Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bheatha Dhiadha nó an tSlighe Ríoghdha
Title
An Bheatha Dhiadha nó an tSlighe Ríoghdha
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Fachtna, Anselm
Composition Date
1708
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1967)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN BHEATHA DHIADHA nó AN TSLIGHE RÍOGHDHA. An Chéad Chaibidil. CIA AN TSLIGHE IS ATHCHUIMIRE DOCHUM NA BEATHA SPIORADTÁLTA? “Saothruighe ní hé an biadh a théid amúgha acht biadh a mhaireas dochum na beatha síorrdhuidhe.” Ag so briathra Mhic Dé, Íosa Críosd, ag Eóin soibhsgéal san seisamh caib., agus is cóir dhúinn meas mór do bheith againn orrtha tré mhéad úghdardhás an tí adubhairt iad, agus fós tré mhéad an ghrádha atá aige oruinn; óir do thuirling sé anuas as neamh agus a d'fhulaing sé bás ronimhneach na croiche dochum an chinigh daonna do shlánughadh, agus fós go tteagasgadh sé dhúinn ó bhréithir agus ó ghníomh beatha éigin dhiadha, dar mbrosdúghadh rena shompla féin, ag rádh, ag Eóin san 4 caib.: “Is é is biadh dhamhsa toil m'Athar, ó ttáinig mé, do dhénomh agus go ccríochnuighinn an obar dothug sé dhamh.” Óir, idir an uile fhreachnughadh cráibhtheach nó spioradtálta is beatha agus is oileamhuin don anam agus re ccoimhéadtar beatha agus teas na spioraide, is é comhlíonadh tola Dé amháin agus coimhtheacht ar ttolainne ria a mhairfeas do shíor. Agus ní thréigfidh sinn go bráth an stuidér taitneamhach úd chomhlíonta thola Dé gan buaidhirt gan trioblóid, ionnas gurb é an freachnughadh so as iolgháirdius agus is onóir do na hainglibh naomhtha agus a bhias aca tré bhith síor, mar adeir Dábhí rígh go minic annsna psalmaibh gur seirbhísigh Dé iad dochum a thola do dhénomh. Ní faghthar maith comh mór leis so annsna freachnuibh eile spioradtálta, óir annsa mbeatha shíorrdhuidhe ní bheith áit ag an uirísligh, ná ag an bhfoíghid, nó ag crádh an chuirp, nó ag an aithríghe,
nó ag mórán do mhodhuibh eile do thairngheas duine dochum a bheith foirfidhe. Fós, ní gach aon uair is féidir a ngnáthughadh air an saoghal so féin, acht is éigin sgís do thabhairt dhóibh agus a cclaochló go minic. Fós, ní air aon mhodh fhóirid do gach aon nduine, nó fós d'aon nduine amháin ann gach aon stáid; óir an freachnúghadh is iomchubhuidhe don mhuinntir a bhíos ag tionsgnamh, ní é fhóirius don mhuinntir atá ag dol ar a n-aghaigh a slighe na subháilce, nó don mhuinntir atá foirfidhe ionnta. Comhlíonadh tola Dé amháin, ní lór a bheith tarbhach do gach aon dó, acht fós atá riachttanach agus ní iarrann claochló uair ar bith. Atá an freachnughadh so 'na bhiadh comh taitneamhach agus comh tarbhach agus sin don mhuinntir do bhlaisías é nach ccuirionn sé truime nó toirmeasg orrtha. Atá fós comh uachttrach agus sin os gach freachnughadh eile go ttarrnghion chuige féin iad uile; óir an té dobheir é féin go hiomlán do thoil Dé do dhénomh, cruinnighe sé na múidhibh eile agus biaidh sé úmhal, aithríghach, foighídeach, ceannsuighe, agus cuirfidh srian re drochchlaonta na colla. Gach ní dar sgríobhadar úghdair chráibhtheacha, agus gach slíghe agus gach modh dar fhoillsíghedar dochum teachta dochum foirfidheachta na beatha spioradtálta, is é an freachnúghadh so is críoch dhóibh; ionnas, gibé luighfeas go seasbhach fírinneach air, go n-aithéna sé re gearraimsir gur mór dochuaidh air aghaigh, óir ní bhfuil acht athchuimreacht na slighe ann, agus slighe roghasda dochum teacht dochum na críche atá sé d'iarraigh agus is maith ris d'fhagháil. Fós, mar adubhairt mé thuas go bhfóirann sí don uile staid, is cóir slíghe ríoghdha do ghairm dhi; óir is furus don uile dhuine imtheacht innti gan seachrán, más ag tionsgnamh a bhíos, nó ag dol ar aghaigh ionnsna subháilcibh, nó má atá foirfidhe ionnta, más lag nó láidir, más slán nó easlán é. Téid fós go mór dochum seirbhíse Dé an freachnughadh so do chur a ngníomh agus fonn do bheith ann. Ní air aon tsubháilce amháin a bhíos gach aon nduine 'stuidér, agus glacaid slightheacha éagsamhla dochum na spioraide do choimhéd agus re teacht dochum na foirfidheachta. Drong do leanas don umhlacht, ionnus go mbeithdís uair éigin foirfidh innti; drong eile do chló a cclaonta;
drong eile dobheir iad féin do chrádh a ccorp; daoine eile do leanas don urnaigh; agus gach cuid díoph ag dénamh díthchill a bheith foirfídhe annsna subháilcibh spéisialta so. Measuimsi go deimhin, dá mhéad tábhacht dá bhfuil ionnta sin, gur mór an athchuimreacht óirdheirc dogheibh an tí a leanas an freachnúghadh so gan mhuill agus a bhíos buan ann, air an ádhbhar go bhfuil na subháilce eile ceangailte dhe, mar nach dénan ní air bith, go huirid na súl do thógbháil, acht mar is toil re Dia agus mar is feas dó a bheith taitneamhach aige; ionnas nach bhfuil réasún is tromdha, nó cúis is fearr, nó neart is láidire, nó riachttanas is mó do bhrósdaigheas duine dochum neithe do dhénomh ná rádh: “Atá Dia dá iarraigh so, sí toil Dé so do dhénomh”; agus aire do thabhairt do shíor dhó, ann gach aon ní do dhénamh duine nó do léigfeadh thairis, a' ttaitéanamh nó an míthaitéanamh re Dia, agus godé an modh air ar maith re Dia a dhénomh nó gan a dhénomh. Ag so an freachnúghadh athchuimir gan toirmeasg air bith; ag so an tslighe roshábhálta gan cheilg gan pheiriacuil; ag so athchuimireacht na beatha spioradtálta; ag so an riaghuil ghenerálta gan aisgiúdughadh ar bith urrthi; ag so slighe agus críoch gacha slighadh eile agus modh ro-éifeachttach dochum na múidhibh eile do thabhairt go hiomlán agus re luaighdheacht dochum a ccríche féin. As é so stuidér agus gringal aireach dochum feasa tola Dé d'fhagháil agus do chomhlíonadh, agus fós is riaghuil ghenerálta dar n-oibreacha uile agus aon slighe amháin dochum gan ar ndol ar seachrán, ionnas go ttigmaois dochum an eagnaigh dhiadha. Tobar fós rothorrthach é na luaighdheachta agus na ngrása; óir mar gheibh an uile ghníomh dígnitt agus deaghmhaisi ó uaisle na críche a bhíos aige, agus nach bhfuil críoch air bith is áirde agus is glaine ná toil Dé, óir is é Dia féin í, ar an ádhbhar sin, gach ní dá ndénmaoid air son na críche so, is mór an luaighdheacht a bhíos aige, óir is gníomha grádh' fhírinigh iad. As so a tig, gach ní dá n-iomchran duine go foighídeach air son Dé, gur maith re Dia é dá fhulang, agus nach lugha an luaighdheacht dogheibh air a shon ná ar son ghrádh Dé féin; óir is é is grádh fírinneach ann agus árddhlíghughadh na carrthanacht,
gach ní is maith re Dia, do dhénomh, agus gach ní is neamhthoil ris, gan a dhénomh. Uime sin, gibé fhuilgíus agus donídh gach aon ní do réir a thola, ar an ádhbhar an té do chuireas a thoil féin re toil Dé, gur mór an t-órchiste do chruinnighas, agus gur féidir leis, ris an bhfreachnadh so amháin, teacht dochum naomhthachta óirdheirce. Acht roimhe a chur síos cionnas is cóir an freachnadh so do ghnáthughadh, taisbéana mé godé 'iomchubhaidheacht, godé a riachttanas, godé 'éifeacht, godé a mhacántacht, godé an taitneamh agus an tarbha atá ann, agus fós godé a ghlórmhuire ag Dia; ionnas go ccuirfinn a ccéill do gach aon godé a theasaighthe as cóir dóibh an freachnughadh so do shantadh agus dúthracht do chaitheamh ris. Tairrnge sé drong le dóthchas a ttarbha féin, drong eile sólás, daoine eile onóir, daoine eile ceart nó iomchubhaidheacht mhór, drong eile riachttanas, agus daoine eile dá n-aimhdheóin. Atá na réasúin so ag teacht rena chéile agus dar mbrósdughadh an freachnadh so do ghnáthadh; óir toil Dé do dhénomh, is ní é atá d'fhiachuibh oruinn ós ceann an uile neithe, agus ní bhfuil ní air bith is onóraigh agus is taitneamhuigh, is macánta, is tarbhaigh, is riachttanuigh agus is éifeachttaigh nó é. C. 2. AN CEART ATÁ AG DIA AR NA DAOINIBH A TTOIL FÉIN DO THRÉIGION AGUS TOIL DÉ DO DHÉNAMH. Ní bhfuil contabhairt gur cóir don tsearbhóntaigh toil a thighearna do dhénomh, don taoiseach toil a rígh nó 'phrionnsa, don mhac toil 'athar, don mhnaoi toil a fir phósda, agus gan ní dá laeghad thair a ttoil. Acht is é Dia air tTighearna agus ar rígh, agus is é fós céile ar n-anma é; agus atá míle titul eile cirt aige oruinn, óir do cheannuigh sé sinn air 'fhuil féin, agus dothugmairne sinn féin dó go hiomlán mur sclábhaína, óir is sé do chruthaigh sinn. Más ris an treabhaire an crann do chuir sé, nó an cuiléan do bheathaigh ana thigh féin, nó ris an saor an dealbh do chum sé, créad fa nach re Dia an créatúir dorinne sé féin as
neimhnidhe; óir mar adeirid na feallsamhain go coitchinn nach bhfuil compráid ar bith ag ní do dhénomh as ní eile re ní do dhénomh as neimhnidhe; mar sin, an ceart agus an tighearttas atá ag Dia air a chréatúiri féin, do chruthaigh sé as neimhnidhe, a sáraigh sé gan chompráid an uile cheart eile. Mádh atá ceart agus tighearnttas ag duine ar dhuine eile, ionnas gur féidir leis a thoil féin do dhéanomh ris, nó ag tighearna air a sclábhaidh, gan a léigion dó ní do dhénadh acht an ní is mian ris féin, do chionn gur ghabh sé a ccogadh é, nó gurb í a bhanóglach dorug ana thigh é, nó gur cheannaigh é ar luach neamhmbuan; meas as so godé méad an chirt atá ag Dia oruinn air ttoil féin do chur go hiomlán rena thoilsion, air son an cheangail rodhainghin atá aige oruinn, óir do chruthaigh sé as neimhnidhe sinn agus do cheannaigh sinn. Is dearbhtha air mhórán d'ádhbhruibh go bhfuil d'fhiachaibh oruinn a thoil do dhénomh agus go bhfuil árdchumhachta aige ós air cceann. Mádh atá d'fhiachuibh air an tsearbhóntaigh, ar son an cheanghail édruim atá ag an tighearna air, gan gníomh ar bith dá laeghad do dhénomh acht do réir a thola féin, an féidir sinne, atá comh ceangailte agus sin ag Dia agus atá 'na árdThighearna aguinn, nach beith d'fhiachuibh oruinn air ttoil féin do thréigion agus a chur faoi thoil Dé? Tugmaoid dar n-aire as so cionnas nach bhfuil ádhbhar air bith againn anna ní dá laeghad, mar atá silleadh súl, bogadh méir, nó tarraing ar n-anála, air ar ttoil féin do leanmhuin; óir do réir an uile chirt agus an uile dhlighidh atá na fiacha comh mór rena méad do glacadh. Mur sin, ós ó Dhia dofuaramar sinn féin agus an mhéid atá againn uile, is cóir sinn féin agus sin uile do chaitheamh rena thoil agus ar mbeatha do thabhairt a ttír mar is mian leis, agus sin ó chroídhe agus ó inntinn. An ceart agus an ceanghal atá ag Dia oruinn atá sé dochríochnaighe, agus an ní a bhíos dochríochnaigh ní bhfuil críoch air bith aige, agus ní léigeann áit ar bith tairis, ionnas nách bhfuil cuid air bith againn dínn féin acht gur le Dia sinn go hiomlán; agus mur sin, go ndénan foghuil air cheart Dé, gibé do thionsgnas
ní air bith acht do réir thola Dé, más smuaineadh dhá laeghad é, nó más gníomh foirmealach nó inmheadhónach é. Is bréadha agus is fíor adubhairt S. Anselmus, lib. de Similitudinibus, c.8: “Do Dhia amháin is cóir gach ní is mian ris do dhénomh do réir a thola féin, óir ní bhfuil toil eile os a ceann do leanfadh sé. Air an ádhbhar sin, an tan is mian re duine ní do dhénomh do réir a thola féin, ris sin a bainidh a choróin féin do Dhia; óir mar is do rígh amháin a fhóireas coróin do bheith air, amhlaigh sin is do Dhia amháin is cóir a thoil féin. Agus mar dobheir easonóir don rígh, an té do bhainios a choróin de, mar sin dobheir easonóir do Dhia, an duine do bhaineas pribhiléid a thola féin de, ag congbháil aige féin an ní is cóir do Dhia amháin do bheith aige. Acht mar is í toil dhíleas Dé is tobar agus is fréamh don uile mhaith, mar sin is sí toil dhíleas an duine is tosach don uile olc.” Ag sin briathra an naoimh go nuige sin. Acht ionnas go ttugmaois na neithesi fa dear go grinn, is aonchurtha síos annso cuid éigin do na tituluibh atá ag Dia as a bhfuil ceart aige oruinn. Ar son gomádh lór aon titul amháin, go ttuigmid gurab é Dia ar tTighearna, .i. gur chruthaighe sé sinn ré grádh ádhbhol agus re cumhachta dóchríochnaighe as neimhnidhe dochum a bheith ceangailte go bithbhuan aige, agus go mbeith d'fhiachuibh oruinn gan ar ttoil féin, an mhéid gurab í ar ttoil í, do dhénomh a n-aon ní, agus go bhfuil ceart ag Dia oruinn as so umhlúghadh dá thoil féin, mur badh mian linn meas daoine éigcearta nó lucht foghla agus dhaoine dómbuidheacha do bheith oruinn; gídheadh, atá mórán titul eile as nach lúgha atá d'fhiachuibh oruinn Dia d'aithniúghadh mar Thíghearna. A ccéadóir, do cheannaigh sé sinn, mar adúbhramar roimhe so, agus ní ar bheagluach, acht dothug sé óirchisde ádhbhalmhór air ar son. Gibé cheannchas sclábhaidh air airgiott, bídh ceart aige gan é do dhénomh neithe ar bith acht mar is toil leis féin. Mur sin, ar son an luacha a théid os ceann an uile mheasa dothug Dia air ar son, atá ceart aige, is mó is féidir do thuigsin, sinn do dhénomh a thola ann gach aon ní. Bainidh fós an ceart céadhna so an uilechumhachta dhínn gan ní dá laeghad do bhainios re ar ccorp nó re ar n-anam do
dhénomh do réir ar ttola féin; agus ós iad ar n-anmanna is mó do cheannaigh Dia air an mórluach úd agus nach iad ar ccuirp, ní bhfuil ceart againn smuaineadh dá laeghad inntinne do dhéanamh air ar ttoil féin. Dá mbeith nach búdh re Dia sin ris na réasúnuibh adúbhramar; gidheadh, ón aimsir a ttugamar sinn féin anna ccúnradh dar ndeóin féin dó, is leis sinn go hiomlán, amhuil mur dobhídh S. Paulínus mur aithriseas S. Grighóir, lib.3, Dial., c.1 ag an duine bharbarrdha dá ttug sé é féin mar sclábhaidh, agus dar gheall sé gach ní adéaradh ris do dhénomh go dúthrachttach. Mar an ccéadna, mar dothugamairne sinn féin do Dhia dar ndeóin féin agus athnuadhmaoid agus daingnimid an tabhartas céadna anois atá ceart nuadh ag Dia oruinn a thoil do dhénomh, agus ní hé is mian linn féin. Atá an ceart so fós comh mór agus sin gur cóir dhúinn ris an uile dhíthchioll ar ttoil féin do thréigion air thoil Dé. Atá an ceart so Dé oruinn ro-dhómheasda do bhrígh gur thoirbhirmur sinn féin dó, air an ádhbhar gurab ar son fiach dómheasda atá sé aige oruinn, mar atáid na tiodhluice rear cheangail sé sinn dó féin. Amhuil is gnáth ag cineadheachaibh áiridhe, an tan nach féidir ris na féitheamhnaibh díoluidheacht do thabhairt anna bhfiachuibh, tugthar 'na searbhóntaigh do lucht na bhfiach iad, agus do réir mhéad na bhfiach bídh ceart aca nísa mhó nó nísa lúgha do sheirbhís do bhuain ásda; mar sin dúine, mar nach féidir linn sásughadh do thabhairt do Dhia ar son iliomad a thíodhlaice dhúinn, do thugamar sinn féin dó mar sclábhuighna. As so a tig an ceangal agus na cumhachta atá ag Dia oruinn do bheith comh mór agus sin nach bhfuil cuid ar bith againn dínn féin, agus nach cóir dúinn aon ní dá laeghad do dhénomh dar ttoil féin acht toil Dé. Gibé do gheallas tuarasdul do shearbhóntaigh, is féidir leis obair do bhuain as do réir a thola féin. Do gheall Dia tuarasdul ós gach tuarasdul dúinne agus is mian leis a thabhairt dhúinn gan amhras; mur sin go bhfuil ceart aige oruinn agus gur riachttanach dhúinn a thoil dhiadha do chomhlíonadh. Is dearbhtha fós, dá mhéud tuarasdul do gheallas an tíghearna dá
shearbhóntaigh, gur móide an dúthracht is cóir don tsearbhóntaigh do dhénomh dhó; mar an ccéadna dhúinne, ó do gheall Dia go deimhin tuarasdul ádhbhalmhór dhúinn, agus nach meallfadh sinn, .i. rádharc soilléir, mar adeirid na diadhairidh, agus sealbh Dé féin, agus an tsealbh so tré bhith síor, ionnas gurab éigin don duine adbháil go bhfuil ceangal gan chrích gan fhoirchionn ag Dia air. A ccás fós nach é Dia do chruthaigh sinn, agus nar cheannaigh sinn ar a bhás féin agus air 'fhuil fhíoruasail, agus nach ttugamar sinn féin dar ndeóin féin dó; agus fós nach beith fiacha eile aige oruinn, agus nach geallfadh sé luach ar bith ar son ar seirbhísi dhúinn, dobheith d'fhiachuibh oruinn, air son 'úghdardháis agus 'mhórdhachta ann féin, sinn féin do chur faoi mar Dhia agus mar Thighearna; óir mar adeir Aristotel, lib.1, Polit.,c.3, gur órdaigh an nádúir féin onóir do bheith ag an nádúir is uaisle ar an nádúir is uirísle. Uime sin atá an duine an' uachttarán ar na hanmhintibh brúideamhla, an fear air an mhnaoi, agus an críonna air an éigcríonna, ionnas go stiúrfadís agus go riaghladís iad. Air an ádhbhar sin, mar do sháraigheas eagna Dé gan chompráid air bith an uile chréatúir, is cóir dhó uachttránacht gan chrích gan fhoirchionn do bheith aige os ceann an uile, accus is cóir dóibhsion a bheith úmhal dó agus a thoil go ro-iomlán do dhénomh. Atá fós ag Dia, thair an áirdtíghearttas do beith aige oruinn, agus gan labhairt air thitul cirt, cúis rocheart chugainn gan ar ttoil féin do dhénomh a n-aon ní acht gach ní is mian leision; agus is í cúis an cheangail sin dobheir subháilce onóra agus aeghra Dé ria. As an árdshubháilce so atá d'fhiachuibh oruinn an uile umhla, an uile réir, agus an uile onóir do thabhairt dhó, do bhrígh gurb é ar nDia agus ar nAthair é, agus sin re ceangal grádha comh mór agus sin nach bhfuil neach ar bith 'na athair againn mur é, óir dobheir rena ghrásuibh féin cumaoin agus rannphairt a nádúire diadha féin dúinn maille re comhcheangal rodhaingean; ionnas, dá mbeith nach beith do thaobh ar bith eile ardtiagharttas ag Dia air a chréatúiridh féin, go mba lór an titul so amháin, gurb é Athair na ndaoine é, dochum a réir do dhénomh ann gach aon ní; agus a tig as sin nach í ar ttoil
féin acht toil Dé is cóir dhúinn do dhénomh. Uime sin, air son na ccumhachta atharrdha atá ag Dia oruinn, dlighmaoid umhla do thabhairt dó agus a thoil do chomhlíonadh do shíor, agus air ttoil féin do thréigion ann gach aon ní. Mar an ccéadna, is é céile ar n-anmann é, agus atá ann féin rofhoírfidhe, agus gan chrích gan fhoirceann ós ceann an uile ní; mur sin is cóir dhúinn grádh ádhbholmhór do bheith againn air os ceann an uile ghrádh. Uime sin, má bheir grádh teasuighe na neithe saoghalta air dhuine gan aire do thabhairt dá ghrádh féin, cionnas do léigas ceart ghrádh Dé grádh do bheith air ní air bith eile, nó do bheith ag duine air féin? Agus ós cóir dhúinn grádh do bheith againn air Dhia os ceann an uile neithe, is náir dhúinn grádh do bheith againn air ní ar bith eile acht air féin amháin, nó air a shon; agus is gráineamhla ná sin cur a n-aghaigh a thola nó gan a aitheanta do chomhlíonadh. Cuirim leo so a ccás nach searbhóntaigh do Dhia sinn, mar is dearbh gurab eadh, nó nach beith ceart nó dlíghughadh oruinn a thoil do dhénadh, nó nach mbeithmaois ar cclainn aige, as a mbeith d'fhiachuibh oruinn a bheith umhal dó go hollamh, nó nach beith 'na chéile ag air n-anmanna, nó nach beith comh foírfidhe ann féin agus atá sé, nó nach beith d'fhiachuibh oruinn aeghra agus onóir do thabhairt dó, nó seirbhís air bith do dhénomh dhó; dobheith d'fhiachuibh oruinn ó dhlíghughadh daonnachta agus buídheachais gan ar ttoil féin do dhénamh a n-aon ní acht a thoilsion. Ní bhfuil contabhairt, gibé dogheibh tíodhlaice móra, gur chóir dhó a n-adbháil; agus dá mhéad a bhias na tíodhluice, gur móide an buidheachas is cóir dhó do thabhairt uadh; agus más beag dogheibh, sin féin do thuilleamhuin. Is follas gur mór na tíodhlaice dofuaramar ó Dhia, agus sin re hiomarcaigh a dhaonnachta agus a mhaitheasa féin; mur sin gur cóir dhúinn buidheachas ádhbhalmhór do thabhairt dó, óir níor thuilleamar gach ní dá ttug dhúinn, acht dobhámar dombhuidheach, neamhdhaonnachtach, salach, mínáireach ag gnáthughadh dá thiolaicuibh. As sin atá d'fhiachuibh oruinn re ní éigin dá bhfuil air ar ccumas buidheachas do thabhairt do Dhia, óir ní thugan neach sásadh uadh re ní nach leis féin, agus is lúgha ná sin é más leis an tí, ag a bhfuil na fiacha ort, an ní
dobheir tú dhó. Acht, ó nach bhfuil ní ar bith againn is linn féin go díleas, an ní is mó atá air ar ccumas, is cóir dhúinn a thabhairt do Dhia, mar atá, ar ttoil shaor, óir is sí is saidhbhrios agus is maoin dúinn. Ar an ádhbhar sin, ó nach bhfuil ní againn is linn féin, an ní is dísle atá againn, tugmaoid sin féin do Dhia go hiomlán, gan aon chuid do chongbháil againn féin di; óir dá ccongamaois cuid dá laeghad againn féin di, ní bhéramaois an t-iomlán do Dhia, acht ní bhfuil ní ar bith againn lena thabhairt dó ach ar ttoil agus ar ngrádha. Fós, ní bhfuil sé ag iarraigh neithe ar bith eile oruinn, óir ní bhfuil cás ag Dia a n-aon ní eile. Gibé dá ndlighthear fiacha, is cóir dhó a ndíol ar an modh is mó a ttaitnemhacha re fear na bhfiach. Is romhór fhásas agus a mhéadaois an ceart so air a labhraim, nach é amháin go ttug sé tíodhlaice romhóra dhúinn acht go ttug a thoil féin dúinn; agus mur sin, go mbeith an díoluidheacht comhthrom, is cóir dhúinn san measúr céadhna ar ttoil féin do thabhairt do Dhia. Is cóir dhúinn grádh éagmhais a bheith againn air Dhia, óir atá fíorghrádh aige oruinn, agus is é a shólás a bheith edruinn; ionnas gur chuir sé a mhórdhacht féin air mhodh éigin faoi air ttoil. Ar son go bhfuil ina árdThighearna, agus ó cheart mhaith gur féidir leis gach ní is mian leis do dhénomh agus a chomhairle féin do dhénomh rena chréatúribh, ar a shon sin, ní mian leis agus ní dhénan aon ní acht achum tarbha dhúinne, ag cur a thola féin go hiongantach le toil a shearbhóntaigh, ag tabhairt a fhola agus 'fheola féin dúinn, smuainti maith' glana dá ccur ionnar n-inntinn, agus re a mhórmhaith féin. Uime sin is cóir dhúinn a ghuidhe agus buidheachas do thabhairt dó. Re guth Josue do sheas an ghrian air lár na bhflaitheas, mar adeir an scriptúir, Iosue, c.10, - Dia do thabhairt umhlachta do ghuth duine. Níor léig Maoisi, fós, do Dhia an phian do thuill clanna Israel do chur orrtha, acht mar adeir an sgrioptúir, Exodus 32, do cheannsuighe sé Dia rena ghuidhe, ionnas nach dénomh sé an t-olc dobhídh sé ar tí do dhénomh air a phópul féin. An Dia céadna - ní is iongantaigh ná iad sin - níorbh áil leis furtacht do thabhairt do chineadh Ábhra acht mar adeir béul Eilias, 3 Regum, c.17, agus ní dhearna fearthainn trí bliadhna agus sé mhí. Mar an ccéadna, chum gan tuirsi do chur air Abraham, níorbh áil leis díoghaltas
do dhénomh air Shodama agus Gomorra go ttug scéala dhó agus go ccuireadh Lot, mac dearbhráthar Abraham, dobhídh 'na measg, a n-áit chaomhanta, Gen. 18 et 19. Air an modh céadna, ag sparn ris an bpátriarc Iácob, Gen. 32, tug a bheannacht dó mar bá mian leis. Ar mbeith don doctúir naomhtha S. Tomás tinn, agus mian sgadán nuadh air, nach raibhe re a bhfagháil san áit sin, do chuir Dia re míorbhuile chuige iad. Tarla an cédna do mhórán naomh eile, ag cur bí ar fásach chugtha agus ag dénomh fíona d'uisge dhóibh, mar dorinne do S. Phroinnsias agus do S. Didacus, accus fós don Iésuit, Petrus Canísius, a bhídh 'na dhuine mhaith, ag cur éin chuige ionna sheómra, an tan do bhídh tinn agus fonn feóla an éin sin air. Atá Dia fós comh tabhartach agus sin don fhíréanach, mar adeir an ríghfháidh Dábhí, go mbían a shúile do ghnáth dá bhféghuin d'fhéachain créad an ní bá mian leó, agus a chluasa osgailte chum a nguidhe d'éisdeacht agus a ttoil do dhénomh, mar adeir an psal.33: “Súile an Tíghearna air na fíréanachuibh agus a chluasa chum a nguidhe d'éisdeacht.” Mádh dob fhéidir re Ieropantus mhac Temistocles do mhaoidheamh, “gach ní bá toil leis féin gomádh toil re pobul cathrach na hAithne go hiomlán é,” mar adeir Plutarcus san leabhar do scríobh air thógbháil na cloinne, is mó ná sin an ceart atá ag an bhfíréan a rádh gur tugadh uilechumhachta Dé dhó féin, agus gach ní is mian leis, gur mian ris an uile chréatúir, ris an uile aingeal, ris an uile ord bheannuighe an ní cédna, air an ádhbhar go ccuirann sé a thoil féin re toil Dé, re ccuireann fós go hiomlán a bhfuil a bhflaitheas Dé. Féachmaoid thairis so cionnas a chuireas an mhórdhacht gan a measúr úd Dé a thoil re toil na ndaoine, ionnas go ndénmaois a thoilsin an tan iarrmaoid aon ní air chum leasa ar n-anma; agus cuiridh féin annar n-inntinn an ní is cóir dhúinn d'iarraigh, agus dobheir dhúinn neithe, dá mbeith a bhfios againn, gomádh cóir dhúinn a n-iarraigh go dúthrachtach. Dobheir fós neithe is mó dhúinn ná bá mian linn d'iarraidh; óir roimhe Dia féin dá ghealladh, cí nach beith eagla air, mar ní dódhéanta, iarraidh air Dhia, mar atá, go ndénamh Dia duine de féin, nó go bhfulaingeadh bás mar a d'fhuilaing, nó go
ttiúbhradh é féin rena ithe dhúinn faoi ghné ghreama aráin? Gídheadh, an mhaith mhór dhochríochnuidhe úd, níor léig tairis an ní dobhídh comh tarbhach agus sin dúinn, agus nach smuaineóchmaois féin iarraidh, gan a thabhairt dúinn. Is follas gur cóir buidheachas do thabhairt do Dhia ar son na mórthiodhluice so, .i. a thoil do dhénomh ann gach aon ní, óir ní dhénann sé aon ní acht chum maithiosa agus tarbha dhúinn. Is cóir dhúinn fós é féin do ghuidhe, ionnas go ttéidheadh ar n-uile ghrádh, ar n-uile fhonn, agus ar n-uile ghníomh a n-onóir dhó; agus muna ndénam sin, ní thugmaoid díoluidheacht iomlán dó, agus ní dhénmaoid íodhbuirt iomlán dínn féin dó, mar atá d'fhiachuibh oruinn a dhénomh dar n-árdTighearna, air son an chirt ádhbhail atá aige air ar ttoil, agus nach bhfuil iodhbuirt ar bith is taitneamhaigh ris an mórdhacht síorrdhuidhe ná sin, óir ní bhfuil ag iarraidh ar maoine ná neithe eile dá bhfuil againn acht sinn féin. As a ndúbhramar gus so baintear réasún rothábhachttach nach cóir dhúinn air ttoil féin d'iarraidh go brátha, óir Dia féin, ag a bhfuil ceart a thoil féin do dhénomh, ní dhénann sé ní acht an ní théid a ttarbha don droing do thogh sé féin, ionnas nach toil phribháideach atá aige acht toil choitchinn chum sochair gach aon nduine; agus fós nach dénann agus nach mian leis aon ní a rachughadh a ndochar do na fírénachuibh. Amhuil sin is cóir dhúinne gan ar ttoil féin acht aon toil re Dia do bheith againd. Fós, gan ní ar bith do dhénomh nó do mhian acht chum glóire agus onóra dhósan, agus sin do chur a ngníomh, is ádhbhal an tarbha bhéras dhúinn. Atá ceart eile tair a ndúbhramur oruinn as a bhfuil d'fhiachuibh oruinn a thoil do dhénomh san uile ní, óir, re ar ndochar agus re ar ndíoghbháil féin, is minic dorinnemar drochghnáthadh dar ttoil féin agus do thoil Dé; agus mar adeir dlígheadh an dá chlár déag, dá mbeith duine ar mire nó anchaithmheach air a mhaoine, níor chóir a mhaoin do léigion air a láimh féin acht a cur ar láimh duine dhílis dó chum a coimhéada agus a cur a ttarbha don éigcríonna. Mur sin, nó re ceart is mó, do chailleamar uile cumas agus cumhachta ar ttola féin re ar cciontughadh agus re ar n-olc féin.
Thairis sin, is dénta dhúinn díothchioll dúthrachttach gan a léigion as ar n-inntind nó as ar ccuimhne go bráth an ceart ádhbhalmhór fírdhaingean atá ag Dia oruinn fana thoil féin do dhénomh, do chionn gurab é féin é féin, .i. an mhaith dhóchríochnuighe, an fhoírfeacht iomlán, an t-eagna gan easbhuidhe, an mhórdhacht lán don n-uilechumhachta, ionnas nach bhfuil ní ar bith ann go fírinneach ach Dia amháin. Fós, ní bhfuil réasún is tábhachttuidh ná ceart is mó ná so, ar son nach ttuigid mórán é. So amháin, gurb é Dia é féin, árdmhaith ós ciond an uile mhaitheasa agus an' bhfuil an uile mhaith, ní hé amháin go mbrosdaighann sinn agus go ccuirionn d'fhiachaibh oruinn acht cuiridh riachttanas oruinn toil Dé do dhénomh ar feadh ar mbeatha. Agus is é is cúis dó sin, gurab uime do cruthadh ar ttoil chum grádha do thabhairt don mhaith agus fuath don olc; acht mar a mbiaidh an mhaith is mó air bith agus an uile mhaith cruinnighthe ceangailte ann, mádh tuigthear mar atá ann féin é, is riachttanas grádh do bheith air. Anois, ní bhfuil san ngrádh féin ach deaghthoil agus fonn maithiosa an tí air a bhfuil a' grádh; gídheadh, ní grádh fíor é muna ttaisbéntar ó ghníomh é, an tan atá an mhaith is mian leat don tí air a bhfuil do ghrádh ar do láimh féin. Acht muna féidir leat nías fearr a thabhairt dod cháraid ná an ní anna bhfuil fonn aige, mur sin, mádh atá cion againn air Dhia, is cóir dhúinn a thoil do dhénadh, óir an uile cheart dá bhfuil ag Dia chum grádha do bheith air, atá sé aige chum a thola do chomhlíonadh; agus air an ádhbhar gurab é féin é féin, atá ceart aige níosa mhó ná is féidir linn a thuigsin nó a smuaineadh as ar cóir do na daoinibh a thoil do dhénomh. Ní thig re chéile ar aon chor mar aon, duine do dhénomh tola Dé agus a thola féin; mur sin, an ceart atá ag Dia oruinn grádh do bheith air, atá an ceart céadna aige oruinn a thoil do dhénomh. Anois, ó táid na tituil adúbhramar agus ceart iomlán ag Dia oruinn, cionnus is féidir dhúinn a shéna, nó ca bhfuil air réasún, nó air cceart, nó air náire, mádh chuirmaoid a n-aghaigh an uírid sin do cheangalta, nó mádh bheirmaoid tarcuisne ar an uirid sin d'argumintibh, nó mádh bhrismaoid an uirid sin do dhlighthibh, agus a choróin féin fhuadach ó Dhia agus a cur air ar cceann féin, agus re míchead mínáireach a n-aghaigh
an uile dhlíghidhe agus an uile chirt, air son antola bige, ar ndámnughadh síorrdhuidhe féin d'oibreadh, agus tarcuisne do thabhairt air an mbeatha shíorrdhuidhe agus air cheart ar cCruthóra agus ar cCoimdhe oruinn? Gídheadh, mádh chuirmaoid ar ttoil féin re naomhthoil dhírigh na mórdhachta síorrdhuidhe, agus go ccoimhédam 'úghdardhás féin agus a cholbha ríoghdha do Dhia, agus seachanam féin an uile pheacadh. An 3 Caibidil. NÍ BHFUIL NÍ AR BITH IS FEARR AGUS IS ONÓRAIGH DON DUINE NÁ A THOIL FÉIN DO CHUR RE TOIL DÉ. Ós follas anois gur ní rocheart agus go bhfuil d'fhiachuibh oruinn ar ttoil féin do chur re toil Dé, agus gur féthamhna do Dhia sinn, is iomchubhuidh dhúinn roimhe an uile ní, ris an uile dhíthchioll, an mhéid go bhfuil air ar ccumas a thoil do dhénomh; óir atá réasún dar ttarruing chuige, agus atá dlígheadh agus ceart dá chur d'fhiachuibh oruinne. Cúis agus fundamint as mó atá aige so, gurab uime a bhíos fonn againn agus iarrmaoid re neart ar n-anma an mhaith, do chionn go measmaoid breághdhacht éigin, nó macántus, nó sólás, nó taitneamh, nó tarbha do bheith innti. Is lór fós achum a santuidh, cuid éigin aca so do bheith innti. Créad í an mhuill atá oruinn, an tan atáid so uile comhcheangailte san aon fhreachnadh so amháin, óir ní bhfuil san ccruinne cheathardha ní is fearr, is taitneamhaigh agus is tarbhaigh, ná air ttoil féin do thréigion agus toil Dé choimhlíonadh? An féidir níis mó agus is onóraigh do smuaineadh ná an ní dogheibhthear ris an bhfreachnadh so, mar atá, muinnteardhas Dé agus a bheith ar ccáirdibh aige? Mac Dé féin adeir so linn, ag Eóin, c.15, ag rádh: “Sibhsi mo chairde, mádh dhénann sibh gach ní órdaighim dibh”; ionnas, gibé do dhénas toil Dé, gurab é cáraid Dé go fíor é. Ionnas go ttuigfidh méad na honóra atá a ccairdios Dé, tugmaois dar n-aire na coinghill iarras Aristotel, lib. 8 et 9 Ethic., agus feallsamhain eile chum cáirdis fhírinnigh; agus eidir gach coínghioll eile iarruid cosamhlacht na ccárad agus mórán do
cháilidheachta uaisle eile, nach féidir cáirdios fírinneach a bheith ann gan iad. Is dearbhtha anois nach bhfuil san domhan, nach biaidh, agus nach féidir a bheith cáirdios is dísle agus is iomláine ná é eidir Dhia agus an duine do choimhlíonas a thoil. Chum duine mur so, ionnas go mbeith coinghill an cháirdis iomlán agus go mbeith an duine cosmhuil re Dia, uiríslidh Dia mór é féin go roghrádhach agus go romhuinnteardha, agus tógaidh suas an duine agus cuiridh anna ccéim agus anna staid é os cionn an uile dhígnidi agus onóra dhaonna, ionnas go mbeith cosmhuil re Dia féin; agus sinne atá ar mbochtuibh agus ar sclábhaibh aige, chionn a thoil do dhénomh, a glacaigh chum a mhuinnteardhas féin sinn agus dobheir a cháirde féin d'ainm oruinn, an titul is mó glóir agus onóir is féidir d'iarraidh. Ríogha an tsaoghail so, dá dhísle dá méid a n-íochttaráin dóibh agus dá dhíthchiollaigh a dhénaid a ttoil, ní mheasaid gur fiú iad titul cáirde an ríogh do thabhairt dóiph, óir ní mheasaid gur féidir d'íochttarán ar bith titul comh mór agus sin do thuilleadh. Gídheadh, Dia síorrdhuidhe marthannach, dobheir an titul agus an onóir so dá shearbhóntaigh dílios, a choimhlíonas a thoil, nach ttugaid na ríogha talmhuighe do dhuine dá dhísle dhóiph. Uime sin ní cóir dhúinne ar son neithe gan áird an dígnid mhór so do tharcuisneadh, agus iliomad ádhbhar as a bhfuil d'fhiachuibh oruinn ar ttoil féin do chur re toil Dé. An t-anam do choimhlíonas toil Dé, ní hé amháin go bhfaghann an mhaith romhór úd cháirdis Dé, acht dogheibh titul agus onóir nach féidir do mheas, mar atá céile Dé do ghairm dhi. Agus ionnas go dtuigfeá méad na honóra agus na glóire so, smuain agatt féin an dithfir atá idir dhias inghean boduidh, ar pósadh bean díoph rena samhuil féin, agus go bhfuil an láighe agus an tsluasatt anna láimh gach aon lá; an bhean oile, iommorro, do phós rígh rochumhachta í. Meas anois créad an coinghioll air a ttiúbhraidh gach bean díobh so a beatha a ttír, agus créad é éxsamhlacht na honóra agus an mheasa bhias orrtha. Ní lúgha ná so acht fós is romhó an dithfir atá idir an anam atá pósda re Dia, agus dothug ó rúan croidhe a chean agus a ghrádh dhó, nach mian leis agus nach dénann ní ar bith air a thoil féin, agus an t-anam a lean a fhonn agus a mhiana féin, agus a chuireas a dhúil ansna créatúridh; a ccás nach dénomh trompheacadh ar bith, biaidh sí tarcuisneach, uirísioll,
talmhuighe, an mhéid go bhfuil a mhian ceangailte don talamh agus do na neithibh neamhmharthannach. Contrárdha dhó sin an t-anam úd eile, dogheibh uaisle agus dígnid éigin dhiadha, ionnas go mbian ro-onóir agus iongantas ag ainglibh Dé 'na thimchioll, agus dogheibh tiagharntas urrthuidh féin agus ar gach ní eile dar chruthaigh Dia. Dochímuid go ndéntar an uile ní níos uaisle, an tan a ceangaltar é re ní as férr ná é féin, mar is follas san aér dogheibh déalradh re cumann soillsi na gréine. Is mó nó so go mór dogheibh an t-anam bhíos ceangailte re Dia, óir doníthar é diadha go hiomlán, agus dogheibh uaisle agus dignid os ceann nádúra, ionnas go mbéid na hoird ainglidh re hiongantas dá honóradh. Uime sin dearbhuid doctúiridh tromdha go mbíd mórán aingeal ag coimhedeacht agus ag coimhéad na n-anmann do choimhlíonas toil Dé go hiomlán agus go fírinneach. Féachmaoid anois a' bhfuil ag rígh nó ag impire an domhain so poimp, glóir, onóir, cuideachta, nó gléas is mórdháluigh nó mur atá ag an n-anam úd. Uch, mo Dhia, créad é méad glóire agus onóra an anma a bhfuil iliomad aingeal dá chúmhdach agus dá choimhéad? A' roibh lucht coimhedeacht cuirp is uaisle ná iad so ag impire ar an domhan ariamh? Ní lúighde an meas is cóir do bheith air an mórdháil so nach bhfaicthar re súluibh corpardha í, acht is móide dá mórdhacht nach féidir re céadfaigh corpardha ar bith breith urrthi; agus fós ní bhfuil glóir agus dígnid is mó ná oiffic na n-aingeal a bhflaithios Dé a bheith dá freachnughadh aige air an talamh so, agus tionsganamh leis an ní annso a mhairfeas go súthain síorruidhe a ttigh Dé. Fa dheóigh, ní féidir aon ní is fearr agus is onóraigh d'iarraidh nó d'fhagháil ná bheith a n-aon oiffic re Mac Dé do choimhlíon toil 'Athar go ro-iomlán, agus “dobhídh umhal dó go nuige an bás, agus bás fós na croiche”, Phillip. 2. Léaghthar a mbeatha na n-aithreach, lib.l0, c.65, ionnas go ttaisbéanadh Dia an meas bá cóir do bheith ar an ab Steaphan, an tan dothug a dhearbhráthair féin breitheamhnas meardhánta air agus a tug achasán dó, mar dochonairc ag ithe feóla é, do léig Dia suan air an dearbhráithir, agus idir gach ní eile dochuala sé neach ag rádh leis: “Ní bá cóir dhuit sgannail do ghlacadh,
óir más mian riot onóir agus glóir do dhearbhbhráthar d'fhaicsin, féuch do dhiaidh”; agus ar bhféachuin thairis dó, dochonnairc a dhearbhbhráthair comhchrochti re Críosd; agus adubhairt an neach ris: “Féach anois an ghlóir anna bhfuil do dhearbhráthair.” As so is iontuicthe dúinn go follas nach bhfuil onóir is mó ná bheith coimhchrochte re Críosd, agus a bheith marbh dar ttoil féin agus beó do réir thola Dé. An 4 Caibidil. NÍ BHFUIL NÍ AR BITH IS TAITNEAMHUIGH AGUS IS SÁIMHE NÁ DUINE DO THRÉIGEAN A THOLA FÉIN GO HIOMLÁN AGUS TOIL DÉ DO CHOIMHLÍONADH. Ní hé amháin toil Dé do dhénomh go hiomlán, agus a thoil féin do thréigion ann gach aon ní, go bhfuil ro-onórach, acht atá fós rosháimh rothaitneamhach, ionnas gomádh lór titul chomh fonnbhar agus so dar ngríosadh chum an fhreachnaighthe ró-uasal so do ghnáthadh; óir an taitneamh agus an fonn, gluaisid go mór na daoine chum neithe dá dhocamhlaidh do thionsganamh. Is annamh dogheibhthar onóir shaoghalta acht re gníomhurtha gáisgeamhla nó guaiseamhla do dhénomh re saothar agus re peiriacuil; acht ionnsa bhfreachnadh so atá sócbhul aenracánach, .i. gibé ghnáthios é, go bhfaghann an onóir is mó is féidir leis a smuaineadh nó d'iarraidh, mar atá cáirdios Dé. Atá an onóir so comh fonnmhar agus comh taitneamhach agus sin go bhfuil ciúnas rosháimh agus síthcháin inntinne ceangailte dhi. Ar son go bhfaicfidh do dhuine ar a' ccéad iarraigh gur ní nuadh dochreidfe, é féin do thréigion agus thairis sin gan a thoil féin do leanmhain anna ní ar bith, bheith taitneamhach fonnmhar, is dearbhtha go fírinneach gur mur sin atá. Is follas so re sompla na naomh a bhflaithios Dé, óir ní bhfuil neach air an domhan nó daoine is lúgha ag a bhfuil a ttoil féin ná iad, agus fós is mó lúthgháire, iolgháirdios, agus sámhas ná iad. As so dochímuid nach tuirseach do dhuine a thoil féin do thréigion go hiomlán, acht go bhfuil comh sáimh agus sin nach féidir an sólás do bheith ag neach gan a thoil féin do
chur a neimhnidh agus gan a bheith aige acht toil Dé. Is lór sin go deimhin chum a chur a ccéill dhúinn agus chum eagla a bhuain dínn, agus gan amhras do bheith againn gurab ádhbhar dobróin nó tuirsi nó seirbhdhoílghis dhúinn ar ttoil féin do tharcuisniughadh agus toil Dé do leanmhuin. Ní chuirionn toirmeasg ná buairt ar ghlóir na n-aingeal gach ní dá n-abair Dia riú do dhénomh. As mór fós an sólás agus an t-iolgháirdios a bhíos orrtha dá dhénomh, ag furachus do ghnáth re guth Dé do chluisin, Psal. 102, ionnas go ttugadh aithénta nuaidhe dhóibh rena ccomhlíonadh, mar dobheith leanabh ocrach dogheabhadh beagán do bhiadh bhlasda agus fhéachas go minic ar an méis d'fhéachuin an bhfuighadh tuilleadh. Agus atá an tréigion so a ttola féin agus comhlíonadh tola Dé comh sáimhmilis agus sin ag na naomhuibh beannuighe gur mó an sólás dogheibhid as ná as méad a nglóire féin; agus is mó an lúathgháire agus an t-iolgháirdios a bhíos orrtha fa thoil Dé dá slánughadh nó fa sheilbh na beatha síorrdhuidhe. Níor theastaigh mórán sompla naomh air an saoghal so féin dá dhérbha súd dhúinn, do thréig a ttoil féin go hiomlán agus dobhídh marbh don tsaoghal, agus ag a raibh rochiúnas anma agus inntinne aca. Léigim thorum S. Phroinnsias amaille re mórán do sheannaomhaibh eile. Proinnsias Xaverius anois go déghnach, sé ba freachnadh gnáth dhó, a thoil féin do thréigion chum tola Dé do choimhlíonadh. Uime sin do chríochnaigheadh an uile úrnaigh ris na briathra úd Phóil, Act. 9: “A Thighearna, créad is mian leat do dhénomh dhamh?” As so dobhídh an uírid sin do shólás anma agus inntinne aige nach mór gurbh fhéidir leis a fhulang, agus go sgaoileadh brollach a chóta ós teas 'ochta, ag rádh go minic: “Lór sin, a Thighearna, lór sin”; ag iarraidh ar Dhia an tuile ghrása agus shóláis neamhdha, dobhídh sé a thabhairt dhó, thraothadh, tré mhéad na milseachta spioradtálta dobhídh ann' inntinn. Ionnsa tslíghe go Meachum don naomh chédna, a thug Dia an uírid sin do shólás neámhdha dhó nar mhothaigh doilghíos ar bith as na créachtuibh dorinne clocha agus maidí air a chosuibh, mar do léaghthar anna bheatha. Dobhídh an uírid sin do shólás agus d'iolgháirdius ó choimhlíonadh tola Dé ag S. Ephrem nach mór go mb'éidir ris iomchar nó fhulang. Uime sin adeireadh re Dia: “A Thighearna, do
romhéadaigh tú do ghrása orum, ionnas gur choisg tú m'ócras agus gur thraothaigh tú mó thart agus go dtugais solas dom inntinn dobhídh lán do dhórchacht, agus gur tharraing tú mó smuainidh ón uile sheachrán; agus anois, Ó mo Thighearna Dia, aeghruim agus guidhim thú, ag adbháil mo luige féin, tré do mhórthrócuire dochuaidh os ceann an uile thuigsiona, ciúnuigh tonna do ghrása agus coimhéid dhamh é ann th'órchisde féin go lá mo bháis. Ná bíodh fearg ort liom, a Thighearna íodhain, óir ní bhfuil neart agam tonna na tuile so d'fhulang. Uime sin, go hamhnáireach meardhánta, atáim dod ghuidhe, óir atá do ghrása arna romhéadughadh orum agus atá mo theanga balbh chum labhartha air nó chum fhoillsighthe fighúir agus déalradh glóire síorruidhe an Athar neámhdha, mar thínidh fhírghloin atá ag lasadh nó ag losgadh mo chroídhe agus mo dhubhán. Uime sin, traothaigh anois cuid éigin don tuile so.” tomo 3, Serm. de vita religiosa et monastica. Ní féidir fhoillsiúghadh an sólás fíorghlan gnáthuightheach dogheibh an t-anam séanmhar sona ag nach bíonn do riaghuil san uile mhian agus san uile fhonn acht toil Dé amháin; ionnas gur fíor adubhairt doctúir áiridhe: “Coimhlíonadh tola ar bith tarrnghí leis sólás éigin, acht coimhlíonadh tola Dé, an tan nach bíonn do riaghuil ag duine san uile ghníomh acht í, atá sólás fírdhiadha innti. Agus ag so an dithfir atá idir an tí a leanas a thoil féin agus an té do leanas toil Dé; nach bhfuil ag an ccéad duine acht sólás díomhaoin saoghalta, agus ag an dara duine sólás tola Dé, do sháraigheas go romhór an uile shólás eile, agus páirtighe srotha an tsóláis shíorruidhe, re nach bhfuil compráid ag ní ar bith dá mhillsi nó dá thaitneamhuigh air an domhan so.” Is maith an fhiadhnaise ar so Dábhí rígh adeir, Psal.118: “Dofuair mé a ccoimhlíonadh slighe th'aithénta taitneamh os cionn an uile sháidhbhris”; agus a Psal. 18: “Is fonnmhaire a th'aitheanta ná ór agus ná clocha dá n-uaisle, agus is millsi iad ná mil.” Ionnas nach measfudh duine gurb é Dábhí amháin do thuig sin, nó gur lena bhéul do labhair , atá fiadhnaise nuadh againn dar chóir creideamhuin ón meas naomhthachta dobhídh urrthi, .i. an bhanóigh onórach Ludobhica Carbhaghal, do
thaisbéin ris na briathra so síos, mar do léughtair anna beatha, méad an tsóláis dobhídh aici tré thréigion a tola féin air thoil Dé. Ag so a briathra féin. “d'éis, tré thiodlaicadh an tsolais neamhdha, do thionsgain mé a thuigsin an sáidhbhrios foluígheach atá a ccomhlíonadh thola Dé, do thug mé grádh ádhbhul don tsubháilce so, agus do ghríosaigh mé as diaidh a chéile chum gnáthuighthe dhírighe a romhillseacht; agus an tan do smuainíos go minic an mhaith agus an onóir atá innti, do mhothaighios go laetheamhuil solas níosa mhó agus níosa mhó a teacht ann mh'anam; ionnas, mur do bheirim fa dear ionnam féin anois, go bhfaicthear dhamh agus nach féidir leam fonn do bheith agam anna ní ar bith atá contrárdha do thoil Dé; óir dogheibh m'anam an uirid sin do shámhus, d'iolgháirdios, agus do ghlóir a ttoil Dé, dámádh mian leis mo chur a neimhnidh nó mo dhamnúghadh a bpiana ifrinn, go mbeith sólás romhór agam, ar feadh an bheagáin aimsire sin, mo thoil féin do chur re toil Dé. Ní hé amháin, acht smuainighim go ccuirfeadh Dia ar neimhnidh mé agus go rachadh dhó a n-onóir comhlíonadh a thola féin innsin, nó fós, gomádh mian ris sin do dhénomh, dogheibhim fonn comh mór agus sin a ttoil Dé nach bhfuil sólás air an domhan a dhénain do mhalairt air. Uime sin, gach ní dá tteagbhann dhamh air mhodh ar bith, ní chuirim brígh ann, agus bídh sé milis agam, an tan do fillim mé féin ar Dhia, agus adeirim ris: “A Thighearna, créad é an ní is taitneamhuigh agus is fonnmhaire ná do thoilsi? Créad an t-ádhbhar lúathgháire is mó is féidir a theagbháil dhamh ná mo thoil féin do chur re do thoilsi go hiomlán?” Agus is é so mo shólás amháin re bhfaghim síothcháin agus ciúnas inntinne, dobheir sásadh ro-íongantach agus iolghairdios dom anam; agus coisgidh tart na bhfonn n-égsamhla, agus neartaighidh an t-anam dochum dol ar aghaidh go ttig amaille re grásuibh Dé chum seilbh' iomláine na subháilce so d'fhagháil, an mhéid gur féidir é air an saoghal so.” Atá an sólás so thola Dé comh bríoghmhar agus chomh láidir agus sin go ndénann piana agus céasda cruaidhe ní hé amháin so-iomchar, acht go ndénann sáimh fonnmhar iad, mar admhuíghios an cumhal cédna Críost ris na briathra so síos. “Is
deacar liom a thuicsin an modh ar a ndénann aon toil do bheith ag Dia agus ag duine do réir mar do thaisbén dealradh an Spioraid Naoimh dhamh féin, agus do mhúin sé mé an tan dobhídh a n-ainbhfios orum gan ní ar bith a bheith buaidheartha nó trioblóideach; óir is dearbh, an t-anam dochuaidh asteach san phárthas talmhuigh so, nó mar is cóir do rádh, san phárthas neamhdha so, ní théid buairt nó trioblóid 'na ghar; óir bídh anmanna don tsórt sin arna n-éadughadh ris an ghréin neamhdhuídh dobheir iad roshoillseach, rosgiamhach, rothaitneamhach, ionnas go mbíonn taitneamh aca ionsna pianuibh féin air son go mothaíghid iad, airna mbeith ón nádúir somhothaighe dhóibh, agus nach féidir an mothughadh do bhuain as na céadfaidh corpardha an feadh a bhíos duine beó. Air a shon sin dobheir Dia ionsna piana féin, rena mhórthrócuire, sólás agus sámhus a thraothios nimh na bpian, agus fásuidh grádh Dé air uairibh ionnta comh mór agus sin dámádh éigin dó fuil a chuislionn go hiomlán do dhórtadh a ngeall air a' maitheas síorruidhe chum a mbíonn sé 'tarruing, dar leis féin nar shásaigh an fond dobhídh aige ní d'fhulang air son Dé.” Bean bheannuighe eile Magdalena de Pazzis, dobhídh comh díothchiollach agus sin ar thoil Dé do chomhlíonadh, do thuitamh a néull gach uair dá lábhradh air toil Dé, mar dobheith air mearadh re hiomarcaigh sólás ó Dhia, anna suan éigin di adeireadh na briathra so: “Ó, mo chéile, atá a dhearbhfhios agad ó thús m'óige go roibh fonn orum taitneamh riot; anois, dá mbeith fios agam gomádh mian leat mé a bheith dom chéasadh a n-ifrionn go síorruidhe, do thilgfinn mé féin gan mhuill ionnsna lasracha sin;” agus ag féuchain air na mnáibh eile riaghalta, adeireadh: “Nach ttuigionn sibh méd na millseachta atá san bhfocal beag úd - toil Dé?” Tar gach fábhar eile, sóláis agus iolgháirdis, dothéid os cionn nádúire, dobheir Dia trócuireach do na hanmanna a bhíos cráibhtheach tabhartach dá thoil féin, dothig fós as sin dóiph a bheith gan doilgheas gan dubrón, agus ciúnas mór inntinne agus iolghairdius croídhe do bheith aca air feadh a mbeatha; ar an ádhbhar gurab í toil dhílios an duine féin is cúis don uile bhochttacht agus don uile dhubrón air an saoghal so, agus ní hiad na
neithe contrárdha ionnta féin. Créad do chuireas buairt nó tuirsi ar dhuine acht neithe a theacht mar nach mian leis? Gibé do thréigios a thoil féin, atá saor ón olc so, óir ní dhénann aon ní agus ní mian leis aon ní acht mar is mian re Dia; agus mur sin, ó nach bhfuil toil air bith aige acht toil Dé, nach féidir a mhealladh, ní theagbhonn ní ar bith dhó acht mar is mian leis féin; agus is romhaith éirghios gach aon ní ris, óir ní iarrann ní air bith acht toil Dé do dhénomh. Uime sin bídh go suilbhir súgach ann gach anró dhá mhéad, do chionn gurab í sin toil Dé agus gurab í sin a thoilsin. 'Na dhiaidh sin, gach ní dá ndénam do réir thola Dé, ní baoghal dúinn dol air seachrán; uime sin nach cóir dhúinn gearán do dhénomh, nó tuirsi do bheith oruinn do chionn go ndeárnamar é, acht fós lúathgháire do bheith oruinn fa choimhlíonadh tola Dé, agus sin ris an tsíthcháin agus ris an sólás éirghios as coinsias maith díreach. Atá, umorro, duine don tsórt so lán do shólás do bhrígh nach bhfuil fonn aige anna ní ar bith eile. Atá contrárdha dhó so coinghioll an tí a leanas miangas a thola féin, óir an tan dochí sé gach ní dá ttionsgnan dá thoirmeasg air, bídh doílgheas agus tuirsi do thaobh air, agus don taobh eile bídh aithmhéal agus náire air fana éagcríonnacht agus fana chomhuirleacha baothadh féin, agus cnaoidhtear é re leandubh. Do thuig draoith do na feallsamhnuibh ag nach raibh solas an chreidimh, Aristotel, 1 Eth., c.4, Temist., or. 17, gibé reir mian beatha chiúin do bheith aige air an saoghal so, gomádh riachttanas dó 'anmhiana féin do thréigion go hiomlán agus gan ní ar bith do dhénomh acht an ní dochífidhe do dhuine mhaith eagnuígh do bheith ceart, nó mar do mheasfadh sé féin gurab í sin comhairle dobhearadh an duine eagnuígh dhó. Nach córta go mór dhúinne an ní cédna do dhénomh agus ar n-anmhiana uile do thréigion, agus toil Dé, atá tarbhach falláinn dúinn, do choimhlíonadh, agus Dia féin a bheith 'na mhaghistir agus 'na riaghuil againn san uile ghníomh, ag dénomh gach neithe a chuireas d'fhiachuibh oruinn rena bhriathra féin nó na n-uachttarán do chuir sé ós ar cceann, nó mhúineas réasún ceart dhúinn?
Is follas as a ndúbhramar go seadh, ní hé amháin sólás aonracánach do bheith a ccoimhlíonadh tola Dé, acht fós nach bhfuil sámhas fíor ar bith gan a choimhlíonadh; óir gibé a dhóirtios a ghrádh air chréatúir ar bith, mar atá diombuan, ní fada go dtréigfeadh sin, agus claochlaighthear annsin ar sólás anna ndubrón agus anna ttuirsi; air an ádhbhar gurab é sin coinghioll na neithe neamhmarthanach, níosa mhó do dhoilghios d'fhágáil 'na ndiaigh ar n-imtheacht dhóiph ná an sólás tugadar uatha an tan dobhádar do láthair. Uime sin is mó an bhuaidhirt agus an tuirsi dogheibhmaoid ásda ná an sochar ná an sólás. An tí a chuireas a dhóthchas a nDia, aige amháin atá an sólás fírinneach, mar adeir S. Auguistin ar a' Psal. 84: “Gibé réir mian lúathgháire fhírinneach do bheith aige, cuireadh sé a fhonn ionnsna neithibh marthanach.” Adeir fós S. Prosper: “Gibé ag a bhfuil Críosd an' ádhbhar lúathgháire, ní chaillionn go bráth a shólás, óir is sólás síorruidhe lúathgháire fa an mhaith shíorruidhe.” An gá a bhíos a ngárda nó 'ccompás na mairnéalacht, ní dhénann cómhnuigh go roibh go díreach ós cuinne na réaltuinne ó thuaith, agus mádh casdar do thaobh ar bith eile é, ní dhéanann cómhnaidh. Dia, umorro, dhó féin amháin do chruthaigh sé croidhe an duine; uime sin atá claonadh nádúrtha aige chum an tí do chruthaigh é, agus ní dhénann cómhnaidh ach an uair a bhíos ag féachain air Dhia. Dá mbeith fós ar chruthaigh Dia ariamh síorruidhe, atá siad comh beag tarcuisneach agus sin nach féidir leo fonn an chroidhe dhaondha do shásuidha, agus nach féidir ach re Dia amháin a thart agus a mhiana do chosg. Uime sin ní thugaid súd ciúnas iomlán go bráth dar n-anam. As sin tig, gur cuma an beagán nó an mórán a bhíos ag an tsantach óir ní sásta bhíonn sé ach do ghnáth ag iarraidh níosa mhó. Na neithe saoghalta, iommorro, is féidir leó an t-anam do chongbháil ag tabhairt aire dhóiph, acht a shásadh ní féidir leó, óir do Dhia amháin is dílios sin do dhénomh, ionnas nach bhfuil ciúnas ag an anam acht ó Dhia féin. Na neithe saoghalta, mar nach sásuighid an t-anam go hiomlán, cuirid buairt agus toirmeasg air fa aire a thabhairt do Dhia agus a thoil do dhénomh. Rochontrárdha dhó
so atá nádúir Dé, ar son go líonann sé ar ccroídhe agus go sásuighann ar bhfonn, ní chuirionn toirmeasg oruinn fa ghnothaigh eile do dhénomh, nó fa ghrádh do bheith aguinn ar an domhan mhór ar son Dé; ionnas nach bhfuil croídhe is saoire agus is éasguidhe chum grádh' fhírinnigh a thabhairt don n-uile ní ná an croidhe atá lán do ghrádh Dé. An 5 Caib. NÍ BHFUIL NÍ AR BITH IS FEARR AGUS IS TARBHAIGH DHÚINN NÁ AN NÍ IS MIAN RE DIA. Do thaisbénamar gus so an ceart atá ag Dia oruinn ar ttoil féin do thréigionn agus a thoilsin do choimhlíonadh, agus fós gur ní rothaitneamhach fonnmhar sin re dhéanomh; anois, féachmaoid an tarbha agus an sochar tig dúinn as. Dochímaoid, re dóthchas édála anna neithibh neamhtharbhacha, agus a bhíos fós peiriaclach agus díoghbhálach, go ttréigionn daoine a cciúnas féin, a ndúthaighe, a mná, agus a cclann, agus go ccuirid deóruighdhacht dá ndeóin orrtha féin ar muir agus ar tír agus ar fásuighe, a measg na mílte peiríecuil, ag cur a mbíonn don tsaoghal aca a ccontabhairt re hiomarcaidh duadh agus saothar. Is cirte dhúinne ná sin ar ttoil féin do thréigionn ar thoil Dé, ar mhéad na tarbha agus an tsochair tig dhúinn as, agus sin gan contabhairt cuirp, anma, nó maoine oruinn do chaill, ach re dóthchas mór na beatha síorruidhe, onóir agus iolgháirdios inntinne, agus díoluigheacht a thabhairt do Dhia annsna fiachuibh atá aige oruinn. Anois, ionnas go ttuigfidh créad iad na sochair atá ag an duine a chuirios a thoil féin re toil Dé go hiomlán, is lór go ndénann é saor ón uile bhuaidhirt, agus nach bhfuil baoghal seachráin air a ngníomh ar bith; mur sin nach bhfuil ní is tárbhuidhe dhúinn ná air ttoil féin do chur re toil Dé, agus ní bhfuil ní ar bith tarbhach gan a dhénomh, óir ní bhfuil ní is úrchóididh dhúinn ná ar ttoil féin do dhénomh, nach tteachaigh go maith d'aon nduine ariamh; ionnas gur fíor guth coitchinn na naomh, .i. gurab í toil dhíleas an duine féin is fréamh agus is bunúdhas don uile olc.
Adeir Aristotel, 6 Ethic., c.2, ionnas gan duine a dhol air seachrán anna bhreitheamhnas agus gach ní do dhénomh go críonna, gur riachttanas dhó toil mhaith dhíreach do bheith aige agus a bheith folamh óna ghrádh féin agus ón uile chlaonadh. Uime sin, ionnas nach beith breitheamhnas claon againn air na neithibh, agus go ndénmaois gach ní go tarbhach, is riachttanach dhúinn gan ar ttoil féin do leanmhuin agus gan ar mian nó ar bhfonn féin a bheith do riaghuil againn, agus saint na neithe saoghalta a chur as ar ccroídhe, agus toil Dé a bheith d'aon riaghuil againn; gan sin ní féidir dhúinn teacht chum na críche air ar cruthaighibh sinn. Créad é méad an ghalair agus na heasláinte tug mímheasargacht bí agus dighe air na daoinibh? Créad a mhíonca a táinig caill a maoine do dhaoinibh santacha gan srian do chur rena bhfeirg nó rena ccuinntinn? Créad í an bhochtacht ar chuir a n-antoil iad? Créad í an tuirsi do tharruing orrtha? Créad í an bhuairt, a' trioblóid, agus an míchiúnas nach ttáinig dhóiph as? Mur sin, is dearbh nach bhfuil ní ar bith is tarbhuidhe agus is mó maith dhúinn ná an cloídheamh do bhuain as air láimh re a ngearrfamaois ar scórnuigh, agus an nimh do dhórtadh bhéaradh bás dúinn, agus na hionstrúmeinti, is ádhbhar an uile dhíoghbhála agus uilc dhúinn, d'adhlacadh agus do losgadh, agus an deamhan úd do thilgean as ar n-anam atá dar mbuaireadh do ghnáth. Tig go maith ris an ní atámaoid do thráchtadh freagra an ab Abraham ar ab Pimenius a d'fhiafraigh dhe: “Cionnas a chuirid na deamhuin cathughadh oruinn?” Adubhairt ris: “Ní chuirid na deamhuin cathughadh oruinn, ar an ádhbhar go ndénmaoid a ttoil; acht ar ttoil féin, is í is deamhan dúinn”. Mur sin a léightear a mbeatha na naomhaithreach. Ionnas gur fíor gur demhan díoghbhálach dhúinn ar ttoil féin, a bhíos dar leagadh do ghnáth, gur cloídheamh gér í a ghearras ar scórnach, gur nimh urchóideach í a théid go nuige an croidhe, accus gur bás mealta í do mharbhas sinn. Is romhaith a chuireas S. Anselmus, de Similitudinibus, c.38, ar ttoil a ccosmhulacht re luibh mharbhthaigh nimhe, agus cuiridh a n-íongnadh go mór, an tan atá a fhios againn gurab í
tug bás dar ccéadaithreacha, cionnas nach bíonn fuath agus gráin againn urrthi. Ag so briathra an naoimh: “Is cosmhuil ar ttoil féin re luibh urchóididh nimhe do thoirmeisg liaigh ro-eólach ar chéadaithreach sleachta áiridhe, ag bagar orrtha, dá n-ithidís an luibh, go dtiocfadh lúbhra orrtha agus go bhfuighdís bás di. Ar shon sin d'ithidar an luibh agus táinig lúbhra orrtha agus air a cclainn 'na dhiaigh sin, agus dofuaradar bás mar do bhagair an liaigh orrtha. An chlann, umorro, air son gurbh fheas dhóibh an luibh sin a bheith 'na cúis ghalair agus éaga agana sindsiridh agus lubhra do bheith orrtha féin, ní bhfuil luibh ar bith is annsa leó ná í. Ag éirghi dhóiph ar maidin, fromhuíd í mar luibh leighís, agus doníd an cédna ag glacadh suain dóiph. Cia adéradh nach daoine gan chéill nó air mire iad sin? Gídheadh, ní lúgha atáid air mire an drong a leanas a ttoil féin, óir is í an luibh nimhe í, re séidthear diabhluíghdheacht mharbhthach do gach aon a ghnáthaighios í. Dia, atá 'na liaigh trócuireach air ar bpeacaibh, do thoirmeisg sé an luibh so air ar ccéadaithreacha, an tan do bhagair bás orrtha dá bhfromhadís ubhall na haithne; acht do bhris siad an aithne agus d'ithidar an t-ubhall, ionnas go ndearnadh peacaigh dhíoph agus go bhfuaradar bás anma, agus air ngeineamhain peacaigh eile dhóibh, dofuaradar bás cuirp. Ar a shon sin is annsa ris na daoinibh an toil so ná ní ar bith eile, agus ní dhénuid ní ar bith nach ccuirid cumusg dá ttoil féin thríd. Uime sin ní bhfuil mire is mó ná gean a bheith ag duine air a bhás féin thair gach ní eile.” Ag sin mar fhoillsígheas S. Anselmus na huilc tig dhúinn as ar ttoil féin do leanmhuin, agus air mire, gan fuath do bheith againn urrthi; óir a ccás nach beith d'eagla oruinn roimhe air ttoil féin ach a mhéad d'anró saoghalta fhuilingmaoid uaith, ba cóir dhúinn sin féin d'affir urrthi, ag cur suas di ann gach aon ní. Gídheadh, má mheasmaoid na huilc spioradtálta agus cáill na maithiosa síorruidhe, gadé a mhionca a chuiremur an dara cos a n-iffrionn; gadé a mhéad do thiodhlaice némhdha do chaitheamar go holc; agus fós gadé a mhionca do chuireamar grása accus fuil Mhic Dé a ttarcuisne? Uime sin atá d'fhiachuibh oruinn ón uile cheart toil Dé do
choimhlíonadh, ionnas go ttréigfamaois air ttoil féin agus go ndénamaois lón agus cumhdach dhúinn air ar n-aghaigh féin. Ní bhfuil ní ar bith is mó a théid a sochar dhúinn, dochum gach crádh agus gach contabhairte dá ttig oruinn go minic do sheachna, ná ar súile a bheith sáidhte do shíor annsa réailt eóluis úd thola Dé, nach dénann aon ní acht achum maitheasa agus sochair dhúinn. Créad é an ní is tarbhaigh dhúinn nó ealadha agus eólas athchuimir d'fhagháil dochum ar leasa féin do dhénomh? Uime sin, is deárbh nach féidir linn ní is feárr agus is tarbhaigh dhúinn d'iarraidh ná an ní is mian ré Dé; óir gé gur mian linn maitheasa dhuine ar bith, as grádh do bheith againn air do thig sé, agus do réir méada an ghrádha méaduighthear fonn na maitheasa. Uime sin, an tan atá gan chompráid níosa mhó do ghrádh ag Dia oruinn nó atá againn féin, is dearbh as sin gur mó an fonn atá air Dhia maith do dhénamh dhúinn nó atá oruinn féin. Fós, ní féidir re Dia ainbhfeas do bheith air fa an ní is maith dhúinn, óir is eagna gan chrích é. Ní mealltar fós anna cheannrádharc nó anna riamhfhéachuin é mar do mealltar sinne, nach feas dúinn créad é an ní is tarbhach dhúinn. Uime sin, ionnas nach meallfuidh sinn, leanmaois toil Dé, ag a bhfuil rochúram fa ar maith agus fa ar sochar níosa romhó nó atá againn féin; agus ris sin ní bhiaidh baoghal seachráin oruinn: agus muna a bhfuil fuath againn oruinn féin, ní cóir dhúinn fonn neithe ar bith do bheith againn acht mar is mian re Dia, dar feas gach ní nó créad é an ní is tarbhaigh dhúinn. Uch, is náir dhúinne na críosduidhe na briathra so adúbhairt an feallsamh gan chreidiomh, Epictetus, lib.2, Dissert., c.7: “A sclábha, an mian leat aon ní acht an ní is mó tarbhadh dhuit? Créad é an ní is mó tarbhadh dhuit nó an ní dochonncas do Dhia? Uime sin an mhéid gur féidir leat créad fa ttugthur ceannach don bhreitheamh, agus créad fa mealltar a chomhuirleach?” Atá dhá aithne ag toil Dé, aithne dhíoph sin a chuireas d'fhiachuibh oruinn an ní is cóir dhúinn do dhénomh; an dara haithne, an ní is cóir dhúinn d'fhulang, mar atá tinneas, saothar, agus anró a léigeas Dia oruinn dochum ar maitheasa féin agus achum lórghníomh ar bpeacadh. Uime sin, is cóir dhúinn a thuigsin go bhfuil Dia romhaith, ionnas gur mian leis an uile mhaith do dhénomh dhúinn; go bhfuil ro-eagnuídhe, ionnas go bhfuil fios gach aon ní aige; go bhfuil rochumhachtach,
ionnas nach d'easbhuidhe nirt nach saorann sinn ó gach buaidhirt agus ó gach bruid dá ttig oruinn, óir dob fhéidir leis a dhénomh gan saothar ar bith; acht mar atá a fhios aige gur tarbhach dhúinn iad sin d'fhulang, agus mar atá cion aige air ar leas, re rúandiamhair a mhórchumhachta féin, léigidh oruinn iad chum toruigh mhór do bhuain asda. Is follas as ar thráchtamur go seadh, tré mhéad na tarbhadh atá ann, nach cóir dhúinn gan ní ar bith do dhénomh, nó fonn do bheith oruinn ní do dhénomh, acht an ní is mian ris an Tighearna romhaith, ro-eagnuídh, rochúmhachtach úd dhénomh dhúinn; ní hí ar ttoil féin re nach féidir ní ar bith do dhénomh go críonna, eólgach, nó feasach. Fós, ní bhiaidh ciúnas nó síthcháin againn go bráth ag leanmhuin ar ttola féin, mar dobheith againn ag comhlíonadh tola Dé, as a ttig sólás mór annar n-inntinn, gach uair dá smuainmaoid nar órdaighe an mhórdhacht síorruidhe úd ní ar bith acht chum leasa agus tarbha dhúinn. Neithe an domhain uile nach bainann re Dia, bíodh meas againn orrtha gur luídheachán foluíghtheach námhad iad, agus gur mian leó olc do dhénomh dúinn. Acht fós, dá bhfágbhadh Dia ní ar bith air ar ttoil féin, ba cóir dhúinn eagla mhór do bheith oruinn fa ar ttoil féin do leanmhuin. Is amhlaigh sin dorinne an duine maith beannuighthe Proinnsias Borgia, an tan tug Dia ar a thoil sláinte nó beatha a mhná an uair dobhídh tinn, adubhairt re Dia: “A Thighearna, déna do thoil féin ria, óir an ní is mian leatsa, is é is mian liomsa.” Is dearbh go bhfuil toil Dé ceart, díreach, réasúntaidh, agus grádhach ar shochar na ndaoine, ionnas nach riachttanas dúinn cúis ar bith eile d'iarraidh chum tola Dé do dhénomh acht sin amháin. Tig fós ioliomad sochair eile dhúinn as comhlíonadh tola Dé, ar son goma lór go ndénann Dia é féin 'na cháruid againn; agus ní hé sin an cairdios gan tarbha, óir is mór an toradh agus na tiodhlaice tig as, ar an ádhbhar, gibé aige a mbíonn grádh ag Dia air, is mór an fádhbhar agus na grása dobheir dhó, ionnas nach féidir sochar an cháirdis so do mheas; óir cuiridh an mhórdhacht dhiadha í féin re toil na ndaoine, agus dobheir sásadh iomlán d'fhonn a shearbhóntaigh féin. Uime sin, mádh
mheasuid na daoine gur searbhóntaigh díleas an tí doní toil a thighearna go hiomlán, cionnas a rachas dhúinne sochar Dé uilechumhachta do shásughadh ar bhfonn? Ar so do labhair Dábhídh re Dia, Psal.20, ag foillsiughadh cionnas donídh Dia ris an bhfírén, adeir: “Dothug tú fonn a chroídhe féin dó agus fós toil a bhéil féin”; mar adéaradh: tuguis dó gach ní ba mian ris féin d'iarraigh. Mádh smuinmaoid ar mhéad an tsaidhbhris agus an óirchisde luaighdheachta dogheibhmaoid ar son gach aon ní do dhénomh ar ghrádh Dé agus dochum a thola do choimhlíonadh, ní bhfuil ann acht mar déntaoi ór glan do mhaide músgáin nó do chloich ghlais; óir na gníomha nach bhfuil luaighdheacht air bith ionnta uatha féin, mar atá mórán dá ndénmuid re riachttanas nádúrtha, mar atá biadh agus deoch do chaitheamh, agus codladh etc., re cuidiughadh an fhreachnaighthe so doníothar ro-uasal iad agus cuirthar a n-aon chéim re grádh Dé iad, óir is ar a ghrádh do níothar do ghnáth iad; agus mar nach bhfuil comhartha grádh' ar bith is cinnte ná na tola do theacht re chéile, gibé donídh gach aon ní ar son Dé go fírinneach, agus nach mian leis aon ní acht do réir thola Dé, más 'na chódhladh nó 'na dhúsgadh dhó, biaidh luaighdheacht mhór aige; óir is ar ghrádh Dé agus dochum coimhlíonadh a thola donídh gach a ndéan. Ris an bhfreachnadh so fásuidh grádh Dé do ghnáth annar ccroídhe, ar an ádhbhar, gibé thréigeas a thoil féin agus a chlaonta, a chuireas toirmeasg oruinn go minic, dobheir Dia solas dá anam agus dealradh dá thuicsin chum na neithe diadha do ghlacadh agus dochum mórdhacht Dé féin do thuicsin; agus ní bhfuil dá mhéad a thuigmaoid é nach móide a lasas a ghrádh ionnainn, ionnas, gach gníomh dá ndénmaoid as a ghrádh, go mbiadh luaighdheacht mhór againn. Dobheir an freachnadh so na subháilce eile ro-uras, an tan a theagmhas neithe docbhalach, trioblóideach, nó do-iomchair anna bhfreachnadh, óir gibé smuainios gurab í toil Dé agus gur mur sin is mian re Dia a dhénomh ris, biaidh gan bhuairt agus dothéid ar agháigh gan cheasnadh a slighe na foírfidheachta, ag cur a thola féin re toil Dé.
Ris an bhfreachnadh so fós dothéighmaoid a seilbh na beatha beannuighe diadha ar an saoghal so agus tréas an cceangal inmhéadhonach a bhíos idir ar ttoil féin agus toil Dé. Ba maith leam go ttugtha fa dear annso an sochar ádhbhul atá ag an ccorp tré cheangal an anma ris; óir, dámádh leis sáidhbhrios na cruinne gan an ceangal so, ní dhénomh sochar ar bith dhó. Uime sin, is mó do mheasuid na daoine a mbeatha chorpardha féin ná órchiste ríogha an domhain. Mádh atá ceangal an anma ris an ccorp comh tarbhach agus comh riachttanach agus sin, ionnas nach ttéid ní ar bith a ttarbha do chorp marbh gan anam; measmaoid as so godí an mhaith atá a cceangal an anma re Dia, nó cionnas is féidir ní ar bith do bheith tarbhach don anam nach bhfuil Dia aige, an tan is é Dia féin is beatha don n-anam, agus gan an bheatha so, atá marbh, agus ní théid ní ar bith a sochar dhó? An 6 Caibidil. COIMHLÍONADH TOLA DÉ, MAITH IS MÓ AR AN SAOGHAL SO; PÁRTHAS TALMHUIDH É AGUS TOSACH NA GLÓIRE SÍORRDHUIDHE. As a ndúbhramur gus so is follas gurb é coimhlíonadh tola Dé comhchruinneadh an uile mhaitheasa agus maith is mó ar an saoghal so, párrthas talmhuidh, tosach na beatha síorruidhe, agus glóir is íongantaigh san ghleann so na ndeór; óir mádh mheasmaoid na coinghill iarraid na feallsamhuin agus na diadhairigh dochum duine a bheith beannuighe, do ghéabham iad go hiomlán a ccoimhlíonadh tola Dé. Adeir drong dhíoph gurb é donídh duine beannuigh, staid fhoírfidh do bheith aige anna mbiadh na mílte maith arna ccomhchruinniughadh; acht atá so ag an tí a choimhlíonas toil Dé, óir ní bhfuil maith ar bith ann acht maith tharbhach, maith thaitneamhach, agus maith mhacánta, acht do thaisbénamar thuas gach maith aca so a bheith a ccoimhlíonadh thola Dé. Drong eile adeir gurb é is duine beannuigh ann, an tí ar nach bídh easbhuidhe neithe ar bith air. Atá fós mur so an tí a chuireas a thoil féin re toil Dhé, óir ní huime atá
easbhuidh neithe ar bith oruinn, do chionn nach bhfuil an ní féin againn, acht gomádh mian linn a bheith againn. Anois, gibé chuireas a thoil féin go hiomlán díreach re toil Dé, ní bhíonn fonn mímheasardha aige anna ní ar bith, agus ní mian leis aon ní acht an ní is mian re Dia do thabhairt dó. Adeirid daoine eile gurab í is beatha bheannaigh ann, maith nach féidir a thraothadh agus sólás síorruidhe gan chlaochla gan bhriseadh. Tig so go rómhaith ris an tí do choimhlíonas toil Dé go dúthrachtach; óir an mhaith atá aige agus an sólás a bhfuil sé 'na shéilbh, ní racha traothadh ann tré bhioth síor; óir atá ádhbhar a shóláis aige do ghnáth, mar atá, toil Dé do choimhlíonadh, nach cclaochlóuighthear go bráth, tigeadh na neithe go maith nó go holc. Uime sin, an tí a chuireas é féin re toil Dé, gabhuidh gach aon ní go maith dá ttig ó láimh Dé chuige; agus mur sin, mar nar chaill Críosd air dTíghearna glóir an anma annsna pianuibh rochruaidhe d'fhulaing; mar an ccéadna, an tí a chuirios a thoil féin go hiomlán re toil Dé, ní bhfuil dá mhéad buairt, trioblóid, nó céasadh dá bhfághann, nach iomchrann go súgach, lúathgháireach iad, agus bídh rothoiltenach leó. Agus is é ádhbhar dhó sin, mar dobhíos ceangailte go daingean re toil Dé, agus aithnighe gurab ó láimh chumhachttaigh Dé tig gach aon ní, agus gurab ansa lais toil Dé ná 'thoil féin, ní chuireann aon ní buaidhirt air; agus na neithe a bhíos doílighiseach ionnta féin, bainidh sólás mór asda, mar nach féidir re ní ar bith ciúnas 'inntinne do bhuaidhreadh. Dobhídh ag an ab naomhtha Deicola sólás neamhdha comh mór agus sin go mbíodh aoibh a' gháire ar a bhéul do ghnáth agus go n-abra go minic: “Ní féidir do neach ar bith Críosd do bhuain díom.” Atá an sólás so comh seasbhach agus comh síorruidhe agus sin, ar ttionsganadh dhó air an saoghal so, go mairionn tré bhioth síor; agus ní chuireann an bás críoch air, acht ar bhfágbháil an tsaoghail so, biadh síorrdhuidhe tré shaoghal na saoghal. Adeirid drong eile gurab í an bheatha bheannuigh sásughadh agus coimhlíonadh an uile fhoinn. Atá an bheatha so ag an tí nach mian leis ní ar bith acht mar is mian re Dia; óir do chí sé nach déntar ní ar bith acht mar is mian leis, agus gach ní is mian leis go ndéntar é; ar an ádhbhar gur thréig sé a thoil féin, agus nach bhfuil aige ach aon toil re Dia; agus is mór an t-ádhbhar sóláis agus lúathgháire tig do dhuine as sin, go bhfághann a thoil féin do ghnáth.
Fa dheóigh, coimhlíonadh tola Dé, ní bhfuil ann acht sealbh Dé féin maille re ceangal rodhaingionn, óir ní bhfuil neithe ar bith is daingne ceangal re chéile ná dhá thoil a bhíos ar aon mhéin, ionnas, mar adeirthar, Act. 4, nach bhfuil ionnta acht aon anam agus aon chroidhe amháin, agus go bhfuilid arna ndórtadh tríd a chéile. Mar is é Dia an uile mhaith, mar adeirthar, Exodus 33, gibé a bhíos ceangailte dá mhórdhacht re grádh fírinneach, is dearbhtha go bhfuil sealbh an uile mhaithiosa aige; agus is follas fós, gibé ag a mbiaidh sin, nar theastuidhe ní ar bith uadha: agus muna a bhfuil maith ar bith d'easbhuidhe air, is deimhin go bhfuil ciúnas ádhbhal inntinne aige, ionnas nach féidir re neach ar bith a bhuain dé, ar an ádhbhar go bhfuil sealbh na maithiosa is mó is féidir d'fhagháil ar an saoghal so aige, gan peiriacuil a caill acht re peacadh amháin. An 7 Caib. DÁ MBEITH NACH BEITH d'FHIACHUIBH ORUINN TOIL DÉ DO CHOMHLÍONADH, AGUS NACH BEITH ONÓRACH, TAITNEAMHACH, NÓ TARBHACH DHÚINN, CUIRIDH AN RIACHTTANAS FÉIN d'FHIACHUIBH ORUINN TOIL DÉ DO DHÉNOMH. Gibé nach gluaisfidh a ndúbhramar go seádh dochum a thola féin do thréigionn agus a chlaonta do cheartughadh, smuaineadh sé, muna ccuiri a thoil féin re toil Dé dá dheóin, nach béaradh buaidh go bráth ar thoil Dé; agus dá mhéad gráin, eagla, nó fuath dá mbiadh aige ar thinnios, ar dhoílghios, nó air bhochtacht dá ttig ó Dhia air, gurab éigin dó fhulang; agus mur sin is feárr an chomhairle, an ní is éigin dúinn d'fhulang a ghabháil chugainn go toiltenach, agus subháilce do dhénomh don riachttanas, agus Dia do bheith 'na cháraid againn gan mórán saothair, acht amháin gan cur a n-aghaigh na neithe nach féidir linn do sheachna. Do órduigh Dia san tseantiomna, Num., 4, na sóithidhe uile, agus gach ní eile dar bhain re deisidh na haltóra agus an tabernacuil, a bhfolach re brot glasuaine, ionnas
go meásfudh an mhuinntir dobheith dá n-iomchur nach ualach eile do bheith aca acht na neithe do órdaigh Dia dochum 'onóra féin, agus air a raibh a dhath agus 'ármas féin; agus as sin amháin d'iomchradís na hualaighe go meanmach. Mádh iomchramaoine mur sin ualach na beatha so go toiltenach, ó nach féidir linn a ccur dhínn, agus gan ar n-inntinn do chur anna ní ar bith eile, acht a chuimhniúghadh gurab ó neamh agus ó láimh Dé a tig siad, agus go ndénaid onóir dhó ag coimhlíonadh a thola, ionnas gur lór dhúinn sin chum gan ar sochar nó ar sólás féin d'iarraidh a n-aon ní. Féachmaoid thairis sin nach lasann a n-iffrionn nó 'bpurgadóir ach an t-ámud do chruinnighíd ar ttoil féin; agus ar son go slánuighthar duine as purgadóir, ní bhfuil congbháil na teíne beó ann acht an mhéid doní duine ar a thoil féin, ionnas nach é amháin gurab onórach, sáimh, agus go bhfuil d'fhiachuibh oruinn ar ttoil féin do thréigion, agus gurab éigin dúinn fa dheóigh a tréigion. Más air ar maith fhéachmaoid, atá an uile réasún dar mbrosdadh agus dar ttarraing dochum tola Dé do chomhlíonadh; agus más maith linn an t-olc do sheachna, is riachttanach dhúinn ar ttoil féin do thréigion; óir atá an uile mhaith ó thoil Dé againn agus an uile olc ór ttoil féin, mar atá peacadh, piana, seachrán, eagla, peiriacuil, purgadóir, agus iffrionn féin; ionnas gur cóir dhúinn a bheith air ar ccoimhéad urrthi annsna neithibh ceaduighacha féin, an tan nach feas dúinn créad is iomchubhuidhe dúinn do dhénomh. Tugmaoid dar n-aire annso an dochar a táinig do Lot a thoil féin do leánmhuin, ag toghadh áite cómhnuidhe dhó féin, ar son go raibh dlistenach aige sin do dhénomh, agus go roibh cead aige ó dhearbhbhráthair 'athar, .i. Abraham, dobhídh 'na dhuine ronaomhtha. Gidheadh, níorbh áil re Abraham ní ar bith do thóghadh nó d'iarraidh dhó féin, acht dochonncas dó gur bhain re síthcháin agus re ciúnas gach coda dhíoph iad do dhealughadh re chéile; agus níorbh áil leis a thoil féin do leánmhuin acht tug a roghadh do mhac a dhearbhráthar a ceás gomádh éigin dó féin an áit bá mígharaigh do ghabháil, Gen. 13. Annsa ngníomh so do thaisbén Abraham a dheaghthoil,
ag tabhairt a chirt féin don tsósar, an rogha ba cóir don tsinnsir do bheith aige. Acht ní maith dochuaidh do Lot an rogha sin do ghlacadh, óir gearraimsir 'na dhiaigh sin a rugadh a láimh é, agus fa dheóigh, ar ccáill a mhná dhó, ba héigin dó an áit d'fhágbháil agus dofuair iliomad anróith ó sin amach. Féachmaoid anois ca fréagra a bhéaras mailís na ndaoine orrtha so. Mádh deirid nach mian leó an ní atá d'fhiachuibh orrtha ó mhíle titul do dhénomh, is freagra bharrbartha sin atá a n-aghaigh an uile résúin dhaonda. Mádh deirid nach bhfuil fonn aca san onóir dogheibhthear as coimhlíonadh tola Dé, ní bhfuil ansin acht comhurtha cinnte drochinntinne truaillidhe dobheir tarcaisne ar thiodhlaice Dé. Mádh deir nach bhfuil cás aige annsa sámhus nó annsa sólás tig as toil Dé, ní bhfuil annsin acht édóthchas agus an mhire is mó is féidir do thuicsin. Mádh deir duine nach bhfuil ceist aige anna shochar féin, ní bhfuil dochar nó díoghbháil is mó ná go ttoghthadh duine dhó féin mar ní maith an t-ádhbhar doílghis a bhias aige fa dheóigh, agus gur feárr leis é féin do chur a ndiaigh a chinn a lasracha iffrinn nó phurgadóra ná toil a Chruthaighóra do dhénomh. Ní mheasuim go bhfuil mínáire a théid os a cheann sin. Fa dheóigh, gibé nach gluaisfidh a ndúbhramur nó nach déna acht éisdeacht leó amháin, adbhuidhe go follas nach mian leis ar ghrádh maitheasa nó ar eagla uilc toil Dé do dhénomh; gídheadh, ní féidir easonóir is mó ná sin a thabhairt do Dhia. Uime sin, guidhim an tí atá mur sin, tré fhuil fhíruasail Chríosd, tugadh sé fa dear go grinn na neithe do léagh sé annsna caibidelacha tsuas, agus tugadh dá aire go dúthrachttach na résúin atá ionnta; agus muna cclaoidhe siad é, guídhim é aridhís léaghadh an dara huair; agus mur lór sin, guídhim é an treas uair puinc áiridhe dhíoph do thoghadh agus smuaineadh orrtha go rothrómdha, agus iarradh ó rúan croidhe solas air Dhia dochum na fírinne so do thuicsin agus a chur a ngníomh.
MÉAD AN MHEASA A BHÍOS AG CRÍOSD AR AN DUINE DO CHOIMHLÍONAS TOIL DÉ GO DÍTHCHEALLACH. Taisbéna mé anois re úghdardháis rothromdha gach ní dá ndubhairt mé, ionnas go ttuigfidh as an uile thaobh méad na tábhachtta agus na maithiosa atá annsa bhfreachnadh so, ar son go ttaobhan an scrioptúir naomhtha a mórán d'áitibh linn é, agus go n-abair Dábhí, Psl.29, gurab a ttoil Dé atá an bheatha agus gurab é Dia rena thoil féin tug sgéimh dá shubháilce. Gídheadh, níor theagaisg aon neach an freachnadh so níos díthchiollaigh ná doctúir an uile naomhthachta Íosa Críosd, adeir, ag Eóin, 6 c., gurab uime do thuirling sé féin as neamh dochum go ndénomh toil 'Athar. Do mheas Mac Dé an freachnadh so do bheith comh árd agus comh maith agus sin gurbh fhiú é go ttiucfadh féin as neamh air a shon agus go gnáithiughadh é; agus ionnas go bhfoíllsiughadh an sólás, an mhaith, agus an riachttanas atá ris an bhfreachnadh so, cuiidh a ccompráid é re riachttanas an chuirp, .i. biadh talmhuidhe, ag rádh, ag Eóin, 4 c.: “Is é is biadh dhamhsa toil m'Athar do dhénomh.” Acht is mó ná sin a mholas é, ag Matha, c.12, ag rádh: “Gibé dodhénas toil m'Atharsa atá air neamh, is dearbhráthair agus deirbhshiúr agus is máthair dhamhsa é.” Guidhim gach aon a thabhairt fa dear go aireach brígh na mbriathar so agus cia adubhairt iad, agus an cionfátha fa ndúbhradh iad, agus ca ciall dóiph; agus sgríobha go domhain anna chroídhe iad; agus tuigeadh nach bhfuil luach saothair nó oibre ar bith is mó nó an ní do gheall Críosd annso don tí a thréigeas a thoil féin agus a choimhlíonas toil Dé. Mac Dé féin adubhairt na briathra úd, an t-eagna agus an fhírinne shíorruidhe, re nach féidir bréag do dhénomh nó dhol ar seachrán a n-aon ní dá n-abair; agus ní re hádhbhéil adubhairt na briathra úd, acht is amhlaidh is cóir a ttuigsion go simplidhe fírinneach, agus go mbiaidh 'na dhearbhráithair, 'na dheirbhshír agus 'na mháthair ag Mac Dé, .i. go mbiaidh grádh mic aige air; agus is daingne an grádh so ná grádh fola agus feóla. Uime sin is móide an meas is cóir do bheith air; óir léigidh an mac go minic grádh a mháthar ar dearmud, agus ní thugann an dearbhráithair furtacht don
dearbhráithair eile gach uair dá mbiadh anna riachttanas; gidheadh, atá grádh Mhic Dé rodhíleas agus ní léigeann thairis gan furtacht do thabhairt a n-aimsir a riachttanais don tí a mbiaidh grádh aige air. Ní dhubhairt ar dTighearna Críosd, gibé do dhénomh toil 'Athar go mbeith cion aige air mar dobhíos ag dearbhráithair ar dhearbhráithair eile, nó mar dobhíos ag mac air mháthair - ní bá lór dochum crith do chur ar órd uachtrach na n-aingeal, tré mhéad na maitheasa agus na honóra so ar Slánuighthóir íodhain mhilis - acht adúbhairt go mbeith grádh aige air mar dhearbhráithair, mar dheirbhshír, agus mar mháthar a ccuideachta a chéile, amhuil a cuirfídhe na trí ghrádh tribulta a n-aon ghrádh amháin. Is mór an meas do bheith againn ar dhuine ar bith dá mbeith sé 'na dhearbhráthair fola agus feola ag Críosd, agus is romhór an meas atá again ar an máthair do ghin é. Acht ádbhuidhe Críosd féin go bhfuil an gaol agus an comheagas sin aige féin ris an tí a choimhlíonas toil 'Athar agus go bhfuil grádh dearbhráthar, deirbhsheathar, agus máthar ceangailte dá chéile aige air. A ccás fós gur re adhbhéil adéradh Críosd na briathra úd agus re cinél amháin, ar a shon sin féin, foillsíghe go rofhollas méad na déghthola atá ag Críosd don muinntir a bhíos díthchiollach ar thoil Dé do chomhlíonadh, ionnas, ar a shon féin, gomádh cóir dhúinn ó rún croídhe gach ní do dhénomh bá mian leis, mar fhoillsígheas na briathra úd tánuig ó ghrádh éagmuis. Tugmaoid dar n-aire annso go grinn nach dúbhairt Críosd, gibé do dhénomh toil 'Athar go mbeith grádh aige air mar íochttarán nó mar chomhchosmhuil ris féin, acht go mbeith grádh aige air mar is dual do mhac do bheith ar a mháthair. An grádh so, an mhéid gur grádh mic é, grádh íochttaráin é; óir atá d'fhiachuibh ar an mac réir a mháthar do dhénomh. As so is follas dúind an onóir atá ag Críosd don tí donídh toil 'Athar, .i. go ndéna Críosd toil an tí chédna, amhuil do dhénomh mac toil a mháthar, ionnas gur mór an t-ádhbhar sóláis agus lúathgháire smuaineadh amháin ar na briathra úd. Tuig fós, an mac adúbhairt na briathra úd, gur mó an grádh dobhídh aige air a mháthair nó ag mac ar bith eile air a mháthair féin, agus go ttug glóir agus onóir dhi os ceann an uile
chréatúir, agus gur mian leis an uile dhúile do thabhairt onóra dhi. Air a shon sin uile, dearbhuidh go cinnte gurb í a mháthair an tí dhénas toil 'Athar. An t-ádhbhar fós a ndúbhairt air tTighearna Íosa Críosd na briathra úd, is mór fhoillsigheas claonadh dheaghthola dhúinn; óir is sé aimsir a ndúbhairt iad, an tan dobhídh a mháthair ag iarraidh labhairt ris; agus sí freagra tug ar sin, gurb iad a dheiscipuil a mháthair féin, an mhéid go ndéndís toil Dé; agus 'na dhiaigh sin d'fhoillsíghe an ní adubhairt: an tí dodhénomh toil 'Athar, nach meas máthar fola agus feóla dobheith aige air, ar son titul máthar, acht go mbeith gean is mó ná sin aige air. Agus atá so comh deimhin agus sin, ar son nach ttáinig ariamh agus nach ttiucfaidh neach bá hansa re Críosd ná a mháthair féin; gídheadh, is mó dobhídh an grádh so aige urrthi do chionn gur choimhlíon toil Dé go ro-iomlán nó do chionn gur giniudh é féin as a bruinn ógha; óir do sháruidh sí gan chompráid an uile chréatúr a ccoimhlíonadh tola Dé. Thairis sin, dá mbeith neach ar domhan is iomláine do chomhlíonfadh toil Dé ná 'mháthair, dobheith níosa mhó do ghrádh ag Críosd air ná dobheith aige air a mháthair féin. Uime sin is mó an ghlóir agus an onóir dofuair an óigh bheannaigh fa thoil Dé do dhénomh ná fa Mhac Dé do ghabháil anna bruinn bheannaigh. d'fhoillsíghe Críost féin so, Luc., 11 c., an tan adubhairt bean don phopul ris, ag árdughadh a gotha: “Is beannuigh an bhruinn a d'iómchair thú agus na cíathacha do dhiúil tú.” Do fhreagair Críosd é, mar dobheith ag ceartadh cainte na mná: “Is córa a rádh gur beannuigh an mhuinntir éisdis briathra Dé agus a choimhéadas iad”, .i. gach duine do choimhlíonas toil Dé. Níorbh é rúan Mhic Dé ní ar bith do ghlóir nó d'onóir a mháthar beannaíghe do chur síos ris an ccomhrádh sin, acht a honóir agus a dígnid do mholadh as comhlíonadh tola Dé, do bhrígh gur sháruidh sí annso na serafin, órd uachttarach na n-aingeal, agus gur mó an meas do bhídh aici ar thoil Dé do dhénomh ná gur ghin as a bruinn fhíorghloin é. Féach anois, a dhuine, arbh fhéidir re Críosd moladh is mó do thabhairt ar an bhfreachnadh so ná dothug ris na briathruibh úd atá a lán do mhaothghrádh agus do rúandiamhuir
romhóir, rena ccuirionn os ceann an uile chirt fola agus feóla, re a roibh ceangailte dá mháthair, an tí a choimhlíonas toil Dé; agus go ndearbhunn gur beannuighthe agus gur glórmhaire é ná an mháthair dorinne mórán maithiosa air, mar is gnáth re deaghaithreach' do dhénomh dá ccloinn, ionnas go mbíonn ceart aca orrtha a théid os ceann an uile mheasa; agus ar son an chirt sin dobhídh Críosd robhuídheach dá mháthair, agus dá mbeith gan a naomhthacht a bheith níosa mhó ná naomhthacht créatúir ar bith eile, dobhera glóir agus onóir di. Mur sin fhoillsígheas Críosd nach ó an ceart atá ag na haithreacha air a ccloinn ná atá ag an tí do dhénas toil 'Athar ar féin. Ó, 'mhórthrócuire na mórdhachta síorrdhuidhe, do ghabhas uainn mar thabhartas an ní atá d'fhiachuibh oruinn ón uile cheart do dhénamh, agus dobheir luaighdheacht mhór dhúinn ar son a dhéanta; ionnas nach bhfuil croídhe dá chruas nachar chóir dhó maothúghadh agus músgailt ris an deághthoil agus ris an daondacht so Mhic Dé, dobheir meas tiodhlaice agus toirbheartuis mhóir ar an ní doníd na daoine atá 'na searbhóntaigh ó nádúir, ón uile reacht agus ón uile dhlíghadh aige, agus do cheannuigh ar 'fhuil fhíruasail féin, agus a chuireas a ccomórtas rena mháthair bheannuighe féin iad, agus a mheasas fós a ndeaghoibreacha mar dheaghthoil dheaghaithreach. Ní feas dhamh an mó an t-iongnamh Críosd ar dTíghearna do rádh gur dearbhráthair agus máthair dhó ar an tsaoghal so, an tí a choimhlíonas toil 'Athar, nó a rádh gur tighearna dhó air neamh na searbhóntaigh a bhíos 'na ndúsgadh do ghnáth dochum tola Dé ann gach aon ní do dhénomh, mar adeir féin ag Lúcás soibhisgéal san c.12: “Is beannuighe na searbhóntaigh a bhíos 'na ndúsgadh ag teacht dá tTíghearna; adeirim libh go fírinneach go cceangaladh éadach uime ionnas gur móide dobheith ré dochum fritheólte agus go ccuirfeadh 'na suídhe iad, agus go mbiadh ag frithóla orrtha fa seach.” Foillsígh ris na briathruibh so an ghlóir a bheas ar neamh ag an muinntir a bhíos díleas dó ar an saoghal so agus a choimhlíonas toil Dé go díthchiollach dúthrachttach. Ní feas dhamh briathra eile is iomchubhaidhe re bhfoillsighionn Críosd méad an tsóláis agus na lúathgháire dogheibh féin as na daoine a bhíos díthchiollach ar thoil Dé do choimhlíonadh, an
tan a dhearbhas go mbiaidh Dia féin ag seirbhís agus ag frithólamh dhóiph. Fós, ní ar dhaondacht Chríosd acht air a dhiadhacht is cóir na briathra úd do thuigsin, mar dhearbhas S. Tomás san obair do sgríobh air an ghlóir shíorruidhe, ag rádh: “Dia uilechúmhachtach, cuiridh sé é féin faoi gach aingeal agus faoi gach anam beannaighe, amhuil dobheith 'na shearbhóntaigh ceannuighe aca, agus gurb é gach aon díoph sin bá Dia dhó; agus dochum so d'fhoillsígh, biadh ag frithóladh ar gach aon díof fa seach, ag rádh, Psal.81: “Dubhairt mé gur Déa sibh.” Comhlíonaidh fós go ro-iomlán an ní do theagaisg sé féin ar an saoghal so, mar is Dia foirfidh é: dá mhéad onóir dá bhfuil agad, umhlaigh thú ann gach aon ní; agus ar son go bhfuil Dia re dígnid agus re mórdhacht ós ceann na huile neach, sáruidhe sé gach aon neach re humhla.” Ag sin mar do mhínigheas an doctúir aingli briathra Críosd thuas. Ionnas gur fíor, an mhuinntir a choimhlíonas tol Dé go hiomlán, nach é amháin go mbíonn meas tighearna ag Críosd orrtha, acht fós go ttugann onóir mar Dhéibh dhóiph. Foillsígh an Coimhdhe, ag Eóin sobhisgéal c. 14, méad an ghrádh' atá aige air an tí donídh toil 'Athar, ag rádh: “Gibé ag a bhfuil grádh orumsa, coimhédaidh sé mo bhriathra agus a biaidh gean ag m'Athair air, agus tiucfum chuige agus dodhéanam comhnuidhe aige.” Ris na briathraibh so dearbhuídh dhúinn gur fíor a ndúbhairt roimhe sin, go roibh iomad d'áitibh cómhnuidh a ttigh 'Athar féin dobhídh arna n-órdughadh do lucht na mbeannacht mar luach saothair san ghlóir néamhdha; agus adeir 'na dhiaigh sin leo gurb í áit a chómhnuidh féin agus 'Athar, an tí do choimhlíonas a ttoil. Agus is intleachttach a chealgas sinn dochum a thola do dhénomh, ag rádh gurab é a shólás féin a bheith a bhfochair na muinntire donídh toil 'Athar, mar is é sólás na n-anman beannuighe a bheith a bhfochair Dé ar neamh; agus mur sin cuiridh iad air mhódh éigin a ccosamhlacht re Dia féin. Agus ar son nach cóir a shéana gur a bhfíoghair adubhairt Críosd na briathra úd, foillsíghidh go roshoilléir méad an ghrádh' agus an mheasa atá ag Dia air an muinntir a choimhlíonas a thoil; ionnas narbh fhéidir dhó a ghrádh féin nías iomláine agus nías follasa d'fhoíllseadh. Is dearbhtha fós nach féidir linn air an saoghalsa ciall iomlán na mbriathar milisghrádhach úd do thuigsion nó breith ar an
rúandhiamhair atá fúatha; agus ar son gur dochum méada a ghrádha féin do thaisbénadh adubhairt Críosd iad, sáruidh an uile thuigsi dhaonda. Agus ní bhfuil contabhairt gur mó an sólás re Dia a bheith a n-anam agus a ccroídhe fíréin donídh a thoil féin ná a bheith a bpálás dá sháidhbhre agus dá mbeith míle uair nías fairsinge ná na flaithis uile. An 9 C. DÁ MBEITH GAN CÚRAM AR BITH ÓS CEANN NÁDÚRA A BHEITH AG DIA AR TTIMCHIOLL NÓ A TTIMCHIOLL NA NEITHE BHAINEAS LINN, BA CÓIR DHÚINN Ó DHLIGHEADH GLIOCAIS AGUS CRÍONNACHTA A THOIL DO DHÉNOMH. Do thaisbéin mé aroimhe so re réasúin dhiadha as an scrioptúir naomhtha an freachnadh ro-uasal so do chur a ngníomh; anois taisbéna mé re réasún daonna nach bhfuil leisgéal air bith againn gan ar ttoil féin do chur re toil Dé ón uile cheart críonnachta agus gliocuis, mádh ádbhaidhmuid go bhfuil réasún nádúrtha ag na daoinibh. Is follas as a ndúbhramur roimhe so go bhfuil an t-eagna so do réir an uile ghliocuis chríosduidhe, agus gur mór an mhire agus an easbhuidhe céille a chontrárdha do mheas. Nach duine gan tuigsin an tí dobhearadh tarcuisne ar gach ceart agus ar gach réasún rear dhearbhuídhmur thuas na fiacha atá ag Dia air, agus a léigeas thairis an sochar, an toradh, agus an tarbha tig dhó as toil Dé do choimhlíonadh, agus go ndénadh Dia a thoil féin más olc nó maith ris an duine é; agus fós go mbainionn dar Slánuighthóir an sólás dobheith aige as a thoil do dhénomh dhúinn, agus a chuireas a ttarcuisne comhlódar agus cuideachta an uile naomh do ghabh slíghe ríoghdha tola Dé? Acht gan labhairt annso air na réasúnuibh diadha spioradtálta sin, agus a ccás ní nach féidir a bheith amhlaidh nach bhfuil fiacha ag Dia oruinn agus nach beith fonn air sinn do dhénamh a thola, agus nach beith dochar ar bith dhúinn gan a thoil do dhénomh; ba cóir dhúinn ó ghliocas nádúrrtha sinn féin do chur re toil Dé ar son sóláis agus ciúnais an tsaoghail so féin.
Dochum so do chur a ccéill, cuirim mar ní gan ámhras gur minic a theagmhas ar an saoghal maith mhór a theacht dhúinn as neithibh is olc linn, agus olc mór as neithibh a mheasmaoid bheith maith dhúinn; ionnas go ttig do ghnáth, as an ní is mó a mbíonn fonn agus taitneamh ag duine ann, gurab as tig duadh agus dochar dhó, agus an ní do chuirios doilgheas agus tuirsi air, gurab é fhuasglas ón uile bhruid agus bhochttacht é. Is minic a bhíos mórán sáidhbhris agus óirchisti 'na chionfátha báis ag daoinibh; minic fós galar agus easláinte gur choimhéid daoine ar olcaibh móra anna ttuitidís dá mbeith sláinte aca; ionnas nach feas do dhuine a' rachuidh an tinneas anna bhfuil nó an bhochttacht atá d'fhulang a ndochar dhó, nó an rachuidh an tsláinte agus an sáidhbhreas atá aige a sochar dhó. Uime sin, ní cóir do dhuine do réir chríonnachta nó ghliocuis ar bith fonn nó taitneamh do bheith aige anna ccuid dhíoph tair an ccuid eile, ó nach feas dúinn créad é an sochar nó an dochar a tig as ceachtar dhíoph. Ní thuigmaoid ar aon chor an bhrígh atá annsna neithibh ionnta féin, ionnas gur chóir dhúinn neamhchás do bheith againn ann gach ní dá tteagmhann ar an saoghalsa acht gach ní do ghabháil chugainn gan iomarcaigh tuirsi nó lúathgháire; agus gurab í so an chríonnacht nádúrrtha, foillsíghim é ris an sompla so síos. Gibé dorachadh anna seómra anna mbeith iomad cófradh, cuid díoph lán d'ór agus cuid eile lán do chlochaibh, acht rena bhfaicsin don taobh amuigh, níorbh fhéidir a n-aithne tair a chéile; dá ttugthaoi a rogha dhó dhíoph uile, óir is ionann do bheith chuca, ar an ádhbhar go mbeith a n-ainbhfeas air créad an ní dobheith san ccófra do thoghfadh sé; agus ba fearr leis an tí dothug asteach é do thogha cófra dhó ná é féin; óir dá tteagmhadh don fhear sin dol ar seachrán, ní airsin dobheith oirbhire; agus ba hionmheasda dhó, dámádh cáruid dó an duine, nach meallfadh é, air an ádhbhar go mbeith fhios aige gach ní dobhídh ann gach cófra dhíoph. Ar an modh ccédna dhúinne, ní feas dúinn an t-olc nó an mhaith atá a bhfolach a neithibh an tsaoghail so, agus uime sin is cóir dhúinn cíneamhain an tsaoghail agus gach ní a léigeas Dia oruinn d'iomchar go foighideach re deaghthoil.
Mar an ccéadna, gibé dobheith air bórd lán do bhiadh dheaghbhlásda, agus nimh air leath na mias, agus an leath eile lán do bhiadh fhalláin, agus nacharbh fhéidir leis aithne eatorro; ní críonna do dhénadh lámh do chur a n-aon mhéis nó go ccuireadh an duine maith, do chuir an bórd 'na shuighe, lámh a méis díoph agus go mblaiseadh an biadh roimhe. Mar sin, ní críonna do dhuine sáidhbhrios d'iarraidh tair bhochttacht nó sláinte tair easláinte, an tan nach feas dó nach bhfuil a bhás a bhfolach fútha súd agus a bheatha fútha súd eile. Nach fearr gach ní dá tteagmhann dúinn do ghlacadh go foighideach ó láimh Dé dar feas an mhaith agus an t-olc atá ann gach aon ní, agus ag a bhfuil grádh ádhbhul air a chréatúiridh féin? Atá an fhírinne so chomh soilléir agus sin go ndénann an solas nádúrrtha fiadhnaise ria. Dochonairc mórán do gheintilibh éifeacht an réasúin so, agus do chuireadar iad féin ris dochum ciúnios inntinne do bheith aca, a ccás nach beith síorrdhuidhacht ar bith ann agus nachar mhian re Dia iad dá dhénomh. Réasún eile is éifeachtuidh ná sin, do tharraing sé mórán do dhaoinibh, .i. nach iomchubhaidh do dhuine saothar nó duadh do chaitheamh ris an ní nach baineann leis agus nach bhfuil air a láimh nó air a chumhachta; óir ní bhfuil d'fhiachuibh ar dhuine réasún do thabhairt acht air a shon féin agus air son na neithe atá air a chumas. Go ttig na neithe ar an modh so nó ar an módh eile, go bhfuil an fear úd a n-onóir agus an fear eile faoi tharcuisne, go bhfuil an fear úd trén nó láidir agus an fear eile meirbh nó míthreórach, go bhfuil an fear úd a ngrása agus an fear eile a míghrása; iad sin agus a samhuil eile do chínneamhna, ní bhfuil air ar ccumas agus ní bháinid linn. Uime sin ní cóir dhúin sólás nó tuirsi do bheith oruinn ar a son. Gídheadh, an ní atá ar do chumas féin, bíodh cúram agatt 'na thimchioll agus smuain air, mur atá, deaghghníomh nó míghníomh do dhénomh, óir is iad sin amháin atá air cumas an duine. Uime sin is cóir dhó rochoimhéad do bheith aige dochum an ulc do sheachna agus rodhíthchioll dochum na maitheasa do dhénomh; agus uatha sin amach neamháird do thabhairt air an uile ní, gibé ar bith mar a thiocfuid.
Cuirid daoine eagnuídh résún eile leó so, .i. eidir dhá olc, an t-olc is lúgha do thogha. Is dearbh gur mó an t-olc duine a bheith dá chéasadh do ghnáth re bruid, eagla, agus míchiúnios ná bheith a troid ris an dochar féin an tan a tig. Uime sin is críonna go mór donídh an duine a bhíos ollamh dochum an uile cháis d'iomchar go foíghdeach nó an tí a bhíos lán do chúram agus do chritheagla do ghnáth. Fós, is díomhaoin dúinn eagla nó mífhoighid do bheith oruinn, an tan nach ttugaid furtacht don tinnios atá oruinn nó don bhochttacht atámaoid d'fhulang, agus nach ttóguid dhínn fuath nó tnúth ar námhad. Ar son na réasún nádúrrtha so is iomchubhaidh dhúinn, dochum ar gciúnais féin, ar ttoil do chur re toil Dé agus iomchar go foíghideach gach ní is toil leis do theacht oruinn. Atáid na réasúin so adúbhramar rofhollas annsna neithe nach bhfuil air ar ccumas féin agus nach féidir linn a seachna; gídheadh, annsna neithibh atá air ar ccumas, atáid résúin eile nádúrrtha ag cur d'fhiachuibh oruinn a ndénamh agus a ttogha do réir ghliocuis agus chríonnachta, tré mhéad an tsóláis agus an tsochair tig dhúinn asda air an tsaoghal so féin, mádh chuirmaoid air ttoil féin re toil Dé go hiomlán do réir riaghlacha foirfidh an tsoisgéil naomhtha, air son go ttéid cáil éigin os ceand tuigsi nádúrrtha, do bhrígh gurab ó Dhia féin a táinig. Mádh fhiafraighunn duine cia í toil Dé is maith leis do chomhlíonadh dhúinn, freagra fhíor air sin, nach ní ar bith í acht lorg Íosa Críosd do leánmhuin tré bhochttacht, tré riachttanas, tré tharcuisne an tsaoghail, agus tré sheachna gach antola. Atáid na neithe so do réir ghliocuis nádúrrtha air an saoghal so, a ccás nach beith an bheatha shúthain ann, ionnas nar chóir do dhuine ar bith fuath nó gráin do bheith orrtha. Uime sin na feallsamhuin adéireadh nach roibh an t-anam síorruidhe, mar dobhídh Stóici, agus cuid adéiradh nach roibh Dia ann; agus na Epicuri adeireadh nach roibh cúram ag Dia fa na daoinibh, air a shon sin, a leanmhuin riaghlacha réasúin nádúrrtha, do theagaisg siad agus do thuigeadar agus do chuir cuid aca a ngníomh é: gibé rear mian beatha chiúin do bheith aige ar an saoghal so, gurb iomchubhuidh
dhó grádh do bheith aige air an mbochttacht, anmhina na colla do chlaoi, agus sámhas an tsaoghail do chur a ndimbrígh. Dothugadur réasún maith ris so, óir, gibé donídh a chontrárdha so, bídh do ghnáth lán do chritheagla agus do chúruma buarrtha, agus is éigin dó níosa mhó d'olc d'fhulang ná is féidir re sámhas an tsaoghail so do leighius nó do bhuain de. An sáidhbhrios, ní bhíonn go bráth gan iliomad peiriacla, eagla, agus cúruim 'na chuideachta, an tan a bhíos dá chruinniughadh nó dá chaitheamh nó dá choimhéad. Sólás agus antoil an tsaoghail, dobheirid galar agus easláinte leó, agus báinid go minic a chiall agus a réasún, an mhaith is mó atá ag duine, dhe; ionnas nach bhfuil ní is peiriaclaigh ná maoin an tsaoghail so. Onóir fós an tsaoghail, atá lán do chúrum, do bhuairt, agus do thrioblóid, agus 'na hádhbhar fuatha, tnútha, agus misguisi; ionnas, do réir riaghlacha an uile dheaghréasúin, nach cóir mórmheas do thabhairt orrtha. Dothig an teagasg so na bhfeallsamhan re teagasg ar Slánuighthóir Íosa Críosd agus re toil Dé is cóir dhúinn do dhénomh. Adeiridís na feallsamhain chédna gurab í riaghail dochum beatha beannuighe is fearr air bith - gan ní ar bith ar an saoghal so d'iarraidh, a bheith réidh re beagán, a bheith síthchánta re gach aon duine; agus do réir chríonnachta, gibé rear mian beatha chiúin do bheith aige air an saoghal so, is mur sin is cóir dhó dhénadh, gan leatrom do dhénomh air aon neach, agus an mhéad gur féidir leis, réir gach aon dhuine do dhénomh. Ag so mar do theagaisg na feallsamhuin úd, ag rádh gur chóir don duine eagnuídh a chlann agus gach ní eile, dá bhfuil air a chumas féin, do smachttadh go heólgach; ní nach féidir do dhénomh muna smachttuidh an duine a chlaonta féin ar ttús. Is iongantach an gníomh dorinde Epicurus, mar aithrisid úghdair air. Dobhíodh a spáirn agus a cathadh rena chlaonta féin ionnas go smachttadh iad. Uair éigin dá roibh tinneas air ádhbhalmhór ronimhneach, do lagadh é go mór; gídheadh, dorinne sé an uile dhíthchioll foighíd do bheith aige ris an tinnios dochum an doilghís dobhídh air do chlaoi; acht mar nach raibh grása nó unga an Spioraid Naoimh aige is mór an duadh d'fhuiling agus is mall dobhídh 'dol air agháigh. Fa dheóigh do thuig sé go fírinneach do réir ghliocuis agus
chríonnachta, dámádh maith leis ciúnas inntinne do bheith aige, do réir an bhreithamhnuis sin, nach roibh sólás ar bith bá mó nó é, agus nach roibh sólás ar bith ann gan é, do chuir roimhe go foirtill deaghmheisnigh buaidh do bhreith ar féin, agus do chuir a ccrích é, ionnas, annsna pianaibh is mó dobhíodh air, go mbíodh go suilbhir súgach, agus go ndearbha sé roshólás do bheith aige. Mádh dubhairt agus má dorinne Epicúrus sin, créad is cóir dhúinne do dhénomh ag a bhfuil solas an chreidimh againn, grása Dé ag cuidiúghadh linn, bás ar dTighearna Íosa Críosd 'na shompla againn, dóchas na glóire síorruidhe againn agus sompla na naomh dochuaidh romhuin? Air an ádhbhar sin, dénmaois ó ghliocas nádúrrtha an ní atá d'fhiachuibh oruinn re míle titul eile. Dénmaois ó mhacántas agus ó dheaghiomchar an ní is éigin dúinn do dhénomh ón uile cheart. Dénmaois díthchioll teacht dochum na foirfidheachta a ttáinig na págánaigh re solas nádúrrtha, air an ádhbhar gur cheannuighe Críosd sinn re mórphianuibh agus rena bhás féin. As a ndúbhramar san chaibidil so dogheibhmaoid riaghuil chríonna ghlic réna bhfoillsíghthar dhúinn dhá ghné neithe do bheith ann; gné dhíoph sin nach bhfuil ar cumas aon nduine, mar atá neithe cineamhnacha, amhuil atá, meas maith dhaoine eile ort, sláinte mhaith nó easláinte, saoghal fada, cogudh, pláigh, agus a shamhuil sin eile. An dara gné atá air cumas gach aon nduine, mar atá, gach ní dá bhfuil faoina thoil shaoir ag an duine. Brígh na riaghlach so, gach ní dá bhfuil air ar ccumas do dhénomh do réir thola Dé, agus dá tteagmhadh dhúinn dol air seachrán, doilgheas do bheith oruinn, agus sin féin do cheartadh, agus an tslighe do leanmhuin go díreach, agus an uile pheiriacuil do sheachna; neamhshuim fós do dhénomh dho na neithibh nach bhfuil air ar ccumas, gan sólás nó tuirsi do bheith oruinn 'na ttimchioll, gan rofhonn nó rofhuath do bheith againn orrtha, acht a leigionn thoruinn mur neithibh nach baineann linn; óir ní chuirfium toirmeasg orrtha re doilgheas do bheith oruinn, agus ní hiomchubhaidh dhúinn ar saothar do chaitheamh go díomhaoin. Fós, ní bhainid linn mar nach bhfuilid air ar ccumas agus nach feas dúinn an maith nó olc a thiocfas fa dheóigh asda.
An 10 Caib. AR BHREITHEAMHNUSUIBH CEÁRTA ÍONGANTACH DÉ AS AR CÓIR DHÚINN SINN FÉIN DO CHUR RENA NAOMHTHOIL. Méad an tsochair atá do dhuine a thoil féin do chur re toil Dé, taisbéna mé go soilléir annso é re sompla chirtbhreitheamhnuis agus cúruim iongantaigh Dé fa na daoinibh, rear thóg mórán as bruid agus as bochttacht chum sonuis mhóir nach raibh dúil nó dóthchas aca teacht chuige, ionnas go bhfaicfeadh na daoine, an ní a chuirios doilgheas orrtha agus a mheasuid a dhol a ndochar dhóibh, gurb é a sochar tig as; agus mar an ccédna, an ní anna mbíonn fonn mór agus taitneamh aca ann, gurb é a bhéras go hiffrionn iad, agus níis measa ná míle iffrionn, go ttuillid fearg Dé go síorruidhe ris. Uime sin, sláinte, onóir, sáidhbhríos, agus saoghal fada, is minic gurab iad bá hádhbhar bruide agus bochttacht don mhuinntir ag a rabhadar; an' ághaigh sin, easláinte, míchlú, bochttacht, agus luathbhás, is minic a táinig glóir agus sonas asda, ionnas nach roibh so a n-ainbhfeas air na págánachuibh féin. Scríobhuid úghdair air Phoimp Mhái, Plutarcus, to. 1, nar theasduigh dá ghlóir agus dá shonas saoghalta uadh acht nach bhfuair bás deich mbliadhna níosa luaithe, ionnas gurab é fad a shaoghail, air a roibh meas mór aige féin, bá hádhbhar agus cionfátha gach uilc dar éirghe dhó fa dheóigh. Adeirid úghdair eile, Quintus Cursius, lib.l0, c.9, gur mór do mhéaduigh ainm agus glóir Alasdruinn uaibhrigh an luathbhás dofuair; óir, dá mbeith saoghal ba faide aige, do chaillfeadh an mórainm dobhídh aige tré mhéad an ullmhuigh cogaidh dobhídh roimhe san Euróip. Ionnas, dochum duine a bheith oirdheirc air an saoghal so, nach feas dó an férr dhó saoghal fada nó gérr do bheith aige, agus nach bhfuil ní ar bith gan a pheiriacuil féin 'na chuideachta, agus nach bhfuil ní ar bith caomhánta nó sábhálta againn acht do réir mar d'órdaigh Dia. Foillsighmuid so re sompluidhe is cinnte ná iad súd. An ní a tárla do phrionsa sluaigh rígh na Siría chum sláinte chuirp agus anma d'fhagháil san ghalar gránna do léig Dia air, lib.4 Reg., c.5. Fós, ní foíghdeach dobhídh ag iomchar a thinnis
mar d'fhoillsigh féin go lór ris an bhfreagra tug an fáidh Eliseus air, rear fhérgaidh sé, ar son go roibh dochum sláinte dhó; acht dobhídh tuirsi ádhbhal air fa an lúbhra ghráineamhuil a roibh a chorp lán di. Gídheadh, dá mbeith fios aige méad na maitheasa táinig dhó as sin, ba mó é ná maoin agus sáidhbhrios rígh na Siría; óir ní hé amháin go bhfuair sláinte iomlán chuirp acht dofuair sláinte anma agus eólas air an Dia fírinneach, ionnas nach ttárla dhó air an saoghal so ní bá fearr dhó ná an lúbhra sin do theacht air. Mar an ccédna do thárlaidh dhon tí ar a roibh pailrís air san soisgéal ag Matha, c.9; óir ní bhfuair maith ariamh ba férr dhó ná an tinnios sin dobhídh 'na chionfátha sláinte cuirp agus anma d'fhagháil dó níosa iomláine nó mar dobhídh aige, ionnas go mb'éidir dhó a rádh gurb é sin an tinnios sénmhúr tug cúis dó go ccualadh as béul Chríosd: “Bíodh dóthchas agad, a mhic; maitear do pheacaidh dhuit.” Is dearbhtha, galruighe dá ttroma, dá mairdís dhá mhíle bliadhain agus a n-iomchar go foighídeach, nach compráid iad ris an tiodhlacadh tug Dia don easlán úd; óir ní hé amháin go bhfuair sláinte anma acht dofuair sláinte ro-iomlán chuirp, ionnas gur thóg a leabuidh féin ris dochum a thighe féin. An sáidhbhrios fós, ar a mbíonn meas mór ag na daoinibh, is minic gurab é 'easbhuidh is mó dothéid a sochar dhóiph. Bochttacht Rút, mar do léightear san 2 agus san 4 c. dá leabhar, ba cionfátha dhi teacht chum sáidhbhris tair mhórán do mhnáibh eile, ach is as táinig Críost do theacht ar a sliocht. Is sí an bhochttacht chédna dorinne na hapstuil beannuighe, óir dá mbeithdís sáidhbhir, ní thógfadh Críosd dochum dígnide comh mór agus sin iad. Do chaill an rígh Manasses,4 Regum, c.21, a ríoghdhacht, agus ní hé amháin, acht do gabhadh é féin rena naimhdibh agus rugadh ceangailte cuibhrighe don Bhabilóin é. Ba trom tuirseach leis an bhruid sin, gídheadh, is uaith táinig a shlánughadh síorruidhe, agus níorbh fhéidir dhó fhagháil do ríoghdhacht nó sháidhbhrios ní bá fearr dhó nó í; óir is innti do thionsgain sé, dobhídh 'na pheacach gráineamhuil agus 'na rígh mallaighe roimhe sin, aithniughadh cia é féin, agus do chlaochlóidhe é anna nduine eile naomhtha bheannuigh.
Onóir fós agus meas mór ag a mbíonn rochúrum ag na daoinibh 'na ttimchioll, is minic gurb é a ccáill ba hádhbhar séin agus sonuis dóiph, agus gur ris a thigid dochum onóra is mó nó mar dobhídh aca. An masla dofuair an pátriarc naomhtha Ioseph fa mhnaoi a thighearna, as ar cuireadh a bpríosún é, Gen. 39 et 41 c., ar son gur chuir tuirsi mhór air, is iad dorinne slíghe dhó dochum na glóire agus na honóra dofuair, an tan dotugadh cumhachta ós ceann na hÉighipti go hiomlán dó, agus mórán sochair eile nach iarrfadh féin. Ionnas gur minic tig, an galar nó an ní do chuirios doilgheas oruinn, mar atá, cáill ar maoine do ghuilmaoid, ar saoirse do cháill a chuirios dubhrón oruinn, ar cclú do cháill dothéid go nuige an smior innuinn, agus go n-órduighann Dia iad dochum sláinte maithe, chum sáidhbhris mhóir, chum cinneamhna sóna, chum onóra is mó, agus ní a théid ós a cheann sin uile, dochum na beatha síorrdhuidhe. A chontrárdha so go minic a theagmhas don muinntir ag a mbíonn toice an tsaoghail aca, as a mbíd lán d'uabhar agus do mhórmheas orrtha féin, ionnas gurab as sin a tig an uile olc fa dheóigh dhóiph. Fábhar agus grása an rígh, sáidhbhrios romhór, onóir ó gach aon duine, do chuireadar so Aman ann n-anuabhar romhór; gídheadh, dá smuainiugh air, ní roibh ádhbhar gola nó tuirsi aige bá mó nó iad, mur do thaisbéain an chinneamhna fa dheóigh dhó, óir ar ccáill a mhaoine, 'onóra, agus 'ughdardháis dó, do crochadh é san ccroich do hullmhuidhe leis féin do Mhardoceus, Ester, c.3 et 7. Cia nach beith iongantas air fa na breitheamhnusuibh so Dé? Cia ar nach ccuirfeadh críthnúdh agus gráin air, na neithe a theagmhas do réir a thola féin do dhuine? Créad do mhill an rígh oirdheirc Solamh mhac Dábhí acht méad na glóire agus an tsáidhbhris dobhídh aige thair gach rígh dá ttáinig roimhe nó dá ttáinig 'na dhiaigh a nIerúsalem, 3 Reg., c.11. An rígh Antiocus, an feadh dobhídh slán agus buaidh an tsaoghail ag éirghe leis, dorinne iliomad uilc, acht fa dheóigh dofuair bás cuirp agus anma air a leabuidh a mbruid mhóir, 2 Macabeorum, c.9.
Is follas as so, glóir agus onóir an tsaoghail so a bhíos na daoine d'iarraidh re saothar agus re fonn, gurab as a tig an uile olc agus anró dhóiph; agus fós, na neithe is mó do chuirios doilgheas orainn air an saoghal so, gurab asta a tig séan agus sonas dúinn. Uime sin, an mhéid a bhainios linn féin, is cóir dhúinn a bheith comh ré ris súd agus ris so, agus gan fonn do bheith againn a cceachtar dhíobh thaire a chéile, acht a léigion ar thoil Dé gach aon ní, ós aige atá fios gach neithe is mó sochar dhúinn; agus sin amháin a bheith 'na chúrum oruinn, toil Dé do choimhlíonadh, rear féidir gach duadh dá mbiadh oruinn do chur a sochar dhúinn, agus gach sámhas saoghalta dá mbiadh againn do léigean dochum dochair agus dóláis dúinn. As ar ttoil féin mur so do chur re toil Dé, tair an luaighdheacht atá againn ó Dhia, tig an sochar síorruidhe úd dhúinn as agus a bheith saor ón uile thuirsi agus dhoilgheas, agus ciúnas agus síthcháin inntinne a bheith do ghnáth againn. Ní bhfuil ní ar bith nach féidir maith nó olc do theacht as, acht ní feas dúinne cia haca dothiucfas dúnn asda. Uime sin, ní bhfuil comhairle is críonna againn nó sinn féin do thaobha go hiomlán ris an tí dar feas críoch gach aon neithe, agus rear mian maith do dhénomh dhúinn, ar an ádhbhar gurab é ar nDia é agus ar n-uile mhaith. Dá mbeith dall ar lár curraigh an' aonfhear, gan fios aige cionnas dothiucfadh as, agus é lán d'eagla go ttuitfeadh a mbachtuidh éigin, ba mór an sólás ris duine éigin do theacht chuige dobheradh gan ghuasacht as an ghábhadh sin é. Mur sin dúinne uile, atámaoid an ngábhadh romhór idir thonna agus chairrgeach, an tsaoghail, agus ní feas dúinn ga taobh a ttiubhram ar n-aghaigh; acht atá Dia trócuireach rae dochum a láimhe do thabhairt dhúinn agus ar ttreórughadh air an tslíghe dhírigh, mádh thaobhmaoid sinn féin ris, agus bá héigcríonna dhúinn gan sin do dhénomh. An 11 C. LEANTAR ANNSO AR BHREITHEAMHNUSUIBH CEARTA DÉ; AGUS FOILLSÍGHTHEAR MÉAD NA PEIRIACLA ATÁ GAN TOIL DÉ DO CHOMHLÍONADH ANN GACH NÍ DÁ LAEGHAD. Atá rúaindiamhair bhreitheamhnasuibh cearta Dé comh uathbhásach agus sin os ar cceann nach é amháin annsna neithibh
móra acht fós annsna neithe beaga gur chóir dhúinn ar ttoil féin do chur rena thoilsion, ionnas nach iomchubhaidh dhúinn ar méar do bhogadh acht dochum go ttaitéamhna re Dia. Dochum so do thuigsion, bíodh fhios againn gur ordaigh eagna Dé mórán maithiosa corpardha agus spioradtálta do theacht dhúinne as coimhlíonadh a thola féin a neithibh ro-éadroma; ní dothéid os cionn an uile thuigsiona daonna. Léigidh Dia thairis ar an saoghal so gan pian ar bith do chur ar son pheacadh móra troma, agus ar son pheacadh éadroma, go ccuirionn díoghaltas mór. Dochímuid fós, ar son oibreacha roshubháilceacha, nach ttugann luaighdheacht ar bith ar an saoghal so uadh, agus go ttugann d'oibribh beagshubháilceacha luaighdheacht mhór; agus sin uile do theacht ó rúaindiamhuir an eagna shíorruidhe. Mur sin, ó nach feas dúinn cia é an gníomh is lúgha nó is mó a thaithneas re Dia, is iomchubhuidhe dhúinn a bheith aireach air gach aon ghníomh d'eagla díomdha Dé do theacht oruinn an uair nach saoilmaois. Cia do mheasfudh gomádh lór ré Dia do phéin do chur ar Dhábhí rígh, fa adhalltranntas do dhénomh re Betsabee agus fa fheill do dhénomh ar Urias, bás aon leinbh amháin, 2 Reg., 11 et 12 c., agus fa chomháireamh an phopuil, gan égóir do dhénomh ar dhuine ar bith, gur dhíghuil Dia é re bás sheachtmhoghatt míle fear, 2 Regum, 24; agus gach ní dhíoph sin go trócuireach agus go ceart? Ní léughtear fós gur chuir Dia pian ar bith ar an sagart Áron ar son an pheacaidh rothruim, an tan do léig do chlanna Israel ar an bhfásach aodhal do dhénomh dhóiph féin, agus do thóg altóir dhó, Exod., 32 c.; acht 'na dhiaidh sin, fa pheacadh édrom, do cheann go ndéarnaidh sé féin agus a dhearbhráthair Maoisi contabhairt éigin fa uisge do bhuain as cárruig chruaidh, agus do chuir Dia do phéin orrtha gan a léigean asteach san talamh naomhtha, an ní is mó dobhídh d'fhonn orrtha ar bith, agus thairis sin tug bás ar an tslíghe dhóiph, ar bhfaicsin na tíre uatha, Nr., 20 c.. Ab darbh ainm Maoisi dorinne peacuidhe troma, agus níor chuir Dia pian air ar a son. 'Na dhiaidh sin, ar son gur labhair go garbh anna ndiospóracht éigin, do léig Dia don díabhul dul 'na chorp go ttug piana móra dhó, Cassian, Collat.7, c.27.
Is uime do ordaigh maith agus eagna Dé sin, ionnas nach bemaois mainneachttach fa thoil Dé do choimhlíonadh ann gach ní dá laeghad, ar an ádhbhar gur féidir leis ó cheart piana móra do chur orainn ar a son. Re rúaindiamhuir bhreitheamhnuis Dé bháineas an bás dofuair an rígh beannuighe Iosias, do chionn nar chreid don rígh bharbardha d'fhoillsígh neithe dhó a n-ainm Dé, 2 Paralip., c.35. Is ro-íongnadh fós go ttug bás obonn do Oza fana láimh do chur a chongbháil áirc na tiomna dobhídh a tuitim as an ccairt a roibh dá hiomchar, 2 Reg.,(c.6). Aithristear fós, 3 Reg., c.13 et 20, ar dhís eile, gur mharbh leóghuin iad fana ttoil féin do dhénomh a neithibh éttroma. Ní lúgha ná sin an t-iongnadh is cóir dhúinn do bheith oruinn fa an ní a tárla don duine mhaith riaghalta dobhídh 'na sheanmóntaigh oirdheirc, Cristóir Oirtísius, Iesúite, ar son gur dhiúlt re iomad umhlachta oific onórach dobhídh 'uachtráin do thabhairt dó, acht is uime sin do léig Dia caor thinntidhe do thuitim air. Do thaisbén Dia 'na dhiaidh sin gur bheag an choir sin re mórán míorbhuile; agus tair éis a bháis go bhfacas é go minic ag seánmóir don muinntir dothug roimhe sin dochum creidimh Críosd. Ab oile darbh ainm Pól, fa ghníomh as a measfadh daoine gomadh córa luaighdheacht d'fhagháil dhó ná pian, do chhuir Dia paileris air; ionnas nach roibh ball dá bhalluibh rearbh fhéidir 'oiffic féin do dhénomh, Cassianus, Collat.7, c,26. Is mó ná so an phian do cuireadh ar mhnaoi Lot, a ndearnadh cartha salain di, fa fhéachuin 'na diaigh re cúrialtas banda, Genesis 19, ar son go n-abruid drong do na haithreacha nar pheacadh romharbhthach é. Tuitim Pheadair, ag diúltadh Críosd, Math.26, ní roibh ann acht pian andhóthchais nar mhór. Dábhí rígh, re haon amharc amháin súl, agus 'mhac Solamh, as glóir dhíomhaoin, do thuiteadar a bpeacaibh troma. Ní bhfuil fós contabhairt, drochchríoch an rígh Sául, sgrios a thighe go hiomlán, agus a bhás síorruidhe féin, gurab as neithibh beaga do thionsgain ar tús, agus gach mórpheacadh eile dá ndeárnaidh. An'aghaidh so, ar son oibreacha beaga subháilceacha, dothug Dia tiodhluice móra uaidh. Abiogáil, ar son go ttug focal maith do Dhábhí rígh, agus dothug biadh dá mhuinntir
aon uair amháin, dofuair a bheith 'na banríoghain agus 'na mhnaoi ag an rígh céadna, 1 Reg.25, a v.24. Rebecca, ar son díghe uisge do thabhairt do shearbhóntaigh Abrahaim, dofuair a bheith 'na mhnaoi ag Isaac agus Críosd do theacht air a sliocht. S. Grighóir, ar son aon déirce amháin, do chuir Dia é ós ceann na hEagluisi agus tug mórán grása eile dhó. Duine darbh ainm Peadar dobhídh ag tógbháil custuim, ar son déirce dorinne, bíodh gur re saobhnós dorinne í, dofuair fabhar agus grása móra ó Dhia, go roibh fa dheóigh 'na naomh oirdheirc. Ionnas, deaghghníomh dhá laeghad, gur minic tig mórmhaith as, naomhthacht, agus sláinte shíorruidhe; agus fós, as drochghníomh dá tharcuisnigh, go ttig olc mór as agus damnughadh síorruidhe. As so is tuigthe dhúinn gur cóir dhúinn toil Dé do dhénomh go rodhúthrachtach annsan uile ní dá laeghad. Do chaillfeadh Abigail a roibh don tsaoghal aici agus í féin, muna ndénadh sí an beagán daonnachta dorinne ar Dhábhí agus air a mhuinntir; agus rena dhénomh, dofuair sí maoin agus sáidhbhrios bá mhó ná dobhídh aici agus rígh cumhachttach do bheith d'fhior aici. Is iomdha bruid agus bochttacht do sheachanudh Saul agus Solamh dá ccuirdís iad féin re toil Dé. Mur sin, bá cóir dhúinn crithnúghadh croídhe do bheith oruinn, an tan do léigmaoid thoruinn ní ar bith dá laeghad do dhénomh a bhíos do réir thola Dé, óir ní feas dúinn nach mór a bhfiadhnaise Dé an ní a mheasmaoid féin do bheith beag nó éttrom. Ba maith dhúinn brígh na réasún so do thabhairt fa dear go grinn agus a ccur a ngníomh go héifeachttach, ar an ádhbhar gur ropheiraclach ní ar bith dá laeghad do dhénomh a n-aghaigh thola Dé. Bíodh go ndénadh duine toil Dé a neithibh áiridhe; gídheadh, muna ndéna sin go foirfidh agus go hiomlán, ag cur neamhshuime a neithibh beaga, cuirfidh é féin a bpéiracuil tuitim anna neithibh móra, ar an ádhbhar nach feas dó nach air na neithibh beaga sin atá a shonas saoghalta agus a shláinte shíorrdhuidhe. Atáid breitheamhnuis Dé rodhomhuin, ro-árd, ionnas gomádh cóir dhúinn a mbeith do shíor os cuinne ar súl agus ar ccroídhe gach uair dá bhfaghmaoid cionfátha deaghoibridhe ar bith dá laeghad do dhénomh; óir ní feas do dhuine nach urrthi sin atá ar slánughadh nó ar ndámnughadh
síorrdhuidhe. “Is mór an duibhecán breitheamhnuis Dé,” Psal.35; agus ní críonna do dhuine fa ní gan éifeacht é féin do chur a ccontabhairt. Gibé dobheith os cionn cófra lán do ghloínibh beaga agus móra, agus tugthar sanus dó gloine dhíoph do bheith lán do nimh, is dearbh, ar cheannach dá mhéud, nach blaisfeadh ní as aon ghloine dhíoph. Mar an ccéadna is dénta dhúinn, ionnas nach tteachmaois ar seachrán anna ccomhlíonadh tola Dé, óir ní feas dúinn nach anna mainneachta dá laeghad atá an nimh dobhéradh bás dúinn. Gibé an'aghaigh sin do léigfidh asteach a seómra lán do chófraidhe beaga agas móra, agus curthar a ccéill dó cloch ro-uasal do bheith anna ccófra dhíoph agus gomádh leision í dá bhfághadh í; ba duine éaccríonna é muna a ccuartadh gach aon chófra dhíoph go bhfagha an liag luachmhór sin, d'eagla, nó ar son beagáin saothair, go ccaillfeadh an séad oirdheirc sin. Air an modh céadna is dénta dhúinne, gan gníomh dá laeghad do léigion thoruinn bhus taitneamhach re Dé, óir is furus dúinn a ndénomh agus ní feas nach orrtha atá ar sábháil shíorrdhuidhe agus órchisde mór ghrása Dé. Ceartbhreitheamhnais Dé dá chur d'fhiachuibh oruinn gan mainneachta do dhénomh fa ní ar bith is mian re Dia do dhénomh. An 12 Caib. FOILLSÍGHTHAR RE SOMPLUIDHE AN SOCHAR ATÁ A TTOIL DÉ DO CHOIMHLÍONADH. Ar son gomádh lór a ndúbhramur dochum gach aoin do bhrósdughadh dochum a thola féin do thréagan agus toil Dé do leanmhuin go hiomlán agus an freachnadh ro-uasal so do chur
a ngníomh do ghnáth; mar theagmhas go minic go ngluaision sompla maith an tí nach ngluaiseann réasún nó úghdardhás, cuirfium annso síos sompla is iomchubhuidhe dhúinne do leanmhuin. Ní bhfuil sompla comhlíonta tola Dé againn as fearr ná air tTighearna Íosa Críosd learbh fhéidir gan peiriacuil ar bith a thoil féin do dhénomh, ar an ádhbhar nach roibh drochchlaonta ar bith ann, agus narbh fhéidir ris peacadh do dhénamh, nó ní ar bith do thogha ach go fírghlic; ar a shon sin, ní dhearna gníomh ar bith ariamh acht do thoil an Athar shíorruidhe. D'adbhuigh féin so go follas, ag Eóin san 6 c., ag rádh gurab uime tháinig ar an saoghal so, agus nach roibh do bhiadh aige acht toil 'Athar do dhénomh. Fós, an tan do bhí a mbruid a bháis agus dochonnairc ós a chuinne gach céasadh agus gach piana dá roibh rena bhfulang aige agus bás tarcuisneach na croiche, agus go bhfacuidh fós gomadh éidir an cineadh daonna do shábháil gan an bás nó na piana sin d'fhulang dó féin, agus go roibh claonadh ag a nádúir dhaondha a seachna, níor iarr ar 'Athar an pháis sin do chur thairis, acht mun bá toil leis féin é, ag fágbháil gach aon neithe ag toil 'Athar; agus d'fhulaing bás dochum tola 'Athar do chomhlíonadh agus ní dheachuidh a ní dá laeghad thairsti; agus ag fagháil bhás san ccroich dhó, do thaobh 'anan ren 'Athair, ag tabhairt sompla dhúinn sinn féin do thabhairt air láimh Dé, agus gan fonn do bheith againn anna ní ar bith acht mar is mian leis, dámádh éigin dúinn ar mbás do theacht as agus piana an domhuin d'fhulang, an tan dobhídh Críosd ar tTighearna ollamh dochum an uile phéine d'fhulang dámádh toil rena Athar é. An dlígheadh agus an grádh so tola an Athar shíorruidhe do riamhráidh Dábhí, Psal.39, ag rádh a bpearsuinn Chríosd: “Atá sgríobhtha orumsa a ttús an leabhair do thoilsi do dhénomh; Ó, mó Dhia, is mian liom sin agus atá do dhligheadh a lár mó chroídhe.” Agus ag labhairt ar na fíréanchuibh, Psal.36, adeir go bhfuil dlígheadh agus toil Dé anna chroídhe; acht ag labhairt air Chríosd adeir go roibh a meadhón a chroídhe, ní hé amháin anna chroídhe, agus sin tré mhéd an fhoinn do bhídh air toil 'Athar do dhénomh. Beatha, saothar, agus doilgheas Íosa Críosd, is uime do ghlac iad, ionnas go ccomhlíonadh
toil 'Athar, dá roibh umhal gus an mbás agus bás fós na croiche, agus ionnas go ttug sompla dhúinn a lorg féin do leanmhuinn agus go ttuigmaois nach roibh a n-obair ar slánuighe uile acht comhlíonadh tola Dé; agus mur sin go mbeith grádh égmhais againn ar thoil Dé do chomhlíonadh, agus go leanmaois Críosd go seasbhach amhuil narbh fheidir linn ní ar bith eile do dhénomh. Adeirid na sobhisgéil, an tan dobhídh Críosd ag urnaigh san gháirdín, go ndúbhairt: “'Athair, más toil leat, cuir an pháis so thoram”; agus 'na dhiaigh sin: “Déntar do thoilsi agus ní hí mo thoilsi”; ris sin ag taisbénadh gurab ní do mhíthaitneamh re Dia, ní ar bith agus a dhénomh air ar ttoil féin. d'éis Chríosd, an dara sompla chomhlíonta tola Dé, an mhaighdean ghlórmhur Muire, do ghabh Mac Dé anna bruinn bheannaighe, an tan adubhairt, Luc., c.1: “Ag so misi cumhal an Tighearna.” Dhá ní dorinne Dia a chuirios uathbhás air na hainglibh uachttarach - Mac Dé do theacht a ccoluin daonda, agus fuasgailt an chínidh daonna air pháis Críosd; agus gach ní aca so do theagbháil dochum tola Dé do chomhlíonadh, an ní is mó thaitneas re Dia dá ttárla riamh. An óigh robheannuighe atá anois 'na banríoghain ós ceann na n-aingeal, ní bhfuil glóir nó onóir is mó ria ná gur chuir sí a toil féin re toil Dé; agus is ádhbhal an sólás dogheibh as a toil féin do cheangal re toil Dé. Fiadhnaise ar so canónach dobhídh a cColúin, a n-eagluis S. Cuinibert dobhí 'na dhéigh sin 'na mhanach S. Bearnard. Lá éigin, ag dénomh úrnaigh don fhear so, dochuala guth soilléir banríoghna nimhe as néull soillseach ag teacht chuige, ag rádh: “Déntar do thoil ar an talamh mar doníthar air neamh.” Do ghabh an guth fíormhilis so gréim comh daingean agus sin ann' inntinn, gach uair dá smuaineadh air, go ttuiteadh deóra troma uadh, Sesárius, lib.7, c.8. Fós ní bhfuil contabhairt, na seraphin, atá ar lasadh re grádh Dé, go ngabhaid sompla ón maighdin ghlórmhuir so. Dábhí, Psal.102, mar dochonairc nar lór é féin dochum Dé do mhóladh, goíridh na hainglibh, ag rádh: “Beannuigh agus moluigh an Tighearna, 'aingle uile, atá cumhachttach re subháilcibh agus re cumas briathra Dé do chomhlíonadh”; agus
'na dhiaigh sin: “Beannuigh an Tighearna na naoi n-úird ainglidhe, searbhóntaigh sibh doní a thoil.” Ionnas go measunn an fáidh ríoghdha gurab í uaisle agus onóir is mó ag na hainglibh beannuighe, toil Dé do chomhlíonadh go ro-iomlán agus go rodhíthchiollach, ní ar ádhbhar ar bith eile acht ar son Dé amháin agus dochum umhladh do thabhairt dó agus dochum gach neithe ba mian leis do dhénomh, óir is mian re Dia an freachnadh so na humhla a bheith a bhflaithios féin; agus ionnas gur móide do thaisbénadís tréigean a ttola féin, go mbíd umhal do na créatúirí eile ar son Dé. Uime sin do órduidhe Dia aingil os cionn aingeal eile agus umhla do thabhairt dóiph, mur dobhéaradh clann dá n-athribh. Uime sin, an tan dobheir Dia aithne do na hainglibh íochtaracha fa ní éigin do dhénomh, ní leó féin a lábhras acht cuiridh an aithne chuca re haingeal don órd uachttarach, ionnas go mbeith a n-umhla níosa oirdheirce ná mar dobheith dá lábhradh Dia féin riú; óir is mó an umhla é féin do chur faoi chréatúir ar son Dé ná faoi Dhia féin amháin. Atá a ttréigean so a ttola féin comh foirfidh agus sin annsna hainglibh go mbíd ac fúrachas do ghnáth créad adéaradh na haingle uachtaracha riú, agus a cuirid a ngníomh an ní adeirid leó comh maith agus dobheith béul Dé féin dá rádh leó. An ní céadna so do aithain maghistir na húmhla Íosa Críosd do na hapstuluibh, iad féin do thaisbénadh mar shearbhóntaigh don n-uile dhuine air son Dé, ionnas nach déndís a ttoil féin anna ní ar bith. Uime sin, is é ceann do thogh 'na dhiaidh féin air an nEagluis, Peadar, dar bhó comhainm Símón, .i. umhal, Ioan., 21. An tan fós do ghoir Dia air Phól abstul, is í céd cháint tug air do rádh: “A Thighearna, créad is mian leat do dhénomh dhamh?” Acta, c.9, v.6, ionnas go ccuireadh a ccéill dúinn, gibé rear mian seirbhís do dhénomh do Dhia, gur cóir dhó a thoil féin do thréigean agus an focal úd adubhairt Pól a bheith anna bhéul do ghnáth, .i. “A Thighearna, créad is mian leat do dhénomh dhamh?” Acht níor lór re Dia sin ó Phól acht do chuir dochum Ananias é, ionnas go mbeith duine faoi Dhia 'na mhaighistir air dochum a thola féin do thréigean go hiomlán. Tugmaoid dar n-aire annso, an tan do chuir Críost Pól go nuige Ananias, nach é ní
adubhairt ris ansin, dogheabha tú sgéula créad is mian leamsa do dhénomh dhuit, acht adúbhairt, dogheabha tú sgéala godé an ní is éigin duit do dhénomh; ionnas go ttuigmaois nach mian re Dia aon ní do dhénomh dhúinn acht an ní is riachttanach dhúinn féin do dhénomh agus atá tarbhach dhúinn. Agus fós, a ccás nach laibheóra na daoine linn go follas a n-ainm Dé, agus nach beidís 'na n-uachtaráin againn, ba córa dhúinn toil duine eile do dhénomh ná ar ttoil feín, óna ttig an uile olc oruinn. Na naoimh a tháinig san n-aimsir dhéghnuigh so, agus ag a roibh spiorad na n-apstul aca, do leánadar an freachnadh so go rodhíthchiollach. Léaghtar a mbeatha na bannaoimhe Tirésia go ttug sí móid ro-uasal nach dénomh gníomh ar bith acht mar do mheasfadh a bheith go ro-iomlán do réir thola Dé; agus do gheall, fós, ní hé amháin an ní ba taitneamhach re Dia, acht an ní is mó bá taitneamhach ris, gurab é do dhénomh, ag tréigean a tola féin san n-uile ní. Agus a stair a beatha féin adubhairt: “Dochíthar dhamh gurab ann atá m'onóir féin, air tTighearna do mholadh, agus ní bhfuil meas agam ar ní ar bith eile. Atá fios aige féin nach mian leam onóir, beatha, glóir nó maith ar bith eile chuirp nó anma, acht glóir Dé uilechumhachtaigh.” Agus do chuireadh sin a ngníomh ó chroidhe agus ó inntinn, agus re fuath agus re gráin ar a toil agus air a mian féin. An tan dogheibhe biadh blasda do réir a measa féin, do thilgeadh as a béal amach é amhail gomádh dumlas é; agus ar bhfiafraigh dhi créad fa nach ithamh an biadh maith, do fhreagar sí nar lamh 'ithe tré mhéad an tsámhuis dofuair a blas féin ann. A shamhuil sin do mhóid dorinne máighdean uasal eile darbh ainm Ludovica Carbhaghal, nach dénomh ní ar bith acht an ní is mó mheasfadh bheith taitneamhach a bhfiadhnaise Dé. Do rinne fós an mhóid chédna an t-athair maith Iacobus de Saura, Iesuite, dobhídh ar lasadh do ghrádh Dé, agus do sgríobh í rena fhuil féin do bhain as ós cuinne a chroídhe, ag gealladh do Dhia gach gníomh is foírfidhe dochíthfidh dhó do dhénomh ar an modh is mó ba maith re Dia é dá dhénomh. Dobhádar daoine oile riaghalta naomhtha ag a mbíodh sólás romhór fana ttoil féin do thréigion agus fa thoil Dé do chomhlíonadh, ionnas gomádh fearr leó nach gluaisfidís ball dá mballuibh gan aithne Dé do bheith aca chuige. Níor lór
re S. Ignásius glóir Dé d'iarraidh ann gach aon ní agus toil Dé do dhénadh, acht a d'iarradh a dénomh ar an modh is mó a ttaiténamh ris. Níor lór leis fós gan a thoil féin d'iarraidh anna ní ar bith, acht d'iarradh an ní is mó dobheith contrárdha dhi. Uime sin adeiradh, dá mbeith a rogha aige do dhá ní dobheith ionann dochum glóire Dé, gurab é an ní is mó anna mbeith duadh agus saothar ann dogheibhadh a róghain dochum a thola féin do chlaoi; agus do léigadh amadánacht air féin ar uairibh, ionnas gomádh lúghde dobheith meas air. Do chuir S. Pardulphus é féin comh mór agus sin re toil Dé, ionnas, arna dhénamh dall, go roibh lán do shólás, agus go ttugadh sólás fós don muinntir ag a mbíodh truaighe dhó. Ní hé sin amháin, acht daill eile do theagmhadh chuige, dobheiradh a rádharc dhóiph; gídheadh, níor iarr na grása sin dó féin ariamh, ag tréigion a thola féin ar thoil Dé; agus ris sin táinig dochum foírfidheachta romhóire agus dochum a bheith 'na cháraid ionmhuin ag Dia. Do thaisbén Íosa íodhain é féin uair éigin don mbannaoimh Gerdrúdis, agus adubhairt ria: “Ris an láimh so atáim ag tabhairt sláinte chugad, agus ris an laímh so oile galar agus easláinte; agus gabh do rogha dhíoph.” Annso an mhaighdean roriaghalta, dobhídh ar lasadh re fonn ní d'fhulang ar son Chríosd agus a toil féin do thréigion, air a roibh fuath aici, do léig air a glúinuibh í, agus do chuir a lámha a ccrois air a hucht, ag rádh: “A Thíghearna, guídhim thú ó rúan croídhe, ná féach air mó thoilsi, acht déna an ní is mian leat féin; óir atáimsi ionann chuca araon agus ní ghebha ceachtar dhíoph do róghain: Ó, mó Thighearna, agattsa atá súd nó so do thabhairt dhamh.” Do thaitin an fhreagara so go romhór re Críosd agus adúbhairt: “Gibé rear mian misi do theacht chuige gan toirmeasg, is éigin dó ochuir a thola féin do thabhairt dhamhsa agus gan a hiarraidh air ais go bráth.” Arna chlos sin don mbannaoimh, dorinne an úrnaigh athchuimir so: “'Íosa ionmhuin, déntar do thoilsi agus ní hí mo thoilsi”; agus do ráidh í trí huaire agus seasgad, agus ní féidir aithris méad na sólás néamhdha dofuair as sin. Ar mbeith tinn do mhnaoi an duine bheannuighe Proinsias Bórgia, do léig Dia ar a bhreitheamhnas bás nó beatha do thabhairt di; gídheadh, níorbh áil leis a thoil féin do leánmhuin
agus adubhairt go ro-umhal: “Ó, mó Thighearna Dia, créad as a ttáinig sin damhsa, go léigfeadhsa air mo bhreitheamhnas an ní atá air do chumhachta féin amháin? Ní bhfuil ní is fearr liomsa nó do thoilsi do leánmhuin, óir ní bhfuil neach is fearr dar fios créad is maith dhamh ná thúsa, Ó, mó Dhia. Mur sin, déntur do thoilsi, ní hé amháin re mo mhnaoi acht re mo chloinn, agus déntar leam féin gach ní is mian leat: déntar do thoil.” Méad na ttíodhluice dogheibh ó Dhia, gibé leanas don bhfreáchnadh so, is follas é as an sgéal aithrisios Sesárius lib.10, de Miracul., c.6, ar manach d'órd S. Bearnáird re ndéntaoi míorbhuile móra, agus nach dénomh ní ar bith acht mar donídís na manaigh eile. Ar a shon sin, re breith amháin ar 'éadach dobheiradh sláinte do mhórán, agus an tan do chuireadh manach eile a chrios thairis nó 'aibíd uime, dogheabhadh sláinte gan mhuill. An uair a tug an t-ab fa dear méad na ngrása sin dobhíodh aige ó Dhia, agus gan acht beatha choitchinn mar gach manach eile aige, dob íongnadh ris é; agus ar a ghairm chuige dhó, adubhairt ris: “A mhic, créad is ádhbhar do na míorbhuile móra so donídh tusa?” Do fhreagair mur so: “Ní feas dhamh, a Thighearna, óir ní dhénom trosga, faire, úrnuighe, nó saothar acht mar gach manach eile; aon ní amháin ag a bhfuil fhios agam, nach bídhann uabhar nó lúathgháire oram fa shén nó fa shonas, agus nach bíonn tuirsi nó dubrón orum fa ní dá chontrárdha, más leam féin nó re duine eile a bhainios.” Adúbhairt an t-ab ris: “Nach roibh mífhoighíd nó doílgheas ar bith ort, an tan do loisg duine uasal an baile do bhodach do bhain ris an mainistir?” “Ní roibh”, air an manach, “óir do thaobh mé gach aon ní re Dia: más beag do gheibhim, dobheirim buidheachas do Dhia; más mór, do bheirim buidheachas dó mar an ccéadna.” Annsin do aithin an t-ab na cúmhachta sin tug Dia don manach dochum na míorbhuile móra sin do dhénomh, gurab as a táinig dhó, go ccuireadh a thoil féin re toil Dé ann gach aon ní. Is follas an ní céadna as stair deisi manach dobhá air an bhfásach, ag teacht re chéile a ccrábhadh agus a riaghaltacht. Níor mhaith ris an díabhul naomhthacht a mbeatha agus táinig a riocht aingil Dé dochum an mhanuigh bá sine dhíoph, ag rádh ris gurab ó Dhia a táinig do thabhairt sgéal dósan go roibh
a chompánach damannta go síorruidh, agus gomádh díomhaoin dó gach deaghghníomh dá ndénamh nó pian dá ttiubhradh dá chorp. Do chríothnuighe an seanóir ris sin, agus dobhídh mórán do laethibhh go rothuirseach. Dothug a chompánach sin fa dear agus níor sguir dá bheith ag guídhe an tseanóra go bhfuair sgéala uadh. “Thusa,” air an seanóir, “ádhbhar mo thuirsi agus mo dhoilghís; óir a táinig teachtaire ó Dhia chugam dá rádh go ndaimeóntar go síorruidh thú agus nach bhfuil tarbha dhuit a n-aon ní dá ndénann tú, nó anna saothar dá ccuirir ort dochum flaithis d'fhagháil.” Annsin do labhair an t-ógánach re meisnigh mhóir, ag rádh: “Ó, 'athair, ná cuireadh sin buaidhirt nó dubrón ort, óir gús so dorinne me seirbhís do Dhia accus ní mar fhear thuarasduil acht mar mhac ag tabhairt umhla dom athair, ar an ádhbhar gurab é féin an uile mhaith agus go bhfuil d'fhiachuibh orum mé féin uile do chaitheamh rena sheirbhís; mur sin, atáim ré ar gach ní is toil ris do dhénomh leam.” Ris an bhfreagra sin do ghabh lúathgháire mhór an seanóir agus dobhídh dóthchas aige. Agus ní fada 'na dhiaigh sin go ttáinig an t-aingeal fíor chuige, ag dérbhadh dhó go roibh glóir ro-mhór a bhflaithios fa chuinne a chompánuigh, agus gurb é an mealltóir an díabhul a táinig chuige roimhe sin; agus an gníomh oirdheirc sin dorinne a chompánach, agus a dheaghthoil dochum seirbhísi Dé do dhénomh, agus gan a shochar féin nó 'shólás d'iarraidh a n-aon ní acht toil Dé do chomhlíonadh, gur thaitin go romhór re Dia. Samhuil an sgéil chédna so, aithrisi Gerson air dhuine mhaith nach ttugadh sólás air bith dá chorp féin agus do chaitheamh mórán dá aimsir re húrnuighe. Do ghabh tnútha an díabhul re méad a dheaghoibreacha, agus do thionsgain buairt agus cathadh do chur air, ag rádh gur dhíomhaoin dó gach saothar dá ndénamh agus gach crádh dá ttugadh air a chorp, air an ádhbhar nach bhfuighadh flaitheas Dé ar a shon. Do fhreagair an duine maith agus adúbhairt: “A bíodh fhios agatt nach air son glóire nimhe atáim ag seirbhís do Dhia acht ar a shon féin amháin, óir is fiú é a thoil do dhénomh.” Ris an bhfreagra sin do chlaoi sé an díabhul. Sgríobhthar ar dhuine romhaith riaghalta, darbh ainm Grighóir Lopes, dobhídh rodhíthchiollach ar thoil Dé do chomhlíonadh, gur thaisbén Dia é féin dó, ar son gach
freachnaidh agus gach úrnaigh dá ndénamh amhuil dobheith a bhfiadhnaise Dé, na briathra so do rádh do ghnáth: “Déntar do thoil ar an talamh, mar doníthear ar neamh. Amen. Íosa.” Do ghabh sé an léighionn so re fonn agus re grádh romhór, ionnas, ar feadh thrí mbliadhan gan chur gan dearmud ní iongantach, nar tharruing 'anál gan na briathra cédna do rádh ó chroídhe agus ó inntinn; ionnas nach féidir áireamh cá mhéad d'uairibh adubhairt í, óir ní mór do chodladh, acht do fuair an uírid sin do shólás re rádh na húrnaigh sin nach roibh anál aige dochum a rádh mar badh mian leis; agus ar son go mbíodh dá rádh do ghnáth, an tan nach abradh iad ó rúan croídhe, dothigeadh cathídhe ón díabhul air, ionnas nach roibh do leabhar ná do léighionn nó do mhaighistir aige, acht na briathra fíormhilsi úd, re é féin do chumhdach agus do chaomhna air an uile chathúghadh; agus ar n-aithne dhó brígh shubháilce agus nirt an fhreachnaidh sin, do thaobha é re gach aon aga a ttagadh a ccáint nó 'ccomhlodar é. An 13 Caibidil. SOMPLAIDH AGUS RÁIDHTE NA BPÁGÁNACH DO THEAGAISG AR AN MODH CÉDNA GOMÁDH CÓIR DHÚINN TOIL DÉ DO CHOMHLÍONADH AGUS AR TTOIL FÉIN DO CHUR RIA. Cuirfead anso fa dheóigh somplaidh agus ráidhte na ndaoine nach roibh solas an chreidimh aca agus ar a roibh dorchadas mór air a ttuigsi; gídheadh, do thuigeadar nach roibh ní ba hiomchubhaidh do réir réasúin nádúrtha, ba córa, ba honóraigh, agus ba tarbhaigh do dhuine ná toil Dé do dhénomh; ionnas gur náir dhúinn nach ttuigmaoid an ní do thuig an mhuinntir ar a roibh dlígheadh Dé a n-áinbhfios orrtha, agus ag nach roibh fios fós méad na bhfiach atá ag Dia oruinn, óir d'fhulaing bás croiche air ar son. Cleantes, dobhídh 'na mhaighistir ag mórán feallsamhun agus dobhídh 'na phágánach, labhraidh re Dia mur so: “Tarruing mé, 'Athair, 'Thighearna árdnimhe, mar is mian leat féin;
leanfaidh mé thú gan mhuill; atáim rae éasguidhe; agus a ccás nach mian liom do leanmhuin, leánfud thú go dubrónach, ag fulang trém olc féin gach neithe is toil ris an maith féin d'fhulang dhamh.” Demetrius feallsamh oirdheirc, acht dobhíodh bocht do ghnáth, adúbhairt na briathra so síos, mar adeir Seneca, Epistola 107: “A dhée síorraidhe, ag so amháin an gearán atá agam oruibh, nachar fhoíllsigh síbh bhur ttoil féin dhamh roimhe so, óir dá mbeith fios bhur ttola agam, dothiucfuinn féin roimhe sibh do ghairm orum; acht atáim do láthair anois. An mian libh mo chlann? Ní bhfuil siad ann. An mian libh ball dom chorp? Beiridh libh. Ní mór ghealluim dhíbh; ag sin uile agaibh é. An mian libh mh'anam? Beiridh libh go luath an ní tug síbh féin dhamh. Ní bhainfidh síbh ní ar bith dom aimhdheóin díom. Gad aile? Atáim rae ar a thabhairt uaim gan iarraidh orum. Ní riachttanas ní ar bith do bhuain díom, óir is libh féin é. Acht ní bhaineann síbh ní ar bith dhíom, do bhrígh nach bhfuilim ag congbháil neithe ar bith uaibh; ní déntar éigion nó aimhdheóin a n-aon ní. Ní dhénam seirbhís do Dhia acht dobheirim mó thoil dó, go mórmhór gur feas dhamh gurb éigin gach ní do theacht do réir órduighe chirt Dé.” An tan dobhídh Socrates feallsamh dá chur chum báis go ro-éigceart, do chuir é féin re toil Dé, ag rádh na mbriathar so: “Más mur sin dochonncas do na déibh é, déntar sin; ach Aintis agus Melitus, is féidir leó mo chur dochum báis acht ní féidir leo dochar do dhénomh dhamh.” Adeir Simplísius annso do réir a bhreitheamhnuis féin: “Foirfídheacht iomlán an duine do chríochnadh, an tan a filleas ar Dhia agus cheanglus é féin ris.” Seneca, De Providentia, c.5. Epíctetus, feallsamh oirdheirc idir na Stóic, labhraidh mur so re Dia, Enchirid., c. ultimo: “Déna liom ó so amach do réir do thola féin; is ionann toil dhuit agus damhsa. Cuir síos nó suas mé; ní obuim ní dá bhfaicthear dhuit. Tarruing mur is mian leat mé; cuir éadach orum do réir do thola féin. An mian leat oiffic nó onóir do thabhairt dhamh, nó an mian leat gan a tabhairt? An mian leat mé fhuireach nó dhol air díbirt? An mian leat bochttacht nó sáidhbhrios do
thabhairt dhamh? Geabhaidh mé féin do leisgéal a bhfiadhnaise dhaoine an domhuin.” Cuirim ris so ní íongantach as Epíctetus cédna, do chuir féin a ngníomh agus do theagaisgeadh go puiblidhe, ag rádh mar so: “Níor toirmeasgadh aon ní orm ariamh do mo dheóin féin agus níor héigneadh mé dom aimhdheóin. Cionnas is féidir sin do bheith fíor? Dothug mé m'uile mhian féin ar láimh Dé. Más toil leis fiadhbhrus do chur orum, is toil liom féin sin. Más toil leis ní ar bith do bheith agam, is í sin mo thoilsi. Ní toil leis ní ar bith do bheith agam, is í sin mo thoilsi. Má mian leis bás d'fhagháil dhamh, is mian leam bás d'fhagháil. Cia rear féidir anois toirmeasg nó éigion do dhénomh ar mo thoil annso? Ní féidir re aon neach, acht amhuil is féidir do dhénomh ar an n-árdDhia. Mur sin doníd na daoine críonna a bhíos ag dol ó áit go háit. An tan dochluinid baoghal do bheith san tslíghe, ní lámhuid imtheacht 'na n-aonar go tteagbhadh cuideachta láidir leó re n-imthíd gan ghuais. Mar an ccéadna donídh an duine eagnuídhe air an saoghal so anda bhfuil mórán sláduidheachta, tíránach, buairt, bochttacht, agus cailleamhuin aos grádh. Ca tteithmhe tú? Cionnas is féidir leat imtheacht go caomhánta? Cia an chuideachta shádhbhálas tú? Cia le cceangala tú thú féin? Ris an duine sháidhbhir úd nó ris an tighearna? Créad í an tárbha atá dhuit annsin? Mádh nochtar é féin, biaidh ag caoineadh agus ag gul. Créad do dhénas mé, mádh shladann mo chuideachta féin mé? Más caruid don ímpire mé, ní dhéna aon nduine éccóir orum; gídheadh, is mór is éigin dhamh d'fhulang dochum teachta dochum an chéama sin, agus is minic a pógfuidhear mé as. Fa dheóigh, mádh thigim dochum a cháirdis, ní bhfuil sé féin márthanach, agus mádh gheibh drochsgéal orum, biaidh 'na námhuid agam, agus cá racha mé annsin? Rachadh mé air an bhfásach. An féidir re tinneas nó re fiadhbhras teacht annsin? Mur sin ní féidir cuideachta chaomhánta d'fhagháil ar an saoghal so, óir ní féidir do dhuine a bheith caomhánta nó bheith díleas, daingean gan cheilg, dá mhéad díthchioll dá ndéna sé ar chuideachta d'fhagháil. Acht is é meas an duine chríonna, agus is í comhuirle do ghabhus - mádh thaobhann sé é féin re Dia, go bhfuíghe an uile shlíghe go maith, gan
ghuais gan ghábha. Gadé sin, é féin do thaobha re Dia? Atá, gach ní is mian re Dia, gurab í sin a thoilsion, agus gach ní nach mian re Dia, nach mian ris é. Cionnas do dhéntar sin? Atá, smuaineadh nach déntar ní ar bith acht mar is toil re Dia.” Pláto fós, do dhamnaigh modh labhartha na ndaoine adeir: “Go ttugadh Dia dhuit an ní is mian leat,” an tan bá córa dhóiph a rádh: “Go ttugadh Dia dhuit do thoil féin do chur re toil Dé.” Ag so aeghra Dé go fírinneach, thú féin do cheangal de. Seneca, Epistol. 96, ag nochtúdh a rúain dá cháraid, adeir mur so: “Ann gach ní dá bhfaicthar cruaidh nó dócbhalach as mar atáim leó. Ní chuirim a n-ághaidh Dé, acht dobheirim mó thoil dó; ní huime gurab éigin dhamh é, acht ó rúan croidhe leanuim é. Ní theigéabhaidh ní ar bith go bráth dhamh a chuirfeas tuirsi orum, nó dogheabhas chugam go holc. Ní thiubhraidh mé mo chíos uaim dom aimhdheóin. Gach ní do chuirios doilgheas nó eagla oruinn, ní bhfuil ann acht cíos na beatha so.” Dobheir an feallsamh céadna comhairle dhúinn, ann gach ní a bhíos buaidheartha nó trioblóideach dhúinn, ar mbreitheamhnas féin do cheartadh, ag rádh: “Mur sin dochoncas do Dhia é; ag Dia is fearr atá 'fhios.” Adeir fós nach bhfuil ní is tarbhaigh dhúinn nó na cáis chontrárdha d'iomchar go lúathgháireach agus a nglacadh chugainn go suilbhir, mar badh sinn d'iarrfadh iad, ag smuaineadh gurab ó thoil Dé dothigid. An teagasg cédna dobheir S. Doróteus uadh, ag rádh gur féidir re duine a thoil féin d'fhagháil annsan uile ní, muna roibhe toil eile aige acht toil Dé agus 'uachttaráin. Ní híongnadh go ccuirfeadh briathra an impire Antonínus, dar comhainm feallsumh, lib. 3 Philosophiae, náire oruinn, muna n-iomchramaoid, mar chuid don domhan accus don nádúir, go foighídeach gach ní contrárdha dá tteagbhann dúinn. Ag so mur labhras ris an nádúir. “Ó, a nádúir, gach ní is iomchubhaidh dhuitsi, is iomchubhuidh dhamhsa é. Ní luath nó mall liom é, aon ní dá bhfuil iomchubhaidh agattsa. Áirim eadir mo shochar féin gach ní dá bhuaidheartha dá ttig uaid. Ionnad féin atá gach aon ní agus chugatt a fillidh siad.” Agus 'na dhiaigh sin adeir: “Cneadh agus créacht don domhan an tí do sheachnas módh coitchinn na nádúire, ar an ádhbhar gurab
éigin dó fulang dá aimhdheóin gach ní dá ttig air.” Is críosduidhe a labhras an tan adeir: “Is ádhbhal neart an duine nach dénann aon ní acht mar is mian re Dia, agus nach gabhann aon ní chuige acht mar dobheir Dia dhó.” Ní huime dothug mé ráidhte na bhfeallsamhan so anuas ar mhodh go measfuind gomádh riachttanas do na críosduibh foghluim nó comhairle do ghlacadh uatha, acht ionnas gomádh náir linne tair éis teagaisg, sompladh, agus báis Chríosd, gan ar ttoil féin do chur nías iomláine re toil Dé ná mar do chuireadur súd, ag nach roibh solas an chréidimh aca acht réasún nádúrtha amháin. An 14 Caibidil. AN MODH AIR AR CÓIR AN FREACHNADH SO DO GHNÁTHUGHADH. Do labhair mé roimhe so air na fiachuibh atá oruinn ar ttoil féin do chur re toil Dé, agus fós méad na tábhachta agus na maitheasa tig dhúinn as, ar an ádhbhar go bhfuil an uile fhoírfidheacht ann agus go cceanglann duine re Dia; agus ní bhfuil meas dá mhéad dá mbiaidh againn air, nach usaide dhúinn é do chur a ngníomh. Ar son gur scríobh daoine diadha spioradtálta mórán do shlíghibh dochum teachta dochum an fhreachnaidh so, measuim, gibé d'fhéachfadh ó thús air an tarbha agus air an tábhacht atá anna ttoil féin do thréigion, gur maith do thionsganadh agus go mbeith gach slighe rae agus modh roghasda aige dochum gach subháilce eile do chur a ngníomh. Is dearbh, gibé duine a chuirfios go seasmhach deaghmheisnigh roimhe nach dénadh aon ní agus nach iarrfadh acht ar an modh is mian re Dia, agus nach iarrfadh a thoil féin anna ní ar bith, go mbiadh an duine sin marbh don tsaoghal; air an ádhbhur go ttuigionn gurab í sin toil Dé. Biaidh fós umhal, foighideach, diadha, measarrdha, tochtach, agus geanmnaigh, air an ádhbhar gur mar sin atá Dia dá iarraidh air. Uime sin adeir Pól, 1 Thess. 4: “Ag so toil Dé, sibhsi a bheith naomhtha”; agus ris so gnódhacha sibh mórán don aimsir
go ro-éadálach tarbhach. Ar an ádhbhar sin taobhaim an freachnadh re gach aon, agus guídhim tré ghrádh Íosa Críosd na daoine riaghalta, agus gach duine eile rear mian teacht dochum foírfidheachta na beatha spíoradtálta, agus ag a bhfuil a slíghtheacha féin aca dochum dol ar a n-aghaigh san tsubháilce so nó san tsubháilce eile, agus donídh cuntas géar leo féin ca mhéad dochuadar ar a n-aghaigh; féachadís go díthchiollach gadí an bhrígh atá 'ttoil Dé, agus air a haithne dóiph, comhlíonadís í go dúthrachttach. Acht ní lór an díthchioll so do dhéanomh go génerálta agus ar gach gnothaighe coitchinn dá mbiaidh ag duine, acht is cóir dhó a smuaineadh ar gach gníomh dá laeghatt, ionnas go ndénomh é mar is mian re Dia a dhénamh dhó; agus an í naomhthoil Dé an gníomh sin do dhénomh mar súd nó mur so, agus toil Dé do bheith d'aon riaghuil aige san n-uile ghníomh; agus dá bhfaicthidh dhó nach mian re Dia so nó súd do dhénomh dhó, dá ttugthaidh an domhan uile do cheannach dhó, gan an gníomh sin do dhénomh. Mádh is ní é is taitneamhach re Dia, mar atáid oibreacha na subháilce, tugadh dá aire cionnas is maith re Dia é dá ndéanamh. Mádh atá tú dol do dhénomh urnaighe, smuain gurb í toil Dé thú dhá dhénomh go haireach umhal, ó rún croídhe, agus déna mur sin í. Má chuireann uachtarán ní d'fhiachuibh ort, smuain gurab í toil Dé thú dá dhénomh go simplidhe, umhal, díthchiollach, gasda, gan mhuill, gan leasgéal; agus mur sin ann gach gníomh eile, féachmaoid air tús an bhfuil an gníomh ann féin dlisteanach nó do réir thola Dé, agus 'na dhiaigh sin féachmaoid an modh air ar maith re Dia sinn dá ndénomh. Más oibreacha iad nach bhfuil maith nó olc ionta uadha féin, mádh déntar iad re deaghinntinn agus ar son ghrádha Dé, dogheibhid luaighdheacht mhór a bhfiadhnaise Dé. Mur sin is cóir dhúinn an uile dhíthchioll do dhénomh gan an sochar ádhbhalmhór sin do léigionn thoruinn dogheabham ag dénomh gach neithe ar son Dé agus do réir a naomhthola; óir ris sin, na hoibreacha nádúrtha, tógthar ós cionn nádúire iad, agus na hoibreacha maithe nó subháilceach dá laeghatt, tógthar iad dochum céima ghrádha Dé, an tan nach mian re duine a thoil féin
do leanmhuin a n-aon ní acht toil Dé do chomhlíonadh, agus sin ann gach smuaineadh accus ann gach gníomh dá laeghatt nó dá mhéad, ionnas nach bhfuil riaghail eile aige ach toil Dé amháin, ag rádh do ghnáth re Dáibhí, Psal.122: “Mar atá súile an chumhuil a lámhaibh a baintighearna, mur sin ar súilinne ag féachain air ar tTíghearna air nDia féin.” Dá mbeith míle tuigsi againn agus míle súil, annsa bhfreachnadh so amháin ba cóir dhóiph a bheith gnothaich. Mur sin do rinneadar na naoimh agus doníd na haingil do ghnáth. Uime sin sgríobhthar, Apocl.,4, go roibh na ceithre haingil rompa agus 'na ndiaigh, amuigh agus astoigh agus 'na ttimchioll, lán do shúilibh. Amhlaigh sin is cóir dhúinne annar n-uile smuaineadh agus annar n-uile amharc féachain go grinn air thoil Dé, agus fonn mór do bheith oruinn créad is mian re Dia do thuigsin, agus na briathra úd Phóil, Act., c.9, a rádh go minic: “A Thighearna, créad is mian leat do dhénadh dhamh?” Ris so is cóir dhúinn an uile dhíthchioll agus dhúthracht do chaitheamh, agus cuntas do bhuain dínn féin go haonracánach, cionnas dochuadhmar air ar n-aghaigh san bhfreachnadh so. Cuirmaoid air n-uile spadántas do leathtaobh, agus gach uair dá léaghmaoid nó dá ccluinmaoid nó dá smuainmaoid ar thoil Dé, air an bpunc chédna tionsganamoid re teasghrádh Dé an freachnadh so mhairfeas dhúinn tré bhith síor, aga dhénomh air an talamh an ní doníd na naoimh ar neamh, agus adeirmaoid go laethamhuil annar bPaidir, ag aithris ar an mbannaoimh Gertrudis, ag a mbíodh 'na béul agus anna croídhe do ghnáth na briathra so: “Ná déntar mo thoilsi acht do thoilsi, 'Íosa iodhain.” Agus mar badh é Críosd féin do mhúin an freachnadh so dhi, a hoibreacha uile do thionsganamh a n-ainm Dé, ní hé amháin gach ní dá léaghadh nó dá sgríobhadh, acht gach focal agus gach litir dá léaghadh nó dá sgríobhadh; mar an ccéadna an biadh nó an deoch, gach greim dá mblaiseadh, gach focal dá lábhradh, gach caiscéim dá ttugadh, agus gach anál dá ttairrngeadh, damádh 'na dúsgadh nó 'na codhladh dhí, a n-ainm Dé do níudh iad, ionnas nach roibh cúram air bith urrthi acht toil Dé do chomhlíonadh.
Ris an bhfreachnadh ró-uasal, rothairbheach, ro-úras so is féidir re neach siúbhal a bhfiadhnaise Dé gan bhuaidhirt tuigsi nó cinn, acht sásudhadh romhór a thabhairt dá chroídhe re hiomarcaidh foinn agus iolghairdis fhíormhilseachta ghrádha Dé; óir an tí dobheir é féin air láimh a Chruthaighóra go hiomlán, ní hé amháin go mbíonn ceangailte do Dhia go haonda, acht donídh gach ní ar son Dé do ghnáth san ccéim is uachttaraigh do ghrádh Dé, an tan nach lór leis fond do bheith aige toil Dé do dhénomh, acht taisbénaigh ó ghníomh é - cruthughadh dionngbhala deaghinntinne. Gibé duine fós donídh so, tréigfidh a thoil féin go hiomlán agus dearbhuidh gur fíor na briathra úd Chríosd, ag Matha,c.16: “Gibé rear mian misi do leánmhuin, tréigeadh sé é féin.” Thairis sin fós, bíodh do ghnáth marbh don tsaoghal, tréigeadh é féin go foírfidh, claochlódhadh sé é féin, agus bíudh ré dochum an uile dheaghghníomha do dhénomh do réir thola Dé; agus ceangaladh é féin go hiomlán rena Chruthaighthóir, ag dénomh gach neithe mar is mian re Dia, air an ádhbhar gur tarcuisneach a thoil féin, agus nach bhfuil aige acht toil Dé. Dogheibh fós ris so glaine oirdheirc croídhe mar nach mian leis aon ní acht mar is mian re Dia, agus nach ttugan aire do ní ar bith acht do thoil Dé amháin; agus mur sin bídh saor ón uile bhuaidhirt inntinne. Is é an freachnadh so críoch agus foírfeacht an uile shubháilce; slighe choitchinn, chaomhanta, aithghearr é ag a bhfuil nísa mhó do luaighdheacht ná mar atá ag freachnadh ar bith eile; riaghail ghenerálta re ttoimhistear na subháilce eile, agus athchuimireacht na beatha spioradtálta a chongmhus ann féin an uile theagasg riachttanach dochum na beatha síorruidhe. Fa dheóigh, is aontugtha fa dear san n-uile urnaigh dá laeghatt an ní úd do mhúin Críosd don mbannaoimh Gertrudis agus do naoimhaibh eile, agus do theagaisg dhúinn san bPaidir, agus adubhairt féin san ghairdín: “Ó, 'Athair, déntar do thoil; ní hé an ní is mian liomsa acht an ní is mian leatsa.” Mur sin is cóir dhúinne a smuaineadh agus a rádh go minic: “Air nAthair,
déntar do thoil air an talamh mar donídhthar air neamh.” Is mór tarbha na mbriathar so mádh deirthir iad, ní hé amháin ag moladh Dé agus dá bheannughadh, agus ó mhaothghrádh foinn é féin do chur re toil Dé, acht fós mar ghuidhe agus mar úrnuighe air son glóire Dé agus grádh a chomharsan, ag iarraigh air Dhia go dúthrachttach an n-uile dhuine do chomhlíonadh a naomhthola, an ní is feárr is féidir linn do ghuidhe dar ndearbhráithreacha. Ris an n-úrnaigh aithghirr so comhlíonadhmuid grádh Dé agus air ccomharsann, ag moladh Dé agus ag ceangal ar n-anma ris, agus ag dénamh sochair dar mbráithribh, ag guidhe air a son agus ar son hEaguilsi, agus ar son dhaoine an domhuin, ag iarraigh air Dhia dhóiph an ní is mó atá 'na riachttanas orrthu agus is tárbhuidh dhóibh - obair a ttiúbhraidh Dia mórluaighdheacht air a son. An 15 Caibidil. SAN N-UILE NÍ IS CÓIR DHÚINN TOIL DÉ DO LEÁNMHUIN. Is truaillidhe dhúinn mádh thionsgnamaoid ní comh tarbhach tábhachttach ris so re falsacht nó re dimbrígh, ag tabhairt coda dar ttoil do Dhia agus an chuid eile dá congbháil againn féin. Is éigin an tabhartas a bheith iomlán, óir ní fhuilngean árdtiarttas Dé oruinn tíghearna air bith eile. Is mór a mealltar an tí air 'mbídh faitíus é féin do thabhairt do Dhia go hiomlán, aga mheas gur ní cruaidh tuirseach gan a thoil féin do dhénomh a n-aon ní. Acht ní hádhbhar eagla sin, acht is é ádhbhar guaisi is mó atá againn, ar ttoil féin do leanmhuin anna ní air bith. An chéd uair, óir claonadh dá laeghatt, gur féidir ris ar milleadh, an tan do ghlacas an díabhul airneis ris annar ccroídhe, agus congmhaoidh ceangailte aige féin é, mádh dogheibh fonn dá laeghatt neamhordaighe ann; ar an ádhbhar gur lór sin dochum a nirt agus a bhríghe do bhuain as an anam, mar do theagbhas don leóghan, ris a n-abair S. Eiphrem, ar son go bhfuil ro-láidir, mádh bhaineann aon ruibe amháin dá mhoíng re talamh, go ccaillionn a bhrígh agus a neart. Adeir fós S. Doroteus,
dá mbeith aon ionga amháin ris an ilar anna ndul nó a líon, agus a chorp uile acht sin fa réirr, go ccaillionn a neart uile ó an ccuid mbig sin do bheith ceangailte dhe comh maith agus dobheith a chorp uile ceangailte. Air son gur fíor nach ní beag gan ní dá laeghatt do thréigion ar son Dé, ní hé amháin an ní féin is cóir do mheas acht nar chlaoidheamar ar ttoil féin anna ní gan tábhacht ar son Dé agus a dheaghthola dhúinn; óir is mór an dombuidheachas dhúinn gan toil Dé do chomhlíonadh annsna neithibh nach bhfuil saothar nó dócmhal ionnta agus nach rachadh a ttarbha air bith dhúinn féin. An dara hádhbhar, óir is díomhaoin do dhuine a mheas go bhfuíghe na sochair agus na pribhiléide dogheibh a' mhunntir a chomhlíonas toil Dé, muna ccoimhlíonaidh sé féin mar an ccédna í ann gach ní. Gidheadh, ní dhéntar so go bráth gan duine do thréigeann a thola féin, ionnas gur mór an mearughadh a mheas gurab ádhbhar tuirsi nó dubróin do dhuine a thoil féin do chur ar láimh Dé agus a tréigion mur sin; agus gibé nach dénaigh so, ní bhfuíghe sé an fadhbhar neamhdha agus an mhillseacht nach féidir d'fhoillsighedh, dobheir Dia don lucht do chomhlíonas a thoil, ann nach bhfuil acht rannphairt an tsóláis rena bhfuil Dia féin glórmhur go síorrthuidhe. Ní dhénann fós toil Dé an tí nach dénann í ann gach aon ní, air an ádhbhar gurab í toil Dé sinn féin do chur rena thoil ann gach aon ní, agus gan ar ttoil féin do leanmhuin anna ní ar bith, ionnas gurab é so amháin atá iomchubhaidh dhúinn; agus gibé nach dénann réir thola Dé, ní bhfuil ceart aige grása nó fádhbhar spéisialta d'fhagháil ó Dhia, nó an t-iolgháirdius sáimhmilis úd do ghabháil dobheir Dia don muinntir a thréigeas a ttoil féin. Uime sin adeir go minic an duine diadha Baltasar Albhares: “Amhuil do chanas an Eagluis air na mairtíribh, re bás aithghearr go bhfuaradur sealbh na beatha síorrthuidh; mur sin do na fíoréanchaibh do chráidhios iad féin re bás aithghearr, .i. iad féin do thréigean, dogheibhid an ciúnas is mó is féidir d'fhagháil san ngleann so na ndeór; acht gibé nach dénann an tréigean so go hiomlán, bídh do ghnáth go gearánach ag iomchar na croiche agus ní fhaghan bás inte - ní so atá dílios do na fíréanchaibh.”
An freachnadh so, é féin do thréigion go hiomlán, agus 'thoil féin do chur re toil Dé, ní féidir a ruinn acht aon ní amháin é do chongmhas an n-uile ní ann féin. Agus mar is bréag a rádh go bhfuil duine márbh an feadh a bhíos anál na beatha ann óir ní féidir a rádh go bhfuil duine marbh an feadh a bhíos beódhacht ar bith and, mur sin, mádh donídh duine ní dá laeghatt ar a thoil féin, ní chomhlíonan toil Dé go hiomlán agus ní bhfuil marbh i gCríost, mar fhoíllsigheas ar Slánuighthóir re cosamhlacht ghráinne árbha nach ttugan tóradh ar bith uadh, muna marbhthar san talamh é, Johan. xii, 24, 25. An chuid eile fós don uirsgéal chéadhna, a thaobhas linn ar ttoil féin do mharbhadh, agus rena ccurthur ríoghdhacht nimhe a ccosamhlacht, foíllsigh dhúinn gur cóir dhúinn tréigean ar ttola féin a bheith iomlán gan ruinn ar bith, mar atá órchiste a bhfolach, cloch uasal, gurab air a grádh do reac an ceannuighe a roibh aige don tsaoghal agus do cheannuigh í, ionnas nar fhágbhadh ní ar bith aige féin nach ttug urrthi. Is truagh an ní go bhfaghthar daoine, tair éis saothair mhóir do chaitheamh a neithibh móra rena ndrochchlaonta féin do chlaoi, go ccongmhuid a ttoil féin a neithibh éadruma ar son sámhuis gan bhrígh a gheibhid ionnta. Ga déaram ris an duine dothug míle ponta air earradh ro-uasal, agus ar son aon phighine amháin táiris sin do thabhairt air, do léig an cheannuighdheacht dé? An ní céadhna a chiallaighios an líon lacha, ag Eóin, c.21, dobhí lán d'iasg mhór agus nachar imidhi aon iasg díobh. Ag Marcus, c.4, adearthar, an gráinne mustaird gur lúgha é ná aon síol eile air an talamh, acht an tan a curthar é, agus fhásas, is áirde é ná aon luibh eile. Mur sin anna neithibh beaga, is mór an tóradh agus an tábhacht a bhíos ionnta, ionnas nach cóir tarcuisne do thabhairt orrtho, dá laeghatt dá mbiaid. Mur sin, ní as a méad ach as a mbrígh a bhíos ionnta is cóir a meas. Tréigeadh gach duine re hinntinn uasail é féin go hiomlán agus gabhadh Críosd do bharánta, agus comhlíonadh toil an Athar neamhdha ó rún croídhe, agus cuireadh a ccéill dhó féin ná biadh dogbhal ar bith anso ach go mbeireadh duine buaidh air féin agus go ccuireadh a thoil go hiomlán re toil Dé.
Is rofhíor do chan an seanmhanach, an tan a bhíos duine dhá chlaoi féin go bhfaghann doghbhal, acht an uair do chuirios a thoil féin go hiomlán re toil Dé, ní bhíonn saothar air, acht biadh comh áluinn re rósa, amhuil a bhíos na neithe faoi chiaidh, ar mbeith don aer dorcha lán do nélluibh, agus ar n-éirighe don ghréin agus ar sgrios na dorchachta, tig gné áluinn orrtha. Mar an ccéadna a theagmhas don tí dogheibh an solas deálradhach so thola Dé, dobheir iolghárdas mór dá inntinn agus díbridh an uile dhólás na beatha so aisdi. Is dearbh, gibé nach dénann so nach ttugann sásadh iomlán do Dhia agus dá árdtighearnttas air, óna bhfuil d'fhiachuibh air, re hioliomatt titul, gan ní ar bith do dhénomh acht do réir thola Dé; agus ar son go ndénadh duine gach ní iarras aitheanta agus dlíghadh Dé air, ní féidir dhó buidheachas iomlán do thabhairt air son gach grása dá bhfuair agus dá bhfaghann ó Dhia. Ní féidir re duine air bith buidheachas iomlán do thabhairt do Chríosd air son gach tiodhlaice dá ttugann do na daoine, acht fós ní dhénaid an ní is féidir leó do dhénomh. Uime sin, an onóir ádhbhalmhór úd, a bheith sínte re Críosd san ccroich, ní fhagháitt fós, agus ní aithníghid aingle Dé mar cháirde dhóibh féin iad, an tan dochíd aon ní dá ttoil féin ná dá ngrádh ionnta. Ní bhlaisid fós an chailís úd atá searbh 'na huachttar agus anna híochttar lán do mhil; agus gibé nach ibhionn í gus an mbraon dhégheanach, ní bhlaisionn a milseacht go hiomlán, agus ní fhaghann na sochair agus an tarbha a tig do dhuine as é féin do thréigion go hiomlán. A chontrárdha sin, atá nimh air iomchar ag an tí nach ttréigion é féin, .i. a thoil, donídh nísa mhó do dhíoghbháil dhó nó is féidir rena bhfuil a n-iffrionn uile do dhénomh dhó. Ní bhfuíghe fós Críosd go bráth, óir ní iarrann mar is cóir é, agus ní leanan sé a lorg, mar adeir Críosd féin: “Gibé rear mian misi do leanmhuin, tréigeadh é féin agus tógadh a chroch”, ag Matha,c.16. Féachmaoid go grinn re súilibh na tuigsi ar chrích na hoibre so, agus ná géillmaoid do shaothar ar bith; óir is í is croch dhó, síthcháin an anma, ríoghdhacht nimhe, sealbh Chríosd, agus Dia féin d'fhagháil. Uime sin iarrmaoid Críosd, ní atá rotharbhach dhúinn, mur do iarr sé inn, gan sochar air bith dhó féin ann. Iarrmaoid é ris an uile dhíthchioll, óir
mar adeir an doctúir aingli S. Tomás: “d'iarr sé go dúthrachttach aon phighin amháin nó go bhfuair í. Agus is aonchomharthuigh nach abair Críosd gurab é a ceannach dorinne acht go bhfuair í, ar son gurab air 'fhuil fhíruasail féin, re bás cruaidh na croiche, do cheannuigh an cineadh daonna, do chionn go raibh fonn comh mór agus sin air an cineadh daonna do shlánughadh gur mheas gurbh éadáil ris an duine do shaoradh as cumhachtuibh an diabhuil, agus a tharraing dochum na glóire síorraidh dochum ar cruthaigheadh é. Is tugtha fós fa dear gur ghair sé na haingil uile dochum comhlúathgháire do dhénomh, ní ris an bpighinn dofríth, nó ris an duine, acht ris féin, amhuil gurb é an duine bá Dia dhó, agus nacharbh fhéidir re Dia a bheith glórmhar beannuighe, muna bhfághadh se an duine do bhídh air seachrán.” Gus so briathra S. Tomás. Uime sin, is iomchubhuidhe dhúinn ar ndombuidheachas agus ar mainneachta do cheartughadh, óir mádh d'iarr Críosd inn go rodhíthchiollach, créad fa bhfuilmaoidne dá iarraighsion re magadh nó re súgradh? Más beagán measa dobhídh ag Críosd air ar fhuilaing sé air ar son, tré mhéad an fhoinn do bhídh air ar slánughadh, créad fa bhfuil meas mór againn air ní gan éifeacht, as a léigmaoid dhínn ar mórshochar féin, agus fós níis mó ná sin, glóir agus onóir Dé do mhéadughadh, mar atá a thoil do chomhlíonadh? Dobheir Dia é féin dhúinn go tabhartach daondachttach, créad fa nach ttugmaoidne sinn féin go hiomlán dhó? Ó, nach malluighe gránna díomas na ndaoine, ní hé amháin ó bhréithir acht ó ghníomh, a mheasas gur fearr iad féin ná Dia síorrthuidhe, air a bhfuil d'fhiachuibh ó chonradh cheart, atá rotharbhach dhóiph féin, iad féin do thabhairt do Dhia go hiomlán, an tan a tug Dia ar ttús é féin go hiomlán dóiph? Meas fa dheóigh nach féidir re haon neach é féin do chlaoi anna neithibh árda dogbhalacha, muna rug buaidh air féin ar ttús anna neithibh sódhéanta, agus é féin d'ullmhughadh ris an aimsir dochum neithe mór do dhénomh. Ionnas gur fíor adubhairt Ricárdus Victorínus, p.2, c.21, in Cant.: “An tí do bheir a bheatha suas go hanbhfann sgaoilteach, dobheir neart dá náimhaid ann' aghaigh féin: ionnas go nglacadh neart agus go mb'éidir dhó seasadh ria, tionsgnadh ó na neithibh beaga
agus dénamh buaidh do bhreith ionnta go díthchiollach, ionnas, re mbuaidh do bhreith ionnsna neithibh beaga, go nglacadh neart dochum neithe móra do chlaoi.” c.16. An 16 Caibidil. AN MODH FÍRINNEACH AIR AR CÓIR DO DHUINE É FÉIN DO CHUR RE TOIL DÉ. Ní an gach aon ní do dhénomh air son Dé atá comhlíonadh a thola go foírfidh, acht fós, gach ní dá tteagmhunn go contrárdha dhúinn iomchar go foíghideach lúathgháireach; ar an ádhbhar, an tan do chuirmaoid sinn féin go hiomlán re naomhthoil Dé, ní léigean ní ar bith do theagmháil dúinn acht ní dothéid dochum maithiosa agus tarbha dhúinn. Foillsíghim so re sompla lán do dheaghtheagasg, mar aithrisius Taulérus a theagbháil do dhiadhaire áiridhe anna ccomhrádh re duine bocht do chuir Dia chuige dochum na diadhachta neamhdha so do theagasg dhó. Cuirim annso síos an comhrádh do thárla eatorro, óir tárringhidh sinn dochum tola Dé do chomhlíonadh, agus foillsighe na sochair mhóra agus an tarbha atá ann. Ag so an sgéal féin. Diadhaire óirdheirc do smuain aige féin nar lór dó méad 'fhoghluma dochum seirbhísi Dé do dhénomh mar búdh cóir dhó, do ghabh ag guidhe Dé go dúthrachttach fíréan éigin do chur chuige do théigasgadh dó slíghe na fírinne. Do chaith ocht mbliadhna ag guídhe Dé mur sin. Fa dheoigh, a táinig guth ó neamh chuige ag rádh ris dol go doras an teampuill agus go bhfuígheadh ann duine do mhúinfeas slíghe na fírinne dhó. Do chuaidh amach agus dofuair duine bocht a ndoras an teampoill, coslumnachta, salach, lán do chnéadhibh agus do chréachtuibh, ag silúdh fola agus fúlraigh, agus 'éadach fós briste air, narbh fhiú trí pighinne uile é. Dobhídh a ghné comh bocht gránna agus sin, dá mbeith gan focal do labhairt, gomadh díol truaighe é. Gídheadh, dofuair an diadhaire so léigheas spioradtálta agus fóghluim íongantach uadh, an mhéid bá mian ris, agus do thuill
a ghnáthghuidhe úmhal dó ón mbocht chédna, mar is follas as an ccomhrádh dobhídh ag an diadhaire ris, ag rádh: “Go ttugadh Dia maidin shona dhuit, a dhearbhbhráithir.” Air an bocht: “Dobheirim buidheachas ar son na maithiosa a d'iarrais dhamh; gídheadh, ní cumhain liom a chontrárdha sin do theagbháil dhamh ariamh, nó tús lae nach beith sona dhamh.” Air an diadhaire: “Bíodh amhluigh mar adeir tú, agus amaille ris na laeithibh maith sin, go ttugadh Dia fortúin mhaith dhuit.” Air an bocht: “Is mór na maithiosa sin iarras tú dhamh agus go ndearna Dia mur sin é; acht go fírinneach, ní roibh drochchinneamhain agam ariamh, agus ní thárla ní contrárdha ar bith dhamh.” Air an diadhaire: “Ris an deaghchinneamhain sin agatt, go ttugadh Dia dhuit, a dhearbhráithir, a bheith sona go síorrthuidhe; acht ionnas nach béinn fadálach, ní thuigim go maith do chomhrádh.” “Adeirim riot”, ar an bocht, “más iongnamh leat é, nach rabhas ariamh acht sona agus go bhfuilim anois amhluigh.” “Dia do bheannadh dhuit,” air an diadhaire, “agus labhair liom go follas, óir ní thuigim do chomhrádh.” Air an bocht: “Do dhéna mé sin go toiltenach. An cumhain leat gach modh air ar bheannuigh tú damh?” Air an diadhaire: “Is cumhain go maith; a d'iarr mé ar Dhia maidin shona do thabhairt dhuit, fortúin mhaith, agus a bheith sona go síorrdhuidhe.” Air an bocht: “An cumhain leat gach freagra dá ttugas ort?” Air an diadhaire: “Is cumhuin go deimhin, ag rádh dhuit nach roibh maidin chontrárdha, drochchinneamhain, nó míshéan ar bith ort ariamh. Ag so do fhreagra, agus do bhrígh go bhfuil dórcha oram, adbhuídhim go fírinneach nar thuigius í. Uime sin, guidhim aridhís thú a míniughadh dhamh.” Air an bocht: “Tuig so, a dhearbhráithir, gurab iad laethe sona a bhíos againn, gach lá do chaithmaoid re moladh Dé, óna bhfuil ar mbeatha againn, agus gurab iad na laethe contrárdha bhíos againn, gach lá dá ccaithmaoid gan glóir nó
onóir do thabhairt do Dhia; agus gach neithe dá tteagbhann dúinn más sona nó dona iad, amaille re cuidiughadh Dé, is féidir linn agus atá d'fhiachuibh oruinn ó rúan croidhe é féin do mholadh; agus donídh ar ttoil féin, arna neartughadh re grásuibh Dé, laethe sona do bheith againn do ghnáth. Duine bocht mé, mar dochí tú, agus ní bhfuil ní ar bith air an saoghal so agam, agus mar dheóraigh atáim ag siúbhul an domhain. Ní bhfuil ní agam re mo bheatha do chothughadh agus ní bhfuil áit chomhnuighe agam; uime sin is éigin dhamh mórán siúbhuil agus anróigh d'fhulang. Má bhíonn ocras orum agus nach bhfuighe mé duine a bhéarus déirc dhamh, moluim Dia ar a shon sin. Mádh thuitionn sneachta nó fearrthuinn orum, más soínionn nó doíneann a bhíos ann, moluim Dia mar an ccéadna. Mádh bhíonn fuacht orum agus mo cheirteach briste, moluim Dia. Más bocht tarcuisneach mé, moluim Dia. Fa dheóigh, ní bhfuil ní ar bith dá chontrárdha do theagbhas dhamh nach moluim Dia air a shon. Air an ádhbhar sin ní roibh drochmhaidin agam ariamh. Más olc nó maith doníd na daoine orum, moluim Dia, agus cuirim mo thoil féin go hiomlán rena thoilsion, agus dobheirim buidheachus agus moladh dhó. Deárbhuim dhuit nach iad na neithe contrárdha dobheir drochlaethe do bheith againn acht air mífhoíghid féin, as a ttig dhúinn nach ccuirmaoid ar ttoil féin re toil Dé mar is iomchubhuidhe, agus nach bímaoid ag moladh Dé do ghnáth.” Ar an diadhaire: “Is ciallaighe réasúnta gach ní dar labhruis ar laeithibh séanmhura sona, agus tuigim gurab sin na laethe maithe a caitear re moladh Dé.” Air an bocht: “Is uime sin adubhairt mé nach roibh míshéan oram ariamh agus nach ttarla ní contrárdha ar bith dhamh, agus is fíor dhamh sin, óir a measuim mar shonus gach ní dá tteagbhann dhamh, air mhodh nach féidir liom féin iarraigh nías feárr; acht is dearbh, gach ní is toil re Dia do thabhairt dhúinn nó do léigion oruinn, nach bhfuil ní is feárr dhúinn ná é. Uime sin, ní hé amháin mé féin ach gach duine eile a mheasus na neithe mar is cóir do chríosduidhe, agus agana bhfuil súile na tuigsi fósgailte aige, atá sona deaghchinneamhnach, mádh ghabhann chuige go maith gach ní dá tteagbhann, nó dogheibh ó láimh
Dé, nó do léigus Dia do dhénomh, air an ádhbhar nach féidir ní is feárr ná sin do theagbháil dó.” Air an diadhaire: “Abair riom, a dhearbhráithir, cionnas do chuireas tú a ngníomh an teagasg maith agus an fhírinne rofhollas sin, rena bhfuil tú sona beannuighe mar adeir tú?” Ar an bocht: “Is feas dhamh mó bheatha do chur re toil Dé, air an modh air a ccuireann mac rena athair; agus smuainim agam féin go cinnte gurab Aithair romhaith é Dia, agana bhfuil cion éagmhais air a chloinn, agus go bhfuil glic cumhachttach, agus go bhfuil fiosach, agus gur féidir leis gach ní is mó tárbha dá chloinn do thabhairt dóiph. Uime sin, gach ní dá tteagbhann dhamh, más taitneamhach nó contrárdha é, más searbh nó milis é, más onórach nó náireach do réir mheasa na ndaoine é, mádh atá fós maith nó olc do mó shláinte, gabhaim chugam go fonnbhar lúathgháireach é mar ní rótharbhach, agus bím toilteanach ris; agus atáim cinnte nach bhfuil ní is mó is iomchubhuidhe dhamh ná sin. Air an ádhbhar sin, gach ní dá tteagbhann dhamh, measuim gur fortúin mhaith í, agus dobheirim buidheachas do Dhia ar a shon.” Air an diadhaire: “Guidhim thú, mínigh dhamh an treas freagra a thugais orum, ag rádh nach roibh sonus beannuighe ar bith d'easbhuidh ort, óir ní thuígim go maith í; agus measuim nach lúgha an bhrígh atá innti nó atá ann gach freagra eile dá ttuguis orum.” Air an bocht: “Dodhéana mé sin re congnamh Dé, agus tabhair aire dhamh. Is é a mheasmaoid bheith sona beannuighe eidir na daoine, an tí dogheibh gach ní is mian leis agus donídh a ghnóthaigh féin go maith do ghnáth, agus a ndéantar a thoil ann gach aon ní. Anois, is dearbh nach féidir re duine ar bith a leanus dlíghudh agus reacht an tsaoghail so teacht dochum an tsonuis bheannuighe so; agus is fírinne fhollus so gan contábhairt ar bith; acht atá sé go hiomlán foírfidh ag naomhuibh fhlaithis Dé, do bhrígh nach mian leó ní ar bith acht a' ní is mian re Dia. Mar an ccédna a theagbhus do na daoinibh ar an saoghal so. Gibé mharbhas 'antoil féin agus a chuireas a thoil re toil Dé, agus a bhíos deóntach ar gach ní dá ndénann Dia, más ris féin nó re duine eile a bhainios, is féidir linn a rádh gur duine beannuighe é air an saoghal so;
óir mar dochí gach aon ní aige dá dhénomh do réir thola Dé, is é sin is mian ris.” Ar an diadhaire: “Guídhim thú, cionnas do chuireas tú sin a ngníomh?” Ar an bocht: “Do chuir mé romhum go daingean diongmhála mé féin do cheangal re toil Dé, agus do chuir mé mo thoil ar a láimh, iondus nach mian leam ní ar bith acht an ní is mian re Dia. Fós, ní bhfuil mo thoil féin agam níosa mhó. Uime sin atáim rochiúin, roshocair, roshásda, agus mur sin measuim mé féin a bheith sona beannuighe, óir taitnidh liom go mór gach teasgadh a chuireas Dia dhíom gus is mó an sólás dogheibhim annsin ná dogheibh na daoine a leanas dá n-antoil féin.” Ar an diadhaire: “Anois tuigim cionnas atá tú sona beannuighe, agus dochím gur fíor gach comhrádh dar chanuis riom; acht fiafraoim dhíot, créad dodhénta dá ttógra Dia do chur go hiffrionn?” Air an bocht: “Dá ndénamh Dia sin, atá dhá láimh spioradálta agam do chuirfinn 'na thimchioll: lámh chlí na humhlachta, agus chuirfinn í so faoi mo Thighearna Críosd, agus is ria atáim ceangailte dá dhaonnacht bheannuighe; an lámh dheás, an grádh, rena bhfuilim ceangailte dá dhiadhacht; agus atá sé mur sin ceangailte agam go rodhaingean ris an dá láimh sin, air mhodh dá ccuireadh go hiffrionn mé, gan smál peacaidh orum, nach beinn gan Dia agam; óir go rachadh liom go hiffrionn; agus bá fearr leam a bheith i n-iffrionn, agus grádh Dé agus Dia do bheith agam, ná bheith air neamh nó a n-áit ar bith eile dá haoibhne agus gan Dia nó 'ghrása do bheith agam.” Air an diadhaire: “Muna bhfuil dearmud orum, is é is mian leat a rádh gur slighe aithghearr dochum Dé úmhla fhírinneach, agus mar d'aithin Dia dhínn grádh do bheith againn air, agus nach ttiúbhradh aithne chontrárdha dhúinn go bráth; ionnas gur féidir linn a rádh ris an mórdhacht shíorruidhe úd: “A Thíghearna, acht grádh do bheith agam ort, a bheith seasmhach ann do ghrásuibh, agus a bheith dod mholadh do ghnáth, déna liom dho réir do thola féin; óir biaidh an uile áit aoibhinn agam, mádh bhíonn tusa mo chuideachta.”
Air an bocht: “Is maith do thuigis mé, agus a' bhfuil ní ar bith eile 'na chontabhairt ort?” Air an diadhaire: “A dhearbhráthair, bá maith liom fós a fhios so do bheith agam; ó tá tusa comh ceangailte agus sin re Dia, ca háit a bhfuíghe mé é dochum mé féin do cheangal ris? Agus creidim nach bhfuil áit arb iomchubhuidhe dhamh iarraigh ná san áit a bhfuair tusa é.” Air an bocht: “Ní bhfuighe tusa ná misi nó neach ar bith eile Dia acht san áit a ttréigfidh sé an uile chréatúir air ghrádh Dé.” “Ca háit ar fhágbhaidh tusa Dia?” ar an diadhaire. Air an bocht: “Annsna croidhthibh glana agus annsna daoinibh deaghtholach; is ionnta d'fhághbhas é agus is ionnta doghéibhim é.” Air an diadhaire: “Tabhair cead dhamh aon ní amháin eile d'fhiafraigh dhíot: cia thú féin?” Ar an bocht: “Tuig gur rígh mé, agus atá mé mó rígh go deimhin.” Ar an diadhaire: “Más fíor gur rígh thú, cá bhfuil do ríoghdhacht?” Ar an bocht: “Atá mo ríoghdhacht ann mh'anam, óir is fios dhamh mo chédfadh inmheodhónach agus foirmealach do riaghlúdha, agus mo uile chlaonta agus brígh uile mh'anma do smachtúdh re céill agus re réasún; agus dearbhuim dhuit, a dhearbhráithir, gur fearr an ríoghdhacht so ná ríoghdhacht na cruinne céthardha gan chontabhairt ar bith; as 'ttuigfidh tú gur fíor dhamh a rádh gur rígh mé, óir dofuaras maille re grásuibh Dé an ríoghdhacht air ar lábhras.” Ar an diadhaire: “Dochím gur mian leat a bheith ar siúbhal; agus innis dhamh, ca bhfuil tú dol?” Ar an bocht: “Rachadh mé san áit as a ttángas.” Ar an diadhaire: “Cá háit as a ttánguis?” Ar an bocht: “Ó Dhia thángas agus dochum Dé atá mo shlighe ar ais; agus is é Dia féin is cuideachta dhamh; agus múna ttuigionn tú go lór an ní adeirim, adéarad leat go follas é. Ar an adhbhar go bhfuil Dia a láthair san n-uile áit, agus go bhfuil san uile chréatúir, agus ar son go cclaochlóimsi áit, agus go bhfaicim créatúridh agus créatúridh eile agus go labhruim leó, dogheibhim Dia ionnta uile; agus is mó dochím Dia ná
créatúridh anna bhfaicim é. Gibé créatúir fós nach bhfuighinn Dia ann, dobheith fuath mo námhad agam air.” Ar an diadhaire: “Cionnas a táinig tú dochum na foirfidheachta sin?” Ar an bocht: “Re trí neithe, .i. a bheith mo thocht do ghnáth, smuaintigh árda do bheith agam, agus mé féin do cheangal re Dia, ar mhodh nacharbh fhéidir liom ciúineas d'fhagháil anna ní ar bith faoi Dhia. Agus dofuaras Dia mur sin, agus atá síthcháin agus ciúineas síorruidh agam ann. Thusa mar an ccéadna, más mian leat a bheith foirfidh, ciúineas agus síthcháin inntinne do bheith agatt, ná hiarr é anna ngrádh créatúir ar bith, agus ná tabhair meas air, mádh chuirionn toirmeasg ort thú féin do cheangal re Dia. Coimhéid na trí neithe adubhairt mé shuas. Ná labhair mórán; seachain caidreamh agus comhlódar na ndaoine, más maith riot gan síthcháin h'anma do chaill agus an lúathgháire dogheibhmaoid ag smuaineadh air Dhia linn féin. Déana díthchioll gan a bheith a smuaineadh ar neithibh talmhuidhe saoghalta, is gearr a mhairfeas, acht ar neithibh diadha síorruidh; ní ar neithibh daonna colluidhe acht ar na neithibh spioradtálta do cheanglas an duine re Dia. Tárraing thú féin ón uile chréatúir amhail agus nach beithdís ann. Meas fós go bhfuil an saoghal marbh agus nach bhfuil ann acht toigh re thínidh, as a tteithionn gach duine rear mian é féin do shábháil. Mar an ccéadna, teithsi ón tsaoghal; agus ris sin biaidh tú iomchubhaidh dochum thú féin do cheangal re Dia, agus doghebhadh tú ciúineas agus síthcháin inntinne ann. Fós, guidhim an Dia cédna go ttugadh sé grása dhuit agus go ndéna sé iomchubhaidh thú dochum gach teagaisg dá ttug mé dhuit do chur a ngníomh.” An 17 Caibidil. AN T-ÁDHBHAR IS MÓ AIR AR CÓIR DHÚINN TOIL DÉ DO CHOMHLÍONADH AGUS AR TTOIL FÉIN DO CHUR RENA THOIL. Ar son gurb iomdha ádhbhar agus cúis do chuirios d'fhiachuibh oruinn toil Dé do chomhlíonadh agus ar ttoil féin do chur ria, agus sin ó iliomad titul, atá tarbha mhór dhúinn a fhios do bheith
againn an t-ádhbhar prionsiopálta agus is mó luaighdhacht dhúinn fa air ttoil féin do chur re toil Dé; óir gibé rear mian toil Dé do dhénadh go foírfidh iomlán, ní lór leis a thoil do chomhlíonadh acht gach ní dá ndénadh do dhénomh air an modh air ar mian re Dia é dá dhénomh; ionnas gur móide do thaitéanamh re Dia, dobhéaradh buídheachas dá Chruthaighthóir, agus do gheabhadh féin luaighdhacht as. Is féidir linn toil Dé do dhénomh do bhrígh gurb é ar n-árdTighearna é, ag a bhfuil d'fhiachuibh oruinn úmhla do thabhairt dó agus seirbhís do dhénadh dhó; do chionn gurab é ar nAthair roghrádhach é, air ar cóir dhúinn a chomhuirle agus 'aithne do dhénomh go hiomlán éasgaidhe nó go hollamh; nó gurb é tug tíodhlaice móra dhúinn as ar cóir dhúinn buidheachas do thabhairt dó; nó gurb é dobheir luach ar saothair dhúinn go fírinneach, dúthrachttach, daonnachttach, nó gurb é so ní is fearr, is tarbhuidhe, is onóraigh agus is iomchubhuidhe don nádúir dhaonna. Is rosholléir naomhdha iad so uile dochum gach duine do ghríosadh do bheith fallsa nó mainneachtach fa thoil Dé do chomhlíonadh; agus gach duine dá mbíonn amhlaigh, is dearbh go ttugann tarcuisne don cheart atá ag Dia oruinn ar ttoil féin do thréigion agus a thoilsion do dhénomh. Gídheadh, níor thaisbéin mé fós an titul is onóraigh, an ceart is daingne agus is cruaidhe agus is mó thaitneas re Dia féin, dar cóir dhúinn sinn féin do chur a n-oireamhain. Is deimhin, dá ndénadh duine an n-uile ghníomh do réir thola Dé ar son gach réasúin mhaith bheannuigh dá ndubhramar agus dobheir congnamh ádhbhalmhór dhúinn, ní thiúbhradh sásughadh go lór don mian agus don bhfonn atá air Dhia níosa mhó do naomhthacht do bheith ionnuinne, .i. a bheith naomhtha foírfidh mar atá ar nAthair néamhdha, ag Matha, c. 5; óir ris sin ní thig dochum céime uachtraigh na foírfidheachta agus dochum na haithne is mó tug Dia dhúinn, ag rádh, Deuteron., c.6 agus ag Matha c.22: “Grádhuidhe do Thíghearna Dia ó rúan croídhe agus ón uile neart anma agus inntinne.” Agus ar son, dochum aitheanta Dé do chomhlíonadh, nach riachttanach gach aon ní ar ghrádh Dé go fírinneach do dhénomh; gídheadh, is ro-iomchubhaidh dhúinn a dhénomh dochum sásuidhe do thabhairt
don rofhonn atá air Dhia sinn do bheith naomhtha foírfidhe. Uime sin a thaobhas rinn go díthchiollach an freachnadh so do leanmhuin; agus ionnas go rachamaois air ar n-ághaidh, iarruigh oruinn go rocharrthanach a thoil féin do chomhlíonadh re grádh éagmhuis, nértmhar, díleas, fírinneach, agus ní fá ádhbhar ar bith eile acht do chionn gurb é Dia é féin, ag grádhughadh na maitheasa íongantaigh úd, lúathgháire do bheith oruinn fa gach foírfidheacht dhochríochnuidhe dá bhfuil ann, agus iolgháirdios do bheith oruinn fa mhéad a sháidhbhris, a ghlóire, agus a mhórdhacht. Thairis sin, gibé nach ccomhlíonan toil Dé do bhrígh gurb é Dia féin é, ní chomhlíonan í air an modh is mó rear mian re Dia é dá comhlíonadh; nó más air son sochair nó sógbhail ar bith dó féin a chomhlíonas í, ní chomhlíonan í ar an modh ro-uasal air ar mian re Dia é dá comhlíonadh agus ar 'ttuillionn Dia a thoil féin do dhénomh; agus ní fhághann an luaighdheacht dogheabhadh dá ttugadh buidheachas iomchubhaidh dá Chruthaighthóir; agus ní bhfuíghe a chuid don n-órchíste adhbhalmhór atá a bhfallach san bhfreachnadh so; agus ní bhlaisfidh an criathar fíormheala atá anna ttoil Dé do dhénomh agus a thoil féin do thréigean. Mur sin, is mór atá uainn air ghrádh égmuis do thabhairt don diadhacht shíorruidh, don mhaith adhbhalmhór, don nádúir dhochríochnaidh, atá lán do sháidhbhrios agus d'fhoírfeacht, ionnas go ccomhlíonamaois a thoil fhírcheart. Ar so is cóir dhúinn aire do bheith againn. Ag so ar n-oiffic; ag so ar n-íolgháirdios, ag so ar saothar. Annso atá ar n-onóir; ar so is cóir dar ttuigsin a bheith 'fáire. Ag so beatha ar ttola; ag so iolgháirdios ar ccroídhe agus ar ccuirp. Gairmaoid chuige so neart uile ar n-ánma. Caithmaoid ris ar mbrígh, ar bhfonn agus ar ngrádh, sinn féin agus ar mbeatha go hiomlán, ar an ádhbhar nach bhfuil ní ar bith is tarbhuidhe dhúinn ná ar n-aois uile do chaitheamh ris an bhfreachnadh anna bhfuil an uile mhaith. Agus is ro-íongnadh cionnas an sgéimh shíorruidhe, an mhaith is mó, an t-eagna uilechumhachtach, nach gadann sé ar ccroidhe asuinn dá ghrádh féin, nó cionnas nach cceanglann ar n-anam é féin re grádh geanamnaigh re Dia atá comh soghrádhach agus sin. Gadé méad an tsóláis rádharc d'fhagháil ar sgáthán dealraígheach na diadhachta? Godé an ghlóir a bheith dá ghrádhamh do shíor
agus a bheith ceangailte go rosháimh, ag dénadh a thola ann gach aon ní? Créad an lúathgháire chroídhe is iomchubhaidhe dhúinn do bheith oruinn ag smuaineadh amháin ar an sólás so, nó go mb'éidir linn ní ar bith do dhénomh do thaitéanamh re Dia, agus nach é amháin gur féidir linn onóir do thabhairt dó acht fós grádh do bheith againn air? Is deacair a thuigsin créad um nach bhfuil meas mór againn oruinn féin, do bhrígh gurb é Dia do chruthaigh sinn agus gur leis féin sinn. Fós, créad an fáth nach bímaoid ar crith a bhfiadhnaise Dé do ghnáth, ag smuaineadh ar a mhórdhacht agus ar a mhaith, agus ag grádhughadh a mhórdhiadhachta atá gan tús gan deireadh, tobar an uile uaisle? Agus mar nach bhfuil tús ar bith ag Dia, atá comh dóchríochnuighe, comh foírfidh agus sin nach féidir re tuigsi a smuaineadh ní is mó agus is feárr ná é; agus gach ar féidir dhó ris an tuicsi do chuma nó do smuaineadh, a ccomóra Dé, ní bhfuil acht neimhníthi ann; agus ar son nach bhfuil acht aon Dia amháin ann, atá 'na Thrinóid, iongantuis ós gach íongnadh, a bheith tré bhithi síor gan chaitheamh, gan chlaochló. Tug an tAthair néamhdha an diadhacht go hiomlán don Mhac síorruidh, agus tré iomad maithiosa do pháirti siad an diadhacht chédna ris na daoinibh. Atá Dia fós comh maith agus sin nach féidir leis cosg dá bheith ag dénomh maitheasa; atá uilechumhachtach, ionnas gur chruthaigh an n-uile ní as neimhníthi; atá comh eagnuíghe nach féidir ris dol ar seachrán ag ruinn a mhaithiosa; atá comh mór agus sin nach féidir leis gan a bheith do láthair againn ann gach aon áit, ionnas go bhfaiceann sinn do ghnáth agus go n-éisdionn ar nguidhe; atá neamhchlaochlódeach, ionnas nach féidir rena sgéimh traothadh agus nach ccoisgeann a dheaghthoil; atá gan chumusg ar bith ann agus dogheibhmaoid seilbh an n-uile mhaithiosa ann gan bhuaidhirt gan toirmeasg; atá rocheart, rothrócuireach, agus ionnas go ttaisbéanadh a thrócuire, do choigill sé do na daoinibh agus níor choigill dá aon Mhac féin; atá síorruidh ar mhodh nach ttig traothadh nó claochló ar a bheatha tré bhith síor; atá rofhírinneach, ar mhodh, dá mbriseadh sinne ar ngealladh dhó, go ccomhlíonan sé
gach ní dar gheall dúinn; atá comh grádhach agus sin oruinn gur iomchair ar mbochttacht agus ar luige. Is é fós dobheir a bheith ann don uile ní, agus muna mbeith sé ann, ní bheith ní ar bith ann. Is é chongbhas na flaithis suas; is é a choimhéadas na dúile gan chaitheamh; is é dobheir fás do na plántuibh, mothughadh do na hainmhidhthibh, réasún do na daoinibh, agus tuigsi do na hainglibh. Atá Dia gan mheasúr gan chompás, agus annsa an uile ní, gan buaidhirt, gan trioblóid, ag cruthadh agus ag coimhéad an domhain uile. Atá a mhaith comh mór agus sin, ar son go bhfuil an uile fhoírfidheacht ann féin, dochum sochair an duine go ttugann toradh ar chrannuibh, biadh as an talamh, éadach as líon agus as oluinn dar ttéagar, agus nach bhfuil obair dá tarcuisnigh againn nach ccuirionn a dhá láimh dá dénamh ar son an duine, dá úirísle dá mbiaidh; ionnas narbh fhéidir biadh do bhruith nó deoch uisge ól as tobar gan lámh Dé do bheith linn. Atá comh maith agus sin gurab uadh tig an uile mhaith, gurab uadh atá an uile sgéimh, an uile cheart, an uilechumhachta, an uile eagna, an uile mhilseacht; agus is é fós an mhaith ós gach maith, an sgéimh ós gach sgéimh, an ceart ós gach ceart, an cumhachttach ós gach cumhachta, an t-eagna ós gach eagna, an mhilseacht ós gach blas. Ca maith is mó nó gur fhulaing Mac Dé bás dochum beatha do thabhairt don pheacach; gur íslídhe é féin d'fhaitíus an duine, atá 'na phéist bhoicht thalmhuidhe, do dhol a n-uabhar; dorinne duine dhe féin ar son a námhad, .i. an duine, dobhídh ag iarraidh fios uilc agus maithiosa do bheith aige amhuil mar dobhídh ag Dia féin; fós, tair éis é féin do chur a ccorp dhaonna, agus nacharbh fhéidir leis na flaitheasuibh a chur a ccompás, d'fhágbhuidh é féin 'na bhiadh agus 'na chóthughadh beatha ag an droíng do thuill míle bás? Ó, 'Dhia, gadé meadh do mhaitheasa agus go háiridhe dhamhsa! An mhéid adubhairt mé go seadh, ráidhte fírinneacha daingne iad atá do mo bhrósdughadh mé féin uile do chur faoi do naomhthoil; óir is fearr dhamh gach ní is mian leatsa dhamh ná an ní is mian liom féin, do bhrígh go bhfuil do thoilsi comh maith agus sin innte féin nach féidir léith a bheith níos fearr. Mar an ccédna ní féidir léith gan a bheith go maith dhamhsa. Uime sin, tabhair dhamh do thoil do chomhlíonadh
do chionn thú féin a bheith comh maith agus sin. Atá míle ádhbhar lúathgháire ag an uile chréatúir, do bhrígh go bhfuil Cruthaighóir, tús agus fréamh comh maith agus comh uasal agus sin aca, agus gurab ar son a ghlóire féin do chruthaigh iad rena láimh fhíormhaith féin. Bíodh lúathgháire air na flaitheasuibh mar nach féidir leó a cCruthaighthóir do chur a ccompás. Congmhaid a ccúrsa féin na planéid agus tugaid na rélta mórsholas don tsolas síorruidh do chruthaigh iad. Bíodh iolghairdeas ar na dúile air son gurab é a cCruthaighóir méadhon agus foírfidheacht an domhuin uile. Na neithe cumuisge, plantaidh, aelaith, beathuidh, daoine, agus aingil fós, déndís lá féasta do chionn rígh comh mórdhálach, comh cúmhachttach, comh eagnaígh, agus comh maith agus so do bheith 'na Athair aca. Bíodh neamh agus talamh lán do lúathgháire fa mhéad glóire agus mórdhacht an Tíghearna, dothug dhúinn a thoil do dhénomh ar an talamh mur doníd na haingil air neamh. Doníd na haingil toil a tTíghearna re grádh éagmhuis, do chionn gurab é Dia é, atá naomhtha, maith, mórdha, agus foírfidh ann féin. Is mó ná sin atá d'fhiachuibh oruinne na daoine, a ndeárna nísa mhó air ar son, agus dobhídh ar naimhde aige, ná dorinne air son na n-aingeal dobhídh díleas dó agus 'na lucht aontigh' aige. Uime sin, is truaillidh mínáireach dhúinn gan toil Dé do chomhlíonadh, atá comh tíodhluiceach agus sin oruinn nach ccoisgionn dá bheith ag dénomh maithiosa oruinn, dá mhéad olc dá ndénmaoid, agus atá rothoirbheartach nach léigionn uair ná aimsir thairis gan maith éigin do dhénomh dhúinn, agus atá ullamh dochum a dénta dúinn go síorruidh, muna ccuiridh ar bpeacaidh féin toirmeasg air. An 18 Caibidil. TRÁCHTAR ANNSO AR MHÉAD AN TSOCHAIR ATÁ IN AR TTOIL FÉIN DO CHLAOI, IONNAS GO NDÉNMAOIS TOIL DÉ; AGUS AN TARBHA A TIG DHÚINN AS SIN DO DHÉNOMH GO FOIRFIDHE. Ní lór ar labhras gus so go generálta ar gach maith dá bhfuil san bhfreachnadh diadha so, acht is iomchubhaidh labhairt orrtha nísa shoilléire agus a theagasg an modh air ar cóir
don anam chráibhtheach, an mhéid gur féidir ar an saoghal é, toil Dé do chomhlíonadh go foírfidh iomlán; agus chuige sin atá trí neithe do riachttanas air. An céad ní: gan ar ttoil féin do dhénomh nó d'iarraidh anna ní ar bith; agus is é so fundameint na neithe eile, do bhrígh nach féidir linn toil Dé do chomhlíonadh mádh leanmaoid ar ttoil féin. Gídheadh, mádh réidhimuid sinn féin uaith agus go ccuirfium an t-ualach rothrom ar cclaonta féin dínn do nídh nach bhfuil ualach ar bith is truime don duine ná é féin, agus ar mbeith saor uaidh sin, is furus dúind toil Dé agus 'aithne do chomhlíonadh. An dara ní: an uile ní dá ndéanam, a dhénadh amháin do chionn gur mian re Dia sinn dá dhénomh; agus chuige so is riachttanach deaghinntinn ghlan agus fios thola Dé. An treas ní: a bheith toilteanach agus a ghabháil chugainn go maith gach ní is toil re Dia; óir ní lór dhúinn, dochum aon tola re Dia do bheith againn, gach ní is mian re Dia do dhénomh, acht thairis sin, gan taitneamh nó neamhdhúil do bheith againn anna ní ar bith acht mar is mian re Dia do bheith againn. Orrtha so is mian linn labhairt, an mhéid gur riachttanas é, ionnas go bhfoillsighmaois nísa shoilléire na réasúin adubhramar thuas, ag cruthadh méad na tarbha agus na maitheasa atá san bhfreachnadh so; ionnas, rena ghnáthadh, nach é amháin go ccuirmaois ar ttoil féin re toil Dé, acht fós aon toil do bheith againn ris, nó dá mb'éidir a rádh, go mbemaois comhchosmhuil re Dia féin. Do thaobh an chéad neithe adúbhramar, dochum tola Dé do chomhlíonadh, gur riachttanas dhúinn ar ttoil féin do thréigion, mar is riachttanach an leac do sgaoileadh dochum an uisge do dhénomh te; agus mar nach féidir re duine a bheith san Róimh agus a Madríd a n-aoinfheacht, acht a bheith a d'easbhuidh áite éigin díoph, mur sin ní féidir do neach a bheith a nDia agus a mbeatha Dé gan é féin agus a thoil d'fhágbháil agus do thréigion, mar do theagaisg Críosd, ag rádh: “Gibé rear mian misi do leánmhuin, tréigeadh sé é féin agus tógbhudh a chroch féin”; amhuil adéaradh: tréigeadh sé a thoil féin maille ris an uile chlaonadh na colla, anna bhfaghann a thoil fonn nó dúil, agus sgriosadh iad go hiomlán as a chroidhe agus as 'anam.
Ná cuireadh uathbhás nó eagla ar aon nduine é féin do thréigion mur so go generálta agus go hiomlán, acht tugadh fa dear agus smuaineadh ar an tóradh fíormhilis agus an tarbha romhór a tig as; agus ní é amháin nach biadh gráin aige air acht do dhéna an uile dhíthchioll ar a dhol ar aghaigh ann; agus muna roibh croidhe aige dochum é féin do chlaoi, is dearbh, múna ttéighdhe ar seachrán, go measfaidh sé gurb iomchubhaidh dhó a dhénomh. Ní tíránach Dia, ionnas gan ádhbhar go mbeith taitneamh nó fonn aige crádh nó pian do bheith oruinn, nó go mbeith sólás aige fána shearbhóntaigh agus fana chloinn dhílis féin d'fhaicsin dá ccréachtughadh re léinte róinni, dá loit re sgiúrsuibh, dá réabadh agus dá ngearradh, lán do thart agus d'ocras, arna n-úirísleadh agus arna ccéasadh, gan sólás ar bith air an domhun so aca. Gídheadh, ní féidir nach mór an mhaith atá ionnta, an tan gurb é Dia féin agus Athair na trócuire do thaobh linn iad go minic agus go gringalach re béul 'aon Mhic féin agus re béul na bhfáidhe agus na naomhabstol. Cionnas fós Íosa Críosd, dobhídh umhal ceannsuighe ó chroidhe, do theagaisg an léighion so dhúinn go follas, ag rádh: “Gibé rear mian misi do lénmhuin, tréigeadh sé é féin agus tógadh a chroch go laethamhuil”, Luc.9; muna mbeith fonn air a ghrádh féin agus a dheaghthoil do thaisbénadh dhúinn, tré mhéad an tsochair agus na tarbha atá dhúinn sin do dhénomh? Ar son gomádh lór do chruthughadh air gurab í toil an árdTighearna í, cuirfead síos annso an tóradh agus an sochar tig do dhuine as é féin do chlaoi go hiomlán, ní atá a n-aghaigh chlaonta na colla, ionnas go bhfaicmaois go bhfuil do réir an uile réasúin agus gur ceart toil Dé, agus gurab éigin dúinn mórán do neithibh eile d'fhulang gan sochar nó tarbha dhúinn. Atá an uirid sin do shochar agus do thóradh anna nduine dá chlaoi féin agus do thréigion a thola go mb'éidir linn gearán do dhénomh ar Dhia, agus a mheas nach béith trócuireach dhúinn, muna ttaobhadh an freachnughadh so linn go díthchiollach amhuil mar dorinne. Cia an t-athair ag a mbiadh mac tábhachttach, sgiamhach, macánta, 'na dhuine ro-iomlán aige agus dochífeadh a leabuigh ghalair é, ar ccáill a ghné agus a chrotha, gan a chiall aige, agus é comh lag agus sin nacharbh fhéidir leis a lámh a ghluasacht, agus a bhéul comh truaillidhi nacharbh fhéidir leis
acht neithe salcha neamhghlana do chaitheamh, agus gan fios aige fós gadé an léighius dobhéaradh dhó, ní hé amháin do shaorfadh ó bhás é, acht fós dobhéaradh sláinte iomlán dó ón uile ghalar, agus do chuirfeadh a riocht é is férr nó mar dobhídh ariamh roimhe sin, ionnas nach beith biadh dá fheabhas nachar mhian leis a chaitheamh go fonnbhar: bá míchinéalta, tíránta an t-athair, dá bhfághadh fios an leighis so, muna ttugadh dá mhac é; agus is dearbh fós, muna ttugadh, gurab olc an meas do bheith ag gach aon air, agus gráin mhór fa fhuath do bheith aige ar a shamhuil sin do mhac. Acht cionnas dogheibhmaoid annainn féin iarruigh ar Dhia an gníomh do dhéanamh a lochtmaoid an nduine? Do bhídh an nádúir dhaonna arna thruailleadh ris an bpeacadh agus arna lagudh re mórán do thinnis mharbhthach, claon dochum uilc, neamhneart dochum maithiosa, gan fonn aige anna ní ar bith acht ní do mhéideacha a ghalar, arna chnaoi a leabaidh 'éaga; gídheadh, Athair na trócuire, do chruthaigh go sgiamhach falláin í, darbh fheas léighius a heasláinte, tug an léighius sin dí san sgrioptúir naomhtha re ráite na bhfáidhe agus re seanmóir 'aon Mhic féin, .i. antoil na colla do chlaoi re cuidiugh a mhórghrása féin, ionnas, mur sin, go cceartadh gach mearrghrádh agus gach fonn seachránach dar chuir an saoghal nó an cholann faoi, go nglanadh an tuigsi, go n-athnuaidhe an spiorad dochum na saoirsi do bhídh aici ar tús, agus go ccuireadh í anna ccéim naomhthachta bá mó nó mar dobhídh aici ariamh roimhe. Bá mínáireach do neach ar bith do rádh go mbeith fonn air Dhia ceilt an léighis so oruinn, nó gan a mholadh dhúinn mar íocshláinte ro-fhalláin. Uime sin, is cóir dhúinn buidheachas do thabhairt d'Athair na ngrása go diongmhála agus an leigheas so do ghlacadh dochum ar sláinte féin. Is minic do chaoinmuid go truagh tuirseach gur thuitemur as a' staid bheannuighe úd na neamhurchóide annar mhian re gach aon é féin do bheith inti; acht dá bhfaghmaois ealadha nó módh air arbh fhéidir linn sinn féin do chur san ccoinghioll aoibhinn chédna, maille re cuidiughadh Dé ar nádúir dhrochbhéasach do cheartadh, a hanmhian do chosg, agus a céadfadh uile
d'athnúdha, ar chóir dhúinn an n-ealadha so do tharcuisneadh? Gídheadh, ní bhfuil modh ar bith air ar féidir so do dhénomh acht re duine do thréigean a thola féin agus re hainmhiana na colla do chlaoi. Is lór an réasún so amháin dochum a chur d'fhiachuibh oruinn an tslíghe so do leánmhuin. An eagla do ghlacmaoid a ccéadóir, gur cruaidh an tslíghe so, ní ghabhann ar leithsgéal, óir atá gan chéill gan réasún; ar an ádhbhar, dochum ár gcuirp do léigheas, ní obmaoid deoch dá séiribhe d'ól, agus diúltmaoid, ar son sláinte ar n-anma agus ar son athnúadha na nádúire, atá arna truailleadh agus arna cnaoi, léigheas do ghlacadh atá re gnáthadh romhilis deaghbhlásda. Smuaineadh gach aon ca mhéad fhuilngid an drong ar 'mbídh tinneas corpardha orrtha. Mádh atá clócha fuail dá bpianadh, fuilngíd a ccorp do ghérradh dochum sláinte d'fhagháil; agus ar son cnéidhe nach trom, fuilingíd a bhfeóil do losgadh le hiarann dérg; agus ní é sin amháin, acht go bhfuilngíd lámh nó cos do bhuain díoph dochum caincair do chosg. Ca mhéad is éigin don bhlas d'fhulang ó na deocha searbha do réir a ttola féin; gídheadh, an tan do chuirid iad féin ar láimh an léagha, ní fhághaid aon ní dá ttoil féin. Iarruid bólgum uisge agus ní fhághaid é. Is mian leó éirighe dá leabaidh agus curthar toirmeasg orrtha. Is mian leó codladh agus re gach momeint dúisgear iad. Féachmuid anois godé an comóra atá ag an mbeatha bhoicht thuirsi so re claoi anmiana na cólla, nach ccuirionn duadh nó trioblóid ar dhuine agus a bhíos fa dheóigh sáimhmilis, agus atá cinnte gan contabhairt, ní nach ionann agus an leigheas corpardha, an uile mhaith do theacht dhó as. Dá tteagmhadh athair do bheith comh míthrócuireach, comh barbardha agus sin nach ttiúbhradh léigheas dá mhac do bheith go maith dochum sláinte dhó; gídheadh, dá ttugadh an léigheas don mac agus nach géabhadh é, is dearbh go mbeith éigcéilligh éadóthchasach. Mar an ccéadna, mádh fhéachmuid go grinn ar an ní ann féin, is duine cáillte agus námhuid mhíthrócuireach dó féin an tí nach ccuirionn srian rena anmhianuibh féin dochum sláinte cuirp agus anma d'fhagháil.
Uime sin, mar is do thíodhluice speisialta Dé a thaobha lind ar n-anmhiana féin do chosg, mar an ccéadna, is géar borb an phian do órduigheadh don druing re léigionn srian a n-antola sgaoilte leó, mar adeir féin a psal.80: “Níor éisd mo phópul mo ghuth agus ní thugadar aire dhamh, agus do léig mé dhóiph a dhol air seachrán a ndiaidh a n-antola agus a bhfoinn féin.” Adeir fós Pól, ad Rom. 1, gur sgiúrsa Dé táinig ar na págánachuibh, an tan do léig dhóiph antoil a ccroídhe féin do leanmhuin, ag cur a ccéill ris so, gur romhór rothrom an phian duine do leanmhuin 'antola féin, agus nach bhfuil díultus is mó ag Dia nó an uair do léigeas peacadh a bheith 'na phéin pheacaidh eile; ionnas gurb é an dara peacadh pian an pheacaidh do chuaidh roimhe. Fós, is iomdha doílghios fhulngíd an drong so, óir ní bhfuil ar bith pian is mó ná an phian do chuirid ar n-anmhian féin oruinn; agus gan chompráid gan chontabhairt, is mó an saothar agus an duadh fhuilngeas an tí nach ccuirionn srian rena n-antoil ná an tí do chuireas. Atá maith nach féidir do mheas anna nduine do chlaoi 'anmhiana féin, mar atá, lórghníomh do dhéanomh annsna peacaibh dorinne, agus go lághdaoidhann na piana bá cóir dhó d'fhulang ar a son, nó tógbhuidh go hiomlán iad. Is mairg nach géabhadh an conradh so, nó do léigfeadh an t-am thairis. Gibé féithamh ar a mbeith míle dúcáid d'fhiachuibh agus a bheith dá chrádh féin ar son gan díoluighdheacht do bheith aige, agus go n-aibéoradh fear na bhfiach ris: “Tabhair pighinn dhamh ar son gach aon ndúcáide agus ní iarrfaidh mé nísa mhó ort, gídheadh, mádh chuirionn tú an díoluighdheacht so air cáirde nó go nglacthar do ghealta, bainfidh mé díoluighdheacht iomlán dhíot;” nachar mhór an mhire dobheith ar an tí nach ttiúbhradh míle pighinn uadh, agus iad air a chumas, ionnas nach ttiucfadh a dhíoghbháil fhollas féin as? Ní lugha ná sin an mhire dhúinne gan aithreachas do dhéanomh annar bpeacaibh ar an tsaoghalsa, inar féidir linn le beagán duadh agus saothair lóirghníomh iomlán do dhéanamh inár bpeacaidhibh, agus gan fuireach re ar ccur go purgadóir, anna ccaitham díoluigheacht do thabhairt uainn gus an mbonn déghnach, agus go bhfuil a phiana nísa ghéire agus nísa thruime ná a bhfuil do phianaibh san mbeatha so, agus nísa mhó nó atá idir phighinn agus dúcáid iomlán.
Thairis sin, an pinósta do chuireas Dia oruinn a tteínidh phurgadóra, ní anna maoin nó a neithibh talmhuidhe ar bith a bhíos, acht oruinn féin a bhias an phian is buirbe agus is géire nó bochttach dar féidir linn d'fhulang ar an saoghal so. Cia mheasfadh gur duine críonna an tí ar a ttiúbharthaidh breitheamhnas báis agus a thárraing ó chéile re teanchuir dérga, agus a rógha aige sin d'fhulang nó trosgadh aon lae amháin do dhénomh; nach ar mire dobheith muna ngabhadh an trosgadh do roghain? Mar an ccéadna dhúinne muna a ndénmaoid crádh oruinn féin dochum na bpian síorruidhe do sheachna, atá gan chompráid re pianuibh an tsaoghail so uile, dá mairdís tré bhith síor. A ccás phiana na beatha síorruidhe, a thógbhus dhínn ar n-antoil féin do chlaoi agus ar ccorp do chrádh, nach gluaisfidís sin, go háiridhe gluaisfidh sinn an duadh agus an bhuaidhirt do bhaineas dínn ar an saoghal so féin. Is dearbh fós go ccoimhéadann sinn ó ghálraibh roghéra, ó dhoílgheasuibh tinntidhe, agus ó sgiúrsaibh eile do chuirfeadh Dia oruinn ar son ar bpeacadh; agus seachnuigh a lámh dhíoghultach do léigean oruinn, an uair dochí sinn féin ag dénomh aithreachais annar bpeacaibh, agus ní chuirionn céasta eile oruinn. A chontrárdha so a theagmhas don droing nach stiúrionn iad féin agus lénas anmhiana na colla. Léigidh Dia gálruigh agus duadh orrtha is mó do dhoilgheas dóiph ná srian do chur réna n-antoil agus rena n-anmhiana féin. Mur so tarla do dhuine riaghalta subháilceach, darbh ainm Seóirse Colibrant, dobhéireadh buaidh ar a thoil féin do ghnáth. Dobhídh an duine maith so ag crádh a chuirp féin comh mór agus sin go n-abradh daoine ris go roibh éigcríonna éigcéillidh. Dobhídh a chorp uile a n-aon chréachta amháin tré iomad na sgiúrsa dobheireadh dhó. Dobhídh léine rogharbh róini uime do ghnáth, agus ní léigadh thairis duadh nó dochar eile do thabhairt dá chorp; gídheadh, dobhíodh ag éisdeacht faoisidine na bpeacach go rofhonnbhar, agus dá mhéad peacadh do bheith aca, ní chuireadh acht breith aithrighe ro-édrom orrtha, agus do ghabhadh air féin díoluighdheacht do thabhairt san ccuid eile; agus mur sin d'iarradh iomad modh dochum a chuirp féin do chéasadh gan truaighe ar bith do dhénomh dhó. As
comhairle dhaoine eile adúbhart 'uachtarán ris an rochruas sin do léigion de d'eagla go ngérradh a shaoghal féin, agus go rachadh thairis seirbhís bá mó ná sin do dhéanamh do Dhia, tré mhéad na tarbha agus na maitheasa dobhídh daoine eile do ghlacadh as a dheaghshompla. Uime sin do chuir d'fhiachuibh air measardhacht do chur ren' anteas crábhaidh. Dorinne an t-athar maith sin, óir do thréig a thoil féin go hiomlán, agus ba fearr ris bás d'fhagháil nó gan a bheith úmhal. Acht adubhairt go roibh a dhearbha aige, an mhéid do chruas a bheatha do léig thairis, go ccuirfeadh Dia sgiúrsa eile air bá mó ná é ar a shon; gídheadh, gomádh fearr ris bás d'fhulang ná luaighdheacht na humhla do chailleamhain. Níorbh fhada 'na dhiaidh sin an tan do thionsgain a bheith dá chéasadh re clocha fuail agus re tinneasuibh eile bórba, géara, doilgheasacha, ionnas go ccuireadh truaighe air gach aon dochífeadh é, agus nach roibh compráid ag cruas na beatha dobhídh aige roimhe re méad na péine dobhídh óna thinnios air. Mádh chuir Dia a shamhuil sin do phéin air an duine mhaith riaghalta so a n-áit an chruais do léig dhé air aithne Dé féin, ag tabhairt umhla dá uachttarán, gadé dhénas Dia ris an droing do léigios díoph re leisge agus re fallsacht a n-anmhiana féin do chosg, nó crádh air bith do thabhairt dá ccorp? Is baoghal dóiph lámh dhíoghaltach Dé do theacht orrtha air an saoghal so nó air an saoghal eile. Is ádhbhal an tarbha atá san bhfreachnadh so, do bhrígh go saorann sinn ó phéin an pheacaidh, agus níosa mhó ná sin gan chompráid go saorann sinn ó na peacaibh féin; agus ní hé amháin go nglanann na peacaidh dorinneamar acht coimhéadaidh sinn ó pheacadh do dhénadh. Atá diffir mhór eidir an peacadh agus an phian, amhuil atá eidir dhuine bheó agus duine pinteálta, eidir a bheith ann agus gan a bheith ann, eidir dhuine agus a sgáile; óir dá ccurthaidh piana iffrinn uile d'éntaobh agus aon pheacadh amháin dá laeghatt don taobh eile, is mó an t-olc atá ann nó ionnta súd uile. An tan atá an bhrígh iongantach so san bhfreáchnadh so, créad nach bíonn meas mór againn air? Créid fár thaobh Dia linn é san scrioptúir naomhtha? Atá gurb é fréamh an uile pheacaidh grádh duine air féin, agus nach bhfuil corrán ar bith
is férr do ghearras an fhréamh so nó duine do thréigean a thola féin, óir ní féidir do smuaineadh peacadh nó buaidhirt dá ttig oruinn nach as fréimh ar n-antola tig. Is uime do nídh duine an peacadh, do bhrígh nach ccuirionn srian rena thoil féin. Acht is é is críoch don bhfreachnadh so, buaidh do bhreith oruinn féin agus ar cclaonta do stiúradh ris an réasún; mur sin caomhnuigh ó na peacaibh sinn agus dobheir arm dhúinn 'na n-aghaigh, agus gan sin atámuid gan mheisnigh gan chumhdach a n-aghaigh cathuidhe dá laeghatt. Ris an bhfreachnadh so cruinnighthar órchísde ádhbhal na súbháilce, re nach comóra sáidhbhrios na hInnia. Ag so an chlóch uasal agus an t-órchísde atá a bhfolach darb éigin do dhuine a bhfuil aige don tsaoghal do thabhairt air, más mian ris a fhagháil; agus ní bhfuil dá mhéad grádh dá mbiaidh ag duine ar Dhia, agus dá mhéad dá mbiadh ceangailte ris, nach móide an luaighdheacht atá aige é. Mar an ccéadna, ní bhfuil dá dhócbhalaigh dá mbiadh an gníomh, nach móide an luaighdheacht é. Mur sin, ní bhfuil buaidh is oirdheirce do dhuine nó buaidh do bhreith air féin, más air son Dé go fírinneach do dhénas é, agus is éigin a bheith ro-oirdheirc, ar an ádhbhar gurab re duadh agus re saothar mór déntar í a n-aghaigh chlaonadh na nádúire; uime sin is éigin luaighdheacht mhór do bheith aici. Atá tóradh mór eile tig dhúinn as an bhfreachnadh so, .i. 'usacht don tí do ghnáthíos é an uile shúbháilce eile do chur a ngníomh; óir gibé do chlaoidheas é féin agus do cheannsuídheas a thoil féin a néithibh dógbhalach, gan saothar ar bith, béiridh buaidh ar féin annsna neithibh is lúgha ná sin. Ní thuitionn fós a n-aon ní, acht léigidh thairis iad go lúthmhar gasda agus beiridh buaidh orrtha. Muna ttréabhthar agus muna bhfóirsithear an talamh agus muna sgaitear an fhíneamhuin, ní thugaid tóradh uatha. Mur sin don duine, ionnas go ttugadh tóradh na ndeaghoibreach uadh, is éigin dó 'anmhiana agus a dhrochchlaonta do sgathamh dhe. Ó, mó Dhia íodhain, gadé méad na síothchána atá ag an anam do choisgios agus stiúras buaidhirt agus míchiúnas na n-anmhiana collaidh, agus a thoil do réir an réasúin, agus na cédfaidh uile úmhal
don toil? Gibé duine a bhíos mur so, biaidh síthchánta réna chuideachta, ní chuirionn saobhnós ar aon neach, agus biadh grádh ag gach aon neach air ar son a dheaghshompla agus a bheatha beannuighe. Atá an ní so comh follas agus sin nach roibh a n-áinbhfios ar na feallsamhuin, agus go háiridhe na Stóicí, nach ccreidimh go mbeith an t-anam síorruidh; gídheadh, ar son beatha shíthchánta do bheith aca ar an saoghal so, agus gan a bheith trom ar a ccomharsuin, do thréigeadur a sáidhbhrios agus dothugadar a mbeatha a ttír a ccruas agus a mbochttacht; agus ar son nach roibh an creidimh fíor aca nó grása Íosa Críosd, ionnas nacharbh fhéidir leó ciúnas iomlán anma d'fhagháil, nó buaidh iomlán do bhreith ar a n-anmhiana féin; gídheadh, ní féidir a dhiúltadh nach bhfuaradar amach gur romhaith so dochum a theacht dochum na foírfeachta so. Fiadhnaise ar so Marcus Tuillius Císero, adeir: “Cuimhne an bháis, beatha na bhfeallsamhan. Gad eile donímaoid an tan do dhealaíghmuid sinn féin re ar n-antoil, .i. re ar ccorp, an tan do tharrngemuid ar n-inntinn ó ar dtighius agus ó chúram an mhaitheasa publidh agus ó gach ní eile donídh seirbhís don chorp? Gadé donídhmuid annsin acht an spíorad do thárraing chuici féin agus a chur d'fhiachuibh urrthi a bheith ria féin, agus í féin do dhealadh ris na neithibh corpardha? An t-anam mur so do dhealughadh ris an ccorp, ní bhfuil ann acht fóghluim bás d'fhagháil. Uime sin, bíodh cuimhne againn ar so. Creid dhamh; sgaoilmuid sinn féin ón chorp, .i. fóghlamuid bás d'fhagháil. Ag so, an feadh do bhemaoid ar an talamh, cosumhlacht na beatha neámhdha; agus an uair do léigfithear sinn as cuíreach an chuirp dochum na beatha eile, is lúghde a bhias toirmeasg ar imtheacht na n-anman é.” Ag sin mar adeir Císero, Tusc. 44, lib. 1, ag leanmhuin Pláto; agus is é so breitheamhnas na bhfeallsamhan eile go coitchinn. Eidir gach súbháilce eile, is mór do chuidíghios an freachnadh so ris an úrnaighe; óir glanuigh an t-anam ó gach mian mailíseach a dhallas an réasún agus do chuirios ceó ar an tuigsi, ionnas nach féidir leó na neithe diadha d'fhaicsin go grinn; agus tógbhuidh an freachnadh so an ceó agus an dorchadas so go hiomlán. Mur sin, dá mbeith meas mór againn ar luibh nó ar chloich uasail dobhéaradh a shúile do dhall, éisdeacht do
bhodhar, cáint do bhalbh, nó do thógbhadh crith croidhe don tí do chuirfeadh air 'ucht í, nach mó ná sin an meas is cóir dhúinn do bheith againn ar an bhfreachnadh so do thógbhas dáille, agus ní hé dáille an chuirp acht na tuigsi, do ghlanas agus do bheir solas di, agus ní do na súilibh corpardha acht do shúilibh an réasúin; fhosglas cluasa ar n-anma, ionnas go ccluinmaois godé an ní do labhras an Tighearna linn, Psal. 84; a sgaoilíos ar tténga ionnas gomadh feas dúinn cionnas is cóir dhúind labhairt re Dia; dobheir fós grása dar mbriathra dochum gach ní d'fhagháil ó Dhia dá n-iarrmuid air? Ní bhfuil urnaighe is cínnte dogheibh éisdeacht ná an úrnaighe a mbiadh an freachnadh so 'na cuideachta, mar is follas as mórán scrioptúir naomhtha. Fós, gibé nach ttréigean a thoil féin agus nach cclaoidhionn 'anmhiana féin, ní bhfuil iomchubhaidh dochum an tsolais neámdha do ghlacadh; agus ní bhfuil solas réasúin nádúrtha féin aige: agus ní hé amháin nach bhfuil beatha spioradtálta aige acht fós ní bhfuil beatha réasúnta aige; agus is mó is cosmhuil re beathach brúideamhuil é nó re duine. Uime sin adeir Ricárdus a Sancto Victore, lib. de Contemplat.: “Ní bhíonn ar ttoil go bráth ar lasadh re fonn na maitheasa néamhdha, agus ní bhíonn ar ttuigsi iomchubhaidh dochum amhairc go grinn air, muna ndéanam díthchioll air anmhiana agus ar antoil ar ccuirp do chénnsadh, agus cuid do na neithibh ceaduígheach riachttanach do tharruing uadh.” Tógbhuidh an freachnadh so an doilgheas inntinne do chuireas ar n-anmhiana féin oruinn, agus a bhuaidhríos ar cciall agus ar réasún go minic, agus mur sin cuidigh ris an úrnaigh iarras ciúnas mór agus síthcháin anma agus inntinne. Gádé an ní is féidir do chur a ccomóra ris an onóir dogheibh an tí do chlaoidheas é féin agus a thréigeas a thoil féin ímháigh fhollas Chríosd san ccroich é, leanaidh lórg Mhic Dé go hiomlán maille re sochar mór dhó féin? Ní gan ádhbhar do bhídh beatha ar Slánuighthóir lán do shaothar agus do dhuadh, ar son go mb'éidir an cíneadh daonda d'fhuasgladh re himsníomh bá lugha nó sin; acht mar badh feas dó go maith méad na tarbha atá dhúinn sinn féin do chlaoi agus ar ttoil féin do thréigion, bá mian leis an tslíghe so do mhúnadh dhúinn
ar mhodh rothábhachttach rena shompla, ag tabhairt a fhola agus a bheatha féin air ar son, ionnas ris so go ccuireadh d'fhiachuibh oruinn ar sochar féin d'iarraidh. Is cruthadh rofhollas ar an bhfreachnadh so, gur mór an mhaith agus an tarbha atá ann, a mhéad d'fhulang agus dorinne Mac Dé dochum go tteagasgadh dhúinn é. Fós, is ní ro-ádhbhal an dómbuídheachas dhúinn, tarcuisne agus dimbrígh do bheith againn ar chomhuirle agus ar theagasg an eagnaidh shíorrdhuidhe, agus ar 'fhuil, agus ar gach saothar dar ghlac air ar son. As a ndúbhramar go seadh ní híongnamh gur thaobh Dia go díthchiollach dúthrachttach an freachnadh so linn, agus fós gur fhoíllsigh an mhéad do thaitníos ris féin, tré iomad an tóraidh agus na tarbha atá dhúinn ann; agus ar an ádhbhar go bhfuil Dia ag iarraidh ar sochair re fond éagmhuis, taitnigh ris go mór cionfátha do bheith againn an freachnadh so do chur a ngníomh. A ccás nach beith tarbha ar bith eile dhúinn ann, ba lór gurab í toil Dé sinn dá chur a ngníomh agus gan gráin ar bith do bheith againn air, go háiridhe, muna roibh tréigion ar ttola féin againn 'na fhúndameint, nach féidir linn toil Dé do chomhlíonadh mar atá d'fhiachuibh oruinn. Dá mbeith an freachnadh so gan a bheith comh tóraidhach agus atá, fós dobheith luaighdheacht eile aige, óir smáchtuighmid ar ttoil féin ris, agus donídhmaoid díghaltas ar an ccion a bhíos againn oruinn féin, do mhill sinn go minic agus do thárruing sinn dochum iomad uilc; agus dobhídh comh mallaigh agus sin, dá mb'éidir ris, nach beith Dia féin ann, mar adeir S. Bearnárd, serm.3, de Resurrec., ag rádh mur so: “Anois go deimhin, toil díleas an duine féin, an mhéid gurb fhéidir lé, marbhuidh Dia féin, óir bá mian lé gan cumas do bheith ag Dia díoghultas do dhénomh ar na peacaibh, nó mar mhian ris a dhénomh; agus mur sin, is mian lé gan Dia do bheith 'na Dhia, agus an mhéid a bhainios ria féin, bá mian lé gan Dia do bheith cumhachttach, nó ceart, nó críonna glic; agus is tíránta gráineamhuil an t-olc so.” Is díothbhálach fós mínáirigh na drochthola, do chionn go bhfuil féin go ro-olc, go ttógbhann í féin a n-aghaigh na maitheasa síorruidhe, agus mar adeir S. Abhistín, in Psal.100: “Bá mian lé í féin d'fhaicsin ceart agus Dia d'fhaicsin éicceart.”
Ní theagbhann olc ar bith dhúinn nach í ar ttoil féin is úghdar dhó. Is í is cúis don uile pheacadh. Is mó an dochar do nídh dúinn nó bhfuil a n-iffrionn uile, óir ní féidir ris an díabhul dochar do dhénomh dhúinn acht re cuidiughadh na tola. Is í do bhraithios sláinte ar n-anma agus is í do chuirios ar láimh ar namhad sinn dochum díothbhála do dhénomh dhúinn, a reacas leó sinn dochum searbhóntacht truaillidh. Is í is fréamh do gach olc saoghalta dá ttig oruinn, mar atá mífhortúin, anró, agus ioliomad bochtacht eile do theagbhas dhúinn re mainneachta, nó nach iomchramuid go foíghideach an ní do theagbhas dúinn, an tan nach féidir linn a séachna; agus mórán fós díoph nach ttiucfadh oruinn, dá ccuireadh an toil í féin do réir an réasúin agus gan a hanmhiana féin do leanmhuin, agus gan fonn do bheith aici annsna neithibh do chuirios pian agus doilgheas urrthi, amhuil dobheith bior dá chur thríd a croidhe, nó dobheith dá losgadh a ttine dheirg. Muna mbeith fós an toil, ní bheith olc ar bith ann rearbh fhéidir díothbháil do dhénomh dhúinn. Is í is cionfátha ris an uile olc agus ris an uile phéin dá ttig oruinn ar an saoghal so nó ar an saoghal eile, agus is í fós do bheathíos tine iffrinn. Gídheadh, ionnas go ttugmaois sásadh san díothbháil éagsamhuil so agus go ndéanmaís díoghultas ceart air ar ndeárgnámhaid, claoidhmíd ar n-anmhiana go díthchiollach. Adeirim fa dheóigh, muna ndéanam an díoghultas ceart so agus anmhiana ar ttola do chosg, mar atá d'fhiachuibh oruinn, ar son Dé agus ar son ar maithiosa féin, go ndéanfithar díoghaltas a n-ifrionn nó a bpurgadóir orainn. Uime sin, bíodhmaoid air ar ccoimhéad d'fhaitíus go ndénadh ar ttoil an dochar mór so dhúinn. Gadé an sólás dobheith do dhuine dámádh dearbh ris nach beith iffrionn nó purgadóir fana chuinne, nó go mbeith cúmus aige gan 'mbeith ann a n-áit ar bith; acht an mhéid go mbainionn re gach aon dá thaobh féin, is féidir ris so do dhénomh go maith ag claoi 'anmhiana agus ag tréigion a thola féin; ionnas gur fíor adúbhairt S. Bearnárd: “Sguireadh toil dhíleas an dhuine agus ní bhiaidh iffrionn ann.”
An 19 Caibidil. NA GRADUIM RIACHTTANACHA DOCHUM AN ANMHIANA DO CHLAOI AGUS DOCHUM TOLA DÉ DO CHOMHLÍONADH ANN GACH AON NÍ. Dá mhéad moladh dá ttugas ar chlaoi an anmhiana, ní thugas sásadh iomlán dhamh féin. Uime sin, cuirfidh mé síos annso na graduim atá aici, ionnas goma fios don anam rear mian teacht dochum foírfidheachta cá ttionsganughadh agus cá ccuirfeadh a chos go daingean san stair so dochum dol suas go díreach, ionnas go cceangladh í féin rena grádh Íosa Críost agus go roibh a n-aon chroich ris, ar ttréigion a tola féin go hiomlán, agus ag dénomh tola Dé ann gach ní gus an mbás, agus bá romhilis na croiche, gé go roibh searbh ag ar tTighearna Críosd, gídheadh, dorinne seirbhe agus doilgheas na croiche claoi an anmhiana romhilis dhúinn. Ar an ádhbhar sin, is cóir dhúinn san uile áit, go díthchiollach, ar n-anmhiana do chlaoi agus ar ttoil féin do thréigean ann gach aon ní, más beag nó mór é, agus so do bheith do riaghuil ghenerálta againn, gan fonn nó grádh do bheith againn air chréatúir ar bith acht do réir thola Dé, agus ar n-uile chúram agus ar n-uile aire do bheith ar na neithibh spioradtálta agus ar sheirbhís do dhénomh do Dhia. Ar so is mian liom labhairt; agus gibé do chuirfeas a ngníomh é, dobhéaraidh Dia sólás mór agus iolgháirdios ádhbhal dá chroidhe. An céad ghradum do chlaoi na n-anmhian: na neithe saoghalta do thréigion ó chroídhe agus ó fhonn, an mhéid fhuilingeas staid gach aon nduine agus mar do mheasas dol dochum nísa mhó do ghlóir do Dhia. Iarraigh an gradum so fós bochtacht agus nochta Íosa Críosd do leanmhuin, dofuair bás nochtuigh san ccroich, ar mbain 'éadaigh féin de, agus adubhairt roimhe sin, ag Matha, c.8: “Atá uamhacha ag seannchuibh agus nid ag énuibh an aiér, agus ní bhfuil ag Mac an Duine áit a cclaonfadh a cheann.” Mur so is iomchubhaidh ó inntinn ghenerálta gan fonn nó grádh do bheith againn anna neithibh saoghalta ar bith, acht an mhéid is toil re Dia; fós, na néithe atá riachttanach dhúinn, a bheith 'na ttimchioll amhuil agus do bhemaois dar n-aimhdheóin 'na seilbh, agus a mheas gurab ar iasacht atáid againn.
An dara céim: d'éis na neithe saoghalta do thréigion, fós, an uile shámhus a bhainus re céadfaidh ar ccuirp do thréigionn, gibé ar bith é; ionnas nach beith sólás ar bith ag ar ccorp, agus na neithe is mó atá contrárdha dhó, agus do chéusas é, d'iarraidh do ghnáth. Uime sin, amhuil donídhmuid re slait chaim dochum a bheith díreach 'filleadh ar an taobh eile, mur sin is cóir do dhénomh re céadfaidh ar ccuirp, ionnas go mbainmaois a sámhus díoph, agus na neithe míthaitneamhacha cruaidhe do ghnáthughadh dhóiph, ní is furas do dhénomh gan buairt gan tormán re luaighdheacht mhóir; agus ris an bhreachnadh sin claoidhi a thoil féin. Óir, mar adeir Blósius, Instit. spirit., c.2: “Ní bhfuil ofráil is taitneamhuigh re Dia ná an duine do thréigion agus do thoirbheirt a thola féin dó, ar an ádhbhar nach bhfuil ní ar bith ag an duine is muirnigh ná 'thoil shaor féin. An tan do chuirios duine a n-aghaigh mhiana na colla agus a n-aghaigh a thola féin, agus a chlaoidheas 'anmhiana ar son Dé, is mó an taitneamh a bhíos ag Dia ar a' ngníomh sin nó dá ttugadh eiséirghe do mharbhuibh. Dá mbeith dias ar aon slíghe agus go bhfaicdís rósa deas, agus gur mhian re fear aca a bhuain, acht ag smuaineadh ar féin adúbhairt: “Léigfidh dhó ar son Dé,” gídheadh, an dara fear, do bhuain sé an rósa gan féachain 'na thimchioll; agus ar son nach dérnaidh peacadh, atá luaighdheacht ag am ccéd fhear thairis, uírid agus atá ó neamh go talamh. Mádh bhéir Dia luaighdheacht comh mór agus sin ar son a shamhuil sin do ghníomh, gadé méad na luaighdheachta dobhéaras don droing do thréig agus do tharcuisnigh an uile ní ar a shon? Abradh an duine riaghalta go minic re Dia ann' inntinn féin: “Ar do shonsa, a Thíghearna, ní háil liom an ní úd d'fhaicsin, óir ní riachttanas dhamh féachain air; air son Dé ní háil lióm súd do chloisdin, ní háil liom súd do bhlaiseadh, ní háil liom súd do labhairt, ní háil liom súd do ghlacadh;” agus gibé nach cclaoidhfeadh gach fonn agus gach ní neamhorduigh dá bhfuil ann féin, ní féidir leis grása Dé do mhothughadh anna chroídhe.” Gus so Blósius.
Thair gach céadfaidh eile go sonnriach is cóir an blas do chlaoi, ar an ádhbhar gurab as a mheasardhacht a tig coimhéad geanmnuígheachta, óir ní bhfuil coimhéad nó dídion ar bith urrthi is fearr ná an trosgadh. Claoi an bhlais, ní hé amháin a ccaindiacht an bhídh acht anna ccáiliacht fós atá. Abb Ioannes, deisgiobal an naoimh Odo, adubhairt na briathra so síos. “Ná cuireadh aon nduine ar n-aghaigh sompla Elias ag ithe feóla, 3 Reg.17; agus gibé do chuirfeadh, smuaineadh air ghorta na haimsire sin, agus tugadh fa dear mar an ccéadna gurab iad na fiéich dhubha dothug an fheóil sin chuige ag a ccurthar na díabhuil a ccosamhlacht leó go minic. Ag an mbiadh sin agus is iad a samhla sin do theachtuirigh dobhídh aige dá thabhairt leo um neóin agus ar maidin; gídheadh, an uair nach roibh ag an bhfáidh cédna acht arán amháin agus uisge, aingiol Dé tug chuige é, agus dothug an uirid sin do bhrígh agus do neart dó nach roibh gorta air dhá fhícheat lá.” Air a shon sin, ní cóir do dhuine mímheasardhacht do dhénomh ar bhiadh dá thruaillidh a modh nó 'n-iomarcaidh; óir ní feóil choilidh chruaidh, chearc, nó chábún ba cúis thuitim don chineadh daonna, acht ubhall bocht, Genesis 3. Esáu fós, ní ar son bídh shásda do cháill 'oighrígheacht acht ar son copáin liotion, Genes.25; agus popul Isráel, ní re saint fhíona acht ar son díghe uisge do lábhradar go holc ar Mhaoisi, Exodus 17. An treas gradum: claoi agus tréigion na bhfonn inmheodhónach agus gach neithe a mbíonn fonn nó sámhus ag an spioraid ann, gan fonn nó sult do bheith anna ní ar bith acht anna nDia amháin, gan féachain do shochar nó shógbhal ar bith dó féin, acht amhuil agus nach beith an saoghal ann; ag sgrios a ghrádh' féin as a chroídhe, atá 'na fhréimh ag an uile olc, agus atá 'na chéd ochuir ag an díabhul dochum teacht asteach ar an anam, agus atá 'na ionstrúmeint is mó aige dochum díoghbhála do dhénomh dhúinn. Ag so an íodhbairt is taitneamhuigh ag Dia darbh fhéidir linn do dhénomh dhó; óir annso ní maoin nó sáidhbhrios a mharbhamaoid do Dhia, acht sinn féin go hiomlán dobheirmaoid dhó. Mur sin, ní bhfuil comhuirle is férr againn nó féachain go grinn ar gach mian agus ar gach fonn dá mbiadh againn agus a choimhéad go díthchiollach ca bhfuilid dar ttarruing, agus reacht generálta do dhénomh dhúinn féin smacht agus toirmeasg do chur ar an uile
mhian agus ar an uile fhonn, mur búdh ó Dhia féin go fíorghlan a tigid, ar an ádhbhar gurab uatha sin a tig an uile mhíchiúnas agus bhuairt croídhe agus inntinne dhúinn. A chontrárdha sin, an tí a chuireas srian rena uile mhiana féin, atá ciúnas agus síthcháin chroídhe agus inntinne aige, agus atá fós 'na thighearna air a ghníomhurtha féin. Is deimhin, gibé do chuireas a thoil féin go fírinneach re toil Dé, agus re nach mian ní ar bith acht mar is mian re Dia, nach bhfuil ní ar bith d'easbhuídhe air, óir atá aige gach ní is mian leis, .i. toil Dé do chomhlíonadh; agus ní bhíonn easbhuídh air acht an mhéid a sgaras re toil Dé, nó is mian leis ní ar bith thair a thoil; agus mádh chuirionn é féin go fírinneach re toil Dé, atá aige an uile ní is mian leis. Mádh bhíonn tinn, is toil leis sin ar an ádhbhar gurb í sin toil Dé. Mádh bhíonn anró, tarcuisne, nó bochttacht air, is mur sin is mian leis; agus dogheibh a thoil féin ann gach aon ní, do bhrígh nach bhfuil aige acht toil Dé. Ní so is féidir a chruthughadh rena ghnáthughadh. Fiafraíghim a' bhfuil ádhbhar lúathgháire nó ní is taitneamhuigh air an saoghal so ag duine, nó an féidir ris féin a smuaineadh, ná go ndéantar na huile neithe mar is mian leis? Atá an séan agus an sonas so ag an tí re nar mhian ní ar bith acht mar is mian re Dia; agus gibé dotháinig dochum an chéama so, ní bhfuil cúram aige fá ní ar bith eile, acht dénomh díthchill an mhaith agus an sólás atá aige do chomhéad, agus an tsíthcháin inntinne agus sealbh na maithiosa atá aige, a bheith sásda ria. Ris an tslighe so dothig an t-anam dochum grádha fhírinnigh Dé, an tan nach é a shásadh féin acht comhlíonadh tola Dé is mian leis, agus gur mó an lúathgháire a bhíos air ar son Dé fein ná ar son na ttiodhluice dogheibh uadh; ionnas gur mó an fonn a bhíos aige annsa ní is toil re Dia ná annsna neithibh spioradtálta air a bhfághan féin blas. Uime sin adeir Blósius thuas, c. 7, go bhfathar daoine ag a mbíonn grádh tairis aca air Dhia agus nach grádh fírinneach nó foirfidh é, óir dogheibhid taitneamh a sgéimh, a maith, agus a mórdhacht Dé, agus ann gach foírfidheacht eile is feas dóibh do bheith ann, ar son an bhlais agus an tsóláis dogheibhid as; gídheadh, ní air an ní air ar chóir dhóibh grádh do bheith aca air, .i. toil Dé, a bhíos grádh aca, acht seachnuid í, óir dá mbaineadh Dia an sólás sin díof agus anró do chur
orrtha, biaid gan mhuill lán do thuirsi agus caillid a meisneach. As sin is cinnte agus is follas gurab é a ngrádh féin agus nach é grádh Dé a bhíos aca; amhuil, gibé dochífeadh duine a n-éadach bhréagha shíoda, agus go mbeith gean aige ar dheisi an éaduigh, gídheadh, atá aige ar thoil an duine míghean, an mhéid go ccuirionn buairt ar bith air féin; mur so doníd mórán re Dia. Biadh fonn mór agus taitneamh aca san millseacht do bhlaisid agus annsa sólás dogheibhid, mar ní rothaitneamhach re súilibh na hinntinne, acht ní fhéachuid air a' toil mar fhéachas an grádh fírinneach. Uime sin, ná measadh aoineach go bhfuil grádh fíor aige air Dhia ar son go bhfaghan sólás uadh, nó go bhfuil 'inntinn ar lasadh re crábhudh; acht measadh méad na súbháilce atá aige, agus méad an ghrádh' agus na húmhla atá aige d'aithéantuibh Dé, óir is annta so atá grádh fírinneach díleas Dé. An sólás milis do mhothíos duine, tig air uairibh ó chéadfaidh an chuirp agus bíd lán do bhaoghal; agus go minic nach ó ghrásuibh Dé a tig acht ó nádúir an duine féin, agus ní ó spíoraid acht ón choluinn; agus teagbhuidh ar uairibh an inntinn do bheith ar lasadh re crábhadh ar son na milseacht do mhothíos an uair sin, agus ní ar son na neithe atá tarbhach dhi. Bídh duine cráibhtheach do bhrígh go ttárla súd nó so dhó do réir a mhiana féin, agus adeir gur beannuighe Dia d'ordaigh na neithe mur sin. Tug fós fáill mhaith dhó re seirbhís do dhénomh dó féin re hinntinn chiúin shíothchánta, agus do tharraing é don chuan nach bhfuil eagla air loingbhriseadh d'fhulang nó aon neach do chur buairt air. Guídhe Dia an tan is mian leis; codlaidh go suaimhneach. Gach ní is mian rena inntinn, donídh é. Atá síothcháin iomlán aige. Acht an tan do thógbhas Dia an sólás sin uadh, agus a léigios caithaidhe orrtha, riachttanas, cúram, nó anró eile, mar atá míchlú, nó peiriacuil bhreitheamhnuis, tuitidh a meisneach asda agus bíd lán do thuirsi. As so tuigthar an modh air a ccuirionn an duine a shólás annsna neithibh is lúgha tábhacht, agus a léigios na neithe móra tarbhacha thairis atá annsna neithibh atá contrárdha dar ttoil féin; agus gurab air sgéimh agus air mhaith Dé atá grádh againn, ar son an tsóláis dogheibhmaoid uadh, agus ní air a thoil atá ag iarraigh
oruinn ar ccroch féin d'iomchar, duadh agus saothar d'fhulang. Dochuadar deiscipuil Chríosd féin air seachrán san ccrábhadh so, ag iarruigh a sóláis féin, rena bheith ag amharc Críosd do ghnáth, agus gan smuaineadh ar a' ní is mó do bá cóir dóiph d'iarraidh. Uime sin, an tan dobhídh ar tí dealughadh leo, agus iadsion uime tuirseach, adúbhairt leó: “Dá mbeith grádh agaibh orum, dobheith lúathgháire oruibh do chionn go bhfuilim ag dol fa dhéighin m'Athar”, Jo. 14, amhuil adéaradh: atá tuirsi oruibh fa go bhfuil síbh ag cailleamhuin an tsóláis dobhídh agaibh as mo dhaonnacht gus so; gídheadh, ní bhfuil lúathgháire oruibh anois, mar nach bhfuil grádh fírinneach aguibh. Ó, mó Thighearna, godé so? Ag sin na habstuil arna múchadh re deóruibh, agus gomádh férr leo bás d'fhagháil nó sgaradh re do rádharc; agus adeir tú leó nach bhfuil grádh aca ort. Ó, is iomdha duine a mheasas gurab ar son Dé a dhoirtios a dheóra, agus gurab ar a ghrádh féin a dhóirtios iad. Bíd fós mórán do dhaoinibh a mheasas féin go mbíonn grádh aca air Dhia agus gurb í 'onóir iarruid; gídheadh, is é a sochar féin iarruid. Gibé dochífeadh gnúis na n-abstul agus a súile 'na toibreacha uisge ag sileadh go talamh imaille re tuirsi ccroídhe, re iomad foinn a bheith ag amharc Íosa Críosd, cia do mheasfadh nach grádh fíor dobhídh aca ar Dhia? Agus is é sin do mheasadar féin do réir fhiadhnaise coinsíes gach aon díoph; gídheadh, adúbhairt an fhírinne féin, .i. Mac Dé, leó nach annsna deóra nó 'bhfonn, nó 'ttuirsi, nó 'sólás gearraimsire a bhíos an grádh fírinneach acht iad féin do chur re toil Dé agus beatha Chríosd do leánmhuin go fírinneach díreach, agus nísa mhó do lúathgháire do bheith orrtha, an tan do thárrngios Dia a shólás uatha, nó bhíos orrtha an tan dobheir a sámhus féin dóiph, do bhrígh gurab í sin toil Dé agus gurab ann atá an luaighdheacht is mó. Mádh atá 'na ádhbhar lúathgháire Dia do tharraing a shóláis féion uainn amhuil agus do thréigfeadh sinn - an ní a mheasmaoid do bheith 'na chúis rodhoilghis - cionnas is féidir ris an tí, ag a bhfuil grádh aige air Chríosd, gearán do dhénomh, mádh chaillionn onóir nó sólás spioradtálta nó corpardha dá bhfuil aige ar an saoghal so, an feadh is féidir leis toil Dé do chomhlíonadh?
Ó, 'Íosa íodhain, godé a mhionca a mealltar sinn re neithibh mailíseacha falsa ó chosamhlacht fírinne do bheith orrtha? Godé a mhionca a síltear gur neithe spioradtálta na neithe colluighthe? Sompla air so S. Peadar, ar cclos ó Chríosd an bás agus gach masla dá roibh ar tí fhulang, adúbhairt: “A Thighearna, ní bhiaidh sin mur sin; ní thiocfaid na huilc sin ortsa”, ag Matha c.16. Cia do mheasfadh nach ó iomad grádh táinig an comhrádh so? Gídheadh, ní roibh ann acht grádh collaidh, mar is follas as an bhfreagra tug Críosd air, ag rádh: “Fill mo dhiaidh, 'adhbhéirseoir”; amhuil adéaradh: fear caithidh thú agus ní thuigionn tú na neithe diadha. Gibé a mheasfadh briathra Pheadair do réir ghliocuis agus chríonnachta collaidh, ba dearbh leis gur ceart do labhair gan a' neamhchionta d'fhulang báis croiche; gídheadh, an t-eagna síorrdhuídhe, adeir gurab adhbheirseóir é agus nach ttuigionn an ní do bhainios re Dia acht an ní do bhaineas re daoinibh; agus measaidh fós nach as grádh acht as fuath nachar mhian ris Críosd d'fhulang na croiche agus cailís na páisi, dobhídh an tAthair trócuireach do thoirbheirt dó d'ibhe dochum an chínidh dhaonna do shlánughadh. Do mheasfadh duine fós go roibh grádh mór ag Peadar air Chríosd, an tan dochonairc é a bhfíoghuir ghlórmhuir ar sliabh Tabór, agus fonn air fuireach 'na chuideachta annsin do ghnáth; gídheadh, air féin dobhídh grádh aige, óir is é fonn dobhídh air, a Thighearna d'fhaicsin sgiamhach glórmhur, agus ní é fonn a fhaicsin céasta a ccroich, lán do dhoilgheas agus do mhasla. Ní féidir a smuaineadh pláigh is mó don chíneadh daonna, nó ní is díoghbhálaidh don anam, nó comhartha is cinnte ar mhilleadh síorrdhuidhe nó an grádh bréige so, as a ttig meas mór do bheith air neithibh beagluaich, agus go síltear gur slíghe dhíreach slighe an bháis. Cia do mheasfadh nach duine gan chéill dobhéaradh tarcuisne ar ór ghlan, agus do léigfeadh thairis é, agus dobheith ag cruinniughadh blaogha beaga do ghlainibh, ionnas gomádh féidir leis sáidhbhrios mór do dhénomh leó? Is míchéillidh nó sin neamhshuim do dhénomh do theagasg an scrioptúir, .i. Dia d'aeghra agus do ghrádhughadh mar is cóir, aithreachas daingean fírinneach do dhénomh annar bpeacaibh, gráin agus fuath do bheith againn orra, ionnas re croidhe agus re coinsias glan go
mblaisemaois na rúandiamhura diadha, agus ar ccarrthanacht do bheith ar lasadh, agus ar cclaoi féin do thabhairt coimhfhreagra dhó sin. Is mór an mhire gan saothar do chaitheamh leó so agus a bheith ag tabhairt aire d'fhinnsgéaluibh fábhuill gan bhrígh gan tábhacht, amhuil shúgradh buachall ag folach a ccneadh, amhuil gur brionglóid a bhíos orrtha, ag smuaineadh air neithe beaga díomhaoin ann nach bhfuil acht gné thabhaiste. Mire is mó nó so, duine do bheith ag iarraidh a shóláis féin amháin annsna neithibh spioradtálta, agus nach gabhann comhairle ón tí ag a mbíonn eólas air an cceilg dobhíos faoi sin, acht do thóghus maighistreacha eile dhó féin dobhíos dá mholadh agus ar aon mhéin ris. Ar an ccás bocht so do lábhras Pól,2 Timoth.,c.4, ag rádh: “Tiocfaidh aimsir ann nach bhfuilngíd teagasg fírinneach, acht do réir a bhfoinn féin cruinnighid maighistrídh dhóiph féin dobhéaras taitneamh a ccluas dóiph, agus ní éistfid an fhírinne acht dobhéaruid aire d'fhinnsgéaluibh”; agus leanfuid don bhfoghluim so mar ní taitneamhach deaghmhaiseach, agus seachnuid an tslíghe dhíreach, arna mealladh re dóthchas díomhaoin, amhuil agus go mb'éidir leó teacht ris sin dochum críche maithe. Gídheadh, atáid meallta, óir ní bhfuil dá áirde dá rachfuid suas, agus dá mhéad sólás dogheibhid annsna neithibh neamhdha do réir a mbaramhla féin, muna a ttréigid a ttoil féin go hiomlán, ní thiocfuid dochum grádh 'fhírinnigh do bheith aca ar Dhia, agus gurab air a shon is cóir an uile fhonn talmhuidhe do sgrios as an ccroidhe; agus múna a ndéantar sin, ní bhfuil san uile shúbháilce agus naomhthacht eile acht dath bréige nó néall árruidh. An 20 Caib. DOCHUM TOLA DÉ DO CHOMHLÍONADH, IS MÓR DO CHUIDIGHEAS CLAOI NA N-ANMHIAN. Atá an tréigion agus an chlaoi so na n-anmhian comh riachttanach agus sin go nach féidir do dhuine síothcháin nó ciúnas anma do bheith aige, ná 'thoil féin do chur re toil Dé go hiomlán, muna roibh ann. Uime sin is cóir dhúinn neamhfhonn
do bheith againn san uile ní, an tan nach feas dhúinn gad is iomchubhaidh dhúinn, óir a teagbhuidh go minic go measmaoid sochar a bheith dhúinn a neithibh agus onóir fós do Dhia, agus fa dheóigh gur dochar a tig dhúinn ásda. Do Dhia amháin is feas créad is maith dhúinn, agus is mó an fonn atá air maith do dhénadh dhúinn nó atá oruinn féin; agus is ris amháin is féidir an uile mhaith do thabhairt dhúinn. Air an ádhbhar sin cuirmaoid sinn air a chumuirce agus a biaidh nísa mhó do lúathgháire oruinn fana thoil do dhénomh ná fa ar ttoil féin do mheall sinn go minic. Atá Dia fírinneach díleas dúinn do ghnáth agus ní féidir a chlaochló, agus is taosga a bhias fuath againn féin oruinn ná ag Dia ar na créatúiridh do chruthaigh féin. Féachmaoid an duine is mó ag a roibh grádh aige air féin ariamh agus is mó rear mhian a leas féin do dhénomh, agus ní bhfuigheam aon nduine dorinne uírid ar a shon féin agus dorinne agus d'fhulaing Dia ar son ar slánuighthe, do bhrígh gur mó an fonn atá aige sochar agus tarbha do dhénomh dhúinn nó atá againn féin. Fós, ní feas dúind créad is maith dúinn, agus dá mbeith fhios againn, ní bhfuil air ar ccumas teacht chuige; gídheadh, atáid araon ag Dia. Uime sin, cuirmaoid ar n-uile chúram agus ar n-uile mhian ar láimh Dé agus tréigmuid sinn féin. Ar son gomádh lór dar ngluasacht dochum cosga síorruidh do chur air ar n-anmhianuibh agus srian do chur re ar ttoil, ionnas nach beith fonn againn anna ní ar bith saoghalta, an mhéid adúbhramar, is mór an cuidiughadh chuige so féachuin air ar n-uirísle féin agus ar an dochar a tig dhúinn as ar ttoil féin. Atáid fós neithe an tsaoghal so comh tarcuisneach, comh truaillidhe agus sin nacharbh iomchubhaidh dhúinn féachain orrtha; agus atámaoid féin fós comh tarcuisneach uirísiol agus sin ar son ar bpeacadh nach fiú sinn Dia do thabhairt tiodhluice ar bith dhúinn; agus dá mbeith na neithe saoghalta go maith ionnta féin, nachar mhór an mhínáire don pheacach bhocht thruaillidhe onóir, sámhus, nó sult d'iarraidh dhó féin anna ní ar bith? A ccás fós go mbeithmaois féin maith agus na neithe ann' mbíonn fonn againn mar aon go maith, gídheadh, atá an dochar atá ceangailte dar bhfonn féin comh mór agus sin nachair chóir dhúinn a srian féin do léigion leó anna n-aon ní. Agus is é olc agus díoghbháil
a tig dhúinn, an t-iargnó do chuirid oruinn, na cúraim, an bhuaidhirt, an eagla, agus na piana re mbíd dar ccéasadh, nach aonchomóra leó seilbh ríoghdhacht an domhuin; ní is féidir do thabhairt fa dear annsna neithibh diadha spioradtálta, mar atá uaigneas, urnuighe fhada, agus fonn báis d'fhulang ar son glóire Dé agus 'onóra. Mádh atáid iomurcach agus gurab air a ghrádh mí-órdaighe féin do leanas duine dhíof, cuirid bruid, tuirsi, agus míchiúnas air, agus buairid síothcháin 'anma. Uime sin adeirid na daoine diadha spioradtálta measardhacht do chongbháil ionnta sin féin agus duine do chur a thola féin re toil Dé. Anois, mádh atá peiriacail comh mór agus sin a bhfonn mí-orduigh na neithe spioradtálta, gadé méad an dochair atá a saint na neithe atá díoghbhálach dhúinn, mar atá na neithe dimbuan' saoghalta? Dochum teacht chum na críche atá romhuinn, is mór an cuidiughadh dhúinn a mheas féin do thabhairt air gach aon ní, agus ní do réir bhreitheamhnuis mheallta an tsaoghail acht do réir na fírinne, teagaisg agus dlíghe an tsoisgéil; ag féachuin go grinn ar an tsubstaint atá ionnta, ag cur a ccéill dhúinn féin go deimhin dearbhtha, onóir, sámhus, agus sáidhbhrios an tsaoghail so, nach maitheasa fírinneach iad acht fíordhíomhaoinus agus sgáthán bréige. Agus ar son go ttugmaoid titul agus ainm maithiosa dhóibh, ní hé a thuillid tré mhéad na díoghbhála doníd dhúinn, mar atá, sinn féin do dhénomh olc, rádharc na fírinne do bhuain dínn, slíghe na subháilce do thoirmeasg oruinn, ócáid agus cionfátha do thabhairt do na peacuibh, agus mórán anróith agus dochair do tharruing oruinn ar an saoghal so, ní nach roibh a n-ainbhfeas ar ghintilidhibh nó air phágánuibh; agus gibé do thuigeas an fhírinne so, nach ádhbhal an díth céille dhó fonn do bheith aige a maitheasa bréagacha? Agus mádh mheasann nach bhfuil ionnta acht luaithremhán díomhaoin, ca bhfuil amadánacht is mó ná duine a bheith dá chéasadh féin air son lán doirn do chré, nó saothar mór do ghlacadh air son neithe nach bhfuil ionnta acht tabháiste? Mádh mheasmaoid gurb olc na neithe nimhe nó an nímh féin, godé an réasún rear féidir do dhuine air bith ag a bhfuil
gean aige air féin, nó rear mian a bheith beó, nimh dá laeghatt do chaitheadh mar oileamhuin dó féin? Mádh mheasmaoid anois truaillidheacht na néithe saoghalta, dá fheabhas dá mbiaid, agus a ccur a ccomóra ris na neithe síorruidh, óna ccuirid súd toirmeasg aire agus grádh iomchubhaidh do thabhairt dóiph, is dearbh go n-imthíd as ar rádharc amhuil imíthus na réalta ar n-éirghe don ghréin. Nach duine éigcéillidh dobheith ag cruinniúghadh lathuighe agus órchiste mór do léigion thairis? Gídheadh, is éigcríonna ná sin an tí dobheir grádh do na neithibh dímbuan agus neamhshuim ar neithibh síorrdhuídhe agus air ghrásaibh Dé. Adeir S. Ignásius, ag tógbháil 'inntinne dochum Dé re hósna mór: “Uch, is salach a bhfuil air an talamh, an tan fhéachuim air neamh.” S. Silbhánus ab, tar éis a bheith ag dénomh urnuighe dhó, do bhíodh meas comh tarcuisneach agus sin aige air go ccuireadh brot air a shúilibh agus go n-abradh: “Gadé an riachttanas atá a solas an tsaoghail d'fhaicsin, ann nach bhfuil sochar nó tairbhe acht neimhnídhe?” Is mór an cuidiúghadh do dhuine dochum an tsaoghail do tharcuisneadh féachain go grinn air féin, agus a thabhairt fa dear nach bhfuil ní ar bith aige uadh féin, agus nach bhfuil ann acht neimhnídh, agus nach fiú é an t-ainm sin féin; óir gur measa é nó neimhnidh, an mhéid gur peacach é, agus gurb ainm onórach dhó luathreamhán, lathach, piasta, siludh, carra, nó gearba do ghairm dhe, do bhrígh gur ní éigin iad so agus go bhfuil sochar éigin ionnta ar uairibh; gídheadh, is measa an peacach nó neimhnídh, óir ní bhfuil ann acht nimh re marbhann é féin agus re ttruaillionn an domhun uile, ionnas, muna mbeith mórthrócuire Dé go ccuirfidh ar neimhnídh é gan mhuill. Gibé duine dothiucfas dochum an mheasa fhírinnigh so do bheith aige ar féin, is dearbh nach biaidh fonn aige a n-onóir ar bith shaoghalta, agus go measfaidh gur ní ró-éigceart agus a n-ághaigh an uile réasúin onóir ar bith do thabhairt do chréatúr ar bith comh tarcuisneach ris an duine; agus an meas céadna do bheith aige air an uile ní anna mbiaidh sochar nó taitneamh aige. Ag féachuin fós air a pheacaibh, measaidh nach ttuillionn ní ar bith eile acht na piana rothroma dogheibhid lucht na mallacht a bhfochair deamhan iffrinn.
Gibé ag a mbiaidh an meas fírinneach so aige, ní hé amháin nach biaidh fonn anna ní saoghalta acht biaidh fuath agus tarcuisne aige air gach aon ní dorachadh a sólás nó a sochar dhó féin, agus biaidh gean agus fonn aige san uile ní atá contrárdha dá thoil féin; agus an uair dogheibh onóir nó sólás nach féidir leis do sheachna, ní chuirionn dúl ionnta acht amhuil agus gur dá aimhdheóin dogheabhadh iad, agus ní ghabhann sámhus ar bith asda. As an tréigionn so na bhfonn saoghalta tig do dhuine a bheith toiltenach air gach ní is mian re Dia, agus cuiridh srian ris an uile fhonn inmheadhónach na hinntinne; óir gibé ná biaidh fonn aige san ní nach bhfaican, an tan dochí é ní ghabhann sólás nó sámhus as. An tréigion so duine air féin, agus gan fonn agus gan blas do bheith aige, ní hé amháin ar dhrochneithibh nó ar neithibh fós nach bhfuil olc nó maith ionnta féin, mar atá beatha nó bás, sláinte nó éagcruas, doilgheas nó taitneamh, onóir nó tarcuisne, bochttacht nó saidhbhrios, foghluim nó ainbhfeas, ní hionnta amháin is cóir an freachnadh so do chur a ngníomh, acht fós annsna neithibh diadha spioradtálta, ag díbirt ar ngrádh féin uainn, dobhíos a bhfolach go minic faoi sgáth naomhthachta, an tan do theagbhas sólás nó sámhus spioradtálta, teas crábhaidh nó dortadh deór dhúinn, ní nach cóir a mheas nó d'iarraidh acht do réir thola Dé. Uime sin, na daoine a bhíos foírfidh go hiomlán ionnsna subháilce, is náir leó an sólás sin d'fhaghál, atá díleas don droing a bhíos ag tionsgnamh. An grápa nó an t-ubhall air a mbiaidh gean ag leanabh, ní bhíonn spéis ag duine críonna ann; agus ní haimsir shóláis nó chiúnuis atá againn air an saoghal so acht aimsir shaothair agus dhóláis. An tsubháilce fhírinneach agus an grádh, ní millseacht shóláis nó deóra dobhíd d'iarraidh, darb úghdar go minic grádh an duine air féin, do bhrígh gur cóir dhó a mheas nach fiú é a bhfagháil, agus mádh gheibh iad, gur móide is cóir dhó a bheith umhal é, ar an ádhbhar go dtugthar do dhaoinibh nach ttuillionn iad, amhuil a bherthar neithe millse do leanbh dá chealgadh. Uime sin, ní cóir dhúinn a n-iarraidh acht
dochum na críche a ttugann Dia dhúinn iad, ionnas go mbemaois díthchiollach dochum dol air ar n-aghaigh annsna subháilcibh daingne fírinneach. Leis an modh so a fhosglus trócuire an Choimdhe agus donídh sáimh an tslighe gharbh dhogbhalach, agus ullmhuidh an duine dochum foighide an tan nach bíd na sóláis sin aige, agus gomádh feas dó seirbhís a dhénomh do Dhia a ccás nach ttiúbhradh sólás ar bith air a shon dó, acht amháin gurb í toil Dé é dá dhénomh. Is dearbh fós nach bhfuil dá laeghatt meas dá mbiaidh ag duine air na sólásuibh réimhráidhte, agus a sgaoilios é féin uatha, nach usaide dhó é féin do cheangal re Dia, ag foillsiughadh go follas nach bhfuil cás aige anna sólás inmheadhónach spioradtálta, acht an mhéid gur mian re Dia a thabhairt dó nó go ndoirtionn air é, dochum an uile pheiriacula dá mbiaidh ionnta do sheachna. Sompla óirdheirc ar an tréigion so ar sóláis féin aithrisi sgríbhneóir diadha riaghalta, Ioannes Taulerus, ar an modh so síos. “Do thaisbéan Dia ré solas inmhéadhonach do cháraid áiridhe dhó féin ciall an sgrioptúir naomhtha go hiomlán, agus do thaisbeáin fós cionnas dobhádar na daoine ag tabhairt a mbeatha a ttír fan am sin, agus cionnas dobhídh drong dhíoph ar a raibhi meas mór air a n-oibreacha a bhfiadhnaise daoine, gan meas ar bith a bhfiadhnaise Dé; agus daoine eile ar nach roibh meas ag an saoghal ar a n-oibreacha, go roibh luaighdheacht mhór aca a súlibh Dé. Do thaisbéin Dia iliomad eile do neithibh uaigneacha íongantacha dhó; gídheadh, do ghuidh Dia, ag rádh: “Guídhim thú, a Dhia thrócuirigh, tarruing na grása so uaim, óir ní bhfuil fonn agam ionnta agus atáid dom chéasadh go mór.” Do tharraing Dia iad sin uadh agus d'fhágbhadh ar feadh chúig mbliadhan é gan sólás air bith anna ccathaibh móra, a mbruid, agus a n-anró. Tárla dó lá éigin a bheith ag caoi go tuirseach agus go ttánig dias aingeal chuige dochum sóláis do thabhairt dó; gídheadh, adúbhairt sé: “Ó, mó Thighearna Dia, ní bhfuilimsi ag
iarraidh sóláis ar bith air an saoghal so; is lór leam an áit, anna bhfuil sibhsi bhar gcomhnaidhe ann m'anam, do choimhéad, ionnas narbh fhéidir do ní ar bith eile dol asteach nó d'fhaicsin ann acht thú féin.” d'éis na mbriathar so táing déalradh ádhbhalmhór solais 'na thimchioll agus adúbhairt Dia ris: “Taisbéna misi an uile mhaith dhuit”; agus do bháith é go sona a nduibheagán na diadhachta.” As so is follas gur riachttanach dhúinn sinn féin do thréigion annsna mianuibh maithe agus annsna taisbéanta solais neamhdha dogheibhmaoid, d'eagla ar ttoil féin nó ar ngrádh d'iarraidh ionta, agus re ar n-andhóthchas as ar mbreitheamhnus féin go ttiubhramaois cionfátha do Dhia na grása sin do tharruing uainn. Uime sin is cóir a nglacadh go ró-umhal, agus adbháil nach bhfuil cuid ar bith againn féin ionnta, agus nach é ar mblas nó ar sólás féin atámaoid d'iarraidh, acht toil Dé amháin do chomhlíonadh, onóir agus moladh do thabhairt dó, agus a mheas nach fiú sinn fábhar nó sólás, ní hé amháin d'fhagháil uadh, acht fós nach fiú sinn é d'fhéachuin oruinn. An ní cédna is cóir dhúinn do choimhéad san uile fhreachnadh eile diadha nó spioradtálta, mar atá úrnaighthe fhada, mórán d'fhulang, é féin do chlaoi, a ghrádh féin do thréigion, ar an adbhar gur féidir gach aon ní dhíof so do dhénomh go neamhorduighe; agus ní hiomchubhuidh an modh dochum duine do thréigion a thola, a thoil féin do leanmhuin. Ní hiomchubhaidh dúinn fós fonn do bheith againn anna ní ar bith acht mar is mian re Dia, agus ar an modh is mó a thaitnigheas ris, ionnas go ndéantar a thoil ann gach aon ní. Mádh nídhmaoid so, ní chuirfeadh ar miana féin míchiúnas, céasadh cruaidh, nó doilgheas air bith eile dá mbíonn 'na dhiaigh, buaidhirt ar bith orainn, acht gheabham
millseacht inntinne agus sólás croídhe re ar n-uile fhonn agus deaghmhian do chur ar láimh Dé, amhuil dogheibh leanbán sámhus air bhrollach a mháthar. An 21 Caibidil. DON DEAGHINNTINN AGUS DON GHLOINE CHROÍDHE IS CÓIR DHÚINN DO BHEITH AGAINN DOCHUM TOLA DÉ DHO CHOMHLÍONADH. d'éis duine dá thréigion féin agus cur suas dá thoil féin, atá air an tslíghe dhírigh dochum tola Dé do chomhlíonadh san n-uile ní ó rúan croidhe; gidheadh, ní féidir dhó sin do dhénomh go seasbhach an feadh a bhias ceangailte agana ghrádh féin. An chéad uair: dogheibh mórán dogbhail ann gach aon ní do dhénomh do réir thola Dé go fírinneach, mádh atá aon ní dá ghrádh nó dá thoil féin aige; agus a ccás go ndénomh gníomh nó gníomh eile ar ghrádh Dé, do dhénomh míle gníomh air a ghrádh féin, ní hé amháin annsna neithibh atá toirmeasga air acht fós annsna neithibh atá diadha maith ionnta féin, agus ris sin caillid a luaighdheacht agus tuillid piana, nó ní bhíd comh maith agus bá cóir dhóiph a bheith, an tan nach ar son Dé amháin a déntar iad. An dara cúis: air an ádhbhar go bhfaghthar duine rear mian toil Dé do dhénomh, gidheadh, ní théid ar maith nó ar sochar dhó tré chealgadh a ghrádh' féin; agus cumaidh gach aon ní do réir a thola féin, ag cur a ccéill gur dochum seirbhísi Dé donídh gach ní dá ndéan dochum a shochair féin agus nach baineann re seirbhísi Dé; agus a bídh a ghrádh féin annso, ar uairibh go follas agus ar uairibh eile go foluigheach, dá mhealladh agus dá bhréagadh; agus ní bhainfeam tóradh as gníomh air bith dá ndénmaoid, muna marbhmuid an námhaid muinteardha aontoighe so atá againn, donídh díoghbháil dhúinn nísa mhó dá mhéad a léigeas air fábhar do dhénamh dhúinn agus ar sochar d'iarraidh.
Dá mbeith gan sochar ar bith eile do theacht dhúinn as air n-anmhiana féin do chlaoi agus air ttoil féin do thréigion, ba lór go ttógbhan an n-uile thoirmeasg agus an uile cheó do bhacas linn an fhírinne d'fhaicsin nó do thuigsin, agus go ttugan slíghe dhúinn gach aon ní do dhénomh re deaghinntinn agus air ghrádh Dé go fírinneach, agus ar son a naomhthola do chomhlíonadh atá rocheart agus rotharbhach dúinn. Annso bá cóir dhúinn an n-uile shaothar agus an uile dhúthracht do chur gus an mbás dámádh éigin dúinn fhulang. Gach ní dá ndénmaoid a dhénomh re deaghinntinn, is ní é atá rocheart agus atá d'fhiachuibh ag Dia oruinn. Amhuil, gibé do chuirfeadh crann, go bhfuil ceart aige dochum a thóruigh; mur sin Dia, do chruthaigh sin, dá mhéad dá dtug dúinn, is móide a cheart orainn é. Uime sin atá ceart ag Dia ar thoradh an duine, eadhón, a oibrighthe, agus an tan nách déanmaoíd iad ar son Dé acht dochum críche éigein eile, beanmaoíd di Dhia an ní ag a bhfuil ceart aige air. An cúnntas cruaidh a bhainfeas Dia dínn san toradh so, do fhoillsigh Críost é san soisgéal, ag Matha 21, ag teacht dochum crainn dó ar nách bhfuair acht duilleabhar, ar son nách ttáinic aimsir toradh do theacht air, do mhallaigh agus do chríon an crann i gcéadóir; ag tabhairt sompla do na daoinibh fan chúntas cruaidh a bhainfeas Dia díobh, muna dtugaid toradh na ndeaghoibrighthe uatha, agus sin níos cruaidhe nó do bhainfeas lughadór don chrann do chuir sé; óir gomadh lór leis má gheibh toradh uair san mbliadhain ón chrann, gidheadh, iarraidh Dia toradh ar an duine gach uair agus gach laoi. Agus fós, atá an uirid sin d'fhonn aige san toradh so an duine nách leor leis an ní mheasus an duine a bheith d'fhiachaibh air acht iarraidh níso mhó nó mheasus an duine a bheith air a chumas féin, amhail an crann dá nách táinic aimsir do thoradh do bheith air, ar a shon sin do iarr Mac Dé toradh air. Accus dá m'fhéidir linn aitheanta Dé do chomhlíonadh, agus mórán deaghoibrighthe do dhéanamh nách bhfuil d'fhiachaibh orainn ó aithne ar bith, ris sin uile ní thugmaoíd
sásadh do Dhia ar son gach tíodhlacthe dá dtug dúinn go toirbheartach, ná dá naomhthoil réir mian sin do bheith foirbhthe mar atá sé féin, agus mar do theagaisg dúinn rena chomhairleachaibh beannaighthe. As é as ádhbhar prionnsiopáilte nách déanmaíd so, nách bíonn rún diongmhálta glan againn dochum seirbhísi Dé do dhéanamh do réir a theagaisc dúinn agus mar do thaobh linn go díthcheallach. An fonn fírinneach so atá ar Dhia deighintinn do bheith againn, do fhoillsigh Críost é, acc Matha c.25, an tan do órdaigh an tí do fholaigh an tallent tug Dia dí, agus dearnaidh sochar ar bith ria, do chur i bpríosún dhorcha, an tan adubhairt: “Gan a iarraidh, a Thighearna, is mian leat toradh d'fhagháil as an talamh ann náchar chuiris síol.” Ar son go m'fhéidir le Críost freagradh do thabhairt ar so, ní dhearnaidh é dochum sinne do theagasg. Dá bhrígh sin, má do fhulaing a chur an' aghaidh go n-iarrfadh é ar an talamh náchar cuireadh síol ann, cionnas nách iarrfadh é ar an talamh a ndearna an uile dhíthchioll dochum a thabhairt uadh, mar atá an duine, dochum go dtugadh tromthoradh uadha do dhoirt a fhuil féin ar a shon? Agus mar sin, ní hé amháin as na neithibh atá d'fhiachaibh orainn, agus as na neithibh atá ceangailte do na subháilcibh, as mian le Dia toradh d'fhagháil uainn, acht fós as na hoibrighthibh atá saor againn agus nách bhfuil olc nó maith uatha féin ionta, ionnas go mbeith toradh agus luaigheacht aca; agus uime sin as mian leis a ndéanamh ar a ghrádh féin. Mar sin, ó atá Dia 'na bhreitheamh comh cruaidh agus so gurab mian leis as gach éinní toradh d'fhagháil, agus sin do dhéanamh an uile ghníomha dochum críche maithe; créid nach déanmaoíd gach éinní do réir a thola, an tan nách bhfuil luaigheacht ag gníomh dá fheabhas, muna ndéantar é do réir thola Dé, agus nách féideair drochghníomh ar bith do dhéanamh do réir a thola? Dogeibhthear crann agus, má bhaineann a thoradh re talamh, bí lobhtha gan mhaith gan bhlas. Is cosmhuil ris so gníomha agus oibrighthe an duine; óir an intinn re ndéanann iad, má fhéachann ar ní talmhaidh ar bith, dá fheabhus dá mbí an gníomh ann féin, ní bhíonn luaighacht ar bith aige.
Má fhéuchmíd oruinn féin, doghéabham nách bhfuil ní ar bith as mó doní dochar agus díoghbháil dúinn nó gan deighintinn díreach do bheith againn in gach ngníomh dá ndéanmaíd, agus sin as drochbhéasaibh na nádúire. Dia amháin aon chríoch an duine, agus dá bhrígh sin as cóir dó an uile ghníomh do dhéanamh ar son Dé; agus má doní iad ar son críche ar bith eile, doní éagóir dheanachtach air féin, agus dobheir toibhéim tarcaisneach truaillighthe dá dhignitt nádúrtha. Cia nách aibeóradh gurab gníomh míochubhaidh míchéillidhe, dá gcuireadh giolla copán nó corn, as a n-eibheadh an rí deoch, faoi mhúnlach lobhtha bhréan, nó dá gcuireadh duine colbh ríoghdha mar shluasaid do ghlanadh camra nó gúitéir? As deimhin, dá mbeith ciall ionta so, gurab olc doghéabhaidís chúca a shamhail sin do mhasla d'fhagháil, ar son náchar órdaigh an nádúir féin iad dochum críche comh uasal agus sin acht ealedha an chéarda, do oibrigh iad, do thug cuma ortha. Nách gráineamhla an truaillightheacht ná so má thugann an duine - do chruthaigh Dia dochum a ghlóire féin do mhéadughadh agus tug é féin mar chrích nádúrtha dó, acht as onóraighe ná béul agus ná dignitt ríghthe an domhain - aire do neithibh truaillighthe diombuana nó do ní ar bith do chuirfeadh toirmeasg ar teacht dochum na críche as ar cruthaidheadh é? Idir an dá chréatúir dar chruthaigh Dia, ní bhfuil differ doichríochnaighthe, gidheadh, idir Dia agus an uile chréatúir atá difer dochríochnaidhe nách féideair do mheas. As so as tuigthe don duine méad an tsochair atá dó gach uile ghníomh do dhéanamh re deighintinn ar son onóra Dé amháin, agus gan críoch ar bith eile do bheith aige ion aoinní. Tuigeadh fós an dochar, a' náire, agus an masla atá dó gan an deighintinn si do bheith aige. Ionnas go ttuigmís so go soiléir, tugmaoíd fá dear go milleann feidhm an uile ní críoch eile do thabhairt dó acht an chríoch as iomchubhaidh dóibh agus dochum ar hórdaigheadh iad, mar as follus as na somplaidhibh so síos. Cá bhfuil comhartha mire ba mhó nó dá measadh duine le lán duirn sneachta páisde do dhéanadh, nó a mheas gurab túis deaghbholaidh é, nó go ndéantaoi uisce róis de lena theilgeann a ngríosaigh, nó go ndéantaoi purpair ríoghdha di ghuaireach
gharbh muice? As mire agus as amadánacht so uile, agus mar sin do gach ní eile an tan nách déantar féim de dochum na críche as iomchubhaidh dó; agus doníothar éagcóir ar an nádúir ina neithibh féin dá gcur óna bhfeidhm nádúrtha, óir bíd gan sochar gan tarbha; agus uime sin ní bhíonn meas ar ní ar bith acht do réir na hiomchubhaidheachta atá aige dochum na críche ar hórdaigheadh é, agus má chaillionn an chríoch so ní fiú ní ar bith é. Anois, ó dochímaoid nách bhfuil acht mire agus éigciall críoch eile do thabhairt do ní ar bith acht an chríoch as iomchubhaidh dó, nách éigcríonda amadánach níosa mhó ná so, má thoghann duine críoch eile dó féin tar an chríoch dochum ar cruthaigheadh é, mar atá Dia féin; agus an chríoch eile níosa mheasa agus níos tarcuisnighe an méid gurab fearr Dia ná créatúiraidh an domhain. Ní dá fheabhas nó dá uaisle dá mbí an ní ann féin nách mó an tarcaisne agus an masla dogheibh, má curthar óna fheidhm agus óna chrích féin é. As dearbh nár chruthaigh Dia ar an talamh so créatúir as uaisle ná an duine dá ttug ciall, tuigsi, agus toil. Uime sin, gibé duine nách gceanglann é féin re Dia, atá 'na chrích nádúrtha aige, doní iliomad dochair dhó féin; ar tús, ag tabhairt mímheasa air féin, agus ag tabhairt masla agus tarcnaisne don nádúir uasail dá tarraing óna crích féin; agus ag tabhairt críche eile di as taircaisnihe míle uair nó a críoch féin. Fá dheoigh, an tan gurab é an duine créatúir as uaisle ar an talamh sa; agus nách bhfuil dá dheise, dhírigh dá mbí riaghail, go milltear í le cam dá laghad; agus dá fheabhas dá mbí corn nó soightheach déanta, má bhíonn sgáineadh ar bith ann, cuiraidh míomhaisi air; agus ní bhfuil dá fhoillsigh nó dá ghloine dá mbí purpair ríoghdha, nách usaide salchar dá laghad d'fhaicsin air é; ar an modh ccéanna don duine, ní dá laghad dá ccasfadh 'inntinn ó Dhia, nach mór an smál air é. Nír fhoillsigh mé go leor an seachrán agus an earráid do ní an duine nách ndéan an uile ní ar son Dé go hiomlán agus go fírinneach; óir ní hé amháin go ttugann druim réna chríoch féin - ní atá 'n-aghaidh an uile réasúin ansna neithibh atá gan mhothughadh ionnta féin, mar dochoncamar thuas - acht doní fós claochlódh as dofhulainge ná sin a n-aghaidh dhlighidh na nádúire, ag déanamh slighe don chrích
agus críoch do' tslighe, amhail do chuirfeadh duine roimhe re pápér litreacha do tharraing ar pheann, nách bhfuil mire as mó ná é. Gidheadh, as mó an mhire agus an mhíonáire na so an duine ag tréagean Dé agus ag cur a inntinne agus a chroidhe isna créatúiribh atá faoi féin agus do chruthaigh Dia ar a shon. Agus ris sin ní hé amháin go dtréagean duine Dia acht tréigean fós é féin, do bhrígh gurab ar son an duine do chruthaigh Dia créatúiraidh na talmhan uile; agus an tan a chuireas a chríoch féin ionnta, agus nach ttugann buidheachas do Dhia ar a son, atá 'na chrích dhéigheanaidh ag an uile ní, doní slighe don chrích agus críoch do' tslighe re hórdughadh bunascionn. Mar sin, mar is éagcóir a chríoch féin do bhuain do ní ar bith, as éagcóir rófhollus a chríoch féin do bhuain don duine. Fós, ní ar chrích ar bith eile doníothar an éccóir so acht ar Dhia féin, atá 'na chrích dhéigheanaidh ag an uile ní, an uair as mian le duine toil Dé do bheith acc seirbhís dó féin dochum a thola féin do dhéanadh agus a bheith ós cionn thola Dé - ní as iongantaighe dárab féidir a chlos nó do smuaineadh. Féachmaoid anois an beag an sochar nó an tarbha atá dúinn ár n-uile ghníomh do dhéanamh re deighintinn fhírinnigh ghlain, agus gan sochar nó sólás nó onóir d'iarraidh dúinn féin ar a son; do bhrígh, an tan chlaonmaoíd ó Dhia, go gcaillmíd ar ndignid, ár meas agus ár sochar, mar adeir Dáuídh, Psal. 13: “Do chlaonadar uile agus dorinneadh míotharbhach iad.” An uile ní dá mbeantar a fheidhm agas a chríoch de, bí míotharbhach; mar sin do dhuine nách bhféachann go díreach ar thol Dé, atá mar dhall a' lámhach le gunna nó re bogha. Ár máighistir Críost, acc teagasg dúinn an deighinntinn as iomchubhaidh dúinn do bheith againn, adeir, ag Matha san c. 6: “Má tá do shúil olc, biaidh do chorp uile dorcha”; amhail adéaradh: muna raibh súile an chroidhe agus na hintinne ag féachainn ar Dhia dochum go bhfaicdís créad as mian leis, biaidh an duine uile lán de cheo agus de dhorchadas idair chorp agus anam, agus atá gan onóir gan fheidhm. Ar an ádhbhar sin, ar ttruailliúghadh na fréimhe re heasbuidh an deaghchroidhe agus na deighinntinne, gach gníomh subháilceach dá bhfásann as an fhréimh sin, dá uaisle dá mbí, milltear é agus ní bhfuil an acht saothar díomhaoin,
mar as follus, do bhrígh nách dtaitnieann gníomh ar bith re Dia gan deighintinn. Uime sin adeir Ricardus a S. Victore, de Statu inter., c 7: “Créad é an sochar atá mórán deaghoibrighthe do dhéanamh, agus a marbhadh re drochrún nó re drochinntinn; agus créad é méad an uilc, má mharbhthar linn féin ár cclann mhaith, eadhón, ár ndeaghoibrighthe, agus ár ccoinsias d'fhiaghnaise orainn?” As cosmhuil an intinn mhailíseach re péisd dá ngoirthear salamandra, do bhaineas a thoradh don uile chrann a mbíonn faoina fhréamhach. Gidheadh, an drochintinn, ní hé amháin go mbeanann an uile luaigheacht do na deaghoibrighthibh acht fós doní olc iad, ionnas gurab piana agus sgiúrsa a thuillid, ar mhodh nách bhfuil dochar as mó ná so ná díoghbháil ar nách féidir breith. Agus gibé ar bith ní dodhéanas duine ar son críche ar bith eile, ní bhfuil an acht maidigh críona dá chruinniúghadh dochum tineadh purgadóra do lasadh agus dochum sin féin do dhógh innte; agus ar ttarraing ár ccroidhe ó Dhia dhúinn, ní bhfuil socamhal nó ciúnas againn acht mar bhíos an t-iasc d'éis a tharraing as an uisce gus a bhás. A chontrárdha so a theagmhas don druing doní gach gníomh dá ndéanaid ar son agus ar ghrádh Dé go fírinneach; óir gach gníomh dá ndéanaid, ní hé amháin annsna subháilcibh diagha agus annsna subháilcibh morálta, agus annsna neithibh nách bhfuil olc nó maith ionnta féin, acht fós na neithe doníd re hainbhfeas acht a ndéanamh re deighintinn, dogheibhid luaigheacht asta; ionnas gurab féideair leis an duine luaigheacht d'fhagháil as an uile ghníomh dá ndéan ar son Dé. Agus mar adeir an t-eagnaidhe, Sap.,c.4, gibé dodhéanas an uile ghníomh ar son críche comh uasal ria sin, “más gearr a shaoghal, do choimhlíon sé aimsir fada”; agus sin ar son na ngníomh dorinne ar son Dé go fírinneach, agus do réir fheabhais an chroidhe agus na hintinne. Dá réir sin atá luaigheacht ag na hoibrighibh a bhfiaghnaisi Dé; agus atáid comh taithneamhach agus sin ag Dia gurab leis féin amháin as féideair luach diongmhála do thabhairt ar a son, agus ní luach eile acht é féin.
Uime sin bí an diabhal gan stad gan comhnaidh ag iarraidh re síorcheilg an deighintinn do mhealladh agus a luaigheacht do bhuain di, mar as follus as sompla na mná, Apocal.,c.12, a raibhi an ghrian mar éadach 'na timchioll agus a corp uile sgiamhach soillseach tré fheabhus a croidhe agus a hintinne, acht dobhí an dragún, eadhón, an diabhal, ós a coinne dochum an mhic, dobhéaradh sí, do shlugadh. Ar an modh gcéadna bhíos an diabhal do ghnáth ag fuireachrus ris na deaghoibrighibh, as clann agus is toradh don fhíréan, do mhilleadh. Agus is é an gliocas 'na aghaidh sin an ní tárla go sona don mhnaoi réamhráite sin; ar mbreith a cloinne di, fuadaigheadh a mac go fiadhnaise Dé agus a chathaoireach. Atá gach gníomh dá ndéanmaoíd san pheiriacuil chéadna, muna ndéanmaoid iad i bhfiaghnaisi Dé agus ar son 'ghlóire agus a onóra. A ndubhramar go so ar gach maith agus ar gach sochar dá bhfuil san deighintinn, is í an tol mhaith í dar gheall na haingil síothcháin ar an talamh, iar mbreith ár Slánaightheoir, Luc.,2. Agus mar adeir Leo Páp., ser.9, de Nat., c.1: “Síothcháin an chríostaidhe é féin do chur re tol Dé.” Uime sin gach gníomh dá ndéanmaoíd gan deighintinn, cuiraidh míchiúnas agus buaidhirt orainn, an tan do leanmaoíd ár mian agus ár bhfonn féin agus nách riaghalamaoid sin féin do réir réasúin nó dlighidh Dé; agus an uair is mian linn toil na ndaoine do dhéanamh - ní as docra ná toil Dé do dhéanamh - má dothig na neithe contrárdha dúinn bí buaidheairt orainn. Agus ní hé as cúis dó sin méad an tsaothair dogheibhid acht nách déanaid gach éinní go fírinneach do réir thola Dé. Glaine na deighintinne - tobar síorraidhe na ngrás agus tíodhlaicthe Dé, céim uachtrach na foirbhtheacht, cuibhreach a cheanglas an t-anam re Dia, sólás as mó ar an saoghal sa, eochair fhlaithis Dé, agus ceart ár n-uaisle fhosglas an tslighe dúinn dochum cainte agus comhráidh do dhéanamh re Dia féin gacha uair. Dobhí bráthair maith 'na tháilleabhar, darbh ainm Joannes de Soto, os cionn éadaidh na conueine ina raibhi, agus ar tteacht tinnis an bháis air, mar do thaisbéain Dia dó roimhe sin, an tan dobhí an bás chúige do iarr a shnáthad
do thabhairt chuige. Do shaoil a raibh do láthair uile gurab í a chiall do imidh uadh. Adubhairt seisean leo: “Ní bhfuil mearughadh ar bith oram nó easbuidh céille, agus maille grásaibh Dé atá mo chiall agus mo réasún agum; agus ar son Dé tugaidh dum an ní atáim a d'iarraidh.” Ar nglacadh na snáthaide dó, adubhairt: “Ag so eochair fhlaithis Dé agam rena bhfoisgeóla mé doirsi parrthois, ria ar mian leam bás d'fhagháil agus dol d'fhéachain Chríost mo Shlánaightheóir; óir ní dhearna obair ar bith ria acht ar a shon, agus níor chuir mé snáithe innte ariamh acht dochum a thola do dhéanamh, amhail agus gurab do Chríost féin dobheinn ag déanamh éadaigh.” Gach éinní do dhéanamh re deighintinn agus re deighthol, ní hé amháin go ttugann Dia luaigheacht ar a shon san mbeathaidh shíorraidhe acht dobheir fós ar an saoghal sa féin grás speisialta ar a shon, mar do thárla do dhuine mhaith riaghalta dobhí 'na dhoirseoir. Gach uair dá bhfosgladh an doras, agus do fhosgladh é amhail gurab é Críost féin do bheith ag teacht asteach ar an dorus, agus as so táinic dó Íosa Críost féin d'fhaicsin ag teacht asteach ar an dorus go minic. Gach ar thráchtamar go so ar ghloine croidhe, tola, agus intinne, ní hé amháin ar na gníomhaibh foirimealacha corpardha as cóir a thuigsin acht fós ar gach muaineadh agus ar gach fonn inmheodhónach dá mbí san chroidhe, ionnas nách cóir dúinn smuaineadh dá laghad d'fhulang in ár n-intinn, muna bhfuil do réir thola Dé agus dochum glóire agus onóra do thabhairt dó, agus gan lúthgháire ná sólás ar bith do léigean asdeach in ár gcroidhe acht muna bhfuil do réir thola Dé agus mun ba ó Dhia dothiocfadh. An 22 Caib. CÉIM RIACHTANUSACH NA DEIGHINTINNE DOCHUM TOLA DÉ DO CHOIMHLÍONADH IN GACH ÉINNÍ. Ionnas gurab móide ár bhfoirbhtheacht agus glaine ár n-intinne, gurab móide ár luaigheacht agus ár sochar, ar tús, déanmaoíd díthcheall ár n-uile ghníomh do dhéanamh ar
son Dé amháin, agus gan toil ná mian do bheith againn acht tol Dé; amhail doní Dia gach éinní ar a thoil nó ar a shon féin, gan sinne do dhéanamh ní ar bith acht ar shon Dé agus dochum a thola do choimhlíonadh. Agus nár bu lór linn sin do dhéanamh re rún geinerálta acht a dhéanamh go haireach san uile ghníomh agus go speisialta isna gníomhaibh as mó luaigheacht, docamhail agus saothar; agus an méid gurab féidir é ann gach gníomh dá laghad, ar mhódh go mbeith an croidhe do ghnáth ag féachain suas ar Dhia, agus nách déanamh dochar dúin féin; óir, mar adeirid ughdair thromdha, ní leor rún generálta dochum luaigheachta do bheith ag na hoibrithibh speisialta acht mar do bhrígh an rúin sin do níothar iad. Agus, mar is iomdha ní theagmhas dúinn do dhéanamh san ló nach bhfuil buain aca ris an rún dobhí againn ar maidin, as iomchubhaidh dúinn an choróin órdha so an deaghrúin do chur ar gach éinghníomh ionnas go mbeith taithneamh mór ag Dia ionnta. An dara céim. Gach éinní do dhéanamh go sólásach friochnamhach éasgaidh, gan tuirsi gan míoghnaoidh; do bhrígh, ris an modh so, go gcurthar oibliogáid ar gach neach dá ndéantar seirbhís, mar as follus ideair na daoini ag a mbíonn meas maith aca ar an tseirbhís doníothar dáibh go suilbhir deighintinneach. Uime sin adeir an céile diadha, Cantic.2, leis an anam atá lán do ghrádh: “Éirghe, déan deifir, a bhancharaid, a choilm sgiamhach, agus gluais chugam.” An treas chéim. An uile ní do dhéanamh ar son Dé go hiomlán aonarach, gan féachain ar chrích ar bith eile as anuaisle ná sin, nó ar a shochar féin, nó ar ní ar bith eile dá fheabhas. Ag so an teagasc tug Críost dúinn, ag Matha c.6, ag cur na deighintinne a gcomórtus re haon súil, gus ag rádh 'na dhiaigh sin: “Ní féidir le duine ar bith seirbhís do dhéanamh do dhá thighearna.” Fós, oibrighthe na subháilce ag a bhfuil críoch mhaith uatha féin, mar atá déirc do thabhairt do bhocht, gidheadh, as cóir a dtógbháil níos áirde ná sin dochum luaigheachta níos mó do bheith aca, agus a ndéanamh ar son Dé agus ar a ghrádh níosa mhó ná ar son a críche féin. Bíodh fós coimhéad againn gan ár ndeághoibrighthe do dhéanamh ar eagla ifrinn nó phurgadóra, nó fós re dóchas luach saothair d'fhagháil ar a son; óir, gidh gurab maith gach críoch
díobh, ní bhfuil na hoibrighthe comh foirbhthe ris sin agus dá ndéantaoí iad ar son Dé go fírinneach agus dochum a naomhthola do choimhlíonadh. Agus má chuirmíd deighchríoch ar bith eile reomhainn, ná hiarrmaoíd ionnta acht toil Dé. Acht a ccás nách beith ifreann nó neamh ann, agus nách ttiubhradh Dia luaigheacht ar bith, agus go dtiubhradh piana síorraidhe dúinn gan chúis gan ádhbhar, ba chóir dúinn seirbhís do dhéanamh dó re neart croidhe agus intinne, do bhrígh gurab é Dia é agus go bhfuil go maith an féin, gan féachain ar ní ar bith eile; fós, ní ar son go mbeith gean ag Dia orainn, óir go m'fhéidir go mbeith ní éigeain dár ngrádh féin againn a bhfolach annso, acht do chionn go bhfuil grádh adhbhal againn ar Dhia agus meas rómhór ar a mhórdhacht agus a mhaith ann féin, agus gur fiú é gean agus grádh do bheith air ar a shon féin agus seirbhís do dhéanamh dó le peiriacail ár mbáis agus ár mbeatha. Uime sin, más cóir dúinn gach críoch dhlisdeanach uatha féin do sheachna dochum teacht gus an críoch as fearr ná éinchríoch eile, cionnas as cóir dúinn na drochchríocha agus na neith' nách bhfuil olc nó maith ionnta do sheachna? Gidheadh, ní bhfuil míonáire as mó ná, as na hoibrighthibh as mó do bhaineas re glóir agus le honóir Dé amháin, fabhar na ndaoine nó a meas féin do iarraidh asda mar do-níd fimínigh. Ris an gcéim céadna so do bheanas neamhchás do chur san uile ghníomh acht dochum glóire Dé, go speisialta isna neithibh nach bhfuil olc nó maith uatha féin ionnta acht do réir na críche dochum a ndéantar iad; óir, má tá claonadh chuige so tairis súd agus do leanfaoidh duine a chlaonadh féin, ní bhfuil an gníomh gan locht. Atá duine ar chlár nó ar bhórd 'na shuidhe, agus is mian leis gach éinní do dhéanamh ar son Dé, as cóir dó a bheith ullamh dochum bídh d'ithe nó gan a ithe, agus mar sin in gach gníomh eile, gan sochar nó sólás d'iarraidh asda acht onóir agus glóir Dé; agus muna raibh sin ionnta, ní fiú gníomh ar bith a dhéanamh, re sompla na naomh ar neamh, ag a mbí níosa mhó do shólás toil Dé d'fhaicsin dá coimhlíonadh iná a nglóir féin, dothug Dia rena dheaghthol féin dóibh. As an riaghail si as féideair do gach aon do thuigsin an bhfuil an deaghrún agus an deaghchroidhe so aige, nó má tá ar seachrán uatha. Riaghail eile as a ttuigfe gach aon an bhfuil an deighintinn si go fírinneach aige, mar adeir S.
Bearnard: “An feadh atá sólás agam ina ní ar bith acht a nDia amháin nó ar son Dé, ní lamhaim a rádh go bhfuil céile m'anma 'na chómhnaidhe a m'ucht iná a mo chroidhe re teas mo ghrádh' fair.” Is maith an sompla tug an bhean dhúinn, Apoc.12, do theith ar an bhfásach an uair dobhí an diabhal ag cur cathaidh glóir' díomhaoin' uirre, ag seachna an uile chréatúir; ionnas gur mar sin as cóir don anam ghlan dheighinntinneach do bheith, dá dtagamh dó a bheith a measg an uile shámhais agus shóláis an tsaoghail si, ar a shon sin a bheith an' aonrach, gan sólás ar bith do bhuain asda ar a ghrádh féin. An ceathramhadh céim. An uile ghníomh do dhéanamh ar mhódh nách beith easbuidh ar bith orra, gan cúram nó cás oile acht tol Dé do choimhlíonadh. Mealltar sinn go minic ór bhfonn féin do chuireas toirmeasg orainn gan na neithe d'fhaicsin go díreach, as a ttig dúinn gan toil Dé do choimhlíonadh go hiomlán, ag cur datha bréige ar ár dtoil féin. Dá bhrígh sin as riachtanasach dúinn féachain go díthcheallach ar gach ní dá ndéanmaoíd, agus riamhghlanadh dúthrachtach do dhéanamh ar ár rún agus ar ár n-inntinn, dochum go ttugmaoís fá dear go grinn glic cionnas as iomchubhaidh dúinn an uile ghníomh do dhéanamh do réir thola Dé; óir, gan an sgrúdadh so do dhéanamh, ní féidir an rún do bheith glan. Cionnas as féideair a rádh gurab ar ghrádh Dé, nó dochum a thola do choimhlíonadh, doníothar ní ar bith ag a bhfuil míothaitneamh ag Dia air nó ina bhfuil contabhairt go dtaitnigheann ris? An 23 Caib. CIONNAS HAITHEANTAR TOIL DÉ DOCHUM A COIMHLÍONADH GO HIOMLÁN AGUS DOCHUM AN UILE GHNÍOMH DO DHÉANAMH AR SON DÉ GO DÍREACH FÍRINNEACH. Ionnas nách rachmaoís ar seachrán annso, cuirfeam riaghalach' annso síos dár ttreorughadh, tug an tAthair naomhtha S. Ignaisius uadh, theagaisgios dúinn toil Dé, gach uair dá
bhfuil aithne fhollus orainn, do dhéanamh, nó do chuirid ár n-uachtaráin d'fhiachaibh orainn ní do dhéanamh, nó is feas dúinn ar mhodh ar bith eile gurab í toil Dé sinn do dhéanamh éinní. An chéad riaghail. Gan cás ar bith do bheith againn créid as mian re Dia do dhéanamh dúinn, agus gan fonn do bheith ina ní tar ní eile againn, acht gibé ar bith ní as mian re Dia do dhéanamh dúinn, a bheith réidh chuige gan claonadh ar bith do thaobh nó do thaobh eile; oir tairngidh an claonadh mí-órdaighthe an tuigsi 'na dhiaidh ar mhódh go gcuireann an bhréag a n-áit na fírinne uirre. Uime sin, bíodh an t-anam saor ón uile chlaonadh, amhail dobhiadh comhthrom, ag fuireach do ghnáth réna thuigsin créid as mian re Dia do dhéanamh dó, agus gan ní ar bith eile do bheith ar 'aire acht sin amháin. Ionnas go dtiocfamaoís dochum an chéime so, bíodh ós coinne ár súl do ghnáth an chríoch dochum ar cruthaigheadh sinn. Smuainmíd fós nách bhfuil san uile ní eile acht módh agus slighe dochum teacht dochum na críche so, agus gurab í an chríoch féin glóir Dé agus coimhlíonadh a naomhthola; agus nach bhfuil cúis nó ádhbhar as ar cóir grádh do bheith ar ní ar bith eile acht an méid go gcuidighid teacht dochum na críche si dochum ar cruthaigheadh iad. Is follus as so gurab cóir dúinn neamhchás do bheith againn san uile ní, agus gan gean nó grádh do bheith againn orra, acht an méid gurab congnamh iad teagheacht dochum ár gcríche déigheanaidh' agus dochum tola Dé do choimhlíonadh; agus muna bhfuil an congnamh sin ionnta, ní fiú grádh nó gean do bheith orra. Gibé duine a bhíos ar slighe ag tarraing go háit áirighthe, a gcomhrac dá shlighe, ní bhfuil ceisd aige cia díobh slighe as measa nó as fearr, docamhlach nó socamhlach, acht cia díobh dobhéaras é go díreach don áit ag a bhfuil ag triall; agus gabhaidh í sin do roghain a gcás go bhfuil garbh clochach docamhlach. Ar an modh gcéadna dúinne, ní cóir dúinn ní ar bith do thogha dúinn féin acht mar ní é a thairngeas dochum Dé agus do cheanglas sin re críoch dhéighneaidh, agus sin ar an modh as mian re Dia, gan 'atharrach sin do rún do bheith againn, más searbh nó milis, socamhlach nó docamhlach an ní theagmhus dúinn. Fós, amhail
a bhíos an mhuintir a bhíos ag imirt ar bhranna nó ar thachrán, ní ceisd leo cionnas do ghluaisid an fhuireann acht go mbéardís an cluiche; uime sin, an rígh, mar aon leis an gcoisígh agus gach aon fhear eile, mar mheasaid a bheith iomchubhaidh dóibh, gluaisid é. Mar an ccéadna dúinne, mar as mó éadáil atá dóchus againn d'fhagháil as gach gníomh dá ndéanmaoíd, eadhón, Dia féin, as cóir dúinn gan a bheith ceangailte do ní ar bith, nó ceisd nó cás do chur ann, acht amháin a thabhairt fá dear agus a smuaineadh an bhfuil iomchubhaidh dúinn dochum teacht chum na críche atá romhainn. Is cóir dúinn an chríoch so do bheith do ghnáth ós comhair ár súl agus an uile ní d'órdughadh chúige, agus gan críoch do dhéanamh do ní ar bith eile dárab cóir a bheith 'na mhódh agus 'na shlighe dochum teacht dochum na críche fíreinnigh'; mar do theagmhas go minic do dhaoinibh aimhghlice éigcéillidhe, réir mian seirbhís do dhéanamh do Dhia ris na neithe ar a bhfuil grádh aca orra ar a son féin agus ní ar son Dé, a ghlóire nó a onóra; ní ina bhfuil seachrán gráineamhail, gan onóir Dé d'iarraidh ar tús, amhail ba mhian leo Dia do chur a thola féin do réir a ttola agus gan iadsan do chur a dtola re Dia, an tan ba chóir dúinn ar tús a chur romhainn go daingean dúthrachtach tol Dé do dhéanamh, agus 'na dhiaigh sin an modh do thogha ar ar mhian le Dia sin dá dhéanamh; óir sin féin do thogha neithe ar bith ar á ngrádh féin gus dhiaigh sin seirbhís do dhéanamh do Dhia ris, ní bhfuil ann acht neamhórdughadh agus ní bunascionn nách féidir a dhéanamh re deighintinn nó le deaghthoil, agus nách ttaitnigheann re Dia ná le daoinibh. Uime sin, an tan as mian linn buidheachas duine do thuilleamhain, nó tíodhlacadh do thabhairt dó, féachmaíd ar tús an mbeith taitneamh nó fonn aige in ár seirbhís nó in ár ttíodhlacadh, agus ní d'éis a thabhairt uainn as iomchubhaidh dúinn a iarraidh ar a ghlacadh chuige go maith, agus gan fhios againn nách míghean agus gráin atá aige air, di bhrígh beith annsin acht a iarraidh air a thol féin do chur réir dtolne más olc nó maith í. Anois, an uair nách gabhann duine ó dhuine eile go maith a shamhail sin do sheirbhís, cionnas dobhéaram sásadh do Dhia rena samhail? Ná mealladh an duine é féin ag
smuaineadh go bhfuil deighintinn aige ar son gurab dochum onóra Dé dorinne an gníomh sa nó an gníomh sa eile, óir gurab féidir leis sin do dhéanamh agus gan taitneamh do bheith ag Dia air. Teagbhaidh go ndéan duine gníomh ag a mbeith taitneamh ag Dia ann, gidheadh, nách uime sin dorinne an gníomh acht do chionn go ttaitnigheann ris féin. Tar éis duine do theacht chuige sin go bhfuil neamhchás aige san uile ní, agus go bhfuil a thol saor glan ón uile fhonn talmhaidhe, féachadh go grinn re ciúnas spiorad' agus re síothcháin anma créid as mian re Dia do dhéanamh dúinn, agus sin ó rún croidhe, agus créid é an modh ar ar mian ris sin do dhéanamh. Agus arna dhéanamh sin, agus ar mbeith don anam saor ón uile chlaonadh agus ón uile fhonn saoghalta, dochídhfe go soiléir créid as cóir do dhéanamh, agus créid as mian re Dia do dhéanamh dó, dochum a naomhthola féin do choimhlíonadh. Congnamh maith dochum na neithe ar a bhfuilmíd ag tráchtadh, má mhothaigheann duine é féin claon dochum neithe tar ní eile, an ní nach fuil fonn aige ann do ghabháil do roghain, agus Dia do ghuidhe go dúthrachtach gan a léigean dó a thol féin do leanamhain; amhail donímíd re bata cam, ionnas go ndéanmaíd díreach é, fillmíd é don taobh eile re neart. Congnamh rómhaith eile beatha ár Slánaightheora Íosa Críost do chur 'na sompla romhainn; agus as í so toil Dé, sinn do leanamhain a luirg agus a bheith toilteanach ria, bocht, cráite, foighideach, tochtach, umhal, carthannach, agus a bheith tarbhach do gach aon eile. Ádhbhal fós an sochar a thabhairt fá dear in gach éinghníomh, a' ndéanamh Críost féin a shamhail sin do ghníomh, mar ní é dobheith a n-aghaidh onóra 'phearsana diadha, agus créid é an modh, an freachnamh, an grádh, agus an fhoirbhtheacht re' ndéanamh é, ionnas go ndéanmaoíd é ris an díthcheall céadna. Dochum luirg Críost do leanmhuin ó rún croidhe agus re glaine intinne, cuireadh duine roimhe ar tús, dá bhfaghbhadh tighearnas an domhain, gan ní ar bith do dhéanamh ar a mbeith míothaitneamh ag Dia, dáma éigean dó bás d'fhulang. Arís, an uile ní do dhéanamh dochum glóire Dé do
mhéadughadh. Fós, dá mbeith idir dá ní, agus gach gníomh díobh ionann ag dol a n-onóir do Dhia, gabhadh do roghain an ní as mó as cosmhuil le gníomharthaibh Críost, agus as mó atá do réir a shompla, agus as mó do chuireas sinn féin a gcosamhlacht leis, bíodh gurab é as saothraigh agus as docamhlaidh. Atá fós rótharbhach dúinn a thuigsin gurab é gach ní as mó sochair as mian re Dia, ní hé amháin ar an saoghal sa acht fós dochum na beathadh síorraidhe. Bíodh a fhios againn fós, an tan dogheibhmíd sólás ár gcuirp agus ár gcéadfadh, agus maill' ris sin tíodhlaicthe móra speisialta dár n-anam, as cóir dúinn a bheith dearbhtha gurab mó is mian le Dia duadh corpardha do bheith orainn nó sólás, do bhrígh, crádh an chuirp, go neartaigheann an spiorad agus go méadaigheann luaidheacht, mar do theagaisg go follus an Coimhdhe, ag Matha c. 16, acc rádh: “Gibé léar mian misi do leanmhuin, tréigeadh sé é féin agus tógbhadh a chroch agus leanadh mé.” Cuidiúghadh eile chuige so meas mór do bheith ar ghrásaibh Dé agus mímheas agus tarcuisne do bheith ar an uile shámhas agus shólás shaoghalta; óir, do réir an mheasa a bhíos againn ar na neithibh, a mbíonn fonn againn ionnta; agus tairrngidh an toil, do réir a fuinn féin, an tuigsi 'na diaidh, ionnas nách féidir di breitheamhnas díreach do thabhairt ar na neithibh atá aice rena dtogha, agus uime sin go dtéid ar seachrán. Féachmaoíd agus smuainmaoid againn féin, dá ndéanmaís comhairle re duine foghlumtha coinsiasach fán ní atá a gcontabhairt orainn do thaobh thola Dé, créad é an freagra do bhéaradh orainn, agus do réir na cómhairle do mheasmaoís é do thabhairt dúinn, déanmaoíd amhlaidh uain féin. Smuainmíd fós, dá mbeith Críost, maighistir na foirbhtheachta, ar an talamh sa, nó an uair dobhí ceangailte re tairrngidhibh san gcroich, agus fiafraighmíd de créid an ní is taitneamhach ris an Athair síorraidhe do dhéanamh dhúinn dochum a onóra féin; an chómhairle dobhéaradh dúinn an uair sin agus bu mhian linn a ghabháil uadha, mar atá leanmhuin a naomhbheatha féin agus cosamhlacht doilghis na croiche, déanmaoíd anois dá réir sin.
Dá ndéanamh duine eile comhairle linn féin, gibé freagra dobhéarmaoís air, óir a ccúis duine eile as fearr ár mbreitheamhnas, déanmaís féin dá réir. Créad bu mhian linn do dhéanamh a bhfiadhnaisi breitheamhnuis Dé agus a fhios again nách féidir an breathamh do mhealladh, agus go bhfaicionn go grinn gach rún dá dhiamhra dá bhfuil a n-ár gcroidhe agus go bhfoillseóchadh iad a bhfiadhnaisi an domhain? Smuainmaoid so do ghnáth: cionnas ba mhian linn a bheith san chrích dhéigheanaidh, an tan atá an bás againn san dorus agus as éigein dúinn slighe na síorraidhtheachta do ghabháil, ina mbiam a bpéin nó a nglóir gan chrích gan foircheann? Gabhmaís anois slighe na fírinne agus ná cuirmís an aithrighe ar cáirde, óir d'éis ar mbáis nách bhfuil breith uirre nó leigheas ar bith. Dobheirim comhairle fá dheoidh, agus as í as cóir a bheith roimhe an uile chomhairle agus roimhe an uile ní eile, re croidhe fíorumhal Dia do ghuidhe fána thol féin d'fhoillsiughadh dúinn, agus gan a léigean dúinn sinn féin do mhealladh, ní nach féidir ris an Athair fíorthrócaireach gan an athchuingnidh rómhaith sin d'éisdeacht, dothéid a n-ónóir mhóir dó féin agus atá rotharbhach dhúinne; agus mar sin an urnaighthe aithghearr úd Póil,Act., c.9, do bheith in ár gcroidhe agus in ár mbél do ghnáth, eadhón: “A Thighearna, créid as mian leat do dhéanamh dam?” nó mar adubhairt Críost ár gCoimhdhe, ag Luc.,c.22: “Ná déantar mo tholsi acht do tholsi, a Athair neamhdha.” Dá dteagmhadh dá ghníomh dúinn rena ndéanamh, agus gach gníomh díobh ag dol comhionann dochum glóire Dé agus dochum luirg ár Slánaightheora do leanmhuin, as féidir linn, gan ceisd ar bith, rogha díobh do thogha agus a rad do Dhia. Más gníomh é nách bhfuil olc nó maith ann uadha féin, acht a dhéanamh ar son Dé agus ar son a ghrádha, biaidh luach agus luaigheacht aige a bhfiadhnaisi Dé.
An 24 Caib. ATÁ FOIRBHTHEACHT OIRDHEIRC, NÍ HÉ AMHÁIN GACH ÉINNÍ DO DHÉANAMH AR SON DÉ, ACHT FÓS A NDÉANAMH AR AN MODH AR AR MIAN RE DIA A NDÉANAMH. Ní leor gach ní dá ndéanmaoíd do dhéanamh re deighintinn ar ghrádh Dé agus dochum a naomhthola do choimhlíonadh, acht fós as riachtanusach a ndéanamh ar an modh as mian re Dia, maille le foirbhtheacht mhóir. Agus gach ní dá ndubhramar roimhe so ar gach céim as cóir don deighintinn do bheith aige, a bheanas le substaint gach gníomh, is cóir a choimhéad ansa mhódh ar a ndéantar iad, ionnas go ndéantaoí go foirbhthe iad; óir an oibliogáid atá orainn gach éinní do dhéanamh ar son Dé, cuiridh mar an gcéadna d'fhiachaibh orainn a ndéanamh ar an modh a ttaiteónadís re Dia. Di bhrígh, mar is créatúirí agus oibrighthe Dé sinn, atá ceart ag Dia orainn agus ar gach ní dá bhfuil ar ár gcumas - ar an modh ar a bhfuil ceart an tí do chuir an crann a thoradh d'fhagháil - as dearbh, gach toradh agus gach rath dá dtig orainn, gurab cóir dúinn a thabhairt do Dhia. Gidheadh, ní bhfuil ag iarraidh toraidh eile orainn acht gach gníomh do dhéanamh mar as mian leis féin, gus mar ndéanam mar sin iad, ní bhfuil ionnainn acht crann gan toradh ag nách bhfuil meas ag Dia orainn. Fós, searbhóntaigh agus sglábhaighthe do Dhia sinn, agus as é Dia ár mághistir agus ár dTighearna. Uime sin, mar as cóir don tsearbheóntaidh an uile ghníomh do dhéanamh do réir intinne a thighearna, agus ar an módh reir mian leis é dá dhéanamh, comh friochnamhach as féidir leis, ar an modh céadna is iomchubhaidh dúinne an uile ghníomh do dhéanamh a bhfiaghnaisi Dé, ionnas go bhfagh gean orra. Cia hé an tighearna ag a mbeith foidhid ris an tsearbhóntaidh do dhéanamh an uile ní go holc, do mhillfeadh gach ní dá nglacadh, do léigfeadh dóibh tuiteam as a lámhaibh, do bhrisfeadh iad, agus gach ní dá dtaobhthadh a mháighistir ris, do chuirfeadh a seachad iad? Ní bhfuil againne ní as uaisle agus as mo meas nó ár n-oibrighthe, óir ní bhfuil meas ar dhuine ar bith acht do réir a ghníomhartha. Agus mar
nách leor brot síoda do bheith fighte re hórshnáithe dochum measa do bheith air, muna raibhi glan sgiamhach dealraidheach, ionnas, muna raibhi mar sin acht lán do cháidhe agus di shalchar, ní féidir purpair ríoghdha do dhéanamh de, acht dobhéradh masla don rígh gibé do chuirfeadh a shamhail sin d'éadach air; mar an ccéadna, ní lór an gníomh do bheith maith ann féin dochum measa do bheith air ag Dia, acht as riachtanasach gan locht ar bith do bheith ann agus gan a scéimh féin a bheith d'fheasbaidh air. Och, a Dhia, an tan nach bhfuilgeamaoid sal dá laghad nó briseadh nó braon ola nó sgaoileadh ar éadach ár ccuirp, créd má bhfuilngemíd éadach agus ornament ár n-anma, mar atá ar ngníomhartha, do bheith cáidheach nó salach? Agus mar nách bíonn gean againn féin ar éadach truaillighthe tarcaisneach, créid fá ttigmíd a bhfiadhnuisi Dé re gníomharthaibh nách fiú iad a bhfaicsin? Ar an ádhbhar sin, ní leor go mbeith taithneamh ag Dia san ngníomh agus gurab ar son Dé fós dorinne é, acht as éigein a dhéanamh ar an modh a thaitnigheas re Dia, agus go mbiadh comh glan agus comh iomchubhaidh agus sin gurab fiú é teacht mar bhronntanas a bhfiadhnuisi 'chomhmór sin di Thighearna ar son na bhfiacha atá aige orainn. Uime sin, dá uaisle agus dá fheabhas dá mbí an gníomh an féin, as móide as córa a dhéanamh ar son Dé go fírinneach; agus tuillidh pian agus ceartughadh, an tí doní a shamhail sin do ghníomh go mainneachtach. An tan dochíodh S. Ignaisius duine ar bith ag déanamh seirbhíse Dé go mainneachtach, do bheireadh spreagadh géar dó, ag rádh: “Más é Dia as críoch duit, as trom an cháin a chuirfeas ort. Seirbhís mhainneachtach do dhéanamh do' tsaoghal agus a bheith fallsa annsna neithibh díomhaoineach, ní mór an chair é; acht an ní a bhaineas re Dia amháin do dhéanamh go leisgeamhail fallsa, ní féidir a fhulang.” Dochum ár n-oibrighthe do dhéanamh go foirbhthe, do bhéara cuidiughadh mór dúinn na comhairleacha so síos do choimhéad.
An chéad uair. Fiafraigheadh duine de féin cionnas as mian re Dia an gníomh sin do dhéanamh dó. Éisdigh Críost, ag Math.c.5, ag rádh: “Bíthidh foirbhthe mar atá mar nAthair neamhdha foirbhthe.” An dara comhairle. A smuaineadh cionnas dodhéanamh Críost féin an gníomh sin, óir gurab air as cóir dúinn féachain cionnas do leanmaís a lorg, agus gurab é as sompla iomlán, riaghail chinnte, agus árddhligheadh na foirbhtheachta, dochum go ndéanmaois ár n-uile ghníomh ris an bhfriochnughadh, ris an ngrádh, agus ris an díthchioll céadna. An treas chomhairle. A smuaineadh go bhfuil Dia agus na haingil 'na bhfiaghnaisi agus 'na mbreatheamhain ar an modh a ndéanmaoíd gach éinghníomh; agus mar sin gach aon ghníomh do dhéanamh comh dúthrachtach, comh ceart agus comh díthcheallach sin amhail agus dochídhfeadhmaois ós ár gcomhair iad. An ceathramhadh comhairle. A smuaineadh cionnas bu mhaith linn sin do dhéanamh gach gníomha dá ndearnamar, an tan do shuidhfeas Críost ina chathaoir bhreitheamhnais agus bhainfeas cúntas dínn gus an bonn déigheanach, agus taisbéantar ár ngníomhartha agus cuirfidhear a dtómhas iad. Féachaidh anois cia hé an céard ar a mbeith cúram obair do dhéanamh, agus a fhios aige go dtiubhradh céard rofhoghlama eile breitheamhnas ar an obair, nách déanamh an uile dhíthchioll an obair do dhéanamh go ródheas gan locht ar bith. An cúigeadh comhairle. A smuaineadh cionnas bu mhian linn an gníomh sin do dhéanamh a n-aimsir ár mbáis; agus má bhíonn doilgheas orainn an uair nách ba féideair linn ár ngníomhartha do cheartughadh nó do leasughadh, créad nách déanmaoíd é an uair atá ar ár gcumas ár n-oibrighthe do dhéanamh go foirbhthe ceart, mar as iomchubhaidh? An seiseadh comhairle. A smuaineadh, dáma é sin do ghníomh déigheanach, créid é an díthchioll, an dúthracht, agus an freachnamh réir mhian riot a dhéanamh; ar an modh ccéadna is cóir dhuit anois do dhéanamh. An seachtmhadh comhairle. Tabhair fá dear méad an tsochair atá san ngníomh do dhéanamh ar an modh so nó air an modh eile; óir réna dhéanamh go maith agus mar as
iomchubhaidh, doghéabha tú níosa mhó do ghlóir a bhflaitheamhnas ris, nó seachóna tú piana troma purgadóra, le beagán saothair anois. An t-ochtmhadh comhairle. Meas gurab oirdheirc onórach taitneamh le Dia, agus gurab mór an neamhórdughadh ar son saothair éattroim, nó míofhoighide gan tábhacht, míothaitneamh re Dia sa ngníomh reir mian rin taitneamh ris. Créad é an meas dobhí cian ó shoin thaitneamh re súilibh an rígh Asuerus? Óigbhean dheas dá tabhairt chuige, toghtha as na míltibh, agus do bhíodh bliadhain iomlán dá deasadh agus dá gléas, ionnas go bhfaghadh gean uirre, mar is follus, Esther,c.2. Uime sin, créad nách déanmaoíd ár n-uile ghníomh re cúram mór agus re díthcheall dochum a mbeith gan smál gan locht i bhfiadhnaisi Dé? An naomhadh comhairle. An uile ní do dhéanamh re haire agus re hintinn, amhail agus nach beith ní ar bith eile againn rena dhéanamh ó sin amach; óir ní hiomchubhaidh dúinn ní ar bith do dhéanamh go neamhaireach, di bhrígh gurab mó luaigheacht éinghníomh amháin doníothar go haireach nó míle doníothar go maineachtach. An deachmhadh comhairle. Gan do chúram do bheith ar dhuine acht fán lá atá do láthair aige; agus cia hé an duine le nár mhian aon lá amháin do chaitheamh go maith? Ní bhfuil an lá 'márach cinnte againn; uime sin, ní cóir dúinn an lá andiú do chur i gcontabhairt. Agus ní cóir dúinn fad ár saoghail do smuaineadh, óir ní bhfuil againn de acht an méid atá do láthair; agus ní bhfuil a ccuideachta a chéile againn acht móimeint d'éis móimeinte, ionnas goma usaide dúinn a chaitheamh go maith; amhail dobheith cual mhór nách féidir linn a hiomchar an feadh a bhias ceangailte, gidheadh, má sgaoiltear í as féideair linn le beagán agus beagán a hiomchar. Deirim, fá dheoidh, gibé duine do choimhéadfus an deaghrún agus an deighintinn so, nách é amháin go bhfuighbhe luaidheacht mhór as na hoibrighthibh atá go maith ionnta féin, agus as na hoibrighthibh nách bhfuil olc nó maith uatha féin ionnta, acht fós, muna féideair an gníomh do dhéanamh, di bhrígh go
ngabhann Dia an toil mhaith an tan nach bí an gníomh ar air gcumas. Ar an ádhbhar sin, ní cóir dúinn mainneachtnaidh do dhéanamh go bráth den mhodh agus den instrument so léir féidir linn luaidheacht do thuilleamhain da ghnáth a bhfiaghnaise Dé; agus rún do bheith againn gach oibrighthe subháilceacha dá gcualamar ariamh do chur i ngníomh, dá mb'éideair linn é, agus gach páis agus pian dar fhulaing mairtíri an domhain d'fhulang, dá mbeith cionfátha againn. Agus as féidir an fonn so do bheith comh daingean, díleas, fírinneach agus sin go mbiaidh luaigheacht aige comh maith agus do déantaí an gníomh féin. Tairis so, déanmaís díthchioll na hoibrighthe míotharbhach do sheachna agus oibrighthe tarbhach do dhéanamh, do bhrígh nách bhfuil feidhm ar ní ar bith nach ttugthar dochum a chríche féin, agus ní mó iná sin an feidhm atá ar na neithibh díomhaoin, agus is measa fós iná sin gníomh maith ar bith do dhéanamh acht dochum na críche ar ar hórdaigheadh é, mar atá glóir agus onóir Dé. Agus as uime sin tángamar ar an saoghal, ionnas go ndéanmaís ár n-uile ghníomh dochum glóire agus onóra Dé. Dá bhrígh sin, ná léigmíd tharainn an onóir sin do thabhairt dár tTighearna, ná an sochar tig dúinn as. An 25 Caib. AN MODH AR AIR CÓIR DO DHUINE É FÉIN DO CHUR RE TOIL DÉ IN GACH NÍ DÁ NDÉANANN. Ionnas go mbeith ár ttoil ceangailte re toil Dé, ní lór dúinn gach ní as mian re Dia do dhéanamh, acht as éigein dúinn a fhulang go foidhideach gach ní as mian ris do theagmháil dúinn, do bhrígh go bhfuil an uile cheart aige gach ní as mian ris do dhéanamh; óir, ar son an áirdthighearnais atá aige ar a chréatúiríbh féin, as féideair leis a chomhairle féin do dhéanamh leo dámadh toil leis a gcur ar neimhní, agus ní féideair le neach ar bith a rádh nách ceart do dhéanamh sin. Más ceadaigheach do dhuine gach ní as leis féin do chaitheadh mar is mian leis, créad fá nách beith na cumhachta
céanna ag Dia, nó uirid priviléide le gach neach eile? Nó créad é an fáth gearáin atá agaionn ar Dhia, má doní linn mar as toil leis féin, ní hé amháin mar as mian linn? Nó cia reir féideair toirmeasg do chur ar Dhia a chomhairle féin do dhéanamh rena chréatúiribh, an tan as ceadaightheach do dhuine cóta do dhéanamh dá chlóca? Nó créad fá mbeith comhachta Dé níosa lugha nó comhachta na ndaoine ar an ní do bhaineas ris féin? Uime sin, más í tol Dé galar, bochtaine, nó buairt ar bith do léigean orainn, déanadh sé a thol féin, agus ná déanmaoíd gearán air; acht measmaoíd gurab tíodhlaicthe móra tug dúinn chionn aire do thabhair dúinn nó smuaineadh orainn, dá mhéad crádh dá dtiubhradh dúinn, tré mhéad na tarbha tig dúinn as. Gibé duine dá uaisle do theaghlach ríoghdha ar bith, dá dtiubhradh an rí do mheas air a bheith dá iomchar féin, dá mhéad duadh nó saothar dá bhfaghann, níor chás ris é acht grása an rígh do bheith aige, do bhrígh go measann gurab fiú é an uile sheirbhís do dhéanamh dó. As lór an réasún so dochum sinn féin do chur re tol Dé in gach éinní, óir as éagcóir fhollus in aghaidh Dé, gomadh mhian le duine gan cead do bheith ag Dia a chomhairle féin do dhéanamh re gach ní dar chruthaigh. Onóir fós dúinne, dá léigeadh a ghrádh agus a thrócaire dó é, dá ndéanamh spóllaidh dínn di chionn féachain orainn. Má fhéachmaoíd go grinn ar so, doghéabham nách é amháin gurab cóir dúinn a bheith réidh síothchánta le toil Dé, gib' ar bith ní as mian ris do dhéanamh rinn, dá sheirbhe agus dá dhocamhla dá mbeith, acht fós buidheachas do thabhairt dó, lúthgháire agus iolgháirdeas do bheith orainn. Gibé ar bith cor is mian ris an mhórdhacht dhiadha fhírghlic, atá lán dár ngrádh, do chur dhínn ar an tsaoghal so, téid i sochar dúinn, agus as leor sin do réasún gach uair dá gcéasfadh sinn. Is ní dorcha dothuigsidh a ádhbhar so, di bhrígh go bhfuil Dia maith, soghrádhach, carthannach, tíodhlaictheach uadh féin, agus go bhfuil níos claoine dochum ár maitheasa agus dochum ár sóláis ná atá an tinidh dochum lasaidh nó cloch dochum tuiteam ar íochtar uisge. Uime sin, mar atá Dia óna nádúir féin grádhach carthannach, ní chuireann céasadh ar an duine dochum uilc do dhéanamh dó acht dochum tíodhlaicthe
oirdheirc do thabhairt dó, mar atá slighe agus modh ró-iomchubhaidh dochum na sláinte síorraidhe, eadhón, crádh d'fhulang ar an tsaoghal so, ionnas nách féideair leis ar mhódh eile an fonn atá ar maith do dhéanamh dúinn níos fearr d'fhoillsiughadh. Agus ar son go bhfuil a n-aghaidh a nádúire, do réir meas na ndaoine, duadh agus anró do chur ortha, agus é róchlaon dochum maitheasa, ní dhéanann é acht re hiomarcaidh grádha orra; amhail agus dá mbeith duine rómhuintearrdha againn, agus a ghráin aige ar ghníomh éigein do dhéanamh dorachadh a sochar mhór dúinn, do dhéanamh coimhéigniughadh air féin, ag déanamh an ghníomha dochum sochair do theacht dúinn as. Is dearbh gurab mó an buidheachas bu chóir do bheith againn ar fán ngníomh sin ná dá ndéanamh gníomh eile dochum a mbeith a thoil féin claon chuige. Ar an módh ccéadna as cóir dúinne do bheith re Dia, ag admháil go fírinneach gurab mó an buidheachas as cóir dúinn do bheith againn ar, an tan do léigeas bruid nó anró orainn, di bhrígh gurab é ár maith agus ár sochar atá d'iarraidh. Ní cóir dúinn a mheas go bhfuil ní ar bith as tarbhaighe dúinn ná an ní dobheir ár gcaraid ionmhuin dúinn dochum ár sochair féin, mar doní máthair lena leanbh tinn, ag buain an ghreama blasda as a bheol agus dobheir purgóid searbh dó. Ris an réasún chéadna as cóir dúine a chreidmhuin nách bhfuil ní as mó sochar dúinn nó an galar agus an bhuaidhairt a léigeas Dia orainn. Dá chinnte dá bhfuilmíd do mhórthrócaire Dé, dá ghrádh éagmhais orainn, agus den fhonn atá air maith do dhéanamh dúinn, as móide do thuigmíd go soiléir gurab dochum ár sochair a bhaineas an sólás saoghalta dínn; agus muna ndéanadh sin, doba fhéidir linn gearán do dhéanamh air nách beith truaidhe nó trócaire aige dúinn mar ba cubhaidh. Cia déaradh gurab liaigh trócaireach do léigfeadh don othar, d'eagla duadh ar bith do chur air, gach biadh agus deoch bu mhian leis do chaitheadh accas go dtiocfeadh as a bhás? Nó créid é an ghné trócaire nó daonacht atá léigean don easlán bás d'fhagháil do leisge an deoch amháin searbh do thabhairt dó, d'eagla nách bhfuighbheadh blas maith ar an digh? Uime sin, cionnas as féidir linn a iarraidh ar Dhia ní do dhéanamh ar a mbeith gráin againn dá ndéanadh
duine é? Dá bhrígh sin, mar doní an t-othar ris an liaigh, dobheir deocha searbha dó agus nách léigeann chuig na neithe ag a mbí fonn aige féin ionnta, ní hé amháin nách déan fearg nó saobhnós fris acht fós go ttugann luach leighis agus tíodhlacthe dó; mar an gcéadna as cóir dúinne do dhéanamh re Dia, an tan do léigeas bruid nó anró ar bith orainn, ní hé amháin a bheith rena thoil acht fós buidheachas mór do thabhairt dó fá chúram do bheith aige ár ttimchioll. Má bheir an tí ar a mbí cancar ní hé amháin buidheachas don bhearrbóir a ghearras ball dá bhallaibh de, acht tairis sin luach saothair, créad nách dtugmaoíd buidheachas as mó ná sin do Dhia, ó shaoras sinn ar mhodh as sáimhe ná sin ar olcaibh troma as peiriaclaighe ná tinneas corparrdha an domhain? Méadaigh ár sólásmhasmaoíd nách é amháin gurab é Dia ár liaigh fírinneach, acht fós gurab é ár nAthair fíorghrádhach é, agus lúthgháire agus iolgháirdeas do bheith orainn, tré mhéad a ghrádha, gach uair do smachtaigheas sin agus do cheartaigheas ár ndoibhéasa mar chlainn dhíleas dó féin. As mó an comhartha grádh' go minic an chlann do cheartughadh nó tabharthas nó tíodhlacadh do thabhairt dóibh; óir dobheir duine iad so do achtrannachaibh agus ní cheartaigheann acht an chlann. Dá bhrígh sin, as cómhartha cinnte dúinn gurab do thigh agus do mhuintir Dé sinn gach uair do cheartaigheas sinn, agus gurab cóir dúinn buidheachas do thabhairt dó. An feadh a bhíos an chlann óg, bí doilgheas orra agus bí ag gul rena gceartughadh; gidheadh, ar dteacht dochum aoisi agus críonachta dóibh, tuigid gurab tabharthus dofuaradar; agus má bhíd na haithreacha maineachtach san gcloinn do smachtughadh, ag léigeann a dtola féin leo, fa dheoigh bíd ag gearán orra. Aithristhear ar mhac dobhí ag dol dá chrochadh, ar tteacht dochum na croiche dó, gur ghoir ar 'athair agus, a n-áit póige do thabhairt dó, gur bhain an trón rena fhiaclaibh de, ag rádh: “As í do mhainneachtnaighsi tug misi anso agus as cionfátha ris an sgannail agus ris an míochlú so d'fhagháil dam, do bhrígh gur léig tú srian mo thola féin liom agus nár cheartaidh tú mé ina ní ar bith.” Créad doní an duine re nár mhian Dia do chur sgiúrsa nó ceartughadh air? Ní a chrochadh amháin atá sé d'iarraidh
acht a losgadh go síorraidhe a n-iofreann. Créad as mian leis d'fhagháil ó Dhia fá dheoigh? An é as mian linn cúis ghearáin do bheith againn air nach ttug aire dúinn agus náchar smachtaigh sinn, dá mhéad do thuilleamar é? As mór an blasphemia a chur mar éagcóir ar Dhia an gníomh do mheasmaoís a bheith go maith a nduine, dá ndéanadh ar a mhac féin é. Uime sin, is ionmholta dúinn Dia, an tan doní linn an ní as a dtiubhramaoís ár mallacht dár n-aithreacha saoghalta, muna ndéandís rinn é; agus is cóir dúinn míle buidheachas do thabhairt dó an uair a chuireas céasadh nó anró orainn, do chionn cuimhne do bheith aige orainn, agus a bheith ag déanamh sochair dúinn, agus ag tabhairt dóchais chinnte ár sláinte dúinn mar liaigh ró-eolach agus mar Athair róghrádhach. As cóir dúinn fós buidheachas mór do thabhairt do Dhia, agus lúthgháir do bheith orainn, gur thógaibh a lámh ós ár gcionn, ag déanamh dúinn an ní bú chóir dúinn féin do dhéanamh. Is dearbhtha gomadh cóir dúinn lórghníomh do dhéanamh isna peacaídhibh dorineamar, a bheith ar ár ccoimhéad ar na peacaídhibh atá do láthair, agus na peacaídhibh atá chugainn do sheachna; gidheadh, dobheir Dia cionfátha dúinn chuige so, an tan do léigeas anró nó sgiúrsa ar bith orainn, do bhrígh go dtugann Dia luaigheacht mhór dúinn ar son ár bhfoighide. Uime sin, as cóir dúinn míle agus míle buidheachas do thabhairt do Dhia do chionn sciúrsa do chur orainn ar son ár bpeacaidhe, agus nách gcuirfeamaois féin orainn dár ndeoin ar son gomadh cóir dúinn a dhéanamh. Acht mar atámaoíd féin comh éigcríonna agus comh eaglach agus sin nách léigeann an faitchios dúinn ár gcuirp féin do chrádh, nó ár bhfonn nó ár dtoil do smachtughadh, is mór an tíodhlacadh dúinn ó Dhia é féin 'dhéanamh sin. Gibé dochífeadh athair nimhe a bhfagus dó ar tí greim do bhuain as, agus gan a mheisnigh ann é féin do chomhdach air; dá ttigeadh duine eile agus an nathair nimhe do mharbhadh, as follus go dtiubhradh buidheachas mór dó. An céanna doní Dia linne an tan do léigeas duadh nó anró orainn, ag smachtughadh na colla agus aig díbirt ár n-ainmhian uainn, atá mar phéisd nimhe ag tolladh ár n-ochta agus ár gcroidhe. Dá mbeith gan sochar ar bith eile do bheith a n-anró an tsaoighail so acht go bhfuil contrárdha dár ttoil féin, ba leor é; gidheadh,
is iomdha sochar eile ann, mar atá gach sochar dá ndubhramar thuas do theacht dúinn as ár dtoil féin do thréigean agus céasadh d'fhulang go foighideach ar an tsaoghal so. Uime sin do thogh Críost, eadhón, an eagna shíorraidhe, dárbh fhios an mhaith do ghabháil do roghain agus an t-olc do sheachna, Isai.c.7, agus do thogh beatha lán do dhuadh agus do shaothar dó féin, dá absdalaibh, agus dá cháirdibh ionmhuine. Marab leor a ndubhramar go so dochum a chur a ccéill dúinn gurab cóir dúinn gach buaidheairt agus gach trioblóid dá léigionn lámh charthannach Dé orainn, ní hé amháin d'iomchar go foighideach acht fós go lúthgháireach toilteanach, cuirfeam annso síos réasúin éifeachtach ar nach féideair freagra do thabhairt. Atá Dia gan foirchionn maith, agus as annsa leis sinn míle uair ná linn féin, agus as mó an fonn atá air maith do dhéanamh dhúinn ná atá orainn féin. Atá fós gan foirchionn eaccnaidhe, agus as fearr atá fhios aige créid as iomchubhaidh dúinn nó atá againn fein, ionnas nach féideair dó a dhol ar seachrán annso nó a mhealladh. Atá an uile chumhachta gan easbuidh ar bith aige, ionnas go mb'fhéideair leis ár saoradh ón uile bhruid. Dá bhrígh sin, an tan nách bhfuil cumhachta d'fheasbuidh air, agus tré mhéad a ghrádha orainn go bhfuil rochlaon dochum ár maitheasa, agus gurab fios dó gach ní as iomchubhaidh dúinn, agus ar a shon sin uile go léigeann pian agus bruid, duadh agus saothar do theacht orainn, is argument fhollus dúinn go bhfuil ár sláinte agus ár mbeatha shíorraidhe ar iad sin d'fhulang. Ar an ádhbhar sin, muna ndéana duine blasfemía a n-aghaidh Dé, ag rádh go bhfuil olc, nó nách feas dó créad doníothar ar an tsaoghal so, nó nách bhfuil an uilechomhachta aige; ní féidir dó gearán do dhéanamh fá ní ar bith dá dtagmhann dó. Agus a ccás go gcuirfeadh ár gcéadfaidh féin toirmeasc orainn nách dtiubhramaoís fá dear na sochair atá a dtrioblóid an tsaoghail si, as cóir dúinn sinn féin do chur re riaghlachaibh réasúin agus creidimh. Féachmaoíd cia dárab córa géilleadh, dár gclaonaibh agus dár bhfonn féin, do mheall sin go minic, nó do Dhia agus gurab é féin an fhírinne? Agus má deirid ár gcéadfaidh linn gurab olc atá Dia linn, cia dhá ccreidfiom é?
Acht a ccás gurab olc trioblóidigh an tsaoghail, agus nách bhfuil sochar mhóra ionnta, agus nách leasmaoíd sin féin leo; an féidir ní ar bith do smuaineadh nó do chur a ccomórtus ris an gceangal cumainn atá ag Dia ris an duine bhíos fá thríoblóid, mar adeir féin, Psal.90: “Atáim féin leis san trioblóid?” Uime sin, gibé do theithfeas ón trioblóid, teithfidh ó chumann Dé; agus gibé thréigfios í, tréigfe Dia. Dá mbeadh cloch ró-uasal anna ccóifrín gharbh gan cheartughadh, ní theilgfeadh an duine uadh é a ngeall ar an ccloich, agus dá tteilgeadh agus fhios aige an chloch do bheith ann, ní ar an ccóiffrín amháin bhéaradh tarcaisne acht ar an ccloich. Dá bhrígh sin, más ansa trioblóid do geibhthear Dia, as cóir dúinn meas mór do bheith againn uirthe, agus an tan dobheirmíd mímheas uirre go dtugmaoíd mímheas ar Dhia féin. Ag so an t-ádhbhar as a n-éisteann Dia úrnaighthe na ndaoine bhíos a mbruid agus go mbíonn a nguidhe ró-éifeachtach, do bhrígh go fuil láimh leo; agus ní bhíonn trócaire Dé níos daonachtaigh dúinn uair ar bith ná an tan bhímíd a mbruid agus i riachtanas. Tugamaoíd áit don fhírinne agus admhaighmaoid ó chroidhe, an bhochta agus an riachtanas agus an bhruid, do mheasmaíd a bheith díoghbhálach dúinn, go bhfuil maith mhór ionnta, agus gurab uime sin a léigeas Dia a tteacht orainn, agus gurab do shompla dúinn do fhulaing Mac Dé bás ar ár son. Gabhmaoíd iad mar thíodhlaicthe móra ó Dhia agus mar chomhartha chinnte ár sláinte síorraidhe. Measaidh S. Ioanes Crisostomus, hom.5, de patientia Iob, gurab mó an luaigheacht do thuill Íob leis an bhfoighid dobhí aige in gach boichte agus in gach truaighe dá dtarla dó, ag cur a thola re toil Dé, ná ar son gach móirdhéirce dá ndearnaidh ariamh go minic. Adeir fós Gerson, Centelogio, de Impulsibus, decade 5, gurab mó thuill Íob rena thoil féin do chur re toil Dé san mbruid dobhí air ná dá dtugadh a mhaoin shaoghalta go hiomlán do bhochtaibh ar ghrádh Dé. Muna ttuigmíd fós iad so go maith, tugmaoís ní éigin creidimh dár nAthair agus dár gcaraid ionmhain, ionnas nach dtabhramaís tarcaisne ar a thiodhlacaibh dúinn. Dobhí an uirid
sin do dhóchas agus do chreideamh ag Alasdrann uaibhreach dá liaigh féin, ar son go ndubhradh ris gurab nimh do ullmhaigh dó, do ibh an deoch gan cheasnughadh, Curtius, lib.3, c.103; Valerius Max., lib.3, c.8. As mó ná sin as córa dúinne creideamh do Dhia, do bhrígh gurab annsa leis sin nó linn féin, agus dobhíos dá leigheas mar Athair fhíorghrádhach ar so go mbíonn an liaigh go minic contrárdha dár gcéadfaidhibh féin; gidheadh, ní theagmhann éinní dúinn contrárdha nách feas dósan é, agus nách ionntaigheann go heagnaidhe trócairidh dochum ár sochair. Má fhéachann Dia ar énlaithe an aieir, agus nách dtuiteann éan díobh go talamh gan fhios dó, agus má tá gruag ár gcinn áirimhthe aige, mar adeir Críost, ag Matha c.10, cionnas nách biaidh cúram aige ar gach bruid agus ar gach anró dá léigionn ar a chloinn dhílis do thogh sé dó féin; nó cionnas bhias dearmad aige orrtha, nó cionnas do léigfeadh anró ar bith orra, muna mbeith sochar mór dóibh ann? As mór atá uainn ar an bhfírinne so do chur go daingean in ár gcroidhe, agus as í so an fhundament gan chumhsgrudh dochum sin féin do bheith réigh róthoiltionach ris an uile ní, gibé ar bith mar theagmhas; agus dochum a thuigsin go maith gurab ó láimh Dé agus ó a riamhordughadh tig gach éinní, agus gurab ar mhaith linn fhuilngeas Dia gach olc agus gach éagcóir, gach masla agus gach díoghbháil doníd daoine eile dúinn, re nách féideair ní ar bith do dhéanamh gan congnamh nádúrtha do bheith aca ó Dhia. An tan ghluaisios duine a theanga dochum masla do thabhairt dúinn, comhghluaisidh Dia í; an tan do thógbhus duine a lámh dochum ár mbuailte, is é Dia dobheir neart dó; ionnas nách bhfuil ní ar bith acht an peacadh amháin nách dtugann congnamh chuige. Ar a shon sin fuilngidh Dia an peacadh amháin agus bainidh sochar dúinne as fá dheoidh. Ar an modh so, ag bagar ar Dáuídh rígh fána adhaltranus dorinne, adubhairt, 2 Reg.,c.12: “Tóigeóbhaidh mé díoghaltas ort as do thigh féin, agus tóigeóbhaidh mé do mhná as comhair do shúl agus dobhéara mé iad don tí as gaire. Do pheacaigh tusa go folaightheach, gidheadh, coimhlíonfaidh misi mo bhriathra féin i bhfiaghnaisi chlainne Israel uile agus i bhfiaghnaisi na gréine.” Agus as uime do léigeas Dia do dhuine olc ar bith do dhéanamh, do bhrígh go bhfaicean maith fá dheoigh dó ag teacht as.
Bímíd do ghnáth ag iarraidh ár dtarbha agus ár sochair féin in gach éinní; gidheadh, searbhóntaidhthe dísle Dé, ag a mbí grádh fírinneach air, ní iarraid a sochar féin ina ní ar bith, acht is leor leo, dochum a sóláis do bhuain as an uile ní, gurab í toil Dé a theacht mar sin dóibh; ionnas gomadh cóir dúinne ár bhfuil agus ár mbeatha do thabhairt ar son a thola do choimhlíonadh. Créad é a laghad, nó créad é as fiú é, go bhfuilngeann duine ní gan éifeacht ina mbí taitneamh ag Dia ann? Ní hiongnamh sinn do chur ár dtola le toil Dé an tan do ní gach ní mar as mian linn, agus go bhfaicmíd go follus ár sochar ionnta. Gidheadh, ní leor sin, muna ccuiream sin féin re toil Dé an tan a theagmhas na neithe contrárdha dár gclaonadh agus dár mian féin, mar doní an neoinín a chasus é féin ris an ngréin más soillseach nó dorcha an lá. Agus as lór dúinn san uile ní má tá taitneamh ag Dia air; ionnas gurab fíor adubhairt Ioannes Crisost., l. 2, de Compunctione cordis: “Más fiú tú ní ar bith do dhéanamh ag a mbí taitneamh ag Dia air agus gurab mian leat luaigheacht ar bith eile d'fhagháil ar a shon, acht amháin taitneamh le Dia, as dearbh nách ttuigeann tú méad na maitheasa atá a dtaitneamh re Dia; agus dá dtuigthea, ní iarrfá luaigheacht nó luach ar bith acht sin féin amháin.” An 26 Caibidil. CIA HIAD NA NEITHE IN AIR CÓIR DÚINN ÁR DTOIL FÉIN DO CHUR RE TOIL DÉ? Féachmaois anois na neithe in arbh iomchubhaidh dúinn ár dtoil féin do chur le toil Dé, ar son gurab fíor gur cóir dúinn sin do dhéanamh in gach ní dá dtagmhann dúinn nó fhulngeas Dia do thacht orainn, dá mhéad duadh dá ccuireann orainn. An chéad ní. Is cóir dúinn buidheachas do thabhairt do Dhia ar son gach neithe dá bhfuil a d'fheasbuidh orainn agus ar son gach riachtanais dá mbíonn oruinn ar an saoghal sa, ann gach uirísle, ann gach fiaghnuisi bhréige agus in gach masla agus in gach éccóir, in gach díoghbháil agus in gach
bochtaine dá dtig orainn féin nó ar ár gcáirdibh; de chionn nach raibhi do mheisnigh ionnann lorg Chríost do leanmhain a mbochtaine agus a ttarcaisne an tsaoghail so, gur choimhlíon Dia ar ár son é, agus gur chuir a cosamhlacht rena Mhac féin sin, agus gur tharraing sinn rena láimh chomhachtaigh ó shaidhbhrios pheiriacalach an tsaoghail si. An dara ní in ar cóir dúinn sin féin do chur re toil Dé, eadhón, tinneas agus doilgheas corparrdha; agus buidheachas mar an ccéanna do thabhairt do Dhia, do bhrígh gur chuir pian orainn ar son ár bpeacaidhe ar an saoghal sa nách ccuirfemaois féin orainn, ionnas nách beith mórán rena dhíol a bpurgadóir; agus taisbéanaidh Dia anso fábhar ró-aonracánach dúinn. Cia hé an duine ar nách beith lúthgháire dá mbeith míle púnta d'fhiachaibh air agus gomadh fhéideair leis le beagán airgid, agus rena shochar féin, díolaidheacht do thabhairt ionnta? Féitheamhain do Dhia sin uile ar son ár bpeacaidhe, agus má léigmíd na fiacha ar cáirde go purgadóir, is mór a choiséanas dúinn tré mhéad na bpian as éigein d'fhulang ann; acht más áil linn díolaidheacht do thabhairt uainn ar an saoghal sa, ní mór an saothar a choiseónas dúinn, acht biaidh sochar ádhbhal aguinn san chuntus. Atá piana purgadóra romhór, agus ní thugaid sásadh do Dhia mar dobheir piana éuttroma ar an saoghal so. Fós, ní bhiaidh luaigheacht ar son mórphian purgadóra; gidheadh, re gach ní dá bhfuilngeamaoid ar an saoghal so, dá laghad dá mbídh a ccomórtus phian purgadóra, donímíd lórghníomh ris agus do gheibhmíd luaigheacht mhór ar a shon; ionnas nách bhfuil contabhairt gurab ó mhórthrócaire Dé tig pian do chur orainn ar an saoghal so dochum pian an tsaoghail eile do sheachna. Uime sin as iomchubhaidh dúinn ár dtoil féin do chur re toil Dé, an ní atá comh tarbhach sin dúinn. An treas ní in air cóir dúinn ár dtoil féin do chur re toil Dé, eadhón, má thairrngeann uain blas agus sólás na neitheann neamhdha agus go bhfáigtheadh tur tirim sinn, lán do scrupal agus do chathaighibh, mar doní go minic re daoinibh beannuighthe spioradálta dochum a bhfoighide do chruthughadh agus dochum luaigheachta dóibh; agus fá dheoigh, d'éis tréimhsi faide, dobhéir sólás dóibh mar dobhí aca roimhe, ionnas go dtionnsgnaid re friochnamh agus le síothcháin
mhór intinne seirbhís Dé do dhéanamh mar do thionsgnadar ar tús; agus as minic is riachtanusach sin do dhéanamh dochum na ndaoine do choimhéad ó uabhar agus ó mhóirmheas do bheith aca orra féin. Dá bhrígh sin, ní cóir dúinn doilgheas nó buaidhirt do bheith orainn an tan a theagmhus a leithéide sin dúinn, acht a mheas nach fiú sinn sólás ar bith d'fhagháil ó Dhia, agus a bheith réidh ar gach ní as mian leis do dhéanamh linn, agus buidheachas mór do thabhairt dó di chionn ár saoradh ó mhórolc an díomais ar a raibh ár milleadh síorraidhe; fós, nárbh áil leis ár mbeith díomhaoin, acht go dtug cathaighthe dúinn re ndéanmaois troid agus ar a mbéarmaois buaidh dochum coróine uaisle d'fhagháil dúinn ar a son i bhflaitheas Dé. Uime sin as cóir dúinn, rer n-uile bhrígh, neart, agus díthchioll, fonn do bheith orainn ní éigin d'fhulang ar son Dé, agus gan do chur romhainn gus an bás acht amháin a thoil do choimhlíonadh. Sgríobhaidh Raderus Viridarii, parte 2, c. 3 ar an duine bheannaighthe Jacoponus, go raibh comh foirbhthe agus sin dá chur féin le toil Dé, an tan nách mbíodh sólás corparrdha nó spioradálta aige, go mbíodh róréidh re toil Dé, ag rádh gomadh cómhartha grádha éugmais ó Dhia leis gan ní ar bith dá n-iarradh ar Dhia do thabhairt dó, agus gomadh mian leis an uile chéasadh ar an tsaoghal sa d'fhulang, agus fós piana ifrinn, ar ghrádh Dé; agus ris an mbuaidh so do bhreith ar féin do gheibheadh sé síocháin agus ciúnus. An ceathramhadh ní in ar cóir don duine a thoil féin do chur re toil Dé, an tan dochídh é féin arna fhágbháil agus arna thréigean ó Dhia, agus bhíos lán do chathaighibh agus do scrupal, agus gan fonn air deighghníomh do dhéanamh nó ní ar bith d'fhulang ar son Dé, agus nách mothaighionn solas ar bith ina thuigsi nó gluasacht ar bith diagha ina thoil, nó deaghrún, friochnamh, neart, nó foighid, agus an t-anam uile faoi cheo dorcha tuirse, tirim gan súgh, ar mhodh nach féideair leis a chroidhe do thógbháil suas acht re neart saothair agus doilgheas. Ar an módh so dhearbhaigh Dia go minic mórán do dhaoinibh maithe, agus as do na pianaibh as mó as féideair d'fhulang ar an saoghal sa é, agus as géire an céasadh é ná ar fhulaing mairtír ar bith ina chorp féin ariamh.
Ina staid comh buaidheartha, comh tuirseach agus sin, as cóir díthchioll do dhéanamh gan doilgheas mór do bheith orainn nó gearán do dhéanamh ar Dhia, agus ár dtoil do chur rena thol gan éudóchus ar bith; óir is díoghbhálach dúinn doilghios ar bith do léigion orainn san chás sin, go speisilta más ó ár ngrádh féin tig orainn, do bhrígh go gcuireann drochmheisneach orainn agus éadóchas leis. Fós, ní féidir linn re díthcheall nó re neart daonna sin féin do tharraing as an phurgadóir spioradálta so. Acht ní bhfuil cómhairle as fearr san chás sin ná duine dá thoirbheirt féin ar láimh Dé go hiomlán, agus a mheas nách fiú é sólás ar bith d'fhagháil ó Dhia agus gur thuill a chur ar nimhní, agus buidheachas do thabhairt do Dhia nár chuir go hifrionn é go síorraidhe mar do thuilleadar a dhrochghníomhartha dó. Agus dá bhfaiceadh duine é féin san riochd sin, ionnas, do réir a mheasa féin, nách féideair leis urnaighthe do dhéanamh nó buidheachas do thabhairt do Dhia, nó gníomh ar bith oile subháilceach do dhéanamh, smuaineadh aige féin gurab í sin toil Dé, agus bíodh sólás air nách bhfuil éinní dá thoil féin aige, agus nách mian ris ní ar bith acht an ní as mian re Dia. Agus ar son nach badh féideair leis ó bhréithir nó ó ghníomh an tréigean so a thola féin do dhéanamh mar bu mhian leis, ná cuireadh go bráth a n-aghaidh thola Dé, acht léigeadh dó gach ní as mian ris do dhéanamh, gan gearán gan coinntinn, agus uirísligheadh agus úmhlaigheadh é féin a bhfiaghnaisi Dé. Féachadh fós go grinn ar a choinsias, an dá choirthaibh féin táinic an dólás sin fair, óir máiseadh, as é as mó peiriacail; agus má gheibh gurab é féin tug cionfátha dóibh, bíodh níosa mhó do dhólás ar fán bpeacadh ná fán bpéin. Gidheadh, teagmhann na dóláis so go minic gan an duine féin do thabhairt cionfátha dóibh, acht Dia dá léigean ar a cháirdibh féin ionnas go gcruthaigheadh an grádh fíor a bhíos aca air, nó an ar a son féin dorinneadar seirbhís dó, nó an raibhiodar réidh ullamh dochum seirbhíse do dhéanamh dó in asgadh, a ccás nách dtiubhradh sólás ar bith spioradálta ar a son dóibh, acht go mbeadh garbh cruaidh leo. Má deir Críost linn grádh do bheith againn ar ár naimhdibh Matha c.5 doní éagcóir agus dochar dúinn, créad nach beadh grádh againn ar Dhia doní mórán maitheasa dúinn,
ar son go mbeith borb linn ar uairibh, agus sin féin le deighinntinn dochum maitheasa do theacht dúinn as, ionnas go mbeith ár ndísleacht agus ár ndeaghrún follus i bhfiaghnaisi na n-aingeal? Dochímíd gadhar agus má bhuaileann a thighearna é agus go mbainfeadh an biadh as a bhéal, ar a shon sin, má ghaireann chuige é, bí ag lúsdar ris agus leanaidh é. Do bhí gadhar ag duine áirighthe agus, ionnas go dtaisbéanadh a dhísleacht dá cháirdibh agus dá dhaoinibh muintearrdha, do ghair chuige é agus dobhí dá bhualadh nó gur fhágaibh leathmharbh é; gidheadh, ar n-imtheacht dó, do lean an gadhar é, ag tarraing a leasrach 'na dhiaighe agus, ar son gach drochbhail dá bhfuair, dobhí ag lúsdar agus ag lúthgháire rena mháighistir. Créid fá nách bímídne na daoine díleas do Dhia mar so, óir as mian ris onóir mhór do thabairt dúinn agus grása i bhfiaghnaise na n-aingeall, agus teisd mhaith do thabhairt ar ár ndísleacht, mar do thárla do Iob, do chuir a thol féin re tol Dé in gach bruid agus in gach anró dá dtáinic air? Ar a shon san bíodh duine ar a choimhéad go maith gan a mheas gur thréig Dia é nó gur tharraing a ghrása uadha, gach uair nach bhfaghann sólás uadha, óir is minic tig dochum sochair mhóir dó gan an sólás sin do bheith aige. Fós, dá dtairngeadh a ghrása uadh, ní fhuil fáth gearáin aige, di bhrígh nár thuill a bheith níos fearr leis nó dobhí an tAthair síorraidhe rena aon Mhac grádhach féin, an tan dobhí arna thréigean ón uile dhuine, lán do dhólás, i bpianaibh adhbhalmhór, sínte a ccroich, ionnas gur adaimh Críost féin san aimsir sin nách raibh congnamh ar bith ag an daondacht óna dhiaghacht, acc Matha c.27, amhail déaradh go raibh pian, céasadh, agus tuirsi adhbhalmhór mharbhthach air. As dearbh gur ghabh míoluinn agus míoghnaoi mhór an uair sin é, ar son gur thaisbáin roimhe sin fon mór do bheith air an lá agus an aimsir sin do theacht ina mbeith féin arna bháthadh i ttobar an doilghis ó mhullach a chinn go trácht a dhá bhonn, arna chéasadh re hiomad pian do chionn na pianta sin do chur ar cáirde. Gidheadh, an uair dothángadar, dochum sóláis do thabhairt dúinne agus furtacht dár laige, do thaisbéain go follus go raibh míoghnaoi ag an cholainn ar na pianaibh céanna. Ar a shon sin níor léig as a chroidhe ariamh, dá mhéad pian agus
dólás dar fhulaing, an fonn dobhí ar na piana sin d'iomchar, do bhrígh gurab í sin tol a Athar. Agus is uime sin adubhairt trí huaire: “Ná déantar mo thoilsi acht do thoilsi, a Athair”, acc Lúcás c. 22; agus dochuaidh go ródheighmheisnigh a n-aircis a námhad, ag rádh le a dheisgioblaibh: “Éirghídh, bíomaoid ar siúbhal”; dochum é féin do thabhairt ar láimh a námhad, agus a fhios aige go raibheadar ar tí pian mharbhthach do thabhairt dó, mar sin ag fágbháil sompla againne cionnas is iomchubhaidh dhúinn sin féin d'iomchar in aimsir dóláis, buaidheartha, agus trioblóide. As mór an sochar atá do dhuine a thabhairt fá dear go grinn nách cóir dó sólás ar bith d'iarraidh in aimsir na hurnaighthe, mar do theagaisg athair onórach diadha, Ioannes de Avila, ag rádh: “Tréig an uile ní dobhéaradh blas nó sólás dhuit, agus ná hiarr é nó gomadh toil re Dia a thabhairt duit; agus bíodh do shaothar agus do fhreachnughadh ina léaghthóracht, ina n-urnaighthe, a n-aithridhe, a bhfaoisidin, a ccomaoineachaibh, a n-umhla agus a ngníomharthaibh eile subháilceacha, le fonn díreach ní éigin d'fhulang ar son Chríost, gan sólás ar bith d'iarraidh duit féin. Agus sí so an tslighe dhíreach agad in nách bhfuil peiriacail seachráin. Acc so an tslighe do theagaisg Mac Dé do na daoinibh. As í so an chroch atá mar eochair ag gach aon le a bhfosgaltar neamh, gibé ag a mbí ar iomchar. Ó, 'Dhia fhíormhaith, créad é a laghad do na daoinibh doní seirbhís duitsi, agus créid é a mhéad doní seirbhís dóibh féin? Créad é a mhéad, ag a bhfuil grádh aca ortha féin, adeir gurab tusa atáid do leanmhain agus gurab í a dtol féin do leanaid? Dob fhearr leam go ttugadh gach aon so dá aire go maith agus go ndéanamh díthcheall é féin do chur re toil Dé, agus í so do bheith 'na chrích aige, agus ní hí a thoil féin ná a shólás, agus más faoisidin, urnaighthe, comaoineacha, nó freachnughadh ar bith eile subháilceach a bhíos do dhéanamh. Teagmhaoidh mealladh róghéarchúiseach annso ar uairibh do chuir ar mhórán cluain, dothéid re fonn romhór dochum Cuirp Chríost do ghlacadh, ní har son an toraidh atá san tsacrament, ba cóir amháin d'iarraidh, mar do ordaigh Críosta, acht a ngeall ar an saoghal nó ar an sólás mbeag dogheibhid as. Míl atáid so a d'iarraidh annsna neithibh diagha agus ní hí an chroch ar a
bhfuil sláinte. Uime sin ní théid siad ar a n-aghaidh i slighe na subháilce, agus meallaid gach duine dá gceanglann leo. Gibé réir mian na huilc sin do sheachna, cuireadh é féin le toil Dé agus bíodh tarcaisne ar an uile ní eile aige.” As é an grádh meallta so an duine ar féin as cionfátha locht do bheith annsna neithibh diagha spioradálta. Scéimh agus sólás spioradálta dobhí Luisifer d'iarraidh dó féin ar neamh; gidheadh, mar nách raibhi iomchubhaidh dó, agus náchar chuir é féin re tol Dé, do thuit mar chaoir thinntighthe as neamh; agus, a n-áit sóláis d'fhagháil, do cuireadh a bpianaibh síorraidhe é, mar do chaill an sólás dobhí aige ag iarraidh sóláis nár chubhaidh dó. Créad iad na neith' reir mian le searbhóntaidh Dé teacht dochum chiúnais anma agus intinne, dochum naomhthachta agus dochum grása móra? Más dochum sásaigh d'fhagháil dá thoil féin, atá ar seachrán. Más í toil Dé atá roimhe, atá ar an tslighe dhírigh, agus ná hiarradh acht an ní as mian re Dia do thabhairt dó, agus ná bíodh a thol féin 'na mháighistir air. Más í toil Dé trioblóid, inghrim, dólás, nó mílí amhgar eile do theacht ar, bíodh meisneach maith aige, óir as leis sin a chruthaighios gurab í toil Dé agus nách í a thoil féin atá do leanmhuinn. Deora na n-absdal agus an grádh do thaisbéanadar, adubhairt Críost nárbh fhiú é grádh do ghairm de, acht gurab é an grádh fírinneach a gcroich féin d'iomchar agus foighid do bheith aca fá Chríost d'imtheacht uatha, acc rádh, ag Eoin, c.14: “Dá mbeith grádh agaibh oram dobheith lúthgháire oraibh do chionn go bhfuilim ag dol fá dhéin m'Athar.” Grádh fírinneach Críost - ní d'fhulang ar a shon agus maith do dhéanamh a n-aghaidh an uilc. Is mó an meas, an grádh, agus an deaghchroidhe atá aga do Dhia an uair dogheibh tú masla ar a shon, buaidhairt fós agus trioblóid, agus ghabhas tú chughat go maith iad, nó an uair dobhí tú ag dortadh déar lán do shólás spioradálta, ionnas nách raibhi a fhios agad cá raibh tú féin. Uime sin adeir Pól absdal, ad Phillip., c.2: “Smuainídh agaibh féin an ní thárla d'Íosa Críost, eadhón, an tarcaisne, an bhochta, agus an uirísle d'fhulang; agus ar son go raibh 'na Dhia fhírinneach, comh árd ris an Athair neamhdha, do uirísligh é féin, ag glacadh foirme searbhóntaidhi air, a ccosamhlacht ris na daoinibh a ngné dhaonaidhe.”
Acc so ciall agus céadfaidh Chríost aoin Mhic Dhé, nách meallann agus nách féidir do mhealladh - piana, céasadh agus anró d'fhulang; ciall agus céadfaidh na colla - sámhas agus sólás d'iarraidh di féin go santach, nách dtugthar acht don mhuinntir dá ttogrann Dia as a mhórthrócaire féin. Déanasa díthchioll gan fonn do bheith ina ní ar bith agad acht mar is mian le Dia, agus bí dimhin ansin go mbiaidh do dhéara agus do dhévótion tarbhach taitneamhach a bhfiaghnaisi Dé, agus go bhfuil tú ar an tslighe dhíreach gan pheiriacail seachrán; agus gach ní nach déantar do réir na riaghlacha so, ní bhfuilid díreach nó ceart acht atá míle cealg agus seachrán ionnta. Teagmhaidh go minic fonn rómhór do bheith ar dhuine seirbhís Dé do dhéanamh; gidheadh, ní ar son Dé go foirbhthe bhíos an fonn sin air acht ar son an bhlais agus an tsóláis dogheibh as; agus mar sin ní hé grádh Dé go fírinneach a bhíos aca acht grádh 'sóláis féin, do bhrígh nách ccuirid iad féin go hiomlán le toil Dé. Gibé daoine do ní so, nír thréigadar iad féin, agus dá ndéandaois, dobheithdís iomchubhaidh dochum aitheanta Dé uile do choimhéad; ní dothig ó ghrádh fhírinneach. An drong so a leanas sólás a gcéadfaidh féin, an feadh a mhaireas an sólás sin aca, bíd friochnamhach; acht an tan imgheas an sólás sin uatha, bíd ar ball feargach, míchiuin, ré fonn uilc, mall dochum maitheasa, agus claon dochum lochtaighthe, ionnas gurab féidir a aithne nách ar Dhia acht orra féin dobhí grádh aca, agus gurab mó an meas dobhí aca ar an sólás mbeag dobhí aca ná ar Chríost. Is rochosmhuil iad so re leanbhaibh dá dtugmaoid greim milis dochum a ccosg ó ghul, agus coisgid an feadh a bhíd dá ithe, gidheadh, fillid gan mhaill ar an ngul céanna; ionnas nách ar chomhairle nó ar ghrádh a n-aithreacha do choisg siad tamall dá ngul, acht ar son an bhlasa do fuaradar ar an mbiadh. Ó, créad é 'mhéad dogeibhthear aniú di leanbhaibh den tseort sa, míbhéasach a bhfiaghnaise Dé? A gcás nách déanaid troid, bruighean, murmur nó ainfhreagra do thabhairt ar éinneach, agus nách ccaithid a n-aimsir le scéalaibh fabhail, agus nách ttugaid mallacht dá ccomhairsin; gidheadh, ní bheid so acht ag seirbhís don aimsir atá aca. Ní har son Dé doníd sin, nó dochum 'aitheanta do choimhéad, acht d'eagla
an sólás dogheibhid uadh san uair sin do chailleamhain. Bain an sólás sin díobh agus dochífeadh tú go follus, na deora agus an friochnamh dobhí aca; gurab ar a ngrádh féin agus nách ar ghrádh Dé dobhíd aca; agus cuirid saobhnós ar Dhia agus dobheirid tarcaisne dó, do bhrígh, ar gcosc den mhillseacht sin, coisgidh an grádh amhail agus gurab a n-aimsir sóigh agus saidhbhris do haitheóntaoidh an cáirdeas fíor, agus nách san aimsir ina mbímíd ar air gcrádh re saothar, re bochtaine, agus re hanró. Bíodh a fhios agat fós gurab minic a mhothaigheas daoine éudtroma, drochmheisneach', gan ghrása an Spioraid Naoimh, milseacht spioradálta agus fonn inmheadhónach, nách mothaighid cáirde dísle Dé do chuaidh ar a n-aghaidh go mór i slíghe Dé, agus nách gluaistear re sólás éadtrom mar do gluaistear na daoine thuas do chuireas a ndóchas ina ndeuótion dá laghad, amhail gurab an do bheith a sláinte shíorraidhe nó coimhéad a mbeathadh. As tuigthe dúinn fós nách as líonmhaire grás tig an mhillseacht crábhaidh so do mhothughadh acht as bochtaine agus as riachtanus an anma do mhothaigheas é. Ní hiongnamh gurab maith re bocht ní dá laghad dá bhfaghann. Dá ttugthá deoch d'fhíon láideair do dhuine atá 'na riachtanas, buidheachas mór dobheith aige ort. Tabhair an deoch chéanna do dhuine do ól a lán fíona roimhe sin, ní bhfuighe taitneamh uirre. Mar sin, gach duine nách bhfuil lán d'fhíon ghrádha Dé agus dá ghrásaibh, as milis leis muna bhfaghaidh acht an bolgam de; measaidh go bhfuil i bhflaitheas Dé san mbeathaidh shíorraidhe. Adéir fós go dtug Dia cuairt air; is iongnadh leis na deora thuiteas uadh; bí lán do lúthgháire amhail dobhéaradh buaidh ar 'naimhdibh uile. Gidheadh, as beag sin uile, agus as easbuidh grádha fírinnigh tig an méid atá ann. Acht gibé ag a mbí grádh díleas aige ar Dhia, ní bhíonn meas aige ar a shamhail sin do shólás agus ní hann a chuireas a chríoch. Agus an tan dogheibh sólás ar bith, órdaigh é gan mhaill dochum foighide, dochum é féin do thréigean, dochum na croiche d'iomchar a ndiaidh Chríost, dochum masla d'fhulang ar a shon, agus dochum gníomhartha gach subháilce eile do chur a bhfreachnughadh. Agus as comhartha follus sin go bhfuil grádh Dé go líonmhar maille ris.
Tuig as so, an tí bhíos díorach foirbhthe, dogheibh saidhbhreas mór grás agus tíodhlactha spioradálta ó Dhia, agus air a ghearán, nách ina shólás do chuireas bhrígh, acht rena uile neart anma re fonn beodha daingean ní éigein d'fhulang agus toil Dé do chomhlíonadh ó rúin croidhe do chionn gur ghair air. Mar sin dorinne Íob, c.14, ag rádh: “Gair orm agus dobhéara mé freagra ort.” Créad í an freagra dobhéaradh duine dob fhoighidigh ar bith ar Dhia acht go n-iomchóraidh go foighideach gach duadh dá dtáinic air agus sin go foirtill fearrdha? Ní hair dobhí caill a chlainne agus a mhaoine, a cháirde dá threigean, agus gach galar, créachta, boichte, cathaidhe an diabhail, agus gach ní oile lerbh fhéidir duine do chéasadh, agus gan freachnúghadh na subháilce eile do léigean dé. Mar an gcéanna dorinne Pól absdal an tan do ghair Dia é. Ní sólás ar bith do iarr dó féin, acht adubhairt re hintinn uasal feardha: “A Thighearna, créid as mian leat do dhéanamh dom?” Act., c.9; amhail adéaradh: Ó, mo Dhia, gabh mo thoil chugat agus cuir í do réir do thola féin; tiomnaim í ar do láimh; athain díom gach ní is mian leat. Dia, iomorro, ionnas go bhfoillsigheadh gomadh soightheach toghtha dó féin Pól, do ráidh ris: “Taisbéanaidh misi duit créad an mhéid as cóir duit d'fhulang ar mo shonsa.” Acc so comhartha searbhóntaidhe dílis Dé, ag tiodal na druinge ar a mbí grádh éagmhais aige. Ní neithe beaga mílse dobheir ina mbéal acht ádhbhar foighide ina saothar, a mbruid, a míchliú, i bhfiaghnaisi bréig' do dhéanamh ina -aghaidh, a mbochta agus a riachtanas, agus in gach ní eile do chéasas duine ar an saoghal sa. Leo so a bearthar freagra go maith ar Dhia an uair do ghaireas ar dhuine, do bhrígh an tan a ghaireas ar gur mian ris seirbhís éigin oirdheirc d'fhagháil uadha, mar ba mian leis a bheith dombuidheach dá Chruthaightheóir. Uime sin, tuig gurab é Dia atá dod ghairm, an uair atá tú ré do thoil féin do chur re toil Dé go hiomlán in gach ní as mian ris, dámadh éigein duit a dhol i bpeiriacail do mhaoine, h'onóra, agus do bheatha do chailleamhain. Acc so amháin doní fíréan foirbhthe don duine agus cosmhuil re hÍosa Críost, a ccás nách bhfuighbhidh sólás spioradálta ar an saoghal sa, acht a bheith amháin
ag smuaineadh ar chroich Chríost dochom a hiomchar ó chroidhe. Tabhair fós fá dear go ngluaisionn an diabhal duine ar uairibh dochum millseacht éigin crábhaidh do mhothughadh dochom toirmisg do chur ar an gcorp, ionnas nách féidir leis an tseirbhís bu chóir dhó do dhéanamh, agus arna mhealladh ris an mblas mbréige sin dogheibh, caithidh é re dúsacht fada, re hurnaighthe, re troscadh, agus rena riachtanas do tharraing ón ccorp, gan mhódh gan mheasúr, ionnas nách féideair ris freachnughadh eile bu tharbhighe agus bu thaitneamhaighe re Dia ná iad sin do chur a ngníomh. Tig as so cealg eile ródhíoghbhálach, an tan a mheasas an t-anam, ag a mbí an sólás beag so aige, go dtáinic féin dochum an chéim' as uachtaraighe den fhoirbhtheacht; agus as sin tig go mbíonn mainneachtnach agus nách déan díthchioll dol ar aghaidh ina subháilcibh ar bith eile, amhail dobheith lán d'fhíorghrádh Dé, gan ní ar bith d'fheasbuidh air. Cuiraidh an diabhal cathaighthe eile ar na daoinibh so, nách iarraid ní ar bith eile ina bhfreachnughadh ar bith spioradálta dá mbí aca acht an blas agus an sólás beag sin do mheasaid féin a bheith aca a n-aimsir a ndebhóision; agus re hiomad grádha orra féin cuirid a gcríoch dhéidheanach san sámhas sin, ionnas, le breitheamhnas ceart Dé, go léigthear dóibh tuitim i bpeacaidhibh troma ar an saoghal so, agus fá dheoidh i bpianaibh síorraidhe; óir ní féidir le duine ar bith Dia do mhealladh, dochídh an ruan as diamhaire atá i gcroidhe gach aoin. Bu lugha an t-olc sámhas d'iarraidh a mbiadh agus a ndigh, agus sólás a gcuirp féin do leanmhuin, as a mb'fhéidir duine do leigheas an uair dobheith féin curtha don iomarca, iná ansa shólás bréige so. Bu fhearr dóibh féin fós nách blaisid é ariamh, óir mar sin ní bheith meas aca air agus do bhéirdís aire do na subháilcibh fírinneacha re foighid agus le smuaineadh ar chrich Chríost; agus ní bheithdís arna mealladh ris an mblas mbeag gan tábhacht sin, acht do leanfaid lorg Íosa Críost, a raibhi an chroich ina intinn do ghnáth, réir thionscan tús a bheatha, agus do chuir críoch uirre san ccroich ar grádh an chineadh daonna; agus sin do bhrígh gurab a nuibheagán na subháilce atá an
grádh fírinneach i bhfolach, agus gurab a n-aimsir an bhuadhartha a thaisbéanas é féin. An ní céadna deirim re gach subháilce eile. Má tá grádh fíor acc duine ar bheith foighideach umhal, taisbéintear an grádh a n-aimsir na buaidheartha agus na trioblóide, má iomchrann duine iad go soineanta, ciuin, suilbhir, go háirighthe gan míchiúnas. Más ar son Dé doní sin, as deimhin go bhfuil grádh fírinneach aige: atá an uile ní eile amhrusach, gan fundament daingean aige. Dogheibhthear daoine chuireas a naomhthacht ina bhfonn mór agus a n-urnaidhe, gidheadh, ní sheachnuid na peacaidhe. A n-aimsir na hurnaidhe caoinid páis agus doilgheas Críost, agus ní fada 'na dhiaigh sin an tan doní éagcóir ar an ccomharsain. San urnaighthe molmaoid fós foighid Dé, agus donímaoid gach éinní 'na dhiaidh sin re feirg agus re saomhnós. Má bhímaoid ar feadh aon uaire ár ttocht, caithfeamaoid an lá uile ó sin amach re caint díomhaoin. Má labhramaoid ar neithibh spioradálta nó bhaineas re Dia, agus má bheir Dia smuaintidheadh maitha in air ccroidhe, agus as sin go ndéanmaoid tocht agus urnaighthe, agus as é ár sólás féin iarrmaíd ar son ár saothair; agus ar n-imtheacht don tsólás sin uain, bímíd mar dobhámar aroimhe; ionnas nách bhfuil acht naomhthacht bréige againn nách ttéid ar aghaidh go bráth, agus do bhrígh nách ccuirmíd cás san ní as mó atá di riachtanas orainn, ina bhfuil an uile shochar. Fáraor, as mór a théid ar seachrán ag gabháil na sligheadh sin. Go dtugaidh Dia grása dóibh. Amen. As mór an t-ádhbhar criothnaigh agus truaighe a laghad don druing si aithnigheas a seachrán féin, do bhrígh gur tearc an duine díobh, do chionn go bhfuil maothghrádh aige agus go ndoirteann déara go hurus, nách ccreideann é féin do bheith rofhoirbhthe róthuigseach ina neithibh spioradálta, agus go ttáinic dochum a leithide sin do naomhthacht go bhfóirfeadh dó féin agus do mhórán eile, agus go bhfuil cinnte go bhfuighidh fá dheoidh cathaoir glóire a bhflaitheas Dé. An t-andóchas mearrdhánta éigcríonna so uile, as ainbhfios na fírinne thig, an tan a leanas gach duine a bhreitheamhnas féin níos mó iná as cóir, agus mheasus gurab é ní as fearr, an ní thaitnigheas ris féin agus rena chéadfaidhibh, an uair bu cóir dó spiriud agus teagasg Críost do leanmhain, adeir
linn sin féin do thréigean agus ar doil féin do chur re toil Dé in gach éinní. As so thig ár gclaonta féin do bheith bríghmhar, láidir, fiadhanta, díomsach, ionnas an tí bhíos ceangailte aca, tar éis a dheuósion, ag teacht a meas daoine dó, nách bíon ar 'aire acht cionnas dobheith meas air. Acht créad í an chiall atá ansin, an tan ag iarraidh uaignis agus comhgháir an tsaoghail do sheachna dochum aire do thabhairt dó féin agus Dhia, agus ar tteacht dhó go nuaidhe as na smuaintidhibh diagha dobhí aige, a bheith aig iarraidh glóiredhíomhaoine agus molta ar dhaoinibh? Do chaoin tú do pheacadh ar uaigneas, agus atáthí dá dhéanamh anois go puiblidhe. Do adaimh tú ar tús nách raibhi ionnad acht cré agus talamh, agus 'na dhiaigh sin measadh tú gurab fearr an miota atá ionnad féin ná ansna flitheasaibh, agus gurab uaisle an fhuil agus an fheoil atá ionnad agus dá ndearnadh tú iná daoine an domhain; agus gan ionnainn uile acht géaga éinfhíneamhna, uisce aon tobar, agus toradh aon fhréimhe. Gibé mholas é féin agus iarras glóir as gach solas dá bhfuair a n-aimsir na hurnaighthe, agus go dtug Dia fios annamh dó ar mhórán do neithibh diagha, as sin as follus go bhfuil lán di shruthbhréagaibh agus arna dhalladh rena ghrádh féin. Guidhim an tí bhíos mar sin: tugadh aire dó féin go grinn agus bíodh a fhios aige nách bhfuil an acht duine claon colnaidhe, atá lán dá thoil féin agus di ghrádh ar na neithidhibh a bheineas leis féin, dá chur ós árd, aig iarraidh glóire díomhaoineach asta; agus nías mó do náire agus di thruaighe ná sin, go dtugann masla do na freachnamhaibh spioradálta, agus, rena mhailís féin, nách baineann sochar ar bith asda. Gidheadh, atá leigheas in aghaidh na n-olc so, eadhón, duine do chur a thola féin re toil Dé, agus gan a shólás féin d'iarraidh ina ní ar bith, más ní spioradálta nó diagha féin é. An 27 Caibideal. NA CÉIME AR A CCUIREANN DUINE A THOIL FÉIN RE TOIL DÉ. Ionnas goma fios dúinn ár dtoil féin do chur re toil Dé ins na neithibh ar ar thráchtamar san chaibidil ár ndiaigh, taisbéanad san chaibidil so na graduim ar a rachfam suas
dochum ár dtola do chur re toil Dé in gach ní a chuireas amhgar orainn, amuigh nó astuigh, más doilgheas, míochlú, riachtanus, nó céasadh ar bith eile é. An chéad chéim. An uile ní as mian re Dia do theacht orainn, a iomchar go foighideach toilteanach, dá chontrárdha dá mbíd; agus gan a mheas ar a shon sin gurab mór an gníomh dorinne, acht go ndearna an ní bú chóir agus bú riachtanusach dó do dhéanamh, agus nach dearna sin féin có foirbhthe agus bu hiomchubhaidh dó. An sagart Helí, ar chuir Dia díoghaltas ar chloinn Israel ar son peactha a chloinne, ar dtuigsin breitheamhnais Dé dó 'na aghaidh féin agus a thighe, nír lámh cur 'na aghaidh acht adubhairt go foighideach: “As é féin an Tighearna, déanadh an ní as mian leis”, 1 Reg.,c.3. Bú lór leis gurbh é Dia é. Uime sin dobhí foighid aige, agus tug sompla dúinne an lorg céanna do leanmhuin, agus a smuaineadh gurab féideair le Dia, mar árdThighearna, a thoil féin do dhéanamh re gach ní dá bhfuil ina sheilbh; agus más éagcóir toirmeag do chur ar dhuine fána chomhairle féin do dhéanamh rena mhaoin féin, créid nách mbeith na comhachta céanna ag Dia ar gach ní dar chruthaigh? As féideair ris an tighearna a shearbhóntaidh do smachtughadh; as cóir don athair a mhac do cheartughadh; atá d'fhiachaibh ar an mbreitheadh pian do thabhairt do chiontach; agus ní féideair do neach toirmeasg do chur orra. Uime sin, ní hé amháin go bhfuil ceart aca, acht fós go bhfuil d'fhiachaibh orra ó dhlighiudh nádúrtha sin do dhéanamh. An féideair linn a mheas go léigfe Dia, atá 'na Thighearna, 'na Athair, agus 'na bhreitheamh againn, a chúram féin de, gan smacht agus ceart do dhéanamh orainn d'eagla sin do dhol ar seachrán; agus má mheasmaoid gurab éagcóir a cheart féin do bhuain do dhuine, nach mó an éagcóir ná sin a cheart féin do bhuain do Dhia? Ar an módh so as cóir dúinn féachain ar an uile ní, agus a mheas re creideamh fírinneach gurab ó láimh chomhachtaigh Dé thigid; óir as d'fheasbuidh an chreidimh so ghabhmaíd chugainn go holc agus bhíos saobhnós orainn ris na daoinibh, amhail agus nách é Dia dodhéanamh ionstrument díobh isna neithibh contrárdha theagmhas dúinn. Gidheadh, as é do thoghas iad re diamhair a eagna dochum a cheart féin do chur a ccrích, agus dochum
teagaisg do thabhairt dúinn onóir do thabhairt dóibh mar oificidhibh Dé; óir ní hé amháin go dtugmaíd meas agus onóir do na ríghthibh agus do na hárdbhreatheamhnaibh saoghalta a bhíos ós ár cceann, acht fós do gach oificeach dá dtig uatha, ionnas gurab coir báis foiréigean do dhéanamh orra. Mar a' gcéanna as cóir dúinn meas do bheith againn ar bhreitheamhnas ceart Dé agus ar na daoinibh a chuireas Dia uadha. Tugadh an duine é féin fá fear, agus Dia don taobh eile, agus dochídhfe nách bhfuil ann féin acht scládhbhaidhe truaillighthe, agus gurab é Dia an rí agus an breitheamh fíorcheart; agus abradh go minic ina intinn féin, ris an ab Pastor: “Cia hé misi do chuirfeadh mo thol nó mo bhreitheamhnas ós ceann breitheamhnais Dé? Pelagius, lib. 9. Má tá a n-aghaidh dligheadh, duine do thabhairt breitheamhnais ar dhuine eile ar nách bhfuil 'na uachtarán, cionnas nách éigceart gearán do dhéanamh ar Dhia fá éinní dá ndéan? Tairis sin, ní bhaineann an mhíofhoighid saothar ná trioblóid ar bith dínn acht méadaigh iad; agus ní thógbhann an phian dínn, do bhrígh nách ar son Chríost iomchramaoid an chroch, agus uime sin bí 'na dólás agus 'na hualach róthrom againn. An dara céim. Gach ní contrárdha agus gach dólás d'iomchar go suilbhir súgach. An rí Dáuídh, an feadh nách raibh fhios aige gurab í toil Dé an mac beag dorugadh dó d'fhagháil bháis, dobhí ag gul agus ag déanamh troisgthe agus urnaighthe, sínte ar an talamh; gidheadh, ar cclos bháis an leinbh dó, do éirghe don talamh go lúthgháireach, agus dochuaidh go tigh Dé do dhéanamh adhradh dó, agus tug buidheachas dó; agus do iarr biadh do thabhairt chuige, agus iar n-éirghe a mheanma, tug sólás dá mhnaoi, 2 Reg., c.12. An duine beannaighthe Iob, arna chrádh ris an uile bhochtacht, adeir: “Gurab so mo shólás, a bheith do mo chéasadh re doilgheas gan mo chaigailt; agus ní chuirfe mé a n-aghaidh tola Dé,” Iob, c.6. Críost ar dTighearna, iar mbeith tuirseach dó gus an mbás, agus air ccur alluis fola de, gidheadh, ar cclos dó ón aingiol gurab í toil a Athar é d'fhulang na páise rochruaidhe dobhí chuige, do ghabh meisneach é, do thréig gach doilgheas dá raibh air, agus dochuaidh go lúthgháireach a n-aircis a námhad, ag Matha c.26. Ní raibh sólás ba mhó, nó teachtairacht ba taitneamhaidh ris d'fhagháil ón aingiol, nó dearbhadh do thabhair dó ar thoil a Athar.
Ar an modh ccéanda bhádar na habsdail, Act.,c.5. Dá mhéad inghreim persecuision dá raibhi orra, dobhádar lán do lúthgháire agus do shólás; agus sin ag teacht as an ccreideamh fhírinneach dobhí aca a nDia, agus as fios méad na tarbha agus na maitheasa tig do na daoinibh as na neithibh a bhíos contrárdha dóibh. Agus dá mbeith grádh fírinneach againn ar Dhia, ní bhfuil ní ar bith as mó dobhéaradh ciúnas agus síothcháin intinne dúinn nó a fhios do bheith againn a thoil do choimhlíonadh, do bhrígh ná bhfuil ádhbhar sóláis ar bith as mó ná sin. An bhanóigh bheannaighthe Liduuina, arna céasadh le galar agus re heasláintibh iomdha, dobhí có réidh agus sin re toil Dé go n-abradh do ghnáth: “A Thighearna, ní bhfuil ní as taitneamhaighe leam ná tú do chéasadh agus gan chaigailt dam, óir as é as sólás dum coimhlíonadh do tholasa”, Surius, tom.7. Agus fós as mar sin atá, do bhrígh nách bhfuil sólás ar bith as mó ná é. Fós, gibé ag a mbí grádh fíor aig' air Chríost, as cóir dó an uile shólás saoghalta do tharcaisniughadh, agus sin amháin a bheith do shólás aige, ní éigin d'fhulang ar son Chríost, ag rádh na mbriathar úd Chríost féin, ag Lúcás c.22: “Déantar do thoilsi, a Thighearna, agus ní hí mo thoilsi.” Ionnas gurab é dísleacht an chéime so iolgháirdeas do bheith orainn an tan fhuilngeamaoid éinní agus fós gan sólás ar bith d'iarraidh; agus as é an t-iolgháirdeas so as luibh leighis dúinn a n-aghaidh an uile dhoilghis dá dtig orainn, agus dochum an uile riachtanas d'iomchar go foighideach dá dtig orainn ar an saoghal sa. An treas chéim. Buidheachas do thabhairt ar son gach céasadh dá dtig orainn ar an tsaoghal sa, agus a mheas gurab tíodhlacadh mór ó Dhia é. Iob, ar ccaill a chloinne agus 'mhaoine dó a n-aon uair do ló, agus arna dhéanamh bocht, lán do bhruid agus do thruaighe, adubhairt: “Go raibhi ainm an Tighearna beannaighthe.” Agus d'éis a chuirp, ó mhullach a chinn go trácht a bhonn, do bheith arna chréachtnughadh le lubhra, ionnas go raibh na srotha sileadh ag teacht as, do mheas gurab tíodhlacadh fuair ó Dhia, ag rádh: “Má fuaramar tiodhlacaidh maith' ó láimh Dé, créad nach bhfuileóngmaois olc agus anró uadh?” Iob, c.1 et 2; amhail adéaradh: Má ghabhmaoid chugainn go maith má gheibhmoid sólás ó Dhia
ar an saoghal sa, agus go dtugmaoid buidheachas dó ar a shon, créid nách ttiubhramaois buidheachas dó an tan a léigeas buaidhirt agus anró orainn, as mó luaigheacht gan chomórtas a bhfiaghnaise Dé iná an uile shólás an tsaoghail si, go speisialta ón aimsir atá sompla Íosa Críost Mic Dé againn, re ndéanann anró an tsaoghail s cosmhuil sinn? Ag so an meas dobhí ag Iob, agus as uime sin dobhí ag tabhairt buidheachais do Dhia, dá mholadh agus dá bheannughadh san uile bhochtaine agus anró dá ttáinic air. An ní céanna fós as iomchubhaidh do gach aon do dhéanamh reir mian gan é féin do mhealladh. Dá mbeith fós anró an tsaoghail si gan a bheith 'na thíodhlaicadh Dé, mar atá, bu chóir dúinn buidheachas do thabhairt air a shon, do bhrígh go gceanglann sinn re Dia agus Dia linn. Más mian re duine grása tighearna mhóir do thuilleamhuin, ní críonna dó, a gcás go ndéanamh ní a n-aghaidh a thola, gan buidheachas do thabhairt dó. Agus is mó ná sin go mór atá d'fhiachaibh orainne buidheachas do thabhairt do Dhia ar son gach ní dá dteagmhann dúinn, do bhrígh le sin do ghnáthughadh, na neithe bhíos go holc nó contrárdha dúinn, go ndéanmaoid maith iad agus go mbainmaod sochar asda. Adeir S. Crisost., ep.1 ad Thessal., hom.10: “Má d'fhulaing tú olc ar bith, más mian leat féin, ní holc é; tabhair buidheachas do Dhia agas atá an t-olc 'na mhaith.” An ceathramhadh céim. Gach bruid agus gach anró dá mbí orainn d'fhulang re fonn níosa mhó d'fhulang. Mar sin dobhí Íosa Críost do ghnáth, lán do phéin agus do bhruid tré fhad ris go raibh aimsir a pháise ag teacht, dochum na bpian gcruadhálach dobhí chuige a d'fhulang; agus an tan dobhí arna bháthughadh go hiomlán a dtuile na páisi, dubhairt go raibhi tart air, ag cur i gcéill go raibh fonn air níosa mhó d'fhulang. Do lean mórán lorg Críost annso, agus idir gach aon an mairtír uasal agus an duine riaghalta, Sérlus Spinola, ar son go raibh crádh mór aige dá fhulang ar son a Thighearna Íosa, ba mhian leis níosa mhó d'fhulang, mar do fhoillsigh féin, ag sgríobhadh dochum duine áirighthe dá dhearbhráirtheachaibh ris na briathraibh si: “Mar bú fhéidir neithe cruaidhe d'fhulang, as sáimh dúinn a fhaicsin créid fhuilngid daoine eile, dochum sinn féin d'ollmhughadh agus do théaghughadh rena lasrachaibh. Cá huair a bhíos an aimsir
so ann? Ó, a lao! Ó, a uair! Ó, a mhóimint! Ó, 'Athair, créid í an mhillseacht duine do smuaineadh aige féin bás d'fhulang ar son Chríost, agus cionnas bhias an bás féin?” Ag sin an fonn dobhí air bás d'fhulang ar son Chríost; agus ní raibh uirid lúthgháire air ariamh agus dobhí air an tan do loisgeadh beo é ar son 'Thighearna. S. Proinsias Xauerius, an tan dogheibh iomad sóláis neamhdha, do ghuidh Dia modh do chur orra, ag rádh: “As lór sin, a Thighearna, as lór sin.” Gidheadh an fonn dobhí air ní d'fhulang ar son Dé, nírbh fhéidir a shásadh; uime sin, dá mhéad duadh nó saothar dá mbíodh air, adeireadh: “Tuille, a Thighearna, tuille.” Féachmaoid anois nách é amháin fir acht mná go raibheadar foirbhthe san chéim so; agus as lór dúinn do shompla an mhaighdean bheannaighthe Ludouica Carabhaghal, dá mhéad do cheangladh í féin re Dia, gurab móide an fonn dobhíodh uirre míle pian agus céasadh d'fhulang ar a shon, mar do dhearbhaidh sí féin asna briathraibh so síos. “Ní bhfuil glóir nó sólás eile d'easbuidh oram, agus ní fhaghaim modh nó réasún dochum taitneamhugh do bheith agam ar an sólás úd do smuainmaoid d'fhagháil ar neamh, agus ní féidir leam ar mhódh ar bith smuaineadh nó labhairt ar so. Dogheibhim mé féin tur tirim agus an uile shlighe dúinte romham. Gidheadh, an tan smuainim ar Dhia, gabhaidh fonn ádhbhal mé mé féin do cheangal go rofhoirfe leis an maith síorraidhe sin, agus as sin tig fonn eile chugam, bás d'fhulang ar a shon; agus ansin amháin dobhíos mo uile ghrádh, mo smuaineadh, agus mo shólás.” Agus labhraidh sí níos soiléire ná so a n-áit eile, ag rádh: “Fonn glan fírinneach tola na hanma sa í féin do chur i n-oireamhain do thoil Dé, as é as mó dogheibh luaigheacht, an tan dobhíos réidh gan níos mó d'fhulang do bhuairt ar son ár dTighearna iná as mian leis féin. Gidheadh, iar bhfaicsin nárbh fhéidir di fuireach aige sin agus lorg cumhra Críost dá cealgadh dochum é féin do leanmhain, tig as sin ar uairibh dá fhonn rómhóra do bheith a n-aon spiorad, mar atá, fonn ádhbhal í féin do chur le toil Dé go hiomlán, agus fonn eile rótheasaighthe ró-éifeachtach bás d'fhulang ar a shon ris an uile phéin; agus an tan nách féideir an fonn so do chur a ngníomh, titigh
a ndoilgheas róghéar, ionnas go measann nách féideair a leighis gan an fonn féin do chur i gcrích. Bí an t-anam dá chéasadh re a chéadfaidh inmheónacha, agus ní theastaigheann uadh acht bás d'fhagháil trí mhéad an fhuinn dobhí air, nó re a raibh ar lasadh, críoch do chur ar bheatha an tsaoghail se míle míle uair, a bpianaibh rómhóra, ar ghrádh na maitheasa síorraidhe dá dtug gean. Agus ní bhfuil pian as mó ná an bás so do chur air cairde; agus ní bhfuil ní ar bith as mó atá d'fhonn uirthe nó bás d'fhagháil re near an doilghis sin, agus bás d'fhagháil do chionn nách bhfuil ar a chumas bás d'fhagháil. Bí fós den taobh eile lán do lúthgháire, do bhrígh gurab í toil Dé gan furtacht d'fhagháil di ón mbruid sin; agus mar sin dogheibh rena chruthughadh créad é géire agus beodha an doilghis tig ón ngrádh. Dogheibh fós nách bhfuil sábhas ar bith as uaisle agus as fearr blas nó coimhtheacht agus coimhcheangal an doilgheas' mhóir sin agus coimhlíonta tola Dé rena chéile, ní do mheasas an breitheamhnas daonna do bheith contrárdha, eadhón, duine do bheith réidh go hiomlán ar thoil, agus doilgheas rómhór do bheith air nách bhfuil ar a chumas an fonn atá air do chur i ngníomh. Agus dá mhéad bu mhian re neach do dhéanamh chum so do thuigsin, ní hé amháin nách bhfághann an solas atá d'iarraidh acht tuitidh a gceo dhorcha níosa mhó, dá bhrígh gurab re haon solas ár gCoimhdheadh Íosa Críost is féideir diamharún na hoibre so do nochtughadh agus d'fhoillsiúghadh dúinn, do bhrígh gurab dá dhiadhacht amháin as cóir fios do bheith aige, ar an ádhbhar nách bhfuil acht neimhní san uile chomhachta rena chomhachtaibhsion.” Acc sin briathra na mná beannaighthe sin. An 28 Caib. FOILLSIGHTHEAR ANNSO MÉAD NA TARBHA ATÁ INA RIAR DÉ DO DHÉANAMH DOCHUM DUINE DÁ CHUR FÉIN RENA THOL. As a ndubhramar go so as féideair dúinn a mheas méad na luaigheachta atá ag riar Dé do dhéanamh. Subháilce í róshaidhbhir agus ró-éifeachtach dochum móráin mhaitheasa spioradálta agus luaigheachta do chruinniúghadh don duine.
Atá fós ro-iomchubhaidh dochum an anma do tharraing re gearraimsir dochum foirbhtheachta. As í so beatha na n-aingiol a bhíos ag fuireachrus do ghnáth créad as toil re Dia do dhéanamh dóibh dochum a chur a ngníomh. As í an tsubháilce so lorg díreach Mhic Dhé, sólás agus ciúnas intinne san uile bhuaidhairt agus trioblóid. As í as síothcháin don anam, eiteall go neamh, agus cúis na foirbhtheachta spioradálta. Fá dheoidh, as í athchuimireacht na foirbhtheachta uile í, ionnas, a ndubhramar go so ar mhoirtificasion, ar dhuine do thréagean a thola féin, ar dheaghrún nó glaine intinne, nó ar dhuine do chur a thola féin go hiomlán re toil Dé, atáid uile ina riar Dé do dhéanamh go fírinneach, agus is ria cuirthear a ngníomh a bhfreachnughadh iad. As dearbh nách bhfuil modh ar bith as iomchubhaidh dochum mortificasion agus dochum duine dá thréagean féin ná an riar so; do bhrígh, má tá sí foirbhthe, so gcuireann smacht ar an uile chéadfadh agus ar an uile fhonn dá mbí ag duine, ionnas nách déanadh ní ar bith leo acht go ceart ordaighthe, ní hé amháin ar na céadfadhaibh corrparrdha acht fós ar na céadfadhaibh spioradálta mar atá an tuigsi agus an toil, as deacra do chur faoi riar ní ar bith eile nó do smachtughadh. Agus ris an riar so, mar as toil eile doníothar, gibé ag a mbí an riar so go foirbhthe, ní cóir dó a thoil féin do bheith aige; agus is ris sin do thréigeas neach é féin go hiomlán, agus coimhlíonaidh an ní as mó atá 'riachtanus air dochum tola Dé do dhéanamh, mar atá, gan a thoil féin do leanmhuin. Uime sin, ní bhfuil modh ar bith as iomchubhaidh dochum an uile ní do dhéanamh re deighintinn, agus dochum toile Dé do choimhlíonadh gan seachrán, nó a riar do choimhéad. Atá dá ní ag an deaghrún so le gcurthar a ngníomh é, eadhón, gach ní as mian re Dia do dhéanamh, di bhrígh gurab í sin tol Dé. Is follus fós nách bhfuil duine as lugha a mealltar ná an tí doní gach éinní do réir thola Dé, agus nách bhfuil fós duine as iomláine dobheir satisfacsion dó féin nó é, agus as mó atá cinnte dá choimhlíonadh go fíorghlan. Fós, ní bhfuil acht cealg agus mealltóracht an diabhail duine do léagean de an ní chuireas a uachtarán, atá in áit Dé aige, d'fhiachaibh air, a gcás go mbeith intinn aige ní as fearr ná é do dhéanamh, nó gurab aingeal as neamh dobhéaradh comhairle dó. Ní bhfuil críonnacht nó gliocas as mó, nó taisbéanadh ó Dhia as cinnte, ar dhuine dá
chur féin le toil Dé, nó riar a uachtaráin do dhéanamh; agus gibé doní sin, as deimhin dó gurab í toil Dé doní. Gibé doní a chontrárdha so, is dearbh dó nách í toil Dé doní agus nách deaghrún atá aige. Tugaid na huachtaráin órdughadh uatha in gach ní as mian leo agus ar an modh as mian leo, a ccás go bhfuilid féin go holc agus nách bhfuil deighintinn aca ag tabhairt an órdaigh uatha, muna bhfuil an ní olc an féin go follus, as í toil Dé a riar do dhéanamh; ionnas nách bhfuil deisgréid as críonna ná so, nó críonnacht as eagnaidhe, nó eagna as diadha, nó riaghail choitcheann as lugha ar a bhfuil aisgiordughadh, nó modh as sábhálta, nó ealadha as athchuimire dochum tola Dé do choimhlíonadh, agus dochum na neithe do cuireadh d'ualach orainn do choimhlíonadh agus do chur a ngníomh re deighintinn agus le deaghrún. Uime sin, gach riaghail dá dtugamar uain go so dochum tola Dé d'aithne, ní riachtanas don duine umhal í, óir saoradh subháilce na humhla uaidh é. An dara coinghioll as cóir do dhuine do bheith aige san uile ghníomh, mar atá deaghrún agus gloine intinne, agus is é sin, an uile ghníomh do dhéanamh ar an modh as mian re Dia. Dogeibhthear é san uile dhuine atá umhal fírinneach, do bhrígh nách bhfuil blas ar bith aige ar a thoil féin, agus as sin tig, air cclaoidh ár dtola féin, gan aon ní do bheith innte contrárdha do thoil Dé, acht an uile ní do dhéanamh dá réir; agus a mheas gurab í aithne Dé féin aithne an uachtaráin do choimhéad, amhail gurab é Dia féin do laibheóradh iad, nó gurab ó neamh dothiocfaidís. As é dísleacht na humhla, duine do bheith do réir thola Dé, do bhrígh, mar tá an duine umhal faoi réir agus faoi smacht duine eile, mar sin is cóir dó a bheith réidh an uile ní d'fhulang do réir órdughadh a uachtaráin, óir gurab í sin tol Dé. Ní cóir don duine umhal a bheith ceangailte don ní si nó do ní eile, acht tréagean uasal coitchionn do dhéanamh ar a thol féin a bheith ullamh réidh dochum an uile ní a curthar d'fhiachaibh air nó adearthar ris; agus ris an ruan so biaidh réidh dochum an uile ní curthar a d'fhiachaibh air. Más éagean dúinn sin féin do chur re toil Dé an uair doní ionstrument do na dúilibh éigciallda, nó do na peacachaibh nó na daoine atá gan chreideamh, an tan a bhíos an t-aier míofhallán nó
mímheasardha, nó a bhíos tnúth nó fuath ag daoinibh orainn, nó dobheirid tarcaisne nó masla dúinn; nách mó ná sin as cóir dúinn foighid do bheith againn an tan a chuireas Dia ionstrament as uaisle ná sin chugainn, dárab cóir dúinn onóir do thabhairt, mar atá ár n-athair spioradálta agus duine atá 'na bhiocáire Dé, fós a bhíos go minic 'na dhuine naomhtha, aig a mbí gean mór aige Dia air, ionnas, uime sin féin, gurab cóir dúinn agus gurab iomchubhaidh dúinn a réir do dhéanamh? Atáid so comh follus agus sin, muna raibhi an duine umhal, nách féidir dó a thoil féin do chlaoidh nó toil Dé do choimhlíonadh; agus doní an duine umhal gach ní díobh. Agus gach maith agus gach sochar dá ndubhramar go so do theacht as toil Dé do choimhlíonadh, atáid uile ag an duine umhal, saoiriaraigh. Atá an tsubháilce so arna rómholadh ó aithreachaibh na hEaglaisi, ar gnáthughadh ris na naomhaibh, ionnas gurab air a grádh do fhulaing Íosa Críost páis. Adeirthear an tsubháilce so do bheith dall, do bhrígh go gcoimhlíontar toil Dé ionn go cinnte, agus bhféachan ar ní ar bith eile acht an ní a haitheantar di do dhéanamh; agus mar sin re súilibh dalla aimsigh scópa tola Dé. Uime sin, gibé lerab mian grádh do bheith aige air a Shlánaightheoir, bíodh grádh aige ar an tsubháilce so ar a bhfuil róghrádh aigesion. Gibé rer mian toil Dé do choimhlíonadh, annsa tsubháilce so fhoillsigheas Dia a thoil féin dó. Gibé lérab mian é féin do chlaoidh, leanadh don tsubháilce so agus béaraidh buaidh ar a thoil féin. Gibé lerab mian síothcháin agus ciúnas d'fhagháil, leanadh di; óir lena cuidiughadh biaidh saor ón uile bhuaidhirt. Gibé lerab mian slighe aithghearr go flaitheas Dé d'fhagháil, gabhadh slighe na humhla atá socair díreach. Tugadh an duine onóir dá uachtarán amhail agus gurab é Dia dobheith ag labhairt ann, agus ná tiaghadh órdlach tair a thoil, do bhrígh go rachadh in aghaidh thola Dé an méid go ndéanamh ní ar bith in aghaidh an tí atá in áit Dé ós a cheann. Cuireadh gach aon ina chroidhe go daingean na briartha úd do labhair Críost, ag Lúc. 10, ris an muintir dá dtug ughdardhás os cionn cháich oile, ag rádh: “Gibé éisdeas sibhsi, mise éisteas sé; agus gibé dobheir tarcaisne
díbh, damsa dobheir tarcaisne.” Acht, cia dobhéaradh tarcaisne do Dhia acht duine diablaidhthe? As rochontrárdha dá chéile an duine umhal agus an duine easumhal. Aingeal neamhdha an t-umhal, ar nách mbíonn di chúram acht toil Dé do choimhlíonadh; Lusifer nó diabhal oile as ifrionn an t-easumhal, dobheir tarcaisne ar an tí atá a n-áit Dé ós a cheann. An 29 Caibideal. CIONNAS DOBHEITH AEN TOIL AMHÁIN RE DIA AG DUINE. As tréigean a thola féin, as glaine an ruain, agus as coimhlíonadh tola Dé, doní an duine céim dochum aon toile re Dia do bheith aige, eadhón, ceangal comhdhaingean agus cardeas do bheith aige re Dia agus le a naomhthoil, ionnas nách bhfuil ionnta acht aon toil amháin, ar mhodh gurab mian leis gach ní as mian le Dia, agus fós gurab mian leis an mian sin do bheith aig Dia, gan ádhbhar eile d'iarraidh acht gurab í sin toil Dé; ionnas, an méid go mbeanann ris féin, nách bhfuil feidhm ar bith aige ar a thoil féin, di bhrígh go ndéanann toil Dé go hiomlán di, ag déanamh agus ag fulang gach éinní as mian le Dia, amhail gurab é an duine do thogh dó féin í, nó go mbeith fonn air a teacht mor sin, dá mhéid saothar nó buairt dá mbí ann: agus ris sin foillsigh nách é amháin go bhfuil a thoil do réir tola Dé acht fós go bhfuil aon toil re Dia aige. Gibé a chuireas a thoil féin re toil eile, agus a gcás go mbeith docamhail ann, cuiridh toil aca í féin in oireamhain don toil eile - aondacht na ttola, ní bhfuil an acht aon toil déant' as dá thoil idir nách bhfuil contrárdhacht nó docamhail ina ní ar bith - ionnas, gibé ní an ní as mian re toil aca, gurab mian ris an toil eile é, amhail gurb í féin do thogh an ní céanna. Fós, ní bhfuil mian léithe ní ar bith di féin acht amhail agus bheadh marbh. Fós - ní nách féidir do theacht - dá mbeith toil Dé gan a beith ann, ní bheith mian ar bith aice, do bhrígh nách bhfuil toil eile aice acht tol Dé, iona bhfaghann níosa mhó di shámhas ná
dá leanadh a toil féin in gach aon ní. Agus dámo riachtanasach di grása ar bith d'iarraidh di féin, ní féidir ria a dhéanamh gan coimhéigniughadh agus pian mhór d'fhulang; ionnas gur féidir ria a rádh gurab í a tol féin doní an tan doní toil Dé, óir nách bhfuil toil chontrárdha nó intinn ar bith aice. Dochum na haon tola so re Dia do bheith againn agus d'fhagháil, gluaiseadh na briathra so síos an duine dhiadha spioradálta, Ludobhicus Blosius, sinn. In Tabella spirituali, p.4, adeir mar so: “Léig thart an uile ní as féidir leat do thuigsin, agus ná cuir cás a gcréitúir ar bith; agus bí réidh amháin ar thoil na maitheasa gan fhoirchionn a théid as ceann an uile thuigsi. Gabh í so chugad agus tabhair grádh di, gibé ar bith módh ar a dtiocfaidh na neithe, más go sona nó más go contrárdha, má tá peiriacail ionnta, gion go bhfuil; agus ní féidir teacht dochum dignide as mó, nó gníomh ar bith do dhéanamh as oirdheirce, as glórmhuire, as mórrdha, agus as sáimhe, nó duine dá chur féin in oireamhain do Dhia, gan mian ar bith do bheith aig' acht toil Dé amháin. Ó, mo Dhia, go meannaighthear tú, a Chruthaighthóir agus a bheatha an uile ní, ar son gurab tusa an Cruthaightheoir agus gur misi an créatúir; tusa tá ann gan tús gan deiriodh, sinne nimhní agus bochta; tigmíd mar sin féin dochom coda éigin dod árdmhaitheas d'fhagháil, ionnas go mbeithmís ar aon toil agus aon bhreitheamhnas leat. An toil leat so? As toil linne é. An mian leat sinne do bheith fichthe bliadhain i bpéin agus a gcathaighibh, lán di dhólás? Gabhmaoid sin chugainn go fonnmhar. An toil leat sinn a bheith uiríseal tarcaisneach faoi pheirsecuision? Ag sin ár bhfonn agus ár móide féin a bheith subhach lúthgháireach faoi do smacht. An féidir dúinn dol ar seachrán mar so, nó ní ar bith, as riachtanasach dúinn dochum dol ar neamh, a bheith d'fheasbhuidh orann ó thoil atá comh naomhtha agus comh ceart agus atá tol Dé, re nách féidir ní ar bith do dhéanamh acht ní naomhtha ró-iomchubhaidh? An Dia atá comh tabharthach agus comh daonachtach agus atá, créid as féideair ris d'iarraidh ar an duine acht an ní rachfas dochum saidhbhris agus dochum sochair adhbhalmhór dó? Créad é an teagasc nó na haitheanta bhéarus an Coimhdhe beannaighthe úd nách
bhfuil lán d'eagna agus do thrócaire? Cia hí an tslighe a mhúinfeas dúinn nách bhfuil slán sábhálta? Créid í an chomhairle bhéaras dúinn nách bhfuil ró-éifeachtach rótharbhach dúinn dochum na beatha síorraidhe? An tan ataid so uile ródhearbhtha róchinnte do réir an chreidimh chríostaidhe, agus nách bhfuil contabhairt ar bith ionta, nách mór an mhire dúinn ár n-antoil féin do leanmhuin agus tarcaisne do thabhairt ar thoil Dé do shábhálas sin ón uile pheiriacail? Gabhadh orainn do sciúrsaidhibh marbhthacha, marbhadh sinn nó tugadh ár sláinte dúinn, baineadh ár ndevótion dínn nó tugadh sé dúinne é, tráchtugheadh sin mar sgládhbhaidhaibh nó mar dhaoinibh saora, tugadh Dia céasadh nó sámhas dúinn; atámaoid a bpurt ár sábhála, acht amháin ó chroidhe agus ó inntinn a bheith réidh re toil Dé agus sinn féin do chur a n-oireamhain di san uile ní, agus ár dtoil féin do thréigean atá 'na fréimh agus 'na tobar an uile uilc againn, agus ar nách bhfuil feidhm eile acht gach ní dá ndearna Dia go maith ionnainn, agus do scríobh rena lámh féin in ár gcroidhe, do scrios agus do dhíbirt, agus cur a n-aghaidh a thola diadha go ró-mhíonáireach.” An 30 Caib. TRÁCHTAR ANNSO MODH AR A DTUGANN DIA A FHOIRM FÉIN AGUS 'GHNÉ DO MHÓRÁN d'ANMANNAIBH BEANNAIGHTHE NAOMHTHA MAILLE RE BEATHA DHIADHA. As aon toil do bheith ag duine le Dia, tig dó gné Dé agus beatha dhiadha do bheith aige. An mhórdhacht fhíornaomhtha úd, do líonas neamh agus talamh, dobheir 'ainm féin don druing thig dochum na foirbhtheacht so, ag rádh, ag Dáuídh, Psal.81: “Adubhairt mé gurab Déa sibh, agus clann an árdrígh uile.” Tigidh go maith ris so briathra Críost, ag Eoin c.17,
ag labhairt leis an Athair neamhdha agus ag rádh: “Gidhim go raibhadar uile ar aon toil mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus misi ionaibhsi, go raibh siad mar aon ionainn.” As cruaidh an cuibhreach so in ar mian re Críosd sin do bheith ceangailte dé, ní hé amháin go mbeithmís greamaighthe de, acht fós nách beith acht aon ní ionainn agus a nDia. Dothig an t-anam dochum na honóra rómhóire so an tan do thréigeas agus bhriseas a thoil féin, an méid gurab féideair a dhéanamh ar an saoghal so, agus do chuireas sí í féin re toil Dé. Agus ar ndéanamh neimhní mar sin dá thoil féin, éirghidh ós a cheann féin ar mhodh iongantach agus claochlaighthear í ina ttoil Dé, ionnas nách toil léith ní ar bith uaithe féin, acht gurab í toil Dé atá ag oibriughadh innte, amhail nách beith toil eile aige acht tol Dé amháin, rena bhfuil beo agus rena n-oibrigheann gach éinní ar mhódh, dar leat, nách ceangailte do thoil Dé atá sí acht gurab aon toil ria í, mar nách beith toil ar bith aige féin; di bhrígh nách mian réith éinní mar is mian ris na daoinibh acht mar is mian re Dia, dá ndearna iodhbairt dá toil féin, dá saoirsi agus dá beatha uile dá deoin féin, agus dá dtug í féin 'na sglábh níosa mhó ná dobhí S. Paulínus 'na sglábh ag an duine bharrbarrdha dá dtug é féin air son mic bhaintreabhaighe dá dheoin féin, ar son go raibhi 'na easbag, mar adeir S. Greigóir, lib.3, Dialog., c.1, mar nách beith toil aige. As é uair doníothar an claochlódh iongantach so, an tan fhéachas an t-anam ar na neithibh a bhaineas le glóir agus le honóir Dé amhail agus gurab é Dia féin dochífeadh, agus mheasas gurab iad san na neithe a bheanas ris féin go dílios; a n-aghaidh sin, féuchain ar gach ní bhainios ria féin, ní hé amháin mar neithe comhaightheach, acht fós amhail agus nách re duine ar bith iad; ar mhódh, gibé ar bith ní bheanas ria féin, mar atá sochar, clú nó onóir, nó sámhas corparrdha nó spioradálta, nách iarrann iad acht amhail nách beith sí féin ann, agus nách beith a leithéide sin ar an domhan, ag tabhairt aire do ghnáth do Dhia agus dá ghrádh, ag déanamh anois an ní mhairfeas tré bhithe síor a gcomhluadar na naomh agus na n-aingiol ar neamh. Go dtugaidh Dia, an tAthair trócaireach, tré luaighidheacht fola Íosa Críosd, dúinn toil Dé do dhéanamh agus do choimhlíonadh ar an talamh mar doníthar air neamh. Amen.
An 31 Caib. TRÁCHTAR ANNSO NA FOINN TEASAIGHTHE RENA DTIG DUINE DOCHUM FOIRBHTHEACHTA AGUS DOCHUM TOLA DÉ DO CHOIMHLÍONADH, AGUS AR NA NEITHIBH A BHROSDAIGHEAS AGUS SPORUS DOCHUM SIN DO DHÉANAMH É. Ag so an treas flaitheas, parthas agus críoch an uile fhoinn dá mbí ag searbhóntaidhibh dísle Dé; agus as iad as slightheacha dóibh chuige sin, mortificasion, glaine intinne, agus coimhlíonadh tola Dé, ar ar labhramar go so. Gidheadh, dochum teacht dochum na críche as mian re duine, ní lór dó an tslighe do thionsgnamh acht as éigein dol ar aghaidh innte. Uime sin is riachtanusach dó lón dochum beatha, cosa dochum siubhail, súile dochum radhairc, solus dochum gan dol ar seachrán san oidhche, nó má tá duine dall, as urus dó dol ar seachrán a slighe chaomhnata gan toirmeasg. Uime sin cuirfead teagasg geinerálta annso a bhéaras congnamh dúinn dochum dol ar ár n-aghaidh, a dhéanas an tslighe caomhanta dúinn ón uile pheiriacail agus ón uile thoirmeasg a theagmhus ár slighe. Roimhe an uile ní as cóir tionsgnamh le meanmna agus le croidhe uasal foirtill, agus le mian ádhbhalmhór dol ar ár n-aghaidh, óir mar adeir S. Auguistíne, trac, 56, in Joan., as iad sin cosa an anma re ttig dochum Dé. Dá bhrígh sin is cóir dúinn díthchioll do dhéanamh na foinn si do bheith beo ar lasadh, maille re meas mór do bheith againn ar thoil Dé agus ar sin féin do dhol ar ár n-aghaidh ina gcoimhlíonadh ós ceann an uile ní dá bhfuil san domhan, ós ceann an uile shólás, shámhus, agus onóra, ós ceann ár mbeatha dá mbeadh míle beatha againn; agus cuirmíd romhainn re tionscnamh teacht, agus measmaíd ó rún croidhe nách leor dúinn gach éinní do dhéanamh dochum taitneamh re Dia, acht déanam fós é ar son Dé go fírinneach maille re humhla agus re huirísle agus le dóchus mór a nDia, agus re fonn fearrdha teacht dochum foirbhtheachta oirdheirce. “Ní bhfuil lámh Dé arna gearrughadh,” Isa.,c.59, agus gibé nách déan an díthcheall sin, ní choimhlíonaidh toil Dé rér mian sinn do bheith naomhtha, 1 Thessal., c.4; agus gibé
atá naomhtha, naomhthar é níosa mhó, Apoc.,22, agus ná coisgeadh an fíréan a fhíréantacht féin do mhéadughadh. Adubhramar thuas mórán do réasúnaibh a ghluaiseas agus bhrostaigheas sinn chuige so; gidheadh, mar atá an ní róthábhachtach ann féin, cuirfeam annso réasún oile dár mbrosdughadh agus dár sporadh dochum ár n-anma do dhúiseacht óna leisgidh agus óna mímheisnidh agus óna dombuidheachas dofhulang dá Choimdhe, re a measann gurab lór di muna ndéana peactha troma nó marbhtha ina aghaidh, an tan ba chóir dó gan ní ar bith do léigean tarais in arbh fhéidir leis seirbhís do dhéanamh do Dhia nó 'bhuidheachas do thuilleamh. Ar tús, tugmaoid fá dear go grinn cia hé Dia an féin, méad a mhórrdhacht, agus cionnas, dá mbeith míle domhan ann, as fiú é grádh agus onóir d'fhagháil uatha, ar son a mhaitheasa féin théid ós ceann teangtha agus tuigsi, ar son a eagna, a uile chomhacht, agus gach foirbhtheacht oile dá bhfuil ann, gan tús gan deiriodh. An uile ní do mheasmaoid gurab mór an tseirbhís do Dhia a dhéanamh, arna chur i gcomórtas re maith an Choimdhe, dochífiom féin go follus gur róbheag é nó nách bhfuil acht nimhní ann. An dara huair. Tugadh an t-anam fá dear an tarcaisne, an masla, an bhochta, na riachtanais, na doilghis, agus fá dheoigh, an bás nimhneach do fhulaing Mac Dé ar son an duine agus ar a ghrádh, ionnas go mbeith grádh ag an duine ar agus go dtugadh a ghrádh agus a onóir don Athair neamhdha. Agus dochídhfe fós anso go soiléir gach ní dá ndearna nó dar fhuilaing, a ccomórtus na neithe bú chóir di do dhéanamh, nách bhfuil ionnta uile acht leanbaidheacht; agus, ó dobhí cúram comh mór agus sin ag Críost fá ár sláinte, nách mór an mhire dúinn féin gan cúram mór do bheith againn 'na thimchioll san uile aimsir? An treas ní. Tugmaoid fá dear an neabhurchóid, glaine na beatha, agus an fhoirbhtheacht as iomchubhaidh dúinn do bheith againn as aithne Dé, a aithnigheas dúinn gan aigheadh do thabhairt do na lochtaibh nó do pheacadh ar bith, acht a bheith ródhíthchiollach isna subháilcibh do réir na prímhaithne úd, ag Marc c.12: “Bíodh grádh agad ar do Thiaghearna Dia re
do chroidhe uile, réad th'anam uile, agus read h'intinn uile, agus re do neart uile”. Féachadh gach aon ar so go grinn; agus dochídhfe go follus, agus ní gan náire dó féin, cá fad atá ón fhoirbhtheacht so, agus cionnas nách déan an ní atá d'fhiachaibh air ón uile cheart. An ceathramhadh ní. Tugmaois in ár ccuimhne iliomad tíodhlaicthe Dé dúinn, agus gach grása corrparrdha agus spioradálta dá dtug dúinn, agus an grádh éagmais rena ttug dúinn iad, agus doghéabham go fírinneach nách bhfuil acht neimhní in gach buidheachas dá dtugmaoid dó ar a son; fós, gurab nár dúinn gan níosa mhó do dhéanamh ar son an tí tug na tíodhlaicthe sin dúinn. An cúigeadh ní. Osgail súile do chroidhe agus féach, an méad as féideair leat, ar an ghlóir shíorraidhe atá fá choinne na druinge do chlaoidheas iad féin agus doní deaghoibre. Smuainidh fós, dá mhéad foirbhtheacht dá mbí isna hoibrithibh, go mbiaidh an ghlóir agus an luaigheacht níosa mhó; agus tuigfe tú annsin go soiléir créad é laghad an tsaothair dorinnis a ccomórtas na luaigheachta móire sin, agus géabha tú meisneach dochum oibreacha na subháilce do chur i bhfreachnughadh. An seiseadh ní. Meas agad féin uaisle, onóir, agus sgéimh na subháilce innte féin; fós, an mhórdhacht, an mhaise, agus an dignid dobheir don anam; agus as sin tabhair tarcaisne ar thruaillightheacht ghránda an pheacaidh agus ar an ngráin truaillighthe chuireas ar gach aon dá ndéan é; agus annsin cuir romhad go foirtill fíorláidir, dámadh éigein duit bás d'fhagháil ris an saothar sin, slighe na subháilce do leanmhuin agus slighe na bpeacadh do sheachna agus do thréigean. An seachtmhadh ní. Cuir a ccomórtas re chéile beatha na seanathar agus naomh na hEaglaisi, a subháilcibh iongantach, an fonn dobhí orra 'ccuirp agus a cclaonta féin do chrádh agus do cheannsughadh, a n-úrnaighthe fhada agus a ngríomharthaibh oirdheirce, re do bheatha féin; agus as dearbh gomadh nár leat do dhobhéasa agus truaillightheacht do ghríomhartha agus do smuaintidhe. An t-ochtamhadh ní. Cuimhnigh ar iomad na bpeacadh gráineamhla dorinne tú in aghaidh Dé agus doghéabha tú nách ndearna tú lórghníomh iomlán in aon chuid díobh, agus
gurab mór an náire agus an míochlú duit gan adhradh agus onóir as mó ná sin do thabhairt dod Chruthaightheoir, nó nách ndearna tú díthcheall díolaidheacht do thabhairt dó ar son na honóra do bheanais de, an méid gur féidir leat é. An naoiamhadh ní. Foscail súile h'inntinne agus tabhair h'aire do iomad peiriacail agus cathaighthe an tsaoghail si, an diabhail, agus na colla, agus a liacht duine do mealladh leo. Déansa díthcheall, má tá ciall agat, tú féin do choimhéad orra, agus gach lá dá ttig, le freachnughadh uasal na subháilce, tú féin do neartughadh 'na n-aghaidh dochum teacht slán as an ccath gcruaidh sin. An deitheamh ní. Cuimhnigh le S. Ierom ar an mbreitheamhnas déidheanach a bhias cruaidh ceart, lán do bhaoghal agus d'eagla, ina mbainfe Dia cunndas géar dínn in ár ngníomharthaibh uile, agus ár lochta agus ár subháilce ár ccuideachta ag teacht ina fhiaghnaise dochum freagra do thabhairt ar son ár bpeacadh agus ar a' lórghníomh do rinneamar ionnta, agus ar an dombuidheachas dobhí againn ar an mbreithiomh ccéanna. Uime sin, muna bhfuil easbuidh céille orainn, cuirfeam romhainn ó so amach lórghníomh do dhéanamh, agus ní bhiaidh meas againn ar a ndearnamar go so, acht a rádh linn féin nách ttugamar díolaidheacht san chuid as lugha dár bhfiachaibh. An t-aonmhadh ní déag. Féachmaoid go grinn giorra agus díomhaoineas na beathadh so, síorraidheacht na beathadh oile, cinnteacht an bháis, neimhchinnteacht uaire an bháis, agus nách bhfuigheam aimsir aithrighe 'na dhiaigh; agus do ghéabham gurab díoghbhálach dúinn móimint den aimsir do chaitheamh go díomhaoin gan tarbha éigein do bhuain aisde. An tara ní déag. Tugmaíd fá dear na briartha so síos an duine naomhtha S. Uinsinsius, Opere de vita spirit., c.13, acc rádh: “Gibé ar bith modh ar a dtionsgna tú beatha mhaith ina céim ar bith, muna bhfuil fon ort dol ar d'aghaidh ina ccéim as áirde ná sin, ní bhfuil do fhundament agad acht andóchas agus uabhar, agus ní féidir gan námha agus mainneachtnaigh do bheith ceangailte de ó tá an dá locht sin ann, agus ní féidir gan iomad di lochtaibh spioradálta do bheith mar aon ris; agus más maith leat a bheith saor ó na lochtaibh sin, gibé ar bith beatha oile a thionnsgeónas tú, déana
díthchioll beatha as foirbhthe ná í do bheith agat.” Adeir S. Bearnard, ag labhairt ar an druing a bhíos friochnamhach ar tús agus 'na dhiaidh sin a bhíos mainneachtnach, ag meas gurab lór dóibh a bhfuil aca: “Uch, dámadh feas duit créid é a laghad atá agad, agus créid é a luas a chaillfir é, muna gcoimhéadaigh an té thug duit.” An tríomhadh ní déag. Smuainmís ar dhuibheagán ceartbhreatha Dé ar dhaoinibh aig a raibhi beatha bheannaighthe aimsir fhada, agus fá dheoidh, ar son peactha folaightheach nách dtugadar fá dear, gur léig Dia iad do thuiteam agus drochchríoch do theacht orra. Uime sin, ná bíodh aon duine comh dearmadach agus sin air féin, má tá ciall nó réasún aig, dá fheabhas beatha dá bhfuil aige, gan díthchioll do dhéanamh ar é féin do ghlanadh níosa mhó, é féin d'uirísliughadh níosa mhó, agus dol ar aghaidh níosa mhó nó dorinne gus an tan sin, ag ceartughadh a chlaonta, ag scrúdúghadh a choinsias, dochum é féin do cheangal le Dia níos daingne; agus bíodh ar a choimhéad go grinn gan ní ar bith do dhéanamh as a dtréigfeadh Dia fá dheoidh é. An ceathramhadh ní déag. Smuainmíd re creideamh daingean fírinneach truma agus síorraidheacht na bpian atá fá choinne na bpeacach a n-ifrinn, agus dochífiom, duadh, crádh agus piana an tsaoghail si, dá bhuaine dá mbeithdís, gurab éudtrom iad 'na bhfochair sin; fós gurab fonnmhar taitneamhach bu chóir dhúinn a n-iomchar, ionnas gurbh fhéidir linn sin féin do shaoradh ó na pianaibh síorraidhe agus dol ar ár n-aghaidh gach aon lá, dochum na peiriala, ar nách bhfuil leigheas, do sheachna. Dá dtugthaí do dhuine, ar ar tugadh breith báis, aimsear dochum neithe ar bith do dhéanamh re saorfaidh é féin ón phéin atá chuige, as dearbh, dá dhocamhla dá mbeith an ní ann féin, agus nách bhfuigheadh onóir ar bith oile ar a shon, nách léigfeadh de gan a dhéanamh. Uime sin is iomchubhaidh dúinne an uile dhíthcheall do dhéanamh gan tuiteam agus dochum sinn féin 'shaoradh ar an gcontabhairt atá do láthair againn, go speisialta an tan go bhfuigheam glóir agus onóir ar son a dhéanta. An cúigeadh ní déag. Gibé reir mian sólás, ciúnas, agus síothcháin do bheith aige, gan bhuaidhairt gan trioblóid, agus teacht dochum foirbhtheacht, cuireadh roimhe re rún
daingean toil dé do choimhlíonadh; agus muna ndéan sin, ní bhiaidh ciúnas intinne aige acht biaidh do ghnáth lán di bhuadhairt, ag fagháil bháis agus é beo, an feadh a bhias gráin aige ar chrádh an chuirp agus a bhias ag iarraidh socamhail dó go héigcríonna. Gidheadh, gibé chuireas roimhe foirbhtheacht na beatha spioradálta do leanmhuin, ní hé amháin nách gcuireann duadh, saothar, nó crádh an chuirp ar acht fós dogheibh fonn ionta agus sólás neamhdha lena ccois. As truagh an ní, agus as comhartha mímheisnigh, duine do bheith mainneachtnach, do bhrígh, gibé a bhíos amhlaidh, nách bíonn sólás ó Dhia nó ón tsaoghal aige, agus gurab mó an duadh agus an saothar bhíos fair nó ar an druing a bhíos teasaigh friochnamhach a seirbhís Dé. Fá dheoigh, tugmaois fá dear go díthcheallach gor órdaigh Dia aimsir chinne do gach aon mar as follus as an scrioptúir in ar cóir dó ní d'fhulang, é féin do chlaoi, agus saothar na subháilce do thuigsin. Agus gibé dodhéanas díthchioll seasmhach gus an aimsir sin, ag déanamh foiréigein fhearrdha air féin, doghéabha innsin congnamh ó láimh chomhachtaigh dhaonachtaigh Dé, agus na neithe ag déanamh socamhail dó, gidh gur mheas a mbeith docamhlach, agus a' déanamh slighe na foirbhtheachta réidh socair, ag tabhairt dortadh grás don anam, amhail agus dobheith dá thógbháil idair a lámhaibh féin, ar mhódh nách biaidh ní ar bith d'fheasbuidh air acht dol ar aghaidh go seasmhach ag breith buadha air féin, agus sin ar uairaibh le beagán aimsire. 'Na aghaidh sin teagmhaidh, di chionn gan duine do dhéanamh freachnaidh air féin ar feadh bliadhna nó míosa, nách ttig dochum na críche do hórdaigheadh dó ná chum na naomhthachta dobhí fána chomhair, agus an sólás dogheabhadh ar bheagán saothair, go gcailleann é; fós, ámh, ar son a bheith maineachtnach, gurab baoghal dó é féin do dhamnughadh go síorraidhe. An t-uirsgéal ar na tealenta, ag Matha,c.25, is cúis cheart é dochum eagla do chur orainn agus dochum meisnigh do thabhairt dúinn; do bhrígh, an tí nách dearna sochar ris an taleint a tugadh dó, do beanadh de í, agus do cuireadh i bpríosún dhorcha é, mar nách ndeairna tarbha ar bith ria; agus tugadh don tsearbhóntaigh fhírinneach í do bhain sochar as an
taleint dofuair roimhe sin. Mar sin a theagmhas go minic go mbainean Dia na grása tug do na daoinibh agus nách déanaid sochar leo acht bhíos fuar spadánta díobh, agus go dtugann iad do na daoinibh a bhíos friochnamhach díthchiollach a seirbhís Dé. Atáid na réasúin so daingean tábhachtach, má tugthar a meas féin orra agus 'smuaineadh go minic tromdha. Uime sin guidhim gach aon a léighfios iad a léaghadh arís, agus gach ponc díobh fá seach do thabhairt fá dear go grinn aireach, óir go bhfuil a bhrígh féin in gach aon phonc dhíobh dochum ár leisge agus ár spadántas do bhuain dhínn. Ní feas fós cia hé an croidhe dá chruidhe reir féidir seasadh ris na sé saighdibh déag tinntighe so gan teas agus lasair gráidh do ghabháil. An 32 Caib. SOMPLAIDHE AR AN BHFONN TEASAIGHE DO BHÍ AIR DHAOINIBH TOIL DÉ DO CHOIMHLÍONADH. d'éis na réasún sa, adubhramar go so, dár mbruideadh agus dár mbrostughadh dochum taitneamh reir Slánaightheoir agus dochum a naomhthola do choimhlíonadh re grádh éagmhais agus le friochnamh teasaighthe; anois, san ccaib. so, ionnas gurab móide doghéabhaid so fréamhach in ár gcroidhe, cuirfead somplaidhe oirdheirc síos ar dhaoinibh do lean an tslighe so ris an uile neart cuirp agus anma do thaitneamh re Dia, ionnas go leanmaois a sompla; do bhrígh gurab beag gach ní dá ndéanmaoid a ccomórtas a ndearnadarsan arna gluasacht ris na réasúnaibh adubhramar tuas, óir nír sheachnadar duadh ná saothar dochum tola Dé do choimhlíonadh. Dobhí Símon Stílites ceithre fichid bliadhan 'na sheasamh ar cholamhain chomhdhaingin, gan suidhe gan chodladh, faoi an aiér, re gaoith, re sneachta, agus re fearrthain, ag fulang fuachta agus teasa, agus gan biadh do fhromhadh acht aon uair san tseachtmhain. Dobhíodh ag urnaighthe d'oidhche agus do ló, agus do chlaonadh a chorp comh minic agus sin gur áirimh an searbhóntaidhe Teodoretus a n-aimsir aithghearr
míle dá chéad a ceathair agus a dá fhichiot, agus do áireómhadh níosa mhó acht go raibhi cortha dá n-áireamh. Agus do chromadh é féin go mbuaileadh a éadan ar an talamh, ní nárbh fhéideair do dhéanamh gan duadh rómhór do chur ar a chorpán seargaighe lag. Dobhí fós léine gharbh róinn óna cheann go a chosaibh fair; agus ar son gomadh leor do dhuine eile a samhail sin di léine do bheith air aon ló amháin, níor chuir an duine beannaighthe so de í tuilleadh agus ceithre fichid bliadhan do ló nó d'oidhche. Surius, to.1, 5 January. S. Iacob, ancaire, dobhí deich mbliadhna ina uaimh adhlaicthe, agus é beo, dochum na beatha síorraidhe do thuilleamhain; agus d'eagla saobhnós do chur ar Dhia, do chuir a lámh i lár na lasrach. Acc Surius, 28 January. Do chuir an manach Joannes é féin i gcuas chumhang chairrge, ag urnaighthe do shíor 'na sheasadh, agus ní cholladh acht an méid ba éigein dó mar sin. Ní fhromhadh fós biadh acht Corp Críost gacha Domhnach; agus do réir a mheasa féin bu bheag sin a ccomórtas na síorraidheachta. Ag Surius thuas. Ab beannaighthe darbh ainm Pacomius, dochum neithe éigein d'fhulang ar son Dé, do shiubhladh cosnochtaighe idir dhrisleach, agus an tan dothiaghadh mórán dealg ina chosaibh, do iomchradh é go foighideach fearrdha, lán do lúthgháire, ag cuimhniughadh go raibhi ár dTighearna ceangailte le tairrngeadha san ccroich. Banab dárbh ainm Sára, ar ghrádh Chríost do thréig an uile shólás saoghalta; dobhí trí fichid bliadhan ar bhruach srotha agus nír fhéach air ariamh. Pelagius, lib.7, n.19. Philoromus, sagart, do cheangail a chosa agus a lámha féin le slabhradh iarainn a n-uaimh thalmhan, ag guidhe Dé do ghnáth ó chroidhe. Pallad., hist. Lausiac., c.113. Zoerardus, ancaire, do chaitheadh an oidhche uile le hurnaighthe, agus cuas darach ba theagh dó; agus do chuir a lán do thairrngeadhaibh géara maide timchioll thart ar an gcus. Do chuir fonnsa daingean fána cheann féin agus ceithre clocha crochta as, ionnas, gibé ar bith taobh ar a léigfeadh a chorp nó a cheann curtha, go múisgeóladh na tairrngidh nó na clocha é, mar léighthear ina bheathaidh ag Maurus Boemus.
S. Guilielmus, diúce na Gascúinne, ón am do fhill ar Dhia, nír chuir a lúireach chruaidh iarnaidhe nó a chlogad dhé ariamh. Lipel., 10 Feb. Cruas beathadh agus piana na bannaoimhe Cristina, do sháraigh an uile iongantas, óir ní raibh ina beatha uile acht iongantas áidhbhéil. Dothéigheadh asteach ar uairibh i mbácús ar lasadh, uair eile faoi uisce ar a mbeith leac, uair eile do chrochadh í féin a ccroich, uair eile do cheangladh a corp uile do rotha na mbitheamhnach, uair eile doníodh sí í féin d'umhairt a ndealgaibh agus a ndreasaibh, ionnas nách bíodh a corp uile acht 'na éinchréacht. Acc Surius, 23 Junii. Créad adéaram anois re cruas beathadh na seanmhanach, ní dochondairc rena shúile féin S. Joannes Climacus, ar a labhrann mar so, in scala Paradisi, gradu 5. “Dochondairc mé drong do na daoinibh neamhurchóideacha so, ó neoin go maidin, gan cor do chur dá cois, faoi dhrúcht na haoidhche, ag troid go docamhlach ris an suan agus ris an nádúir, ionnas nách mór nách gclaoidhtí iad, do bhrígh nách ttugdís ciúnas ar bith dóibh féin; agus tairis sin, dobhídís dá ngearradh féin ris an masla agus re hathais fána laghad donídís. Drong eile ag féachain suas ar neamh, re gul agus re comharcaibh ag iarraidh furtacht as. Drong eile ag déanamh urnaighthe agus a lámha, amhail daoine coirtheacha ciorrthamacha, ceangailte ar a gcúl, agus a n-aghaidh re náire agus re tuirsi ar an talamh, ag mes narbh fhiú iad féin féachain ar neamh; ní lámhdaois labhairt nó aon fhocal do rádh, do ghuidhe ós aird, nó Dia d'ainmniughadh. Drong eile 'na suidhe ina sac ar luaithreamhán, agus a gcinn idir a nglúinibh, ag bualadh a n-éadain go minic ar an talamh; dream eile ag bualadh a n-ochta di ghnáth. dochídhfidh annsin go follus fírinneach briathra Dáuídh, Psal.37, dá ccoimhlíonadh: daoine dá gcéasadh agus dá gcromadh féin go nuige an bás, lán do thuirsi ar feadh an laoi, agus créachta a gcuirp ag loghadh drochbholadh, gan chúram ar bith aca a timchioll na colla. Ní chuimhnighdís ar bhiadh d'ithe agus do chuiradís a ndeora féin ar fud an uisce do ibhdís, agus luaith agus luaithreamhán dobhíodh mar arán aca. Dobhíodh a gcraicinn ceangailte dá ccnámhaibh agus iad seargthaighe mar fhéar thirm, Ps.101. Ní cluintí
uatha guth eile acht: “Truagh, truagh sin na daoine bochta;” agus arís: “As truagh sinn; as cóir, cóir; maith, Ó, maith dúinn, a Thighearna.” Dream eile: “Déan, déan trócaire.” Dream eile níos truaighe ná sin: “Maith dúinn, a Thighearna, maith dúinn más féidir trócaire do dhéanamh orainn.” Dream eile dá loscadh féin re teas na gréine. Dream eile dá gcéasadh féin re fuacht. Dream eile nách ibheadh den uisce acht gan bás d'fhagháil re tart. Dream eile, an tan do bhlaisdís arán, do theilgedís uatha é ag rádh nárbh fhiú iad biadha daonna do fhromhadh, d'éis a ndearnadar d'olc mar bheatheachibh brúideamhail. Dream eile ag a raibh a nglúine cruaidh, mar chraiceann camhaill, ó iomarcaidh glúinearacht; a súile caite, arna súghadh asdeach ina gceannaibh; a ngruaidhe loitte agus arna loscadh re teas na ndeor; a ngnúis agus a n-aghaidh seargthaidhe ó dheora, amhail dobheithdís d'éis bháis, nochtaigh, gorm, créachtach ó iomarca na ndorn agus na mbuille, ionnas gurab seilidhe fola do chuirdís as a n-ochtaibh. Ní raibh leabaidh aca dochum suain. Ní raibh ceist aca ar ghloine nó ar éadach in aghaidh an fhuacht; gach aon ní dá raibh d'éadach aca briste réabtha, lán do shalchar cnumh. Nír chomórtas rena bhfoidhid so agus rena bpianaibh buadhairt an diabhail ar dhuine, ná tuirsi mná fá bhás a haon mhic, ná daoine bochta ar deoraidheacht, ná piana na mbitheamhnach, tré mhéad an duadh' agus an tsaothair dobheirdís dá gcorp féin. Drong eile díobh ag guidhe Dé an galar mór do chur orra. Drong eile ag guidhe Dé galar éigin gráineamhail do chur orra. Drong eile ag guidhe Dé a n-ailt agus a gcnámha agus a bhféitheacha do chrapadh agus pairilis do thacht orra, ar acht a bheith saor ó phianaibh ifrinn.” Dogeibhthear san aimsir so fós daoine do lean lorg na seanmhanach re cruas crábhaidh agus aithrighe, mar atá na daoine beanaighthe Henricus Suso, Petrus de Alcantara d'órd S. Proinsias, Joannes de Cruce, Carmelít, Georgius Colebrant, Jesuit, agus mórán eile as gach aon órd riaghalta nách féidir a n-áireamh annso. Léigim taram labhairt ar na mairtíribh, gach ar fhuilaing siad d'eagla dol in aghaidh Dé, ar son gomadh éigein dóibh a mbeatha, a bhfuil, agus a bhfeoil do thabhairt ar a shon. S. Clemens, easpac Ansiranus, dobhí ar feadh ocht mbliadhan
fichiot ag fulang pian ró-uathbhásach. Do curthaoi meanadh dearg tríd a lámhaibh agus tríd a mhéaraibh go huilinn, clogad tinntighe ar a cheann. Do briseadh cnámha 'chuirp uile re clochaibh cruaidhe. Dobhí ceangailte do rotha agus é arna ghearradh le sciúrsadhibh, ionnas gomadh truaighe an t-amharc ris na gintleacha féin é, acc Surius, 23 Jan.; agus ar son go raibhi na piana mór, ba bheag leis iad ar son Dé. Measaid daoine an tsaoghail gurab comórtas rena mbás a saoirsi do chaill; gidheadh, S. Paulínus agus S. Serapion, ab, do reacadar iad féin mar sglábhuidhibh ar son Dé agus dochum taitneamh ris, agus do chaitheadar aimsear fhada san mhoghsaine sin ag fulang duadh agus saothair. Greg.,lib.3, Dialog.,c.1; Pall., Hist., c.83. Josaphat mar is follus as stair a bheathadh, agus mórán eile maille ris, do thréigeadar ríoghachta móra ar son Íosa Críost. An fonn ádhbhal dobhí orra taithneamh re Dia, do chuir d'fhiachaibh orra a sólás saoghalta, a saoirsi, a mbeatha, a n-onóir, agus a ríoghachta do thréigean, neithe lán do dhuadh agus do dhocamhal do ghabháil chúca, piana do shantughadh, sglábhaidhthe do dhéanamh díobh féin, lán do lúthgháire a dtarcaisne agus a n-anuaisle, ag fulang bochtacht dá ndeoin féin co nuige an bás. Nír ob na daoine beannaighthe si ní ar bith d'fhulang agus do dhéanamh ar son Dé; agus ní raibhi do chúram aca nó do stuidéar acht seirbhís do dhéanamh dó, ionnas gurab mó a d'fhuilaing siad agus dorinneadar ná dob éideair ris an nádúir daonna d'fhulang ná d'iomchar. Ar son go mb'fhéideir mórán sompla oirdheirc iongantach don tseórt sa do thabhairt anuas dochum solais; gidheadh, an teasghrádh dobhí ana gcroidhe, ní féidir aithris; agus, ag léigean móráin tharam, cuirfead anso síos an sómpla iongantach do fhágaibh an duine spioradálta againn, eadhón, Jacobus de Saura, ionnas go mbrosdaígheadh na daoine friochnamhach agus go gcuirfeadh náire ar gach mainneachtnach. Dobhí fuath ádhbhal ag an duine maith so ar a thoil féin agus ar a shaoirsi féin, agus re fonn toil Dé do choimhlíonadh dorinne íodhbairt de féin, agus do gheall go minic gan ní ar bith do dhéanamh acht do réir tola Dé. Gidheadh, ní hí mo chomhairle d'aon duine
aithris do dhéanamh ar an duine maith so gan féachain 'na thimpchioll go ró-aireach, do bhrígh go raibh ar lasadh có mór agus sin re grádh Dé nách raibh meas aige ar ní ar bith dá ndéanamh, muna dtréigeadh a thoil féin agus a shaoirsi go hiomlán. Uime sin tug móid an uile ní is mó dochífidh dó a bheith foirfe do dhéanamh, agus nír lór leis íodhbairt do dhéanamh dá anam, muna ndéanamh fós dá chorp í. Agus mar nárbh fhéidir leis an mhóid dorinne do sgríobh ina chroidhe, do ghearr a ucht féin ós ceann an chroidhe, agus do scríobh í rena fhuil féin. Dobhí an chneadh comh domhain agus sin nách mór nách ttigheadh go nuige an croidhe ann; agus tré neart grádha Dé doní an mhóid so d'athnuadhadh go minic. Acc so a foirm. “Trí ghrádh na Tríonóide neamhdha, Íosa, Muire, agus na naomh uile, dobheirim móid gurab mian liom teacht dochum na foirbhtheachta as mó as éidir leam. Ó, a mo Dhia, as feas duit an fonn atá agam agus cionnas atáim ag fagháil bháis dot ghrádh féin agus re mian fíorghlan seirbhís do dhéanamh duit. Ó, mo Dhia agus mo ghrádh féin, gabh chugat mé mar shearbhóntaidhe agus maith mo mhainneachtnaigh dam. Dobheirim fós móid gurab mian leam teacht dochum glaine na n-aingeal, agus nách bhfuil fonn agam ina ní ar bith acht ionat féin agus ar do shon féin, agus ní bhiaidh grádh agam ar ní ar bith acht ar mo Dhia; agus san uile ní nách biaidh peacadh ann, biaidh mé úmhal do mo uachtaránaibh, agus dodhéana mé a ttoil go fonnmhar friochnamhach, an méid gur féidir leam; agus gach ní dá ndéana mé nó dá laibheóra mé nó dá smuainfe mé nó ba mhian leam, go raibh uile dochum onóra na Tríonóide neamhdha, mo Thighearna Íosa, Muire, S. Ióseph, an t-athair naomhtha S. Ignasius, agus na cúirte neamhdha uile. Geallaim fós mo riaghla do choimhéad, agus gan peacadh dá laghad do dhéanamh go haireach; agus maille re grásaibh Dé dodhéanfad díthchioll a bheith di ghnáth a bhfreachnughadh grádh Dé agus mo thoil féin do thréigean, riar Dé do dhéanamh agus taitneamh ris, agus a thabhairt fá dear go bhfuil do láthair agam san uile áit.”
Ní bu leoir leis sin acht, mar dobhí ar lasadh le grádh Dé, tug móide eile, eadhón, maille le congnamh Dé an uile dhíthchioll do dhéanamh re hurnaighthe agus gach módh eile fá féidir leis a tharraing dochom Dé, mar atá, an uile pheacthach, págánach, agus eiriceach, dochom sláinte anma d'fhagháil dóibh, Dia do choimhéad na bhfíréan atá agus thiocfas go deiriodh an domhain; agus go mbiaidh réidh go láthamhail a chorp agus a anam, a fhuil agus a bheatha, a onóir agus 'chlú do thabhairt ar a shon. Gidheadh, ní raibh sásta ris so, tré mhéad an fhonn dobhí air lorg Mhic Dé do leanmhain, acht do athnuigh na móide sin agus do chuir cuing eile ar féin, gach gníomh as áirde agus as uaisle in gach aon subháilce do dhéanamh, mar atá umhla, macántas, tocht, bochtaine, geanmnaidheacht, glaine ainglidhe, riar, trócaire, déirc, foidhid, deaghthoil, neart, ceart, deuósion, crádhbhadh, buidheachas, urnaighthe, fiaghnaise Dé, mortificasion, carthannacht, fonn na n-anmann do shlánughadh etc., agus nách léigfeadh de gníomh subháilceach ar bith ba féidir leis gan a chur a bhfreachnughadh. Ag so, a léightheoir, an freachnughadh spisialta. Ag so an freachnughadh spioradálta. Ag so seirbhís do dhéanamh do Chríosd mar charaid ionmhain. Ag so a bheith 'na sharbhóntaidhe dhíleas. Ag so a bheith 'na mhac úmhal ag Dia agus grádh fírinneach do bheith ar Dhia. Is nár dúinne an tan dochímaoid daoine eile có díthcheallach agus so ag déanamh seirbhíse do Dhia agus sin féin fuar spadánta fallsa, amhail nách beith fiacha ar bith ag Íosa Críost orainn, nó nár fhulaing Críost bás ar ár son. Créad atámaoid do dhéanamh, nó an é ní as mian linn gan a bheith ár searbhóntaidhthe ag Dia nó gan a bheith á gcloinn aige, nó gan grádh ar son grádha do thabhairt d'Íosa Críost? Taisbéanmaoid so le gníomh di bhrígh nách gcuirmíd romhainn go daingean fírinneach seirbhís do dhéanamh dó, agus gurab anbhfann drochmheisneach do thionsgnamaoid. Ní huime scríobhthar so ionnas gomadh cóir do gach aon nduine a samhail so do chuing nó do cheangal do chur air féin, óir dobheith sin ró-éigcríonna; acht, gibé duine do bheith iomchubhaidh chuige, ná leanadh sé a bhreitheamhnas féin acht gabhadh comhairle óna athair spioradálta, dárab fios
a threorughadh, agus guidheadh féin Dia go dúthrachtach fán tslighe dhíreach do mhúnadh dó. Gach duine fós táinic dochum na foirbhtheachta móire so, dobhí daoine foghlamtha eolach dá stiúrughadh, dá bhfacas nár chóir srian do chur re freachnamh na subháilce dobhí ionnta agus ris na grásaibh dofuaradar ón Spiorad Naomh. Ag so amháin ba mhian leam do chur i gcéill do gach aon, an ní atá d'fhiachaibh orra ón uile dhlighiudh do dhéanamh, eadhón, lorg na naomh do leanmhain, an méid ba fhéidir leo; agus go ttugaidh Dia grása dóibh. An 33 Caib. TRÁCHTAR ANSO AN FUATH AGUS AN GHRÁIN AS CÓIR DO BHEITH AR AN BPEACADH MARBHTHACH, DI BHRÍGH GO BHFUIL IN AGHAIDH TOILE DÉ GO DÍREACH. An ruan daingean seasmhach dobhí ag naoimh an domhain toil Dé do choimhlíonadh san uile ní, foillsigh an fuath dobhí aca ar an bpeacadh, mar ní atá go díreach a n-aghaidh toil Dé; agus, ionnas gurab móide a tuigfidh gach ní dá ndubhramar, laibheóram anso ar thruma agus ar dhíoghbháil an pheactha, mar atá contrárdha do thoil Dé, ní as ar féidir le gach aon sochar do bhuain as; mar sgríobhthar ar S. Peadar, go raibhi ar feadh a bheathadh ag caoinadh an aon pheactha do rinne a n-aghaidh a Shlánaightheora, ionnas go m'fhéidir leis sásadh do thabhairt ar a shon. Atá an peacadh marbhtha óna nádúir féin a n-aghaidh an uile réasúin cheart, ionnas nách féideir a smuaineadh ní as contrárdha dó ná é; fós, gurab díoghbhálaigh agus gurab urchóidigh é don tí doní é ná ní ar bith eile, agus ná ifrionn féin, muna mbeith duine acht móimeint do ló san pheacadh. Atá gráin ag Dia agus ag na hainglibh air. Ní bhfuil olc i gcomórtas ris, agus ní bhfuil truaillightheacht agus míshéan as mó ná é. Acht, mo thruaghe, ar son go bhfuil so dimhin ceinne, ní bhíonn coimhne againn ar. An tan ba chóir dóibh crith agus uathbhás do bheith orra go bhfuighthí aon duine den chineadh
dhaonda do thuitfeadh ina chomh gráineamhail sin d'olc go ndéanamh peacadh a n-aghaidh Dé, agus ní hé amháin go ndéanaid é, acht dothéid siad a chodladh gan eagla, agus rún peactha aca. Gidheadh, ionnas go ngabhmaís fuath agus gráin ar an olc ródhíoghbhálach so, dobhéaradh congnamh rómhór dúinn na neithe so síos do thabhairt fá dear. Smuain, dá bhrígh sin, Ó, a dhuine, gráineamhalacht uilc an pheactha ann féin, a ccás nách beith toirmeasc ar bith ar agus nách beith ifrionn fána choinne. Do mheasadar na feallsamhain, ag nách raibh acht solus réasún nádúrtha, ar so neithe ar bith dá fheabhas, nár chóir aon pheacadh amháin do dhéanamh, dámadh éigean do dhuine bás d'fhulang; di bhrígh go bhfuil contrárdha don nádúir, do réasún, agus do dhignid an dhuine ar ar chuir Dia a íomháigh féin, agus ris an bpeacadh go ndéantar é cosamhail re hainmhidhe gan chéill, nó re capall nó le múille ag nách bhfuil tuigsi, Psal.48. Uime sin, lucht an pheactha do dhéanamh, iarraid uaigneas agus áit dorcha, do bhrígh gur náir leo a ngníomhartha féin. Agus atá an ghráin so a' pheactha comh mór sin go ndubhairt Anselmus, de Similitud., c.190, dá bhfaicadh gráin an pheactha do thaobh agus uathbhás ifrinn don taobh eile, agus gomadh éigean dó ceachtar díobh a ghabháil mar roghain, gurab taosga do theilgfeadh é féin go hifrionn ná dodhéanadh an peacadh; “óir dob fhearr leam”, ar sé, “dol go hifrionn glan ar pheacadh nó dol ar neamh re sal peacaidh, do bhrígh gurab follus nách bhfuil pian a n-ifrionn acht ar lochta nó glóir a bhflaithios acht ar son na ndeighníomh.” An peacadh marbhtha dobheir masla do Dhia féin; uime sin ní féidir olc as díoghbhálaighe ná é do smuaineadh. Measta méad gach masla as uirísle an té dobheir an masla uadh agus as onóraighe an tí dá dtugthar í. Acht cia thusa dobheir masla do Dhia mhór, má chuireann tú thú féin i gcomórtas ris an saoghal uile? An chruinne so i gcomórtas na bhflaithios, ní bhfuil an acht punc; agus na flaithis uile a ccomórtas Dé, ní bhfuil inta acht neibhní. Cia hé Dia dá dtug tú masla? Atá, an Tighearna uilechomhachtach, a chuireas critheadh ar uaithneadhaibh nimhe agus bhíos lán d'eagla ina fhiaghnuise, Iob, 26 c., agus dá gcromaid colamhain na cruinne, Iob, c.9, an mhórdhacht, an mhaith, an eagna, nó comhachta gan foircheann. Anois, má tá tusa comh tarcaisneach sin nách bhfuil
acht nimhní ionad a ccomórtas na cruinne talmhaidhe, agus Dia comh mór agus atá, as follus nach féideair do smuaineadh masla as mó nó tarcaisne ar bith do thabhairt dó. Ó, a dhuine, an masla dobheir tú do Dhia ris an bpeacadh, ní masla mar gach masla í; acht an méid gurab féideair leat, bainidh tú a bheatha agus a onóir de agus cuiridh tú ar nimhní é, mar adeir S. Bernard, ser.3, de Resurrec.: “An tan doní toil díleas an duine an peacadh, an méid gurab féidir leis, marbhaidh Dia, óir ba mhian leis gan comhachta do bheith aige díoghaltas do dhéanamh isna peacaidhibh ná a mbeith' na n-ainbhfios air; agus mar sin as mian leis gan bheith' na Dhia, an méid gur féidir leis, óir ba mhian leis é a bheith neamhchomhachtach, nó bheith éigceart nó ainbhfiosach. Cá bhfuil olc as gráineamhla ná so, rer mian a chomhachta, a eagna, agus a cheart do bhuain do Dhia”? Féach créad dorinne an peacadh ar na hainglibh, na créatúirí as uaisle ar bith, agus chruthaigh Dia ar neamh, agus dá dtug mórán tíodhlactha ós ceann na nádúire; acht ar ndéanamh aon pheactha amháin mharbhtha le smuaineadh dóibh, do chailleadar na tíodhlaicthe so uile agus do tleigeadh go hifrionn iad, agus dorinneadh deamhain díobh. As éigean gurab olc mór ró-uathbhásach an ní do chuir an chríoch sin go hobann ar chréatúiridhibh ró-uaisle. Dá bhfaictheá míle rígh dá gcur i gcroich a n-éinacht, níorbh fhéidir leat a mheas nách coir ró-uathbhásach ghráineamhail dorinneadar, as nách dearnadh grása ar aon díobh; gidheadh, ní comórtas sin le huimhir do-áirmhe do spioradaibh ró-uaisle le dhamnughadh, a raibh gach aon díobh níos comhachtaigh agus níos neartmhaire nó míle impire. Dá mbeith loch rómhór agat lán do mhil, agus go ndéanamh aon bhraon domblais do thuiteadh an searbh é uile, ní féideair nách mór an bhrígh dobheith ag an mbraon sin. Mar sin, ar dtuiteam aon bhraon peactha ar na haingilibh, do ghluais fearg Dé comh mór agus sin 'na n-aghaidh gur bhain díobh na tíodhlacthe móra tug dóibh agus gur chuir a bpianta síorraidhe iad. As deimhin gurab mór an bhrígh dobhí san bpeacadh do leag na crainn árda so dobhí curtha i dtigh an Tighearna, Psal.91, agus dobhí a sólás parrthais Dé, Ezechiel, c.28, an tan do bhain as a bhfréamhaibh le haon bhuille amháin iad.
Ádhmha, ár gcéadathair, dá dtug Dia tíodhlaicthe móra nádúrtha agus grása dó, ceann agus prionnsa an chinidh daonda, ar ndéanamh aon pheactha craois dó, do chaill na grása, an fíréantas, agus gach tíodhlacthe eile dá raibh aige san stáid bheannaighthe ina raibh, agus do díbreadh re heasonóir as parrthas é dochum deoraigheachta síorraidhe, agus do damnaigheadh é féin agus a shliocht 'na dhiaidh dochum báis cuirp agus anma agus dochum iolomad bochtacht eile. Ionnas nách bhfuil olc san gcruinne nách é pian an pheactha so é; agus as a ttig galair, cogadh agus pláigh, tuirsi agus bás daoine an domhain nách féidir a gcuntas; ionnas gur thuill aon pheacadh marbhtha, ní hé amháin bás aon nduine acht bás míle millión. Smuain aon uladh cnámh a bhfuair bás ariamh agus a bhfuighidh bás go deiriodh an domhain; Ó, a Dhia íodhain, ná mór an t-ár é? Gidheadh, bás na gcorp a gcomórdús bháis na n-anmann, ní fhuil acht scáile dhorcha ann, óir do mharbh an peacadh so a rugadh do chloinn Ádhaimh i bpeacadh na sinsear. Anois, nách duine ar mire reir mian an nimh so d'ibhe? Do dhíoghal Dia comh cruaidh agus sin peacadh na n-aingeal agus Ádhaimh, ar son nách raibheadar comh trom ris na peacaí donímíd anois. Ní fhacai siad fuil Mhic Dé arna dortadh ar a son, agus mar sin níor pheacaighdar in aghaidh Dé d'éis uirid oibliogáide do chur orra agus do chuir orainne; níor pheacaighdar a n-aghaidh Dé dorinne aingeal de féin ar a son, nó do dhoirt braon dá fhuil dá shlánughadh, nó do fhuilaing masla agus bás ar a son. Dá bhrígh sin as truime na peacaidh do nímaoine ná a peacasion, óir donímíd iad a n-aghaidh Dé dorinne duine de féin ar ár son, d'fhuilaing bás ar air son, agus tug é féin mar bhiadh dúinn. Ní gan ádhbhar adubhairt S. Agustíne: “A Thighearna, gibé nách déan seirbhís duit ar son gur chruthaigh tú é, do thuill sé ifrionn; agus gibé nách déan seirbhís duit ar son gur cheannaigh tú é, ba chóir ifrionn nua do dhéanamh dó.” Dá mbeith an peaca an féin gan bheith comh díoghbhálach agus adubhramar, ba mhór an dombuidheachas a dhéanamh in aghaidh fola Críost, agus do thuillfeadh sé míle bás. Dá mbaintaoi a lámh do bhodach agus go ngéabhadh rí comhachtach truaighe dó, agus nách bhfuigheadh modh eile ar a leighios acht a lámh do bhuain de féin ionnas go mbeith a
dhá láimh ag an óglach, cia déaradh nách trócaireach maith an rí sin? Agus as mór an buidheachas bo chóir don óglach do thabhairt dó. Acht dá dteagmhadh 'na dhiaidh sin go dtóigeóbhadh an fear céanna an lámh sin a n-aghaidh an rí, nó go mbuailfeadh é ria, cia déaradh nár ghníomh gráineamhail sin? Smuaineadh gach aon aige féin an phian ba chóir do thabhairt don chladhaire sin. Gidheadh, ní comórtas sin le trócaire Dé orainne agus reir ndombuidheachas ar. Ní haon lámh amháin do chailleamar acht beatha air gcuirp agus ár n-anma go hiomlán, an tan tug Críost ní haon lámh amháin tug dúinn acht a chorp uile agus a bheatha, as uaisle nó neamh agus talamh, agus sin dochum ár slánaighthe agus dochum beatha síorraidhe do thabhairt dúinn, mar adeir féin ag Eoin san treas chaib. Ar a shon sin atámaoidne gráineamhuil comh dombuidheach agus sin gur lina thíodhlaicthe féin do chuirmíd saobhnós air, ní hé amháin le ár lámhaibh agus re ár gcroidhe acht fós re beatha ár gcuirp agus ár gcreidimh, do cheannaigh dúinn ar a bhás féin, ag déanamh peaca leo as andóchus a mórthrócaire Dé agus a fhoidhide. Créid é an ghné dombuidheachais so? Créad é an modh uilc agus mailísi nách féideair do thuigsin? Agus créad nách bhfaghmaoíd bás do náire agus do thuirsi fá fheirg do chur ar Dhia comh maith agus comh trócaireach agus sin? Nách truaillighthe an lucht feille sinn? Nách mór fós mailís an pheaca a thuilleas pian síorraidhe? Ar son gurab é Dia an mhórmhillseacht agus an cheannsaigheacht, fuilngidh na créatúirí, do chruthaigh sé féin, do bheith dá losgadh i ttinidh shíorraidhe gan truaighe ar bith do dhéanamh dóibh; agus ní has easbuidh maitheasa ná trócaire Dé tig sin acht as méad mailísi an pheaca. As deimhin leam go mbeith truaighe ort dá bhfaictheá ní hé amháin duine acht fós gadhar dá losgadh a ttine aoil ar feadh leathuaire. Gidheadh, atá olc an pheaca comh mór sin go gcuireann toirmeasg ar mhórthrócaire Dé do na daoinibh, ionnas nách gluaistear é re faicsin a chréatúire féin dá losgadh go síorraidhe a n-ifrionn, agus na piana so ifrinn níos éattruime ná do thuill na peacaidh. As mó an t-uathbhás ná sin uile Mac Dé d'fhulang báis ar son an pheaca nách ndearna sé. Ó, gráineamhlacht an uilc tug a shamhail so do bhail ar an maith gan foirchionn agus ar an
neamhurchóid Íosa Críost. Dá bhfaicmís rí rócheart róthrócaireach ag cur a aon mhic dochum báis róthruaillighthe go puiblighe, agus ag fiafraidh créad í an choir ghránda dorinne as a ttugadh a shamhail sin do bhás dó, agus go n-aibeóradh duine linn nách ndearna mac an rígh olc ar bith acht gurab ar son uilc duine eile do cuireadh chum báis é; créad é an meas dobheith againn ar an gcoir sin, agus an bhfuil duine ar bith nách mbeith gráin aige ar an gcoir chéadna? Uime sin, créad é an crith croidhe as cóir dúinn do bheith orainn fá mar do dhoirt Íosa Críost a fhuil féin ar son ár bpeacaí? Agus féachmaoíd an beag an choir cionfátha báis do thabhairt dó. Féach anois agus tabhair do aire go grinn a' claochlódh doní an peaca ar an duine. Doní sé do charaid Dé, a námhaid; do mhac Dé, searbhóntaidhe an diabhail; d'oighre nimhe, oighre ifrinn. Gibé doní peaca marbhtha, caillidh a cheart dochom na glóire síorraidhe. Caillidh na grása agus sochar gach deighoibre dá ndearna nó dá ndéanfadh, an feadh a bhias san staid sin, do bhrígh gur námhaid do Dhia é ag a bhfuil fuath comh ádhbhal agus sin ar an bpeaca, ionnas gurab fíor adubhairt Ludouicus Blosius, in Monil. spirituali, c.1: “Dá ndéanamh an óighe do ghin Mac Dé aon pheaca amháin marbhtha, agus go bhfuigheadh bás gan aithrighe do dhéanamh ar a shon, go gcaillfeadh a cuid do ríoghacht nimhe agus dobheith pianadh go síorraidhe a bhfochair dhiabhal ifrinn.” An Tighearna úd atá 'na árdmhaith agus bheathaigheas agus fhéachas ar na beathadhachaibh brúideamhla, ní fhéachann ar an bpeacach trí ghráin an pheaca. As mallaighthe an toradh so an pheacadh do bheir ar Dhia agus ar na hainglibh gan féachain ar an duine, ar doirteadh fuil Chríost ar a shon, agus go bhféachaid ar an nathair nimhe; ionnas gurab gráineamhla é ná madra marbh d'éis a bheith lobhtha. Créid í an mhaith duit sgéimh agus sláinte chorpardha do bheith agat más truaillighthe gráince tú ná tód nimhe, ná fós mórán do dheamhnaibh uathbhásach? Fá dheoigh, créad é an ní a mbiaidh gráin agad air, muna raibh gráin agad ar so doní an peaca duit? Ní dhéin ní ar bith dochar dúinn acht an peaca amhain. Uime sin adubhairt S. Crisostum, to.5, Disertat. singulari et luculenta, nách déan ní ar bith olc don duine
acht é féin; do bhrígh, má sheachnann duine an peaca, doní sé rena thoil féin, nách ádhbhar eagla dó ní ar bith eile. An modh ar a ndéantar an peaca, as mór mhéadaigheas a mhailís; óir ní haon uair acht go minic do chuirmíd fearg ar Dhia, agus gach uair do mhaith ar bpeacaídh dúinn do thuiteamar ionnta arís, agus do chuireamar peaca ar muin peaca dár ndeoin féin, amhail nách beith do bhrígh ann acht uirid le bolgam uisge d'ól; agus sin i bhfiadhnaise Dé nár chuir saobhnós ort ariamh, mar ba holc leat gur fhuilaing bás ar do shon; agus ní le ní ar bith eile donímíd an peacadh acht ris na tíodhlaicthibh dofuaramar ó Dhia; fós, ní dochum taitneamh re dia oile acht re daoinibh agus ris an diabhal, agus dochum sásadh do thabhairt dár gclaonta truaillighthe féin; ní ar son ríogheacht nimhe acht docham a caill; ní a n-aghaidh rí talmhaidhe acht a n-aghaidh an rí síorraidhe. Dámadh págánach tú dobheith leiscéal éigin agat, acht mar as críostaigh tú ní bhfuil leiscéal ar bith agad. Joseph, Genesi, c.19, agus Susanna, Daniel, c.13, roimhe Críost do theacht a gcolann daonna, do ghabhadar do roghain bás d'fhulang níos luathe nó dobhéirdís a ttol dochom peaca na colla do dhéanamh. Féach 'nois, a dhuine, créad as cóir duit do dhéanamh dochum an pheaca do sheachna. Bás d'fhulang, as cuma créid é; agus do fhulaing Críost bás ar tús ar do shonsa agus dochum nách déantá peacadh. Agus créad é an ní beatha an chuirp do chaill ar bheatha an anma do choimhéad? As so gabh fuath agus gráin ar an bpeaca ós cean an uile ní; agus gabh ruan seasmhach, síorraidhe, daingean, bás d'fhagháil ar tús sul do chuirfea fearg ar Dhia. Cuirfemaoid anso ní éigin ar leighios an pheacaidh, ionnas go bhfaicmís go follus as riachtanasacht an leighis méad agus truime an uilc. Dobhí an peacadh comh doleighiosta agus sin nár lór ní ar bith dá fhóirithin acht fuil aoin Mhic Dé, ar mhodh nárbh fhéidir sásadh do thabhairt ar son aon pheacaidh amháin le luach ba lugha ná sin; agus as sin a thuigmíd méad uilc an pheacai, an tan nár fhóir leighios ar bith eile dó. Tugthar brígh an leighis so dúinn isna sacramentibh beannaighthe, nách féidir linn do ghlacadh gan grása Dé do bheith ag congnamh linn. Atá ar ár gcumas an peaca do dhéanamh; gidheadh, ní bhfuil ar ár gcumas éirghe as gan congnamh Dé. Cia hé an duine a thleigfeadh é féin a bpoll domhain agus nárbh fhéidir ris teacht as? Nó cia
chuirfeadh é féin i bpríosún chumhang agus dobhéaradh an eochair do dhuine eile? An peaca, tair a bhfuil do mhórolc agus do mhailís ann, ní féidir a leigheas acht le fuil Críost agus le trócaire Dé, atá réidh san uile aimsir dochum maitheamhnas do thabhairt dúinn, má bhíonn fíoraithreachas againn in ár bpeacadhaibh; gidheadh, mar nach leór leighios do chur ar na peacadhaibh dorinneamar acht fós na peacaí atá chugainn do sheachna, ag so síos leighios chuige sin. An chéad leigheas. Sacrament na haithrighe agus Cuirp Chríost do thathaidh, ar son nách mbeith coinsias peacai mharbhtha aige duine, do bhrígh go neartaidhionn tathaidh na sacrament so an t-anam dochum na gcathaidh do chlaoi. Atá an módh so rótharbhach dochum grása Dé do choimhéad. Gibé ag a bhfuil rún daingean gan peacadh do dhéanamh, nár bu lór leis sin; gabhadh módh iomchubhaidh dochum a sheachna. Más mian leat dol don Róimh, ní lór duit rún do bheith agad sin do dhéanamh acht caithfe tú an tslighe do thionscamh; óir an uile dhuine reir mian teacht dochum críche ar bith, is éigein dó an tslighe dochum na críche sin do ghabháil. An tslighe dochum an pheacai do sheachna, tathaighe na sacramente beannaighthe; agus gibé doní mainneachtnaigh don tslighe so, is baoghal dhó. An dara leigheas. Siocra na bpeacadh agus díomhaoineas an tsaoghail do sheachna; óir go bhfuil ár neart agus ár mbrígh comh anbhfann lag agus sin gur baoghal dúinn muna seachnam ócáideacha na bpeaca. Agus ní amháin an cuidiughadh agus na slighthe, atá againn dochum grása Dé do choimhéad, as cóir dúinn do thathaighe, acht fós gach ní, do chuirfeadh toirmeasg orainn, do sheachna, mar atá comhgháir an tsaoghail, díomhaoineas, sógh, antoil, fonn onóra, saint, agus grádh na colla. Gibé reir cruaidh nó reir docamhlach iad so, gidhim é, féachadh ar mhéad an uilc as mian leis do leigheas, ar dhochar agus ar thruailligheacht an pheacai mharbhtha, agus ar mhéad na mailíse atá ann; ionnas, dochum aon pheacai amháin mharbhtha do sheachna, gomadh cóir do dhuine ríoghacht an domhain, ór na cruinne, a shólás, agus a anam féin do thabhairt uadh níos luaithe nó do dhéanamh an peaca, a ccás go maithfí a ccéadóir dó é. Cuireadh an duine fós a ccéill dó féin, le
díthchioll gan mórán saothair, gurab féidir ris an peacadh do sheachna, ag smuaineadh do ghnáth gurab ní gráineamhail é atá in aghaidh Dé, fola Íosa Críost, anma an duine féin, agus réasúin nádúrtha. An treas leigheas. Urnaighthe agus léighthóracht sporadálta; óir ris an urnaighthe dogheibhmíd grása ó Dhia, agus ria féin agus le smuaintibh maitha dogheibhmíd eolas ar na neithibh síorraidhe; do bhrígh gurab é tobar agus fréamh an uile uilc dhúinn gan na neithe do thabhairt fá dear mar as cóir, mar adeir Ieremias, c.12: “Atá an talamh arna scrios do bhrígh nách smuaineann aon duine air.” Cia an duine do thuigfeadh créid é an peaca nách beith crith croidhe ar fá go ndearna an peaca ariamh; nó nách beith uathfás air, ag smuaineadh go m'fhéidir leis peacadh do dhéanamh? Léighthóracht na leabhar spioradálta, nochtaigh dúinn an fhírinne, an pheiriacail agus na cealga atá romhainn, agus cuidighidh ris na smuaintibh maithe. Teagmhaidh ar uairibh gan sin do bheith iomchubhaidh dochum úrnaighthe agus a bheith iomchubhaidh dochum léighthóracht, agus an ní nárbh fhéidir linn d'fhagháil rer ndíthcheall féin, go bhfaghmaoíd é as léighthóracht na n-ughdar. An ceathramh leighios. Díthcheall do dhéanamh na peacaí sologhtha do sheachna; agus ris sin ní thuitfe go huras isna peacaíbh marbhtha, do bhrígh go ndéan an peaca sologhtha slighe don pheaca mharbhtha, mar doní an tinneas don mbás. Agus gibé chuirfeas eagla Dé do leathtaobh ina neithibh beaga, dobhéar tarcaisne uire ar bheagán agus ar bheagán ina neithibh móra; óir leanaidh gach aon doní thaithnigheas ris, agus mar nách gcuireann é féin re toil Dé isna neithibh beaga, an tan dogheibh ócáid doní mar an ccéadna ris na neithibh móra ba chóir do sheachna. An cúigeamh leigheas. Ní éigin do dhéanamh go laothamhail ós ceann na bhfiach atá ort, ionnas nách ba leor le duine aitheanta Dé do choimhéad, atá 'na riachtanas ar an uile dhuine dochum a shlánaighthe, acht deaghoibre éigin do dhéanamh nach bhfuil a d'fhiachaibh ort. Atáid diadhairí foghlama adeir: “Gibé ag a mbí rún na haitheanta amháin do choimhéad agus gan deaghoibre ar bith eile do dhéanamh, go bhfuil a mbaoghal
a shlánaighthe ón pheiriacail a gcuireann é féin peacadh marbhtha do dhéanamh.” An seiseadh leighios. Cómhairle an Spiorad Naoimh, Ecclesiasticus, c.7: “Cuimhnigh ar do chríochaibh déigheanacha agus ní dhéana tú peaca go bráth.” Dá mairmís go síorraidhe, atá mailís an pheacaidh comh mór agus sin, ar mhíle domhan nár chóir dúinn a dhéanamh. Gidheadh, ós dearbh dúinn bás d'fhagháil, nách mór an mhire dúinn ualach comh trom agus sin do chur orainn, eadhón, an peaca? Gibé do thuigfeadh go bhfuigheadh bás gan mhaill ar ndéanamh a pheacai, dá mbeith ciall aige, ní chuirfeadh an tsíorraidheacht a ccontabhairt. Do gheibh mórán bás obann; as féidir an ní céanna do theagmháil duitsi. As féideair an bás do thacht ort ag déanamh an pheacai dhuit agus gan uain athrighe do thabhairt duit. Créad do dhéantar leat annsin, a bhochtáin? As feas duit go dtárla so do dhaoinibh. An bhfuil tusa saor ón chás chéanna? Adéara tú: “As féidir gan an cás sin do theagmháil dhamhsa.” Dúbhairt gach duine dá dtárla é an ní céadna. As deimhin gurab féideair dó theagmháil duitsi; agus má theagmhann, as tú duine as dona do na daoinibh. Ní ní mar sin an tsíorraidheacht bú chóir do chur a ccontabhairt. Féach ar do chorp a bhias 'na bhiadh cnumh; an ar son a thoil thruaillighthe do thabhairt dó a chrochas tú Críost arís, agus theilgeas tú thú féin go hifrionn? Dobheir fós cuimhne an bháis orainn gráin do bheith againn ar an bpeaca. Má tá bás an chuirp ní is uathbhásaidh nó gach ní, mar adeir Aristotle, lib.3, Ethic., c.6, créad é an t-uathbhás bás an anma, eadhón, an peacadh? As córa an t-anam do mheas a bheith marbh, iar gcailleamhain grása Dé, iná an corp, iar gcailleamhain an anma. Cuimhne an bhreitheamhnais dhéidheanaigh, cia ar nách ccuirfeadh eagla peaca do dhéanamh, an tan as éigean dúinn san ló uathbhásach úd cunntas do thabhairt don tí ar ar chuireamar fearg, agus béara Dia breitheamhnas orainn anso do réir mar thugamar breith ar an tsaoghal sa? Ris an bpeaca marbhtha thugamar breith báis ar Chríost ár dTighearna, agus ní amháin gur chuireamar Barabas roimhe acht mar an gcéanna Luisifer. An féidir ní nías gráineamhla agus as míchubhaidh nó so d'fhaigháil? Créad í an freagra bhéara tú an tan a chuirfidhear id haghaidh an grádh éagmhais ba chóir duit do bheith
agat ar Dhia, ar son gach móirthíodhlaicthe dá ttug duit, ar son fola aon Mhic Dé, ar a ttug tú tarcaisne dochum seirbhíse do dhéanamh don diabhal? Ó, mo thruaighe, a' críostaigh, a ngeall ar thaitneamh ris an diabhal, ag crochadh an athuair an tí fhulaing bás croiche ar a shon; mar adeir Pól ad Heb., c.10, ag tabhairt tarcuisne ar Mhac Dé agus ag tabhairt onóra dá námhaid atá ag iarraidh a dhamnúghadh go síorraidhe, agus an fhuil dhiadha, mar ní tarcuisneach, do chur a nimbrígh. Nách ádhbhar eagla dúinn iad so, ag teacht do láthair an bhreitheaimh chruaidh cheart dá ttugamar tarcaisne? Cuimhne pian ifrinn - ádhbhar crithnuighthe croidhe, ar son gurab troma aon pheaca marbhtha ná míle ifrionn, ionnas gomadh córa do dhuine piana síorraidhe d'fhulang nó aon pheaca marbhtha amháin do dhéanamh, agus nó a thoil do thabhairt chuige. An beag an t-olc as mó ná piana síorraidhe? As dona agus as mó do thruaighe an tí a thruailligheas a anam féin re haon pheaca marbhtha nó dá mbeith diabhail ifrinn uile ina chorp, agus go mbeith gach aon diabhal díobh dá phianadh ris na tintibh re bhfuilid na hanmanna damanta uile dá céasadh. Ó, a dhaille iongantach na ndaoine ar an saoghal so, nách dtugan fá dear méad na ndochar so; agus mar nách dtugaid fá deár mailís an pheacai, ní smuainid ar olc na péine. Ó, a dhuine, an lámhthá piana ifrinn d'fhulang ar feadh aon uaire amháin? Agus mar sin cionnas do chuireas tú thú féin a gcontabhairt a bhfulang go síorraidhe? Ní féideair leat tineas géar fiacal nó dubhán d'fhulang go foighideach aon lá amháin, cionnas as mian leat an uile olc d'fhulang an feadh a bhias Dia 'na Dhia? Bíodh a fhios agad, an mhuintear atá dá losgadh anois a n-oifrinn, gur mheasadar uair éigin nách tiocfaidís féin chum na críche sin, agus as an meas sin go ndearnadar an peaca; agus anois dochíd gurab olc do mealladh iad. Atá agad, maille le trócaire Dé, aimsir na peacaidh a rinne tú do chaoineadh, agus gan peaca eile do dhéanamh. Uch, créad í an díoghbháil duine dá mhealladh féin san tsíorraidheacht? Guidhim thú, osgail do shúile. Atá mórán dá bpianadh 'n-ifrionn ar son aoin pheacai; do pheacaidh tusa go minic agus ní bhfuil eagla ort. Ní huaisle tú ná na haingil; ar
a shon sin, ar son aon pheacaidh amháin, dorinneadh diabhal do Lucifer agus biaidh mar sin tré bhith síor. Ó, an bhfuil míshéan as mó ná gan duine do theacht go bráth dochum na críche dochum ar cruthaigheadh é, agus gan dóthas aige a theacht chuice? As mór do chuireas ar dhuine cnáimh do chur as alt aige; as mó ná sin gan chomórtas doilgheas an anma a bhíos dá phianadh go síorraidhe, scartha rena chrích féin. Dá mbeith gan d'olc san bpeaca acht sin amháin, nó a n-ifrionn, ba mhór an t-ádhbhar uathbháis é. Ba tharbhach do dhuine smuaineadh ar an ghlóir agus ar an séan síorraidhe chailleas ris an bpeaca. Dá mbeith ór an domhain agus a bhfuil do shaidhbhrios ann ag aon duine, agus go sluigfeadh an talamh iad uile a n-aoinfheacht, meas créid í an díoghbháil dobheith do dhuine shanntach go speisialta an saidhbrios sin do chailleamhain. Acht créad é a laghad sin a ccomórtas shaidhbhris neimhe a chailleas duine dá dheoin féin? Dá bhfaghmaoís duine 'na rígh ar maidin agus um neoin gan éadach uime do chuirfeadh fána chorp, do mheasfamaoís gurab olc an chineamhain dobheith aige. Gidheadh, as mó ná sin duine d'fhaicsin ar maidin 'na oighre ar ríoghacht nimhe agus, idir sin agus an oidhche, ó bheith 'na mhac ag Dia, go ndearna sglábhaidhe an diabhail de féin. Ó, a mhire éigcéillidhe na ndaoine! ionnas as féidir a fhoillsiughadh le briathraibh go gcaillfeadh duine, ar son antola truaillighthe ar feadh móiminte, an sólás síorraidhe? An fios duit, a dhuine, créad do chailleas tú an tan doní tú peaca marbhtha? Ríoghacht a chailleas tú; a bheith do mhac ag Dia féin, agus an uile shólás a chailleas tú. An bhfuil ciall agat, a dhuine; nó an bhfuil fuath agat ort féin? An éudóchas atá ort, nó nár chaill tú do mheisneacht? Cuimhnigh ort féin, agus féach an mhaith atá fád chomhair má bhíonn tú díleas as do Thighearna Íosa Críost. Féach ar an bhfuil uasail do dhoirt sé dochom ríoghachta saidhbhre síorraidhe do thabhairt duit. Cuidiúghadh mór chuige so, gach deaghobair dá ndéana tú a ofráil do Dhia le hintinn gan a léigean duit tuiteam in aon pheaca agus do shaoradh uatha fá chéadóir, coimhéad grinn do bheith agat gan fearg do chur ar Dhia, eagla agus uirísle do bheith ort
fá na peacaidhibh dorinne tú. Dá bhfaictheá tód ar t'éadach, do chuirfeadh critheagla ort. An feas dúinn go lór go raibh an peaca ar ár n-anam; gidheadh, ní bhfuilmíd comh cinnte sin gur díbreadh as é. Uime sin as cóir dúinn gan a bheith ár ccodladh nó mainneachtnach fá shláinte ár n-anma. Gach ní dá ndubhramar go so, bruidiuigheadh sin dochum a bheith uiríseal, agus cúram do bheith againn ár bpeaca do ghlanadh le deaghoibribh corporrdha, do réir staide gach aon duine, agus re hoibre ár n-anma mar atá grádh agus aithrighe, agus sin do dhéanamh go minic; agus ris sin ní thuitfeam go huras. Do réir ráite na naomh, gibé a bhias díthchiollach peaca a chomharsann do thoirmeasg, ag congnamh mór dó é dochum maitheamhnuis a pheaca féin d'fhagháil. Uime sin as déanta dúinn an uile dhíthchioll gan sinn féin do chur feirge ar Dhia, nó a leigean do dhuine eile fearg do chur air, an méid gur féideair linn, agus sin ar son Dé go fírinneach. Gníomh róibheannaighthe, cúram do bheith ag duine do ghnáth an uile dhuine do choimhlíonadh tola Dé agus an peacadh do sheachna. An 34 Caib. AS TRUMA AN PHEACAI SHOLOGHTHA HAITHEANTAR MÉAD AN UILC ATÁ SAN BPEACA MHARBHTHACH 'N-AGHAIDH TOLA DÉ. As méad na grána atá ag Dia ar an bpeaca shologhtha tuigfeam go follus méad an uilc atá san bpeaca mharbhtha, do réir na naomh agus na ndochtúiribh do labhair orra go tábhachtach fírinneach. Do bhrígh nách ttuigmíd go maith an méid agus an truma atá san bpeaca mharbhtha an féin, rena chur a ccomórtas ris an bpeaca a mheasmaoíd a bheith beag éadtrom, ar shon go bhfuil mór an féin, doghéabham an peaca marbhtha ní amháin a bheith trom acht fós róthrom. As é differ atá idir an bpeaca sologhtha agus an peacadh marbhtha, mar atá idir an tinneas agus an bás; agus má tá an peaca sologhtha comh mór agus sin, ní féidir gan an peaca marbhtha do bheith romhór. Má tá an beag mór, cionnas a bhias an ní atá mór ann féin?
Cúram agus fonn seirbhíse a dhéanamh do Dhia, as éigein ruan daingean do bheith 'na chuideachta, an méid as féidir linn, gan ní ar bith dá laghad do dhéanamh ar a mbeith míghean ag Dia; ionnas nách cóir tarcaisne do thabhairt ar pheaca ar bith dá laghad, do bhrígh go bhfuil ceart ag Dia orainn ár ngníomhartha uile do dhéanamh do réir a thola féin. Uime sin is mó an t-olc aon pheaca sologhtha dá laghad nó díoghbháil ar bith saoghalta agus ná piana síorraidhe; agus bú thaosga bú chóir do dhuine an uile phian dá bhuirbe, as féidir le Dia do chur air, d'fhulang nó peaca dá laghad do dhéanamh. Is mór an truaighe an neamhchás a bhíos ag daoinibh na peacaí sologhtha do sheachna, amhail gomadh ní éattrom iad; gidheadh, ní fhuil dá éattruime dá bhfuilid nách gcuirid saobhnós ar Dhia. Ní féidir fós a rádh gurab ní éadtrom an peaca sologhtha acht amháin a ccomórtas an pheacai mharbhtha, do bhrígh nách bhfuil olc ar bith as mó ná é acht an peaca marbhtha féin amháin. As mó an t-olc é ná pian ar bith, galar, bochtacht, míochlú, agus nó an bás féin, dhá mbeithdís uile ceangailte dá chéile. Uime sin, ionnas go mbeith fuath agus gráin againn ar an uile pheaca dá laghad, cuirfead síos annso an truaillightheacht atá ann, an toramh tig de, agus an leigheas atá 'na aghaidh. Atá dá ghné peacai shologhtha ann. A haon díobh do níothar le mainneachtnaigh nó re neamhaire, ó nách bhfuil fíréan ar bith saor. An tara gné doní duine re mailís nó dá dheoin féin; agus maille le grásaibh Dé as éidir iad so do sheachna, agus is cóir dúinn an uile dhíthchioll do dhéanamh chuige sin, go speisialta más as drochghnáthughadh doníamaoid iad. As lór dochum fuatha do bheith againn ar an bpeaca shologhtha míghean do bheith ag Dia ar agus go mbrostaigheann dochum feirge é. Agus, mar as olc é mar sin atá in aghaidh Dé, as éigean gurab measa é ná olc ar bith timporálta nó síorraidhe. Uime sin, dá ttugthaí a rogha do dhuine peaca sologhtha dheoin féin do dhéanadh nó piana síorraidhe d'fhulang a n-ifrionn, nó gan glóir Dé d'fhaicsin go bráth, do réir réasúin cheart doghéabhadh do roghain gan an peaca do dhéanamh. Agus mar sin dodhéanamh a bhfuil di naomhaibh ar neamh; as taosge do thréigfeadís an ghlóir atá aca agus theilgfedís iad féin a dtinidh ifrinn, ó a d'fhuileóngaidís a ccur ar neimhní, ná dodhéandís a shámhail sin do pheaca.
Cionnus as féidir a mheas gurab éadtrom an ní atá comh trom agus sin; nó cionnas as beag an t-olc doníothar a n-aghaidh mórdhachta Dé? Má meastar an peaca sologhtha mar atá ann féin, atá gné éigein uilc gan foircheann ar son, a ccomórtas an pheaca mharbhtha, go bhfuil éadtrom. Agus san chéill sin adubhairt S. Hiero., epist.14, Celantiam, c.2: “An féidir linn a rádh peaca ar bith do bheith éadtrom ina mbeith tarcuisne Dé?” Is éifeachtach an réasún so dochum fuatha do bheith acc searbhóntaidhe díleas Dé ar an bpeaca shologhthach. Créid adéarmaoís ris an mac do laibheóradh mar so: “Ní chuirfe mé fearg ar m'athair ar mhodh go ccuirfeadh as a theagh mé nó nách ttiúbhradh a oighreacht dom; gidheadh, dochum sásamh do thabhairt dom thoil féin, ní léigfe mé dím saobhnós éadtrom do chur air.” As dearbhtha gur mac míonádúrtha adéaradh sin, agus is cosamhuil iad ris an druing doní peaca sologhtha as a riocht agus dá ndeoin féin. Agus as sin, créid é an meas as cóir do bheith ar an mhuintir doní an peaca marbhtha? Ionnas gomadh cóir dúinn le neart ár n-anma crith agus uathbhás do bheith orainn; agus ar so nách féidir le bréithir nó le smuaineadh a fhoillsiughadh créid é an ní an peaca marbhtha, ní héidir le neach fuath agus gráin do bheith aige air mar as cóir. Uime sin, bíodh eagla orainn roimhe do ghnáth, an tan as cóir dúinn an peaca sologhtha féin do sheachna go rodhíthchiollach. A ccás nach gcuirfeadh an peaca sologhtha saobhnós ar Dhia, ba lór dochum fuatha do bheith air go bhfuil i aghaidh réasúin agus gurab sal agus míghné ar an anam é; agus mar atá níos uaisle iná an uile chréatúir corparrdha, ní bhfuil sal dá laghad nách gcuireann míoghnaoi adhbhal ar. Dá gcurtaoí a bhfuil do mhísgéimh chorparrdha ar bith in aoinfheacht, ní comórdas í re gráin aon pheaca amháin sologhtha. Nách iongantach an taoidhbhise ceann asail nó dragún d'fhaicsin ar dhuine? Gidheadh, as iongantaidh ná sin duine ag a mbiaidh ciall ar a chumas ag rádh focail a n-aghaidh na carthanachta, nó smuainte díomhaoin do choingmháil a bhfad ana chroidhe. Ní hé amháin gurab sal an peaca sologhtha acht fós as galar é as peiriaclaighe ná tinneas corporrdha ar bith, an méid gurab uaisle an t-anam ná an corp. A ttáinic do ghalar corporrdha
ariamh nó dar fhuilaing lucht easláinte ar bith, dá gcurtaoí a n-ainfheacht iad, ní comórtas iad uile le haon pheaca amháin sologhtha dá laghad. Cia an duine reir féidir doilgheas clocha fuail, tinneas fiacal, seilge, galar na n-alt, agus cancar d'fhulang in aoinfheacht; nó créad é an taisbéanadh bruide dobhéaradh uadha, an té ar a mbeith na dochair si uile? Gidheadh, is mó an t-olc agus an truaighe aon pheaca sologhthe ná iad uile. Nách mór an mhire neamhshuim do dhéanamh do na peacadhaíbh sologhtha agus cúram amháin do bheith againn gan tuitim a bpeaca mharbhtha? Créad fá nách bhfuil níosa mhó do mheas againn ar an anam nó ar an gcorp? Agus má nímíd díthchioll ní hé amháin beatha acht fós sláinte agus sgéimh an chuirp do choimhéad, créad nách ndéanmaíd níosa mhó di chúram fá shláinte agus fá sgéimh an anma? An peaca sologhtha, mar adeir S. Auguistín, ser.41, de Sanctis, agus S. Griogóir, lib.21, in Job, c.9, “scriosaigh sé ár sgéimh agus salaigh sé an t-anam, agus cuiridh buaireadh agus lubhra air re a ccailleann a ghné, ionnas nách féidir leis brásáil do thabhairt do 'chéile neamhdha nó teacht dá láthair acht le náire.” Ní maith linn ár n-éudach do bheith fliuch nó salach, agus créad um nách bí cúram againn fá ghlaine ár gcoinsiais? Nách mór an mhíchioll níos mó do chúram do bheith againn fán éadach dorinneadh do chraicnibh beathadhach, nó do shalchar cnumha, nó fán anam ar a bhfuil fioghair agus íomháigh Dé? Créad é an meas dobheith againn ar bhainríoghain ar a mbeith purpur uasal agus dodhéanamh í féin d'aonfairt i lathaigh, agus go rachfadh mar sin chum leaptha a rígh agus a céile? As mó atá a n-aghaidh réasúin iná sin an t-anam, atá 'na chéile ag Críost, gan cás do bheith aige peaca sologhtha do dhéanamh. Má tá an peaca sologhth mar so, cionnas bhias an peaca marbhtha; nó créad í an ghráin as cóir do bheith air, do bhrígh gur mó an t-olc atá ann míle uair nó san bpeaca shologhtha? Atá truaillightheacht, olc, agus gráin an pheaca shologhtha comh mór agus comh díoghbhálach agus sin gurab ró-olc an toradh tig de; ionnas, uime sin féin, goma chóir dúinn fuath do bheith againn air. Féachmaíd anois an toradh tig de, an mhéid gurab galar é. As peiriaclaighe é ná galair an domhain, dá mbeithdís uile a n-aonfheacht ar aon duine amháin; óir an peaca sologhtha, ní bhfuil ann acht cancar an anma do chaithios
agus lagaigheas brígh na subháilce go marbhann fá dheoigh an t-anam, dá tharraing dochum peaca marbhtha. Lubhra é a chuireas gráin agus mísgéimh ar an anam, ionnas nách bíonn gean ag an ccéile neamhdha ar. Pairilis é a bheanas a neart agus a bhrígh as an anam, ar mhodh nách féidir leis oibre na subháilce do dhéanamh. Iorapais é, ag lasadh fuinn agus tarta na neithibh saoghalta. Tinneas croidhe é do chuireas toirmeasg ar ann ccarthanacht. Galar na n-alt é nách léigeann dúinn dol ar ár n-aghaidh a slighe na foirfeachta. Tinneas ochta é nách léigeann dúinn ár n-anál do tharraing dochum Dé. Boidhre é nách léigionn dúinn teagasg Dé d'éisdeachd. Daille é nách léigionn dúinn an fhírinne d'fhaicsin. Tinneas nó cnaoi é a lagaidheas agus mhúchas an uile shubháilce. Fós, mar a bhíos an tinneas corrparrdha 'na rabhadh roimhe an bás, as mar sin a bhíos an peaca sologhtha roimhe an peaca marbhtha, agus as sin nías measa ann, go n-ullamhaigheann an duine dochum peacadh marbhtha. Trí modha, do réir S. Tomáis,1,2, q.88, ar a bhfosglann an peaca sologhtha an tslighe do pheaca mharbhtha. An chéad mhodh - óna nádúir féin; amhail gibé ghoideas ní beag, as uras ris ní mór do ghoid; agus fásaigh mar fhásas buachaill dochum a bheith 'na fhear agus leomhan óg dochum a bheith 'na leomhan mhór. An dar módh. Do bhrígh gur maith a leanas so - ní bhfuil stad ar an bhfear so acht ag déanamh peaca sologhtha; as sin tuitigh sé i bpeaca mharbhtha. Atá sé neimhdhíleas isna neithibh beaga; biaidh amhlaidh isna neithibh móra. Ní bhfuil meas aige orra súd; ní bhiaidh meas aige orra so, do réir mar adearthar, Eccl., c.19: “Gibé dobheir tarcaisne ar na neithibh beaga, tuitigh a ndiaigh a chéile.” An tan a ghnáthaigheas duine a bheith ag déanamh peaca sologhtha, fásaidh, ar uairibh, fonn comh mór agus sin a bheith dá ndéanamh go gcuireann a chríocha déidheanach ionta, agus mar sin go dtuiteann a bpeacadh marbhtha, do bhrígh go leanann gach aon dá ghnáthughadh féin. An treas modh ar a ndéanann an peacadh sologhtha slighe don pheacadh marbhtha - do bhrígh go gcuireann do leathtaobh na neithe do choimhéadfadh duine gan tuiteam ann, mar atá na trí neithe so síos. An chéad ní. Cuire sé úmhla agus eagla
Dé i dtarcaisne; óir gib' aige nach bí cás saobhnós do chur ar Dhia dá dheoin féin agus as a riocht ina neithibh beaga, diaigh a ndiaidh ní ba cás ris fearg do chur ar Dhia ina neithibh móra. An dara ní. Bainidh an peacadh sologhtha a mbrígh as na subháilcibh atá contrárdha dó nó go gcaitear iad go hiomlán agus go mbí an t-anam claon dochum an pheactha ón gnáthughadh. An tras ní. Gibé a ghnáthaigheas na peactha sologhtha as a riocht, tairrngidh Dia a ghrása speisialta uadh ar bheagán agus ar bheagán, agus sin go róicheart fán dombuidheachas dobhí aig' air a mhórdhacht dhiaghdha. Uime sin, ó dobheir an peacadh sologhtha sligh ar an uirid sin do mhodhaibh dochum an pheactha marbhtha, gibé rer mian so do sheachna, seachnugheadh sé súd; agus gibé ar nách bí eagla roimhe an peacadh sologhtha, ní bhfuil eagla air roimhe an peacadh marbhthach do réir mar adubhramar. Dá bhfaicmís dias do choimhéadfadh iad féin ar an uile pheacadh marbhtha; gidheadh, ní bhfuil cás ag aon díobh mórán peacadh sologhtha do dhéanamh, agus an dara fear seachnaidh iad go róidhíthcheallach, an méid gur féidir leis; biaidh an fear déidheanach so 'na shompla subháilce agus neamhurchóide. Biaidh fós cráibhtheach, umhal, 'na shólás ag gach duine dá mbaineann leis, má duine riaghalta nó saoghalta é, agus biaidh meas duine bheannaighthe naomhtha air. Gidheadh, an tí nách seachnann na peactha sologhtha biaidh meas contrárdha ar, agus gan do dhifer eatorra acht an peacadh sologhtha; mar sin gur mór an díoghbháil doníd san bheatha spioradálta. Agus má thig a leithide sin do thoradh as an bpeacadh shologhtha, créid é an toradh tig as an bpeacadh marbhtha? Créad é an critheagla as cóir dúinn do bheith orainn, an tan chluinmíd iomrádh ar an bpeacadh marbhthach amháin, do bhrígh gurab é bás an anma é? Na piana a chuireas Dia ar son na bpeacadh sologhtha, foillsighid go lór an míghean atá aige orra. Agus dochum so do thuigsin go maith, bíodh a dheimhin againn nách ccuireann Dia pian ar son an pheactha acht do réir mar a thuilleas; fós, go bhfuil fírghlic, ionnas nách féidir leis dol ar seachrán. Anois, cionnas is féidir a mheas gurab beag an t-olc an peacadh sologhtha an tan a chuireas Dia, atá rócheart, pian bháis ar a shon? Do réir móráin do dhochtúiríbh tromdha, ní dhearna Maoisi agus
Áron acht peacadh sologhtha re contabhairt éigin do bheith orra, ag bualadh na cairrge ag uisge na contrárrdhachta, Num.,20. Mar an gcéadna bean Lot, fá fhéachain 'na diaigh re héattruime banda, dorinneamh carrtha salainn di, agus gan acht Dia dá rádh leo gan féachain 'na ndiaidh ar Shodom dá loscadh. Más fíor nách dearnadar so acht peacadh sologhtha, cia air nách beith eagla? Fáidh eile, 3 Reg. 13, ar shon pheactha shologhtha, dothug Dia do leomhan lena mharbhadh é. A mbeatha na n-aithreacha naomhtha a léaghthar an ní céadna ar ancaire naomhtha. Ní hé amháin re bás, acht fós re galar as truime ná an bás, do ní Dia díoghaltas isna peacthaibh sologhtha. Adeir Crisost., conc.3, de Lazaro, gurab ar shon pheactha shologhtha do léig Dia gorta agus créachta ó mhullach a chinn go trácht a bhonn ar Lasarus, mar atá ag Lúcás, c.16. Adeir Cassian, Coll.7, c.26, ar shon pheactha shologhtha, go dtáinic pairilis ar an abb Pól, ionnas nárbh fhéidir ris ball dá bhallaibh do ghluasacht. S. Gioraldus, iarla, ar shon pheactha bhig, do dalladh é ar feadh aimsire, mar léighthar ina bheatha. Léighthar fós a mbeatha an iarla Elsearius, ar shon é féin do chur a bpeiriacail pheactha, go raibh Críost féin ag gabháil di sciúrsa air, an feadh dobhí ag rádh an tsailm Miserere mei, Deus. Nías uathbhásaighe ná so, adeir Cassianus, Collat.7, c.27, do thárla don abb Moises, gur léig Dia don diabhal do dhol ina chorp ar shon labhairt go borb ina ccomhrádh éigin, ag sasamh ar 'bharamhail féin. Adeir Sulpitius go dtárla an ní céanna do mhanach eile ronaomhtha. Atá sin dearbhtha gur lugha an t-olc a bhfuil di dhiabhail in ifrionn a bheith san gcorp ná aon pheacadh amháin sologhtha do bheith san anam. Ó, mo thruaighe ná dtuigmíd so, agus má thuigmíd, ná bímíd ar ár gcoimhéad. Léigidh Dia piana eile ar an saoghal so ar shon na bpeacadh sologhtha, mar atá cathaighthe a chéasas agus do bhuaireas an duine, míochiúnas coinnsiais, dólás, dorchacht, agus tiorma, ionnas go measann an duine é féin do bheith scartha re Dia agus rena chumann, agus sin a n-aimsir na hurnaighthe nó dá féagmhais. Fós, gibé doní na peactha sologhtha as a riocht,
ní bhfuil síothcháin nó ciúnas nó fiaghnaise mhaith óna choinsias aige, agus ní beag na piana so. Anam éigin beannaighthe fuair mórán fábhair agus grása ó Dhia, do adaimh féin go raibh bliadhain iomlán gan sólás ar bith d'fhagháil ó Dhia ar shon pheactha shologhtha. Dobhí duine eile ar shon smuainte glóiredhíomhaoin, ar a bhfuair taitneamh ina chroidhe, cúig bliadhna gan sólás ar bith do mhothughadh ó Dhia. As mór an phian agus an díoghaltas ó Dhia ar na peacthaibh so cuidiúghadh a ghrása féin do tharraing uainn, agus as é sin as fréamh do gach péin oile a chuireas orainn. Agus má tá go ndéan na peactha sologhtha so, créad dodhéanas an peacadh marbhtha? d'éis bháis an duine taisbéanfadh Dia é féin níosa bhurba iná so, óir ní dhéanaidh grása ar pheacadh dá laghad. Ní hiongnadh nách maithfeadh rí nó tighearna, ag déanamh cuntais re mhaor nó rena fheamantaidhe, míle nó céad ducáid; gidheadh, nach maithfeadh feorling dó, as róchruaidh an cuntas é. Cia hé an tighearna do bhainfeadh cuntas dá bhuachaill seomra gur bhris sé snáthad? Gidheadh, beanfaidh Dia cuntas in gach peacadh dá laghad. Adeir an dligheadh, lib., Scio, ff. de in integrum restit., nách bhfuil ag an mbreitheamh cás ina ní bheag; acht Dia, atá 'na bhreitheamhain róicheart, ní léigeann briathar díomhaoin tairis gan chunntus. Iongnamh as mó ná sin gur bhain díolaigheacht dá aon Mhac moirneach féin ar shon an pheactha sologhtha as lugha dá ndéanaid na daoine. As trom i bhfiadhnaisi Dé an peacadh sologhtha, mar as follus as géire an cheart doní 'na thimchioll, ionas nách iongnamh príosún uathbhásach do bheith ag Dia d'éis an tsaoghail si ina ccuireann pian ghéar ar a shon; mar adeir S. Aug., lib.21, de Civit., c.x, an drong a bhíos san bríosún so is iongantach beodhacht na piana a bhíos orra; agus do foillsigheadh so go minic do dhaoinibh dar chóir creideamhain. Biaidh an phian do réir na bpeacadh ar na céadfadhaibh, agus do réir na maille dorinneamar san bpeacadh. Ar na peacthaibh sologhtha labhras Pól,1 Cor.3, nách bhfuil ionta acht maide, féar tirim, agus connlach, di bhrígh go lasann siad mar fhéar thirim; agus gibé doní an peacadh sologhtha, gurab maidigh crona chruinnigheas dochum tineadh do lasadh chum é féin do loscadh. An bhfuil mire as mó ná so?
Adeir na diadhairí go coitcheann go mbiaidh pian mhóráin di pheacadhaibh sologhtha comh trom re péin aon pheacaidh amháin mharbhtha; má bhíonn pian na bpeacadh sologhtha síorraidhe in ifrionn, gion go mbiaidh. Ar feadh na haimsire bhíos an t-anam a bpurgadóir, atá sgartha re hamharc Dé; ní as mó a chuireas doilgheas air tair éis na bhfonn atá air é féin do cheangal rena chrích dhéaidheanaigh. Méadaigh fós an doilgheas so nách feas dó cá fad a bhias i bpéin. As so as féidir a mheas truma na bpeacadh sologhtha, di bhrígh go gcuireann aon pheacadh amháin díobh maill agus toirmeasg ar an anam fá raarc Dé d'fhagháil. Atá riaghail ceart Dé comh cruaidh agus comh díreach agus sin nách leigionn a chlann agus a cháirde dísle féin asteach dá phálás neamhdha féin nó go raibhid glan ón uile smál, agus ar so go rugadar buaidh ar an saoghal agus ar ifrionn. Cia reir féidir a rádh gurab beag an ní fá ndéan Dia sin? Falaigh grádh gráin, buaidh oirdheirc lochta beaga; gidheadh, ceart díreach Dé agus cúram a onóra féin, ní fhuilngeann peacadh dá laghad gan díoghaltas, ionnas gurb é sin an réasún as a dtug Dia piana troma a bpurgadóir do dhaoinibh róibheannaighthe. Adeir Petrus Damianus, lib.2 epist.15, go raibh S. Severinus fá phéin i bpurgadóir ar shon, trí mhéad a chúraim, go n-abradh uaire an laoi uile ar maidin. Adeir Cantipratanus, lib.2 Apum, c.16, v 5 gur thaisbéin Hugo de Sancto Victore, d'éis a bháis, é féin do shagart áirighthe ag a rádh ris: “Do bhrígh, an feadh dobhí mé ar an tsaoghal, nách dtug mé crádh do mo chorp, ag dol go purgadóir dam, ní mór go raibh diabhal a n-ifrionn nár bhuail buille láidir oram.” Adeir Uinseinsius Ferre go raibh duine áridh a bpurgadóir bliadhain iomlán ar shon aon pheactha amháin shologhtha. Scríobhthar ar mhanach áirighthe go rugadh breith air a bheith i bpurgadóir go lá an bhreitheamhnais, di bhrígh go raibh mainneachtnach fá gach breith aithrighe dá ccurtaoí air do choimhlíonadh. Duranus, easpog Tolósa, ar shon go raibh dúil mhor aige a ngreann agus a ccaint dhíomhaoin, do thaisbéan é féin d'éis a bháis agus a bhéal arna at, lán do chréachtaibh. Má curthar
pian comh mór so fán bpeacadh sologhtha, créad dodéantar ris an bpeacadh marbhtha? Uime so as ádhbhar eagla an peacadh sologhtha, agus má bhíd iomadamhail, curthar a ccomórtas iad re braonaibh uisge; ar shon go bhfuilid beag, doní mórán díobh tuile mhór agus báithid luingeas. “Créad é as cruaidhe ná cloch nó as lugha ná braon? Ar a shon sin, tollaidh an braon bog, re tuiteam go minic, an chloch chruaidh.” Mar nách bíonn duine foirfe ris an ccéad ghníomh, mar an ccéadna ní bhíonn ró-olc acht re haimsear. Le haimsear fós méadaigh an tinneas. Ní thuiteann teagh les an céad chrathadh. Ádhbhar eagla na peactha so, do bhrígh gurab beag an meas a bhíos orra. Gidheadh, ní cóir tarcuisne do thabhairt ar námhaid atá róláidir. As iongantach an ní a lámhaim a rádh, ar S. Crisost., hom.87, in Math.: “Dochíothar dam go minic nách mó an díthcheall as cóir dúinn do dhéanamh na peacaidh marbhtha do sheachna nó na peactha sologhtha. Gráin do bheith again orra súd, cuiridh an nádúir féin d'fhiachaibh orainn; acht iad so, do bhrígh go bhfuilid beag, ní chuirmíd cás ionnta; agus, mar dobheirmíd tarcaisne orra, ní ghaibhmíd meisneach dochum a gcur dínn, agus as sin tig, re ár mainneachtnaigh féin, go ndéantar peactha móra díobh.” A n-aghaidh olc comh iomadamhail agus iad so as cóir an uile ghné leighis d'iarraidh; agus ba chongnamh mór dochum a seachna iad so síos do choimhéad. An chéad ní. Sgrúdadh géar do dhéanamh go laotheamhail ar ár ccoinsias, ag féachain go grinn ar thuiteamar, agus a chur romhinn go daingean ár ngníomhartha do leasughadh. An dara ní. Teacht re húmhla speisialta do ghlacamh Chuirp Críost, do bhrígh, an tan a glacthar an sacrament diadha so go diongmhálta, go nglanann an croidhe agus go neartaigheann na subháilce. An treas ní. Na cúig céadfaidh corporrdha, atá 'na bhfuinneogaibh ag an anam, do choimhéad re cúram mór. A' ceathramhadh ní. Srian do chur re fonn agus re claontaibh an chroidhe, agus gan a léigean dó ní ar bith a shantughadh acht do réir réasúin. An cúigeadh ní. Mortification, óir gibé a choingmhas é féin ó na neithibh atá ceadaightheach age, agus urus leis na neith' ar a bhfuil toirmeasg do sheachna. An seiseadh ní. Lorg Críost do
leanmhuin, do bhrígh gurab é scáthán na neamhurchóide é. An seachtmhughadh ní. Díthcheall do dhéanamh do hnáth dol ar ár n-aghaidh i slighe na subháilce comh foirbhthe agus as féidir linn. An t-ochtmhadh ní. Grádh Dé, óir, gibé ag a mbí grádh fíor aige ar Dhia, seachnaidh gach peaca dá laghad. As cóir fós iad so uile d'óileamhain agus do mhéadughadh re hurnaighthe. Ar shon gurab fíor a ndubhramar ar na peacthaibh sologhtha, ní cóir do dhuine tuirs mhór do bheith ar 'na timchioll; acht umhluigheadh é féin agus cuireadh roimhe go díthchiollach é féin do leasughadh, go speisialta annsna peacthaibh doní le drochghnáthughadh, agus sin re dóchus mór agus le meisneach. Atá Dia róthrócaireach agus atá grádh athardha do chloinn aige orainn; agus, ar shon nach bímaoid foirbhthe go hiomlán, doní foidhid linn. Bímíd díthcheallach gan critheagla. Cuiridh an díthcheall leigheas ar na peacthaibh, agus cuiridh an cri heagla toirmeasg ar na deaghoibre. Agus as é áit díleas cómhairle so, an tan doní duine peaca sologhtha as a riocht, do bhrígh na peactha donímaoid le neamhaire, ní bhfuilid róidhíoghbhálach agus ní féidir linn a seachna do ghnáth. An 35 Caib. TRÁCHTTHAR ANNSO CIONNAS AS CÓIR DÚINN GACH NÍ CHUIREAS TOIRMEASG ORAINN A SLIGHE DÉ DO SHEACHNA, AGUS TEAGASG AGUS RIAGHLA CHUIGE SO. Ní lór do dhuine dochum críche do chur ar an tslighe do thionscainn, mar as mian leis, é féin do bheith réigh, acht fós as éigean dó a fhéachain an bhfuil an tslighe innte féin go maith, nó an bhfuil bitheamhnach innte do chuirfeadh toirmeasg air. San tslighe sbioradálta atá mórán do neithibh a chuirfeas toirmeasg orainn as cóir dúinn do sheachna; agus gibé rear mian teacht dochum naomhthachta, ní hé amháin peaca, acht fós gach ní eile do chuirfeas toirmeasg orainn a slighe na foirbhtheachta, as cóir dúinn a sheachna. Uime sin cuirfe mé
comhairleach' anso síos, agus gibé a leanfus iad, tógfaidh mórán do thoirmeasg na sligheadh agus nochtfaidh cealga na ndiabhal, agus saorfaidhear ar chathaighibh agus ar pheacaidhibh é. Ní laibheóra mé annso ar an leigheas coitcheann atá ag an druing lear mian teacht dochum naomhthachta as mó ná chéile, mar atá an saoghal do thréigean, móid bochtachta agus geanmnaidheachta do thabhairt, a dtoil féin do chur ar láimh Dé agus a n-uachtarán, acht ar leigheas fhóirfeas do gach aon, gibé stáid ina bhfuil, óir ní bhíonn an diabhal go bráth díomhaoin dochum na ndaoine do mhealladh agus dochum toirmeasg do chur ar ár ndeághoibrighibh. Gidheadh, dochum sin féin do choimhéad ar a gealgaibh bu mhaith na riaghlacha so síos. An chéad riaghail. A smuaineadh go grinn agus a chur romhainn, ní hé amháin an peaca do sheachna, acht fós an uile ní do chuirfeadh maill orainn fá dhol ar ár n-aghaidh a sligh na subháilce, agus aimsir do ghabháil chuige sin, ionnas goma feas dúinn créid é an ní a chuireas toirmeasg orainn; agus smuaineadh ar an iasg mbeag ar a labhrann Plinius, lib.9, c.25, ag rádh: “Dá mhéad gaoth nó stoirm dá mbí ar an bhfairrge, go ccuireann an luingeas mór 'na seasamh;” agus ar shon go bhfuil so iomchubhaidh ag gach aon, as mó ná sin atá d'fhiachaibh ar na daoinibh riaghalta. An dara riaghail. Díothchioll do dhéanamh dol ar ár n-aghaidh do ghnáth agus gan ní dá laghad do dhéanamh go mainneachtnach; óir ó na neithibh beaga beirthear céim dochum na neithibh móra, agus is lór ris an diabhal breith ar mhér amháin dochum na láimhe uile do tharraing chuig' agus an corp go hiomlán do chur faoi. Uime sin, bíodh gráin ag searbhóntaigh dhíleas Dé ar na bhfocal úd: “créid é an cás atá ansin? Ní fhuil dochar ana ní bheag;” do bhrígh, gibé atá ag seirbhís do Thighearna uilechomhachtach, don mhaith mhórdha, ina bhfuil an uile shólás agus an uile mhaith, agus leir mian fá dheoigh glóir d'fhagháil uadh, ní beag ris ní ar bith nách bí do réir a thola. Adeirthar go minic: “créid é an cás atá annsúd?” Gidheadh, atá cás mór, óir dob éideair gurab air atá do shláine shíorraidhe. Agus atá 'na dhifer eadair na daoine mainneachtnach, nách gcuireann cás isna neithibh beaga, agus na daoine dúthrachtacha,
nách beag leo ní ar bith do chuirfeadh maill nó toirmeasg orra a slighe na foirbhtheachta. An treas riaghail. Gan ócáid manneachtnach do bhuain as sompla dhuine ar bith dá naomhtha, acht a mheas go raibh riachtanas age re recreasion mar nách bhfuil agadsa; agus a thabhairt fá dear ansin nách cóir meas do bheith ar an sompla do réir an duine tug uadh é acht do réir mar atá an ní an féin. Má tá an comhrádh ar shubháilcibh speisialta, as féidir ar uairibh sompla do ghabháil ó ghadaidhe nó ó bhitheamhnach; agus muna bhfuil an ní iomchubhaidh an féin, dámadh aingeal as neamh nó absdal Críost dodhéanamh é, ní cóir aithris do dhéanamh air. Uime sin ní cóir dúinn sompla ar bith do leanmhuin acht do réir na foirbhtheachta atá san ngníomh féin. As mór an bhrígh atá san riaghail sa, óir as sompla duine ar a mbí meas spioradálta, as minic a théid daoine ar seachrán, ag meas gurab iomchubhaidh dóibh aithris do dhéanamh ar dhaoinibh eile; do bhrígh nách maith an riaghail dhúinn sompla daoine ar bith do leanmhuin, a ccás go ndéandís naoimh an domhain é, muna bhfuil an gníomh foirbhthe an féin, muna ttugaidh riachtanas orainn a dhéanamh nó cúis éigin eile speisialta, óir annsin as maith agus is iomchubhaidh rena dhéanamh é. An ceathramhadh riaghail. Gan labhairt acht re riachtanas; óir gibé a bhíos rochainteach, caillidh a spiorad agus a dhevósion. Mar an gcéadna, gan ní ar bith d'éisdeacht acht ní tarbhach. As mór a mheallas an diabhal re briarthaibh agus le seanfhoclaibh, dobheir leis as ifrionn, ar a gcuireann dath grinn nó súgartha; agus ní amháin go mealltar daoine fuara manneachtnach leo so acht fós daoine spioradálta, an tan níd gnáthughadh díobh. Agus bíodh duine anso ar a choimhéad gan sompla aon nduine do leanmhuin - briathra ar bith nách biaidh iomchubhaidh, eadhón, do réir dhlighidh Dé, ní cóir a n-éisteacht nó creideamh dóibh, (óir tairngid sinn ó lorg Chríost do leanmhuin,) dáma aingeal as neamh do laibheóradh iad. As é ní as cóir do thabhairt fá dear isna briathraibh agus isna somplaidhibh, an bhfuil sochar nó tarbha ionta, ní hé cia dorinne so nó súd, nó cia dubhairt é. An cúigeadh riaghail. Gan duine do leanmhuint luirg duine eile acht do réir réasúin agus riaghalach an tsoisgéil; ní ar nách smuinid mórán, agus nách ccuirid a ngníomh, di bhrígh,
mar adeir an scrioptúir diadha go minic, ní bhfuil meas ag doinibh an tsaoghail ar eagna Dé, agus a bhfiaghnaise Dé ní bhfuil acht ainbhfhios, earráid, agus amadánacht a n-eagna an tsaoghail. An seiseadh riaghail. Beatha agus bás ár dTighearna Íosa Críost do bheith riaghail chinnte againn san uile ghníomh; agus inta sin sáithiomaoid súile ár n-intinne, ionnas go mbeithmaois cosmhuil re Mac Dé, an mhéid gurab féidir linn, a n-uirísle, a dtarcaisne, a moichte, a riachtanas agus a mórán amhgar eile; agus anso ní bhiaidh peiriacail orainn dol ar seachrán. Coimhéadadh gach aon teagasc ár gCoimhdhe scríobhtha ina chroidhe agus cuireadh a uile fhonn ann, agus abradh go minic ris féin ráite agus briathra ina dtaobhann Críost linn a lorg féin a leanmhuin. Agus ar shon go bhfaghthar iad so searbh docamhlach ar tús, fá dheoigh bí sámhas agus milseacht mhór ionnta ar shon nách blaiseann iad acht an drong do thill re deaghoibribh é. “Gibé ler mian misi do leanmhuinn, tréigeadh sé é féin, agus tógbhadh a chroch féin go laetheamhail agus leanadh mo lorg”: ag Lúcás, c.IX. Arís, c.XIV: “Gibé dothig chugamsa agus nách bhfuil fuath aige ar 'athair féin agus ar a mháthair agus ar 'mhnaoi agus ar a chloinn, ar a dhearbhráithreacha agus ar a dheirbhshéarachaibh, agus fós ar 'anam féin, ní féidir leis a bheith 'na dheisgiobal agam,” eadhón, an mhéid go gcuirfidís toirmeasg air i slighe Dé. An seachtmhadh riaghail. Neamhspéis do chur san uile shólás, a n-onóir nó a meas shaoghalta, acht an méid as riachtanasach nó as iomchubhaidh; agus an tan as éigean ar uairibh sólás do ghlacadh, smuaineadh roimhe gan ní ar bith do labhairt acht ní tarbhach ina mbiaidh sochar an anma agus onóir do Dhia, do bhrígh nách iomchubhaidh do shearbhóntaidhe Dé cómhrádh ar bith eile do bheith aige acht re Dia nó ar Dhia nó ar shon Dé; agus bíodh ar a choimhéad go díthchiollach gan é féin go bráth do thabhairt go hiomlán do na neithibh saoghalta, óir as deacair do dhuine é féin do chruinniughadh d'éis a réim féin do léigean ris na céatfadhaibh corporrdha.
An t-ochtmhadh riaghail. A mheas gurab ní ró-mhíochubhaidh onóir nó moladh ar bith do thabhairt dúinn, agus gráin do bheith againn ortha amhail gurb é an diabhal féin dochluinfemaois dá mholadh, ag rádh linn féin gurab do Dhia amháin as cóir glóir agus onóir do thabhairt, agus dhúinne masla agus tarcuisne; óir mar adeir S. Uinsensius Ferrer, Tract. de vita spirit., c. 15: “Gibé lear mian cathaighthe agus líonta an diabhail do sheachna, ná bíodh do mheas aige air féin acht uirid re corp marbh, lán do chnumhaibh agus do dhrochbholadh, ar nách fiú ris féachain, acht a shrón do dhrud trí mhéad a bhréantais, agus a aghaidh a chasadh uadh d'eagla go bhfaicfeadh ní comh truaillighthe ris.” Agus so an meas as cóir do dhuine do bheith aige air féin a bhfiaghnaise Dé agus na n-aingiol, do bhrígh na peacaí sologhtha féin amháin gurab mó an ghráin, an drochbholadh, agus an glonn do chuirid ar dhuine, ná ní ar bith eile. Uime sin, spreagadh duine é féin do ghnáth, má deaghobair féin doní, agus bíodh náire air nách déan gach éinní comh friochnamh agus comh foirbhthe agus ba chóir dó; agus ris sin ní bhiaidh cuid aige den druing a bhias ag iarraidh glóire agus onóra dóibh féin, agus smuaineann ar onóir Dé nó ar theagasc Críost nó ar shompla na naomh. An naomhadh riaghail. Ná bíodh do mheas ag duine ar an saoghal acht mar dobhí ag an tsaoghal ar Chríost; agus mar sin ní bhiaidh acht meas amadáin aige air. Agus ná léigeadh de ní ar bith a bheanas re seirbhís Dé ar son breitheamhnais mhearrdhánta na ndaoine. Agus gibé re mian seirbhís do dhéanamh do Dhia, tugadh tarcaisne roimhe an uile ní ar bhreitheamhnas an tsaoghail agus ar 'eagna mar ní éigríonna gan chéill; agus ná bíodh na briathra meallta so ina bhéal di ghnáth, “créad adéaraid na daoine?” As ádhbhal an díoghbháil thig as a' náire mhíonáireach so: agus an féidir ní d'fhagháil as míothaitneamhaidhe re Críost nó gomadh nár linn admháil go follus gur searbhóntaidhthe dó sinn? Uime sin adubhairt Críost, ag Lúcás, c.9: “Gibé ler nár mise d'admháil a bhfiaghnaise na ndaoine, bú nár leamsa a admháil i bhfiaghnuise a m'Athar agus na naomh ar neamh.” As truagh an scéal go bhfaghthar daoine do thionscain go maith agus fá dheoigh ar ghrádh an tsaoghail gur thréigeadar slighe na fírinne ag
séanadh Íosa Críost. Ar an ádhbhar sin, goma nár leat an deaghobair do thionsgain tú go friochnamhach gan críoch do chur uirre mar an gcéanna. Nach mó an mhire seirbhís Dé do thréigean ar mhurmar na ndaoine a bhíos ag seirbhís don diabhal? Óir, mar adeir S. Bonauentura, de instit. Novit., p.2, c.3: “Má tá eagla ort a bheith aonaránach agus as sin fuath a bheith ag daoine ort, bíodh fhios agad nách bhfuair aon duine do na naoimh glóir aonaránach ar neamh nách dearnaidh díthcheall a bheith aonaránach a naomhthacht bheathadh ar an saoghal sa.” San áit chéadna, ag labhairt ar na daoinibh a bhíos sgaoilte mainneachtnach, adeir: “Mar nách léigid súd a ndrochbhéasa féin díobh ar ár soinne, ní hiomchubhaidh dúinne ár stuidéar maith tarbhach do léigean dínn ar a sonsan, do bhrígh, más mian leo teacht dochum na beathadh síorraidhe, as éigean dóibh sligh Dé do ghabháil linn agus a sligh féin do sheachna.” An deachmhadh riaghail. Gan saobhnós do chur ar Dhia d'fhonn taitneamh re daoinibh ar bith. As baoghalach an bagar doní Dáuídh an rí, Psal.52, ar an duine nách gcoimhéadann an riaghail so, ag rádh: “Do scaoil Dia óna chéile cnámha na muintire bhíos ag taitneamh ris na daoine; fuaradar náire agus tharcuisnigh Dia iad.” As ceart sin do dhéanamh orra, do bhrígh bhfuil duine dar chóra tarcaisne do thabhairt nó do' té ag nách bí cás tarcaisne do thabhairt ar a Shlánaightheoir Íosa Críost, d'fhuilaing bás ar a shon, agus óna bhfuair tíodhlaicthe móra, agus sin d'eagla míothaitneamh re duine beag truaillighthe ag nách bhfuil fiacha ar bith air, agus do éidir atá 'na sglábhaidhe ag an diabhal agus 'na chúis bháis síorraidhe ag an tí atá ag iarraidh taitneamh ris. An t-aonmhadh riaghail déag. Ár n-uile dhíthcheall agus chúram do dhéanamh grása Dé d'fhagháil agus a méadughadh agus a gcoimhéad, agus gan a mbeith díomhaoin againn, mar adeir Pól,2 Cor., c.6; agus adeir ris féin, 1 Cor.,c.XV, nách raibh grása Dé díomhaoin ann. Mar an gcéadna as cóir dúinn comhoibriughadh do dhéanamh re grásaibh Dé, ionnas go m' fhéidir linn a rádh, re Dáuídh, Psal. 118: “Do reath mé a slighe a h'aitheanta, an tan do fhosgail tú mo chroidhe” re do ghrásaibh;
agus muna féideair linn rith do dhéanamh, ná fanmaoíd ár ccomhnaighe. Ar so a labhras Pól, ad. Rom., c.1, ag rádh: “Ar shon gur thuigeadar gurab é Dia é, ní thugadar glóir nó onóir dó mar Dhia; uime sin do léig dóibh tuiteam a bpeacaibh gráineamhla”, atá uathbhásach lena luadh nó rena labhairt. An tara riaghail déag. Aire do thabhairt go díthcheallach do shanas an Spiorad Naoimh, gan an doras d'athrúghadh go bráth don tsolas neamhdha, nó a éisdeacht id chroidhe; do bhrígh gurab mór an mhíonáire cur a n-aghaidh an Spioraid Naoimh, nó, gibé deaghrún ghabhas duine as a shanas, gan a chur a ngníomh go dúthrachtach. Uime sin as déanta dúinn an uile dhíthcheall na sanais dhiadha do ghabháil chugainn go lúthgháireach agus sochar do bhuain asda dochum cealga na ndiabhal d'aithne agus do sheachna, mar doníodh S. Proinsias ag smuaineadh do ghnáth ar gach sanus dá bhfaghadh ó Dhia; agus dochum sochair do bhuain asda, dobhíodh dóirsi a anma agus a chroidhe oslaigthe dochum sanais Dé d'éisdeacht. An treas riaghail déag. Mortification neamhghnáthach do ghlacadh ar uairibh agus ócáid d'iarraidh ár ttoil féin do bhriseadh; agus sin do bheith 'na aonach spioradálta againn, di bhrígh gur féidir ris an anam níosa mó do luaigheacht d'fhagháil re haoin ghníomh amháin oirdheirc mar so ná re caogad eile; agus teagmhaoidh sláinte shíorraidhe do dhuine do bheir aon bhuaidh amháin do' tsórt so, mar dobhíos an tsláinte chorpordha ar leigheas do ghlacadh ina am féin. An ceathramhadh riaghail déag. An duine a d'athnughadh go minic a dheaghrúin, d'eagla iad do dhol ar dearmad uadh nó neamhchúram do bheith aige isna subháilcibh do chuir roimhe do fhreachnughadh. Agus mar dobhíos cíos áirighthe re haghaidh na dtighthe agus na bpálás ríoghdha do choingmháil ina scéimh féin, mar an gcéanna, dochum páláis spioradálta an anma agus teampol an Spioraid Naoimh do choingmháil gan tuiteam, as cóir dúinn a bheith dá athnughadh go laetheamhail; agus fá chéadóir ag rádh, re Dáuídh an rí, Psal.76: “Anois atá mé ag tionsgnamh;” ag cur a ccéill dúinn féin gurab é an lá sin do thionsgnamar seirbhís do dhéanamh do Dhia agus gurab é an lá déaghanach dár saoghal é. An dara ní. Annsna féastaighibh
tig gach mí, nó go háirighthe fá dhó san bhliadhain, laothe éigin do chaitheamh ag smuaineadh orainn féin agus re cuntas do bhuain dínn féin in ár ngníomharthaibh; fós, gan ní ar bith eile do thráchtughadh ar feadh na haimsire sin acht urnaighthe agus freachnughadh oile spioradálta, ionnas goma féidir linn faoisidin éigin ghenerálta do dhéanamh agus gach deaghrún dá raibh againn do dhaingniúghadh; agus uair gach bliadhain níosa mhó d'aimsir do chaitheamh ris an bhfreachnúghadh céanna. An treas ní. Comh luath agus dobhéaram fá dear mainneachtnaigh ar bith ionainn féin, gan mhaill ar bith ár ndeaghrún do athnuadhughadh agus díoghaltas éigin do dhéanamh orainn féin ar shon ár mainneachtnaigh le húrnaighthe nó le pian éigin eile. As mór an t-olc an mhainneachtnaigh agus gabhaidh neart a ndiaigh a chéile. Uime sin as cóir, ris an uile dhíthchioll, a díbirt agus a sgrios roimhe neart do bhreith di. An cúigeadh riaghail déag. Gibé crúas beathadh do chuir duine roimhe, gan a léigean de ar shon na háite, nó na hoifige nó na dignide dofuair, nó ar shon a bheith aosda, do bhrígh gurab lúgha an meas as cóir dúinn do bheith againn orra so uile nó ar an mbás atá chugainn agus ar mhórthíodhlaicaibh Dé dúinn; agus más mian linn buidheachas iomchubhaidh do thabhairt do Dhia ar a son, as córa dúinn níosa mhó do chruas do ghabháil orainn féin nó saoirsi ar bith d'iarraidh, acht a bheith deontadhach re beagán, ag smuainiughadh do ghnáth ar úmhla agus ar bhochtacht Íosa Críost. Bu mhór an ní agus bu rómhaith an sompla, agus ba mhór an sochar agus an tabha dothiocfadh as do na coimhthineólaibh riaghalta agus don Eaglais uile, dá mbeadh na huachtaráin agus na daoine atá a ccéim árd comh friochnamhach, comh naomhtha neamhurchóideach agus do bhádar ar tús, agus comh díthcheallach ar gach aon ní do dhéanamh go hiomchubhaidh. Agus ní bhfuil contabhairt, mórán dá ndéanaid na daoine, ar scáth an mheasa nó an chlú do chailleamhain, gurab ar a ngrádh féin doníd é, agus as neamhcharthanacht. Gidheadh, ní bhfuil ní as onóraidh nó as oirdheirce iná lorg aoin Mhic Dé, ár dTighearna Íosa Críosda, do leanmhuin a n-uirísle fhírinneach agus i simplídheacht chríostaidhe, agus sin do thaisbéanadh san uile ghníomh.
Fá dheoigh, gabhmaois an dá chomhairle tug S. Bearnard uadh, in Formula honestae vitae, eadhón, i Scáthán na Beathadh Macánta, ag rádh: “Más mian leat teacht dochum na críche atá tú d'iarraidh, atá dá ní a riachtanas ort. An chéad ní: tú féin do tharraing ón uile ní diombuan saoghalta, agus gan do mheas do bheith agat orra acht amhail nách beithdís an. An dara ní: gan ní ar bith do rádh nó do dhéanamh acht an ní mheasas tú go fírinneach a bheith do réir thola Dé.” Ar an dara comhairle so do labhramar ar feadh rainn go so. An chéad chomhairle as cóir do choimhéad acht an mhéid as riachtanasach nó go bhfuil onóir Dé ag cur d'fhiachaibh orainn a chontrárdha do dhéanamh; agus mar sin biaidhmaoid sgartha ris na neithibh saoghalta, agus biaidh Dia againn a n-uaigneas ár gcroidhe. Uime sin, déanmaoid díthchioll é do bheith do láthair againn in ár n-intinn; agus ar shon gurab mó Dia ná na flaithis uile, bí sé druite san anam ag a mbí grádh Dé. An 36 Caib. TRÁCHTAR ANSO AR RIACHTANAS NA HÚRNAIGHTHE DOCHUM DUINE DO THEACHT CHOM FOIRBHFEACHTA AGUS DOCHUM TOLA DÉ d'AITHNE AGUS DO CHOIMHLÍONADH. Ní bhfuil modh dochum iad so, agus dochum gach ní dá ndubhramar tuas, do chur a ngníomh as tarbhaigh nó léighthóracht spioradálta, urnaighthe, agus fiaghnaisi Dé; agus mar nách féideair a' bheatha chorparrdha do choimhéad gan oileamhain laotheamhail do thabhairt don chorp, mar an ccéadna, ní féidir an bheatha spioradálta do choimhéad gan oileamhain laetheamhail do thabhairt don anam; ionnas, as mainneachtnagh na hurnaighe, gurab mór a thuiteas a bpeacaidhibh troma. Ar so labhrus Dáuídh rígh, Psal.101, dá chaoineadh féin, ag rádh: “Do buaileadh mé mar fhér tirim, agus do chríon mo chroidhe, do bhrígh gur dhearmad mé m'aileamhain féin do chaitheamh.” An urnaighe adeir aileamhain an anma, óir gurab í as biadh dó, agus dobheir brígh don uile dheaghobair.
Agus amhail atá an t-arán coitchionn leis an uile anlonn, is mar sin atá a háit féin ag an urnaighe san uile fhreachnughadh dhiagha agus san uile ghníomh shubháilceach. Atá riachtanas na húrnaighthe comh mór agus sin gur deacair a fhoillsiughadh re briathraibh, óir ar shon gurab maith an chosamhlacht adair bhiadh an anma agus biadh an chuirp, do bhrígh gur féideair le duine a bheith beo gan athair, gan mháthair, gan éadach, gan leabaidh, gan tigh, acht ní féidir leis a bheith beo gan bhiadh; gidheadh, as mó nó sin atá an urnaighthe 'na riachtanas ar an anam. Agus ní bu lór le S. Crisostum, lib.1, de orando Deum, an urnaighe do chur i gcomórtas re biadh, acht adeir fós: “An ní doní an t-anam don chorp, an ní céanna doní an urnaighthe don anam.” As féidir ris an gcorp a bheith beo lá nó dhó gan bhiadh acht ní féideir leis a bheith beo móiment gan anam. Uime sin adubhairt Críost, Luc.,c.18: “As cóir a bheith ag déanamh urnaighthe do ghnáth gan sgíth.” Anois más cóir dúinn, gibé ar bith ní as éigean dúinn do dhéanamh, ár súile do bheith suas dochum Dé d'fhonn do bheith dá ghuidhe, créad fá léigean searbhóntaidhe Dé dhe, an tan nách bí cúram eile air, gan Dia do ghuidhe go dúthrachtach, más mian leis grása d'fhagháil uadh. Atáid trí neithe san urnaighe as a ttig ioiliomad maitheasa agus grása dúinn ag a bhfuil sí 'na fréimh agus 'na bun. An chéad ní, athchuinge, re n-iarrmaoíd leigheas dár mbochtaine spioradálta agus do gach mórriachtanas eile dá mbí orainn. An dara ní, go dtugmaoíd fá dear agus go n-athnighmid rúindiamhair an chreidimh agus na beathadh síorraidhe. An treas ní, gur coimhcheangal í le Dia agus comhrádh neamhdha diadha. Do thaobh an chéad ní, as mó riachtanas na hurnaighthe nó d'easlán gan chosaibh, gan lámhaibh, gan mhaoin, gan cháirde, déirce d'iarraidh, agus gan do bheathaidh aige acht í; óir ní bhfuil cosa aige dochum siubhail ná lámha chum saothair, nó maoin dochum féachain dó féin; ionnas, munab mian leis bás d'fhagháil, gurab éigein dó déirc d'iarraidh rena theangaidh. Gidheadh, as rómhó ná so go mór an riachtanas spioradálta ná riachtanas corporrdha ar bith dárab féideair do smuaineadh, ar shon nách bhfaicthear do na daoinibh é; agus dá dtugmaís dár n-aire é, dobheithmís aig gul agus ag gárrtha ar Dhia do ghnáth, agus ní choiscfimís do bheith dá ghuidhe do shíor. Is
beag an ní iarras Mac Dé agus Pól, 1 Thessa., c.V, orainn, gan staonadh d'urnaighthibh do ghnáth. Má bhíonn an bocht ag guidhe agus ag gárrtha ar feadh an laoi, ag iarraidh déirce agus trócaire dochum a riachtanais chorporrdha d'fhurtacht, an mór dúinne an uirid sin do dhéanamh ar shon ár riachtanais spioradálta? Uime sin nách mór an mhire dhúinn aon lá amháin do léigean tharainn gan Dia do ghuidhe? Do mheasfaimís gurab comhartha éadóchais nó díth céille dobhéaradh ar bhocht gan déirc d'iarraidh agus gan do bheatha aige acht í; gidheadh, as mó ná sin an mhire agus as mó an t-éadóchas bhíos ag an tí doní mainneachtnaigh fán urnaighthe, munab mian leis é féin do mharbhadh. Dochímíd na daoine, ar a mbí riachtanas corporrdha orra, ag caitheamh an laoi uile ag iarraidh furtachta, ar shon nách feas dóibh a' bhfuighid é; gidheadh, támaoínde deimhin, má nímaoid an urnaighthe mar as cóir, go bhfuigheam furtacht dár riachtanas spioradálta, di réir mar do gheall Mac Dé dúinn, ag Matha c.7. Riachtanas na hurnaighthe san dara ní, as eolas agus as fheas na beathadh atá chugainn a thig, agus dogheibhmíd sin ris an urnaighe, do bhrígh nách féideair do dhuine peiriacail na bpian síorraidhe do sheachna, nó sámhus na glóire diadha neamhdha d'iarraidh re fonn, má tá 'na ainbhfios air créad iad. Solas soillseach an urnaighthe a nochtas iad so dúinn, agus fuinneog í tré a bhfaicmíd olc agus maith an tsaoghail atá chugainn. Gibé adéaradh re duine go bhfuil dá fhuinneoig a n-áit éigin, agus tré fhuinneoig díobh go bhfaicthear staid agus coinghioll na naomh ar neamh, mórdhacht agus glóir Chríost ár Slánaightheoir, agus méad Dé an féin; agus tré fhuinneoig eile go bhfaicthear piana ifrinn, lasracha, agus ceodh dorcha gráineamhail na teineadh uathbhásaigh', na peacthaigh dá bpianadh ag deamhanaibh do shíor san bpríosún bhocht thruaillighthe sin; an measmaoíd go bhfuil duine san domhan dobheith dimhin don radharc so d'fhagháil nách rachadh dá fhéachain, dá fhad uadh dá mbeithdís? Gidheidh, as í an urnaighe an fhuinneoig tré a bhfaicmíd neamh agus ifrionn, naoimh agus daoine damanta, aingil agus deamhain, glóir agus bochta shíorraidhe. As í fós fhoillsigheas Dia dúinn agus thasbéanas an differ atá idir an dá shíorraidheacht. Nách gránna an leisge dúinn neithe comh mór agus so, ar a bhfuil mórán
uainn féin orra, gan a dtuigsin? Gibé dobheith láimh ar tor re n-aibeóradh duine tromdha fírinneach cinneamhain rómhaith nó ró-olc do bheith fána choinne, agus ar a láimh féin a rogha do ghabháil díobh, agus go dtaisbéanfaidh dó as fuinneog an tuir modh agus gléas gach cinneamhna; an measmaoíd an bhfuil duine ar bith nách ttóigeóchabh a cheann go luath dochum iad so a d'fhaicsin, ionnas go m'fhéidir leis an drochchinneamhain do sheachna agus díthcheall do dhéanamh dochum teacht dochum na cinneamhna maithe? Uime sin, nách mór an mhainneachtnaigh agus an leisge thruaillighthe dúinn gan féachain go grinn ar an dá chinneamhain si atá rómhainn, agus go ttiocfaidh ceachtar díobh gan chontabhairt ar bith orainn, ionnas go mb'fhéideair linn dólás agus bochta na drochchinneamhna do sheachna agus teacht dochum sóláis shíorraidhe na deighchinneamhna. An treas ní atá san urnaighe, go gcuireann an t-anam a bhfiaghnaise Dé agus go gceanglann ris é ar mhodh iongantach re grádh, ionnas nách lugha an riachtanas atá ris so ná re gach ní eile; do bhrígh go bhfuilmíd gan séan gan sonas an feadh a bhímíd sgartha re Dia, óir ansin atámaoíd gan chongnamh, gan chuidiughadh, gan fios comhairle againn. Má sgarthar uan beag rena mháthair, créad dodhéanas sé acht bás d'fhagháil gan bhiadh gan bhainne? Bíd na helementí ag spairn re fuirach 'na n-áit féin. Má scarthar ball ler ccorp, ní bhíonn beodh. Mar an gcéadna, mar as riachtanas do na helementibh a bheith 'na n-áit féin, do bhall a bheith san ccorp, agus don un a bheith ag a mháthair, mar sin is riachtanasach dúinne an urnaighthe chum teacht dochum Dé agus dochum a bheith beo go fírinneach son, munab mian linn bás d'fhagháil. 'Na cheann so, ris an muinntiorras so re Dia doníothar an t-anam foirbhthe agus iomchubhaidh dochum oibreacha na subháilce agus dochum tarcaisne na neithibh saoghalta, agus ní bhfuigheadh docamhail mar ba ghnáth leis isna freachnaighibh naomhtha agus i gcomhairlaibh an tsóisgéil do chur a ngníomh. An blas agus an sólás dobheir Dia do dhuine san urnaighe, bainid a mblas den uile shámhus shaoghalta. Fós, doníd an mortification, atá riachtanasach ag searbhóntaidhe Críost, éadtrom gan docamhail. Mar sin, ar iomad d'ádhbharaibh, foillsighthear riachtanas na hurnaighthe.
Gibé doghéabhadh ina n-éinní amháin saidhbhrios, onóir, sláinte, neart, agus gach ní eile ba mian leis d'iarraidh, bu mhór an díth céille dó mainneachtnaigh do dhéanamh 'na thimchioll nó dearmad do dhéanamh de. Ó, a Dhia uilechumhachtaigh, nách mór an mhire a bheith mainneachtnach fán urnaighe agus gurab í as congnamh dúinn san uile riachtanas, agus as coimhéad daingean dúinn ar an uile olc, agus as leigheas dearbhtha dúinn 'na n-aghaidh, agus gur ria dogheibhmíd an uile mhaith, eadhón, Dia féin ina bhfuil an uile mhaith, agus nách dtig olc ar bith dúinn acht as dearmad do dhéanamh di, agus gurab lena cuidiughadh théaghmíd ar ár n-aghaidh gach aon lá a slighe na subháilce. Uime sin guidhim gach aon rer mian toil Dé do choimhlíonadh, tré ghrádh Íosa Críost agus rena shochar féin, bíodh dúthrachtach san urnaighe; óir ní bhfuil dá dhíthchiollaighe dá ndéan í, nách móide bhias 'na shearbhóntaidhe dhíleas ag Dia é. Agus bíodh meas againn ar an mhaith so mar as cóir; agus tugmaoís buidheachas do Dhia ar shon a bheith ag fuireach linn dochum labhairt ris; agus atá dár ngríosadh chuige tré mhéad an fhuinn atá air maith do dhéanamh dúinn. Agus ná bíodh contabhairt orainn go n-éistfidhe sinn, eadhón, an tí atá dár mbrosdughadh dochum comhráidh ris, agus go ttiubhraidh dúinn go tabhartha cinnte gach ní as mian linn, an tan ag iarraidh orainn é féin do ghuidhe. An bhfuil sólás as mó nó go bhfuil cead againn labhairt re rígh an domhain gach uair as mian linn fein? Créad é méad na haimsire do caithtear, agus créad é a mhéad do ghuidheadóiríbh ís éigean d'iarraidh, dochum labhartha d'fhagháil le rígh nó le tighearna, ag nách bhfuil acht clúid bheag don talamh so aige? Gidheadh, ar shon go bhfuil rí nimhe agus talmhan ag iarraidh orainn teacht do chomhrádh ris, is ar éigean dogeibhthear duine reir mian teacht chuige, ar shon gurab mór atá uainn ar. Na daoine saoghalta, an tan a bhíos sibhte nó gnódhaighe móra ar bith aca a bhfiadhnuise breithimh, ní fhaighid ciúnas oidhche nó lá go gcuirid críoch orra; agus sinne, ar shon ár sláinte síorraidhe, ní chuirmíd saothar ar bith orainn. An bhfuil mainneachtnaigh ná dánacht, éadóchas nó míonáire ar bith as mó ná so? Agus ní feas dam cá hainm oile as cóir nó as iomchubhaidh dam do thabhairt ar mhainneachtnaigh na hurnaighthe iná iad soin.
Guidhim arís agus arís gach duine reir mian seirbhís do dhéanamh do Dhia, tréas na fiacha atá ar ár Slánaightheoir orainn, tré ghlóir Dé, trí chur suas na hEaglaisi, tré iolgháirdeas na n-aingiol, tré shólás na bhfíréan, agus trína sochar féin, más mian leo toil Dé do choimhlíonadh, an mhéid gur féideair leo é, ná léigdís mainneachtnaigh san urnaighe. As innte ghéabhaid fios créad as mian re Dia do dhéanamh dóibh, agus doghéabhaid neart agus grása dochum sin do dhéanamh agus a chur i ngníomh; agus doghéabhaid ar neamh tré shaoghal na saoghal an ní do thionsgnadar ar an tsaoghal sa. Go ttugaidh Dia trócaireach tabharthach sin dúinn uile, agus go raibh a ainm féin beannaighthe tré shaoghal na saoghal. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services