Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Parrthas an Anma
Title
Parrthas an Anma
Author(s)
Gearnon, Antoin,
Compiler/Editor
Ó Fachtna , Anselm
Composition Date
1645
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1953)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
PARRTHAS AN ANMA INA Bhfhuil FOIRCEADAL BEATHADH AN CHRÍOSDUIDHE AGUS LÉIGHEANN A SHLÁNAIGHTHE, ARN-A CHUR SÍOS LÉ ANTOIN GEARNON, BRÁTHAIR BOCHD D'ORD S. PHROINSIAS, A CCOLÁISDE S. ANTOIN A LOBHÁIN. Declaratio sermonum tuorum illuminat: agus intellectum dat paruulis. Psal. 118. Ionshorchaighidh míniughadh do bhriathar: agus do-bheir thuigsi do na beaguibh. A Lobháin. 1645.
DON TIGHEARNA roi-dhearsgnaidh, ro-onórach, TOMÁS FLEMEAN, Airdeasbag Átha Cliath, Príomhaidh na hÉirionn, etc. Ba gnáth do chloinn Israél, a thighearna roi-dhearsgnaidh, iar ccruinniughadh a ttortha, ola uasal ro-ghlan d'ullmhughadh agas d'ofráil don ardshagart Aaron, mac agus oighre fíre an naomhpatriairc Abraham sa shliochd dá rabhadar, dochum lóchrainn thabernacuil an Choimdheadh do chongbháil ar buanlasadh do ló agus d'aoidhche a bhfiadhnuisi an Tighearna. Díbh-si, ar an modh ccéudna, ardshagart ar ar ghoir Dia amhuil Aaron, mac fíre ar naomhphatriarc S. Phroinsias, agus oighre diongmhála an ghrádha lasamhuin agus an chúraim ghriongaluigh dobhí aige fá shláinte na n-anmann; díbh-si, adeirim, dhlighthear an beagshaothar-so, ro chruinnigheas agus ro dhealbhas a ndá chrann déug rúnda as a silleann do shíor ola ro-shoillseach bhríoghmhar, budh oireamhnach dochum solais neamhdha an chreidimh agus teineadh dhiadha na carthannachda do chongbháil gnáithbhéo, buanlasda, a ccroidhethibh na ccreidmheach, as teaghais agus as teampall don Sbiorad Naomh, do thoirbhirt agas d'ofráil. Glacuidh chuguibh, dá bhrígh sin, go so-chroidheach an tabhartas agus an bheagofráil-si ro fhuráilim oruibh, ionnas go ttiocfa do rath bhar mbeannachd agus bhar ndídin go mbeith ola na ccrann-so 'na leigheas ag an othar, 'na solas ag an dall, agus 'na réilt eóluis ag an tsheachránach, agus mar sin 'na hiodhbairt thaitneamhuigh ag Dia, ro ghuidheas dá bhar ccumhdach a bhfhad slán a ngrásuibh. A THIGHEARNA ROI-DHEARSGNAIDH, Bhar searbhfhoghantaidh díleas féin, An br. ANTOIN GEARNON.
RÉUMHRÁDH DON LÉUGHTHÓIR. Ag sin chugad, a léughthóir, parrthas th'anma a n-ionnshamhail an pharrthais as ar teilgeadh do chéudathair Ádhamh iar n-ithe an ubhaill thoirmisgthe dhó; óir atá go n-iomad gcrann n-álainn n-éugsamhail, ndeaghbhlasda, agus go gceithre srothaibh thríd do-bheir oileamhain agas úrmhuire dhó. Asé céudchrann dá chrannuibh an crann atá ina dhoras: crann roi-sgiamhach so dá ngoirthear Freacar Laetheamhail, agus asé a thoradh eólus do thabhart dhuit buidheachas do thabhairt do Dhia ag éirghe san maidin, a meadhón láoi, agus re ndul do chodladh san n-oidhche, ar son iomaid a thiodhlaictheadh dhúinn, agas fós do ghnáthoibre laetheamhla, agus gach ní oile dá ndiongna, do dhéunamh dochum glóire agus onóra Dé, ag leanmhuin chomhairle Phóil absdail adeir: Siue manducatis, siue bibitis, siue aliud quid facitis: omnia in gloriam Dei facite, I Cor. x; .i. “madh ag ithe bheithi nó ag ól, nó ag déunamh neith ar bioth oile, déunaidh na huile dochum glóire agus onóra Dé; “agus ní hiongnadh sin, óir as mó luaighidheachd agus foirbhtheachd na n-oibreadh gcomhchoitchionn, an tan do-níthear iad do mhéudughadh glóire agus onóra Dé, iná oibre ar bioth oile dá hairde gan an cháilidheachd-so 'na coimhideachd. As iad trí croinn as goire dhó so: Crann an Chéudtoraidh, .i. an chreidimh; Crann na Freisgisi, .i. an dóchais; agus Crann na Foirbhtheachda, .i. an ghráidh. Atáid so ro-thoirtheach, taithneamhach; óir, an tan fhréumhaighid go láidir san anam, sínid a ngéuga go fada fairsing fútha, agus os a gcionn go flaitheamhnas do láthair na Tríonnóide Naoimhe. As é as toradh don chéudchrann díobh, eólus iomlán do thabhart dhúinn ar Dhia agus ar a rúindiamhraibh neamhdha; toradh an dara crainn, muinighin láidir go bhfuigheam an bheatha shuthain uadh; toradh an treas croinn, ar n-anam do cheangal de go ceanchair caoindúthrachdach san saoghal-sa agus go doidheadhla san sáoghal thall.
Atáid iar sin ann seachd ccroinn Íocshláinte, .i. na seachd sacramainte, agus as díobh Crann na Beathadh atá 'na mheadhón, .i. sacramaint náomhChuirp ar dTighearna Chríosd, as beatha don anam. As gar dhóibh so Crann Fheasa Maitheasa agus Uilc: crann ro-tharbhach so mhúineas duit freacar na subháileeadh agus seachna na lochd. Ní fada uatha so Crann na hUrnaighthe mhúineas dhuit Dia do ghuidhe, agus congnamh na naomhmaighdine Muire agus na naomh archeana d'iarruidh. Do-bhéura fós Crann na hIodhbarta, .i. an crann as goire dhó so, fios diamharrúin an aifrinn dhuit agus eólus a éisdeachda mar as dleachd. As é a thoradh, do thabhairt do láthair Dhé do labhairt ris, d'iarruidh agus d'fhagháil gach a mbí do riachdanus ort. Atá re a thaobh so crann ro-thoirtheach darab ainm Freacar na Sacramainteadh, theagaisgeas naomhshacramaint na haithrighe agas uasalshacramaint na haltóra do thathaighidh go diongmhála maille ris an ullmhughadh agus ris an ccaoindúthrachd as dual dá ccomhmór do rúindiamhruibh. Ní himchían uaidh so Crann na Páise, sa bhun fá bhfuil Oroláisde rúnda na páise céudna arn-a shuidhiughadh go hordaighthe: crann ro-thoirtheach so, óir as as shilid na srotha do-bheir úrmhuire don pharrthas-so. As iad, iomorro, na srotha-sin, na sreabha fola do shil a créuchdaibh Críosd san ccroich, as beatha agus as oileamhuin d'anmannuibh cráibhtheacha dá n-osglaid doirsi foirbhdheachda agus flaitheamhnuis, an tan thathaighid iad iar ccaitheamh thoraidh na ccrann réumhráiti. Do-bhéura fós Crann an Riachdanuis, .i. cuimhne na ccríoch ndéidheanach, dochum a ccaithfe gach aon teachd fá dheóidh agus atá ag fás re a thaobh so, congnamh mór dhuit dochum na foirbhtheachda céudna san saoghal-sa agus dochum na glóire síordhuidhe san saoghal thall. Atá fá dheóidh a ngar do mhúraibh an pharrthais-si daire crann n-álainn, .i. Aibghitir Sbioradálta, mhúineas don chríosduidhe a bheatha do riaghladh go diadha subháilceach. Atáid fós iomad do luibhibh uaisle, .i. naoimhtheagaisg iomdha, agus Foirceadail Dhiadha arn-a n-eagar go hordaighthe a
measg na ccrann-so, mar bhus follas duit a clár an leabhair agus as a thathaighidh. Tathaigh, dá bhrígh sin, siobhal an pharrthais-si, agus do dheóin Dé taiteóna riot soiréidhe a shlightheadh, agus míne a mhagh, agus féuraighe a fhuinn, agus cnúasthoirthighe a chrann. Budh urasa dhuit tromchnuasach do thoradh na ccrann ccéudna do bhuain gach laoi, óir ní lughaide a ttoradh a mbeantar dá ccnuas. Budh urasa dhuit fós eólus do bhreith ar thoradh gach croinn fó leith, óir atá an leabhrán soiléir so-thuigsi a modh chomhráidh deisi ina bhfhuil gach re cceisd agus gach re bhfhreagra. Ná tabhradh, dá bhrígh sin, cúram ar bioth saoghalta fá deara dhuit gan do dhaothain dá ttoradh do chnuasach, agas mar athchuinghidh ort a roinn rinne ad th'urnaighthe; óir as a ttarbha th'anma fuaramar an saothar-so dochum go n-aitheanta agus go ngrádhaighthea do Chruthaightheóir, darab dleachd an uile ghlóir agus onóir a saoghal na saoghal. Amén.
CLÁR AN LEABHAIR MHÚINFEAS AN LEATHANACH INA Bhfhuil TÚS GACH NEITH DÁ Bhfhuil ANN. AN CÉUDRANN DON PHARRTHAS-SO thráchdas ar an bhfhreacar laetheamhail. An 1 chaib. Don urnaighthe as indéunta sa maidin. An croidhebhrúdh. An 2 caib. Do na neithibh as indéunta iar n-éirghe, etc. Do na céidneithibh as indéunta san maidin. Don urnaighthe as indéunta ag clos na Fáilte Aingleacdha. An 3 caib. Don mhodh ar ar cóir dhúinn beannughadh do chrois, etc. Don mhodh ar ar cóir beannughadh do chrois. Don mhodh ar ar cóir beannughadh don chomharsain. An 4 caib. Don mhodh ar ar cóir dhúinn ar ngnáthoibre laetheamhla teamporálta do dhéunamh. An 5 caib. Do na neithibh as indéunta ria agus iar ccaitheamh bídh. Do bheannughadh an bhuird. Don altughadh iar ccaitheamh bídh. An 6 caib. Mar as cóir dhúinn iomchar reur ccomharsain. Mar as indéunta ag déunamh gnoaigheadh ria. Mar as indéunta a n-aimsir chomhluadair ria. An 7 caib. Do na neithibh as indéunta a n-aimsir choda, etc. Do na neithibh as indéunta a n-aimsir choda. Do na neithibh as indéunta re ndul do chodladh. An 8 caib. Don iarrmhéirghe.
AN DARA RANN thráchdas ar an gcreideamh. An 1 chaib. Do Chríosd, agus don teagasg tug uadh. Do Chríosd. Don teagasg tug Críosd uadh. An 2 caib. Don chríosduidhe, etc. Don chríosduidhe. Do chomharrtha an chríosduidhe. Do chéill an chomharrtha-sa. Do tharbha an chomharrtha chéudna. An 3 caib. Don chreideamh, etc. Don chreideamh go generálta. Don Chré. An 4 caib. Don sgrioptúir dhiadha, agus do ghnáthchuimhne na n-absdal. Don sgrioptúir dhiadha. Do ghnáthchuimhne na n-absdal. An 5 caib. Do aondachd na nádúire diadha agus do phearsanaibh na Tríonnóide. An 6 caib. Do chruthughadh na n-uile agus go sunradhach an duine, etc. Do chruthughadh na n-uile. Do chruthughadh an duine. Don adhbhar fár cuireadh an duine as parrthas. An 7 caib. Do riaghladh na n-uile, agus go sunradhach don adhbhar fá ttabhair Dia bochdaine do na fíréunaibh agus conách saoghalta do na peacthachaibh. An 8 caib. Do choimpeirt Chríosd. Do choimpeirt an Mhic shíordhuidhe. Dá bhreith, agus don adhbhar fár ghlac colann daonda. Don ainm tugadh air. An 9 caib. Do pháis ar ttighearna Críosd. Do ghabháil ar ttighearna Íosa. Do na pianaibh do fhulaing Críosd ina chorp agus ina chean. Dá chrochadh.
Dá bhás. Dá adhlacadh. An 10 caib. Don ghrádh do fhoillsigh Dia dúinn a mbás Chríosd, etc. An 11 caib. Do dhul ar ttighearna Críosd go hifreann, etc. Do dhul ar ttighearna Críosd go hifreann. Dá éiséirghe agus dá dhul ar neamh. An 12 (caib.) Do theachd Chríosd dochum an bhreitheamhnais. An 13 caib. Don Sbiorad Naomh. An 14 caib. Don naoimhEagluis Chatoilice agus dá comharrthaibh. Don naoimhEagluis Chatoilice. Dá comharrthaibh, etc. (An 15 caib. Do chomhchruinniughadh na n-eithriceadh agus dá chomharrthaibh.) An 16 caib. Do chuman na naomh. An 17 caib. Don loghadh, etc. Don loghadh. d'óirchisdi na hEagluisi. An 18 caib. Do mhaitheamh na bpeacadh. Don mhodh ar a maitear peacadh na sinnsear agus ar bpeacadha sologhtha dhúinn. Don mhodh ar a maitear ar bpeacadha marbhtha dhúinn. An 19 caib. Do ghrásaibh Dé. An 20 caib. D'eiséirghe na ccorp, agus don chruth a mbeid. An 21 caib. Don bheathaidh shuthain. AN TREAS RANN thráchdas ar an dóchas. An 1 chaib. Don dóchas, don Phaidir, agus dá míniughadh. Don dóchas. Do Phaidir. Do mhíniughadh na Paidre.
An 2 caib. D'Fháilte an Aingil, etc. D'Fháilte an Aingil, etc. Do chuid Elisabet agus na hEagluisi don urnaighthe-si. Do mhíniughadh na hurnaighthe-si. An 3 caib. Dar n-urnaighthe dochum Muire agus dochum na naomh. Dar n-urnaighthe dochum Muire. Dar n-urnaighthe dochum na naomh. AN CEATHRAMHADH RANN thráchdas ar an ngrádh. An 1 chaib. Do ghrádh Dé, etc. Do ghrádh Dé. Do ghrádh na comharsan. An 2 caib. Do na haitheantaibh. D'aitheantaibh an chéudchláir. D'aitheantaibh an dara cláir. An 3 caib. Don chéudaithne, etc. Don ainchríosduidhe agus don asarlaighe. Do na piseógaibh. Do na heithriceadhaibh, etc. An 4 caib. Do na deaghainglibh, etc. Do na deaghainglibh, etc. Do na deamhnuibh agus dá n-urchóid. An 5 caib. Don onóir dhlighthear do Mhuire, etc. D'onóir Mhuire agus na naomh. D'onóir thaiseadh na naomh. D'onóir na n-íomháigheadh. An 6 caib. Don dara haithne. Don naomhathais. Don mhóid. Do na mionnaibh, etc. An 7 caib. Don treas aithne. An 8 caib. Don cheathramhadh aithne. An 9 caib. Don chúigeadh aithne.
An 10 caib. Don seiseadh aithne. Don mhodh ar a seachaintear an drúis. An 11 caib. Don seachdmhadh aithne. Don ghoid, don chreachadh, etc. Don úsurachd agus don tshiomonia. An 12 caib. Don ochdmhadh aithne. An 13 c. Don 9 agus don 10 aithne. An 14 caib. Do nuimhir agus d'ughdar aitheantadh na hEagluisi. An 15 c. Don dá chéudaithne dhíobh. D'oibliogáid na saoire, etc. D'aimsir na faoisidne, etc. An 16 c. Do na trí haitheantaibh oile. Don trosgadh. Don dá aithne dhéidheanaigh. AN CÚIGEADH RANN thráchdas ar na sacramaintibh. An 1 chaib. Do na sacramaintibh go generálta agus dá nuimhir. An 2 caib. Don bhaisdeadh, etc. Don bhaisdeadh agus dá tharbha. Do na neithibh as riachdanas dochum an bhaisdthe. Do na cairdiosaibh Críosd. An 3 caib. Dul fá láimh easbuig. An 4 c. Do shacramaint na haithrighe. Don tuirse chroidhe. Don fhaoisidin. Don luchd nach foillsigheann a bpeacadha go hiomlán san bhfaoisidin tré dhearmad nó tré náire. Don lóirghníomh. An 5 c. Do shacramaint Chuirp Chríosd. Do na neithibh iarrthar dochum na sacramainte-si, etc. Do onóir dhlighthear di, etc.
An 6 caib. Don ungadh dhéidheanach. An 7 caib. Do na grádhaibh coisreagtha. An 8 caib. Do shacramaint an phósda, agus do na neithibh iarrthar chuige. AN SEISEADH RANN thráchdas ar na subháilcibh agus ar na lochdaibh. An 1 chaib. Do na subháilcibh diadha, etc. An 2 caib. d'oibribh na trócaire. D'oibribh corparrdha na trócaire. D'oibribh sbioradálta na trócaire. An 3 c. Do na hochd mbeannaighthibh, etc. Do na hochd mbeannaighthibh. Do chomhairlibh an tsoisgéul. An 4 caib. Do thiodhlaicthibh agus do thoirthibh an Sbiorad Naoimh. An 5 c. Do na lochdaibh, etc. Do pheacadh na sinsear, etc. Do pheacadh an ghníomha, etc. An 6 caib. Do na seachd bpcadhaibh marbhtha, etc. An 7 caib. Do na peacadhuibh bhíos a n-aghaidh an Sbiorad Naoimh, etc. An 8 caib. d'easccairdibh an anma, etc. An 9 caib. Do chumhachdaibh an anma. AN SEACHDMHADH RANN thráchdas ar an urnaighthe. An 1 chaib. Don urnaighthe, etc. An 2 caib. Don áit ina dual an urnaighthe do dhéunamh, etc. Don loghadh ghnouighid an luchd do-ní í a n-eagluisibh bhráthar mionúr S. Phroinsias, etc.
Don loghadh atá le a ghnoughadh sna heagluisibh céudna, etc., agus don luchd thoghas a n-adhlacadh ionnta, nó a n-aibid S. Phroinsias, nó do-bheir póg chráibhtheach dhi. An 3 caib. Do na neithibh iarrthar san urnaighthe. An 4 caib. Don Choróin Íosa agus dá loghadh, etc. An 5 caib. Don Choróin Mhuire, etc. Don Choróin Mhuire. Don mhodh ar ar cóir an Choróin Mhuire do rádh, agus dá loghadh. An 6 caib. Do liottánuibh Íosa agus dá loghadh. An 7 caib. Do liottánuibh Mhuire agus dá loghadh. An 8 caib. Do liottánuibh na naomh. AN T-OCHDMHADH RANN thráchdas ar an aifreann. An 1 ch. d'iodhbairt an aifrin, etc. D'iodhbairt an aifrinn, etc. Do chotchaibh prinnsiopálta na hiodhbarta-so, etc. An 2 caib. Ina bhfoillsighthear ciall éididh an aifrinn, etc. Do chéill gach boill do chulaidh an aifrinn. Do chéill gach coda don aifrionn. An 3 caib. Don chaoindúthrachd as cóir ag éisdeachd an aifrinn. Don mhodh ar ar cóir an t-aifrionn d'éisdeachd. Don mhodh ar ar cóir iodhbairt an aifrinn d'ofráil do Dhia. Don urnaighthe as ionráidh le tógbháil an Chuirp Naomhtha. An 4 caib. Don mhodh ar ar cóir an chomaoin sbioradálta do ghlacadh. An 5 caib. Don mhodh ar ar cóir an tsheanmóir d'éisdeachd maille re tarbha.
AN NAOMHADH RANN thráchdas ar fhreacar na sacramainteadh. An 1 chaib. Don fhaoisidin, agus don ullmhughadh as indéunta chuice. An 2 caib. Don urnaighthe as indéunta rias an bhfaoisidin. An 3 caib. Don mhodh ar ar cóir don aithrigheach, etc. Don mhodh ar ar cóir don aithrigheach é féin d'iomchar ar triall dochum na faoisidne. Don mhodh ar ar cóir don aithrigheach é féin d'iomchar ag déunamh na faoisidne agus d'éis a déunta. An 4 caib. Do shacramaint Chuirp Chríosd, agus don ullmhughadh as indéunta chuice. An 5 caib. Don mhodh ar ar cóir don chríosduidhe, etc. Don mhodh ar (ar) cóir don chríosduidhe é féin d'iomchar ria ccaitheamh comaoineach. Don mhodh ar ar cóir don chríosduidhe é féin d'iomchar ag caitheamh comaoineach. Do na nethibh as indéunta iar ccaitheamh comaoineach. Don urnaighthe as indéunta iar ccaitheamh comaoinach. Don mhodh ar ar cóir gach riachdanas do nochdadh do Dhia san tshacramaint-si ag iarruidh furtachda air. Don mhodh ar ar cóir an lá do chaitheamh iar nglacadh comaoineach. AN DEACHMHADH RANN thráchdas ar chrann agus ar oroláisde na páisi. An 1 chaib. Don mhodh ar ar cóir smuaineadh go hinmheadhónach ar rúindiamhruibh páisi ar dTighearna, agus don tarbha tig dhúinn as.
Don ullmhughadh, etc. Do tharbha na midheamhna-so, etc. Don mhodh ar a musgailtear an t-anam dochum iongantais, eagla, etc. Don mhodh ar a ngeintear dóchas, agus grádh Dé agus na comharsan, etc. Don bhuidheachas, d'ofráil, etc. An 2 caib. d'oroláisde na páisi. An 3 caib. Don luchd do chuidigh páis do thabhairt do Chríosd, etc. Midheamhain na maidne Dia Luain. Don luchd do chuidigh, etc. Do na hionadaibh in ar shiubhail Críosd a n-aimsir a pháisi. An 4 caib. Do na hionnsdrumuinntibh leur fhulaing Críosd páis. Midheamhain na maidne Dia Máirt. An 5 caib. Do dhá pheannad déug, etc. Midheamhain na maidne Dia Céudaoin. Do dhá pheannaid déug Chríosd. Do na seachd n-uairibh do dhoirt Críosd a fhuil. An 6 caib. Do naomhshacramuint na haltóra, agus don druing do chuidigh le Críosd a n-aimsir a pháise, etc. Midheamhain na maidne Dardaoin. An 7 caib. Do chéusadh Chríos, etc. Midheamhain na maidne Dia hAoine. Do chéusadh ar ttighearna, etc. Do na seachd mbriathraibh do labhair Críosd san ccroich. An 8 caib. Do sheachd ndólásuibh ar mbaintighearna Muire. Midheamhain na maidne Dia Sathairn. An 9 caib. Don mhaith táinig as páis ar ttighearna Críosd. Midheamhain na maidne Dia Domhnaigh. Don dá mhaith dhéug táinig eisde.
Don mhodh ar a ttiobhra an críosduidhe punc éigin do bheathaidh nó do pháis Chríosd ina chuimhne in gach cás dá tteigéumha dhó. Don mhodh ar ar cóir an udhachd dhéidhionach do dhéunamh. AN T-AONMHADH RANN DÉUG thráchdas ar ar ccríochuibh déidheanacha. An 1 chaib. Do bhás na bpeacthach. Midheamhain an tráthanóna Dia Luain. An 2 caib. Do bhás na bhfhíréun. Midheamhain an tráthanóna Dia Máirt. An 3 caib. Don bhreitheamhnas. Midheamhain an tráthanóna Dia Céudaoin. An 4 caib. Do phianuibh ifrinn agus do shunradh do phianuibh na ccéudfadh. Midheamhain an tráthanóna Dardaoin. An 5 caib. Do phéin na díoghbhála bhíos ar an druing ndamanta, etc. Midheamhain an tráthanóna Dia hAoine. An 6 caib. Do phurgadóir, agus don mhodh ar ab éidir na hanmanna d'fhuasgladh eisdi. Midheamhain an tráthanóna Dia Sathairn. Don mhodh darab éidir le brátharaibh mionúra S. Phroinsias anmanna d'fhuasgladh as purgadóir. An 7 caib. Do ghlóir fhlaitheamhnuis. Midheamhain an tráthanóna Dia Domhnaigh. AN DARA RANN DÉUG thráchdas ar an aibghitir sbioradálta, etc.
AN CÉUDRANN DON PHARRTHAS-SO INA TTEAGAISGTHEAR CIONNAS AS CÓIR DHÚINN AR NGNATHOIBRE LAETHEAMHLA, SBIORADÁLTA AGUS TEAMPORÁLTA, DO DHÉUNAMH DO RÉIR THOILE DÉ. AN CHÉUDCHAIBIDIL. DON URNAIGHTHE AS INDÉUNTA AG ÉIRGHE SAN MAIDIN. Ceisd Créud as indéunta san maidin? A freagra. Gach ní as oirchios don chríosdaidhe. Créud as oirchios don chríosdaidhe? Ó thús, iar musgladh as a chodladh dhó, a inntinn do thógbháil dochum Dé agus a choisreagadh ag rádh: “A n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sbiorad Naoimh. Amén. Beannachadh dhuit, a Thríonnóid Naomhtha dhoidheadhla, anois agus riamh agus a saoghal na saoghal. Amén.” 'Na dhiaidh sin, ag éirghe as a leabaidh, guidheadh Íosa ag rádh: Ortha. A mo Shlánuightheóir a Íosa Críosd, do cheannaigh mé ar t'fhuil agus do éirigh an treas lá as an tumba go glórmhar, do-bheirim buidheachas do-aisnéidhe dhuit, tré mar do chumhdaighis go so agus go spesialta san oidhche-si mé. Éirghim anois ad th'ainm, agus guidhim thú ar son do pháise, sdiúr agus riaghlaigh, coimhéid agus beannaigh mé aniodh agus feadh mo bheathadh agus treóraigh dochum na beathadh síordhuidhe mé. Amén. Arís, ag gabháil a éudaigh uime, smuaineadh ar éudach agus ar ionnsdrumeintibh páise a Thighearna Críosd; agus dá bhrígh sin, ag cur a bhróg air, smuaineadh ar thairrngibh na ccos agus
ar an ccoróin spíne ag folach a chinn; ag dúnadh a chnaipeadh, ar na sgíursadhaibh agus ar an éudach púrpair, etc. Iar ccur, iomorro, a éudaigh uime, léigeadh é fhéin ar a ghlúinibh do ghuidhe agus do thabhairt buidhiochais do Dhia ar son a ttug do thiodhlaicthibh dhó agus tré mar do chumhdaigh é gus an uair-sin, ag rádh, agus a bhosa re a chéile agus a aghaidh suas: “A n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sbiorad Naoimh. Amén.” Orrtha. A mo Thighearna, A Dhé uilechumhachdaigh, a Chruthaightheóir nimhe agus talmhan, a Rí na ríogh agus a Thighearna na ttighearnadh, do-righne mé do réir do chrotha agus do chosmhaile féin, agus do fhuasgail mé leud th'fhuil; adhraim thú, molaim thú, do-bheirim an uile ghlóir agus onóir agus buidheachas doi-mheasda duit ar son mo chruthaighthe, críosduidhe do dhéunamh dhíom, mo shlánaighthe, agus mo chumhdaigh gus an uair-si. Ó a Thighearna, ofráilim agus iodhbruim dhuit go humhal iníseal, anois agus feadh mo bheathadh, mh'anam agus mo chorp, mh'uile bhriathra agus smuaintighthe, m'uile ghníomha agus luadhaill, agus mo bheatha go hiomlán; cuirim romham d'inntinn agus do rún daingion gach a ndingean ó so súas feadh mo bheathadh do bheith dochum do thola do choimhlíonadh, do mhéudughadh do ghlóire agus th'onóra, agus dochum do sheirbhísi. Ó a Thighearna, glac mo dheaghthoil, neartuigh mh'anbhfhainne, agus treóraigh dochum na beathadh suthaine mé, tré Chríosd ar ttighearna. Amén. 'Na dhiaidh so abradh trí Paidre, trí Aue Maria, agus an Chré; an chéudPhaidear dochum an Athar neamhdha ag tabhairt bhuidheachuis dhó ina thiodhlaicthibh; an dara Paidear dochum an Mhic shíordhuidhe ag iarraidh deighbheathadh agus deaghbháis san saoghal-sa air; an treas Paidear dochum an Sbiorad Naoimh ag iarraidh na beathadh suthaine san saoghal thall; na trí Aue Maria dochum Muire, agus an Chré dochum na n-absdal aga iarraidh orra bheith 'na n-adhbhocóidibh aige dochum Dé. Iarn-a ccríochnughadh so, abradh a Chonfiteor ar an modh-so. Admhaim do Dhia uilechumhachdach, do Mhuire
bheannaighthe ghnáthóigh, do Mhíchéul archaingeal, d'Eóin Baisde, do na naomhapsdalaibh do Pheadar agus do Phól, agus do na huile naomhuibh, gurab mór do pheacaigheas ó smuaineadh, ó bhréthir, agus ó ghníomh; mo chionta, mo chionta, mo roi-chionta. Sgrúdadh annso a choinsias, agus má do thuit a bpeacadh mharbhtha nó sologhtha déunadh croidhebhrúdh do láthair, ag rádh: CROIDHEBHRÚDH. A Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, noch adhraim agus ghrádhaighim ós cionn na n-uile, goillidh oram go ro-mhór agus treaghdaidh mo chroidhe fearg do chur ort agus do neamhthoil do dhéunamh, agus sin ar do shon féin atá ad mhaith dhoi-chríochnaighthe agus ar son an ghráidh dlighthear dhuit; agus ar son an ghráidh chéudna cuirim romham anois go síthmheanmnach do láthair na banóighe glórmhaire Muire, do mháthar millsi, agus do láthair mh'aingil choimhideachda agus na cúirt neamhdha archeana, gan éinpheacadh do dhéunamh go bráth id th'aghaidh, agus fós m'fhaoisidin do dhéunamh, mar as luaithe fhéadfad, go rún ndaingean mo bhreath aithrighe do choimhlíonadh. 'Na dhiaidh sin abradh: Uime sin guidhim naomhMuire mhaighdean, Míchél archaingeal, Eóin Baisde, na naomhapstoil Peadar agus Pól, agus na huile naomha d'eadarghuidhe ar mo shon dochum mo Thighearna Dé. Amén. Déunadh Dia uilechumhachdach trócaire orainn, agus iar maitheamh ar bpeacadh treóraigheadh sinn dochum na beathadh síordhaidhe. Amén.
Fearsa. Go mba toil lat, a Thighearna. A freagra. Ar ccumhdach aniodh ó pheacadh. Fears. Déin trócaire orainn, a Thighearna. Freag. Déin trócaire. Fears. Déin trócaire orainn. Freag. Do réir ar ndóchais ionnad. Fears. Éisd mh'urnaighthe, a Thighearna. Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair. Orrtha. A Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, tug dhúinne breith ar thús an laoi-si, slánaigh sinn aniodh tréud th'fheartaibh; ionnas nach claonmaois dochum peacaidh, achd ar n-uile urlabhra, smuainthighthe, agus oibreacha do dhíorghadh do chomhall do reachda, tré Chríosd ar ttighearna. Amén. Dochum an aingil choimhideachda. A aingil Dé, a mo choimhéudaidh, tré bhúidhe an Tighearna, soillsigh mé aníodh, riaghlaigh, sdiúr, agas caomhain. Amén. Go mbeannaighe an Tighearna sinn, go gcaomhna ón uile olc, go ttreóraighe dochum na beathadh suthaine, agus go bhfhaghaid anmanna na ccreidmheach tré thrócaire nDé cumhsanadh suthain. Amén. Iar sin smuaineadh roimhe ar ar mian leis do dhéunamh feadh an laoi, agus iarradh congnamh Dé, Muire, agus na naomh dochum a ndéunta do mhéudughadh glóire agus onóra Dé, ag rádh: Ó a Thighearna, a mo Dhé, tabhair grása dhamh gach a ndingean feadh mo bheathadh, agus go spesialta aniodh, do dhéunamh do mhéudughadh do ghlóire agas th'onóra féin. A Athair neamhdha, déin trócaire oram. A Íosa, a Mhic Dé bhí, déin trócaire oram. A Sbiorad Naoimh, a Dhé, déin trócaire oram. A Thríonnóid Naomhtha, a Dhé, déin trócaire oram.
A Mhuire, a naomhmáthair Dhé, guidh ar mo shon. A aingil choimhideachda naoimh, guidh ar mo shon. A Phádruic naoimh, guidh ar mo shon. A Choluim naoimh, guidh ar mo shon. A Phroinnsiais naoimh, guidh ar mo shon. A Bhríghid naomh, guidh ar mo shon. (Gairmeadh iar sin ar gach naomh as mian leis, agus 'na dhiaidh sin abradh:) A Mhuire naomh agus a uile aingle Dé, a naomha agus bhannaomha, guidhidh ar mo shon dochum an Tighearna, ionnas go gcaomhnadh ón uile olc agus go ttréoraigheadh dochum na beathadh síordhuidhe mé. Amén. AN DARA CAIBIDIL. DO NA CÉIDNEITHIBH AS INDÉUNTA IAR N-ÉIRGHE, AGUS DON URNAIGHTHE AS INDÉUNTA AG CLOS CHLUIG NA FÁILTE AINGLEACDHA. DO NA CÉIDNEITHIBH AS INDÉUNTA IAR N-ÉIRGHI SAN MAIDIN. C. Iar ccríochnughadh na caoíndúthrachda-so, créud as cóir don chríosduidhe do dhéunamh? F. Éirghi ga choisreagadh, agus gluasachd gan mhoill don eagluis do ghuidhe Dé, d'éisdeachd an aifrinn agus na seanmóra, faoisidi do dhéunamh agus comaoineacha do ghlacadh más aimsear loghaidh nó diuósioin mhóir í. Agas iar tteachd a bhfiadhnuise na haltóra dhó, léigeadh é féin ar a ghlúinibh a bhfiadhnuise a Thighearna Dé (atá dáríribh do láthair san uile áit agus go spesialta san eagluis), gus an n-úmhlachd anma agus chuirp as mó as éidir leis, amhail dobhiadh bochdán dearóil ag dul d'iarraidh déurca ar rígh go mórdhachd agus go ttrócaire ndoí-chríochnuighthe. C. Cionnas as cóir don chríosduidhe an t-aifreann d'éisdeachd? F. Do chéidneithibh, ag triall dochum an aifrinn dó, smuaineadh go bhfhuil ag triall chuige fá mar dobhiadh ag teachd go sliabh Caluari; agus iar tteachd do láthair dhó,
smuaineadh go bhfhuil annsin mar dobhiadh fá bhun na croiche a ccuideachdain na naomhmaighdine Muire, Eóin Bruinne, agus Mhuire Mhaghdaléun. Iar sin smúaineadh go bhfhuil ag ofráil na háirdiodhbarta-sin Chuirp Chríosd agus a Fhola don Athair neamhdha tré lámhaibh an tshagairt. Arís, an tan bhias ag éisdeachd an aifrinn, smúaineadh go ro-dhúthrachdach ar rúindiamhraibh pháise Críosd atá ga sollamnughadh ann. Malle ris sin, glacadh Corp an Tighearna go sbioradálta, ní sa lugha in gach aifreann éisdfios, an tan bhíos an sagart aga ghlacadh, agus sin lé húmhlachd, lé teas ngrádha, agus lé caoíndúthrachd n-iomchubhaidh; óir ullmhaighidh lón ro-mhór dá anam dochum nimhe tréus an ccomaoín sbíoradálta-sin: achd laibheóram nísa líonmhuire air so 'nar ndíaidh mar a ttráchdfam ar an n-úrnaighthe. DON URNAIGHTHE AS INDÉUNTA AG CLOS NA FÁILTE AINGLEACDHA. C. Créud as indéunta don chríosdaidhe ag clos chluig na Fáilte Aingleacdha san maidin, a meadhón laoi, agus tráthnóna? F. Abradh Fáilte an Aingil trí huaire ar an modh-so. Do bheannaigh aingiol an Tighearna do Mhuire, Agas do choimpir ón Sbiorad Naomh. Día do bheatha, a Mhuire, etc. Ag so inilt an Tighearna, Teagmhadh dhamh do réir do bhréithre. Día do Bheatha, a Mhuire, etc. Do ghabh an Bhríathar colann dáonna, Agas do aitreabh ionnainne. Día do bheatha, a Mhuire, etc. Ortha. Guidhmíd thú, a Thighearna, doirt do ghrása in ar ccroidheadhaibh; ionnas, ó thángamar dochum eólais ionchollaighthe
do Mhic Íosa tré bhriathraibh an aingil, go ttreóruighthi sinn tré a pháis agas chroich dochum glóire na heiséirghe. Amén. AN TREAS CAIBIDIL. DON MHODH AR AR CÓIR DHÚINN BEANNUGHADH DO CHROIS AGUS DON CHOMHARSAIN AN TAN THEIGÉUMHAID DHÚINN. DON MHODH AR AR CÓIR DHÚINN BEANNUGHADH DO CHROIS. C. Cionnas bheannuigheas tú do chrois an tan theagmhas ort? F. Adeirim, ag nochdadh mo chinn agus ag déunamh reuerens di: “Adhraim do chroch, a Thighearna, a n-onóir do pháisi glórmhuire, tréur saoradh agus tréur slánaigheadh inn. Tré chomhartha na croiche naomhe, saor inn, a Dhé, ór n-easgcairdibh.” DON MHODH AR AR CÓIR DHÚINN BEANNUGHADH DON CHOMHARSAIN. C. Cionnas bheannuigheas tú don chomharsain ag teagmháil di? F. “Moladh d'Íosa Críosd”; óir tug Sixtus, an cúigeadh Pápa don ainm-sin, loghadh chaogad lá do gach aon bheinneóchas mar sin don chomharsain. Agas tug an loghadh céudna don chomharsain dá bhfreagra ag rádh: “Moladh dhó do ghnáth.” Bulla 25. C. Créud as gnáthfhocal duit in gach teagmhais? F. Gairm maille re reuerens ar ainm Íosa nó Muire; óir tug an Sixtus céudna loghadh cúig lá fhichead do gach aon ghoireas mar sin orra. Tug fós an Pápa céudna loghadh iomlán a uile pheacadh a n-airteagal a bháis do gach aon aga mbí an deaghghnás-so, dá ngairme orra, nó ar ceachdar dhíobh, san airteagal chéudna, ó chroidhe amháin muna fhéuda é ó bhéul. Tug fós an loghadh céudna do na seanmóntadhuibh chuireas
so a ccéill do na puiblibh an tan bhíd ag seanmóir dhóibh agus bhrosdas iad chuige; agus fós do gach aon oile do-bheir fá deara a ghnáthughadh. Xixt., Bull. 25. AN 4 CAIBIDIL. DON MHODH AR AR CÓIR DHÚINN AR NGNÁTHOIBRE LÁETHEAMHLA TEAMPORÁLTA DO DHÉUNAMH. C. Cionnas as cóir do chríosdaidhe a ghnáthoibre laetheamhla teamporálta do dhéunamh? F. Aga choisreagadh abradh: “A n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sbiorad Naoimh. Amén. Tionsgnaim an obair-si do mhéudughadh glóire agus onóra Dé, agus dochum sláinte m'anma.” Smúaineadh ar úairibh mar dobhíadh Íosa agus Muire mháthair ga choimhideachd agus ar gach taobh dhe, ag cuidiughadh leis an obair do dhéunamh, agus labhradh annsin go grádhach riú ó bhéul nó ó chroidhe, ag rádh na mbriathar-sa nó a gcosmhuile. “A Íosa ionmhuin, toirbhirim mé féin idir anam agus chorp mar áon ris an obair-se dhuit. Ó a Íosa, a mhillsi mo chroidhe, tabhair grádh lasamhuin dhamh ort. A Íosa, a mo dhóigh agus a mo shólás, tabhair dhamh do thoil do dhéunamh. A Mhuire, a mháthair na ngrás, neartaigh agus cuidigh,” etc. Ar uairibh oile glacadh siocair as an obair do-ní, do réir a cáilídheachda, dochum deaghsmuaintightheadh ttarbhach oile; .i. an tan bhíos ag déunamh saothair a ngar do theinidh, smuaineadh ar theinidh ifrinn. Más obair í ina bhfhaghann sult, smuaineadh ar ghlóir fhlaitheamhnais, etc. C. Créud as indéunta dhó an tan bhíos saothar do-fhulaing nó dólás air? F. Abradh, bíodh nach moitheóchadh fonn a ráidh air: “Glóir don Athair, don Mhac, agus don Sbiorad Naomh, mar do bhí ó thús, mar atá, agus bhias do ghnáth a saoghal na saóghal, Amén:” nó a shamhuil oile; óir mar so taisbéunaidh nach fuil claóite 'na thrioblóid. Cuireadh ar uairibh oile é féin a bhfhochair Chríosd san ccroich, ag ceangal a dhóláis re ar iomchuir-sion ar a shon. Smúaineadh uair oile ar a chríochaibh
déidhionacha, agus measadh nach fiú énní a dhólás a n-aithfhéuchain phian n-ifrinn. Do-ghéuna so an uile shaothar éuttrom so-fhulaing. C. Créud do-ghéuna ag críochnughadh a oibre? F. Abradh: “Críochnuighim an obair-si do mhéudughadh glóire agus onóra Dé agus dochum sláinte mh'anma, a n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sbiorad Naoimh. Amén.” AN 5 CAIBIDIL. DO NA NEITHIBH AS INDÉUNTA RÍA AGUS IAR CCAITHEAMH BÍDH. C. Créud do-ní tú a n-aimsir chaithmhe bídh? F. Beannuighim an bord, agus do-bheirim altughadh buidhe do Dhia iarn-a chaitheamh. C. Créud as fhoirm do bheannughadh an bhuird? F. An fhoirm-si 'nar ndíaidh. DO BHEANNUGHADH AN BHUIRD. Fears. Go mbeannaighe Dia sinn. Freag. Go mbeannaighe. Orrtha. Beannuigh inn, a Thighearna, agus na tiodhlaicthe-si atámaoíd ar tí do chaitheamh do thoradh th'fhialmhaitheasa féin, tré Chríosd ar tTighearna. Amén. Fears. Go mba toil libh, a Thighearna, ar mbeannughadh. Freag. Go ttabhra Rí na glóire síordhuidhe ar ccuid don fhleidh neamhdha dhúinn. Amén. (A n-aimsir choda adeirthear a n-ionadh na fearsa déidheanaigh-si:) Fears. Go mbeiri Rí na glóire suthuine sinn dochum coda na beathadh síordhuidhe. Freag. Amén.
C. Créud do-ní tú ag ithe an bhídh? F. Iar suidhe dhamh, adeirim go hinmheadhónach: “A Thighearna, a mo Dhé, glacuim an bíadh-so uait amhail phreasánta ó nimh, agus tionnsgnaim a chaitheamh dochum do ghlóire agus th'onóra, agus dochum gomadh móide do-ghéunainn seirbhís chuirp dhuit.” DON ALTUGHADH IAR CCAITHEAMH BÍDH. C. Créud as foirm don altughadh? F. An fhoirm-si 'nar ndiaidh. Fears. Beannaigheam an Tighearna. Freag. Buidheachas do Dhia. Ortha. Buidheachas duit ar son th'uile thiodhlaiceadh dhúinn, a Dhé uilechumhachdaigh, atá ad Rígh bhithbhéo a saoghal na sáoghal. Amén. Fears. A Thighearna, déin trócaire oruinn. Freag. A Chríosd, déin trócaire oruinn. Fears. A Thighearna, déin trócaire oruinn. A ar nAthair, atá ar neamh, etc. Fears. Ná léig inn a ccathughadh. Freag. Achd saor inn ó olc. Amén. Ortha. Go mba toil leat, a Thighearna, a huchd do naomhanma, an bheatha mharthanach do thabhairt don luchd do-ní maith dhúinn. F. Amén. Go bhfhaghaid anmanna na ccreidmheach tré thrócaire nDé cumhsanadh suthain. F. Amén. Glóir dho Dhia, onóir dá naomhaibh, grása do bhéoaibh, trócaire do mharbhaibh, síth a ccill agus a ttuaith. F. Amén. C. Créud do-ní tú iar n-altughadh?
F. Téighim a n-ionadh uaigneach, agus adeirim ní sa lugha cúig Paidreacha go ccúig nAué María, a n-onóir na ccúig ccréuchd do-ríghneadh ar mo Thighearna Críosd, do bhreith bhuidheachuis ris, mar do shás mé trén-a mhórmhaitheas, comhthrom na haimsire dobhí féin iar ttiormughadh do thart san ccroich íar ccaill a fhola, .i. a meadhón laoí. Sgrúdaim annso mo choinsias go hathchumair, agus smuainim ar gach rún dar chuireas romham san maidin, agus féuchuim cionnas do choimhlíonas iad, agus má do thuiteas a bpeacadh mharbhtha nó shologhtha do-ním croidhebhrúdh ann do láthair, agus athnúadhaighim na deaghrúin chéudna. AN 6 CAIBIDIL. MAR AS CÓIR DHÚINN IOMCHAR RÉR CCOMHURSAIN. MAR AS INDÉUNTA AG DÉUNAMH GNÓAIGHEADH RÍA. C. Créud do-ní tú ag déunamh gnoaigheadh ris an ccomharsain? F. Ó thús, do bhrígh go mbím griongalach fá shláinte ar n-anmann ar aon seach na huile, cuirim romham mo dhíthcheall do dhéunamh gan dochar sbioradálta ná teamporálta do theachd do cheachdar aguinn as an ccomhrádh-sin, agus ullmhaighim mé féin dochum foidhide a ccás go tteigéumhadh riom é. Bídh mo chomhrádh fírinneach, comhathchumair as éidir a bheith, agus mo ghuth inísiol maille ré tromdhachd, ré simplidhiochd, agus re díorgha mheanman. Féuchuim go geanmnuidh ar an bpearsain re a bhfhuilim ag labhairt, amhail íomháigh do Chríosd (madh fear) nó do Mhuire (madh bean í), agus go hinmheadhónach ar an anam do ceannaigheadh ar fhuil mhórlúaigh Íosa Críosd; agus ó atá Dia in gach ionadh, measuim a bheith a n-anam an té re a labhraim, agus mar sin bídh umhlachd agus grádh agam dhó. MAR AS INDÉUNTA A N-AIMSIR CHOMHLUADAIR RÍA. C. Créud do-ní tú a n-aimsir chomhluadair? F. Do-ním mo dhíthcheall gan ní ar bhioth do chumasg
thríd do chuirfeadh sgrupal oram a n-am na fáoisidne, mar atá murmur nó bréuga, etc., agas toirmisgim, an mhéid go bhféudaim, an uile chonuearsáid pheiríaclach. Maille ris sin, do bhrígh gurab dochum sóláis as dual an comhluadar agus an caitheamh aimsire, ní theagmhaim a n-iomarbháidh ré héinneach, agus ní labhraim ar neithibh ar a mbiadh míghean nó míoghnáoi ag mo chomthachuibh; achd tógbhaim gach gné shúgartha as mó as ar ab éidir liom tarbha do bhuain do thaobh anma agus chuirp, .i. sgéuluídheachd sbioradálta, sdairthe macánta, céol, nó saothar lámh, etc. AN 7 CAIBIDIL. DO NA NEITHIBH AS INDÉUNTA A N-AIMSIR CHODA AGAS RÉ NDUL DO CHODLADH. DO NA NEITHIBH AS INDÉUNTA A N-AIMSIR CHODA. C. Créud do-ní tú a n-aimsir choda? F. Do-ním mar do-righneas a n-aimsir dhínnéir; maille ris sin, smuainim mórmhaitheas agas tíodhlaicthe mo Thighearna Dé dhamh (atá am easccaraid aige tréum pheacthaibh gráineamhla), agus go sunradhach mar nach é amháin go ttug mo dhínnéur dhamh san ló, achd fós gur ullmhaigh mo chuid dhamh ag teachd na hoidhche. Do-bheirim an dara smúaineadh ar líonmhuire mo pheacadh, agus go spesíalta ar mo dho-bhuidheachas ar Dhia 'na thiodhlaicthibh; agus guidhim é, a huchd an ghrádha tréur thoirbhir é féin dúinn ina chuid dhéidheanaigh an lá riana pháis, grása do thabhairt damh dochum na coda suthaine do ghnoughadh san mbeathaidh mharthanaigh. DO NA NEITHIBH AS INDÉUNTA RÉ NDUL DO CHODLADH. C. Créud do-ní tú san oidhche ria ndul do chodladh? F. Léigim mé féin ar mo ghlúinibh a n-áit éigin úaignigh
maille ré reuerens agus uirísle chroidhe, agus coisreagaim mé ag rádh: “A n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sbirad Naoimh. Amén. Beannachadh dhuit, a Thríonnóid neamhdha dhoidheadhla, anois agus riamh agus a saoghal na saoghal. Amén.” 'Na dhiaidh sin adeirim trí Paidreacha, Fáilte an Aingil fó thrí, agus Cré leis an inntinn le a ndubhras iad ar maidin; 'na dhiaidh so mo Chonfiteor mar adúbhras túas san dara caibidil, agus iar mbúaladh m'ochda dhamh, ag rádh “mo roi-chionta”, sgrúdaim mo choinsias. C. Cionnas sin? F. Ag sgrúdadh m'uile oibreadh, bhriathar, agus smúaintightheadh, ó do éirgheas ar madain an lá-sin, dá fhéuchain cionnas do chaitheas gach uair dhe agus créud na siocra dobhí agam; agus má do thuiteas a bpeacadh sologhtha nó marbhtha, do-ním croidhebhrúdh do láthair ann, agus fós im uile pheacthaibh feadh mo bheathadh, mar adubhramar thuas san dara caibidil don pharrthas-so; óir ar mhaitheas an domhain ní chodailfinn a bpeacadh mharbhtha gan an t-aithreachas-so do dhéunamh ann a ccéudóir, agus gan a fhios agam an mairfinn ag éirghe laoí arn-a bhárach. Maille ris so smuainim ar gach rún dar chuireas romham ar maidin, agus féuchaim cionnas do choimhlíonas íad; agus munar choimhlíonas, athnuadhaighim mo rún agus cuirim romham dul ar mh'aghaidh ó shoin súas, mar do-ríghneas ar maidin. Sgrúdaim fós mo dhroichbhéusa, mo dhrochclaonta, m'oibliogáidi, agus gach ní oile atá 'na ríachdanas ar an deighbheathaidh, amhail dobheinn ag tabhairt chunndais d'Íosa Críosd, mar do-bhéur gan amharas iar sgarthain chuirp agus anma. Iar ccríochnughadh an sgrúduidh-si, adeirim an chuid oile don Chonfiteor gon-a leanann de, agus 'na dhiaidh sin adeirim: Slánaigh inn, a Thighearna, 'nar ndúsgadh, caomhain inn 'nar gcodladh, ionnas go mbémís ag foraire a bhfhochair Chríosd, agus go suaimhnighmís san síoth shuthain. Amén. Fears. Coimhéid inn, a Thighearna. Freag. Dídin inn fód th'eitibh.
Fears. Go mba toil libh, a Thighearna. Freag. Ar ccumhdach anochd ó pheacadh. Fears. Déin trócaire orainn, a Thighearna. Freag. Déin trócaire. Fears. Déin trócaire orainn. Freag. Do réir ar ndóchais ionnad. Fears. Éisd m'urnaighthe, a Thighearna. Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair. Orrtha. Guidhmíd thú, a Thighearna, teachd d'fhéuchuin na haitreibhe-si, agus uile chealga ar n-easccarad do dhíbirt eisde; do naomhaingle do bheith ga háitiughadh dar ccoimhéid-ne a síothcháin, agus do bheannachd do bheith orainn go biothbhuan, tré Chríosd ar ttighearna. Amén. Dochum an aingil choimhideachda. A aingil Dé; a mo choimhéudaidh, tré bhúidhe an Tighearna, soillsigh mé anochd, riaghlaigh, sdiúr, agus caomhain. Amén. Go mbeannaighe agus go ccáomhna an Tighearna trócaireach, uilechumhachdach, .i. an tAthair, agus an Mac, agus an Sbiorad Naomh, inn. Amén. Anaim iar so feadh aimsire éigin ag meadhughadh mo chríoch ndéidheanach, agus go sunradhach an bháis agus an bhreitheamhnuis. C. Créud do-ní tú ag cur th'éudaigh dhíot dochum codalta? F. Tréigim, diúltuim, agus tarcuisníghim ó thoil iomláin an uile ní dar chruthaigh Dia, tré a sgarfuidhe ris féin mé. Smuainim arís mar do nochd an cineadh Iúdaidhe Críosd dochum a chéusda; agus guidhim é, ar son na bpían ina raibhe an tan-sin, mo nochdadh óm uile antolaibh agas ainmíanuibh. C. Créud smuaineas tú ag luighe id leabaidh dhuit? F. Smuainim ar an síneadh bhías oram san uaigh iar ccríochnughadh mo bheathadh; agus sínim mé féin amhail do bheinn ag luighe mar aon ré Críosd san tumba. Saoraidh Dia mar so ar dhrochchodladh mé; agus musglaim maille ré hullmhughadh ro-mhaith dochum na híarmhéirghe.
AN 8 CAIBIDIL. DON IAIRMHÉIRGHE. C. Créud as indéunta don chríosdaidhe a meadhón oidhche? F. An iairmhéirghe do dhéunamh agus trátha cánónta, nó trátha Muire, nó Coróin Íosa, nó Coróin Mhuire, nó liottáin Íosa, Mhuire, nó na naomh, nó gibé urnaighthe thaisbéunas Dia dhó, do réir a cháilidheachda, do rádh, agus guidhe ar anmannuibh purgadóra: os a chionn sin, cáil éigin aimsire do chaitheamh ag smuaineadh ar pháis Chríosd, ar a chríochuibh déidheanacha, agus ar na hanmannaibh atá a n-ifrionn agus a bpurgadóir, nach 'na ccodladh atáid achd ga losgadh a tteintibh do-mhúchda. Smuaineadh, mar an ccéudna, nach fuilid na haingil ná na naoimh a bhfhlaitheamhnas 'na ccodladh achd ag moladh Dé do shíor, agus déunadh aithris orra go háiridhe an uair-sin; óir ní fhuil ar bioth aimsear urnaighthe as fearr iná í, do bhrígh go mbí an inntinn síothóilte, socair, sáor ó bhuaidhirt agus ó thrioblóid an tshaoghail. C. An bhfhuil réusún achd sin an urnaighthe-si do dhéunamh a meadhón oidhche tar aimsir oile? F. Atá; ó thús, do bhrígh gurab comhthrom na haimsire-sin rugadh Críosd, agus fós, do réir choda do na naomhaithribh, thiocfas dochum an bhreithiomhnais déidheanuigh. Maille ris sin, go raibhi a ngnás san tsheinreachd a déunamh a samhail sin d'aimsir, gonadh aire sin adeir an psailmcheadlaidh agus an rí Dauídh, gé gurab mór dobhí ar a aire: Media nocte surgebam ad confitendum tibi, Psal.118; .i. “Do éirghinn, a Thighearna, a meadhón oidhche dod mholadh.” Do theagaisg fós ar ttighearna Críosd an ní céudna san reachd núa, mar gheibhthear ag Lúcás soisgéulaidh san seiseadh caib.: Erat Iesvs pernoctans in oratione Dei; .i. “Dobhí Íosa a n-áirneán ag guidhe Dé;” agus do lean urmhór a ttáinig do naomhaibh san Eagluis riamh san bpunc-so é. Atá an deaghghnás-so ar congbháil do ghnáth ag na horduibh riaghalta agus ag daoinibh oile diadha. Ní himchían fós ó dobhí an gnás beannuighthe céudna comhchoitcheann feadh Éirionn
ag an uile shórt daoíneadh aga raibhe grádh Dé agus cúram fá shláinte a n-anmann. Guidhmíd, dá bhrígh sin, gach aon, aga bhfhuil grádh Dé 'na chroidhe agus an cúram céudna fá shláinte a anma, gan an deághghnás-so do léigean de tré leisgi nó shádhaile, achd an iairmhéirghe do dhéunamh go friochnamhach ar lorg Chríosd agus na naomh, agus Dia do ghuidhe go dúthrachdach fá ghrásaibh do thabhairt dó féin agus dá chomharsain a bhos, agus an bheatha shuthain thall. Do thráchdamar gó so ar an bhfreacar laetheamhail. Anois, dochum nach bíadh ní ar bíoth as riachdanus dod bheathaidh sbioradálta 'na ainbhfhios ort, cuirfeam síos feasda gach ní sa fhios as oirchios duit do bheith agad.
AN DARA RANN DON PHARRTHAS-SO THRÁCHDAS AR AN GCREIDEAMH. AN CHÉUDCHAIBIDIL. DO CHRÍOSD AGAS DON TEAGASG TUG UADH. DO CHRÍOSD. C. Créud é an ní Críosd? F. Dia agus duine fíre. C. Cionnas atá 'na Dhia fhíre? F. Do bhrígh go bhfhuil 'na mhac nádúrtha ag an Athair neamhdha. C. Cionnas atá 'na dhuine fhíre? F. Do bhrígh go bhfhuil 'na mhac ag Muire óigh. C. Créud fá ttugthar Críosd air? F. Fán ungadh, agus fá líon na ngrás dobhí aige. C. An é an Críosd-so an Mesías fíre? F. Asé go dearbhtha, agus do gealladh ón reachd agus ó na fáidhibh. C. Créud í an mhaith do-righne dhúinne? F. Ar slánughadh ór bpeacthuibh, agas teagaisg naomhtha do thabhairt dhúinn. C. Cionnas do shlánuigh inn ór bpeacthuibh? F. Ag fulang na páisi as mó dar fhulaing duine riamh, agus fá dheóidh bháis croiche idir dhís bithbheanach. DON TEAGASG TUG CRÍOSD UADH. C. Créud é an teagasg tug Críosd dhúinn? F. An teagasg críosdaidhe.
C. An maith an fhoghluim atá san teagasg críosdaidhe? F. Ní fhuil ar bioth foghlaim ná léigheann as fearr iná é. C. Créud iad na neithe ar a ttráchdann? F. Tráchdaidh go sunradhach ar chúig neithibh, .i. ar an cCré, ar an bPaidir, ar na haitheantaibh, ar na sacramaintibh, ar na subháilcibh, agus ar na lochdaibh. C. An íad so na céidneithe atá d'fhiachuibh ar an duine? F. As iad, do bhrígh go tteagaisgid na neithe bheanas ré críosdaidhe. AN DARA CAIBIDIL. DON CHRÍOSDAIDHE, DÁ CHOMHARRTHA; DO CHÉILL AGAS DO THARBHA AN CHOMHARRTHA CHÉUDNA. DON CHRÍOSDAIDHE. C. Créud as críosdaidhe ann? F. Deisgiobal Chríosd, do baisdeadh agus go ghabh creideamh agus dlighthe Críosd chuige. C. An críosduidhe thusa? F. Aseadh maille ré grásaibh Dé. C. Cia as athair don chríosdaidhe? F. Dia uilechumhachdach. C. Cia hí a mháthair? F. An naoimhEaglas Chatoilice Rómhánach. C. Cía híad a dhearbhbhráithre? F. An uile chríosdaidhe. DO CHOMHARRTHA AN CHRÍOSDUIDHE. C. Créud as comharrtha don chríosdaidhe? F. Comharrtha na croiche le a ndéunmaoíd ar ccoisreagadh. C. Cionnas choisreagas tú thú féin? F. Ag déunamh croisi im éudan, adeirim na briathra-so: “Tré chomharrtha na croiche naoimhe,” 'na dhíaidh sin, ag déunamh croisi ar mo bhéul, adeirim: “Saor inn, a Dhé,” agus fá dheóidh, ar m'uchd, adeirim: “Ór n-easgcairdibh.”
C. An bhfhuil foirm choisreagtha oile ann? F. Atá, agus as í as gnáthaighe. C. Cionnas do-ní tú í? F. Ag cur bhairr agus aighthe mo bhaisi deisi ar uachdar mh'éudain ar tús, adeirim: “A n-ainm an Athar”; 'na dhíaidh sin ar íochdar mo ochda, adeirim: “Agus an Mhic”; dá éis sin ar mo ghualainn chlí, adeirim: “Agus an Sbiorad”; 'na dhiaidh sin ar mo ghualainn deis, adeirim: “Naoimh”; agus fá dheóidh ar lár mo ochda, adeirim: “Amén”, .i. bíodh mar sin. C. Cia tug an comharrtha-so dhúinn? F. Críosd ar ttighearna. C. Créud fá ttug comharrtha na croiche dhúinn? F. Do bhrígh gurab ar an gcroich do fhulaing féin páis ar ar son, le a rug ó bhás go beathaidh, ó pheacadh go grásaibh, inn. DO CHÉILL CHOMHARRTHA AN CHRÍOSDUIDHE. C. An bhfhuil brígh ar bioth ag na briathraibh-si maille ris an ccomharrtha-sin do-níthear aga rádh? F. Atá brígh ro-mhór, óir as beag nach foillsighthear suim an chreidimh uile ionnta. C. Créud chiallaigheas an focal-sa “a n-ainm”? F. Ciallaighidh nach bhfhuil ann achd aoinnDia amháin, óir is a n-anmannuibh adéurthaoi dá mbeith iomad Déeadh ann. C. Créud chiallaighthear an tan adeirthear “an Athar, agus an Mhic, agus an Sbiorad Naoimh”? F. Trí pearsana na Tríonnóide do bheith 'na n-aoinDia, a n-éunnádúir dhiadha. C. Créud chiallaighthear ag breith na láimhe ón éudan go híochdar an ochda? F. An Mac síordhaidhe do thurnamh a mbroinn na hóighe, gur ghabh colann daonna dár slánughadh. C. Créud chiallaighthear ag breith na láimhe don ghualainn chlí? F. Go ndeachaidh Críosd go hifrionn d'fhuasgladh na n-aithreach naomhtha.
C. Créud chiallaighthear ag breith na láimhe ón ngualainn chlí gus an ngualainn ndeis? F. Gur éirigh ó mharbhaibh, go ndeachaidh suas ar neamh, agus go bhfhuil 'na shuidhe air deis Dé Athar uilechumhachdaigh. C. Créud chiallaighthear ag breith na láimhe go lár an ochda? F. Go bhfhuil Críosd, an mhéid go bhfhuil 'na Dhía, a n-éunnádúir, agus a n-éunchumhachdaibh ris an Athair agus ris an Sbiorad Naomh. C. An cciallaighthear ní ar bioth oile leis an naomhchomharrtha-sin? F. Ciallaighthear an bás croiche do fhulaing ar Slánaightheóir Íosa Críosd dar slánughadh. DO THARBHA AN CHOMHARRTHA CHÉUDNA. C. An bhfhuil tarbha ar bioth san ccomharrtha-so? F. Atá; óir, taobh amuigh go n-admhamaoid ar gcreideamh leis, foillsighmíd gurab críosdaidheadha sinn. C. An bhfuil brígh ar bioth a n-aghaidh an diabhail aige? F. Atá, óir bídh 'na arm agus 'na éideadh orainn a n-aghaidh chathaigheadh na colla agus an diabhail; ón claoitear é go hurasa ag faicsin an chomharrtha-sin le a rugadh buaidh roimhe air. C. Ga tráth as cóir dhúinn sinn féin do choisreagadh? F. San uile aimsir, go háiridhe ag luighe, ag éirghe, agus ag tionnsgna an uile neith. C. Créud an fáth go spesialta an uair-sin? F. Ionnas go ngoirmís ar chongnamh Dé san uile dheaghobair; óir, goirmíd go follas ar an ttríonnóid a n-onóir pháisi ar tTighearna Críosd, an tan do-nímíd ar ccoisreagadh. C. Créud iad na deaghoibre as prinnsiopálta le a ndéinmíd seirbhís dhó? F. Lé hoibribh an chreidimh, an dóchais, agus an ghráidh.
AN TREAS CAIBIDIL. DON CHREIDEAMH GO GENERÁLTA, AGUS GO SPESIALTA DON CHRÉ. DON CHREIDEAMH GO GENERÁLTA. C. Créud as creidiomh ann? F. Tiodhlacadh neamhdha agus subháilce dhoirteas Dia a n-anam an duine le a soillsighthear a thuigsi, ionnas go mbí ullamh dochum gach neith dar fhoillsigh Dia, agus dá n-abair an Eaglas do bheith inchreidthe, do chreidiomh. C. An bhfhuil achd éinchreideamh fíre ann? F. Ní fhuil; mar nach fuil achd aoinDía, éinEaglas, éunbhaisdeadh, agus éinreachd ann. C. Créud iad na neithe theagaisgeas an creideamh-sin dúinn? F. Creideamh a n-aoinDia a ttrí pearsanuibh, agus gach ní oile dá bhfhuil san ccré. C. An í an Chré as riaghail chinnte chreidimh dhúinn? F. As í gan chonntabhairt. C. An ionann an Chré agas airteagail an chreidimh? F. As ionann. DON CHRÉ. An Chré arn-a roinn 'na hairteaglaibh, agus a ughdar féin ós comhair gach airteagail. 1. Creidim a nDía Athar uilechumhachdach, Cruthaightheóir nimhe agus talmhan: 1. Pet. 2. Agas a nÍosa Críosd a éunmhac, ar ttighearna: 2. And. 3. Do coimpreadh ón Sbíorad Naomh, do geineadh ó Mhuire óigh: 3. Ioa. 4 . Do fhulaing páis fá Phoint Phioláid; do crochadh; fuair bás, agus do hadhlacadh: 4. Iaco.
5. Do-chuaidh síos go hifrionn; do eiséirigh an treas lá ó mharbhaibh: 5. Tho. 6. Do-chuaidh suas ar neamh; atá 'na shuidhe ar deis Dé Athar uilechumhachdaigh: 6. Iaco. minor. 7. As sin thiocfas do bhreith bhreithe ar bheóaibh agus ar mharbhaibh. 7. Phil. 8. Creidim san Sbiorad Naomh; 8. Barth. 9. San naoimhEagluis Chatoilice; a gcumann na naomh; 9. Mat. 10. A maitheamh na bpeacadh; 10. Sim. 11. A n-eiséirghe na gcorp; 11. Iud. 12. San mbeathaidh shuthain. Amén. 12. Mattias. C. Cía as ughdar don Chré? F. An dá apsdal déug. C. Créud fá ndearnadar í? F. Ionnas go tteagasgdaois ar ccreideamh dhúinne. C. Créud fá n-abramaoid í? F. Dochum ar gcreidimh d'admháil, agus dochum ar ndaingnighthe ann. C. An éidir linn conntabhairt do chur a n-éunphunc dá bhfhuil innte? F. Ní héidir, achd atá d'fhiachaibh orainn a gcreideamh uile gan roinn. C. An bhfhuil d'fhiachuibh oruinn a bhfhios uile do bheith aguinn? F. Atá, óir ní héidir a gcomhlíonadh gan a bhfhios. C. Créud an dearbhadh atá ar a mbeith fíor? F. A tteagasg lé béul Dé nach mealltar agus nach meallann. C. Cionnas atá a fhios aguinn gurab é Dia do theagaisg iad? F. Ór naomhmáthair an Eagluis, atá arn-a sdiúradh agus arna riaghladh ón Sbiorad Naomh.
AN 4 CABIDIL. DON SGRIOPTÚIR DHÍADHA, AGUS DO GHNÁTHCHUIMHNE NA N-ABSDAL. DON SGRIOPTÚIR DHIADHA. C. C'áit a bhfhuair ar naomhmáthair an Eaglas na neithe fhoillsigheas do bheith dar ccreideamh? F. San óirchisde tug Dia dhi, .i. san sgrioptúir dhiadha agus a ngnáthchuimhne na n-absdal. C. Créud é an ní an sgrioptúir diadha? F. Leabhair áiridhe don tsheinreachd agus don reachd nua do sgríobhsad daoine naomhtha tré ghluasachd agus chongnamh speisialta an Sbiorad Naoimh. C. Cionnas atá a fhios aguinn cia hiad na leabhair atá don sgrioptúir dhíadha? F. Ón Eaglais, do ghlac mar leabhraibh diongmhála, agus thoirbhireas dhúinne amhlaidh sin san bhíobla iad. C. An sgrioptúir diadha bíobla na n-eithriceadh? F. Ní headh, óir do bhréugnaigheadar é a n-iomad d'áitibh. C. An bhfhuil léughthórachd an bhíobla toirmisgthe? F. Atá, gan chead, ar dhaoinibh ainbhfheasacha, go sunradhach a tteangaidh a máthar. C. An bhfhuil an sgrioptúir so-thuigsi do na huilibh? F. Ní fhuil, achd ro-chruaidh a n-iomad d'áitibh, agus dá bhrígh sin, ní hiomchubhaidh do thuatadhaibh a thathaighidh. DO GHNÁTHCHUIMHNE NA N-ABSDAL. C. An bhfhuil d'fhiachaibh oruinn ní ar bioth do cheideamh achd a bhfhuil san mbíobla? F. Atá fós gnáthchuimhne na n-apsdal. C. Créud an ní an ghnáthchuimhne-si? F. Teagaisg naomhtha nar sgríobhadh san scrioptúir, achd atá ar cuimhne san Eaglais ag gach druing dá ttáinig diaidh a ndiaidh ó aimsir na n-apsdal gus aniodh.
Ainmnigh punc éigin don teagasg-sin. Gan achd ceithre soisgéil do bheith ann; Muire do bheith riamh 'na hóigh; an Cháisg do bheith ar an Domhnach; agus iomad oile. C. Créud é an riachdanas atá na neithe-si do chreideamh? F. Atáid coimhriachdanasach sin nach éidir neach do bheith 'na fhíréun nó do shlánughadh gan iad. C. An éidir duine do shlánughadh leis an ccreideamh amháin? F. Ní héidir gan deaghoibre 'na choimhideachd. C. Créud iad na puinc as prinnsiopálta d'airteaglaibh ar ccreidimh? F. Na puinc bheanas ris an diadhachd. AN 5 CAIBIDIL. DO AONDACHD NA NÁDÚIRE DÍADHA, AGUS DO PHEARSANAIBH NA TRÍONNÓIDE. C. Créud é an ní Dia? F. AirdRí mór uilechumhachdach, Cruthaightheóir nimhe agus talmhan, isa mhaitheas, isa ghlóir, isa chríonnachd atá doichríochnaighthe, agas atá 'na thosach agus 'na dheireadh ag an uile. C. Ga mhéd Dia ann? F. AoinDia amháin, .i. an Tríonnóid neamhdha. C. Ga mhéud pearsa san Tríonnóid? F. Trí pearsana; an tAthair, an Mac, agus an Sbiorad Naomh. C. An Dia an tAthair? F. Aseadh. C. An Dia an Mac? F. Aseadh. C. An Dia an Sbiorad Naomh? F. Aseadh. C. An bhfhuilid mar sin trí Dée ann? F. Ní fhuilid, achd aoinDia a ttrí pearsanaibh. C. Cionnas as éidir gan a bheith achd 'na aoinDia agus gach pearsa dá ndubhrais 'na Dia? F. Do bhrígh go bhfhuil an nádúir dhíadha in gach pearsain díobh, as Dia gach pearsa dhíobh fá seach; agus do bhrígh gurab
éinndiadhachd, éuntsubsdaint, agus éunnádúir amháin gan roinn atá ionnta 'na ttriúr, ní trí Dée iad achd aoinDia amháin. C. Cia hí an chédphearsa don Tríonnóid? F. An tAthair neamhdha, tobar na diadhachda. C. An ttáinic an tAthair ó neach ar bioth? F. Ní tháinig, agus nír geineadh riamh é, achd atá sé ann riamh gan tús gan deireadh. C. Nar geineadh an Mac ó neach ar bioth? F. Do geineadh, agus geintear ón Athair neamhdha é. C. Nar geineadh an Sbiorad Naomh, nó an ttáinig ó neach ar bioth? F. Nír geineadh é; gidheadh, táinig agus tig ón Athair agus ón Mac a n-aoinfheachd. C. Cia do na trí pearsanaibh-si as sine? F. As ionann a n-aois. C. Cionnas as éidir don Mhac bheith comhaosda ris an Athair agus a gheineamhain uadh, nó don Sbiorad Naomh bheith comhaosda riú araón agus gurab uatha ar aon táinig; óir as sine th'athair-si iná thú féin; agus gach ní tig ó ní oile, as luaithe bhíos an ní ó ttig ann iná é? F. Bíodh a fhios agad nach ionann gheintear an chlann thalmhaidhe agus Mac an Athar shíordhaidhe. C. Cionnas gheintear é? F. Lé hoibriughadh na tuigseana do geineadh ón Athair é, ag tuigsin agus ag féuchain a dhiadhachda féin. C. An éidir leat sin do mhíniughadh le heisiomláir? F. Tabhair dod th'aire, an tan fhéuchas duine a sgáthán, go ngeintear a moimint íomháigh uaidh san sgáthán chéudna cosmhail ris féin san uile chruth. Ní caitthear aimsear ná saothar ría; ní hiarrthar ionnsdrumaint dochum a déunta achd féuchain amháin san sgáthán, agus dobhiadh 'na mac aige, dá bhfhéudadh a nádúir agus a shubsdaint féin do thabhairt dhi. Mar sin, iar bhfhéuchain don Athair shíordhaidhe a sgáthán na diadhachda, do ghein sé íomháigh ro-chosmhail ris féin; agus do bhrígh go ttug a dhiadhachd agus a shubsdaint féin uile dhi, as mac nádúrtha díleas fíre dhó í; agus do bhrígh fós go bhfuil riamh ag féuchain ar an diadhachd chéudna, agus nach iarrthar énní oile dochum an Mhic do gheineamhain achd sin, as follas
go bhfuil an Mac riamh ón tshíordhaidheachd ann, mar atá an tAthair, agus go bhfuil mar sin comhaosda ris. C. Cionas táinig an Sbiorad Naomh ón Athair agus ón Mac? F. Lé hoibriughadh na tola; óir, an tan tugadar grádh ro-mhór dóibh féin agus dá ndiadhachd, lé tabhairt an ghrádha-sa táinig an Sbiorad Naomh uatha, agus do thoirbhireadar a nádúir dhiadha féin dó; agus do bhrígh go bhfuil an tAthair agus an Mac ag grádhughadh a ndiadhachda agus aga ngrádhughadh féin riamh, an feadh atáid féin ann, agus nach iarrthar a aithearrach sin dochum an Sbiorad Naoimh do theachd uatha, as follas go bhfhuil an Sbiorad Naomh riamh ón tshíordhaidheachd ann, mar atáid-sion, agus go bhfhuil mar sin comhaosda riú. C. An ionann uaisle, cumhachda, saidhbhreas, agus glóir do na trí pearsanaibh-si? F. As ionann; óir, gach uaisle, gach cumhachda, agus gach glóir dá bhfuil aca, as ón diadhachd atá, agus ar an adhbhar sin, do réir mar as ionann diadhachd, subsdaint, agus nádúir dhóibh, as ionann fós uaisle, aoís, cumhachda, saidhbhreas, agus glóir dhóibh. C. An bhfhuil fioghuir chorparrdha ag aoinphearsain díobh so? F. Atá ag an Mac, an mhéid go bhfuil 'na dhuine amháin. C. An bhfhuil ag an Athair nó ag an Sbiorad Naomh? F. Ní fhuil, óir ní fhuil ionnta achd sbiorada fíre do-fhaicseana. C. Créud fá ndealbhthar, máseadh, an tAthair a ndeilbh sheanduine? F. Ar an adhbhar gurab san riochd-sin do thaisbéin é féin do Dhaniel fáidh, Dani. vii; agas fós dá chur a ccéill go bhfuil ann riamh, gan tús gan tionnsgna. C. Créud fá ndealbhthar fós an Sbiorad Naomh a bhfhioghuir cholaim? F. Do bhrígh gurab san riochd-sin do thoirinn os cionn Chríosd ag sruth Iordain an tan do baisdeadh lé hEóin é, Jon. I; agas fós dá chur a ccéill go ttabhair naomhthachd, gloine, agus neamhurchóid mar an ccoluim dhúinne. C. Nach éidir a ndealbhadh mar atáid ionnta féin?
F. Ní héidir, óir ní héidir a ccosmhaile do thaisbéunadh nó do bhuain lé pinntéoireachd chorparrdha. C. C'áit a bhfhuil Dia? F. Ar neamh, ar talmhain, agus san uile áit, ó shubsdaint, ó chumhachdaibh, agus ó láthair. C. An bhfhuil fios na n-uile aige? F. Atá gan chonntabhairt. C. An bhfaiceann na huile? F. Do-chí, agus ní héidir a cceilt air. Tabhair dod th'aire, dá bhrígh sin, go bhfhuil Dia do ghnáth san n-uile áit agus san n-uile aimsir do láthair agad, agus gurab cóir dhuit bheith mín, ceannsa, subháilcheach dá láthair. AN 6 CAIBIDIL. DO CHRUTHUGHADH NA N-UILE, AGUS GO SUNRADHACH AN DUINE, AGUS DON ADHBHAR FÁR CUIREADH AS PHARRTHAS É. DO CHRUTHUGHADH NA N-UILE. C. Cionnas atá Dia uilechumhachdach? F. Do bhrígh gur chruthaigh na huile. C. Créud iad na neithe as mó in ar dhearbh a chumhachda? F. Ag cruthughadh nimhe maille ré a bhfhuil d'ainglibh agus d'anmannaibh beannaighthe ann; an talmhan gon-a chrannaibh, gon-a luibhibh, agus gon-a bhfhuil do bheathadhachaibh égciallaidhe ann; ifrinn maille re a bhfhuil do dheamhnaibh agus d'anmannuibh damanta ann. DO CHRUTHUGHADH AN DUINE. C. An é Dia do chruthaigh an duine? F. As é. C. Créud é an ní an duine? F. Créutúir réusúnta so-bhásaighthe ag a bhfuil anam biothbhuan agus corp talmhaidhe. C. Créud í an chríoch fár chruthaigh Dia é?
F. Dochum seirbhísi do dhéunamh dhó féin, agus glóire do thabhairt dhó ar an saoghal-so, agus dochum na glóire síordhaidhe d'fhagháil úadh san saoghal thall. C. Ga tráth do chruthaigh é? F. An seiseadh lá d'aois an domhain. C. Créud an t-ionadh comhnaidhe tug dhó? F. Parrthas talmhaidhe; agus ós a chionn sin do-righne tighearna dhe ar iasg na mara, ar éunlaith an aeir, agus ar ainmhintibh égciallaidhe an talmhan, agus tug Éua mar chéile agus mar chuidiughadh dhó. C. Créud dá ndearna Dia Éua? F. d'easna Ádhaimh. DON ADHBHAR FÁR CUIREADH AN DUINE AS PARRTHAS. C. Créud fár cuireadh Ádhamh agus Éua as parrthas? F. Tré ithe an ubhaill, tréur chailleadar an oidhreachd neamhdha do gheall Dia dhóibh féin agus dá sliochd 'na ndiaidh. C. Créud fá ttáinig an urdail sin d'olc as aonubhall? F. Do bhrígh go raibhi toirmisgthe ó Dhia, agus mar sin gur pheacaigheadar féin agus a sliochd 'na ndíaidh, ag briseadh na haithne tug Dia dhóibh. AN 7 CAIBIDIL. DO RIAGHLADH NA N-UILE; AGUS GO SUNRADHACH DON ADHBHAR FÁ TTABHAIR DIA BOCHDAINE DO NA FÍRÉUNAIBH AGUS CONÁCH SAOGHALTA DO NA PEACTHACHAIBH. DO RIAGHLADH NA N-UILE. C. An reagaid na créutúireadha a leas Dia dá ccoimhéud? F. Rigid, óir dorachdaois lé caochadh na súl ar neimhní muna bheith-sean ga ccoimhéud. C. Cía ríaghlas an saoghal maille ré a bhfhuil ann? F. Dia sdiúras é agus ordaigheas a ndéuntar ann.
C. Nach le cinneamhain theagmhaid mórán dá ndéuntar ann, agus go speisialta na huilc? F. Ní headh, achd lé fulang Dé, do bhrígh nach toirmisgeann iad ar son ar bpeacadh. DON ADHBHAR FÁ TTABHAIR DIA BOCHDAINE DO NA FÍRÉUNAIBH AGUS CONACH SAOGHALTA DO NA PEACTHACHAIBH. C. A ndéin Dia gach ní go ceart? F. Do-ní, agus as naomhathais a chontrárrdha do rádh. C. Créud fá ttabhair, máseadh, saidhbhreas, fad saoghail, sláinte, agus conách saoghalta do na drochdhaoinibh agus do na peacthachaibh, agus bochdaine, doilgheas, agus trioblóid do dheaghdhaoinibh cráibhtheacha fíréunta? F. Do-bheir Dia rath beag saoghalta ar feadh tamuill do na drochdhaoinibh a ndíol na maitheasa bige do-righneadar, nárbh áil leis do léigean a n-aisgidh; gidheadh, do-bheir piana síordhaidhe a n-ifreann dóibh a ndíoghail a bpeacadh marbhtha. C. Créud fá ttabhair bochdaine do na fíréunaibh? F. Do-bheir piana beaga aithghearra san saoghal-sa dhóibh a ndíoghail a bpeacadh n-éuttrom; gidheadh, do-bheir glóir shuthain dóibh ar neamh ar son a ndeaghoibreadh. As tuigthe as so gurab mór an tiodhlacadh do dhuine a phurgadóir d'fhagháil san saoghal-sa, agus gurab adhbhar eagla an saoghal d'fhagháil do ghnáth go soirbh. AN 8 CAIBIDIL. DO CHOIMPEIRT CHRÍOSD, DÁ BHREITH, DON ADHBHAR FÁR GHLAC COLANN DAONDA, AGAS DÁ AINM. DO CHOIMPEIRT AN MHIC SHÍORDHAIDHE. C. Cia hí an dara pearsa don Tríonnóid? F. An Mac síordhaidhe. C. Cia do phearsanaibh na Tríonnóide do ghlac colann daonda?
F. An Mac réumhráite. C. Cionnas do coimpreadh go haimsiorrdha é má tá síordhaidhe? F. Do bhrígh gur ghlac corp agus anam ró-uasal le hoibriughadh spéisialta an Sbiorad Naoimh, an tan táinig an t-aingeal Gabriél a tteachdaireachd a ionchollaighthe dochum na naomhmaighdine Muire. DÁ BHREITH, AGAS DON ADHBHAR FÁR GHLAC COLANN DAONDA. C. Cionnas rugadh é? F. Ó Mhuire óigh. C. Cionnas dób éidir a bhreith ó óigh? F. Go míorbhuileach mar do coimpreadh é. C. Nár chaill mar sin Muire, a mháthair, riamh a hóghdhachd? F. Nír chaill, óir táinig Íosa ar Slánaightheóir as a broinn gan doilgheas, gan díoghbháil dó dhéunamh dhi, agus gan slighe ar bioth d'osgladh, mar théid an ga gréine tré ghloine gan a lot. C. Créud fár ghlac sé colann daonda? F. Ionnas go ttabhradh deigheisiomláir dhúinn, agus gomadh éidir leis bás d'fhulang dar bhfhuasgladh. C. An rabhamar a mbraighdeanas? F. Dobhámar. C. Cia aige? F. Ag an diabhal. C. Cia do chuir a mbraighdeanas sinn? F. Ádhamh, ar sinnsear, mar adubhramar san seiseadh caib. don rann-so. DON AINM TUGADH AIR. C. Ga hainm tugadh air? F. Íosa darab cíall a nGaoidheilg Slánuightheóir. C. Créud fá ngoirmid ar ttighearna dhe go sunradhach? F. Do bhrígh nach é amháin gur chruthaigh sinn, mar aon ris an Athair agas ris an Sbiorad Naomh, achd fós gur fhuasgail le a fhíorfhuil ó ghlasaibh an diabhail sinn.
AN 9 CAIBIDIL. DO PHÁIS, DO CHROCHADH, DO BHÁS, AGAS d'ADHLACADH AR TTIGHEARNA ÍOSA CRÍOSD. DO GHABHÁIL AR TTIGHEARNA ÍOSA. C. Créud do fhulaing Críosd ar ar son? F. Bochdaine mhór feadh a bheathadh, buaidhirt, trioblóid, dochar, agus doilgheas; agus a n-aimsir a pháisi, céusadh, agus píana as mó dar fhulaing duine riamh. C. Créud do fhulaing sé ón chineadh Iúdaidhe? F. A ghabháil, bheith ag magadh, ag sgige, agus ag fochuidbheadh faoi, gabháil do bhasaibh agus do dhornaibh air; iomad athaisi do thabhairt dó, agas fá dheóidh, a thoirbhirt do Phioláid. DO NA PIANAIBH DO FHULAING INA CHORP AGUS INA CHEANN. C. Créud do fhulaing Críosd ó Phioláid? F. An cineadh Iúdaidhe do chur choire bréige air; gabháil do sgíursadhaibh géura ó bhonn go bathais go barbarrdha míonádúrtha air, ionnas go raibhe a chorp 'na éunchréuchd, agus a fhuil ag rith ré a shálaibh; coróin spíne do chur fá a cheann, isa deilg do tholl a fhéoil go cnáimh, ionnas go raibhe fuil a chinn ag sileadh ré a shúilibh, agus iar sin breitheamhnas báis do thabhairt air. DÁ CHROCHADH. C. Cionnas do crochadh é? F. Iar n-iomchar a chroiche dhó go cnoc Caluaire, a chosa agus a lámha do cheangal don chroich le tairngeadhaibh garbha. DÁ BHÁS. C. Cionnas fuair bás? F. Iar bhfhulang na páisi, idir dhís bithbheanach, as boichde, thruaillidhe, tharcaisnighe, agus fós as géire, neimhnighe dar éidir lé hinntleachd daonna do smuaineadh, a anam do sgaradh ré a chorp naomhtha.
C. Cionnas dob éidir lé Críosd bás d'fhulang agus é 'na Dhia? F. An mhéid go raibhe 'na dhuine amháin. C. Nar sgar an diadhachd ris an ccorp? F. Nír sgar, achd dobhí ceangailte ris san ccroich agus san tumba. C. Nar fhulaing an diadhachd dochar ar bioth? F. Nír éidir lé a fhulang. DÁ ADHLACADH. C. Cionnas do hadhlaiceadh é? F. A leagadh tráthnóna as an ccroich do dhís do dhaoinibh uaisle, .i. Ioseph agus Nicodemus, agus a adhnacal go honórach a ttumba chloiche. C. Créud fár fhulaing Críosd an uiread sin do phianaibh ar ar son? F. Ionnas go ttugadh, an mhéid gurab duine é, díol ceart do Dhia san aindligheadh tugadar ar sinnsir Ádhamh agus Éua agus a sliochd 'na ndiaidh dhó, ag peacughadh a n-aghaidh a aitheantadh. C. Nach ar fhéud Dia bás duine éigin oile do ghabháil ar son ar bpeacadh? F. Do fhéud; gidheadh, dob fhearr leis mar do-righne, óir as mar sin as mó do fhoillsigh a ghrádh dhúinne, agus fós a cheart, a thrócaire, agus a ghráin ar an bpeacadh, agas as amhlaidh, mar an gcéudna, tug Críosd sompla foidhidne agus umhlachda dhúinn. AN 10 CAIBIDIL. DON GHRÁDH DO FHOILLSIGH DIA DHÚINNE A MBÁS CHRÍOSD, AGUS DON MHODH AR AR FHOILLSIGH A CHEART, A THRÓCAIRE, AGUS A GHRÁIN AR AN BPEACADH; AGUS DON DEAGHSHOMPLA TUG CRÍOSD DHÚINN SAN MBÁS CHÉUDNA. DON GHRÁDH DO FHOILLSIGH DIA DHÚINN A MBÁS CHRÍOSD. C. Cionnas do fhoillsigh Dia a ghrádh dhúinn a mbás Chríosd? F. Aga thoirbhirt ar ar son, an tan dobhámar 'nar n-easccairdibh aige. C. An riachdanas dúinn sinn féin do fhulang éinneith, ó do fhulaing Críosd an uiread sin ar ar son?
F. As riachdanas; óir, giodh díoluidheachd chomhthrom ina ndearnamar agus ina ndiongnam páis Chríosd, tar a cheann sin, ní furáil lé Dia gach aon do thabhairt na díoluidheachda-so as a láimh féin uaidh. C. Cionnas atá páis Chríosd aguinn le a toirbhirt uainn féin? F. Lé gnás na sacramainteadh agus le freacar na ndeaghoibreadh. DON MHODH AR AR FHOILLSIGH A CHEART, A THRÓCAIRE, AGUS A GHRÁIN AR AN BPEACADH, AGUS DON DEAGHSHOMPLA TUG CRÍOSD DHÚINNE SAN MBÁS CHÉUDNA. C. Cionnas do fhoillsigh Dia a cheart a mbás Chríosd? F. Ag buain na díoluidheachda as mó dob éidir do bhuain amach a n-éuraic an aindlighidh tugadh dhó, mar atá, bás an duine dobhí 'na Dhia. C. Cionnas do fhoillsigh a thrócaire 'na bhás? F. Ag ar saoraidh-ne ór bpeacadhaibh, agus fós ag toirbhirt a Mhic féin ar ar son, mar nach raibhe díolaidheachd againn féin do-bhéurmaois uainn. C. Cionnas do fhoillsigh a ghráin ar an bpeacadh san mbás chéudna? F. Lé troma na díolaidheachda do iarr ann. C. Créud an deaghshompla tug Críosd dúinn ina bhás? F. Umhlachda agus foidhidne do shunradh. C. Cionnas tug sompla foidhidne agus umhlachda dúinn? F. Ag fulang bháis chroiche idir dhís bithbheanach, leis an umhlachd agus leis an uirísle as mó dob éidir do thaisbéunadh. AN 11 CAIBIDIL. DO DHUL AR TTIGHEARNA CRÍOSD GO HIFREANN, DÁ ÉIRGHE Ó MHARBHAIBH, AGUS DÁ DHUL SUAS AR NEAMH. DO DHUL AR TTIGHEARNA CRÍOSD GO HIFREANN. C. Créud do-righne Críosd d'éis a bháis? F. Do-chúaidh a anam ceangailte don díadhachd go hifreann na n-aithreach naomhtha.
C. Créud fá ndeachaidh annsin? F. d'fhuasgladh na n-aithreach naomhtha, agus dá ttabhairt leis a hifreann. DÁ EISÉIRGHE, AGUS DÁ DHUL AR NEAMH. C. Ga tráth do-righne an eiséirghe? F. An treas lá d'éis a bháis, .i. Domhnach Cásg. C. Cionnas do eiséirigh? F. Ag gabháil a chuirp féin uime arís. C. Créud fár an an fad sin gan éirghe? F. d'eagla go gcuirfidhe amharas 'na bhás. C. Nar an comharrtha ar bioth na páisi ar a chorp ghlórmhar d'éis na heiséirghe? F. Nír an achd comharrtha na ccúig ccréuchd amháin. C. Créud fár chongaibh iad sin air? F. Ionnas nach cuirthi amharas 'na eiséirghe, agus fós go ttaisbéunadh do na huilibh lá an bhreitheamhnais iad. C. Ga tráth do-chuaidh suas ar neamh? F. A ccionn dá fhichead lá iar n-éirghe ó mharbhaibh dhó. C. Créud fár an an fad sin gan dul ar neamh? F. Ionnas go mbiadh ag teagasg na n-absdal, agus fós gomadh móide do creidfidhe a éirghe ó mharbhaibh. C. Cionnas do-chuaidh súas ar neamh? F. Go glórmhar lé a chumhachdaibh féin amháin. AN 12 CAIBIDIL. DO THEACHD CHRÍOSD DOCHUM AN BHREITHEAMHNAIS. C. C'áit a bhfhuil Críosd anos? F. A bhfhlaitheamhnas 'na shuidhe ar deis Dé Athar uilechumhachdaigh. C. Cionnas tuigthear gur shuidh sé annsin? F. Do bhrígh go ttug an tAthair onóir agus glóir chomhchomhthrom ris féin dhó, do réir a dhiadhachda; do réir a dhaonnachda, iomorro, ós cionn an uile naomh agas aingiol.
C. Ga tráth thiocfas Críosd dochum an bhreitheamhnuis? F. An tan críochnaighfidhear an domhan. C. Ga tráth sin? F. Ní héidir lé duine ar bith a fhios sin go cinnte do bheith aige. C. Cia ar a ttiobhra breath? F. Ar na huilibh dá ttáinig agus dá ttiocfa. C. Créud ina ttiobhra an bhreath? F. San uile ghníomh dá ndearnamar riamh, agus in gach maith dar léigeamar tharuinn; óir ní tháinig briathar dhíomhaoin tar ar mbéul riamh, agus ní dhearnamar smuaineadh lochdach dá éuttroma in ar n-inntinn nach bá héigean dúinn freagra do thabhairt ionnta an uair-si. C. Créud íad na beóa ar a ttiobharthar breath an uair-si? F. An drong shláineóchthar; óir, bíodh go bhfhuaradar bás corparrdha, mairfid go síordhaidhe san mbeathaidh shuthain. C. Créud íad na mairbh ar a ttiobharthar breath an uair-si? F. An drong dhamanta. C. Cionnas béurthar an bhreath? F. Laibheóram air sin ag tráchdadh ar ar ccríochaibh déidheanacha. AN 13 CAIBIDIL. DON SBIORAD NAOMH. Do thráchdamar go so ar an ccéidphearsain agus ar an dara pearsain don Tríonnóid; tiocfam annso go haithghearr ar an treas pearsain. C. Cia hí an treas pearsa don Tríonnóid? F. An Sbiorad Naomh táinig ón Athair agus ón Mac a n-aoinfheachd, agus atá comhúasal, comhaosda, chomhchumhachdach, agus comhghlórmhar ríu, mar adubhramar thuas san 5 caib. C. Cionnas do thaisbéin an Sbiorad Naomh é féin dúinn? F. A bhfhioghair cholaim ós cionn Chríosd an uair do baisdeadh lé hÉoin é, agus fós a bhfhioghair theangthadh tteinntidhe Domhnach Cingcighisi.
C. Ga huair tig an Sbiorad Naomh chugainn? F. An tan thionnsgnas oibriughadh ionnainn. C. Créud í obair sbeisialta an Sbiorad Naoimh? F. Boill fhírEaglaisi Chríosd, trén-a mhórghrásaibh, do bheannughadh agus do naomhadh. C. Créud fá n-abarthar ris an Sbiorad Naomh go sunradhach gurab é bheannaigheas sinn? F. Do bhrígh gurab é féin grádh an Athar agus an Mhic, agus gurab ó ghrádh Dé do shunradh tig ar mbeannughadh. AN 14 CAIBIDIL. DON NAOIMHEAGLUIS CHATOILICE, AGUS DÁ COMHARRTHAIBH. DON NAOIMHEAGLUIS CHATOILICE. C. Créud as Eaglas Chatoilice ann? F. Comhchruinniughadh na ccríosdaidheadh do ghabh baisdeadh, creideamh, agus dlighthe Críosd chuca, agus atá umhal d'fhior ionaid Chríosd a ttalmhuin, .i. an Pápa. C. Cia hí an Eaglas atá mar sin? F. An Eaglas Rómhánach amháin agus a ngabhann lé. C. Cia as ceann ar an Eaglais? F. Críosd a hairdcheann do-fhaicsiona, agus an Pápa a ceann so-fhaicsiona ar talmhuin. C. Créud as Pápa ann? F. Fear ionaidh Chríosd a ttalmhuin, agas comharba Peadair, ar ar chuir Críosd a Eaglas 'na suidhe. C. Créud as easbuig ann? F. Ardaodhaireadha na hEaglaise a n-áit na n-absdal. C. Créud as sagairt agus as bráithre ann? F. Searbhfhoghantuidhe fíri Dé a n-ionad an dá dheisgiobal déug ar thrí fichid dobhí ag Críosd. C. Créud íad boill na hEaglaisi Catoilice? F. An uile chríosdaidhe glan mhaireas, nó fuair bás.
DO CHOMHARRTHAIBH NA NAOIMHEAGLUISI CATOILICE. C. Créud an dearbhadh atá aguinn gurab í an Eaglas Rómhánach amháin an Eaglas fhíri? F. Na ceithre comharrtha prinnsiopálta le a n-aitheantar an Eaglas fhíri. C. Créud íad na comharrthadha-sin? F. A beith 'na héinEaglais; a beith catoilice, .i. coitcheann; a beith ar lorg na n-absdal, agus a beith naomhtha. C. Cionnas atá an Eaglas Rómhánach 'na héinEaglais? F. Do bhrígh gurab éincheann agus éunaodhaire atá uirre; gurab éinchreideamh, éunbhaisdeadh, agus éinreachd atá aice, ó aimsir Chríosd gus aniu, ar feadh na cruinne go coitcheann. C. Cionnas atá sí catoilice, .i. coitcheann? F. Do bhrígh go bhfhuil coitcheann don uile phearsain, don uile áit, agus don uile aimsir. C. Cionnas atá sí coitcheann don uile phearsain? F. Do bhrígh nach diúltann éinneach léurab toil bheith 'na bhall di. C. Cionnas atá sí coitcheann don uile áit? F. Do bhrígh nach bhfhuil áit ar bioth 'na geis uirre. C. Cionnas atá sí coitchionn don uile aimsir? F. Do bhrígh go bhfhuil agus go mbiaidh sí in gach aimsir ó aimsir Chríosd go deireadh dhomhain. C. Cionnas atá sí ar lorg na n-absdal? F. Do bhrígh gurab é Críosd féin do-righne na céideaspuig innte, .i. na hapsdail, agus iad sin easbaga oile, agus nach dearnadh sagart ná easbag innte riamh gan easbag oile dá dhéunamh diaidh a ndiaidh gus aniodh. C. An bhfhuil dearbhadh ar bioth oile agad a beith ar lorg na n-absdal? F. Atá, .i. gur gheall Críosd do Pheadar nach rachadh a Eaglas féin a mbáthadh go bráth, agus nach bhfhuil Eaglas ar bioth ann do ghnáth ó aimsir Chríosd agus na n-absdal achd an Eaglas atá fá riaghladh an Phápa, mar as follas as leabhraibh annálach na hEagluisi. C. Cionnas atá sí naomhtha? F. Do bhrígh go bhfhuil ceann naomhtha uirre, .i. Críosd;
go bhfhuil creideamh agus reachd naomhtha innte nach iarrann éinní do dhéunamh achd ní maith, agus nach toirmisgeann achd droichní; go rabhadar in gach aimsir riamh iomad do dhaoinibh naomhtha innte aga mbídís béusa agus subháilce ro-naomhtha, mar as follas as na míorbhuilibh móra mionca do-nídís na naoimh go ttrásda, agus do-níthear fós anois go laetheamhail. C. Créud as míorbhuile ann? F. Gníomh iongnadh do-níthear lé congnamh speisíalta Dé, agus sháraigheas uilechumhachda na ccréutúireadh. C. An éidir duine do shlánughadh muna raibhe 'na bhall don naoimhEaglais fhíri-si? F. Ní héidir, óir adeir S. Aug., Lib. de fide ad Petr.: Extra Ecclesiam non est salus, .i. “Don taobh amuigh don Eagluis ní fhuil sláinte.” C. Nach éidir gach aon do shlánughadh ina chreideamh féin? F. Ní héidir, agus as eithriceachd sin do rádh. AN 15 CAIBIDIL. DO CHOMHCHRUINNIUGHADH NA N-EITHRICEADH, AGUS DÁ CHOMHARRTHAIBH. C. An Eaglas fhíre comhchruinniughadh na n-eithriceadh? F. Ní headh, do bhrígh nach creidid na sacramuinte agus nach bhfhuilid umhal do bhiocáire Chríosd an Pápa. C. An bhfhuil éunchomharrtha dá ndubhrais san ccaib. dhéidheanaigh uirre? F. Ní fhuil, óir ó thús ní héinEaglais í. C. Cionnas sin? F. Do bhrígh nach éincheann atá uirre; óir admhaidh cuid díobh féin go bhfhuil gach prionnsa 'na cheann ar Eaglais a dhúithche féin, agus cuid oile nach bhfhuil ceann ar bioth ar an Eaglais. 'Na dhiaidh sin, bíd féin a bpuncuibh prionnsiopálta a ccreidimh a n-aghaidh a chéile. C. An bhfhuil sí coitcheann? F. Ní fhuil; óir, gidh iomdha áit ina bhfhuil eithriceachd, as beag do na háitibh-sin atá ar éinchreideamh.
C. An bhfuil sí ann in gach aimsir ó aimsir Chríosd a le? F. Ní fhuil; óir ní fhuil eithriceachd Lúitéir ann achd le hochd mbliadhnaibh fichead ar chéud, óir an seachdmhadh bliadhain déug ar chúig céad ar mhíle do thionnsgain í, agus as giorra iná sin ó do thionnsgain éithriceachd Chailbhín. C. An bhfhuil sí ar lorg na n-absdal? F. Ní fhuil, do bhrígh nach easpuig oile do-ní easpaga ná sagairt innte. C. Nach raibhe Lúitéur nó Cailbhín 'na n-easpugaibh? F. Ní rabhadar; óir as deimhin nach dearna easbag ar bioth easbuig dhíobh; ionnas, mar sin, nach rabhadar féin ná duine dá ttáinig ar a lorg 'na n-easpugaibh, agus narbh éidir léo easpuig ná sagairt do dhéunamh. C. An bhfhuil Eaglas na n-eithriceadh naomhtha? F. As dearbh nach bhfhuil, óir as mallaighthe na hughdair dobhí aice. C. Cia hiad sin? F. Lúitéur dár mháighisdir an diabhal, do réir a fhiadhnaisi féin, agus do imthigh as an ord riaghalta ina raibhe, rug cailleach dhubh as an riaghail ina raibhe, mar mhnaoi dó féin; agus Cailbhín ar ar cuireadh séula d'iarann dearg trén-a pheacadhaibh míonádúrtha, etc. AN 16 CAIBIDIL. DO CHUMANN NA NAOMH. C. An mbí duine a ccumann na naomh muna raibh 'na bhall don Eagluis Rómhánaigh? F. Ní héidir a bheith. C. Créud é an ní duine do bheith a ccumann na naomh? F. A chuid don uile dheaghobair do-ní gach neach oile don Eaglais san saoghal-so, nó a n-éugmais an tshaoghail, do bheith aige. C. An ttéid mar sin guidhe na muinntire atá ar neamh a sochar dhúinn? F. Téid, agus fós na deaghoibre do-righneadar ar an saoghal-sa.
C. An ttéid ar nguidhi-ne ar an saoghal a sochar do na hanmannaibh a bpurgadóir? F. Téid gan amharas, agus ar ndeaghoibre oile. C. Cionnas as éidir sin? F. Do bhrígh nach bhfhuil ionnainn uile achd boill éunchuirp darab ceann Críosd, agus gach maith do-ní cuid dínn go ttéid a sochar don chuid oile, mar théid an biadh shíneas an lámh dochum an bhéoil, chognaid na fiacla agus dhíleaghas an gaile, a sochar do bhallaibh an chuirp uile. C. Cionnas thoirbhirthear ar ccuid do chumann na naomh dhúinn? F. Leis an loghadh. AN 17 CAIBIDIL. DON LOGHADH, AGUS d'ÓIRCHISDI NA HEAGLUISI. DON LOGHADH. C. Créud as loghadh ann? F. Matheamhnas na cána agus na péine aimsiorrdha, anas ar son ar bpeacadh, a hóirchisde na hEagluisi, d'éis na péine síordhuidhe do mhaitheamh, a n-aoinfheachd ris an ccoir. C. Cia do-bheir an loghadh uaidh? F. An Pápa, na heasbuig, agus uachdaráin oile na hEagluise, tréus na cumhachdaibh fuaradar ó Chríosd. D'ÓIRCHISDI NA HEAGLUISI. C. Créud as óirchisdi don Eagluis? F. An díoluidheachd agus an lóirghníomh atá ina ndéarna Críosd do dheaghoibribh, agus ar fhulaing do phianuibh. C. An bhfhuil an t-óirchisde-si do-fholmhaighthe? F. Atá; óir, ó dobhí Íosa ar Slánuightheóir go bhfhoirfeachd agus go n-uaisle ndo-áirmhe, atá an lóirghníomh agus an díoluidheachd do-righne do-fholmhaighthe; ionnas go bhfhoigheónadh do dhíol fiach mhíle saoghal, dá mbedís ann. C. Créud as cóir dhúinn do dhéunamh dochum an loghaidh d'fhagháil?
F. An obair thrócaire orduighthear dochum an loghaidh-sin d'fhagháil. C. An bhfhuilid na heithriceadha a ccumann na naomh, nó rannphairteach don loghadh? F. Ní fhuilid, óir atáid don taobh amuigh don Eagluis. C. An bhfhuil an drong bhíos coinnealbháite? F. Ni fhuilid, do bhrígh go bhfuilid sgartha ré corp na hEagluisi. C. An bhfhuil an drong bhíos a bpeacadh mharbhtha? F. Ní fhuilid, ar an adhbhar nach fuil ionnta achd boill mharbha, chríona. AN 18 CAIBIDIL. DO MHAITHEAMH NA BPEACADH. DON MHODH AR A MAITHEAR PEACADH NA SINNSEAR AGUS AR BPEACADHA SOLOGHTHA DHÚINN. C. Cionnas atá Dia 'na Shlánaightheóir aguinn? F. Do bhrígh gurab é do-bheir grása agus maitheamh ar bpeacadh dhúinn. C. Créud iad na peacadha mhaitheas dúinn? F. Peacadh na sinnsear ina ngeintear an uile dhuine achd Críosd amháin agus a mháthair Muire, agus na peacadha do-nímíd fhéin dá líonmhaire agus dá ttroma. C. Cionnas mhaitheas peacadh na sinnsear dhúinn? F. Dá mhórghrásaibh fhéin lé sacramaint an bhaisdthe, agus fós gach peacadh oile do-nímid ria mbaisdeadh ina ndéunmaoid aithreachas. C. Cionnas maitear ar bpeacaidh shologhtha dhúinn? F. Leis an bpaidir, an tan adeirthear maille re caoindúthrachd í, leis an uisge choisreagtha, lé doilgheas, lé déirc do bhochdaibh, agus lé deaghoibribh oile. DON MHODH AR A MAITEAR AR BPEACADHA MARBHTHA DHÚINN. C. Créud le a maitear ar bpeacaidh mharbhtha dúinn? F. Lé sacramaint na haithrighe, mar adéuram 'nar ndiaidh, agus fós leis an doilgheas dá ngoirthear contrísio, .i. croidhebhrúdh.
C. Créud as croidhebhrúdh ann? F. Doilgheas géur, neimhneach, neartmhar fán bpeacadh, an mhéid go bhfhuil a n-aghaidh Dé agus an ghrádha dlighthear dhó, maille re rún na faoisidne do dhéunamh 'na ham féin, agus fós gan aoinpheacadh do dhéunamh nísa mhó. C. An bhfhuil d'fhiachaibh orainn na peacaidh, ina ndearnamur croidhebhrúdh, do chur a bhfhaoisidin, má atáid maite? F. Atá, fá phéin pheacaidh mharbhtha más peacaidh mharbhtha iad, óir ní maitear íad achd ar an ccunnradh sin ón am fár orduigh Críosd sacramaint na faoisidne. C. Créud as brígh do na sacramaintibh-si lé saorthar ór bpeacadhaibh sinn? F. Brígh pháisi Críosd; óir, gach brígh dá bhfhuil aca, as ón-a pháis-sean atá sí aca. C. An éidir linn éirghe ar ar ttreóir féin as an bpeacadh ó thuitmíd ann? F. Ní héidir, gan grása Dé dar ttógbháil. AN 19 CAIBIDIL. DO GHRÁSAIBH DÉ. C. Créud as grása ann? F. Tiodhlaicthe neamhdha do-bheir Dia dhúinn, agus go sunradhach na tiodhlaicthe le a mbímíd 'nar ccloinn aige féin agus 'nar n-oidhreadhaibh ar ríoghachd nimhe. C. An bhfhuilid tiodhlaicthe as mó ináid na grása le a maitear an peacadh? F. Ní fhuilid, óir ní fhuil olc as mó agus as gráinne iná an peacadh dá bhfhuilid contrárrdha. C. Créud é an fáth? F. Do bhrígh go mbí gach aon do-ní é 'na namhaid ag Dia, 'na shearbhfhoghantaidh ag an diabhal, agus fós go marbhann an t-anam. C. Cionnas mharbhas an t-anam? F. Lé sgarthain na ngrás ris. C. Cionnas sin?
F. Mar mharbhthar an corp lé sgarthain an anma ris. C. Créud do ghluais Dia dochum na ngrás-sin do thabhairt dúinn? F. A mhórmhaitheas agus a mhórthrócaire féin. C. Créud an mhaith do-nímíd leis na grásaibh-sin? F. Deaghoibre ionluaigh a bhfhiadhnuisi Dé. C. Cionnas gheibhthear na grása, agus méudaighthear iad iarn-a bhfhagháil? F. Lé crábhadh, lé gnás na sacramainteadh, agus lé freacar na subháilceadh. C. An éidir leis an uile dhuine a bhfhagháil? F. Ní héidir, muna raibh a n-éugmais pheacaidh mharbhtha agus 'na bhall fhíri don Eaglais Chatoilice. AN 20 CAIBIDIL. D'EISÉIRGHE NA CCORP, AGAS DON CHRUTH A MBEID. C. Créud chiallaighthear lé heiséirghe na ccorp? F. Go n-éireócha a bhfhuair bás do dhaoinibh riamh, agus go mbeid béo arís. C. Cionnas? F. Lé teachd na n-anmann sna corpaibh céudna ina rabhadar roimhe. C. Cionnas as éidir sin do dhéunamh? F. Tré mhórchumhachdaibh Dé, an tan sinnfídhear an buabhall anbhuaineach úd ar sdoc Míchíl: Surgite, mortui, uenite ad iudicium; .i. “Éirgidh, a mharbha, teagaidh dochum an bhreitheamhnais.” C. Créud í an mhéid a mbeid na cuirp an uair-sin? F. A méid iomláin nádúrtha thrí mbliadhan déug ar fhichid, achd budh éugsamhail a ccruth. C. Créud an cruth a mbeid? F. Beid cuirp na bhfhíréun taithneamhach, lúthmhar, sgiamhach. C. Cionnas bhias an drong dhamanta? F. Go meirtneach, míomhaiseach. C. C'áit a rachaid d'éis na heiséirghe?
F. Go gleann Iosaphat dochum an bhreitheamhnais. C. Cionnas tiocfaid dochum na háite-sin? F. Tré mhórchumhachdaibh Dé. C. Créud fá ttiucfaid ar ccuirp dochum an bhreitheamhnais? F. Ionnas, iarn-a cceangal do na hanmannuibh, go mbeidís d'fhiadhnaisi ar an mbreith ndamanta nó shlánaighthe bhéurthar orra mar aon ris na hanmannuibh céudna. AN 21 CAIBIDIL. DON BHEATHAIDH SHUTHAIN. C. Créud as beatha shuthain ann? F. Caitheamh glóire fhlaitheamhnuis gan chrích, gan fhoirchionn. C. Cia théid dochum na glóire-sin? F. Na fírén do-gheibh bás a ngrásaibh gan smál peacaidh, agus gan fhiacha péine ná cána ar a shon, agus an mhuinntear dhíolas a bhfhiacha go hiomlán a bpurgadóir. C. Créud an sólás bhias aca ann? F. Glóir chuirp agus anma. C. Créud í glóir an chuirp? F. Atá sin do-fhaisnéidhe ar a méud, óir biaidh ruitheanda, lúthmhar, so-threaghdtha, do-mhudhaighthe. C. Créud í glóir an anma? F. Ní héidir a foillsiughadh lé briathraibh, mar adeir an fáidh Isaias, cap. 64: Nec oculus vidit, nec auris audiuit, nec in cor hominis ascenderunt, quae praeparauit Deus diligentibus se; .i. “Ní fhaca súil, ní chuala cluas, agus ní héidir lé hintleachd a smuaineadh ar ullmhaigh Dia do luchd a ghrádhaighthe;” óir biaidh radharc Dé aca, agus an uile mhaith bhus mian léo féin, agus sin go suthain síordhaidhe, gan chrích, gan fhoirceann, an feadh bhias Dia ag caitheamh a ghlóire. Dia feartach dá mhórthrócaire do thabhairt na glóire-si dhúinn. Amén.
AN TREAS RANN DON PHARRTHAS-SO THRACHDAS AR AN DÓCHAS. AN CHÉUDCHAIBIDIL. DON DÓCHAS, DON PHAIDIR, AGUS Dá MÍNIUGHADH. DON DÓCHAS. C. Créud as dóchas ann? F. Tiodhlacadh neamhdha agus subháilce, dhoirteas Dia a n-anam an duine, tré a mbí muinighin láidir aige an bheatha shíordhuidhe d'iarraidh, agus dóigh sheasmhach a faghála, maille re gach ní chuidigheas linn dochum na críche-sin. C. Créud an modh ar a bhfhuigheam na neithe le a mbí ar ndóigh? F. Lé deighbheathaidh shubháilcigh, agus go háiridhe leis an urnaighthe. C. Créud fá mbí beagán toraidh ar mórán dar n-urnaighthe? F. Do bhrígh nach déinmid í mar as cubhaidh agus nach íarrmaoid ar uairibh neithe dleisdeanacha innte. C. Cionnas as cóir a déunamh? F. Go ngrádh, go n-eagla Dé, go ccreidiomh, go ndóchas, go n-umhlachd, agus go siothbhuaine. C. An deimhin go bhfhuigheam gach ní iarrfam mar sin? F. As deimhin, más é ar leas a fhagháil, dá rabham a n-éagmais pheacaidh mharbhtha. DON PHAIDIR. C. Créud an urnaighthe as fearr agus as bríoghmhaire ar bioth? F. An Phaidear, dá ngoirthear urnaighthe an Tighearna, ina bhfhuil iarraidh na n-uile athchuingheadh as maith dhúinn d'fhagháil do thaobh anma agus cuirp.
C. Créud fá ngoirthear urnaighthe an Tighearna dhi? F. Do bhrígh gurab é Críosd ar tTighearna do-righne í, agus do ordaigh dhúinne a rádh an tan dobheimís ag guidhe Dé. Abair an Phaidear. An Phaidear. 1. A ar nAthair, atá ar neamh, naomhthar th'ainm: 2. Tigeadh do ríoghachd: 3. Déuntar do thoil ar an talamh mar do-níthear ar neamh: 4. Ar n-arán laetheamhail tabhair dhúinn aniodh: 5. Agas maith dhúinn ar bhfhiacha, mar mhaithmíd-ne dar bhfhéicheamhnaibh féin: 6. Agas ná léig ind a ccathughadh: 7. Achd saor inn ó olc. Amén. DO MHÍNIUGHADH NA PAIDRE. C. Cia re a labhra ag rádh do Phaidre? F. Re Dia uilechumhachdach. C. Cionnas atá Dia 'na Athair aguinn? F. Trén-a mhórghrásaibh féin le ar thogh san mbaisdeadh mar chloinn dó féin, agus mar oidhreadhaibh ar ríoghachd nimhe, sinn. C. Créud fár orduigh Críosd dúinn “A ar nAthair” do rádh tar “A Athair”? F. Ionnas go ttuigmís gurab bráithre dá chéile sinn uile, agus go bhfhuil d'fhiachaibh orainn grádh brátharrdha do bheith aguinn ar a chéile agus guidhe ar son a chéile. C. Créud fá n-abair tú “atá ar neamh”? F. Dá chur a ccéill, gé go bhfhuil Dia san uile áit, go bhfuil go sunradhach ar neamh ag taisbéunadh a ghlóire do na hainglibh agus do na naomhuibh. C. Ga mhéud athchuinghidh san bPaidir? F. Seachd n-athchuingheadha, arn-a ccur síos go horduighthe; óir íarrthar an uile ní bheanas re glóir Dhé sna trí céudathchuingheadhuibh, agus sna ceathra hathchuingheadhaibh déidheancha gach ní bheanas rér maith féin agus ré maith ar ccomharsan, agus fós ar saoradh ar gach olc dá ttáinig, dá bhfhuil do láthair, nó dá ttiocfa. C. Créud iarrmaoid san chéudathchuinghidh?
F. Naomhthachd Dé do bheith follas ag cách uile ar feadh an domhain go coitcheann, ar sgrios an uile sheachráin agus pheacaidh, ionnas go moladh agus go n-adhradh gach aon é mar as cubhaidh. C. Créud íarrmaoid san dara hathchuinghidh? F. Ríoghachd Dé, .i. a ghrása do theachd 'nar n-anmannaibh ar an saoghal-sa, agus glóir shíordhaidhe anma agus chuirp do thabhairt dhúinn a ríoghachd nimhe. C. Créud iarrmaoid san treas athchuinghidh? F. Grása le a ndiongnam toil Dé ar nAthar coimhéusgaidh re hainglibh nimhe. C. Créud íarrmaoíd san cheathramhadh athchuinghidh? F. Gach ní atá 'na riachdanas ar ar mbeathaidh sbioradálta, mar atá sacramaint Chuirp ar ttighearna, agus gach sacramainte oile archeana as riachdanas da gach aon do réir a sdaide; agus ar ar mbeathaidh ccorparrdha, mar atá biadh agus éudach. C. Créud íarrmaoid san chúigeadh athchuinghidh? F. Maitheamhnas ar bpeacadh, agus sin do réir mar mhaithmíd féin dar ccomharsain, a ccás go ndéunadh éinní 'nar n-aghaidh; óir, muna maitheam, ní héidir dúinn maitheamhnas d'fhagháil. C. Créud iarrmaoíd san seiseadh athchuinghidh? F. Congnamh a n-aghaidh an uilc atá in ar ccionn, .i. gan cathaighthe an díabhail, na colna, ná an tshaoghail, le a cclaoidhfidhi sinn, do léigean orainn. C. Créud iarrmaoid san seachdmhadh athchuinghidh? F. Ar saoradh ar an uile ní as aithnidh do Dhia féin do bheith olc dhúinn do thaobh anma nó cuirp, gé go bhfhaicfidhe a chontrárrdha dhúinn féin. AN DARA CABIDIL. D'FHÁILTE AN AINGIL GOn-a LEANANN DI, AGUS DÁ MÍNIUGHADH. D'FHÁILTE AN AINGIL GOn-a LEANANN DI. C. Créud fá n-abramaoid Fáilte an Aingil a ndíaidh na Paidre?
F. Do bhrígh go bhfhuil Muire 'na hadhbhócóididh eadrainn agus Críosd, do réir mar atá Críosd 'na adhbhocóididh eadrainn agus an tAthair. Abair Fáilte an Aingil gon-a bhfhuil ceangailte dhi. Fáilte an Aingil, etc. Dia do bheatha, a Mhuire, atá lán do na grásaibh, atá an Tighearna maille riot; as beandaighthe thú tar na mnáibh, 'sas beandaighthe toradh do bhronn Íosa. A naomhMuire, a mháthair Dhé, guidh orainne na peacthaigh anois, agus a n-aimsir ar mbáis. Amén. C. Cia do-righne an urnaighthe-si? F. An t-aingeal Gabriel, iar tteachd a tteachdaireachd ionchollaighthe Críosd go Muire, do-righne an chéudchuid di; Elisabet, iomorro, an dara cuid; agus an Eaglais do-righne an treas cuid. DO CHUID ELISABET AGUS NA HEAGLUISE DON URNAIGHTHE-SI. C. Créud í cuid Elisabet don urnaighthe-si? F. Na briathra-sa: “As beannaighthe thú tar na mnáibh, 'sas beannaighthe toradh do bhronn Íosa.” C. Ga tráth do labhair Elisabet na briathra-sa? F. An tan táinig Muire ar cúairt fá a déighin. C. Créud í cuid na hEaglaisi don urnaighthe-si? F. Na briathra déidheanacha, .i. “A naomhMuire, a mháthair Dhé, guidh orainne na peacthaigh anois, agus a n-aimsir ar mbáis. Amén.” DO MHÍNIUGHADH NA HURNAIGHTHE-SI. C. Créud fá n-abair tú go bhfhuil Muire lán do ghrásaibh? F. Do bhrígh gurab mó fuair do ghrásaibh, do shubháilcibh, agus do thiodhlaicthibh ó Dhia iná créutúir ar bioth oile. C. Nar luigh peacadh ar bioth riamh uirre? F. Ní hé amháin nar luigh peacadh na sinnsear riamh uirre, achd fós, nach dearna féin peacadh marbhtha ná sologhtha riamh. C. An raibhe Dia maille re Muire nísa mhó iná maille re daoinibh oile?
F. Dobhí; óir dobhí ó thús a geineamhna maille ria aga teagasg, aga riaghladh, agus aga coimhéud do ghnáth; agus maille ris sin, do thogh an tAthair neamhdha mar inghin, an Mac mar mháthair, agus an Sbiorad Naomh mar chéile í. C. Cionnas dobhí sí beannaighthe ós cionn an uile bhan? F. Do bhrígh, ó thús, go raibhe 'na máthair ag Mac Dé; 'na dhiaidh sin, go raibhe 'na máthair agus 'na hóigh a n-aoineachd; maille ris sin, go rug a mac gan teinnios, gan doilghios, gan chaill a hóghachda riamh; agus fá dhéoidh, gur cuireadh idir chorp agus anam ós cionn an uile naomh agus aingeal a nglóir í. C. Créud an congnamh íarrmaoid-ne uirre? F. Guidhe ar ar son do ghnáth, agus go háiridhe a n-úair ar mbáis; óir as é sin an punc díoghbhálach, guasachdach, ar a bhfhuil ar mbeatha shíordhaidhe go bráth agus iar mbráth. Dlighthear, dá bhrígh sin, do gach aon bheith roi-dhíthcheallach fá deuósion do bheith aige don naomhóigh glórmhuir-si; óir, do réir an naomhdhoctúir S. Bearnárd, nír léig Críosd aonduine riamh do dhamnughadh aga raibhe ro-dhúthrachd di. AN 3 CAIBIDIL. DAR N-URNAIGHTHE DOCHUM MUIRE, AGUS DOCHUM NA NAOMH. DAR N-URNAIGHTHE DOCHUM MUIRE. C. An tan adeir tú Fáilte an Aingil, cía re a labhra? F. Ré Muire, máthair na ngrás. C. Cia hí Muire? F. Bainríoghan nimhe agus talmhan, agus máthair Mhic Dé. C. C'áit a bhfhuil Muire anois? F. A bhfhlaitheas Dé idir chorp agus anam. C. An cóir dhúinn onóir dho thbhairt dá híomháigh? F. As cóir onóir mhór, do bhrígh go ttabhair isi in ar ccuimhne lé héunradharc. C. Cionnas chuidigheas Muire linn? F. Ag guidhe ar ar son dochum Dé. C. Créud an tsheirbhís as cóir dhúinn do dhéunamh dhi?
F. Beandughadh dhi go minic lé briathruibh an aingil, an choróin Mhuire, na liottáin, agus a samhail oile do rádh dhi. Maille ris sin trosgadh, déirc, turais, agus deaghoibre oile do dhéunamh 'na honóir. DAR N-URNAIGHTHE DOCHUM NA NAOMH. C. An ndén tú urnaighthe dochum na naomh? F. Do-ním, agus go spesialta dochum mo phátrún agus mh'aingil choimhideachda, aga n-iarraidh 'na n-adhbhocóidibh eadram agus Dia. C. Créud í an urnaighthe do-ní tú chuca? F. An Phaidear, Fáilte an Aingil, liottáin, agus gach urnaighthe orduigheas an Eagluis. C. Nach abair tú thuas gurab ré Dia agus ré Muire labhra ag rádh na Paidre agus na Fáilte-sin an Aingil? F. Adeirim; gidheadh, guidhim mar so Dia fá thrócaire do dhéunamh oram ar son a naomh, agus guidhim iad-san bheith 'na n-adhbhocóidibh agam dochum Dé. C. Créud fá n-iarrmaoid a ccongnamh? F. Do bhrígh go bhfhuilmid a n-oilithre ór ndúthaigh, agus iad-san 'na seilbh a radharc Dé do ghnáth, agus a mhian orra congnamh linn. C. Cionnas atá a fhios aca go nguidhmíd chuca? F. Do bhrígh go bhfhaicid sin, agus gach ní oile as mian leó, a sgáthán na díadhachda.
AN CEATHRAMHADH RANN DON PHARRTHAS-SO. THRÁCHDAS AR AN NGRÁDH AGUS AR AN SLIGHIDH GHABHTHAR CHUIGE, MAR ATÁ, COMHALL NA N-AITHEANTADH; ÓIR NÍ BHÍ GRÁDH DÉ AG AN TÉ NACH DÉIN A THOIL, AGUS NÍ HÉIDIR A THOIL DO DHÉUNAMH GAN COMHALL A AITHNEADH. AN 1 CHAIBIDIL. DO GHRÁDH DÉ AGAS NA COMHARSAN. DO GHRÁDH DÉ. C. Créud í an tshubháilce as úaisle ar bioth? F. An grádh, óir ní héidir leis an ccreideamh agus leis an ndóchas duine do shlánughadh gan congnamh an ghrádha. C. Créud as grádh ann? F. Tiodhlacadh Dé agus subháilce, dhoirteas Sé a n-anam an duine, le a ngrádhaigheann Dia ós gach ní ar a shon féin agus an chomharsa ar son Dé. C. Créud fá ttugmaoid grádh do Dhia? F. Ar a shon féin, .i. ar son a mhórmhaitheasa, a mhórthrócaire, agus a mhórghráidh dhúinn. C. Cionnas ghrádhaighfiom é ós an uile? F. Gurab luaithe do thréigfimís na huile, agus fós do fhuileóngmaois bás, iná do thréigfimís é ag déunamh an pheacaidh. DO GHRÁDH NA COMHARSAN. C. Cia as comharsa dhúinn? F. Na huile darab éidir bheith 'nar ccoidreabh a bhfhlaitheamhnas.
C. Cionnas as cóir dhúinn a grádhughadh? F. Mar inn féin. C. Cionnas ghrádhaighfiom í mar inn féin? F. Ag íarraidh a maitheasa mar ar maith féin, agus gan a holc do dhéunamh ná do shanntughadh, achd mar bhudh mían linn dúinn féin. C. Créud iad na neithe as cóir dhúinn do dhéunamh dochum an ghrádha-sa do bheith againn? F. Reachd agus dligheadh Dé, .i. na haitheanta, do chomhall. C. Créud as suim do na haitheantaibh? F. A dó, .i. grádh Dé, agus na comharsan; óir, gibé choimhéudas an dá aithni-si, coimhéudaidh na haitheanta uile. AN 2 CAIBIDIL. DO NA HAITHEANTAIBH. D'AITHEANTAIBH AN CHÉUDCHLÁIR. C. Ga mhéud aithne ann? F. Deich n-aitheanta. C. Cía as úghdar dóibh? F. Dia féin as úghdar dhóibh; óir as é do sgríobh ar tús a ccroidhibh na ndaoineadh íad; agus do sgríobh 'na dhiaidh sin iad a ndá chlár mharmair do Mhaoisi ar slíabh Sínai; Críosd, iomorro, do athnuadhaigh íad san reachd nua. C. Ga mhéud aca dobhí san chéudchlár? F. Na trí haitheanta bheanas ré Dia; agus dá bhrígh sin, goirthear aitheanta an chéudchláir dhíobh. Abair íad. 1. Ná hadhair dée bréige. 2. Ná tabhair ainm do Thighearna Dé go díomhaoin. 3. Coimhéid sáoire an Domhnaigh. D'AITHEANTUIBH AN DARA CLÁIR. C. Ga mhéid aithne dobhí san dara clár? F. Na seachd n-aitheanta oile bheanas ris an ccomharsuin, agus dá ngoirthear, dá bhrígh sin, aitheanta an dara cláir.
Abair íad. 4. Tabhair onóir dod th'athair agus dod mháthair. 5. Ná déuna marbhadh. 6. Ná déuna drúis. 7. Ná déuna goid. 8. Ná déuna fíadhnaisi bhréige a n-aghaidh do chomharsan. 9. Ná sanntaigh bean do chomharsan. 10. Ná sanntaigh teach ná fearann, óglach ná inilt, bó ná asal, ná ní ar bioth oile do chuid do chomharsan. C. Cía ar a bhfhuil d'fhíachaibh íad so do chomhall? F. Ar na huilibh aga bhfhuil a ccíall ar a ccumas. C. Créud é an ríachdanas atá rén-a ccomhall? F. An riachdanas atá fá phéin a shlánaighthe, ar an uile dhuine gan peacughadh 'na n-aghaidh. AN 3 CAIBIDIL. DON CHÉUDAITHNE: NÁ HADHAIR DÉE BRÉIGE. C. Créud as suim don aithne-si? F. Go bhfhuil d'fhíachaibh oruinn creideamh do Dhía, dóchas do chur ann, a ghrádhughadh ós cionn an uile, a onórughadh, a adhradh, agus gan an onóir dhlighthear dhó do thabhairt d'aoinní oile. C. Cía pheacaigheas a n-aghaidh na haithni-si? F. Na hainchríosduidheadha, na hasarlaigheadha, luchd piseóg, na heithriceadha, agus na siosmaiticeadha. DON AINCHRÍOSDAIDHE, AGUS DON ASARLAIGHE. C. Créud as ainchríosdaidhe ann? F. An té aga mbí créutúir corporrdha, .i. grian nó gealach, nó íomháigh bhodhar, bhalbh, aga hadhradh mar Dhia. C. Créud as asarlaighe ann? F. An té thréigeas Dia, agus ghabhas leis an díabhal mar Thighearna, nó do-ní cunnradh ris. C. An éidir linn go dleisdionach comhairle d'íarraidh ar luchd na hasurlaigheachda?
F. Ní héidir, do bhrígh gurab ón díabhal gheibhid gach éolas dá mbí aca. DO NA PISEÓGAIBH. C. Créud as piséoga ann? F. Bríathra nó comharrthadha do rádh, nó do dhéunamh, dochum críche dochum nach fuil brígh aca ó Dhía, ó nádúir, ná ón Eagluis. C. An piséoga an t-agnus Dei, an leabhar Eóin, an t-uisge, an choindeal, nó an phailm choisreagtha? F. Ní headh; óir atá brígh aca ón mbeannughadh do-níthear lé hordughadh na hEagluise orra. DO NA HEITHRICEADHAIBH, AGAS DO NA SIOSMAITICEADHAIBH, ETC. C. Cionnas pheacaighid na heithriceadha a n-aghaidh na haithni-si? F. Ag séuna na neitheadh fhoillsigheas an Eagluis do bheith dar ccreideamh. C. Cionnas pheacaighid na siosmaiticeadha 'na haghaidh? F. Ag tabhairt easumhla do bhiocáire Chríosd, don Phápa. C. Cía an drong oile pheacaigheas 'na haghaidh? F. An luchd théid a n-éudóchas a slánuighthe nó mhaitheamhnais a bpeacadh. Maill ris sin, an luchd ghlacas andóchas go sláinéochthar íad tré thrócaire nDé amháin, gan a ccongnamh féin. Mar an ccéudna, an luchd ag nach bí grádh do Dhía, agus do-bheir grádh ós cionn a ghrádha do ní shaoghalta ar bioth. AN 4 CAIBIDIL. DO NA DEAGHAINGLIBH AGUS DON ONÓIR DHLIGHTHEAR DHÓIBH, AGUS DO NA DROCHAINGLIBH AGUS DÁ N-URCHÓID. DO NA DEAGHAINGLIBH, AGUS DON ONÓIR DHLIGHTHEAR DHÓIBH. C. Créud as aingle ann?
F. Sbiorada úaisle bhíos ag moladh Dé. C. An bhfhuil fioghair chorporrdha orra? F. Ní fhuil, óir ní fhuil ionnta achd sbiorada fíorghlana. C. Créud fá ndealbhthar iad a n-inneall ógánach? F. Do bhrígh gurab ar an modh-soin do thaisbéunadar íad féin don bhanóigh do Mhuire, do Thobías, agus d'Abraham. C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si an onóir iomchubhaidh dhlighthear dhóibh féin do thabhairt dóibh? F. Ní fhuil. C. Créud í an onóir dhlighthear dhóibh? F. Onóir cháirdeadh agus lochda éintighe Dé. C. Créud as oific do na hainglibh? F. Dia do mholadh agus a shéirbhís do dhéunamh, agus fós congnamh leis na daoínibh. C. An bhfhuilid aingil ann bhíos ag congnamh linn? F. Atá aingeal coimhideachda ag gach aon bhíos ag congnamh leis. C. Créud an tsheirbhís do-ní dhó? F. Congnamh leis a n-aghaidh an díabhail; a ghuidhe do thabhairt dochum Dé, agus san bpunc dhéidhionach a anam do dhídean. DO NA DEAMHNUIBH AGAS DÁ N-URCHÓID. C. Nar anadar na haingil uile a bhfhlaitheamhnas? F. Nír anadar; óir do teilgeadh Lúcifear, agus ar ghabh leis a n-aghaidh Dé, go hifrionn. C. An íad sin atá anois 'na ndeamhnuibh? F. As íad. C. Créud fá mbíd dar mbrosdadh dochum an pheacaidh? F. d'eagla go bhfhuighmís an áit ghlórmhar do chailleadar féin ar neamh, achd go mbeimís a bpéin shíordhaidhe a n-ifrionn mar aon riú. C. An lughaide dá bpéin bheith 'na siocair dhamanta ag na daoinibh? F. Ní lughaide, achd as móide; gidheadh, atáid-sion comhurchóideach agus sin gurab fearr léo méudughadh péine do bheith orra féin iná sinne do bheith a sdaid búdh airde iná íad.
AN 5 CAIBIDIL. DON ONÓIR AGUS DON DÚTHRACHD DHLIGHTHEAR DO MHUIRI AGUS DO NA NAOMHAIBH OILE, DÁ TTAISIBH, AGUS DÁ N-ÍOMHÁIGHIBH. C. An ttoirmisgeann an chéudaithne onóir do thabhairt do Mhuire nó do na naomhaibh? F. Ní thoirmisgionn a n-onóir iomchubhaidh féin do thabhairt dóibh, achd amháin gan a n-adhradh mar Dhéibh. D'ONÓIR MHUIRE AGAS NA NAOMH. C. Créud í an onóir dhlighthear do Mhuire? F. Onóir mháthar Dhé. C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si Muire do ghuidhe? F. Ní fhuil, mar adubhramar thuas san treas caib. don 3 rann. C. Créud í an onóir dhlighthear do na naomhuibh? F. Onóir chairdeadh agus chloinne Dé. C. An bhfhuil a n-aghaidh onóra Dé na naoimh do ghuidhe, nó a gcongnamh dh'íarruidh? F. Ní fhuil; do bhrígh nach íarrmaoid trócaire ná grása orra, achd amháin a nguidhe, mar chloinn thoghaidhe Dé agus mar luchd éintighe dhó, fá impídhe do chur air ar n-athchuinghidh do thabhairt dhúinn. D'ONÓIR THAISEADH NA NÁOMH. C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si onóir do thabhairt do thaisibh na náomh? F. Ní fhuil, do bhrígh nach tugmaoid achd a n-onóir iomchubhaidh dhleisdeanach féin dóibh. C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithne céudna urnaighthe do dhéunamh 'na bhfhíadhnaisi? F. Ní fhuil, óir ní horra-san, achd ar na hanmannaibh
naomhtha do-righne iomad deaghoibreadh, íarrmaoid guidhe ar ar son. C. An bhfhuil réusún an urnaighthi-sin do dhéunamh do láthair na ttaiseadh tar áit oile? F. Atá, .i. dochum go n-íarrmaois ar na naomhaibh cuimhne do bheith aca orainn agus congnamh linn, mar atá cuimhne againne orra-san, ag onórughadh a ttaiseadh. D'ONÓIR NA N-ÍOMHÁIGHEADH. C. An ttoirmisgeann an aithni-si onóir do thabhairt do na híomháighibh? F. Ní dhéin; óir ní don phinntéoireachd dá breaghdha do-bheirmíd onóir, achd don té thaisbéunaid dhúinn agus bheirid in ar ccuimhne. C. Créud í an onóir dhlighthear dhóibh? F. An onóir chéudna bheirmíd do na naomhuibh thaisbéanaid dhúinn. C. Cionnas tuigthear sin? F. Ionann so ré a rádh agus go ttugmaoíd a n-onóir iomchubhaidh féin dóibh, do réir a gcéime, ina n-íomháighibh. C. An bhfuil a n-aghaidh na haithne-si urnaighthe do dhéunamh a bhfhiadhnaisi na n-íomháigheadh? F. Ní fhuil; do bhrígh nach íarrmaoid aoinní ar na híomháighibh san urnaighthe-sin, gé go n-íarrmaoid dá láthair ar an tté thaisbéunaid dúinn athchuinghidh, mar atá grása, más íomháigh Chríosd í, nó guidhe ar ar son, más íomháigh Mhuire nó naoimh bhíos ann. C. Créud an mhaith do-níd na híomháighne? F. Cuimhne Chríosd agus a pháise, Mhuire, agus na naomh do thabhairt in ar n-inntinn lé héunradharc, agus ar sbiorad chrábhaidh do mhusgladh dochum grádha agus onóra do thabhairt dóibh, agus a sompla do leanmhain do réir ar ccumhachd. C. An ccluinid nó an bhfhaicid na híomháighni, nó taisi na naomh, éinní dá ndéuntar 'na bhfhíadhnaisi? F. As dearbh nach cluinid agus nach bhfhaicid. C. Cionnas, máseadh, do-níd na míorbhuile móra do-chímíd aca ga ndéunamh gach láoi? F. Ní híad-san do-ní íad achd Dia féin ar impidhi Mhuire
nó na náomh, ionnas go mbeith deuósion againne do na náomhaibh, dá ttaisibh, agus dá n-íomháighnibh. AN 6 CAIBIDIL. DON DARA HAITHNE: NÁ TABHAIR AINM DO THIGHEARNA DÉ GO DÍOMHAOIN. C. Créud thoirmisgeas an aithne-si? F. An uile easonóir bheirthear d'ainm Dé lé náomhathais, lé briseadh móide, nó lé a thabhairt mar mhionnuibh. DON NAOMHATHAIS. C. Créud as náomhathais ann? F. Aindligheadh nó athais do thabhairt ó bhréithir do Dhía nó dá náomhaibh. C. Ga mhéud modh ar a ndéuntar an naomhathais? F. Ar chúig modhaibh. An céudmhodh: an tan adeirthear ní do bheith ag Dia nar chubhaidh dhó, mar athá, go mbiadh cumhachda aige peacadh do dhéunamh. An dara modh: an tan adeirthear go mbí easbhaidh cumhachd, eagna, éolais, cirt, trócaire, nó neith ar bhioth mhaith air. An treas modh: an tan adeirthear go mbíd na neithe, atá ag Dia amháin go díleas, ag créutúir ar bhioth, mar atá, go mbiadh fios na neitheadh nach táinig ag duine ar bioth, gan Dia dá fhoillsioghadh dhó. An ceathramhadh modh: an tan mhallaigheas duine do Dhia, do Mhuire, nó do na náomhaibh. An cúigeadh modh: an tan ainmnighthear éunchuid do bhallaibh Críosd nó na náomh lé fanámhaid, lé feirg, nó le lasán. C. An trom an peacadh an náomhathais? F. Ní fhuil peacadh as truime iná í. Tabhraid, dá bhrígh sin, na daoine leamha, éudtroma, do-bheir fuil agus páis Chríosd agus mionna móra oile go hurasa, dá n-aire gurab lughaide ghabhthar a leisgéul san bpeacadh ngráineamhail-si a usa a sheachna, óir ní fhuil áoibhneas ná tarbha ann.
DON MHÓID. C. Créud as móid ann? F. Gealladh bheirthear do Dhia ní maith, ar a mbí buidheachas aige, do dhéunamh. C. Dá ngealladh duine droichní, an bhfhuil d'fhíachaibh air an gealladh-sin do chomhall? F. Ní fhuil; óir ní hé amháin dá ngealladh duine ní ina mbíadh peacadh, achd fós ní maith, do chuirfeadh toirmeasg ar mhaith bhudh mó iná sin, nach bí buidheachas ag Dia air. DO NA MIONNAIBH, AGUS DO NA COINGHEALLUIBH ÍARRTHAR DOCHUM A TTABHARTHA. C. Créud as mionna ann? F. Dia do thógbháil d'fhíadhain ar an bhfhírinne do bheith agad. C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si mionna do thabhairt? F. Ní fhuil; óir onóraighthear ainm Dé léo, an tan bheirthear go dleisdeanach íad. C. Créud íad na coinghill íarrthar dochum a ttabhartha go dleisdionach? F. Gan a ttabhairt do dhruim feirge, fuatha, ná grádha, achd d'fhonn na fírinne amháin; gan a ttabhairt achd lé ceart, lé fírriachdanas, agus a ccúis éifeachdaigh. C. Créud íarrthar dochum na mionn do bheith fírinneach? F. Fios na fírinne go cinnte do bheith agad. C. Créud an peacadh do-ní an té mhionnaigheas a mbréig? F. Peacadh marbhtha, má bheir dá aire gurab a mbréig mhionnaigheas; agus atá d'fhiachaibh air aiseag do thabhairt in gach díoghbháil dá ndearna ag mionnughadh. C. Dá ttugadh na mionna, agus é a cconntabhairt na fírinne, créud an peacadh do-ní? F. Peacadh marbhtha, do bhrígh go gcuireann é féin a cconntabhairt mhionn éithigh. C. Cionnas pheacaigheas an té do-bheir mionna éithigh a gcúis díomhaoin?
F. Go marbhthach; do bhrígh gurab mór an easonóir do-bheir do Dhia, ga thógbháil d'fhiadhain ar bhréig. C. Créud íarrthar dochum na mionn do bheith ceart? F. An ní fá a mionnaighthear do bheith dleisdeanach; óir, gibé mhíonnaigheas droichní, nó gan ní maith do dhéunamh, peacaighidh a n-aghaidh na haithni-si, agus dá ccoimhle iad, cuiridh peacadh ar muin pheacaidh. C. Créud truime an pheacaidh do-ní? F. Peacadh marbhtha nó sologhtha, do réir cáilidheachd uilc na mionn. C. Créud an peacadh do-ní an té mhionnaigheas gan riachdanas? F. Meath a dhála peacadh sologhtha. C. An mionna Muire, na naoimh, an leabhar, nó créutúir ar bhioth oile dar chruthaigh Dia, do thabhairt? F. Aseadh. C. Créud as cóir dhúinn do rádh, ionnas nach bpeacaigheadhmaois? F. Aseadh nó ní headh, mar do theagaisg Críosd dhúinn, Matth., cap.5. Tabhradh, dá bhrígh sin, an drong bhaoth, éigcríonna, nach cuireann cás an fírinne nó bréug, nó créud an chúis bhíos aca ag tabhairt na mionn, dá n-aire, gurab contabhartach an sdaid a bhfhuilid; agus íarrmaoid, as uchd Dé, orra an drochghnás-sin do thréigion. AN 7 CAIBIDIL. DON TREAS AITHNE: COIMHÉID SÁOIRE AN DOMHNAIGH. C. Créud í an tshaoire atá d'fhiachaibh oruinn do choimhéud? F. Féusdadha an Tighearna, an Domhnach, féilte Muire, na n-absdal, agus na naomh oile ordaigheas an Eaglas dhúinn do choimhéud. C. Créud iad na hoibre atá toirmisgthe orainn is na féiltibh-si? F. Oibre corparrdha; mar atá, treabhadh nó foirseadh, saoirseachd nó gaibhneachd, reic nó ceannach, nó a leithéide oile ar a ttabhairthear oibre daora.
C. An toirmisgthe a thabhairt ar dhaoinibh oile éunobair dhíobh so do dhéunamh lá saoiri? F. As toirmisgthe. C. An briseadh saoire na h-oibre corparrdha bheanas ré seirbhís nDé? F. Ní headh, más oibre iad ar nach fuil breith uair oile. C. An briseadh saoire biadh do dheasughadh, nó friothólamh do dhéunamh? F. Ní headh, ná énní oile dá mbeanann ré beathaidh an lae-sin, agus nach éidir do dhéunamh an lá roimhe. C. Créud iad na neithe atá d'fhiachaibh orainn do dhéunamh lá saoire tar lá oile? F. Urnaighthe agus oibre sbioradálta, mar atá, an t-aifrionn agus an tsheanmóir d'éisdeachd, léughthórachd leabhar sbioradálta, agus a leithéide oile; do bhrígh gurab dochum seirbhísi Dé as mó do horduigheadh an tshaoire. AN 8 CAIBIDIL. DON CHEATHRAMHADH AITHNE: TABHAIR ONÓIR DOD TH'ATHAIR AGUS DOD MHÁTHAIR. C. Créud atá d'fhiachaibh orainn do bhrígh na haithni-si? F. Onóir do thabhairt dar sinnsioraibh, .i. dar n-aithribh, dar máithribh, agus don uile uachdarán bhíos againn do thuaith nó d'Eaglais. C. Cionnas dhlighthear don fhior é féin d'iomchar do thaobh a mhná pósda? F. Go grádhach, cúramach, mar Chríosd dá Eagluis. C. Cionnas as cóir don mhnaoi í féin d'iomchar do thaobh a fir phósda? F. Dlighidh bheith lán do chion, d'umhla, agus d'urraim dhó, mar an Eaglais do Chríosd. C. Créud dhligheas an lánamhuin do dhéunamh dá ccloinn? F. A n-oileamhain; béusa, foghluim, agas sdaid bheathadh, do réir a ccumhachd, do thabhairt dóibh. C. Créud í an onóir dhlighthear ón ccloinn dóibh-sion? F. Onóir inmheadhónach agus fhoirimiolach ina mbriathraibh agus ina ngníomhaibh; cuidiughadh léo, agus bheith umhal dóibh.
C. Créud in ar cóir cuidiughadh leó? F. San uile riachdanas sbioradálta agus teamporálta. C. Créud ina bhfhuil d'fhiachaibh orainn bheith umhal dóibh? F. San uile ní nach fuil a n-aghaidh aithneadh Dé; óir, dá mbeith a n-aghaidh thoile Dé, nír chóir bheith umhal dóibh ar éunchor. C. Créud fá ttugthar an uiread so d'onóir dhóibh? F. Do bhrígh, a ndiaidh Dé, gurab uatha atá ar mbeith agus ar mbeatha, agus gurab íad ríaghlas sinn a n-áit Dé. C. Créud an luach do gheall Dia don chloinn do-bheir an onóir-si uatha? F. Saoghal fada abhos, agus beatha shuthain thall. AN 9 CAIBIDIL. DON CHÚIGEADH AITHNE: NÁ DÉUNA MARBHADH. C. Créud thoirmisgthear san aithne-si? F. Gan neach dá mharbhadh féin, ná do mharbhadh duine oile; agus fós, gan olc do dhéunamh d'éinneach ó smuaineadh, ó bhréithir, ná ó ghníomh. C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si an tan chuirid uachdaráin, nó breithiomhuin an mhaitheasa puiblídhe, luchd uilc dochum báis? F. Ní fhuil, do bhrígh go bhfhuil ordughadh ó Dhía aca sin do dhéunamh. C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithne céudna, duine do mharbhadh a ccath nó a ccogadh dhleisdionach? F. Ní fhuil; muna tré naimhdeanas, achd do chosnamh na córa, mhuirfeas é. C. An bhfhuil fós 'na haghaidh, duine do mharbhadh dhuine oile aga chosnamh féin ar bhás, nó dá neamhthoil lé míothapadh? F. Ní fhuil, achd amháin gan mainneachdnaighe do dhéunamh fán ccoimhéud dobhíadh d'fhiachaibh air. C. Cía as troma an peacadh, pearsa Eagluisi do mharbhadh iná tuata?
F. As troma pearsa Eagluise, óir, ós cionn a pheacaidh, bídh an té mharbhas í coinnealbháite. C. An ttoirmisgeann an aithni-si beathadhaigh bhrúideamhla do mharbhadh? F. Ní dhéin, óir as do na daoinibh féin do cruthaigheadh íad. C. Máseadh, créud thoirmisgeas? F. Aingidheachd, fúath, foltanas; comhairle do thabhairt, nó a shanntughadh go hinmheadhónach marbhadh do dhéunamh go haindlightheach; íarraidh nó freagra chomhraig. C. Créud íarras an aithni-si orainn? F. Grádh, ceannsaidheachd, agus maitheamhnus do thabhairt san n-aindligheadh do-níthear dhúinn, maith do dhéunamh a n-aghaidh an uilc, agus guidhe ar luchd ar n-inghreama, mar do theagaisg Críosd dhúinn. Matt.V. AN 10 CAIBIDIL. DON SEISEADH AITHNE: NÁ DÉUNA DRÚIS. C. Cia pheacaigheas a n-aghaidh na haithni-si? F. An té do-ní adhaltrannas ré mnaoi phósda dhuine oile, nó bheanas ré mnaoi neamhpósda, nó chuil, nó riaghalta, nó ré maighdin. C. An ttoirmisgionn na neithe-si ar na mnáibh mar thoirmisgeas iad ar na fearuibh? F. Toirmisgidh gan chonntabhairt, óir peacaighidh bean ag luighe ré fear ar bioth achd re a fear pósda. C. An ttoirmisgeann ní ar bioth oile? F. Toirmisgidh ar gach aon glacaireachd thruaillidhe do dhéunamh air féin nó ar neach oile, a shíol do dhortadh tré a chiontuibh féin, etc. C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithne-si féuchuin mhailíseach, nó póga neamhghlana? F. Atá, agus fós, comhrádh graosda, abhráin shalcha, leabhair shuirgheacha do léughadh, agus gach gníomh míonáireach oile. C. Créud atá d'fhiachaibh ar an lánamhain phósda ón aithni-si? F. Dísle agus umhla dhá chéile, mar do ghealladar san bpósadh.
DON MHODH AR A SEACHAINTEAR AN DRÚIS. C. Cionnas seachaintear an peacadh-so? F. Comhluadar na mban do sheachna; iomad urnaighthe, troisgthe, oilithre, agus faoisidi mheinic do dhéunamh; agus Corp Críosd do ghlacadh lé hiomad ccrábhaidh; a smuaineadh fós go díthcheallach, gach uair mothaighthear cathughadh an pheacaidh-si, a ghiorra mhairfeas a aoibhneas, agus a fhad mhairfeas an phian shíordhaidhe dhlighthear ar a shon. C. ia choimhlíonas an aithni-si? F. An té bhíos geanmnuidh ó smuaineadh, ó bhréithir, agus ó ghníomh. C. Dá ttuiteadh neach a n-éunmhodh díobh so, créud atá d'fhiachaibh air? F. Cáilidheachd na pearsan re a ndearna é d'innisin san bhfhaoisidin. C. Créud é an fáth? F. Ionnas go ttuigeadh an t-athair faoisidne an ghné pheacaidh do-righne; óir as cenéul peacaidh ar leith teagmháil ré mnaoi phósda fhir oile, ré mnaoi chuil, ré mnaoi riaghalta, ré mnaoi gan fhior, ré maighdin, nó bean ar bhioth d'éigniughadh. AN 11 CAIBIDIL. DON SEACHDMHADH AITHNE: NA DÉUNA GOID. C. Cia choimhlíonas an aithni-si? F. An té nach íarrann, nach glacann, agus nach congbhann ní ar bioth go holc do chuid na comharsan. C. Cia pheacaigheas 'na haghaidh? F. An té ghoideas, chreachas, nó fhuadaigheas cuid dhuine oile go héugcórach. DON GHOID, DON CHREACHADH, AGUS DON FHUADACH, ETC. C. Créud as goid ann? F. Cuid na comharsan do ghlacadh gan fhios agus gan toil dá duine fhéin.
C. Créud as creachadh nó fuadach ann? F. Ní do ghlacadh ós aird do neamhthoil an té sa shealbh a bhfhuil go dleisdionach. C. Cía díobh so peacadh as troma? F. An creachadh agus an fuadach, do bhrígh nach é amháin go mbeanann neach mar so a chuid do dhuine oile, achd go ttabhair tarcaisne mhór dhó. C. Créud iad na neithe oile thoirmisgthear san aithne-si? F. Mealladh do dhéunamh a reic nó a cceannach; gan luach a saothair do thabhairt do luchd oibre; gan fiacha do dhíol; goid do cheannach as a riochd; comhairle nó congnamh do thabhairt dochum a choda féin do bhuain do dhuine oile go holc; úsurachd agus simonia. DON ÚSURACHD AGAS DON TSHIMONIA. C. Créud as úsurachd ann? F. Ceannach do bhuain do dhuine ar son airleagaidh airgid do thabhairt dó. C. An bhfhuil a n-aghaidh na haithni-si nethe coisreagtha do reic? F. Atá; agus 'na pheacadh throm dá ngoirthear siomonía, dá reacthar iad, an mhéid go bhfhuilid coisreagtha. C. An lór don ghaduidhe an ghoid, nó an t-olc do-righne, do chur san bhfhaoisidin? F. Ní lór; óir, ós a chionn sin, atá d'fhiachaibh air aisiog do thabhairt san n-iomlán, má atá ar a chumhachdaibh. C. Má atá bochd, créud do-ghéuna? F. Aisiog do thabhairt uadh san méid, agus an tan bus éidir leis. AN 12 CAIBIDIL. DON OCHDMHADH AITHNE: NÁ DÉUNA FIADHNAISI BHRÉIGE A N-AGHAIDH DO CHOMHARSAN. C. Créud thoirmisgthear san n-aithni-si? F. An uile éugcóir do-níthear ar an ccomharsain lé fiadhnaisi
bhréige a mbreitheamhnas, nó a n-éugmais bhreitheamhnuis, agas fós gach briathra oile théid a n-urchóid dó. C. Cía pheacaigheas a n-aghaidh na haithni-si a mbreitheamhnas? F. An té neartaigheas an bhréug, nó nach foillsigheann an fhírinne an tan iarrthar air a foillsiughadh. C. Cía pheacaigheas 'na haghaidh a n-éugmais bhretheamhnuis? F.. An té fhoillsigheas gan riachdanas gníomh gráineamhuil nó foluighthe dhuine oile, cháineas é, chuirios bréug air, do-ní a ithiomráidh nó a easgaoine. C. Créud as bréug ann? F. Ní do fhoillsioghadh contrárrdha don ní bhíos san n-inntinn. C. An éidir bréug do dhéunamh go dleisdeanach dochum deighchríche? F. Ní héidir; óir, gibé ar bioth cúis fá ndéuntar í, atá 'na peacadh shologhtha go háiridhe. AN 13 CAIBIDIL. DON NAOMHADH AGUS DON DEACHMHADH AITHNE: NÁ SANNTAIGH BEAN, TEACH, NÁ FEARANN, ETC. C. Créud thoirmisgthear san dá aithni-si? F. Gan bean ná cuid do chomharsan do shanntughadh. C. Nar toirmisgeadh iad thuas san seiseadh agus san seachdmhadh aithne? F. Do toirmisgeadh an gníomh annsin; gidheadh, ós a chionn sin, do fhógair Dia annso gan ceachdar dhíobh do shanntughadh in ar n-inntinn, ionnas go bhfhoillsigheadh dhúinn gurab peacaidh ar leith a sanntughadh mar sin. C. An bpeacaigheann a n-aghaidh na haithni-si an té nach ttabhair taithneamh ná aonta don smuaineadh tig 'na inntinn, an tan chuireas an diabhal olc éigin 'na fhiadhnaisi? F. Ní pheacaigheann, achd bídh luaighidheachd mhór aige,
dá ndearna a dhíthcheall a chor uadh mar as luaithe as éidir leis. C. An bhfuil 'na haghaidh, taithneamh do bheith ag céudfadhaibh an chuirp san drochsmuaineadh, an tan nach tabhair an toil aonta dhó? F. Atá, dá raibhe mainneachdnaighe 'na choimhideachd; óir an tan-sin bídh go coitcheann 'na pheacadh shologhtha. C. Cía pheacaigheas go marbhthach san ndrochsmuaineadh? F. An té do-bheir a thoil, agus a aire air féin, dochum an pheacaidh, nó dochum anamhna dá dhéoin san ttaithneamh do-gheibh san drochsmuaineadh. C. An peacadh ní ar bioth dá bhfhuil a n-aghaidh na n-aitheantadh oile do shanntughadh? F. As peacadh; óir as mídhleisdeanach dúil do chur a ní ar bhioth dar thoirmisg Dia. C. An peacadh dúil do bheith agad bheith nías saidhbhre iná do chomharsa? F. Ní headh, más go dleisdeanach bhudh mian leat gach ní d'fhagháil. C. Créud fá ttoirmisgthear go sunradhach dúil na mban agus an tshaidhbhris san dá aithni-si? F. Do bhrígh gurab iad as guasachdaighe, agas as mó chuireas cathaighthe ar dhaoinibh. Iar ttráchdadh ar aitheantaibh an dá chláir, laibheóram beagán ar aitheantaibh na hEagluisi. AN 14 CAIBIDIL. DO NUIMHIR AGUS d'UGHDAR AITHEANTADH NA HEAGLUISI. C. Ga mhéid aithne ag an Eagluis? F. A cúig do shunradh. C. Créud íad? F. 1. An Domhnach agus na laithe saoire oile do choimhéud, agus aifreann d'ésdeachd ionnta. 2. Faoisidin ghlan do dhéunamh ní sa lugha uair san mbliadhain, agus Corp Críosd do chaitheamh fá Cháisg.
3. An Corghas, uigile, agus troisgthe na hanma do throsgadh, agus gan féoil d'ithe Dia hAoine ná Dia Sathroinn. 4. An deachmhaidh do dhíol. 5. Gan banais do dhéunamh ó thús Corghais go mionCháisg, ná ó thús Aiduent go hEpiofáin. C. Cia do ordaigh na haitheanta-sa? F. Uachdaráin na hEagluise. C. An bhfhuil d'fhiachaibh ar na huilibh a ccomhall? F. Atá, do bhrígh gurab les an ughdardhás fríoth ó Chríosd do hordaigheadh iad. AN 15 CAIBIDIL. DON DÁ CHÉUDAITHNE DHÍOBH SO. D'OIBLIOGÁID NA SAOIRE AGUS AN AIFRINN D'ÉISDEACHD. C. Cia do ordaigh an tshaoire? F. Dia; do bhrígh gurab Dia Sathairn do chríochnaigh cruthughadh an domhain; agus a ccuimhne an thiodhlaicthe mhóir-sin tug dhúinn, do ordaigh an Satharn do choimhéud. C. Créud fár haithearraigheadh san reachd nua saoire an tSathrainn ar an nDomhnach? F. Do bhrígh gurab Dia Domhnaigh do éirigh Críosd ó mharbhaibh agus táinig an Sbiorad Naomh d'ionnsoighidh na n-absdal. C. Créud fár ordaigh an Eaglas féilte Muire agus na naomh? F. Ionnas go ttugmaois bhuidheachas do Dhia 'na thiodhlaicthibh, go leanmaois lorg na naomh, go ttugmaois onóir dhóibh, agus go n-iarrmaois orra congnamh linn. C. Cionnas coimhéudthar an tshaoire? F. Ag éisdeachd an aifrinn; ag déunamh gach neth oile, mar adubhramar thuas san seachdmhadh cab. don 4 rann. C. An bhfhuil d'fhiachaibh orainn aifreann iomlán d'éisdeachd sna laithibh-sin? F. Atá; óir dlighmíd gan cuid ionáirimhthe dhe do léigean dínn.
C. Cia ar a bhfhuil d'fhiachaibh an t-aifreann d'éisdeachd? F. Ar gach aon aga ttánuig a thuigse nó a chiall, muna raibh fírriachdanas air. D'AIMSIR NA FAOISIDNE AGUS CAITHMHE CUIRP CHRÍOSD. C. Cia rér cóir dhúinn ar bhfhaoisidin do dhéunamh? F. Ré ar sagart porráisde, nó ré daoinibh riaghalta, nó ré gach aon oile aga mbíd cumhachda ón bPápa dochum ar bhfhaoisidne d'éisdeachd. C. Créud a mhionca atá d'fhiachaibh orainn ar bhfhaoisidin do dhéunamh? F. Dá raibh sgéul pheacaidh mharbhtha ag ar ccoinsias orainn, uair san mbliadhain; agus gach úair bhiam ar tí Corp ar tTighearna do ghlacadh, nó a cconntabhairt bháis. C. Ga tráth atá d'fhiachaibh orainn Corp Críosd do chaitheamh? F. Lá éigin ón Domhnach ré ccáisg go mionCháisg, nó ceachdar don dá lá-soin; agus fós ré huchd mbáis, más éidir é, dá rabham ar céudlongadh, gion go rabham. C. Créud í an aois in ar cóir dhúinn an Corp Naomhtha do chaitheamh? F. An tan thiocfam dochum críonnachda agus tuigse. Tabhair dod th'aire, gé nach bhfhuil d'fhiachaibh ón Eagluis faoisidi ná comaoineacha do dhéunamh achd uair san mbliadhain, tar a cheand sin, nach bhfhuil dá mhionca dá nglacfa an críosduidhe cogúsach iad, nach amhlaidh as fearr é, óir as mór an toradh do-geibhthear asda. AN 16 CAIBIDIL. DO NA TRÍ HAITHEANTAIBH OILE. DON TROSGADH. C. Créud as trosgadh ann? F. Abstanaid ó bhiadh thoirmisgthe, agus gan d'ithe achd
éunchuid san ló go n-oidhche, agus gan feóil d'ithe Dia hAoine ná Dia Sathroinn, ná fós Dia Céudaoin a nÉirinn. C. Créud í an uair in ar cóir dhúinn an éunchuid-sin do chaitheamh? F. A meadhón laoi, nó beagán faoi nó ós a chionn. C. An bhfhuil an deoch toirmisgthe a n-aimsir an troisgthe? F. Ní fhuil, achd gan meisge do dhéunamh. C. Créud as cóir do chaitheamh ar chollasion? F. Coimhéudadh gach aon gnás na tíri ina mbiaidh. C. Cia atá saor ar an ttrosgadh? F. An t-aos óg da nach slán bliadhain ar fhichid; na seandaoini do-chuaidh ós cionn thrí fichead bliadhan; luchd galair, agus saothair. C. Créud í an mhaith do-nímíd leis an ttrosgadh? F. Ar n-antoil do chlaoi, fearg Dhé d'fhilleadh uainn, agus lóirghníomh 'nar bpeacthaibh. C. Ga mhéid uair agus ga tráth bhíos troisgthe na h-anma san mbliadhain? F. Ceithre huairi, .i. Dia Céudaoin, Dia hAoine, agus Dia Sathairn d'éis an chéudDomhnaigh don Chorgas, d'éis Chingcighisi, d'éis fhéile na croiche san bhfhoghmhar, agus d'éis an treas Domhnaigh don Aiduent. DON DÁ AITHNE DHÉIDHEANAIGH. C. Créud é an tAidueint thuigthear annso, agus ina bhfhuil an bhanais toirmisgthe? F. Aimsear theachda an Tighearna, agus an Domhnach as goire d'fhéil Aindriasa absdail, roimpi nó 'na diaidh, an céudDomhnach dhe. C. Créud iad na toirthe as ar cóir an deachmhaidh do dhíol? F. Coimhéudadh gach aon gnás na heasbogóideachda ina mbia. C. An bhfhuilid aitheanta ar bhioth oile d'fhiachaibh orainn?
F. Atáid, aitheanta bheanas ré sdaid agas ré hoific gach aoin fó leith. C. Cia ar a bhfhuil d'fhiachaibh a bhfhios so do bheith aige? F. Ar gach aon sa sdaid ré a mbeanaid; óir atá d'fhiachuibh ar gach aon fios gach neith bheanas rén-a sdaid agus rén-a oific féin do bheith aige; agus ní shaorann ainbhfhios go coitcheann san bpunc-sa é.
AN CÚIGEADH RANN DON PHARRTHAS-SO. THRÁCHDAS AR ÓIRCHISDE PRINSIOPÁLTA NA HEAGLUISI CATOILICE, .I. AR NA SACRAMAINTIBH NAOMHTHA, LE A BHFHAGHTHAR, LE A CCOIMHÉUDTHAR, AGUS LE A MÉUDAIGHTHEAR GRÁSA DÉ IONNAINN. AN 1 CHAIBIDIL. DO NA SACRAMAINTIBH GO GENERÁLTHA AGAS DÁ NUIMHIR. C. Créud as sacramaint ann? F. Comharrtha so-mhothaighthe do chéadfadhaibh corparrdha, chiallaigheas agus oibrigheas lé hordughadh Dé grása san duine. C. Cionnas oibrigheas na comharrthadha corparrdha-sa grása sbioradálta san anam? F. Lé brígh pháise Chríosd; óir as tréus na sacramaintibh, mar uisge tré fheadánaibh, dhoirtthear toradh na páisi céudna chugainn, .i. na grása agus maitheamh ar bpeacadh. C. Cia do ordaigh na sacramainte? F. Críosd féin ar ttighearna do ordaigh uile iad. C. Ga mhéid sacramaint ann? F. A seachd, .i. baisdeadh, dul fá láimh easbaig, sacramaint na haithrighe, sacramaint Chuirp Chríosd, an t-ongadh déidheanach, ord, agas pósadh. C. Cionnas atá a fhios aguinn nach fuil nísa mhó ná nísa lugha do shacramaintibh ann? F. Ór naomhmáthair an Eagluis; óir as iad so amháin atá a ngnás ó aimsir Chríosd agus na n-absdal aice. C. An éidir iad so do ghlacadh go meinic? F. As éidir, achd amháin na trí sacramainnte le a mbuailtear séula sbioradálta ar an n-anam, .i. baisdeadh, dul fá láimh easbaig, agus ord.
C. Créud í an inntinn atá d'fhiachaibh ar fhear mhiniosdrálachda na sacramainnteadh do bheith aige? F. Inntinn fhírinneach an tshacramaint do dhéunamh do ordaigh Críosd, agas ghnáthaigheas an fhírEagluis. C. An éidir toirmeasg do chur ar ghrásaibh na sacramainteadh? F. As éidir; óir toirmisgthear a ngrása lé peacadh marbhtha, agus lé drochsdaid an té ghlacas iad. AN 2 CAIBIDIL. DON BHAISDEADH, DÁ THARBHA, DO NA NEITHIBH AS RIACHDANAS CHUIGE, AGUS DO NA CAIRDIOSAIBH CRÍOSD. DON BHAISDEADH AGAS DÁ THARBHA. C. Créud as baisdeadh ann? F. Sacramaint le a n-aithgheintear cách san bheathaidh sbioradálta, le a maithear peacadh na sinnsear do dhuine, le a ttugthar grása dhó, agus le a mbuailtear chomharrtha críosdaidhe air. C. Cia ar a bhfhuil an baisdeadh do riachdanas? F. Ar gach aon learab mian a chuid do ghrásaibh Dé nó don bheathaidh shíordhaidhe d'fhagháil. C. Cia darab cóir an baisdeadh do dhéunamh? F. Don tshagart chúraim ó oific; gidheadh, dá rabh an leanabh a n-airteagal bháis, as éidir leis an uile dhuine a bhaisdeadh. C. An cuma cia do-ghéuna an baisdeadh an tan-sin? F. Ní cuma; óir ní cóir do mhnaoi a dhéunamh do láthair fhir, ná do thuata do láthair chléirigh, ná don chléireach as ísle grádha do láthair an chléirigh as airde grádha. C. Créud oibrigheas an baisdeadh a n-anam an duine? F. Ó thús, glanaidh é ó pheacadh na sinnsear, ón uile pheacadh oile do-ní ré mbaisdeadh agus ina ndéin aithreachas; maille ris sin, saoraidh é ón uile phéin do dlighfidhe ar son an pheacaidh chéudna a n-ifrionn nó a bpurgadóir, agus do-bheir fós iomad grás dhó.
DO NA NEITHIBH AS RIACHDANAS DOCHUM AN BHAISDTHE. C. Créud le a ndéuntar an baisdeadh? F. Lé huisge nádúrtha, dhoirtthear ar an tté bhaisdthear nó ina ttumthar é, ag rádh na mbriathar-sa: “Baisdim thú a n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sbiorad Naoimh, Amen;” agas maille ré hinntinn do bheith ag an té bhaisdeas, an baisdeadh do dhéunamh dáríribh, agus ag an té bhaisdthear, más duine críonda é, baisdeadh do ghlacadh. Caithfidh fós an té bhaisdthear, más duine críonna é, creideamh do bheith aige, agus aithreachas do dhéunamh 'na pheacadhaibh. C. An bhfhuilid mar sin na coinghill-si d'fhiachaibh ar na leanbaibh? F. Ní fhuilid, do bhrígh go bhfhuilid gan chéill, achd as lór dhóibh na cairdeasa Críosd do thabhairt fhreagra agus geallaidh ar a son. DO NA CAIRDIOSAIBH CRÍOSD. C. Ga mhéid do chairdiosaibh Críosd as cóir do bheith ann? F. Ní cóir nísa lia iná dias, .i. fear agus bean. C. Créud í an oibliogáid atá orra? F. A thabhairt fá deara an creideamh Catoilice do mhúnadh don leanabh, an tan bhias ag teachd dochum críonnachda, dá rabhaid a athair agus a mháthair mainneachdnach 'na theagasg. C. An mbí gaol ar bioth aca ris an leanabh? F. Bídh gaol sbioradálta; agus ag an té do-ní an baisdeadh ris féin, rén-a athair, agus rén-a mháthair; agus as air bheirthear col uisge. C. An é an baisdeadh an chéudshacramaint ghlacas duine? F. As é, óir as leis aithgheintear é san mbeathaidh sbioradálta, théid astteach san nEagluis, agus do-níthear ball do chorp Chríosd 'na Eaglais de. Gonadh aire sin goirthear doras na hEagluise dhe.
AN 3 CAIBIDIL. DON TSHACRAMAINT AR A TTUGTHAR DUL FÁ LÁIMH EASBUIG. C. Créud as dul fá láimh easpaig ann? F. Sacramaint le a méuduighthear na grása bheirthear dhúinn san mbaisdeadh. C. Cia do-bheir an tshacramaint-si uaidh? F. An t-easbag, nó gach aon oile aga mbí ughdarrdhás ón Phápa. C. Cia darab cóir a glacadh? F. Don uile chríosdaidhe dar ghlac baisdeadh. C. Ga tráth as cóir a glacadh? F. An tan tig duine dochum críonnachda. C. Créud an mhaith do-ní dhúinn? F. Do-bheir grása móra agus calmachd inntinne dhúinn dochum ar ccreidimh dh'admháil, an tan chuirfidhear chuige sinn. Maille ris sin, buailtear séula sbioradálta lé ar an n-anam, mar chomharrtha ridire Chríosd, nach éidir do sgaradh ris go bráth. C. An bhfhuil an tshacramaint-si do riachdanas oruinn dochum ar slánuighthe? F. Ní fhuil; gidheadh, ní héidir lé duine ar bioth, gan pheacadh, a léigean de tré mhainneachdnaighe nó tré neamhshuim. C. Créud fá ttugthar anmanna na naomh san mbaisdeadh agus san tshacramaint-si oruinn? F. Ionnas go mbedís 'na bpátrúnaibh aguinn, agus go leanmaois iad 'na mbeathaidh. AN 4 CAIBIDIL. DO SHACRAMAINT NA HAITHRIGHE. C. Créud as sacramaint na haithrighe ann? F. Leighios sbioradálta ar na peacthaibh do-nímid íar mbaisdeadh.
C. Ga mhéid atá do riachdanas ar an thé ghlacas í? F. A trí, .i. tuirse chroidhe 'na pheacadhuibh, faoiside ghlan is na peacadhuibh céudna, agus lóirghníomh do dhéunamh ionnta. DON TUIRSE CHROIDHE. C. Cionnas as cóir an tuirse nó an doilghios-so do bheith? F. Go géur, neimhneach, neartmhar fán bpeacadh, an mhéid go bhfuil a n-aghaidh Dé agus an ghrádha dhlighthear dhó; agus as é a ainm san ccás-so san Laidin, contrisio; a nGaoidhilg, iomorro, croidhebhrúdh. C. An bhfhoghnann doilgheas as lugha iná sin dochum maithmhe na bpeacadh? F. Foghnaidh, .i. doilgheas fán bpeacadh ar son Dé, bíodh nach ar son a ghrádha ós cionn na n-uile dobhiadh, maille ré rún gan peacughadh nías mó. DON FHAOISIDIN. C. Créud iad na peactha as cóir dhúinn d'admháil san bhfhaoisidin? F. An uile pheacadh, go sunradhach na peactha marbhtha go hiomlán, gan iomarcaigh, gan easbhaidh, an mhéid díobh ar a ccuimhnéocham íar sgrúdadh ar ccoinsiais. Maille ris sin, atá d'fhiachaibh oruinn gach gné pheacaidh dá ndearnsam, agus ga mhéud uair do-ríghneamar é, d'innisin, agus fós gach modh ar a ndearnamar é, más modh é ina mbiadh méudughadh an pheacaidh go mór. DON LUCHD NACH FOILLSIGHEANN A BPEACADHA GO HIOMLÁN SAN BHFHAOISIDIN TRÉ DHEARMAD NÓ TRÉ NÁIRE. C. Dá ndearna duine dearmad nádúrtha d'éinpheacadh marbhtha iar ndéunamh an sgrúdaidh-sin, an mbí bail ar an bhfhaoisidin? F. Bídh gan chonntabhairt; gidheadh, más ria sacramaint Chuirp Chríosd do chaitheamh chuimhnigheas air, atá d'fhiachaibh air a chur a bhfhaoisidin sul ghlacfas an naomhshacramaint chéudna; nó, más d'éis an Chuirp Naomhtha do ghlacadh
thiocfas 'na chuimhne, as cóir a chur san ccéudfhaoisidin arís. C. Dá cceileadh duine éinpheacadh marbhtha tré náire nó tré mhainneachdnuighi, an mbí bail ar an bhfhaoisidin? F. As dearbh nach bí, achd go ccuireann peacadh marbhtha nua a cceann a raibhe air roimhe, agus má ghlacann naomhshacramaint na haltóra san sdaid-sin, go ndéin peacadh marbhtha oile. Tabhraid, dá bhrígh sin, na daoine leamha, éccéillidhe, cheileas cuid dá bpeacthaibh marbhtha tré náire, dá n-aire, gurab mór atáid arn-a mealladh leis an ndiabhal, agus gurab bochd an sdaid ina bhfhuilid, óir ní headh amháin nach bí foghnamh ar aonfhaoisidin dá ndearnadar san sdaid-sin, achd fós, go ndéunuid peacadh marbhtha nua dá mhionca dá ttabhraid iarruidh dhi, nó dá nglacaid sacramaint ar bioth oile. Atá, dá bhrígh sin, d'fhiachuibh orra faoisidin ghenearálta do dhéunamh san uile pheacadh mharbhtha dá ndearnadar an feadh atáid ar an seachrán-so. C. Créud í daingne na hoibliogáide atá ar an n-athair faoisidne rún do dhéunamh ar na peacadhaibh do-chluin san bhfhaoisidin? F. Atá a cheangal comhmór sin go bhfhuil d'fhiachuibh air bás d'fhulang sul do aidéumhadh éinpheacadh dhíobh. Guidhmid cách, dá bhrígh sin, an náire dhiabhluidhe-si do sgrios dhíobh, aga mheas aca féin gurab re fear áite Chríosd a ttalmhain atáid ga bhfhaoisidin. DON LÓIRGHNÍOMH. C. Créud do-ní an t-athair fáoisidne d'éis fheasa ar bpeacadh d'fhagháil? F. Do bhrígh gur orduigh Dia é mar bhreithiomh is na peacadhuibh do-níthear iar mbaisdeadh, agus go ttug a ughdardhás féin dó dochum a maithmhe, cuiridh breithiomhnas aithrighe ina lóirghníomh oruinn agus do-bheir absolóid dhúinn, le a maitear coir ar bpeacadh, agus le a cclaochloithear an phían shíordhuidhe, dhlighthear a n-ifreann ar a son, a bpéin aithghirr aimsiorrdha ar an saoghal-sa nó a bpurgadóir. C. Créud atá d'fhiachaibh oruinn d'éis na faoisidne?
F. An breithiomhnas aithrighe do dhíol, an tan fhéudfam go hiomchubhaidh; óir as leis féin, agus lér ndeaghoibribh oile, do-nímíd lóirghníomh san saoghal-sa is na pianuibh aimsiorrdha anas d'éis an pheacaidh do mhaitheamh. C. Créud iad na deaghoibre as gnáth do dhéunamh a lóirghníomh an pheacaidh? F. Urnaighthe, trosgadh, agus déirc, do bhrígh gurab léo so thoirbhireas duine na trí neithe atá aige do Dhia, .i. maitheas an anma leis an urnaighthe, an chuirp leis an ttrosgadh, agas a shaidhbhreas saoghalta leis an ndéirc. C. Cía ar a mbí an tshacramaint-si do riachdanas? F. Ar an uile dhuine do-ní peacadh marbhtha iar mbaisdeadh; óir ní héidir a slánughadh gan fhaoisidin, nó go háiridhe gan rún na faoisidne. C. An slánaighthear duine leis an rún-sin amháin? F. Slánuighthear an té bhíos a nguais bháis, gan chumas ar a fhaoisidin do dhéunamh, dá raibh croidhebhrúdh aige maille re rún faoisidne an uair fhéudfas. C. An bhfhuil maith ar bioth oile san bhfhaoisidin? F. Atá; óir gnoaighidh don té do-ní í luaighidheachd na ndeaghoibreadh do chaill roimhe sin ag déunamh an pheacaidh. Os a chionn so, ní fhuil ar bioth ní as fearr chongmhas duine ó na peacadhuibh iná an fhaoisidi mheinic. AN 5 CAIBIDIL. DO SHACRAMAINT CHUIRP CHRÍOSD, DO NA NEITHIBH ÍARRTHAR CHUICE, DON ONÓIR DHLIGHTHEAR DHI, AGUS DON ULLMHUGHADH AS INDÉUNTA CHUICE. DO SHACRAMAINT CHUIRP CHRÍOSD, AGUS DO NA NEITHIBH ÍARRTHAR CHUICE. C. Cia bhíos do láthair aguinn san tshacramaint-si? F. Críosd ar ttighearna 'na Dhia agus 'na dhuine, idir anam agus chorp. C. Créud iad na neithe iarrthar dochum na sacramainti-si? F. Ó thús, an té bhíos gá déunamh do bheith 'na shagart, óir as do na sagartuibh amháin tug Críosd cumhachda a déunta.
'Na dhiaidh sin, arán cruthneachda agas fíon fírinneach; 'na cceand so, an sagart do rádh bhriathar áiridhe, mar do ordaigh Críosd, ós cionn an aráin agus an fhíona chéudna. Agas fá dhéoidh, inntinn do bheith aige sacramaint do dhéunamh dáríribh ag rádh na mbriathar-sin. C. Cionnas tig Críosd san abhlainn? F. Ag rádh na mbriathar ós a cionn, le a naomhchoisreagthear í, do-níthear corp fíre Críosd di; agus do bhrígh go bhfhuil corp Críosd béo ceangailte don diadhachd a bpearsain an Mhic, tig an corp-sa gon-a fhuil ceangailte don diadhachd san abhlainn an uair-si, ionnas go mbí Críosd 'na Dhia agus 'na dhuine bhithbhéo innte; agus do bhrígh nach éidir pearsana na Tríonnóide do sgaradh ré chéile, bídh fós an Tríonnóid uile innte. C. An mbí Críosd san ccailís? F. Bídh gan chonntabhairt. C. Cionnas tig sé innte? F. Ag rádh na mbriathar ós a cionn, le a naomhchoisreagthar an fíon bhíos innte, do-níthear fuil Chríosd de; agus do bhrígh nach fuil an fhuil-si a n-éugmais chuirp Chríosd, bídh an corp agus an diadhachd ceangailte do ghnáth di san ccailís, ionnas go mbí Críosd go hiomlán, 'na Dhia agus 'na dhuine, agus trí pearsana na Tríonnóide san ccailís chéudna. C. An mbí an t-arán mar aon ré corp Chríosd san n-abhlainn? F. Ní bhí; óir, gé nach ttréigeand an abhlann le n-a naomhchoisreagadh fioghair, dath, blas, ná boladh aráin, tar a cheann sin, ní anann ní ar bioth do shubsdaint an aráin innte gan dul ar neimhní ar ball, an tan do-níthear an naomhchoisreagadh. C. An mbí fós an fíon mar aon ré fuil Chríosd san ccailís? F. Ní bhí ar aonchor; óir, gé nach ttréigeann an ní bhíos innte aicíde an fhíona mar atá blas, boladh, dath, fioghair, etc., tar a cheann sin, ní anann ní ar bioth do shúbsdainnt an fhíona nach téid ar neimhní ar ball len-a naomhchoisreagadh. C. An tan bhristear an abhlann, an mbristear corp Críosd? F. Ní bristear; óir, dá ndearntaoi míle cuid di, ní bhiadh éunchuid díobh nach biadh Críosd uile go hiomlán innte. C. Cionnas sin? F. Do bhrígh nach bí a cheann a n-áit agus a chosa a n-áit
oile san abhluinn, achd go mbí a chorp uile go hiomlán gon-a bhallaibh go huilidhi in gach éunchuid dá loighead dhi. C. An bhfhágbhann Críosd flaitheamhnas Dé an tan tig chugainn san tshacramainnt-si? F. As dearbh nach fágbhann, achd go mbí a n-aoinfheachd a bhfhlaitheamhnas, agus ar an n-altóir annso, agus san Róimh, agus ar gach éunaltóir ar a n-abairthear aifreann ar feadh an domhain. C. Cionnas teagmhaid na neithe ro-iongantacha-so? F. Lé mórchumhachdaibh Dé; agas, más deacair leat so do thuigsin, tuig gurab mó as éidir lé Dia do dhéunamh iná as éidir leat féin do thuigsin. Dá bhrígh sin, ná hiarr iad so do thuigsin lé réusún nádúrtha, achd creid iad, ar an adhbhar gur fhoillsigh Críosd, leis nach éidir bréug dho dhéunamh, go bhfhuilid 'na bhfírinne. DON ONÓIR DHLIGHTHEAR DO SHACRAMAINT CHUIRP CHRÍOSD, AGUS DON ULLMHUGHADH AS INDÉUNTA CHUICE. C. Créud í an onóir as cóir do thabhairt don tshacramaint-si? F. Gach onóir dhlighthear do Dhia; óir atá a dhearbh ór ccreideamh aguinn go bhfhuil Críosd, do réir a dhiadhachda agus a dhaondachda, agus fós trí pearsana na Tríonnóide innte (mar adubhramar thuas), agus mar sin, nach fuláir gach onóir dhlighthear dhóibh sin do thabhairt dhí. C. Créud atá d'fhíachaibh ar an té thig do chaitheamh na sacramainti-si? F. Ó thús, a choinsias do sgrúdadh agus a pheacaidh (má atáid air) do chor a bhfhaoisidin; 'na dhiaidh sin, gan biadh ná deoch dá loighead do chaitheamh ó mheadhón oidhche amach go caitheamh na sacramainte arn-a bhárach, agus a glacadh maille re hiomad deuósioin. C. An ccuireann duine ó chéudlongadh a sheile do léigean síos? F. Ní chuireann; agus ní hé amháin sin, achd, dá ttuiteadh beagán uisge dá neamhthoil a mbrághuid duine, as éidir leis Corp Críosd do ghlacadh 'na dhiaidh sin. C. An cóir do na dáoinibh bhíos ag caitheamh chomaoineach,
iar ccaitheamh Chuirp Chríosd san abhluinn, an fhuil d'fhagháil ón tshagart as an ccailís? F. Ní cóir, óir do-gheibhid corp agus fuil Chríosd go hiomlán san n-abhluinn féin. As lór dhóibh, dá bhrígh sin, fíon gan choisreagadh, nó uisge, nó gan éinní d'fhagháil 'na dhiaidh, agus atá a n-aghaidh ghnáis agus ordaighthe na hEagluisi a aithearrach sin do thabhairt dóibh. C. Créud as cóir do dhéunamh d'éis comaoineach do chaitheamh? F. Comhnaidhe ar feadh aimsire ag tabhairt buidheachuis do Dhia san tiodhlacadh mhór-sin, agus an lá iar sin do chaitheamh go cráibhtheach a ndeaghoibribh, agus gan é féin do dhortadh go mór ar sólás ar bhioth chorparrdha. AN 6 CAIBIDIL. DON UNGADH DHÉIDHEANACH, AGAS DÁ THARBHA. C. Créud as ungadh déidheanach ann? F. Sacramaint ina ttabhairthear an leigheas sbioradálta déidheanach don chríosduidhe. C. Cia darab cóir a glacadh. F. Don duine theinn táinig dochum críonnachda, agus ar a mbeirthear breath bháis. C. Créud an mhaith do-ní dhó? F. Do-gheibh trí neithe dá toradh; an céidní: fuighleach na bpeacadh, .i. na peacaidh nár chuimhnigh do chur a bhfhaoisidin, do sgrios; an dara ní: neart agus brígh a n-aghaidh aidhbhirseórachda an diabhail agus na nguasachd mór atá chuige a bpunc a bháis; an treas ní: sláinte chuirp, más é sin leas a anma. C. Ga mhéid uair as cóir an tshacramaint-si do ghlacadh? F. Éunuair in gach teinneas contabhartach. Tabhrad mar sin na hothair dá n-aire an tshacramaint-si d'iarraidh a n-am, agus gan a léigean dochum an phuinc dhéidheanaigh.
AN 7 CAIBIDIL. DO NA GRÁDHAIBH COISREAGTHA. C. Créud as grádha ann? F. Sacramaint ina ttabhairthear cumhachda agus grása do shagartaibh agus do chléircibh dochum na sacramainteadh, agus gach oifice oile bheanas ré balluibh na hEagluisi, do dhéunamh. C. Ga mhéid iad? F. A seachd as éigean do ghabháil sul bhíos duine 'na shagart, .i. ceithre grádha beaga agus trí grádha coisreagtha. C. Créud iad na cumhachda bhíos ag an té bhíos 'na shagart tar chách oile? F. Bíd cumhachda aige ó Chríosd a chorp agus a fhuil féin do dhéunamh d'arán agus d'fhíon lén-a naomhchoisreagadh, agus fós maitheamhnas do thabhairt sna peacadhuibh do-níthear iar mbaisdeadh. C. Créud atá d'fhiachaibh ar an té leurab mian na grádha do ghlacadh? F. Bheith baisdthe, arn-a thabhairt fá láimh easbaig, agus gan bheith pósda ná a bpeacadh mharbhtha aga nglacadh. C. An éidir lé gach áon na grádha do ghlacadh? F. Ní héidir, óir iarrthar aois áiridhe agus foghluim iomchubhaidh chuca. AN 8 CAIBIDIL. DO SHACRAMAINT AN PHÓSDA, AGUS DO NA NEITHIBH IARRTHAR CHUIGE. C. Créud as pósadh ann? F. Coimhcheangal fir agus mná, chiallaigheas ceangal Dé ré hanam an chríosdaidhe agus ceangal Chríosd ris an Eagluis. C. Créud iarrthar dochum an phósda? F. Gan toirmeasg do bheith ar cheachdar don lánamhain, mar atá, móid geanmnaidheachda shollamanta, grádha coisreagtha, pósadh oile, díoghbháil aoisi, col gaoil nó uisge, toil iomlán gach pearsan díobh gan eagla, gan coimhéignioghadh,
agus sin d'fhoillsioghadh ó bhréithir nó lé comhartha éigin oile foirimealach; fiadhuin agus sagart porráisde do bheith do láthair, etc. C. An mbí foghnamh ar an bpósadh, dá raibh éinní díobh sin d'easbhaidh air? F. Ní bhí san áit in ar gabhadh Comhairle Thriont; is na háitibh oile, thrá, bídh buil ar an bpósadh gan fhios, gan fhiadhain, gan tshagart porráisde, gé go bpeacaighid go trom luchd a dhéunta. C. Créud na neithe oibrigheas an pósadh san lánamhain? F. Grása le a bhfhéudaid iad féin do choimhéud ar chathaighthibh na colla, maille ré grádh sbioradálta do bheith aca féin ar a chéile; grása le a bhféudaid clann do dhéunamh gan pheacadh; cuibhreach idir an lánamhain nach éidir lé duine ar bhioth do sgaoileadh. C. Créud fá ttoirmisgthear an pósadh san cCorghas agus san Adueint? F. Do bhrígh gurab aimseara aithrighe agus crábhaidh iad, agus nach iomchubhaidh an mhéid mheanman agus an t-urghairdeas, as gnáth san mbanuis, do bheith ionnta.
AN SEISEADH RANN DON PHARRTHAS-SO. THRÁCHDAS AR NA SUBHÁILCIBH AGAS AR NA LOCHDAIBH. AN 1 CHAIBIDIL. DO NA SUBHÁILCIBH DIADHA AGUS CÁIRDÍONÁLTA, AGUS DO NA LOCHDAIBH ATÁ CONTRÁRRDHA DHÓIBH. DO NA SUBHÁILCIBH DIADHA, AGUS DO NA LOCHDAIBH ATÁ CONTRÁRRDHA DHÓIBH. C. Créud atá d'fhiachaibh ar an ccríosdaidhe? F. Maith do dhéunamh, .i. na subháilce, agus an t-olc do sheachna, .i. na lochd. C. Créud as subháilce ann? F. Cáilidheachd sbioradálta bhíos san n-anam, do-bheir ar neach bheith 'na dheaghdhuine, agus cláonadh do bheith aige dochum deaghoibreadh do dhéunamh. C. Ga mhéid subháilce ann? F. A seachd go sunradhach, .i. trí subháilce diadha agus ceithre subháilce cáirdíonálta. C. Créud iad na subháilce diadha? F. Creidiomh, dóchas, agus grádh. C. Créud fá ttugthar subháilce diadha orra? F. Do bhrígh go cceanglaid an t-anam ré Dia, agus gurab é féin amháin dhoirteas a n-anam an duine iad. C. Créud iad na lochda atá contrárrdha dhóibh so? F. Eithriceachd, éudóchas, agus fuath. Gibé léughfas go díthcheallach ar sgríobhamar ar an cCré, ar an bPaidir, agus ar na haitheantaibh, ní cás dó nádúir gach subháilce dhíobh so do thuigsin.
DO NA SUBHÁILCIBH CÁIRDIONÁLTA, AGUS DO NA LOCHDAIBH ATÁ CONTRÁRRDHA DHÓIBH. C. Créud iad na subháilce cáirdionálta? F. Críonnachd, ceart, neart, agas measarrdhachd. C. Créud as críonnachd ann? F. Solas agus riaghail na subháilceadh oile, mhúineas gach ní do dhéunamh 'na thráth féin mar as iomchubhaidh. C. Créud iad na lochda atá contrárrdha dhi? F. Meardhánachd, do-bheir ar dhuine ní do dhéunamh gan fhéuchain 'na thimcheall; agus fós cealg nó mealltórachd. C. Créud as ceart ann? F. A chuid dhíleas féin do thabhairt do gach aon, ionnas nach gan adhbhar as ainm dhó fundamaint na síothchána. C. Créud iad na lochda atá contrárrdha dhó? F. An éugcóir, agus cruas cirt nó caolagarthaighe. C. Créud as neart ann? F. Béodhachd sbioraide chlaoidheas an uile dhochar bhíos ag cur thoirmisg ar na deaghoibribh, agus do-bheir ar na mairtíribh bás d'fhulang ar son a ccreidimh agus ghlóire Dé. C. Créud iad na lochda atá a n-aghaidh na subháilce-si? F. Meatachd agus ainbhéodhachd, mar atá, duine dá chur féin a nguais gan chúis, gan riachdanas. C. Créud as oific don mheasarrdhachd? F. Srian do chur ris na hainmhianaibh, agus as í an antoil an dubháilce atá contrárrdha dhi. AN 2 CAIBIDIL. D'OIBRIBH NA TRÓCAIRE. C. Créud as obair thróaire ann? F. Subháilce le a ccuidighmíd tré thrócaire léur ccomhursain ina riachdanas sbioradálta nó corparrdha. C. Ga mhéid obair thrócaire ann? F. A ceathair déug, .i. seachd n-oibre corparrdha agus seachd n-oibre sbioradálta.
D'OIBRIBH CORPARRDHA NA TRÓCAIRE. C. Créud íad oibre corparrdha na trócaire? F. An seachd-so 'nar ndiaidh. i. Bíadh don ocarach. 2. Deoch don íotadhach. 3. Éudach don nochd. 4. Aoidhidheachd don n-aoidhidh. 5. Cuairt ag easlánaibh. 6. Cuairt ag príosúnachaibh agus a bhfhuasgladh. 7. Adhlacadh mairbh. C. An bhfhuil d'fhiachuibh oruinn déirc do thabhairt ar uairibh do bhochduibh? F. Atá, .i. an tan bhíd a riachdanas, agus ar ar ccumhachdaibh congnamh léo. C. Créud fá n-adhlaicthear cuirp na ccríosdaidheadh san teampall nó a reilig choisreagtha? F. Ionnas go mbiadh a ccuid don urnaighthe agus do na haifreannaibh adeirthear san n-áit-sin aca, agus gurab móide do guidhfidhe orra é; maille ris sin, go bhfhuil an áit coisreagtha, agus go ttabhair siocair do na béoaibh smúaineadh ar an mbás. D'OIBRIBH SBIORADÁLTA NA TRÓCAIRE. C. Créud iad oibre sbioradálta na trócaire? F. An seachd-so 'nar ndiaidh, .i. i. An t-ainbhfiosach do theagasg. 2. An peacthach do smachdughadh. 3. Comhairle do thabhairt don té atá 'na riachdanus. 4. Éugcóir d'fhulang go foidhidneach. 5. Maitheamh gach uilc dá ndéuntar dhúinn. 6. Sólás do luchd an dobróin. 7. Guidhe ar bhéouibh agus mharbhuibh, agus ar luchd ar n-inghreama. C. Cia as mó ar a bhfhuil d'fhiachuibh na peacthaigh do smachdughadh? F. Ar na huile uachdaránaibh tuaithe agus Eagluise.
C. Créud an t-olc in ar cóir dhúinn maitheamhnas do thabhairt? F. San uile olc agus éugcóir dá méud agus dá mionca. C. Ga huair as mó bhíos luaighidheachd ag an obair thrócaire? F. An tan do-níthear í ar son Dé dáríribh, agus don té as mó riachdanas. C. Créud as luach d'oibribh na trócaire? F. An ríoghachd neamhdha do-bhéura Críosd uaidh, mar adéura féin, lá an bhreitheamhnais déidheanaigh a bhfhiadhnuisi fhear ndomhain, re luchd a ndéunta: “Teagaidh, a luchd na mbeannachd,” etc., Matth.XXV. C. An bhfhuilid gnée oile deaghoibreadh ann? F. Atáid a trí, .i. trosgadh, déirc, agus urnaighthe; achd do bhrígh gur labhramar ní éigin orra so thuas san cheathramhadh caib. don chúigeadh ránn, ní laibhéoram nísa mhó annso orra. AN 3 CAIBIDIL. DO NA HOCHD MBEANNAIGHTHIBH, AGUS DO CHOMHAIRLIBH AN TSHOISGÉIL. DO NA HOCHD MBEANNAIGHTHIBH. C. Créud iad na hochd mbeannaighthe? F. Daoine dar gheall Críosd an bheatha shíordhaidhe ar son deaghoibreadh spesialta. Abair na hochd mbeannaighthe. 1. Beannaighthe na boichd ó spioruid, óir budh léo ríoghachd nimhe. 2. Beannaighthe na ceannsaighthe, óir budh léo do sheilbh an talamh. 3. Beannaighthe na dobrónaigh, óir biaidh sólás aca. 4. Beannaighthe na híotadhaigh agus na hocaraigh ar son an chirt, óir biaidh sásadh ó Dhia aca. 5. Beannaighthe na trócairigh, óir do-ghéubhaid trócaire ó Dhia.
6. Beannaighthe na glanchroidhthigh, óir do-ghéubhaid radharc Dé. 7. Beannaighthe na síothchánta, óir goirfidhear clann Dé dhíobh. 8. Beannaighthe na hinghreamtha ar son an chirt, óir budh léo flaitheas Dé. DO CHOMHAIRLIBH AN TSHOISGÉIL. C. Créud íad comhairleacha an tshoisgéil? F. Teagaisg shubháilceacha tug Críosd san tshoisgéul uadh, .i. 1. Bochdachd ó sbioruid. 2. Umhlachd fhoirbhthe. 3. Agas geanmnaidheachd fhíorghlan. C. An bhfhuil d'fhiachaibh ar aoinneach íad so do leanmhuin? F. Ní fhuil achd ar an té lén toil. C. An maith do dhuine móid do thabhairt iad so do chomhall? F. As ro-mhaith, an tan do-bheir í go ngairm sheasmhaigh agus go ccomhairle n-abuidh, do bhrígh gurab í so an sdaid in ar cinnte as éidir linn toil Dé agus sláinte ar n-anmann do dhéunamh, ag leanmhain luirg Chríosd agus na n-absdal. C. An bhfhuil d'oibliogáid nó d'fhiachaibh ar Dia luach saothair do thabhairt ar son ar ndeaghoibreadh? F. Atá, .i. an bheatha neamhdha do réir a gheallamhna. C. Créud an bhrígh atá aca tré a ttuillmíd flaitheamhnas? F. Brígh dheaghoibreadh ar Slánuightheóra Críosd, tréur ghlac Dia íad, agus tréur gheall an bheatha mharthanach dhúinn ar a son. AN 4 CAIBIDIL. DO THIODHLAICTHIBH AGUS DO THOIRTHIBH AN SBIORAD NAOIMH. C. Ga mhéid tiodhlacadh an Sbiorad Naoimh ann? F. A seachd, .i. eagna, tuigse, comhairle, neart, fios, búidhe, agus eagla an Tighearna.
C. Créud an mhaith do-níd dhúinn? F. Comhoibrighid linn a slighidh na súbháilceadh dochum dula ar ar n-aghaidh san mbeathaidh sbioradálta; óir as tré eagla Dé sheachnamáoid an t-olc, tré bhúidhe bhímíd cráibhtheach agus umhal do Dhia, tré fhios bhíos aithne thoile Dé againn, tré neart do-nímíd a thoil, tré chomhairle ghlacmaoid an mhaith do roghain, tré thuigse bhíos fios dhiamharrún an chreidimh aguinn, agus tré san eagna riaghlamaoid agus sdíurmaoid sinn féin agus ar ngníomhartha dochum glóire Dé, mar theaguisgeas an t-eagnuidh dhúinn. C. Créud iad toirthe an Spiorad Naoimh? F. Na subháilce oibrigheas sé is na daoinibh do-ní a thoil. C. Créud iad sin? F. A dódhéug a líon, .i. grádh, sólás sbioradálta, síothcháin, foidhide, siothbhuaine, maitheas, deaghthoil, ceannsachd, macántas, creidiomh, measarrdhachd agus geanmnaidheachd. AN 5 CAIBIDIL. DO NA LOCHDAIBH GO GENEARÁLTA, DO PHEACADH NA SINNSEAR AGUS DON URCHÓID TIG DHÚINN AS, DO PHEACADH AN GHNÍOMHA, AGUS GO SUNRADHACH DON PHEACADH SHOLOGHTHA AGAS DÁ URCHÓID. DO NA LOCHDAIBH GO GENEARÁLTA, DO PHEACADH NA SINNSEAR AGUS DON URCHÓID TIG DHÚIN AS. C. Créud as lochd ann? F. Claonadh na nádúire dochum na neitheadh bhíos a n-aghaidh na súbháilceadh. C. Créud é an t-olc táinig as an cclaonadh-so? F. An peacadh. C. Créud as peacadh ann? F. Ní do dhéunamh a n-aghaidh dhlighidh Dé nó na hEagluisi, mar atá, duine do mharbhadh, goid do dhéunamh, agus a samhail oile; nó a léigean díot dod dhéoin an ní atá d'fhiachuibh ort ó aithne Dé nó na hEagluisi, mar atá, gan aifreann d'éisdeachd lá saoire, agus a shamhuil oile. C. Ga mhéid cenéul peacaidh ann?
F. Dá chenéul, .i. peacadh na sinnsear agus peacadh gníomha. C. Créud as peacadh na sinnsear ann? F. Eusccáirdeas Dé agus easbhaidh grás, in ar geineadh an uile dhuine, achd Críosd ar ttighearna agus a mháthair Muire, ó do pheacaidh ar ccéudathair Ádhamh a n-aghaidh aithne Dé a bparrthas; óir atá an peacadh-sa a n-oidhreachd aga shliochd ó shoin a le go nglanann an baisdeadh iad. C. Créud iad na huilc tig dhúinn as? F. Bás cinnte, iomad saothair agus easláinte, claonadh dochum an uilc, leisge fá dheaghoibribh do dhéunamh, etc. DO PHEACADH AN GHNÍOMHA, AGUS GO SUNRADHACH DON PHEACADH SHOLOGHTHA AGUS DÁ URCHÓID. C. Créud as peacadh gníomha ann? F. An peacadh do-nímid féin. C. Cionnas bhíos? F. Ar dhá mhodh, .i. 'na pheacadh mharbhtha agus 'na pheacadh shologhtha. C. Créud as peacadh sologhtha ann? F. Peacadh do-níthear a n-aghaidh Dé a ccúis bhig gan éifeachd, nó gan aire iomlán ag duine air féin aga dhéunamh. C. Créud iad na huilc do-ní an peacadh sologhtha dhúinn? F. Lagaighidh an t-anam, laghdaighidh a ghrása agus a ghrádh ar Dhia; claonuidh a thoil dochum an pheacaidh mharbhtha, agus maille ris sin bíd piana troma 'na dhiaidh dhíoltar san saoghal-sa nó a bpurgadóir. C. Créud fá ngoirthear peacadh sologhtha dhé? F. Do bhrígh nach sgriosann na grása uainn, agus gurab urasa a mhaitheamh mar adubhramar thuas. AN 6 CAIBIDIL. DO NA SEACHD PEACADHAIBH MARBHTHA, AGUS DO NA SEACHD SÚBHÁILCIBH LE A CCLAOITEAR IAD. C. Créud as peacadh marbhtha ann? F. Briathar, gníomh, nó smuaineadh le a bpeacaighthear go trom a n-aghaidh aithne Dé nó na hEagluisi.
C. An peacadh marbhtha gach peacadh do-níthear a n-aghaidh na n-aitheantadh? F. Ní headh, muna raibh a ccúis éifeachdaigh, maille ré neach dá dhéunamh ó thoil agus a aire air féin, mar adubhramar cheana. C. Créud fá ttugthar peacadh marbhtha air? F. Do bhrígh go sgarann grása Dé as bheatha don anam ris, agus go ttuilleann bás síordhaidhe a n-ifriond dó. C. Ga mhéid peacadh marbhtha ann? F. A seachd go sunradhach, agus as iad as tobair agus as fréumha don uile pheacadh mharbhtha agus shologhtha oile. C. Créud íad? F. Díomas, saint, drúis, tnúth, cráos, fearg, agus leisge. C. Cionnas chlaoitear iad so? F. Leis na súbháilcibh-si atá contrárrdha dhóibh, .i. umhlachd, féile, geanmnaidheachd, grádh, measarrdhachd, foidhide, agus díthcheall cráibhtheach. C. Créud as díomas ann? F. Fonn ainmheasarrdha dochum bheith ós cíonn cháich oile. C. Créud as umhlachd ann? F. Fonn measarrdha bheith fútha. C. Créud as sainnt ann? F. Fonn mí-ordaighthe dochum saidhbhris. C. Créud as féile ann? F. Fonn deaghordaighthe neith do thabhairt uaid mar as iomchubhaidh. C. Créud as drúis ann? F. Fonn peacaidh na colla. C. Créud as geanmnaidheachd ann? F. Fonn gloine cuirp agus anma. C. Créud as tnúth ann? F. Doilgheas fá mhaith na comharsan. C. Créud as grádh na comharsan ann? F. A mhaith do dhéunamh mar budh mian linn dhúinn féin. C. Créud as craos ann? F. Fonn mímheasarrdha bídh agus dighe. C. Créud as measarrdhachd ann?
F. Srian do chur ris an drochchlaonadh-sin. C. Créud as fearg ann? F. Fonn díoghaltais. C. Créud as foidhide ann? F. Fulang déontach gach aindlighidh, gach duaidh, agus gach saothair, etc. C. Créud as leisge ann? F. Bheith mall mainneachdnach a seirbhís Dé. C. Créud as díthcheall cráibhtheach ann? F. Suilbhire agus éusguidheachd san ccrábhadh. AN 7 CAIBIDIL. DO NA PEACADHUIBH BHÍOS A N-AGHAIDH AN SBIORAD NAOIMH, DO NA PEACADHAIBH BHÍOS AG GLAODHAIGH AR Dhia, AGAS DO NA PEACADHUIBH COIMHIDHEACHA. DO NA PEACADHAIBH BHÍOS A N-AGHAIDH AN SBIORAD NAOIMH. C. Créud íad na peactha do-níthear a n-aghaidh an Sbiorad Naoimh? F. Na peactha bhíos a n-aghaidh thrócaire Dé, .i. 1. Andóchas as grásaibh Dé gan deaghoibre. 2. Éudóchas. 3. Cur a n-aghaidh na fírinne as a riochd. 4. Doilgheas fá ghrásaibh na comharsan. 5. Daingnioghadh is na peacadhuibh. 6. Neamhaithrighe is na peacadhuibh a n-aimsir bháis. C. An riú so adeirthear nach maitear a bhos ná thall iad? F. As riú. C. Nach maitear iad féin agus an uile pheacadh oile leis an aithreachas fhíri? F. Do-níthear gan chonntabhairt; gidheadh, adeirthear nach maitear iad a bhos ná thall, do bhrígh gurab roi-dheacair a maitheamh; óir as ro-annamh luchd a ndéunta ag déunamh aithreachais.
DO NA PEACADHUIBH BHÍOS AG GLAODHAIGH AR Dhia, AGUS DO NA PEACADHUIBH COIMHIDHEACHA. C. Créud fá mbíd peactha ag glaodhaigh ar Dhia ag iarraidh díoghaltais? F. Do bhrígh go bhfuilid comhurchóideach sin go n-iarraid ceart Dé do thaisbéunadh san saoghal-sa féin. C. Créud iad? F. A ceathair a líon, .i. i. Duine do mharbhadh dod dhéoin. 2. Peacadh míonádúrtha. 3. Foirneart do dhéunamh ar bhochdaibh, ar dhílleachdaibh, nó ar bhaintreabhthachaibh. 4. Congmháil a ttuarasdail ó luchd oibri. C. Cia thairrngeas peacaidh choimhidheacha cháich oile air? F. An té chomhairligheas, fhuláireas, iarras, aontaigheas, mholas, nó cheadaigheas an peacadh do dhéunamh; cheileas nó chosnas iad, nó aga mbí a chuid doní choimhidheach go hégceart. AN 8 CAIBIDIL. D'EASCCAIRDIBH AN ANMA, AGUS DON MHODH AR A GLAOITEAR IAD. C. Ga mhéid easccara ag an anam? F. A trí, .i. an diabhal, an sáoghal, agus an cholann. C. Cionnas atáid 'na naimhdibh aige? F. Do bhrígh go ccuirid cathaighthe ar an toil aonta do thabhairt don pheacadh. C. An éidir leó a chur d'fhiachuibh ar dhuine peacadh do dhéunamh? F. Ní fhuil sin do chumhachdaibh aca. C. Cionnas chuireas an diabhal cathaighthe orainn? F. Ag tabhairt dhrochsmuaineadh in ar n-inntinn. C. Cionnas claoitear iad so? F. Go sunradhach ag smuaineadh ar pháis ar ttighearna, agus leis an uisge choisreagtha.
C. An bhfhuil mar sin brígh ag an uisge choisreagtha a n-aghaidh an diabhail. F. Atá gan chonntabhairt; agus dá bhrígh sin, as cóir do gach aon a bheith ina thigh agus ina sheómra aige, agus a chrothadh air go minic. C. Cionnas chuireas an saoghal cathaighthe orainn? F. Ag ar ttarraing dochum a shólás mbeag, mbréugach féin. C. Cionas chlaoítear é? F. Ag coimhéud aitheantadh Dé, agus ag leanmhain luirg Chríosd agus na naomh. C. Cionnas chuireas an cholann cathaighthe orainn? F. Le a droichleanntaibh, agus le a céudfaidheachd. C. Cionnas claoítear iad so? F. Lé grásaibh Dé, agus lé freacar na subháilceadh. AN 9 CAIBIDIL. DO CHUMHACHDAIBH AN ANMA, AGUS DO NA CÚIG CÉUDFADHUIBH CORPARRDHA. C. Ga mhéid cumhachd ag an anam? F. A trí, .i. meabhair, tuigse, agus toil. C. Créud fá ttug Dia tuigse dhúinn? F. Ionnas go ttuigmís agus go ndéunmaois a thoil. C. Créud fá ttug meabhair dhúinn? F. Ionnas go mbiadh cuimhne aguinn air féin, ar a aitheantaibh, agus ar a thiodhlaicthibh dhúinn, agus go ttabhramaois buidheachas dó ionnta. C. Créud fá ttug toil shaor dhúin? F. Ionnas go ttabhramaoís grádh dhó ós na huilibh, agus go ndéunmaois a thoil go diongmhála. C. Ga mhéid céudfaidh chorparrdha aguinn? F. A cúig, .i. radharc, éisdeachd, blas, boladh, agus mothughadh. C. Créud fá ttug Dia na céudfadha-so dhúinn? F. Ionnas go ndéunmaois seirbhís dhiongmhála dhó féin leó.
AN SEACHDMHADH RANN DON PHARRTHAS-SO. THRÁCHDAS AR AN URNAIGHTHE. AN 1 CHAIBIDIL. DON URNAIGHTHE, AGUS DON MHODH AR A NDÉUNTAR Í. C. Créud as urnaighthe ann? F. Tógbháil na hinntinne dochum Dé, ag íarraidh trócaire, agus gach neith oile bhíos 'na riachdanas oruinn, air. C. Cionnas as cóir don chríosduidhe a déunamh? F. Léigeadh é féin ar a ghlúinibh, agas smuaineadh go dúthrachdach air féin agus ar mhéud a pheacadh ttruaillidhe; agus abradh: “A Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, cionnas do-gheibhim ionnam féin dul do labhairt riot isa fhearg do thuillios go meinic.” Smuaineadh arís ar a Thighearna, agus mar atá 'na mhaith dhoi-chríochnaighthe, líonas agus shásas na huile dá mhórdháil, agus mar atá do láthair dáríribh aige. Déunadh mar so a dhíthcheall a urnaighthe d'fhothughadh ar carruig na humhlachda, agus dul do láthair a Thighearna leis an réuerens, leis an ndóchas, agus leis an uirísle chroidhe as mó as éidir leis, agas déunadh a urnaighthe go cíuin sduidéurtha agus go n-aire n-iomchubhaidh, ag cathughadh do réir a dhíthchill a n-aghaidh na smuaintightheadh tig do chur thoirmisg ar a inntinn. C. Cionnas as fearr as éidir sin do dhéunamh? F. Cuireadh a ccás ar úairibh go bhfhuil a bhfhlaitheamhnas a measg na naomh agus na n-aingeal ag moladh Dé; cuireadh é féin ar úairibh oile fá bhun na croiche céusda ag caoineadh pháise a Thighearna. Measadh úair oile go bhfhuil Íosa go n-a ainglibh ag aitreabhadh a anma. Do-bheirid so míllse san urnaighthe, agus congbhaid an inntinn ó smuaintighthibh urchóideacha.
AN 2 CAIBIDIL. DON ÁIT INA DÚAL AN URNAIGHTHE DO DHÉUNAMH, AGUS DON LOGHADH GHNOUIGHID AN LUCHD DO-NÍ Í A N-EAGLUISIBH UIRD MHÍONÚIR S. PHROINSIAS. DON ÁIT INA DUAL AN URNAIGHTHE DO DHÉUNAMH, AGUS DON LOGHADH GHNOUIGHID AN LUCHD DO-NÍ Í A N-EAGLUISIBH BHRÁTHAR MÍONÚR SAN PHROINSIAS A BHFÉUSDUIBH AR TTIGHEARNA, A BHFHÉILTIBH AR MBAINTIGHEARNA MUIRE, AGUS A LAITHIBH COITCHIONNA NA BLIADHNA. C. Cia an áit ina hiomchuibhdhe an urnaighthe do dhéunamh? F. San eagluis. C. Créud an fáth? F. Do bhrígh go bhfhuil coisreagtha, gurab gnáth sácramaint Chuirp Chríosd agus cuid do thaisibh na náomh ga gcoimhéud innte; agus fós gurab gnáth loghadh do bheith ag mórán d'eagluisibh; óir tugadar Pápadha éuxamhla iomad loghaidh don luchd do-ní cúairt chráibhtheach ag eagluis ar bioth don ord mhionúr ar naomhathar S. Phroinsias. C. Créud an loghadh atá le a ghnoughadh sna heagluisibh-sin bhráthar S. Phroinsias a bhfhéusduibh ar ttighearna? F. Ó thús, tug Leo, an deachmhadh Pápa don ainm-sin, loghadh iomlán a uile pheacadh do gach áon do-ní cuairt chráibhtheach a n-eagluis ar bioth dhíobh ón chéideasbart go luighe ghréine arn-a bhárach Lá Nodlag, Cásg, nó Deasgabhála, Domhnach Cinncighisi, nó na Tronnóide Naoimhe, nó aon-Domhnach don Chargus, má adeir trí Paidre agus Fáilte an Aingil fó thrí, d'éis a fhaoisidne do dhéunamh, nó rúin dhaingin a déunta do bheith aige. Tug fós Urbanus, an dara Pápa don ainm-sin, loghadh iomlán do gach aon do-ní an chuairt chéudna ag na heagluisibh réumhráite Dardaoin na ccomaoineach, Aoine chéusda, nó a bhfhéil naomhchoisreagtha na heagluisi ina ndéin cuairt, dá ndearna a fhaoisidin, agus dá nguidhe fá shíothcháin na bprionnsadh
gcríosduidhe, fá sgrios eithriceachda, agus fá ardughadh na hEagluisi Naoimhe. C. Créud an loghadh atá le a ghnoughadh sna heagluisibh céudna a bhfhéiltibh ar mbaintighearna Muire? F. Ar tús, loghadh iomlán na n-uile pheacadh ón ccúigeadh Sixtus a bhfhéil a coimpeirte, dá ngoirid a Laidin Conceptio, .i. an t-ochdmhadh lá do mhí Deceimber. Arís, loghadh iomlán ón treas Grioghóir déug do gach aon do-ní faoiside agus comaoineacha, agus ghuidheas leis na hinntinnibh réumhráite a bhfhéil Muire na Sanuisi, .i. an cúigeadh lá fichead do mhí Mhárta. C. Créud an loghadh atá le a ghnoughadh gach laoi oile don bhliadhain sna heagluisibh réumhráite? F. Ó thús, tugadar na Pápadha Alexander, an ceathromhadh Pápa don ainm-sin, agus Clémens, an ceathromhadh Pápa dá ainm féin, loghadh dá fhichead bliadhan agus thrí chéud lá do gach aon, gach laoi feadh na bliadhna, dá ndiongna cúairt chráibhtheach a n-éineaglais díobh. Os a chion sin, tug an ceathramhadh Alexander agas an ceathramhadh Urbanus loghadh ochd mbliadhan nóchad ar ochd ccéudaibh ar thrí mhíle do gach aon, a n-aghaidh gach laithe san Chorgus, dá ndiongna an chúairt chéudna is na heagluisibh céudna; agus dá n-éisdi seanmóir ionnta, atáid sé blíadhna ós a chionn sin do loghadh a pheacadh aige. Maille ris so, tugadar na Pápadha an cúigeadh Nicolas agus an deachmhadh Benedictus loghadh cheithre fichid bliadhan, agus an seachdmhadh coda don phéin dhlighthear dhe ar son a pheacadh, do gach aon, a n-aghaidh gach Sathairn agus gach Domhnaigh san mbliadhain, dá ndiongna an chuairt chéudna a n-éineagluis dhíobh.
DON LOGHADH ATÁ LE A GHNOUGHADH SNA HEAGLUISIBH CÉUDNA A BHFHÉILTIBH AR NAOMHATHAR S. PHROINSIAS AGAS A BHFHÉILTIBH A NAOMHUIRD, AGUS DON LOGHADH GHNOAIGHID A BHFHUNDÚIREADHA AGUS AN LUCHD THOGHAS A N-ADHLACADH IONNTA, NÓ A N-AIBÍD S. PHROINSIAS, NÓ DO-BHEIR PÓG CHRÁIBHTHEACH DHI. C. An bhfhuil loghadh iomlán a uile pheacadh a bhfhéil náoimh ar bhioth don ord mhionúr féin ag gach áon dá ndiongna an chuairt chéudna sna heagluisibh céudna? F. Atá ó Iúlius, an dara Pápa don ainm-sin, a bhféil áladh ar naomhathar S. Phroinsias; agas ón ccúigeadh Sixtus a bhfhéil an naomhathar chéudna; agas a bhfhéil S. Antoini ó Phadua; agas a bhfhéil Ludouicuis; agas a bhfhéil Bhéarnairdinuis; agas a bhfhéil Chlara; agas a bhfhéil Dhidacuis, an dara lá déug do mhí Nouem. Atá fós loghadh iomlán le a ghnoughadh a bhfhéil Bhonauentúra. Achd tabhair dod th'aire go bhfuil do choingheall dochum an loghaidh do ghnoughadh, faoiside agus comáoineacha do dhéunamh is na féusdadhaibh-si, agus Dia do ghuidhe fá shíothcháin na bprionnsadh gcríosduidhe, fá sgrios eithriceachda agus árdughadh na hEagluisi Naoimhi. Agas a ccás nach déundáois luchd gnoaighthe an loghaidh fáoiside ná comáoineacha, ar a shon sin, dá rabhaid a sdaid na ngrás, bídh loghadh thrí mhíli blíadhan aca is na féusdadhuibh céudna. Os a chionn so tug Iúlius II gach loghadh dá bhfhuil ag bráithribh an uird mhionúr d'fhundúiribh gach eagluisi d'eagluisibh an uird chéudna agas dá ccloinn. Compendium Minorum, fol. 238.
Tug maille ris sin an deachmhadh Leo agus an seiseadh Adrianus loghadh iomlán do gach aon thóghas a adhlacadh a n-eagluis ar bioth d'eagluisibh an uird chéudna, nó a n-aibíd ar naomhathar S. Phroinsias. Tug fós Ioannes XXIII loghadh chúig lá fhichead ar dhá mhíle da gach aon do-bheir póg chráibhtheach d'aibíd bhráthar ar bioth don órd chéudna. Compendium Minorum, fol. 238. AN 3 CAIBIDIL. DO NA NEITHIBH IARRTHAR SAN URNAIGHTHE. C. Créud iarrfas neach san urnaighthe? F. Ó thús, glóir agas onóir Dhé, ag sanntughadh a bhfuil ar nimh agus ar talmhain dá aithne agus dá adhradh, mar thuilleas a mhórdhachd, agus go spésialta é féin do dhéunamh a sheirbhísi agus a thoile, ó a uile neart agus chumhachdaibh, in gach ní do mheasfadh do dhul a mbarr glóire agas onóra dhó. Iar sin iarradh grása agus maitheamhnas 'na pheacthaibh a bhos, agus an ghlóir shuthain thall. Mar an ccéudna iarradh mhillse agus síothcháin inmheadhónach san urnaighthe. As a haithle iarradh subháilce, foirbhtheachd bheathadh, agus siothchomhuidhe ionnta. Maille ris sin, iarradh croidheachaire agus comhpáis do bheith aige do phíanuibh agas do pháis Chríosd, agus fonn do thabhairt dó mórán d'fhulang ar a shon. 'Na ccionn so iarradh trócaire do na hanmannaibh atá a bpurgadóir, agas fá dheóidh, an mhaith theamporálta, an mhéid go bhfuil dochum glóire Dé agus leasa na comharsan. As éidir leis, fós, an ní do íarrfadh dhó féin d'iarraidh dá chairdibh, dá chomharsanuibh, agus don luchd íarras a ghuidhe: gidheadh, dlighidh smuaineadh, ag tionsgna na hurnaighthi, ar gach athchuinghidh as mian leis d'iarraidh innte, agus ar gach áon ar ar mían leis guidhe.
DON CHORÓIN ÍOSA, DON MHODH AR AR CÓIR A RÁDH MAILLE RE CAOINDÚTHRACHD, AGAS DÁ LOGHADH. C. Créud an urnaighthe ghnáthaigheas tú ag guidhe Dé? F. An Choróin Íosa, an Choróin Mhuire, liottáin Íosa, Mhuire, agus na naomh; trátha canónta, trátha Muire, nó a ccosmhaili. C. Créud as Coróin Íosa ann? F. Trí Paidreacha déug ar fhichid, agus Fáilte an Aingil le gach Paidir, a ccuimhne agus a n-onóir na ttrí mbliadhan déug ar fhichid dobhí ar ttighearna Íosa Críosd ar an saoghal-sa. C. Créud an chaoindúthrachd ghnáthaigheas tú aga rádh? F. Smúainim ar dhiamharrúnaibh pháise mo Thighearna Íosa Críosd. C. Cionnas thionnsgnas tú aga rádh? F. Ó thús, coisreaguim mé féin ag rádh: “A n-ainm an Athar,” etc., agus adeirim: “Do mhéudughadh glóire agus onóra Dé, tionnsgnaim an urnaighthe-si.” Smuainim annso ar an ní as mían liom d'íarruidh, agus 'na dhíaidh sin adeirim í leis an inntinn-sin. An céiddeichneabhar. C. Créud smúaineas tú ag rádh an chéiddeichneabhair? F. Smúainim ar urnaighthe mo Thighearna Íosa a lubhghort Getsemani, ar a allus fola, ar a ghabháil, agus mar do gabhadh do sgiúrsadhaibh géura ó bhonn go bathais go roi-thíoránda air. An dara deichneabhar. C. Créud smuaineas tú ag rádh an dara deichneabhair? F. Mar do toirbhireadh mo Shlánuightheóir Íosa ar láimh a namhad, noch do iomcháin go líonmhar é, do ghabh do sheileadhaibh air, do fholaigh a aghaidh, agus do ghabh do dhornaibh air, agus do chuir an choróin sbíne go heasonórach air.
An treas deichneabhar. C. Créud smúaineas tú ag rádh an treas deichneabhair? F. Mar do ceangladh cosa agus lámha mo Thighearna Críosd don chroich lé tairrngeadhaibh garbha, agas mar do crochadh go truaillidhe idir dhís bithbheanach é. Na trí Paidreacha déidheanacha. C. Créud smuaineas tú ag rádh na ttrí bPaidreach ndéidheanach? F. Mar do-righne Críosd a eiséirghe, a dheasgabháil, agus mar thiocfas dochum an bhreitheamhnais déidheanaigh. C. An bhfhuil loghadh ar bioth ag an té adeir an Choróin Íosa? F. Atá loghadh a uile pheacadh ó Iúlius, an dara Pápa don ainm-sin, agus ón seiseadh Adrianus, dá raibh a ccombráithreas chreasa S. Phroinsias. Compendium Minorum, fol. 216 agus 238. AN 5 CAIBIDIL. DON CHORÓIN MHUIRE, AGUS DON MHODH AR AR CÓIR A RÁDH MAILL RE CAOINDÚTHRACHD, AGAS DÁ LOGHADH. DON CHORÓIN MHUIRE. C. Créud as Coróin Mhuire ann? F. Seachd ndeichneabhair agus dá Aue Maria agus ochd bPadreacha, .i. Paidear a ttús gach deichneabhair, adeirthear a n-onóir Mhuire agus a ccuimhne an líon blíadhan do mhair ar an talmhuin-si, mar fhoillsigheas Leo, an deachmhadh Pápa don ainm-sin, san mbulla tug uadh 27 do mhí Dhecember, an ceathramhadh bliadhain déug ar chúig céud ar míli d'aois an Tighearna, ina n-ailléidhigheann bulla Iúlius II ar an ní chéudna. As í so céudfaidh Rodrigues, tom.2, q.88, ar.3. Agas ionnas go mbeithea cinnte don fhírinne-si, tabhair dod
th'aire go n-abair Epifanius, .i. sdaruidhe oirrdheirc na hEagluisi, ag tráchdadh ar an dara bliadhain seachdmhoghadh d'áois an Tighearna, go raibhi an naomhmaighdion Muire a ccionn a cúig mbliadhan déug an tan rug ar ttighearna Críosd, agus go bhfhúair bás an seachdmhadh bliadhain déug ar dhá fhichid d'áois cCríosd; óir as san mbliadhain-si do chruinnigheadar na habsdail as gach ránn don domhan go hIerúsailem ionnas go mbedís do láthair a báis bheannaighthe agus a torramha, agus fós go cceileabhradáois an dara Comhairle ghenerálta dobhí aca san ccathraigh ccéudna. Cuir anois na cúig bliadhna déug dobhí ag Muire ría cCríosd do bhreith a cceann na seachd mbliadhan ndéug ar dhá fhichid do mhair d'éis Chríosd do bhreith, agus do-chífe tú go soiléir gur mhair dhá bhliadhain déug ar thrí fichthibh, gonadh aire sin as follas gurab dhá Aue Maria déug ar thrí fichtibh, .i. seachd ndeichneabhair agus dá Aue Maria, líon na Coróna Muire, agus ós a ccionn so adeirthear áon Aue Maria ar son an Phápa. DON MHODH AR AR CÓIR AN CHORÓIN MHUIRE DO RÁDH MAILLE RE CAOINDÚTHRACHD. C. Créud an chaoindúthrachd ghnáthaigheas tú ag rádh na Coróna-sa? F. Smúainim ar na seachd sólásuibh dobhí ar ar mbaintighearna Muire, agus adeirim deichneabhar a n-onóir gach diamharrúin díobh. C. Cionnas thionnsgnas tú aga rádh? F. Ó thús, coisreaguim mé féin ag rádh: “A n-ainm an Athar,” etc., agus adeirim: “Do mhéudughadh glóire Dé agus onóra Muire, tionnsgnaim an urnaighthe-si.” Smuainim annso ar an ní as mian liom d'íarruidh, agus adeirim an Choróin Mhuire leis an inntinn-sin. An céiddeichneabhar. C. Créud an diamharrún ar a smuaineann tú ag rádh an chéiddeichneabhair? F. Ar an sólás dobhí ar ar mbaintighearna Muire an tan do bheannuigh an t-aingiol Gabrieal di, agus do choimpir ón Sbiorad Naomh.
An 2 deichneabhar. C. Créud smúaineas tú ag rádh an dara deichneabhair? F. Ar an sólás dobhí ar Mhuire iar nglacadh Chríosd 'na broinn, an tan do-righne cúairt ag a síair Elisabet. An treas deichneabhar. C. Créud smúaineas tú ag rádh an treas deichneabhair? F. Ar an sólás dobhí ar ar mbaintighearna Muire, an tan rug a héunmhac Críosd san mBethil. An ceathramhadh deichneabhar. C. Créud smúaineas tú ag rádh an cheathramhadh deichneabhair? F. Ar an sólás dobhí ar Mhuire an tan tángadar na trí rígh ó oirrthear an domhain d'adhradh Íosa a héinmhic mhilis. An cúigeadh deichneabhar. C. Créud smúaineas tú ag rádh an chúigeadh deichneabhair? F. Ar an sólás dobhí ar Mhuire an tan fuair Críosd san teampall idir na doctúiribh, iarn-a bheith trí lá ar iarruidh úaithe. An seiseadh deichneabhar. C. Créud smúaineas tú ag rádh an seiseadh deichneabhair? F. Ar an sólás dobhí ar Mhuire, an tan táinig Críosd 'na dóchum iarn-a eiséirghe ó mharbhaibh. An seachdmhadh deichneabhar. C. Créud smúaineas tú ag rádh an seachdmhadh deichneabhair? F. Ar an sólás dobhí ar Mhuire, an tan do tógbhadh lé hainglibh idir anam agus chorp go flaitheas Dé í. An Phaidear agas an dá Aue Maria dhéidheanacha. C. Créud smúaineas tú ag rádh na Paidre agus an dá Aue Maria dhéidheanacha? F. Ar an sólás dobhí ar ar mbaintighearna ghlórmhuir, an tan do ghlac an Tríonnóid neamhdha go flaitheamhnas í.
Agas fá dhéoidh adeirim aon Aue Maria ar son an Phápa agus Cré a n-onóir an dá absdal déug. As amhluidh so do theagaisg an náomhmaighdean ghlórmhar Muire bráthair áiridhe d'ord San Phroinsias, aga taisbéunadh féin dó, agus aga íarrudh air an Choróin Mhuire do rádh ar an modh-so 'na honóir, dá madh mían leis bheith 'na sheirbhíseach dhiongmhála aice, mar sgríobhas Marcus ó Liosbun, .i. easbug oirrdheirc, san chúigeadh caibidil déug ar fhichid don treas rann don chéidleabhar do chroinic uird ar naomhathar San Phroinsias. C. An bhfhuil loghadh ar bhioth ag an té adeir an Choróin Mhuire? F. Atá loghadh a uile pheacadh ó Iúlius II, dá raibh a ccommbráithreas chreasa S. Phroinsias. Compend. Minor., fol.216,238. AN 6 CAIBIDIL. DO LIOTTÁNUIBH ÍOSA, AGUS DÁ LOGHADH. Liottáin Íosa. A Thighearna, déin trócaire oruinn. A Chríosd, déin trócaire oruinn. A Thighearna, déin trócaire oruinn. A Chríosd, éisd rinn. A Chríosd, tabhair toradh ar ar nguidhe. A Athair neamhdha, déin trócaire oruinn. A Mhic Dé, a Fhuasglaidhtheóir an domhain, déin trócaire oruinn. A Sbiorad Naoimh, a Dhé, déin trócaire oruinn. A Thríonnóid Naomhtha, a Dhé, déin trócaire oruinn. A Íosa, a Mhic Dé bhí, déin trócaire oruinn. A Iosa ro-chumhachdaigh, déin trócaire oruinn. A Íosa roi-neartmhair, déin trócaire oruinn. A Íosa ro-fhoirbhthe, déin trócaire oruinn.
A Íosa ro-ghlórmhair, déin trócaire oruinn. A Íosa ghnímhiongantaigh, déin trócaire oruinn. A Íosa ro-thaithneamhaigh, déin trócaire oruinn. A Íosa ro-oirrdheirc, déin trócaire oruinn. A Íosa as solasda iná an ghrían, déin trócaire oruinn. A Íosa as breaghdha iná an t-éusga, déin trócaire oruinn. A Íosa as ruitheanda ináid réullanna, déin trócaire oruinn. A Íosa, a shoinionn na bhflaitheamhnus, déin trócaire oruinn. A Íosa iongantaigh, déin trócaire oruinn. A Íosa sho-ghrádhaigh, déin trócaire oruinn. A Íosa onóraigh, déin trócaire oruinn. A Íosa ro-umhail, déin trócaire oruinn. A Íosa uirísil, déin trócaire oruinn. A Íosa ro-bhoichd, déin trócaire oruinn. A Íosa roi-cheannais, déin trócaire oruinn. A Íosa ro-fhoidhidnigh, déin trócaire oruinn. A Íosa ro-umhail dod th'Athair, déin trócaire oruinn. A Íosa ro-gheannmaidh, déin trócaire oruinn. A Íosa léurab ionmhuin an gheanmaidheachd, déin trócaire oruinn. A Íosa léurab ionmhain an tshíothcháin, déin trócaire oruinn. A Íosa léurab ionmhuin ar n-anmanna, déin trócaire oruinn. A Íosa, a ar ngrádh, déin trócaire oruinn. A Íosa, a sgátháin na beathadh, déin trócaire oruinn. A Íosa, a sgátháin na subháilceadh, déin trócaire oruinn. A Íosa, a mhaise na mbéus, déin trócaire oruinn. A Íosa, a ar ccúil dídin, déin trócaire oruinn. A Íosa, a athair na mbochd, déin trócaire oruinn. A Íosa, a shóláis na n-orchradhach, déin trócaire oruinn. A Íosa, a chisde na ccreidmheach, déin trócaire oruinn. A Íosa, a leag lóghmhar, déin trócaire oruinn. A Íosa, a dhíonchoimhéud na foirbhtheachda, déin trócaire oruinn. A Íosa, a aodhaire an tréuda, déin trócaire oruinn. A Íosa, a réulta na mara, déin trócaire oruinn. A Íosa, a sholais flure, déin trócaire oruinn. A Íosa, a eagna shíordhaidhe, déin trócaire oruinn. A Íosa, a mhaith gan choimsi, déin trócaire oruinn. A Íosa, a urghairdis na n-aingeal, déin trócaire oruinn. A Íosa, a rí na bpátriarc, déin trócaire oruinn. A Íosa, a ionchosgdhaidh na bhfáidheadh, déin trócaire oruinn. A Íosa, a mhaighisdir na n-apsdal, déin trócaire oruinn.
A Íosa, a dhoctúir na soisgéulaidheadh, déin trócaire oruinn. A Íosa, a neart na mairtíreadh, déin trócaire oruinn. A Íosa, a sholais na cconfesóireadh, déin trócaire oruinn. A Íosa, a chéle na n-ógh, déin trócaire oruinn. A Íosa, a choróin na n-uile naomh, déin trócaire oruinn. Bí ceannais rinn, coigil dúinn, a Thighearna. Bí ceannais rinn, tabhair toradh ar ar nguidhe, a Thighearna. Ón uile olc, saor inn, a Íosa. Ón uile pheacadh, saor inn, a Íosa. Ó th'fheirg féin, saor inn, a Íosa. Ó chealgaibh an diabhail, saor inn, a Íosa. Ó bhriseadh th'aithneadh, saor inn, a Íosa. Ó phláigh, ó chogadh, agus ó ghorta, saor inn, a Íosa. Ó aimseachadh gach uilc, saor inn, a Íosa. A huchd th'ionchollaighthe, saor inn, a Íosa. A huchd do gheineamhna, saor inn, a Íosa. A huchd th'imghearrtha, saor inn, a Íosa. A huchd do dhoilgheas, saor inn, a Íosa. A huchd do sgiúrsadh, saor inn, a Íosa. A huchd do bháis, saor inn, a Íosa. A huchd th'eiséirghe, saor inn, a Íosa. A huchd do dheasgabhála, saor inn, a Íosa. A huchd th'urghairdios, saor inn, a Íosa. A huchd do ghlóire, saor inn, a Íosa. A huchd na maighdine roi-mhillse, do mháthar, saor inn, a Íosa. Tré eadarghuidhe th'uile náomh, saor inn, a Íosa. A Uain Dé, thógbhas peacaidh an domhain, gabh againn, a Íosa. A Uain Dé, thógbhas peacaidh an domhain, éisd rinn, a Íosa. A Uain Dé, thógbhas peacaidh an domhain, dén trócaire oruinn, a Íosa. A Íosa Críosd, éisd rinn. A Íosa Críosd, tabhair toradh oruinn. A Thighearna, dén trócaire oruinn. A Chríosd, dén trócaire oruinn. A Thighearna, dén trócaire oruinn. A ar nAthair, atá ar neamh, etc.
Fears. Ná léig inn a ccathughadh. Freag. Achd sáor inn ó olc. Fears. Éisd mh'urnaighthe, a Thighearna. Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair. Orrtha. A Dhé, do-righne ainm glórmhar Íosa Críosd, do Mhic féin agus ar ttighearnai-ne, milis so-ghrádhach dod chreidmheachuibh agus adhuathmhar uathbhásach do dheamhnuibh doi-ghníomhacha; áontaigh millse an tsóláis naoímh san sáoghal-so, agus urghairdeas do-chríochnaighthe na beathadh síordhuidhe a bhfhlaitheamhnus, do luchd adhairthe an anma-so Íosa a ttalmhuin, tré ar Tighearna, an tÍosa bithbheó céudna, atá a ccoimhríghe riot a n-aontaidh an Sbiorad Náoimh, a sáoghal na sáoghal. Amen. C. Créud an loghadh atá ag an té adeir liottáin Íosa? F. Loghadh thrí ccéud lá ón ccúigeadh Sixtus. AN 7 CAIBIDIL. DO LIOTTÁNUIBH MUIRE, AGAS DÁ LOGHADH. Liottáin Mhuire. A Thighearna, dén trócaire oruinn. A Chríosd, dén trócaire oruinn. A Thighearna, dén trócaire oruinn. A Chríosd, éisd rinn. A Chríosd, tabhair toradh ar ar nguidhe. A Athair neamhdha, déin trócaire oruinn. A Mhic Dé, a Fhuasgailtéoir an domhain, dén trócaire oruinn. A Sbiorad Náoimh, a Dhé, dén trócaire oruinn. A Thríonnóid Náomhtha, a Dhé, dén trócaire oruinn. A náomhMuire, guidh oruinn. A náomhmáthair Dhé, guidh oruinn. A náomhógh na n-ógh, guidh oruinn. A mháthair Chríosd, guidh oruinn. A mháthair na ngrás ndiadha, guidh oruinn. A mháthair ro-ghlan, guidh oruinn.
A mháthair ro-gheanmnaidh, guidh oruinn. A mháthair gan truailleadh, guidh oruinn. A mháthair gan toibhéim, guidh oruinn. A mháthair sho-ghrádhach, guidh oruinn. A mháthair iongantach, guidh oruinn. A mháthair ar cCruthuightheóra, guidh oruinn. A mháthair ar Slánuighthéora, guidh oruinn. A ógh ro-ghlic, guidh oruinn. A ógh airmhidneach, guidh oruinn. A ógh sho-mholta, guidh oruinn. A ógh chumhachdach, guidh oruinn. A ógh cheannais, guidh oruinn. A ógh dhíleas, guidh oruinn. A sgáthán an chirt, guidh oruinn. A cháthaoir na heagna, guidh oruinn. A dhamhna ar lúthghára, guidh oruinn. A shoithigh sbioraddha, guidh oruinn. A shoithigh onóruigh, guidh oruinn. A shoithigh na caoindúthrachda, guidh oruinn. A róis rúindíamhair, guidh oruinn. A thúir Dhábhioth, guidh oruinn. A thúir éuburrdha, guidh oruinn. A theaghdhais órrdha, guidh oruinn. A áirc an reachda, guidh oruinn. A dhorais nimhe, guidh oruinn. A réulla mhaideanda, guidh oruinn. A shláinte na n-easslán, guidh oruinn. A chomairce na bpeacthach, guidh oruinn. A shóláis na n-orchradhach, guidh oruinn. A chongnamh na ccríosdaidheadh, guidh oruinn. A ríoghan na n-aingeal, guidh oruinn. A ríoghan na bpatriarc, guidh oruinn. A ríoghan na bhfhádh, guidh oruinn. A ríoghan na n-absdal, guidh oruinn. A ríoghan na mairtíreadh, guidh oruinn. A ríoghan na cconfesór, guidh oruinn. A ríoghan na n-ógh, guidh oruinn. A ríoghan na n-uile náomh, guidh oruinn.
A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, coigil dúinn, a Thighearna. A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, éisd rinn, a Thighearna. A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, déin trócaire oruinn. A Chríosd, éisd rinn. A Chríosd, tabhair toradh ar ar nguidhe. A Thighearna, déin trócaire oruinn. A Chríosd, déin trócaire oruinn. A Thighearna, déin trócaire oruinn. A ar nAthair, atá ar neamh, etc. Fears. Ná léig inn a ccathughadh. Freag. Achd sáor inn ó olc. Fears. Éisd mh'urnaighthe, a Thighearna. Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair. Orrtha. Ó a bhaintighearna, a náomhMuire, taobhaim mé féin riot dom chaomhna, agus tiomnuim mo chorp agus mh'anam aniodh agus gach laoi agus a n-aimsir mo bháis ar ionchaibh do thrócaire, agus léigim táobh riot mh'uile dhóchas agus shólás, mh'uile ghuasachd agus bhochdachd, mh'uile bheatha agus bhás, ionnas, tréud náomheadarghuidhe lóghmhair, go ndíorghaidhthi agus go n-ordaighthi mh'uile oibre do réir do thola féin agus tola do Mhic. Amen. C. An bhfuil loghadh ar bioth ag an té adeir na liottáin-si Mhuire? F. Atá loghadh dá chéud lá ón chúigeadh Sixtus. AN 8 CAIBIDIL. DO LIOTTÁNUIBH NA NAOMH. Liottáin na Naomh. A Thighearna, dén trócaire oruinn. A Chríosd, dén trócaire oruinn. A Thighearna, dén trócaire oruinn.
A Chríosd, éisd rinn. A Chríosd, tabhair toradh ar ar nguidhe. A Athair neamhdha, dén trócaire oruinn. A Mhic Dé, a Fhúasgailteóir an domhain, dén trócaire oruinn. A Sbiorad Náoimh, a Dhé, dén trócaire oruinn. A Thríonnóid Naomhtha, a Dhé, dén trócaire oruinn. A náomhMuire, guidh oruinn. A náomhmháthair Dhé, guidh oruinn. A náomhógh na n-ógh, guidh oruinn. A náoimhMíchíl, guidh oruinn. A náomhGhabriel, guidh oruinn. A naomhRáphael, guidh oruinn. A uile náomhaingle agus archaingle, guidhidh oruinn. A uile náomhorda na sbiorad mbeannaighthe, guidhidh oruinn. A náoimhEóin Baisde, guidh oruinn. A uile náomhphatriarca agus fháidhe, guidhidh oruinn. A náomhPeadair, guidh oruinn. A náomhPóil, guidh oruinn. A naomhAndríais, guidh oruinn. A naoimhShéum, guidh oruinn. A naoimhEóin, guidh oruinn. A naoimhPhilip, guidh oruinn. A naomhThómáis, guidh oruinn. A naoimhShémuis, guidh oruinn. A naomhParthaloin, guidh oruinn. A náomhMatha, guidh oruinn. A náoimhShimóin, guidh oruinn. A náomhThaidhg, guidh oruinn. A náomhMatiais, guidh oruinn. A náomhBarnabais, guidh oruinn. A náomhLúcáis, guidh oruinn. A náomhMarcuis, guidh oruinn. A uile absdala agus soisgéaluidhe náomhtha, guidhidh oruinn. A uile naoimhdheisgiobla an Tighearna, guidhidh oruinn. A uile náoimheannaga, guidhidh oruinn. A náoimhSteapháin, guidh oruinn. A náomhLabhrais, guidh oruinn. A náomhUincent, guidh oruinn.
A náomha, a Fhabiain agas Shebaistiain, guidhidh oruinn. A naomha, a Eóin agus a Phóil, guidhidh oruinn. A naomha, a Chosmas agus a Dhamiain, guidhidh oruinn. A naomha, a Ghearúais agus Phrotais, guidhidh oruinn. A naomha, a Bheraird, a Pheadair, a Accurs, a Adiut, agus a Oto, guidhidh oruinn. A naomhDhaneil maille reud chomthachaibh mairtíreach d'ord S. Phroinsias, guidhidh oruinn. A uile naomhmartír, guidhidh oruinn. A naoimhShiluester, guidh oruinn. A naomhGhrioghóir, guidh oruinn. A naomhAmbróis, guidh oruinn. A naomhAugusdin, guidh oruinn. A naoimhChirine, guidh oruinn. A naomhMartain, guidh oruinn. A naoimhNioclais, guidh oruinn. A naomhPádruig, guidh oruinn. A naomhBhonauentúra, guidh oruinn. A naomhLobhaois, guidh oruinn. A uile naoimheasbaga agus chonfessóire, guidhidh oruinn. A uile naomhdhoctúireadha, guidhidh oruinn. A naomhAntoin, guidh oruinn. A naoimhBenéud, guidh oruinn. A naoimhBhearnáird, guidh oruinn. A naomhCholuimchille, guidh oruinn. A naomhDhominic, guidh oruinn. A naomhathair a Shan Phroinsiais, guidh oruinn. A naomhAntoin ó Phadúa, guidh oruinn. A naoimhBearnairdin, guidh oruinn. A naoimhDhidacuis, guidh oruinn. A uile naomhshagarta agus dheochana, guidhidh oruinn. A uile naomhmancha agus díthreabhacha, guidhidh oruinn. A naomhMuire Mhagdaléun, guidh oruinn. A naomhAgata, guidh oruinn. A naomhLusía, guidh oruinn. A naomhAgneis, guidh oruinn. A naoimhShiosaile, guidh oruinn. A naomhChaterina, guidh oruinn. A naomhAnastas, guidh oruinn.
A naoimhBrighid, guidh oruinn. A naomhChlara, guidh oruinn. A naoimhElizabeth, guidh oruinn. A uile naomhógha agus bhaintreabhthacha, guidhidh oruinn. A uile naomha agus bhannaomha Dé, guidhidh oruinn. Bí ceannais rinn, coigil dúinn, a Thighearna. Bí ceannais rinn, tabhair toradh ar ar nguidhe, a Thighearna. Ón uile olc, saor inn, a Thighearna. Ón uile pheacadh, saor inn, a Thighearna. Ó th'fheirg féin, saor inn, a Thighearna. Ó bhás obann anabaidh, saor inn, a Thighearna. Ó chealgaibh an diabhail, saor inn, a Thighearna. Ó fheirg, ó fhúath, agus ó gach uile antoil, saor inn, a Thighearna. Ó sbioraid na drúisi, saor inn, a Thighearna. Ó theinnthigh agus ó dhoininn, saor inn, a Thighearna. Ó bhás shuthain, saor inn, a Thighearna. Tré dhiamharrún th'ionchollaighthe, saor inn, a Thighearna. Tréud thríall chugainn, saor inn, a Thighearna. Tréud gheneamhain, saor inn, a Thighearna. Tréud bhaisdeadh agus naomhthrosgadh, saor inn, a Thighearna. Tréud chroich agus pháis, saor inn, a Thighearna. Tréud bhás agus adhlacadh, saor inn, a Thighearna. Tréud naoimheiséirghe, saor inn, a Thighearna. Tréud dheasgabháil iongantaigh, saor inn, a Thighearna. Tré theachd an Sbiorad Naoimh, saor inn, a Thighearna. A ló an bhreitheamhnuis, saor inn, a Thighearna. Na peacthaigh, guidhmid thú, éisd rinn. Fá choigilt dúinn, guidhmid thú, éisd rinn. Fá mhaitheamhnas dúinn, guidhmíd thú, éisd rinn. Fá ar ttreórughadh dochum aithrighe fíre, guidhmíd thú, éisd rinn. Fá riaghladh agus sdiúradh th'Eagluisi Naoimhe, guidhmíd thú, éisd rinn. Fán bPápa go n-orduibh na hEagluisi do choimhéud a riaghaltachd naomhtha, guidhmíd thú, éisd rinn. Fá easccairdibh na hEagluisi d'umhlughadh, guidhmíd thú, éisd rinn. Fá shíothcháin agus chomhaonta idir ríoghaibh agus phrionnsadhaibh na críosduidheachda, guidhmíd thú, éisd rinn. Fá áondachd agus shíothcháin an uile phobail chríosduidhi, guidhmíd thú, éisd rinn.
Fá ar neartughadh agus ar ccaomhna féin ad shéirbhís naomhtha, guidhmíd thú, éisd rinn. Fá ardthógbháil ar n-aigneadh dochum na bhfhonn neamhdha, guidhmíd thú, éisd rinn. Fá dhearlagadh na maithios síordhuidhe don luchd do-ní maith dhúinn, guidhmíd thú, éisd rinn. Fá shaoradh ar n-anmann féin agus anmann ar mbráthar, ar ccomharsan, agus ar ccarad ó dhamnughadh shuthain, guidhmíd thú, éisd rinn. Fá thabhairt agus choimhéud toraidh na talmhan, Fá thabhairt na beathadh síordhuidhe do na marbhaibh críosduidhe, guidhmíd thú, éisd rinn. Fá thoradh do thabhairt ar ar n-urnaighthe, guidhmíd thú, éisd rinn. A Mhic Dé, guidhmíd thú, éisd rinn. A Úain Dé, thógbhas peacadha an domhain, coigil dúinn, a Thighearna. A Úain Dé, thógbhas peacadha an domhain, éisd rinn, a Thighearna. A Úain Dé, thógbhas peacadha an domhain, dén trócaire oruinn. A Chríosd, éisd rinn. A Chríosd, tabhair toradh oruinn. A Thighearna, dén trócaire oruinn. A Chríosd, dén trócaire oruinn. A Thighearna, dén trócaire oruinn. A ar nAthair, atá ar neamh, etc. Fears. Ná léig inn a ccathughadh, Freag. Achd saor inn ó olc. Fears. Éisd mh'urnaighthe, a Thighearna. Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair. Orrtha. Éisd, a Thighearna, rer n-urnaighthe inísil, agus maith dhúinn ar bpeacadha, ionnas go ttabhairthea a loghadh dhúinn maráon agus síothcháin. Taisbén dúinn, a Thighearna, go so-chroidheach do thrócaire dho-fhaisnéidhe, ionnas go nglanta sinn ór bpeacthaibh, agus go sáortha sinn ón phéin dhlighthear dhínn ar a son.
A Dhé, ar a ngoillionn an peacadh, agus le a ttaithnionn an aithrighe: éisd re guidhe inísil do phobail; agus fill úainn sgiúrsa th'fheirge do thuilliomar tréur bpeacthaibh. A Dhé shíordhuidhe uilechumhachdaigh, déin trócaire ar do shearbhfhoghantaidh an Pápa N. agas sdíur é go croidheachair a slighidh a shlánaighthe; ionnus tréud ghrásuibh go sanntuigheadh do thoil, agus go ccuireadh a ngníomh í do réir a chumhachd. A Dhé, ó ttig gach náomháilgheas, gach fíorchomhairle, agus gach obair fhíréun; dearlaig dod shearbhfoghantaibh an tshíothcháin nach éidir leis an tshaoghal do dhearlagadh, ionnus gomadh síothchánta ar saoghal tré chomhall th'aithneadh, iar sgrios uamhuin ar n-easgarad. Loisg, a Thighearna, ar ccuirp agus ar ccroidhthe le teinidh an Sbiorad Náoimh; ionnas go bhfoghnamáois go geanmnaidh dhuit, agus go ttaithneadh riot ar nglaine chroidhe. A Chruthaighthéoir agus a Fhúasgailtéoir na ccreidmheach, maith a n-uile pheacadha d'anmannuibh purgadóra; ionnas, tré ar nguidhe-ui, go bhfhaghdáois an maitheamhnas atáid do shír-iarraidh. Reimhdhírigh, a Thighearna, ar ngníomhradha agus congain linn; ionnas gomadh úait féin do thionnsgainfimís ar n-uile úrnaighthi agus oibre, agus gomadh tréud chongnamh do chuirfemís críoch orra. A Dhé shíordhuidhe uilechumhachdaigh, as Tighearna do bheóaibh agus do mharbhaibh, agus do-ní trócaire ar gach áon as reimhfheasach thú do bheith dod mhuinntir ó chreideamh agus oibriughadh: guidhmíd go hinísiol thú, tré eadarghuidhe th'uile naomh, maitheamhnas a uile pheacadh do thabhairt do gach aon ar ar chuireamar romhuinn guidhe, madh beó marbh é: tré ar ttighearna, do Mhac, Íosa Críosd, atá 'na Dhia bhithbheó, ag ríoghadh maille riot-sa a n-aondachd an Sbiorad Naoimh, a saoghal na saoghal. Amen. Fears. Éisd mh'urnaighthe, a Thighearna. Freag. Agas roicheadh mh'osnadh dod láthair.
Fears. Go n-éisde an Tighearna trócaireach uilechumhachdach rinn. Freag. Amen. Fears. Go bhfhaghaid anmanna na ccreidmheach, tré thrócaire nDé, cumhsanadh suthain. Freag. Amen.
AN T-OCHDMHADH RANN DON PHARRTHAS-SO THRÁCHDAS AR AN AIFREANN. AN 1 CHAIBIDIL. D'IODHBAIRT AN AIFRINN, DÁ CHOTCHAIBH PRINNSIOPÁLTA, AGUS DON ADHBHAR FÁR ORDUIGH CRÍOSD É. D'IODHBAIRT AN AIFRINN. C. Créud as aifreann ann? F. Iodhbairt chuirp agus fhola ar Slánuightheóra Íosa Críosd do-ní an sagart san reachd nua, agas ofráiltear don Athair neamhdha. C. An í an iodhbairt-si ní as úaisle agus as diongmhála dar fhágaibh Críosd ag an Eagluis? F. As í. C. Cionnas sin? F. Do bhrígh gurab í so an tshaicrifís chéudna do ofráil don Athair neamhdha a ccrann na croiche ar ar soin-ne. C. Cia do-righne an céudaifreann? F. Críosd ar Slánuightheóir do-righne agus do ordaigh ó thús é, agus tug úghdardhás a dhéunta do na habsdalaibh, agus do gach sagart dá ttig ar a lorg san Eagluis. C. Cía ofráileas anois é? F. Críosd féin go prinsiopálta bhíos gach laoi aga aithiodhbairt féin ar ar son dá Athair. C. Créud do-ní an sagart adeir an t-aifrionn? F. Taissealbhuidh pearsa Chríosd, agas ofráilidh mar thimthiridh agus mar ionnstrumaint an náoimhiodhbairt-si don Athair neamhdha. C. Créud do-níd an luchd éisdeas an t-aifrionn?
F. Gé nach fuilid cumhachda aca an tshaicrifís-si do dhéunamh, an mhéid go n-éisdid an t-aifrionn, mar atá ag an tshagart, ar a shon sin, ar mhodh áiridhe, atáid 'na ttimthiribh san tshaicrifís éisdid, amhail budh í a saicrifís dhíleas féin í. Uime sin adeirthear san n-aifrionn: Sacrificium nostrum, meum ac vestrum. Laibheóram 'nar ndiaidh mar as cóir so do dhéunamh. C. Créud é an cruth a n-iodhbairthear Críosd a saicrifís an aifrinn? F. Go do-bhásaighthe, glórmhar, ag ofráil lúaighidheachda a bheathadh, a pháisi, agus a bháis ar ar soin-ne, amhail bhudh an uair-sin do fhuileóngadh ar ar son. DO CHOTCHAIBH PRINSIOPÁLTA NA HIODHBARTA-SO, AGUS DON ADHBHAR FÁR ÓRDUIGH CRÍOSD Í. C. An í an iodhbairt-si an aifrinn ní as mó thaithneas ré Dia? F. As í, do bhrígh nach éidir linn onóir as mó iná í do dhéunamh dhó; óir atá sí doi-mheasda, tré bheith do chorp agus d'fhuil ar ttighearna do láthair innte. C. Créud iad na cotcha as prinsiopálta don aifreann? F. An naomhchoisreagadh, le a ndéuntar corp agus fuil Chríosd don arán agus don fhíon; catheamh an chuirp agus na fola céudna. C. Créud fár ordaigh Críosd an iodhbairt-si? F. Ar thrí hadhbharuibh; an céudadhbhar: ionnas go mbíadh 'na bíadh sbioradálta ag na hanmannaibh, óir, fá mar bheathaigheas an t-arán an corp, as mar sin bheathaigheas an tshacramaint-si an t-anam; an dara hadhbhar: ionnas go mbiadh iodhbairt san reachd nua ga déunamh do Dhía, mar do bhíodh san tsheinreachd; an treas adhbhar: ionnas go mbíadh 'na cuimhne shíordhaidhe aguinn ar a pháis féin, agus ar a ghrádh oruinn, agus ar a thiodhlaicthibh móra dhúinn, ionnas go musgaltaoi ar n-inntinn dochum a ghrádhaighthe ar a son. C. Créud an mhaith do-ní an t-aifreann dúinn? F. As leis cheannsaighthear fearg Dhé rinn, agus bheirthear iomad tiodhlaiceadh dhúinn féin ar an saoghal-sa, agus fós do na hanmanaibh a bpurgadóir.
C. Cía dá ttéid an t-aifreann a sochar? F. Do bhallaibh na hEagluisi go coitcheann, agus go sunradhach don té ar son a n-abairthear é, don tshagart adeir, agus don luchd éisdeas é. AN 2 CAIBIDIL. INA BHFhOILLSIGHTHEAR CIONNAS CHIALLAIGHEAS AN T-ÉIDEADH AIFRINN, AN T-AIFREANN FÉIN, AGUS A SHEREAMÓINE, BEATHA, PÁIS, AGUS BÁS CHRÍOSD. DO CHÉILL GACH BOILL DO CHULAIDH AN AIFRINN. C. Créud chíalluigheas an miochd? F. An brat do chuir an chineadh Iúdaidhe ar shúilibh Chríosd, aga bhúaladh agus ag rádh: “Innis cia do bhúail thú?” C. Créud chíalluigheas an léine aifrinn? F. An t-éudach geal do cuireadh a ttigh hIorúaidh air, ag fóchuidbheadh fáoi. C. Créud chíalluighid an crios, an mainiopul, agus an sdóil? F. Na cuibhrighthe ler ceangladh é. C. Créud chíallaigheas an cochall? F. An chroch. C. Créud chíallaigheas an altóir? F. Slíabh Caluari. C. Créud chíallaigheas an chailís? F. An tumba. C. Créud chíallaigheas an chorporáil? F. An bratlín in ar síneadh é. DO CHÉILL GACH CODA DON AIFRIONN AGUS A SHEARMÓINEADH. C. Créud chíalluigheas an Confiteor? F. Mar do ghlac Críosd ar ttighearna peacadha an domhain air féin. C. Créud chíalluigheas Introitus? F. Fonn na n-aithreach náomhtha Críosd do theachd. C. Créud chíalluigheas an Kirie eleison? F. An bhochdachd adhbhalmhór ina raibhi an cineadh dáonna, isa fóirithin do iarrdáois ria n-ionchollughadh Chríosd.
C. Créud chíalluigheas Gloria in excelsis, etc.? F. Urghairdeas geineamhna Críosd. C. Créud chíalluigheas an eibistil? F. Mar do reimhghealladh agus do fioghradh ar ttighearna san sgrioptúir naomhtha. C. Créud chíalluigheas an soisgéul? F. Teagasg na n-absdal, tréur shoillsigh Críosd an domhan. C. Créud chialluigheas an Chré? F. Admháil chreidimh Chríosd. C. Créud chialluigheas an tOffertorium? F. Mar do iodhbair Críosd é féin don Athair neamhdha ar son shláinte an chinidh dhaonda. C. Créud chialluigheas an Praefatio? F. Mar do-chúaidh Críosd go cathair Ierúsaleim, agus mar do glacadh innte é mar mhac Dháuith maille re hurghairdeas. C. Créud chialluigheas an céidmhemento? F. Urnaighthe Chríosd san lubhghort, a anbhfhainne, a allas fola, a ghabháil, agus teicheadh na n-absdal. C. Créud chialluighthear an tan shíneas an sagart a lámha súas, agus chuireas íad ós cionn na cailíse, agus ghlacas íar sin an abhlann? F. Mar do gabhadh, mar do ceangladh, mar do sgiúrsadh é, agus mar do cuireadh coróin spíne fá cheann ar ttighearna Críosd. C. Créud chialluigheas an chros do-ní an sagart ós cionn na habhlainne? F. Mar do cuireadh Críosd san ccroich. C. Créud chialluigheas tógbháil na sacramainte agus na cailísi? F. Tógbháil ar ttighearna Chríosd san ccroich chéusda. C. Créud chialluighthear an tan chuirthear an tshacramaint agus an chailís ar an ccorporáil, agus fholaighthear an chailís? F. Bás ar ttighearna, a thabhairt anúas don chroich, agus mar do cuireadh é san tumba sínte a mbratlín. C. Créud chialluighthear san dara Memento? F. Mar dobhí Críosd san tumba, mar do-chúaidh a anam go príosún na n-aithreach naomhtha, agus mar do fhúasgail íad. C. Créud chialluighthear an tan bhúaileas an sagart a uchd ag rádh: Nobis quoque peccatoribus?
F. A mhéud do chuir as Chríosd peacadha an chinidh Iúdaidhe, aga chur dochum báis. C. Créud chialluigheas tógbháil na sacramainti an athúair? F. Eiséirghe ar ttighearna Chríosd. C. Créud chíalluigheas an Phaidear? F. Urnaighthe Mhuire agus na n-absdal rian-a eiséirghe. C. Créud chialluighthear ag rádh: Pax Domini sit semper vobiscum? F. Mar do thaisbéin Críosd é féin dóibh iar n-eiséirghe. C. Créud chialluigheas briseadh na habhluinne beannuighthe? F. Mar do haithnigheadh Críosd ar bhriseadh an aráin a nÉmaus. C. Créud chialluigheas na trí cotcha do-níthear dhi? F. Na trí dronga dá ttéid a ttarbha, .i. an mhuintear atá a bhfhlaitheamhnas, an luchd mhaireas san saoghal-so, agus anmanna purgadóra. C. Créud chialluighthear ag rádh: Agnus Dei, etc.? F. Go n-oibrigheann an tshacramaint-si naomhadh na n-anmann, agus go maitheann na peactha. C. Créud chialluighthear ag rádh: Domine, non sum dignus, etc.? F. An t-ullmhughadh as cóir do dhéunamh dochum na náomhshacramainti-si do ghlacadh, agus fós dochum na ccomaoineach sbioradálta. C. Créud chialluigheas caitheamh na sacramainti-si? F. Deasgabháil Chríosd. C. Créud chialluighthear ag rádh: Dominus vobiscum, go grod 'na dhaidh? F. Cialluighthear, gé go ndeachaidh Críosd ar neamh, go bhfhuil, gan fhéuchain dó sin, aguinne ar talmhuin san náomhshacramuint-si. C. Créud chialluigheas iomad agus éugsamhlachd na ccros do-ní an sagart san n-aifrionn? F. Iomad agus éugsamhlachd na bpían mór do fhulaing Críosd ar ar soin-ne. Gé gurab doiligh smúaineadh orra so a n-áoinfheachd, as maith do dhuine a bhfhios do bheith aige, dochum a ttabhartha uile ina chuimhne an úair bus toil leis.
AN 3 CAIBIDIL. DON CHÁOINDÚTHRACHD AS CÓIR AG ÉISDEACHD AN AIFRINN. DON MHODH AR AR CÓIR AN T-AIFRIONN d'ÉISDEACHD. C. Cionnas iomchras tú thú féin a n-aimsir an aifrinn? F. Anoim ar mo ghlúinibh achd an úair bhíos an soisgéul ga rádh; ní chuirim búaidhreadh ar an tshagart iná ar an muinntir oile éisdeas an t-aifrionn; ní thairrngim mo sheile go neartmhar; ní dhiongnaim casachda chruaidh; ní labhram ré háon; ní fhéachaim ar an druing ghabhas amach nó asteach, achd do-bheirim mh'aire amháin don díamharrún atá san aifrionn, maille ré réuerens agus ré honóir mhóir, ar son nach ttuigfinn é. Agas as amhluidh sin as cóir don uile dheighchríosduidhe é féin d'iomchar a n-aimsir an aifrinn. C. Créud an chaoindúthrachd as mó fhéudmáoid do bheith aguinn ag éisdeachd an aifrinn? F. Inn féin do chur a n-oireamhain do sbioraid na hEagluisi, an mhéid as éidir linn, ag déunamh ar mhodh d'áiridhe an neith céudna do-ní an sagart adeir an t-aifrionn. C. Créud na neithe sbesialta do-ní an sagart san aifrionn? F. A trí; an céidní: beatha, páis, agas bás Íosa Críosd do thaissealbhadh; an dara ní: an tshaicrifís chéudna do iodhbair Críosd san ccroich d'aithiodhbairt; an treas ní: an tshacramaint náomhtha do ghlacadh. C. Cionnas do-ghéunam an céidní? F. Ag tabhairt a ndubhramar san ccaibidil dhéidheanaigh, nó na coda dhíobh as mó ghluaisios inn dochum tuirse, 'nar ccuimhne ag éisdeachd an aifrinn. C. Créud do-ghéun, dá bhrígh sin, ag faicsin an tshagairt san cculaidh ria ttionnsgna an aifrinn? F. Smúaineadh ar Chríosd, fá mar do-chífea é, agus a chroch ar a ghuaillibh, ag dul go slíabh Caluari, ag rádh na horrthan-so. Orrtha ria n-aifrionn. A Athair ro-shochroidhigh na trócaire agus a Dhé an uile shóláis, les nar lór th'éunmhac d'iodhbairt a ccroich dár leasughadh-ni,
achd, 'na cheann sin, do thoiligh an iodhbairt chéudna d'athnúadhughadh gach láoi san nEaglais náoimh dochum a toraidh d'fhagháil dúinne, na peacthaigh; tabhair dhúinn bheith do láthair an diamharrúin iongantuigh-si go n-airi, go bhfhriochnamh, agus go ngrádh; ionnas gomadh éidir linn ar ccuid dá toradh do ghnoughadh, tréur ttighearna Íosa Críosd. Amén. C. Créud an urnaighthe do-ghéun a n-aimsir an aifrinn? F. Ó thús, coisrig thú féin mar aon ris an tshagart, agus freagair dhó leis an ccléireach, ag rádh an tpshailm, an Chonfiteor, agus an Chirie eleisoin; agus an ar do ghlúinibh ag éisdeachd ris go cráibhtheach, díthchiollach, go gcríochnuighe an episdil; agus íar sin, éirigh id tsheasamh d'éisdeachd an tshoisgéil, agus déin maill ré réuerens comharrtha na croiche, 'na thús agus 'na dheireadh, ar th'éudan, ar do bhéul, agus ar th'uchd: léig íar sin ar do ghlúinibh thú, agus an amhluidh sin go deireadh an aifrinn, ag déunamh gach urnaighthe as mó thaithneas riot, do mholadh Dé agus d'íarraidh gach neith do-chí do riachdanas ort. DON MHODH AR AR CÓIR IODHBAIRT AN AIFRINN d'OFRÁIL DO DHIA. C. Créud do-ghéun san chéidmhemento? F. Iodhbair agus ofráil an t-aifrionn do Dhia, ag rádh: “A Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, ofráilim agus toirbhirim dhuit fuil agus feóil ar Slánuightheóra Íosa Críosd atá ga iodhbairt san aifrionn; ó thús, do mhéudughadh do ghlóire agus th'onóra féin; 'na dhiaidh sin, mar bhuidheachus duit tré iomad do thiodhlaictheadh damh, .i. mo chruthaighthe, mo shlánaighthe, mo chumhdaigh, agus críosduidhe do dhéunamh dhíom, etc.; arís, a lóirghníomh mo pheacadh, agus d'fhagháil lúaighidheachda, grás, agus trócaire dhamh, agus fós, fortachda in gach trioblóid agus in gach riachdanas dá bhfhuil agus dá mbíaidh oram. Ofráilim dhuit, a Thighearna, mar an ccéudna, an náomhshaicrifís-si ar son do náoimhEagluisi Catoilice Rómhánuighe fá neartughadh an chreidimh, fá ionntódh na n-eithriceadh agus na druinge atá a bpeacadh mharbhtha; ar son na n-anmann atá a bpurgadóir, agus an lochda do chuir oibliogáid spesialta oram, más béo marbh íad; ar son riachdanais mo chomharsan, go spesialta mh'athar
agus mo mháthar, mo gháoil agus mo chairdeadh, na muinntire do chuir íad féin fám ghuidhe, nó atá 'na riachdanus. Ofráilim fós an iodhbart chéudna lé gach inntinn lér ofráil Críosd san ccroich í. Agas ofráilim dhuit, fá dheóidh, a Thighearna thrócairigh, mar áon ris an tshaicrifís-si, mé féin idir anam agus chorp, mo shláinte, mo shaidhbhrios, agus gach ní oile dá bhfhuil agam nó dá ndiongna mé.” DON URNAIGHTHE AS IONRÁIDH LÉ TÓGBHÁIL AN CHUIRP NAOMHTHA. C. Créud do-ghéun le tógbháil Chuirp Chríosd? F. Abair, go n-umhlachd anma agus chuirp: “Fáilte dhuit, a fhíorchuirp, do geineadh ó Mhuire óigh, do fhulaing agus do hiodhbradh san ccroich ar son an duine, isa tháobh, iarn-a tholladh, do shil tonna fola. Tabhair dhúnn do thomhailt a n-aimsir ar mbáis. Ó a Íosa mhilis bhúidh, a mhic Muire, dén thrócaire oram. Amen.” Abair arís: “Dia do bheatha, a shláinte an domhain, a bhríathar shíordhuidhe an Athar neamhdha, a naoimhiodhbairt, a bheatha fhíri, a dhíadhachd iomlán, a dhuine fhíri, a chuirp ar ttighearna Íosa Críosd, déin trócaire ar mh'anam. Amen.” C. Créud adéur le tógbháil na cailísi? F. Abair mar so. “Adhraim thú, a fhuil mhórlúaigh Íosa Críosd, do doirteadh san ccroich do sgrios agus do ghlanadh ar bpeacaidh-ne. Día do bheatha, a fhuil fhíorúasal, do shil a créuchdaibh ar ttighearna Íosa Críosd do nighe ar bpeacaidh-ne; nigh, beannaigh, agus coimhéid mh'anam-sa dochum na beathadh síordhuidhe. Amén.” 'Na dhíaidh sin, abair an orrtha-so. A anaim Chríosd, beannaigh mé. A chuirp Chríosd, slánuigh mé. A fhuil Chríosd, sás mé. A uisge thaoibh Chríosd, nigh mé. A pháis Chríosd, neartuigh mé. Ó a Íosa ionmhain, éisd riom.
Dídin mé id chréuchdaibh; ná fulaing mo sgaradh riot; cumhdaigh mé ar aimsiughadh an aidhbhirseóra, agas goir chugad mé a n-aimsir mo bháis; ionnas go moluinn thú mar áon ris na hainglibh a saoghal na saoghal. Amen. C. Créud adéur an tan adeir an sagart Agnus Dei, etc.? F. Abair: A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, dén trócaire oruinn. A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, dén trócaire oruinn. A Uain Dé, thógbhas peacadha an domhain, tabhair síothcháin dúinn. AN 4 CAIBIDIL. DON MHODH AR AR CÓIR AN CHOMÁOIN SBIORADÁLTA DO GHLACADH. C. Créud do-ghéun an tan ghlacas an sagart an Corp Naomhtha? F. Munab éidir leat comaoineacha do ghlacadh go corparrdha, glac go sbioradálta íad. C. Créud as comaoin sbioradálta ann? F. Fonn mór an tsacramuint do ghlacadh, fhásus ó ghris an chreidimh, ó ghrádh lasamhain, agus ó áilgheas inmheadhónach, inn féin do shnadhmadh agus do cheangal ré Dia; agas, gé nach dén duine faoisidi an tan-sin, as cóir dhó, ar a shon sin, a dhíthcheall do dhéunamh é féin d'athnúadhughadh a ngrásuibh, ag déunamh croidhebhrúidh 'na pheacthaibh. C. Cionnas do-ghéun comaoineacha go sbioradálta? F. Smúain agad féin go hinmheadhónach ar an ndiamharrún mór-so, agus ar an ccreideamh as cóir dhuit do bheith agad dá thaobh, agus dúisigh ionnad féin fiuchadh fuinn agus áilgheasa dochum Íosa Críosd do ghlacadh san naomhshacramaint-si, ag rádh: “A Thighearna, a Íosa Críosd, creidim go ro-dhaingean go bhfuile san naomhshacramaint-si na haltóra mar atá tú ar neamh ar deis th'Athar. Ó a Thighearna, cía do-bhéuradh dhamh gloine chroidhe budh cubhaidh dod chomhmór d'áoidhidh. Ó cía an duine len héidir do ghlacadh go diongmhála gach
láoi? Ó a Thighearna, as maith an fortún do bheith agam, agus as saidhbhir do fháoicfithea mé, dámadh éol damh do ghlacadh chugam im theach. A Thighearna, ní diongmhála mé do theachd im bhothán bhochd, dhearóil, achd slánaigh mh'anam ó bhréithir amháin.” Agas, amhail dobheithea ag glacadh na sacramainte féin, abair: “Corp ar ttighearna Íosa Críosd do chumhdach mh'anma san mbeathaidh shuthain. Amen.” Agas, amhail do ghlacfuidhthea an tshacramaint go corparrdha, déin comhnaidhe ar feadh aimsire ag tabhairt bhuidheachais do Dhia agus gud thoirbhirt féin dochum a sheirbhísi, agus labhair ris fá ghnoaighibh th'anma agus leasaighthe do bheathadh, amhail do-ghéunta ag glacadh na sacramainti féin, agus abair an orrtha-so. Altughadh d'éis chomáoineach sbioradálta. A bhuidhe riot, a Dhé uilechumhachduigh, go ttuguis damh-sa, don pheacthach, giodh am mídhiongmhála dod fhleidh neamhdha, grása agus deuósion, fuil agus féoil th'áoinMhic ar ttighearna Íosa Críosd do ghlacadh go sbioradálta, noch do ghlac an sagart ar ball go corparrdha. Ó Athair neamhdha, do bhrígh gurab créutúir bochd dhuit féin mé, guidhim thú, claon chugam do chluasa, agus aontuigh glacadh na sacramainti-se do dhul a sochar dhamh féin agus don uile chríosduidhe bhéo agus mharbh; ionnas, ag eiséirghe a ló an bhreitheamhnuis dhéidhionuigh, go mbemís a ccomann na naomh agus na cloinne toghtha ar deis do Mhic ar ttighearna Íosa Críosd, ag breith bhreithe ar an domhan. Amen. AN 5 CAIBIDIL. DON MHODH AR AR CÓIR AN TSHEANMÓIR D'ÉISDEACHD MAILLE RE TARBHA. C. Cionnas as cóir don chríosduidhe an tsheanmóir d'éisdeachd? F. Ó thús, tríalladh chuice, maille re deighinntinn, dochum leighis d'fhagháil do chréuchdaibh a anma, agus dochum cnúasaigh sbioradálta do dhéunamh fá a chomhair. Iar tteachd do láthair dhó, éisdeadh re briathruibh Dé a béul
an tsheanmóntuidhe, maille re humhlachd chuirp agus anma, mar bhudh é Día féin dobhiadh ag labhairt ris, agus bíodh cluas ro-ghrinn aige ris na neithibh bheanas re a sdaid féin, agus beireadh greim daingean orra. Maille ris sin, bíodh ro-choimhéudach gan aire do thabhairt do chuiríaltachd, ná breatheamhas meardhána do thabhairt dá ccluineadh éiní ina mbíadh míothaithneamh aige; óir as gnáth an diabhal ag mealladh móráin san bpunc-so. Iar ccríochnughadh na seanmóra, smuaineadh aige féin ar na puncaibh prinnsiopálta do-chuala, agus cuireadh go daingean 'na mheabhair iad; ionnus go ccuireadh a ngníomh iad, ag seachna na ndubháilceadh agus ag dul ar a aghaidh a slighidh na subháilceadh. Déunadh gach aon díthcheall cráibhtheach ar an tteagasg-so do leanmhuin, ionnus go mbiadh don druing úd re a n-abair Lúcás soisgéulaidh, cap. II, Beati qui audiunt verbum Dei et custodiunt illud, .i. “Beannuighthe an luchd éisdeas re bréithir Dhé agus do-ní dá réir.”
AN NAOMHADH RANN DON PHARRTHAS-SO THRÁCHDAS AR AN MODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE SACRAMAINTE NA HAITHRIGHE AGAS CHUIRP CHRÍOSD DO THATHAIGHIDH GO DIONGMHÁLA, AGUS AR AN ULLMHUGHADH AS INDÉUNTA CHUCA. AN 1 CHAIBIDIL. DON FHAOISIDIN, AGAS DON ULLMHUGHADH AS INDÉUNTA CHUICE. C. Créud as faoisidi ann? F. Gearán tuirseach do-ní an peacthach air féin 'na pheacadhuibh, re sagart ga mbí ughdarrdhás dochum a sgaoilte uatha, maille re dóigh absolóid agus maitheamhnns d'fhagháil ionnta. C. Cionnas ullmhuigheas tú thú féin dochum na faoisidne? F. Ag sgrúdadh mo choinsiais, .i. ag smuaineadh go díthcheallach ar an mbeathaidh do-chuaidh thoram, agus ag tarruing mo pheacadh im chuimhne. C. Cionnas do-ní tú an sgrúdadh-sa? F. Ag glacadh aimsire áiridhe, girre nó faidi, do réir na faoisidni as mían liom do dhéunamh, na hoifice, agus an chúruim atá oram, agus na haimsire ó do-righneas mh'fhaoisidin fá dheireadh. C. Créud an aimsir as ionghlactha go coitcheann dochum na faoisidne? F. Gibé nach déin í achd a ccionn gacha bliadhna, ní fuláir dhó a dó nó a trí d'úairibh gach laoi, ar feadh a trí nó a ceathair do laithibh, do chaitheamh, ag smuaineadh go huaigneach air féin, agus ag cuimhnioghadh ar a pheacadhuibh do réir gach siocra dá raibhe aige. Dochum na faoisidni beathadh, iomorro, ní fuláir don té nach tig go minic dochum na sacramainti-si bheith ochd lá ag déunamh ullmhuighthe air féin, agus úair nó a dhó gach láoi dhíobh do chaitheamh do tharraing a pheacadh
'na chuimhne. As mór an congnamh do gach áon dochum na cuimhne-si, smuaineadh ar gach áit ina raibhe, ar gach comhluadar dá raibhe aige, ar gach ní éifeachdach dobhí ar a aire, agus a fhiafruighi dhé féin ciondus tarla dhó in gach áit, in gach comhluadar, agus in gach gnouighibh; an bhfúair tuisleadh peacaidh mharbhtha a n-éuncháil díobh sin, agus ga mhéud úair. AN 2 CAIBIDIL. DON URNAIGHTHE AS INDÉUNTA RIAS AN BHFAOISIDIN. C. Créud do-ní tú d'éis do pheacadh do chruinniughadh agus a ccora ad mheabhair? F. Gluaisim agus gríosuim mé féin dochum tuirsi fám theagmháil ionnta, ag rádh na n-orrthan-so 'nar ndíaidh, ar mo ghlúinibh, más éidir é. An chéudorrtha ullmhaigheas dochum sacramuinte na fáoisidne. A Chruthaightheóir nimhe agus talmhan, a Rí na ríogh agus a Thighearna na ttighearnadh, nach diongmhála mo shamhuil-si do pheacthach do ghairm, ná d'ainmniughadh, ná do smuaineadh ó chroidhe; do-righne mé do neimhní fód th'íomháigh féin agus fód chosmhuile, agus do cheannaigh mé ar th'fhuil; guidhim thú go humhal, inísiol, féuchain go ceannais oram do mhodh mídhiongmhála féin, agus trócaire do dhéunamh oram mar do-righnis ar an mnáoi cCananda agus ar Mhuire Mhagdalén, agus gabháil agam mar do ghabhais ag an bpuibliocán agus ag an ngaduidhe san ccroich. Admhuim dhuit-si, a Athair bhúidh, mo pheactha nach éidir liom do cheilt ort, bíodh gomadh é mo mhían a bhfolach. Coigil damh, a Chríosd, a n-aghaidh ar pheacaigheas go líonmhar ó smúaineadh, ó bhréithir, ó ghníomh, agus ó gach modh oile ar arbh éidir leum anbhfainne dhaonna peacughadh; mo choir-si, mo choir-si, mo ro-choir-si. Ar an adhbhar sin, ar son do thrócaire, coigil damh, a Thighearna, coigil dhamh, a Chríosd, do thuirling ó fhlaitheamhnas dom fhuasgladh, do thógaibh Dáuidh as easgar a pheacaidh, agus do choigil do Pheadar íar n-ad shéuna. As tú mo Chruthaightheóir agas mh'Fhuasgaltaidh;
as tú mo Thighearna agus mo Shlánaightheóir; as tú mo Rí agus mo Dhia; as tú mo dhóchas agus mo mhuinighin; as tú mh'fhollamhnadh agus mo chabhair; as tú mo shólás agus mo neart; as tú mo sgiath dhídin agus chosnamha; as tú mo bheatha, mo shláinte, agas mh'eiséirghe; as tú mo lóchrann lasamhuin; as tú mh'fhonn agus mh'áilgheas, mh'fhurtachd agus mo thearmann. Guidhim thú, dá bhrígh sin, cuidigh liom dum shlánughadh; sdíur, caomhain, agus coimhneartaigh mé; daingnigh mé agus tabhair sólás damh; soillsigh mé agus déin cuairt agam; aithbéoaigh mé ó mharbhuibh, do bhrígh gurab tú rom chruthaigh, agus gurab do shaothar do láimhe féin mé. A Thighearna, ná mímheas mh'urnaighthe, do bhrígh gurab óglach agus searbhfhoghantaidh dhuit mé, giodh olc mídhingmhála mé, agus fós giodh peacthach; achd más olc maith mé, as leat-sa mé do shíor. Ar an adhbhar sin, cia dochum a tteichfe mé achd chugad-sa. Dá ccuire-si amach mé, cía léigfeas mé astteach; dá bhfhille-si do ghnúis úaim, cía fhéuchfas oram. Gabh chugad mé, dá bhrígh sin, ag teicheamh fád dhéighin. Más trúaillidhe salach mé, as éidir leat-sa mo ghlanadh; más dall mé, as éidir leat súile do thabhairt damh; más easslán mé, as éidir leat mo aithbheóughadh, do bhrígh gurab mó do thrócaire ináid mo pheacaidh-si, agus do cheanchaire ináid mo mhíghníomha; agus gurab mó as éidir leat do mhaitheamh iná as éidir liom-sa do pheacughadh. Ná tabhair mímheas oram, dá bhrígh sin, a Thighearna, agus ná cuimhnigh iomad mo pheacadh, achd do réir neamhchoimsi do thrócaire féin, déin trócaire oram agus coigil dhamh, giodh am roi-pheacthach. Abair reum anmuin gurab tú féin a shláinte, mar adubhrais a n-ionadh oile, nach áil leat bás an pheacthaigh achd a fhilleadh dochum beathadh. Ionntóidh mé, a Thighearna, agus ná bíodh th'fhearg riom nías sia. Guidhim thú go humhal inísiol, a Athair bhúidh, mo tharraing dochum deighchríche, dochum aithrighe fíri, faoisidne iomláine, agus dochum lóirghníomha diongmhála im uile pheacthaibh. Amen. Orrtha oile as ionráidh rias an bhfhaoisidin. Gabh chugad m'fháoisidin, a Thighearna roi-cheannais, a Chríosd, a aondóigh shláinte mh'anma, agus tabhair dhamh croidhebhrúdh agus déura súl, go ccíinn a laithibh agus a n-oidhchibh
mh'uile pheactha go n-umhla agus go ngloine ccroidhe. Roicheadh, a Thighearna, mo ghuidhe dod láthair. Dá rabh t'fhearg-sa riom, cia ar a n-iarrabh cuidiughadh, nó cia do-ghéuna trócaire ar mo pheacthuibh. Féuch oram, a Thighearna, do tharraing an puibliocán dochum aithrighe, agus tug toradh ar dhéuraibh Peadair. A Thighearna, a mo Dhé, éisd riom, a Shlánaightheóir, a Íosa mhilis, do fhulaing bás croiche do shlánughadh na bpeacthach. Féuch, a Thighearna, ar an bpeacthach ttrúagh, agus ná cuimhnigh comhmór sin ar mh'olcuibh go mbíadh díochuimhne agad ar thuile do mhaitheasa féin. Má do pheacaigheas, ní fár éidir leat mo dhamnadh, níor chaillisi, ar a shon sin, an trócaire tré n-ab éidir leat mo shlánughadh. Coigil damh, dá bhrígh sin, a Shlánuightheóir, agus déin trócaire ar mh'anmain cciontaigh; sgaoil a géibheanna agus leighis a créuchda. A Thighearna, a Íosa, as ionnad féin amháin atá mh'fhonn; as tú amháin atáim d'iarraidh agus do shanntughadh. Taisbéin damh do ghnúis agus budh slán mé gan fhuigheall. Soillsigh mh'anmain tré eadarghuidhe do naomhmáthar Muire agus an uile naomh, ionnas gomadh léir dhamh go grinn gach peacadh as riachdanas damh d'fháoisidin, agus go n-admhainn iar sin é dom oide faoisidne go gcrádh agus go ndoilgheas ccroidhe, a Chríosd, atá ad Dhia agus ad Rígh bhithbheó, a n-aontaidh an Athar agus an Spiorad Náoimh, a saoghal na saoghal. Amen. Orrtha oile as ionráidh san n-am chéudna. A Chríosd, a thobair an uile mhaitheasa, guidhim-si an roi-chiontach, tré dho-áirmhe mo pheacadh, thú fá ghrásuibh eagla agus aithrighe agus admhála na bpeacadh ccéudna do thabhairt damh. Tabhair dhamh, a Rí na ríogh, th'uamhan agus th'imeagla do bheith oram isa fhiadhnuisi a bhfhuilid aingil nimhe agus fearta flaitheamhnuis ar coimhchrioth. Oibrigh ionnam, a Thighearna, uamhan agas eagla do bhreitheamhnuis duibheagánaigh, noch atá tú do fhreacar a n-aghaidh na bpeacthach ó thosach dhomhain gus aniodh; ionnas nach trócaireach amháin, achd fós ceirtbhreathach fhoillsigheas tú thú féin id th'uile shlighthibh agas ghníomhradhuibh. Dob fhearr liom go mbeith an doilgheas agus an tochrádh meanman bhudh cóir oram fá líonmhuire agus throma mo pheacadh, léur chuirios fearg ort-sa, a airdDhé fhírbhreathaigh;
ionnas go ccíinn ar pheacaigheas a ttuirse mo chroidhe, do bhrígh go ndubhrais féin a n-ionadh áiridhe nach fuil ní as measa agus as seirbhe don pheacthach iná thú féin do thréigean, agus gan th'eagla do bheith air ina pheacthaibh. Aidéumhad, dá bhrígh sin, mh'olc dhuit-si, a Thighearna, le a ttaithnionn faoisidi umhal an pheacthaigh, agus nach maithionn a pheactha d'aoinneach gan í, agus do-ní fíréun don ainbhfhíréun ar a son. Teagadh dhamh-sa, mar do thuilleas, as an bhfhaoisidin ccéudna náire agas masla; dhuit-si, iomorro, glóir agus moladh; ionnas go mba follas do na huilibh do cheart agus do thrócaire, agas cionnas, iar n-iompódh th'fheirge ón bpeacthach, choigle dhó do thoradh na faoisidne. Tabhair dhamh grása dochum nach gabhainn mo leissgéul go mailíseach a n-éunchuid dom pheacthaibh, achd go n-admhuinn iad dom athair faoisidne go soiléir so-thuigsi, agus go n-inísle ccroidhe, gan náire, gan cheilt ar a líonmhuire ná ar a ttroma, fá mar do-righneadar an mhuinntear úd táinig d'admháil a míghníomh a n-aimsir na n-absdol. Mo bheannachd ort, a Thighearna, do fhágaibh againn san Eaglais an luibh leighis-si na faoisidne agus na haithrighe, tré a mbí meisneach agus dóchas cínnte againn a maitheamhnas ar bpeacadh. Moladh agus glóir dá chionn sin duit, a Thighearna, a saoghal na saoghal. Améin. AN 3 CAIBIDIL. DON MHODH AR AR CÓIR DON AITHRIGHEACH É FÉIN D'IOMCHAR AG TRÍALL DOCHUM NA FÁOISIDNE, AGA DÉUNAMH, AGUS d'ÉIS A DÉUNTA. DON MHODH AR AR CÓIR DON AITHRIGHEACH É FÉIN d'IOMCHAR AG TRÍALL DOCHUM NA FÁOISIDNE. C. Iar ccríochnughadh na cáoindúthrachda-so, créud do-ní tú? F. d'éis mé féin do ghlúasachd agus do ghríosadh dochum tuirsi ar an modh-so, téighim d'ionnsaighidh an athar faoisidne maille re gnúis ttriamhnuigh, ttuirsigh, go humhal croimcheandach, mar as cóir don chiontach, admhas a lochda, dul a bhfhiadhnuisi
an bhreitheamhan; agus fós maille ré huamhan, ré heagla, agus ré reuerens, aga smuaineadh am chroidhe gurab é fear ionaid Chríosd a ttalmhain, dochum breithi sgaoilti nó ceangail do thabhairt oram, an té-sin dochum a bhfuilim ag dul. C. Créud do-ní tú ag teachd duit a bhfogus don chathaoir bhreitheamhnuis ina bhfuil 'na shuidhe? F. Léigim mé féin ar mo ghlúinibh ag adhradh agus ag onórughadh Chríosd ina bhreitheamh, re a bhfuilim ar tí mhfhaoisidin do dhéunamh. C. Cionnas iomchras tú thú féin an tan-sin? F. Go tromdha, tochdach; óir ní bhím suilbhir súlard, ná uallach éudtrom, ag féuchuin don taobh-so ná don thaobh oile; achd taisbéunaim mé féin go dubhach, déurach, dobrónach, maille re humhla agus ré hosnadhaibh, ionnas go ttuigeadh an t-oide faoisidne, tréus na comharrthuibh foirimealacha-sa, an tuirsi inmheadhónach neamhfhaicsidhe atá am chroidhe. Congbhuim mo cheann go crom, aga admháil ó ghníomh go bhfhuilim am chiontach. DON MHODH AR AR CÓIR DON AITHRIGHEACH É FÉIN d'IOMCHAR AG DÉUNAMH NA FAOISIDNE, AGUS d'ÉIS A DÉUNTA. C. Cionnas thionnsgnas tú t'fhaoisidin do dhéunamh? F. Gum choisreagadh ag rádh: “A n-ainm an Athar, agas an Mhic, agas an Sbiorad Naoimh. Amen. Tré chomharrtha na croiche naoimhe, sáor inn, a Dhé, ór n-easgcairdibh.” 'Na dhiaidh so iarruim beandachd an athar faoisidne, ag rádh: “Beannuigh mé, a athair.” Agas íar bhfhagháil a bheandachda, adeirim mo Chonfiteor, .i. “Admhuim do Dhia uilechumhachdach, do Mhuire bheannaighthe ghnáthóigh, do Mhíchéul archaingeal, d'Eóin Baisde, do na naomhabsdalaibh do Pheadar, do Phól,” etc., mar adubhramar thuas san chéudchaibidil don chéudrann; agas iar mbualadh mh'ochda damh ag rádh “mo roi-chionta”, tionsgnaim mo pheacadha uile d'admháil go glan, orduighthe, gan chumasg sgéul ndíomhaoin nach beanann re hadhbhar thríotha, ag rádh ar an modh-so: “Ciontuighim mé féin do Dhia ghlórmhar, do Mhuire mháthair,
dar naomhathair S. Phroinsias, don chúirt ainglidhi, agus duit-si, a athair, nach fhuilim ag teachd dochum na fáoisidni-si leis an sgrúdadh coinsiais, leis an ndoilgheas, ná leis an rún leasaighthe do dhlighfinn. Ciontaighim fós mé, ó do-righneas m'fháoisidin go déidheanach, gur pheacaigheas a n-aghaidh na céudaithne” ar an modh-so agus ar an modh-so oile, ag ainmniughadh gach muidh fó leith ar ar pheacaigh a n-aghaidh na haithne-sin; agus mar sin siobhladh ar gach aithne fó leith do na haitheantaibh, ag ainmniughadh gach muidh ar ar pheacaigh 'na haghaidh, do réir mar do chuireamar síos san gcéudrann don pharrthas-so. Iar n-innisin chréuchd mo choinsiais go hiomlán ar an modh-sa don oide faoisidin, adeirim: “A athair ghrádhaigh, cionntuighim mé féin ionnta so, agus in gach peacadh oile dá ndearnas riamh a n-aghaidh Dé ó smuaineadh, ó bhréthir, nó ó ghníomh. Goillidh oram anois teagmháil ionnta, agus sin ar a shon féin dáríribh; agus cuirim romham mé féin do leasughadh ó so súas. Iarruim, dá bhrígh sin, maitheamhnas ar Dhia, agus absolóid agus breath aithrighe ort-sa.” Adeirim annso, ag am chlaonadh féin go talmhuin, an chuid oile don Chonfiteor, .i. “Uime sin guidhim naomhMuire,” etc., dom ghríosadh dochum fuatha agus grána ar mo pheacadhuibh, agus dochum rúin daingin, maille ré grásuibh Dé, gan tuitim go háiridhe a n-éinpheacadh mharbhtha nísa mhó. C. Iar ccor chríche ar do Confiteor dhuit, créud do-ni tú? F. Íslighim agus umhlaighim mé féin óm uile chroidhe a bhfíadhnuisi Dé uilechumhachdaigh, do mhasluigheas tréum pheacadhuibh, ag íarruidh maitheamhnuis air ionnta, a n-onóir agus a n-éuruic fhola mo Thighearna Íosa Críosd do dóirteadh ar mo shon a ccrann na croiche, agus ní thógbhuim mo cheann go n-íarra an t-athair faoisidne oram a thógbháil do chur na breithe aithríghi oram, agus do thabhairt gach teaguisg agus gach comhairle as toil leis damh fá shláinti mh'anma; agus do-ním díthcheall an bhreath do thuigsin uaidh, agus dobhiadh fonn oram dá mbeith nías troma. Do-ním fós an díthcheall céudna gach comhairle dá ttabhair dhamh do thuigsin agus do bheith im mheabhair, maille ré rún a ccora a ngníomh. Íslighim iar sin mo cheann arís, agus bím ag
bualadh mh'ochda an feadh bhíos an t-oide ag tabhairt na habsolóide damh. C. Créud do-ní tú d'éis na habsolóide d'fhagháil? F. Iar nglacadh bheannachda an athar faoisidne, agus iar ndéunamh réuerens dó, trialluim uaidh maille ré tromdhachd go hionad éigin uaigneach, agas adeirim an orrtha-sa. Orrtha as ionráidh iar san bhfaoisidin. Gabh uaim go bhfonn agus go ttaithneamh, ar son do naomhmáthar Muire maighdine agus na naomh archeana, an fhaoisidin-sin do-righneas; agus cuir féin 'na ceann tréud bhúidhe agus tréud thrócaire, an mhéid teasda dá gloine agus dá hiomláine, agus don doilgheas fíre budh cóir dhamh-sa do bheith oram, ionnas go sgaoilti mé gan fhuigheall a glasuibh agus a cuibhreach mo pheacadh, a Chríosd, bhiothmhairios ad th'airdrígh, a n-aontaidh an Athar agus an Sbiorad Naoimh, a n-uile shaoghal na saoghal. Amén. AN 4 CAIBIDIL. DÓ SHACRAMAINT CHUIRP CHRÍOSD, AGUS DON ULLMHUGHADH AS INDÉUNTA CHUICE. C. Créud as comáoineacha ann? F. Caitheamh naomhshacramainti na haltóra, ina bhfhuil fuil agus féoil ar Slánuightheóra Íosa Críosd. C. Cionnas ullmhuigheas tú thú féin dochum na húasalshacramainti-si do ghlacadh go diongmhála? F. Glacuim, an lá ria ccomáoineachuibh, aimsir éigin áiridhe do sgrúdadh mo choinsiais agus do tharruing mo pheacadh im chuimhne. 'Na dhiaidh sin musglaim ionnam féin fiuchadh fuinn agus áilgheasa dochum Íosa Críosd do ghlacadh san náomhshacramaint-si. Smuainim go minic ar an ngloine chroidhe iarrthar, agus ar an ullmhughadh as indéunta fá chomhair chomhmór d'aoidhidh, agus congbhaim mé féin ó sin suas go deighiomchair, macánta, ceannuis. Éirghim, dá bhrígh sin, go moch san maidin arn-a bhárach, agus trialluim don eagluis; agus iar ccríochnughadh mo chaoindúthrachda gnáithche, gríosuim
mé féin dochum doilghis annsin im pheacthaibh, ag guidhe Dé mar do chuireamar síos san ccaibidil dhéidheanaigh. Gluaisim iar sin fá dhéighin an athar fáoisidne as foghlamtha, as riaghalta, agus as cráibhthighe dá mbí ar fagháil agam, agus do-ním mh'fháoisidin mar as gloine iomláine fhéudaim go ndoilgheas bhfíre, agus go rún ndaingean lóirghníomha agus leasaighthe mo bheathadh. 'Na dhiaidh so gluaisim mé féin dochum caoindúthrachda fíre, ag guidhe Dé go dúthrachdach fá ghrásuibh do thabhairt damh an phroinn neamhdha-so do chaitheamh mar as dual. C. Cionnas do-ní tú sin? F. Go sunradhach ag rádh na n-orthan-so 'nar ndiaidh. Orrtha as ionráidh ria ccomaoineachaibh. A shíordhuidhe uilechumhachdaigh, a Dhé, ag so misi ag tríall go sacramuint th'áoinMhic ar ttighearna Íosa Críosd: ag so mé ag triall chuice mar easslán go líaigh na beathadh, mar shalach go tobar na trócaire, mar dhall gus an soillsi síordhuidhe, mar bhochdán dearóil go Tighearna nimhe agus talmhan, agus mar lomnochd go Rígh na glóire. Guidhim thú, dá bhrígh sin, ar son th'fhéile doi-mheasda mh'eassláinte do shlánughadh, mo nighe óm shalchar, mo dhoille do shoillsiughadh, mo bhochda do shaidhbhriughadh, agus mo nochda d'éudughadh; ionnas go nglacainn arán na n-aingeal, Rí na ríogh leis an onóir agus leis an umhla, leis an eagla agus leis an ngrádh, leis an ccreidiomh agus leis an ccaoindúthrachd, leis an ngloine chroidhe agus leis an rún bhus cubhaidh dod mhórrdhachd-sa agus bhus tarbhach dom anmuin. Tabhar dhamh, ní amháin sacramuint Chuirp ar ttighearna do ghlacadh, achd fós a brígh agus a héifeachd. Ó a Thighearna roi-cheannais, tabhair dhamh corp th'aoinMhic do ghlacadh go bhfhriochnamh mór agus go ccaoíndúthrachd; ionnas, do thoradh a ghlactha, go ttuillinn bheith dá chorp mhistiocdha, agus mo chomhaireamh idir a bhalluibh. Ó Athair ghrádhaigh, tabhair dhamh do Mhac ionmhuin, noch atáim ar tí do ghlacadh annso fá bhrat na sacramuinte-si, d'fhaicsin aghaidh ar aghaidh 'na dhiaidh so a bhfhlaitheamhnas a saoghal na saoghal. Amen.
Orrtha oile as ionráidh san am chéudna. As lán d'uamhan agus d'imeagla mé, a Thighearna, ag triall do chaitheamh do fhleidhe, gé nach im mhaithghníomhradhuibh féin, achd a n-iomad do mhaitheasa-sa agus do thrócaire atá mo dhóigh ag teachd dá caitheamh, do bhrígh go bhfuil mo chroidhe agas mo chorp lomlán do pheacthaibh, agus nar chuireas riamh, mar do dhlighfinn, srian ré céudfaidheachd mo mheanman ná mo theangadh. Ar an adhbhar sin, a dhiadhachd bhúidh, a mhórdhachd uathbhásach, agus a thobair na trócaire, ag sin chugad mé an truagh; ag sin chugad mé dom leigheas ó chréuchdaibh mo pheacadh. Ar do chumairce dhamh, a Thighearna. Ní fhéudaim th'fhulang mar bhreitheamh, do bhrígh nach éidir liom freagra dod cheart; foillsigh, dá bhrígh sin, thú féin damh, ní ad bhreitheamh fhírcheart achd ad shlánaightheóir thrócaireach. Dhuit féin, a Thighearna, thaisbéunaim créuchda mo chroidhe; dhuit féin nochdaim gráinchneadh agus áladh mo choinsiais. As aithnidh dhamh go maith méid agus troma mo pheacadh; gidheadh, ní chuirionn sin d'fhiachuibh oram gan mh'uile dhóigh do chur a ttuile do thrócaire do-mheasda-sa. Féuch oram, dá bhrígh sin, le súilibh do thrócaire, a Thighearna bhúidh, a Chríosd, a Rí shíordhaidhe, a Dhé agas a dhuine fhíre do chéus san ccroich ar mo shon. Éisd réum atach, do bhrígh gurab ionnad féin amháin do chuirios mo dhóigh. A thobair na trócaire, shileas do shíor gan trághadh gan díosg, déin trócaire ar iliomad mo pheacadh. Dia do bheatha, a iodhbairt na sláinte, do hiodhbradh a ccrann na croiche ar mo shon-sa agus ar son an chinidh dhaonna go huilidhe. Dia do bheatha, a uasalfhuil mhórluaigh, do shil tré chréuchdaibh mo Thighearna Íosa Críosd san ccroich ccéudna, agus sgriosas peactha an domhain. Cuimhnigh, a Thighearna, ar do chréutúir féin do fhuasglais ar th'fhuil. As aithreach liom ar pheacaigheas. As mian liom mo bheatha do leasughadh. Beir uaim, a Athair roi-cheannais, mh'uile olca agus pheactha; ionnas, iar n-am ghlanadh ó chorp agus ó anmuin, go mblaisinn go diongmhála Corp Críosd, biadh na n-aingeal, agus sásadh na naomh. Oibrigheadh ionnam an tshacramuint-si do Chuirp agus t'Fhola ro-naomhtha, atáim ar tí do chaitheamh, maitheamhnas mo pheacadh, loghadh mo chionadh, athnuadhughadh gacha maitheasa, agus freacar gacha
deaghoibre; ionnas go mba coimhdhe agus dídion í dom anmain a n-aghaidh cheilge agus aimsighthe ar n-easccarad. Amen. Orrtha oile as ionráidh san am chéudna. A Thighearna, a mo Dhé, a shásadh neamhdha, a bheatha na n-uile, do pheacaigheas comhmór sin ad th'aghaidh nach fiú mé teachd do chaitheamh do naomhChuirp. Achd tabhair-si grása dhamh, a Dhé thrócairigh, dochum na bhudh damnadh anma dhamh caitheamh do chuirp agus th'fhola, achd loghadh iomlán agus beatha shuthain a bhfhlaitheamhnas. Amen. Orrtha oile as ionráidh san am chéudna. Creidim agus admhaim, a Thighearna, gurab tú féin Críosd Mhac Dé bhí táinig do shlánughadh na bpeacthach, darab eadh mise do chéuddaoinibh. Creidim, mar an ccéudna, gan chonntabhairt go bhfuil do chorp agus t'fhuil fhíre a sacramaint airdmhíorbhuiligh na haltóra. Guidhim thú, dá bhrígh sin, déin trócaire oram, agus maith dhamh ar pheacaigheas ríamh ó smuaineadh, ó bhréithir, agas ó ghníomh; ionnas, tré chaitheamh do naomhchuirp, go ngnoaighinn maitheamhnas mo pheacadh agas an bheatha shuthain. Amén. Orrtha oile as ionráidh san am chéudna. A Thighearna, ní fíu mé do theachd dom thigh, ná comhnuidhe do dhéunamh dhuit a sdábla shalach mo chuirp. Gidheadh, ó thugais féin cuireadh don uile pheacthach, agus mar sin damh-sa an roi-pheacthach, dochum na sacramuinte naomhtha-sa, ina bhfhuile féin a bhfholach idir dhiadhachd agus daonnachd; guidhim thú, coigil damh tré thrócaire, agus oibrigh ionnam toradh na sacramuinte céudna, .i. an toradh ar a labhra féin a n-ionadh oile mar a n-abra: “Gibé chaithfeas mh'fheóil agus mh'fhuil, anfa sé ionnam agus anfad-sa annsan; gibé itheas don arán-so, budh biothbhúan bithbhéo é.” Ar an adhbhar sin, a Thighearna, tabhair dhamh-sa an t-arán céudna le a mbeathaighe an domhan, le a sása oilithrigh an bheatha, agus tré a sgaoile go deigheinigh óirchisde do ghrás ar bhochdaibh an talmhan. Tabhair, a mo Chruthaightheóir, do thoradh caithmhe do naomhchuirp, mo chroidhe do bheith lán
dod ghrádh agus dod th'eagla, agus daingean seasmhach is na grásaibh as riachdanas damh. A Íosa bhúidh, a mhainn fhírmhilis, sás mo chíocaras. A aráin neamhdha shásas na huile, tabhair mé ón mbás, do thuillios tréum olcaibh, go beathaidh na bhfíréun. Cuidigh liom, mar do gheallais, in gach peiriacail, in gach daille, agas in gach ainnisi ina bhfhuilim. Tadhaill dom thigh dá bheannughadh, mar do thaidhlis do thigh Shaceus; ionnas, iar n-am athnuadhughadh ó chorp agus ó anmain, go n-aitreabhainn ad th'fhochair gan iomsgaradh. Mo chuid do na huilibh thusa agus do choidriobh, a Íosa mhilis, a neirt, a dhóchais, agas a shláinte shíordhuidhe na n-uile. Amen. AN 5 CAIBIDIL. DON MHODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE É FÉIN d'IOMCHAR RIA, AG AGUS IAR CCAITHEAMH COMAOINEACH. DON MHODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE É FÉIN d'IOMCHAR RIA CCAITHEAMH COMAOINEACH. C. Cionnas iomchras tú thú féin ria gcaitheamh an Chuirp Naomhtha. F. Caithim an aimsir le crábhadh agas le caoindúthrachd, mar adubhramar san ccaib. déidheanaigh. Éisdim fós a dó nó a trí d'aifrionnuibh más éidir é; meath mo dhála, éisdim an t-aifrionn ina ccaithim an tshacramuint; gidheadh, ón aimsir a ttógaibhthear an Corp Náomhtha, ní mór urnaighthe bhéoil ghnáthuighim, achd smuaineadh go hinmheadhónach ar an ndiamharrún mór-so, agus gríosaim mé féin dochum creidimh dhaingin agus gráidh lasamhain do Chríosd san tshacramuint ccéudna. C. Cionnas do-ní tú sin? F. Ag rádh na mbriathar-so nó a samhla oile. “Ó a mo Thighearna, a Íosa Críosd, creidim go ro-dhaingean go bhfuile san náomhshacramaint-si na haltóra, mar ataoí ar neamh ar deis th'Athar. Ó a Thighearna, cia do-bhéuradh damh gloine chroidhe bhudh cubhaidh dod chomhmór d'áoidhidh.
Ó cia an duine le bhudh éidir do ghlacadh go diongmhála gach láoi,” etc. DON MHODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE É FÉIN D'IOMCHAR AG CAITHEAMH COMAOINEACH. C. Cionnas thriallas tú dochum na haltóra do chaitheamh na ccomaoineach? F. Go ciúin ceannais, go n-umhlachd, go ttromdhachd, agus go réuerens bhfhoirimealaigh agus inmheadhónuigh. C. Cionnas iomchras tú thú féin ag caitheamh na ccomaoineach? F. Iar tteachd a bhfhiadhnuise na haltóra dhamh, léigim mé féin ar mo ghlúinibh, maille ris an umhlachd agus ris an réuerens anma agus cuirp as mó as éidir liom, mar do-chífinn Dia ina mhórdhachd neamhdha. Congbhaim mo bhasa sínte re a chéile, mo cheann go díreach, agus mo shúile ag féuchuin go grinn ar an tshacramaint. C. Créud an chaoindúthrachd ghnáthaigheas tú an tan-sin? F. Adeirim na briathra-so nó a samhuil oile: “A Thighearna, ní diongmhála mé do theachd im bhothán bhochd, dhearóil, achd slánaigh mh'anam ó bhréithir amháin.” Iar sin osgluim mo bhéul go measarrdha, sínim amach barr mo theangadh, agus ag glacadh na sacramainte adeirim im inntinn: “Corp mo Thighearna Íosa Críosd do chumhdach mh'anma san mbeathaidh shuthain. Amén.” DO NA NEITHIBH AS INDÉUNTA ÍAR CCAITHEAMH COMAOINEACH. C. Créud do-ní tú íar nglacadh na sacramainte ad bhéul? F. Druidim an béul go macánta, agus maothaighim í léum sheile, ionnas gomadh réidhidi do léigfinn síos í a maothughadh. Ibhim iar sin beagán fíona nó uisge, más gnás é san áit a mbím, agus imthghim go ttromdhachd mar thánag go háit éigin uaignigh san eagluis, ina léigim mé féin ar mo ghlúinibh, aga mheas na haingil do bheith ar gach taobh dhíom ag adhradh
agus ag onórughadh a ccruthaightheóra ionnam, agus gum ghluasachd dochum an neith céudna. Smuainim annso ar mh'uirísle féin, ar mhéud mo pheacadh, agas ar loighead mo mhaitheasa. Smuainim arís go dúthrachdach ar mhórmhaitheas mo Thighearna, cionnas atá 'na mhaith dhoi-chríochnaighthe líonas agus shásas na huile le a mhórdháil dhiadha, agus mar atá dáríribh san tshacramaint-sin do chaitheas. Labhruim, dá bhrígh sin, ris go hinmheadhónach, seicréideach ó theas ccrábhuidh ar an modh-so nó ar a shamhuil oile. Ó a Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, créud as a ttig dhamh do chomhmór d'aoidhidh do theachd fám dhéighin; óir as tú mo Dhia, mo Chruthaightheóir, mo Shlánuightheóir, agas mo Thighearna. Dia do bheatha, a Íosa mhilis bhúidh; Dia do bheatha, a fhíorchuirp mo Shlánuightheóra Chríosd, do geineadh ó Mhuire óigh, do fhulaing agus do hiodhbradh san ccroich ar mo shon. Fáilte dhuit, a bheatha fhíri, a shláinte an domhain, a dhiadhachd iomlán, agus a bhriathar shíordhuidhe an Athar neamhdha. A anaim Chríosd, beannaigh mé. A chuirp Chríosd, slánuigh mé. A fhuil Chríosd, etc., fol.329. Ó a Thighearna bhúidh mhilis, ofráilim fós mo shláinte, mo shaidhbhrios, agus gach ní oile dá bhfuil agam nó dá ndiongna mé, do mhéudughadh do ghlóire agus th'onóra, agus a mbuidheachas dhuit id thiodhlaicthibh; go spesíalta ar son na cúairti neamhdha-so do-righnis agam. Do-ním fós comhnaidhi feadh aimsire ag meadhughadh an diamharrúin mhóir-si, agus agam thoirbhirt féin dó. Do-bheirim iar sin buidheachus dó ó bhréithir go foirimealach. DON URNAIGHTHE AS INDÉUNTA IAR CCAITHEAMH COMAOINEACH. C. Créud an urnaighthe ghnáthaigheas tú d'éis náomhshacramaint na haltóra do chaitheamh? F. Na horrthana-so 'nar ndiaidh, nó a samhuil oile. Orrtha as ionráidh iar ccommaoineachaibh. Buidheachas duit, a Thighearna, a naomhAthair, a Dhé shíordhuidhe uilechumhachdaigh, do shás do shearbhfhoghantaidh
mídhiongmhála le sacramuint Chuirp agas Fhola ar tTighearna Íosa Críosd. Guidhim thú gan na commaoineacha naomhtha-sa, do chaitheas, do bheith 'na siocair dhamanta agus phéine dhamh, achd 'na slighidh mhaithmhe mo pheacadh, 'na sgéith chreidimh agas chaointoile, 'na ndíothláithriughadh lochd agus antola, 'na mbiseach foidhide agus umhla agus na n-uile shubháilceadh archeana, 'na ccaomhna ar uile aimsighthibh mh'easccarad aicsidhe agus neamhaicsidhe, agus 'na ccríochnughadh beathadh go biothchonáigh. Guidhim fós thú, a Thighearna, gan fhéuchain do mhéid agus throma mo pheacadh, mo bhreith do chaitheamh na hairdfhleidhe do-fhaisnéidhe, ina bhfhuile féin, a n-aontaidh an Mhic agus an Sbiorad Náoimh, go léirthionól do naomh agus th'aingeal, a saoghal na saoghal. Amen. Orrtha oile as ionráidh san am chéudna. Treaghd agus créuchdnaigh mo chroidhe, a Íosa mhilis, do shaighid na hannsa, go searga mh'anam a n-othras do ghráidh. Cuir cíocaras oram dochum aráin na naomh atá lán don uile bhlas agus thaithneamh. Blaiseadh mo chroidhe thú, a éunghrádh na n-aingeal, a thobair na beathadh, a chisde na heagna, a athair na soillsi, agus a thuile gach aoibhnis. Blaiseadh mh'anam thú, a Thighearna, dá foirlíonadh d'iomad do mhillsi, ionnas go molainn thú gan atuirsi ó smuaineadh, ó bhréithir, agus ó ghníomh. Blaiseadh mh'anam thú, dochum gomadh ort amháin dobhiadh mh'uile úidh agus aire, gomadh chugad dobhiadh mh'uile thriall agus tharraing, agas gomadh dochum do ghlóire agus th'onóra do-ghéunainn na huile. Blaiseadh mh'anam thú, dochum gomadh tú amháin mo dhóchas agus mo mhuinighin, mo chisde agus mo shaidhbhreas, mh'aoibhneas agus mo thaithneamh, mo chiúnas agus mo lúthgháire, mh'osadh agus mo shíothcháin, mo bhiadh agus mo shásadh, mo chumairce agus mo thearmann, mo chongnamh agus mo chuidiughadh, mh'eagna agus m'fhoghlaim, mo shealbh agus mh'éunchuid do na huilibh, anois agus a saoghal na saoghal. Amen. Orrtha oile as ionráidh san am chéudna. Guidhim do thrócaire dho-aisnéidhe, a Thighearna a Íosa Críosd, go mba díon ar gach olc, agus luibh íce, agus leighis gach aingcisi dhamh an tshacramuint-si do Chuirp agus th'Fhola do
chaitheas go mídhiongmhála. Guidhim fós thú, tréus an tshacramuint chéudna, mo pheacaidh do mhaitheamh, mh'eneirte do neartughadh, agas mo dhaingniughadh a ngrásuibh. Tabhair dhamh, a Thighearna, gan blas d'fhagháil ar énní nach tusa; ar mhillse dhá méud, ná ar shólás dá aoibhne, ná ar onóir dhá hairde, achd mo bheith go bás d'éinmhéin agus d'éininntinn riot-sa, agus iar mbás ag caitheamh na glóire maille riot a saoghal na saoghal. Amen. Orrtha oile as ionráidh san am chéudna. Buidheachas duit, a Thighearna, a Fhuasgaltaidh ar n-anmann, tré shacramuint do Chuirp agus th'Fhola do thabhairt re a caitheamh dhúinn aniodh. Dírigh féin ar slighe, daingnigh ar ccéim, tabhair dhúinn do ghrádh agus t'eagla, agus bí ad sgéith dhídin dúinn feadh ar mbeathadh tré eadarghuidhe do naomhmáthar Muire. Glóir agus moladh dhuit a nimh agus a ttalmhain, anois agus do ghnáth, a saoghal na saoghal. Amén. Orrtha oile as ionráidh san am chéudna. Buidheachas duit, a bhithbheatha na mbéo, a Shlánuightheóir fheartaigh, a Chríosd, osglas flaitheamhnas agas thuirlingeas do nimh, thré thimthireachd an tshagairt san aifrionn, do líonadh an uile thalmhan do bheannachduibh. Ó créud doi-mheasda do charthanachda, a Íosa bhúidh, iodhbras thú féin ar ár soin-ne gach láoi do shíodhughadh fheirge th'Athar, do thuilliomar tré iomad ar bpeacadh. Moladh, glóir, agas buidheachas ar a shon sin duit, a airdRí shíordhuidhe, agas guidhim-si do mhórthrócaire an tshacramuint-si do naomhChuirp do bheith 'na béoghrís gacha subháilce dhamh, 'na luibh leighis do chréuchdaibh mo pheacadh. Amén. Orrtha go naomhMuire mhaighdin. Taobhaim mo chorp agus mh'anam riot, a ógh ro-shoineanta, a Mhuire, a bhainríoghan nimhe agus talmhan, do choimpir ad naomhbroinn ón Sbiorad Naomh ar ttighearna agus ar cCruthaightheóir, isa chorp do chaitheasa anois go mídhiongmhála. Guidhim thú maitheamhnas d'fhagháil ód mhac dhamh in gach modh in ar pheacaigheas, nó ina rabhas mainneachdnach ag caitheamh
na sacramainte-si. Dobhádhaisi nías naomhtha, nías gloine, agus nías geanmnuidhe iarn-a choimpeirt iná dobhádhais roimhe, gé nach rabhais riamh gan bheith naomhtha, geanmnuidh, glan; agus do mholais Dia go mórdhálach tréus an ttiodhlacadh-sin tug dhuit. Ó, nach fuilim-si iar n-am naomhadh tré chaitheamh na sacramuinte-si go ccongbhainn mo chorp agus mh'anam ó so suas gan truailleadh ó shal peacaidh mharbhtha. Ó, nach faghaim tréud th'eadarghuidhe-si, a naomhógh agus a mháthair, croidhe lasamhain do shíormholadh do mhic, agas do thabhairt bhuidheachais dom Shlánaightheóir a saoghal na saoghal. Amén. DON MHODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE GACH RIACHDANAS SBIORADÁLTA AGUS TEAMPORÁLTA, DÁ MBÍ AIR, DO NOCHDADH DO DHIA SAN TShACRAMAINT-SI, AG IARRUIDH FURTACHDA AIR. C. Créud do-ní tú iar ccríochnughadh na hurnaighthe-si? F. Nochduim créuchda mh'anma do Dhia, agus iarruim leigheas air mar so nó ar mhodh oile a shamhla. “A mo Thighearna, a Íosa Críosd, do fhulaing bás ar son shláinte mh'anma, féuch go bhfhuilim cláon dochum díomuis, sainnte, etc., agas go ttuitim go minic ionnta tréum olc agus mhainneachdnaighe féin. Anois, a Thighearna, treaghdaidh mo chroidhe fearg do chur ort riamh, agus sin ar do shon féin agus ar son an ghrádha dhlighthear dhuit: cuirim romham anois go síthmheanmnach gan aoinpheacadh do dhéunamh go bráth ad th'aghaidh. Ó a Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, ofráilim agus toirbhirim an naomhshacramuint-si dhuit a lóirghníomh mo pheacadh agus d'fhagháil luaighidheachda agus grás damh a bhos agus na beathadh suthuine thall. Ofráilim í, mar an ccéudna, ar son do naoimhEagluisi Catoilice Rómhánuighe, fá neartughadh an chreidimh, fá sgrios na heithriceachda, fá shíothcháin na bprionnsadh gcríosduidhe, fá ionntódh na druinge atá a bpeacadh mharbhtha, agus ar son na n-anmann atá a bpurgadóir,” etc.
Nochduim fós dó gach riachdanas teamporólta dá mbí oram, ar an modh-so. “Ó a Thighearna, féuch go bhfhuilim íar n-am chrádh lé teinneas agus lé trioblóid an tsaoghail,” etc. “Dá bhrígh sin, ofráilim agus toirbhirim an naomhshacramuint-si d'fhagháil fhortachda anois, más í sin do thoil-si, in gach trioblóid agas in gach riachdnas dá bhfhuil agas dá mbíaidh oram, ionnas gomadh feirde chomhaillfinn do thoil é.” Éisdim aifrionn a ndiaidh na ccomaoineach, más aimsear aifrinn bhíos ann, agus caithim ní sa lugha úair nó dhó, do réir mar bhíos aimsear agam, ag guidhe Dé agus ag breith bhuidheachuis ris, agus ag labhairt ris fá ghnoaighibh mh'anma agus leasaighthe mo bheathadh, agus gum thoirbhirt féin dochum a sheirbhísi, agas ag guidhe ar gach riachdanus dá bhfhuil oram féin agus ar mo chomharsain mar adubhramar. DON MHODH AR AR CÓIR AN LÁ DO CHAITHEAMH IAR NGLACADH COMAOINEACH. C. Cionnas chaitheas tú an lá ina nglacann tú an phroinn neamhdha-so? F. Go cráibhtheach a n-urnaighthe agus a ndeaghoibribh sbioradálta, mar atá, a éisdeachd na seanmóra, ag léughthórachd leabhar sbioradálta, agus ag déunamh a samhla oile; ag tógbháil fós m'ínntinne go minic dochum Dé; aga chumhnughadh gur ghlacas mo Thighearna, agus ag breith bhuidheachuis ris. C. Cionnas do-ní tú sin? F. Ag rádh go ceanchair, grádhach, ó bhéul nó ó chroidhe: “A Thighearna ionmhuin, do-bheirim míle buidheachus duit tréud theachd aniodh d'aitreabhadh mh'anma. Ó a Íosa, a mhíllsi mo chroidhe, tabhair grádh lasamhuin dhamh ort. A Íosa, a mo dhóigh agas a mo shóláis, tabhair dhamh do thoil do dhéunamh. A Íosa ionmhuin, toirbhirim mé fhéin idir anam agas chorp dhuit.” Do-ním fós coimhéud gan mé féin do dhortadh go mór ar ól ná ar imirt, ná ar shólás ar bioth chorparrdha oile, feadh an láoi-sin.
AN DEACHMHADH RANN DON PHARRTHAS-SO THRÁCHDAS GO HAITHGHEARR AR RÚINDIAMHRUIBH PÁISI AR TTIGHEARNA, AGUS AR AN MODH AR AR CÓIR TRÁCHDADH GO HINMHEADHÓNACH ORRA, AGUS INA ROINNTEAR IAD AR UAIRIBH NA HAIMSIRE AGUS AR LAITHIBH NA SEACHDMHAINE. AN 1 CHAIBIDIL. DON MHODH AR AR CÓIR SMUAINEADH GO HINMHEADHÓNACH AR RÚINDIAMHRUIBH PÁISI AR TTIGHEARNA, AGUS DON TARBHA TIG DHÚINN AS. C. Créud an urnaighthe as tarbhaighe ar bioth? F. Smuaineadh go hinmheadhónach ad mheanmain gach ar fhulaing Críosd ar ar son. C. Ga mhéid íarrthar chuige sin? F. A sé, .i. ullmhughadh, léughthórachd, midheamhain, buidheachas, ofráil, agus athchuinghidh. DON ULLMHUGHADH, DON LÉUGHTHÓRACHD, AGUS DON MHIDHEAMHAIN. C. Cionnas ullmhuigheas tú thú féin? F. Ó thús léigim mé féin ar mo ghlúinibh, agus do-ním do réir mar adubhramar thuas. 'Na dhiaidh sin léughaim nó tairrngim punc éigin don pháis dochum mo chuimhne. Meadhaighim íar sin an punc céudna feadh úaire nó aimsire éigin oile, mar as foide fhéudaim. C. Cionnas mhínigheas tú sin lé heisiompláir? F. A gcás gurab ar chéusadh ar ttighearna as mían liom tráchdadh, smúainim mar dobheinn ar sliabh Caluare, agus mar do-chífinn ós comhair mo shúl Críosd ga cheangal don chroich lé tairrngeadhuibh gairbhiaruinn; agus mar dobheidís an cineadh Iúdaidhe ga thógbháil suas, etc.
DO THARBHA NA MIDHEAMHNA-SO, AGUS DON MHODH AR A NGLUAISTEAR AN T-ANAM CRÁIBHTHEACH DOCHUM COMHPÁISE DO CHRÍOSD SAN CCROICH. C. Créud an tarbha bheanas tú as an midheamhuin-sin? F. Amhuil dobheinn do láthair dáríribh agus do-chífinn é dom shúilibh corparrdha, glúaisim mé féin dochum comhpáise, iongantais, eagla, doilghis, dóchais, grádha Dé agas mo chomharsan, óir do-gheibhthear iad so uile, mar sheachd ttoirthibh chroinn na beathadh, a ccéusadh Chríosd, agus dá bhrígh sin cruinnighim iad mar chnúastoradh sbioradálta dom anmuin, agas iar sin cuirim romham seirbhís dhiongmhála do dhéunamh don té do fhulaing an oiread sin ar mo shon. C. Cionnas ghlúaiseas tú thú féin dochum comhpáisi? F. Ag rádh na mbríathar-so nó a samhla. “Ó a Thighearna mhilis, an éidir go bhfhaicim-si na tairrngeadha ceanngharbha-sin ga mbúaladh id chorp, agus nach léaghann nó nach blodhann mo chroidhe tré dhoilgheas,” etc. Agas ofráilim annsin mé féin go toltanach dó, dochum gach cáis dá dhocomhlaighe, ina tteigéumha mé, d'fhulang go foidhidneach ar a shon. DON MHODH AR A MUSGAILTEAR AN T-ANAM CRÍOSDUIDHE DOCHUM IONGANTAIS, EAGLA, AGUS DOILGHIS, AG FAICSIN CHRUTHAIGHTHEÓRA NIMHE AGUS TALMHAN AG FULANG AR A SHON. C. Cionnas mhusglas tú thú féin dochum iongantais? F. Ag rádh ar an modh-so: “Bíodh iongnadh ort, a fhlaitheamhnuis, agus criothnaigh, a chruinne dhomhanda, ag faicsin chos agus lámh Dé uilechumhachdaigh, bhar cCruthaightheóra, ga snadhmadh san ccroich ar son anma comhéudarbhaigh dho-mbuidhigh reum anam-sa.” Ar úairibh oile gabhaidh omhan agus imeagla mé ag faicsin ar fhulaing Críosd ar son mo pheacadh. C. Cionnas mhusglas tú thú féin dochum na heagla-so? F. Ag rádh mar so: “Uch mo thrúaighe mé féin, má atá an díol úd ga thabhairt ar an úrchrann ttoraidh, créud bhus críoch don chríonach éudtoraidh mar mhisi? Má atá Críosd
ag fulang an oiread sin a ccrann na croiche ar son mo pheacadh, créud na píana atá ga n-ullmhughadh fám chomhair féin a n-ifrionn, muna dhearna mé doilgheas agus aithrighe iomlán annso ionnta,” etc. Ar úairibh oile musgluim mé féin dochum doilghis agus aithreachais tréum pheacthaibh, do chuir gan chonntabhairt Críosd mar sin dá chéusadh. C. Cionnas ghluaiseas tú thú féin dochum an doilghis-si? F. Ar an modh-so: “A Thighearna, as aithreach leam mar do-righneas riamh do neamhthoil; óir as íad mo pheactha agus mo mhíghníomha na tairrngeadha atá ag tolladh do chos agus do lámh; as é mo chráos agus mo mheisge an domblas agus an finéugra atá ag searbhadh do bhéoil,” etc. DON MHODH AR A NGEINTEAR DÓCHAS, AGUS GRÁDH DÉ AGUS NA COMHARSAN SAN ANAM CHRÍOSDUIDHE, AG FAICSIN MHÉUD AN GHRÁIDH DO THAISBÉIN CRÍOSD DON CHINEADH DHAONNA, AG FULANG PHÁISE AR A SON. C. Créud an tarbha oile bheanas tú as páis do Thighearna Íosa? F. Glacuim dóchas aga fhaicsin gurab tré fhonn mo shlánaighthe do fhulaing na píana móra do-fhuilngthe do fhulaing. C. Créud do-ní tú ag glacadh an dóchais-si? F. Adeirim mar so: “Do-chím gur thuilleas míle ifrionn tré líonmhuiri mo pheacadh; gidheadh, do-chím gurab dochum mo shlánuighthe agas mo ghlanta uatha atá Dia uilechumhachdach ag fulang bháis chroiche, maille ré fonn do-fhaisnéidhe maitheamhnas do thabhairt damh; agus, ós mar sin atá, créud an chúis éudóchais atá agam, ag faicsin a comhmór sin do thrócaire,” etc. Do-ním mo dhíthcheall san n-uile mhidheamhain grádh do thabhairt dom Thighearna, ag faicsin méud an ghrádha do thaisbéin damh ag fulang ar mo shon. C. Cionnas ghlúaiseas tú thú féin dochum an ghrádha? F. Ag rádh mar so: “Ó a Thighearna ghrádhaigh, atáid na lámha-sin agad osgailte san ccroich ag tabhairt chuiridh dhamh,
ionnas go ttugadh mh'anam fasgadh seirce dhuit; agus atá an táobh-sin agad osgailte, amhail dhoras ga osgladh romham, dom dhul asteach a meadhón do chroidhe,” etc. Ar uairibh oile gluaisim mé féin dochum grádha shláinte na n-anmann, agus dochum grádha fhíri dom chomharsain, tré Chríosd d'fhulang an oiread sin do phéin ar a son. C. Créud í an tslighe ghlacas tú dochum an ghrádha-so? F. Aga rádh riom féin mar so: “Ó do-chím go bhfhuil Críosd mo Thighearna ag fulang bháis san ccroich ar son shláinte na n-uile, ní léigiobh-sa dhíom ar son bheagáin saothair, ná ar son chúise ar bith oile saoghalta, cuidiughadh lé gach aon, do réir mo chumhachd, do shlánughadh a anma,” etc. DO NA TRÍ RANNUIBH OILE IARRTHAR DOCHUM AN SMUAINIDH INMHEADHÓNAIGH RÉUMHRÁITE, .I. BUIDHEACHAS, OFRÁIL, AGUS ATHCHUINGHIDH. C. Créud do-ní tú íar ccruiniughadh an chnuastoraidh sbioradálta-sa dod anmuin? F. Do-bheirim altughadh buidhi dom Thighearna tré ar fhulaing ar mo shon. C. Cionnas do-ní tú sin? F. Ag rádh ar an modh-so: “Do-bheirim buidheachas mór dhuit, a mo Thighearna fíre, agus beannaighid na haingil thú tré iomad na ttiodhlaictheadh-so, agus ar son an ghrádha adhbhalmhóir-si tugais dhamh,” etc. Toirbhirim agus iodhbruim íar sin mé féin idir anam agus chorp dom Thighearna Íosa Críosd, do iodhbuir é féin dá chéusadh a gcrann na páise ar mo shon. C. Cionnas do-ní tú sin? F. Ag rádh mar so nó a shamhla oile: “Ó a mo Thighearna a Íosa Críosd, do iodhbuir thú féin dod chéusadh a gcrann na croiche céusda ar mo shon-sa; ofráilim agus iodhbruim dhuit go humhal iníseal, anois agus feadh mo bheathadh, mh'anam agus mo chorp, mh'uile bhriathra agas smuaintighthe, mh'uile ghníomhartha agus luadhaill, mo bheatha agus mo bhás,” etc. Fá dhéoidh glacuim dóchas láidir go bhfhuighe mé gach athchuinghidh iarrfad a n-onóir na páisi, má sé mo leas a fagháil.
C. Cionnas íarras tú th'athchuinghidh? F. Ag guidhe Dé ar an modh-so: “Guidhim thú, a mo Thighearna a Íosa Críosd, tréus na pianaibh, tréus an ttarcuisne, agus tréus na dólásuibh do fhuilngisi, an tráth do cuireadh tarrngeadha ionnad san ccroich, etc., grása do thabhairt dhamh, etc.” As líonmhar na smuaintighthe agus na hathchuingheadha bhíos ar an modh-so ag dáoinibh subháilceacha ag midheamhuin ar phuncuibh páisi ar ttighearna, ar a ccríochuibh déidheanacha, agus ar dhiamharrúnaibh oile an chreidimh, ag claochlódh agas ag malairt a n-itcheadh do réir mar bhíos an punc ar a smuainid, agus do réir deisgréide gach aóin. AN 2 CAIBIDIL. D'OROLÁISDE NA PÁISI, .i. DÁ CEATHRA PUNCAIBH FICHIOD PRIONSIOPÁILTE DO RÉIR NUIMHRE NA CEATHRA N-UAIR BHFICHEAD IN AR FHULAING AR TTIGHEARNA CRÍOSD. C. Créud an chaoindúthrachd nó an deuósion as mó ghnáthaigheas tú? F. Smúaineadh ar pháis agus ar bhás mo Thighearna Íosa Críosd; óir do-ním mo dhíthcheall san uile aimsir agus san uile úair do ló agus d'oidhche, an mhéid go bhfhéudaim, smuaineadh orra. C. Cionnas do-ní tú sin? F. Ag smúaineadh, in gach úair fó leith, ar phunc éigin do na neithibh do imthigh air san úar-sin féin do shunradh. C. Ga tráth thionnsgnas tú? F. Ar a sé do chlog tráthnóna. A sé tráthnóna. C. Créud mheadhaigheas tú ar a sé tráthnóna? F. Mar dobhí ar Slánuightheóir Íosa Críosd ar a shuipéar a bhfochair a dheisgiobal tráthnóna Dardaoin na ccomaoineach, agus do ionnail a ccosa.
A seachd. C. Créud mheadhaigheas tú ar a seachd? F. Mar do orduigh Críosd uasalshacramaint na haltóra, in ar fhoillsigh líonmhuire a ghrádha dhúinn, ag tabhairt a Chuirp Naomhtha mar bheathaidh sbioradálta dar n-anmannaibh. A hochd. C. Créud mheadhaigheas tú ar a hochd? F. Mar do imthigh Críosd go lubhghort Getsemani, mar do-righne an urnaighthe fó thrí, mar do chuir allas fola dá chorp, agus mar do chomhfhurtaigh an t-aingiol é. A naoi. C. Créud mheadhaigheas tú ar a naoi? F. Póg Iúdais do Chríosd, agus mar do thréigsiod a dheisgiobuil é; mar do ghabh agus do cheangail an cineadh Iúdaidhe é. A deich. C. Créud mheadhaigheas tú ar a deich? F. Mar rugadh mo Thighearna Críosd go heasonórach, agus ceungailte mar bhithbheanach, go hIerúsalem, agus mar dobhí an cineadh Iúdaidhe ag gabháil do dhornaibh agus do bhasaibh air, agus ga tharruing tré gach slighidh ba sailche agus ba haimhréidhe dá tteagmhadh orra. A haonndéug. C. Créud mheadhaigheas tú ar a haonndéug? F. Mar rugadh mo Shlánuightheóir go teach Annais a ccéudóir, mar ar buaileadh an bhas go n-iomad easonóra air. A dódhéug a meadhón oidhche. C. Créud mheadhaigheas tú ar a dódhéug a meadhón oidhche? F. Mar rugadh go teach Caiphais é, agus mar tugadh annsin dochum ceasda é. A háon d'éis mheadhóin oidhche. C. Créud mheadhaigheas tú ar a háon d'éis mheadhóin oidhche?
F. Mar rugadh mo Thighearna Críosd do láthar Phioláid, agus mar do hinchreachadh a bheatha. A dó. C. Créud mheadhaigheas tú ar a dó? F. Mar do chuir Pioláid Críosd go hIorúaidh, agus mar do chuir Iorúaidh éudach geal uime dá fhochuidbheadh. A trí. C. Créud mheadhaigheas tú ar a trí? F. Mar do chuir Iorúaidh ar a ais go Pioláid é, mar do cuireadh coir bhréige air, agus mar do iarradar an cineadh Iúdaidhe re a chrochadh é. A ceathair. C. Créud mheadhaigheas tú ar a ceathair? F. Mar do-chuadar an cineadh Iúdaidhe a ccomhairle ar Chríosd, mar do cuireadh coir bhréige air, agus mar thángadar fiadhain bhréige dá dearbhadh. A cúig. C. Créud mheadhaigheas tú ar a cúig? F. Mar do buaileadh tuilleadh ar chúig mhíle buille do sgiúrsa ar mo Thighearna dom shlánughadh. A sé ar maidin. C. Créud mheadhaigheas tú ar a sé ar maidin? F. Mar do cuireadh an choróin spíne fá a cheann isa deilg do tholl a fheóil go cnáimh, ionnas go raibhe fuil a chinn ag sileadh re a shúilibh. A seachd. C. Créud mheadhaigheas tú ar a seachd? F. Mar do thaisbéin Pioláid é íarn-a sgiúrsadh, agus an choróin spíne air, don phobal, ag rádh: Ecce homo, .i. “Ag so an duine.” A hochd. C. Créud mheadhaigheas tú ar a hochd? F. Mar do thoirbhir Pioláid é ar láimh a namhad dá chur
dochum bháis, agus mar do nigh ar a shon sin a lámha aga rádh go raibhi féin neimhchiontach. A naoi. C. Créud mheadhaigheas tú ar a náoi? F. Mar do iomchuir Críosd an chroch ar a ghuaillibh go cnoc Caluari. A deich. C. Créud mheadhaigheas tú ar a deich? F. Mar do thuit mo Thighearna Íosa fón ccroich lé hiomad anbhfainne, agus mar do fháguibh fioghair a aighthe san mbrat do chumail Ueronica dá ghnúis. A haonndéug. C. Créud mheadhaigheas tú ar a haonndéug? F. Mar do heasonóruigheadh é ag tarraing a éudaigh dhe, rian-a chéusadh do láthair an phobail, tréur hathnuadhaigheadh na créuchda do-righneadar na sgiúrsadha air. A dódhéug a meadhón láoi. C. Créud mheadhaigheas tú ar a dódhéug a meadhón láoi? F. Mar do ceangladh cosa agus lámha mo Thighearna Críosd don chroich le tairrngeadhaibh ceanngharbha. A haon. C. Créud mheadhaigheas tú ar haon d'éis mheadhóin laoi? F. Mar do tógbhadh mo Thighearna dá chéusadh san ccroich, ina raibhe trí huaire béo a bpéin adhbhalmhóir. A dó. C. Créud mheadhaigheas tú ar a dó? F. Mar do athain a mháthair dá dheiscciobal ionmhuin d'Eóin, ag rádh: Ecce filius tuus, .i. “Ag so do mhac,” agus mar do thiomain a anam a lámhaibh an Athar shíordhuidhe.
A trí. C. Créud mheadhaigheas tú ar a trí? F. Mar do éug sé san ccroich, ag rádh: Consummatum est, .i. “Do críochnaigheadh na huile.” A ceathair. C. Créud mheadhaigheas tú ar a ceathair? F. Mar do hosgladh leis an tshleigh a thaobh, as ar shil fuil agus uisge. A cúig. C. Créud mheadhaigheas tú ar a cúig? F. Mar do leag Ioseph agus Nicodemus as an ccroich é. A sé tráthnóna. C. Créud mheadhaigheas tú ar sé tráthnóna? F. Mar do hadhlaiceadh ar ttighearna Críosd san tumba, agas dóláis ar mbaintighearna Muire. C. Créud do-ní tú a n-onóir na páise? F. An tan bhíos uaignios agam, do-ním midheamhana fada ar na puncaibh-si, agus ar na pianaibh móra oile do fhulaing ar tTighearna Críosd. Roinnim iad, ar úairibh oile, ar laithibh na seachdmhaine, agus adeirim cúig Paidreacha agus cúig Aue Maria a n-onóir an phuinc ar a mbím ag smuaineadh, do thabhairt bhuidheachuis dom Thighearna ar son ar fhulaing ar mo shon, agas d'íarruidh toradh a pháisi do roinn rom. AN 3 CAIBIDIL. DON LUCHD DO CHUIDIGH PÁIS AGUS BÁS DO THABHAIRT DO CHRÍOSD, AGAS DO NA HIONADAIBH IN AR SHIUBHAIL A N-AIMSIR A PHÁISI. MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DIA LUAIN. DON LUCHD DO CHUIDIGH PÁIS AGUS BAS DO THABHAIRT DO CHRÍOSD. C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú ar maidin Dia Luain?
F. Smuainim go díthcheallach ar an luchd do chuidigh páis agus bás do thabhairt dom Thighearna, agus ar na hionadaibh in ar shiobhail sé a n-aimsir a pháisi. C. Créud íad na heasccairde dobhí ag Críosd a n-aimsir a pháise? F. An chéideasccara, Iúdas, do reac ar dheich bpinginnibh fichead é. An 2. Na saighdeoireadha do ghabh é. An 3. Annas, sa theach a ttugadh dochum ceasda an chéuduair é. An 4. An té do bhúail an bhas air a ttigh Annais. An 5. Caiphas, do inchreach é mar an ccéudna. An 6. An cineadh Iúdaidhe do chuir coir bhréige air. An 7. Na fiadhain bhréige táinig dá dearbhadh. An 8. An luchd do fholaigh a aghaidh agus do ghabh do dhornaibh air. An 9. Iorúaidh, do-righne a sgige agus a fhochuidbheadh. An 10. Pioláid, rug bhreith ndamanta air. An 11. Na céusdúnaigh do sgiúrs é, do chuir coróin spíne air, agus fá dheóidh do chéus é. An 12. Gaduidhe na láimhe clé do aithisigh é. C. Créud do-righne Críosd ar a son so uile? F. A Athair do ghuidhe ar a son, san ccroich. DO NA HIONADAIBH IN AR SHIUBHAIL CRÍOSD A N-AIMSIR A PHÁISI. C. Créud iad na hionaidh ina raibhe a n-aimsir a pháise? F. An céidionadh, an proinnteach in ar ionnail cosa a dheiscciobal, agus Iúdais mar aon riú. An dara hionadh, an lubhghort nó an garrdha in ar dhoirt allus fola. An 3. An tshlighe ón lubhghort go Ierúsaleim tré a rugadh ceangailte é. An 4. Teagh Annais, in ar buaileadh bas air. An 5. Teagh Caifais. An 6. Pálás Iorúaidh, in ar tarcaisnigheadh é. An 7. Teach Phioláid, mar a rugadh breath bháis air.
An 8. An tshráid Amargura, tréur iomchair a chroch. An 9. Sliabh Caluari, in ar céusadh é. An 10. Lámha na maighdine neamhdha Muire in ar thuirling anúas don chroich, iar ttarraing a chnámh as a n-altuibh. An 11. An tumba in ar hadhlaiceadh é. An 12. An t-ifrionn, as ar sháor na haithre naomhtha. C. Créud do-ní tú ag smuaineadh ar na háitibh-si? F. Do-bheirim coimhideachd ó sbioraid agus ó inntinn dom Thighearna, ag midheamhain ar na pianuibh móra do fhulaing in gach ionad díobh, agus adeirim urnaighthe éigin 'na n-onóir. AN 4 CAIBIDIL. DO NA HIONNSDRUMUINNTIBH LÉUR FHULAING CRÍOSD PÁIS. MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DIA MÁIRT. C. Créud an cháoindúthrachd ghnáthaigheas tú san maidin Dia Máirt? F. Smúaineadh ar na hionsdrumaintibh léur fhulaing mo Thighearna páis, agus go sunradhach ar an ccuid díobh do bhean ré a chorp naomhtha, aga ngnáithiomchar im inntinn a n-ionnshamhail bhrosna nó cúaile, agus ag meadhughadh na ccréuchd do-righneadar air. C. Ga mhéud d'ionsdrumuintibh na páise nar bhean ré naomhcholainn Chríosd? F. A dódhéug, .i. 1. Na lóchrainn dobhí ag an ccineadh Iúdaidhe ga ghabháil. 2. Na bratacha agus na trompadha dobhí aca. 3. An cloidheamh lér bhean Peadar a chlúas do Mhalcus. 4. An coileach do ghoir an úair do shéun Peadar Críosd. 5. An labhar agus an t-éudach leur ionnail Pioláid a lámha. 6. An casúr léur daingnigheadh na tairrngeadha. 7. An pionnsúr lér tarrngneadh as an ccroich iad. 8. Na dréimireadha léur leagadh anúas don chroich é. 9. Na dísleadha leur imreadar na saighdeoireadha a éudach. 10. An tshlat sa barr ar ar cuireadh an sbonc.
11. Crocha an dá ghadaidhe. 12. Na deich bpinginne fichead ar ar reacadh é. C. Créud iad na hionsdrumuinte do bhean re naomhchorp Chríosd? F. A dódhéug oile. 1. An chroch. 2. An choróin spíne. 3. Na sgiúrsadha. 4. An sbonc ráinig dochum a bheoil. 5. An tshleagh do osguil a thaobh. 6. Na tairrngeadha do tholl a chosa agus a lámha. 7. An t-éudach do cuireadh uime. 8. An colamhuin dá raibhi ceangailte. 9. An cáolach léur cuibhrigheadh é. 10. Línéudach Uerouica, in ar fhágaibh lorg agus fioghair a ghnúise. 11. An ríoghcholbha do cuireadh ina láimh ag fochuidbheadh fáoi. 12. An bradlín do filleadh 'na thimcheall, agus an giobal leur folcadh a aghaidh ga adhlacadh. AN 5 CAIBIDIL. DÓ DHÁ PHEANNAD DÉUG AR TTIGHEARNA CRÍOSD AGUS DO NA SEACHD N-UAIRIBH DO DHÓIRT A FHUIL. MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DIA CÉUDAOIN. DO DHÁ PHEANNAID DÉUG AR TTIGHEARNA CRÍOSD. C. Créud an cháoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú san maidin Día Céudaoin? F. Smúainim ar phíanaibh mo Thighearna, agus ar na seachd n-úairibh do dhóirt a fhuil mhórluaigh. C. Ga mhéid na píana as troma agas as prinnsiopáilte do fhulaing a n-aimsir a pháise? F. A dódhéug a líon. An chéidphian, ina anam, .i. tuirse mhór agus imshníomh tré dhamnughadh Iúdais do bhraith é; an chinidh Iúdaidhe do
chomhoibrigh dochum a bháis; agus tré loighead na tarbha do-ghéunadh a pháis d'iliomad tré a mainneachdnaighe féin. An 2. pian, ina chorp do sgiúrsadh. An 3. ina cheann, do créuchdnaigheadh leis an ccoróin spíne. An 4. ina chnámhaibh, do tairrngeadh as a n-altaibh a ccrann na croiche. An 5. ina aghaidh, do seiligheadh. An 6. ina shúilibh, do líonadh dá fhuil. An 7. ina bhéul, do searbhadh lé domblas. An 8. ina láimh dheis, do tolladh le tairrnge. An 9. ina láimh chlí, do tolladh le tairrnge. An 10. ina chois dheis, do tolladh le tairrnge. An 11. ina chois chlí, do tolladh le tairrnge. Fá 12. ina thaobh, do gonadh iar mbás. C. Créud adeir tú a n-onóir na bpian-so? F. Dá Phaidir déug gon-a nAue Maria. DO NA SEACHD N-UAIRIBH DO DHOIRT CRÍOSD A FHUIL. C. Ga mhéid úair do dhóirt Críosd ar Slánaightheóir a fhuil? F. Fó seachd, .i. 1. An tan do himghearradh é. 2. An tan do chuir allus fola dhe. 3. An tan do sgiúrsadh é. 4. An tan do cuireadh an choróin spíne air. 5. An tan do beanadh a éudach, dobhí ceangailte dá fhéoil, de, tréur hathnúadhaigheadh na créuchda do-righneadar na sgiúrsadha air. 6. An tan do tolladh a chosa agus a lámha aga chéusadh. 7. Agas fá dheóidh, an tan do búaileadh an tshleagh ina thaobh air. C. Créud do-ní tú a n-onóir na seachd n-úair-sin? F. Adeirim seachd bPaidreacha gon-a nAue Maria fá Chríosd do roinn thoraidh a pháisi riom, agus fám ghlanadh ó na seachd bpeacthaibh marbhtha agus óm uile smal agus shalchar anma.
AN 6 CAIBIDIL. DO NAOMHSHACRAMUINT NA HALTÓRA, AGUS DO DRUING DO CHUIDIGH LE CRÍOSD A N-AIMSIR A PHÁISE DÁ CHOMHFHURTACHD. MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DARDAOIN. C. Créud an chaoindúthrachd ghnáthaigheas tú san maidin Dardaoin? F. Smúaineadh ar an ttiodhlacadh as mó agus as úaisle dá ttug ar ttighearna Críosd dhúinn rian-a bhás, .i. ar náomhshacramuint na haltóra, ina bhfhuil a fhuil agus a fhéoil féin, do orduigh tráth nóna Dardáoin na ccomáoineach. Féuch a ndubhramar thúas san 5 caib. don 5 rann. Smúainim fós an lá céudna ar an druing do chuidigh leum Thighearna a n-aimsir a pháisi, agus measuim mé féin mar dobheinn am aon díobh. C. Cia do chuidigh, dá bhrígh sin, leis a n-aimsir a pháisi? F. An dá fhear déug-so, .i. 1. An tAthair neamhdha, tug grása dhó dochum na páisi d'fhulang. 2. An t-aingeal do chomhfhurtaigh é 'na anbhfhainne. 3. Muire mhaighdean, a mháthair. 4. Muire Mhagdalén. 5. Muire Chleophe. 6. Muire Shalome. 7. Eóin soisgéulaidh; óir dobhádar so lán d'imneadh agus do dhoilgheas fá a pháis, agus 'na chuideachda gus an ccroich, agus fá bhun na croiche ina fharradh go bhfhuair bás. 8. Maille ris so, an bhean darbh ainm Ueronica do ghlan a aghaidh. 9. Siomón Cireneus, do iomchuir treas dá chroich. 10. Gaduidhe na láimhe deise, do chreid dó. 11. Nicodemus, agas 12. Ioseph ó Arematia; óir as iad an dias-so do chuidigh a leagadh as an ccroich agus a adhlacadh.
AN 7 CAIBIDIL. DO CHÉUSADH AR TTIGHEARNA, AGUS DO NA SEACHD MBRIATHRAIBH DO LABHAIR SAN CCROICH. MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DIA HAOINE. DO CHÉUSADH AR TTIGHEARNA CHRÍOSD. C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú san maidin Día hÁoine? F. Smuainim, mar dobheinn féin do láthair ar chnoc Caluairi, ar chéusadh mo Thighearna Críosd san ccroich agus ar a naoimhbhriathruibh innte. C. Cionnas do céusadh é? F. Iar n-iomchar a chroiche dhó go cnoc Caluairi, a chosa agus a lámha do cheangal di le tairrngeadhuibh garbha, agus a bheith trí huaire beó san bpéin ndo-fhaisnéidhe-sin. DO NA SEACHD MBRIATHRAIBH DO LABHAIR CRÍOSD SAN CCROICH. C. Créud do-righne Críosd san ccroich? F. Gan fhéuchain da gach péin dá raibhi air, do labhair seachd mbriathra mar udhaichd ndéidhionaigh, agus mar sheachd riaghluibh deighbheathadh agus deaghbháis dhúinne. C. Créud í an céidbhriathar? F. Pater, dimitte illis, quia nesciunt quid faciunt, .i. “A Athair, tabhair mhaitheamhnus dóibh, óir ní fheadadar créud do-níd.” C. Créud an teagasg do-bheir dhúinn annso? F. Ar n-easccara do ghrádhughadh, agas guidhe ar a shon; labhairt do ghnáth go maith uirre, agus maitheamhnus do thabhairt úainn agus d'iarruidh a n-aimsir ar mbáis ar na huilibh ar a ndearnamar, nó do-righne éugcóir oruinn. C. Créud í an dara briathar? F. Hodie mecum eris in paradiso; (ag labhairt ris an ngadaidhe) .i. “Biaidh tú maille riom-sa aniu a bparrthas.”
C. Créud theagaisgeas dhúinn san mbréithir-si? F. Labhairt ar neithibh neamhdha, ar mbeatha do thabhairt súas amhail dobheimís a bparrthas a ccoidriobh na n-aingeal agas na naomh; agas a n-airteagal ar mbáis, dóchas mór do bheith aguinn ar slánughadh tré thoradh a pháisi agus a bháis. C. Créud í an treas bríathar? F. Mulier, ecce filius tuus; (ag labhairt re a naomhmáthair, Muire mhaighdean) .i. “A bhean, ag sin do mhac; “agus arís, ag labhairt re a dheisgiobal Eóin: Ecce mater tua, .i. “Ag sin do mháthair.” C. Créud mhúineas Críosd sna bríathraibh-si dhúinn? F. Cáoindúthrachd do bheith aguinn dá mháthair, ar mbaintighearna Muire, aga togha mar ádhbhocóididh ar ar son agus mar mháthair thrócairigh feadh ar mbeathadh agus a n-airteagal ar mbáis. C. Créud í an ceathramhadh bríathar? F. Sitio, .i. “Atá tart oram.” C. Créud theagaisgeas san mbréithir-si dhúinn? F. Mían lasamhain shláinte na n-anmann do bheith oruinn, agus grádh Dé do mhusgladh ionnainn a n-úair ar mbáis. C. Créud í an cúigeadh bríathar? F. Deus meus, Deus meus, vt quid dereliquisti me? .i. “A mo Dhé, a mo Dhé, créud fár thréigis mé?” C. Créud theagaisgeas dhúinn is na briathraibh-si? F. Dia do ghuidhe gan ar ttréigean choidhche a mbeathaidh ná a mbás. C. Créud í an seiseadh briathar? F. Pater, in manus tuas commendo spiritum meum; .i. “A Athair, tionmaim mo sbiorad ad lámhaibh.” C. Créud theagaisgeas annso dhúinn? F. Inn féin d'fhágbháil ar thoil Dé, ar bpréuláideadh, agus ar n-athar faosidne, ag cur gach neith bheanfas réur mbeathaidh agus réur mbás ina lámhaibh. C. Créud í an seachdmhadh briathar? F. Consummatum est; .i. “Do críochnaigheadh na huile.”
C. Créud aithnigheas is na briathraibh-si dhínn? F. Ar n-uile ghnoaighthe agus thiomna do chríochnughadh ria mbás, agus sin a n-am, ionnas, gibé punc nó moimint a tiucfa, nach bíadh éinní d'úalach oruinn achd aire do thabhairt dar n-anam amháin. AN 8 CAIBIDIL. DO SHEACHD NDÓLÁSUIBH AR MBAINTIGHEARNA MUIRE. MIDHEAMHUIN NA MAIDNE DIA SATHAIRN. C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú Dia Sathairn? F. Smúainim ar dhólásuibh náomhmáthar Dhé, Muire. C. Créud íad na dóláis as mó dobhí uirre? F. Na seachd ndóláis do tholl a croidhe mar sheachd ccloidhmhibh rinnghéura. C. Ga tráth dobhádar na dóláis-si uirre? F. Dobhí an céuddólás díobh uirre an tan do himghearradh Críosd. An 2. dólás, an úair do-chúaidh ar seachrán uaithe, agus do bhí ar feadh thrí lá aga iarraidh. An 3. an tan do ghabh a chead ría, ag triall uaithe d'fhulang a pháise. An 4. dólás, an tan do-chonnairc é ag iomchar na croiche, agus iar sin crochda san ccroich chéudna. An 5. dólás, an tan do ghlac idir a lámhaibh é, iar n-a leagadh as an ccroich. An 6. dólás, an tan do hadhlaiceadh é, agus do dúnadh an tumba. An 7. dólás, a húaigneas fhéin d'éis a adhlaicthe. C. Cionnas smuaineas tú orra so? F. Smuainim go ceanchair, cráibhtheach, fá mar dobheinn féin do láthair, agas ag tabhairt chuideachda agus mheisnighe don mhaighdin bheannaighthe is na cásaibh-si.
AN 9 CAIBIDIL. DON MHAITH TÁINIG AS PÁIS AR TTIGHEARNA CRÍOSD. MIDHEAMHAIN NA MAIDNE DIA DOMHNAIGH. DON DÁ MHAITH DHÉUG TÁINIG EISDE. C. Créud an cháoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú san maidin Dia Domhnaigh? F. Smúainim ar gach maith táinig as páis mo Thighearna. C. Créud an mhaith as mó tháinig eisde? F. Gé go bhfuil gach maith dá ttáinig éisde do-áirmhe, ar a shon sin, cuirfeam annso síos an dá mhaith dhéug as prinnsiopáilte táinic eisde, dochum altuighthe buidhe do thabhairt dhó ar a son. An chéudmhaith: glóir an Athar shíordhaidhe; óir as mó do glóraigheadh agus do honóraigheadh é tríthe iná tré ní ar bhith oile. An dara maith: onóir Chríosd féin; óir do hardaigheadh é trén-a pháis a n-onóir, a n-ainm, agus a nglóir os cionn an uile chréutúireadh; gonadh aire sin adeir Pól: “Do umhluigh Críosd é féin ar ar soin-ne go bás croiche, tréur ardaigh Día é, agus tré a ttug dó ainm os gach ainm.” Ad Philip. II. An treas maith: doirsi flaitheamhnuis, dobhí go sin dúnta romhainn, d'osgladh lé heochair a chroiche. An ceathramhadh maith: fuasgladh na n-aithreadh naomhtha a braighdionas. An cúigeadh maith: ar bhfúasglaidh-ne, an cineadh daonna. An seiseadh maith: fothughadh na naoimhEagluise Catoilice, óir as a bpáis Chríosd fréumhaighthear í. An seachdmhadh maith: brígh na sacramainteadh; óir, do réir na naomhaithreadh, as a táobh Chríosd san ccroich, amhail thobar neamhdha, do shil a mbrígh agus a subháilce. An t-ochdmhadh maith: brígh gach loghaidh; óir as do thoradh páise Críosd tig gach brígh agus gach subháilce dá bhfhuil aige.
An naomhadh maith: teagasg agus oideas ar slánaighthe tug ar maighisdir Críosd dúinn san ccroich, mar adubhramar thúas. An deachmhadh maith: an inntinn agus an fonn chuireas Críosd san ccroich oruinn dochum na n-uile shubháilceadh; óir, ag tabhairt dar n-úidh gach ar fhulaing ar ar son, neartaighthear inn chuca, agus do-bheir-sean congnamh dhúinn. An aonmhadh maith dhéug: neart do thrasgairt ar n-easccarad, .i. an diabhail, an tsaoghail, agus na colna. Agas fá dhéoidh, leigheas a n-aghaidh gach cathaighthe dá ccuirid oruinn agus gach trúaillidheachda dochum a ngríosaid inn; óir, má fhéuchmáoid mar as dú ar Chríosd arn-a chéusadh, budh leigheas dhúinn sin ar gach teidhm ghalair agus easláinte sbioradálta, mar fa leigheas phobail Israel san tseinreachd féuchain ar an nathair nimhe phráis do-righne Maoisi. Nume. xxi. DON MHODH AR A TTIOBHRA AN CRÍOSDUIDHE PUNC ÉIGIN DO BHEATHAIDH NÓ DO PHÁIS CHRÍOSD INA CHUIMHNE, IN GACH CÁS DÁ TTEIGÉUMHA DHÓ. C. Créud an mhaith oile tig dhúinn as páis ar ttighearna? F. Furtachd agus faosamh 'nar ccruadhchásaibh, agus fós barr foirbhtheachda agus lúaighidheachda in gach ní dá ndiongnam nó dá bhfuiléungam, dá rabham a sdaid na ngrás aga ndéunamh. C. Cionnas sin? F. Ag tabhairt phuinc éigin dar fhulaing Críosd ar ar son, 'na shamhuil sin do chás nó do dhocomhal, in ar n-inntinn, agus aga leanmhain, an mhéid as éidir linn. C. Cionnas chuirfeam sin a ngníomh? F. 1. Ag smúaineadh, mar adéurtha, an tan mhusglamáoid as ar ccodladh, mar do mhusgail a dheisgiobuil é san luing, iar mbeith a ngúais bháidhte dóibh. 2. Agas 'nar suidhe; mar dobhí 'na shuidhe agus an choróin spíne ga cur air. 3. Agas 'nar seasamh; mar dobhí 'na sheasamh a bhfiadhnuisi Phioláid tug breitheamhnas báis air. 4. Agas 'nar luighe; mar dobhí 'na luighe san tumba.
5. Agas ag sgaradh reur ccairdibh; mar do sgar re a mháthair, ag tríall dochum a pháise. 6. Agas ar marcuigheachd; mar dobhí ag marcuigheachd ar asal, ag dul go Ierúsalem Domhnach na Slat. 7. Agas ag siobhal; mar dobhí ag siobhal go cnoc Caluari agus a chroch ar a ghúalainn. 8. Agas cuirthe; mar do shuidh fá chur ar brúach thobair Samaria. 9. Agas ocaraigh; mar dobhí fá ocaras ar an bhfhásach. 10. Agas íotadhaigh; mar dobhí fá thart san ccroich. 11. Agas fá fhúachd; mar dobhí fá fhúachd san mainséur. 12. Agas an tan mhíthaithneas ar ndeaghoibre re duine oile; mar dobhí an cineadh Íudaidhe ag murmur air, aga rádh gurab ón diabhal fúair cumhachda slánaighthe gach othair. 13. Agas an tan adeirthior drochfhocal rinn; mar adubhairt Pioláid a bhfíadhnuisi an phobail ris: Ecce homo, .i. “Ag so an duine.” 14. Agas an tan chuirthear bréug oruinn; ar an ccoir mbréige do cuireadh air. 15. Agas an tan do-níthear ar n-inghreim; mar do damnadh dochum báis go héugcórach é. 16. Agas an tan thréigid ar ccairde inn; mar do thréigsiod a dheisgiobail é. 17. Agas an tan fheallas neach oruinn; mar do fheall Iúdas air. 18. Agas a tteinneas dá dhocomhlaighe; mar do fhulaing go foidhidneach gach pian ina raibhe feadh a pháisi. 19. Agas a n-aimsir ar mbáis; ar n-udhachd do dhéunamh gan mholl. 20. Agas ar n-anam do thoirbhirt a láimh an Athar shíordhuidhe go ccreidiomh, go ndóchas, agas go ngrádh, mar do fháguibh-sion cúram a mháthar ar Eóin Bruinne, ag fagháil bháis dhó, agus mar do thoirbhir a anam a láimh an Athar neamhdha.
DON MHODH AR AR CÓIR DON CHRÍOSDUIDHE A UDHACHD DHÉIDHIONACH DO DHÉUNAMH. C. Cionnas as cóir an udhachd dhéidhionach do dhéunamh? F. Ar an modh-so, muna bhfhaghthar modh as fearr. Foirm na hudhachda déidhionaighe. A Thighearna, a Dhé uilechumhachdaigh, fábhuim-si an peacthach bochd reum udhachda báis, agus foillsighim anois a bhfhiadhnuisi do mhórdhachda neamhdha, na maighdine glórmhuiri Muire, mh'aingil choimhideachda, na cúirte ainglidhe, agus a bhfhiadhnuisi na méide atá annso do láthair, go ccreidim go seasmhach an uile ní chreideas ar naomhmáthair an Eagluis Chatoilche Rómhánach, agus go ndiúltuim anois agus a bpunc mo bháis don uili ní dobhiadh contrárrdha dhi. Follsighim fós gurab mían liom beatha agus bás d'fhagháil san ccreidiomh ccéudna, agus dá dhearbhadh sin adeirim mo Chré. Creidim an nDia, etc. Foillsighim mar an ccéudna go bhfhuilim ag iarruidh naomhshacramainteadh na hEagluisi, .i. sacramuinte na haithrighe, sacramuinte Chuirp Chríosd, agus an ungtha dhéidheanaigh. Atáim fós, anois, as uchd mo Shlánuightheóra Íosa Críosd, do ghuidh ar son a easccarad san ccroich, ag íarruidh maitheamhnuis ar an uile dhuine ar a ndearnas leatrom nó éugcóir riamh, ina mhaoin nó ina chlú; agus do-bheirim óm uile chroidhe maitheamhnas iomlán don uile dhuine dá ndearna éuccóir nó leatrom oram. Ó a Thighearna, a mo Dhé, admhaim agus foillsighim go n-adhraim agas go ngrádhaighim thú os cionn na n-uile, agus go ngoilleann oram go ro-mhór agus go ttreaghdann mo chroidhe aoinpheacadh do dhéunamh ríamh id th'aghaidh, agus sin ar do shon féin, atá ad mhaith dhoi-chríochnaighthe, agus ar son an ghrádha dhlighthear dhuit; agas cuirim romham go síthmheanmnach gan do neamhthoil do dhéunamh go bráth. Ó a Thighearna, atá dóchas agus muinighin láidir agam as do mhórthrócaire go ttiobhra tú grása agus maitheamhnas mo pheacadh dhamh a bhos, agus an ghlóir shuthain iar mbás.
A Athair neamhdha, déin trócaire oram. A Mhic Dé, a Fhuasgailtéoir an domhain, déin trócaire oram. A Sbiorad Naoimh, a Dhé, déin trócaire oram. A Thríonnóid Naomh, a Dhé, déin trócaire oram. A Íosa, a Mhic Dé bhí, déin trócaire oram. A Íosa, a Íosa, a Íosa, a mo Shlánuighthéoir, dén trócaire oram. Iésus Maria, Iésus Maria, Iésus Maria. A Mhuire, a naomhmáthair Dhé, guidh oram. A Mhuire, a mháthair na ngrás, A mháthair na trócaire, Saor mé óm easccairdibh, Agas gabh liom a n-uair-si mo bháis. A aingil Dé, a mo choimhéudaidh, guidh oram. A naomhPádruig, guidh oram. A naomhCholuimchille, guidh oram. A naomhathair a S. Phroinsiais, guidh oram. A naoimhBrighid, guidh oram. (Gairmeadh annso ar gach naomh as mian leis.) A naomhMuire agus a uile naomhaingle, a uile naomha agus bannaomha, guidhidh ar mo shon dochum mo Thighearna Dé, ionnas go gcaomhnadh ón uile olc, agus go ttreóraigheadh dochum na beathadh síordhuidhe mé. Amén. Tiomnuim mh'anam ad lámhuibh, a Thighearna, ós tú féin do cheannuigh é, a mo Dhé, a Rí na fírinne. Gnáthaigheadh an t-othar iad so do rádh an feadh bhias a theanga ar a chumas; agus dá sgara a urlabhra ris, bíodh ga rádh ina inntinn. Gairmeadh go roi-mhinic, agus go spesialta san bpunc dhéidhionach, ar ainm Íosa. C. An bhfhuil loghadh ag an té ghairmeas san bpunc-soin air? F. Atá, dá raibhe a ccomhmbráithreas chreasa S. Phroinsiais agus a sdaid na ngrás, loghadh na n-uile pheacadh aige, agus sin fós dá n-abra ina inntinn iad muna fhéuda a rádh ó bhéul.
AN T-AONMHADH RANN DÉUG DON PHARRTHAS-SO. THRÁCHDAS AR AR CCRÍOCHUIBH DÉIDHEANACHA, ARN-A ROINN AR LAITHIBH NA SEACHDMHAINE. AN 1 CHAIBIDIL. DO NA CRÍOCHUIBH DÉIDHEANACHA GO GENERÁILTE, AGUS GO SPESIALTA DO BHÁS NA BPEACTHACH. MIDHEAMHAIN AN TRÁTHANÓNA DIA LUAIN. C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú tráth nóna Dia Luain? F. Smuaineadh go hinmheadhónach ar ar ccríochuibh déidheanacha, agus do shunradh ar bhás na bpeacthach. C. Créud íad na neithe as mó thairrngeas sinn ón bpeacadh? F. Midheamhain dhíthcheallach, dhuibheagánach ar pháis Chríosd, mar theagaisgthear san deachmhadh rann, agus fós ar ar ccríochuibh déidheanacha. C. Créud an dearbhadh atá aguinn an tarbha-sin do bhuain as midheamhuin ar ccríoch ndéidheanach? F. Briathra an sgrioptúir dhiadha, adeir Eccl.vii: Memorare nouissima tua et in aeternum non peccabis, .i. Cuimhnigh ar do chríochuibh déidheanacha agus ní pheacaighfe tré bhithe. C. Ga mhéid críoch dhéidheanach ann? F. A ceathair, .i. an bás, an breithiomhnas, ifrionn, agus flaitheamhnas. C. Cia thiocfas dochum na ccríoch-so? F. Tiocfaid na huile dochum an bháis agus dochum an bhreithiomhnais; gidheadh, ní théid go hifrionn achd an luchd do-gheibh bás a bpeacadh mharbhtha, ná go flaitheamhnas achd an té do-gheibh bás a sdaid na ngrás.
C. Créud as bás ann? F. Sgaradh an anma ris an ccorp. C. An bhfhuil aimsear an bháis cinnte? F. Ní fhuil ar bioth aimsear as neimhchinnte iná í, óir as gnáth a teachd mar ghaduidhe san oidhche. C. Cionnas bhíos úair an bháis? F. Lán do dhochar, do dhólás, d'úamhan, agus d'eagla ag na peacthachuibh go sunradhach. C. Créud bhus cúis dochair dhóibh? F. Duadh agus neart an teinnis; méud an tshaothair agus an dochair as gnáth go coitcheann san aimsir-sin, mar as follas do gach aon bhíos do láthair dhuine ag éug; óir, an tan bhíos an bás a ngar don othar, ní anann brígh a ccois ná a láimh dhó; fuaraighid a bhoill; sluigthear a shúile 'na cheann, agus fá dhéoidh, diaidh a ndiaidh, sgaraidh cumhachda na ccéudfadh ris, gan neart ag liaigh ná ag doctúir furtachd air. C. Créud bhus cúis doilghis agus dobróin dóibh? F. Gurab éigean dóibh go grod sgaradh go síordhuidhe ris na neithibh as mó dar dhoirteadar a ngrádh, .i. ris an saidhbhrios agus ris an maoin shaoghalta do chruinnigheadar le hiomad cúraim agus saothair; ris an onóir, ris na cáirdibh; ris an mnaoi, ris an ccloinn; agus fós, mar do-chíd nach déin a ndobrón ná a ngul-so maith ná tarbha dhóibh. Ní beag fós méuduighthear a ndoilgheas, ag smuaineadh ar an ccrích thiocfas ar an ccorp, do chothaigheadar gus an uair-sin go díthchiollach, cúramach, lé togha biadh agus dheoch mblasda, agus do chumhdaigheadar go cluthmhar, seasgar, a n-éudach, mar as fearr do fhéudadar. C. Créud an chríoch-sin? F. A thréigean don uile chréutúir; agus an t-anam dobhí 'na choidreabh re cian d'aimsir roimhe sin, agus ar a raibhi grádh nádúrtha aige, do sgaradh ris. Méudaighthear fós a ndoilgheas, mar do-chíd go bhfhúigfid an saoghal lom, tarnachda, mar thángadar air; nach léigfidhear a bhfhad san toigh iad; nach ttiocfaid a ccairde 'na ngoiri tré bhréne a mboltanuis; agus go ccuirfidhear íad fá dhéoidh a bpoll talmhan, mar a mbeid 'na mbiadh crumh agus daol, gan chuimhne orra ó bheagán aimsire amach go ló an bhráith; go mbia an
saidhbhrios do chruinigheadar go saothrach, agus (féudfuidhe) as cúis dhamanta dhóibh, aga roinn ag daoinibh ag nach biaidh cuimhne orra, ná cúram 'na ttimcheall, agus nach tiobhra beannachd ar a n-anmannuibh. C. Créud bhus cúis uamhain nó eagla dhóibh? F. Do bhrígh nach feas dóibh go cinnte c'áit a rachaidh an t-anam iarn-a sgaradh ris an ccorp, achd amháin go racha do láthair an fhírbhreitheamhan Chríosd do thabhairt chunndais chruaidh ina ndearna riamh; cionnas fuair agus do chaith gach ar shealbhaigh; cionnas do chomhoibrigh lé grásaibh Dé, agus cionnas rug buidheachas ris ina thiodhlaicthibh. C. Cionnas bhíos fear an choinsiais chiontaigh an tan-sin? F. Lán d'éudóchas; óir tigid a ndearna riamh do mhíghníomhaibh 'na fhiadhnuise, ionnas gurab iad na neithe as mó ina bhfhuair sólás roimhe sin as mó bhus cúis dóláis an uair-se dhó. Annso bhíos an t-anam bochd lán do leisgi an corp d'fhágbháil d'eagla teachda do láthair an bhreitheamhan, ar ar chuir fearg go roi-mhinic. Tréigfe a aingiol coimhideachda é, agus biaidh ar coimhchrioth tré radharc uathbhásach na ndiabhal thiocfas a ccoinne a anma, agus bhéuras fá dhéoidh go hifrionn dá phianadh é. AN 2 CAIBIDIL. DO BHÁS NA BHFÍRÉUN. MIDHEAMHAIN AN TRÁTHANÓNA DIA MÁIRT. C. Créud an chaoindúthrachd ghnáthaigheas tú tráthnóna Dia Máirt? F. Smuaineadh go hinmheadhónach ar bhás na bhfhíréun. C. An mbí an t-uamhan nó an eagla, ar a labhra san ccaibidil dhéidheanaigh, ar na fíréunuibh a n-am an bháis? F. Ní bhí; achd bíd lán d'urghairdiughadh fá sgaradh ris an ccorp, dobhí 'na easccarad aca a slighidh na subháilceadh, agus ar a rugadar buaidh ré hiomad troisgthe agus crábhaidh; bídh fós iomad sóláis inntinne aca ina ndeaghoibribh agus in gach duadh
dar fhuilngeadar ar son Dé: bídh mar an ccéudna creidiomh, dóchas, agus grádh láidir aca a n-aghaidh chathaightheadh an diabhail: cuidighidh fós urnaighthe na hEagluise go mór léo. Ní fhéudaid na diabhail urchóid do dhéunamh dhóibh, óir do-bheirid a n-aingil choimhideachda dídean, furtachd, agas sólás mór dhóibh: do-bheir fós Críosd iomad d'uairibh le a radharc féin, a mháthar millsi Muire, agus na n-aingeal, sólás do-fhaisnéise dhóibh; agus fá dhéoidh bheirid an t-anam do chaitheamh an tshóláis shíordhaidhe go flaitheamhnas leó. AN 3 CAIBIDIL. DON BHREITHEAMHNAS. MIDHEAMHAIN AN TRÁTHANÓNA DIA CÉUDAOIN. C. Créud mheadhaigheas tú tráthnóna Dia Céudaoin? F. Ar an mbreitheamhnas déidheanach agus ar na comharrthaibh cricheaglacha thocfas roimhe. C. Créud as breitheamhnas ann? F. Cunndas caol, cruaidh, bheanfas Críosd da gach aon ina smuainthighthibh, ina bhriathraibh, agus ina ghníomhuibh; in gach olc dá ndearna, agus in gach maith dar léig thairis; san uile thiodhlacadh sbioradálta nó teamporálta dar ghlac riamh; agus breath dhamanta nó shlánaighthe bhéuras iar sin air do réir a chionadh nó a neimhchionadh. C. Ca tráth bhéuras Críosd an bhreath-so? F. Ó thús, a bpunc an bháis, gé go ttiobhra breitheamhnas coitchionn ar chách uile iar gcríochnughadh an domhain. C. Créud fá ttiocfa sé dochum an bhreitheamhnuis? F. d'fhoillsioghadh a ghlóire, a chumhachd, agus a chirt, ag tabhairt ghlóire nó péine síordhuidhe do gach aon do réir mar do thuill. C. Cionnas thiocfas dochum an bhreitheamhnuis? F. Do réir a dhaondachda, 'na bhreitheamh chruaidh, chruadálach; agus ní bhia croidhe gan chriothnughadh ag faicsin ruithnidh na feirge bhias ar a ghnúis.
C. Cia ar a ttiobhra sé breath? F. Ar na huilibh dá ttáinig riamh. C. Créud an t-ordughadh bhias orra? F. Beid na fíréin ar láimh dheis Chríosd, agus na hainbhfhíréin ar a láimh chlí. C. Créud an modh ar a mbeid? F. Beid na fíréin lán do shólás anma, agus na hainbhfhíréin lán do chrioth, d'uamhan, agus d'eagla, gan dáil furtachda; óir bíaidh Críosd an breitheamh os a ccionn lán d'fheirg agus d'iomchasaoid, agus ifrionn osgailte fútha; bíaidh a ccoinsias asttigh ga ccreim, agus amuigh an domhan ar dearglasadh 'na ttimcheall; don taobh-so na peactha do-righneadar ag déunamh fiadhnuisi 'na n-aghaidh, agus don taobh oile na deamhain aga bpianadh. C. Cionnas bhéuras Críosd an bhreath? F. Adéura ris na fíréunaibh go suilbhir, subháilceach, go miochair, muinteardha: Venite, benedicti Patris mei, possidete paratum vobis regnum a constitutione mundi; .i. “Teagaidh, a luchd na mbeannachd, glacaidh oidhreachd nimhe do hullmhaigheadh daoibh ó thosach domhain.” Matthaei xxv. C. Créud adéura ris an druing dhamanta? F. Adéura, lán do neimh agus d'fheirg: Discedite a me, maledicti, in ignem aeternum, qui paratus est diabolo, et angelis eius; .i. “Imthighidh, a luchd na mallachd, go hifreann íochdarach, san teinidh shíordhaidhe a n-aontaidh na ndiabhal, mar nach bhfaicfithi gnúis Dé do shíor.” Matth. xxv. C. A ndiongna Críosd fabhar do neach ar impidhe Mhuire nó na naomh? F. Ní dhiongna, achd do réir mar do thuilleadar a ghníomha. C. An éidir lé neach bheith gearánach ar a égceart? F. Ní héidir, óir beid peacaidh na druinge damanta follas do na huilibh. C. An ttiocfaid comharrthadha ar bioth ré san mbreitheamhnas? F. Tiocfaid comharrthadha ro-uthbhásacha. C. Créud iad sin? F. Ó thús, meallfaidhear urmhór an domhain lé haintiCríosd. Beid na cineadhaigh dá ccomhthuargain lé cogthaibh, le
conghaluibh, le gorta, agus lé plághaibh. Beid na dúile agus na hairdreannuigh ar coimhchrioth. Sgarfaidh a solas ris an ngréin. Biaidh an ghealach mar fhuil; tuitfid na rélltanna; loisgfidhear an domhan uile, agus beid iomad do chomharrthaibh uathbhásacha oile ann. AN 4 CAIBIDIL. DO PHIANUIBH IFRINN, AGUS DO SHUNRADH DO PHIANUIBH NA CCÉUDFADH. MIDHEAMHAIN AN TRÁTHA NÓNA DARDAOIN. C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú tráth nóna Dardaoin? F. Smuainim go hinnmheadhónach ar phianuibh ifrinn, agus go sunradhach ar phianuibh na ccéudfadh. C. Créud as ifrionn ann? F. Teach na ndiabhal, poll fó thalmhuin ina mbíd féin agus an drong dhamanta a tteinidh shíordhuidhe agus a bpianuibh oile éugsamhla. C. Cia théid go hifrionn? F. An mhéid do-gheibh bás a bpeacadh mharbhtha ar a ttugthar breath dhamanta. C. Créud an phian bhíos orra ann? F. Bíd dá ghné phéne orra, dá ngoirid na diadhaireadha pian na ccéudfadh agus pian na díoghbhála. C. Créud í pían na ccéudfadh? F. Losgadh na bpeacthach a tteinidh shíordhuidhe atá coimhghéur coimhnemhneach sin nach fuil achd súgradh a tteinidh shaoghalta dá teinntighe 'na fochair. Os a chionn so, bíd piana fó leith ar gach céudfaidh do réir a sóláis san saoghal-sa; óir bíd na súile mailíseacha aga bpianadh lé radharc duaibhseach na ndeamhan, agus na clúasa urchóideacha aga líonadh d'uaillfeartaigh éugsamhail na druinge damanta. Bídh fós piana sbesialta, nach éidir lé hinntleachd dhaonna do
smuaineadh, ar na balluibh oile, .i. ar na lámhuibh do-righne an ghoid, an ghlacaireachd thruaillidhthe, ar sgórnaigh na bpótaireadh, etc. AN 5 CAIBIDIL. DO PHÉIN NA DÍOGHBHÁLA BHÍOS AR AN DRUING NDAMANTA A N-IFRIONN. MIDHEAMHUIN AN TRÁTHANÓNA DIA HAOINE. C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú tráthnóna Dia hAoine? F. Smuaineadh go díthcheallach, duibheagánach, ar phianuibh ifrinn, agus go sunradhach ar phianuibh na díoghbhála. C. Créud as pian dhíoghbhála ann? F. Bheith sgartha ré caidreabh na náomh agus na n-aingeal, agus gan gnúis Dé d'fhaicsin tré bhioth síor, ní as mó chráidheas an drong dhamanta ináid uile phiana na ccéudfadh. C. Ga fad bhíd na hainbhfhíréin a n-ifrionn? F. A saoghal na saoghal, an feadh bhias Dia ag caitheamh a ghlóire, ní as anmhór mhéuduigheas a bpiana; óir as beag narbh ionann leó agus bheith slánaighthe, dá mbeith a fhios aca go mbiadh furtachd 'na ccionn d'éis mhillióin do bhliadhnuibh; gidheadh, mar do-chíd go mbeid is na pianuibh céudna go síordhuidhe, gan chrích, gan fhoircheann, gan dáil cabhra, brisdtear a ccroidhthe lé doilgheas. Méudaighidh fós a ndoilgheas, mar bhíos a ccoinsias asttigh aga ccreim, agus ag tabhairt a bpeacadh, agus na mbeagshólás mbréugach fuaradar ionnta, agus na díoghbhála móire do-righneadar dhóibh, 'na ccuimhne. Mallaighid annso don uair 'nar geineadh, a rugadh agus 'nar hoileadh riamh iad, agus don Chruthaightheóir do chruthaigh iad. Guidhim thú, a léughthóir chríosdaidhe, smuain go bhfuil iomad a n-ifrionn as lugha do pheacaigh a n-aghaidh Dé iná thú féin, agus glac ré na haithrighe do-bheir Dia dhuit; fill ód th'olcuibh agus déin lóirghníomh ionnta a n-am.
AN 6 CAIBIDIL. DO PHURGADÓIR, AGUS DON MHODH AR AB ÉIDIR NA HANMANNA d'FHUASGLADH EISDI. MIDHEAMHUIN AN TRÁTHANÓNA DIA SATHAIRN. C. Créud an chaoindúthrachd as mó ghnáthaigheas tú tráth nóna Dia Sathaiin? F. Smuaineadh go díthcheallach ar phianuibh purgadóra, truaighe dom ghlacadh dhóibh, agus furtachd orra fám dhíthchioll ag guidhe Dé le a bhfuasgladh. C. Créud as purgadóir ann? F. Áit fó thalmhuin, lán do theinidh agus do phianuibh éugsamhla, ina ttabhraid an drong dar maitheadh a bpeacaidh mharbhtha díoluidheachd iomlán ionnta féin agus ina bpeacadhuibh sologhtha. C. Ga fad bhíd ann? F. Go díol a bhfhiach go hiomlán. C. An bhfuil slíghe leurab éidir na hanmanna d'fhuasgladh as purgadóir, nó a bpiana d'aithghearrughadh? F. Atá, .i. trosgadh, urnaighthe, déirc, agus deaghoibri oile; go spesialta saicrifís an aifrinn, agas toirbhirt an loghaidh dhóibh. DON MHODH DARAB ÉIDIR LE BRÁITHRIBH MIONÚRA S. PHROINSIAS ANMANNA d'FHUASGLADH AS PURGADÓIR. C. Créud an loghadh atá ag bráithribh S. Phroinsias le a thoirbhirt d'anmannuibh purgadóra? F. A measg gach pribheléde dá ttugadar Pápadha éugsamhla dhóibh, tug Clemens, an seachdmhadh Pápa don ainm-sin, pribheléid do phrobhinsialuibh an uird, agus don chompánach as sine bhíos ag gach aon díobh, anam d'fhuasgladh as purgadóir gach Luan agus gach Día Céudaoin, lé haifrionn do rádh lén-a grásuibh. Tug fós an phribheléid chéudna do gach éunghairdian don ord, agus don athair as sine dá choimhthionnól. Compend. Min., fol.219.
Tug arís an t-ochdmhadh Clemens pribheléid da gach sagart don ord mhionúr anam gach bhráthar, agus anam athar agus máthar gach bhráthar don ord chéudna d'fhuasgladh as purgadóir, ag rádh aifrinn le gach anam díobh. As éidir leó, mar an ccéudna, anam an té, aga mbí lóisdín réidh do ghnáth fá chomhair na mbráthar do ghlacadh 'na n-aoidheadh, d'fhuasgladh as purgadóir, ag rádh aifrinn re n-a grásuibh. Os a ccionn so, tug an deachmhadh Leo agus an ceathramh Eoghan pribheléid da gach bhráthair don ord chéudna, gach anam as toil leis d'fhuasgladh as purgadóir, ag déunamh deaghoibre éigin díobh so 'nar ndiaidh, .i. ag rádh na seachd psailm n-aithrighe mar aon le liottánuibh na naomh agus na horrthana leanas iad (achd na liottáin agus na horrthanna do bheith le hinntinn an Phápa); ag rádh na Coróna Muire, nó na Coróna Íosa; agus gach uair dá ndiongna cuairt chráibhtheach ag eagluis éigin don ord chéudna, ina mbí cúig haltóra nó nísa lugha, agus déuras trí Paidreacha agus trí Aue Maria, nó an psalm Miserere mei, Deus, etc., a bhfhiaghnuisi gach altóra díobh, agus sin dá mhionca dá ndéunuidh énní díobh so. Compend. Min., fol.221. C. C'áit a rachaid na hanmanna d'éis a saortha ó phurgadóir? F. Go flaitheamhnas Dé gan amharas. C. An mbiaidh purgadóir d'éis laoi an bhreithiomhnuis ann? F. Ní bhiaidh, achd bíaidh gach aon a nglóir nó a bpéin shíordhaidhe. C. C'áit a ttéighid na leinibh do-gheibh bás gan bhaisdeadh? F. Go háit ar leith a n-ifrionn mar nach bhfaicfid radharc Dé; achd ní bhiaidh do phéin orra achd sin. AN 7 CAIBIDIL. DO GHLÓIR FHLAITHEAMHNUIS. MIDHEAMHAIN AN TRÁTHANÓNA DIA DOMHNAIGH. C. Créud mheadhaigheas tú tráthnóna Dia Domhnaigh? F. Ar ghlóir fhlaitheamhnuis. C. Créud as flaitheamhnas ann?
F. Teach Dé ina ttabhair glóir shíordhaidhe anma agus chuirp, maille ris na hainglibh, don luchd do-ní a thoil san saoghal-sa. C. Créud í glóir an n-anma? F. Radharc Dé, agus an grádh roi-mhilis bhias ag an n-anam dó arn-a fhaicsin. C. An éidir maith as mó iná an ghlóir-si d'fhagháil? F. Ní héidir lé Dia féin maith as mó iná í do thabhairt do chréutúir ar bioth. C. An í so an chríoch dhéidheanach dochum a bhfuilmid ag tarraing, an mhéid atámaoid 'nar mballaibh fíri ag Eaglais Dé? F. As í gan chonntabhairt. C. An sgarfa ris an té do-ghéubha í éunuair? F. Ní sgarfa a saoghal na saoghal, agus as uime sin ghoirthear an bheatha shíordhaidhe dhi. C. Créud í cuid an chuirp don ghlóir-se? F. A aithbheóughadh ó mharbhaibh, a cheangal ris an anam chéudna dobhí 'na chompánach aige ag tuilleamh na glóre-si le a dheaghoibribh. C. An bhfhuighe a thuilleadh? F. Do-ghéubha sé ceithre tiodhlaicthe glórmhara ó Dhia, .i. bheith ruitheanda, lúthmhar, so-threaghdtha, do-mhudhaighthe. C. Cionnas bhias ruitheanda? F. Do bhrígh go racha a sholas agus a dhealradh tar dhealradh na gréine. C. Cionnas bhias lúthmhar? F. Do bhrígh go mba héidir leis gan saothar dul ó oirrthear go hiarthar an domhain, ó thalmhuin go neamh, re turnamh an abhra. C. Cionnas bhias so-threaghdtha? F. Do bhrígh go mba héidir leis dul tré san uile chorp oile gan díoghbháil dó féin ná don chorp, mar do-chuaidh Críosd tré leic an tumba. C. Cionnas bhias do-mhudhaighthe? F. Do bhrígh nach féudfa fuachd ná teas, arm ná saothar, ná ní ar bioth oile, urchóid do dhéunamh dhó. C. An bhfhuighid na céudfadha glóir fó leith? F. Do-ghéubha gach céudfaidh fá seach a glóir féin; óir do-ghéubha an tshúil radharc chuirp Chríosd, Mhuire, agus mar sin do gach céudfaidh oile fó leith.
AN DARA RANN DÉUG DON PHARRTHAS-SO THRÁCHDAS AR AN AIBGHITIR SBIORADÁLTA, INA MÚINTEAR AN AITHGHIORRA TRÉ SHLIGHIDH NA SUBHÁILCEADH DOCHUM FOIRBHTHEACHDA NA BEATHADH. C. Créud as aibghitir sbioradálta ann? F. Nuimhir litreadh na haibghitre coitchinni gus an ccéill rúnda atá a bhfolach ionnta. C. Cionnas chuireas tú an aibghitir-si a ngníomh? F. Ó thús, bídh go maith do mheabhair agam; agus a n-aimsir urnaighthe na maidne, smuainim uirre go coitchionn, nó ar na puncuibh as prinnsiopáilte as mian liom do chur a ngníomh an lá-sin di, agus sin dochum ghlóire Dé dáríribh, agus ar son an ghrádha dhlighthear dhó. Smuainim mar an ccéudna san oidhche, ag dul do chodladh dhamh, an rabhas mainneachdnach an lá-sin fá a cur a ngníomh, agus má dobhádhas, gluaisim mé féin dochum doilghis fá gan tarbha do bhuain eisde; nó, muna rabhas, molaim Dia 'na thiodhlaicthibh. C. Ga mhéid litir innte? F. A seachd déug a líon; óir ní fhuil K nó Q a ngnás san nGaoidheilc, ar an adhbhar gurab ionnann foghar dhóibh agus do C arn-a cheangal d'ailm nó d'ur, .i. a nó u. Ní mó fós atá X, Y, ná Z a ngnás aguinn. C. Cionnas adeir tú í? F. Ar an modh-so. A. .i. Adhraim, moluim, agus do-bheirim glóir agus onóir dom Thighearna, do Dhia. Guidhim é go ccreidiomh ndaingean agus go ndóchas láidir, agus grádhuighim é tar na huilibh, agas mo chomharsa mar mé féin. B. .i. Bím ga ghnáithmheas, an mhéid go bhfhéudaim, mo bheith do láthair mo Thighearna Dé, agus go sbesialta a n-aimsir na hurnaighthe; noch do-ním go cinnte san maidin, a meadhón láoi, agus san oidhche, muna ccuiri cúram nó gnouighthe móra toirmeasg nó búaidhreadh oram; agus an tan theagmhas a leithéid
sin do chás damh, do-ním í úair éigin oile don ló chéudna nó don ló 'na dhíaidh. Agas do bhrígh gurab dearbh liom go bhfhuilim dá láthair, go háiridhi an uair-sin, bím, do réir mo dhíthchill, lán d'umhlachd, do reuerens, agus do dheighiomchar; agus ní lamhuim éinní do dhéunamh nach laimheóbhainn do láthair uachdaráin saoghalta. Labhruim ris go miochair, grádhach, ó bhréithir nó ó smuaineadh, ag tabhairt buidheachais dó 'na thiodhlaicthibh móra dhamh féin agus don uile chréutúir oile. C. .i. Coisreaguim mé féin go meinic, agus go sbesialta ag tionnsgna agus ag críochnughadh mh'uile ghníomhradh sbioradálta agus teamporálta, aga ndíorghadh dochum glóire agus onóra Dé agus a thoile do choimhlíonadh, agus sin dáríribh ar son an ghrádha dhlighthear dhó, agus fós dochum sláinte mh'anma féin agus mo chomharsan. D. .i. Diúltaim dom thoil féin san uile ní nach measuim do bheith do réir thoile Dé. Coimhéuduim a aitheanta, agus fós aitheanta na hEagluisi, agus mh'úachdarán cille agus tuaithe. Do-ním maith a n-aghaidh an uilc. Cuirim fós srían reum antoluibh, reum dhrochcláonadh, agus reum chéudfadhuibh corparrdha, ag gnáthfhoraire ar mo smúaintighthibh, ar mo bhríathruibh, agus ar mo ghníomharthuibh. E. .i. Éisdim an t-aifrionn, agus glacuim cumaoineacha go sbioradálta gach laoi. Do-ním fós faoisidin, agus glacuim cumaoineacha go corporrdha uair san tsheachdmhuin, nó ní sa lugha uair san mí, ag sgrúdadh mo choinsiais re san bhfhaoisidin gus an ccúram agus gus an bhfhriochnamh as mó dobhiadh agam fá ghnoaighthibh éifeachdacha saoghalta, agus ní léigim tré chúram ar bioth nó tré theagmhais an naomhghnás-so díom. F. .i. Fágbhuim gach laoi fuighioll dom dhínnéur agus dom chuid do dhéirc do na bochduibh, agas ní fhromhuim biadh nó deoch eatorra achd ré riachdanas. Do-ním, mar an ccéudna, gach laoi urnaighthe éigin áiridhe do dhéirc sbioradálta ar anmannuibh purgadóra, agus ní léigim aonlá thoram gan obair éigin fhoirimealach do dhéunamh ar ghrádh Dé, mar atá trosgadh, déirc, etc. G. .i. Gnáthuighim go laitheamhail dul ar mh'aghaidh a slighídh na subháilceadh; agus dá thabhairt sin dochum críche go maith, cuirim im fhiadhnuisi gach riachdanus dá bhfhuil ar mh'anam, agus gach ní as mó do-ghéunadh sochar dhó, .i. na subháilce atá 'na riachdanas oram, na lochda agus na droichbhéusa
atá ceangailte díom, agus do-ní ro-urchóid dhamh, do sgrios; agus bím, dá bhrígh sin, ar soláthar gach neith sa riachdanas a bhfhuil mo bheatha sbioradálta; agus iarruim ar dhaoinibh oile Dia do ghuidhe ar mo shon dochum na críche-sin. H. .i. A Huchd pháisi agus bháis mo Shlánaightheóra Íosa Críosd, guidhim é féin fá thoradh na páise céudna do roinn riom, agus mo ghlanadh a naoimhshreibh a fhola neamhdha ón uile chlaonadh cholnaidhe, ón uile aingiuidheachd agus cruas croidhe, ón uile shaint agus uabhar, ó uile shiocraibh agus pheiriacail peacaidh, etc. I. .i. Iarruim ar Dhia go dúthrachdach grása na foidhide do thabhairt dhamh, agus guidhim é ar son gach aoin atá contrárrdha dhamh, nó do-ní mh'inghreim, ar aithris Chríosd do ghuidh san ccroich ar a easccairdibh. Caithim fós an beagán aimsire atá agam san saoghal-sa go tarbhach a ndeaghoibribh ag seirbhís do Dhia, agus ag smúaineadh do ghnáth ar shíordhuidheachd na glóire nó na péine atá im chionn san saoghal thall; agus dá bhrígh sin, do-ním neimhní do chaithréim an tshaoghail, agus grádhaighim fám dhíthchioll áille na beathadh marthanaighi. L. .i. Luighim ar mo leabuidh san oidhche, mar dobheinn gum shíneadh san uaigh, agus smúainim ar mo chríochuibh déidhionacha, go sunradhach mar bhías mo chorp ga chrinn ag píasduibh; agus do cheannsúghadh mh'uabhair, smuainim go laitheamhail cionnas dobhádhas, atáim, agus bhead, .i. go rabhadhas im bhréunchubhar, go bhfhuilim lán do mhorgadh; agus go mbead im bhíadh crumh. M. .i. Measuim gurab é gach áonlá mo lá déidhionach, agus nach fuil áonlá oile romham dochum lóirghníomha do dhéunamh san méid do-chuaidh tharam dom bheathaidh, agus go ccaithfe mé (féudfaidhe) dul an oidhche-sin féin a bhfíadhnuisi Dé, do thabhairt cunndais úaim im uile smúaintighthibh, bhriathraibh agus oibribh. N. .i. Ní labhraim go bráth ar neach ar bioth go holc, gé bhudh follas fírinneach an ní adéurainn 'na aghaidh; agus ní mó adeirim énní oile do ghoillfeadh ar mo choinsias, achd bídh mo chomhrádh fírinneach, annamh, tromdha, tráthach, céillidh, cuibhdheasach.
O. .i. Ofráilim agus iodhbruim gach láoi mé féin agus na huile dom Chruthaightheóir, agus glacaim ón-a lámhuibh gach a tteagmhann damh féin nó dom chairdibh; agus madh maith iad, ní chuirid méid mheanman oram; nó madh olc, ní chuirim cás ionnta; agus ní mó chuirid tuirse ná fearg oram, achd toirbhirim iad dó féin dochum a ghlóire agus a onóra agus leasa mh'anma. P. .i. Páis mo Thighearna Críosd as leigheas damh a n-aghaidh na n-uile lochd agus chneadh sbioradálta; óir snadhmaim agus coimhcheangaluim mé féin re Críosd san ccroich, an tan bhíos dólás, trioblóid, nó cathaighthe ar bioth oram, ag ofráil mo dhocomhail a síthcháin an doilghis agus na bpían ndoi-mheasda do fhulaing sé ar mo shon a ccrann na croichi; agus tig toradh mór dom anam as sin, agus comhfhurtachd neamhdha dá bhfhulang. R. .i. Re duine ar bioth ní theagmhaim, achd measuim gurab ó dheighinntinn adeirthear agus do-níthear gach ní ad-chluinim agus do-chím, gé go bhfhaicfidhe a aithearrach damh; agus an tan do-chím ní mhíothaithnis riom, féuchuim an mbí an ní-sin ionnam féin, agus dá rabh, léigim dhíom é. Os a chionn sin, do-ním mo dhíthcheall ar gach ní maith do-chím a nduine oile do tharruing chugam. S. .i. Sgrúdaim mo choinsias fó thrí gach láoi, .i. ag éirghi dhamh ar maidin, a meadhón láoi, agus go háiridhe san oidhche re ndul do chodladh dhamh, agus féuchuim annsin cionnas do choimhlíonas rún na maidne, agus má gheibhim gur thuitios go trom, go háiridhe a n-áoinpheacadh mharbhtha, do-ním mh'fháoisidin gan mhoill, nó ní sa lugha croidhebhrúdh, agus glacaim féin peannaid éigin ann, óir bídh criothnughadh croidhi oram comhnaidhe éunuaire do dhéunamh ina comholc sin do sdaid. T. .i. Teagaisgim an teagasg críosdaidhe, agus gach foirceadal oile sbioradálta sa fhios bhíos agam, do luchd an ainbhfhis; agas ní headh amháin nach ttabhruim siocair pheacaidh d'aoinneach, achd fós go ttréigim comhluadar lochda na meisge, na drúise, an chomhráidh ghraosda, na náomhathaisi, agus gach druinge do-mhúinte oile, an tan nach féudaim a ccosg ná a smachdughadh. U. .i. An Uair theagmhas míofhortún nó míchinneamhain ar bith dhamh, nó bhíos faitcheas uilc oram, smuainim ar theaghlach ifrinn, agus dá mbeinn féin mar áon ríu go mbíadh an
t-olc-sin agus gach olc oile agam. Smuainim fós, an úair theagmhas deighchinneamhuin damh, ar thionól flaithis Dé, agus dá mbeinn 'na measg go mbíadh an mhaith-sin agus an uile mhaith oile agam; agus do-ním mo dhíthcheall teachd mar a bhfuilid, ag leanmhuin a luirg. Agas, dá bhrígh sin, smuainim a bhféiltibh Muire, agus gach náoimh oile, a loighead do fhulaing náomh an láoi-sin ar son Chríosd san sáoghal-so, agus méud choróna na glóire fúair ar a shon san saoghal thall. Críosd dá mhórthrócaire do thabhairt na coróna-sa dhúinn. Amen. FINIS. 1645.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services