Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
O'Davoren Deed
Title
O'Davoren Deed
Author(s)
Buíon Údar,
Compiler/Editor
Macnamara, G.U.
Composition Date
1606
Publisher
(Luimneach: North Munster Archaeological Society, 1912)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ttaobh thshiar ba tuaidh don chathair asdigh. Agus an tech mór atá ar a ttaoibh tshoir do dhoras na Cathrach agus a bhfuil ó Bhearnain Fánann an tadhaill ar in ttaoibh tshoir go bóthar gharrdha Thaidhg ruaidh siar. Agus an garrdha sin féin ar chuid an Chosnui don cheannáit chédna sin. Tuile eile atá faithche an bhuaile agus an bothar ón bhfaithche siar go nuige an mothar dtortanach. Agus uisge an bhaile fá mar atá an sruthán dubh thshuas agus tobar an bhaile asdigh comhshaor ag in gcenn-áit sin re chéile. Tuille eile asé so cunnradh an Aodha agus an Cosnui cédna sin eatorra féin ó thús agus edar a n-oighridhibh diongmhalta ina ndiagh arís a ttimcheall an dá sheisre sin adubhramair thshuas agus a dtimcheall gach fearainn eile nach iadsin ar a labhrann ceart a n-athar agus a seanathar do réir a ndíntiúridhe (?) do bheith dfiachaibh orra sin re chéile comhshaothrughadh agus comhshádhbháil agus comhbharantacht agus comhchosdas pleaghdala agus seasaimh ina bfearain sin re chéile do bheith orra féin agus ar a noighridhibh ina ndiagh go siorruidhe a n-aghaidh gach aon duine dár chuir ná dá ccuirfeadh buadhairt orra annsana fearanaibh sin re chéile ná an aon chuid díobh. Tuille eile dá dtí do bhuadhairt do thaobh na bhfearann sin féin nó do pleadáil nó do dfuasgladh fearainn céim ar bith as a gcailfidhe aon chuid dona fearannaibh sin dfhiachaibh ar Aodh agus ar an CCosnui réimhráite sin comhthrom fearainn nó fuasgailte do dhéanamh re chéile ana mbiadh aca. Agus dfhiachaibh ar a n-oighridhibh ana ndiagh an comhthrom sin do dhéanam re chéile mar an gcédna. Tuille eile atá dfhiachaibh agus do chunnradh ag an Aodh. Agus ag in CCosnui sin ara chéile má bhinn duine diobh a cur a chodach féin dona fearannaibh sin a ngeall nó a siorruidhecht uaidh féin chum aonduine eile gan ar cumas do a chur ón bhfear eile má fhéadan sé a réidhtech mar do dhéana duine eile agus muna bféada ní bfuil ar cumas do sdainc do chur ar an tí réidhfeas í nó go dtí aimser a fuaisgailte arís. Tuille eile atá do chunnradh agus dfiachaibh ag in Aodh sin agus ag in CCosnui réimhráite sin. Agus ag a noighridhibh ana ndiaigh ar a chéile cidh bé dona fearannaibhsin adubhramair nó dfearannaibh eile nách iad sin do bheith a ngeall uathadh araon nó ó dhuine dhíobh, cidh bé dhíobh dá dtiocfadh sin dfuasgladh ar dtús dfiachaibh aran bhfear eile a ionad féin agus a bharántacht do thabhairt do chuige sin dfuasgladh go feadh a fhuasgailte uaidh arís ara mbíodh dá dhíoghbháil ris.
Tuille eile atá do cunnradh agus do choingheall chomthrom ider an Aodh. Agus an CCosnui cédna sin cidh bé dhíobh féin do rachadh gan fhoighridhe diongmhalta ó na chorp féin air, an fear eile agus a oighridhe do bheith ana noighridhibh ana seicedúiribh agus ana síghnibh air annsna fearannaibh sin tsuas adubhramar do réir mar labhras lorg an athar agas a seanathar dhóibh. Tuille eile cidh bé méd do chuid an Aoda cédna sin nach aiteocha sé fén má fhéadan an Cosnui a háitiughadh atá dfiachaibh ar in Aodh sin gan toirmesg ná uaisle uaidhe fén do chur air acht cion anáiteocha sé dhi do shaoirse Shlaine ingine Ghráda do bheith ana diaigh air fá mar atá bó shaor. Agus lá saor annsa cethremhe mír dá mbiagh ar áitiughadh don fearann do bhí ag Sláine agus mar dhearbhadh agus mar fhoillsiughadh ar gach in dá bfuil sgríobhtha annsin anuas do bheith ceangailte fosduighthe go sioruidhe ar an Aodh sin agus ar an CCosnui réimhráite sin orra féin ar anoighridhibh ar a seicedúiribh agus ar a síghnidhibh ana ndiaigh go seasmhach atáimsi an tAodhsin a cur mo láimhe agus mo shéala ar an gcuid don sgríbhinn so atá ag an gCosnui, dom thoil aontuightheach féin agus tar éis an Cosnui (agus atáimsi an Cosna sin) do réir mo thoile agus maonda féin ag cur mo láimhe agus mo shéala ar in gcuid don sgríbhinn so atá ag in Aodh reimhráite sin do réir na feofment atá annsin anuas an taonmhadh lá dég do mhí Aiprílis aniu a gcathair Mhic Neachtain do láitir na bfiadhain cuirfios a lámha ann so síos an ar ndiaigh agus ín bhfuil an tsaoirsi sin adubhramar do bheith ag Slaine inghin Ghráda ag aon duine dá hoighridhibh ana diaig. Anno Domini 1606. Agus annsa tres bliadhain do ríghacht ár bprionnsa ghrásamhail Séamus do ghrásaibh Dia rígh Sagsan, na Fraince. Agus na Heirionn. Agus annsa naomhadh bliadain x ar x x do ríghacht na Halban etc.. AODH Ó DABHOIREAND. Giolla na naomh ó Dabhoirean. Giollaphádraig mac Aodhagain. Rudhri ó Conchubhair. Feidhlim mac Conchubhair. Symon fitz Patrick. Morogh o'Brien. Copia vera concordans cum originali.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services