon maith biotaile le gasra grinn. Is fada atá aithne agam air na Crosroid, oir d'eis dom teactadh o Chilliathirne Cill-Áirne i cCiaruighe go Portlairge san mbliagan 1789, agus o Portlairge go Callain, san mbliagain 1790, a mi na marta, agus d'eis an samhra do chathamh a mBaile Riaghrighe, laimh le Cill Mic Eanda a n-abhalgoirt, thangas lem athair .i. Donncha Ó Suiliobhain, maghistir scoile, go cro caorach le Seamus Builtéar idir na Crosroid agus Baile Ui Uaiteir a mi Ghionbhair san mbliaghain 1791, ait air
fan se gor toigeadh tig scoile dho ag na Crosroid san samra 1791; agus ba beag an bothán sgoile é go deimhin, oir, ni raibh tar deich ttroidhthe ar leithead ann agus fithche troidh air faid (no mar sin). Toigead an balla fóid a n-aon-ló, cuireadh adhmad agus caolach air an la 'na dhiadh san, agus cuireadh dion air an treas lá. Is iomadh iomdha bliaghain fada mín direach caitheas fein agus m'athair ag munadh sgoile san bothán so, agus ag bothan bala fidín feidín eile rod beag níos mó ag crann Cilldaluadh, agus ag tig maith sgoile a mBaile Ui Caoimh, laimh le Croc Cnoc na Caruige; acht foraoir! d'imthigh m'athair agus d'imthigh na bothain sgoile. Nil rian a mballa fóid na fidín le feicsin aniomh indiu, na tracht orrtha; acht cá maith ceisniomh ceisneamh Imeochaidh na caisleain aolmhara, na grianain greidhnacha an cruinne ceathardhúil, an domhan go leir, mar gal suip. An fada go n-imeochaidh an teangadh gaodalach so an a bfuilim-se ag scriobh'? Ataid tighthe sgoile breaghtha mora da ttogann go laetheahail chum an teanga nua so, .i. an Bearla Sasanach, do mhunadh ionnta; act foraoir nil aon suim da chur san teanga breag mín gaodalach acht ag suaidleirighe beaga, ag feuchainn an bhfaghadís clanna gaodal do mealladh leo chum a ccreidimh nua mallaighthe. An cuigeadh lá déag .i. dia mairt. Maidin, ceo trom: oct a chlog, ciuineas agus la geal greine: meadon lae, gaoth ard: spear gan ceo, gan neul: trathnona, chuadhas sios cois na h-abhann: fuaras an bearnan bearnach no fiacal leoin; ta an cuid is mó dhiobh ag cur an blath buidhe an bhlátha bhuidhe dhíobh, ag cumhangughadh an bhleidhe, ag osgaladh arís, ag cur amach a ccinn cochallach comhchruinn clúmhban. Ba dhoith le duine gan eolas i lusairighibh gur lubh eile é, go bfeachfadh se air an cooisín lan de bhaine agus ar an duilleabhar beárnach. Atáid na mna sidhe ag sgiobadh an cluimh leo, i lar sidhe gaoithe chum leabaidh do dheanamh dá cceilidhe lurgadain leipreacháin .i. lu-chorpáin 's na ráthaibh.
An seiseadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin gaillingeach gaill-shíneach; gaoth cruadh anoir - síne míonadurtha do mi na bealltaine. Ta suil le Dia agam gur gearr uainn fearthainn bhog. Tá an blath ag imtheacht don fearban: deich a chlog, ceathan le gaoth anoir: meadhon lae, ceobhraon go trathnona; ag leath-uair tar eis a tri bi cioth breath trom bog; cioth ró-trom ag a ceathair: ag leat-uair tar eis a ceathair, chuadhas go móta Cinn a' Fatha. Ta Sliabh na mBan, agus na cnuic agus na sleibhte i ccéin faoi brat ciach; na cnuic agus na sleibhte i bhfogus leath-cheilte; cuma trom dorcha ar neulta neimhe. Is ró-bhreagh an la do ghiobhar agus d'fhear é. Ta gach nidh fó neimh greidhneach: fearthainn ciuin o am go h-am ar feadh an trathnona. An seachtmhadh la deag .i. diardaoin. Maidin, gealain is neulain, le gaoth anoir; neulta troma o meadhon go maoilin ar Sliabh na mBan, na Cumaracha, Stuadh Laighean agus an Staighre Dubh; buaic ar maoil Cnuic Breandainn; na sleibhte agus na cnuic eile im timcioll glan, gan neul gan ceo: aghaidh úrglas na talmhan taithneamhach: an crann daraighe agus an crann fuinnseoige ag cur amach a nduilleabhar go mear anois: meadhon lae, do chuadhas le socharaid noch do bhi ag dul go - laimh le Barrsguab, ait a bfuaras braoinín biotaile, agus greidhm arain is ime. Chonarcas crainn giubhaise le bodain badáin uaithne agus bodain corcra; crann fearna bodan dubh, crann seice no ban, beith duille-umha ag Cnoicín Bán. Ag leath-uair tar éis a da buille deag crom se a' fearthainn go fial, agus do lean air le gach seal trom is eattrom go cronughadh lae le gaoth andeas. An t-ochtmhadh la deag .i. dia haoine. Do a clog ar maidin, do crom se air a' fearthainn go trom, agus do lean air gan traochadh go seacht a clog an uair d'eattromuigh se: na gealbhuinn tighe i sean-chaislean a' charcair, nó an Phoill Duibh, agus i ccloigteach a' teampuill gallda go garóideach ar feadh na maidne. Ag ocht a clog chuadhas go Ceann a' Fatha; bha
Sliabh na mBan acht a fior-iochtar foilighthe le tiubh-neulta troma: na sleibhte agus na cnuic i ccein muchta; na sleibhte agus na cnuic láimh linn, mar atá Sliabh Díle, cuid de Sliabh Breathnach, Sliabh Ardach agus na cnuic beaga eile budh thuadh leath-foilighthe: fearthainn fial mion le gaoth aniar o n-a h-ocht go dti a deich; ag an t-aon buille deag, do ghlanadar na cnuic is na sleibhte suas. Chonarcas maoilin na nGaillte, Sliabh na Leac agus mor cuid de Stuadh Laighean: ta an gaoth aniar ndeas. Is aoibhin aorach aghaidh na tire. Ta neulta tiugha os ar ccionn fos, agus is dóigh go mbeidh ar feadh an lae. Chím gort ráibe chomh buidhe le h-ór, bud thuadh o Gort an Óir lamh le Baile Uí Chaoláin: meadhon lae, gealain is neulain, tiugha-neulta ag snamh go mall tar maoilin na mor-sliabh: trathnona nó tri a clog, ceathan breagh: cuig a clog, gaoth andeas agus na neulta ag imtheacht tre n-a chéile, cuid aca aniar ndeas, cuid eile aniar, agus cuid eile nach beag na seasamh. Is mor an mearughadh cuireann na neulta ar daoine gan eolas feallsamh - agus Euclid: oir, cur i gcás nach raibh aon mearughadh ar an gaoth ná fuaidreadh ar bith faoi sic, dob' féidir mearughadh súl do bheith orrainn féin, mar so Cuir i gcás go seasuighim ar E, agus go bhfuil neul ag B agus neul eile nios aoirde ag A, agus go ttriallann an da neul so chomh mear le ceile, ar a' chuma go mbeidh an neul B ag D, an tan bhios an neul eile ag C. Is follas nach in aon line amhain chím an da neul anois an tan ataid ag C agus D, cia go bhfacas in aon line amhan iad an tan bhadar ag B agus A: N.B.T. .i. noch bhi le taisbeanadh. Luighe gréine, Sliamh Ardach agus na
tromneulta os a cionn mar grianan faoi dearg-ruadh lasair ag briseadh amach tres na fuinneoga oidhche dorcha, an cuid eile den speir glan gan neul gan ceo, acht fo-neul luaidh-lí tart timchioll os cionn an radharc chrios: gaoth fuar andeas. An naomhadh la deag .i. dia satharn. Dó a clog ar maidin, spéir gan ceo gan neul: adharca an re budh deas; ni comarta soininne na doininne pe ard bhios adharca an re iontuighthe chuige, óir pe ard in a mbeidh an gealach on ngrein, is chum an aird ceadna bhíd na buidhe-adharca iontuighthe, oir is on ngrein gheibheann an gealach a solus: agus, da bhrigh sin, beidh an taobh don ghealaigh is fuigse don grein buidhe, agus an taobh is sia on ngrein dorcha. Ar feadh na maidne, neulta dubha dorcha go meadhon lae: na Cumaracha agus na Gaillti foilighthe: Stuadh Laighean, an Staighre Dubh, agus Sliabh na mBan faoi bhuaic; na cnuic agus na sléibhte eile glan, gan ceo gan neul: gaoth beodha andeas: an-chuid potataoi boga bana ar an margadh indiu ar tuistiun is leath-phingin an chloich. Ta cuig pingine go leith ar na potataoi is fearr: ata min bhuidhe na h-Aimeirioca ar tri pingine is feoirling an pota. Is mor an fhóirithin í. An ficheadh la .i. dia domhnach. Maidin, ceo ar na cnuic, neulta ar na sleibhtibh, ceobhrán ar na machairighe: deic a clog, ceo agus neulta ag triall go mall tar maoilinn na morsliabh agus na mionchnoc; cois Sléibhe na mBan agus a ucht gan neul gan ceo, cia go bfuil a bharr faoi buaic. Is aoibhin glaise an ghiobhair ar a taoibh, tré donn na fraoich, faoi gealain is neulain. Is beag cnoc na cnocan na fos gleanntan na fuil foraois no coill no faschoill no doire no garrán ag fas air no ann .i. tá coill ar Cnoc na Carraige, foraois o Baile Uí Gheibhle go Cilldaluadh, tri mile ar faid, coill ar Cnoc na Ratha, coill mor ag Ceapach, lamh le Sliabh Ardach, coill ag Tigh Phó, garrán i cCúirt an Uite, coill mor ag Teampull
Loisc, garrán i cCill Corain, garrain san mBaile Nuadh, garráin i mBaile Bhailirt garráin ag Cathair Leisc, coill i mBeallach a' Toibín, garráin agus coillte i nGaraidh Ricin, garrain cois na Feorach, laimh le tigh Tighearna na Caraige, laimh le Baile Mhic Andain, coillte go leor cois Sléibhe Breathnach, - agus iad so uile im radharc anois. Trathnona ciuin brothallach: sé a clog, bogha ceatha neamh-iomlán: d'éis luighe gréine, neulta thiar thuadh, ruadh forruadh dearg croidearg, ruadh-bhuidhe, buide, liath-bhuidhe, gorm, dubhgorm, liathghorm glas liathghlas, luaidh-lí. An t-aonmhadh la ar fichiod .i. dia luain. Maidin, meadhon lae, trathnona agus deire laoi, gaoth andeas: tromneulta leamha leasca: bláith beag ban ar an crann carthainn caorthainn: raithneach ag fas anois: bláith beag corcra ar lubh mor feilistrom feileastruim, soileastair, siolastair, alastraim, aileastair san oileán, láimh le muilleann Callain, nó Oileán a' Mhuillinn, taobh thiar de Pholl Seaghain: mílte bláithínighe bána is na cloidhtheacha ar na Mionáin: d'eis luighe greine, beagán neulta bán-bhuidhe is lán-buidhe san ard tiar tuadh. An dara la fichiod .i. dia máirt. Maidin, meadhon lae agus trathnona, gaoth aniar ndeas: tromneulta bog breagh. An treas la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin, gaoth aniar ndeas ceo ar na cnuic, neulta ar na sléibhtibh: meadhon lae, gealan: trathnona, ceobhran: cuig a clog, cioth ro trom le h-anfa ar feadh leath-cheathrama uaire, gealan ar a shál. An ceathrughadh la fichiod .i. diardaoin Deasgabhála no Freasgabhála. Maidin, neulan is gealain: gaoth aniar: meadhon lae agus trathnona, ceathan is gealain. Taisbeanadh
dom indiu i cclos Seipeil Nua na mBrathar, nó Seipeil Nua an Cloidin, duilleog math (leapsana) .i. duilleóg Bhrideóg d. Brighde, d. mhín, lus ballán, sonn-duilleog, stón na duilleóg, feneal sraide finéal muice, buafanán na h-easgaran bualán, crann-lus, fean talmhan, grónlus, gronnasc, lus phara liath, sail bhuinn, torcán. An cuigeadh la ficheadh fichiod.i. dia haoine. Maidin, ceobhránach, ceatanach, le gaoth aniar ndeas: meadhon lae mar an cceadna: luighe greine, bogha ceatha glormhar, neulta cron-buidhe san ard toir. An seiseadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin, ceobhranach tromneultach: seacht a clog, tromcioth, na cnuic carthacha, na cnocain cumhra, na cnuicini coillteacha no coillteamhla, faoi ceo; na moirsleibhte muchta faoi tromualach neul mall-thriallach le gaoth aniar ndeas, tar maoilinnibh na nGaillti garbha: naoi a clog, gealain; an ros ban ag blathugad i ngardha Eisibeal Ni Niuláin: meadhon lae agus trathnona ceathanach: luighe greine cuibheasach breagh. An seactmhadh la den mhi seo, do bhris an t-uisge isteach san toll-bhóthar noch atá da dhéanamh faoi an Tamheas Taimheis, Tamhas (Nennius) i ccathair Longduin, cia go raibh an cuid ba tana don talamh idir an toll-bhóthar agus an abhainn seacht dtroighthe deag ar tiubhadas. Is iongantach an obair an toll-bhóthar, nó an droichead-faoi-abhainn so. An seachtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. Ar fead an lae go luighe greine, soineann le gaoth aniar ndeas: neulain is gealain: luighe greine ceobhran. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia luain. Fearthainn eattrom ar feadh na maidne, le gaoth andeas. Sliabh na Leac, agus gach cnoc is sliabh san leath toir go Sliabh Breathnach san ard toir teas lan-ceilte le ceo agus tromneulta: na Cumaracha agus na Gaillti faoi brat ciach; Sliabh Dile, Sliabh na mBan agus gach cnoc is sliabh san leat tiar go Cnoc na Carraige budh thuaidh, leathceilte le ceo: meadhon lae agus trathnona mar an cceadna: ag luighe greine, bogha ceatha san ard thoir agus
neulta beobuidhe san leath tiar: beagan don speir oghar uaithne, cuid dubha gorm, cuid liath gorm: neulta crona le ciumhasaibh trom buide: anois neulta dubha ag iontughadh corcra, cuid buide dearg, cuid mar luisne ar aghaidh duine duibh, cuid croidearg; acht ata an gloir sogluaiste seo ag imtheacht go mear, agus dorchadas ag teacht i n-a ionad, mar ealuigheas sgaile an bais ar an duine. Taineadh gal greine deire an lae mar solas na bflaitheas ag briseadh isteach ar anam an duine i ccroilidhe an bais, agus taineadh dorchadas is ciuineas ar aghaidh na talman mar dorchadas is ciuineas an uaimh na h-uamha, agus d'imthig an greine sic ag tabhairt solas sic do righeachta eile, mar atá an t-anam a' lonnrughadh san saoghal tall. An naomhadh la fichiod .i. dia máirt. Maidin gaillingeach gaill-shín-each, ceobhran agus mion fearthann le gaoith andeas: cioth trom ag naoi a clog. "Tá ciach ar na riasgaibh 's a sléibhtibh dubha". Deich a clog, ceobhran is gealain; fiche moimeint tar eis an buille, cioth trom cloichsneachta ar feadh cuig moimeint; da brigh sin, beidh sioc anocht againn; - is olc rachas so deis dos na h-ubhlaibh: gealain a momeint 'na dhiaidh: deire lae cuibheasach breagh. Ghearramar amach an srath sraith contae do Eadmond Mac Craith, an t-ard-constabla ar Callain agus a triocha, do reir da sgilling is pingin is feoirling ar an acra, is sraith throm ar tighthibh i gCallain; is ro trom an tsraith so. Nil a leath oiread ar talamh i n aon barúntacht no triocha san ccontae. An deichmheadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La duibh-neulach ciothanach le gaoth andeas. An t-aonmhadh la deag ar fichiod .i. deardaoin. Maidin, neulta is gealain le gaoth ard aniar ndeas: tuile ciarbuidhe san abhainn: na banta, na cinnfhearainn, na fosaighthe ban buidhe o neart noinin agus gairgin no fearban: ta bláith agus ceann an fiacail leoin d'eis imtheachta le gaoith: ni feacadh me cois na h-abhann aca acht ceann no dó: is ceart an ainm gairgín don ranunculus pratensis repens hirsutus .i.
fearban snamhuighe garg an mhóinfheir, oir is garg a coisin, is buidhe a blaith, is ionann agus crobh priacháin a duile, agus fasann se go h-iomadamhail ar na bantaibh agus ar na moinfhearthaibh. Ni fheadar goidé an ciall fearban do glaodhadh air, munab o fearb .i. bo, mar do glaodtar buttercup air san Bearla Sasanach, cia gur aite .i. fearr le bo no fearb feur mín glas na e. Is cumhra boladh blaith an sgeich ghil no an uaith. Do chonarcas uath ar a raibh bláith deargbhán nó ruadh-bhán; is ciuirialta feacann se. Athsmuintighe ar shíntibh an mi: - gaoth andeas aniar ndeas, anoir ndeas ar feadh an mhi, acht tri la: aimsir bhreagh chum potataoi do chur gus an treas la fichiod: as sin gus an deichmheadh la fichiod fliuch (.i. ocht lae): giubhar, féar agus moinfhear go h-áluinn on bhfliuchras: tri boga ceatha. MI MEADHON A' TSAMHRA. An cead la .i. dia haoine. La aoibhin greine: gaoth aniar. An dara la .i. dia satharn. La breagh greine: do no tri ceatha: gaoth aniar. Cuireas faoileach aoileach amach ar mo loca beag potataoi ar talamh an Crathaigh. Bogha ceatha neamh-iomlán ag se a clog um trathnona: daoine ro-gnothach ag cur leasuighthe amach, agus ag sághadh potataoi, cia gur deireannach e. Do chuir fearthainn deire Bealtaine moill mor orra; acht is maith an t-am fós é. An treas la .i. dia domhnach .i. Domhnach Cingcíse. La goinideach gaothmhar trid amach: gaoth aniar. Ba comhsamhail le la meirgeach Márta e. An ceathrughadh la .i. Luan Cingcíse. La dorcha acht do maoladh an gaoth aniar.
An cuigmheadh la .i. dia mairt. Fearthann roimh sé a chlog ar maidin: anfa ag deich: moranfa ag do; agus um trathnona an grian ag taithneamh: stormach go cronughadh lae. An seiseadh la .i. dia ceadaoin: Gaoth aniar ttuadh gonaideach. An seachtmhadh la .i. diardaoin: Gaoth aniar ndeas, ceobhran. An t-ochtmhadh la .i. dia haoine. La ciuin bog aorach. Chuadhas gus an Doirin, laimh le Tigh na hInnse ag tarlochadh tarlódh le socaraid Mná an Tobhnsandaigh. Tugas abhaile liom deas ornan mhor, agus barrog de saoileach cadáis; acht is comhsamhail nach fiu e ar a cuid cadáis moran aire do thabhairt do. Chím an sgeach geal, no uath, le bláth geal-dearg san Doirin, agus iomad d'áiteannaibh eile, mar atá, ag Ceann a' Fatha, etc. An naomhadh la .i. dia satharn. La breagh ciuin brothalach dorcha: na potataoi gann san marga o cuig pingine go leith go reul is leath-phingin, - agus sgiobadh orra mar sin féin. d'eis luighe greine, neulta mar lomaraighe ordha aordha crón-bhuidhe, buide, dearg, croidhearg, gorm, liath-gorm, liath: mionroinn don bogha ceatha san ard thoir thuadh, cia gur tirm tainnéalach .i. tan(a)-néalach an spéir: an gealach obhamhail d'eis eirghe ag smeideadh orm tre tan-néalaibh an aodhair cuig ceimeann os barraibh na ccrann os cionn linne Muilinn a' Bhrianaigh, cia go bfuil a sgail ordha a bfarradh sgail barr na ccrann reamh-ráidhte sa linn. An deichmhadh la .i. dia domhnach .i. Domhnach na Tríonóide. La breagh samhraidh. Cuadhas go Ceapach-uidín (.i. Ceapach Mhic Eidin), go socharaid mic Thomais Uí Sheadha. Ta blaith breagh buidhe ar na feileastroim, is na linntibh: ta morchuid de peith diomhaoin a ccloidh na h-iathlann iothlann ag Tomás O Seaghdha. Thangas abaile ar mo shocracht. An t-aonmhadh la deag .i. dia luain. La breagh samhra: gaoth ciuin fionfhuar attuadh: marga maga ar mucaibh: an la roimh la an aonaigh.
An dara la deag .i. dia mairt. La aonach a' maga: luach maith ar banaí bhanbhaíbh, agus ar muca beaga reamhra da ccur chum Sasana: la breagh greine: gaoth attuadh. An treas la deag .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin ciuin: spéir gan ceo: meadhon lae, smuid da seideadh le gaoth attuadh: luighe greine ciuin, gan ceo gan neul: chualas an féarán feidhean .i. eidhinn nó fiadhain, .i. an colm fiadhain a n-Oilean na Giumhaise, go ceolbhrónach ag cumadh cumhaidh. An ceathrughadh la deag .i. Diardaoin Áluinn. La brothallach ciuin: crónughadh lae, neulta dubh-ghlasa le líonáil croidhearg: fas og don fiacail leoin ag teacht suas anois. An cuigeadh la deag .i. dia haoine. Maidin aoibhin brothallach: na hein go ceolmhar gliadarach. Conarcas cailín beag ar a raibh galar da nglaodhaid aos teannta no aodhas teannta, (ni fheadar ciadhnas e feadhughadh go ceart). Fuair si turann turraing La Feil Stiophán, a Seipeal na mBrathar a cCallain, sa bhliadhain mile ocht ccead, is cuig bliadhna ar fhichid, la ar marbhadh ceithre nduine deag, og agus aosta, agus ar leonadh cead duine, cia nar bain aon rud don Séipéal, acht geite iongantach d'eirigh des na daoine. Is e an cuma ar a bhfuil an t-aosteannta a' gabhail don cailin big sic, 'sé is amhlaidh ta drun dronn no stuaic ar a drom, agus luas anala uirthe. La brothallach trid amach: ag luighe greine bi an grian ag lasadh tre neul corcra mar suil cearca gloinseidthoirighe,
agus ciumhais na neal corcra ar dath lasar beodha. An seiseadh la deag .i. dia satharn. La aoibhin, bog, dorca ceobhrán um cronughadh lae. An seachtmhadh la deag .i. dia domhnach. Cuadhas ar maidin go Loch a' Cuitin, ag feachainn an raibh mo chuid potataoi ionamhail le n-a tteilgeann no a sluaisteail, agus taid siad mar sin, ag eirghe os cionn talmhan go laidir. Ta an cruithneacht ag easgair, no an deas ag teacht amach as an m-bodán búdán, buadán, D. go laidir. Ta an feithleog faoi bláith agus an bláith d'eis tuitim den sgeach geal, no uath, agus an sgeachóir ag cruinniughadh air. An t-ochtmhadh la deag .i.dia luain. La breagh, dorca ciuin bog. Teilgeadh mo potataoi ag Loch a' Chuitín. Ta an brath ban ar an trom. An naomhadh la deag .i. dia mairt. Cioth an-throm ag ceathramha d'eis a seacht: seasadh sheasuigh se ceathramha uaire. Is breagh cuaidh se do gach aon rud noch ata ag fas: gaoth andeas: na cnuic agus na sleibhte oirthear oirthir faoi ceo is néaltaibh: na cnuic agus na sleibhte iartharacha glan: buac ar Sliabh na mBan gus an leath: na Cumaracha agus na Gailtí muchta. Is aluinn amharc na tire: meadon lae ceathanach: o trathnona go h-oidhche tirm: d'ionntadh an gaoth aniar. Cuadhas le Padruig O Sealbhadh tre Chúirt an Uite go crosroid Baile Ui Chlobhain, agus thangamar abhaile de comhmaoineas Baile Ui Uateir. Chonarcamar coirce ag easgar no ag teacht as an bodan. Ta a lan do locaighe beaga orna mor eornan móire tiocfas isteach gan moill, a cuirfeas tar riactanas, agus tar an mhin bhuidhe na daoine. An ficheadh la .i. dia ceadaoin. Ciothan ag seacht a clog ar maidin: gealan 'na dhiaid: gaoth aniar biogach: la ceathanach go seacht a clog um trathnona (an tan bhí beagan mionchloichsneachta
um meadhan lae): a grian maer ball ban cruinn droichchuimsighthe, no mar solus greine tre bodharan ban tana. An cead la ar ficid .i. diardaoin. La Feil Cros. La biogamhail: gaoth aniar ndeas. Ta bráca dubalta iarainn cam-uilleannach deanta ag Tomás Ó Fíocháin, noch a tarraingeochar le da chapall. Is feidir e sgur, agus a leath do tharrang le haon chapall amhain. Is maith an cuma é bheith cam-uilleannach, oir ni leanfaid fiacail an fhuirse no an braca a cheile mar leanaid san braca dronn-uilleannach dron-. An dara la fichead .i. dia haoine. Gaoth biogamhal aniar: neuláin agus gealain. Fuaras, laimh le h-Abha Beag agus Cill Minic da luibh comhsamhail leis an fiacail leoin; ceann aca blath banbhuidhe, bleidhe agus coisin garg, agus duilleog gruagach droim-liath gan sgor: an ceann eile bláith buidhe mar an fiacail leoin, bleidhe ar a cuma ceadna, duileog ar an cuma ceadna na sgoraibh, acht an cos garg, na geagaibh agus iomad bláith ar gach geag aca. Um luighe greine, neulta corcra agus neulta dubha glasa le ciumhasaibh lasair-lí: gaoth aniar tirm beodha acht ciuin: Oidhche an tine-chnámh. An treas la fichiod .i. dia satharn. La breagh dorcha ciuin caoin: gaoth aniar. Cuadhas siar de Cúirt an Uite, agus tangas abaile cois na h-Abhann, de Thobar Cuineacha cois Bala an Feidhneain; is iongantach an tobar é, ma ba tobar e, is ni h-eadh acht se no seacht do tobar tobaraibh laimh le na cheile. Fuaras ann lasair léana i mbláith buidhe cuig chodcha go bleidhe cuig chodcha; agus fuaras síoda mona no ceannabhan ban agus mismín dearg no mismín na móna, agus neanntog loisgneach. Taid aosog agus ógmna ag rinnce ag an teine chnámh. An ceathramha la fichiod .i. La Feil' Seaghain .i. dia domhnach.
La dorcha ciuin breagh go h-oidhche: aosog a' baile, is na h-ógmhná ag siubhlóid 's a' pléarác ar Fatha an Aonaigh um cronughadh lae: oidhche arach ciuin. Cuadhas go Tobar na Seacht Seiseareach, idir Cuirt an Uite agus Tobar Cuineach. Is iongatach laidir an sreabh atá ag teacht as: nil se seacht slata on abhainn. An cuigeadh la fichiod .i. dia luain. La caoin, mar maighdean min maiseach la a pósta: neulain agus gealain: an cead blath ar cruithneacht: moinfhear da bhuain timchioll an bhaile go mor. Chuir an radharc on móta mór ag se a clog um trathnona Garrdha Parrathais i ccuimhne dham. Nior miste bheith noctaighthe mura beidh mbeadh an naire, ta an trathnona chomh measardha san, chomh saor o theas is o fuacht. d'eis luighe greine bi an cannta don speir noch a bhi os cionn an radharc-crios sa ait ar luigh an grian ar dath an óir nuabhláitheadh; acht is gearr gur ionntadh sé iar san go dath crón-bhuidhe. Bádar na neulta 'na uirthimchioll liath: bhi iomain ar Fatha an Aonaigh ameasg na garsún. An seiseadh la fichiod .i. dia mairt. La dorcha ciuin. "Tá ciach ar na riasgaibh 's ar sleibhtibh dubha". Ceobhran agus mionfearthuinn o trathnona go h-oidhche: gaoth aniar ndeas. An seachtmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Ceobhran ar maidin go moch: feartuinn trom o se a clog go naoi: gaoth aniar ndeas: cioth trom ag se a clog um trathnona: gealán 'na dhiaidh. Bhamar ag tabhairt mine buidhe amach andiu ar tri leath-phinginighe an pota: ta spirid na nGaodhal briste sios go mor: trosga. An t-ochtmhadh la fichiod .i. diardaoin. Ar maidin, o ceathair a clog go se a chlog feartuinn trom .i. clagairneacht: gealain na dhiaidh: gaoth andeas. Chonarc me da glasog ghlasóig ag gearrleimnigh 's ag mioneiteal a bfoigseacht slaite de chat bhi ag triall trasna na sraide. Bhiodar go
garoideach ag sgige faoi an chat noc do bhi ag amharc súil thall is súil a bfus ortha. Amhail na h-éin leis an ccat, bionn an duine bocht leis an tioranach, an uair airigheann se é féin saor o n-a thíoranacht. Ag dul tar Maolaise dom is niamrach d'fheuch Tigh na Naoi Míle; bhadar na cnuic is na sleibhte faoi sgail na neul agus an gleanntan is an bearna buidhe-uaithne o gealan. Ta ceo no buaic ar na maoilinnibh: ag deich a clog, gaoth aniar ndeas: ag eadartha agus trathnona ceatha troma: la ceathanach go deire lae, noch d'ionntadh amach breagh. D'eis luighe greine bi an spéir os cionn na greine buidhe: mion-neulta or-bhuidhe, mor-neulta dearg, mór-neulta eile luaidh-lí le ciumhasaibh croidhearga: an gealach timchioll ceithre lae d'aois le adharca óir. An naomhadh la fichiod .i. dia haoine .i. La Feil' Peadair is Póil .i. saoire. Maidin, ceathain is gealain go h-eadartha: o meadhon lae go h-oidhche, breagh, brothallach: neulta ór-bhuidhe le ciumhasaibh blaite roimh luighe greine. Ni thosanuigheann an dearg, an croidhearg, an corcra go luighe greine. Bi iomain ar Faithche an Aonaigh; is math d'imrigheadh an baire - badar na camáin da ccleasughadh mar cleidhtibh claidhmhtibh a ccath. Is cogamhail an cluiche e iomain. Cuireadh an baire soir ar dtus agus siar is an dara cluiche. Cloistidhe fuaim na ccaman ag bualadh an liathroid sic o iochtar an Faithche go Ceann a' Fatha, áit ar sheasuigheas fein agus Ollamh- leagha Ceiting agus beirt sagart ag feuchainn. Bhádar mna oga uaisle an bhaile, agus na h-oganaigh uaisle ag spaisdeoireacht ar an fatha agus ar tóchar min noch ata ar lar a' faithche. An deichmhadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin, ceatháin is gealáin: leath-uair tar éis a do, cheithre blaodhmanna toirneach sic i ccein, siar budh thuadh: leat-uair tar eis a tri, cioth an-trom fearthanna: leath-uair tar eis a ceathair anchioth fearthanna le beagan cloichsneachta 'na thosach agus da blaodhma toirneach a ccein. Ta claodach trean a' madhmadh
sios an Cloidín: ta eagla orm go leagfaidh se arbhar trom. Ta blath buidhe ar an giolcach. Chonarc me muileann gaoithe ag cur eagla ar na h-eanlaibh, noch do bhi ag piocadh na h-ornan h-eornan: chonarc me gort beag eornan, nach beag aibidh, piocaighthe ag gealbhanaibh, - is ar eigin d'fhagadar graine i n-aon déas déis de di. Chuadhas go sochraid Sheagain Ui Riain, sgolog laidir, i tTulaigh Maoine Uachtarach. Cuireadh e i cCill Brighde, cois Ath'-an-Uir. Athsmuíntighe ar Mi Meadhain. Gaoth aniar is aniar ndeas ar feadh an mhi, noch a bhi fionfhuar acht do no tri laethe brothallacha: ceatha troma, na ceithre laethe déanacha: toirneach an la deigheannach: bogha ceatha an dara la. "BUIDHEIMIS BROTHALLACH BIADH-GHANN." An cead la .i. dia domhnach. Idir meadon oidhche agus buille a chlog ar maidin, cioth an-trom, cioth an-trom eile idir a seacht is a h-ocht ar maidin: an cuid eile den la breagh: ghaoth andeas: an-iomad ag spaisteoireacht ar Faithche an Aonaigh um cronughadh lae. An dara la .i. dia luain. Maidin breagh neultach: gaoth andeas laidir: trathnona, ceathain rofhuar. An treas la .i. dia mairt. Maidin glas fuar: trathnona nios breagha: gaoth aniar ndeas. d'eis luighe greine an speir san aird thiarthuadh bláith-bhuidhe: na neulta, dearg agus croidhearg, an gealach, ocht la d'aois, a' taitneamh go fann tre ceo. An ceathramha la .i. dia ceadaoin. Maidin, o ceathair a clog go h-eadartha ceatháin ciuine: idir a buille 's a do um trathnona, cioth rotrom, noch do cuir claodach 'sa' Cloidin: gaoth aniar ndeas: deire laoi greine. Innsigheann Ollamh Céiting dom go raibh bladhmanna toirnighe rothréan agus fearthann rotrom a cceann Baile Mhic Andan. An cuigeadh la .i. diardaoin. Maidin, buaic ar gach sársliabh, na Gaillti múchta, ceo ag triall go mall le gaoth
aniar ttuadh tar cnocaibh na Cranaighe budh thuadh diom. Is bog an maidin i go deimhin, acht ta suil agam on aird i n-a bhfuil an gaoth go mbeidh an la tirm. La dorca tirm bog: um luighe greine neulta dubh-glasa le ciumhasabh croidhearga, nidh neamhghnáthach. Is aoibhin radharc na tire glasa. Nil branar le faicsin o Ceann a' Fatha. Ta Faithche an Aonaigh chomh glas le giobhar, cia go raibh se chomh buidhe-donn le branar an t-am so 'niorra anuraidh. Ba dolasach radharc na tire 'na thuiteann gan oiread le cioth ar feadh sé mi, o meadhon na márta go meadhon na Feil' Michil, an bliadhain se ghabh tarainn. B'eigin na ba do thiomain o Cill Baoithin go Droichead Buaile Ui Laighean, no Laidhin ag ól uisge, agus ceithre mile i n-iomad d'aitibh. Ni raibh nidh le faghail san magh lom acht mar ba branar samhraidh an tir uile go léir, ná deoch uisge le faghail ag an fear siubhail, acht deargfhásach ar gach taobh. Acht mile miliúin sic buidheachas le dia, ni mar sin ata anois. Ta uisge an gach sruthan, fear go beannaibh na mba, bainne flúirseach no iomadamhail, is e ró-shaor, agus an foghmhar laimh linn; agus dar ndóith beidh "Mi na nAmhainseach" ar a sháil. An féith noch ata ag ceangal an bhláith do'n cruithneacht, is ar eigin do chidhfeadh an t-súil neamhchobharaighthe é (sic), .i. súil léis .i. suil gan gloine méadaighthe. An seiseadh la .i. dia haoine. Maidin brothallach greine. Cuadhas um meadhon lae, le hOllamhain Ceiting cois amhain Baile Uí Lorcain no Amhain a' Righ: trathnona agus
deire lae do maoladh mhaolaigh gaoth ciuin aniar ndeas an brothall. Is aluinn an la e. An seachtmhadh la .i. dia satharn. Maidin, ceo, agus ciunas ar gach mionchnoc is mórchnoc, sáirsliabh is sior-sliabh, an gach gleann is ar gach magh: gaoth ciuin aniar. "Ta ciach ar na sliabhaibh 's ar riasgaibh dubha." Meadhon lae agus trathnona agus deire lae, breagh bog greidhneach: uair roimh luighe greine, bi buaic 'na luighe ar Sliabh na mBan, noch do fheuch mar sneachta trom, le taitneamh na greine; acht go gearr na diadh san bi se 'na sgamal dubh, tan thaineadh tháinig neul ar aghaidh na greine. An t-ochtmhadh la .i. dia domhnach. La breagh greine ciuin. An naomhadh la .i. dia luain. Maidin dorca bog: meadon lae dorcha brothallach: deire lae fionfhuar: gaoth beodha aniar: diolas no reacas mo muicin meith ar da fichiod sgilling: is bocht an ceannach biodh ortha. An deichmhadh la .i. dia máirt .i. La Aonaigh Callainn. La breagh: drocaonach: bruighean beag ag na buachaillí. An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La aoibhin ciuin greine brothallach. Chuadhas ag snámhadh taobh thuadh don cora, lamh le Tobar na Seacht Seisearach. An dara la deag .i. diardaoin. Chuadhas, leis an t-Ollamhain Ceiting tre ceartlar na mona, Poll na Callaighe taobh thiar dinn agus Poll a' Chapaill ar an taoibh thoir, go Tigh Mocleir, ait a bfuaras ceapaire arain, builín is ime, agus braon brioghmhar biotaille. Chuadhamar tré's a' moin a' cruinniughadh luibheanna: - mismín na mona .i. m. dearg, síoda mona, an ceannabhán beag .i. luibh beag garg le ceann no bláth corcra, athar talmhan, le mile duile agus coisin donn. Bhí cailin cumhra ag suathadh mona: bhí a troigh caol teann, a colpa chomh geal le sioda mona, a glun glegeal, a ceathramha cruinn cailce, noch do bhí nochtaighthe nach beag go masanaibh meithe: inghin sgoloige saidhbhre i, la da raibh sé,
acht tháineadh toir an tsaoghail an 'aghaidh, briseadh e: rug an tighearna a bharr leis, rug an ministeir na ba agus na capaill leis, rug fear an sraith na sraithe teampaill an bord, an pota 's a' súsa leis, agus do shadhadar uile le fan an tsaoghail e fein, a bhean 's a chlann cumhra beag og; seo na neithe cuir chum bothain beag bhig cois tsleibhe e, agus a inghin aluinn a' suathadh mona. Bhí míle ógmhná agus oganaigh ag rinnce le ceol ar mullac "An Mhóin Ruadh" (.i. ardan i lar "Poll a' Chapaill"). Chrith an cnocan ruadh faoi na coisínighe luthmhara. Is aoibhin saoghal doibh muna déirc é a dheire. Chím cionnus fasann an mhoin. Ta luibh ar a ngoireann recte dá ngoireann siad susán; fasann so sna poill mona agus d'eis feodh do ionntuigheann se na ghar, agus d'eis iomad bliadhan liontar an poll mona mar so agus bionn na port aris, gearrthar annsin e le sleaghan uchta ma bhionn an susán gan dreodh' go foirlíonta, no le sleaghán binne má bhionn se dreoite go h-iomlan; agus curtar ar an bport da tiormadh e; acht ni h-eadh seo an moin is fearr, acht an gar fuinte le cosa duine, d'eis e shluaisteail suas as an bpoll ar an bport, agus é dhéanamh na bhfod le lámha ban; gaoth ciuin aniar ndeas. An treas la deag .i. dia haoine. La brothallach greine; gaoth ciuin anoir ndeas. Cuadhas ag snámh faoi dhó roimh an ceadlonga. An ceathramha la deag .i. dia satharn. La brothallach greine: gaoth ciuin: tuirneisighe agus cal nó cabáiste ban, go maith is go saor san marga: caoirfheoil tri pingine go leith agus tuistiun a' punt; mairtfheoil cuibheasach da phingin go leith; potataoi cuig pingine go leith an cloich: min bhuidhe tri pingine an pota:
beagan glaodhadh ar min choirce ar cuig pingine an pota. Ta gainmimh tríthi, oir nior gearradh acht beagan di an bliadhain seo ghabh tharrainn, acht i tharraing as a préamhacha le lamha daoine do rinneadh. An cuigeadh la deag .i. dia domhnach. La breagh greine brothallach: gaoth ciuin andeas. "Is teo siolla don gaoth andeas na teine cheap a' domhain." An seiseadh la deag .i. dia luain. Faghaim amach i leabhar thractas ar an tteanga gaodhalach, le Seumas Ó Sguireadh go bhfuil (1) Annalach Dun na nGall (Annalach Tighearnach); (2) Annalach Uladh; (3) Annalach Inis-faithlin, agus (4) Annalach Buil Búille no Connachta, clodhbhuailte le h-ordughadh an taoiseach Chandos no Buckingha agus athruighthe le Cathaoir Ó Conchubhair, Ollamh Diadhachta, o Gaoidhilge go Laidin. Is áthasamhail an nidh seo liomsa agus leis an fiorbheagan de ghaodhalaibh noch do leigheas a tteanga min milis mathardha fein. Maidin greine, brothallach ciuin: meadhon lae, neulta; gaoth cuibheasach aniar. An fhaid ata an brothall ann, eirigheann gaoth beodha timchioll meadhon lae noch a ciuinigheann um deire lae, agus ta fath maith leis seo; oir cuireann teas no brothall an t-aer i meid no atann sé é, agus da brigh sin eattromuigheann sé aonchuid cuimsighthe de, agus is eigin don aer dul suas is na h-iarmailtigh fiormaimeintibh, go mórmhór an tan tagann an t-aor fuar trom asteach air o raigiúin, no tain éigin eile ann nach bhfuil teas nó brothall; agus an tan chorruigheann an t-aor, is air glaodhtar gaoth. N.B.T. Cronughadh lae fionfhuar: bios ag coileir an Craitheach sic ag Bóthar Nua nó Mulaise, agus cuireadh garbog tri clocha meadhchan' suas san aer leathcead slat on ait ar cuireadh séideog pudair aon ordlach amháin i ndoimhneacht i bpoll troigh ar doimhneacht. Ta taobh den coiléir nios so-oibrighthe na taobh eile, o fuigseacht na n-ochar da chéile. An seachtmhadh la deag .i. dia mairt. Maidin bog: gaoth
aniar ndeas le ceobhrán: ceo ar na cnocaibh, agus ar na sliabhaibh: o eadartha go trathnona no tri a clog, tri ceatha ró-throma chuir claodach sios an Cloidin: ceathain go deire lae: cuig pingine ar pota mine buidhe: beagan potataoi nua san marga. An t-ochtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breagh dorca: gaoth aniar ndeas. Chím an duilleog baidhte nó cabán abhainn i bPoll Sheaghain idir Callain agus Muillean Ui Briain; ta se faoi blaith anois. Chím binndeal ar bo bradach. Is iomdha toradh nua is meas ar an marga anois .i. min nua eornan moire, potataoi nua, acht is tearc iad fos, cal no cabaiste ban, spíonáin, curain dubha, bana, dearga: silínighe; suibh-na-ccraobh; suibh-na-talmhan; fraobhain etc.. Taid na torthaighe seo iomadamhail o thosach an mi se .i. Buidhemis, acht potataoi amain. Chím sé baraille eornan moire ar trucaill andiu. An naomhadh la deag .i. diardaoin. Chuadhas andiu go Tigh Phaoraigh Abhainne, ag Gráig-Rosa-na-Reanaigh. Buaileamar amach, .i. me fein, an t-Ollamhan Ceiting, agus an t-Athair Croidheach tre Ceann a' Fatha don Abha Beag, de Crann nó Bile, Bachaill, ag tosach fearainn Mic Cormaic ag an cCuaileach. Is ro-aluinn an fearn fearann, í. Ta tigh muintire, sgioból, cró etc., agus lubhghort ro-bhreagha i ngleanntáinín aoibhin ameasg cranna agus cloidhfais ró-fhosgamhla ann; is breagh an fearn caorach agus moinfhear i, - agus ni taise don Gráig e, oir is aluinn an fearn ba bainne e, agus is fosgamhail le cloidhthibh fais, le crannaibh de gach gné da ailne, mar atá, fuinnseog, dair, giubhais, fearnóg o a bhfaghaid daoine barroga chum dathuighthe, feoruis etc., agus abhalghort tortamhail fosgamhail. Ta sruthan na Gloire ar an teorainn theas d'fhearann Gráig-Rosa-Ui-Neannaigh. Bi muileann air anallód, laim le Cnocan a' tSionnaigh; acht nil cloch ar muin cloiche de anois. Ta linn a' mhuileann mhuilinn 'na logan tirm anois. Fuaras an dréimire Muire faoi blaith liathdhearg ann, agus an feoran curraigh 's na
moinfhearthuighibh. Is tearc cuasogaibh beach anois (vulgo caosnóga). Fuaramar proinn maith on bPaorach .i. muicfheoil meith deataigh, .i. bagún, col bán, potataoi ró-áilne agus beath-uisge teith-measgaighthe no puins. Thangamar abhaile go súgach sámh. An ficheadh la .i. dia haoine. La neulta neamh-troma: gaoth aniar. Thainigh dromán buineann tres an baile andiu: is iongantach an beithidheach í. Bhi liudaide muncaoi ar a drom, no idir a da droman ag deanamh liud is dranaigheal n-éagsamhail. An chéad la ar fichiod .i. dia satharn. La breagh bo: neulain agus gealain: deire lae dorcha bog, gan puth gaoithe le clos, cia go bfaicim na neulta dubha ag triall go ro-mhall aniar ndeas. Is aoibhin an trathnona agus deire laoi e, gan teas gan fuacht. Taid cuileoigínighe 'na miltibh san aer, acht nil siad goinideach. Bha ... cis potataoi nua ar an margadh: da thuistiun ar a' cloich, acht thuiteadar go rael. Nil aon deifir idir rael geal agus rael ruadh, oir is sé pingine gach ceann aca; acht, roimh an cuigeadh la de Mhí Gionbhar 1826, bhí sé pingine go leith ar rael geal. Mar an cceadna, an piosa ocht ttuistiún, - nil ann anois acht leath-coróin lom; agus an tuirtín, no tri pingine deag, nil ann anois acht sgilling maol no lom .i. da pingin deag; is mar sin do gach aon airgid airgead eile; agus d'imthigh na piosaighe cuig pingine, na piosaighe deich bpingine, an leath-choróin gaodhalach no na piosaighe trí-deich-bpingine, agus na piosaighe se sgillinge. Nil ceann le feicsin ag imtheacht. Ni glacfaidhe iad ar aon chor acht ar leath-luach. An dara la ar fichiod .i. dia domhnach. Gaoth anoir ttuadh ciuin: maidin, Stuadh Laighean, an Staighre Dubh, na Cumaracha agus na Gailte agus Sliabh na Leac, muchta i neulta: buaic ar Cnoc Breanaill; Sliabh na mBan leath-cheilte; Drom Dearg agus na cnuic agus na sléibhte ísle glan, gan ceo gan neul: la breagh dorca: um deire lae do ghlanadar na sleibhte uile
acht buaic beag ar na morsleibhtibh: gaoth nach beag attuadh: cuma tirm ar an oidhche: ainiomad daoine ag spaisteoireacht ar Faithche an Aonaigh. An treas la fichiod .i. dia luain. Gaoth ciuin aniar ndeas: la breagh brothallach: neulain agus gealain. Ta Seaghan O Bruinn agus Cáitín Ni Bhruinn, clann mo deirbhséathar, Eilis Ni Bruin Bean Uí Bhruinn no Ni Suilleabháin, tinn le fiabhras. Chuadh an t-Ollamh Ceiting da bfeacainn, no da bfiosrughadh. Chuamar araon tre Graig Amhluighe, go bron- bhearg, nó tigh tinnis, no oispideal na Doire Móire. Níl acht ceathrar tinn anois ann. Is mor an t-acara do na daoine noch ata na ccomhnuighe ar talmhuin Tig-na-h-inse e an tigh tinnis seo. Taid coillte cluthmhara daraighe budh thuadh de, agus talamh torthamhail ar gach áird eile dhe. Taid beirt calairighe do ghnath ann ag friothalamh ar lucht tinnis. An ceathrughadh la fichiod .i. dia mairt. Maidin tirm neulmhar brothallach. Tug Padruig O Séadh, o Rath a' Phúca lubh, troigh ar aoirde, le n-iomad bláith mion buidhe, cugam ar ar ghlaodh ghlaoidh sé Crois Coluim Cille. Deir sé gur maith e i ccoinne an trriuch an (no na) treacha, bruithte ar leamhnacht agus tabharthadh don leanbh naoi maidne. Ta an cruithneacht ag athrughadh a datha o uaithne go dubh-donn no donn dorcha. Ta an tuibhe tuighe an-leabhair ar chruithneacht, ar coirce, agus ar eornain, beag is mor. Taid na potataoi, curtha .i. do cuireadh i ttosach na bealtaine, go rathamhail, ach na potataoi noch do cuireadh i ndeire na bealtaine, no san mi mid meadhoin, taid siad bocht go leor. Trathnona agus deire laoi fionfhuar: gaoth andeas. An cuigeadh la fichiod .i. dia ceadaoin .i. La Feil Seaghain. La breagh fionfhuar: gaoth andeas.
An seiseadh la fichiod .i. diardaoin. Feartuinn trom gan traochadh o se a clog ar maidin go meadhon lae; .i. fearthuinn na Feil' Seaghain: gaoth ciuin anoir ndeas an ard na fearthanna; gan cnoc na sliabh le faicsin acht maoilin Droma Deirg: ag meadhon lae d'athradh athruigh an gaoth gus an ard budh dheas, agus go grod, da eis sin, gus an ard siar: ciuin ar feadh an lae: deire laoi; gaoth aniar ttuadh: na sgamail eirighthe des na mion-cnocaibh; na morsleibhte faoi buacaibh glasa: an grian ag taitneamh ann foth-aitibh i bhfo-áitibh. Is alainn radharc faschoill Cnuic na Carraige. An seachtmhadh la fichiod .i. dia haoine. Maidin gaoth ciuin andeas: buaic ar beannaibh na morsliabh: is aoibhin glas bhuidhe feuchas Sliabh na mBan faoi n-a bearéad ceo. Gabhas tre Moin Gharbh, taobh thoir de Fearann na Mionann. Chonarcas coirce na Feile Michíl abadh bainte: cuireadh siol feir tríd: conarcas coirce abadh gan buanadh, noch dfhás o siol do cuireadh bliadhain go leith o shoin, acht nior fhás san earrach na san samhra do ghabh tharainn. Ta a lan bruim-fear chomh hard leis an ccoirce ag fas trid go tiubh tiugh; ni bheidh act barr meadhonach air. Chonarcas barr coirce ar talamh Cuidithí Chuidighthigh, cuid de Bhaile Fearain Cille Briocain san ait a bhfuil se i tteorantacht Mona Garbh agus Mona na Muinne, se troighthe ar aoirde agus tiubh da reir, ordlac is deachmhadh ar leithead san duile mar feileastar, agus cead is seachtmadhadh seachtmhogha graine air (170), agus da cead is triocha ar ceann eile, gan "mac ar muin" d'áireamh. Ta tri acra den tsort so recte ghné san mhachaire rathamhail seo, act do leag "feartuinn na Feile Seaghain," .i. fearthuinn an lae ande cuid de; acht ta suil agam, o nach bfuil gaoth ann, go n-eirgeadh n-eireochaidh se aris. Is rathamail feartuinn na Feile Seaghain dos na potataoi. Thug Padruig Liagh Ó Séadh an lus mor cugam andiu; ta se ceithre troighthe go leith ar aoirde, go n-iomad cloigín liath-dhearg,
liath-bhán, go bpuncaibh mar ubh turcaoi. Ta ainiomad blath gan osgladh air, mar cairteoga glasa oga, agus duileoga garbha fada ag n-a bonn, agus bleidhe ceathar-duileach ag gach blath. Is mor e leigheas an lusa so, nuair togtar i cceart é, acht is mor e a milleadh má togtar bunoscionn e. Ni coir e glacadh o dhuine orartha, ach o ollamhain leagha. An t-ochtmadh la fichiod .i. dia satharn. La breagh brothallach trid amach: gaoth ciuin andeas; ceo corcra eattrom ar Sliabh Ardach roimh luighe greine. Is ar eigin chím iad, adharca na gealaighe ag ionntodha chum neulta luaidh-lí ar Sliabh na mBan: an chuid eile don speir glan gan ceo, beag nach gan neul. Is clos dom go bfuil coirce i n-aiteannaibh i n-a bhfuil an "mac-ar-muin" nios mo na an t-athar-graine an coirce .i. i gcoirce eile. Is e is mac-ar-muin ann, .i. an graine beag bhios ar muin an graine moir i n-aon lóchán amháin. Ni chloisim e bheith i ccruithneacht na i n-eornain. An naomhadh la fichiod .i. dia domhnach .i. domhnach Cromduibh .i. la Coimhthionoil no la Patruin Tobar San Seain, laimh le Cill Briocain, laimh le Callain. Maidin, gaoth laidir anoir ndeas: buaic ar na sleibhtibh arda, gailing gailshin, - shíon ar na cnocaibh: um trathnona, ceobhran: um cronughadh lae, iomad splanc teine creasa, no teine gealain le blaodhmaibh toirnighe agus fearthuinn trom, ar feadh leath-uaire, d'eis tuitim oidhche. Do caochadh searbh-fhoghantuighe i n-Ibh Eirc le splanc teineadh gealain. An deichmhadh la fichiod .i. dia luain. Gaoth laidir aniar: neulta tana. An t-aonmhadh la deag ar fichiod .i. dia máirt. Gaoth andeas: neulta tana: la breagh: chuadhas leis an t-Ollamh Ceiting treas an Doir Moir agus an fascoill no Cobs a' Tighearna. Taid siad a' sgothadh boithinige de anois, chum go bfasadh se ard direach. Ta se cuig bliadhna ar caogaid ó crom se a' fas on sean-coill noch do gearradh, agus nil tar
fiche troigh ar airde san adhmad tiubh, agus deich ttroighthe san barraghal. Ta leath-cead bliadhain eile, is breis, go mbeidh se n-a lan-fhas. Is cuimhin liomsa ceithre bliadhna deag ar fichead fhichid o shoin, an uair do bhi na crainn chomh hiseal san go bhfaghainn bheith a' lighe na meala don duileabhar daraighe, gan iad do bhain den crann, maidin breagh bealtaine agus me ag imtheacht chum sgoile go Baile Ui Caoimh. Gluaiseamar araon gus an Doirin, ag feuchainn inghine Padruig Uí Donnchughadh, noch ata ana-tinn le fiabhras inchinne. Taid na bróinte ar siubhal san Doirin, ar an riasg laimh leis na liontain, agus an in iomad d'aitibh, oir nior abadh abaigh an eorna mor i n-aoinfheacht, agus niorbh fiu dul le beagan chum muilinn. Is dian an obair bróntóireacht ar mnáibh 's ar garlaigh, oir is annamh fir ag brontóireacht. Tangamar abhaile ar ar socaracht, um buille a clog. Athsmuintighe ar an mi. Gaot andeas anoir ndeas, aniar ndeas, go coitcheann, acht tri no ceathar do laethibh, i n-a raibh se sic attuadh, aniar ttuadh anoir ttuadh agus aniar. Ni raibh tar naoi no deich de laetheannaibh brothallacha, agus naoi o deich de laethannaibh greine tríotha amach: tri no ceathair de laethannaibh ceathanacha, da la tromfhearethuinn sic, agus aon la toirnighe. Is dorca an buidhemis e i ccomhsamhlacht le n-a comgairm, san bliadhain seo ghabh tarainn: dá brigh sin beidh an foghmhar mi nios deanaighe. MI LUGHNASA. An cead la .i. dia ceadaoin .i. La Lughnasa .i. La Feil' Peadar i ngeibhleach .i. La Feil Pellegrín, no Peregrinus, ditreabhach eireannac o a ngoirtear Sliabh Pellerim san Iodail. Maidin ceathanach: meadhon agus deire lae gaillingeach, le gaoth andeas agus ceobhran.
An dara la .i. diardaoin. Maidin, gaoth andeas, trom-neulta slapar-silteaca ag gach sliabh agus cnoc: ceathain agus ciuineas ar feadh an lae go cronughadh, an tan glan se suas beagan. An treas la .i. dia haoine .i. La Feil Athghabhail Sain Stiophain. Maidin go doich, gaoth andeas: an speir cuibheasach glan; an ceadlonga, tromneulta: deich a clog, gealan: gaoth laidir. Ataid Breathnaigh na Mona Garbh ag cáthadh coirce nua andiu. Ta a cclos lionta le lóchán. Ta se sgillinge deag le fail i cCill Cuinne ar an baraille dhe, aca (ceithre clocha deag san mbaraille). Ta Cuidighthigh, laimh leo, ag gearradh coirce iongantach iongantaigh ar talamh Cille Briocain andiu. Beidh cheithre baraille fichiod ar an acra de, adeir se. Fearthuinn o trathnona go cronughadh lae, le gaoth aniar. An ceathramha la .i. dia satharn .i. La Feil' Moluagha.
Maidin, gaoth aniar, neulta ar speirthaibh 's ar sleibhtibh dubha: meadhon lae do crochadar na neulta suas. Do chuadhas le Padruig O Gradaigh ag feucainn mo cuid potataoi ar talamh Mic Craith .i. Loch a' Cuitín; is aluinn feuchaid. Ar an taoibh deis den bhothar ag imtheacht, ta dath beo-bhuidhe ar na gortaibh cruithneachta, agus ar an taoibh clí ta dath dubhdhonn uirthe. Is comhsamhail gur talamh gainimhe ta ar an taoibh thuadh, agus talamh criadh ar an taoibh theas; oir cloisim go mbuaintear an cruithneacht ar an taoibh thuadh seachtmhain no deich la roimh an cruithneacht ar an taoibh theas. Chím an speir leath-ceilte; taid na sleibhte is aoirde glan o neulta. Da mbeidh tiormacht i mbun reusuin againn, is breagh an foghmhar beis againn oir is beag don arbhar ata 'na luighe. An cuigeadh la .i. dia domhnach .i. domnach Molua, .i. la Patruin Cille Malua no Cill Mhaolua .i. La naom-coisreagadh Teampaill Muire an tSneachta. Maidin, gaoth tirm beodha aniar ttuadh: an speir foilighthe le dubhneulta acht ni luighid go h-iseal, oir taid na sleibhte is aoirde glan, acht barr an Staighre Duibh, na os cionn Stuadh Laighean, oir is follus go bhfuil Stuadh Laighean chomh h-ard leis an Staighre Dubh, muna bhfuil se nios aoirde o is comhsamhail go bhfuil: deire laoi, dorca, ciuin, bog. An seiseadh la .i. dia luain .i. La Athfoirmiughadh ar tTighearna Iosa Criost. Maidin geal greine ciuin brotallach: meadhon laoi néalta, ciuin, brothallach: deire laoi breagh;
sgail dearg 'sna neultaibh: an gealach ag eirghe ameasg neulta na lomaraighibh mar baintreadaighe rioghamhail ameasg caoire geala caorach ngeal: an gaoth anoir ndeas. D'fhanas tamall gearr suas ag toramh Sioban de Burc o Loch Buidhe i cCallain, ait a bhfuil Tigh Sgoile na mBocht 'na seasamh ag Faithche an Aonaigh, laimh le Bearna an Cusduim. Bhadar a lan de daoinibh dearshula deallramhla an baile ann, idir fear agus bean, ag cainnt go modhamhail ar seanchus agus nuadhacht, ar na Turcaigh agus na Gréagaigh. An seachtmhadh la .i. dia mairt. Chuadhas le socharaid Siobhan de Burc go Cill Corain, laimh leis an Baile Nua, no san Baile Nuadh fein, ata se. Is ro-arsagh an Cill e sic, oir aitheantar ar na fuinneoga tearca caola arda go mbeagán ornaid (ceann aca beagan ordlach ar leathfad leithead) gur go grod d'eis Naoimh Phadruig do toigeadh e; oir an tan cuireadh an Creideamh Caitiliceach ar bun ar dtus i n-Eirinn, d'imthighidis na h-Éireannaigh ar ilirteacht oilithreacht go tiriuil Tír Iubhal .i. Iúdach is Ierusalem .i. tir teith, agus d'fhoghluimeadar gan moran solus no teas soluis no teasa do leigean asteach 's na ceallaibh; acht fuaradar amach, fada na dhiaidh san nachar oir an gne fuinneog san don tir fuair so na h-Eireann; agus, da bhrigh sin chímíd fuinneoga breagha mora ornaideacha is na cillteibh i cCeananas, i cCallain etc.: gaoth andeas. An t-ochtmhadh la .i. dia Ceadaoin: gaoth ciuin andeas la breagh greine. An naomhadh la .i. diardaoin. Maidin go doich, an grian ag taithneamh go niamhrach: o hocht a clog go deire laoi, dorcha breagh: ceobhran um trathnona: cuadhas leis an t-Ollamhain Ceiting tre Graig Amhluighe, an Dair Mor agus Coill a' Tighearna go Doirin, ag feuchainn inghine Padraig Ui Donnchadha, noch ata tinn le fiabhras inchinne. Tangamar abhaile tres an Riasg, na Liontain, agus talamh Sgeach a'
Chloichreain. Conarcas beagan cruithneachta da buanadh. Chonarcamar bothan Mhic Eochadha na sugan ar an Liontan: acht foraoir! ta Mhic Eochadha sic ar seacran, ta a bothan go dealbh, d'imthigh a ceard, oir ta an súgán gallda i n-ionad an sugan gaodhalach sic le fiche bliadhain. Is amhlaidh do-nighthid ghnidhtí an sugan gaodhlach (mar tuigtear o n-a ainm), castaoi sugain tuighe ar a ceile amhail O, agus curthuighe cuirtí gadruighe driseog fighte 'na chéile mar brollach leis, agus sáightídh sios ar ceann a' chapaill e, an tan bhiodh se ag dul chum oibre, agus churthaoi cuirtí amadh da reir sin le lub thuas agus gad brollaigh tios air. An deichmhadh la .i. dia haoine. Maidin go doich, speir glan: naoi a clog: gaoth aniar beodha; neulta eattroma ar an speir. Taid na cnuic agus na sleibhte glan, acht ni chím fheicim na Gaillti: neulain agus gealain ar feadh an lae go luighe greine, an tan bi an speir glan acht beagan de neultaibh ór-bhuidhe san ard thiar: fearthuinn idir a deich agus a t-aon buille deag. An t-aonmhadh la deag .i. dia satharn. La breagh: fo meadhon lae, mionceathain: cruithneacht da buain ar gach taobh dinn, stacaighe da ndeanamh. Is meidhreach an meidhile mheitheal ag leanamhain an mheithleora. Is clos dom go raibh feartuinn róthrom idir Modeisioll Magh-deiseal agus an Seangharadh, cia nach raibh acht mioncheathain i cCallain. An dara la deag .i. dia domhnach. La breagh: gaoth aniar ttuadh. An treas la deag .i. dia luain. Fearthuinn ar feadh an lae: gaoth aniar ndeas. An ceathramha la deag .i. dia mairt. Maidin, gaoth andeas: neulta dubha agus ceo na ttromluighe ar gach sliabh, cnoc agus gleann: siorfearthuinn o maidin go doich go deich: meadhon lae, an grian ag taitneamh go lag tre tan-neultaibh: lucht oibre da ttogbhail ar leath lae ar se pingine agus proinn no dinnear chum buanadh: o trathnona go cronughadh lae, ceathain ceobhran ciuin. Is anacrach an aimsir foghmhair e, buidheachas le Dia.
An cuigeadh la deag .i. dia ceadaoin .i. La Feil' Muire an Foghmhar .i. La Chéad Feil Muire .i. Athghabhail Muire: la saoire. Fearthuinn trom gan traochadh o cronughadh lae araoir go se a clog ar maidin andiu, le gaoth ciuin on leath dheas ni feadar cia aca on ceathramha thiar theas no thoir theas. Is clos dom anois gur aniar ndeas bhí an gaoth: ta si aniar ttuadh o se a clog ar maidin. Do eattromadh an fearthuinn beagan. Ta tuile mor trombhuidhe san amhain: buille a clog, taid na neulta ag eattrromadh: nil tar leath Sleibhe na mBan foilighthe. Ta gaoth laidir aniar ttuadh is maith tirm an t-ard an áird í seo ma leanann sí air. Ni chím o Ceann a' Fatha aon arbhar leasaighthe, agus is clos dom nach bhfuil acht fiorbheagan di treasgartha. Is maith an sgeal so: deire laoi ceobranach ceathanach. An seiseadh la deag .i. diardaoin. Gaoth laidir tirm attuadh: da sgilling agus gloine fuisgighe, no uisge beathadh agus biadh do buanaighthibh, agus ceithre tuistiuin do mnaibh ceangail: buanaighthe um meadhon lae ag imtheacht ar sgilling no naoi bpingine, agus lucht ceangail ar da tuistiun. Ag deich a clog ar maidin fuair mo mathair .i. Maire Ni Bhuachalla Ní Shuilleabhain .i. bean Donnchadha Uí Shúilleabháin (m'athair) bas, d'eis ola agus aithrighe, le cumhnadh congnamh Dé Uilecomhachtaigh. Bi si i ngar de cheithre fichid no ochtmhadhad ochtmhoghaid bliadhan d'aois. Fuair a ceile, .i. m'athair bas san mbliadhain d'aois Chríost 1808, .i. bliadhain na sneachta moire sic. Cuireadh i cCill Brighde e, cois Ath'- an-uir, míle o Challain, cia gurab í Mainistir Iriolach ag Mucros cois Loch Léin, laimh le Cill Airne i cCiarraidhe a n-urlachas duthchais; acht do chuir bruid an tsaoghail, foraoir! i bhfad o ar ngaoltadh ngaoltaibh sinn se bliadhna deag a fiche o shoin. Ta an t-arbhar da ghearradh ar gach taobh dinn, cia go bhfuil an ceathramhadh glúin .i. an gluin is fuigse den deas, glas fos.
Taid na tri gluine glúna eile ar dath sic an tuighe abhaidhe .i. tuighe-lí. Deirtear liom na bainfide cruithneach anallód .i. sa' tseanaimsir, go mbeidh mbeadh na cheithre gluine feochta no ar dath tuige abaidh. Um luighe greine, an speir ag glanadh suas: neulta buidhe-dhearga san ard tiar: gaoth ciuin san ard thuadh go díreach: "cimel-discínighe" go leor ag teacht asteach ag na toicighe agus na gotain (diosgáin cimlighte no ceangailge ag gasúin agus cailíní beaga). An seachtmhadh la deag .i. dia haoine. La breagh foghmhair: gaoth attuadh. Ag romhar na h-uaighe dom mathair dom, is iomdha smaoineadh dólásach do bhuair bhuaidhr m'aigne. Bhadar cnámha mo dearbrathar, noch d'eag aon bliadhain deag is fiche o shoin, .i. san mbliadhain mile seacht ccead is se bliadhna deag ar cheithre fichid, iar n-a ccomhmheasgadh le cnamha m'athar noch d'eag naoi mbliadhna deag o shoin, .i. san mbliadhain 1808 míle ocht ccéad a h-ocht, agus cnámha mo thriair leanbh .i. dís Anastaisín agus Amhlaoibhín; agus nach fios cia fada gearr go mbeinn fein 'na bhfochair. Cuireadh mo mathair ag ceathramha tar eis a sé. An t-ochtmhadh la deag .i. dia satarn. Chuadhas, la breagh foghmhair leis an t-Ollamhain Ceiting de Caislean Tobán go Droichidín a' Mhíle, agus siar budh thuadh cois Sruthan na Liontain (laimh deis le Cnoc Riabhach), agus ni misde Liontáin do ghlaodh ar an baile fearainn bocht craite seo, oir is dóith liom go bhfuil fiche líon linn no lochán uisge air. Ta beagan coimineas ann gan cladhadh asteach fos. Chonairceamar cruithneacht geal cois Cnuic Riabhaich. Gluaiseamar cois an t-srutháin go Pollach (idir Gráig Amhlaighe thiar agus an Riasg thoir), ait a bhfuil iomad leatuighe ag cruinniughadh an uisge chum an leata meadhonach sic ar a bhfuil droichidín ar bothar an Riaisg, agus is e ionad a bfuil ceann an leata so i linn no poll uisge san Doirín laimh le Tig Learuighiosa agus na nDonnachughadh; agus is e ceann Sruthan-na-Liontáin. Ta an bas, is eagal liom, ag imirt le hinghin Padruig Ui Dhonnchughadh, mar sugra an chaitín leis an luichin,
go slugadh sluga(idh) se i faoi deire. Tangamar abaile ar an socracht tre Coill a' Tighearna agus an Dair Mor. An naomhadh la deag .i. dia domhnach. Cioth go doich ar maidin: la breagh brothallach neultach: an chuid is mo den cruithneacht timchioll Challain bainte, is 'na stacaighe. Is maith an nuighe .i. oidheadh ar muintir Callain e, óir creannann siad airgid is faoidhleach leis go h-úr. An grian, ag luighe di, ag lonnradh mar lasair orbhuidhe, tre neulta corcra ciumhais-bhuidhe ró-thaitneamhacha: an chuid is mo den speir gan neul, acht ceo ar gach cnoc agus in gach gleann. Is gairid don talamh gearrthar cos na cruithneachta: ta tuighe ró-acarach anois chum min loisgrecín do deanamh: d'eis luighe greine na neulta iartharacha corcra ciumhais-croidhearg. An ficheadh la .i. dia luain. La breagh greine ciuin: gaoth attuadh: foghmhair da ghearradh: beagan muca ar an marga agus nios lugha na san de ghlaodhach ortha. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia mairt .i. la aonaigh Callain. La breagh greine: foghmhair da gearradh, da carnadh, da stacadh: beagan airneise is beagan glaodhach sic: na ceannaighthe gearra go díomhaoin. An dara la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh brothallach greine: speir gan ceo: gaoth ciuin attuadh: is mo baineann an buanaidhe bearnan ná an buanaidhe cúilín, den arbhar. An treas la fichiod .i. diardaoin. La breagh brothallach greine; speir gan ceo: gaoth ciuin attuadh: ta tarlódh ag muintir Shéaghdha i Rath a' Phúca. Is comhsamhail le glor seoil figheadóra, i bhfad uainn, bogadaoighiol bogadghail buigiuin buig-chiuin, taobh thios de Poll Seaghain, an tan bhionn muileann Sráide a' Mhuilinn ar siubhal. An ceathramha la fichiod .i. dia haoine. Gaoth beodha attuadh ar maidin, na neulta ag goradh leath shlighe sios ar Sliabh na mBan: ta cois an tsleibhe agus leathshlighe suas chomh glan le gloine sgathain. Níl acht fogort le baint i nGleann
an Arbhair .i. ar feadh mo radhairce, acht nior cuireadh corrán i ngort ar na cnuic fos. Ta arbhar earraigh gan gearradh fos timchioll Callain; acht, ni fhaicim acht gort nó dó dhe. Ag luighe greine bhadar na neulta iartharacha croidhearg, dearg, dearg-bhuidhe, corcra, agus an spéir iarthair buidhe-uaithne. An cuigeadh la fichiod .i. dia satharn. Gaoth beodha attuadh: Cruithneacht Uí Chróinín, ag Ceann a' Fatha, noch do cuireadh d'eis na Nodlag da bhuain buain andiu: cruithneacht Uí Niuláin Nialláin, noch do cuireadh i mbranar suipín da gearradh mar an cceadna: nil déas dias le gearradh ag aoinneach eile i ngar de Challain; acht nior cuireadh corran is na barraighe glasa fos .i. na barraighe ata ar na cnocaibh 'n-ar urthimchioll agus i mbeagan de logánaibh fuara gan leasughadh. An seiseadh la fichiod .i. dia domhnach. Gaoth beodha tirm attuadh: maidin breagh greine: foineul ar aigheadh na speire: moran coirce agus eornan bainte: taid na buailteoirighe ag bualadh na ccimelidhisgínighe agus fostaicin cruithneachta. Ni fhaicim ar feadh mo radhairce, o Ceann a' Fatha, gan buain acht goirtín craite cruithneachta Uí Chroinin crón-bhuidhe ag Ceann a' Fatha agus na barraighe glasa ar na cnocaibh: o meadhon lae go deire laoi dorcha beodha. An seachtmhadh la fichiod .i. dia luain. Gaoth attuadh beodha: la breagh dorcha: eorna da stacadh noch do baineadh dia satharn: is furus eorna do sabhail anois, cia gur graine maoth no docar deacair a le sabhail é. Ta iarmar cruithneachta Uí Chroinín da bhuain andiu. Conarcas andiu creachtach dearg ag fás i ccroca gan criadh ar bith, acht caonach go leor; ba iongantach liom e. Bi, i ttig an duine ceadna, ar leis an creachtach, nead smolaighe agus aon ubh amhain ann. Teidheadh an smólach amach gach la agus tugadh asteach lei i n-a gob brobh feir, tar eis e thomadh i rianán uisge, bhí laimh leis an ttigh,
agus do rinn an nidín cluthar cruinn di fein san feoilchiste, ait a mbiodh sbrúileach agus blodhairighe arain le fail aici. Acht an tan fuair si a clumh cluthar agus a sgiathain laidir go leor d'eiteal sí amach fe an ubhalghort, agus nior chas ar ais ar a nidín na ar a h-aon ubh; agus ni locht uirthe seo, oir is ionamhail le gach duil fo nimh saoirse; agus is ró-mhaith do rinn si gan a h-al og do tabhairt suas i ndaoirse, no i mbraghdanas. Ni rinn dhearna si fala an tan d'imthigh si ar eigin on dream noch do thog i o taobh cluthar a mathara, o n-a nidin cluthar i ccloidh na sgeach cois na coille, ait a raibh fosg is foithin is saoirse aici. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia mairt. La Naomh Austín .i. Aguistin, .i. Aghustin .i. Aghuist .i. La Naomh n-Aghuist. Maidin, seacht a clog, ceobhrainn le gaoth aniar ttuadh. Ni faicim stácaí ar na barraighe glasa fos, .i. ar na cnocaibh 'n-ar n-uirthimcioll. An naomhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh bog ciuin dorcha: gaoth aniar ttuadh. Conarcas an t-seamar donn agus an piseadán cumhra faoi bhláith. An deichmhadh la fichiod .i. diardaoin. Gaoth aniar ttuadh beodha: la breagh dorcha: na stacaighe da ttarlodh cum na h-iothlann agus da ndeanamh 'na ccruacha: beagan daoine da ccur asteach is na sgiobolaibh, ag deanamh seas den arbhar; 'on seas curtar da aireamh san sraith (deich bpunnann san aireamh), agus buailtear cloch cruithneachta as gach aireamh ma bhionn si go maith; se sin, baraille as fiche aireamh no as deich sraithe. Buaileann buailteoir deich n-aireamh is fiche (.i. triocha aireamh) san lo; se sin, baraille go leith. d'itheas smearaighe dubha abaidh andiu. An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia haoine. Cuadhas le sochraid Eilis Ni Donnchadha, no Builteir, go Cuaileach. Gaoth beodha attuadh: la breagh dorca: buaic ar gach morshliabh: na stacaighe da ttarlodh asteach is na h-iothlannaibh agus cruacha ag eirghe go mear. Taid stacaighe ag eirge ar na barraighe
glasa anois. Is breagh an aimsir cum potataoi d'aibiughadh e, agus is mor do teasadh se: oir bhadar agus taid fos chomh bog le geir, acht fopotata. Taid siad anois ar tri pingine an chloich, agus is gearr go mbeid ar da phingin. Is rómhaith an sgeal so. Ceobhran o ceathair go cronughadh lae. Atsmuintighe ar síntibh an mhí. An cead da la deag den mhí breagh: gaoth andeas i ttosach an mhí: coirce na Feil' Michil da bhuain i bfiorthosach an mhi: cruithneacht da bhuain an naomhadh la den mhí: feartuinn antrom ar feadh tri la .i. on treas la deag gus an cuigmheadh la deag, le gaoth aniar ndeas: tuile mor san abhainn: bhí an feartuinn se ar feadh na h-Eireann. On cuigeadh la deag go deireadh an mhí, gaoth attuadh, aimsir breagh foghmhair, com breagh is dob' fheidir e: tuarasdal cuibheasach de lucht buana agus ceangail. Bail ó Dhia ar an obair! Amen, a Thighearna! MI MEADHAIN AN FOGHMHAIR, NÓ MÍ NA FEIL' MICHIL. An cead la .i. dia satharn. La aoibhin greine: gaoth ciuin anoir ndeas: luighe greine, an beagan sgamail noch do bi san leath thiar, ór-bhuidhe, dearg, croidhearg, corcra: oidhche aorach gealaighe. An dara la .i. dia domhnach. La chomh beaagh is chonarcas riamh, ciuin, brothallach: "Gan gal ann don gaoith Do chroithfeadh barr crainn na bláith." Do chuadhas ag spaisteoireacht ar feadh na cloidhthe idir Faithche an Aonaigh agus an Abha Bhig, ag bailiughadh smearaighe dubha dom cheathrar cloinne .i. Donnchadh, Anastaisín, Amhlaoibh agus Seamas. Taid triopail caor ndearg ar an féithleóig: taithféileann taid na sgeachóirighe ag ionntodh dearg o liathdhearg: taid na h-airnighe liathghlas: bionn ponaire ar an marga. An treas la .i. dia luain. Maidin, siocán liath gna diobhail: la aoibhin aorach, speir gan neul gan ceo: gaoth attuadh: deire laoi gan gal gaoithe do chroithfeadh duilleog an chrainn
crithigh: oidhche lanrae suairc: daoine ag spaisteoireacht ar Faithche an Aonaigh. An ceathramha la .i. dia mairt. Ceo ar maidin: siocán liath gan diobhail: la aoibhin, neulain agus gealain ar feadh an lae: sruth a' muillinn da glanadh, bric, eascuin, giologa gealóga cailleacha ruadha, agus bricínighe doinn da ngabhail ag gotain noch ata ag traghadh an uisge tar na portaibh noch do rinneadar trasna an tsruthain: gaoth anoir ndeas um trathnona: na sleibhte i ccein múchta i cceo: ceo tana ag leath- cheilt ard-beann Sleibhe na mBan: an beann iseal so-fhaicse. Is aoibhin radharc na sléibhe sic. Ag cronughadh lae cluinim an filbin-miog taobh thoir don Fatha. An cuigeadh la .i. dia ceadaoin. Maidin ciuin: siocan liath gan diobhail. Ta ceo ar na cnocaibh agus ar na bantaibh: acht is tuar bothaill ceo muna n-eireochas gaoth, is doith liom. Nil acht fo-staca ar gortaibh cruithneachta anois. Taid cailini cumhra ag cruinniughadh dioscan i ndiaidh an tarlodh. Is doith liom gur beagan ata le fáil anois aca, acht mar adeir an seanfhocal: "cruinnigheann broth brobh beart," agus "is maith leis na mna dealbha an blaitheach d'fhail" bláthach. Taid na sméaraighe dubha ar an driseoig ag aibiughadh anois. Taid na sgeachóirighe ar an sgeach geal ag ionntodh dearg. Táid na sgeachoirighe muc ar an feirdris glas fos. Taid cuig síol deag in gach sgeachóir muc. Gaoth anoir ttuadh beodha o trathnona go cronughadh lae. Cia go raibh ceo ar maidin ni raibh brothall. Ag cronugadh lae cluinim an filbin- miog taobh thiar don Fatha. An seiseadh la .i. diardaoin. Maidin ceo ciuin dorca, gan drucht, gan siocán. Áirnéis da ccur ag innfhiúr (.i. innbhearadh) ar caoinlighibh. Ata athfás féar nios truime anois 'ná na moinfhéaraibh do b'fearr aniorra (.i. an bhliain seo ghabh tharainn) anuraidh. Nil toradh san ccruithneacht mar saoileamar. Do ghoill toirneach na Feil' Séam sic air, agus iomadamhlacht a thuibhe tuighe, is fearthuinn Feil' Muire an
Foghmhair. Ag crónughadh lae cluinim an filbín-míog ag miogaduigheal míogadghail laimh le Poll Sheagháin. An seachtmhadh la .i. dia haoine. Maidin dorcha ciuin: gaoth anoir, gan drucht, gan siocán: cronughadh lae dorcha: gaoth anoir ndeas. An t-ochtmhadh la .i. dia satharn .i. Lá Feil' Muire Mor nó Lá a Beatha Beartha. Maidin dorcha ciuin, gan drúcht gan siocán; sleibhte a ccein muchta i cceo, sleibhte i ccomhgar leath-cheilte: gaoth anoir ndeas: meadhon lae, smúid da seideadh le gaoth andeas. Is dóith liom go bfuilimid i mbeal fearthanna. An naomhadh la .i. dia domhnach .i. domhnach Patruin no coimhthionóil na Cualaighe, .i. an domhnach i ndiaidh Lá Feil' Muire Mór. Maidin, o roimh breaca lae go se a chlog, fearthuinn fial: gaoth laidir andeas: la breagh, gealain agus neulain i 'ndiadh sin. Fuaras blaith liath-dhearg cois na h-Abhann, láimh le Poll Seaghain: taid sé codcha mar ceann croisigh san chuid liath-dhearg. Nil aon bleidhe faoi: don aicme sé-fhear agus den dream trí-bhean: an coisin leath-troigh ar aoirde. An deichmhadh la .i. dia luain. Fearthuinn fial idir a seacht agus a h-ocht a chlog ar maidin: gaoth cruadha beodha andeas ar feadh an lae: deire laoi glasfhuar.
An t-aonmhadh la deag .i. dia mairt. Feartuinn fial roimh seacht a clog ar maidin: Sliabh na mBan leath-foilighthe le neulta: gealain agus neulain o seacht go trathnona no tri a chlog. An dara la deag .i. dia ceadaoin. Maidin greine ciuin druchta: buaic ar Sliabh na mBan: an coirce ar a taoibh thoir go niamhrach buidhe le deallradh na greine. Is doith liom gur gearr go mbeidh siad da bhuain, cia ard suas ar an sliabh e. Fearthuinn fial o meadhon lae go trathnona: deire lae go greidhneach. Is iongantach glas feachas Faithche an Aonaigh, noch do bi ruadh feoighte tri la o shoin. Ba dhoith leat gur fhás an fear ordlach air o meadhon lae. An treas lá deag .i. diardaoin. La neulain agus gealain: gaoth aniar ndeas: tosach oidhche ciuin dubhré: deire oidhche gealaighe. d'fhanas suas ag tórramh mathara Seamas Cealsaoi. An ceathrumha la deag .i. dia haoine. Maidin, cuig a chlog neulmhar, gaoth andeas: meadhon lae, neulain agus gealain: gaoth aniar: la breagh. An cuigeadh la deag .i. dia satharn. La breagh bog dorcha. Chuadhas leis an t-Ollamhan Ceiting go Cill Brighde. Ta ocht ttroighthe deag san timchioll aige an bille bile. Ta cloch ann ar a bhfuil 1725 .i. cead agus da bhliadhain o shoin o rinneadh e sic Ullild is ainm den fhear. Nil duine da ainm san dutha so anois. An seiseadh la deag .i. dia domhnach. La breagh bog ciuin dorcha brothallach: domhnach Patruin na Grainsighe. Do shathadh mo mhac Amhlaoibhín a coisin i ccorcan uisge frichta ag dul a chodla do: ta se ag gol 's a' gartha: ta ceithre potataoi leis. An seachtmhadh la deag .i. dia luain: La breagh dorcha ciuin: gaoth aniar ndeas. An t-ochtmhadh la deag .i. dia máirt. La breagh: neulain agus gealain: gaoth naiar ttuadh: cuibheasach cruadh um
cronughadh lae. Chuireas ola bhidh bhighe, agus ceirighe ceiridhe aráin agus bainne bruithte, le coisin Amhlaoibhín. An naomhadh la deag .i. dia ceadaoin. La trosga. Maidin, gaoth aniar: smuitean da seideadh: an grian ag taithneamh o meadhon lae go deire; agus am codlata gaoth aniar ndeas le ceobhran is mionfhearthuinn. An ficheadh la .i. diardaoin. Ceobhran trom le gaoth beodha aniar ar feadh na maidne. "Ta ciach ar na riasgaibh 's ar sleibhtibh dubha": trathnona agus deire lae dorcha breagh. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia haoine. Trosga. Ceobhran le gaoth aniar ndeas ar maidin: o meadhon lae suas breagh, acht ceo ar na cnocaibh. Is ar eigin chím na Gaillti. Chonarcas faoileann liath chomh mor le lacha no tonnog ande ag tigh Ollamhan Builtéir: is fiadhain labhrann si an tan feargthuighthear í. An dara la fichiod .i. dia satharn: an la i n-a eirigheann is a luigheann an grian ag se a chlog nach beag. La breagh greine. Chuadhas leis an t-Ollamhain Ceiting go Doirin. Chonarcamar naosgach ar an bPollach. Do rinneas ceiridhe de ceir bheach, blonoc leighte na Ruisia, agus ola bhighe do choisin Amhlaoibhín, noch ata sgólta go mor. Nior gadh ghábhadh an ola bhighe do chur san cceiridhín, má beidh blonoc ur agam. Chonarcas Sliabh na Muc idir me agus Sliabh na nGaillti o Chnoc Riabhach. An treas la fichiod .i. dia domhnach .i. domhnach Patruin na Sceithe .i. Sceach na Conntaoisi .i. an domhnach roimh La Feil' Michil. La breagh o faithinne an lae go fuinne: gaoth beodha andeas. An ceathramha la fichiod .i. dia luain. Ag breaca lae .i. cuig a chlog feartuinn le gaoth anoir ndeas: mioncheathain 'na dhiaidh san ar feadh da uair: meadhon lae, breagh greine: ag do a chlog bogha ceatha leath-ceathramha no cuig ceimeann agus
ceathrachadh 'n-a bonn .i. o oirthear Cnuic na Carraige go Cill Train, agus na t-ochtmhadh cuid de cheathramha, no aon ceim deag agus cuig moment deag 'na aoirde. Is niamhrach a uaithne go h-airighthe san leath thoir: trathnona, cioth cuibheasach. Ta sgeal iongantach san tír seo anois. Bi Eilineora Ni Dhorchaoi, inghin Seamuis Uí Dhorcaoi, o Bhaile Ui Laighean, ag teacht abhaile o Cill Baoithin d'eis aifreann d'eisteacht, an dara la den mhi seo láithreach .i. dia domhnach, i ccuideachta Niocláis Tóibín agus daoine eile, an tan chonairc sí an sluagh sidhe timchioll Machaire Mór. Tháinigh duine dorcha ón sluagh amach, agus do shaoil i leonadh. Do bhi si ag rith timchioll Niocláis Tóibín, cum na leonfaoidh i; acht ba bheag an chabhair di, oir do leonfadh i agus do millfeadh í muna bé go ttainigh a mathair (noch d'eag sé bliadhna roimhe sin) da saoradh. Bhi cuma cumhach ar a mathair. Annsin do sgar an sluagh sidhe lei, agus do tug Nioclás Toibin agus na daoine eile abhaile i. Do bhí si gan urlabhra gur ghlaoidh na coilighe d'eis meadon oidhche, an tan fuair sí a hurlabhra; agus annsin caill si luth a coise noch do bhí chomh fuar le leacoidhre. d'fhan sí mar so ar feadh tri la deag (.i. satharn an cuigeadh la deag den mhi seo), ag gol 's ag caoi 's ag deanamh bróin go ttainig a mathair chúiche agus d'fhiafradh fhiafruigh di ar maith lei i leigheas. Dubhairt si gur maith. "Tugfainn thiocfainn-se cugat níos luaithe acht na faghfainn an fhaidh do bheidh beadh aoinneach id fhochair; agus anois o gheibhim ar uaigneas tú leigheasfad thu; agus tar amach liom cois an bhothair." d'imthigheadar araon amach, cia nachar ghabhadar aon tslighe amhain, agus do thaisbean a mathair luibh di agus dubairt lei e bhuain, oir níor cheart d'aoinneach eile é bhuain. Do bhuain si e, agus do bhi se gan croiceann, gan duille gan
blaith; agus adubhairt a mathair lei e beireamhadh bheirbhiughadh i n-uisge fiuchta agus e chumail da cois sé h-uaire i n-ainm an Athair agus an Mhic agus an Spioraid Naomhtha; agus d'imthigh a mathair uaithi an tan sin, is do rinn sí mar a dubhradh lei, agus ar bhuain fighior na croise ar a cois an cead uair do dhirigh a cois agus ata si slan follain o shoin. Is iongantach an sgeal so muna spéaraoidighe spreabhraoidí d'eirigh di mar do bheidh bheadh ar duine do bheidh bheadh i bhfiabhras, no muna cumadoireacht di fein e. Acht adeir cuid den comharsain gur raibh a cois chomh fuar le leacoidhre. Is e a h-athair fein d'innis an sgeul dom o tosach go deire agus d'innis Donnchadh O Briain o Droichead Bhaile Uí Laighean ar an ccuma ceadna e. Acht go deimhin ta eagla air gur cumadóireacht e, agus gur leig si uirthi go raibh si balbh bacach; acht adamhuigheann se gur innis daoine dearshula do go raibh a cois fuar mar adubhras ceana. Sgagaim fein mo lámha as. An cuigeadh la fichiod .i. dia mairt. O breaca lae go meadhon lae, fearthuinn trom,, gaoth andeas: o meadhon lae go deire, breagh: neuláin agus gealain: um luighe greine, na neulta iartair go n-iomad dath niamhrach. An seiseadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin geal greine, siocáinín liath: gaoth ciuin anoir ttuadh. Cluinim fuaim na mbrón o mhuillean Ui Briain, cia go bhfuil se i ngar de mile o Faithche an Aonaigh. Taid na cnó cná, cnoithe, cnóite abaidh anois. d'itheas cuid diobh andiu agus dia satharn seo ghabh tharainn. Do chuadhas chomh fada le Teampall Tulaigh Mhaoine (foraoir! nil teampall na cill anois ann act urlacas) le socharaid Michil Ui Mhurchadha o Sraid a' Fatha, noch do bhi ag dul tre Cill Train, no Teampall Loisc, go Dun-feart. Is aoibhin an suidheamh ata ar urlachas Tulaigh Maoine, os cionn gleanntainin aoibhin tre n-a ritheann an
Craosog, no Abhinn Tulaigh Mhaoine, noch a eirgheann o moin Baile Uí Caoimh cois Cnuic na Carraige agus tuiteann asteach in Amhainn a' Righ ag Caislean Aoibhe. Ta tobar breagh ag cur fior-uisge go lionmhar aiste ar an taoibh theas don sruthan so ar a dá ngoirthear Tobar Allsuin. Is 'on .i. den tsruthan so goirthear Tighearna Sruthain na Fuinnseoige, cia gur beag den fuinnseoig anois ann. Adeir sean-bhean liom gur cuimhin le n-a h-athair cill bheith san urlachas so, agus aifreann da radh ann fada o shoin, acht ni feidir liom bunudhas na cille d'fhaicsin; acht deir si gur san taoibh teas don urlachas mara bhfuil túma no uaimh no feart muintir' Ui Tighearna, laimh leis an bhile ar an thaoibh thoir, seasadh sheasadh an chill. 1735 .i. mile seacht ccead agus cúig bliadhna deag is fiche, an sgribhinn is seanda ar aon chloich túma do chím san urlachas beag so. Bhi calceannan cál ceannann nó comh-bhleidhe reidh im chomhair nuair thangas abhaile le h-aigheadh mo proinne. An seachtmhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin ciuin ceo druchta. Is ar eigin chím Leaca na Cuaillighe. Taid na cnuic eile agus na sleibhte 'n-ar n-urthimchioll, muchta i cceo. "Ta ciach ar na sliabhaibh 's ar riasga dubha." Thaineadh an cheann-chuid den t-ochtmhadh comhshluagh ar caogaid asteach go Callain andiu, .i. an t-ard-chuideachta, agus aon mheadhon-chuideachta, agus na meirge meirgí, agus an t-aos ciuil, noch do sinn ag teacht asteach, agus um cronughadh lae, cuir is puirt binne. Taid sealgairidhe ag sealgaireacht anois o thosach an mhi. Chonnarcas dá péarlóig, no tri péarlóga ag Labhrás Graoin 'na mhála sealgaireachta, noch do mairbh se timchioll Baile Malarta. Taid siad chomh reamhar, agus chomh mor le gearr-cearca agus clúmh ar dath na smólaighe orrtha agus iarbuill donn-ruadha, noch a cuirtear i bhfeidhm le h-iasgairighe.
An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia haoine. Maidin drúchta ciuin ceo: gaoth aniar ndeas. Ni chím sic o rath Faithche an Aonaigh aon sliabh, cnoc, tullach, mullach, ard, drom, beann muin na maoilin acht Mulaise amhain. "Ta ciach ar na riasgaibh 's ar sleibhte dubha." O meadhon lae go deire: gealain agus neulain, bog ciuin. An naomhadh la fichiod .i. dia satarn .i. La Feile' Michil. La na ciosa do bhuain. On t-aon bhuille deag araoir go do a chlog ar maidin, fearthuinn trom: seacht a chlog ar maidin, gaoth fuar beodha aniar ttuadh go cceobhran: ceo ar na cnocaibh i ccein. Ta coisin deas sgolta Amhlaoibhin ag teacht ar a h-aigheadh go h-iongantach le duilleoga feidheanáin fiuchta fuagháilte 'na cheile agus curtha ar an ionad sgóta d'éis í 'nighe le h-uisge an fheidheanáin fiuchta. Cuirtear an t-eidhneán léithe maidin agus am dultha chum leapthan um tuitim oidhche. Taid na bláithsighe buidhe is dubha abaidh anois. Nílid na h-áirnighe abaidh fós: la breagh. Ta beagan áirnighe abaidh. An deichmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La breagh ciuin: maidin greine. Ar raith na Fatha do chonairceas brat no líon leathtad deanta ar an bfear glas le dubhánaibh beaga, meid cin breain bioráin no mar sin in gach ceann aca. An uair thagainn os cionn an líon ni fhaicinn é, bhi se chomh min caol san; acht chídhinn na dubháin bheaga ag siubhal san aor aer, dar liom, gan aon nidh fútha; acht an uair fheuchainn fiarsgeo air chidhinn le taithneamh na greine e mar síoda scagtha. Athsmuintigh ar síntibh an mhí. Mí breagh ciuin: bhí cuid de sheacht laethibh fliuch i meadhon agus i ndeire an mhi. Is maith d'oir an fearthuinn se do lucht branar samhraidh do shíolchur. Taid ainbile abhla abaidh anois. Ta gach uile gne arbhar i ccruachaibh is na h-iothlannaibh anois. Bhadar tri maidne seaca i bhfior-thosach an mhí. Ni raibh ionnta acht siocáin gan ard: gaoth andeas, anoir ndeas agus aniar ndeas an chuid is mó den mhí: bhí ceo is ceobhrán i ndeire an mhí: drucht go minic.
Fuigheall-fhomhar. An chéad lá .i. dia luain. Gaoth ciuin anoir: la ceobrain: ceathain um oidhche: branair laidre da síolchur. An dara la .i. dia mairt. Gaoth ciuin anoir: feartuinn um breaca lae: la bog dorcha. An treas la .i. dia céadaoin. La ciuin dorcha fionnfuar: gaoth aniar ndeas. An ceathramha la .i. diardaoin. Maidin ceo: gaoth ciuin anoir ndeas. Ní chím sic níos sia budh deas ná na Bánta Buidhe, agus Cnoc Butún: tráthnóna, ceobhran. An cuigeadh la .i. dia haoine. La breagh dorcha: gaoth ciuin anoir ndeas. An seiseadh la .i. dia satharn. La breagh dorcha: gaoth ciuin andeas: aoibhinn um cronughadh lae: fearthuinn trom um naoi a chlog: ceathain ar feadh na h-oidhche. An seachtmhadh la .i. dia domhnach. Maidin, ceobhrain: gaoth ciuin anoir ndeas: meadhon lae, fearthuinn: trathnona is deire laoi, ceobhran: oidhche fliuch. An t-ochtmhadh la .i. dia luain. Maidin ceobhrain d'eis oidhche fliuch: gaoth anoir: meadhon lae ceathanach: idir a ceathair 's a - fearthuinn ró-throm; acht ar a son soin, nil claodach ag gabháil san taobh thoir do Shraid a' Fatha, mar ba ghnáth, agus sios an Cloidín. Ta cloideach faoi talamh againn anois. Cromadh ar a dhéanamh san samhra so ghabh tharrainn, agus is beag nach bhfuil se croichnuighthe anois. Tosuigheann se taobh thuas de Thigh an Marga agus teidheann síos gus an claodach faoi talamh noc ata san cCloidin. Is minic bhi claodach no abh beag ag gabháil sios an Cloidin is an sraid. An naomhadh la .i. dia mairt .i. an la roimh Aonach na Feile Michil: la marga na muc. Muca ramhra ar marga Murca, .i. ar nach beag neamhní. Ní bhfuaradar a lan sgologa nios mó, ná b'fheidir a n-uroid oiread, ar muca ramhra, ná mar do thugadar ar ceisinighibh nó slipighibh, dá mhí nó rátha o shoin. Is
ró-olc an sgéal so do sgologa, ceannuighthe mora is miona, agus do lucht céirde agus sglábhaigheachta; acht caithfeadh caithfidh so bheith mar so an faid bheidh síotcain, agus dualgaisige troma ar gabaltuighthibh, agus daoine na righeachta go coitcheann. Ta cios, cana, deachmhadh, sraith contae agus teampuill róthrom, agus ni fuláir a mbeith an faid bheidh an fiach righe, .i. an fiac Sasanach, .i. an fiach do thosadh thosaigh Rig Uilliam do chur ar an righeacht chum an creidimh gallda do chongbhail suas, agus an creidimh caitliceach sic do chur sios. Ni raibh ann ar dtús acht milliun go leith nó mar sin de, acht ta se anois os cionn naoi ccéad milliun. Ta so mar chloich mhuilinn ar muin na rioghachta, ceangailte le slabhra iarainn na n-anfhlaith. Ta triochad milliun sa mbliadhain gnothan ag teacht chum doine róshaibhre o muintir na righeachta go coitcheann, agus ni fheadar goide an meid milliun ag dul chum sigheaduirigh saigheadúirí agus piléirighe, chum na daoine do choimeád go socair (ní saásta), faoi trom-ualac na fiacha bhfiach nó an fhiacha so i bhfochair gach cíosa, cána, deachmhaidh, sraithe contae agus sraithe teampuill. Acht do b'fhéidir nach bhfuil fios agat, a léightheoir, cionnas ghoilleann an faghaltas so, an fiach Sasanaigh, ar na daoine go coitcheann. Inneosad féin sin duit. Chum an faghaltais so do dheanamh suas, ni fulair cáin do cur ar gach sort nidh nach beag, mar atá snuisín, tabac (nachar éirghe eirighe ádh leis) téa, siucra, uisge beatha agus gach uile ghné biotáile, leann, braith braich, hóp sailbhreach, searbhlus, lionnluibh, iarainn, adhmad spiosra agus greithre tar lear go coitcheann etc. etc.; agus daoirsigheann an cain so na nidhthe seo, agus, dá bhrigh sin, cuireann sé sic d'ualach ar an mhuinntir do chaitheann iad ualach do leagann ar a ccuid biadh agus earraighe earraidh, fé mar ata sgologa ceannuighthe, cearduighthe etc. Se deire mo sgeil go bhfuil maitheas na rioghachta ag tuitim chum lucht an fiaich Sasanach sic so, agus chum saidheadiuirighe agus peileirighe, mar a dubhras ceana. Roimh breaca an lae ar maidin, ceathanach: maidin bagarthach: lá dorcha breagh: gaoth aniar ttuadh.
An deachmhadh la .i. dia ceadaoin. La aonaigh na Féil Michil. Siocáinín liath ar maidin. Is fearr sioc na siorfhearthuinn: la aoibhin gréine: gaoth attuadh: togh na ndrochaonach. An t-aonmhadh la deag .i. diardaoin. Maidin ceo, drúchta. Ó Fatha an Aonaigh is ar eigin chím Leaca na Cuailighe ná Cnoc Butun: gaoth fuideach idir an t-ard theas agus thiar theas: o ocht a clog go naoi ceobhrán: la breagh greine as sin go deire. an tan d'ionntodh an gaoth aniar ttuadh. Cuadhas le sochraid - Ní Chormaic no Deibhriús go Cill na Cuailighe, de Crann Bachaill agus Cnocán Sgeithe na Duailighe. Is ar seo do ghlaodhas Cnoc Butúin, acht atá Cnoc Butúin taobh suas den Chuaileach. Chuadhas féin agus Sean Forustál, abhar leagha, go tig ... Uí Chormaic, ar chuire a inghine ... Ní Chormaic. Fuaramar uisge beatha, fuar agus teith, aran builín, grisginighe mairtfheola, adhann brúite agus téa. Thángamar abhaile oidhche duibh-ré ar ár socaracht. Chonarcas daoine a' síolchur cruithneachta faoi arán rámhainn agus sluasad i ttalamh fliuch. Táid daoine dá chur cur leis an coicigheas so ghabh tharrainn. Ní fheacas aon mitill a' baint potataoi fós. An dara la deag .i. dia haoine. La breagh greine: gaoth anoir ttuadh: chuadhas le sochraid ... Uí Dhonnchadha on Doirín go Cill Mo Lua. An treas la deag .i. dia satharn. La breagh greine: maidin seaca .i. siocán liath. Chuir se próisius chum na bpotataoi, .i. fuagra a mbaintidh mbainte: ní fheacas fós acht aon mhithall amhain da mbuain. An ceathramha la deag .i. dia domhnach. Roimh breaca lae, ceathain breagha boga: maidin bog brothallach: néalain agus gealain: samhra beag na Feile Michíl e go ceart. Táid gabhair faoi reithe anois. Bíonn siad faoi toradh ceithre seachtmhaine deag sul na beirid a mionáin. Ag teacht na samhna stadann an reithe .i. an poc-gabhar, agus adeir sé: "Abhaile má fhéadaim, abaile má fhéadaim," an tan bhionn sé cortha, agus gann ann a chosa do tharraing 'na dhiaidh.
An cuigeadh la deag .i. dia luain. La fearthana: gaoth andeas. An seiseadh la deag .i. dia mairt. Maidin clagairnighe: na cloidinighe agus na slugairighe líonta: gaoth andeas: naoi a chlog bastaighe, gaoth aniar: an t-aon bhuille déag, gaoth anoir ndeas: sionan beag: barr Sléibhe na mBan agus na cnuic is na sléibhte eile thiar agus theas glan, acht sgamail silteacha ag triall go mall tar meadhon a mbroinnibh: na cnoic agus na sléibhte oirthear oirthir ceilte ag ceo: la clagairnighe nó baistighe go deire: gaoth ciuin go neamh-sheasmhach: oidhche breagh. An seachtmhadh la deag .i. dia céadaoin. La breagh greine ciuin. An t-ochtmhadh la deag .i. diardaoin. La ceathanach: gaoth ciuin anoir ndeas: sheasuigheadar mithle amach a' baint potataoi. An naomhadh la deag .i. dia haoine. La breagh néaltach go ceathar a chlog, an tan chrom sé ag ceatháineadh: oidhche fearthanna: gaoth anoir ttuadh. An ficheadh la .i. dia satharn. Tuile san abhainn: la cuibheasach breagh: foicheathan: gaoth anoir ttuadh. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La dorcha: gaoth anoir ndeas. Adubhras ag tracht ar Muileann Ui Bhriain, go ccualas glor na mbron ag Faithche an Aonaigh, acht is follus nach e glor na mbrón acht glór na roth agus na rothán iarainn do chualas; óir da ccuimilidis clocha na mbrón da céile do spreachadaois tinne teinne agus do b'feidir go ccuraidis an muileann tre theinne: deire laoi agus oidhche ceathanach. An dara la fichiod .i. dia luain. Maidin greidhneach greine: gaoth ciuin anoir. Chonaras giobhar geamhar glas ag muinntir Mheachair. Thangadh cuideachta den chéad marc-shluadh trom .i. na gorm-fhir righeamhail .i. marc-slua trom le casóga dearga agus ciumhasa gorma, don baile ar maidin andiu. Táid beirt aca, agus bean agus ceathrar cloinne ar
billead coinmhead, buanacht agam-sa. Ni gadh gábhadh dham an bhean 's a clann do coimeád. An treas la fichiod .i. dia mairt. La dorcha, focheathain: gaoth anoir ttuadh: an oidhche fliuch: trúip eile againn. An ceathramha la fichiod .i. dia ceadaoin. La aoibin greine go trathnóna. Ag ceathar a chlog chrom sé ag ceatanadh: oidhche fliuch: gaoth attuadh. An cuigeadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin trom dorcha: ag na h-ocht, gaoth anoir le ceobhran: ag deich, gaoth anoir ndeas. Ni faicim tar tri mile uaim ar aon taobh. "Ta ciach ar na riasgaibh 's ar sleibhtibh dubha": deire laoi is tosach oidhche, tromceatha. An seiseadh la fichiod .i. dia haoine. Maidin dorcha, neulta troma le gaoth anoir ndeas. An seachtmhadh la fichiod .i. dia satharn. La dorcha bog, tromcheatha le gaoth anoir: ceo um an t-aon bhuille deag san oidhche. Is anrodhach an aimsir chum potataoi do bhaint í, mile milliún buidheacas le Dia! An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. Maidin dorcha: ó bhuille a chlog go deire laoi breagh: néalain agus gealain le gaoth anoir ttuadh. Is mor theastuigheann an la breágh so o lucht bainte na bpotataoi, agus lucht siolchuir: oidhche aoibhin aorach gealaighe. An naomhadh la fichiod .i. dia luain. Siocáinín araoir: gaoth beodha attuadh. Maidin aoibhin aorach geal gréine; speir gan ceo. Taid beagan daoine ag baint potátaoi. Ni ait leo croma ortha go mbeidh an talamh suidhte go maith, agus is maith do dheineann siad é; oir, ni tagann se le sean-talamh a suathadh fliuch, oir deineann se chomh righeann le gad no mairtéal é. Acht is dóigh liom go mbeidh a lan daoine da mbaint amarach agus as sin amach go mbeinfear a deire ndeireadh. An ceathramha la deag den mhí seo láithreach, bhádar tuiltighe móra san Rón abhainn móir san bhFrainc, noch
a eirgheann as na h-Ailp. Sgriosadh eallach, bailte mora agus tiortha leis an ttuile uathbhásach so. Do ghearr an t-Ardeche an Rón trasna mar a ghearrann an Deininn Ruadh an Fheoir an aimsir tuile. Do chuadhas le sochraid leinbh an Colatanach go Leaca na Cuailighe. Ta droichidín da dhéanamh ar Ath Uisge Dúin, leath slidhe idir an Abh Beag agus Cuaileach, le Padruig Breathnach, saor-chloch. Is gearr go mbeidh an bothar so go maith go Carraig na Siúire agus Ath na Slinnteacha, cia nach bhfuil se críochnuighthe fós. Lá aoibhin aorach geal greine trid amach. An deichmhadh la fichiod .i. dia mairt. Lá néalmhar, breagh beodha: gaoth aniar ttuadh. An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia céadaoin. La neulmhar, breagh, beodha: gaoth aniar ttuadh. do bhaineadar beirt fear aon bhairille deag potataoi dhomh o maidin go tri a clog um thrathnona, as se aireamh deag talmhan i móinteán bocht Eadhmuind Mic Craith laimh le Mulaise: sgilling d'fhearaibh, dá tuistiún do mhnáibh. MI NA SAMHNA. An cead la .i. diardaoin. La saoire. La neulmhar breagh beodha: gaoth aniar ttuadh. An dara la .i. dia haoine. La breagh neulmhar: gaoth aniar ttuadh. Cuadhas cois na h-Amha Bige. Táid caora dearga ar an bpéith diomhaoin, nó an péith bhuinnean, cois na h-Amhann. Ta ceithre tuistiún agus biadh d'fhearaibh andiu a' buain potataoi, agus deich bpingne do mhnáibh dá ccruinniughadh, agus biadh mar an cceadna. Má sheasochadh an tuarasdal so nó láimh leis ar feadh na bliadhna, ba mhaith é; acht foraoir! ní sheasuigheann, ná a thrian. An treas la .i. dia satharn. La breagh bog neulmhar: gaoth aniar ndeas: la aonaigh na muc a cCallain. Is ar an ceathramha la do bhiodh aonach an eallaigh eile acht go ttuiteann sé ar an domhnach. Bhí luach cuibheasach ar muca .i. a ceathar deag is fiche ar an gcéad, agus do ceannuigheadh mórán díobh le
ceannathóirighibh muc do cheannaighthibh Phuirt Lairge agus Carraig na Siúire, agus Cluana Meala agus Cille Chuinnigh. An ceathramha la .i. dia domhnach. la breagh bog neulmhar: gaoth aniar ndeas. An cuigeadh la .i. dia luain. La aonaigh Callain: muca beaga an-dhaor agus tearc: do cheannaigh na ceannaightheoirighe tacair iad, agus do dhíoladar iad 'na dhiaidh san, ar a rogha luach. La breagh neulmhar, ceobhrán um meadhon lae: gaoth aniar ndeas. An seiseadh la .i. dia mairt. La breagh neulmhar: gaoth aniar ndeas: ceithre pingine deag, agus gloine uisge beatha agus biadh, d'fhearaibh oibre. An seachtmhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach ciuin ceo: ó sgilling agus uisge beatha go ceithre tuistiún do lucht oibre .i. súiste no raine rámhainne: um deich a clog, cioth trom le gaoth ciuin andeas. Bhris sé lucht bainte potataoi, ar leath lae laimh le Callain: la ceobhráin agus ceathán o deich a chlog ar maidin go deire laoi, cia gur sheasuigheadar fo-dhaoine amach a' baint: oidhche trom-fhearthanna. An t-ochtmhadh la .i. diardaoin. La breagh bog neulmhar ciuin: gaoth anoir: is tearc duine ag baint potataoi ach i ttalamh nua. An naomhadh la .i. dia haoine. La breagh bog néalmhar ciuin: gaoth anoir ttuadh: a lan daoine ag buain potataoi: an talamh cuibheasach tirm eadtrom. An deichmhadh lá .i. dia satharn. La breagh bog néalmhar ciuin: gaoth aniar ttuadh: deich bpingine d'fhearaibh a' baint potataoi: an grian ag taitneamh o trathnona .i. trí a chlog, go luighe dhi. Gluaiseas féin agus Tomás Ó Luanaigh, adhbhar leagha, de Faithche an Aonaig, Droichead na nGabhar, an cora ag Muileann Ui Briain, gus an gleanntán aoibhin laimh le Muileann Cille Briocain. Ba aoibhin ó ard an Muilinn aigheadh na speire thiar d'eis luighe greine. Bhádar na neulta chomh glormhar is nach féidir a faisnéis; cuid dearg, croidearg, cuid corcra le ciumhasaibh ordha, cuid den spéir uaithne;
Sliabh na mBan foilighthe le neulta troma dubha mar coillte dubha daraighe, an amhain ar dath fola ó sgail na speire. Thangamar abhaile de Bothar na Mionnan um cronughadh lae, agus d'olamar braoinín d'uisge beatha. Is suairc an duine-uasailín é Ó Luanaigh. Bádhas iarbharéir arbhu-, airbh- in a fhochair fein agus cuideachtan aoibhinne i dtigh osta Ui Ceallachain. Bhádhmar go meidhreach binn-ghlorach, ag abhrán agus ag rádh "Hip, hip hurugha," an tan taineadh an t-Ollamh Builtéar orrainn mar do thiocfadh cat cathach ar luchaibh luaimnigh luaimneacha ag cognadh caisi, an tan suidheamar uile gan focal i n-a bpus: Imthigh abhaile, ar an t-Ollamh Builtear le h-Ó Luanaigh, Imeochad, ar Ó Luanaigh, a' feacadh a ghlún agus a' cromadh a chinn, lámh le leadhab dá hata, noch do bhi ag sileadh sios le n-a aigheadh (bhí leadhab ar gach taobh da aigheadh). Ní feadar, ar an t-Ollamh, cia an ealadha bheas agat an tan bheas an t-am tabhartha, má imthigheann tu ar t-aigheadh ar an ccuma so. Bhriseamar suas. An t-aonmhadh la deag .i. dia domhnach. La breagh bog dorcha ciuin. An dara la deag .i. dia luain. La breagh ciuin bog dorcha. Leighim gur bhuadh cabhlach na gCríostuighthe ar na Turcaigh i Namharín san nGréig. An treas la deag .i. dia mairt. La breagh ciuin bog dorcha: gaoth aniar andeas.
An ceathreamha la deag .i. dia ceadaoin. La breagh bog dorcha: gaoth andeas. An cuigeadh la deag .i. diardaoin. La bog dorcha: maidin fearthanna: gaoth andeas: potataoi ar tri leath-phingine an chloich. An seiseadh la deag .i. dia haoine. Ceathan ar maidin go doich: la breagh greine acht fo-neul go deire: gaoth anoir ndeas: oidhche speirglan duibhré réaltsholas siocáin. An seachtmhadh la deag .i. dia satharn. Maidin aoibhin greine siocáin: o meadhon lae go trathnona breagh dorcha: um cronughadh lae ceobhran le gaoth attuadh: potataoi ar tri leat-phinginighe is feoirling an ccloich: oidhche ceathana. An t-ochtmadh la deag .i. dia domhnach. Maidin aoibhin greine tre ceo tana: gaoth ciuin anoir: oidhche ciuin reult-sholuis duibhre spéirghlan. An naomhadh la deag .i. dia luain. La breagh dorcha ciuin: oidhche ceo. An ficheadh la .i. dia mairt. Maidin ciuin ceo: la dorcha: gaoth attuadh fuideach. An chéad la fichiod .i. dia céadaoin. Maidin neulmhar: la geal greine: speir gan ceo gan neul: gaoth beodha anoir ttuadh: oidhche seaca reultsholuis: gaoth fuar attuadh. An dara la fichiod .i. diardaoin. Maidin seaca léithe, neultana, greine: um trathnona, thuit sioc liath na h-oidhche araoir (aréir) 'na ceobhran no mion-fhearthuinn le gaoth aniar ttuadh: deire laoi greine breagh: tosach oidhche speirghlan reultsholuis: an ceathramha la de ré nua: gaoth aniar ttuadh. An treas la fichiod .i. dia haoine. Mionfheartuinn o tri a chlog ar maidin go faithinne an lae le gaoth aniar ttuadh: la breagh beodha: gealain agus neuláin. An ceathramha la fichiod .i. dia satharn. La feil Colmain Cluan' Uamha in Aoibh Mac Coille i nDeas Mhumhan.
Maidin aoibhin neultana: la neultach: ceobhrán um se a clog i ttosach oidhche le gaoth aniar. An cuigeadh la fichiod .i. dia domhnach. Mionfearthuinn um trí agus ceathar a chlog ar maidin: ceobhran um naoi a chlog: la breagh greine neultana: oidhche aorach speirghlan gealaighe: an la déidheannach den chéad ceathramha: d'eis luighe greine bhádar neulta dearga bláithe lonnracha agus neulta croidhearga san ard thiar theas os cionn na nGailtí: bhádar neulta liaithe agus luaidh-lí os cionn Sléibhe na mBan agus an taobh thoir den radharc-crios: gaoth ciuin aniar. Ní rabhas amuich le coicthigheas agus la andiu roimhe seo aon la, acht san oidhche do deanainn spaisteoracht ar Faithche an Aonaigh agus cois na ccluidhthe síos go h-Amha Big, mar an ulchabhcán, eun na h-oidhche agus na h-aor; agus is e is fath m'fhanamhainn fanamhna istigh sa la súilin dubh agus súil eile níos duibhe ná sin fuair me ó Ollamhain leagha Builtéar, oichche dia domhnach an t-aonmhadh la deag den mhi seo laithreach, nó b'fhéidir d'eis meadhon oidhche maidin dia luain. So mar do thárla: - Bhádas fein agus gasra grinn ag ól ag tigh Maighreidín mín Chomertún. Bhí beathuisge buille bog teith le h-uisge agus siucra dá h-ól go h-úr againn. Rug Tomás O Cealla, óigfhear ceannuigheachta, ar Seán Forastal abhar leagha, ag iomarsgail leis. Saoil Tomás Ó Luanaigh, abhar leagha eile, gur b'é coga na ccarad bhi eatorra, agus bhuail se plab san aigheadh ar Ó Ceallaigh, agus leag sé ar lar é. Seo suas Ó Ceallaigh, agus, o nach raibh 'fhios aige cia bhuail é, chrom se ag rúsgadh gac nduine thárla 'na shlighe, agus thug sé leadhab do Sean Ó Athiaruin, duine uasal óg, noch do thug liudradh breagh dó 'n-a ionad, ag cur preabán dubh ar a shúilín easóige. Seo Micheál O Meantain, fear sgrob sgrab, no bheiliodóir bheidhleadóir, 'na leine 'n ár measg, go rabhamar uile n-ár dtorc sa cro mar Bruigheann
Beag na h-Almhuinne. Fé deire thiar thall thárla dhom fein is do Mhaighreidin min, síothcháin do dhéanamh idir na ttrean-ccoguighigh seo. "Ochón, a mhúirnín, ta da suilin dubha ort," ar Maighreidín mín le Tomas O Ceallaigh. "Is mar sin is cosamhla me leat-sa, ar O Cealla, óir ni duibhe áirne abaidh ná do dhá shúilín ciar-fhabhra, dubh-mhala, agus ni binne an londubh, la buidhe bealtaine, na do bhéal milis bruach-dhearg, agus feicim do phóigín mhín mhilis, a chuid mo chroidhe, is me taobh leat," agus leis seo, thug sé blasphóg di cluinfeadh sic mar fuaim leidhbhe bróige fliuiche ar thóin chorcain teith. Agus leis seo sgaramar le h-Ó Cealla, agus d'fhágamar é ag suirghe le Mairgreidin mín; agus chuadhmar go tigh ósta Shinclear, sean-shaighdeóir ó Poll-tóna an Diabhail san ard thoir thuadh d'Albain, agus ni de clanna Gaodhal na h-Alban é, acht de clanna Gall nó na Sasanaigh é. Chrom Ó Meantain ar le n-a sgrob sgrab. Seo Sean Ó Athiaruin agus an chuid eile aca ag rinnce ar ghabhar; agus seo Aimhlios 'n-a measg, cia gur comhsamhail le h-áinleóg ar crann e, 's a dhá coisin cama faoi n-a thóin. Bhámar mar so go meidhreach gur sginn an Builtéarach buile 'n ár measg le baitín donn dréanóige draigheanóige thuas 'n a dhóid, agus an lamh eile ag cur feirce 'n a chaibheirlín hata ard: drann an diabhail 'n a aigheadh agus faghairt 'n a shúile chum na caorthaibh cogaidh. "An uair bhionn an cat amuich, bionn na luich ag rinnce," ar an Builtearach, agus leis seo ritheas ritheann Ó Luana agus an Forastalach amach taobh thiar den Bhuiltéarach, ritheas Ó Aithiaruinn i ccuinne na luaithe, agus fear eile i ccúil an guail, agus d'fhan Aimlios a' rinnce, Ó Meantáin ag imirt ar a sgriob sgrab, agus me fein im amadan mar do bhíos, ar foradh im shuidhe. "Fill chughat do sgriob sgrab. Ná dúisigh na géodh guir. Cuir do chrann clis id mhealbhóig:
Agus do mhealbhóig ar do mhuin." "Ní cuirfead cheana," ar Aimhlios. "Caithfeas caithfir a chur," ar an Builtéarach, "agus ni miste Aimhlios do thabhairt ort go fíor, óir níl lios na rath na fearann agat anois, cia go rabhadar agat roimhe seo, a ghiolla an géill liath léith, is a' mheisgeirín mhallaighthe." "Ni taise dhom féin é ná duit," ar Aimhlios, "óir táir ar na cannaí dubha." Leis seo, thug an Builtéarach buile amhóg adhbhóg faoi fhéasóig agus folt Aimhlis, gur stath go talamh é; agus ní díomhaoin bhí Aimhlios, óir rug sé ar cosa ar an Builtearach agus thug síos leis fein é san mún fliuch leanna agus uisge beatha bhí doirtighthe go h-úr ar an urlár, agus chromadar araon ag stathadh 's a' stracadh 's a' sraoileadh a chéile mar madradha ar mire, gur sguireadh iad. Ní túsga bhí an Builtéar buile ar a chosa ná rith sé chum Uí Meantáin 'na cruinnleoigín i ccuinne na luaithe, agus stathas amach é ar chúl ar lár an urláir salach, sic agus chromadar araon a' smúgadh 's a' suathadh 's a' síorbhualadh a chéile, le doirnibh diana daingne 'n a ttaobhaibh, 'n a bpusaibh 's 'n a súilibh, is le n-a mbrógaibh, 's 'n a luirgnibh go rabhadar go brúite basgaighthe buanraobtha idir leathar agus feoil agus cnámh gur rinneadh eadargán eatorra. Annsin thug an Builtéarach súil orm fein im suide ar foradh, agus lingeas chugham, mar mac tíre fé uan nó seabhac fé fuiseoig, agus buaileas buille da dorn, ga cosnamh uaim-se, go díreach san tsúil orm go gur cuir an ceirt gorm uirthe le prap na súl: agus thuiteas fein siar ar ccúl go talamh, mar mart marbh; agus níor shása so an Builtéarach buile, acht thuit síos na phleist orm, agus thug buille eile san tsúil eile dham. "Buail preab ar gach ordlach de," ar bean a' tighe .i. an bhanóstóir, no bean a' leanna: bean buidhe brean bolg-mor bléan-bhuidhe, tóin-trom ar talamh, spaid-chosach, spagach, salach go cciochaibh mar ughach seana-bhó, go mór-phusaibh meirgeacha, srón geancach clárach, fiacla mar clodhabh tabac, súile silteacha dearga go malighibh troma 'gus fabhra spairteacha srama. "Buail gach ball, bog agus cruaidh, de
dar leag a mháthair méar ariamh air" ar an diabhail i ccló mná. Acht, le neart carad, fuair me fein sgioradh ón Builtéarach buile, agus thángas abhaile go buailte tréith-lag. Agus, dar mo mhasa, mar adubhairt Giolla an Amaráin, nach rachad fein go tigh ósta go bliadhain ón la sin. Agus seo mar a thárla an súilín dubh orm do comad i ccarcar me le coicthigheas, gan faicsin dile duille, úr ná feoighte, gan cloisdin uaill na sreabh, ná glór na ttonn, ná búithre damh, na glór gaoithe geimhre tré cranna. An seiseadh la fichiod .i. dia luain. Maidin aoibhin ceo, drúcht ar féar glas: la bog greine néaltana, gaoth andeas. "Is teo siolla don gaoth andeas, na teine cheap a' domhain." Chuadhas ag siubhal suas de Faithche an Aonaigh, agus síos láimh le Cúirt Phiarais, agus cois na h-amhann go h-Oileán Uí Bhriain, láimh le Poll Sheaghain. Níl duile ar dair, ná fosg faoi fuinnseoig anois, muna bhfuil fo-bheangáinín ann; acht ta féar glas agus luibheanna go h-iomadamhail. Tá an sgeachoir agus sgceachóir na muc chomh dearg le fuil, cia go bhfuilid gan duile. Ta duile glas ar an driseoig, ar an draonog draigheanóig, agus ar iomad sgeach fós. Tá blath buidhe ar an bfiacail leomhain, ar an buachallán buidhe, an praiseach buidhe, an aiteann. Tá an blath ar an comán mealla nó meala, agus ar an nóinín. Is doigh liom go bhfuilid na potataoi baintidh bainte nach beag, agus an cruithneacht curtha faoi ramhan rámhainn is sluasad, nó faoi ceachta. Cuirfeas cuirfidh an t-seachtmhain seo deire leo, agus dar ndóigh ma's maith é is mithid é. An seachtmhadh la fichiod .i. dia máirt. Maidin trom dorcha: ó dhó a clog um trathnona, gus an t-aon bhuille deag san oidhche ceobhran nó mionfhearthuinn le gaoth laidir andeas.
An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia céadaoin. Maidin aoibhin, neulta agus gealáin: ó'n t-aon buille deag ar maidin go tri a chlog nó trathnona, ceobhrán agus mionfearthuinn, le gaoth laidir andeas: ó trathnona fearthuinn trom go seacht a chlog, le h-anfa mór: thárla anfa i Luimneach agus Baile Fearsadh Béal Feirste, san am cceadna. "Ní h-anfa go gaoth andeas." Ag leath-uair tar éis a seacht ciúineas: an gealach ag caitheamh na neulta dubha da ceann: ag a h-ocht an t-anfa ag eirghe arís ón ard thiar theas: an gaoth ag crónán ar feadh na h-oidhche. An naomhadh la fichiod .i. diardaoin. Gealáin tré tan-neulta, ceobhrán, ceatháin le gach seal .i. gach 're seal, le gaoth aniar ndeas treas an lae sic: oidhche breagh gealaighe tré tan-neulta agus trom-neulta. An deichmhadh le fichiod .i. dia haoine. Maidin aoibhin ciuin neultana: gaoth aniar: sé a chlog san oidhche anfa mor le fearthuinn: oidhche stormach: thárla anfa i Luimneach san am ccéadna. Athsmuintigh ar mi samhna: Mí breagh bog néaltana: gaoth andeas, aniar ndeas, anoir ndeas an cuid is mó den mhí: aniar ttuadh, attuadh, anoir ttuad beagán laethe: ceithre la fearthanna: dá oidhche seaca leithe: aon la gaoth laidir andeas: an oidhche déidheannach anfa andeas. Do shéid sé anfa rómhór uathbhásach ar feadh an sic oidhche, dia haoine timchioll Cathair Lonnduin, mar chím i cCairt na sic domhnaigh, ar an ngoirid Beatha no Slighe Marthan i Lonnduin le h-Eigan. MI NA NODLAG .I. MÍ MEADHAIN A' GEIMHRE. An chéad la .i. dia satharn. Maidin, gaoth laidir andeas: um meadhon lae, fearthuinn trom: o trathnona go cronughadh lae speirghlan nó neultana: oidhche rae-sholuis neultana: d'iontadh an gaoth attuadh. An dara la .i. dia domhnach. An chéad domhnach d'Aidbhent Teadacht .i. to-in-tiag .i. an chéad la den bliadhain aigilseach eaglaiseach i Leabhar an Aifrinn.
"Domhnach aidbheint an áigh: Tosach ghabhas an ghréail Mar dlighthear do gach aon inn: Mar aon san leabhar aithfrinn." Ua Dubhagáin. Maidin aoibhin greine: gealain agus neuláin: gaoth laidir aniar ttuadh: le beagan laethe thuit sneachta mór i Sasana idir Mainseaster agus Lunnduin. Bhí sé suas go h-asa Cóiste an Mála: chuir sé moill da uair a cluig ar an Mála. Má iontuigheann an gaoth anoir ttuadh, ni dhéarfainn nach beidh sneachta againn. Do luighe an grian ar ccúl Sléibhe na mBan ag an taoibh thiar; dá bhrígh sin, ní fheicfead ó Ceann a' Fatha an grian ag luighe go meadhon mi gionbhar .i. an cead mhí den bhliadhain dlightheamhail. Nior misde Tightinne Tíotán do ghlaodhach ar an ngrian ag luighe dhi, óir ba chomhsamhail na neulta 'n a timchioll le tig-tinne teineadh an tinne ag briseadh amach trés na dóirse is na fuinneóga. Bhádar neulta liatha le ciumhasaibh umha-dhath san ard thoir: oidhche aoibhin gealaighe. An treas la .i. dia luain. Roimh eirghe greine bháda neulta ordha teimheal corcra san spéir gorm thoir. d'éis eirghe gréine d'foilidh sgamail dubha aigheadh neimhe. Shiubhlas d'Faithche an Aonaigh, de Amh Bhig, Droicead na nGabhar, Muileann Uí Bhriain, trasna na hAmhan agus abhaile des na Mionain; is, ní fheacas de bláith acht fo-nóinín agus fo-ghairgín na ccuigdheilt, agus bláith aitinn, cia go bhfuilid na banta chomh glas le giobhar geamhar. Chím fo-dhuine ag cur cruithneachta. Táim sa' bhaile i n am proinnteach .i. ag dó a chlog. Bhá Flóra beag im fhochair. Is súgach an soichín í. Ceobhrán d'éis a dó le gaoith ciuin aniar.
An ceathramha la .i. dia Mairt. La tirm dorcha: gaoth aniar ndeas: potataoi ar tri leathphinginighe an chloich. d'éis trathnona shiubhlas cois na h-Amh Bige suas i cceann Cille Mhinic. Cruinnigheas comán mealla, buachalán buidhe, fiacail leomhan, caor an péidhe buinionn. Ta an caonach ar mointeain gan folacha féir. Chruinnigheas bolgain beicighe. Táid chomh tirm sin go n-imighid n-a cceo deataighe buidhe-dhonn le gach fasgadh. Ba breagh an ionad dhéanfaidís do bainrioghan na bruighne. Ar tteacht abhaile dhom um cronughadh lae, bhí cuma feargach ar an speir, le neulta dubha dearga ruadha agus forruadha, le h-anfa aniar. Ní fheadar an í bainrioghan na bruighne do thóg an stoirm, agus chuir an fraoch feargach so ar aigheadh neimhe, i ttaobh me baint le caonach a leapthann, agus bolgan beicighe a h-iomhadh iomdhadh. An cuigeadh la .i. dia céadaoin. Maidin aoibhin ciuin tirm, d'éis oidhche anfach anfaighe: neulta agus gealain le gaoth, aniar ndeas. Chuadhas sios cois na h-amhann gus an gleanntán aoibhin, taobh thoir de Muileann Cille Briocain. Ag teacht abhaile dhom, láimh le Tigh an Crosach os comhair Tobar S. Seam, bhaineas beangan nó craobh den chrann ... ar a bhfuil anois bláith niamhrach coroindearg deilteadh a ceithre codchaibh, gach cuid den coroin 'na dhá logan, mar sliogan ruacain, acht gurab e cuma a bhfuil siad, cúl le cúl, agus iadhan leath-chuid le leath-chuid den chuid is foigse dhó, agus ní le na leath eile féin, agus atá 'san iadh san caor or-bhuidhe, ar meid an phiseáin. Tá duileóigín glas-bhuidhe rinneach, ordlach go leith ar faid agus a leath san ar leathad air. Ó nach bhfuil fios a ainm agam glaodhaim oraisdighín na Nodlag air. An seiseadh la .i. diardaoin. Maidin ciuin aoibhin greine d'eis oidhche re-sholuis garg-glórach: spéir gan ceo gan neul: roimh eirghe greine, bhí san ard thoir theas, cuid den spéir ar dath or-bhuidhe niamh-ghlantadh no blaitheadh bláith. Ni
miste fathainne an lae do ghlaodhach air, oir ba chomhsamhail e le nidh fa teinne acht gur mhó den bhuidhe na den dearg bhí ann. Bhí an chuid eile den spéir 'na glan-gorm. Shiubhlas leis an tOllamhain Céiting an aisdir ceadna noch do siubhlas liom fein ande, .i. de Ceann a' Fatha, de Mhuileann Ui Bhriain, de Cloidhe Iothlan an Crosach mara bhfuil caora dubha ar an gcrannla. Thaisbean me crann oraiste na Nodlag dó. Thángamar abhaile ó Cill Breacáin de bothar Ceannanais ar an ttaobh thuadh den abhainn, agus de Chúinne na Croiche: tosach oidhche duibhré, solus reultan: ó seacht a chlog solus gealaighe: oidhche aoibhin ciuin. An seachtmhadh la .i. dia haoine. La trosga. Maidin beodha, gaoth bíogamhail aniar ndeas, neulta éattroma nios aoirde na aon sliabh um mhóirtimchioll. Ta ceo tana ar na cnocaibh is na sléibhtibh: gealain agus neulain. Cuadhas go Cúirt an Fuite. Tá fo-bheangan bog ag gobughadh amach anois. Taisbeanann so gur mi bog Nodlaig í seo. Cuadhas de Thobar na Seacht Seisearach go Tobar Cuineach. Cá bhfuil an síoda mona no an ceannabhan noch a bhí mar linibhin ag cois seanabhile? D'imthigh sé agus ta an bile gan duile gan dion da chuimhneadh. Tá gaoth láidir aniar ndeas ag siorluasgadh a gheaga crion. "d'imthigh an fiann is imeocham." Um tri a chlog nó trathnona, d'eirigh stoirm on ard thiar teas noch d'athraig gus an ard theas um tuitim oidhche, an tan do shéid se anfa ro-uafasach: um seacht a chlog san oidhche tainead tháinig fearthuinn leis an anfa. Cluinim an ghaoth a' geimrigh tres na seana-chaisleain seo os mo chomhar thall. Is anrodhach an oidhche ar fairrge í, mile miliúin buidheachas le Dia. "Ni h-anfa go gaoth andeas." Do lean an t-anfa air go h-uair go leith d'éis meadhoin oidhche. Leighim gur sguabadh muileann gaoithe ar fuaid na machairighe i Sasana an la so.
An tochtmhadh la .i. dia satharn. Ba glórmhar faithne an lae. Bhí an t-aer agus tan-neulta san ard thoir theas mar ór niamh-ghlanta nó blaitheadh: maidin ciuin, speir gan ceo gan néal: la aoibhin greine: gaoth ciuin aniar ndeas: le beagan laethe chím na geadhana fiadhaine go h-ard san aor, na druideanna agus na naosga nó na mionain aoir, no na gaibhrinighe reotha 'n a n-ealtaibh ag eirghe as na riasgaibh. "Is breagh an talamh pearloga i seo agat," ar duine uasal le n-a sgológ. "Ni breagh, gabhaim do chead," ar an sgológ, "acht is breagh an talamh naosgaigh í," .i. ni talamh arbhair í, acht talamh liontáin nó uisge. An naomhadh la .i. dia domhnach. Maidin neulmhar, gaoth beodha anoir ndeas: ceobhrán um meadhon lae: oidhche fearthanna le gaoth andeas. An deichmhadh la .i. dia luain. Maidin fearthanna le gaoth aniar ndeas. Is mor an comhachta ata ag Sliabh na mBan ar an gaoth i cCallain: óir briseann sí sic .i. an Sliabh an gaoth aniar ndeas agus ionntuigheann fiarsgeo í. Um meadhon lae do ghlan an speir suas: tosach oidhche fliuch: meadhon agus deire oidhche mar an cceadna. An t-aonmhadh la deag .i. dia máirt. Maidin fliuch: la greine 'n a dhiaidh san: anfa ón t-aon bhuille deag go buille a chlog ón ard thiar theas. Sguabadh both, idir cleacha cleathacha, nó boithinighibh, agus breidín, céad coiscéime ón áit ar tógbhadh é ar faithche aonaigh Cille Bhaoithin, no Baile an Ghárda, le neart na h-anfa sic. Thainigh mioncheannuighthe Callain, agus lucht osda abhaile gan aon nidh do dhíol ann, bhí an la chomh anrodhach san. An dara la deag .i. dia céadaoin. Fearthuinn trom um a cuig 's a sé de clog ar maidin: la aoibhin ciuin bog gréine: speir gan ceo: um tri a clog bhádar neulta tiomargaidhthe ar muin a ceile os cionn na sléibhte 'n ar n-urthimchioll; le taithneamh na greine bha comhsamhail le sléibhtibh sneachta, ar muin sléibhte iad: ba róáluinn amharc Stuadh Laighean agus an Staighre Duibh, Cnoc Breanduinn, na Cumaracha agus Sliabh na mBan ó Mulaise. Ta giubhar geamhar chomh glas le móinfhéar, mi mhaoi .i. bealtaine. Is comhsamhail le samhra agus geimhre
in aonfheacht e. Fuaras casóg mór nua andiu dom fein, agus, más maith e is mithid e; óir ta an sean-cheann pollta preabanach, cia gur ceannuighe gearr me: oidhche reultsholuis. An treas la deag .i. diardaoin. La aonaigh na muc. Maidin ciuin seaca léithe: spéir gan ceo gan neul: deire laoi dorcha, ceobhránach, gaoth andeas. Nior dhíolas mo mhuicín meith, ni raibh si mor no trom go leor: oidhche anrodhach fearthanna agus anfa andeas ó h-ocht a chlog gus an t-aon bhuille deag san oidhche. An ceathramha la deag .i. dia haoine. La aonaigh Callain. Tuile mor san amhain: fearthuinn ciuin um ceathar a clog ar maidin: la gealáin agus neulta, gaoth aniar ndeas: an-luach ar muca oga, beag-luach ar muca reamhra, agus is é saoire potataoi an fáth; óir is mian le gach n-aon sgata muca oga do bheith aige chum na potátaoi saora d'itheadh, agus an tan bhíd reamhar ta fhios ag ceannaightheoirighe na muc go bhfaighthear saoir iad, ó gainneacht airgid, agus ó nach bhfuil aon ghlaodhach thall orrtha. Má theideann coga na dTurcach ar aghaidh go láidir cuirfimid muicfheoil anonn agus beidh luach maith air sic. Is é fath coga na dTurca, d'eirigheadar na Gréagaigh suas i ccoinne na dTurca (noch do choimeád fo daoirse iad le trí cead agus seasca bliadhan), sé bliadhna ó shoin agus do comadadar coga 'n a n-aigheadh go trean, cia nach rabhadar na Gréagaigh, duine as a caogaid de na Turcaigh. Bhádar na Gréagaigh da ccartadh, da ccarnadh dá léirsgrios, agus da ndíothláithreamhadh, gur eirgheadar riththe Sasana agus na Fraince agus impire nó ardrígh na Ruisiath ag cabhrughadh leis na Gréagaigh. Bhí bualadh idir cobhlaigh lucht na h-Eorpa agus na Turcaigh an ficheadadh la de mhí fuigheall-foghmhair in ar buadhadh go foirlíontadh ar na Turca. Do réabadh, do loisgeadh agus do bathadh bádhadh cobhlach na Turcaigh dTurcach nó na Tuircí, os cionn céad long, mor agus mion; agus níl fios fós créad is deire dhen choga so. An cuigeadh la deag .i. dia satharn. Tuile san amhainn: ag faithine an lae, bhí trusgan na speire .i. neulta neimhe
órbhuidhe an speir fein uaithne trom ag an radharc-chrios agus fiche céimeanna suas uaidh liathghorm: spéir glan gan ceo: ó ocht a chlog go deire laoi dorcha: gaoth aniar ndeas: margadh mór andiu ann: gaoth laidir um cronughadh lae: níor sheasadh sé acht seal gearr: um ocht a chlog san oidhche, speir glan, gan neul, gan ceo, acht aon néal amháin san ard thuadh faoi an Chéachta Cam. Is beag nach raibh sé chomh geal, le lonnradh na reultan, is má ba h-é lonnradh na greine biodh air. An seiseadh la deag .i. dia domhnach. Ceatháin ciuin um ceathar a clog ar maidin: dath ordha ar tan-neulta ag faithinne an lae agus ag eirghe greine: anfa aniar le fearthuinn idir a buille 's a do a clog: ghlan an spéir go grod 'n-a dhiaidh san: deire laoi beodha dorcha: oidhche reultsholuis. An seachtmhadh la deag .i. dia luain. Ar maidin le faithne an lae, tain-neulta croidhearga ar speir glan dubhghorm nach beag leath-chrios san ard thoir theas: go grod 'n a diadh san tain-neulta órbhuidhe ar spéir liathghorm: maidin dorcha i ndiaidh eirghe gréine, le gaoth beodha andeas. Cuadhas ag spaisteoracht tre Talamh na nGabhar. Chím bláith buidhe ar an bpraiseach buidhe, ar an buachalán buidhe, ar an fiacail leomhain, agus ar an gairgín. Tá bláith bán ar an ccomán mealla. I dtaobh an nóinín agus blath buidhe an aitinn, bíonn siad le feicsin gach la san mbliadhain, cia breagh anrodhach é: deire laoi fuar dorcha, le mionfhearthuinn: oidhche chomh dubh le gual, anrodhach, fearthanna le h-anfa andeas. Cluinim an gaoth garbh ag gaireadh timchioll na na seanchaisleain seo tall: ciuineas ag deich a chlog. Léighim gur bádhadh ain-iomad luingeas ins na h-anfaidhibh mara, agus is beag an t-iongantas. Bhí ceo tiubh maidin dia céadaoin seo ghabh tarrainn i Lungduinn, cia go raibh sé breagh annso i cCallain. An t-ochtmhadh la deag .i. dia máirt. Ar maidin le h-eirghe gréine bhádar neulta 'n a lomaraighe liaithe, corcra, órbhuidhe agus banbhuidhe ar aigheadh neimhe, liathghorm san ard thoir theas: la dorcha, mionfhearthainn: oidhche anrodhach fearthanna: gaoth andeas.
An naomhadh la deag .i. dia céadaoin. Deire oidhche tirm: d'éis breaca an lae, bhádar beagan neulta tana odhara nó lagbhuidhe ag sméideadh tré tromneulta luaidhlighe: la breagh gréine: gaoth andeas. Ni fhaicim im shiubhalta bláith acht an preasach buidhe an buachalan buidhe, an gairgin an fiacail leomhain an comán meall agus, dar ndóith an nóinín niamhrach agus bláith an aitinn. Ta blaith oráiste na Nodlag go croidhearg, niamhrach. Ag cronugha lae bhá an gaoth ró-laidir: tosach oidhche go h-ocht a chlog chomh dubh le poll dubh, an tan chur foreult a chean amach mar aigheadh gualadóra ó poll guail: clagairneach ó deich a clog san oidhche go buille a chlog ar maidin. An ficheadh la .i. diardaoin. Cioth ag sé a chlog ar maidin roimh breaca an lae: maidin, gealáin agus nealain: gaoth andeas: la breagh go deire. Chaitheas cuid mhaith de thosach oidhche i bhfochair Mairgreidín binn de Barra. Bhí sí ag gabháil amhráin ar foinn gaodhalacha dham. Ní miste a radh go bhfuil an ceathramha gné ceoil againn ó thárla na Sasanaigh 'n ar measg .i. gultraighe. Ní rabhadar i n allód againn acht trí gné. mar atá golltraighe geantraighe, agus suantraighe. d'imthigh an golltraighe agus tá an gultraighe in a ionad. An céad la ar fichiod fichid. La Feil Tomáis, no la Feil...: an la is giorra san mbliadhain .i. an la is giorra griantsolus san leath thuadh den cruinne ceathardha, cia gurab é an la is sia san mbliadhain, má comhairmíd ó meadhon lae go chéile, no ó meadhon oidhche go ceile; oir is sia é na ceithre h-uaire fichead. Is ar an ccuma cceadna is é la Feil Cros .i. an chéad la ar fichiod de Mheitheamh an la is giorra san mbliadhain, óir is giorra é na ceithre h-uaire fichiod. Níl
acht ceithre laethe san mbliadhain i n-a bhfuil ceithre h-uaire ficiod san ló-go-n-oidhche; maidin aorach, gealáin neuláin: ó meadhon lae go ..., ceobhrán le gaoth. An dara la fichiod .i. dia satharn. La dorcha ciuin: margadh mór: crom sé ag fearthuinn ag naoi a chlog san oidhche: níor fhearthuinn sé acht sealad gearr. An treas la fichiod .i. dia domhnach. Le faithine an lae, foneul dearg: an spéir uaithne san ard thoir theas faoi ceo buidhe: maidin gréine: ceo tana liathbhuidhe ar na cnocaibh agus ar na sléibhtibh i ccéin: gaoth ciuin andeas: tosach oidhche anrodhach fliuch go deich a chlog. An ceathramha la fichiod .i. dia luain. Roimh eirghe gréine, neulmhar: d'éis eirghe gréine, neuláin agus gealáin: neulta órbhuidhe liaithe nó glasa agus banbhuidhe, sgaipighthe faoi aigheadh neimhe: gaoth beodha aniar ndeas: on t-aon bhuille deag go trathnona, no tri a chlog speir gan ceo gan neul, an grian ag taithneamh go lonnrach, an tan thánadh dorchadas agus cioth trom, le gaoth láidir aniar: deire lae breagh: tosach Oidhche an Odlaig ré-soluis reult-soluis: deire oichche breagh reultsoluis. Go ttugadh Dia Odluig Nodlag, sic mhaith dhúinn, faoi shéan is faoi shonas. An cuigeadh la fichiod .i. Lá 'a Nodlag. Faithinne an lae breagh ciuin: neul corcra agus orbhuidhe san ard thoir theas: eirghe gréine, neulta órbhuidhe, crónbhuidhe, buidhe agus liaithe 'n a lomaruighibh eatroma arda: ó meadhon lae go cronughadh lae, dorcha: gaoth beodha aniar ndeas. Chím ar an ttaobh thuadh de chloidh Clóis an Chrosa, láimh le Muileann Uí Bhriain an buidheachán (an puidheacan buidhe), blaith nach gnaith ag sgeighe amach go mí na márta; acht tá an Nodlaig so chomh bog braonach sin nach iongantach a lán blath beo nó ag gobughadh amach. Cia go ndeir an seanfhocal "Samhradh gach síne go Nodlaig," tá an praiseach bhuidhe, an buachalán buide, an fiacail leomhan agus an comán mealla líonmhar. Táid sgeachóirighe, sgeachóirighe muc agus caor dubh an chrannla, tuir luathfáis ann fós.
d'imthigheadar na sméaraighe dubha. Tá craoibhín craoidhe-dhearg na Nodlag (oráiste na Nodlag), láimh le Tobar S. Seam go blathmhar fós. Ta géadh tin-bhruite agam le h-aigheadh mo proinneach, le putóg potataoi ann, mile buidheachas le Dia: tosach oidhche ré-sholuis reult-sholuis ciuin breagh bog. Go ttugadh Dia Odlaig mhaith dhúinn faoi shéan agus faoi shonas. An seiseadh la fichiod .i. dia céadaoin. La Feil Steafán .i. la an dreoilin san ccraoibh ccuilinn. I ccomhghairm an lae seo dá bliadhain ó shoin (1835) do marbhadh ceithre nduine déag ag séipéal na mBrathar i Sraid a' Mhuilinn, agus do leonadh, do brughadh is do basgadh céad duine eile ann. Ba gleodhach is ba h-uathbhásach an la i cCallain é. Chím andiu dá blaith ar carán chrann peirín i n abhalghort nó lubhghort Im-ar-mhachaire, os comhair Séipéil na mBráthar; acht ni dóith go mbeidh toradh orrtha. La dorcha: gaoth laidir andeas: ag luighe gréine, ball beag san ard thiar theas, cois Sléibhe na mBan, buidhe go n-aon neul croidhearg le teimhil dorcha: is comhsamhail le dochas nó solas flaithis Dé roimh an báis sic an lonnradh so, d'éis lae dhorcha agus roimh oidhche neulmhair. An seachtmhadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh bog neultana: nior cuireadh bó isteach fós, agus níl gábhadh leis. Níor fhuaireadar sop féir tirm fós, óir atá fear glas go leor aca. Is comhsamhail le lá Abhráin breagh bog é: gaoth aniar ttuadh: oidhche spéirghlan solusghealaighe seaca reult-soluis ró-aluinn. An t-ochtmhadh lá fichiod .i. dia haoine. Maidin seaca: leac oidhre ar uisge: faithne an lae, speir-uaithne láimh leis an radharc-crios san ard thoir theas: neulta dearga os a chionn sin, croidhearg os a cionn sin, agus speir gorm os a cionn sin. Chuadhas cois na h-Amh Bige suas go Cill Minic. Taid na caora dearga ar an bpéite bhuinionn fós. Ta an ghaoth athruightheach; gaoth andeas ar maidin, gaoth ciuin anoir i meadhon lae aoibhin aorach gréine spéirghorm: oidhche soluis gealaighe spéirghlan.
An naomhadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin breagh bog; gaoth anoir ndeas do sgaoil an siocán, do bhris an leac oidhre. "Is teo siolla den gaoth andeas na teine cheap a' domhain." Ag faithinne an lae bhádar neulta dearga, croidhearga, buidhe, bán-bhuidhe, crón-bhuidhe agus liaithe san ard thoir theas. Táid na fuiseoga ag imtheacht 'n a sgataibh ar fuaid na mbánta agus na machairighe ag iarraidh a ngreama. Táid na gealbhain tighe agus na gealbain buidhe go h-ard ar sgeacaibh na n-iothlann. Táid na naosgaigh faoi feileastar feochta, agus faoi urluachair na liontáin. Is breagh an aimsir sealgaireachta é. Tá an londubh 's a' céirseach ag cogarna sa' chloidhe. Ní feicim an smólach. Tá an spideóigín broinndearg go binnghlórach. La breagh bog speirghlan greine, seal, agus neultach sealadh eile: gaoth bíogamhail um deire laoi: oidhche ciuin glan gealaighe. An deichmhadh la fichiod .i. dia domhnach. Le breaca an lae is siosarnach meidhearach na gealbhain tighe san cloigtheach agus san sean-chaisleán seo thall. Tá an spideoigin broinndearg ag fáiltiughadh céad spice an lae go binnghlórach leo: ag faithinne an lae tá an spéir san leath thoir, láimh leis an radarc-chrios buidhe-uaithene agus ar ard neimhe glan-ghorm: tan-neulta tort-timchioll an radarc-crios, buidhe, dearg, croidhearg, ruadh, forruadh: beiréid liath ar Shliabh na mBan: ag eirghe gréine .i. súil an sic chruinne ceathardha, agus na reultan mearthaill, ba glórmhar d'fhéach si féin agus trusgan na speire 'n a timchioll. Nach glormaraighe, míle miliúin uair an t-É do chruthadh chruthaigh í fein agus an domhan uile .i. A thigh dochuimseach fein, agus gach spiorad, maith is olc, dá bhfuil ann! Ta da ttrian geibhre nach beag imthighthe, agus níor tháineadh an fuacht fós: la beodha: gaoth andeas, nach beag: neulta agus gal gréine le gach seal .i. gach 're seal. Chím buafanán na h-easgarann no an gronnlus, faoi ceann buidhe agus cuid di sic abaidh le cocan, nó clog ban mar an fiacail leomhan, noch a chím mar an cceadna. Chím gach blaith dá bhfacas le mí gan feochadh fós. Is glas seamrog na dtrí ccluas agus míle lubh nach é sic. Is comhsamhail le mí abráin é. Táid crúibínighe muc agus muicfheoil meith agam le h-aigheadh mo
proinnteach. Ní fearr céad mias ar bord. Tosach oidhche breagh: ag se a clog, ceobhrán: ag seacht, mionfhearthuinn: ag h-ocht, meadhon-fhearthuinn le gaoith laidir andeas: ag naoi, soineann: oidhche gealaighe tromneultach. An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia luain. Margadh na muc: beidh margadh na muc againn gacha luain go la buidhe bealtaine: is, más maith dhúinn é ní mór dúinn e, oir nil margadh arbhair nó ime againn le deanuigheacht. Ag ceathar a chlog ar maidin fearthuinn: ag sé, clagairneach le h-anfa andeas. Maidin anrodhach é. "Ní h-anfa go gaoth andeas." Is iomad focal san nGaoidhilge chum tuitime uisge do rádh, mar atá drúcht, ceobhrán nó ceobhraon, mionfearthuinn, meadhon-fearthuinn, mór-fhearthuinn, baisteach, clagairneach .i. an fearthuinn is truime. Deirtear doinionn le h-aimsir fliuch agus dortadiolionna le h-aimsir rófhliuch thabharfadh tuil no díle chughainn. Ó deich a chlog ar maidin go dó a chlog um thrathnona, la breagh gréine neultana, an tan tháineadh ceobhran agus mionfhearthainn le h-anfa aniar ndeas: le gach seal gach 're seal fliuch agus tirm go cronughadh lae: oidhche gealaighe, neultana, tirm. Athsmuintighibh ar síntighibh mí na Nodlag. Mi breagh den t-am so don am so den bliadhain: gaoth aniar ndeas tri laoi deag, andeas deich laoi, aniar trí laethe, aniar ttuadh dhá ló: trí laethe ciuine: bhádar sé laetheanna anfa aniar, andeas, aniar ndeas: dá la deag fearthanna: da thuile .i. ceann aca mór agus ceann aca mion: aon oidhche seaca léithe, agus aon oidhche seaca cuibheasach láidir le leac oidhre. d'éagadar beirt .i. an t-athair agus an mac, ar Sliabh Mis i cCiaraighe, an seachtmhadh la deag den mhí seo le h-anró sic na fuachta. Fuaradar bas anbha. Léighim go bhfuilid an iomad tuiltigheadh i Sasana le déanaigheacht on doineann dearbhar noch do bhí ann. Léighim i "mBeatha mBell i Lonnduin" go bhfuil síothcháin fógartha idir impire na Ruisiath agus rig na Persia: Irische Tecste II, II ón naomhadh la de mhí na Samhna. Leighim
san cCairt ceadna gur dóitheadh cabhlach Gréagach ag Scio le ceann-mara de Rigni. Da bhrigh seo, is dóith go smachtochar na Gréagaigh chomh maith leis na Turcaigh. Chuir mi na Nodlag deire le sealgaireacht cearca fraoic agus cuilighe coiligh feadha. Is féidir péarlóga do mharbhadh fós, cia gur deacair teacht orrtha anois. Táid creabhair go leor fós. Anois an t-am chum lachan fiaidhin do lamhach. Is maith an mí seo chughainn .i. Gionbhar, chum a bheith ag fiadhach giorrfighthe, fiadha agus sionnaigh. Tá an t-uisge róshalach buidhe chum cuil-iasgaireachta. Táid na sgataigh péarlóga a' briseadh nó a' sgaoileadh anois. Tá an cearc 's a' cuileach a' glacadh le chéile. Ní fheacas aon sgata druid le tamall. Táid na fuiseoga 'n a sgataoigh anois, agus na gealbhain mar an cceadna.
Ní caithim lá gan líne do sgríobhadh. Cinn-lae Ui Shuiliobhain den bliaghain d'aois Criost ocht mbliadhna fichiod ar ocht ccead air druim Mile (1828). MI GIONBHAIR ata a miosa Gionbhair ghlanta triochadh la is la aigeanta An chéad la den bhliaghain nua do réir an Caillinteoir sic coitcheann, nó an t-amchuimhnightheoir .i. la nodlag beag .i. saoire .i. dia mairt. Deas Dé sa bhliaghain duinn! Go ttugad Dia bliaghain nua faoi sean is faoi sonas duinn! Rath Dé air an mbliaghain se chugainn! La greine speir-glan gan uirid agus neal do taisbeanadh cia an t-ard as a séideann an gaoth: gaoth aniar ttuadh air feadh an lae: oidhche gealuighe speirglan: an re lan. Ba glormhar í ag eirghighe ag luidhe greine. Luidhean an grian air an taobh siar theas de Sliabh na mBan. Teidheann sí a bfolach uainn ceathramha uaire sul do luigheann sí leath slidhe idir Sidhe Finn agus an cuid is sia siar den sliabh: gaoth aniar ag luighe greine. An dara la .i. dia ceadaoin. Cioth trom ag se a chlog ar maidin: la ceathanach, ceobhranach le gaoth aniar ndeas da ard. Is praind dom ocht n-arda do dheanamh de gach ceathramh den radharcchrios .i. da ard deag is fiche
tart timchioll, cia nach bhfuidhim sgriobhtadh ann aon ughdar gaodhalach acht ceithre priomharda, mar ata soir siarbudh thuadh agus budh dheas, agus na ceithre harda eatorra so, mar soir budh dheas, soir budh thuadh, siar budh dheas, siar budh thuadh; agus tugaim tús comhairiomh des do na hardaibh budh thuadh agus budh deas, mar cidhfir go soiléir is an cclodh so: oidhche gealaighe speirglan.
etc., etc., etc., tres na tri ceithre ceathramhna eile. Do réir an t-Athair sic Seamus Henebuire, sagart phuraiste Callain a ccontae Cille Chuinnigh is díreach d' iontuigh sé on Sacsbhéarla, ámh féach an Chairt Iúil Ghaodhlach annso, do sholáthair Uilliam uas. Ó Riain do "Scéalaibh Éireann." ... ... ... An treas la .i. diardaoin. Maidin roimh eirghighe greine, speirghlan, solas gealuighe; dhurchair bige tanadh tháinig dorcadas agus fearthuinn le beagán sneachta. Glan se suas go gearr 'n a diaidh san: la ceathanach, agus gal greine idir gach da cioth: gaoth bíogamhail gonta aniar ndeas seacht n-arda: deire lae ciuin speirghlan: oidhche ciuin gealuighe speirglan. An ceathramha la .i. dia haoine. Maidin ceathánach dorcha fuideach: gaoth gonta aniar on t-aon bhuille déag go trathnona .i. tri a chlog: la breagh biogamhail greine speirghlan: am shiubhalta de Thalamh na nGabhar, cidhim an buachalán buidhe, gronlus, an praiseach buidhe, an fiacail leomhan, an comán meall, an noinin agus an t-aiteann faoi bhlath. Chidhim ag Clos cCrosa, an buideacan .i. an puigheacan buidhe, agus craoibhin croiddearg na Nodlag (feorus) (uulgo - ) do ghearr an clúdathóir an focal go greidhneach cois na h-amhan. Ta an Crosach ag siolcur eornan mor sic, agus taid scataighe priachan dubha, druideanna, gealbhain tighe, gealbhain buidhe, siobainin glas, na thimchioll ag faire air grainin do fhaghail den t-siolcur, agus is maith an ceart, oir is iomadh iomdha peistin agus cnomhóg noch do dheanfadh eirleach ar siolta na talmhan do bheireann na h-éin seo leo mar bhiadh doibh féin. Anois aimrear na ccoisear, oir nil sgolog na fós sgoloigin na fuil muicfeoil no caoirfeoil no mairtfeoil agus feoil da chois .i. feoil eanlaig aca go fluirseach agus fuigheann gheibheann lucht deirce greidhm mar
geall orrta: tosach oidhche dorcha duibhré: o h-ocht a chlog suas oidhche gealuighe speirghlan. An cuigeadh la .i. dia satharn. Meadhon lae greine; an cuid eile nealtana ciuin: gaoth aniar ttuadh: bhá cuid de muintir a' bhaile ag cur leabharlann rothánach sic cuimsighthe an eagar. Ta se sic ar bun le bliaghain: iocann gach nduine den chomhtionol coroin sa mbliaghain. Foraoir! Cia chuirfeas leabharlann gaoidhilge air bun? Níl se la faghail. Ta an Bearla Sasanach ag breith barr gach la air ár tteangain dilis bunudhasach fein, seo agus mile miliún aineamh nó easnamh eile ata orainn ón ló ar rug na Sasanaig greidhm air ár nduithche dúthaigh dilis fein .i. Éirionn bocht chraite. barr leathnaigh (1828 Mí Gionbhair .i. mi beal no barr na bliaghna .i. urtosach.) An seiseadh la .i. dia domhnach .i. la cinn an da la deag .i. la cinn da la deag na Nodlag. Coimhairightear go bhfuil faid coisceim cuiligh leis an la anois .i. ceitre momeint deag, .i. ceathramha uaire nac beag; maidin nealtana go h-ocht a chlog: la breagh greine speirghlan: gaoth anoir ndeas se n-ard. An seachtmhadh la .i. dia luain. La margadh na muc .i. luan na mban maith. Maidin roimhe la gaothmhar garoideach: o seacht a chlog ar maidin suas go meadhon oidhche fliuch anrodhach, siorfearthuinn le sneachta. "Samhra gach sine go Nodlaig," agus ni saruighthear an seanfhocal aniomh indiu, oir nior taineadh tháinig le bliaghain aon la comhsamhail leis le h-anrogha fearthanna agus sneachta ag leigheadh leaghadh sul na thuiteann sé chum talmhan: gaoth anoir ndeas, fuideach fuar gonta: o meadon oidhche suass solus gealuighe speir nealtana. Pósadh mac mo dheirbhsheathra, .i. Seamus Ua
Coisdigín Costagáin, le - Grónt, inghin Grónt o Cúlalonga, laimh le Ceann a' Fhaithche, san oidhche se, leis an t-Athair Seamus Heinebuire sagairt a' phoroiste. Chaitheamar an oidhche go trí a chlog ar maidin ag ithe, ag ol sgailtín agus tea, agus ag gabhail amhrain n-gaodhalach. Tangamar abhaile, go socar samh, gan dochar gan diobhail do aoinneach. Bhá duine bocht, .i. Doncha - , sinte, a ttrucail, ag teacht abhaile o Cluain Meala. Bhi se nach beag marbh le dorta na dilionn ar a bhathas agus a corp uile, agus do b'fheidir streancán olta aige. Sineamar cois na teinne e, agus bhaineamar a bhroga agus a stocaighe dhe; agus bhá-sa a ccean uaire no do, go sugach, saor o bhaoghal bais, buidheachas le Dia, ag suidhe cois na teinne. Ta lot ar a gluin o thuitim faoi roithlean trucaille, ag Tigh na Naoi Mile. An t-ochtmhadh la .i. dia mairt. La nealtrom dorcha bog den t-am so den bliaghain: ag cronugha lae, bhádhas ag Ceann a Fatha ag eisteacht le fuaim na ttonn ag eas corra mhuillinn Callain a Sraid a' Muillinn ag siossgartha go tornach go feargach le gach seal gach re seal: gaoth beodha anoir ttuadh se arda: tosach oidhche duibhré dorcha mar Poll a' Phúca. Ataid muintir Callain chum athcuingne do chur cum feise na Breatainne ag iaradh saoirse caitiliceach gan fuidheall ar bith noch ata againn cheana, agus ag iaradh an act a ccoinne na ttighearnadh tacar do chur ar ccul, agus ag iaradh an act timchioll an srath teampuill do athrughadh, agus ag iaradh saoirse do thabhairt do Phrotestanigh na Sasana.
An naomhadh la .i. dia ceadaoin. La sneachta ar na sliabhaibh agus na cnocaibh arda mar ata Stuadh Laighean, an Staighre Dub, Cnoc Breanaind, Sliabh na mBan agus na Cumaracha. Ta da ttrian Sleibhe na mBan foilighthe. Ni feadar an araoir no iarbharaoir do tuit sé, oir ni rabhas amuth air an bFaithche ande go cronughadh lae, agus ni tugas an sneachta faoi ndeara. La cruaidh nealmar; gaoth biogamhail anoir ag tiormughadh an talamh sic go mor. Cuadhas a spaisteoireacht le muintir Gallda cois na h-amhan, gus an gleanntán aoibhin taobh thoir de Chill Briocain. Ta craoibhin croiddearg na Nodlag faoi bláth fos agus an buidheacán (an puidheacán buidhe) a ccluidh-clais an Crosach sic, go niamhrach. Ta gach blath ar gach luibh agus gach fiadhaile da bfeacas le mi amuith fós. Is ceolmhar fuaim na ttonn ag corradh Uí Briain, agus crónán na ccrann ag Oilean na Giubhaise re na taoibh: oidhche seaca dorcha duibhré: gaoth gonta anoir. An deichmhadh la .i. diardaoin. Maidin seaca duibhe: sneachta ar sleibhtibh: gaoth gonta geibhreamhail anoir: leac-oidhre tana ar lintibh agus ar lochánaibh: daoine ag romhradh coinligh le h-aigheadh talaimh potataoi an earraich seo chugainn: cuid aca ag romhradh gach da iomaire na seathach caol; cuid eile ag romhradh gach iomaire caoinligh 'na airdiomaire: is
e an cuma deanach is fearr, oir crothann se an talamh suas on uisge agus tugann se aigheadh nios mo talmhan don t-aer ga leasughadh, agus don tsioc da briosgughadh. Ta sgata priachain dubha ag luidhe air Fhaithche an Aonaigh ag iarradh greama doibh féin: "Samra gac síne go Nodluig." "Is fearr sioc na siorfearthuinn": la agus oidhche cruadh seaca. An t-aonmhadh la deag .i. dia haoine. Ta se ag cathadh sneachta ag tri a chlog ar maidin. Cluinim an gaoth ag duanuigheal ag an bhfuinneoig mar púca poinn ag iaradh oisdis am thig se, acht ni caithfe se sic oisdeas d'fhaghail, ma choimeadan teas tinne guail, agus brothal bidhe amach e: la nealmar go buile a clog, an tan crom an grian ag taithneamh go lonnrach, go tri a clog an tan do dubhadh dhubhuigh se suas aris: ag an t-aon bhuile deag ceobhrán le gaoth andeas ag leigheadh an t-sneachta. "Is teo siola den gaoth andeas na teine ceap an domhain." Gramaisg na sraide ag caitheamh sneachta agus liathroide sneachta le na ceile, agus ag buaireadh daoine dearshula. Cuadhas cois na h-Amha Bige, le sealgairighe Challainn. Bhádar ag sealgaireacht ar naosgaibh, air fiodógaibh, ar lonaibh dubha ag ceirseachaibh, air smólachaibh, etc. Ni fiu filbín miog a marbhadh. Taid na naosgaig cois na gaisighibh is an luachair, agus is an feilistrom. Táid da gne diobh ann, mar atá naosgach .i. gabhairín rotha reodha nó reatha agus naosgach beag .i. mionan aeir. Is alainn mor an t-ean e an fiodog; luigheann siad na sgataighibh ar na coiminisibh timchioll Callain: éan riabhach é le ballaibh beaga buidhe. gacha la líne ag barr leathanaigh An gaoth ciuin bog ag fuaidreadh ón t-ard theas gus an t-ard hiar: ag siar theas ba seasamhaighe é. Is fearr fiodóg ná tri naosgaigh na fos ceathair. Idir a tri is a ceathair a clog, cioth trom; o cronughadh lae tres an oidhche, solas realtan go speir glan; oidhche breagh ciuin; gaoth aniar ndeas. Conarcas daoine a' romhradh caoinlig aniomh
indiu aithnighim ar fead na fideoige (feadoige) no triollachain gurab í cualas a mi Deiridh-foghmhair se gabh torainn gacha n-oidhche timchioll Faithche an Aonaigh agus nach í an filbín miog. An dara la deag .i. dia satharn. Maidin aoibhin ciuin greine nealtana, ceotana: gaoth ciuin andeas: sneachta tana ar sliabhaibh arda: nil sneachta air bantaibh; ta beagan de a cclasaibh agus a ccluidhthibh agus faoi sgath na ccraobh: "Is teo siolla den gaoth andeas na teinte ceap an domhain." Chidhim daoine ag romhradh caoinligh; romhrann siad go maith e ar ceithre sgillinge deag an t-acra, is cosaineochadh a treabhadh an uiread, agus is fearr an romhradh ina an treabhadh, oir iontuigheann an romhra an talamh nios fearr agus gearrann se nios mionna é, agus ní fágann se clais na cinnfhearn gan iontodh go mion. Leighim go bhfuilid ainiomad daoine a Sasana ag romhradh caoinligh anois. Tugann seo obair do dhaoine bochta; agus, dar ndoith, is fearr criostuide na capal. Ta an cabaiste (nó cál nó cól no coilis) no braiseach ag leigheadh agus ag daoirsiughadh leis an sioc agus an sneachta, da luighead is taineadh tháinig dhe, acht beidh tuirneisighe againn in a ait. Ta margadh mor guail, colmais agus potataoi againn aniomh: gual ar deich bpingine an chead, colmas ar ceithre pingine deag an baraile, potataoi ar tri leath pingine a cloich. O meadhon lae suas nealtach; ceo o tri a clog no trathnona tre tosach na h-oidhche: gaoth ciuin aniar ndeas. An treas la deag .i. dia domhnach. Maidin fearthanna; cluinim e ag siorfeartuinn go ciuin o tri a clog ar maidin go breacadh lae. Deirtear liom gur crom se ag clagairneach ag meadhon oidhche: la dorcha bog o tosach go deire: gaoth attuadh aon ard air an leith shiar: tuile buidhe san amhain. Ni chidhim na sleibhtibh le ceo. Bhá coimhtionól aguinn aniomh a seipeal a' phoraiste chum athcuingighe do chur chum feise na ttri righe ag iaradh saoirse do caitilicighibh. Is ag Dia amhain
ata fios an bfaghtar e anois na choidhche: oidhche duibhre tirm ciuin. An ceathramha la deag .i dia luain .i. la margadh na muc. La dorcha ciuin bog: gaoth anoir ndeas cuig n-ard: luach maith ar mucaibh: taid ceanaighteoirighe o Shasana da cceanach aniomh. Is clos dom gur mheath a lan de siol na cruitneachta noch a cuireadh san aimsir fliuch, tre troimeacht agus uirmeaireacht na talmhan: trathnona, gaoth beodha anoir. Ta gach blaith noch do bhi ar craobh, ar fiadhaille, no ar luibh, beo fos. Ta an buidheacan (paigheacan buidhe) a cceladh an Crosach, agus blath an craoibhin croidearg na Nodlag beo agus blathmhar. An cuigeadh la deag .i. dia mairt. La dorcha ceobhrain: gaoth anoir. Leighim a mBeatha Beill a Longduin gur bhris uisge an Tamhuis asteach sa tochair-faoi-tonn an tarna huair, .i. dia satharn se ghabh torainn ag leathuair d'eis an sé ar maidin, agus gur bathadh seisear ann. D'eirigh tuile uathbhasach chomh h-ard san a dTeampeil an Easbog sic a Salaisbrug a Sasana, go raibh an t-urlar faoi uisce, agus níor bh'feidir urnaighthe do radh ann. Taid tuileighe ag sguabadh talamh agus balaighe, leis, a Sasana. Nil aon tuile ar ard an Eirinn an geibhre se fos, acht b'feidir gur romhainn ata. D'eirigh an tuile chomh h-ard san a mBath gur raineadh ráinig se sic an dara urlar (.i. an cead lochta). Chuadhas, d'eis corradh Muillinn Ui Briain, go Cloidh an Crosaigh. Ta (blath) an buidheacan (paigheacan buidhe) beo fos, agus bleidhe craoibhin croidearg na Nodlag, is e a ainm dilis feorus, da ndeinid na buabhasteiridhe sgoilb feola. Ni h-e an blath acht an bleidhe ata croidearg. Chidhim ann iomad d'aiteannaibh anois e acht go bhfuil an bleidhe feochta. Gaoith gear garoideach anoir le ceobhran: colmas air ocht bpingine deag an baraille: cruitneacht ar cuig fichiod a cCluain Mealla. Is cuimhin liom ceithre puint an baraille uirrthe.
An uair sin adeireadh boidithín boidichín, bodach suarach sgoloige ag tiomaint: "Dar an airgid se ar m'fhuip, agus dar na spuir-se ar mo bhuataisighe." Acht anois adeirid: "Dar broga na suip agus dar an bhata se, a buacaillighe": deire laoi anfa anoir le ceobhrán: oidhche duibhre dorcha anrodhach. An seiseadh la deag .i. dia ceadaoin. Gaoth anoir, maidin is la baistighe gan traothadh o meadhon oidhche go cronughadh lae: um trathnona, gaoth gear anoir ndeas: "Ta ciach ar na riasgaibh 's air sleibtibh dubha." O Ceann a' Fatha ni chidhim cnoc na sliabh le neart ceo, acht leaca na Cuailighe amhain. Taid sgataighe fuiseog ag luighe air Fatha an Aonaigh, no ag eitiol go h-isiol go balbh bronach. Ta siobhainin glas ag eitiol laimh leo: o cronughadh lae ceobhránach go deich a clog, an tan crom se ag fearthainn aris, air feadh na h-oidhche. An seachtmhadh la deag .i. diardaoin. Fearthuinn o meadhon oidhche go breaca lae: clagaireach go calloideach, o ceathair go cuig a clog roimh lo: um eirghighe greine speirglan: deich a chlog, gaoth andeas, ceo tana ag ceilt na sleibhte: la greine nealtana go buile a chlog, an tan do bhi se nealtana breagh. Do sgeith an tuile tar moinfearaibh, cois amhan, agus tar an bothar, idir Muileann Ui Bhriain agus Droicheadh na nGabhar. Do sguab an tuile an cúr cuar, nó an fail, o n-a ionad laimh le corra Muilinn Uí Briain; ní tuille romhor. An t-ochtmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin bog dorcha nealtrom ceo: gaoth ciuin andeas: o do a chlog suas fo-ghal greine, tre ceo tana agus neal tana: gaoth andeas: um cronughadh lae ceobran le hanfa andeas. "Ni h-anfa go gaoth andeas." An naomhadh la deag .i. dia satharn. La breagh bog nealtana: gaoth ciuin aniar ndeas. An ficheadh la .i. dia domhnach. Maidin breagh, chomh bog le la abráin: na druideana go calaoideach ar crannaibh ag Cúirt an Fuite na sgataibh. Chidhim an cluigín sneachta le
laigeacht o an sín ag cromadh a cinn mar aileán aidheadhnaireach aghaidhnáireach, an dluth-bleidhe bán na trí rannaibh, agus an coroin na tri chodchaibh, nó cumhdach den aicme se fhear, den ord aoinbhean. Ta an rós miosamhail go h-alainn, agus tora ar mar peirin beag buidhedearg nó sgeacoire muc, o is e é go fíor. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia luain. Maidin breagh greine nealtana: anfa andeas: trathnona agus deire laoi nealtuibh: anfa andeas: do seasadh an anfa air feadh an lae gan traothadh: urtosach oidhche gealuighe: la tirm: boithre tirme. Cuireadh Piaras Grás o Sraid a' Droichid a cCill Brighde. Ba he athair Uilliam Grás, sagart poraiste Baile Ui Caolain. An dara la ficiod .i. dia mairt. Maidin aoibhin aorach greine speirghlan: gaoth ciuin. Ta amhain na h-Elbe Abha san Allamaing nó san Ghearmain foilighthe le leacoidhre, cia go bhfuil an aimsir breagh bog an Eirionn sic, agus ata beal na hEilbe béal an Ailb agus Dundealgan ar an ccusba cceadna .i. cusba an ceathar ar caogaid. Ta fliuchra mor a Sasana, timchioll Longduin go hairighthe. An treas la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh greine nealtana, go cronughadh lae, an tan bhádar na nealta tiubh: maidin bog ciuin mar maidin Abrain; trathnona, gaoth beodha aniar ndeas: tosach oidhche ciuin bog nealtach gealaighe: deire oidhche ciuin duibhré: ta an iomad sgolog agus reachtaire nachar cuir bo faoi chleacha tighe fos, acht féar tirm do thabhairt dóibh gach deire laoi cois cluidhe cluthair, no ar bán tirm. An ceathramhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin dorcha tromnealtach: o meadhon lae ceobrán le gaoth laidir aniar ndeas: oidhche ceathanach; tromceatha timchioll ceathair ar maidin. An cuigeadh la fichiod .i. dia haoine. La breagh greine
speirghlan: gaoth ciuin aniar ndeas. Cluinim an fuiseog ag moladh Dé is na hardaibh laimh le Ceann a' Fatha. An seiseadh la fichiod .i. dia satharn. La breagh greine go trathnona, nó trí a chlog, an tan d'iontadh se dorcha nó nealmhar gaoth ciuin aniar ndeas re hard. Ta daoine ag treabhadh sa' romhradh caoinligh: oidhche breagh ciuin gealaighe nealtana. An seachtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La aoibhin greine tirm gaoth ciuin aniar ndeas: um luidhe greine "ni raibh gal ann don gaoith do chroithfeadh barr croinn na bláth": an speir thiar theas uaithne, an cuid eile liathgorm no gorm: nealta dearga croidhearg buidhe cronbhuidhe donndaraighe le ciubhasaibh dearga: daoine ag spaisteoireacht ar an bhFaithche: cronughadh lae chomh breagh le feascor a mi meadhain a' tsamhra: an gealach, bainrioghan na h-oidhche san ard shoir agus an Caoimiar Camhaoir .i. Bheandheas .i. Uenir san ard shiar ag lonnradh mar grian beag: oidhche gealuighe speirghlan ciuin: na sraideanna lionta le daoine mora agus beaga. An t-ochtmhadh la ficiod .i. dia luain. La dorcha: gaoth beodha andeas: ainbile muca ar an margadh: morluach ar muca beaga agus banaibhe: meadhan luach air muca ramhra: oidhche gealuighe, nealtana. An naomhadh la fichiod .i. dia mairt. Ceathán ar maidin go doich: maidin gailingeach gaillshíonach: gaoth andeas. d'fhéach an bóthar o Callain go Leaca-na-Cualaighe mar snaithe airgid lonnrach oibrighthe ar sról uaithne, le gealán idir da neal slaparacha no liobarnacha, no mar amhain airgid-beo lonnrach tre gleann féar-uaithne la abráin: la gealáin agus nealáin breagh bog trid amach: oidhche gealaighe nealtana. Ta an cloigin sneachta, an rós miosamhail, an buachalán buidhe, an gronlus, an fiacail leomhan, an comán meall, an noinin agus an sgeach aitinn, faoi bhlaith. Ni faicim acht aon triopall amhain den puidheacan buidhe. Ta an feideanan feidhneán, eidhneán an aitinn, an cuillean, an crann giubhaise agus an crannla, glas mar is gnaith agus an labhrais agus sgeach na smear dubh .i. an driseóg, glas mar an cceadna.
Cluinim an fuiseog, an smolach agus a lan de mioneanlaith ag ceileabhradh: is cosamail le la abrain e. An deichmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La gailingeach gaillshíneach ceathanach ceobhranach soinneanach: gaoth giuineach, andeas. Chidhim eorna-mor an Crosaigh ag gobughadh aníos noch do cuireadh se la fichiod ó shoin .i. an ceathramhadh la de mi gionbair. Taid na priachain dubha go roghnodhtach a' piocadh an graine ghráinne as an ttalamh, óir is aithnid doibh anois ca mbionn se, oir chidheann siad giobhoga ag eirghidhe. Chidhim triopall eile den buidheacán (paidheacán buidhe) a ccladh iothlann an Crosaigh, noch do seasadh sheasuigh an geibhre amach. Atá an feithleog ag gobughadh amach anois agus fo-duilleog air sic. Táid sgataigh fuiseog ag ceileabhradh da ceile. Chidhim spideoga na sgataibh beaga. Chidhim an dreoilín ruadh. Chidhim einin mar an siobhainin glas, acht gur buidhe ata a ucht in ionad ban: taid na druideanna na sgataibh: taid na naosgaigh ag dul a tteirce no a ngainne, agus na gealbhain, tighe agus buidhe, go garoideach. Taid daoine ag romhradh 's a' treabhadh caoinligh: oidhche ciuin ceathan. An t-aonmadh la deag ar fichiod .i. diardaoin .i. an la deireanach de ratha ráithe an geimhre .i. Oidhche Feil Brighde. La aoibhin aorach greine: gaoth ciuin aniar ndeas da ard. Bhi gnúis soilbir air an la deireanach so den gheibhre, ionann is mar adearadh se: "is bog reidh bhios leat le ratha, agus anois ós sgaramhain duinn, crotham lamha go muinteardha le cheile, slán leat." Bhádar na h-ein beaga go gliadarach ameasg na sgeach. Um cronughadh lae, d'eirigheadar nealta liathghlasa: fearthuinn o ocht a chlog san oidhche go buile a chlog ar maidin: ceatha troma idir da linn le h-anfa. Oidhche Feil' Brighde (.i. trathnona agus oidhche an lae roimhe la Feil' Brighde), na brighdeoga (.i. clodh Naoimhe Brighde coirighthe le h-eadaighibh áile) ag toicighe bheaga an bhaile ag imtheacht o doras go doras ag iaradh leathphinginighe, agus
da bhfaghail leis, chum coisir do dheanamh doibh fein, ionan is mar a bionn an craobh cuilean dreoilin ag na gotáin la Feil' Steaphán. Athsmuintighibh ar an mhi se gionbhair. Sé lá fearthanna o tosach go meadhan a' mhi: da la mion-sneachta le fearthuinn: aon la mor-sneachta: aon tuile tar portaibh na h-Amhan .i. an seachtmhadh la deag: aon la anfa: da la deag greine .i. ocht lae diobh a ndeire an mhi: ocht la dorcha: da la gaoth aniar ttuadh: naoi lae gaoth aniar ndeas: naoi lae gaoth andeas: aon la gaoth aniar: tri lae gaoth anoir ndeas: aon la gaoth anoir ttuadh: ceithre lae gaoth anoir: aon la gaoth attuadh: aon la nachar cuimhnigheas ar a chur sios, bhi se ciuin. Daoine a ndeire an mhi ag romhradh agus ag treabhadh caoinligh: mi bog acht beagan laethe. Bhi blaith ar aitin agus ar noinin, gach la, mar is gnath gacha la sa mbliaghain. Bhi blaith ar praiseach buidhe bhuidhe agus buachalán buidhe, ar gronnlus, ar fiacail leomhan, ar comán meall, ar an ros miosamhail, ar an ccloigin sneachta, agus ar an lus an bhalla nó lus leath an tsamhraidh: ta an cuileann, an feidheanán, an t-aiteann, an crann giubhaise agus sgeach na smear ndubh, .i. an driseóg, glas, mar is gnaith, agus na crainn gallda so: an labhrais, an bucsa, etc. Ta an feithleog ag gobugadh amach agus duilleabhar ar sic. MI FAOILEADH NÓ FABHRA .i. an cead mi de Ratha ráithe an earaig. An cead la .i. la Feile Brighde Báine .i. an cead la den earaig sic. La aoibhin aorach greine, speir gan ceo gan neal: gaoth ciuin caoin aniar ndeas, go ceathramhadh uaire roimhe an trí an tan d'eirigh anfa d'urchar bige, noch do croth tighte o bhonn go barr. Bhi cloichsneachta cruadh leis. Nior seasadh an sonnadh gaoithe se acht cuig moimeint, agus is maith do muintir Callain nachar sheasadh, oir nior chualasa a leitheid eile ariamh, ach aon anfa amhain eile. d'eis an
anfa do ghlan aigheadh na speire suas gan mhoill: oidhche ciuin gealaighe nealtana. Ba chomhsamhail an chead la se den earaigh sic go trathnona, le ainfir nuaphosta air feadh mi na meala, acht na dhiaidh san, leigeann moran diob a tteanga air siobhal, arir eigean, go ccrathann siad an tigh le na nglamhaigheal, mar do crath an sonnadh gaoithe mo thigh se aniomh. Ba chamhsamhail eitirighe cruithneachta aniomh, o uireacht na talmhan, agus an grian ag taithneamh orrtha, le eitrighe sneachta. Bhádar na fuiseoga aniomh go binnglorach os mo cionn a bfuigseacht beagan slata diom. Ni eirighid na hein oga chomh ard leis na seanchinn, agus ni ceileabhraid chomh binn. Is ceolmhar gach craoibhin crom le glor na smoluighe, na spideoige etc. Mi breagh chum toir sionnaigh agus fiadh; an mi is fearr chum fiadhaich giorrfhiadh le gadharfiadh, no con sic; oir bionn an giorrfhiadh og rolag a mi meadhan-fobhar no fuidheallfobhair, agus beidh si torthach a mi márta; acht ann sa mi se laithreach biaid na giorrfhiadhthe ag cliu, agus ma gheibheann tu an gior-fhiadh firghion a cclais, geabhadh tú an giorrfhiadh buinionn san eitre is foigse dho. Nil pearlog le lamhach an mi se acht is feidir an naosgach, agus an creabhar agus an fiodog do sealgaireacht. "Le gach la gach re lá go h-aoibhin alainn o la Feil' Brighde go la Feile Padraig." An dara la .i. dia satharn .i. la Feil' Muire na ccoinneal nó Ainicthe Mhuire .i. breacshaoire. La breagh greine: gaoth aniar ndeas: cioth agus cloichsneachta agus dorchadas, agus bogha ceatha ag a h-aon, agus cioth trom ag leathuair d'eis an dó: oidhche aorach ciuin gealaighe realtsholais speirghlan: is gnath sioc a ndiaidh cloichsneachta. An treas la .i. dia domhnach. Maidin aoibhin greine seaca leithe; leacoidhre tana noch do leaghadh leis an grein. Do chuadhas gus an cCuaileach ag cur an cios caitiliceach sic ar bun, oir is me féin agus Padraig de Burc da "ama déirce den poraiste se Callain, agus caithfimid an cios do chur sios chum Cuinsileir Ui Connaill, agus an Coimhtionoil
Caitilicigh gacha mi. Bhi ceo timchioll Faithche an Aonaigh bud deas agus soir chomh ban le slam codáis nua-nighte. Bhi an Faithche mar oileán a meadhan locha. Bhá an fuiseog fiadhain, an siniolach, an geallbhán tighe, buidhe is breac, an spideog agus cead einin ceolbhar eile ag ceileabhra. Ta an singirlin liubarnach, nó blaith ar an coll, agus cuid eile de ag gobughadh amach. Ta droichidín, ar sruthán Cille na Cuailighe, deanta, o do rinneadh an droichidín ar Uisge Duinn (nó Diuin .i. diunach nó fiorbheag). Laimh le Crann Bachaill ta gardha laimh leis an droichidín ar a nglaodhaid Brabh a' Duinn: ni feadar ciall an fhocail. Gaoth andeas. Ta boithrín laimh le Uisge Diuin agus Mointean na Ceisighe ar a ngoirid Bóithrín an Aifrinn, agus is e ciall an ainm se, an uair do bhi gearleanamhuin ar Eaglais Caitiliceach sic na h-Eirion, ba eigin doibh Aifreann do rádh a ccoilltibh, a mointeanaibh, a cceisibh, no a ccuasaibh talmhan; acht "Is fearr fuil reamhain na da fhuil 'nar ndiaidh," mar adeir an seanfhocal. O meadhan lae go deire dorcha: ceathar a clog ceobhrán le gaoth aniar ndeas: cuig a clog, cioth trom: tosach oidhche anrodhach, meadhan oidhche breagh. Ta an t-soileog ban d'eis gobughadh amach go laidir. An seachtmhadh la .i. diardaoin. Clagairneach go doich ar maidin: d'eis na clagairnighe maidin breagh greine nealtana. Is clos dom gur ab e coileach na fuiseoige do cheileabhrann go h-ard san aer agus an cearc ar an bhfód glas. Chidhim agus cluinim an sucán. Tá se a meid na smoluighe, acht na fuil se air a deas-dheanamh: nil aige acht ceileabhrin gearr. Ta an dreoilín agus buachaill-a'-dreoilin go meidhreach a leimeidiol (.i. leim eitiol) go h-isiol tres na toradh.
Chidhim an siobainin glas uchtbuidhe, cois na h-uisge sic san ccladh dubalta ar talamh na mionáin cois na h-Amhan; os comhair Oilean na Giubhaise agus an Muilinn Iarainn ta mianach iaruinn agus uisge iarainn roda. Ta tobar don gne ceadna laimh leis an muilleann air an ttaobh theas den Amhain: gaoth aniar laidir um meadhan lae agus trathnona; ciuin um cronughadh lae agus san oidhche: daoine uaisle agus mna uaisle ag spaisteoireacht ar Faithche an Aonaigh go deireanach: cnadan go gnothach anois a' siolrughadh. An t-ochtmhadh la .i. dia haoine. La breagh greine: ceo tana: daoine ag romhradh agus ag treabhadh caoinligh. Chidhim na millte fuiseog agus ein beaga binne eile: nior taineadh aon sneachta no sioc do dheanfadh iad do bhasamhadh. Beidh eireacha ag geallbhain air cruithneacht an uair bheidh se sic abaidh. Ta eorna-mor an Crosaigh na geabhar anois. Chidhim ceithre mionain aeir (naosgaigh beaga) agus aon phearlog, cia nach dlightheach e sic marbhadh anois, eun breagh ruadhdonn, go gclumh mhin go sgornach ruadh, a meid eireoige, no mion ceirce no fideoige. Ta se ar dath na fideoige nach beag; acht nach bhfuil na baill beaga buidhe ann, acht baill beaga ruadhdonna. Gaoth andeas. An naomhadh la .i. dia satharn. Ta da uair a cloig d'fhaid air an la anois. La breagh nealtana chomh bog is do conairceas ann aon la den bliaghain: um meadhon lae do b'fheidir a tuigsin go raibh gaoth rochiuin aniar; acht um deire lae "Ni raibh gal ann don gaoith, do crathfeadh barr croinn na bláth." Fuair me an ceannabhán-beag a ttalamh na Mionain. Is e an cead luibh den gne don conarcasa an. Chidhim uisge iarainn san sruthan thuadh den Amhain, laimh le Muillinn sic Callain a Sraid a' Mhuillean sic ag an oilean. An deichmheadh la .i. dia domhnach. Maidin dorcha go deich a chlog, an tan do crom se a' stealla' fearthanna le gaoth laidir andeas, aon ard soir, agus do lean se ag fearthainn, agus ag clagairneach go se a clog d'eis tuitim oidhche. Biodhas fein san cCuaileach ag togbhail na ciosa caitiliceach sic.
Fuaras folca fiormhor ag teacht abhaile dom. Bhadar na hein go balbh bronach. Is uaigneach an ait Boithrín an Aifrinn agus Mointean na Ceistighe, agus Clais-an-Aifrinn, áit a mbiodh Aifreann da radh a n-aimsir na géarleanmhana air sagartaibh agus air caitilicibh go coitcean. Oidhche duibhré gaothmhar ceathánach. An t-aonmhadh la deag .i. dia luain .i. la margadh na muc. Maidin, gaoth roghonta aniar ttuadh: la breagh greine; gaoth aniar ttuadh: daoine ag romhra caoinligh, an talamh tirm go leor d'eis na fearthanna le neart na gaoithe: na h-ein ag eitiol go h-ioseal. Ni cluinim ceileabhar na n-ean. Is iomdha ainm ar feadghaoil na n-ean; mar atá: ceileabhar na n-ean, sgolgoire lon, glaodhach an chuiligh, gragadghaoil na circe, no gragallach, no gragaoil circe, grág na bpriochán, cuachaireacht na cuaiche. An dara la deag .i. dia mairt. Maidin seaca leithe, leacoidhre tana ar lochánaibh, sneachta ar mullach Sleibhe na mBan, agus inistear dhamh go raibh nios mo ar a mhaoilin ar maidin a nde: la aoibhin greine, speirghlan, acht beagan ceo go h-iseal, idir me agus an radharcchrios, noc a cheileas na sleibhte a ccein i gcéin: gaoth ciuuin anoir ndeas. Taid na h-ein go ceolmhar aniomh. bhádar balbh ande agus iarbánde: daoine ag romhradh agus ag treabhadh caoinligh: an sraith contae da gearradh aniomh: aon phingin déag ar an acra. Is fada o nach raibh se sic chomh saor. Is cuimhin liom leathchoróin ar an acra, agus sin faoi dho sa mbliaghain. Ba ionann agus cios beag e. An treas la deag .i. dia ceadaoine. Maidin tirim dorcha: gaoth andeas, da ard soir: daoine ag romhradh 's a' treabhadh caoinligh: sneachta ar sliabhaibh arda: ceobhrán um trathnona. Chidhim an bainne-bo-bleacht aniomh: oidhche duibhré chomh dorcha le Poll a' Phúca: clagairneach o deich a clog go maidin. An ceathramha la deag .i. diardaoin meith na h-inide. La greine: gaoth géar, ar maidin budh deas, um trathnona aniar:
cioth trom um meadhan lae air feadh leathuaire: tuile mor san Amhain go bruach na bport agus tar portaibh a n-aitibh: sneachta ar sliabhaibh. An cuigeadh la deag .i. dia haoine. La aoibhin greine: gaoth ciuin aniar ndeas. Chidhim sneachta air maoilinnibh Stuadh Laighean, an Staidhre Duibh, Sleibhe na mBan, na Cumaracha agus na Gaillti. Ta maoilin na nGaillti mar bulóg siucra ban, agus mor-cuid den tsliabh on maoilin sios faoi sneachta; da bhrigh sin, is doith liomsa go bhfuil na Gaillti nios aoirde na aon sliabh eile am radharc: maidin seaca leithe, agus leacoidhre tana ar lochánaibh, acht do leigheadh leagh se sic le teas na greine. Is millse fuighle na spideoige na glór na fuiseoige, ná an loin dubh agus ná na smoluighe, cia nach bhfuil se chomh laidir le a fuigle san. Chidhim an naosgach. Ni doith liom gur labhair an lon dubh fos, acht ta an smolach roceolmhar. Taid daoine ag romhradh agus ag treabhadh caoinligh. An seiseadh la deag .i. dia satharn. La dorcha: gaoth laidir andeas, focheathán ar feadh an lae. An seachtmhadh la deag .i. dia domhnach. Domhnach Inide. La tirm nealtach, foghealain; gaoth laidir andeas, da ard soir ceobhran um deire laoi. An t-ochtmhadh la deag .i. dia luain. Luan Inide. La anrodhach siorfearthanna: gaoth fuar aniar, sneachta ar Sliabh na mBan. Cualaidh me e ag clagairneach ag cuig a chlog ar maidin: moran muc agus beagan ceannachoirgheadh: daoine ag breith spoilin meith na h-Innide abhaile leo: cuig pingine an punt air muicfeoil, tuistiún agus leath pingin ar caoirfeoil, tuistiun air mairtfeoil. "Ta ciach ar na sliabhaibh 's ar na riasgaibh dubha" Ta dian-fearg riamh ar na speartha cumha Ta gliadar agus siansa na n-éan go ciuin." O Rath
An naomhadh la deag .i. dia mairt .i. Mairt Innide. Maidin sileanach go naoi a chlog an tan croth an la suas, nealain agus gealain as sin go cronughadh lae: gaoth andeas: sneachta ar Sliabh na mBan, na Cumarachaibh, Stuadh Laighean, agus creidim air an Staidhre Dubh, agus na Gaillti, cia nach bhfaicim maoilin an Staidhre Duibh na na nGaillte ar aon chor, le nealta liubarnacha. Is suarach an cuamharga chomh-amharcadh ata ann aniomh: ta se idir bheith comhsamhail agus cuibheasach: cioth um trathnona. An fithcheadh la .i. Ceadaoin-na-Luaithre a' Luaithridh "Ceadaoin-na-Luaithre is mor an buaidhreadh bainne d'ól." Ni caithtear bainbhiadh aniomh. Bhi aran agus praiseach agam mar proinn. Maidin aoibhin greine: gaoth anoir ndeas se arda. Cuadhas go Tulach Maoine Íochtarach leis an Ollamhan Ceiting go tigh Ui Madagain. Ta duilleabhar ag teacht ar an ttroim. Bion an giolcach glas go sior; ta toradh mar piseain air. Taid sgeachoirighe agus sgeacoirighe muc suas air craobhaibh fos go lionmhar: o trathnona fuar dorcha: oidhche silteanach: gaoth anoir. An t-aonmhadh la fichiod .i. diardaoin. Maidin fuar dorcha d'eis oidhche siorfearthanna: gaoth anoir: tuile-faoi-phort san Amhain. Ni faicim duine na daonaoi ag romhradh no ag treabhadh na ag deanamh aon gne saothair ar moin na ar machaire a ngort no a ngardha. Ni feadar an bfuil sneachta ar sliabhaibh, oir taid foilighthe faoi lomaraibh ciara ceo agus neal. Taid sgataighe fuiseog agus priacain dubha ar Faithche an Aonaigh ag piocadh piast. Ni fheaca san mbliaghain se acht aon fionnog, no priachan-na-ccearc. Taid na millte priachan dubh a gcoinne an t-aon fionnog sic no priachan-na-ccearc, oir is maith do-ghnidh an priachan dubh no aon eun grain-itheoir no piast-itheoir; oir glanadh siad an talamh o piastaibh, noch do íosadh an siol, agus is olc do-gnidh priachan-na-ccearc, no aon eun carn-itheoir .i. feoil-itheoir, noch do maireas air gearr-chearca agus lachain óga agus geodh oga: agus da mbeidhdis na n-ein carnitheoir lionmhar, ni bfaidhfidh bhfuighfaoi ein sgioboil do togainn agus bhiaidhmis gan feoil-da-chois. Ta
comhbleide mar phroinn agam. Ni ceart calceannan do ghlaodhach air, oir nil cal no coilis no cabaiste bán ann; acht bocairighe bana, leamhnacht lainghil, ím maith saillti, sallan na droim sin, piobar da teitheamh téidheamh dom agus oiniuin da ndearfainn, is mise is na garlaigh agus mo bhean bhocht gradhmhar da itheadh air ar ndiothall ndícheall gan uireasba, gan fuighleach. Tosach oidhche breagh bog nealtana gealaighe. An dara la fichiod .i. dia haoine. La bog aoibhin greine nealtana ceo tana. Ta toradh fos air an peithde-bhuinnionn, cois na h-Amha Bige. Ta an bearnan bearnach no an fiacail leomhan lionmhar go leor anois, agus an fearbán le tri chodcha san blidhe agus o seacht chodchana go haon chuid déag san coróin no blaith, agus duille amhail croidhe mor no mionn, do reir an cloidh no an bán an a ttagann se, agus preamhacha cruine cruinne. An treas la fichiod .i. dia satharn. Maidin beodha: gaoth attuadh: trathnona bog: la breagh nealtana. Aithnighim air tora na drise air a ttagann sgeachoirighe-na-muc gurab ionann e agus an dris air a ttagann an rós ban no dearg no ban-dearg, no cia daith é, oir is ionann tora dhoibh uile .i. sgeacoir le cuig siol deag ann (no mar sin), amhail mar is ionnann an airne an blaithse agus gach gne pleama da ttagann ann, agus amhail mar is ionnan an praiseach buidhe agus gach gne cál no cabaiste. An ceathramhadh la fichiod .i. an cead domhnach den Chorghas. Bhadas sgathamh suas roimh la ag toramh Seamas og sic Cealsaoi, noch d'eag de cumha tre bhás a mhna. Ceatháin o cuig a chlog ar maidin go seacht a chlog .i. da uair "Ta ciach air na riasgaibh 's air sleibhtibh dubha." Gaoth andeas. Cluinim an t-éinín ar a nglaodhaid riabhóg. As comhsamhail le glór ál banaibhe a nglór ag imtheacht cois talmhan na sgata. Cuadhas leis an t-Ollamhain Ceiting den taobh tuadh di Amhain an Righ go Ceananais, agus den taoibh budh dheas go droichead
Baile Ui Luingsigh air Feoir. Is alainn an radharc ata sios agus suas gach taobh den Feoir. Ta tig agus talamh Ath-na-Molt san ccuinne mar a ttangann Amhain a' Righ leis an Feoir, no bun Amhain a' Righ. Is breagh na garain ata ar an ttalamh so. Air an ttaoibh thuadh den Feoir agus air an ttaoibh theas d'Amhain a' Righ ata tigh agus talamh Cille Grealláin (?). Is robhreagh an tigh, an talamh agus na coillte. Air gac taobh den Feoir ata talamh Iarla na Caraige. Ni fheaca ariamh gleann nios aile na an gleann so. Do ghabhas sios trid, go Baile Mic Andain, an taoibh shoir. Taid croinn bheith-na-meas chomh ard leis na nealta a dearfadh dearfá. Nil an meas orrtha anois, act na moguil. Is iomdha gleanntán aoibhin dorcha faoi sgath crann giubhaise, beithe-na-meas, coll, etc. Do bhi cuma fearthanna air deire laoi, agus do bhrostaigheamar trid go Baile Mic Andain, ait a bhfuaramar proinn maith agus sgailtín le n-ol ag tigh Ui Riain, tonnadoir, agus leaba maith cluimh chum codalta: oidhche fearthanna. Connarc me a lan deilbhe a ndath ola ar canabhas agus a ndath uisge ar chairt, a ttig an t-Athair - Mic Oda, sagart a poraiste. An cuigeadh la fichiod .i. dia luain. d'eirigheas ag se a chlog. Bhi cuma fearthanna air an maidin cia nach rinn se e. Cuadhas sios cois na Feoire o Bhaile Mic Andain. Is ro-laidir an sruth é. Tagann baid mora suas gus an bhaile, cia nach ttagann an taoide nios sia na Inis Tioghog. Is iomdha cnoc, mín is garbh, timchioll Baile Mic Andain. An seiseadh la fichiod .i. dia mairt. La breagh dorcha: gaoth aniar ndeas. An seachtmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La breagh greine brothallach: gaoth aniar ndeas. An t-ochtmhadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh dorcha. An naomhadh la ficiod .i. dia haoine. La breagh dorcha ciuin.
MI MÁRTA. ... An naomhadh la .i. dia domhnach. Cuadhas fein agus an t-Ollamhan Ceiting agus Seon Ua Aitharuin, go Dun Laoghaire, se mile o Baile-atha-cliath ar cara sginge, ar da toistiún an duine: la greine: gaoth andeas, smuid ar boithribh. Is iongantach aidhbheil an Dun-loinge ata ga thogbhail ann chum dion do loingeas, noch do beidh san cchuan a n-aimsir anfa. An deichmheadh la .i. dia luain. Rinneas last dem cuid earraigh: la breagh dorcha ciuin. An t-aonmhadh la deag .i. dia mairt. La breagh dorcha: gaoth andeas. Tangas abhaile go Cill Cuinnigh air Coiste lae, agus o Cill Cuinnigh go Callain air cois. Bhádhas ann sa bhaile ag leath uair tar eis an naoi. An t-aonmhadh la deag agus as sin gus an cuigeadh la deag, aimsir bhreagh earraigh: gaoth ciuin athruigheach. An seiseadh la deag .i. dia domhnach. Chuadhas, air cuire proinneach, chum tighe an t-Athair Uilliam Grás a mBaile Ui Chaolain. Is iongantach an fear e air urlabhra agus gradhdhuthchais. La breagh greine: gaoth ciuin. An seachtmhadh la deag .i. dia luain .i. La Fheil' Padraig La breagh dorcha ciuin: daoine go meidhreach ag cathamh a bpota Padruig: seamrog an gach caibin no caibhirlín, agus cros ar gach cailin. An t-ochtmhadh la deag .i. dia mairt. La breagh go deire laoi, an tan d'eirigh anfa aniar ndeas le fearthuinn trom. An naomhadh la deag .i. dia ceadaoin. La cruadh dorcha: gaoth a ttuadh. An ficheadh la .i. diardaoin. La breagh ciuin cruadh: comh-chruinniughadh air muintir Callain, chum dlighe do chur ar na Sasanaigh air son an Ollamhan Ceiting. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia haoine. La breagh greine:
gaoth cruadh andeas: cruinniughadh air Sasanaig chum an poitigeir, Croinín, do cur isteach os cionn na mbocht: cluich-sneachta um -. An dara la fichiod .i. dia satharn. Maidin sneachta: gaoth cruadh aniar: la breagh greine. An treas la fichiod .i. dia domhnach. La goinideach: gaoth attuadh da ard siar: sneachta ar sleibhtibh: oidce seaca leithe. An ceathramha la fichiod .i. dia luain. La breagh greine: gaoth attuadh: fabhra sneachta ar maoilinnibh Stuadh Laighean, an Staidhre Duibh agus Sleibhe na mBan: ainiomad sneachta air na Cumarachaibh. Chuadhas go Cill Cuinigh cum dlighe do cur ar Croinin Buidhe a ttaoibh an Ollamhan Ceiting. Tangas abhaile ar cara sginge. An cuigeadh la fichiod .i. dia mairt. La breagh greine: gaoth attuadh. Cuadhas go Cill Cuinnigh ag iaradh dlighe, acht nior tangas abhaile san oidhche. An seiseadh la fichiod. La dorcha: oidhche fearthanna a cCill Chuinnigh. An seachtmhadh la fichiod .i. diardaoin. La dorcha: oidhche fearthanna. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia haoine .i. La Aonaigh Cille Cuinigh. Tangas abhaile ar maidin go doith, timcheall se a chlog. Bha seisear againn ag teacht: la breagh ciuin greine. Bhadhas ag socraid - Gras, mathair an t-Athair Uilliam Gras. Cuireadh a cCill Brighde í, timchioll tri a cclog sic no trathnona: sneachta air sliabaibh. An naomhadh la fichiod .i. de satharn. La breagh ciuin greine: sneachta air sliabaibh. An deicheadh la ficiod .i. dia domhnach. Domhnach an Iuir Iubhair no na Pailme. La breagh greine: gaoth andeas, da ard soir: sneachta ar na sleibhtibh mora: oidhche aorach ciuin gealaighe. An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia luain. La breagh greine nealtana: ceo tana ag ceilt na sleibhtibh: gaoth géar andeas da ard soir: na hein go ceolmhar ag failtiughadh mi an abrain: dath ruadh ar geabhar.
ABRÁN. An cead la .i. dia mairt. Fiorfearthainn trom o meadhon oidhche go meadhon lae: clagairneach roimh meadhon lae: gaoth andeas da ard soir: d'éis meadhan lae d'iontadh an gaoth aniar: deire laoi breagh dorcha: tuile tar portaibh san Amhain. Do sguab se sic an cumhar, no an sail, leis, noch ata laimh le Muilean Ui Briain. An dara la .i. Ceadaoin a' Bhraith. Na caith bainbhiadh. La aoibhin greine. Is alainn radharc na tire on taobh thuadh den Abhain. Chidhim an eas, na croinn giubhaise ar taobh de, an muilleann ar taobh eile, na soilleoga ar an taoibh teas de, agus tigh sgolóige Uí Luingse leathfoilighthe ag na soileoga. Chidhim barr Sleibhe na mBan tre garan na giubhaise, agus Sliabh Dile agus Sliabh breathnach soir uadh. Chidhim Callain faoi laoi luighe na greine. Cluinim ceol na n-éan agus fuaim na n-eas an am chomhgar. "Nil gal ann den gaoith do croithfeadh barr croinn na blaith." Na triabhuin da ccanadh go ceolbhinn a seipeal na mBrathar a Sraid a' Mhuillinn um cronughadh lae. An treas la .i. diardaoin. La breagh ciuin dorcha: gaoth aniar: na trabhuin da ccanadh go ceoilbhinn ag mo dearbhrathair Donnchadh O Suiliobhain agus an t-Athair Eoin Deirís Déabhrús Deirbhreó agus ag salmairighe eile a seipeal na mBrathar. Is ro-aluinn an seipeal e seo anois. Taid na buimbeil agus adhmuid eile an chinn foilighthe o radharc le obair ornaideach a bplastra-parois, agus na ballaidhe mar an cceadna. An ceatramhadh la .i. Aoine-an-Ceasta: na caith bainbiadh. Maidin aoibhin greine: gaoth ciuin attuadh: fo-neal eadtrom mar lomaraighe geala air aigheadh na speire. Nil acht fead neamhceolmhar ag an gealbhan buidhe, mar an
geallbhan tighe. Cluinim fuiseog ag ceileabhradh air an bhfod. Ta an peite bhuinionn ag gobughadh amach, agus an caor dearg seargtha air fos, cois na h-Amh Bige. Ta an duilleabhar ag teacht ar an droigheanán donn anois, cia go bhfuil se faoi blaith le mi. Ni bheidh an airne abaidh go teacht na seaca. Ta an sgeach geal ag cur duilleabuir amach go lionmhar anois. Ni creidim gur ionan an fearban agus an gairgín. Creidim gurab e an gairgin an "ranunculus pratensis repens hirsutus", oir is garg a chois; agus creidim gur ab e an fearban an "ranunculus auricomus dulcis", atá anois faoi blaith go líonmhar ann gach claidh. Ta an turcais fiadhain, ("ranunculus palustris rotundifolius") anois faoi blaith buidhe cuig codcha gan blidhe ans na liontain no lochain, cois na h-Amha Bige. Cailleas a lán dem aimsir le mi timcioll dlighe, idir an Ollamh Ceiting agus an poitigeir, Croinin Buidhe. O meadhan lae suas, la nealmhar: gaoth ciuin aniar. Do dogadh da tigh cinn tuibhe tuighe a Sraid a' Droichid Bhig, timcheall meadhan lae: is maith nach san oídhche tharla sé: na triabhuin da ccanadh ag na salmcheatlachaibh ag seipeal na mbrathar, go ceolmhar. An cuigeadh la .i. Satharn Casga. Maidin greine fo-nealtana: gaoth géar aniar. Is gearr fead an t-siobhainin glas sic, mar fead an gealbhain. Chidhim agus cluinim scata ean go h-ard san aer ag imtheacht air luachas luathas; ni feadar an ainm: taid a meid naosgach. Taid tri gne gealbhain ann: mar ata, gealbhan tighe, gealbhan buidhe agus gealbhan breac. Chidhim an t-einin-cois-ba .i. an riabhóg mhóna ar dath na fuiseoige, acht nios lugha. Ta ceileabh- raín caoin ag an sucán .i. an gealbhan guib reamhair. Ni fheicim aon naoscach anois. Is clos damh gur imthigheadar go Moin-Eile agus aiteanna fiadhaine eile. Tiomanadh, mi
o shoin, na lachain fiadhaine o Tigh-na-hinse le lamhach gunaidhe, chum na bearfadaois agus chum na gorfadaois ann, oir da ndeanfadaois goradh ann do gheobhadh na lachain oga bas den gorta le a n-iomadamhlacht. Is iomdha gne buidheacán ann. Is den treibh an seibhirín no an bainne-bo-bleacht agus an iomadbhuidheacán. Bionn an buidheacán ann sna luibh-guirtibh, buidhe, dearg, corcra; singil agus dubalta, se sin le radh, singil an tan bhionn an blidhe futha, agus dubalta an tan d'iontuigheann an blidhe na bhlaith. Ta an coirce da siolcur go mear. Is maith nachar cuireadh e, gan fhios damh. Cailleas m'aimsir le dlighe daoine eile; acht caithfighir seasamh a n-aigheadh na sasanach cia deacair a dheanamh. An seiseadh la .i. Domhnach Casga: "Domhnach Casga agus la an Odlag sic An da la is fearr don bholg". Bhá muicfeoil deataigh no bagún agus feoil-da-chos no circfheoil agam aniomh le haigheadh mo proineach no dineir. Fuair me einín aniomh darb ainm seaghan-a'-caipin .i. einín beag, nios luga na gealbhán, ruadhdorcha, go ccinnín dubh, ucht breacdhubh, bolg liathban agus iarball fada, ciubhais-bhan, gob gearr reamhar agus banda salach-bhán timchioll an muinill o ghob go gob. Ta an clumh air an taobh astigh air dath na slinne ó Ath-na-Slinnteacha. Ta an salchuach agus an bugha muc no lus na ccoinle gcarach ngorm, agus blaith ban suibh na talmhan anois faoi blaith. La ceathanach: gaoth géar attuadh, da ard siar air maidin: la ciuin dorcha o meadhan lae suas. Bhádar garsuin ag iomain laimh le Droicead na nGabhar um deire laoi. Bhádar na camain agus na cromáin go gnothach an tan taineadh an t-Athair Croidheach noch do cuir sgaipeadh air lucht an iománadh. Bhádar ag imtheacht roimhe mar sgata caorach roimh léon. Tangamar abhaile go gealghaireach
gáróideach giuineach geoineach. Is glas feachann an geabhar anois. Chidhim an creamh-muice-fiadh ann gach cladh nac beag. An seachtmhadh la .i. Luan Casga .i. lá na Comhoboige no la coisir. Maidin nealmhar: trathnona greine ciuin caoin: an gasra og go meidhreach ag caitheamh a ccomoboige: gaoth attuadh. An t-ochtmhadh la .i. dia mairt. La fliuch trid amach; clagairneach an chuid is mó dhe: gaoth ciuin anoir: sneachta um ceathair a chlog: la anrodhach trid amach: nealta dearga roimhe eirghidh greine, acht is gearr go ttanadh daith na luaidhe orrtha, agus gur luigh na nealta go trom air na sliabhaibh "Ta ciach ar na sliabhaibh 's ar riasgaibh dubha". An naomhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin aoibhin aorach greine: gaoth aniar: sneachta air na sliabhaibh arda; mar ata: Stuadh Laighean an Staighre Dubh, Sliabh na mBan. Ni feicim na Cumaracha le ceo no neal, ná na Gaillti; acht is maith ata 'fhios agam go bhfuilid foilighthe le sneachta. D'eirigh an tuile aireir go hard tar na moinfearthaibh ísle. Chidhim o Raithin Cinn-a-fatha tuillighe thar léanaibh go Rath Cuilbin Taid geidhinighe gé-íní oga amach go h-iomadamhail; agus lachain oga cia nach faicim iad. Ta moill ar siolchur coirce go foill le fliuchra na talmhan: idir a buille 's a dó chidhim na Gaillti, agus na Cumaracha foilighthe. Ta beagan sneachta ar fiormaoilin Cnoic Breandain (Bréanaill). Ta sneachta o bhonn go barr ar Stuadh Laighean, agus na Cumaracha cia nach bhfuil se trian slighe sios air Sliabh na mBan. Ni thuigim a ciall so, muna deifir eigin ata idir cairgibh no talmhain na sliabh so, go mor mor is e taobh tuadh Sleibhe na mBan do chidhim agus an taobh siar budh dheas do Stuadh Laighean. Is mor do traothadar na h-uisgidheadh o maidin san Amhain: o trathnona no tri a chlog, nealtach ceathánach go h-oidhche.
An deichmheadh la .i. diardaoin. Maidin nealtach: trath-nona greine fo-nealtach: gaoth gear aniar. Chuadhas a' feach-ainn mna Eadhmuind Mhic Chraith go Mulaise ag a bhfuil clann óg aici .i. inghin. Fuaireas braoinin no do d'uisge beatha le siucra. Is fearr cearc do chur ag goradh obh lachan, oir ni rachadh sí san uisge leis na lachanaibh oga, mar do imeachadh imtheochadh lacha, agus is maith teigheann so dhoibh, oir is mor ghoilleann orrtha dul san uisge sul a thagann an clumh go foirlionta orrtha: a ttíorthaibh tiorma, ni miste lacha do chur ag goradh. An t-aonmhadh lá deag .i. dia haoine. Maidin breagh nealtana: o meadhan lae suas ceathánach no ceobhránach le gaoth bog andeas: um cronughadh lae cluinim an fiodog ag feaduighial feadghal go h-uaigneach laimh le Faithche an Aonaigh. An dara la deag .i. Satharn Mionchásga. Maidin bhog: gaoth andeas: ceobhrán agus mionfearthuinn um se a chlog: an grian ag taithneamh 'na dhiaidh san. Ta an cruithneacht ag plandail go h-iongantach, agus moinfheartaibh ag cur suas go mear; acht ta an talamh ro-fhliuch cum í corruigheadh corruighe, na coirce do siolchur: potataoi bana air ocht bpingine deag an baraille, agus cupaighe air sgilling is da tuistiun an baraille; ocht fichiod is rael air an baraille den chruithneacht a cCill Cuinigh (fiche cloch cum an baraille); deic sgillinge ar baraille coirce (cheithre cloch deag san mbaraille); agus - sgilling déag ar baraille eornann (se cloch deag san mbaraille): da fhichid sgilling air céad muicfeola a bPuirt- lairge sic, agus cuig puint ar cead ime: fear tirm air coroin agus punt an tonna: aol Rois ar da tuistiun na baraille: tuibhe tuighe ar sgilling an cead. Cogadh da bhagairt ag Ruisiath agus ag an Frainc air an tTuirceis: na Sasanaigh ag tarang a n-adharca mar an seilechide-bo-adharcach; a bPortnangall bPoirtingéal ni fheadar siad cionas imireochaid an cuireata san rann shoir den Eoroip: la breagh greine tirm. An treas la deag .i. dia domhnach .i. Domhnach Mionchásga. Clagairneach ar feadh do no tri uaire roimh la: an grian ag
taithneamh air maidin go moch: gaoth ciuin andeas: o hocht a chlog nealmar; gealáin, ceathain agus nealain, le gaoth aniar, meadhan lae go trathnona agus cronughadh lae. An ceathramhadh la deag .i. Luan Mionchasga. Ceathán caoin ag seacht a chlog ar maidin, ag tuirling go direach: nealta ag tromgoradh ar na cnocaibh agus na sliabhaibh um uirtimchioll acht Sliabh Breathnach, Sliabh Dile, Cnoc Droma Deirg, agus na cnocaibh beaga taoibh shiar de Muillean-Ui-Chuan. Ta Sliabh na mBan leathfoilighthe: is iomdha line geoidín og chidhim air Faithche an Aonaigh. "Nil gal ann den gaoith, do chroithfeadh barr croinn na blath"; an beagan ata ann is aniar ndeas ata sí. Ni deacha an lia (.i. tuile) as an Amhain fós: la greine, fo-neal eadtrom o meadhan lae go deire. Chidhim an turcais fiadhain le se codcha san coroin. Cluinim faoileán aonaránach ag feadaigheal feadghal go fiadhain, laimh le Muillean Cille Bhriocáin. Is fada nach feacas ceann diobh. Ta an garbog (nó leog) coille fiadain go h-iomarcach san gleanntán aoibhin soir o Muillean Cille Briocáin. An cuigeadh la deag .i. dia mairt. Maidin ceobhráin: gaoth cruadh laidir andeas: na cnuic agus na sleibhte foilighthe le tromnealaibh: an grian ag taithneamh timchioll meadhan lae: um trathnona, ceatháin le hanfa aniar: o trathnona go deire laoi, dorcha nealmhar: daoine uaisle ag suidhe ag tigh ard-osta an bhaintreabhaigh Ceiting, um gnotha comhmaoineas Callain agus na Cuailighe agus Cnoc-a'-Tochair. An seiseadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin dorcha ceobh-rain: gaoth andeas. Leighim a ' cCairt Neamhsbleadhach Cille Chuinig 'go bhfuil tinne-sliabh Uesiuibh ag úrshloigean srotháin tintighe agus deataighe, on ceathramhadh la deag de mi na marta gus an dara la fichiod. Ta toll uathbhasach osgailte air, agus fuaim is fothrom, gair is glam ag tintibh treine aistig ann. Taid daoine ag baillechrith ag eisteacht 's a' feachainn air: o meadhan lae go deire fearthuinn ciuin ead-trom gan traothadh: gaoth anoir: oidhche fuar, fearthanna, go meadhon oidhche gaoth attuadh.
An seachtmhadh la deag .i. diardaoin. Maidin greine ceathana, fo-nealtrom ag goradh air na cnocaibh agus na sliabhaibh: gaoth gear anoir ttuadh. Ni feicim duine na daon-uighe ag obair saothair: is doith liom go mbeid coirce daor an geibhre se chugainn, oir nil se da siolchur anois san earrach so. Nil tar leath an tsiolcuir coirce deanta. Mi abráin bog braonach, acht fliuch fuideach e: o meadhan lae suas speir-ghlan glasfhuar: oidhche speirghlan glasfhuar. Ta cuma geibh-reamhail air: tuile tréan faoi phortaibh san Amhain: blath ar crannaibh abhal. Is fada ata si ar cranna pléama (.i. blaithsighe boga). An t-ochtmhadh la deag .i. dia haoine. La breagh greine nealtana: gaoth laidir attuadh noch a tiormochas an talamh go mear chum siolcuir na sic coirce. Ta an blaith air an soileog dearg. Is fada ata si air an soileóg ban agus air an coll .i. on dara la de mi fabhra no faoileadh. Tagann an blaith orrtha sul an duileabhar sic. An naomhadh la deag .i. dia satharn. La breagh: nealtain is gealáin: gaoth gear attuadh: daoine ag saothar .i. ag romhradh, ag treabhadh 's a' siolchur coirce. Is maith an t-am fós e: potataoi ar tri feoirlinge an cloich. Ni feaca chomh saor so ariamh iad, roimhe seo. Ta deich fichiod an baraille ar cruithneacht sar-mhaith, is dá fichid sgilling ar cead muic-fheola. Taid caora beag glasa air an dtrom anois. An fithcheadh la .i. dia domhnach: la dorcha tirm: gaoth beodha biogamail anoir ttuadh. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia luain .i. margadh na muc. Is mor do mheath margadh na muc an geibhre agus an t-earrach so a cCallain. Bhi glaodhach air mucaibh cead go leith meadh-achan, acht ni raibh ceannach ar muca troma. Ta muc da cead go leith agam fein, agus nior tairgeadh pingin damh uirrthe, cia go bfuil da fichid sgilling air an ccead a bPortlairge air muicfheoil: la breagh bog nealtach: gaoth attuadh ciuin: da ceathán um deire lae: daoine ag saothrughadh. An dara la fichiod .i. dia mairt. La breagh greine nealtana: gaoth ciuin attuadh da ard siar.
An treas la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin breagh tirm nealtach: gaoth géar andeas da ard siar. Do chrom se ag fearthuinn ag deich a chlog, agus do lean air go do a chlog, an tan do sheid an gaoth aniar, agus do sgaipeadar na nealta: deire laoi geibhreamhail gaothmhar: daoine ag siolchur coirce. Ni feicim aoinneach ag cur siolphotataoi; ta an talamh ro-fhliuch chum a siolcurtha, agus ni bheidh proind le potataoi nua go luath a mbliadhna; oir mairfeadh na seanphotataoi go Feil Michil, no na dhiaidh: oidhche gaothmhar. An ceathramhadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh greine nealtana: gaoth ciuin aniar. An coirce noch do cuireadh a n-am suas na gheabhar. An cuigeadh la fichiod .i. dia haoine. Maidin nealtac: ag naoi a chlog ceobhrán le gaoth géar andeas. Leighim a "tTeach-taire Chluana Mealla" gur raibh, a n-Ard Macha, blaom toirnighe uathbasach, le clagairneach dearbhar dearmhar agus gur leag an teinne creasa no gealain, noch do ghluais o neal uathbhasach dorcha, fidheadóir bocht, laimh le h-Ard Macha a ccuig ula cuigeadh Uladh da sheol, agus gur fhág si gan brig, gan mothughadh, nach beag marbh, e, ag losgadh a dhroma go h-iongantach. Do ghabh splanc thimchioll a bhothain ag gortughadh a chlann agus a athair. Do ghabh splanc eile dhe amach treas an bfuinneog, ag raobadh an ghloine. Do bhuail an teinne creasa air ttus air bheann a bhothain (balla fidin ba he) agus do sgoilteadh annso e sic, cuid de ag gabhail asteach mar adubhras, agus cuid eile dhe ag gabhail amuich ag treasgradh cró na muc (Ni deir an Cairt ar marbhadh an muc). Dé satharn se ghabh torainn do tharla so ag ceathair a chlog um trathnona. Cioth trom cloichshneachta le h-anfa aniar: seasadh se ceathramha uaire: la greine na dhiaidh sin, cioth rothrom fearthanna ag deic san oidhche. An seiseadh la fichiod .i. dia satharn. La breagh bog greine ciuin trid amach, acht cioth antrom fearthanna um an t-aon
bhuile deag air maidin le gaoth aniar: da tri-deag (2s. 2p.) ar cisin-margadh mona. Do-bearadh capall air foghnamh tri cinn diobh leis ann aon mhoirchis a ttrucaill roithleán so-gluaiste. Do bhris an Tamhuisg Tamhas, Taimhéis asteach an treas uair san toll-fa-thonn a Lungduin, dia - se ghabh torainn. An seachtmadh la fichiod .i. dia domhnach. La ceathánach ceobhranach tromnealtach: gaoth andeas. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia luain. Clagairneach trom roimh la: tuile-faoi-phort san Amhain: la dorcha nealtrom: gaoth andeas: drochmhargadh muc. An naomhadh la fichiod .i. dia mairt. Fearthuinn ar maidin go grod d'eis meadhon oidhche: tuit a lan fearthanna a Sasana le deanuigheacht. Ni feidir coirce do siolchur, na talamh potataoi do saothrugadh. Chidhim o Cnocan-Ceann-a' Fatha an tir uile chomh glas le geabhar. Beidh cuid den chruithneacht rothiubh le neart plandughadh. Ta moinfearthaibh go niamhrach: la bog: gaoth andeas da ard siar. An deichmheadh la fichiod .i. dia ceadaoin .i. Oidhche Beall- taine. La breagh greine bog: gaoth ciuin attuadh. Chuadhas le muc reamhar go margadh na muc a Muilean Ui Cuan. Nior dhiolas í. Is ar éigin fuaras a tabhairt abhaile. Bhádar daoine eile le muca a n-aonta liom. Chidhim na faoileáin uchtgeala air gach taobh don bhothar os cionn Poll-a'-Capail, Poll-na-Cailighe, agus Moin-a'-Ghoirtin. Cluinim a nglor mar ál banaibhe a ttimchioll na cranach. Chidhim tigh naoi ccupla, agus da gabhal-eadan da togainn. Cluinim an cuach air mo leith dheis. Dar ndoith, is cuma cia an taobh air a ccluinfide é sic. Chidhim an cead feleacan aniomh. Cluinim go raibh da liathroid ordha Bealltoine ag buacailighe oga na tanta dteannta aniomh, noch do fuaradar o dá lanmhuin postadh um inid se gabh torainn. Bionn craobh bealltoinne aca air barr baitin no cleath' fhada, agus an liathroid ordha in a lar, agus iad fein agus mna oga ag rincidh na thimchioll.
Lastar sop air gach taobh de bearnain agus cuirtear na beithighe beithidhigh, beathaidhigh trés na tinte. Seannós e seo, o aimsir na ndeithe; agus do cleachtadh mar an cceadna leis na draoighthe, gach teinne a n-Eirionn sic do mhuchadh oidhche Samhna, agus teinne tlachta do lasadh le teinne o neamh (mar adeirdís fein), agus an teinne naomhtha so do thabhairt des na daoine. Acht do ordadh Naomh Padraig an teinne do lasadh oidhche samhna .i. an la a n-a muchadh na draoithe e sic chum a teasbanadh do na daoinibh nach raibh baoghal o dia breige gan a theinne naomhtha do bheith aca, acht an teine nadúrtha. Feach Foras Feasa air Eirinn le Ceiting l.115 A.D. 79. In eagrán Uí Dhuinnín, iml. 11. lch. 246, lí. 3807. Ni raibh liathroid bealltoine a cCallain on mbliaghain 1782, an tan do marbhadh an Builtearac le Seaghan na Sal. MI NA BEALLTOINNE .i. CEATSHAMHAIN. An cead la .i. diardaoin .i. la bealltoinne nua: aon la deag na diaidh beidh sean-la bhealltoinne .i. an dara la deag den mhi: .i. cead samhain: la breagh greine speirghlan ceo: gaoth ciuin anoir. An dara la .i. dia haoine. Maidin breagh greine nealtana: trathnona ceathánach: gaoth anoir ndeas. An treas la .i. dia satharn .i. aonach na muc. La breagh bog nealmhar: gaoth aniar ndeas: ceathain boga um deire laoi: drochaonach muc; ni raibh aon ceannach air muca mora reamhra. An ceathramha la .i. dia domhnach. Maidin ceathánach: trathnona, nealta agus gealáin: gaoth cruadh aniar. Chidhim an seibhirín. Is ionann blidhe agus duile do fein agus don buidheacán (paigheacán buidhe); acht ata an seibhirín na triopal agus an buidheacan singil. Is mor an deifir ata idir an gairgin agus an fearban. Ta ceann aca (.i. an gairgin)
garg, agus ceann aca mín .i. an fearban. Ta cuig cluasa a mblighe an ghairgin agus tri cluasa a mblige an fearbain, agus is iomadamhla an cuid firionn sa ngairgin 'na san fearban, agus ta duile fada mar féar san gairgin, agus duile amhail croidhe san fearban; cia go bhfuil an coroin buidhe ionta araon, is mor e an deifir ansna codchaibh, oir ataid obhamhail san ngairgin, agus fada mar lann sginne san bhfear-ban. Is e an gairgin an fearban. An ni air a nglaodhim fearban, ni feadar a ainm. Coimeas, an 9adh lá. An cuigeadh la .i. dia luain .i. la an aonaigh ón domhnach .i. an ceathramhadh la. La breagh nealmhar: gaoth laidir aniar, le foi-cheatháin: drochaonach: anluach ar mucaibh oga bochta agus ar banaibh: ni raibh ceann diobh ar eigin nachar ceanuigheadh le ceanaichteoir tacair, sul do geobhadh sgológ dul na ngárr. Ta mo shoichin Flora fe soichir le seachtmuin. Beidh fhios agam cia meid la beidh si sul na tiucfas cuan og abhaile. An seiseadh la .i. dia mairt. La nealmhar: gaoth fuar attuadh tar cnocaibh na Cranuighe, le foicheathán. Cluinim an traonach aniomh agus chidhim an blaith cumhra ag teacht ar an sgeach geal .i. uathadh: plantuighe cabaiste air pingin, no tri leath phinginighe an cead, aniomha diobh da ccur. An seachtmhadh la .i. dia ceadaoin. Maidin fearthanna go deich a chlog: meadhan lae dorcha le gaoth anoir: deire laoi greine: speir gan neal gan ceo gan gal gaoithe. An t-ochtmhadh la .i. diardaoin. Maidin geal greine: trathnona bog tan-nealtach, gan gal gaoithe. Chidhim noinin
air a bhfuil faid an blaith cheithre huaire nios sia na a leithead, in ionad beith cruinn mar as gnath: ta an cos tana, leathan. An naomhadh la .i. dia haoine. La geal greine nealtana: gaoth biogamhail attuadh. Creidim anois gur ab ionnan an gairgin agus an fearbán. Thugas abhaile liom ón tSruthán Tuadh, laimh le Muilleann Ui Bhriain cloch ciuirialta gearrtha le uisge an tsruthain ar an ccuma so: - Is comhsamhail gur cloich gainibhe gainmhe agus aoil é agus gur gearr an t-uisge an cuid bog de sul do raineadh leis an cuid cruadh de do ghearradh, ma gearrfadh se air aon chor e. Ta troidh air faid ann, naoi n-ordlaich air leithead, agus sé n-ordlaich air aoirde, agus timchioll - meadhachan. Ta tuille diobh san ionad ceadna le na ccinn suas tre leaba na h-amhan. An deichmheadh la .i. dia satharn. La ciuin dorcha: ceobhrán fo-huair: croinn abhal go coitcheann faoi blaith: feithleog faoi bhlath: taid na buidheacain ag feochadh. An t-aonmhadh la deag .i. dia domhnach. La breagh tirm nealmhar: gaoth aniar ttuadh. Fuair muintir a' Coiminis litir o Alasdrain Dosán seanóir Condae an Luadh Lughbhaidh, agus litir eile o Tighearna Duncanain gur caitheadh amach an bille bhi na ccoinne san bpairliament, chum a mbothain agus a ngaraithe do chur fá chíos, no iad do cartadh amach faoi an tsaoghail sic le deirc no le foghail, nó dunmharbhadh; acht, mile miliún buidheachas le Dia, buadhadh ar na diabhail; agus ba maith e cabhair ar sagairt poraiste, an t-Athair Seamais Henebeire, agus an t-ollamhan Ceiting agus mo chomair fein le daoine eile. An dara la deag .i. dia luain .i. sean-la bealltoinne. Maidin breagh greine nealtana. Ta an feithleog faoi bhlaith. Is den aicme cuigear, den treibh aoinbean é sic. Ta an coroin neamhionann, an siolpuchan faoi an blaith, blidhe
croinn cruinn, bleidhe eile croinn nios cruinnighthe, bleidhe eile obhamhail gan blaith: duileabhar obhamhail. Cluinim an traonach air gach aon taobh diom: gaoth ciuin aniar. An treas la deag .i. dia mairt. La breagh bog nealtana: gaoth ciuin aniar: ainleoga go lór cois na h-Amhan. Bha me ar feadh an lae o am ceadlongadh suas, ag tuargan cnopain garbha a ngardha an baintreabhaigh De Búrc, le tuairgín trom. Bhá Rós Ni Bruin, inghin mo dearbhseathrach ag sathadh potataoi no sgeallain am fhochair. Cluinim an gearraguirt ag fuid fuide, an traonach ag aic, aic, agus an cuach ag cuachaireacht. Se seo an cead la noch do chualas an gearrguirt. Ni fheadar ca mbionn an trí gne sic eanlaith se ar feadh an geibhré agus an earraigh, go teacht la buidhe Bealltoinne. Chidhim iupiter ióibh agus Bhenus Uenir gacha cronughadh lae. Is ro aluin an da plánaed aird-reann iad. Do séideadh muilleann pudar suas ag Ramhurst a Sasana. Do seideadh na mionspolaidhe dis fear noch do bhi sa muilleann. Deirid gur idir an da bealltoinne is fearr siol potataoi do chur. An ceathramhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breagh broth-allach greine: gaoth ciuin anoir. Cluinim an cuach, acht ni chluinim an traonach na an gearraguirt. An cuigeadh la deag .i. Diardaoin Deasgabhála .i. la saoire. Cluinim ag faithneadh fáinne an lae an traonach ag aic, aic: la nealmhar: gaot anoir ndeas. d'eis luidhe greine bhi cuid den speir shiar thuadh uaithne, cuid di speirgorm: bhádar nealta buidhe, dearga, croidhearga, corcra le ciubhasaibh orbhuidhe; san ard shoir badar nealta luaidh-lí. Is bog aoibhin an deire laoi é. An seiseadh la deag .i. dia haoine. La breagh brothallach greine nealtana: gaoth ciuin andeas: "Is teo siolla den gaoth andeas na teinne cheap a' domhain". Daoine go gnothach ag sathadh potataoi, agus ag treabadh le h-aidheadh potataoi: daoine eile ag siolchur eornan, ce go bhfuil se buille deigh-eanach. Is iomdha nidh bhaineann le treabhadh; mar atá, ceachta agus a codchanna .i. soc, coltar, coistéad (.i. slabhra gearr),
hannla, da cuing bheaga agus cuing mhor, fear treabhadh agus da chapal agus an gleas; mar ata, ceannrach no coilear, sugán, ama, slabhraidhe agus gadromán le gach each: lem cuimhne fein bhiodh cheithre chapail ag tarang aon ceachta, agus gléas da reir orrtha, le tiomanaighe, agus slabhra fada, agus is cuibhin liom se chapail no eich ag treabhadh branair samhra, le da thiomanaigh sic, le cleacha fada agus priocaraighe iarain ionta, agus ceann-bata no garsán garsún le gabhlog 'na dha laimh, ag ciomead ceann an cheachta sios chum na talmhan, chum na heireochadh an soc as an ttalamh; agus is iomdha "hab" agus "ha" agus "ha-air ais" do bhiodh ag an cceathrar so air an seisearach seisrigh seo: -hob a cheirín, ho, a láir dhonn, ho air ais a lair cheannainn, reidh breagh a gearain riabhaich etc: le priocadh neimhneach a ttaobh na ccapail bochta agus leadhb de cleat ar a ndroim: agus is iomdha liugh agus glaodh, agus "do chorp ón diabhal", do biodh ag fear an ceacta ar an dis tiomanaighe agus an ceann-bata, agus is iomdha abhran bog binn caoin ceolmhar dubhach do bhiodh ag an ceathrar so ag caoineas leis an seisearach so. An seachtmhadh la deag .i. dia satharn. La fearthanna gan traothadh an uiread is aon momeint amhain, o roimh breaca lae go ham codla agus da eis: gaoth ciuin anoir. Is mor an mhoill cuirfeas so air cur potataoi agus ar iontodh leas-aighthe amach. Leighim a cCairt (an Cillcuinneach Neamhsbleaghach) gur threasnadar sluagh na Ruisiath, an 26adh no an 27adh den abrain sic an Pruth .i. aon des na h-aimhnibh noch a dealuigeas an Ruisiath agus an Turceis o cheile: da brigh sin, is doith go mbeidh caortha cogaidh gan mhoill. Ta cobhlach ag na Fraincigh a tTulon reidh chum seoltadh chum ionad eigin san Turceis (don Ghreig dom dhoith), is ta sluagh mor Allmainigh ag Ard-Righ no Impire na Gearmain' cois Danabh; agus is
doigh nach díomhaoin do beid. Ta an Sasanach sanntach a mbriongloid buadhartha mar fear "idir faill agus foghlaighe fuillteach", gan fios cia aca, cogadh no sith is fearr di. Ta an ceist caitiliceach (.i. ceist gan reidhteach) da h-aighneas a bhféis Longduin, san tigh íochtarach. Ni feadar cread is bhus crioch den cheist cruadh so. An t-ochtmhadh la deag .i. dia domhnach. La breagh bog greine nealtana: gaoth ciuin anoir ndeas. Taid na millte miliuin blaith gairgin is na moinfearthaibh. Taid cuig codcha no cluasa san bhlighe noch seasas suas direach sul na briseann an blaith amach, acht lubann siad siar an tan fasann an coroin. An naomhadh la deag .i. dia luain. La breagh nealtach: gaoth ciuin andeas: deire laoi speirghlan. An fithcheadh la .i. dia mairt. La breagh nealtach: gaoth cruadh anoir. Cuireadh Mhailintín, no Uailintin Ua h-Uain ann a urlachas san Baile Nua aniomh. D'fhág se baintreabhach bocht agus dithleachtuidhthe oga. Leighim gur go bhfuilid na Turcaigh ag deanamh gearleanmhuin ar na caitlicighibh Air-meniacha Airméineacha, Airmianda a cConstaintianople ins an Chonstaintin: L.L. 136. a. 33. Ta os cionn ceath-ramha miliun fear de sluagh na Ruisiath d'eis dul treasna an Pruth agus an Danabh chum cogadh do chur air na Turcaigh. An chead la fichiod .i. dia ceadaoin. Taid sgealta iar dteacht o Tobasco go raibh trachtcorrughadh talamh-chumhscughadh, crioth talmhan uathbhásach ann, noch do threasgair an ceann den teampoll agus den carcair, agus do sluigeadh tríochad troigh den abhainn. Do leirsgriosadh nach beag, baile beag triocha mile ó Tobasco ag bun sleibhe ann a raibh ocht ccead duine. Ag cathair Teappa do leirsgriosadh aniomad tighteadh, agus do marbhadh ainiomad daoine.
Ta lucht Righ Uilliam ag cur buaireadh ar na caitilicighe a ccoigeadh Uladh. La tiubhnealtach ceobhranach: gaoth fuar anoir: cioth trom um se a chlog. An dara la fichiod .i. diardaoin. La breagh nealtana go trathnona: la greine as sin suas: gaoth ciuin anoir. Taid na Francaigh ag griosadh caora cogadh an aigheadh na tTurcach san ard theas den Tuirceis, agus lucht na Ruisiath san ard thuadh: is deacair dul as, is da ceann a' tigh' ar lasadh a n-aoinfeacht, dar ndoith, beidh na Greagaigh saor o na Turcachaibh anois. An treas la fichiod .i. dia haoine. Maidin nealtach go naoi a chlog: gaoth beodha anoir: la nealtana greine go buile a chlog: deire laoi dorcha: cronughadh laoi ceobhránach. Is geibhreamhail an mi bealltoinne e: oidhche fearthanna. An ceathramhadh la fichiod .i. dia satharn. La fearthanna: gaoth anoir; um deire laoi ceathánach, gaoth attuadh. Is mor e m'eagla is m'anbhách anbháthacht nach beidh potataoi againn an t-am so an bhliaghain se chughainn, ar pingin a' cloich mar ataid andiu: ta an tir uile na ploide no na laib. "Tá an Rusach go bagarach, tá an Greagach go gargach 'S an Sasanach ag cognadh a chire Ta an Franncach fadbhagarach, Ameiríca gan lean ar loch 'S an Gaodhal glan gan ceannas a thíre. An cuigeadh la fichiod .i. Domhnach Cingcighise. Maidin breagh greine fo-nealtana, ceathana: gaoth beodha aniar ndeas: meadhan lae nealtrom dorcha: trathnona mar an maidin. Ta an ros ban ag gobughadh amach anois a ngardha Maire Ní Niulán ag tigh-an-mala, san doras is foigse dom: deire laoi dorcha: gaoth andeas. An seiseadh la fichiod .i. Luan Cincighise .i. La Aonaigh Baile an-Garadh .i. Cille Bhaoithin .i. an aonaigh is coirpthe a ccoige Mumhan na a ccoige Laighean; oir is iomad baitin bradach,
is iomdha meirleach mallaighthe le maide mor droigheanoige, is iomdha ceatharnach caolriamhach, agus cleithire cleasach, agus cladhaire ceannmor le cleatailpin fian foinnseoige ann ag rusgadh 's a' raobadh cloigean gan ciall is ceann gan innchinn, gan eirim, gan mheabhair, gan múnadh Is iomdha caileach ciar le clocha gearra Is garbhoga mora a sraid is balla Da n-urchar is da lamhach ag cur muc' ar mire Is ba ar buille, is tarbh ag trombhuithre is caora ag méighligh Is iomdha both da raoba' is pip da séide, is leann da glaodhadh ann Is sgailtin gan traothadh da sgaipeadh ar bheithibh Is iomdha gearainin giobalach is lair le siorrach ann, Is stal ag siotharnadh is bramach faidearballach Is gabhar ag meigiollach. Taid fir ar meisge is mná gan tuigse Is coip na sraide ag eigheadh 's a' gaire. Is iomdha aran sinseartha ag bean tinceara 'S a fear ag seide faoi poic is paiste smugairleach granda 'S iomdha buabhaistear smeartha is caoirfeoil dearg Is corcain ar greadadh le bolgaibh leathair ann. Is iomdha bacach-a'-mhála is geocach granda
Is páiste smugairleach gan fiu na cceirt giobalach. Ag sgreadadh 's a' garrtadh ar mnaibh breagha oga Is buachailighe gleoite da bfasca 's da bpoga A' magadh 's a rinnce air banta sioda Do phipire-an-mhala, is ceol an sgiobsgába Is iomdha maighdean maigeamhail, is groidhfhear gaigeamhail Ag glaodhadh a ttabhairne, is bean an oghasta Go faillteach ag measgadh beath-uisge buille No sille na h-eornann da ccur ar buille Idir seanda agus oga An fhaid braithid siad airgid gan sgaipea na bpoca No sbaran na sgilling na chulog a' cannrán. Siud abhaile Siobhan air toin a gearáin Air chul Taboid na n-amhrán d'eis ol na ccupán is gan fiu an tsliogain 'Sa bhaile na bothán, na an dara corcan Da laighead an trusgán. d'eis ragairne na h-oidhche, bionn muintir F-rgh-la Le corpaibh bruighte, is innchinn suaidhte Le caibínigh briste, is sracha na mbrístibh Broga brocacha is stocaighe salacha Casóga ceirteacha, gan cnaipe na bhéasta A leineacha stolta is a n-aigheadh lan fola Gan fiu an feoirling na feoirlinge na fós an poca: Ag triall tre boithrinighe pluide is diogra uisge Go bocht-bothan tighe cois Amha Muimhnighe. Nil cuil na cearn na cuinne fearn Na cosan san Amhain o cheann go bun Nachar togadar bothan no fos sgailpeán Nil folach a ccinn na fiu an nidin Ag siubhainin glas nach ruagadh iad as Le clann Mhic Lobais, lucht caithte an lopais.
Maidin nealmar: gaoth goinideach andeas: "ta ciach ar na riasga agus ar na sleibhtibh dubha": ceobhran ag a h-ocht a chlog: fearthainn fuar go grod da eis sin go tri no trathnona: la greine speir go ceo na dhiaidh sin. An seachtmhadh la fichiod .i. dia mairt. La nealmhar fuar: gaoth andeas. Léighim i litir Hunt a bPairís na Fraince an seiseadh la deag den mi seo Bealltoinne, go bhfuil pis nua air ocht bpingine deag an cairt (cia go bhfuil tri nginidh ar lan cairte a ccathair Longduin). Taid suibh-na-talmhan air pingin is céad an pota (.i. da cairt): ta ponaire nua saor. Is fada go mbeidh pis na ponaire na suibh-na-talmhan againne a cCallainn. Nil tar seachtmhain o cuireadh cuaillighe leis an bpis. Nil an ponaire tar troidh troigh ar aoirde, agus nil suibh-na-talmhan acht a mblaith. Is cuimhin liomsa an t-am, timchioll cuig bliaghna triochad o shoin, ann a mbiodh pis is ponaire ag gach sgolog abalta, acht cuireadar na potataoi as data iad. Is tearc duine anois cuireann iad, acht daoine uaisle amhain. Ni faicim duine na daonaoi ag saothramha na talmhan. Ni feidir a choruidhe le fliucra: o trathnona go daoire sic, deireadh laoi an grian ag taithneamh: oidhche re-solais, an lan-rae agus Iupater a bhfogas da chéile: Beandheas Uenir san ard shiar: daoine ag spaisteoireacht ar Faithche an Aonaigh: is aoibhin aorach an oidhche í. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La aoibhin greine: gaoth andeas. Cuireas ré breagh faoiligh amach: fuaireas tamall de capall agus an talamh gan a h-uadh acht an faoileach do chur air. Do leasuigheas mar is gnath liom go fiormhaith e. An naomhadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh greine go tri a chlog an tan taineadh tromnealta agus cioth ro-trom, noch do seasadh air feadh uaire; chur so moill mor air beirt fear noch do bhi ag romhradh clas agam. Bhios fein ag leathadh an faoilidh reompa. Bhi sgathadán agam ag deanamh sgaith d' Amhlaoibhín agus Seamaisin, beirt dem clann do tug Ros
Ní Bruin, inghin mo deirbhsheathra amach ar an gardha lei. Fuaireadar na leanaibhe bochta folcha maith ag dul abhaile dhoibh: gaoth aniar ttuadh. An deichmheadh la fichiod .i. dia haoine .i. la trosga. Maidin greine nealtan': gaoth ciuin aniar ndeas: trathnona agus deire laoi nealtrom: gaoth laidir aniar ndeas: daoine go gnothach ag saothrughadh. Bhi beirt fear agam ag gearrad clas. Bhi ainiomad togbhail a ramhain duine aca; nior bhfhuras do romhradh doimhin no direach. An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia satharn .i. trosga. La breagh greine: gaoth aniar. Chidhim gur dhreoghadh ainiomad sil potataoi san talamh ísiol, le fliuchra na h-aimsire. Taid daoine bochta ag athchur sil ionn in san ttalamh ceadna ionn ar chuireadar ceana e. Buidheachas le Dia' ta an siol saor .i. ar pingin an cloich. Is fearr siol biaidhteinne no bain no aithbhiaidhteine no athbain na aon siol eile. Beid abhla ubhla agus gach gne toradh crann agus craobh, tearc san bhliaghain se, taineadh mi an abrain agus mi an bealltoinne ro-anrodhach. Beidh moinfearthaighe agus cruithneacht go hal-ainn. Taid blaithe bana na smear ndubh ag teacht amach. Is beag blaith ar an sgeach gheal. MI MEADHAIN AN tSAMHRA MEITHIMH. An cead la .i. dia domhnach. Maidin nealtana: trathnona ceatánach: gaoth aniar ndeas: um seacht a chlog, cioth trom le nealta troma air daith an chriadh bhuidhe, no uisge buadhartha le criadh bhuidhe: cronughadh lae, speir nach beag gan neal: an Camhar Camhaoir thiar agus Iupiter shoir go lonnrach. An dara la .i. dia luain. Maidin ceathain, gealain agus nealta: gaoth laidir aniar: trathnona breagh: sgata greann-amhar againn ag proinn ag coimíneas Cille Brighde. D'olamar sgailtín ar ndoithin, agus tangamar abhaile air ar socaracht.
Bhá sagart a' pharaiste, dochtuir Builtéar, Padraig Ua Sealbhadh, me fein, agus an uiread eile is do rinn ceithre dhuine deag ann. An treas la .i. dia mairt. Maidin breagh nealmhar: gaoth aniar. Ta an codlanán no blath-na-mbodach no an cailicin faoi blaith dearg anois. Ta an samha no sam-bó faoi bhlaith dearg mar an cceadna. Is roibhreagh bolaidh an mismin dearg. Ta fear da ghearadh thimchioll Longduin anois. Nior threasnadar armail Ruisiath an Pruth gus an seachtamhadh la de mhi na bealltoinne se ghabh tarn sic, an tan do chuadhar le arm mor. Beidh bualadh mor idir iad fein agus na Turcaigh. Taid na Turcaigh ag doghadh a mbailte, 's a' dul ar ccul: trathnona agus deire laoi dorcha ceobhránach: gaoth aniar: cronughadh lae speirghlan agus nealtach, le gach seal .i. gach re seal. Ni fhacadh an planaed airdreann Bheandheas Uenir chomh lonnrach ariamh, is ta si san ard shiar. Ta si anois san cuid sin da casán obhamail ionn in ar fusa dhi a sgeimh do thaisbeanadh, oir ta morcuid da haigheadh lonrach casta linn, agus ta si fada go leor o diriughadh na greine chum na múchfaoidh a solas le solas na greine. Ta Iopiter go lonnrach, acht beidh se nios lonnraighe, an tan bheidh se san ard shoir air .i. iar luidhe gréine. An ceathramha la .i. dia ceadaoin. La nealtan', ceathain agus gealain: gaoth fuar aniar: daoine ag romhradh agus ag treabhadh sil na bpotataoi noch do dreodhadh as an ithir, agus ag athcur sil aris. Is anrodhach an tsín í an t-am so dhen bhliaghain, mile buidheachas le Dia uile-chomhachtach! An cuigeadh la .i. Diardaoin Alainn .i. Abhlainne .i. la Aonaigh Cille Chuinigh. La nealtach ceathanach: gaoth laidir aniar ttuadh. Ta blaith air an bpeite bhuinionn, .i. blaithin odhar cuig codcha gan blidh, ainiomad ar aon choisin, go líonmhar cois na h-Amha Bige. Ta toradh ar an luibh air a nglaodhaim-si
an turcais fiadhain, o cuig go deich mogail, le siol choimh mion le siol feir torachas biadhain; Ó h-Ógáin as Wade. Fuaras nead einin riabhaich le ceithre h-uighe beaga ciarain nó leithe breaca, acht ni deanfad a slad. Ta an blaith ag feochadh den crann liolac craobh liathghorm. An seachtmhadh la .i. dia satharn. La breagh tirm nealtana: gaoth cruadh aniar ttuadh. An t-ochtmhadh la .i. dia domhnach. La breagh bog greine: gaoth ciuin aniar ttuadh: anfadha mora uathbhásacha a n-iomad d'aitibh a Sasana le deanuigheacht. An naomhadh la .i. dia luain. Maidin breagh bog nealmhar tirm: gaoth ciuin aniar ttuadh. Ta an blaith corcra ar an bpiseán, an blaith ruadh air an neanntoig loisgneach loiscnigh, noch is maith le h-aigheadh bigh bidh turcaoi og; agus an blaith odhar air bodach dubh a' tslanluis. Is maith e an slanlus le h-aigheadh gearradh, no lot, do chneasughadh. Cluinim seaghan- a'-chaipin ag sior-radh an siolladh bearla so "tsap-tsap". Cluinim an gearraguirt ag radh fuid-fuide, agus an traonach ag radh aic-aic. Ni cluinim an cuach anois. Ta an nidh air a nglaodhaid seile cuaiche ar an sambo nó samha, agus ar an iomad luibh eile; acht adeirid filidhe nó lucht sgriobh air dlighe na nadúra, nach seile cuaiche e. Ata seanfhocal sa nGaedhilge .i. "Ni fiu seile cuaiche é," noch adeirthear le h-aon read beagmhaitheasach: meadhan agus deire laoi greine. Is e an cead la a bhfuil cuma samra air. An deichmheadh la .i. dia mairt. La breagh nealtana: gaoth beodha aniar ttuadh. Is e an nidh o a ttigan seile cuaiche .i. rud mar miol mor buidhe agus na mheid. Ma seidtear an seile den luibh go min reidh, chidhfidear e a meadhan a tseile. An t-aonmhadh la deag .i. dia ceadaoin .i. la aonaigh na muc. La breagh nealtana: gaoth aniar ttuadh. Dhiolas mo muc reamhar ar cheithre puint tri sgillinge deag.
An dara la deag .i. diardaoin; la an aonaigh. La breagh brothallach: gaoth ciuin aniar ttuadh. Is ar eigin chidhim na nealta ag imtheacht. "Nil gal ann den ghaoith do chroithfeadh barr croinn na blath." Is la aoibhin go deimhin e. Ta luach breagh air muca oga, air banaibhe air ba air caoire. Is maith an t-aonach nua e, .i. deich fichiod ar bainibhín cise etc. Daoine ag cur leasaighthe amach ar talamh potataoi: fodhuine ag gearadh feir. An treas la deag .i. dia haoine. Foi-bhiaidhtinne da dhoghadh air cnuc, sliabh agus mointeán. La aoibhin nealtana. gaoth ciuin anoir. Chuadhas leis an Ollamhain Ceiting go Graig-Ros-Ua-Neana go tigh an Phaoraigh noch ata tinn le fiabhras; acht ata suil againn go ttearnadha se. Ta cruith- neacht branair d'eis easgar le beagan laethe. Nil cruith- neacht talmhan potataoi ag easgar fos. Bionn morchuid. meadhg air bhaine noch a ceanaightear ag crois Callain anois. Cluinim an cuach agus an traonach aniomh. An ceathramha la deag .i. dia satharn. La breagh greine nealtana: gaoth beodha anoir: fearthuinn trom o deich a chlog san oidhche, go buile air maidin: blaith ban ar biolar anois. An cuigeadh la deag .i. dia domhnach. La bog nealtach: gaoth bog anoir ndeas. Is breagh chuadh fearthainn an oidhche airéir do gach nidh, acht do biaidhtinne amhain, noch is comhsamhail, a bfad uainn, le ainiomad guna mór da lamhach a n-aoinfheacht; acht uireasbadh an torann torainn amhain; acht is mor an neamhchomhsamhlacht ta eatara a slighe eile, oir is biaidhteinne, nó teinne bidh ceann aca, agus is teinne bais an ceann eile. An seiseadh la deag .i. dia luain. La breagh nealmhar: gaoth ciuin anoir ndeas. Cathas cuid den oidhche ag coimh-tionol, nó comhluadar, nó cuidreamh neamhsbleadhach Callain: trathnona agus deire laoi brothallach. An seachtmhadh la deag .i. dia mairt. La brothallach greine nealtana: gaoth attuadh: cioth trom ag deich san oidhche. An t-ochtmhadh la deag .i. dia ceadaoin. La breagh nealmhar: fearthuinn trom o cuig go se a chlog um trathnona, bhi sé na chlagairneach air feadh tamaill bhig um chuig. Is roibhreagh
ata gach glasara agus meas ag teacht anois: ceathán agus ceobhran le gaoth aniar um cronughadh lae: féar da dheanamh ag fo-dhuine. An naomhadh la deag .i. diardaoin. Maidin fionfhuar nealtach: gaoth ciuin aniar ndeas: ceobhrán um meadhan lae. Ta cruithneacht talmhan potataoi sa mbodán fós, acht ta cruithneacht bhranair d'eis easgair le seachtmhuin. Ta an ros fiadhain faoi bhlaith, is air seo thagann sgeachoirighe na muc. Thuit an blaith den praisseach buidhe, ta siol mion air anois .i. siol cabaiste. Taid ceithre gearrcaigh dubha dearga san nidin cois na h-Amha Bige .i. an feoil dearg tre clumh mion dubh no ciardhubh, acht beidh clumh breacdhonn orra fos. Cluinim gach la an gearraguirt ag fuid-fuide, agus an traonach ag aic- aic; acht ni chluinim an cuach air aon cor. Ta feur noch do gearradh seachtmuin o shoin na mioncocaighibh fos, acht da bhfághadh se da la breagha gan ceobhrán gan ceatán, beidh se tar gabha gábhadh. La ceobhrán agus ceathan trid amach. Is ceolmhar ceol na gaoithe ag fídeadh tre gort cruithneachta anois. Chidhim cliath .i. sliseoga adhmaid ceangailte le ceirt ar cois lachainín noch do briseadh. An fithcheadh la .i. dia haoine. Maidin, ceobhran go ceath- ramha d'eis a seacht an tan thuit cioth trom le gaoth bog andeas: ceathain agus ceobhrain go meadhan lae; trathnona greine nealtana, fo-ghal greine. Do chaitheas proinn leis an t-Athair Seamus Heineabuire. Bhi da breac breagha meithe milse tathacacha againn, ceann aca chomh mor le mion-bhradán. Bhi uibhe cearc cruadhbruite agus creamh muc bhfiadhain .i. lus praicidh .i. lus súghach .i. moighnian bruite tumtha a n-im leighte air leamhnacht bruiteadh bruithte agus salann againn. Bhi fion Portnangall agus sgailtín, chomh maith is d'olas airiamh ar bord, agus, dar ndoith, nior chuireamar a ccruisgín e chum clocha do caitheamh leis! An t-aonmhadh la fichiod .i. dia satharn .i. la feil Cros .i. an la is sia sa mbliadhain. Leighim a cCairt Neamhsbleadhach
Cille Cuinne gur tuit lata (lota) nó clárlar leibheann a cCirc-ailde Caer-cala-din: anallód, Caletodúnum a n-Albain, an seiseadh la deag den mhi si laithreach agus gur marbhadh ocht nduine deag ar fhichid. Is iad a mhuchadh do rinn-eadh, leis a n-urmhor. Bhádar sínte na n-easaraibh ciardubha corcra uathbhásacha ar fuad an úrlacais, mar bhadar a cclos seapeal na mBrathar a cCallain an cuigeadh la fichiod de mi na nodlag .i. la feil Steaphan an seiseadh lá fichead iar bhfír sa mbliaghain mile ocht ccead agus cúig bliaghna fichiod. Ciuin-mhaidin brothallach nealtana greine aoibhin aorach. Ni feacas nios ailne ariamh lem ló. Cluinim an gearraguirt ag fuid-fuide, tri huaire gan fuaradh anaile le faithnne an lae. Ta misimín na mona nó an misimín dearg go h-iomarcach cois na h-Amha Bige. Is iomdha luibh, fiadhaille fiadhtaidh-eallach, féar, feorán, driseog, soileog etc. ag fás go fiadhain anois cois na h-Amha Bige ceadna so o cobhais Ceann-a' Fatha go Cill Minic, ameasg liontain, mointeain agus moinfhear-thaighe mortorthamhla an (sic) Amha Bige cuantach cuantaighe so. Is iomdha craobh air corrughadh mar ba doith leat le lorgadain luamnigh nach bhfaicthear, agus, dar ndoith, ni taire an sgeal mar einin ruadh no breac do lubann iad. Cluinim an sidhe gaoithe ag gabhail tre moinféar. Ni fheadar an bhfuil an bean sidhe a n' fhocair, dar ndoith, is gnath fireann agus buineann a tteanta a cheile. Ni ceart an chéad barr o siol-féir do leathadh ainiomad roimh an grein; ma leathtar beidh se chomh súighte le cipin na croiche, no le brobh tuibhe cruith- neachta. Is furas féar tirm do dheanamh de d'eis leathadh da lá, oir bionn se chomh laidir sin go ngabhann an gaoth trid, agus na luigheann se air a ceile mar féar lag no athbharr, agus ni ghábhadh acht a ath-dhéanamh o lá go lá; acht fear lag, caithfear a leathadh go minic, go mbeidh se tirm go maith, no do theithfeadh se sa ccruaich. Chidhim searbhán na muc, se troighte air airde, agus ordlach go leith de tiubhacht na chos; ta se faoi
blaith, acht ni gabhadh a buain do mhucadh mucaibh a mbliaghna, oir taid potataoi saor. Toirneach trom ag buile a chlog roimh breaca lae, le clagairneach; blaodhm eile toirnighe ag buile a chlog d'eis meadhan lae gan fearthainn: gaoth ciuin. aniar o meadhan lae suas. Is iomdha dath air neamh agus ar nealta neimhe, d'eis luighe greine; mar ata, speir buidhe, gorm, uaithne eatorra, orbhuidhe, cur no deargbhuidhe, agus nealta ciara le bruacha ruadha, agus timcheall an ghealach (sic) nealta air giteacha, nealta luadh-lí san ard shoir. Bhi fear- thainn trom a tTigh-na-naoi-mile, a mBealach-a'-Chomhais etc., leis an ttoirneach cia nach raibh se (sic) annso. An dara la fichiod .i. dia domhnach. La breagh nealtach fo-ghal greine: gaoth ciuin aniar ttuadh. Ta suil agam nach ndearnadh toirneach an lae ande aon diobháil don chruithneacht easgartha, o nach raibh fearthuinn leis (sic). Do mheath siol seamair capail leis an bhfliuchra, acht beidh an seamar noch do cuireadh anurra go maith. An treas la fichiod .i. dia luain .i. Oidhce Feil Seaghain; la trosga, .i. oidhche an teinne chnamh. Ni bfaghaim amach gode an ciall an teinne se, muna teinne eile do Bel é a meadhan an tsamhra. Maidin nealtach breagh: gaoth ciuin aniar ttuadh. Ta cruithneacht branair agus cruithneacht talamh potataoi easgartha, acht nilid na barraighe glasa amach easgartha fos. (Feach amach). Chidhim graineog bocht da cradh ag bruscar na sraide; ciadh gur gráineach no colgach a creat, is neamh- urchóideach a gniomh. Chidhim ainleoga no fainleoga timchioll na seancaisleain (sic) agus na h-Amhan anois .i. einin ciardhubh le h-earball gabhloige. Ni fheadar ca imthigheann se (sic) san geibhre. Chidhim sgata caorach bearrtha ag gabhail tre Callain aniomh. Taid urmor caorach an dutha na dúithche lomartha anois. Is iomdha lomara bheidheas air aonach na Feil' Seaghain a cCallain .i. sean-la Feil' Seaghain beag .i. an deichmheadh la de bhuidhemis se chughainn, agus ar aonach Ceananais an la na dhiaidh san. Do bain capall greidhm as aigheadh linibh
ag Crois Challain ag do a chlog aniomh. Ni miste capall .i. cab-oll, nó laidir, da glaodhadh air, oir nil beithidheach a n-Eirinn chomh laidir cab no beal, leis an ccapall. Is iomdha sop Seaghain air lasadh ar na cnocaibh agus air na sliabhaibh am uirthimchioll, cia nach bhfuil aon teine cnámh ar foghnanamh (sic) a cCallain, nidh nar gnath leis. Ni fheicim moran daoine ag dul go h-Achadh nó Tobar Eoin Baiste. An ceathramha la fichiod .i. dia mairt .i. La Feil' Seaghain. La breagh brothallach greine nealtana, um meadhan lae speir gan neal: um trathnona agus deire laoi "Gan gal ann don gaoith do chroithfeadh barr croinn na bláth." An cuigeadh la fichiod .i. dia ceadaoin. La nealtach gal-greineach: gaoth laidir aniar. Ta blaith ar cruithneacht a n-aitibh. An seiseadh la fichiod .i. diardaoin. La breagh bog nealtach: gaoth aniar ndeas: blaith ar cruithneacht: fo-duine ag cur potataoi fos: daoine da tteilgeann, agus potataoi eile faoi bhlaith. Nil aon blaith amuich nios ailne na é. Is doith liom go bhfuil potataoi nua a mBaile-ath'-cliath anois. Is e an ciall ainleog no fainleog do glaodhadh ar an einin ciar gearr-cosach fadsgiathánach bealosgailte, o a bheith ag eitioll timchioll, mar ba tre aine no faine fáinne air lorg cuileog, noch is biadh dho (sic), agus is e a ainm a mBearla-Sasana, suallóu, o a bheal bheith osgailte do gnaith, an tan bionn ag eitioll, chum an cuileoigin do slugadh. Is iomdha gne diobh an, mor meadhonach agus mion; mar ata, ainleog mor, ainleog meadh-onach, ainleog mion, ainleog na ngabhar no ainleog na h-oidhche
etc. Le giorracht agus luigheacht a ccosa is ar eigin gheibhid eirghide den talamh; is dá bhrigh sin, is o ionadaibh arda is mian leo tuitim san aer chum eitioll eitill: ma tagaid chum talmhan le miothapa, beireann daoine orra go minic. Imthigh-eann siad uainn na sluaitead go tir na h-Aifriocá um Feil Michil, agus tagann siad air a n-ais chughainn san earrach. Ni bhfaigheadaois maireamhair againn sa geibhre d'uireasba cuileog. An seachtmhadh la fichiod .i. dia haoine. La breagh brothallach greine nealtana: gaoth andeas da ard soir: silinighe ar an cCrois le coigigheas. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia satharn .i. la trosga .i. Oidhche Feil Seaghain beag. La breagh brothallach greine: gaoth soir, soir budh dheas, soir budh thuadh: tosach oidhche greadhnach: la glormhar: an ré lan ag eirghidh ameasg triosgan na spéar .i. nealta airgiotach odhra: Bheandheas Uenir go lonnrach ag luidhe shiar agus Iopater san meadhan speir. Bhi teinne cnamh air gach cnoc agus ann gach gleanntán aoibhinn am thimchioll a ccomhghairm oidhche Feil' Seaghain Beag. An naomhadh la fichiod .i. dia domhnach. La Feil' Seaghain Beag .i. la aonaigh Baile Mic Andain: la Feil' Peadair is Poil, abstail d'eis tri a chlog ar maidin cioth trom air feadh ceathramha uaire. Ni raibh gal ann den gaoith do bhacfadh leis tuitim sios go direach. Stadadar na h-ainleoga da sealgaireach cuileog air feadh an ceatha; acht cromadar orrtha go grod d'eis an cheatha. Maidin geal greine, speir gan neal gan ceo, um naoi a chlog, gaoth beodha brothallach anoir. Taid silinighe agus cuirins dearcnaí, dearcóga dearga agus dubha air an cCrois: la brothallach: iomain air faithche an aonaigh: fuaireas tuitim o dailtin, acht nior táire damhsa é, oir tugas eisin chum talmhan. Is minic do leag cac bo fear maith. Ta rás na reithnighe faoi gach nidh a' fas anois.
An deichmheadh la fichiod .i. dia luain. Maidin nealmhar: gaoth fionfhuar andeas da ard soir, air feadh an lae. Chidhim bean le lan a glaice den ceannabhan beag; ni deanfaidh si leis acht a chumailt air fioruisge fuar, idir cos duile agus blaith' no go mbeidh cuipe air mar siobal gallunaighe, agus an t-uisge sin tabhairt le n-ol do dhuine tinn air fiabhras beag. Chuadhas ag spaisdeoireacht, spaide eireacht le Risteard Ó Luingsig, ceannaighe gearr, den Amha Beag, Baile Mail-earta' Cuirt na Buaile, na Banta Buidhe, agus abhaile. Ta coiléar robhreagh sa teora idir Baile Mhailearta agus talamh Cuirt-na-Buaile. Deantar aol ann, agus gearrtar cloch tuamba ann le Padraig O Seagha, cloch-gearrthóir. Is coill-teamhail an baile fearainn e Cuirt-na-Buaile. Bhi cuirt ann an aloid anallód, oir ata na clocha snoighte gearrtha treasgartha ann fos a cclos tig-deirighe Ui Briain. Fearthainn bhreagh air feadh ceithre uaire .i. o deich a chlog san oidhche go dó maidin air na marach. BUIDHMIS. An chead la .i. dia mairt. La le san L.S. breagh bog nealtach: ceobhrán le gaoth andeas um meadhan lae: oidhche ceathánach. An dara la .i. dia ceadaoin. Maidin ceobhráin: gaoth andeas trathnona greine nealtana ciuin. Ta an t-airgid luachra, go h-iomadamhail is na sean-mhoinfhearaibh agus a n-ionadaibh uisgeamhla timchioll Callain anois. Is breagh e a baladh gan dochar don cheann, acht nil maith ann do bhoin na do chapall. Ta an lus leath an t-samhraidh, lus an bhalla d'eis feodhtha agus an rós bán ag feodhadh, an rós dearg go h-alainn agus an ros caonaigh ag gobughadh amach. An treas la .i. diardaoin. La nealmhar: gaoth andeas: ceobhrán o deich san oidhche go buile a chlog ar maidin. An ceathramha la .i. dia haoine. Fearthuinn trom ar maidin go doich; do ghlan na sleibhte suas um ocht a chlog le gealain nealtana: gaoth aniar ndeas: anfadh san ard ceadna
um ocht ar maidin, ag crothad an chruithneacht go mor: oidhche ceathánach ciuin. An cuigeadh la .i. dia satharn. Ceatháin ar maidin go doich: la breagh nealtach gal greine: gaoth athruitheach idir an ard shiar agus thiar theas. Iopater agus Mars go lonnrach. Ni feacas Mars chomh mor ariamh. Bhi se ag eirgheadh ag luighe greine. An seiseadh la .i. dia domhnach. La breagh bog nealtana galgreineach: gaoth aniar ndeas. An seachtmhadh la .i. dia luain. La nealmhar ceathánach: gaoth ciuin anoir ndeas: oidhche clagairnighe. An t-ochtmhadh la .i. dia mairt. La breagh bog nealtach: cioth um meadhan lae le gaoth andeas. Is comhsamhail le sic, recte ó gach díg go rabhadar bairclíonta airéir: is maith do dhiogadar na machairighe agus na garaidhthe. Bhi gach fuinneog sa mbaile lionta le coingle air lasadh a n-onoir Dhonaild Ui Connaill noch do toghadh a ccontae an Chlair chum a bheith na sheanoir feise Longdoin. An naomhadh la .i. dia ceadaoin .i. la aonaigh na muc. La breagh brothallach greine fonealtana: gaoth ciuin attuadh: deire laoi brothallach, speir gan neal, gan ceo, gan gaoth. An deichmheadh la .i. diardaoin la aonaig na feile Seaghain .i. le Feil Seaghain an aonaig .i. sean-la Feil' Seaghain Beag. Is air le Feil' Seaghain Beag nua bhi aonach Baile Mic Andain. Is comhsamhail as so gur a n-am eigin sul do athradh an Papa Greagoir an comhaireamh-aimsire do horduigheadh aonach na Feil' Seaghain a mBaile Mic Andain. Maidin bog greine: trathnona bog nealta: gaoth ciuin athruitheach on ard thoir gus an ard theas: ceobhran um ceathair a chlog um trathnona: ceannach maith air eallach. Do bualadh a lán daoine neamh-ciontach leis na piléirighe diabhail. Bhualadar beirt ceanaithe ionn a ttighthe fein. Ni feidir seasamh leo.
An t-aonmhadh la deag .i. dia haoine. Maidin brothallach greine nealtana: gaoth ciuin andeas. Ta an t-airgid luachra go deaghbholadhach, niamharach anois cois na h-Amha Bige. Ni miste airgid luachra do ghlaodhadh air, oir cia go bfuil daith odhar air an bhlaith roimh briseadh amach di, is beag nach dath an airgid ta uirre, d'eis osgladh dhi. Cuirthar a cciléir, no a muilin, no a mullán, cuid de, agus cuirtear uisge fiuchtadh san muillín agus muillín eile air, air feadh ceath-ramha uaire chum boladh agus blas cumhra do chur air, d'eis baine géar agus uachtar do bhuain den muillín. Taid na caora ag cruinniughadh no cruinnighthe air an bpeite bhuinionn anois. Trathnóna agus deire laoi fionfuar nealtach: gaoth aniar. An dara la deag .i. dia satharn. Maidin geal greine: trathnona nealmar: gaoth fionfuar aniar. An treas la deag .i. dia domhnach .i. la aonaigh Ceananais. Maidin geal greine: gaoth laidir aniar ttuadh. Chuadhas ar maidin le Seaghan O Riain o Sraid a' Mhuillinn go seipeal an Bhaile Nua ag cruinniughadh an chiosa caitilicigh: ag teacht abhaile dhamh conarcas ainbhille .i. ainiomad fainleog mion broinn liathban, noch a lonuigheas longuigheas air portaibh na h-amhan. Cruinnigheas an duille-eih duille léithe: cm. an 15adh (ni feadar cia aca éich no eith é). Deirthear liom go ndreoghann se caoire. Fasann se air an mointean budh thuadh agus shoir o Caislean Eibhe (coitchean, Caislean Oidhche) Aoife duileoigin glas buidhe cearchallach air coisin gearr (faoi). Taid na filbinighe miog ag miogarnuighiol taoibh linn. Is ro-seanchriona an t-ean í, oir breagann sí om nead me le n-a gároid as so deirtear: - "A philbin míog cá mbionn do nead agat? Bionn sí shios a ccladh na sgeach agam Rachad-sa síos is deanfadh me slad uirrthi O na h-eiridh! ta da obh innte."
Acht, ni raibh nead pilbin "a ccladh na sgeach" ariamh, acht is a moinfhearaibh agus a mointeanaibh bhionn sí. Goirean daoine peite buinion air chrannla: tor luathfáis an chaoir dhuibh, acht is ar crann an chaoir deirg cois na h-Amha Bige is gnathuighe a glaodhadh. Biodhas am fhear de Choiste an dafeardeag noch do shuidh, a ndeire laoi air chuis Micil Ui Meachair o Cnoc na Ratha, laimh le Cillmanach, noch do marbhadh le beirt pileirighe, la Aonaigh Callain na Feil Seaghain se ghabh torainn .i. an 10adh la de Bhuidhmis se laithreach; fuaramar, d'eis suighe chuig n-uaire, gur leis an dis roimhraidhte do marbhadh e. Ta eorna mor abaidh a ttalamh Cille Briocain. An ceathramhadh la deag .i. dia luain .i. la aonaigh Cheann-anais. Bheidh bheadh se air an treas la deag, acht gur be an domhnach é. La breagh greine nealtana: gaoth beodha aniar ttuadh. Do glaodhadh ghlaoidh spealadoir cartloinn cumhra air an airgid luachra, acht is doith liomsa go raibh se meallta, oir chidhim a leabhar-na-lubh gur ab é an mismin dearg an cartloinn cumhra. Chím deas eornann mhoir móire abadh noc do gearradh a ttalamh Cille Briocain. Ta se sí na stucaighe ann. Gaoth laidir aniar ttuadh um trathnona agus deire laoi. Ni raibh piléir na bruighean na achrann air aonach Ceannanais. An cuigeadh la deag .i. dia mairt .i. la Feil' Suitín. Adeirid daoine saobhnósacha: "Má tuitean fearthuinn aniomh go ttuitfeadh dtuitfe fearthuinn ar feadh da ficid lá": acht, is doith liom-sa gur olbhaois an radh so, agus o thuit fearthuinn aniomh, fairfeadh mise an da fichid la so ag teacht go mbreagnochadh me iad. Creidim gur doith leo gur a
ccomhgairm an lae seo do chrom an fearthuinn ar tuitim, noc do rinne an Dile no Tuile Naoi. Maidin dorcha tromneal-tach: ag leathuair d'eis a h-ocht crom se air ag clagadh fear-thanna noch do seasadh uair gan traochadh. Fuaireadar speala-doirighe folca fiormhaith. Goireann gach aon duine aca cart-loinn cumhra an cinn bháin air an luibh air ar ghlaodh gardhadoir airgead luachra. Da bhrigh sin, ni h-ionnan an cartloinn agus an mismin .i. Mentha rotundifolia (féach fá'n 16adh ta se da troig ar aoirde). Nil acht beagan ordlach air aoirde san mismin. Ta ceitre troighthe ar aoirde san cartloinn cumhra cinn bháin. An duile-leithe noch do fuaras laimh le Caisleán Eibhe Aoife, noch do dhroghas na caoire, nó tugas an leithe dhoibh .i. galar airighthe; is on leithe, nó lobhadas, no dreoghteacht so noch bhionn air na caoiribh noch itheas e fein (nó lasair leana), goirthear duile leithe dhe. Ta toradh ar an ccrann feorais (.i. feadh-abhrais). An seiseadh la deag .i. dia ceadaoin. Maidin bog nealmar gaoth andeas. Cuadhas ag glanadh fiadhaile as mo cuid potataoi laimh le Cuirt Piarais. Ata a lan de brob-a- ttóin, no sgiurdach, na measg. Ni neamh-cneasta brobh-a- ttóin mar ainm air; oir is e an cuma ata se, na altaibh' ordlach nó ordlach go leith air faid idir gach da alt aca, agus ceann lorga a ttoin an lorga eile ag gach alt, agus broinn-leoga, no geaga beaga mar giolgach ag fas thort thimchioll gach alt' aca, agus preamh gearr mar meanaithe aige. Deire laoi ceathanach. Cuireas uisge fiuchta air lan mo mhaime de ghrafan bán, do chailin og o Caraig-na-Siuire chum cosachtaigh chruaidh do leigheas, mar is minic do leighis se me fein cheanna.
Ma deanfadh spealadoir feur ann a mbeidh feorán do gearradh la fliuch, no la ceobhrain, agus e cosnochtaithe, is millteach do loisgfidhe é leis na feoránaibh. Is mor an diobhail do speal feur do gearradh mara mbionn cac piast (.i. an criadh d'eirigheann as poll peiste). Ni fagann se leus innti. Ta an garbhlus agus an duillmheal go h-iomadamhail ameasg na sgeach soir o Callain agus an duillmheal le blath corcra. Ta ros no siol ruadh air an ccopog ruadh anois. Cluinim an gearraguirt is an traonach. Is ean fada ruadh an traonach. Is furas a d'faicsin o leagadh an féar. Ta mismin dearg san Amh Beag da troigh ar airde, agus an cartloinn laimh leis. La breag nealmar, fo-bhraon um meadhan lae. An seachtmhadh la deag .i. diardaoin. La breagh bog nealmhar. gaoth andeas. Ta ainbhile den brobh-a-ttoin san linn idir ghort Sheamuis Mhic Uir agus moinfhear na h-innse, laimh le Droichead na nGabhar. Ataid traonaig oga go leor san linn da bhfolachadh fein faoi an brobh-a-ttoin. An t-ochtmhadh la deag .i. dia haoine. O breacadh lae go se a chlog ar maidin fearthuinn trom: gaoth ciuin anoir. Chidhim na fainleoga mora, .i. ainleoga mora, ag eitiol a meadhan an chlagadh thort timchioll a bfainighibh bhfáinníbh ag cuilireacht, oir is as cuileoga mhaireann siad. Gur bhreathnuigheas na h-ainleoga ag cuilireacht cead troigh shuas san aer, nior shileas go mbiodh cuileoga chomh ard san. Gabh mo leithsgeal a leightheoir a ttaobh an focal nua so cuilireacht, oir ma chidhim "seabhach ag sealgaireacht, fiadhaighe ag fiadhaigheacht, iasgaire ag iasgaireacht" silim nach miste "ainleog ag cuilireacht" do radh. A bhfoigse ceathramha den h-ocht chrom se ag trom-chlagadh aris agus na h-ainleoga mora ag cuilireacht. Ta claodach san rianuisge, oir taid na slugair-ighe lionta le salchar. Ni miste cloidin do glaodhadh air an
boithrin sios cum na h-Amhan: gaoth ciuin aniar: naoi a chlog, sosa ó fearthuinn: na sleibhte shoir muchta a cceo: sgamail samha ag sguaba a slapair siorshilteacha tar sleasaibh Sleibhe na mBan agus na Cumarachaibh cumha agus na Gailltibh garbha agus Sliabh Ardach an ghuail agus cnocaibh ciara an Contae: gal greine ag leathuair d'eis an naoi; d'eis gliadh na ndúl, sioth na speur. Cuadhas go Cill Cuinnigh ag iaradh dlighe do chur air Croinin Buidhe: cioth trom ag trathnona, as so suas go luighe gréine, la breagh greine nealtana. Chuadhas agus thangas air chara an bhaintreabhaigh Ceiting ar sgilling is da thuistuin. Caith morsheisear againn proinn ag tigh osta an Róis. Bhi bradan agus calmoir úr agus potataoi nua, aran leann agus sgailtin againn. Chosain se tri sgillinge an fear duinn: deire laoi greine: gaoth ciuin aniar ndeas. An naomhadh la deag .i. dia satharn. Maidin ceathánach, clagairneach trom ag an t-aon buile deag air maidin: nior seasadh se acht seal gearr, ceathramha uaire no mar sin: deire laoi tirm: gaoth ciuin andeas. An ficheadh la .i. dia domhnach. La ceathánach, clagairneach um trathnona .i. tri a chlog, clagadh rotrom ag cuig a clog: sguabairneach ceart é oir do sguab se salchar na sraide leis: bhi claodach roidian san ccloidín: gaoth andeas: deire laoi greine: nealta croidhearga san ard thiar thuadh: faithche an aonaigh roifliuch. Teine mhor ag Cnoc na cCapal, os cionn Bearna-na-Gaoithe a n-onoir Domnall Ui Chonaill, agus lucht molail Dail cCaise. Ta an gheallach laimh le Iopiter, agus ta Mars go h-aigheadh-dearg fraochmhar san ard thoir theas ag eirghighe tre ceo deire laoi. An t-aonmhadh la fichiod .i. dia luain. La ceatanach: clagadh air feadh ceathramha uaire, um tri a chlog 'na trathnona: gealán na dhiaidh: feur go dona noch do gearradh o la Feil' Suitín.
An dara la fichiod .i. dia mairt. Maidin ceathanach: gaoth aniar ndeas: deire laoi greine. Caitheas proinn leis an sagart poraiste, an t-Athair Seamus Henebuire. Bhi cois caoirfheola bruite, agus ean rosta le potóg spiosartha againn. Bi sgailtin tea agus abhrain Gaoidhilge againn go deich a chlog. An treas la fichiod .i. dia ceadaoin. Cioth um meadhan lae, le gaoth aniar: la breagh nealtana: oidhche aorach ciuin nealtana gealaighe. An ceathramha la fichiod .i. diardaoin. Maidin ciuin nealtana tirm: o meadhan lae suas ceatha le gaoth ciuin andeas: feur gearrtha go dona. An cuigeadh la fichiod .i. dia haoine, Maidin brothallach nealtach, mionceathán le gaoth aniar, um deich a clog: clagair-neach ag leath uair d'eis buile a chlog ar feadh ceathramha uaire: da blaom toirnighe ag do a chlog, nealta ceatháin agus toirneach go deire. Leighim go raibh tuiltighe mora a ttuaidhsgiort Sasana; um deire laoi thainidh tuille go port san Amhain, cia nach raibh braon tar modhornuibh ag ceathair a chlog ann. Is o iomad an uisge tuit ar Sliabh Ardaigh, leis an siorthornigh tharla so. Ta daith glasbhuidhe air an ccruithneacht. Cluinim an gearraguirt 's a' traonach. Ta fearthuinn na Feil' Seaghain go ceart againn. An seiseadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin ciuin greine: blaom toirnighe roitrean, le teinnteach agus clagairneach trom: nealta neimhe ag fuaidreadh tre na cheile. Ta an cruithneacht a ngábhadh mór. An seachtmhadh la fichiod .i. dia domhnach. La tirm nealtach: gaoth ciuin attuadh. Leighim gur sguabadar na tuiltighe treana, ní bárr amain, acht an talamh leis a ccontae Muighe-Eo, laim le Straid a nGaileanga. An chead la gan fearthuinn o la Feil Suitín. O briseadh na geasa, ta suil le Dia agam go mbeidh aimsir breagh againn chum an fobhar do bhuain. Leighim
gur rinn na tuiltighe ainiomad diobhala tre Sasana, oir bhiodar na daoine ag buain sa bhfearthuinn. An t-ochtmhadh la fichiod .i. dia luain. La tirm nealtach: gaoth beodha a ttuadh agus attuadh da ard siar: fobhraon um trathnona. An naomhadh la fichiod .i. dia mairt. La breagh greine: gaoth attuadh. Cuadhas ag buile a chlog go Cill Brighde. Ta an Amh Bheag o droichead Ath-an-Uir no Cill Brighde da dheanamh doimhin ar chosdas an Iarla Urmhumhan, chum moin Poll-a'- Chapail do thraigheadh. Is e an cuma deantar an Amh Beag doimhin; deantar ime laimh leis an lucht oibre, (.i. lucht ramhan is sluasad agus piocoid agus cro iarain), chum an uisge do choimeád suas uatha, agus deantar ime no do eile suas uadh sin chum nirt an uisge do coimead den chead ime, agus ime eile ag ceann an Amha Big (sic) mura bfasann sí as an moin. Ma gearrtar doimhin go leor í, is mor an maith de do mhuintir na mona é. Ta tuitim go leor ag an Amha Béag o thi -- Mic Oda sios acht nil aon tuitimh as sin suas gus an portac no na mona (sic). Fuair me cnea (?) cná go leor cheithre troighthe faoi talamh san Amh Beag. An deichmheadh la fichiod .i. dia ceadaoin. Maidin breagh greine: gaoth ciuin aniar ttuadh: o meadhan lae go deire nealtach tirm. Is glaise air an taobh shoir thiar, iar gceart de Callain an cruithneacht na air an taobh shoir. Is talamh gainimhe ata soir o Callain. Ma fhanann an aimsir tirm teasuighe, beidh daoine ag gearradh cruithneachta thimchioll Callain seachtmhain ón luan so chugainn. An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. diardaoin. La breag bog nealtana go cuig a chlog a ttrathnona, an tan tuit fobhraon le gaoth ciuin aniar ndeas: mionfhearthuinn a ndeire laoi agus san oidhche. Chuadhas go Cill Cuinigh ar chara Cheiting. D'itheas mo cuid de cois caoirfheolach, agus arain pluir, leis, ar se pingine go leith. Bhios ag iaradh dlighe do chur air na pileirighe noch do marbhadh mhairbh, mharbhuigh Micheal Ua Meach-air la aonaigh Callain, an deichmheadh la den mhi se laithreach.
Idir leathanach a seacht ochtmhoghad agus a h-ocht ochtmhoghad tá duilleoigin ar a bhfuil an meid seo: - "teine a link of chain pl. teinnte Co. Kilk. .i. sine: gris grey grisdearg red and grey roan frainncis gris: âcer campester sic, recte campestre and minus, Fructu Tubente; Lesser Maple peite-buinion. ar a dhruim atá: - lasair coille a goldfinch, a woodpecker: fiach fairge a cormorant also fiach mara: bolgán snámha, air bladder, in fish, the swim. MI LUGHNASA 1828. An cead la .i. dia haoine. Maidin dorcha tromnealtach: mionfearthuinn go moch le gaoth andeas: la breagh greine o trathnona nó trí a chlog suas. Ta bean ag glanadh a maoilinighe le cartloin cumhra a' chinn bhain do reir mo chomhairle. Taid ba ag deanamh braduigheacht' air an garuidhe ann a bhfuil mo cuid potataoi. Cuireas fál air. Se seo fal d'eis na fodhlaigh. An dara la .i. dia satharn. Cuadhas go Cill Cuine air Chara Ceiting. Bi clagairneach trom o tri a chlog .i. trathnona go seacht a chlog. Tangas abhaile tirm; gaot aniar ndeas. An treas la .i. dia domhnach. Maidin tirm: meadhan lae fliuch: gaoth ciuin aniar ttuadh. An ceathramha la .i. dia luain. Chuadhas go Cill Cuinne. Maidin aoibhin: fearthuinn o meadhan lae go trathnona: deire laoi greine: gaoth andeas. An cuigeadh la .i. dia mairt. La ciuin aoibhin greine. Saoradh le claon ceann do na píleirighe; teilgigheadh an ceann eile, .i. Ua h-Icighe air son duine do marbhadh (ní dunmharbadh toilteanach) ní i ndúnmharbhadh acht i ndún-oirgne do daoradh é Ni feadar an breath fos. Chidhim na h-ainleoga bolg-riabhacha ag eitiol a bhfoigseacht troigh don talamh, laimh leis an bhFeoir ag Muilean Urmhumhan. Ni fheacas na h-ainleoga mora nó ciara chomh isiol sin ariamh.
An seiseadh la .i. dia ceadaoin. La breagh ciuin nealtana "Ni raibh gal ann don gaoith do croithfeadh barr croinn na blaith." Is ro-bhreagh Mars Máirt anois um deire laoi, agus ar feadh na h-oidhche. Is seacht mó feachann se anois an tan a ta se a n-aigheadh na greine, no an cruinne ceathardha so idir é 's a' ghrein, ina an tan bheidh se a ccomhceangal ris an ghrein, no air an taobh tall den ghrein; oir is seacht bhfoigse duinn anois e ina an tan san mar a chidhfeadh chidhfe tu san gclódh so: - Máirc ar aghaidh na gréine An talamh An ghrian Marc i gcomceangal ris an ngréin. An seachtmhadh la .i. diardaoin. Maidin ciuin greine: trathnona nealmhar, fobhraon, ag tuitim oidhche, le gaoth ciuin aniar ndeas. Is ar eigin chidhim na nealta ag imtheacht. An t-ochtmhadh la .i. dia haoine. Cioth trom ag tri ar maidin: maidin ciuin greine nealtana. Ceanuigheas eadach codáis riabhach no buidhe, se cromadh ar leithead air tuistiun a tslat tslatha L.S., agus seacht gcroma air leithead ar tuistiun is leathphingin an tslat o ceannuighe. Faighim se pingine 'sa bpont buntaiste air son airgid reidh, no airgid boise. O mheadhan lae go trathnona, nealta tiubha, le gaoth fionfhuar andeas da ard siar: deire laoi nealtana: a do no a tri sgologa ag togain fear corain no buanaighthe. Badar
daoine ag gearadh cruithneachta ag an cnuicear laimh le Cuirt an fhuite, ag Rath Cuilbin, ag Ceananas, agus timchioll Bhaile Mhic Andain. An naomhadh la .i. dia satharn. Clagairneach ag leathuair d'eis a tri roimh breacadh lae, le anfadh andeas: nior sheasadh se tar ceathramhadh uaire: clagairneach ag leathuair tar eis a ceathair; nior sheasadh se acht seal gearr; clagairneach ag an deich air feadh ceathramha uaire. Cuir gach clagairneach diobh clóideach sa ccloid: gaoth beodha aniar ttuadh on t-aon bhuile déag go deire laoi nach beag. Ta glaise dian ag diogadh gach díg. Ni fheicim o Ceann a' faithche aoinneach ag gearradh cruithneachta. Ta caoinlín ceoil a mbeal gach leinibh agus caoinsiolan 'no fídeog ag gach garsún: deire laoi siltheanach tromnealtach: gaoth aniar. An deichmheadh la .i. dia domhnach .i. Domhnach Molua. La breagh greine fo-nealtana: gaoth beodha aniar: ceathán um an t-aon bhuile deag: sgilling sa lo do buanaidhe. An t-aonmhadh la deag .i. dia luain. Maidin tirm: gaoth beodha aniar: ceobhrán no ceofrán trom um ocht a chlog: o meadhan lae suas siltheánach: gaoth aniar ttuadh: o sgilling go deich bpingine d'fhearaibh corán: mna ceangail air dá thuistiun agus faoi. Nil acht fo-ghort da gearadh timchioll Callain. Ta an bearnadh abaidh agus an cuilín glas fos air iomairibh noch do leag an gaoth agus an fearthuinn. An dara la deag .i. dia mairt. Maidin aoibhin greine nealtana: ceo air sliabhaibh. Leighim i "mBeatha Bheill i Longduin" gur threasgair an gaoth agus an clagairneacht an cruithneacht a Norfolc, ionnas go raibh fiadhaille ag fas treas tré an tuibhe suas, agus an cruithneacht gan buanadh. Is
dona an sgeal so do Sasana; acht ata suil le Dia agam go mbainfighear an cruithneacht a n-Eirinn a slighe sabhála. Leighim san ccairt cceadna. go bhfuil piast fada ag cur ar eanlaigh sealgaireachta, tre fliuchacht na h-aimsire: la aoibhin brothallach greine tríd amach: gaoth ro-ciuin aniar ttuadh: fo-dhuine ag buain cruithneachta thimchioll Challain: d'eirigh na nealta mar an airgid beo. An treas la deag .i. dia ceadaoine. Maidir aoibhin ceo: gaoth ciuin attuadh: la brothallach greine go deire, acht ar feadh ceathramha uaire, ag tri a chlog, an tan do thuit cioth ro-throm. Is clos domh go raibh clagairneach ro-mhór ag Baile- aoibh-Laighean .i. baile fearainn a tteorainn cuige Laighean agus cuige Mumhan, tri mile budh thuadh o Callain. Taid na stacaighe cruithneachta da ndeanamh go mear anois. Taid buanaighthe Tubraidarann .i. Magh Feimh, ag teacht asteach air an cContae .i. gleann aoibhin an airgid agus an arbhair se againne .i. contae Cillcuinne .i. Osraidhe socharach. Ba glormhar aigheadh na speire d'eis luighe greine. An ceathramha la deag .i. la trosga .i. Oidhche Feil Muire Mór sa bhfoghbhar. Is aoibhin gleannta tiubha ceo ar maidin: gaoth ciuin fionfhuar anoir ttuadh. Ataid na stacaighe agus na stuaca ag eirghe tart thimchioll: la nealtana tirm: fo-bhraon um deire laoi, le gaoth fionfuar attuadh: dioscain agus cimeledhiscínighe ag garlachaibh ag teacht abhaile d'eis a bheith ag deanamh fobhair. An cuigeadh la deag .i. dia haoine. La Feil' Muire Mór sa bFoghbhar. La greine: gaoth ro-chiuin aniar. Toigeadh na ceadta spailpín agus bean ceangail um deire laoi. Is gnóthach bheitheas an la marach .i. satharn idir da shaoire sa bhfoghbar.
An seiseadh la deag .i. dia satharn. Naoi bpingine deag agus gloinne d'fhear corain, agus da sgilling do chuid aca ag breacadh lae. Ni bhfaighfidh bhfuighfaoi buanuidhe air aon airgid a leathuair na dhiaidh san. Maidin ceobhrain no ceof-rain: is rothrom luighid na duibh-nealta air cnoc is sliabh: gaoth beodha fionfhuar andeas. Ni chluinim glor éan, acht calaoid na ngealbhan tighe agus siosarna seaghan-a'-chaipín og is na toraibh, cois Amha Bige. Is bailbhe anois na h-éin na a mi gionbair gruama dorcha duairc. Ata aimsir a t-suirighe agus an goradh imthighthe, agus aimsir togan' a n-ál n-óg a n-uaigneas agus a cciuineas, agus aithchleitiughadh laithreach. Cluinim aon gearraguirt amhain ag fuaid-fuide ag Ceann- an-Faithche. Is comhsamhail gur chaill sí a cuid n-obh, agus go bhfuil sí ag breith lán nide eile dhiobh; acht beid siad deaghanach da ngoradh, agus marbhochas an fuacht an t-ál óg. O meadhan lae go deire, breagh tirm: gaoth beodha aniar: diosgain agus cimeliscinighe (.i. cime-le-dioscain), ag toicighe oga ag teacht abhaile ag deire lae. An seachtmhadh la deag .i. dia domhnach. La breagh greine nealtana: gaoth beodha aniar: ceofrán .i. ceobhraon um sé a chlog sa trathnona: sgilling sa la d'fhearaibh corain. An t-ochtmhadh la deag .i. dia luain. La breagh greine. fo-nealtana: gaoth aniar ar maidin. Ni cluinim glor éan; taid tinn ag aithchleitiughadh. Cromann eanlaith ag aithchleit-iughadh a ttosach an mhi si, agus ni bhionn na h-eitigheadh h-eití nua agus an clumh nua orrtha go lár Meadhon-Foghbhair. Bionn a lan diobh lag na dhiaidh air feadh an gheibhre go teacht an earraigh. Éagann na cinn laga ag aithchleitiughadh. Ni feicim fos iad; an marbh ataid uile? Ni cluinim teangtha gliogair na ccág, na glor an loinduibh dian, na fuidhe faoidh an smolaigh sultmhar na fuidhe na fuiseoige, na sian na spid- eoige, na duan a' dreoilín na cuachaireacht an (sic) cuaich caoin' na aic-aic na traonaighe, na fuid-fuide an gearraghuirt, na rann na riafoige riabhóige. Nil an sucán go sugach na
fos an fainleog coslubhach. Ni cluinim an gealbhan tighe na an gealbhan buidhe, na an gealbhan breac no gardha garaid. Ta an fearán feidhean féarán fiadhain nó eidhinn go fann ag cumha! cumha! ag Inis na Giubhaise, laimh le coradh Muilinn Ui Briain. "Ta siamsa is gliadar na n-ean go ciuin." Ta blaith ban mar clog ar an gCurrán casta, nó iadhlus anois; glaodhaim-se an feathlog fionn air. An naomhadh la deag .i. dia mairt. La breagh tirm dorcha: gaoth ciuin aniar. Car ghabhadar na fainleoga bhainn uainn. An fithcheadh la .i. dia ceadaoin. La Aonaigh na muc, Fearthuinn ag breacadh lae le gaoth beodha aniar ndeas. La siltheanach no ceobhránach no ceathanach go trathnona, no tri a chlog. La tirm as sin go deire. Ni fheicim acht aon ainleog amhain ag fuaidreadh. Ni doith liom go ndeinid aithchleit- iughadh san tir seo acht a ttir na h-Aifrice. Is ro-gearr go bhfaigfid siad an tir seo. Taid siad cois tragha na fairge na n-ealtaibh no na sgataibh reidh chum imteachta tar Muir Meann. Chidhim agus cluinim foigh-éinin. Taid siad d'eis fiabhras a n-aithchleitiughadh do chur diobh, is doith liom. Ta blaith liathcorcra air mismin na mona cois na h-Amha Bige anois. Ta an blaith odhar ag imtheacht don cairtloinn cumhra anois: drochluach ar muca ramhra. An cead la ficiod .i. diardaoin .i. La aonaigh. La breagh greine nealtana, foicheathain le gaoth beodha aniar: luach mor ar buaibh baine idir laoligheachaibh loiligheachaibh gamhnacaibh agus forgachaibh, tre iomadamhlacht an fheir, ghlais is tirm. Ta luach maith air ím .i. -: luach maith ar caorchaibh, idir reithe, molt, caora agus uan. An dare la fichiod: .i. dia haoine. La breagh fion-fuar greine: gaoth ciuin aniar ttuadh. Chuadhas cois na h-Amha Bige suas go Móin Poll-a' chapaill, conairceas
naosgaig, filbinigh-míog, corriasgadh agus lachain fiadhaine, agus dubhéana. Is éachtach sgreach an corriasgadh, fiadhain- mhíog an fhilibín agus meigeal an gabhairín reodha san bfasach so ion a ttóigid a n-óg. Thangas abhaile tre Cluain Ui Gheara (os cionn cuig muintear noch do cuireadh as a mbothán, ait ar ghlac Padruig Deibrius talamh), Culog agus Ath-an-uir. Nil deallramh maith ar aon barr ar talamh Cluain-Ui-Gheara na ar talamh na Culoige. Do mheath an coirce go foirleathan ann. Ata ceithre fichid fear ag gearadh an Amh Bighe (sic) nios doimhne chum an uisge do tarang de Pholl-a'-chapaill. Sgaoileadar sgor sul (sic) se a chlog, acht an fear diomhaoin aca: "Is fearr sos ann san obair na sgur ro-luath." Fuaras gearrcach riabhóige móna. Is ro-bhuartha na seann h-éin. An treas la fichiod .i. dia satharn. Maidin aoibhin greine. Ta an spideoigin uchtdearg com beo-ghlorach is is feidir e d'eis a taom tinnis .i. fiabhrais a h-aithchleitiughadh. Ni cluinim an fuiseoigin fhiadhain fos: la bog nealtana: gaoth ciuin aniar. An ceathramha la fichiod .i. dia domhnach. La breagh tirm dorcha: gaoth ciuin aniar. Chidhim an clumh ag tuitim go tiubh de na h-eanaibh beaga ceolmhara noch ata a ccliabhánaibh éan. Ta urmhor cruithneacht na duithche se na stacaighe: acht ata moran gan buain air na baraibh glasa fós. Nil coirce na tuibhe coirce ar cnoc na a ngleann; mheath se go foirlíonta nach beag, acht an coirce sgithianach sgiathánach. Ta so go mait, adeirtear liom. An cuigeadh la fichiod .i. dia luain. Maidin ciuin, ceo gan gal gaoithe. Briseadh cois an choirce idir an dara agus an treas glun; is iongantach an t-eirleach do rinneadh air. Inistear sgeal fiadhnuigheachta fiannuidheachta air niar leanas. - Oidhche anrodhach dorcha duibhré nealtiubh do buaileadh buile trom talcmhar air doras gabha Sleibhe Ruadh laimh le Sliabh Greine na nGarbhcúlach agus Sliabh Breathnach ba buirtheach. Cia sin amuich san meadhan-oidhche madramhail se, ar an gabha
gairigeach: Mise, gaisgigheach na nGaodhal, ar guth ciuin cneasta. d'eirigh an gabha go tapa as a leaba ruadh cnaiste, agus do leig an deoruidhe dian agus a chapal ciar aisteach air urlar a ceardcha. Iar lasa fiadhoige fidheoige .i. fiaga nó fiaige don gabha, do sheid allas a chroide agus a coirp tre n-a eadan allta ciarcasta, agus tre gach ball da bhallaibh ag amharc capaill ciair air aon chois ag an gaisgidheach garbh so. Cuir crú, ar an gaisgidheach. Fuidididide arsa an gabha agus e ar ballecrith. Na biodh eagla no obhain uamhan ort, ar gaisgidheach na nGaodhal, oir is duine muinteartha do chlanna Gaodhal mise, do reir mar thuigfir as an sgeal noch do inneosad duit anois. Ar chualais na borb-blaomana toirnighe o cianaibh? chua-chua-chualas ar an gabha go fann fadosnach. A bhfeacais an tinnteach tréan roimhe sin? cho-cho-cho-conaircas ar an gabha go géar gearr-analach. Ar chluinis bualadh borba clagairnighe caoimhitheach coimhighthighe an cloichshneachta cruadh air binn do bhothain agus ar comhla do dorais agus ar gloinne t'fhuinneoige? Chl-uineas air an gabha go ciuin craite. Ar breathnuighis nuaill na sreabh agus gáir na gaoithe gairbhthighe, agus geim garbh eanlaith na h-oidhche agus glor fiadhain folbh folamh an tsliabh (sic) tre gach deirc? Bhr-eathnuigheas, ar an gabha. Seo an oidhche ar an gaisgidheach gaodhalach ar thionol-adar anspiridighe na Sasana ar mulaighibh na sliabh ag teilgean beart agus ag deanamh geasa, agus ag imirt draoigheachta chum beatha agus barraighibh na h-Eirionn do mheath agus do milleadh, chum gleo is gorta, aicid is amhgar, galar is geoin do thabhairt anuas na tromualach air clanna craite Gaodhal glas; acht ni taosga túisge do cualasa so ar mullach Suighe Finn, nach ar gluaiseas fein agus Glor-Bhinn mo beansidhe, agus an sluagh sighe soilbhir seimh nar bfochair ag cogughadh ar son Clanna Gaodhal. San chead chath do buadhadar orainn agus do mhilleadar ceathramha cruithneachta na h-Eirionn le tinnteach
agus toirneach; noch do saigheadar nar ccoinne o buanaibh na sliabh, agus do chaill m'each alainn crúb crubh L.S.. San dara caith le cloichshneachta agus le clagairneacht noch do chartadar orainn o nealaibh ciardhubha, d'eis combrac comh-raic dian do sáruigheadh orainn, agus do mhilleadar leath eornan na h-Eirionn, agus do chaill m'each eattrom cos ón nglúin sios. San treas chaith do threasgadar me fein, agus mo shluadh-bhuidhean le gaoth gairbhtheach o garbh-ghleannta, agus le fearthainn fior-mhor anfadhach andeas; agus do chaill m'each ceathramha on ccorp. San cceathramha ccath, do chuadar na deamhain doilbhte se a bhfiorglinntibh an aeir agus shaoileadar sioc agus siordhonas do chur air potataoi na h-Éirionn; acht do bhuadhasa orrtha le nirt (sic) an sluadh sidhe, agus nior chaill m'each inniolta acht crú agus dar ndoith, is coir duitse, a ghabha ghaoidhealaigh an crú do chur. Cuirfead cheana, ar an gabha gnuisreadha gealghaireach, agus do ghleas chuige a casúr agus a thairnighe go h-inniolta eadtrom, ag cur na cruite dho. Do sginn an t-each, agus an gaisgidheach ar a mhuin, le guairdean gaoithe anois anoir agus le tinnteach tréan, agus le blaom toirnighe go nach ar bh'fhios don ghabha car ghabhadar. Is milse na mil beal na spideoige go mormhor o nach bhfuil aon einin eile beoghlorach acht í féin. La brothallach um meadhan lae; la nealtana ciuin as sin suas; gaoth ciuin andeas: da chorriasg cois na h-Amhan. An seiseadh la fichiod .i. dia mairt. La breagh geal greine nealtana: gaoth ciuin anoir ndeas: daoine ag buain coirce craite go cumhach: da phingin go leith air cloich patataoi nua: sean-photataoi air phingin an chloich. Ni fiu sin fein iad. Is í an caoinsiolan-chois-folbh an fearain féarán. Teilgeann garsúin scoile luadhlorg ionnta. Is feidir pipin Pan do dheanamh diobh. As so goirthear caoinsiolan diobh, caoin-siola .i. siola caoin .i. ceol caoin. Ta an caraod .i. an cearrachan fiadhain go lionmhar cois Amhain-a'-Righ laimh le Poll Seaghain.
Chidhim an t-iasgaire rigeamhail1 cruidín san ionad ceadna. Is ro-alainn an t-einín e: oidhche aorach gan neal gan ceo: an gealach go glormhar agus Mars go mordhalach san ard teas. An seachtmhadh la fichiod .i. dia ceadaoin .i. Oidhche Feil Auistin. La geal greine gan neal gan ceo: gaoth ciuin andeas. Cluinim roimh luighe greine cearc agus coilleach an gealbhain lion lín, linne ag canadh ceolta caoine da mbuidh-ean bheag air craoibhin cruim. Chidhim an seabhach .i. an bain-spioróg ag deanamh áir ar mioneanlaigh an aeir um deire laoi cois na cladhfais. Is robhreágh ceol an ghealbhain-cinn-cróidh- dheirg, no lasair coille. Ta se go gliadrach d'eis a thaom fiabhrais aithchleitiughadh. An t-ochtmhadh la fichiod .i. diardaoin. La Feil' Auguistin. La breagh brothallach greine: speir gan neal gan ceo: gaoth ciuin andeas. Ni fheicim an ainleog ciar. Chidhim fo-ainleog tighe, agus fo-ainleog amhan. Cluinim, a ngarán Uí Bhriain, ceol cumhach an choluir. Ta an clumh min ag imtheacht le gaoith den fothanán anois. Cluinim aon gearraguirt amhain ag Ceann-a'-Fatha ag fuid-fuide go fann. Ni chloisfead an chuach go Bealltoinne se chughainn, na an traonach: oidhche speirghlan ciuin gealaighe: Mars go lonnrach ag deanamh trioghuilean triantáin dathaobh ionnan chomhchosaigh le da realta seas-amhach tairismhe budh thuadh uadh; Mars san barruilean barruillinn. Soilseain siogacha go fann san ard shoir teas, ag eirghighe gealaige san ard thoir tuadh: reiltín tuitmheach san ard thoir tuadh: acht nior tuit realt ariamh. Nil ann acht teine aeir mar an foidín mearbhall (.i. boitin mearbhal .i. teine mearbhal). Ta an realt-budh-tuadh go fiordireach a n-ard an tochair gainimhe air Faithche an aonaigh: da brigh sin ta an tochar gainimhe go direach budh dheas is budh thuadh .i. air an crios meadhan lae .i. an meadan lae-áin.
An naomhad la fichiod .i. dia haoine. La breagh greine speirghlan: gaoth ciuin anoir: ceo tana um deire laoi, no idir-da-sholas (eadarsholus) um an radharccrois. Nil einin air craoibh chomh ceolmhar leis an spideoigin .i. fileanmheala gaodhalach. An deichmheadh la fichiod .i. dia satharn. Maidin ciuin: ceo ar cnocaibh criadhuiruighthe .i. saothruighthe, agus air sliabaibh sliosarda. La nealmhar: gaoth anoir. An t-aonmhadh la deag ar fichid .i. dia domhnach. La aoibhin brothallach greine speirghlan: gaoth ciuin anoir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services