Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Naoimh Antoine ó Phadua
Title
Beatha Naoimh Antoine ó Phadua
Author(s)
Ó Neachtain, Tadhg,
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1718
Publisher
(B.Á.C.: Fáisceán na gCeithre Máistrí, 1957)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEATHA NAOIMH ANTOIN Ó PHADUA CHUM MÓRGHLÓIRE DÉ Doruga Antóin naomhtha ó Phadua a Lisbon, ceannchathair ríoghacht Phoirtingeil, a ndesceirt na Spáinne, os comhghair gheata Eagluis Mhuire ionnar adhnaice corp an naomh beannuighthe Uincent ó thuistíghe shubháilceacha a mós, a mbéas agus a bhfhuil, darbh ainim Martan de Buighlion agus Teresa de Toveri. Do bhaiste Ferdinand, nó Feardorchadh, mar ainim, a nEagluis Mhuire, air, agus do lean an t-ainim sin de go glaca aibíde S. Proinsiaisi. A ttús a bheatha do ghnáthaigh an cora, ag mola Dé do ló agus d'oidhche, agá thoirbhirt do Dhia agus do Mhuire, noch do thogh sé mar bhanchara agus mar adhbhocóid. Gi gur chuir an diabhal cathuighthe na hóige air is é an-aois chúig mbliadhuin déug, gigheadh, níor ghiall dó, acht ag gnáthugha Ord S. Augustin a mbeatha dhiadha, gur thoiligh Dia dhó aibíd S. Proinnsiaisi do ghlaca. Ba duine eagnuighthe is na huile neitheibh é, ionnas gur thriall gach aon /11v/ dá chairde chuige ag iarra comhairle air, gur buaidheara riú é, tréarbh éigin dó cead a uachtaráin d'iarra re triall go Mainistir na Croiche naomhtha a gCoinimbria, mar ar ráinic sé críoch eagnuighthe agus thuigsiona a' scrioptúra. Timchioll an ama so do líon an domhan do dheaghchlú Naoimh Phroinnsiaisi, agus go mórmhór a bPortingal, mar a raibhe mainistreacha líonta dá lucht leanamhna. Agas ar gclos a gcrádhbha do Antoin
naomhtha, aga raibhe taisi na naoimhmhairtiribh Muroco don ord céadhna, do líon do dhúil fulang ar son Íosa Críost, mar d'fhulangdarsan, ionnus goma fiú é coróin mhairtireach, mar fuair siadsan. Ar tús do mheas gurbh í an tshlighe dó chum a leanamhna, an aibíd do ghlaca air féin, an ní dorinn, a gcompándacht dhias do dhaoine naomhtha cráidhbhiochadh diadha do Eagluis S. Antoin don taobh amuigh don gcathair gCoinimbria, ag comhrádha go minic riú agus ag foilsiughadh a /12/ mhiana dóibh, rear éisteadair go caoin ceannsuighthe, ag déanamh lá cinnte ris chum a thoile do choimhlíona. Ar gceileabhra dáibh do fhill ar ais chum na mainistreacha roimhráidhte, ag aisge a uachtaráin fá chead do thabhairt dó a mhian do shásughadh; an ní dothug dó, gi gur dhoilge ris é; tré a ndeachuigh Antoin naomhtha chum an ionadh cinte mar a raibhe an dias roimhráidhte, ó ar ghlac an aibíd. Adubhairt aon do Ord S. Aug. ag fonódhad ris an naomh, “Imidh, ar ndóigh, biadh tú naomhtha.” Dar fhreagair seisean, “Má bhím, molairsi Dia ar a shon.” An seisiudhadh bliadhuin fithcheat dá aois, san bhliadhuin d'aois an Tighearna 1220, do chuir an aibíd air, gi go raibhe cúig bliadhna déug roimhe sin a nOrd S. Aug., mar a bhfhuair eagna agus foghluim. Agas ar ttuigsean gurab a nEagluis S. Antoin do ghlac an aibíd air, d'aisg an t-ainim céadhna do bhaiste ar féin, ionnus gur amhluidh bu ludhaide do chuireach /12v/ a chairde buaidheare nó toirmeasg air, tré bheith aineólach ar a ainim. Do mheas ionn féin reis an gcoróin mairtireach d'fhagháil, maille re triall go hAsia, acht tré iomad a theinnis do smuain narbh é toil Dé é, tréar thriall ar ais go Moróco, nó gur chaluigh sé tré stoirm an-oileán Sicilia. Dochuaidh go convint bhráthar dobhí dá n-ollmhadh féin re
triall gus an chaibidil gheinearálta ag Assisium. Ag gluasacht riú, agus ar gcríochnughadh na caibidile, do aisg sé ar an bprovinnseal, darbh ainim Grasian, .i. Rómhánach, na hatacha do chur ar S. Proinsias é féin do ghlaca mar aon dá novíseacha oile agus a theagasg a rúndiamhar a oird; an ní dofuair dhó, Agas ar ndul gus a' choinvint réna uachtarán dó do iarr ionad ar leith dó féin; an ní dofuair, a mbochtáras ar Shliabh Phóil /13/ naomhtha, mar ar chaith seal dá ré a seirbhís Dé, gan bhia gan lón acht arán agus uisge. Agas gi gur fhoiligh an tsimplidheacht a mhórfhoghluim agus a eagna, do nocht Dia é. Óir ar mbeith dó a tTorlaoi, mar a raibhe beirt bhráthar do Ord S. Dominic, dar aisg an gairdian orra teagasg beag roimhe séire do dhéanamh, gidheagh, go humhal, do dhiúlt siadsan sin do dhéanamh. Ar sin, tré umhlacht, d'aisg sé Antoin teagasg do dhéanamh. Dar fhreagair seisean go caoin ceannsaidhthe ag rádh nar chleacht féin féin acht bróga do ghlana agus an cheistin do sguaba agus na miasa do nithe, do réir mar a b'fheasach a chualughdar. Do chreideadar é. Gidheagh, an t-uachtarán, níor ghabh an leisceul soin, gur umhluigh an naomh agus gur thosaigh go simplídhe, rear éistigh an coimhthionnól, a líona d'iongantas a eagna agus a fhoghluim, gi gur líonadair nísa /13v/ mhó dá theagasg. Ar gclos do Phroinsias naomhtha a mhórfhoghluim d'órduidh 'na theagasguidh é, ionnar tairbhe a bhfiadhnaisi Dé, ag teagasg uasal agus íseal, go nach spáráil bocht ná nocht, rígh ná prionnsa, ná aon oile dá bhfhacagh locht ionnta. Lá n-aon dá ndeachuigh Antoin naomhtha agus Ádhamh de Mairisco, Sasanach, go Verseils ag foghluim ó aba S. Andreu, noch do chuir oibreacha Naomh Dhonnchadha Areopagita go Laidean a Ghréigis, do adbhuigh an t-ab céadna gur mór do eagnuigh sé é
féin riú. Agas ar mbeith ag seanmóir bhriathraibh Phóil naomhtha, do réir mhíniughadh Naomh Dhonnchadha, a bhfhiadhnaisi aba Oird S. Benet do Antoin naomhtha, doconcas tomall fada tóige ón talamh é. Do cuire Antoin naomhtha 'na ghairdian go convint Limoges a nAcutain san bhFhrainc rés na críostuighthibh do /14/ chailciughadh ionna gcreideamh agus re iompódha na n-eiricibh á eiriceacht; an ní dorinn. Agas ar mbeith ag seanmóir ar pháis an Tighearna ar maidin Aoine Céusa a tTeampoll Peadair Quadrunio, doconcas san chonvint é, gi nar fhág an pulpit ionna raibhe ag seanmóir, agus do léigh an leasun do na bráthraibh bhí san gcora. Agas uair oile ag Montpeillier agus é ag seanmóir san teampoll mór do choimhnigh gur dhearmad sé duine do thoghadh 'na ionadh féin re canadh an Alleluia, ba gnáthoific dó féin ar mbeith san gcoradh dó. Ris sin do chrum a cheann agus doconcas san choradh é; gigheadh, níor fhág a theagasg. Ná cuir so an-iongantas, óir doconcas S. Ambros ag adhlaiceadh Naomh Mhartan ó Thours agus a Milan an-aon am. Dobhí san mainistir 'na raibhe S. Antoin novíseach darbh ainim Peadar /14v/ ar ar cuire iomad cathaighthe an t-ord do thréigean, chum ar ghoir Antoin naomhtha, ag séide 'na bhéul, tréar thuit an novíseach a néull chum talmhuin, chum ar roith an cualughdar uile dá chabhrughadh. Reis sin dorug Antoin ar lámh air dá thógbháil suas. Ar mball do thrácht an novíseach ar amharc neamhdha do fuair sé seal bhí a néull, gur thoirmiosg an naomh é; agus ón lá soin go fuine a bheatha níor fhág an t-ord cráidhbheach, acht mar bhuabhall bhinnghlórach don ord agus do na huile dá bhfhacaidh nó dá gcualuigh é. Dobhí cathughadh anmhór ar eagluiseach do
mhainistir Sheamoniaca ttaobh drúise, agus re croidhe- bhrúghadh, go caondúrrach do fhaoisidin sin re Antóin naomhtha; rear aisg an naomh é a aibíd féin do ghlacadh air; an ní dorinn; tréar saoradh go lá a bháis ó /15/ shamhlacht na gcaithighthe céadhna é. Dobhí a gcathair Limogines bean chráidhbheach shubháilceach aga raibhe céile míochráidhbheach neimhdhiadha dorruisg drochmhúinnteadh, agus do bhuail sé go mór hí, tréna beith ní ba faide mar mheas seisean ná mar ba cóir dhi ag seirbhís Dé, agus do stróic gruag a cinn as a fhréamhuibh, tréar chuir teachta d'ionnsuighthe an naoimh, ag aisge air fá Dhia do ghuidhe chum a fóiridhin agus a gruag do aisiog dí arís. Do thíodhlaic Dia a haisge di, tréar iompaidh a fear ar bhfhaicsin an mhíorbhuile ar Dhia, ag creideamhuin í a bheith geanmnach cráidhbheach subháilce. Ar mbeith do Antoin naomhtha a mainistir Bearnn, do tóige reis féin, a bhfhairce Limoges, do bhean cruatan dá chompáin, /15v/ tréar chuir aon dá chualuadar d'ionnsaigh bhaintighearna fhíorchráidhbhach ag aisge uirrthe beagán coluart, nó burráiste, thabhart dó ré cruatan na heaglaisi d'fhóiridhin. Dubhairt an bhean uasal ré a hinnilt sin d'fhagháil. d'fhreagar an cailín, ag rádh go raibhe fearuinn anmhór amuigh; agus gi gur dheacair ria é, do thiomsaigh an phraiseach; míorbhuile Dé níor bhean braon ria; tréar mhórdhaidh a' bhaintighearna agus a hoiriochtacht uile Dia, príomhughdar na maitheasa. Ar mbeith don naomh uasal so ag seanmóir, do tháinig teachtaire re litir 'na láimh chum mná onóruidh dobhí san iorachttas ag éisteacht na seanmóradh. Do fhoillsigh dhi ar mbeith dá mac ag braoineachas gur marbhadh é. Reis sin dubhairt Antoin naomhtha ria gur teachtaire ón diabhal do
thug an litir di ar eagladh go /16/ bhfoghnagh an tseanmóir di, agus go raibhe a mac slán. Ar bhfhaicsin sin disse do mhol agus do mhórdhaidh ainim Dé. D'éis aspoirt dochonairc comhthionól Limogines ar mbeith ag spaisteóireacht dáibh iomad ag mille goirt biataidh don mhainistir, tréar ghearánadair reid an naomh é. Dar fhreagair sesan, ag rádh gur deamhuin dobhí ann a bhfhoirm dhaondha, noch do mhéadaigh clú an naoimh agus mórghlóire Dé. Agas feacht oile san mainistir chéadna agus é a' teagasg, do chruinigh annuibhir chuige, go nach raibhe an teampoll mór go lór chum a gcongbháil, tréarbh éigin farsaine an mhaogh do ghlacadh dáibh, agus a lár na seanmóradh do folchagh an t-aer go tobann ré stuirm uaithmhialta thinntighe thóirníghe, /16/ go raibhe gach aon ar tí an n-áit d'fhágbháil, gur aisg an naomh iad gan corrughadh, ag gealamhuin, dá gcuireadaois a ndóigh a nDia, nach beanach an stuirm riú. d'umhluighdair, ag fuireach go críochnughadh na seanmóradh. Agas ag filleadh dá ttoighthibh do dhearcadair nach raibhe conair gan mhórthuile ná sráid gan aibhne ionnta, agus an moigh ionna raibhe an poball, dobhí gan bhraon don stuirm; tréar mórdha ainim Dé. Agas uair oile do bhí amadán ag cur cathughadh ar an bpoball, noch do aisg an naomh go caoin milbhriathrach scur dá amadándhacht. Dar fhreagair seisean, munadh ttiubhradh an naomh a aibíd dó nach scuirfeach. Reis sin tug an naomh sin dó. Agas ar nglacagh na haibíde don amadán do phóg í, dá cur air; tré a ttáinig ciall nádúrdha chuige, agus gur mhair /17/ amhluigh san órd céadna go bhfhuair bás naomhtha cráidhbheach diadha; tréar ghlóireadh ainim an Tighearna. Ar gclos do bhean aga raibhe leanbh óg é do bheith ag seanmóir do raich chum na seanmóradh, ag teilgean an leinbh as a lámhadh dobhí 'na hucht
a gcoireadh bruiteadh a riocht a chur a gcliabhán. Agas ag smuainiughadh an riocht a d'fhágaidh an leanbh do raich, agus iomad mar aon ria, chum a toighe, ag gul agus ag gárrtha; acht ní an-aghaidh nádúrtha, dofuair an leanabh ag súgaragh agus ag gáireagh; tréar mhóruidheadair ainim a' Tighearna. Tré aindiúil a theagasg d'éisteacht do bhean oile d'fhágaidh a leanbh 'na diaigh a gcliabhán, agus ar bhfhilleadh ón tseanmóir dhi dofuair plúchtagh é. Reis sin d'fhill ar an tseanmóntuidh, agá aisgeadh a naoighin do aithbheódhagh. Dubhairt /17v/ ria, “Imigh abhaile agus bhéara Dia do naoighin ar ais dhuit”; an ní dofuair; tréar mhol sisi agus gach a bhfhacadh an míorbhuile Dia. Dobhí ógánach ag faoisidin ré S. Antoin, agus tré a chroidhbhrúgh, a mhóraithrighe agus a dhéur ní raibhe ionna chumas a pheacadh d'fhoillsiughadh dó. Ria a ndubhairt an naomh a fhaoisidin do scríobhadh; an ní dorinnigh. Agas ar ttabhairt an scríobhinn aláimh an naoimh dofuair blatálta iad a churrthuibh; dar mheas cách go raibhe a churthuibh arna mathamh dó; tréar moladh Dia. Ag seanmóir ar bhás úsúireach do Antóin naomhtha dubhairt, do réir Matha, san .6. caib., mar a raibhe a shaidhbhreas, gurab san ionadh céadna dobhí a chroidhe. Agas d'aisg aos grádha an mhairbh dhul d'ionnsaidh mar a raibhe a chiste an ní dorinneadair mar a bhfhuaireadair, pocadaoil, croidhe an tsaidhbhir a measg a chuid óir; an ní ba cionnfadh riú Dia do mhola. Dobhí noibhíseach a Montpeillier, noch do ghaduigh portús Antoin naomhtha, agus ar ndul tar abhuinn /18/ dobhí 'na chonair dó dochonairc sé foirm uaithmhialta allta a' diabhail agus cloidheamh 'na láimh, dar bhagair air muna n-aiseagadh an leabhar dá shealbhuidhe; an ní dorinn, agá theilgean féin faoi chosa an naoimh agus ag iarra
maithfeadh air; an ní dofuair; tréar sheaduigh san órd céadna go fuine a bheatha ag mola Dé. Ar gcríochnughadh a uachtaránacht a Limogines dó, agus ag triall gus na caib. dochuaidh asteach a ttoigh mhná boichte, noch dofuair ar airliceadh ó chomharsan dí copán glaine re deoch do thiolaiceadh don naomh. Do briseadh an gloine, tré a ndeachuidh d'iarraidh soitheach oile ag dearmad soitheach na díghe do stapa. Agas ar bhfhille di dofuair gan bhraon an soitheach; tréar chrom Antoin naomhtha a chionn a' guidhe Dé, ar ttuigsean diaghrún na mná. Ar mball dofuair an bhean a soitheach líonta do dhigh agus a gloine slán; tréar mhol sí ainim Dé, agus ag admháil nar lughaide an spré déirceadh do thoirbheart do bhochtuibh Dé, noch do mholach Dia. /18v/ Do bhean neamhchodhla do dhuine uasal a raibhe Antoin naomhtha 'na thoigh, agus ag spasdeóireacht re hais dhorais imsgine an naoimh dó dochonairc soilsigh mór ann. Agas ag féachain go grinn tré pholl eochrach an dorais dochonairc ar leabhar mór a bhfhiadhnais an naoimh leanbh sciamhach dealrach ro-ádhluin ag súgradh ris agus ag pógadh an naoimh, ag cur a lámhaibh beagadh timchioll a bhrághuid, agus an naomh mar an gcéadna dá phógasan. Agas ag méad an tsolais agus an aoibhinnis dofuair an duine uasal agá bhfaicsin amhluidh sin do líon do dhúil a bheith dá bhfhaicsin gan scíos, do shíor. Reis sin do innis an leanbh don naomh an duine uasal do bheith ag féachain orra, agus ag glaca a cheada ris d'fhág é. Ar sin dochuaidh an naomh gus an dorus, ag aisge an duine uasal an t-amharc dofuair, gan a fhoillsiughadh do aon go fagháil bháis dó féin; an ní rinnigh, ag mola Dé. /19/ Lá n-aon dá ndearnadh Antoin naomhtha cuairt chum mná toirrcheadh, d'airis di go mbéara sí leanbh, noch d'fhuileóngach mairtíreacht ar
son Íosa Críost. Agas do ba fíor dó é, óir ar mbeith 'na bhráthair mionúr dó dochuaidh 'na iolarach gus an tTalamh Bheannuighthe. Dochuaidh go cathair Asoto, noch do gabhadh go grod 'na dhiaigh sin ris na Turcaidh tré fhill, ag cur 2000 críostuighe dobhí san mbaile chum báis, agus an bráthair roimhráidhte mar aon riú. Dobhí a gcathair Pui san bhFrainc notari saidhbhir, .i. fear fiadhnais, droichbheartach a mbeatha agus a gcriodiomh, dar bheannuigh Antoin go minic, ag athrughadh a bharréada dó; tréar shíl an saidhbhir gurab ag mogadh faoi féin dobhí, agus uime sin do sheachuin gach conair ionna bhfhaca sé an naomh ar eagla teangmháil air. Agas tarrla uair áirmhighthe 'na bhealach é, ionnas narbh fhéidir a sheachnadh, tréar bheannuigh ní ba humhluidhe ná riamh roimhe. Do líon an saidhbhir d'fhearg, ag rádh: “A mheirleadh, muna mbeith t'aibíd is fada roimhe so churfuinn /19v/ mo chloidheamh go dornchur ad chliabh agus ad chroidhe coiripe. Acht, a scláibh, airis dhamh créad fá bhfhonódair mé amhluigh so.” Re humhlacht do fhreagair an naomh, ag rádh: “A dhearbhráthair ghrádhuigh, guidhim thú ná bíodh buaidhreadh ort, óir dothug Dia dhuit bás d'fhulang ar son do Shlánaightheóra Íosa Críost, .i. bás nach fiú misi d'fhagháil, agus ag fulang mairtíreacht duit coimhnigh oramsa, an peacach bocht, réd ghuidhe chum Dé ar mo shon.” d'athraidh an saidhbhir a fhearg go gáire, ag magadh faoi rádhtaibh an naoimh, agus ag scaramhuin ris. Go grod 'na dhiaigh sin do fírinne ráidhtibh an naoimh amhluigh so: Dochuaidh an saidhbhir mar aon agus easbog Phui ar iolarrachas don Talamh Bheannuighthe, agus ar mbeith don easbog ag argúin ris na Turcaidh lá n-aon a ttimchioll creideamh, do mheas an saidhbhir nar chosain an t-easbog an creideamh mar bu ceart. Uime soin do ghlac an
argúin, nó 'n diospóireacht, ar féin, ag rádh gur mhac an dulamughadh é Mahomet do damnuighe go hithfreann ré fírbhreith Dé, agus go ndéanfuidh amhluidh sin riúsan munadh ttréigedís a saoibhgcreideamh. Ar gclos a /20/ ráidhtibh dóibhsean do líonadair d'fheirg, dá bhualadh. Agas an-éis ttrí lá d'fhulaing bás ar son creideamh Dé, ag admháil dá chompáin gur thairnghaire Antoin naomhtha an bás soin dó. Ag feis Bhourges do theagasg sé airdeasbog do bhí líonta d'eiriceacht; agus a gcríochnughadh na seanmóradh do scrúd a chogús, ag admháil a locht do Antoin naomhtha, dá ttug seisean leigheas spioradálta; tréar fhan an t-ardeasbog a riaghail na ngrása go fuine a bheatha. Dobhí duine do lucht Phádughadh darbh ainim Leonard a' faoisidin ris an naomh agus d'fhaoisidin gur bhuail a chois faoi bhronn a mháthar, rear thuit sí chum talmhan. Dubhairt an naomh ris, do réir Íosa Críost, san 18 ca. ag Matha, gur thuill an chois gcéadhna do ghearra de. Agas a ndéis a dhul abhaile dó do ghearr an chois de. Acht an mháthair bhoicht, ar ttuigsean an ghníomha di do labhair go scaillideach ris an naomh, ag rádh gurab é ba cionntach rena mac a chos do ghearra de. Tráth thuig seisean simplidheacht an duine do ghuidh Dia, tréar slánuighthe hé, agus ar méaduidhe glóir Dé. /20v/ Eselin, an tíoránach ó Phadughadh, do harduighthe chum móronóir ris an impir, an dara Federic, agus d'imir gach olc dá m'fhéidir re diabhal do thionnsgnadh ar sheirbhíseachadh Dé, agus do mharbh gan chionnfadha ar bith iomad daoinibh, ag buain a saidhbhreas, a maoin agus a bhfhearann díobh. Dochuaidh Antoin naomhtha dá ionnsaighe agus do labhair ris ar an modh so: “A thíoghranaigh bharbardha agus a namhuid Dé, cia ham chríochnóchair do dhíbhfeirge
agus a stadair ó dhórta fuil na gcríostuighthibh fíréanda, noch do dhoirtais gan chionnfadh, agus creid gan bhréig go bhfuilir faoi bhreith uathbhásaidh fhírcheirt Dé an t-am is lúgh shílir é, agus smuain gurab é Dia dothug gach a bhfhuil agad dhuit, agus féach créad é an tseirbhís dorinnis dó ar a shon.” Iar rádh na mbriathar soin don naomh do roinneadh uan umhal don fhaolchú fhuilteach dhíbhfheirgeach; tré a ndubhairt res na hargaightheóiribh dobhíodh ag foghnadh dhó: “Ná cuiridh an-iongantas an aithfhighiriughadh so d'éirghe dhamhsa, óir meannuighim dhíbh go bhfhaca mé colamhna do dhealra neamhdha ag teacht a ghnúis an ionraic úd. Do chriothnaigh mo chroidhe, gur shíleas, nó gur taidhbhrighe dhamh, go raibhe craos athuathmhar uathbhásaidh craosluigthe ithfrinn /21/ fosgailte chum mo shluigthe.” Ris sin d'athraigh a inntinn, ag cur teachta d'ionnsaidh an naoimh re mórthiodhlaic, ag rádh reis na teachta: “Má ghlacan uaibh an bronntas, marbhthar ribh é, acht má dhiúltan a lámha uaibh, fillidh chugamsa gan mhaill.” Dorinneadair samhluidh sin; agus ar ttoirbhert na ttiodhlaicibh don naomh, do aisgeadair é Dia do ghuidhe fá logha a chionntaibh do thabhairt do Eselin. Dar fhreagair seisean, ag rádh: “Go gcaomhna Dia ar bhur ttabhartas mé agus oruibh féin, óir ní bhfhuil ann acht luach fhola seirbhísigh Dé agas bochtáin Íosa Críost, ionna ttiubhradh seisean conntus caol cruadh ann. Agas imígh sibhsi go tapadh ar eagladh an tighe si do thuitim oruibh nó an talamh do fhosgladh chum bhur gcraosshlugtha beó.” Do chriothnaigh rádh an naoimh iad, ag filleadh ar an tíoránach líonta do náire, agus agá innsin dó gach a ndubhradh riú; tréar orduigh seisean gan toirmeasg do chur ar an naomh nísa mhódh ionna theagasg. Agas ba losga daoithe dó féin sin.
Feacht oile do bheirt ar fhithchit bithbheanach ag éisteacht seanmóradh an naoimh, do las a gcroídhibh /21v/ do thine grádha Dé, tréar iompaidair óna ndroichbheatha go deaghbheatha, ionnas go bhfhuair a n-urmhór deaghbhás a seirbhís an Dé fhíre. Ar bhruach trágha ag seanmóir a measg eiricibh don naomh, do dhiúltadair a sheanmóir d'éisteacht, tréar chas seisean a aghaidh ar an mhuir, ag maoghughadh ar na héisg gur chaomhuin Dia san díle iad agus go ttug beatha dhóibh agus gur tré a mhórthrócaire do chruthaigh iad, agus samhluigh sin do chomhrádhtibh oile. Ris sin do thineóladair annuibhir 'na láthair díobh ag teasbéana an uile chomhartha umhladh agus onóra don naomh rena gcionn agus re a n-iorbuill, agus ag fuireach go bhfuair a bheannacht. Agas ar bhfhaicsin an mhíorbhuile do na heiricibh d'iompuidair ar an tslighe gceart, ag mola Dé. Ar mbeith ag seanmóir a tTolous, nó, do réir droinge oile, a Rimini, an-aghaidh eiriceach do shéun an Corp naomh do bheith san tSacramuint, gi gur chruthaigh an naomh re mórfhóghluim roimhe é, agus do shéan do shíor é, ag rádh gan mhíorbhuile nach gcreideach féin go raibhe corp Chríost san adhbhluinn; dá ndubhairt an naomh ris /22/ smuainiughadh an modh do ba fearr leis míorbhuile do chruthughadh. Dubhairt an t-eiriceach, a ndiaigh ttrí lá do throsgadh do mhúile, an tSacramuint agus criathar coirce do chur 'na fiadhnaisi, agus dá bhfhágadh an coirce agus an tSacramuint d'ádhradh go n-ádhradh féin amhluidh é. D'éis aithfrinn, an-amharc na gcathraightheóiribh, dotugadh an Corp naomh mar aon agus an coirce chum an bheathaigh, agus dá mhéad a hocras do thréig an coirce, ag sléachtughadh a bhfhiadhnaisi an tSácramuint; tréar iompaigh an t-eiriceach agus gach a raibhe do eiricibh san ionadh ar an gcreideamh gceart; tréar mhol na
críostuighthibh ainim Dé. Do líon an míorbhuile si croidhe na n-eiricibh d'fhuath, ionnus gur thionscanadar bás an naoimh, maille re cuireadh do thabhairt dó; an ní dorinneadair. Agas ag cur neimh 'na bhia; tré a ttug an naomh spaille dóibh; go míonáireach d'fhreagaradair é, ag rádh gur gheall Críost dá dhisciobailibh dá n-ibhedís nimh nach ndéanamh díth ná dochar dóibh, agus gurab dá dhearbhadh san do cuire nimh san mbiadh. Reis sin do stad an naomh, ag meas gurab dá chur ar a fhaire d'fhoillsigh Dia dó é, agus arís do smuain gurbh fhearr an scriobtúir /22v/ do dhéanamh fírinneach agus an nimh do ghlacadh, nó do fhromhadh; an ní dorinn; tréar iompaidh na heiricibh ar an fhírinne, ag moladh Dé. D'fhuagair an naodhughadh Greaghoir pápa féasta nó logha do choimhéad san Róimh an-onóir thuras na gcríostuighthibh, dá ngoirthí Crosade san tTalamh Bheannuighthe chum a ttáinig aniomad á gach críoch san Eóruip. Dochualaidh gach aon díobh teangadh náttúrdha a dhútha féin ag Antoin naomhtha dá theagasg agus dá sheanmóir dóibh. Bean ionna raibhe dúil lasamhuin seanmóir an naoimh d'éisteacht agus dar chros a céile í dhul san iorachtas ionna raibhe ag teagasg, tré a beith trí mhíle uatha dhi, dochuaidh go seómra uachtarach a tighe dá sásughadh féin re dearcadh na háite; mórghlóir do Dhia dochualaidh sí briathraibh an tseanmóntuigh go sothuigsi, agus ag gairim a feir 'na dochum, gur éist an tseanmóir, tréar fhuiling dí a tréanas agus a crádhbhadh do ghnáthugha ré Dia do shíormhola. Ar eagladh glóir dhíomhaoin na ndaoine as gnáth ag moladh seanmónntuigh binnghlórach do ghlac slíghe anthaighthidhe, ionnar thárladh bean bhocht air, noch d'aisg air a hucht Dé /23/ uileachumhachta fighir amháin na croisi do tharaing ar a
mac, dobhí 'na chláiríneach; dar dhiúlt seisean. Gigheadh, issi mar Chananach oile, níor scuir dá atachadh gur ghearr an naomh fioghuir na croisi air; tréar shlánaigh Dia é, ag tabhairt comas a bhuill dó. Agas cailín beag ó Phádughadh, do chreapull an tinneas mór a baill; re fioghuir na croisi do leigheas sé í. Bean uasal ghairléideach aga raibhe céile borb sgaluideach, agus í ag éisteacht a sheanmóradh, tré anbhrúghadh na ndaoine do thuit sí a ndíogadh bréantais agas salachair. Do ghuidh sí Dia a hucht thuilleamhuin an naoimh a nuadhchuladh do léigean dí gan tsal gan cháith. Agas ar n-éirghe as an díogadh dí dofuair a haisge; tréar mhol an puball Dia na glóire. Ar gcathamh iomad aimsire don naomh ag teagasg, ag tarraing, a' comhairliughadh agus ag éisteacht daoine do mheas ionad aonracánach d'fhághail dó féin chum meadhonuighthe. Uime sin do scríobh chum an phrovinseal, agus ag leagan na litreach ar a' mbórd 'na fhiadhnuisi do aisg sé an gairdian teachta dílis do chur ris an litir. Dubhairt ris go ndéanach. Ar bhfhille don naomh ní bhfhuair an litir, ag /23v/ meas gurbh é toil Dé a fhuireach san staid a raibhe, agus dubhairt réna ghairdian gur arrthaidh sé a inntinn. Gidheagh, go grod 'na dhiaigh sin dofuair ar an mbórd gcéadna freagradh an phrovinsil ar a litir, noch do thoiligh aonaránacht dó; tréar mheas an coimhthionól gurab aingeal dothug an litir uaith agus chuige; tréar mholadair agus ar mhóruidheadair an t-aoinDhia uileachumhachtach do chruthaigh neamh agus talamh agus gach a bhfhuil ionnta. Ba duine úr uasal onórach athair Antoin naomhtha ar a raibhe cúmhrum thiomsaighthe cíosa an ríogh Pontinghealach; agus ar ttabhairt do fhéidhmionnuigh an ríogh an cíos céadna, níor iarr scríobhuinn orra re admháil gach a bhfuaireadair uaidh. Agas
ag meas nar riachtanas é, tréna mbeith, mar shaoil seisean, do réir a chroidhe féin. Gidheagh, go grod 'na dhiaigh sin dubhradair ris contus do thabhairt san gcíos, agus ag séanadh go bhfuaireadair pighin uaidh. Do chrithnigh an duine maith si, ag innsin an uaire, an amma agus na háite a ttug dóibh é. Do shéunadair arís é, agá thabhairt fó dhlighe a láthair na ttuirghinibh. Doconcas Antóin naomhtha, noch dubhairt go maorruighthe reis na féidhmionnuigh scríobhuin fóna /24/ lámhaibh do thabhairt don duine maith si ar son an airgid dothug sé dhóibh a leithid so do lá, a leithid so d'airgead, mar so agus mar so; agus dubhairt riú, “Mar ndéantaoidh an ceart ris, díoghóluigh Dia oruibh féin agus ar bhar sliocht 'nar ndiaigh é.” Ar gclos an fhuidhle so dos na féidhmionnaibh do chriothnaighdair, ag tabhairt sásughadh agus dearbhadh dó go bhfhuaireadair gach a raibhe ar a chúmhram uaidh. Reis sin d'fhill an t-uasal chum a thighe, ag tabhairt buidheachas do Dhia gurbh fhiú é féin Antoin naomhtha do bheith 'na mhac aige. Treall 'na dhiaigh sin do fridhe corp ógánuigh mhairbh a luibhghort an uasail thuas; tréar cuire é féin agus a thíghealach go huile a gcarcar. Do tugadh breith bháis orra. Do foillsighe sin a bPadua, a lár a sheanmóradh, do Antoin naomhtha, tréar chrom a cheann agus go ndeachaidh a spiorad go Lisbon, mar ar aithbheóthaigh sé an marbh, noch a d'fhoillsi go raibhe athair an naoimh agus a mhuintir go huile neimhchionntach. Ris sin do aisg an naomh apsolóid a pheacadh do thabhairt dó féin. Dorinnigh an naomh sin, ag saora a athar agus a mhuinntir ó bhás /24v/ corpordha agus anam an mhairbh ó bhás síorrdhuidhe. Do scríobh lucht Phadua go Liosbon agus lucht Liosbon go Padua ag dearbhadh na neithibh si tarladh; tréar moladh agus ar mórdhuidhe ainim Dé.
Feacht oile do shaor sé an t-ord ar shaint agus ar uathmhar Heilias, genearál an uird, noch d'athrraigh ó a gheinioráltacht re hórdughadh an Phápa Greaghóir. Ba liosta gach ríoghacht, gach cóigeadh, gach fairce, gach tuath agus gach tír do líonadh do mhíorbhuile, do theagasg agus do dhéaghoibre Antoin naomhtha, agus mar an gcéadhna a liadhacht rígh, prionnsa, uasal agus íseal, bocht agus saidhbhir do thug umhlacht agus cádhus, grádh agus gean dó, agus gach anam dar ghnothaigh sé do Dhia. Uime sin ní labharam acht ar a sheanmóntaibh san Charghus dhéighionaigh a bPadua san bhliadhuin 1230 d'aois an Tighearna. 'Ndéis gach duath dar fhulaing agus gach tír dar thaisteal, do thoiligh Dia na glóire an Spiorad Naomh dá sheóladh go Padua an t-athuair, mar ar chruinnigh puball codh mór agus soin nach raibhe teampoll san gcruinne ionna ttuilleadaois. Uime sin dob éigin dóibh fairsinne an mhachaire /25/ do ghlacadh. Agas ar eagladh go bhfhoghnadh a sheanmóir do na críostuighthibh, dorug an droichspiorad ar sgóig air dá theachta. Acht do ghuidhe Muire mhín bheannaighe ris; rear saoradh ó dhóruinn an chéusaightheóradh é; tréar mhol sé Dia tré Mhuire mháthair dá shaora. Ba doichreideamh an déighinntinn agus an mian lasamhuin dobhí ní ag na Paduans amháin acht ag gach aon dar thimchioll an áit ionna mbíodh an naomh ag teagasg, ag roich chum éisteacht ris agus ag fágbháil a ngnathuighthe dá prádhainighe. Óir dobhíodh an t-easbog agus a eagluis ag éisteacht ris, dobhíodh an rígh agus an prionnsa ag éisteacht ris, an t-uasal, agus an t-ísiol ag éisteacht ris, an sean agus an t-óg ag éisteacht ris, an bhean phósta agus an mhaighdean ag éisteacht ris. Do stadach an ceannuigh a cheannach, an fear dlíghe a dhligheóireacht,
an breitheamh a bhreitheamhnacht agus an ceardán dá chéird re humhlacht chroídhe chum éisteacht ris. Agas gi go mbíodh 30000 do dhaoinibh ar uairibh ag éisteacht a dheaghtheagaisg, ní cluinfí smid uadh dhuine acu seachadh dhuine oile acht dar leat gurab aon chroidhe dobhíodh acu uile ó bheith líonta díobh do thine theasghrádha Dé. Rena linn tugadh /25v/ fuasgladh do phríosúnaigh, maitheamhnas a bhfhiacha do na fiachamhnaibh, aiseag ar ghaduigheachta, agus drochdhaoine chum deaghbheatha, agus sin uile tré a sheanmóiribh. Ní bhfhuil ré rádh air acht gur shanntaigh gach aon iad féin dá gcomailt de, agus dá bhfhuidheadaois dá aibíd, do mheasadair iad féin gan easbhadh. Ar gcríochnughadh an Charghuis roimhráidhte, do aisg sodhacal dó féin a maoigh Pheadair; agus ba re duine uasal darbh ainim Tise an maoigh; don Órd Mionúr dobhá 'na bhiatach; agus do chuir trí bothóguidh do shoileach dá thógbháil, .i. do Antoin naomhtha do Ruaghruidhe agus do Lúcás, ba compánaidh dá chéile. Do ghlac teinneas Antoin naomhtha, do mhéadaigh go laethamhuil, darab éigin dó triall gus an chonvint bu neasa dó, agus ag fáistine gur ghrod go n-onóruigh re mórghlóir an áit chéadna. Ba fíor dó é, óir gus aniu, d'éis a bháis, do thriall an domhan mór chum na cathrach céadna ag onórughadh a thaisi. Dochuaidh as sin go Arceile ar ttuigsin a bháis a bheith a ngar dó, mar a bhfhuair ceart na heagluisi; agus ar gcríochnughadh rádh na seacht psailm /26/ aithrighe ris féin agus an eagluis, dubhairt féin 'na aonarán an hiomuin O gloriosa Domina. Reis sin, an Mhaighdean ghlóirmhear Muire Mháthair do thaisbéan sí í féin aga bhás dó; agus ag labhairt réna chompánach Ruadhruidhe dubhairt ris, “Tídhim mo Thighearna Íosa Críost”, agus a gcionn leathuaire 'na dhiaigh sin, is é tóigthe a spiorad, do thoirbhir a anam ar Dhia na glóire,
amhuil do bheith 'na chodhla, san bhliadhuin d'aois an Tighearna míle dá chéad treachad haon, an treas lá déug do mhí Mheadhoin an tsamhradh, Dia hAoine, san triocha sé bliadhuin dá aois, noch do chaith sé amhluidh so, cúig bliadhna déug a ttoigh a athar, dá bhliadhuin a Mainistir S. Vinsint a Liosbon, naoi mbliadhna a Mainistir na Croisi naomhtha a gCoinimbria, agus timchioll deich mbliadhna a nÓrd S. Proinsiais. Féach, a chorp dobhí roimhe a bháis bocht tarcuisneach lé féachaint air, do hiompaidh a ngeile, a nglaine agus a ndealradh, amhuil choirp /26v/ neamhdha. Agas ar uair a bháis dochuadh go himsgin aba Vercels, do ba oide foghluma dó féin roimhe, ag súgradh, ag gáire agus ag clasuidheacht ris, ag cur a lámha faoi a smeig agus dá leigheas ó sheanothar dobhí ag leanamhuin de, agus ag innsinn dó é féin a bheith ag gabháil a cheada ris, agus go raibhe ag triall gus a dhútha féin. Ris sin dochuaidh amach san chúldorus; do lean an t-ab é acht ní bhfhuair amharc air. Uime sin do mheas go bhfhuair sé bás, agus gurab í an dúthadh dubhairt ris, flaitheas Dé, .i. parrthas neimhe; agus do ba fíor dó é. D'éis bháis Antoin naomhtha do mheas an eagluis a bhás do cheilt, ar eagladh easumhlacht na ndaoine, acht d'fhoillsigh Dia é a mbéul na leinibh neamhurchóideach, do chruinnigh 'na ndronguibh a bhfhochair a chéile ionns gach ionadh don gcathair, ag rádh, “Fuair ar n-athair naomhtha Antoin bás.” Reis sin chuaidh burgéisi na cathrach go mainistir Arcele, agus ar bhfhagháil deimhiniughadh a bháis chuireadair fuireann armálta do chumhdach an chuirp, ar a athrughadh go háit oile. Reis sin /27/ do dhithfrigh bráithribh mionúir Padua agus mórfhuireann dá huaisle go hArceile ag aisge an chuirp dóibh féin, dá dhearbha gur aisge an naoimh
é 'na bheatha. Táinig drong oile lé neart lámha chum an chuirp d'éigniughadh riú go mainistir ban riaghalta dobhí a bhfhogus dóibh, ag rádh nach raibhe Arceils láidir ná daingean reis an gcorp do chaomhna ar aon drong do shantóghadh a thabhairt re héigin riú, agus gurab uime sin tángadar féin agus nach gabhadaois gan a fhághail dóibh féin, ag linge trí uairibh ar gheatuidh na mainistreacha, gur thoiligh Dia a n-amharc, a gciall agus a gcoimhne do bhuain díobh; agus ar éigin do réidhigh drong neasardha an t-imrisan, go teacht an phrovinnsil; acht sul a ttáinig sé do cuireadh an corp a gcomhradh luaidhe faoi thalamh tré ainteas na haimsire; dar mheas lucht na cathrach gur harrthuighe an corp, agus ag lámhughadh a n-arm, gur taiséanadh an corp dóibh, tréar maola a bhfhearg. Agas a gcionn gceathradh laethaibh dotháinig an provinseall, do thoiligh, mar aon agus easbog na cathrach, an corp do chur san choinvint chéadna, do réir a ordughadh féin 'na bheatha. Do armuigh an taobh. /27v/ Do tóige droichead báid ar an abhuinn ris an ghoibhirneir chum ionnluican an choirp do mhórughadh, acht do brise é reis an taobh oile, do armuigh iad féin chum an chuirp do thabhairt chuca féin ré foirneart; acht d'fhuagair an goibhirneir aoidheacht síorruidhe ar aon do faicfidhe taobh amuigh don dorus ann-aimsir an phroisesióin, nó ..., agus do díbreadh ris na cinn dobhí ar an trioblóid so agus ba cionnfadh ris, ionnas gur saoradh gacha riaghalta don dá shexa ó eagla do bheith orra a bPadua. Agas do ghuidheadair Íosa Críost a gcionnta do mhaitheamh dóibh, tré a ttáinig gach imriosan dá ttáinic san gcathair. Agas mar sin do harruighe corp glóirmhear Antoin naomhtha go coinvint Phadua, mar ar cuireadh é an cóigeadh lá d'éis a bháis a nuaidhfheart do frighe go míorbhuile. Agas do hoibridhe fearta
móra a ttimchioll an uamha céadna, mar atá, leigheas gacha othair dá ttáinic ann. Do líona na háitibh timchioll do na tásgaibh si, a modh gur chuir easbog Padua teachta dhon Róimh ann-ainim na bPaduans a' guidhe an phápa an naomh so do chuir Dia chuca do naomhughadh. /28/ Do héisteadh na teachta, agus dotugadh ordughadh amach a bheatha do mhionscrúda; an ní do roinneadh ré aba S. Benedict agus ré príóir do dhÓrd S. Dhoiminic. Agas ar bhfhagháil iliomad cruthughadh ar ionnroic a bheatha, a chomhrádhaitibh agus a mhíorbhuile, sa bhliadhuin d'éis a bháis, agus ar bhfhagháil an chruthughadh si don phápa do chuir a bhfhiadhnaisi an choimhthinneóil chairdionáil gur cheart a naomhughadh. Dar fhreagair aon díobh, ag rádh gur cheart tuilleadh cruthughadh d'fhagháil ar a bheatha sul a ndéanfuidhe sin. Sann oidhche ar gcionn do taidhbhridhe don gcairdionál gcéadna gur aisg an pápa é féin taisi naoimh éigin d'fhagháil dó féin ré altóir nuadh do bheannughadh. Ris sin, agus gan fios aige cia bhfhuidhe, dochualuigh guth adubhairt ris cuid do nuadhthaisi Antoin naomhtha do thabhart dó. Arna mhárach do ghuidhe sé an pápa ní bu háilgheasa ná aon oile don choimthineól Antoin do naomhughadh, ag rádh gur dhearbhadh ris féin gurbh iomdha iad a fhearta 'na bheatha agus a ndéis a bheatha, gur shlánaigh naoi bhfearaibh déag do bhacachaibh, cóigear pailireachibh, cóigear crutach, seisear dallaibh, triúr badhbharánaibh, triúr balbháinibh, agus beirt don ghúta, agus dias ó bhás go beatha, agus iliomad do aicídeachuibh oile, tréar scríobha a ainim a leabhar na beatha. /28/ Atá suim bhulla an Phápa Greaghoir ré féil an naoimh do naomhughadh scríobha a leabhar na mbráthar mionúr, .i. 'na gcroinic. Do mhianaigh Alastran, an ceathramhadh pápa don ainim, cathracha agus cóigidibh Lumbárdi do shaora
ó thíránacht Eselin. Ag faire ag uamh Antóin naomhtha ré díoghrais urnaighthe agus déur do Pharrthalon Corradin dochualaigh guth ag rádh ris, “Ná heaigil nísa mhódh, bí luagháireach gairdeach agus tabhair buidheachas do Dhia, óir gealluim dhuit an t-ochtughadh lá dom fhéil-si saorfadh Dia an chathair si ar aintreisi an annfhlatha Eselin.” Agas do ba fíor soin, óir do chriothnaigh Anselmus, an govirneir, ag fágbháil na cathrach agus ag teitheamh mar aon agus a mhuinntir aiste, gur ghabh leagáit an phápa thuas a seilbh, ag suighiughadh creideamh agus ceirt innte. Agas ó shoin a leith atá an t-ochtáubh dá chongmheil amhuil an ló a bPadua, mar ar tógadh altóir san teampoll mór dá ainim san bhliadhuin 1273. Do cuire timchioll an choirp comhrodh airgid, nó reliquary, reis an gCairdionál Bolonia, darbh ainim Gui. Agas do fosgladh re geinearáll an uird, Bonaventura naomhtha, deich mbliana agus fidhche 'na dhiaigh sin é. Dofuair sé an corp /29/ 'na luaidhre, acht an teanga amháin, dobhí amhuil dobhí 'na bheatha; agus dá glacadh 'na láimh a bhfhiadhnuisi na droinge dobhí san láthair dubhairt, ag caoi, “Ó theangadh bheannuighthe, do mhol do Dhia do shíor agus do oibrigh daoine oile do lorg do leanamhuin, is soidhléir do thoileamhuin a bhfhiadhnaisi Dé”, dá pógadh agus dá cur san taiseóir céadhna maille re caondhúrracht ainmheasda. Dobhí geinearál oile ar an ord do mheas an teanga do thabhairt ris chuige féin, acht ní bhfhuair an dorus chum na háite d'fhághail, agus ní módh fuair an áit as a ttug sé í, darbh éigin dó a cur a bhfholach an-altóir dobhí san eagluis agus iomad do bhliadhnaibh 'na dhiaigh sin do fridhe an teanga san áit chéadhna tré mhíorbhuile Dé agus an naoimh, agus cuireadh í a ttaisi óir criostil, mar a bhfhuil sí rena faicsin gus aniú san riocht céadna.
Lá n-aon dá raibhe Paris, mac deirbhshiairach don naomh, mar aon agus linibh oile a mbád ar bhruach nó ar imioll an chuain a Lisbon ag súgradh, d'éirghe stuirm do líon an bás d'uisge, darbh éigin do na leinibh snámh go tír, acht gnia Antóin naomhtha do fága báite san muir. D'aisg /29v/ athair an leinibh iasgairidhe dobhí san n-ionadh cuartughadh do dhéanamh re corp an leinibh d'fhagháil chum adhluiceadh críostamhuil do dhéanamh air. Do fridhe an corp, agus a n-éis faire aon oidhche do mheas gaol an leinibh a chorp do chur, tréna bheith morgaidh. Gidheagh, an mháthair bhocht, mar bhean ar baoith, dubhairt go strócach sí as a chéile aon do lamhóghadh a mac-so do adhlaca, agus gur taoisge d'fhuileónadh sí í féin d'adhlaca beó ná éisean, gi go raibhe marbh; agus dubhairt, ag maothagh ar a dearbhráthair, Antóin naomhtha, an orrtha so: “Ó dhearbhráthair ghlóirmhear, má bhrostuidhean an charrthanacht chuige thú, mar doní, do réir mar shaoilim, agus má atá tú aithreach nó réidh chum cuidighthe ris a' ndruing ghuidheas tú, agus adhduain féin, guidhim thú trócaire do dhéanamh ar do dheirbhshiair, agus go mórmhór ar do ghnia, a rachas an t'órd beannuighthe féin an tan thiucfas sé chum aoisi foleamhnuigh nó iomchuibhe chuige, má thoilighean tú a aiseag chum beatha, re toil mhórghrása Dé.” Is iongantach an ní táinig as so, óir codh doith is do chríochnaigh sí a móide d'éirghe an leanbh bhí trí lá d'éis bháis ós comhghair an choimhthineóil uile; agus an uair tháinic chum aoisi foileamhnaigh do choimhlíon an mhóid, ag glaca aibíde uird dearbhráthrach a mháthar, mar ar chríochnaigh a bheatha go diadha cráidhbhtheach. /30/ Bainriaghan Léon san Spáinn, dorugadh a bPoirtingál, aga raibhe inghean aosta aoin bhliadhuin déag d'éis bháis, ar gclos aithbheódha mhaic
dearbhsheathrach an naoimh di dubhairt féin nach sgurach sí do atacha an naoimh go haithbheódha a hinghine, ag congmháil na hinghine trí lá gan adhlaca, agus ag guidhe an naoimh, tré a ttáinig anam 'na corp, agus a ndubhairt: “A mháthair mhuirneach, go maithe Dia dhuit buaidheart do chur orramsa agus mé a nglóir shíorruidhe a measg ógh agus banógh, agus gealluim dhuit a gcionn caicísi go rachad ar neamh arís.” Agas do ba fíor di, óir chuaidh ag sealbha na síorruidheachta. Do mhionnaidh duine uasal ag nach raibhe clann dáma bé toil Dé clann do thabhairt dó nach biai féin aon bhliadhuin 'na bheatha gan turas thombadh Antóin naomhtha do dhéanamh. Agas lá n-aon dá raibhe ag tabhairt an turais chéadhna do fuaduighe gein mhic do thoiligh Dia do thabhairt dó re sruth adhbhna, tréar bátha é féin agus ochtar oile dá chompáin. Agas sar bhfeille bhaile don uasal do thuig an chríoch d'éirghe dá mhac, tré a ttug /30v/ mionna durruisg nach blasach biadh go fagháil a mhic slán arís. Agas ag guidhe an naoimh go díoghraiseach dhó dochonairc sé a mhac agus a chompáin ag teacht asteach san dorus; tréar mhol sé féin agus gach a raibhe san láthair Dia ionna naomhuibh. Agas do haithbheódha beirt oile do hadhluice do na leinibh céadna, glóire do Dhia. Dobhí a gcathair Monoplia san Apulia, láimh nó bhfhogus do theagh na mbráthar mionúr, leanbh ag tochailt a gclais chriadh, gur thuit an aill air tréas an gcriadh do bhean sé san áit, go nach raibhe súil ag aon a fhaicsin arís 'na bheatha. Agas ar bhfhaicsin sin dá mháthair bhoicht, lán dóchais dubhairt sí, “Ó Naoimh Antoini, Naoimh Antoini, aisig mo leanbh dhamh.” Agas ar ttóigbháil na criadh dofuair siad an leanbh beó, noch adubhairt riú gur chuir Antoin naomhtha lámh fóna mhuinéal dá choingmheál ó phlúcha; tré a ttugadair
glóir agus buidheachas do Dhia. Ar gclos móirfheartaibh Antoin naomhtha do shagart méisi easbuig Phadua dubhairt nach gcreideach iad; tréar thoiligh Dia fiabhrus tinntridhe /31/ do chur air. Do ghlac aithreachas é ionna mhíchreideamh, tréar aisc sé an mháthair dorug é dhul d'ionnsaigh fhearta an naoimh, ag gealamhuin dá ttoiligh an naomh aiseag ar a shláinte d'fhagháil dó féin go n-aidbheódha go puiblidhe fearta agus míorbhuile an naoimh agus go tteagasgach ar feadh na bpuible é an seal do mhaireach. Agas ar ndul don mháthair chum na huagha, do thoiligh Dia sláinte thabhart dó, ag léime as a leaba, chum móiriongantais na n-uile san láthair; tréar mholadair agus ar mhórdhuidheadair Dia. Feacht oile do dhuine uasal eiriceach ag teilgean gloine dobhí 'na láimh amach a bhfhuingeóig, ag rádh munadh gcoimhéadach Antoin sin gan bhriseadh nach gcreideach féin 'na mhíorbhuile. Do caomhna an gloine ar bhreisi. Do adbhui an t-uasal fearta an naoimh, tréar iompaigh 'na chatoiliceach, ag mola Dé. Ag labhart ar an míorbhuile céadhna sa do iomad daoine, agus iad ag ithe agus ag eól, dubhairt aon díobh, ag mogadh agus ag fochuíd, agus ag glaca lán a dhorn do bhrionngláin seirce na fíne, dubhairt /31v/ dá ndéanamh Antoin grápuidh do chur orra sin agus go líonach a súgh gloine dobhí san láimh oile aige go ngéilleach dá mhíorbhuile. Reis sin d'fhás duille agus grápuidh ar na brionngláin, rear líona an gloine dá súgh; tréar hadbhuidh subháilce an naoimh, ag tabhairt glóir do Dhia. Feacht do eiricibh oile ag cur bréid ar éadan aon díobh féin agus ag roith dochum teampuill agus fearta an naoimh agus ag aisge an phubuill fá Antoin do ghuidhe re súile an duine bhoicht sin má b'fhíor dóibhsion, do beana as a mbraoineachas ionnar tharrla sé do aiseag dó arís. Míorbhuile
Dé, iar mbuain an bhréid dé do thoiligh Dia maiciomreasan a shúl do thuitim as a n-áitibh. Ag faicsin an neithe sin do na heiricibh do ghlac aithreachas iad, agá n-umhlughadh féin agus ag aidmháil a gceilg; tréar thoiligh Dia, tré ghuidhe an phobuill, a shúile d'aiseag arís 'na n-áitibh; an ní do fridhe; tréar mholadair Dia. Do tharluigh saighadúir eiriceach ar lobhar bhocht dobhí ag triall go feart an naoimh re aisiag a shláinte d'fhagháil. Dubhairt an saigheadúir ris: /32/ “Gealluim dhuit do lobhra do ghlaca oram féin má leigheasan Antoin tú.” Dob fhíor dó é, óir níor sgur an lobhar dá thurus go ttáinig chum na fearta. Do thuit 'na chodhla agus taidhbhridhe dó an naomh ag rádh ris: “Imigh, tabhair do lobhaireacht don tsaigheadúir do tharla san slighe oirt, óir atá do lobhra-sa air, agus abair ris úsáid do dhéanamh dhíobh.” d'éirghe an lobhar as a chodhla, agá fhagháil féin slán; tréar mhol sé Dia. Agas ag umhlughadh do aithne an naoimh dofuair an saigheadúir 'na lobhar ó mhullach a chinn go trácht a bhonn, ag caoi agus ag gul go cráidhte, agus ag déanamh aithridheachas, ag gealamhuin agus ag meannughadh dísleacht don naomh gurbh fhiú é a éisteacht, ré Dia do mhola ionna naoimh. d'éirghe braoin idir bheirt shaighidúir, agus do lota go hanmhór aon díobh, tréar ghuidh sé Antoin naomhtha fá shláinte d'fhagháil dó; an ní do fuair. Gidheagh, do thoiligh Dia a gceann treimhsi 'na dhiaigh sin an chneath d'fhosgla, do bhrígh gur mheas feall d'imirt ar an bhfhear oile. Acht ar ttuiscin narbh é toil Dé bhí sé a dhéanamh do ghlac aithreachas é, ag stad ón fheill do mheas d'imir ar an bhfhear oile, agus ag guidhe an naoimh, tréar slánaigh an chneith arís; tréar mola Dia. /32v/ Do leigheasa leanbh a bPadua darbh ainim Éinrigh ó thinneas dobhí 'na mhuinéul, ag geallamhuin
bheith 'na sheirbhíseach ag an naomh, acht máthair an leinbh, ní fhuileónach dó a ghealamhuin do choimhlíona, tréar cuire an tinneas céadhna arís air. Do ghlac aithreachas é, ag coimhlíona a gheallamhna don naomh, tréar shlánaigh Dia é. An-aimsir Dhon Dónis bheith 'na rígh a bPortingal do gheall aba aga raibhe bodhar balbh 'na sheirbhíseach aige, dá ttoiligh Antoin naomhtha a chaint agus a éisteacht d'fhagháil dó, go gcoimhéadach go fuine a bheatha tiomchioll a eagluise féin san gcathair Sautaren. Dofuair a aisge; tréar choimhlíon a gheallamhuin, agus ar mhol sé Dia ionna naoimh. Dobhí bean bhocht pheacamhuil gi go raibhe cráidhbheach do Antoin naomhtha arna buaidheara re cathuighthe dobhí an diabhal agá chur uirre, agá rádh ria is é a bhfhighir croisi bás tobann nó anbhás do thabhairt di féin, tré iomad a peacuidh, dáma, bu áill ré an ghlóir shíorruidhe do shealbhughadh. Agas ag teisbéana uaithmhialltacht an pheaca di, agus tré fheirg do chuir a fear uirre do dhírigh ar an abhuinn Tagus ré hí féin do bhátha, agus sin a bhfhéil an naoimh bheannuighthe Antoin. Dobhí eagluis an naoimh ar an tslíghe roimpe; dochuaidh asteach innte; /33/ do ghuidh go díoghroiseach é a theisbéana dhí arbh é toil Dé í féin dá bátha féin. Reis sin do thuit codhla uirre agus do taidhbhrigh dí go gcuala sí guth ag rádh ria féachaint 'na brollach agus an scríbhinn doghéabha ann do léagha agus go leigheósa í. Ar muasgladh as a suan di dofuair 'na hochras meamrom ionna raibhe scríobhtha a leitreacha órdha: Ecce crucem Domini, fugite partes diversae; vicit leo de tribu Judae, alleluia, alleluia. Agas ar léagha an scríbhinn di fuair í féin saor ó chathuighthe a' diabhail. Dochualadh an rígh Don Donis an míorbhuile agus d'aisig an chairt dó féin. Dofuair
í, dá cur a measg gach taisi oile dá raibhe aige, rear hoibre iomad míorbhuile. Agas an tan tuga an chairt don rígh, do cuire na caithighthe céadna ar a' mnaoi, tré a ndeachuidh a céile chum an rígh ag aisge cóip amháin an scríobhuinn do thabhart dó. Ag féachaint an bhfuidhe an bhean fóirín ar na caithighthe, dofuair an chóip. Do saora an bhean, ag mola Dé 'na Naomh Antóin. /33v/ Ar mbeith don Bhainphrionnsa Aldoucia, inghean rígh Phoirtingáil ré Teresa, a ngrólluigh báis, do ghuidh máthair na bainphrionnsa é coimhniughadh gurab a bPoirtiongal dorugadh, agus ó do shlánuigh, do shaor agus do thóig sé ó bhás go beatha co lia' duine agus sin san Iottáile, a hinghean féin do shaora ar dhoirinn an bháis. Reis sin do taidhbhrighe don inghean, agus í a tteas a tinnis, go bhfhaca sí an naomh, noch adubhairt ria: “A inghean, tré ghnáthghuidhe do mháthar, do chuir Dia chugad misi, ag tabhairt rabhuin dhuit dhul riomsa go flaitheas anois gan mhoill nó fuireach a bhfhochar do mháthar.” Do thoiligh an ní déidhionach. Reis sin tug a chrios di ré póga, acht issi ag breith cruaidhghrim ar an gcrios mar mheas sí do ghoir a máthair, ag rádh: “A bhaintighearna, a bhaintighearna, féach annso an naomh glóirmhear Antóin.” Reis sin fuair an mháthair a hinghean slán; gidheagh, ní fhaca sí Antóin naomhtha. d'fhoillsigh an bhainriaghan an míorbhuile /34/ so an-eagluis na mbráthar mionúr a gcathair Allencout, mar ar thriall sí féin agus a cúirt go huile, a' mola Dia 'na naoimh. Do chuir draoi cathughadh ar dhuine bhocht, ag geallamh dó fios na n-uile neithibh ba mian ris d'fhagháil, agus ag tarruinn fáinne 'na ttimchioll araon, dochonairc an duine bocht ainuibhir do dhiabhaluibh 'na ttimchioll. Do chrionaigh a chríodhe ionn. Reis sin do beana a chaint agus a
amharc de. Dochuaidh go hEagluis Antoin naomhtha. Do ghlac aithreachas é, ag guidhe rena chroidhe an naomh. An-aimsir chanomhuin an Ghloria in excelsis. Benedictus qui venit in nomine Domini dofuair aiseag ar amharc a dhá shúl. Agas ar bhfhaicsin an mhíorbhuile sin do phuball Phadua go ghuidhedair Dia a chaint do thabhart dó; an ní dotugadh ag canomhuin an Agnus Dei. Re hárdghlór do mhol sé Dia.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services