Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Teagasg Críosdaidhe
Title
An Teagasg Críosdaidhe
Author(s)
Ó hEodhasa, Bonabhentura,
Compiler/Editor
Mac Raghnaill, Fearghal
Composition Date
1611
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1976)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN TEAGASG CRÍOSDAIDHE annso, arna chuma do BHONABHENTURA Ó H-EÓDHASA bráthair bochd d'ord San Próinsias, a ccoláisde S. Antoin a Lobháin.
ORAOID DON LÉGHTHÓIR.
A fhir léghtha an leabhráin bhig, féch an tobar ó ttáinig; uille a tharbha iná a thaidhbhsi; buime th'anma an obair-si. An cisde trér cheandaigh fear an fearann inar foilgheadh - ag so an fearann ina bhfoil; neamhfhonn do nocha dleaghoir. An némhann trér dhiult duine sealbh a thoiceadh ttalmhaidhe: dá bhféchthar dhí an fonn 'na bhfoil do-gébhthar sonn í a n-asgoidh. Ag so anois do nimh chugaibh sreath ghrianach gheam ccarrmhugail, teagaisg thoirtheacha Dé dhúinn, troimcheatha do sgé an sgrioptúir. Ní thugsam dhóibh - ní díoth soin - foighreadh a ngaoidhilg grianaigh; a nDia, a lochthobar na leag, cia an fothragadh nach fuairsead! Ní dhearnsam - nír dhénta dhamh - dorcha lé dealradh briathar bhróin ngeamghoirthe niamhtha ó nimh briathra dealraighthe an Dúilimh. Lé hóradh briathar dá mbeinn, mór dhíobh fá chiaigh dho chuirfinn; congmhaid failghe chumhdaigh cloch urdail na faighne a bhfolach.
Rolla na bhfiach dho dhleaghair; cairt do dhúithche ón Dúileamhain daitsi gan sgéimh do sgríobh mé; sgríobh féin an ccairt-si ad chroidhe.
DON TEAGASG CRÍOSDAIDHE ANNSO. Roinntear an Teagasg Críosdaidhe a ccúig cotchaibh: trách- daidh an chédchuid díobh so ar an cCré, an dara cuid ar an bPaidir, an treas cuid ar na hAitheantaibh, an ceathramhadh cuid ar na Sacramainntibh, an cúigeadh cuid ar na Subháilchibh agus ar na Lochdaibh. DON CHÉDCHUID. thráchdas ar an cCré. AN CHRÉ A LAIDIN. AN CHRÉ A NGAOIDHEILG. arna roinn 'na hairteagalaibh 'sa ughdar féin ós comhair gach airteagail. 1. Creidim a nDia Athar uileachumhachdach, cruthaightheóir nimhe agus talmhan: 1. Petrus.
2. agus a nÍosa Críosd, a énMhacsan, ar tTighearna: 2. Andreas. 3. do gabhadh ón Sbiorad Naomh, do geineadh ó Mhuire Óigh: 3. Ioanne. 4. do fhulaing páis fá Phoinnt Phioláid, do crochadh, fuair bás agus do hadhlacadh: 4. Iacob Maior. 5. do-chuaidh síos go hifrionn, do éirigh an treas lá ó mharbh- aibh: 5. Thom. 6. do-chuaidh suas ar neamh, atá 'na shuidhe ar deis Dé Athar uileachumhachdaigh: 6. Iacob Minor. 7. as sin thiocfas do bhreith bhreithe ar bheóaibh agus ar mharbhaibh: 7. Phil. 8. Creidim san Sbiorad Naomh: 8. Bartol. 9. san naoimhEaglais Chatoilice, a ccumann na naomh: 9. Matt. 10. a maitheamh na bpeacadh: 10. Sim. 11. a n-eiséirghe na ccorp: 11. Iudas Thadeus. 12. san mbeathaidh suthain. Amen, .i. Go fírinneach: 12. Matt. AN CHRÉ A NDÁN.
Atáid trí doirsi ar theach nDé; ní héidir le neach fán ngréin gan dol tríotha so fá seach rochdain anonn don rítheach. Na trí subháilche diadha: creideamh, dóthchas, grádh cialldha - as iad na doirsi adeir mé do bheith ar rítheach nimhe. Ní cás dá gach neoch fá nimh triall go doras an chreidimh; eochair gach glais dá bhfuil air fuairseam ó na habsdalaibh.
Na heochracha, adeirim ribh, arteagail chinnte an chreidimh; a cCré na nEasbal, madh áil, do-ghébha iad go hiomlán. Teagaid seachd n-airteagail díobh tar dhiadhachd airdRíogh na ríogh is seachd n-airteagail oile tar dhaondhachd Mheic mhórMhuire. Na seachd n-airteagail si ar tús lé nochdthar an dhiadhachd dúinn atáid sonna; bíod ré a ais 'gan té théid d'fhios an dhorais. Creideadh go bfhoil aoinDia ann, Tríonnóid thrén na ttrí bpearsann; Athair, Mac, Sbiorad naomhtha go ccomhuaisle, comhaostha. Ó aoinneoch ní tháinig soin, an tobar diadha, an tAthair; ón Athair gheinthear an Mac; uatha araon tig an Sbiorad. As Dia an tAthair 's as Dia an Mac: Dia fíre fós an Sbiorad; is ní trí dée iad soin achd aoinDia a ttrí pearsanaibh. As é an t-aoinDia sa do chum neamh, talamh agus iofrann 's gach a bhfuil eatorra so 's a mbí ag áitioghadh ionnta.
Uaidh do-ghébham, más í ar ttoil, grása is maitheamh ar bpeacadh, eiséirghe na ccorp Lá an Luain, glóire shíor a mbeathaidh bhiothbhuain. Ag sin na hairteagail daoibh thráchdas ar an ndiadhachd naoimh; gá ttám - anois as nochdtha airteagail na daondachda. Do chéidneithibh creidthe dhúinn gur ghabh Muire a ndíoghrais rúin ón Sbiorad Naomh 'na bruinne Mac an Athar síordhaidhe. Go ndearnadh Dia 'na dhuine 's duine 'na Dhia síordhaidhe, go beith don dá nádúir soin gan chumasg a n-éinphearsoin. A ccionn naoi míos dá éis sin rug an Ógh é san Bheithil, gan choill a hóghdhachda dhi 'na dhiaigh, roimhe ná an uair si. Aonmhac Dé, Dia agus duine, fuair 'na nádúir dhaonduidhe bás croiche, a adhlacadh soin tré choirthibh chloinne hÁdhoimh. An bás soin achd gé dho sgar a chorp naomh ré a anam nglan, nír sgaradh ré ceachdar díobh diadhachd iodhan an airdRíogh.
Téid go hifreand dá éis so d'fhuasgladh na n-aithreadh naomhtha; éirgheas ó mharbhaibh go prap an treas lá arna adhlacadh. A ccionn dá fhichead lá lán do-chuaidh ar neamh na naoi ngrádh ar deis a Athar gur shuidh a n-énghlóir ris an nAthuir. Do bhreathnughadh bhéo agus mharbh tiocfaidh sé, bhudh tuirionn garbh mar a ccuirfe gach duine a nglóir nó a bpéin shíordhuidhe. Ós cionn a n-abram anois, gach a n-aibéora an Eaglas, más sgríobhtha gion gurab eadh, cóir don Chríosdaidhe a ccreideamh. A ndobhramar sonn go se biaidh ag gach aon dá ccreidfe raon solas anonn ar nimh tré dhoras ndorcha an chreidimh.
GLUAIS MÍNIGHTHI AR NA RANNAIBH SI AGUS AR CHEITHRE HAIRTEAGALAIBH DÉGA AN CHREIDIMH. AN CHÉDCHAIBIDIL. thráchdas ar aondachd na nádúire diadha agus ar phearsanaibh na Tríonnóide. 1. ATÁID TRÍ DOIRSE AR THEACH, ETC. As iad na trí subháilche diadha, .i. creideamh, dóthchas agus grádh, as uaitneadha agus as gabhla fulaing fán mbeathaidh
sbioradálta: gibé ó tteisdéobha énchuid díobh so, traisgeór- thar a bheatha sbioradálta ar an tshaoghal sa agus ní bhia slighe don bheathaidh shíordhaidhe anunn aige. As uime sin adeir- thear annso gurab iad na subháilche cédna trí doirsi tré ngabhann an Críosdaidhe go flaitheamhnas. As éidir na ceithre cotchanna as prinsipálta don Theagasg Chríosdaidhe, .i. an Chré, an Phaidear, na hAitheanta agus na Sacramainnti, do thairreang dochum na subháilcheadh sa: ór teagaisgidh an Chré dhúinn na neithe as cóir do chreideamh; iarthar san Phaidir na neithe agár cóir dhúinn dóthchas do bheith againn go bhfoigheam iad; lé comhall na nAitheantadh dhearbhmaoid ar ngrádh ar Dhia agus thairrngeamaoid a ghrádh orainn; leis na Sacramainntibh do-geibhthear agus choimhédtar na trí subh- ailche rémhráidhthe. 2. NÍ CÁS DÁ GACH NEACH, ETC. Foillsighthear annso, gibé nách léigthear astteach san ccédoras sa atá ar fhlaitheamnas nimhe, .i. doras an chreidimh, gurab air féin as cóir a aithfear do bheith, ar an n-adhbhar gur fhágaibh ar Slánaightheóir Críosd eochracha an dorais si don taoibh amoigh aige, madh áil leis féin an doras d'osgladh léo. Do fhágaibh, iomorro, Críosd na heochracha sa ar láimh na n-easbal; do fhágbhadar na heasbal ar láimh na hEagailsi (iad); atá an Eaglas agá bhfoláir ar gach n-aon lénab áil a nglacadh. As tuigthe dhúinn as so gurab deacair go saorfa a n-ainbhfios an drong dho fhédfadh éolas a ccreidimh d'fhagháil dá ndearndaois díthcheall dá iarraidh. As tuigthe fós as an ní chédna an drong mhallaighthe adeir gurab maith leó gan eólas do bheith aca ar aitheantaibh Dé, d'eagla nách fédfadaois a ccomhall, gurab mór atáid arna mealladh agus nách saorann a n-ainbhfios iad, ór as ionann dóibh sin do rádh agus a rádh gurab maith léo gan na heochracha do bheith aca d'eagla go n-oisgeóldaois an doras nó go rachdaois astteach.
3. NA HEOCHRACHA ADEIRIM, ETC. Follsighthear annso na heochracha lé n-osgailtear an céddoras, .i. airteagail an chreidimh atá againn a cCré na nEasbal. 4. TEAGAID SEACHT N-AIRTEAGAIL, ETC. Atáid dá mhodh ar a ngnáthaighid na diadhaireadha airteagail an chreidimh d'áireamh. An cédmhodh: do réir na n-ughdar do chruinnigh a cceann a chéile iad, agus as ar an modh sa adeirthear go coitcheann go bhfoilid dá airteagal dég, .i. dá chuid dég, san Chré do réir nuimhir an dá easbal dég. An dara modh ar a n-áirimhthear iad: do réir na neitheadh chreidthear ionnta, agus atáid ceithre hairteagail déga ar an modh sa ionnta, .i. seachd n-airteagail bheanas ris an ndiadhachd agus seachd n-airteagail eile bheanas re daondachd ar tTighearna Críosd, agus as ar an modh sa áirimhthear annso iad. 5. NA SEACHD N-AIRTEAGAIL SE, ETC. Tionnsgainthear annso na hairteagail bheanas ris an ndiadhachd. 6. CREIDEADH GO BHFOIL AOINDIA, ETC. Atáid seachd n-airteagail don Chré bheanas ris an ndiadh- achd, mar adobhramar thuas, .i. ceithre hairteagail bheanas ré haondhachd na nádúire diadha agus ré trí pearsanaibh na Tríonnóide, agus trí hairteagail eile bheanas ré hoibrighthibh Dé agus ré a thiodhlaigthibh dhúinne. Ag so na ceithre hairteagail bheanas ré haondachd na nádúire diadha agus ré pearsanaibh na Tríonnóide: an cédairteagal: a chreideamh go bhfoil aoinDia amháin ann; an dara hairteagal: a chreideamh go bhfoil an tAthair neamhdha, an chéidphearsa don Tríonnóid, ann; an treas airteagal: a chreideamh go bhfoil an Mac síordhaidhe, an dara pearsa don Tríonnóid, ann; an ceath- ramhadh hairteagal: a chreideamh go bhfoil an Sbiorad Naomh, an treas pearsa don Tríonnóid, ann. Foillsighthear na ceithre hairteagail si san rann úd: “Creideadh go bhfoil aoin- Dia ann, etc.”
GO CCOMHUAISLE, COMHAOSTA. Foillsighthear annso nách foil barr a ngné ar bioth ag pearsanaibh na Tríonnóide ar a chéile. Ionann iomorro uaisle agus aos, glóir agus cumhachda do na trí pearsannaibh si; ór dá mbeath barr uaisle ag an Athair ar an Mac, ní fédfaidhe a rádh gomadh mac nádúrtha don Athair é, agus dá mbeath barr aoisi aige air, ní fédfaidhe a rádh ris an Mac gomadh Día síordhaidhe é, ór gibé neach bhíos nías sine iná neach oile, bídh sé ann aimsear éigin gan an té sin as óige do bheith a n-énaimsir ris, agus ní ní síordhaidhe an ní nách bí ann san uile aimsir agus san uile uair gan tús gan dheireadh. Mar sin, dá mbeath an tAthair ní bhudh sine iná an Mac, nách biadh an Mac 'na Dhia síordhaidhe, agus dá mbeath ceachtar dhíobh ní bhudh sine iná an Sbiorad Naomh, ní bhiadh an Sbiorad Naomh 'na Dhia síordhaidhe; dá mbeath fós ceachdar dhíobh ní bhudh uaisle iná an Sbiorad Naomh, ní fédfaidhe a rádh riú gomadh aoinDia amháin íad, ór gach uaisle agus gach cumh- achda dá bhfoil ag pearsannaibh na Tríonnóide, as ón diadhachd atá sé aca. Ar an n-adhbhar sin, do réir mar as ionann diadhachd, subsdainnt agus nádúir dhóibh, as ionann fós uaisle agus cumhachda dhóibh. 8. Ó AOINNEOCH NÍ THÁINIG SIN, ETC. Cuirid daoine foghlamtha an tAthair a ccosamhlachd ré tobar ó mbiadh sruth ag sileadh dochum locha, agus an Mac a ccosamhlachd ris an sruth féin, agus an Sbiorad Naomh ris an loch; ór do réir mar as é an t-énuisge amháin bhíos san tobar shileas dochum an thsrotha agus ón tsruth dochum an locha, as mar sin as aoindiadhachd amháin, énnádúir agus énshubsdainnt atá san Athair agus san Mhac agus san Sbiorad Naomh: ón Athair théid an diadhachd sa d'ionnsoighidh an Mheic agus uatha araon d'ionnsoighidh an Sbioraid Naoimh. An tAthair iomorro, tobar na diadhachda, nír geineadh agus ní dearnadh riamh é agus ní tháinig ó neoch oile; an Mac fós, ní dearnadh riamh é achd atá sé ann riamh gan tús gan dheireadh mar atá an tAthair,
gidheadh as ón Athair do geineadh gheinthear é; an Sbiorad Naomh leis, ní dearnadh agus nír geineadh é, gidheadh táinig agus tig ón Athair agus ón Mhac a n-aoinfheachd. Fiafraighthear annso cionnas as éidir don Mhac bheith comhaosta ris an nAthair agus a gheineamhain ón Athair, nó don Sbiorad Naomh bheith comhaosta riú araon agus a rádh gurab uatha araon táinig sé, ór do-chímíd gurab sine gach athair eile iná a mhac, agus gach ní thig ó ní oile gurab luaithe bhíos an ní ó ttig ann iná é. Ionnas go ttuigthéa so, bíoth a fhios agat do chéidneithibh nách ionann gheintear an chlann thalmhaidhe agus Mac an Athar síordhaidhe, ór ní geintear an chlann daon- daidhe gan chumasg bhfhir agus mná agus gan ré n-aimsire, do bhríogh gurab lé hoibrioghadh corpardha gheintear iad, agus fós gan iomad saothair agus doilghis tré iardraoi mallachd na sinsear. An Mac iomorro síordhaidhe, ní lé saothar corpardha achd lé hoibrioghadh na tuigseana do geineadh ón Athair é ag tuigsin agus ag féchain a dhiadhachda féin, mar gheintear íomh- áigh ó dhuine ag féchain a sgáthán. An tan iomorro fhéchas duine a sgáthán, geintear íomháigh uaidh san sgáthán chédna cosmhail ris féin san n-uile chruth, ní hé amháin a bhfhioghair nó a ngné achd a luighill agus a n-iomlat, ór gibé ar bioth iomlat do-ghénasan, do-ghéna an íomháigh mar an ccédna. Ní caittear aimsear ná saothar ris an n-íomháigh sin do dhénamh; ní hiarrthar fós congnamh ionnsdramainnteadh dochum a dénta, achd geintear a moiminnt í lé féchain amháin ar an sgáthán. As mar sin don Athair síordhaidhe: ar bhféchain a sgáthán na diadhachda dhó, do ghein sé íomháigh rochosmhail ris féin, agus ar an n-adhbhar go ttug seisean atá 'na Dhia fhíre a dhiadhachd, a shubsdainnt agus a nádúir féin uile don íomháigh sin, as Mac díleas fírinneach Dé í. Dobheidís na híomháighe gheinthear uainne san sgáthán 'na ccloinn fhírinnigh againn mar an ccédna, dá bhfédmaois ar nádúir agus ar subsdainnt féin do thoirbhirt dóibh mar sin. As éidir a thuigsin as so gurab Dia an Mac mar as Dia an tAthair, agus nách fuil ionnta achd aoinDia amháin, ar an n-adhbhar gurab éindiadhachd agus
énshubsdainnt atá ionnta. As éidir fós a thuigsin as an ní chédna nách óige an Mac iná an tAthair, ór atá an Mac ann riamh mar atá an tAthair, ar an n-adhbhar go bhfuil an tAthair riamh ag féchain ar a dhiadhachd féin, agus nách iarr- tar aoinní oile dochum an Mheic do gheineamhain achd sin. As éidir an ní cédna do rádh ris an Sbiorad Naomh, ór do réir mar gheinthear an Mac ón Athair lé hoibrioghadh na tuigsi, as mar sin tig an Sbiorad Naomh uatha araon le hoibrioghadh na toile. An tan iomorro do-bheirid grádh adhbhal dóibh féin agus dá ndiadhachd, lé tabhairt an ghrádha sa séidthear an Sbiorad Naomh uatha araon; leis an séid- eadh sa toirbhirid a nádúir dhiadha féin dó ionnas gurab énnádúir dhiadha atá ionnta 'na ttríur. Do bhríogh go bhfhoil an nádúir se in gach pearsain díobh, as Dia gach pearsa dhíobh fá seach, agus do bhríogh gurab énnádúir amháin dhiadha gan roinn atá ionnta 'na ttriúr, ní trí dée iad achd aoinDia amháin. Do bhríogh fós go bhfoil an tAthair agus an Mac ag grádhoghadh a ndiadhachda agus agá ngrádhoghadh féin riamh gan tosach gan tionnsgnamh an feadh atáid féin ann agus nách iarrthar a aith- earrach sin do chúis dochum an Sbioraid Naoimh do theacht uatha, atá an Sbiorad Naomh ann riamh mar atáidsean. Ar an n-adhbhar sin, ní fhuil pearsa dhíobh as sine ná as óige, as uaisle ná as anuaisle, as treise ná as éidtreisi iná chéile, agus atá gach pearsa dhíobh fá seach 'na Día, agus ní trí dée iad achd aoinDia a ttrí pearsannaibh. As uime adeirthear san Chré: “Creidim a nDia”, ór dá mbeith ní bhudh lia iná aoinDia amháin ann, “Creidim isna déibh” adérthaoi. Gibé lérab maith a shlánoghadh, creideadh na ceithre hairteagala sa bheanas ré haondachd na nádúire diadha agus re pearsanaibh na Tríonnóide. AN DARA CAIBIDIL. ina ttráchdtar ar oibrighthibh Dé agus ar a thiodhlaicthibh dhúinne . 9. AS É AN T-AOINDIA SA DO CHUM, ETC. Foillsighthear san rann sa agus san rann oile 'na dhiaigh na trí
hairteagail bheanas ré hoibrighthibh Dé agus ré a thiodhlaicthibh dhúinne. An cédairteagal: a chreideamh gurab é aoinDia na n-uilechumhachd do chruthaigh neamh agus talamh gan adhbhar ná éinní dá ndiongantaoi iad d'iarraidh chuca. An dara hairteagal: a chreideamh gurab é do-bheir grása agus maith- eamh ar bpeacadh dhúinn. An treas airteagal: a chreideamh go ttiobhra sé glóir shíordhaidhe iar mbás dúinn agus go ndiongna ar ccuirp d'aithbheóghadh a ló an bhreitheamhnais dhéigheanaigh. Ionnas gomadh feirrde do thuigfithéa an cédairteagal díobh so, tabhair dot aire, gion go n-abairthear a cCré na nEasbal gur chruthaigh Día acht neamh agus talamh amháin, tar a cheann sin gurab é dho chruthaigh an domhan uile agus an uile ní ar-cheana, mar atá: neamh maille ré a bhfoil d'ainglibh agus d'anmannaibh daoine mbeandaighthe dá áitioghadh; an talamh gona chrannaibh, gona luibhibh, maille ré a bhfoil do dhaoinibh agus do bheathodhachaibh égciallaidhe dá áitiogh- adh; ifreand maille ré a bhfoil do dheamhnaibh agus d'anmann- aibh damanta ann; a bhfoil idir neamh agus talamh, mar atá: an t-uisge gona iasg, an t-aiér gona énlaith, an teine agus na seachd bpláinéid atá ós a cionn agus na cúig flaitheamhnais atá ós a ccionn sin. Gidheadh, do ba lór leis na heasbalaibh an dá chuid si as prinsipálta don domhan d'áireamh, mar atá neamh agus talamh dho chruthaigh Dia fá chomhair an duine agus an aingil, an dá chrétúir as uaisle dhár chruthaigh riamh agus dá ndénaid an uile chrétúir oile seirbhís. Tabhair dot aire fós nách é amháin gur chruthaigh Dia iad so uile achd fós gurab é bhíos agá ccoimhéd do ghnáth, ór dorachdaois ré turnamh an abhra ar neimhthní muna bheathsan dá ccoimhéd. 10. UAIDH DO-GHÉBHAM, ETC. Foillsighthear annso an dara hairteagal don chaibidil si ar a ttugthar an seiseadh hairteagal bheanas ris an ndiadhachd, .i. go bhfhoigheam grása agus maitheamh ar bpeacadh ó Dhia. As iad peacaidh mhaiththear dhúinn, peacaidh na sinsear ina
ngeintear an uile dhuine agus na peacaidh do-nímíd féin. Leis na sacramainntibh thrá shaoras inn uatha so, go háiridhe leis an mbaisdeadh agus leis an bhfaoisidin. Leis an mbaisdeadh mhaithtear peacadh na sinsear agus gach peacadh oile do-nímíd ré mbaisdeadh ina ndénmaoid aithreachas dúinn. Leis an bhfaoisidin maittear an peacadh do-nímid iar mbaisdeadh dhúinn; ag scrios na bpeacadh sa do-bheir grása dhúinn, ionnas go mbímíd inar ccairdibh agus inar ccloinn aige féin, inar n-oighreadhaibh ar ríoghdhachd nimhe. Ní híad so amháin grása do-bheir dhúinn, achd as é fós do-bheir grása agus cong- namh dhúind lé bhfillmíd ór bpeacadhaibh, ór ní héidir linn éirghe ar ar ttreóir féin ó thuitmíd san bpeacadh gan a ghrásasan dár ttógbháil. As dá ghrásaibh fós fuaramar na hionnsdramainnte lé saorthar sinn ó na peacadhaibh cédna, .i. na sacramainte, mar cheiríneadha ina bhfoil bríogh pháisi Críosd dá tumha ré créchdaibh ar n-anmann. Gach bríogh iomorro dá bhfoil ag na sacramainntibh, as ó pháis Chríosd atá sé aca. Bíoth a fhios agat nách foilid ar bioth tiodhlaigthe as mó ináid so, ór ní fhuil ar bioth olc as mó agus as gráine iná an peacadh dho-bheir ar dhuine bheith 'na námhaid ag Dia, 'na shearbhóntaidh ag an diabhal, agus mharbhas an t-anam. Mar mharbhthar thrá an corp lé sgarthoin an anma as bheatha dhó ris, as mar sin mharbhthar an t-anam an tan sgarthar a bheatha, .i. Dia, ris. Ar an n-adhbhar sin, ní fhoilid tiodhlaig- the as mó ináid na grása lé maitthear na peacaidh, lé n-aithbh- eóaighthear an t-anam, lé ndéntar cairde agus clann Dé do shearbhóntaidhibh an diabhail. As dochum an tsheisidh hairteagail si bheanas ris an ndiadhachd tharraingthear an naomhadh hairteagal don Chré do réir an mhodha oile ar a n-áirimhthear iad, .i. “Creidim san naoimhEaglais Chatoilice agus a ccumann na naomh”, ór ní maithtear a pheacaidh do neoch agus ní fhaghann grása muna
rabh 'na bhall fhírinneach don Eaglais Chatoilice. Dá rabh iomorro mar sin, ní hé amháin go bfhoighe grása agus maitheamh a pheacadh, achd do-ghébha fós a chuid do chumann na naomh: mar sin nách foláir don thé iarrfas na tiodhlaigthi si a fhios do bheith aige cia hí an Eaglas Chathoilice agus a bheith 'na bhall fhírinneach dhí. Ar an n-adhbhar sin, bíoth a fhios agat gurab ionann eaglas ré a rádh agus comhchruinnioghadh na cCríosdoidheadh dho baisdeadh, dho ghabh creideamh agus dlighthe Críosd chuca, maille ré bheith umhal d'fhior ionaid Chríosd a ttalamh. Ní fhoil san nEaglais si achd aonchorp cumaisgthe agá bhfoil Críosd 'na chionn, agus an uile Chríosdaidhe glan mhaireas nó fuair bhás agus an uile aingeal beandaighthe 'na mballaibh, ionnas nách foil ann achd éineaglas amháin do ghnáth. As í so an Eaglas Rómhánach agus a ngabhann lé, ór as í sin amháin choimhédas creideamh agus dlighthe Críosd agus atá umhal dh'fhior ionaid Chríosd a ttalamh, .i. an Pápa. As tuigthe as so nách eaglas fhírinneach comhchruinniogh- adh an chinidh Iúdaidhe, na tTurcach, agus gach ainchríos- daidheadh oile nár ghabh baisdeadh chuca, ná comhchruinn- ioghadh na n-eiriceadh nách creideann na sacramainnte agus na dlighthe do fhágaibh Críosd againn agus nach foil umhal do bhiocáir Chríosd, an Pápa. Dá bfhiafraightheá créd an dearbhadh atá againn gurab í an Eaglas Rómhánach an eaglas fhírinneach, as é ar ndearbhadh air sin na ceithre comhartha phrinsipálta lé n-aitheantar an eaglas fhírinneach, mar as fhollas as an Chré, .i. bheith naomhtha, bheith catoilice, .i. bheith coitcheand, bheith 'na héineaglais, lorg na n-easbal do leanmhain go díreach - go bfhoil gach énchomhartha díobh ar an nEaglais Rómhánaigh agus nách foil énchomhartha dhíobh ar eaglais na n-eiriceadh.
Do chéidneithibh, atá an Eaglas Rómhánach 'na héineaglais, ar an n-adhbhar gurab éincheand amháin agus énaodhaire atá uirthe, agus gurab éinchreideamh, énbhaisdeadh agus éinreachd atá aice ó aimsir Chríosd gus aniogh ar feadh na cruinne gu coitcheand. Na heiricidh iomorro, as beag dhíobh nách bí contrárdha dá chéile 'na ccreideamh. Ní hé amháin: bídh énduine amháin díobh go minic contrárdha dhó féin a n-iomad do bhallaibh - mar sin nách éidir léo a rádh gurab éinchrei- deamh amháin nó éindligheadh atá aca. Dá n-abradaois na heiricidhe go mbíd doctúire na hEaglaisi Rómhánaighe contrárdha dá chéile mar an ccédna, ní fíor dhóibh, ór gidh iomdha diosbórachd idir Scotus agus San Tomás, ní fhoil siad a n-aghaidh a chéile a ní ar bioth dá mbeanand ris an ccreideamh, achd as éinchreideamh amháin theagasgaid san uile bhall, agus mar sin do na doctúiribh oile archeana. Na heiricidhe iomorro, bíd a bpongcaibh prinsipálta an chreidimh a n-aghaidh a chéile. Maille ris sin, ní héincheann atá ortha, ór adeir cuid díobh go bhfoil gach prionnsa 'na cheann ar eaglais a dhúithche féin, agus adeir cuid oile nách foil ceand ar bioth ar an n-eaglais; mar sin nách éidir dhóibh a rádh gurab éineaglas amháin atá aca ar énchor. Atá fós an Eaglas Rómhánach coitcheand ar thrí modhaibh, do bhrígh go bfhoil coitcheand ag an uile phearsain, ag an uile áit agus ag an uile aimsir. Ar tús atá coitcheand ag an uile phearsain más bochd nó saidhbhir, uasal nó anuasal, fogh- lamtha nó ainbhfeasach dhóibh. Atá fós coitcheand do bhríogh gur leathnaigh ar feadh an domhain uile: In omnem terram exivit sonus eorum, etc.. Atá leis coitcheann do bhríogh go bhfhoil ann san uile aimsir ó aimsir Chríosd a le gan chlaochlódh a creidimh. Ní mar sin d'eaglais na n-eiriceadh: ní fhoil sí coitcheann ag an uile phearsain. Ní hé amháin: ní shaoilim go n-anfadh duine ar bioth a ngioll ar a creideamh innte, ór as fírthearc duine foghlamtha, mar as aithnidh dá ccoinsias féin, do anfadh innte achd a ngioll ar onóir mbig saoghalta nó ar antoil a ccolna. As lór do dhearbhadh air sin
forgla phrionnsadh na n-eiriceadh, mar atá Lúitér agus Cailbhín etc., gurab as an Eaglais Rómhánaigh do imthigheador mar nár fhédadar antoil thruaillidhe a n-inntinne do choimh- líonadh innte. As deimhin fós nach anfadh duine ainbhfheasach ar bioth a n-eaglais na n-eiriceadh muna thugadh eagla air é, nó ainbhfhios, do bhríogh nách cualoidh a haithearrach. Maille ris sin, ní fhoil eaglas na n-eiriceadh coitcheand in gach énbhall, ór gidh iomdha áit ina bhfhoil eiriceachd, as beag do na háitibh sin atá ar éinchreideamh. Ní fhoil sí ann fós in gach énaimsir ó aimsir Chríosd ale, mar as follas dá gach aon, ór ní fhoil eiriceacht Lúitéir ann achd ó aimsir Lúitéir féin, agus ní fhoil eiricechd Chailbhín ann achd ó aimsir Chailbhín féin. Lúitér, thrá, an treas bliadhain ar cheithre fichdibh ar cheithre cédaibh ar mhíle d'aois an Tighearna rgadh é, agus an sechdmhadh bliadhain dég ar chúig cédaibh ar mhíle do thionnsgain a eiriceachd, ionnas nach foil ann achd ré ceithre bliadhnaibh déga ar cheithre fichdibh, agus as giorra iná sin an aimsear ó dho thionnsgain eiriceachd Chailbhín agus gach deisgiobail dár lean é féin agus Lúitér. As í fós an Eaglas Rómhánach agus ní heaglas ar bioth oile atá ar lorg na n-easbal go díreach, mar as éidir do dhearbhadh ar iomad do mhodhaibh. Do chéidneithibh, do gheall Críosd do Pheadar nách rachadh a eaglas féin a mbáthadh go bráth, agus as follas as leabhraibh annálach na hEaglaisi nach foil eaglas ar bioth ann do ghnáth ó aimsir Chríosd agus na n-easbal ale achd an eaglas atá fá riaghladh an Phápa; ar an n-adhbhar sin, as í sin amháin an eaglas fhírinneach atá ar lorg Críosd agus na n-easbal. Dá n-abradh Cailbhín nó Lúitér gurab í eaglas Chríosd agus na n-easbal atáid féin do leanmhain, fiafraighim dhíobh: An ndeachaidh sí a mbáthadh d'éis Chríosd agus na n-easbal go teachd dóibhsean? Má dho-chuaidh, cionnas as éidir léo Críosd do shaoradh ar bhréig? Muna dheacha, c'áit ina raibhe sí nó créd fá ttugthar iadsan mar ughdara ria? Go deimhin, as follas as so nach í eaglas Chríosd ná na n-easbal
leanas siad ar énchor. Dearbhadh oile: ní dearnadh sagart ná easbag inar n-eaglaisne riamh gan easbag oile do bheith dá dhénamh. Ar an n-adhbhar sin, as é Críosd féin an tEasbag Mór agus an Sagart Síordhaidhe do-rinne na céideasbaga innte, agus na heasbuig sin easbaga eile, agus mar sin a ndiaigh a chéile gus aniogh, ór ní héidir a thuigsin cionnas do-rinneadh an céideas- bag innte - ó nách éidir lé tuata easbag do dhéanamh - muna abairthear sin. Ar an n-adhbhar sin, as follas gurab ar lorg Críosd agus na n-easbal san líne dhíreach atá ar n-eaglaisne. Ag so an dearbhadh nách éidir leis na heiricibh do thabhairt ar a son féin, do bhríogh nách easbaig oile do-ní easbaga nó sagairt aca, ór as deimhin nach dearna easbag ar bioth oile easbag do Lúitér nó do Chailbhín. Ar an n-adhbhar sin, ní rabhadar féin ná duine dá ttáinig ar a lorg 'na n-easbagaibh, agus nírbh éidir léo easbaig nó sagairt do dhénamh. Atá fós an Eaglas Rómhánach naomhtha tar gach n-eaglais oile, do bhrígh go bfhoil ceann ronaomhtha uirthe, Críosd, agus go bhfoil creideamh agus reachd ronaomhtha innte nách iarann aoinní do dhénamh achd ní maith, agus nách toirmisgeand achd droichní; agus fós ar an n-adhbhar nách raibhe riamh gan iomad do dhaoinibh naomhtha innte agá mbeidís bésa agus subháilche ronaomhtha, nách raibhe a leithéide idir na heiricidhibh ríamh, mar as follas as na míorbhuilibh móra mionca do-nídís na naoimh go ttrásda agus do-níthear fós anois go laitheamhail. Go deimhin atá a n-aghaidh an uile résún a rádh go mbiadh seachrán 'na gcreideamh ar na seanaithribh naomhtha, col- amhain na hEaglaisi, mar 'tá Ambrós, Augustín, Hiearonimus, Grioghóir, etc., nó ar naomh Pádraig tug Éire dochum creidimh, do dhíbir naithreacha neimhe eisde, do-níodh míorbhuileadha dofhaisnéisi; nó ar naomhaibh oile Éirionn, Colaimcille, Brighid, Ciarán, agus iomad oile nách éidir cinn- teachd do chor ar a naomhthachd agus ar a míorbhuilibh; nó ar San Phroinsias dár dhechdaigh Dia féin riaghail a bheathadh agus dár fhógair a theach féin, .i. an Eaglas, d'athnuadhaghadh; agus go mbiadh éolas grinn 'na chreideamh ag Lúitér dár mhaigh- isdir an diabhal do réir a fhiaghnaisi féin; nó a rádh nách biadh
beatha naomhtha ag San Phróinsias do chaith - ní áirmhim cách oile - a bheatha a n-urnaighthe agus a ttrosgadh, do aithbheóaigheadh mairbh, do ghrádhaighdís na beathadhaigh éigciallaidhe, agus ar ar chuir Críosd séla na ccréchd dobhí air féin; agus a rádh go mbiadh beatha naomhtha ag Lúitér do imthigh as an ord riaghalta ina raibhe, rug cailleach dhubh as an riaghail oile ina raibhe sí mar mhnaoi dhó féin, agus agá raibhe an diabhal nísa mhuinnteardha iná Caitearfhíona, .i. an chailleach dhubh rémhráidhthe do ba bean dó, do réir a fhiaghnaisi féin; nó ag Cailbhín ar ar cuireadh séla d'iarann dearg tréna pheacadhaibh míonádúrtha. As éidir an ní cédna do rádh ré forgla a ttáinig 'na ndiaigh, gibé dho-ghénadh tóraigheachd díthcheallach ar a mbeathaidh. As follas as na ceithre comharthaibh si adobhramar go nuige so, gurab í an Eaglas Rómhánach an eaglas fhírinn- each: mar sin nach foláir don tí iarras grása agus maitheamh a pheacaidh ar Dhia, creideamh san nEaglais si agus a bheith 'na bhall fhírinneach dhí, ór as ar láimh chinn na hEaglaisi, .i. Peadar, agus fear ionaid Pheadair 'na dhiaigh, tug Críosd eochr- acha na ngrás. Gibé bhias 'na bhall don Eaglais si, biaidh a ccumann na naomh. Ionann sin ré a rádh agus go mbia a chuid aige don uile dheaghoboir dá ndiongna gach neach oile don Eaglais san tsaoghal sa nó a n-égmhais an tsaoghail; ór mar nách foil ionnta sin uile achd boill énchuirp amháin, gach maith do-ní cuid díobh, téid sé a sochar don chuid oile mar théid an biadh shíneas an lámh dochum an bheóil, chognaid na fiacla, thoirbhireas an teanga d'ionnsoighidh an ghaile, a sochar do bhallaibh an chuirp uile. As so as tuigthe dhúinn go ttéid ar nguidhe ar an thsaoghal sa a sochar do na hanmannaibh a bpurghadóir, agus a nguidhi- sean agus guidhe na muinntire atá ar neamh a sochar dhúinne, ór ní fhoil ionnainn uile achd boill énchuirp amháin darab ceand Críosd. Gidheadh, bíoth a fhios agat nach foil a ccuid do
dheaghoibrighthibh cáich oile ag an droing bhíos coinneal- bháiththe, ar an n-adhbhar nach foil ionnta achd boill arna sgathadh, ná ag an droing bhíos a bpeacadh mharbhtha ar an n-adhbhar nach foil ionnta achd boill mharbha chríona, ór ní roinneand an Eaglas na grása do-gheibh ó Chríosd ríu sin, mar nách roinneand an crann an súth thairrngeas ón talamh ris na gégaibh ghearrthar dhe nó bhíos críon air. 11 EISÉIRGHE NA CCORP, ETC. Foillsighthear annso an seachtmhadh hairteagal bheanas ris an ndiadhachd, .i. a chreideamh go ttiobhra Dia glóir anma agus chuirp san bheathaidh shíordhaidhe dhúinn dá ndearnam a thoil san tshaoghal sa. Do ghlóir an chuirp: a aithbheóghadh ó mharbhaibh, a cheangal ris an n-anam dhobhí 'na chompán- ach aige roimhe, ionnas go bhfaghadh a ccuideachda an anma cédna a chuid don ghlóir shíordhaidhe dho thuilleadar ar éinshlighidh san tshaoghal sa léna ndeaghoibrighthibh. Cuid an chuirp don ghlóir si: ar tús do-gheibh sé ceithre tiodhlaigthe glórmhara ó Dhia. An céidtiodhlacadh dhíobh: nách éidir lé ní ar bioth, mar atá fuachd nó teas, arm nó saothar, etc., urchóid do dhénamh dhó. An dara tiodhlacadh: dealradh solasta, ór rachaidh a sholas agus a dhealradh tar dhealradh na gréine. An treas tiodhlacadh: lúthmhaireachd, ór bhudh éidir leis gan saothar dol ó oirthear go hiarthar an domhain, ó thalamh go neamh ré silleadh na súl. An ceath- romhadh tiodhlacadh; gomá héidir leis dol trésan n-uile ccorp gan díoghbháil dó féin ná don churp oile, mar dho-chuaidh Críosd tré leic an tumba, tré chomhlaidh an tsheomra ina rabhadar na heasbail, agus mar dho-chuaidh féin agus Muire gona ccorpaibh glórmhara trés na pláinédaibh go flaitheamhnas nimhe. Ós a ccionn so, do-ghébha gach cédfaidh fá seach a glóir féin, ór do-ghébha an tshúil radharc chuirp Chríosd, Mhuire agus na naomh; biaidh an chluas ag éisdeachd ré a ccomhrádh so agus ré cantaireachd ttaghiúir na
naomh ag moladh Dé. Maille ríu sin uile, gach glóir dá bfhoighe an t-anam, bhudh glóir leis an ccorp í. Glóir an anma iomorro: radharc Dé agus an grádh roimhilis bhíos ag an anam chédna dhó arna fhaicsin. Ag so an mhaith nách héidir lé Dia féin maith as mó iná í do thabhairt do chrétúir ar bioth; ag so an chríoch dhéigheanach dochum a bfhoilmíd uile ag tairreang, an mhéid atámaoid inar mballaibh fírinneacha ag Eaglais Dhé. Gibé dho-ghébha an ghlóir si énuair, ní sgarfa ris ré saoghal na saoghal; as uime sin ghoirthear an conách síordhaidhe agus an bheatha shuthain dí. AN TREAS CAIBIDIL. thráchdas ar ghabháil Chríosd a mbroinn agus ar a bhreith. 12 GÁ TTÁM - ANOIS AS NOCHDTA, ETC. Tionnsgaintear andso na hairteagail bheanas ré daondachd ar tTighearna Críosd. An cédairteagal díobh: a chreideamh gur ghabh Muire Ógh Mac Díleas Dé Athar do réir a dhaon- dachda mar thoirrcheas fána bruinne, gan coimhriachdain ré fear, lé hoibrioghadh an Sbioraid Naoimh. An dara hairteagal: a chreideamh go rug an Ógh sa é, gan chaill a hóghdhachda agá bhreith ná íarna bhreith. An treas airteagal: a chreideamh gur fhulaing an Mac sa Dé a chrochadh, a bhásoghadh agus a adhlacadh, d'fhuasgladh an chinidh dhaonda óna bpeacadh- aibh. An ceathromhadh hairteagal: a chreideamh go ndeach- aidh a anam iar sgaradh ré a chorp, gan sgaradh ceachdair dhíobh ris an ndiadhachd, go hifreand, agus go dtug sé anmanna na n-aithreadh naomhtha dhobhí ag feitheamh ré a fhurtachd na mílte bliadhan as. An cúigeadh hairteagal: gur éirigh an treas lá ó mharbhaibh. An seiseadh hairteagal: go ndeachaidh suas ar neamh agus gur shuidh ar deis Dé Athar uileachumhachdaigh. An seachdmhadh hairteagal: go ttiocfa do bhreith bhreithe ar bheóaibh agus ar mharbhaibh, mar a ttiobhra glóir shíordhaidhe do luchd na mbeandachd do choimhéid a reachd, agus pian shíordhaidhe do luchd na mallachd dho bhris a aitheanta.
13 DO CHÉIDNEITHIBH CREIDTEAR LIBH, ETC. Foillsighthear annso an cédairteagal bheanas ré daondachd ar tTighearna, .i. Muire do ghabháil Mheic Dé 'na broinn lé hoibrioghadh an Sbioraid Naoimh. As amhlaidh do-rinneadh sin: do dhealbh an Sbiorad Naomh corp leinibh bhig d'fhuil fhíorghloin na banóighi si 'na broinn féin, agus do chruthaigh an uair sin féin anam ro-uasal gan smál bpeacaidh, agus do cheangail ris an ccorp soin é, agus do cheangail an Mac, an dara pearsa don Tríonnóid, iad so ar an bpongc ccédna sa inar cruthaigheadh iad dá phearsain diadha féin, ionnas go bhfoilid an dá nádúir, an nádúir dhiadha agus an nádúir dhaonda, iomlán gan chumasg a n-éinphearsain an Mheic; gonadh aire sin atá 'na Dhia agus 'na dhuine. Gidheadh, ná meas, gé dho ghabh an Ógh an Mac 'na broinn ón Sbiorad Naomh, gomadh é an Sbiorad Naomh a athair; ór ní lór do neoch ní do dhénamh nó do chruthaghadh dochum a rádh go mbiadh sé 'na athair aige, achd ní foláir dhó a dhénamh dá shubsd- ainnt agus dá nádúir féin. As uime sin nách abairthear gurab é an saor athair an tighe nó an gabha athair an chloidhimh dho-ní; mar sin nách é an Sbiorad Naomh athair an Mheic, ar an n-adhbhar nach dá shubsdainnt féin achd do nádúir na ban- óighe do chruthaigh é. Gonadh aire sin as isi a mháthair do réir a dhaondachda agus as é an tAthair neamhdha amháin a athair do réir a dhiadhachda. 14 A CCIOND NAOI MÍOS, ETC. Foillsighthear annso an dara hairteagal bheanas ré daondachd ar tTighearna, .i. a bhreith ó Mhuire Óigh. As amhlaidh thrá rugadh é: a theachd amach a ccionn naoi míos gan doilgheas ná díghbháil do dhénamh dá mháthair, gan bhriseadh sgannáin, gan shlighidh ar bioth d'osgladh roimhe, mar tháinig as an tumba dhúnta trésan ccomhlaidh d'ionnsoighidh na n-easbal, gan cheachtar dhíobh do bhriseadh mar adobhramar thuas, nó mar théid ga gréine tré ghloine gan
a lot; mar sin nár chaill máthair ar Slánaighthéora a hóghdh- achd agá bhreith ná agá ghabháil a mbroinn, agus ó nár chaill ceachdar don dá uair sin, nír chaill uair ar bioth; gonadh aire sin adeirthear Ógh shíordhaidhe ria. Féch a liachd iongnadh dothuigseana san diamharrún mhór sa dho-chuaidh ós cionn chumhachd an uile inntleachda nádúrtha! Féch: máthair 'na hóigh, Dia 'na dhuine, duine 'na Dhia, aoinneach 'na Dhia agus 'na dhuine, go n-athair gan mháthair ar neamh, go máthair gan athair ar talamh, .i. agá bhfoil athair do réir a dhiadhachda agus máthair do réir a dhaondachda, agus ag nách foil athair do réir a dhaondachda ná máthair do réir a dhiadhachda! Dia síordhaidhe do gheineamhain 'na dhuine ón chrétúir do chruthaigh sé féin! Dá nádúir do bheith gan chumasg a n-éinphearsain gan roinn: ór do réir mar atá énnádúir dhiadha a ttrí pearsannaibh na Tríonnóide gan roinn na nádúire, gan chumasg na bpearsan, as mar sin atáid dá nádúir - nádúir dhiadha agus nádúir dhaonda - a n-éinphearsain a cCríosd, gan chumasg na nádúireadh, gan roinn na pearsan. AN 4 CAIBIDIL. thráchdas ar pháis agus ar bhás ar tTighearna. 15 AONMHAC DÉ, DIA, ETC. Foillsighthear annso an treas airteagal bheanas ré daond- achd ar tTighearna, mar' tá a chrochadh, bás d'fhagháil dó, agus a adhlacadh. As deimhin nár fhéd Críosd an bás sa d'fhulang do réir a dhiadhachda, ór atá sé do réir a dhiadhachda 'na Dhia ghlórmhar mharthanach dá nách éidir urchóid do dhénamh, mar sin gurab 'na nádúir dhaonda do fhulaing páis. Ní hé amháin, achd as adhbhal an t-iongnadh agus as do na míorbhailibh as mó do-rinne Dia ríamh Críosd d'fhulang bháis do réir na daondachda féin; ór gibé bhíos beannaighthe ag feitheamh na Tríonnóide, bídh an uile shólás agus an uile
mhaith aige. Gibé thrá agá mbí an uile shólás agus an uile mhaith, ní héidir doilgheas ná urchóid ar bioth do dhénamh dhó. Críosd iomorro, dobhí agus atá a anam glórmhar ag feitheamh na Tríonnóide aghaidh ar aghaidh, agus ag feitheamh an uile shólás a sgáthán na diadhachda ó mhoiminnt a chruthaighthe gus aniogh. Ar an n-adhbhar sin, nírbh éidir dhó bás dh'fhulang do réir na daondachda féin achd lé míorbhailibh dothuigseana Dé. As deimhin fós gurab dá dhéoin féin do fhulaing Críosd bás, ór ní raibhe díoth cumhachd air lé ccoisénadh é féin ar bhás. Dá dhearbhadh sin, ní fhoil éinní dár imthigh air nár innis do na heasbalaibh suil táinig dochum críche, agus tar a cheand sin nír sheachain éintrioblóid dá raibhe chuige. As deimhin leis nách tréna choir féin do fhulaing bás - ór gé dhobhádar na huilechumhachda aige, nírbh éidir leis peacadh do dhénamh - achd tré choirthibh an chinidh daonda. As uime thrá do fhulaing páis, ionnas go ttugadh an mhéid gur dhuine é díol ceart do Dhia san n-aindligheadh tugadar na daoine dhó, mar atá an peacadh do-rinneadar ar sinsir Ádhamh agus Ébha a bparrthas ag briseadh aithne Dé, agus fós gach peacadh oile dá ndearnadar agus dá ndénaid a sliochd 'na ndiaigh. Ná meas as so go sláineóchthaoi an uile dhaoine dá olcas ní do-ghéndaois; ór gidh díolaidheachd chothrom 'na ndearnamar agus 'na ndiongnam páis Chríosd, tar a cheand sin ní foláir lé Dia gach neach do thoirbhirt na díolaidheachda sa as a láimh féin uaidh, agus ní bhí páis Chríosd againn léna toirbhirt gan na sacramainnte agus gan na deaghoibrighthe. Ní leighiseand thrá an cheirín achd an chneadh lé gcuirthear í; leis na sacramainntibh iomorro agus leis na deaghoibrighthibh chuirthear an cheirín bhríoghmhar sa páis Chríosd rér ccneadhaibhne.
Bíoth a fhios agat, gé dho fhulaing Críosd bás rodhocamh- lach ar son ar bpeacaidhne, gur fhéd sé bás duine éigin oile nó ní beag égin do ghabháil ar son ar bpeacaidh, nó gan ní ar bioth d'iarraidh ar a shon, gidheadh do b'fhearr leis mar dho-rinne do dhénamh, ór as mar sin as mó do fhoillsigh Dia a cheart, a thrócaire agus a ghráin féin ar an bpeacadh, agus as amhlaidh as mó tug Críosd sompla foighide, umhlachda agus grádha dhúinne. Do fhoillsigh thrá Dia a cheart ar an n-adhbhar an choir as truime ar bioth, mar atá aindligheadh do thabhairt do Dhia, go ttugadh an díol as mó dob éidir do thabhairt innte 'na héraic, mar atá bás an duine dhobhí 'na Dhia. Do fhoillsigh a thrócaire ar an n-adhbhar nách é amháin gur shaor ón choir romhóir si inn, achd gur thoirbhir a Mhac féin ar ar son, mar nách raibhe díolaidheachd againn féin do-bérmaois uainn. Do fhoillsigh a ghráin ar an bpeacadh lé truime na díolaidheachda do iarr ann. Tug fós Críosd sompla foighide, umhlachda agus grádha dúinne, ór nírbh éidir foighide do dhénamh bhudh mhó iná bás d'fhulang gan choir ar bioth, agus nírbh éidir umhlachd nó uirísle do thaisbénadh budh mhó iná rí na ríogh d'fhulang bháis chroiche idir dhís bithbheanach; nírbh éidir fós grádh do thaisbénadh bhudh mhó iná neach do thabhairt a anma ar son a easccarad. 16 AN BÁS SOIN GÉ DHO SGAR, ETC. Gé dho sgar an bás an corp agus an t-anam re chéile ag Críosd, gidheadh nírbh éidir leis an diadhachd do sgaradh ré ceachtar dhíobh; ór gé dho fédadh an cuibhreach nádúrtha dobhí idir an n-anam agus an corp do thabhairt fá chumhachd- aibh na ccrétúireadh nádúrtha dho imir bás ar Chríosd, gidheadh nírbh éidir an cuibhreach, dho-chuaidh ós ciond chumhachd na n-uile neitheadh nádúrtha dhobhí idir an ndiadhachd agus gach cuid díobh, do thabhairt fá chumhachdaibh crétúir ar bioth - mar sin go raibhe an diadhachd ceangailte ris an ccorp san chroich agus san tumba agus ris an n-anam a n-ifrionn. As tuigthe dhúinn as so gurab usa linn féin sgaradh rinn féin iná le Dia sgaradh rinn. Fiafraighthear annso, má tá
nár sgar an diadhachd ris an ccorp ná ris an n-anam ag Críosd, créd fá ndobhairt sé san chroich: 'A Dhé, créd fár fhágbhais mé?' As í cúis fá ndobhairt sé sin, do bhrígh nách tug an diadhachd congnamh ar bioth don nádúir dhaonda a n-aghaidh an bháis agus na bpian ndocamhlach dobhí uirthe. AN 5 CAIBIDIL . thráchdas ar dhol an Tighearna go hifrionn, ar a éirghe ó mharbhaibh agus ar a dhol suas ar neamh. 17 TÉID GO HIFREAND, ETC. Foillsighthear andso an ceathromhadh hairteagal bheanas ré daondachd ar tTighearna, .i. a dhol go hifrionn. Tabhair dot aire annso nach deachaidh achd anam Críosd ceangailte ris an ndiadhachd go hifrionn, agus nách deachaidh sé tar ifrionn na n-aithreadh naomhtha síos, agus nár thaisbéin a dhia- dhachd achd don mhéid dobhí annsin amháin. As iad thrá sin amháin dobhí ullamh glan dochum a faicseana, achd go feadh Críosd dá bhfuasgladh ó cháin an tseinpheacaidh agus d'osgladh dhorais na beathadh síordhaidhe rompa léna bhás. Gidheadh, do léig sé dá raibhe a n-ifrionn uile a anam d'fhaigsin, ionnas go ccuireadh criothnughadh agus eagla ar na diabhlaibh ag faigsin an chosgair agus na buaidhe rug sé, agus ar na hanmannaibh damanta ag bagar mar airdbhreitheamh ortha, agus ionnas go ttugadh sólás inntinne mar abhcóididh agus mar shlánaighthéoir don droing a bpurghadóir. Bíoth a fhios agat go raibhe sé a n-ifrionn go haimsir na heiséirghe Domhnach Cásg, agus nách rug sé as achd an mhéid dobhí a n-ifrionn na n-aithreadh naomhtha amháin; ór ní rug na hanmanna damanta dobhí a n-ifreann íochdarach as, do bhrígh gurab pian shíordhaidhe dhlighthear dhóibh; agus ní rug an drong dhobhí a bpurghadóir as, ar an n-adhbhar nár dhío- ladar a bfhiacha go hiomlán. Fiafraighthear annso ciondas as éidir a rádh go raibhe Críosd ó aimsir a bháis go haimsir na
heiséirghe a n-ifriond, agus gur gheall sé don tshladaidhe san chroich go mbiadh maraon ris an lá sin féin a bparrthas. As í ar bhfreagra air sin, nách ar pharrthas ttalmhaidhe tug sé parrthas annsin, achd ar an sólás síordhaidhe agus ar an cconách suthain, .i. radharc na diadhachda, agus mar sin do chomhaill a ghealladh don bhithbheanach a n-ifrionn féin. Bíoth a fhios agat fós nach deachadar na haithre naomhtha ar neamh ar ball d'éis bháis Chríosd, achd dobhádar a bparrthas ó aimsir na heiséirghe nó go rabhadar a ccuideachda Chríosd ag dol ar neamh. 18 ÉIRGHEAS Ó MHARBHAIBH, ETC. Foillsighthear annso an cúigeadh hairteagal bheanas ré daondachd ar tTighearna Críosd, .i. a éirghe ó mharbhaibh an treas lá ar ngabháil a chuirp féin uime arís. Tabhair dot aire annso gurab uime do fhulaing Críosd a adhlacadh agus do an sé an fad sa gan éirghe ó mharbhaibh, d'eagla go ccuirfidhe amharas 'na bhás. 19 A CCIOND DÁ FHICHED LÁ, ETC. Foillsighthear annso an seiseadh hairteagal, .i. a dhol ar neamh a ccionn dá fhichead lá ar n-éirghe ó mharbhaibh dhó, nó gur shuidh ar deis Dé Athar na n-uilechumhachd. Bíoth a fhios agat nach foil lámh dheas ná chlé ag Dia mar bhíos ag na daoinibh, ór ní nádúir chorpardha atá aige achd nádúir sbioradálta. Ar an n-adhbhar sin, as é tuigtear annso go ttug an tAthair onóir agus glóir chomhchothram ris féin don Mhac, ór gibé ar a ttugann duine meas commór ris féin, as gnáthach leis a chor 'na shuidhe ar a láimh dheis. Gidheadh, bíoth a fhios agat nách do réir a dhaondachda achd do réir a dhiadhachda atá Críosd a ccothrom glóire ris an nAthair. Tar a cheand sin, do bhrígh gurab éinphearsa amháin dhiadha atá aige do réir a dhiadhachda agus a dhaondachda, adeirthear go
bfhoil Críosd, 'na Dhia agus 'na dhuine, 'na shuidhe ar deis Dé Athar; mar sin go bfhoil a dhaondachd ós cionn an uile naomh agus aingeal 'na suidhe ar deis Dhé Athar - ní hé gurab uaisle ó nádúir í iná nádúir na n-aingeal, achd do bhríogh go bfhoil sí ceangailte do phearsain Mheic fhírinnigh an Athar neamhdha, mar bhíos édach an ríogh san chathaoir ina mbí féin 'na shuidhe ós cionn na n-iarladh agus na ndiúiceadh, ní ar a uaisle tharrsa achd do bhrígh go mbí ceangailte do chorp an ríogh. Tabhair dot aire annso gurab uime do an Críosd dá fhichid lá gan dol ar neamh, iondas go mbiadh ag teagasg na n-easbal, agus gomadh móide do creidfidhe a eiséirghe ó mharbhaibh. AN 6 CAIBIDIL. thráchdas ar theachd Chríosd dochum an bhreitheamhnais. 20 DO BHRETHNOGHADH BHEÓ AGUS MHARBH, ETC. Foillsighthear annso an t-airteagal déigheanach, .i. go ttiocfa Críosd ar ccríochnoghadh an domhain si do bhreith bhreithe ar bheóaibh agus ar mharbhaibh, ar dhaoinibh agus ar ainglibh, 'na bhreitheamh chruadálach, gan fhoghar do neoch achd do réir mar dho thuilleadar a ghníomhartha dhó. Ní tháinig aimsear riamh agus ní thiocfa mar an lá sa agus mar an aimsir a ttiocfa Críosd dochum an bhreitheamhnais a leith ré huathbhás, do réir fhiaghnaisi an tSlánaighthéora féin, Luc. 8; ór sgarfaidh a solas ris an ngréin, biaidh an ghealach mar fhuil, tuitfid na rélltanna, beid na cineadhaigh dá ccomhthuar- gain lé cogthaibh, lé conghalaibh, lé gorta agus lé plághaibh, beid na dúile agus na hairdreandaigh ar coimhchriothnoghadh, biaidh iomad do chomharthaibh uathbhásacha oile ann na cúig lá dhég résan mbráth, do réir fhiaghnaisi an naoimh Hiearonimus. Lá doilghis agus bochdaine dáríribh an lá sa an bhreitheamhnais mhóir, ór ní tháinig briathar dá loighead tar ar mbél amach riamh agus ní dhearnamar smuaineadh dá édtruime inar n-inntinn, nách bá héigean dúinn cunntas do thabhairt andso ionnta, do réir fhiaghnaisi Críosd, Matth. 12, agus an té bhias dár n-agra, as é féin bhús breitheamh agus bhús fear fiaghnaisi orainn, .i. fear
sgrúdaidh na ccroidheadh, Íosa Críosd. Budh tormánach an tuireann do-bhéra an breitheamh sa go ttóicheasdal naomh agus aingel nimhe maraon ris ag teachd dochum an bhreithe- amhnais si: carbad teinntidhe bhias faoi, rothadha teinntidhe fán charbad; biaidh sruth tairptheach teinntidhe ag sileadh óna ghnúis; biaidh an teine si 'na purghadóir ag an droing nár dhíol a bhfiacha go hiomlán a bpurghadóir, 'na péin ifrionnda ag an droing dhamanta; ní bhia croidhe gan chriothnoghadh ag faicsin ruithnidh na feirge bhias a ngnúis an airdRíogh an lá sa; ní bhía pian bhús mó leis na peacthachaibh iná féchain air, ór sgríobhthar ortha go mbeid ag iarraidh ar na bean- daibh agus ar na sléibhtibh tuitim ar a muin dá bhfolach, d'eagla an radhairc si d'fhaicsin. As í eagla an radhairc si dobhí ar Iob, gion go raibhe 'na pheacthach, an tan adobhairt gurbh fhearr leis go bhfoghadh a fholach a n-ifriond go ndeachadh fearg an Tighearna thairis. Ní gébhthar aithreachas ná leith- sgél ó dhuine annso; ní bá héidir inntinn an bhreithimh do chlaonadh lé ceandach ná lé guidhe; ní bá héidir gairm óna bhreith d'ionnsoighidh bhreithimh oile; ní bhia slighe theith- mhe ag aoinneach uaidh, ór caithfid na huile ar ccluinsin an chaismearta anbhuainigh úd sinnfidhear ar sdoc Míchíl teachd isna corpaibh cédna ina rabhadar ar an tshaoghal sa gan mhoille dochum an bhreitheamhnais. Adhbhar criothnaighthe croidhe guth an sduic si amháin do chluinsin. As leis so adeireadh Híearonimus dámadh ag ól nó ag ithe dhó, dámadh 'na chodladh nó 'na dhúsgadh dhó, go mbíodh sdoc Míchíl dá sheinm do ghnáth 'na chlúasaibh; nír sgar thrá eagla an sduic si ar feadh a bheathadh ris. Bíoth a fhios agat gurab do réir a dhaondachda bhías Críosd 'na bhreitheamh annso, ór as iomchubhaidh cách uile d'fhaicsin an bhreithimh, agus ní héidir léo uile an diadhachd d'fhaicsin, ór dá bfhaicdís uile í ní daiméontaoi énduine dhíobh.
Bíoth a fhios agat fós go mbeirthear breath dhamanta nó shlánaighthe ar an n-uile dhuine a bpungc a bháis: ór dá bhfagha bás gan smál bpeacaidh ar bioth agus gan fhiacha péine ar son a pheacaidh, rachaidh gan fhuireach go flaitheamhnas. Dá bhfagha bás don taoibh amuigh don Eaglais 'na eiricidh nó 'na ainchríosdaidhe nó a bpeacadh mharbhtha, rachaidh gan mhoille go hifreand n-íochdarach a tteinidh shíordhaidhe a n-aontaidh na ndiabhal mar nách faicfe gnúis Dé tré bhiotha síor. Más duine é dhár maitheadh a pheacaidh tréna aithre- achas agus nách dearna lóirghníomh ionnta, rachaidh go purghadóir go díol a fhiach; rachaidh 'na dhiaigh sin go flaitheamhnas gan chunntabhairt. Más leanabh é do-ghébha bás gan bhaisdeadh a n-aois neamhurchóidigh, rachaidh a n-áit ar leith go hifreand mar nách faicfe radharc Dé do shíor tré urchóid pheacaidh na sinsear; gidheadh, ní bhia do phéin air san áit sin achd gan Dia d'fhaicsin. Gé bheirthear breath ar gach aon mar so a n-aimsir a bháis, tar a cheann sin nír lór le Dia sin gan bhreitheamhnas ccoitcheand do bhreith ar chách uile an lá úd ar iomad d'adhbharaibh. An cédadhbhar dhíobh: d'fhoillsioghadh ghlóire, chumh- achd agus cheirt Dé; ór measaid iomad daoine gan chéill nách déanand Dia ríaghladh ceart ar an saoghal sa agus gurab cuma leis créd do-níthear ann, ar an n-adhbhar go bfhaicid peacthaigh agus drochdhaoine go conáich saidhbhir gan bhuaidhreadh ar bioth, agus deaghdhaoine cráibhtheacha fírénta go bochd, lán do dhoilgheas agus do thrioblóid. Ar an n-adhbhar sin - ionnas gomadh follas d'fhearaibh an bheatha go sdíurann Dia go ceart an n-uile ní agus nách dénann égcóir nó fairbríogh ar énduine - na peacaidh si dá ttug sé rath beag saoghalta ar feadh ttamaill a ndíol na maitheasa bige do-rinneadar nárbh áil leis do léigean a n-aisgidh, do-bheir piana síordhaidhe annso a bfhiaghnaisi fhear ndomhain a ndíoghail a bpeacadh ttrom dóibh. Na fírénaigh thrá dá ttug bochdaine agus peandaid bheag aithghearr san thshaoghal sa a ndíoghail na bpeacadh n-édtrom do-rinneadar, do-bheir glóir shuthain ina ndeagh- oibrighthibh dhóibh. As tuigthe as so gurab adhbhar eagla an saoghal d'fhagháil go soirbh.
An dara hadhbhar: dochum glóire Críosd, ór do damnaigh- eadh dochum báis ar an tshaoghal sa mar dhrochdhuine é; do bhí iomad nár aithin é; dobhí iliomad nach tug onóir dhó. Ar an n-adhbhar sin, nírbh fholáir lá éigin do theachd ina n-aitheóndaois luchd an bheatha uile é, ina ttiobhradaois uile onóir dhó, dá ndéoin tré ghrádh nó dá n-aindeóin tré eagla, mar Rígh bhfíreannach agus mar Thighearna ccoitcheand na n-uile. An treas adhbhar: ar son na naomh agus na mairtíreadh fuair iomad pian agus tarcaisne ar an tshaoghal sa, ionnas go bhfaice- adh an uile dhuine ag fagháil ghlóire agus onóra iad. An ceathromhadh hadhbhar: dochum a leimhe do chor a ccéill go hiomlán do luchd an díomais ísleóchthar go mór isan ló sa, agus fós dochum péine na bpeacadh do mhédoghadh ag faicsin na bhfírén ag fagháil ghlóire, ag faicsin na n-olc do-rinneadar go folaightheach dá bhfoillsioghadh a bhfiagh- naise fhear ndomhain. An cúigeadh hadhbhar: ionnas go mbiadh an corp, arna cheangal don anam, d'fhiaghnaisi ar an mbreith ndamanta nó slánaighthe dobérthaoi air féin. Ní bhia purghadóir tar éis an bhreitheamhnais chiorghalaigh úd ann, achd biaidh gach neach a nglóir nó a bpéin shíordh- aidhe gan chrích gan fhoirceand. Fiafraighthear annso créd fá n-abairthear go ttiocfa Críosd do bhreith bhreithe ar bheóaibh agus ar mharbhaibh, ór adeir- thear go coitcheann go bhfuighe an uile dhuine bás suil tí sé d'ionnsoighidh an bhreitheamhnais déigheanaigh. As éidir a rádh ris so gurab ar an ndroing shláineóchthar do-beirthear daoine beóa, ór gé fuaradar bás corpardha, mairid go síordh- aidhe san bheathaidh sbioradáltha, agus gurab ar an ndroing ndamanta do-beirthear mairbh ar an n-adhbhar go sgarthar go síordhaidhe ris an mbeathaidh suthain, ré Dia, iad. 21 ÓS CIOND A N-ABRAM ANOS, ETC. Ní hé amháin atá d'fhiachaibh orainn na hairteagail si atá go follas againn a cCré na nEasbal do chreideamh, achd ós a ccionn sin atá d'fhiachaibh orainn gach aoinní oile do chreide- amh fhoillseóchas an Eaglas do bheith dár ccreideamh, dá
rabhad sgríobhtha gion go rabhad. Tuig as so gurab mór an seachrán do-bheir ar na heiricidhibh nách creidid na neithe atá againn ó ghnáthchuimhne na hEaglaisi, quae vocantur traditiones muna fhaice siad sgríobhtha san sgrioptúir iad, ór as follas as an sgrioptúir féin a n-iomad do bhallaibh gurab cóir iad sin do chreideamh gion go mbeidís sgríobhtha. 22 A NDOBHRAMAR SUNN, ETC. Foillsighthear annso an tarbha atá ina ndobhramar go nuige so do chreideamh; gibé thrá chreidfeas iad, biaidh an céddoras atá ar fhlaitheamhnas nimhe osgailte roimhe, .i. doras an chreidimh. Fiafraighthear annso an bhfoil d'fhiachaibh ar an n-uile Chríosdaidhe fá phéin a slánaighthe iad so uile do chreide- amh. As í ar bhfreagra go bhfoil d'fhiachaibh ar an n-uile dhuine foghlamtha agus ar an n-uile dhuine ar a bhfoil cúram teagaisg an phobail, airteagail na Créidhe go hiomlán do chreideamh go follas, agus a bhfios do bheith aige. Na daoine ainbhfeasacha thrá, dho-gheibh tógbháil suas bharbardha agus nach cualaidh iomrádh go meinic ar airteagalaibh an chreidimh, ní fhoil d'fhiachaibh ortha fá phéin a slánaighthe a bhfios uile do bheith aca, achd atá d'fhiachaibh ortha na hairteagail as prinsipálta agus as mionca ar a ccluinid iomrádh do chreideamh go follas, .i. a chreideamh go bhfoil aoinDia amháin ann, go bhfoilid trí pearsanna san Tríonnóid, go ttáinig Críosd a ccolaind daonda, gur fhulaing páis, etc. Atá dh'fhiachaibh ortha fós bheith ullamh dochum an uile neitheadh do chreide- amh agá bhfoillséocha an Eaglas gurab cóir a chreideamh. Maille ris so, as cóir don uile dhuine a dhíthcheall do dhénamh ar fhios airteagal an chreidimh do bheith aige go hiomlán, agus ar an cCré do bheith do mheabhair aige, agus dá rabh aige san teang- aidh ina tuigfe í, as amhlaidh as fearr é. Gibé do fhédfadh a bhfios so uile do bheith aige agus léigeas sin de tré mhainneach- tnaighe, ní gabhthar a leithsgél ar énchor.
AN 7 CAIBIDIL. Don Choisregadh. Ní hé amháin gurab cóir don Chríosdaidhe airteagail an chreidimh do chredeamh 'na inntinn, achd as cóir dhó a chor a ccéill lé comharthaibh foirimelacha go ccreideann iad. As do na comharthaibh as fearr chuireas sin a ccéill ar bioth, comhartha na croiche lé ndénmaoid ar ccoisreagadh, ór as é sin armas an Chríosdaidhe lé n-aitheantar ridireadha Críosd tar easccairdibh na hEaglaisi naomhtha, mar atáid na geintlidhe, na Turcaigh, an cineadh Iúdaidhe, na heiricidhe agá mbí gráin ar comhartha na croiche. As amhlaidh as cóir dho dhuine a choisreagadh: barr a bhaisi do chor ar uachdar a édain ar tús, ag tabhairt aighthe a bhaisi air féin, agus ag rádh In nomine Patris; 'na dhiaigh sin ar íochdar a ochda, ag rádh et Filii; dá éis sin ar a ghualainn chlí, ag rádh et Spiritus; 'na dhiaigh sin ar a ghualainn deis, ag rádh Sancti; fá dheóigh ar lár a ochda, ag rádh Amen. As é ciall na mbriathar sin: 'A n-ainm an Athar agus an Mheic agus an Sbioraid Naoimh; bíoth mar sin.' As mór an bhrígh atá ag an bheagán bhriathar sa maille ris an ccomhartha sa do-níthear agá rádh, ór as beag nách foillsighthear suim an chreidimh uile ionnta. Ag rádh iomorro In nomine, .i. 'A n-ainm', ciallaighthear nach foil ann achd aoinDia amháin, ór as 'A n-anmannaibh' adérthaoi dá mbeath iomad Dia ann. An tan adeirthear 'an Athar agus an Mheic agus an Sbiorad Naoimh', foillsighthear trí pearsana na Tríonnóide atá 'na n-aoinDia amháin, a n-énnádúir agus a n-énchumhachd. Ag breith na láimhe ón édan go híochdar an ochda, foill- sighthear an Mac síordhaidhe do thurnamh a mbroinn na hÓighe, gur ghabh colann daonda uime dár slánoghadh. Foillsighthear lé fioghair na croisi do-níthear ag breith na láimhe ón édan go híochdar an ochda agus ón ghualainn chlí gusan ngualainn ndeis, an bás croiche do fhulaing Críosd
ar ar son. Foillsighthear fós, ag breith na láimhe ón ghualainn chlí gusan ngualainn ndeis, go rug sé ó laige go neart, ó bhás go beathaidh, ó pheacadh go grásaibh inn. As tuigthe as so an tarbha atá san choisreagadh. Do chéid neithibh as tarbhach dhúinn a dhénamh ionnas go n-admham ar ccreideamh leis agus go bhfoillsigheam gurab Críosdaidhe sinn. Maille ris sin, atá tarbhach dhúinn ionnas go ngoirmís ar chongnamh Dé san uile ní do chuirfeamaois romhainn do dhénamh, ór goirmíd go follas ar an tTríonnóid a n-onóir pháisi ar tTighearna an tan do-nímíd ar ccoisreagadh. An treas tarbha: ionnas go mbiadh 'na arm agus 'na éideadh orainn a n-aghaidh chathaightheadh agus aimsightheadh an diabhail, ór claoitear an diabhal go hurasa ag faicsin an armais sin lé rugadh buaidh roimhe air. Ar na hadhbharaibh si as cóir dhúinn ar ccoisreagadh go meinic, go háiridhe ag luighe agus ag éirghe, ag dol amach agus ar bfhilleadh tar ais, ar tteachd don Eaglais, ag tionnsgnamh an uile neitheadh dobeithí do dhénamh, agus gach uair mhothócham guasachd nó cathoghadh an diabhail nó na colna. Gibé lérab maith tarbha an choisreagtha d'fhagháil, smuaineadh go díthcheallach ar a chéill an tan bhias dá choisreagadh, agus bíodh dóthchas aige go bhfuighe toradh air. AN DARA CUID DON TEAGASG CRÍOSDAIDHE. Don Phaidir agus do na neithibh bheanas ris an ndóthchas.
Ortha an Tighearna dá ngoirthear an Phaidear A ar nAthair atá ar neamh, naomhthar th'ainm; tigeadh do ríoghdhachd; déntar do thoil ar an talamh mar dho-níthear ar neamh; ar n-arán laitheamhail tabhair dhúinn aniogh, agas maith dhúinn ar bhfiacha mar mhaithmídne dár bhféicheamhnaibh féin, agas ná léig ind a ccathaghadh, achd saor inn ó ulc. Amen, .i. Bíoth mar sin nó Déntar sin. Fáilte an aingil do Mhuire dhá ngoirthear Ave Maria Dia do bheatha, a Mhuire, atá lán do na grásaibh; atá an Tighearna maille riot; as beannaighthe thú tar na mnáibh, 's as beandaighthe toradh do bhronn, Íosa. A naomMuire, a Mháthair Dhé, guidh orainne na peacaigh anois agus a n-aimsir ar mbáis. Amen: Déntar sin. AN PHAIDEAR A NDÁN.
Dóthchas an dara doras; gibé thogras triall chuige gach aisgidh ar Dhia as iarrtha iarradh 's measadh go bfhuighe. Gach itghe as oircheas d'iarraidh atá a hiarraidh san Phaidir; abradh í so go minic gibé lé sirthir aisgidh.
Bíoth, a Dhé, a Athair neamhdha a meanma, a mbél gach duine th'ainm ré saoghal na saoghal dá naomhadh feadh na cruinne. Tigeadh chugainn do ríoghdhachd; go rabham síodhach sádhal gan ghuais ndeamhan ná dhomhain gan omhan bhreithe an bhrátha. Do thoil, mar aingle nimhe, déntar linne ar an thalmhain; beatha dár ccurp, a Athair tabhair aniogh 's dár n-anmain. Maith na coirthe do-níamaid gé táid 'na bfhiachaibh troma, mar mhaithmíd féin a ccoirthe do chách oile ar dho shon-sa. Ná léig cathaighthe an dhiabhail do dhol a bhfhiachaibh oirne, achd saor inn ó gach énulc. Déntar a n-iarmaid oirbhsi.
FÁILTE AN AINGIL.
Dia do bheatha sa, a Mhuire, a thuile lán do ghrásaibh; atá an Tighearna at fhochair a ghein shochair chlann nÁdhaimh. Beannaighthe thusa tharsa deaghmhná na talmhan uile; 's as beandaighthi an ghein ríodha, Íosa, toradh do bhruinne. A naomáthair Dhé, a Mhuire, a bhuime mar an ccédna, guidh orainne na peacaidh 'nar mbeathaidh 's a n-am éga.
GLUAIS MÍNIGHTHE NA RANN SA AGUS NA PAIDRE AN CHÉDCHAIBIDIL. Don chédathchuinghidh don Phaidir. 1. DÓTHCHAS AN DARA DORAS, ETC. Do fhoillsigheamar go nuige so an céddoras atá ar fhlaithe- amhnas nimhe, .i. doras an chreidimh. Tiocfamaoid annso go haithghearr ar an ndara doras, .i. an dóthchas, agus ar na neithibh bheanas ris. Do chéidneithibh, bíoth a fhios agat nach éidir aoinneach do shlánoghadh gan dóthchas, mar sin nách foláir do neoch a fhios do bheith aige cia na neithe as iomchubhaidh d'iarraidh ar Dhia maille ré dóthchas do bheith aige 'na bhfhagháil. An uile athchuinghidh iomorro as maith dhúinn d'fhagháil do thaoibh anma agus chuirp, agus inar cóir dhúinn dóthchas do bheith againn go bfhoigheam í, atá againn san Phaidir dá ngoirthear Urnaighthe an Tighearna; ór gion go bhfoil achd seacht n-athchuinghidhe go follas innte, tar a cheand sin atá iarraidh na n-uile neitheadh as cóir d'iarraidh ionnta sin. Goirthear Urnaighthe an Tighearna don Phaidir do bhríogh gurab é an Tighearna féin do-rinne í, agus do ordaigh dhúinne a rádh an tan dobheamaois ag guidhe Dé. Ní fhoil don uile urnaighthe urnaighthe as fearr iná an urnaighthi si, ar iomad d'adhbharaibh: ar tús tré uaisle an ughdair atá aice, .i. Críosd; maille ris sin do bhríogh go bfhoil ro-aithghearr, ionnas nách cás dá gach aon a cor do mheabhair, agus go bhfoil iarraidh na n-uile neitheadh as maith dhúinn d'fhagháil innte; agus fós gurab deimhin go bhfoigheam gach ní iarrfam innte maille ré dóthchas agus ré creideamh dá rabham a n-égmhais pheacaidh mharbhtha, más é ar leas a fhagháil, agus go maiththear ar bpeacaidh shologhtha dúinn an tan adeirmíd maille ré dúthrachd í; agus ós a chionn sin, do bhríogh nách é amháin go n-iarrann ar n-athchuinghidhe dhúinn ar Dhia, ach go múineand dúinn na neithe as cóir d'iarraidh, agus an
modh ar ar cóir a n-iarraidh. Ar na hadhbharaibh sin, as cóir dá gach Críosdaidhe a beith do mheabhair aige, a tuigsin, agus a rádh gach laoi - gonadh aire sin ghoirthear an Ortha Laitheamhail dí. 2. BÍOTH, A DHÉ, A ATHAIR NEAMHDHA, ETC. Foillsighthear san cheathromhain si na briathra do ordaigh ar Slánaightheóir dhúinn do rádh ar tús, do thairreang thoile an Athar neamhdha orainn suil do iarmaois athchuinghidh air. As iad na briathra sin: 'A ar nAthair atá ar neamh'. As leis na briathraibh si do mhúin ar maighsdir neamhdhaidhe Críosd dúinn créd an modh ar ar cóir dhúinn teacht d'ionn- soighidh na hurnaighthe do ghuidhe Dé, .i. maille ré grádh, ré humhlachd agus maille ré dóthchas; ór ní fhoilid briathra ar bioth as mó mhosglas chuige sin inn ináid na briathra úd: 'A ar nAthair atá ar neamh'. An tan iomorro ghoirmíd 'ar nAthair' dhe, as deacair dhúinn gan ghrádh d'fhoillsioghadh mar chloinn dó. As deacair dhúinn fós gan dóthchas do bheith againn go bhfoigheam ar n-athchuinghidh uaidh, agus nách bia míghean aige ar inn dá hiarraidh air. Ag rádh 'atá ar neamh', as tuigthe dúinn gurab é prionnsa agus airdrí nimhe agus talmhan é, go bhfhoilid na huile ar a chumhachdaibh, gurab éidir leis a n-iarrmaoid do thabhairt dúinn, agus fós gurab oircheas dúinn teachd dá ionnsoighidh maille ré heagla agus ré humhlachd. Ag rádh go bhfoil ar nAthair ar neamh, as tuigthe dhúinn nách foil achd oilithrigh nách fuair seilbh a n-oighreachta go fóill ionnainn féin ar an talmhain si, ag siobhal idir ar n-easccai- rdibh, ionnas go bhfoil feidhm romhór ar chuidioghadh ar nAthar againn. Bíoth a fhios agat nách athair nádúrtha dhúinn Dia, mar as athair nádúrtha do Chríosd é, achd athair toghaidhe dho thogh mar oighreadha ar a oighreachd a bhflaitheamhnas
inn. As tuigthe as so nách éidir leis an bpeacthach, nách foil ag triall dochum na hoighreachda sa achd atá ag daingnioghadh 'na pheacadhaibh gach laoi, a ghairm mar athair; ná lé duine ar bioth dá bfhoil don taoibh amoigh don Eaglais, ór gibé ag nách bia an Eaglas 'na máthair ní bhia Dia 'na athair aige - mar sin gurab díomhaoin bhíd so ag gairm a n-athar 'na bPaidir, agus gan a fhios aca cia as athair dhóibh. Tabhair dot aire mar dho ordaigh ar Slánaightheóir dhúinn 'A ar nAthair' do rádh tar a rádh 'A Athair', ionnas go ttuigmís gurab bráithre dá chéile sinn uile, go bhfoil d'fhiach- aibh orainn grádh bráthardha do bheith againn féin ar a chéile mar atá grádh athardha ag Dia orainn, agus nách cóir d'énchuid againn tarcaisne do dhénamh ar an ccuid oile ar an n-adhbhar gurab ionann uaisle dhúinn a bhfiaghnaisi Dé, ór as clann énathar inn; agus fós ionnas go ttuigeadh gach neach nach air féin amháin as cóir dhó guidhe, achd ar chách oile go coitcheann, an mhéid díobh bhias 'na mballaibh fírinneacha ag an Eaglais. 3. A MEANMA, A MBÉL, ETC. Foillsighthear annso an chédathchuinghidh iarrmaoid san Phaidir, .i. 'naomhthar th'ainm'. Bíoth a fhios agat nách iarrmaoid naomhthachd nuaidhe nach foil aige féin cheana don Athair neamhdha annso, ór atá naomhthachd éigcinnte nách éidir do mhédoghadh ann féin riamh, achd as é ní iarrmaoid, an naomhthachd atá ann féin do bheith follas ag cách uile. Ar an n-adhbhar thrá go bfhoil iomad ainchríosdaidheadh, eiriceadh agus peacthach ar feadh an domhain ag tabhairt imdheargtha agus aithisi do Dhia, agus ag nach bí iomrádh naomhtha ar bioth air, do ordaigh ar Slánaighthéoir do na Críosdaidhibh atá 'na ccloinn toghtha ag Dia agus lérab mian onóir do thabhairt dá nAthair, a ghuidhe go dúthrachdach d'iarraidh a anma do naomhadh, .i. a chlú, a éolas agus a iomrádh naomhtha do bheith a ccroidhe agus a mbél gach duine ar feadh an bheatha go coitcheand, ar sgrios a seachráin agus a bpeacadh uatha, ionnas go moladh agus go n-adhradh gach aon é mar as cubhaidh.
As uime do ordaigh dhúinn an athchuinghidh si d'iarraidh do chéidneithibh, suil do iarrmaois énathchuinghidh eile, do bhríogh gurab córa don chloinn dílis onóir a n-athar d'iarraidh ar tús, iná an ní théid a sochar dóibh féin; maille ris sin go bhfoil d'fhiachaibh orainn Dia do ghrádhoghadh ós cionn na n-uile neitheadh, agus grádh do bheith againn dó nách bia againn dúinn féin, ar an n-adhbhar gurab uaidhsean do-gheibhmid gach maith agus uainn féin gach olc. AN DARA CAIBIDIL. Don dara hathchuinghidh don Phaidir. 4. TIGEADH CHUGAIND DO RÍOGHDHACHD, ETC. Mínighthear annso an dara hathchuinghidh don Phaidir, .i. 'tigeadh do ríoghdhachd'. Ionnas go ttuigthéa cia an ríoghdhachd sa iarrmaoid ar Dhia do chor chugainn, bíoth a fhios agat go ttuigthear “ríoghdh- achd Dé” ar thrí modhaibh san sgrioptúir dhiadha. Do chéid neithibh, do-bheirthear “ríoghdhachd Dé” ar an ttighearntas nádúrtha atá aige ar an uile chrétúir a nimh, a ttalamh agus a n-ifrionn, ar an n-adhbhar gurab é féin a tTighearna nádúrtha, a nDia agus a ccruthaighthéoir, agus as dá réir sin sdíuras agus riaghlas iad do réir a thoile féin. Do-beirthear fós “ríoghdhachd Dé” ar na grásaibh lé sdíurann Dia anmanda agus croidhe na ndaoine; as leis an ríoghdhachd sa dh'fhagháil dúinn fhuasgailtear ó thighearntas an diabhail agus ó phríosún na bpeacadh sinn. Do-beirthear leis “ríoghdhachd Dé” ar ríoghdhachd na glóire do-ghébham san bheathaidh shuthain tar éis imtheachda as an ghleann sa na ndéor, agus as ar an modh ndéigheanach sa tuigthear an ríoghdhachd ar a luaigheam annso, ór an ríoghdhachd iarrmaoid annso atá ag triall chugainn. Mar sin nach labhramaoid ar an ccéidríoghdhachd ar an n-adhbhar go ttáinig sí cheana; ní labhramaoid fós ar an dara ríoghdhachd do bhrígh go ttáinig cuid mhór dhi, agus maille ris sin gurab
ionann í agus an ní iarrthar san chédathchuinghidh. Ar an n-adhbhar sin, as í an treas ríoghdhachd sa amháin atá go hiomlán gan teachd iarrmaoid annso. Ar n-íarraidh thrá ghlóire Dé ar nAthar dhúinn san chédathchuinghidh, iarmaoid annso san dara hathchuinghidh ar nglóir féin, .i. ríoghdhachd Dé, mar as cosmhail do chloinn oighreachd a n-athar d'iarraidh. Mar sin gurab é suim a n-iarrmaoid andso, glóir shíordhaidhe anma agus chuirp dho-bérthar dhúinn go hiomlán tar éis lae an bhreitheamhnais. Ar tteachd iomorro na ríoghdhachda sa, biaidh tighearntas, ní hé amháin ag Dia, achd ag an uile naomh, go háiridhe tar éis laoi an bhreitheamhnais, ar an uile chrétúir, ionnas nach bá héidir le haoinní urchóid do dhénamh dhóibh; ór rachaidh cumhachda an diabhail agus na bpeacthach ar neimhthní and sin ar an n-adhbhar go mbeid ceangailte a bpríosún shíordhaidhe a n-ifreann. Biaidh síoth idir an n-anam an corp, iondas nách bia gúasachd ó chathaighthibh na colla ortha. Ní bhia eagla an bháis ná an bhreitheamhnais déighean- aigh ortha, achd bíaidh éinríoghdhachd chiúin shocair aca a n-aontaidh na n-aingeal ar aghaidh na Tríondóide, ar a mbia sealbh shíordhaidhe gan eagla a cailleamhna ag an uile fhírén. AN 3 CAIBIDIL. Don treas athchuinghidh. 5. DO THOIL MAR AINGLE NIMHE, ETC. Ar an ttreas n-athchuinghidh tigthear annso, .i. “déntar do thoil ar talamh mar dho-níthear ar neamh”. Ar an n-adhbhar go n-abair ar Slánaightheóir: “Ní hé gach énduine adeir riomsa: A Thighearna, A Thighearna, achd as é an té do-ní toil mh'Athar atá ar neamh rachas go ríoghdhachd nimhe”, as cosmhail dá gach aon lérab mian triall don ríoghdhachd sin, grása agus cuidioghadh d'iarraidh ar Dhia lé ndiongna a thoil.
As uime sin, ar n-iarraidh ar n-oighreachta, .i. ríoghdh- achd nimhe, ar ar nAthair san dara hathchuinghidh, iarrmaoid andso an modh ar a ttiocfam dochum na hoighreachta sa, .i. grása lé ndiongnam toil ar nAthar agus lé ccoimheólam a aitheanta. As annso mhúineas ar Slánaightheóir dhúinn an riaghail lé ndlighmíd ar mbeatha do riaghladh, .i. toil Dé. As iomdha olc éirgheas dúinn do bhríogh nách leanmaoid an riaghail si; ór gach imreasain agus gach ní oile dá n-éirgheann eadrainn san tshaoghal sa, as é ní as ciontach ris go mbí gach aon gan fhéchain ar thoil nDé, ag leanmhain a thoile féin agus ag dréim ré mian a antoile do choimlíonadh. Dá ccuirmís thrá ar ttoil féin ré toil nDé, do réir mar as éntoil amháin nách claochlaoithear atá aigisean, as mar sin dobheamaoisne uile ar éntoil, agus ní bhiadh trioblóid ar bioth eadroinn. As tuigthe as so go bhfoil d'fhiachaibh oruinn, ionnas go ccuirmís ar ttoil do réir thoile Dé, foighide do bheith againn san uile ní dá dhoilgheas- aighe dhúinn, ór as follas dá gach aon nách éidir ní ar bioth do dhénamh gan Dia dhá dhéonoghadh nó dhá fhulang go háiridhe. Tabhair dot aire mar adeirthear annso: “mar dho-níthear ar neamh”, ionnas go ttuigmís gurab cóir dhúinn a mhian do bheith orainn bheith umhal do Dhia, agus ullamh dochum a thoile do dhénamh coimhésgaidh ré hainglibh nimhe nách dearna claonadh beag dá loighead óna thoil riamh, agus grása agus cuidioghadh dh'iarraidh air féin chuige sin, ór as deacair prémha na heasumhlachda do planntoigheadh lé peacadh na sinsear ionainn do sgrios uainn, muna sgriosa Dia féin lé grásaibh sbeisialta iad. Go deimhin, dá measmaois féin méd an uilc táing tré easumhlachd ar sinsear, méd na maitheasa táing tré umhlachd ar Slánaightheóra Críosd, do ba cóir dhúinn an athchuinghidh si iarrthar andso, .i. grása lé mbeamaois umhal do Dhia iondas go ttigeadh lind a thoil dho
dhénamh, d'iarraidh go dúthrachdach meinic. Gidheadh, as díomhaoin dúinn so d'iarraidh air, muna thairgeam féin a chuidioghadh leis a thabhairt orainn a thoil do dhénamh. As amhlaidh do-níthear a thoil: a aitheanta do choimhéd. AN 4 CAIBIDIL. Don cheathromhadh hathchuinghidh. 6. BEATHA DAR CCURP, ETC. Foillsighthear andso an ceathromhadh hathchuinghidh, .i. “ar n-arán laitheamhail tabhair dhúinn aniogh”. Iar n-iarraidh iomorro na neitheadh bheanas ré glóir ar nAthar agus ris an nglóir síordhaidhe atá fár ccomhair féin go nuige so, iarr- maoid andso mar chloind ar ar nAthair, mar bhochda daidhbhre ar Thighearna na n-uile shaidhbhreas, gach ní atá 'na riachdanas ar ar mbeathaidh ccorpardha, mar atá biadh agus édach, agus ar ar mbeathaidh sbioradálta, mar atá sacramainnt Chuirp ar tTighearna agus na sacramainnte oile archeana. Ar an n-adhbhar thrá nách éidir leis an n-anam, gan chongnamh an chuirp, deaghoibrighthe do dhénamh lé ttiocfadh sé d'ionn- soighidh na beathadh síordhaidhe, as iomchubhaidh dhúinn riachdanas an chuirp d'iarraidh maille ré riachdanas an anma, ionnas nach cuireadh an easbhaidh do bhiadh ar an ccorp toirmeasg ar dheaghoibrighthibh na hanma; gonadh aire sin iarrmaoid arán, ór ciallaighidh arán an uile bhiadh. Atáid thrá dá ghné bhídh and, .i. biadh sbioradálta agus biadh corp- ardha, agus iarrthar gach biadh dhíobh andso, go háiridhe Corp Críosd, ar a ttugthar arán go meinic san sgrioptúir. Adeirmíd “ar n-arán féin” ris an arán iarrmaoid andso, ar an n-adhbhar - más ar Chríosd labhramaoid - gurab é ar n-arán féin go fírindeach é, ór as dúinn féin dochum ar slánaighthe do fuineadh leis an Sbiorad Naomh a mbroind na hÓighe é. As dúinn fós do bruitheadh ar greidil na croiche é,
agus as chugaind leis chuirthear ar bord na haltóra go laithe- amhail é dá chaitheamh. Más ar an n-arán ccorpardha fós laibheóram, iarrmaoid ar Dhia ar n-arán díleas féin, .i. ní agá mbia ceart againn chuige, gan chuid duine oile do leigean go hégcórach chugaind. Tabhair dot aire nách é ní adeirmíd “mh'arán”, achd “ar n-arán”, ar an n-adhbhar gurab riachdanas coitcheand atá oraind uile, agus gurab Athair coitcheand atá againn ar a n-iarrmaoid furtachd, agus gurab cóir dhúind féin guidhe ar a chéile mar adobhramar thuas. Adeirmíd “ar n-arán laitheamhail”, ar an n-adhbhar go mbí riachdanas gach lae ris, agus fós do bhríogh nach cóir dhúinn beatha dhénmhasach chosdasach d'iarraidh, achd beatha shimplidhe mar bhíos go laitheamhail ag cách oile go coitch- eand, do chosg ar ríachdanais amháin. Adeirmíd “aniogh”, dá chor a ccéill nách cóir dhúind cuid an lae amáraigh do bheith 'na bhuaidhreadh orainn aniogh, ag teachd eadraind agus seirbhís Dé, agus gan a fhios againd an mairfeam amárach, ór as lór don ló aniogh a thrioblóid féin 'na dhiaigh; achd as é ní as cóir dhúinn cuid an lae aniogh d'iarraidh aniogh agus an phaidear chédna do rádh amárach d'iarraidh choda an lae amáraigh. Gidheadh, ná meas as so go ccuirfeadh Dia toirmeasg orainn fá chúram résúnta, nách cuirfeadh buaidhreadh ar ar ccrábh- adh ná ar ar ndeaghoibrithibh, do dhénamh fán ní dobhiadh 'na riachdanas orainn san aimsir atá chugainn, go háiridhe más ní é ar nách biadh breith uair oile; ór as ionann dúinn cúram do bheith againn fá fhíon nó fá arbhar do chruinn- ioghadh san fhoghmhar fá chomhair na bliadhna uile, agus cúram do dhénamh fá chuid an lae aniogh amháin, ar an n-adhbhar nách foil lá oile againd dochum an arbha ná na fíneamhna do bhuain achd aniogh; ór dá léigmís cuid an earraigh don ghort gan bhuain go hearrach agus cuid an tshamh- raidh go samhradh, ní bhudh éidir a bhuain an uair sin ar an n-adhbhar nach mairfeadh aoinní dhe; mar sin nách foil
peacadh do dhuine a leithéid sin do chúram résúnta do dhénamh fá riachdanas na haimsire bhias chuige. Ni hé amháin: as mó an peacadh dhó sin do léigean tairis gan dénamh 'na thráth féin, go háiridhe más duine é ar a bfhoil sin d'fhiachaibh as a oific. AN 5 CAIB. Don chúigeadh hathchuinghidh. 7 MAITH NA COIRTHE, ETC. Tráchdtar andso ar an ccúigeadh hathchuinghidh don Phaidir, .i. “maith dhúinn ar bhfiacha mar mhaithmíd féin dár bhféicheamhnaibh”. Ar n-iarraidh thrá an uile mhaitheasa síordhaidhe agus iasachda dhúinn go nuige so, iarrmaoid isna trí hathchuinghibh si inar ndiaigh ar saoradh ar an n-uile olc dá ttáinig, dá bfhoil do láthair, nó dá ttiocfa. As é iarmaoid san athchuinghidh si, ar saoradh ar an n-olc do-chuaidh thort, .i. an peacadh do-rinneamar; ór mar fhoillsigheas an Tighearna ag Matha san tsheiseadh caibidil, as ar an bpeacadh do-beirthear fiacha annso, do bhríogh gurab iomdha fiacha luigheas oraind ag Dia ar son ar bpeacaidh, mar atá: díol an aindlighidh do-bheirmíd dó ag dénamh peacaidh 'na aghaidh, an cháin as cóir do bhuain dínn fá bhriseadh a aithne, agus díol na ndeaghoibrightheadh léigmíd thorainn ag dénamh an pheacaidh, agus bhíos d'fhiachaibh orainn do dhénamh, ór as lé Dia sealbh dhíleas ar n-uile ghníomh - gonadh aire sin bhíos fiacha aige oraind isna deaghoibrighthibh léigmíd thorainn tré mhainneachdnaighe. Ar an n-adhbhar sin, ó luigheas na fiacha sa go meinic orainn, ní foláir dhúinn ar bPaidear do rádh go meinic ag iarraidh mhaithmheachais ar Dhia. Tabhair dot aire andso, gé ghoirmíd ar n-arán féin don arán iarrmaoid san cheathromhodh hathchuinghidh, agus ar
bhfhiacha féin do na fiachaibh iarrmaoid do mhaitheamh dhúinn annso, nách ionann modh ar a bhfaghmaoid gach cuid díobh so; ór as ó thiodhlaigthibh Dé do-gheibhmíd an t-arán, agus ór n-olc féin do-gheibhmid na fiacha sa do bheith orainn. 8. MAR MHAITHMID FÉIN, ETC. Foillsighthear san leathrann sa an coingheall ar a n-iarr- maoid maitheamh ar bhfiach ar Dhia, .i. ar eachd sind féin do bheith maithmheach dár ccomharsain mar tá isna briath- raibh úd na Paidre: 'mar mhaithmidne dár bhféicheamhnaibh féin'. As follas as so go bhfoil d'fhiachaibh orainn an t-aindligheadh nó an tarcaisne do-bheir ar ccomharsa dúind do mhaitheamh dhó, mar iarrmaoid féin maitheamh an ain- dlighidh do-nímid ar Dhia air; ór ní bhí Dia trócaireach achd ris an ttí bhíos féin trócaireach, agus ní mhaitheand a pheacaidh achd don té bhíos maithmheach do chách oile, do réir fhiagh- naisi Críosd san tshoisgél; mar sin gurab mó iarras an duine neamhthrócaireach neamhthrócaire Dhé iná a thrócaire ag rádh a Phaidre, ór ní iarann trócaire achd ar an modh ar a ndénann féin trócaire. Gidheadh, bíoth a fhios agat nach cóir dhoit a léigean díot do Phaidear do rádh dá mbeithéa ar feadh tamaill nách foighthéa uait féin urchóid t'inntinne dod chomharsain do léigean díot, ór atá iarraidh na ngrás atá d'easbhaidh ort dochum na hurchóidi si do léigean díot agat san Phaidir. AN 6 CAIB. Don tsheiseadh hathchuinghidh. 9. NÁ LÉIG CATHAIGHTHE, ETC. Foillsighthear andso an seieadh hathchuinghidh, .i. 'ná léig a ccathaighthibh inn'. Annso iarrmaoid congnamh a
n-aghaidh an uilc atá inar ccionn, .i. cathaighthe an diabhail, na colna, an tshaoghail, etc., ór as iad na cathaighthe as slighe dochum an pheacaidh, agus do bhríogh go bhfoilid roghuasachd- ach agus an bhuaidh rochunntabhartach, ní foláir dhúinn a iarraidh ar Dhia gan cathaighthe lé cclaoifidhe sinn do léigean orainn. Tabhair dot aire annso, gidh é ciall choitcheann na mbria- thar laidni si et ne nos inducas in tentationem, 'ná beir a ccathaighthibh inn', tar a cheann sin nách é ní iarrmaoid ar Dhia gan ar ttairreang dochum peacaidh - ór as í sin gnáth- obair an diabhail ar an mbí gráin mhór ag Dia - achd as é ní iarrmaoid, ar ccosnamh ar chathoighthibh dho chlaoifeadh sinn, ór as gnáthach lind a rádh ris an tté dho-chí agus fhuilngeas ní do dhénamh dho fhédfadh sé do thoirmeasg, gurab é féin do-rinne an ní sin. Do-chí iomorro Dia gach buaidhreadh agus gach cathaighthe dá ccuirionn an diabhal ar na daoinibh, agus do fhédfadh a ttoirmeasg dá ttogradh féin. Gidheadh fuilngidh sé ar uairibh buaidh do bhreith ar chuid díobh a ndíoghail na bpeacadh do-rinneadar dá ndeóin féin, gan róchathaighthe do chor ortha. Ar an n-adhbhar sin, iarrmaoidne annso air, gan an díoghaltas cédna do dhénamh orainn féin inar bpea- cadhaibh. An 7 CAIB. Don tsheachdmhadh hathchuinghidh . 10. ACHT SAOR IND, ETC. San cheathromhain si fhoillsighthear an athchuinghidh dhéigheanach don Phaidir, .i. “saor inn ó ulc”. As é ní iarrmaoid annso, ar saoradh ar an n-uile olc dá bhfoil do láthair, dá ndeachaidh thorainn, nó dá bhfoil inar ccionn. Gé iarrthar thrá cuid díobh so isna hathchuinghidhibh si ar ar thráchda- mar thuas, tar a cheann sin iarrmaoid annso leis iad, ór as gnáthach le neach, an tan iarras iomad athchuingheadh fá seach, iad sin uile do chur a n-énathchuinghidh amháin fá dheireadh mar dhaingnioghadh ar na cédathchuinghidhibh -
mar adeir duine: “Atám ag taobhadh Briain agus Taidhg agus Domhnaill agus mo chloinne uile riot”. Tabhair dot aire nách é ní dho theagaisg Críosd dúinn ann so a iarraidh ar saoradh ar olc d'áiridhe, mar atá teinneas, bochdaine, bás, do bhríogh gurab iomdha ní shaoilmídne do bheith olc dhúinn, agus go bhfaiceann Dia gurab é ar leas tig asda, agus gurab iomdha ní shaoilmíd do bheith maith dhúinn, agus go bhfaiceann Dia gurab é ar n-aimhleas tig asda. Ar an n-adhbhar sin, iarrmaoid ar Dhia, do réir theagaisg ar Slánaighthéora, ar saoradh ar an ní as aithnidh dhó féin do bheith olc dhúinn, ní ar an ní as olc linn. 11 DÉNTAR A N-IARMAID, ETC. Foillsighthear san cheathromhain si ciall an fhocail úd Amen. Atáid dá chéill san fhocal soin. An chéidchiall: “as fíor sin”, nó “go fírinneach. An dara ciall: “bíodh mar sin”, nó “déntar sin”, agus as í an chiall déigheanach sa atá aige annso, agus in gach áit oile ina n-iarrthar athchuinghidh. An chéidchiall atá ann ar deireadh na Cré agus in gach áit oile ina mbí faisnéis nó foillsioghadh amháin. AN 8 CAIB. Don Ave Maria . 12. DIA DO BHEATHA SA, A MHUIRE, ETC. Foillsighthear andso fáilte an aingil Gabríal ré Muire an tan do ghabh Mac Dé, Críosd, 'na broinn. Bíoth a fhios agat gurab uime adeirmíd an tAve Maria a ndiaigh na Paidre, ar an n-adhbhar go bhfoil Muire 'na habhcóididh eadrainn agus Críosd, do réir mar atá Críosd 'na abhcóididh eadrainn agus an tAthair; gonadh aire sin, ar n-iarraidh ar n-athchuingheadh ar an nAthair lé teagasg cCríosd, do-bheirmid aghaidh ar Mhuire ionnas go ccuireadh impidhe ar a Mac agus ar Athair an Mheic chédna fár n-athchuinghidhibh do thabhairt dúinn; ór as gnáithbhés ag daoinibh an tan iarraid athchuinghidh ar phrionnsa, labhairt ris na daoinibh as
treisi do-chíd san chúirt 'na dhiaigh sin ionnas go mbiadh a n-impidhe léo. Adeirmíd do chéidneithibh: “Dia do bheatha”, dá chor a ccéill gurab cairde agus daoine muinntire agá bhfoil éolas uirthe sinn, ionnas gurab cosmhail dúinn bheith dána uirthe. As uime adeirmíd briathra an aingil tar bhriathraibh oile ag cor na fáilti si, ar an n-adhbhar go ccuireann cuimhnioghadh na ttiodhlaigtheadh mór fuair Muire ré cois na mbriathar sa an chéduair adobhradh ria iad gairdeachas mór uirthe; maille ris sin go ccuireann gairdeachas uirthe cuimhne do bheith againne ar na tiodhlaigthibh cédna, agus buidheachas do bheith againn ar Dhia ar a son. 13. A THUILE LÁN DO GHRÁSAIBH. Foillsighthear annso an cédmholadh do-beirthear ar Mhuire a bhfáilte an aingil, .i. a beith lán do ghrásaibh. Ionnas go ttuigthéa cionnas dobhí Muire mar sin, bíodh a fhios agat go n-oibrighid na grása trí neithe prinsipálta a nduine, mar atá: gan sal peacaidh do léigean ar a anam, tlachd álainn do chor ar an n-anam ccédna lé subháilchibh, neart agus bríogh do thabhairt dó dochum deaghoibre do dhénamh. As follas as gach énchuid díobh so go raibhe Muire lán do ghrásaibh, ór nír luigh peacadh na sinsear riamh uirthe, agus ní dhearna féin peacadh marbhtha ná sologhtha; fuair fós an uile shubháilcheadh agus tiodhlaigtheadh ón Sbiorad Naomh go roidhearsgnaigheach, agus do thoill an oiread sin do bhuidheachas ó Dhia léna deaghoibrighthibh, ionnas gur cuireadh ós cionn an uile aingeal a nglóir í, maille ré a corp daonda do bheith uimpe. 14. ATÁ AN TIGHEARNA, ETC. Ag so an dara moladh do-beirthear ar Mhuire annso, lé cciallaighthear go raibhe Dia ó thús a geineamhna riamh maille ria agá teagasg, agá riaghladh agus agá coimhéd ionnas nach é amháin go raibhe grása ó Dhia aice dá coimhéd ar pheacadh- aibh, achd go raibhe sé féin dá coimhéd do ghnáth.
15. BEANDAIGHTHE THUSA, ETC. Ag so an treas moladh do-beirthear ar Mhuire annso, lé bhfoillsighthear go bhfuair grása nach fuair bean riamh do mhaighdin ná do mhnaoi phósta. As beannaighthe an tiodh- lacadh lé mnaoi agá mbí fear clann d'fhagháil; as beandaighthe an tiodhlacadh lé hóigh a hóghdhachd do choimhéd. Ní fhaghann éinbhean oile achd cuid éigin díobh so, gidheadh fúair Muire iad araon. Fuair gan choill a hóghdhachda an chlann as fearr fríoth riamh ná bhudh éidir d'fhagháil, .i. Mac nádúrtha Dé bhí, ionnas go raibhe beannaighthe tar an n-uile mhnaoi oile. 16. 'S AS BEANNAIGHTHE, ETC. Ag so an ceathromhadh moladh do-beirthear ar Mhuire annso, ina bhfoillsighthear nách é amháin gurbh fhiú í a moladh ar a son féin, achd gur thuill a moladh tré fheabhas an toraidh táinig dhí, Íosa Críosd. Ór mar as moladh ar an gcrann toradh maith do theachd de, as mar sin as moladh ar na mnáibh clann mhaith do bheith aca. Ar an n-adhbhar sin, ó nách é amháin go raibhe Críosd 'na dhuine dáríribh bean- naighthe tar an n-uile dhuine, achd go raibhe 'na Dhia agus 'na dhuine beandaighthe tar na huilibh, as mar sin nách é amháin go raibhe Muire beannaighthe ós cionn an uile bhan, achd go raibhe beannaighthe tar an n-uile chrétúir do bhríogh go raibhe 'na máthair ag Día agus ag duine. 17. A NAOMÁTHAIR DHÉ, ETC. Foillsighthear annso na briathra úd do chuir an Eaglas leis an Ave Maria, mar atá: 'A naoMuire, a Mháthair Dhé, etc.' As annso do-bheir an Eaglas an tiodal as mó as éidir do thabhairt do mhnaoi dhí, .i. Máthair Dhé do ghairm dhí; agus arna fhoillsioghadh san tiodal sa go bhfoighe ó Dhia - ar an n-adhbhar gurab í a Mháthair í - gach ní dá n-iarrfa air, iarraidh an Eaglas chédna uirthe, agus iarrmaoidne boill na hEaglaisi fá seach, guidhe ar ar son do ghnáth ar an n-adhbhar
go bhfoilmíd a nguasachd mhór do ghnáth ar an thsaoghal sa. Go háiridhe, iarrmaoid uirthe guidhe orainn a n-uair ar mbáis, ór as é sin an pongc díoghbhálach guasachdach ar a bhfoil ar mbeatha shíordhaidhe go bráth agus iar mbráth. AN TREAS CUID. DON TEAGASG CRÍOSDAIDHE. thráchdas ar an haitheantaibh. DEICH N-AITHEANTA DÉ.
1. Dá n-iarra osgladh 'gun ghrádh an treas doras atá ar neamh, comhaill deich n-aitheanta an ríogh mar táid annso síos fá seach. 2. Dia bréige d'adhradh ná tairg; 3. ná tabhair ainm Dé gan fháth; 4. Domhnach, lá an Thighearna Dé coimhédtar libh é dho ghnáth. 5. Onóraigh th'aithre go búidh; 6. ná déin marbhadh, 7. drúis, 8. ná goid; 9. ná déin bréigfhiaghnaisi ar neach; 10. a mhaoin ná a bhean ná hiarr dhoit.
CÚIG AITHNE NA HEAGAILSI.
Cuir a cceann a ndobhairt mé cúig aithne na hEagailse: coimhéid gach saoire go beachd 's déin aithfreann innte dh'éisdeachd. Troisg an Corghas go glan glan, uighil 's troisgthe na hanman; ná tomhaill feóil ar dho phroinn Dia hAoine ná Dia Sathroinn.
Tré bhiotha síor ná bíodh sibh éinbhliadhain gan fhaoisidin; Corp Críosd ón Domhnach ré cCáisg caith lá éigin, go mionCháisg. Ná déna banais íar ndáil ó thús Chorghais go mionCháisg, ná ó thús Aidbheant go grod go dá lá dhég d'éis Nodlag. Muna dhearna a n-abram ribh, trí doirsi thighe an Dhúilimh iadhfaidhear uile rét uchd - dol astteach ní bhia ad chumhachd.
GLUAIS MÍNIGHTHI. AR NA RANNAIBH SI AGUS AR NA HAITHEANTAIBH. AN CHÉDCHAIBIDIL. Do na haitheantaibh go coitcheann. 1. DÁ N-IARRA OSGLADH, ETC. Tráchdtar annso síos ar an treas doras atá ar fhlaithe- amhnas nimhe, .i. an grádh agus an tshlighe ghabhthar chuige, mar tá comhall na n-aitheantadh. As é so an doras as prinsipálta ar flaitheamhnas, ór ní héidir leis an ccreideamh agus leis an ndóthchas duine do shlánoghadh gan chongnamh an ghrádha, ór ní fhoil achd subháilche marbha ionnta gan ghrádh. As uime sin adeir Pól easbal gurab uaisle an grádh iná ceachtar dhíobh, agus as follas dúinn so ó résún; ór ní chreidmíd achd an ní nách faicmíd, agus ní bhí dóthchas againn ní d'fhagháil achd an tan nach bí an ní cédna inar láimh againn. Ar an n-adhbhar sin, ó dho-chífeam go follas a bhflaitheamhnas gnúis na Tríonnóide agus na neithe chreidmíd ar an tshaoghal sa, ní bhía creideamh againn ó sin amach; agus ó dho-ghébham an uair sin an ní ina bhfoil dóthchas againn ar an tshaoghal sa, .i. an bheatha shuthain,
radharc Dé, ní bhia dóthchas as sin amach againn. Gidheadh, ní sgarfa an grádh choidhche rinn, mar sin nách foláir dhúinn cúram mór do bheith againn fá na neithibh bheanas ris an ngrádh. Ar na hadhbharaibh sin, madh áil leat grádh fírinne- ach do bheith agat, comhaill aitheanta Dé, bíodh a bhfios agat, ór ní bhia grádh Dé ag an té nach diongna a thoil, agus ní héidir a thoil do dhénamh gan comhall a aithneadh. Ní fhuil don uile dhligheadh dligheadh as córa do choimhéd agus as uaisle ináid na haitheanta sa ar mhórán d'adhbharaibh. An cédadhbhar: do bhríogh gurab é Dia féin as ughdar dhóibh, dho sgríobh ar tús a ccroidhibh na ndaoine iad; ór ní fhoil duine ar bioth nách taisbénann a nádúir féin dó, agus nach éidir leis a léghadh 'na choinsias, gurab cóir gach aithne dhíobh so do choimhéd. Do sgríobh 'na dhiaigh sin a ndá chlár marmair iad do Mhaoisi ar Sliabh Sinas. An dara hadhbhar: do bhríogh gurab iad na haitheanta cédna dligheadh as sine ar bioth, agus gurab iad as tobar don uile dhligheadh oile. An treas cúis: do bhríogh nách foil dligheadh ar bioth as coitchinne iná iad, ór ní fhoil duine ar bioth agá bhfoil a chiall ar a chumas saor ortha, agus fós do bhríogh nach foil ar bioth dligheadh as docra do chlaochlódh iná iad; maille ris sin do bhríogh go bhfoilid 'na riachdanas ar an n-uile dhuine dochum a shlánaighthe, mar theagaisgeas Críosd san tsoisgél. Adhbhar oile fós: do bhríogh gur foillsigheadh go puiblidhe ar Sliabh Sinas iad maille ré sollamain móir, go ccaismeartaibh na n-aingeal, go ttoirnigh agus go soighnénaibh teinntidhe, a bhfiaghnaisi chloinne Israihél go huilidhe. Tabhair dot aire annso bríogh na mbriathar úd do sgríobh ar tTighearna ar tús na n-aitheantadh an tan tug sgríobhtha do Mhaoisi san dá chlár iad: Ego sum Dominus Deus tuus, qui eduxi te de terra Aegypti, de domo servitutis, .i. “As meisi do Thighearna Dia, tug ó thalamh na hÉighipte, ó thigh na daoirsi thú”. As uime adobhairt ar tTighearna na briathra sa, ionnas go ccuireadh a ccéill dúinn go raibhe cumhachda aige féin dligheadh d'ordoghadh ós ar ccionn, agus go raibhe
d'fhiachaibh orainn a dhligheadh agus a reachd do choimhéd fá phéin ccána, ar an n-adhbhar gurab é féin ar tTighearna, gurab é ar nDia agus ar ccruthaightheóir, tug dhúinn a bhfoil againn agus inn féin; gurab é do shaor ó thigh na daoirsi, .i. ón pheacadh agus ó shearbhóntachd agus ó bhiothmhuinntearas an diabhail ind - gonadh aire sin atá d'fhíachaibh orainn fá phéin ccána a aitheanta do choimhéd. As í an cháin si, damainnt phríosúin shíordhaidhe go bpianaibh éigcinnte gan fhoirceand. As é líon na n-aitheantadh a deich, .i. trí haitheanta bheanas ré Dia féin, agus seachd n-aitheanta bheanas rér ccomharsain. Ag so na haitheanta cédna: Na haitheanta bheanas re Dia: 1. Ná hadhair dée bréige. 2. Ná tabhair ainm do Thighearna Dia go díomhaoin. 3. Coimhéid saoire an Domhnaigh. Na haitheanta bheanas ris an ccomharsoin: 4. Tabhair onóir dot athair agus dod mháthair. 5. Ná déna marbhadh. 6. Ná déna drúis. 7. Ná déna goid. 8. Ná déna fiaghnaisi bhréige a n-aghaidh do chomharsan. 9. Ná sanntaigh bean do chomharsan. 10. Ná sanntaigh teach ná fearann, óglach ná innilt, bó ná asal, ná ní ar bioth do chuid do chomharsan. Dobhádar na trí cédaithni sin bheanas ré Dia sgríobhtha san chédchlár don dá chlár fuair Maoisi, ionnas go ttugthar “Aitheanta an chédchláir” ortha. Dobhádar na seachd n-aitheanta oile sgríobhtha san dara clár, ionnas go ttugthar “Aitheanta an dara cláir” ortha. As so gurab é suim agus éifeachd na n-aitheantadh uile: grádh Dé agus grádh na comharsan. Ar an n-adhbhar sin, gibé choimhédas an dá aithni si an ghrádha, .i. grádhaigh Dia tar an uile ní, agus grádhaigh do chomharsa mar thú féin, coimhédaigh na haitheanta uile.
AN DARA CAIB. Don chédaithne. 2 DIA BRÉIGE d'ADHRADH, ETC. Labhairthear san rann sa ar aitheantaibh an chédchláir, .i. na trí haitheanta bheanas ré Dia féin. An chédaithne dhíobh so, ar a ttráchdthar san chaibidil si: gan dée bréige dh'adhradh. Atá bríogh dá aithne ag an aithni si, ór as é so a ciall: adhair meisi an t-aoinDia fírinneach agus ná hadhair dée bréige. Ar an n-adhbhar sin, atá d'fhiachaibh orainn, do bhríogh na haithni si, creideamh, dóthchas agus grádh do bheith againn, onóir do thabhairt do Dhia agus do na neithibh bheanas ris, agus gan an onóir dhlighthear dhó do thabhairt d'aoinní oile. As a n-aghaidh na haithni si pheacaigheas an drong ag nach bí creideamh, mar atáid na hainchríosdaidhe, agá mbíd crétúire corpardha, .i. grian nó gealach nó íomháighe bodhra balbha dá n-adhradh mar Dhia; na heiricidhe, na siosmaiticidhe, an té nach creideann na neithe fhoillsigheas an Eaglas do bheith dár ccreideamh, nó léghas leabhair eiriceachda gan chead sbeisialta do bheith aige dochum a léghtha, nó éisdeas ré seanmóir eiriceadh; theagaisgeas nó fhoghlamaidheas draoitheachd nó asrolaigheachd; chuirfeas a chomhairle a n-uchd dhuine agá mbiadh cunnradh ris an ndiabhal; do-ní piséoga, nó geasadórachd, nó do-bheir fá deara a ndénamh dhó; chreideas d'aislingthibh, do dhearnadórachd, do nélladórachd, etc. As a n-aghaidh na haithne cédna pheacaigheas an drong ag nách bí dóthchas, mar atá an drong bheanas súil do ghrásaibh Dé, mheasas nach éidir dhóibh aitheanta Dé do chomhall nó na neithe atá 'na riachdanas ortha dochum a slánaighthe do dhénamh, agus an drong agá mbí dóthchas gan chéill go saorfaidhear lé grásaibh Dé iad gan chongnamh a ndeaghoibre féin d'iarraidh, chuireas a ndóthchas uile a saidh- bhreas nó a ccumhachdaibh saoghalta amháin. As a
n-aghaidh na haithne cédna fós pheacaigheas an drong ag nách bí grádh do Dhia, agá mbí fúath air, do-bheir grádh ós cionn a ghrádha do ní shaoghalta ar bioth, chuireas é féin nó a Eaglas nó neithe coisreagtha a ttarcaisne. Bíoth a fhios agat nach foil an aithni si ag toirmeasg onóra do thabhairt do na naomhaibh agus do na hainglibh, ór an Tighearna féin, aithneas dínn é féin amháin d'adhradh mar Dhia, ordaighidh sé dhúinn onóir dho thabhairt dár n-aithribh agus dár máithribh. Go deimhin, dá bhfhógradh rí gan duine ar bioth d'onóroghadh mar rígh 'na ríoghdhochd achd é féin amháin, do ba mór an díoth céille a rádh go mbiadh a n-aghaidh aithne an ríogh a onóir iomchubhaidh féin do thabhairt don diúice nó don iarla, achd amháin gan a n-adhradh mar rígh. Mar an ccédna ar tTighearna, gé tá agá thoirmeasg orainn annso crétúir ar bioth d'adhradh mar Dhia, ní chuireand toirmeasg orainn fá a n-onóir iomchubh- aidh féin do thabhairt do na naomhaibh agus do na hainglibh. Ar an n-adhbhar sin, as cóir dhúinn onóir do thabhairt dóibh agus congnamh a nguidhe dh'iarraidh, do bhríogh gurab boill éinEaglaisi inn féin agus iad, 's go bhfoil siad a radharc Dé do ghnáth agus a mhian ortha ar maithne do dhénamh; maille ris sin, do bhríogh gurab gnáthach riamh congnamh a nguidhe d'iarraidh, mar as follas as gnáthchuimhne na hEagailsi, as an sgrioptúir dhiadha, agus as ughdardhás na ccomhairleach agus aithreadh na hEaglaisi. Bíoth a fhios agat fós gurab dleisdeanach, agus nách foil a n-aghaidh na haithni si, onóir do thabhairt do thaisibh na naomh, nó urnaighthe do dhénamh 'na bfhiaghnaisi ar an modh ar a ngnáthaighthear a dhénamh idir na catoilicibh; ór ní iar- maoid aoínní ar na taisibh san urnaighthi sin, mar shaoílid na heiricidhe, do bhríogh go bhfoil a fhios againd nach cluinid agus nách faicid ní dá ndénmaoid. Achd iarrmaoid ar na hanmann- aibh naomhtha, dho-rinne iomad deaghoibrightheadh isna corpaibh sin, guidhe ar ar son d'ionnsoighidh Dé; agus bídh résún san urnaighthi sin do dhénamh maille ré honóir do
láthair na ttaiseadh tar áit oile, ionnas go n-iarrmaois ar na naomhaibh cuimhne do bheith aca orainn maille ré cuid- ioghadh linn, mar atá cuimhne againne orthasan maille re bheith ag onóroghadh a ttaiseadh. Bíoth a fhios agat fós nach foil a n-aghaidh na haithni si, mar shaoilid na heiricidhe, onóir dá ttugmaoid d'íomháighibh Críosd nó Muire nó na naomh, ná urnaighthe dá ndénmaoid dá láthair. Do chéidneithibh, ní fhoil 'na haghaidh onóir dhá ttugmaoid dóibh, ór ní don phinnteóirechd bhíos ortha, dá bhreaghdhachd bhíos, ná don mhiotal bhíos ionnta, dá uaisle bhíos, do-bheirmid onóir, achd don té thaisbénaid dúinn. As uime thrá do-bheirmíd onóir dhóibh, do bhríogh go ttaisbénaid Críosd nó Muire nó na naoimh dhúinn, ionnas go ttabhraid inar ccuimhne iad. As mar sin bhíos onóir agus grádh ag na heiricidhibh féin ar íomháighibh a n-aithreadh nó a bprionn- sadh, ní ar son na ndath n-álainn ná na pinnteóireachda bhíos ortha, ná ar son an mhiotail bhíos ionnta, achd ar son na droinge thaisbénaid dóibh 'sa cuimhne do-bheirid 'na n-inntinn. Ar an n-eachd ccédna, an tan ghlacas neach litreacha a phrionnsa agus do-bheir páxa don tshéla bhíos ortha, as deimhin nach don pháipér ná don chéir, achd don phrionnsa do-bheir an onóir sin. As mar sin nach don mhaide chríonas agus bhíos dá chreinn ag cnumhaibh ar uairibh do-bheirmídne an onóir do-bheirmid d'íomháigh Chríosd nó Mhuire, achd don té darab íomháigh í. Ní fhoil fós a n-aghaidh na haithni si urnaighthe dá ndénmaoid a bhfiaghnaisi na n-íomháigheadh sa ar an n-adhbhar nach iarrmaoid aoinní ar na híomháighibh san urnaighthi sin, ór atá a dhearbh againn nach cluinid agus nách faicid ní dá ndénmaoid; achd iarrmaoid dá láthair ar an tté thaisbénaid dúin athchuinghidh, mar atá grása más íomh- áigh Chríosd í, nó guidhe ar ar son más íomháigh Mhuire nó naoimh bhias ann. Dá n-abairthéa, mar adeirid na heiricidhe, gur ordaigh Dia gan íomháigh ar bioth do dhénamh, as í ar bhfreagra air sin: fá mar dho ordaigh Dia gan dia bréige d'adhradh, do ordaigh mar an ccédna gan íomháigh do
dhénamh do haidheórthaoi mar dhia mbréige, agus nír chuir toirmeasg ar íomháighibh oile do dhénamh. Dá dhearbhadh sin, tug Dia féin ar Mhaoisi a thabhairt fá deara íomháigh nathrach agus chearuib do dhénamh agus tug Solamh fá deara iomad íomháigheadh do chur san teampoll mhór do-rinne do Dhia. Maille ris sin, sgríobhaidh Eusebius san chéidleabhar do sdair na hEaglaisi, agus Damaisénas, gur chuir Críosd a íomháigh féin d'ionnsoighidh an ríogh Abagar. Adeir fós Damaisénus, 1. 4, go bhfoilid na híomháighe ar gnáthoghadh ó aimsir na n-easbal ale. Aithristear fós go coitcheann go ndearna Lúcás soisgélaidh íomháigh Mhuire. Ós a ccionn sin, molaid iomad do chomhairlibh na hEaglaisi na híomháighe do bheith ar gnáthoghadh, agus sgríobh Sérlas Mór ceithre leabhair a n-aghaidh lochda diommolta na n-íomháigheadh. Ar an n-adhbhar sin, as deimhin nár thoirmisg Dia achd íomháighe na ndia mbréige, nó do haidhéorthaoi mar dhée coimhitheacha bréige, agus nár thoirmisg íomháigh Mhuire ná na naomh ar énchor; ór ní dée coimhitheacha iad so achd clann toghaidhe agus luchd éintighe Dé; agus ní thabhramaoidne onóir dhóibh féin ná dá n-íomháighibh mar dhée, achd do-bheirmid onóir do Mhuire mar mháthair nDé, agus do-bheirmid onóir do na naomhaibh mar chairde agus mar chloinn nDé; agus do-bheirmíd an onóir chédna dá n-íomháighibh do bhrígh go ttaisbénaid iad féin dúinn. Ionann sin ré a rádh agus go ttugmaoid a n-onóir iomchubhaidh féin dóibhsean arna ttaisbénadh 'na n-íomháighibh dhúinn. Agas as lugha iná sin thoirmisgthear íomháigh Chríosd, ór as Dia fíre an té thaisbénas agus adharthar dá láthair. Go fírinneach, atá a n-aghaidh résúin a rádh nách molfadh Dia na híomháighi si, agus méd na tarbha tig dhíobh; ór do-níd áit leabhar do na tuatadhaibh ó nách éol léghthórachd do dhénamh, ag tabhairt chuimhne Críosd agus a pháisi, Muire agus na naomh, 'na n-inntinn, ionnas go mosglaid a sbiorad chrábhaidh dochum grádha agus anóra do thabhairt dóibh so, dochum buidheachais
do bhreith iona ttiodhlaicthibh riú, agus dochum a mhiana do bheith ortha a sompla do leanmhain do réir a ccumhachd. Ní hé sin amháin achd as adhbhal an tarbha do-níd na híomháighe do na daoinibh foghlamtha féin, ór gluaisid a n-inntinn nísa romhó iná ghluaiseas an léghthórachd; maille ris sin, an ní agá ccaiththear aimsear fhada agá léghadh, as éidir lé neach lé hénradharc amháin ar íomháigh a thabhairt uile 'na inntinn. Fiafraighthear annso: má tá nách mothaighid na híomh- áighe nó taisi na naomh éinní dá ndéntar 'na bhfiaghnaisi, mar adobhramar thuas, cionnas do-níd na míorbhaile móra do-chímíd aca dá ndéanamh gach laoi? As í ar bhreagra air sin nách iadsan do-ní na míorbhuile sin achd Dia féin ar impidhe na naomh nó Mhuire, agus fós ionnas go bhfoillsigheadh gurab maith leis onóir agus débhóision do bheith ag cách fá na naomh- aibh agus fá thaisibh na naomh. Fiafraighthear fós créd fá ndealbhthar an tAthair neamhdha go ndeilbh sheanduine, agus an Sbiorad Naomh go bhfioghair cholaim, agus na haingil ar inneall n-ógánaigh go sgiathánaibh, ór as deimhin nach foil fioghair chorpardha ar éinphearsain don Tríonnóid do réir a ndiadhachda, ná ar na hainglibh do bhrígh nách foil ionnnta achd sbioraid fhíorghlana dhofhaicseana nach éidir a ccosmhaileachd do bhuain lé pinnteóireachd chorpardha. As í ar bhfeagra air sin, nach uime dhealbhthar mar sin iad dá chor a ccéill go bhfoilid a leithéide sin do chorpaibh aca - ór as fíor nách foilid cuirp ar bioth aca, agus nách éidir a ccosamhlachd do thaisbénadh do réir mar atáid ionnta féin le fioghair ccorpardha ar bioth - achd as í cúis a ndelbhtha mar sin, ionnas go mbeidís comharthadha corpardha éigin againn do-bhéradh inar ccuimhne iad, ór ní héidir leis an n-anam san truaill thalmh- aidhe ina mbí ar an tshaoghal sa, teacht a n-éolas na sbiorad neamhdhaidhe gan comhartha ccorpardha éigin dá ghluasachd. Ní fhoil thrá comhartha as iomchuibhdhe chuige sin iná
dealbh an reachda inar thaisbénadar féin roimhe so do na daoinibh táinig romhainn ar an saoghal sa iad. Ar an n-adhbhar sin, dealbhthar an tAthair neamhdha go bhfioghair sheanduine do bhrígh gurab san riochd sin do thaisbéin é féin do Dhainiél fáidh. Dealbhthar an Sbiorad Naomh go ndelbh cholaim do bhrígh gurab san riochd sin do thoirinn ós cionn Chríosd ag Sruth Oirrthionáin an tan do baisdeadh lé hEóin é, agus dealbhthar na haingil a n-íomháighibh ógán do bhrígh gurab ar an modh sin dho thaisbénadar iad féin don bhanóigh Muire, do Thobias, d'Abraham agus d'iomad oile. As éidir fós a rádh gurab uime dealbhthar an tAthair neamhdha a ndeilbh sheanduine, dá chor a ccéill go bhfoil ann riamh gan tús gan tionnsgnamh, ionnas gurab sine é iná an uile ní; agus an Sbiorad Naomh a ndelbh cholaim, dá chor a ccéill go ttabhair naomhthachd, gloine agus neamhurchóid mar an ccolaim dhúinne; agus na haingil a ndealbhaibh ógán, do bhrígh go mbíd álaind gan truailleadh le haois dho ghnáth, agus go ccuirthear sgiatháin ortha dá chor a ccéill go bhfhoilid ésgaidh luath le techdair- eachd nDé, etc. AN 3 CAIB. Don dara haithne. 3 NÁ TABHAIR AINM DÉ, ETC. Ag so an dara haithne, .i. gan ainm nDé do thabhairt go díomhaoin. Cuirthear dá ní d'fhiachaibh orainn san aithni si, .i. onóir dho thabhairt lér mbriathraibh d'ainm Dé, agus gan easonóir do thabhairt dó. As iomdha modh ar ttugthar onóir agus moladh d'ainm Dé, mar atá: a admháil mar Thighearna, mar Dhia; a bhriathra d'éisdeachd, d'fhoghlaim, do theagasg agus do sheanmóir; a mholadh a n-urnaighthe agus a n-iodhbartaibh; a ghuidhe, d'iarraidh ar riachdanais air. Go háiridhe, atáid ceithre modha ar a ttugthar onóir lé briath- raibh, do réir na haithni si, nó easonóir dhó. An cédmhodh: do-beirthear onóir dhó an tan bhíthear dhá iomrádh go meinic maille ré teasngrádha agus ré débhóision. As
ar an modh sa dhobhíodh Pól easbal 'na eibisdilibh go meinic ag iomrádh air, ór ní bhíodh 'na bhriathraibh achd drithleanda do sginneadh ón lasair ghrádha dobhí ar fadódh 'na inntinn. 'Na aghaidh so, do-beirthear easonóir dhó an tan bhíos duine go meinic lé droichcleachdadh ag iomrádh air a n-aimsir shúgartha nó fhanámhaid, mar dho-níd daoine leamha go meinic ar nach teagmhann cainnt oile adérdaois, agus luchd an mhíghrinn shaoileas gurab greand Dia nó briathra Dé do thabhairt astteach a ndíomhaoineas. Ór do réir mar adeir- thear go ttabhair duine easonóir agus tarcaisne don édach ro- onórach bhíos aige an tan chongmhas uime do ghnáth san uile bhall dá shailche é, as mar sin an té bhíos ag iomrádh anma Dé do ghnáth gan fhéchain 'na thimchell gan ghrádh gan débhóision, san uile bhall dá shailche, do-bheir tarcaisne dhó. Do-beirthear fós onóir nó tarcaisne d'ainm Dé lé hiomrádh meinic do dhénamh go maith nó go holc ar an modh sa ar Mhuire nó ar na naomhaibh, ór gach onóir nó easonóir do-gheibhid sin, as onóir nó easonóir do Dhia í. An dara modh: do-beirthear onóir nó tarcaisne d'ainm Dé an tan do-beirthear mar mhionna é. As ionann mionna do thabhairt agus Dia do thógbháil mar fhiaghain ar an bhfírinne do bheith agat. Do-beirthear onóir d'ainm Dé lé mionnaibh an tan do-beirthear go dleisdeanach iad. Ionnas go ttugthaoi go dleisdeanach iad, tabhradh neach dá aire an bhfoil an fhírinne gan chunntabhairt ar bioth aige, agus an bhfoil riachdanas dáríribh ris na mionnaibh do thabhairt, agus an bhfoil iomchubhaidh a ttabhairt san aimsir nó san áit ina ttárla sé, agus coimhédadh gan a ttabhart do dhruim fheirge, fhuatha nó ghrádha, achd tugadh iad do mhian na fírinne amháin maille ré fírriachdanas, a ccúis éifeachdaigh; agus más fá ní bhias roimhe bhias ag mionnoghadh, tabhradh dá aire an ní dleisdeanach é, ór gibé mhionnoigheas go ndiongna sé droichní éigin, peacaighidh a n-aghaidh na haithni si - gidheadh, ni fhoil d'fhiachaibh air a ccomhall ar énchor, agus dá ccoimhle iad
cuiridh peacadh ar muin peacaidh. Gibé choimhédas iad so uile ag tabhairt mionn, do-bheir mionna go dleisdeanach mar as follas as an sgrioptúir, agus onóraigh ainm Dé agá ttabhart. 'Na aghaidh so, do-beirthear easonóir d'ainm Dé an tan mhionnaighthear a mbréig é, ór as mór an easonóir dhó a thógbháil mar fhiaghain ar an mbréig. Do-beirthear easonóir mar an ccédna dhó an tan mhionnaighthear gan riachdanas é, nó nách coimhédtar na coinghill oile adobhramar thuas. Do-beirthear fós tarcaisne d'ainm Dé an tan do-beirthear Muire, nó lebhar, nó na naoimh, nó crétúir ar bioth dár chruthaigh Dia a mbréig nó go díomhaoin, agus an tan do-beirthear dia bréige a bfhíor nó a mbréig, ór as mór an easonóir ar Dhia dia bréige do thógbháil mar fhiaghain ar a bhélaibh. An treas modh: do-beirthear onóir d'ainm Dhé lé móid ndleisdeanaigh do thabhairt agas do chomhall; do-beirthear easonóir dhó leis an móid ccédna do bhriseadh. As é ní dá ngoirthear móid, gealladh do thabhairt do Dhia fá ní mhaith ar a mbia buidheachas ag Dia do dhénamh. Iarrthar trí neithe dochum na móide. An céidní: gealladh do thabhairt, ór dá mbeath rún ag duine ní do dhénamh, nó dá mbeath mian a dhénta air, ní móid ceachdar díobh sin muna ghella é go follas go háiridhe 'na inntinn. An dara ní: an gealladh sa do thabhairt do Dhia dá ttugthar an uile mhóid go prinsipálta, ór gé dhobheirthear móid do Mhuire nó do na naomhaibh ar uairibh, as do Dhia go prinsipálta do-beirthear an mhóid sin féin. An treas ní iarthar dochum na móide: an ní ghelltar innte do bheith maith agus buidheachas do bheith ag Dia fána ghealladh dhó, mar atá óghdhachd do choimhéd, geanmnaidheachd, bochdaine tholtanach, umhlachd, etc. Gibé thrá gheallas peacadh nó droichní do dhénamh, nó ní nách beanfa ré seirbhís nDé, nó fós ní maith do chuirfeadh toirmeasg ar mhaith budh mhó iná sin, ní bhí buidheachas ag Dia ar a ghealladh, agus peacaighibh a n-aghaidh an dara haithni si.
An ceathromhadh modh: do-beirthear onóir d'ainm Dhé an tan mholtar é féin agus a oibrighthe. 'Na aghaidh so, do-beirthear easonóir dhó an tan dhiommoltar é, dho-beirthear aithis nó imdheargadh dhó, nó do-níthear bhlaisfémia 'na aghaidh. As é as blaisfémia ann, aindligheadh nó aithis do thabhairt le briathraibh do Dhia nó dhá naomhaibh. Do-níthear bhlaisfémia ar chúig modhaibh. An cédmhodh: an tan adeirthear ní do bheith aige nár chubhaidh dhó do bheith aige, mar atá a rádh go mbiadh cos nó lámh nó corp do réir a dhiadhachda aige, nó go mbiadh cumas aige ar pheacadh do dhénamh. An dara modh: an tan adeirthear go mbí easbhaidh neith ar bioth bhudh mhaith dhó do bheith aige, mar atá easbhaidh cumhachd, eagna, eólais, ceirt, tróc- aire, etc. As ar an modh sa do-níthear blaisfémia an tan adeir duine nách éidir le Dia ní éigin do dhénamh, más ní é do fédfaidhe do dhénamh nó nach biadh peacadh 'na dhénamh, nó an tan adeir neach nach faiceann Dia, nó nach foil a fhios aige na neithe do-níthear, nó nách foil cóir nó ceart isna neithibh do-ní, etc. An treas modh: an tan adeirthear go mbíd na neithe atá ag Dia amháin go díleas ag crétúir ar bioth, mar atá a rádh go bhfédfadh an diabhal míorbhaile nó fáisdine do dhénamh, go mbiadh fios na neitheadh nách táinig ag duine ar bioth gan Dia d'fhoillsioghadh an neith dobhiadh d'fháisdine dhó. Ní áirmhim eatorra so dá n-aithneadh duine na neithe nádúrtha dobhiadh gan teachd tré oibrioghadh nádúrtha na cúisi dobhiadh aca, mar atá an ghrian d'éirghe amárach, urrdhubhadh do theachd ar an ngealaigh nó ar an ngréin a n-uair áiridhe do ló nó d'oidhche. An ceathromhadh modh: an tan mhallaigheas duine do Dhia nó do Mhuire nó do na naomhaibh. An cúigeadh modh: an tan ainmnighthear boill náireacha Críosd nó na naomh mar aithisioghadh ortha, nó an tan ainmnighthear énchuid dá mballaibh maille ré fan- ámhad nó lé feirg, fá mar dho-níd na cerrbhaigh lasánta go meinic.
Bíodh a fhios agat nach foil peacadh as truime iná an blaisfémia, mar as follas as truime na bpian ordaighthear ar a shon, ór do ordaigh Dia féin san tsheinreachd an pobal uile do ghabháil do chlochaibh ar ball gan mhoille ar an ndroing do-ghénadh blaisfémia. Ordaighidh dligheadh bás do thabh- airt don droing chédna; ní hé amháin, achd as gnáthach a n-áitibh áiridhe an bél do bhuain le teanchair ndeirg asda. Maille ris sin, sgríobhaidh Grioghóir gur damnaigheadh leanabh chúig mbliadhan do chleachdadh blaisfémia do dhénamh ar ainm an Tighearna, agus go bhfacaidh an leanabh féin ré mbás deamhain ag teachd a ccoinne a anma. Gidh adhbhal truime an pheacaidh si ann féin as truimide é go mór a usachd a sheachna, ór ní fhoil aoibhneas ná tarbha ann mar atá isna peacadhaibh oile - gonadh aire sin as lugha gabhthar leithsgél ó dhuine ann iná a bpeacadh ar bioth oile. As urasa a thuigsin as a ndubhramar go nuige so na peacaidh do-níthear a n-aghaidh an dara haithni si. AN 4 CAIB. Don treas aithne. 4 DOMHNACH LÁ, ETC. Iarrthar san treas aithni si saoire an Domhnaigh do choimhéd. Atá dithfir idir an aithni si agus na haitheanta oile, ór atáid na haitheanta eile do dhligheadh na nádúire, ionnas nách éidir a cclaochlódh; an aithni si iomorro, atá gné ina bhfoil do dhligheadh na nádúire agus gné oile is nach foil. Atá thrá d'fhiachaibh orainn ó dhligheadh na nádúire Dia d'adhradh, onóir do thabhairt dó lér ngníomhradh foirimeal- ach, agus aimsear éigin do chaitheamh ré hoibrighthibh naomh- tha amháin do dhénamh 'na onóir; gidheadh, ní fhoil d'fhiachaibh orainn ó dhligheadh na nádúire sin do dhénamh Dia Domhnaigh tar lá oile. Bíodh a fhios agat ar an n-adhbhar sin gurab é an Sathrann do ordaigh Dia do chloinn Israihél do choimhéd ar bhfilleadh
as an Éghipt dóibh, do bhríogh gurab Dia Sathairn do chríochnaigh féin chruthoghadh an domhain, agus dobhí 'na thosd iar mbeith na sé lá roimhe ag cruthoghadh an domhain chédna go huilidhe. Do chuimhnioghadh thrá an tiodhlaicthe mhóir sin tug d'fhearaibh an bheatha, do ordaigh an Satharn do choimhéd, maille ris sin ionnas go mbiadh suaimhneas ag an luchd oibre agus ag na heallaighibh an lá sin tar éis a saothair an chuid oile don tsheachdmhain. Gidheadh, do haithrigheadh san reachd nua saoire an tShathrainn ar an nDomhnach, do bhríogh gurab Dia Domhnaigh rugadh Crísd, do éirigh ó mharbhaibh, táinig an Sbiorad Naomh d'ionnsoighidh na n-easbal; maille ris sin, do bhrígh nach fearr an cuimhniogh- adh ar chruthoghadh an domhain saoire an tSathairn iná saoire an Domhnaigh féin, ór as Dia Domhnaigh do tionnsgn- adh cruthoghadh an domhain. Bíoth a fhios agat fós nách é amháin atá d'fhiachaibh orainn an Domhnach do choimhéd, achd atá dh'fhiachaibh orainn fós féilte Muire, na n-easbal agus na naomh oile ordaigheas an Eaglas dúinn do choimhéd 'na saoire. As iad oibre atá toirmisgthe orainn isna féiltibh si oibre corpardha, mar atá saoirseachd nó gaibhneachd nó a leithéide oile, ar a ttabhairthear “oibre daora”. Gidheadh, gach obair dá ndénmaoid go prinsipálta lér ttuigsin nó lér ttoil, dá mbeath go n-iarrfamaois cáil éigin chonganta ar na ballaibh corpar- dha dhochum a ndénta, ní briseadh saoire iad, mar atá urnaighthe nó seanmóir nó léghthórachd, etc. Ní hé amháin: atá d'fhiachaibh orainn urnaighthe agus oibrigh- the sbioradálta do dhénamh lá saoire tar lá oile, do bhrígh gurab dochum seirbhísi Dé do dhénamh as mó do hordoigh- eadh an tshaoire, mar adobhramar thuas; mar sin nách briseadh saoire na hoibre corpardha bheanas ré seirbhís nDé agus nárbh éidir do dhénamh uair oile, do dhénamh innte, mar atá buain na cclog, nó a leithéid oile. Ní briseadh saoire fós biadh do bhruith, friothólamh do dhénamh ar bord, agus gach ní oile dá mbeanann ré beathaidh an lae sin agus nach éidir do dhénamh an lá roimhe.
A n-aghaidh na haithni si pheacaigheas an té do-ní obair chorpardha, leath amoigh dá ndobhramar nó dá leithéidibh oile; do-ní reic nó ceannach leath amuigh do bhiadh; nó léigeas de aithfreand nó cuid bhús ionáirimhthe d'aithfreann d'éisdeachd lá saoire; nó do-bheir aire do chomhrádh nó do léghthórachd shaoghalta a n-aimsir an aithfrinn; agus an té théid d'éisdeachd ré seanmóir nó don teampall a ngioll ar radharc ttruaillidhe d'fhagháil ar mhnáibh, nó ar chomhrádh ndíomhaoin, nó ar chúis ar bioth oile achd cúis dhidha. AN 5 CAIBIDIL. Don cheathromhadh haithne. 5 ONÓRAIGH TH'AITHRE, ETC. Foillsighthear san rann sa na seachd n-aitheanta bheanas ris an ccomharsain, agus do chéidneithibh an ceathromhadh haithne do na haitheantaibh, .i. onóraigh th'athair agus do mháthair. Atáid trí gnéithe onóra ann atá d'fhiachaibh orainn do thabhairt dár n-aithribh agus dár máithribh. An chéidghné: ar ccuidioghadh do thabhairt dóibh 'na riachdanas, agus do choimhéd a nádúireadh daonda, ar an n-adhbhar gurab uatha fuaramar féin ar nádúir dhaonda. An dara gné: bheith umhal dóibh san uile ní nach bia a n-aghaidh aithneadh Dé; san chúis iomorro bhias a n-aghaidh thoile Dé, ní fhoil d'fhiach- aibh orainn bheith umhal d'athair ná do mháthair. An treas gné: onóir agus modh do thabhairt dóibh inar mbriathraibh agus inar ngníomhaibh foirimealacha mar as cubhaidh. Dá dhear- bhadh sin, do ordaigh Dia san tsheinreachd gibé do mhaill- eóchadh dá athair nó dá mháthair, bás d'imirt air. Tabhair dot aire annso an luach ghellas Dia dhoit fá onóir do thabhairt dot athair agus dod mháthair, .i. saoghal fada. Tuig as sin go mbia saoghal gearr, gan áireamh pian oile, ag an té dho-bheir easonóir dhá athair nó dá mháthair, ór as ceart an bhreath gan beatha fhada do bheith ag an té nach tabhair onóir do na daoinibh ó bhfuair bheith 'na bheathaidh.
Ní hé amháin atá d'fhiachaibh orainn onóir do thabhairt dár n-aithribh agus dár máithribh, achd atá d'fhiachaibh orainn fós an onóir chédna do thabhairt don uile uachdarán bhias againn do thuaith nó d'Eaglais. As urasa a thuigsin as so cia pheacaigheas a n-aghaidh na haithni si. AN 6 CAIB. Don chúigeadh haithne. 6 NÁ DÉNA MARBHADH. Ní toirmisgthear san aithni si beathodhaigh bhrúdeamhla do mharbhadh, ór as do na daoinibh féin do cruthaigheadh iad, ionnas go bhfoghnadaois dóibh dochum a mbeathadh. An duine ámh - ós do Dhia amháin do cruthaigheadh é, agus nár cruthaigheadh duine ar bioth do dhuine oile riamh - as ag Dia amháin atá tighearntas ar a bheathaidh, mar sin gurab duine amháin thoirmisgeas do mharbhadh annso. As tuigthe as so go ttoirmisgthear san aithni si ar dhuine é féin do mharbhadh, ar an n-adhbhar nach leis féin achd lé Dia sealbh a bheathadh. Agas dá n-abairtheá gur mharbhadar daoine naomhtha áiridhe iad féin d'eagla a ccreidimh nó a n-óghdhachda do chailleamhain, as meastha dhoit nach dearnadar sin gan ughdardhás folaightheach do bheith ó Dhia aca. Tar a cheann sin, bíodh a fhios agat nach foil a n-aghaidh na haithni si an tan chuirid uachdaráin nó breithimh na tarbha puiblidhe luchd uilc dochum báis, ar an n-adhbhar nach as a n-ughdardhás féin do-níd sin, achd do bhrígh go bhfoil ordoghadh ó Dhia aca, mar luchd oifice, na droch- dhaoine do bhásoghadh iondas go mbeidís na deaghdhaoine go suaimhneach. Ní fhoil a n-aghaidh na haithne cédna duine do mharbhadh a ccath dhleisdeanach, achd nách lé naimhdeanas achd do chosnamh na córa mhuirfeas é. Ní fhoil fós 'na haghaidh an tan
mharbhas duine duine oile agá chosnamh féin ar bhás, nó dá neamhthoil lé cinneamhain, achd amháin gan mhainneach- dnaidhe do dhénamh fán ccoimhéd dobhiadh d'fhiachaibh air dho dhénamh, d'eagla bás duine do theachd de. Ionnas go ccoimhleamaois an aithni si, atá d'fhiachaibh orainn na neithe iarrthar dochum inntinne na ndaoine do chongmháil síothchánta do bheith againn, .i. grádh agus ceannsaigheachd agus maithfeachas do thabhairt san n-aind- ligheadh do-bérthaoi dhúinn. Ar an n-adhbhar sin, ní hé amháin an té do-ní marbhadh pheacaigheas a n-aghaidh na haithni si, achd an té agá mbí fuath, do-bheir comhairle fá mharbhadh do dhénamh, iarras nó fhreagras comhrag, chuireas é féin nó duine oile a nguas- achd eassláinte le meisge nó lé craos, etc. AN 7 CAIB. Don drúis. 7 DRÚIS. Do bhríogh nách foil ag neach ní as measa leis do chaille- amhain iná a onóir, leath amoigh dá bheathaidh, ar ttoirmeasg an duineamharbhaidh lé ccailltear an bheatha, toirmisgthear annso peacadh na drúisi lé ccailltear an onóir. As air do-bearar drúis annso, peacadh do dhénamh ré mnaoi neampósta, gé madh bean sgaoilte gan fhear í, nó bean chuil, nó bean phósta fhir oile, nó bean riaghalta, nó bean ar bioth leath amoigh do mhnaoi phósda dhuine féin. Atá an peacadh sa toirmisgthe ó dhlighthibh an tseinreachda agus an reachda nuaidhe, ór as é pian do hordaigheadh do luchd an adhaltrannais san tsheinreachd: gabháil do chlochaibh ortha; san reachd nua adeir Pól easbal ré luchd na drúisi nach rachaid go flaithe- amhnas choidhche. Go deimhin, ní hiongnadh gráin do bheith ar an bpeacadh sa tar na peacadhaibh oile; ór na peacaidh oile do-ní duine, bíd don taoibh amoigh dá chorp; peacadh na drúisi iomorro,
a n-aghaidh a chuirp féin do-ní neach é do réir fhiaghnaisi an easbail. Maille ris sin, as lór do chúis ghráine air, a liachd masla agus aindligheadh do-bheir neach uaidh agá dhénamh, ór ní hé amháin go ttabhair míochlú dhó féin agus go marbhann a anam leis, achd do-bheir fós míochlú ar an tshaoghal sa don mhnaoi agus marbhaidh a hanam leis. Do-bheir fós masla d'fhior na mná, má tá fear aice, agus dá fuil; do-bheir masla don chloinn geintear uaidh ag dénamh an uilc sin, ar an n-adhbhar gurab é as ciontach réna ngeineamhain 'na ccloinn bhasdaird. Do-bheir masla do Chríosd ar an n-adhbhar go ndénann boill mheirdrighe do bhallaibh Críosd, ór atá an uile Chríosdaidhe 'na mballaibh aige mar adobhramar roimhe so. Maille ris sin do-ní aindligheadh oile air, ag reic na n-anmann do cheannaigh ar a fhuil féin ris an ndiabhal. Do-ní fós aindligheadh ar an Sbiorad Naomh, a theampall do thruailleadh, .i. anam agus corp an Chríosdaidhe dá ngoireann Pól teampall an Sbioraid Naoimh. Ó atá an peacadh comhurchóideach agus so, ní foláir do dhuine an uile ghliocas do dhénamh dochum a choimhéda air. Ar an n-adhbhar sin, gibé lérab mian a sheachna air, ná bíodh díomhaoin, seachnadh lóghmhaireachd bídh agus dighe, comhluadar ban, coimhédadh a shúile ar fhéchain mhailísigh, seachnadh damhsa, comhrádh graosda, abhráin shalcha, leabhair shuirgheacha do léghadh, íomháighe truaillidhe d'fhéchain. Dénadh faoisidin agus glacadh Corp Críosd go meinic; dénadh iomad urnaighthe, troisgthe agus oilithre; léghadh iomad a leabhraibh diadha, go háiridhe a mbeathaidh na naomh. Smuaineadh go díthcheallach, gach énuair mhothóchas cathoghadh an pheacaidh si, a ghiorra mhairfeas aoibhneas an pheacaidh, a fhad mhairfeas an phian shíordhaidhe do-gébhthar ar a shon; truaillidheachd an ghníomha agus an náire dobhiadh air a dhénamh a bhfiaghnaisi dhaoine dá n-uirísle, agus nách éidir dhó a dhénamh gan fiaghnaisi móráin do bheith air, mar atá an t-aingeal coimhideachda atá agá thoirmeasg, an diabhal atá agá bhrosdoghadh agus bhias ag casaoid air, agus an
breitheamh cruadálach Dia, do-chí gach ní agus bheanfas cunntas neammaithfeach ina bhfaicfe. Gibé do thuitfeadh go cinneamhnach ó bhréithir nó ó ghníomh san bpeacadh sa, bíodh a fhios aige nách foláir dhó a innisin 'na fhaoisidin cáilidheachd na pearsann re ndearna é, ionnas go ttuigeadh an sagart an ghné pheacaidh do-rinne; ór as gnéithe peacaidh ar leith teagmháil ré mnaoi phósta fhir oile, ré mnaoi chuil, ré mnaoi riaghalta, ré mnaoi gan fhear, nó bean ar bioth d'éignioghadh. AN 8 CAIBIDIL. Don ghoid. 8 GOID. Do bhrígh nach foil ní saoghalta ar bioth ag duine, leath amoigh dá bheathaidh nó dhá onóir, as measa leis do sgaradh ris iná a shaidhbhreas saoghalta, ar ttoirmeasg na neitheadh lé ccailleann neach a bheatha agus a onóir isna haitheantaibh si romhainn, toirmisgthear san aithni si an ní lé ccailleann duine a shaidhbhreas saoghalta, .i. an ghoid. Atáid dá mhodh ar a bhfaghann duine cuid dhuine oile go holc. An cédmhodh: a ghlacadh gan fhios, gan toil dá dhuine féin, agus as de sin ghoirthear goid go díleas. An dara modh: ní do ghlacadh ós aird do neamhthoil an té lérab leis é, mar atá creach, fuadach, éirghe shligheadh, etc., agus as truime so mar pheacadh go mór iná an céidpheacadh, ar an n-adhbhar nách é amháin go mbeanann neach mar so a chuid do dhuine oile, achd go ttabhrann tarcaisne dhó agá fhoillsioghadh nách foil suim ina dhíoghaltas aige. An gadaidhe iomorro, gé dho-bheir aindligheadh do dhuine ag buain a choda dhe, gidheadh as dó féin amháin do-bheir tarcaisne, ór admhaidh gurab boichde mhíthreóraighe é féin iná an té dá mbeanann a chuid gan fhios. Toirmisgthear ar an n-adhbhar sin gach cuid díobh so san aithni si, ór atá a n-aghaidh résúin go ccuirfeadh Dia toirmeasg ar an bpeacadh as lugha agus nach cuirfeadh toirmeasg ar an bpeacadh as mó.
Ní hé amháin achd toirmisgthear annso a n-ainm ghada: mealltórachd do dhénamh a reic nó a cceannach; úsurachd, .i. ceannach do bhuain do dhuine do chionn airdleagaidh airgid do thabhairt dó; díoghbháil ar bioth do dhénamh do dhuine agus gan a leasoghadh; gan aiseag do thabhairt san ní do mheasfadh duine do bheith aige ó dhroichthiodal; gan an ní do-ghébhadh ag dol amugha do thabhairt dá dhuine féin, más éidir leis a fhios d'fhagháil; gan luach a saothair do thabhairt do luchd oibre mar as luaithe as éidir, nó luach saothair budh mhó iná an chóir do bhuain amach; gan fiacha nó cíos do dhíol; goid do cheannach as a riochd; comhairle nó congnamh do thabhairt dochum a choda féin do bhuain do dhuine oile go holc; sealbh do chor ar an ní dobhiadh coitcheann idir dhaoinibh; roinn éigceart do dhénamh ar an ní do-gébhthaoi ré a roinn ar dhaoinibh oile, etc. AN 9 CAIB. Don ochdmhadh haithne. 9 NÁ DÉIN BRÉIGFHIAGHNAISE, ETC. Arna thoirmeasg go nuige so an égcóir do-níthear ar an ccomharsain le gníomh, toirmisgthear annso an égcóir do-níthear air lé briathraibh, mar atá fiaghnaisi bhréige agus gach briathra oile théid a n-urchóid dó. Tabhair dot aire annso go bfhoilid trí gnéithe brég ann. An chéidghné: coir bhrégach do chor a bfhiaghnaisi bhreithimh ar dhuine, agus brég dhíogh- bhálach goirthear dí sin. An dara gné: an tan do-ní neach brég ag tairgsin duine do shaoradh ar bhás nó ar pheiriacail ina mbiadh, gan díoghbháil do dhénamh do dhuine oile, agus brég fhogharthach do-beirthear uirthe sin. An treas gné: an bhrég nach dénann díoghbháil ná cuidioghadh, agus brég dhíomh- aoin as ainm dí sin. An chéidbhrég díobh sin thoirmisgthear annso go prinsipálta, ar an n-adhbhar nách é amháin go bhfoil sí 'na bréig, achd go bhfoil 'na haindligheadh mhór agus 'na
peacadh throm. Ní mar sin do na brégaibh oile: ní fhoil aindligheadh ná égcóir ionnta, agus ní fhoilid 'na bpeacadh comhthrom ris an ccéidbhréig; gidheadh, ní fhoil amharas go bhfoil an uile bhrég, gibé ar bioth cúis fá ndéntar í, 'na peacadh shologhtha go háiridhe. Bíodh a fhios agat nach é amháin go ttoirmisgthear fiaghnaisi bhréige annso, achd go ttoirmisgthear an uile ghné cháinte, ithiomráidh agus easgaine. Agas ní hé amháin atá d'fhiachaibh orainn gan fiaghnaisi bhréige do dhénamh a n-aghaidh ar ccomharsan, achd atá d'fhiachaibh orainn fós as an aithni si an fhírinne rachas a leas dó do dhénamh an tan iarrfaithear ar bhfiaghnaisi. AN X CAIB. Don naomhadh haithne agus don deachmhadh haithne. 10 A MHAOIN NÁ A BHEAN, ETC. Arna fhógra lé Dia dhúinn san tsheiseadh agus san tsheachdmh- adh haithne gan chiontoghadh ré mnaoi fhir oile ná ré mnaoi neamhpósta ar bioth, agus gan chuid duine oile do ghlacadh go holc, do fhógair ós a chionn sin annso gan cheachdar dhíobh sin do shanntoghadh inar n-inntinn, ionnas go bhfoill- sigheadh dúinn gurab peacadh ar leith iad sin. Ionnas go ttuigthea nádúir na bpeacadh sa, tabhair dot aire go ttig drochsmuaineadh ar thrí modhaibh a n-inntinn dhuine. An cédmhodh: an tan do-bheir an diabhal sanais do dhuine ag cor uilc éigin 'na fhiaghnaisi, agus nach tabhrann aonta dhó agus nach gabhann aoibhneas truaillidhe chuige 'na inntinn leis an smuaineadh sin. Dá ndearna an té si a dhíthcheall ar an smuain- eadh sin do chor uaidh mar as luaithe bhús éidir leis, ní hé amháin nach peacaigheann achd bídh luaighidheachd mhór aige; mar sin nach é a leithéid sin do smuaineadh thoirmis- gthear annso. An dara modh: an tan bhíos aoibhneas ag cédfadhaibh duine san drochsmuaineadh agus nach tabhrann lántoil tar a cheann sin chuige; agus bídh sin go coitcheand 'na pheacadh shologhtha. An treas modh; an tan nach é amháin
go mbí aoibhneas cédfadh ag duine san drochsmuaineadh, achd go ttugann a thoil, agus a aire air féin, dochum an pheac- aidh do dhénamh, nó dochum anamhna dá dheóin féin ós cionn an drochsmuainidh nó an aoibhnis thruaillidhe sin; agus bídh a leithéid sin do smuaineadh 'na pheacadh mharbhtha, más cúis pheacaidh mharbhtha an ní ar a smuaintear do chor a ngníomh, agus as é sin thoirmisgthear annso. Tabhair dot aire fós nách é amháin go bfhoil peacadh dhoit dúil do chor a mnaoi nó a saidhbhreas do chomharsan, achd atá peacadh dhoit a mhian do bheith ort dia bréige d'adhradh nó an tshaoire do bhriseadh, nó a shanntoghadh ní ar bioth dá bhfoil a n-aghaidh na n-aitheantadh oile do dhénamh. Gidheadh, do ba lór lé Dia a aithne dhínn go follas gan mhaoin ar ccomharsan ná a bhean do shanntoghadh, ar an n-adhbhar nách sanntaigheand duine peacadh ar bioth achd peacadh agá bhfaicthear dhó maith éigin do bheith ann; mar sin go sanntoigheand neach an drúis do bhríogh go measann aoibhneas d'fhagháil innte, agus cuid dhuine oile do bhríogh go bhfaiceand tarbha dhó innte. Gidheadh, na peacaidh oile, as beag dhíobh a mbí tarbha ná aoibhneas ná maith ar bioth; gonadh aire sin nach ar a son féin shanntaigheas duine iad, achd a ngioll ar ní éigin oile ina mbiadh tarbha nó aoibh- neas. Ar an n-adhbhar sin, ní thug Dia aithne ar leith do thoirmeasg a sanntaighthe, achd do ba lór leis na haitheanta thoirmisgeas iad féin mar thoirmeasg ar a sanntoghadh leis. Tabhair dot aire fós nách toirmisgid na dlighthe saoghalta neithe do shanntoghadh mar thoirmisgeas dligheadh Dé ann so. As é a adhbhar sin nách faicid na daoine na neithe bhíos a ccroidhibh na ndaoine oile, mar sin nach biadh tarbha dhóibh toirmeasg do chor ar chách fá ní do shanntoghadh 'na ccroidhe; ór gibé do bhrisfeadh an dligheadh sin, ní fhédfadaois ceartoghadh do dhénamh air, ar an n-adhbhar nach biadh dearbhadh aca air. Achd ós é Dia sgrúdas an uile chroidhe, as éidir leis an dligheadh sin d'ordoghadh agus a dhíoghail ar an tté do bhrisfeadh é.
Bíodh a fhios agat an toirmeasg cuirthear annso ar fhear fá mhnaoi phósda fhir oile do shanntoghadh, go ccuirthear an toirmeasg cédna ar mhnaoi fá fhear mhná pósda dho shann- toghadh; agus ní hé amháin: atá an toirmeasg cédna ar fhear fá mhnaoi ar bioth do shantoghadh achd a bhean féin, agus ar mhnaoi achd a fear féin. AN XI CAIB. d'aitheantaibh na hEaglaisi. Ní cás a thuigsin as na rannaibh adobhramar thuas créd as bhrígh d'aitheantaibh na hEaglaisi. Ar an n-adhbhar sin, ní fhoil fáth againn bheith dá mínioghadh annso. Achd so amháin tabhair dot aire: ós é an Pápa fear ionaid Chríosd, ceann na hEaglaisi, agá bfhoil an uilechumhachd a nimh agus a ttalamh ó Chríosd, mar adobhramar roimhe so, gurab éidir leis reachd agus dlighthe dh'ordoghadh agus a chor d'fhíachaibh ar an n-uile chríosdaidhe a ccoimhéd. Gonadh aire sin atá d'fhiachaibh ar gach aon aitheanta na nEaglasi do choimhéd, agus gibé nach coimhleann iad, ní don Phápa amháin nó don Eaglais do-bheir aindligheadh, achd do Chríosd leis, ar an n-adhbhar gurab leis an n-ughdardhás fríoth uaidh do hordoigheadh iad. Tuilleadh oile: ar an n-adhbhar go bhfoilid troisgthe na hanman d'fhiachaibh ort ó aithne na hEaglaisi, mar adobhramar, bíodh a fhios agat go mbíd ann ceithre huaire san bhliaghoin, .i. an Chédaoin agus an Satharn agus an Aoine tar éis an ChédDomhnaigh don Chorghas, tar éis Chingcísi, tar éis Fhéile na Croiche san fhoghmhar, agus tar éis an treas Domhnaigh don Aidbheant. As air do-beirthear Aid- beant, aimsior theachda an Tighearna, agus an Domhnach as goire d'fhéil Aindrias easbal, roimhe nó 'na dhiaigh, an cédDomhnach dhe.
AN CEATHRAMHADH CUID. DON TEAGASG CRÍOSDAIDHE. Do na sacramainntibh.
Na seachd sacramainte dhoit: Baisdeadh, Dol fá láimh easboig, Corp Críosd is Faoisidin ghlan, Ola ré mbás, Ord, Pósadh. As leó sin ghléstar na glais atáid róimh ar dhún bparrthais a n-aimhréidh dá ndeachad so tré chaill aithne an ardFhlatho.
GLUAIS MÍNIGHTHE. AR NA RANDAIBH SE AGUS AR NA SACRAMAINNTIBH. AN CHÉDCHAIB. Do na sacramainntibh go coitcheand. Óirchisde na hEaglaisi Catoilice na sacramainnte naomhtha, lé bfhaghthar, le ccoimhédtar agus lé médaighthear grása Dé a nduine, agus lé n-athnuaighthear na grása cédna an tan chailltear leis an bpeacadh iad. As air do-beirthear sacramaint annso, comhartha somho- thaighthe lé cédfadhaibh corpordha, chiallaigheas agus oibrigheas, lé hordoghadh Dé, grása a nduine. Iarrthar ar an n-adhbhar sin trí neithe dochum na sacramainnte. An céidní: comhartha éigin as éidir d'fhaicsin nó do ghlacadh nó do mhothoghadh lé cédfaidh éigin. An dara ní: an comhartha sa do bheith arna
ordoghadh ó Dhía dochum grás d'oibrioghadh a nduine. An treas ní: cosamhlachd éigin do bheith aige don taoibh amoigh ris na neithibh oibrigheas na grása do-gheibhthear leis ó Dhia san anam don taoibh asttigh, ionnas go cciallaigheadh iad. As mar sin chiallaigheas nighe an chuirp lé huisge don taoibh amoigh san bhaisdeadh, glanadh an anma don taoibh asttigh ó na peacadhaibh leis na grásaibh do-geibhthear ó Dhia san bhaisdeadh chédna. Ar an n-adhbhar thrá go bfhoil corp agus anam sbioradta ceangailte dá chéile inar nádúir dhaonda, tug Críosd na comharthadha corpordha sa chiallaigheas agus oibrigheas grása sbioradálta san anam dúinn; ór dá mbeath ar nádúir 'na sbioraid amháin, do-bhéradh grása dhúinn gan chomhartha corpardha ar bioth d'iarraidh chuige, mar tug do na hainglibh. Gach bríogh dá bhfoil ag na sacramainntibh, as ó pháis Chríosd atá aca, ór as tríotha so, mar uisge tré fheadánaibh, doirttear toradh na páisi cédna chugainn, .i. na grása agus maitheamh ar bpeacadh do thoill dúinn. Tug Críosd iad so ar láimh na hEaglaisi Catoilice dochum na ngrás sa do thuill dúinn do roinn orainn, ionnas go ttugthar óirchisde na hEaglaisi ortha. As é líon na sacramainnteadh, a seachd, .i. Baisdeadh, Dol fá láimh easbaig, Sacramainnt Chuirp Chríosd, Faoisidin, an tOngadh Déigheanach, Ord agus Pósadh. Atáid trí sacramainnte dhíobh so le mbuailtear séla sbioradálta ar an n-anam agus nách éidir do dhénamh an dara huair, .i. Baisdeadh, Dol fá láimh easbaig, agus Ord. As é Críosd féin do ordaigh iad so uile, agus atáid ar gnáthoghadh ó aimsir Chríosd agus na n-easbal ale san Eaglais; mar sin nach Críosdaidhe agus nach ball don Eaglais énduine dá ndiúltfa énchuid díobh. AN 2 CAIB. Don bhaisdeadh. Do bhríogh go bfhoilid cúisi áiridhe, mar adéram 'na dhiaigh so, ina bhfédann an uile dhuine baisdeadh do dhénamh, ní foláir a fhollsioghadh annso na neithe nach foil teachd
'na n-égmhais san bhaisdeadh, ionnas go mbiadh a bhfios ag gach énduine. Atáid trí neithe nach foil teachd 'na n-égmhais san bhaisdeadh. An céidní: uisge nádúrtha dhoirttear ar an tté bhaisdtear nó ina ttumthar é. An dara ní: an té bhias ag dénamh an bhaisde, an tan bhias ag cor an leinibh san n-uisge nó ag dortadh an uisge air, do rádh na mbriathar sa: “Baisdim thú a n-ainm an Athar agus an Mheic agus an Sbioraid Naoimh.” An treas ní: a inntinn do bheith ag an té si baisdeadh do dhénamh dhá-ríribh, .i. an tshacramaint do ordaigh Críosd agus ghná- thaigheas an Eaglas an tan do-ní baisdeadh, do dhénamh; ór dá n-abradh duine na briathra sin tré shúgradh ag nighe chuirp duine amháin gan inntinn a bhaisdthe, do-ghénadh peacadh rothrom agus ní bhíadh foghnamh ar an mbaisdeadh. Ní foláir don té bhaisdtear, más duine críonda é, a inntinn do bheith aige baisdeadh do ghlacadh, ór ní héidir aoinneach do bhaisdeadh gan a thoil féin d'fhagháil chuige. As cóir dhó fós, ionnas go bfhaghadh grása san bhaisdeadh, creideamh do bheith aige, aithreachas do dhénamh 'na pheacadhaibh, etc. Gidheadh, ní fhoilid so d'fhiachaibh ar leanbán gan chéill, achd as lór dhó na cairdeasa Críosd ag tabhairt fhreagra agus gheallaidh ar a shon. Agas bíodh a fhios ag na cairdeasaibh Críosd nach cóir dhóibh bheith nísa lia iná dias, .i. fear agus bean; agus go bhfoil d'fhiachaibh ortha, an tan bhias an leanabh ag teachd dochum críondachda, dá bhfaicdís a athair agus a mháthar mainneachdnach 'na thimcheall, a thabhairt fá deara an creideamh catoilice dho mhúnadh dhó. Bíodh a fhios aca fós go bhfhoil gaol sbioradálta dhóibh féin agus don té do-ní an baisdeadh ris an leanabh, agus ré hathair agus ré máthair an leinibh chédna. Do shagart ó oific as cóir baisdeadh do dhénamh, agus go mórmhór don tshagart chúraim; gidheadh, muna fhaghthar an sagart, as éidir lé deóchain a dhénamh. Ní hé amháin, achd dá rabh an leanabh a n-airteagal bháis, as éidir leis an n-uile dhuine, do chléireach nó dho thuata, do Chríosdaidhe nó d'ainchríosdaidhe, a bhaisdeadh, achd amháin a inntinn do bheith aca sacramainnt an bhaisde do dhénamh ar an modh
ar a ngnáthaigheann an Eaglas nó ar ar ordoigh Críosd a dénamh. Gidheadh ní cóir do mhnaoi baisdeadh do dhénamh do láthair fhir, ná do thúata do láthair chléirigh, ná don chléieach as ísle grádha do láthair an chléirigh as airde grádha. As iomdha ní oibrigheas an baisdeadh a n-anam an duine. Do chéidneithibh, glanaidh é ó pheacadh na sinsear agus ón uile pheacadh oile do-níthear ré mbaisdeadh agus ina ndéntar aithreachas, maille re hiomad grás do thabhairt dó lé ndéntar mac Dé agus oighre ar ríoghdhachd nimhe don té dobhí 'na mhac ag an diabhal agus ar a raibhe biothmhuinntearas a n-ifrionn; agus ní hé amháin go nglanann an t-anam ó shalchar an pheacaidh, achd saoraidh é ón uile phéin do dlighfidhe ar a shon a n-ifrionn nó a bpurghadóir, ionnas dá bfhaghadh duine bás ar ball iar mbaisdeadh, go rachadh gan mhoille go flaitheamhnas mar nách diongnadh éinpheacadh riamh. Maille ris sin, buailidh an baisdeadh séla sbioradálta ar an n-anam mar chomhartha Críosdaidhe nach éidir do sgaradh ris go bráth, agus más go hifrionn rachas, aitheantar as so gurab caora do-chuaidh ar seachrán ó thréd Chríosd é. 'Na cceand so, as leis an mbaisdeadh aithgheintear duine san bheathaidh sbioradálta, théid astteach san nEaglais agus do-níthear ball do chorp Chríosd, an Eaglas, de, ionnas go bhfaghann a chuid do na grásaibh do-gheibhid boill oile na hEaglaisi ó Chríosd; gonadh aire sin goirthear doras na hEaglaisi don bhaisde- adh. Ar an n-adhbhar sin, ó nach éidir duine ar bioth do shlánoghadh don taoibh amoigh dhon Eaglais, ní héidir duine ar bioth do shlánoghadh gan bhaisdeadh nó gan rún a bhaisdthe, go háiridhe an uair fhédfas. Ní héidir fós sacra- mainnt ar bioth oile do ghlacadh gan é. Tuig as so go bfhoil d'fhiachaibh ar gach aon dá mbaisdtear bheith umhal do chionn na hEaglaisi fá Chríosd, an Pápa. AN 3 CAIB. Don tshacramainnt ar a ttugthar dol fá láimh easbaig. Confirmatio ghoirthear a Laidin don tsacramaint si, .i. “daingnioghadh”, ar an n-adhbhar go ttugaid na grása
do-geibhthear innte neart agus brígh don Chríosdaidhe óg bhíos maoth beigneartmhar arna gheineamhain amháin san bheathaidh sbioradálta, ionnas go ttugann dochum aoisi foirfe é, go ndaingnigheand 'na chreideamh é, go ttugann calmachd inntinne dhó dochum an chreidimh chédna d'admháil an tan chuirfidhear chuige 'na thimcheall. Do-beirthear fós chrisma uirthe - focal grégach sin chiallaigheas “ola” nó “ongadh” - ar an n-adhbhar go n-ongthar an t-édan ag an té ghlacas í; leis an ongadh sa chíallaighthear an t-ongadh do-níd grása Dé ar an n-anam agá neartoghadh mar adobha- mar. Buailtear leis an sacramainnt si séla sbioradálta ar an n-anam mar chomhartha ridire Críosd, nach éidir do sgaradh ris go bráth. d'easbag as cóir a tabhairt uaidh, agus ní foláir don té ghlacfas í bheith baisdthe ar tús. Gidh mór na grása do-geibhthear san tshacramainnt si, as éidir lé duine a shlánogh- adh gan í; gidheadh, ní héidir lé duine ar bioth, gan pheacadh do dhénamh, a léigean de tré mhainneachdnaighe nó tré neamhshuim. Dobhí an tshacramainnt si ar gnáthoghadh ag na heasbalaibh, agus atá ó aimsir na n-easbal ale ar gnáthoghadh ag an Eaglais. Dearbhaid na naomhaithre Ambrós agus Aibhisdín gurab uirthe labhraid iomad d'áitibh ag an sgrioptúir. AN 4 CAIB. Do shacramainnt Chuirp Chríosd. Iarrthar nísa lugha dhe ceithre neithe dochum na sacra- mainnti si do dhénamh. An céidní díobh: an té bhias dá dénamh do bheith 'na shagart, ór as do na sagartaibh amháin tug Críosd cumhachda a dénta. As cóir do na sagartaibh si gach ní ordaighthear dhóibh a ruibric an Leabhair Aithfrinn do choimhéd. An dara ní: arán cruithneachda agus fíon fírinne- ach. An treas ní: an sagart do rádh briathar áiridhe, mar dho ordaigh Críosd, ós a ccionn sin. An ceathromhadh ní: a inntinn do bheith aige sacramainnt do dhénamh dhá-ríribh ag rádh na mbriathar sin.
Bíoth a fhios agat ar an n-adhbhar sin nach bí san abhlainn do-chí tú ag an tshagart ar an altóir suil choisreagthar í achd arán beag roghlan cruithneachda; an tan adeir an sagart na briathra lé naomhchoisrigthear í ós a cionn, do-níthear Corp fíre Críosd di; agus do bhrígh go bhfoil Corp Críosd beó ceangailte don diadhachd a bpearsain an Mheic, tig an Corp sa gona fhuil ceangailte don diadhachd san abhlainn an uair si, ionnas go mbí Críosd 'na Dhia agus 'na dhuine bhithbheó innte. Ní hé amháin: bídh an Tríonnóid uile innte, do bhrígh nach éidir pearsana na Tríonnóide do sgaradh ré chéile. Ar an modh ccédna, ní bhí san chailís suil do-níthear a naomhchoisreagadh achd beagán fíona ina ccuirthear fírbheagán uisge; arna naomhchoisreagadh so leis an sagart, do-níthear Fuil Chríosd de; agus ar an n-adhbhar nach foil an fhuil si a n-égmhais Chuirp Chríosd, bídh an Corp agus an diadhachd ceangailte do ghnáth dhi san chailís, ionnas go mbí Críosd go hiomlán 'na Dhia agus 'na dhuine agus trí pearsana na Tríonnóide innte. Bíoth a fhios agat fós, gion go ttréigeann an abhlann fioghair, dath, blas ná boladh aráin léna naomhchoisreagadh, tar a cheann sin nach anann ní ar bioth do shubsdainnt an aráin innte gan dol ar neimhthní ar ball an tan do-níthear Corp Críosd dí. Ar an modh ccédna don chailís: gion go ttréigeann an ní bhíos innte aicíde an fhíona, mar atá blas, boladh, dath, fioghair etc., tar a cheann sin ní anann ní ar bioth do shub- sdainnt an fhíona nách téid ar neimhthní ar ball an tan do-níthear Fuil Chríosd lé a naomhchoisreagadh dhe. As éidir so do chor a ccéill ar chor éigin lé híomháigh mhná Lot: ór an tan do-rinneagh íomháigh shalainn don mhnaoi si tré bhriseadh aithne Dé, dobhí fioghair agus dénamh mhná Lot uirthe, gion go raibhe innte achd salann. As mar sin don abhlainn agus don ní bhíos san chailís: bídh blas agus boladh aráin agus fíona ortha, gion go mbí ionnta achd Corp agus Fuil Chríosd. Bíodh a fhios agat dá ndearntaoi na mílte cuid díobh so, nach foil énchuid díobh nach biadh Críosd uile go hiomlán
innte. Ná meas ar an n-adhbhar sin, an tan bhrisdthear an abhlann, go mbrisfidhe Corp Críosd nó go sgarfaidhe a bhoill ó chéile, ór ní bhí a cheann a n-áit agus a chosa a n-áit oile san abhlainn, achd bídh a Chorp uile go hiomlán gona bhallaibh go huilidhe in gach énchuid dá loighead dhí. Agas más deacair leat so do thuigsin, tuig gurab mó as éidir le Día do dhénamh iná as éidir leat féin do thuigsin. Tuig fós gurab romhóide do luaighidheachd fána chreideamh go mbiadh corp mór daon- daidhe 'na choimbeag so d'ionad, a dheacra lét inntleachd a thuigsin. Tuig fós go bhfédann Dia so do dhénamh fá mar dho fhédfadh, do réir fhiaghnaisi Críosd san tshoisgél, cámhall, .i. beathadhach as mó iná each, do bhreith tré chró snáthaide. Dá bhfiafraighthea an bhfágbhann Críosd flaitheamhnas Dé an tan tig chugainn san tshacramainnt si, as dearbh nach fágbhann, achd go mbí a n-aoinfheachd a bhfhlaitheamhnas agus ar an altóir annso, agus san Róimh, agus ar gach énaltóir ar a n-abairthear aithfreann ar feadh an domhain. Agas más deacair leat so do thuigsin, tuig - mar adobhramar anois - go ndeachadar cumhachda Dé ós cionn do thuigseana féin, agus ná hiarr iad so do thuigsin, achd creid iad, ar an n-adhbhar gur fhoillsigh Día glórmhar Críosd, leis nach héidir brég do dhénamh, go bhfoilid 'na bhfírinne. As éidir fós so do chor a ccéill ar chor éigin le sompladhaibh. Do chéidneithibh, bídh anam an duine uile 'na chionn, agus bídh an t-anam cédna uile 'na chosaibh, agus in gach ball oile dá bhallaibh a n-aoinfheachd; ór ní héidir a rádh go mbiadh cuid don anam in gach énbhall díobh sin, ar an n-adhbhar nach foil ann achd sbiorad nách éidir do roinn. As mar sin as éidir le Corp Críosd bheith a n-iomad ball a n-aoinfheachd lé mórchumhachdaibh Dé. Maille ris sin, léghthar a mbeathaidh an naomhathar Antoin ó Phadua go raibhe a n-aoinfheachd a ccathair áiridhe san Eadáille ag dénamh seanmóra, agus san Phortaighil ag dénamh deaghoibre oile. Ar an n-adhbhar sin, as éidir leis an nDia ccédna 'sa cumhachda lé raibhe isna háitibh sin a bhfad ó chéile a n-aoinfheachd, Corp Críosd do chor a n-iomad abhlann a n-áitibh imchiana ó chéile gan neamh d'fhágbháil dó.
Ní cás a thuigsin as a ndobhramar, créd í an onóir as cóir do thabhairt don tshacramainnt si; ór atá a dhearbh againd ór ccreideamh go bhfoil Críosd, do réir a dhiadhachda agus a dhaondachda, agus trí pearsana na Tríonnóide innte, mar adobhramar thuas; mar sin nach foláir gach onóir dhlighthear dhóibh sin do thabhairt don tsacramoinnt si. Ar an n-adhbhar sin, ní foláir don té thiocfas dá hionn- soighidh so dochum a glactha, ionnas go ttugadh a honóir iomchubhaidh dhi, trí neithe do choimhéd. An céidní: a choinsias do sgrúdadh, a pheacaidh do chor a bhfaoisidin, ionnas nách biadh sgél peacaidh mharbhtha go háiridhe agá choinsias air, ór as do bheóaibh agus ní do mhar- bhaibh do hordoigheadh an tsacramainnt si. An dara ní: bheith ar cédlongadh, .i. gan biadh ná deoch dá loighead do chaitheamh ó mheadhón oidhche amach go caitheamh na sacramainte arna mhárach. Gidheadh, bíodh a fhios agat nach cuirionn duine ó chédlongadh a sheile do léigean síos. Ní hé amháin: dá ndeachadh uisge dá neamhthoil a mbrághuid duine, as éidir leis Corp Críosd do ghlacadh 'na dhiaigh sin. An treas ní: a bheith do chéill ann go ttuigfeadh an ní atá do ghlacadh, agus a ghlacadh maille ré débhóision; agus as uime sin nách tugthar an tshacramainnt si do leanbhaibh gan chéill, ná d'óinmhidibh, ná do luchd mire, ná d'énduine ag nach bí a chiall ar a chumas. Tabhair dot aire annso nach foil feidhm ag na daoinibh bhíos ag caitheamh chumaoineach ón tshagart, ar ccaitheamh Chuirp Chríosd san abhlainn, an Fhuil d'fhagháil 'na dhiaigh sin as an chailís, ór do-gheibhid Corp agus Fuil Chríosd go hiom- lán san abhlainn féin; achd as lór dóibh fíon gan choisreagadh, nó uisge, nó gan éinní d'fhagháil 'na dhiaigh, agus atá a n-aghaidh ghnáith agus ordaighthe na hEaglaisi a aitherrach sin do thabh- airt dóibh. Dá bhfiafraighthea gá huair as cóir a caitheamh, adeirim go bhfoil d'fhiachaibh ar gach Críosdaidhe agá mbia a chiall ar a chumas, a glacadh gacha bliadhna lá éigin idir Dhomhnach
na Slat agus Domhnach mionChásg, nó ceachdar don dá lá soin. Ós a chionn sin, as cosmhail dá gach Críosdaidhe chogúsach a glacadh nísa mhionca iná sin, do réir na comhairle do-ghébha óna oide faoisidne, agus as cóir ar gach énchor a glacadh ré huchd mbáis más éidir é, dá rabh neach ar cédlongadh gion go rabh. Dá bhfiafraighthea annso créd fár ordaigh Dia an tsacram- aint si, adeirim go rabhadar trí cúisi aige. An chédchúis: ionnas go mbiadh 'na biadh sbioradálta ag na hanmannaibh; ór fá mar bheathaigheas an t-arán an teas nádúrtha bhíos ag cumhdach na beatha corpardha, as mar sin bheathaigheas an tshacramaint si, an tan ghlacthar go diongmhála í, an grádh as sláinte don anam, agus chumhdaigheas an bheatha sbioradálta; agus as uime sin do ordaigh Críosd a dénamh d'arán agus d'fhíon, ionnas go cciallaigheadh an bheatha sbioradálta. An dara cúis: ionnas go mbiadh iodhbairt san reachd nua dá dénamh do Dhia mar dobhíodh san tsheinreachd. Gidh iomdha ámh iodhbairt do-níthí san tsheinreachd, ní raibhe ionnta uile achd fioghair agus sgáile na hiodhbarta móire si atá againn san reachd nua, .i. iodhbairt Chuirp agus Fhola Críosd do-níthear leis an sagart san aithfrionn. As leis an n-iodhbairt si ceann- saighthear fearg Dhé ris na daoinibh, agus do-geibhthear iomad tiodhlaigtheadh uaidh, ní hé amháin don droing mhaireas ar an saoghal sa, achd fós do na marbhaibh a bpurghadóir. Atá d'fhiachaibh ar gach aon teachd dochum na hiodhbarta sa gach énlá saoire más éidir leis é. An treas cúis fár ordoigh Críosd an tshacramainnt si agus an iodhbairt: ionnas go mbiadh 'na cuimhne shíordhaidhe againn ar a pháis féin agus ar a ghrádh orainn agus ar a thiodhlaigthibh móra dhúinn, ionnas go mosgal- taoi ar n-inntinn dochum a ghrádhaighthe 'na aghaidh sin. AN 5 CAIB. Don fhaoisidin. Dá chuid prinsipálta atá san tshacramainnt si, .i. an peacth- ach d'admháil na bpeacadh, agus absolóid d'fhagháil ón tshagart ionnta; ór do ordaigh Dia an sagart mar bhreitheamh isna
peacthaibh do-níthear iar mbaisdeadh, agus tug a ughdardhás féin dó dochum a maithmhe. Ní foláir thrá an chúis d'fhoill- sioghadh don bhreitheamh, agus ní foláir don bhreitheamh breath do bhreith go follas. Ar an n-adhbhar sin, ní foláir don pheacthach a pheacaidh d'innisin go follas lé briathraibh, más éidir leis é ar chor ar bioth - munab éidir, a bhfoillsioghadh lé sgríbhneóireachd nó le comhartha éigin foirimealach - agus ní foláir don tshagart a fhuasgladh ó na peacadhaibh cédna le briathraibh chiallaigheas go bfhuasglann Dia an t-anam leis na briathraibh sin fén uatha, agus ón phéin shíordhaidhe dhlighthear a n-ifrionn ar a son. Atáid trí neithe 'na riachdanas ar an tté bhias ag glacadh na sacramainnti si, .i. tuirsi chroidhe 'na pheacadhaibh, a n-admháil mar adobhramar, agus lóirghníomh do dhénamh ionnta. Ionnas go mbiadh an doilgheas sin mar as cóir, sgrúdadh an peacthach a inntinn go maith: smuaineadh na háite ina raibhe ó dho-rinne a fhaoisidin roimhe, agus créd í an tshiocair pheacaidh dobhí aige ionnta; créd an oific dobhí aige nó 'nar pheacaigh innte; créd an comhluadar. Cuireadh fós na haitheanta 'na fhiaghnaisi agus smuaineadh cia dhíobh inar pheacaigh. Ar ccruinnioghadh a pheacadh go hiomlán dó, measadh gurab truime iad iná peacadh Ádhaimh, .i. ubhall beag d'ithe a n-aghaidh aithne Dé trér damnaigheadh an cineadh daonda uile cúig mhíle bliaghan go hifreand. Ar an n-adhbhar sin, bíodh doilgheas mór air fán oiread sin do choirthibh troma do dhénamh a n-aghaidh Dé agus a Shlánaightheóra nach dearna olc riamh dhó achd an uile mhaith, agus nárab lór leis doilgheas do bheith air fá thruaillidheachd an pheacaidh, nó fá phéin ifrinn do thuilleamh, achd bíodh doilgheas air fá choir ar bioth do dhénamh a n-aghaidh Dé. Maille ris sin, ní foláir dhó a rún do bheith aige gan na peacaidh chédna do dhénamh arís. Ní lór do dhuine an doilgheas sa do bheith air, achd ní foláir dhó teachd d'ionnsoighidh an tshagairt agus na peacaidh chédna d'innisin dó go hiomlán maille re náire agus ré tuirsi, gan aoinní do chor leó ná do bhuain díobh, gan bhréig do dhén- amh, gan aithfear a pheacaidh do chor ar dhuine oile, gan leithsgél do ghabháil, gan aoinní do cheilt lé náire, gan
pheacadh duine oile d'innisin. Maille ris sin as cóir dhó a innisin gach gné pheacaidh dá ndearna agus gá mhéd uair do-rinne iad do réir mar as éidir leis a chuimhnioghadh, agus gach modh ar a ndearna iad do mhodh ina mbiadh médoghadh an pheacaidh go mór. Gidheadh, tabhradh dá aire gan sgélaidheachd nach beanann ré foillsioghadh na bpeacadh do chor ar feadh na faoisidine, agus ná hanadh ris an sagart dh'fhíafraighidh a pheacadh dhe gan é féin dá n-innisin. Ós a ccionn so, ní foláir dhó bheith ullamh dochum lóirghníomha do dhénamh 'na pheacadh, go háiridhe an breitheamhnas aithridhe chuirfeas an sagart air do ghabháil chuige go toltanach, agus a rún do bheith aige a dhíol an tan fhédfas, ag meas gurab mór na grása do-rinne Dia air, .i. an phian bheag sin do ghabháil uaidh ar son na péine síoraidhe do thuill d'fhagháil a n-ifrionn. Atáid trí deaghoibre as gnáthach do dhénamh a lóirghníomh an pheacaidh, .i. urnaighthe, trosgadh agus déirc, fá mar dho theagaisg an t-aingeal Rafahél do Thobias, ionnas go ttoirbhireadh duine na trí neithe atá aige do Dhia leó so, .i. maitheas an anma leis an n-urnaighthe, an chuirp leis an ttrosgadh agus a shaidhbhreas saoghalta leis an ndéirc. Áirimhthear ar an urnaighthe ní hé amháin paidreacha nó sailm do rádh, achd aithfreann nó seanmóir d'éisdeachd nó do rádh. Áirimhthear ar an ttrosgadh an uile dhochar chuireas duine ar a chorp ar son Dé, mar atá oilithre, sgiúrsa, léine róinneadh, luighe ar talamh lom, nó a leithéide oile. Áirimhthear ar an ndéirc an uile obair thrócaire. Tabhair dot aire annso go n-iarrthar trí neithe dochum an troisgthe, .i. gan d'ithe achd an énchuid, agus gan an n-énchuid sin do dhénamh go ttí a ngar do mheadhón laoi, agus ní fhoil dá mhoille nach feirrde. An treas ní: gan biadha toirmisgthe d'ithe ar an n-énchuid sin, mar atá feóil uair ar bioth, nó uighe, nó báinbhiadh san Chorghas, nó Dia hAoine san áit ag nach foil gnáthoghadh ar a n-ithe. Gidheadh, bíoth a fhios agat nach briseadh troisgthe deoch d'ól gach énuair bhias tart ort, nó beagán égin aráin agus deoch, agus fós beagán toirtheadh do chaitheamh san oidhche ré ndol do chodladh mar cholláisión.
Atá an tsacramainnt si 'na riachdanas ar an uile dhuine do-ní peacadh iar mbaisdeadh, ór ní héidir leó a slánoghadh gan fhaoisidin nó gan rún faoisidine go háiridhe. As uime adeirim 'gan rún faoisidine', ar an n-adhbhar go slánaighthear an té bhíos a nguais bháis gan chumas aige ar a fhaoisidin do dhénamh, dá rabh doilgheas mór air ina pheacadhaibh ar son Dé, maille re rún faoisidine an uair fhédfas. Atá d'fhiachaibh ar gach aon a fhaoisidin do dhénamh uair san bhliadhain, agus gach uair bhias ar tí Cuirp an Tighearna do ghlacadh dá rabh sgél peacaidh mharbhtha agá choinsias air, agus fós gach uair bhias baoghal báis air. Ós a chionn sin, ní fhoil dá mhionca do-géntar í nách amhlaidh as ferr é, ór as mór do-geibhthear do thoradh na faoisidine. Do chéidneithibh, maittear coir an pheacaidh do-ní neach iar mbaisdeadh dó innte, agus claochlóithear an phian shíordhaidhe do dlighfidhe a n-ifreann ar a shon a bpéin aithghirr ar an tsaoghal sa nó a bpurghadóir. Maille ris sin, luaighidheachd na ndeaghoibrigh- theadh do-ní duine a sdaid na ngrás, agus chailleas san pheacadh, fillidh air arís leis an bhfaoisidin. An té fós dobhí 'na bhall chríon mharbh roimhe so don Eaglais, bídh anois 'na bhall úr bhéo, ionnas gurab éidir leis a chuid do na grásaibh do-gheibh an Eaglas ó Chríosd do ghlacadh chuige, agus fós a chuid dá gach loghadh dá ttugann an Eaglas chédna uaithe. Ós a ccionn so, ní fhoil ar bioth ní as fearr chongmhas duine ó na peacadhaibh iná an fhaoisidin mheinic. Smuaineadh gach aon d'éis na faoisidine, dá bhfaghadh bás beagán aimsire roimhe sin, c'áit ina mbiadh a anam, .i. a n-ifrionn mar nach biadh furtachd choidhche 'na ceann. Tabhradh ar an n-adhbhar sin buidheachas ré Dia tré mhéd na ngrás do-rinne air, tré fhad na foighide tug dhó, agus cuireadh roimhe gan é féin do chor san nguasachd cédna arís, agus dénadh a dhíthcheall ar bheith a sdaid na ngrás ag díol a bhreithe aithridhe.
AN 6 CAIB. Don ongadh dhéigheanach. Re haghaidh na ndaoine tteinn do ordaigh Críosd an tshacramainnt si, mar fhoillsigheas San Sémh 'na eibisdil. Do-beirthear 'an ola dhéigheanach' uirthe ar an n-adhbhar gurab déigheanaighe do-beirthear do dhuine í ináid na sacramainnte oile ina ccuirthear ola air, mar atá Baisdeadh, Dol fá láimh easbaig agus Grádha sagairt. Do-geibhthear trí neithe do thoradh na sacramainnti si. An céidní: fuighleach na bpeacadh do sgrios, .i. na peacaidh ar nár chuimhnigh neach do chor a bhfaoisidin. An dara ní: neart agus bríogh do thabhairt don othar a n-aghaidh aibhirseórachda an diabhail agus na nguasachd mór atá chuige a bpongc a bháis. An treas ní: sláinte chuirp do thabhairt dó más é sin leas a anma. Ciallaighidh an ola cuirthear ar an othar na trí neithi sin, ar an n-adhbhar go ttabhrann an ola neart, fionnfhuaradh agus sláinte uaithe. Ní cóir an tsacramainnt si do thabhairt achd do dhuine theinn ar a mbérthar breath bháis. AN 7 CAIB. Don tsacramainnt ar a ttugthar ord nó grádha. As air do-beirthear grádha: sacramainnt ina ttugthar cumhachda agus grása do shagartaibh agus do chléirchibh dochum na sacramainnteadh agus dochum na n-oificeadh oile bheanas ré luchd na hEagailsi do dhénamh. Buailtear séla sbioradálta ar an n-anam leis an naomhshacramainnt si mar chomhartha caiptín nó oificigh idir ridiribh Críosd. Ní sgarann an comhartha sa ris choidhche más ar neamh nó a n-ifrionn dó. Atáid seachd ngrádha ann as éigean do ghabháil suil bheas duine 'na shagart, .i. ceithre grádha beaga agus trí grádha cois- reagtha. As cóir don té ghébhas énchuid díobh so bheith arna bhaisdeadh, arna thabhairt fá láimh easbaig, agus gan teachd dá n-ionnsoighidh a bpeacadh mharbhtha. Léigeam seochainn nísa mhó do rádh ortha so ar an n-adhbhar gurab easbag, ar nach cosmhail ainbhfios do bheith, do-bheir uaidh iad.
AN 8 CAIB. Do shacramainnt an phósda. As é as pósadh ann, coimhcheangal fir agus mná chiallaigheas ceangal Dé re hanam an Chríosdaidhe leis na grásaibh, agus ceangal Críosd ris an nEaglais tré ghabháil nádúire daonda uime. Iarrthar trí neithe dochum an phósda. An céidní: gan toirmeasg do bheith ar cheachdar don lánamhain, mar atá móid gheanmnaidheachda do-bérthaoi go sollamanta, grádha coisreagtha, pósadh oile, díoghbháil aoisi, col gaoil nó col uisge, etc. An dara ní: gach cuid don lánamhain do thabhairt a ttoile chuige go hiomlán gan eagla gan coimhéignioghadh, agus sin d'fhoillsioghadh lé briathraibh nó le comhartha éigin follas. An treas ní: luchd fiaghnaisi agus an sagart porráisde do bheith do láthair. Dá rabh éinní dhíobh sin d'easbhaidh ar an bpósadh ní bhia foghnamh air, go háiridhe san áit inar gabhadh Comhairle Thrionnta; isna háitibh oile thrá, na daoine do-ní pósadh gan fhios gan luchd fhiaghnaisi ná sagart porráisde do bheith do láthair, gé pheacaighid go trom, bídh a bpósadh ar bail. Oibrighidh an pósadh trí neithe a ndaonibh. An céidní: grása lé bhfhédann an lánamhain iad féin do choimhéd ar pheacadh na drúisi agus ar chathaighthibh na colla, maille ré grádh díleas sbioradálta do bheith aca féin ar a chéile. An dara ní: grása lé bhfédaid clann do gheineamhain gan pheacadh maille re heagla Dé. An treas ní: cuiridh cuibhreach idir an lánamhain nach éidir lé ní ar bioth do sgaoileadh, mar nach éidir lé ní ar bioth an cuibhreach atá idir Críosd agus an Eaglas do sgaoileadh. As as so nach éidir leis an bPápa ná le duine ar bioth a chead do thabhairt d'fhior mhná pósda bean oile do bheith aige, nó do mhnaoi fear eile do bheith aice.
AN CÚIGEADH CUID. DON TEAGASG CRÍOSDAIDHE. Do na subháilchibh, do na lochdaibh, do na deaghoibrigh- thibh agus do na peacadhaibh. AN CHÉDCHAIB. Do na subháilchibh agus do na lochdaibh.
Fios na subháilcheadh 's na lochd atá, ós cionn a ndobhart, 'na bhfeidhm ar gach neach fá nimh dá ttriall go teach an Dúilimh.
As air do-beirthear subháilche: cáilidheachd sbioradálta bhíos san anam do-bheir ar neach bheith 'na dheaghdhuine, agus claonadh do bheith aige dochum deaghoibrightheadh do dhénamh go hésgaidh. As eadh as lochd ann: claonadh na nádúire dochum na neitheadh dobhiadh a n-aghaidh na subháilcheadh. As iomdha gné shubháilcheadh agus deagh-oibrightheadh ann; tiocfamaoid annso go haithghearr ar an ccuid as prinsipálta dhíobh. NA 3 SUBHÁILCHE DIADHA.
Adobhramar roimhe so na trí subháilche diadha: creideamh, dóthchas agus grádh; gá meisde arís a n-iomrádh?
As eadh as creideamh ann: subháilche dhoirteas Dia a n-anam an duine lé soilsighthear a thuigsi, ionnas go mbí ullamh dochum gach neith dár fhoillsigh Dia agus dá n-abrann an Eaglas do bheith inchreidte do chreideamh. Gibé shénfas énchuid díobh so nó chuirfeas conntabhairt ionnta, agus a fhios aige gur fhoillsigh an Eaglas iad, sgaraidh a chreideamh uile ris. A conntrárdha so: eiricechd, pághántachd, etc.
As eadh as dhóthchas ann: subháilche dhoirteas Dia a n-anam an duine do-bheir air dóthchas daingean do bheith aige go sláinéocha Dia a anam, go bhfoighe an ghlóir shíordhaidhe agus gach ní atá d'fheidhm air dochum a faghála, 's atá éddóth- chas agus andóthchas 'na haghaidh o. As eadh as grádh ann: subháilche dhoirteas Dia a n-anam an duine lé ngrádhaigheann Dia ós ciond gach neith ar a shon féin, agus an chomharsa, .i. an uile dhuine gémadh cara nó easccara é, ar son Dé, do bhrígh gurab ar a dheilbh féin do chruthaigh Dia gach aon. As iad lochda atá 'na haghaidh so: fuath do bheith ar Dhia nó ar an ccomharsain, agus grádh ainmh- easardha do thabhairt do chrétúir ar bioth, ór ní héidir grádh ainmheasardha do thabhairt do Dhia. NA 4 SHUBHÁILCHE CAIRDIONÁLTA.
Ceithre tréidhe as díol grádha na subháilche prinspálta: gliocas gan cheilg, ceart gan lochd, neart gan fhairbríogh, measardhachd.
Do-beirthear subháilche cairdionálta nó prinsipálta ortha so ar an n-adhbhar gurab iad as tobar do na subháilchibh daondaidhe uile. As é an gliocas, solas agus riaghail na subháilcheadh oile, mhúineas gach ní do dhénamh 'na thráth féin mar as iomchubh- aidh, agus as iad lochda atá 'na aghaidh: meardhántas, do-bheir ar dhuine ní do dhénamh gan fhéchain 'na thimcheall, agus cealg nó mealltórachd. As é an ceart do-bheir ar neach a chuid dhíleas do thabhairt dá gach aon, ionnas go ttugthar funda- mainnt na síothchána air. As iad lochda atá contrárdha dhó: égcóir agus cruas ceirt nó caolagarthaighe. As é an neart nó an bheódhachd chlaoieas an uile dhochar bhíos ag cor thoirmisg ar na deaghoibrighthibh, agus do-bheir ar dhuine bás d'fhulang ar son a chreidimh agus ghlóire Dé. As leis an subháilchi si bheirid na mairtírighe buaidh ar luchd a n-imghreama. As iad lochda atá 'na haghaidh so: meatachd agus ainbheódhachd, mar
atá duine dhá chor féin a nguasachd gan chúis gan riachdanas. As í an mheasardhachd chuireas srian ris na hainmhianaibh, agus atá an antoil contrárdha dhi. TIODHLAIGTHE AN SBIORAID NAOIMH.
Seachd ttiodhlaigthe an Sbioraid Naoimh: eagna, tuigsi, taoibh ré taoibh, comhairle, neart, fios neamhdha, búidheachd, eagla an Tighearna.
Ag so na subháilche adobhairt an fáidh Isahias do dhénamh comhnaidhe ar Chríosd, tobar na n-uile ghrás, ó ttigid d'ionn- soighidh cháich oile. NA DRONGA BEANNAIGHTHE.
Na hochd ndronga beannoighthe dá ngeall Dia luach a ccroidhe; na boichd fhíre as beannaighthe budh leó féin ríoghdhachd nimhe. Beannaighthe an drong ceannsaighthe, budh leó do sheilbh an talamh; beandaighthe luchd searbhthuirsi, biaidh sólás fá dheoigh aca. Gibé ar a mbí ocaras 's tart cosnamha na córa, a fhoirceann bhudh roshona; biaidh sásadh ó Dhia dhósan. Luchd trócaire as beandaighthe, trócaire ó Dhia do-ghébhad; mar sin d'aos an deaghcroidhe, budh leó do shíor Dia d'fhéchain. Clanna Dé díobh goirfidhear: as beannaighthe an drong shíodhach; an drong fán cceart choirighthear, flaitheas Dé bhudh é a ríoghdhachd.
As tuigthe as so nach foil achd leimhe agus óinmhideachd a n-eagna agus a ccríonnachd lochda an domhain si, ór saoilid nach foil daoine as measa fortúin iná an drong sa re n-abair an Tighearna go mbíd beandaighthe conáich. AN DARA CAIB. Do na deaghoibrighthibh. Atáid trí gnéithe deaghoibrightheadh ann: trosgadh, déirc nó trócaire, agus urnaighthe. Do labhramar ní éigin ortha so roimhe so; ar an n-adhbhar sin foillséocham ann-so oibre na trócaire amháin. OIBRE CORPARDHA NA TRÓCAIRE.
Seachd n-oibre na trócaire dá ngoirthear oibre corpdha: cosg tarta gach brónchuire, biadh do thabhairt don ocrach. Édghadh nochd, mairbh d'adhlacadh, oirchiseachd aoidheadh n-annamh, cuairt ag braighdibh fannbhochda do dhénamh, 's ag aos galair.
OIBRE SBlORADÁLTA NA TRÓCAlRE.
Seachd n-oibre na trócaire ainmnighthear as an sbioraid: sáimhchealgadh luchd mhórthuirsi, ceartoghadh cáigh 'na cciontaibh. An té atá a ccás chomhairle comhairle dho do thabhairt; in gach ní dá rodhoilghe foighide do bheith agaibh. Teagasg luchd an ainbhfeasa, guidhe ar bheóaibh 's ar mharbhaibh, maithmheachas na n-aindligheadh do thabhairt do luchd adhbhair.
AN 3 CAIB. Do na peacadhaibh. Peacadh do-beirthear ar ní do dhénamh a n-aghaidh dhli- ghidh Dé nó na hEaglaisi, nó a léigean díot dod dheóin an ní atá d'fhiachaibh ort ó aithne Dé nó na hEaglaisi, mar atá duine do mharbhadh nó gan aithfrionn d'éisdeachd lá saoire. Atáid dá ghné pheacaidh ann, .i. peacadh na sinsear agus na peacaidh do-nímíd féin. Ní fhoil a bpeacadh na sinsear achd easccairdeas Dé agus easbhaidh grás; geintear an uile dhuine san pheacadh sa nó go nglanann an baisdeadh iad, ór ó dho pheacaidh ar ccédathair Ádhamh a n-aghaidh aithne Dé a bparrthas, atá an peacadh sa a n-oighreachd ag leanmhain a shleachda maille ré hiomad d'olcaibh oile, mar atá bás cinnte, iomad saothair agus eassláinte, claonadh dochum an uilc, leisge fá dheaghoibrighthibh do dhénamh, etc. Bídh an peacadh do-nímid féin ar dhá mhodh, .i. 'na pheacadh mharbhtha nó 'na pheacadh shologhtha. Bídh 'na pheacadh mharbhtha an tan bhíos a ccúis éifeachdaigh a n-aghaidh grádha Dé, maille ré neach dá dhénamh dá dheóin agus a aire air féin, agus as uime do-beirthear peacadh marbhtha air, do bhrígh go sgarann grása Dé as beatha don anam ris agus go ttuilleann bás síordhaidhe a n-ifriond dó. Bídh 'na pheacadh sholaghtha dá rabh a ccúis bhig gan éifeachd, nó dá rabh neach gan aire aige air féin go hiomlán an tan bhias dá dhénamh, agus as uime adeirthear peacadh sologhtha ris, do bhrígh gurab urasa a mhaitheamh, ór ní sgriosann na grása. Atáid seachd bpeacaidh ann ar a ttugthar peacaidh mhar- bhtha go sunnradhach, ar an n-adhbhor gurab iad as tobair agus as frémha don uile pheacadh mharbhtha agus shologhtha oile agus foillsighthear iad san rann sa:
Díomas, sainnt, is drúis má le, tnúth, craos, fearg agus leisge, na seachd bpeacaidh - díochra a nglonn - mharbhas do shíor an t-anam.
Gibé léghas go díthcheallach ar sgríobhamar ar na haith- eantaibh, ní cás dó nádúir gach peacaidh dhíobh so do thuigsin. Claoitear iad leis na subháilchibh si: umhlachd, tiodhlacadh, geanmnaidheachd, measardhachd, foighide agus díthcheall cráibhtheach. Atá iomad peacadh rothrom oile ann fhásas as na peacadh- aibh si adobhramar, mar atáid: na sé peacaidh do-níthear a n-aghaidh an Sbioraid Naoimh, .i. andóthchas as grásaibh Dé gan deaghoibre, éddóthchas, cor a n-aghaidh na fírinne as a riochd, doilgheas fá ghrásaibh do chomharsan, daingnioghadh isna peacadhaibh, neamhaithreachas isna peacadhaibh a n-aimsir bháis. As riú so a deir an Slánaightheóir nach maittear iad abhos ná thall. Ní hé nach maittear an uile pheacadh leis an n-aithreachas, achd gurab roidheacair iad so do mhaitheamh do bhrígh gurab ro-annamh luchd a ndénta ag dénamh aithreachais. Na ceithre peacaidh bhíos ag glaodhaigh ar Dhia ag iarraidh díoghaltais: duine do mharbhadh dod dheóin, peac- adh míonádúrtha, foirneart do dhénamh ar bhochdaibh, ar dhílleachdaibh nó ar bhaintreabhthachaibh, congmháil a ttuarasdail ó luchd oibre. Ós a ccionn so, ní lór leis an bpeacthach mbochd truime a pheacadh féin, achd tairrngidh peacaidh choimhitheacha cáigh oile go meinic air an tan chomhairligheas, fholáreas nó iarras, aontaidheas, mholas, cheadaigheas a ndénamh, cheileas nó chosnas íad, nó bhíos a chuid do ní choimhitheach aige.
Seachna na bpeacadh mhadh áil, dorrdha an bháis, ceirtbhreatha an ríogh, glóir nimhe, ifrionn na bpian - bíodh siad at inntinn do shíor. d'eagla an bháis do theachd dod toigh coimhéid ar dho chédfadhaibh: blas is glacadh 'na mbia lochd, boladh, éisdeachd is amharc. Glóir agus moladh do Dhia
AGUISÍN. TEAMPALL MHUIRE LORETO. TOSACH AGAS AISTRIUGHA MÍORBHUILEACH THEAMPOLL MHUIRE LORETO. Teampoll Loréto ba seómra é do thigh Mhuire a n-aice Ierusalém sa ccathair Nazarét. As ann dorugadh, tugadh súas agas do bheannaigh an t-aingiol dhi, agas as ann do ghabh agas d'oil sí a mac Íosa go haóis a dhá bhlíadhan dég. Do-righnidar na heapstail d'éis deasghabhála an Tiagharna teampoll don sheómra sa a n-onóir Mhuire, agas do-rinne S. Lúcás ímháigh achosmhuil ré atá lena faicsin ann gus aniugh. Dobhí sé dhá thaithighe re devósion mór ag muinntir na tíre ina raibh sé an feadh dobhádar 'na ccatoilcibh. Ach an tan do thréigiodar creideamh Chríosd ag leanmhuin sheict Mhahomet, dorugadar aingil riú go Sclavonia, agas d'fhágbh- adar é i bhfhogus don bhaile darb ainm Flumen. Gidheadh, do
bhrígh nach déantáoi onóir iomchubhaidh annsin dó, do rugadar arighis tar muir é go coill a cceanntar Recanáti lé mnaoí úasail darb ainm Loreta, óna ttugadh d'ainm air Mhuire Loreto. Agas as sin arighis trí iomad éirghe slighe- adh do bheth dá ndéanamh ann, dorugadar go cnoc le días dearbhráthar sa cceantar céanna é, agas fá dheóidh, do bhrígh go mbídís sin ag troid fá na hoffráluibh agas fá na tiodhlacthaibh dobéarthaói chuige, dorugadar gusan tshlighe mhóir tamall beag as sin é, mar a bhfhuil anois gan fhundament go ró-oirdheirc tré mhórán comharthadh grás agas míorbhuil- eadh. Iarna fhaicsin so do phobul Recanat, dobhí iongantus romhór orra, agas do chuiriodar balla láidir 'na thimchioll. Gidheadh, nírbh fheas d'áoinneach cá as a ttáinic é ó thús gur thaisbáin Muire í féin i mblíadhain an Tighearna M.CC.XC.VI ina chodladh do dhuine bheannaighthe dhiadha dar shoillsigh sí é, agas gur innis seision sin do dháoinibh ughdardhásacha sa bprovinsi do chuir rompa féin gan mhoill fírinne na faicsiona sin do dhearbhughadh. Agas dá dh'aire sin, do thoghadar sé dhuine dhéag inchreidthi, agas do chuiriodar uile íad go cathair Nazaret maille re miosúr an teampoill si chum go bhféachdaois an raibh sé oireamhnach do na fundameintibh dobhí fós ar fagháil annsin, agas fuaradar fós scríobhtha a mballa i bhfochair na bhfundament sin go raibh an teampoll annsin, agas gur fhág é. Agas iar bhfilleadh tar a n-ais dhóibh, d'fhoillsigheadar na neithe réimhráite do bheith fírinneach, agas as sin amach budh dearbhtha gur sheomra don bhanóigh bheannaighthi an teampoll sa, agas do thionnsgnadar na Críostuighe devósion mór do bheith aca dhó, do bhrígh go ndearna sisi, agas go ndein go laitheamhail, iomad míorbhuileadh ann.
Adubhairt díthreabhach áiridhe beannaighthi darb ainm Pól na Silva - neach dobhí 'na chomhnuidhe i bhfhochuir an teampoill si, agas do ghnáthuigheadh go laethemhall tiacht d'éisteacht na ttráth ccanunta ann - go bhfhacaigh sé ar feadh deich mbliadhan an t-ochtmhadh lá do Sheptember, dhá uair roimhe lá, solas mór ag tiacht ó fhlaitheamhnus, agas adubhairt gurab í Muire do thaisbéanadh í féin ann i bhfhéasta a beartha. Mar dhearbhadh ar sin go léir, do dhearbhadar días do dhaoinibh maithe do chathair Recanati dhamhsa, Prefect Terreman agas Gobhernior an teampoill si, mar so: do dhearbh duine aca darb ainm Pól Renaldutsi go bhfacaidh seanathair a sheanathara an uair thugadar na haingil tar fairrge agas d'fhágbhadar sa ccoill réimhráite é, agas go ndeachaigh sé go minic go soiche é annsin. An dara duine, Proinsias Prióir, do dhearbhaigh mar an ccédna gur minic do-chúaigh a sheanathir féin in áois a shé bhfhichiod bliadhan san áit chédna chuige. Agas mar tuilleadh dear- bhatha ar bheith annsin, adubhairt go raibh teach ag sean- athair sheanathara 'na aice ina mbíogh 'na chomhnuighe, agas gurab san am sin dorugadar na haingil go cnoc na deise dearbhráthar é, mar adubhradh roimhe so. Dochum glóire na banóighe ronaomhtha Muire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services