Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amhráin Dhiarmada, Mac Sheáin Bhuidhe, Mhac Cárrthaigh
Title
Amhráin Dhiarmada, Mac Sheáin Bhuidhe, Mhac Cárrthaigh
Author(s)
Mac Cárthaigh, Diarmaid mac Sheáin Bhuidhe,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1694
Publisher
(Corcaigh: Ivernian Society, 1914)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
II. - A SHAERBHREATHAIGH ÉACHTAIGH. A Shaerbhreathaigh éachtaigh mo bhrón tu, A phrionnsa de chrú ghlain na Fódla, A ghaiscidhigh a scathaíbh ba chródha, A fharaire dá raibh th'ainm san Eóruip, A bhrigidiair badh shia le heólus, A mháighistir campa ríogh Frangc ba mhó aige, A mharsáil do bfhearr cáil is comhairle, A fhir réabtha ar mhachaire ar bhailtibh 's ar phórtaibh; Clos do tháisc do chráidh go deó me, A lámh láidir rug bárr leat i ngleóbhruid, A fhir chothuighthe clú do chrú 's do chómhfhoguis Dot náisiún ba náisiúnta beó againn. An t-éag dot ghoin is tuirse bhróin liom, Is diachair chléibh trím aedhibh go drólainn; Ní goin aenfhir an t'éag soin dfhógair Acht goin gach aenfhir d'Éirinn fhódghlais. Deimhin do bháis a ráib na móirbheart Do chiorrbhuigh mo radharc, tug tinn me breóidhte; Dá mbeinn tríotsa ar baois im óinmhid, Nó bheith im gheilt gan cheist níor thógtha. A chaithmhíle, a fhlaith fhíonmhar cheólmhar, Do thathuigheadh a marcaigheacht na móireach Óna bhfacaois do threasaigheacht i ngleó cnuic, Is creach linn an aibíd mar chóta ort!
Mo léirchreach tu it aonar ag feódhchant, A thréinfhir dfhuil Éibhir na móirbheart, I laochus i n-éinfeacht 's i n-eólus Do rug céim leat tar récsaibh san mórdhacht. Fionn na bhfiann tu ag riar na slóighte, Oscar badh neartmhar i gcath 's i gchómhlann, Aicill Gréagach do bhéarfadh cómhar duit, Is Conall mac Néill tu i méinn 's i mórtus. Sciath na nGaedheal go léir 's a gcomhla, A gCúchulainn teann tu i n-am an fhórsa, A dtearmonn ceall, 's a gceann treóra, A gCaesar 's a réilteann eóluis. A lámh fuair barra gaisce i ngleóinimh, San mBurbún do chiorrbhadh do bhreóidh me, I gcrích choimhthigh gan puinn dot chomhgar Ná mná caoi badh dhlighe dot shórtsa. A dhíogruis mo chroidhese, dá mb'eól dam, Dar Míde do chaoinfinn go cóir thu, Mar nár caoineadh rí ná rófhlaith I dtíorthaibh Laoisigh ná i bhFlóndras. Dar leat níor mhaoidhte gur dhlighe dhamhsa Gur tú is aoirde do chaoinfinn dFhódla, Is gurab é is dísle do chaoinfeadh beó thu Diarmaid dá bhfiadadh 's dá mb'eól do. Dá maireadh gach oide badh sine ingach cóige, Dá maireadh gach file is gach croiniceach róghlan, Gach seanchadh sámh 's gach fáidh le heólus Do scríobh a dteastas ar fhlaithibh na Fódla.
Do bheadh a ndícheall gan aimhreas, dar Ólainn, Mairbhne badh mhairbhne cóir dhuit, Is do ghníomhartha chur síos i n-órdhath Ót leanbh dhuit gur leagadh thu i gcómhrainn. Ó Dálaigh is gach fáidh dá phóraibh, Ó Duinnín 's a bhfuil díobh beó againn, Tadhg Dall is a bhfuil ann dá shórtsan, Is Maoldomhnaigh rug geall leis i gcómhdaibh. Dámhscol Mhic an Bháird na gcómhfhocal, Ó Maolconaire an t-oide, is Ó hEóghusa, Clann Dáire, na fáidhe ba mhó againn, Is clann Chraith aga raibh ceart gach eóluis. Ós é Ó an Cháinte amháin atá beó againn Do dhéanfadh aiste do cheapadh go cóir dhuit, Ina gcuirfeadh síos i laoithibh, 'sis eól do, Do ghníomhartha ingach tír den Eóruip. A Bhíocuin Chaisil na bhfalarthach seólta, Do bfhiú do mhairbhne a tharraing i n-órdhath, 'S a chur i meamram dhaingean i gcló chirt, 'S a mbeadh i n-aiste dar dhealbhuigh Tórna. Siúd Éire tar th'éisse go leóinte Mar d'ísligh a brígh agus a glóire; Na danair dá roinnt, mo threighid, mar spóla, Le dútracht mar ba dhúithe dhóibhsin. 'S gan aon den fhuirinn ag imreas leósan De shíol Éireamhóin Éibhir ná Eógain; Ón uair do leagadh do thaisese i gcómhrainn Don deamhan eagla ar ghallaibh 'sis cóir sin.
Gráin áigh ar an mbás, tug próiseas Ar árdfhlaith Chaisil, do bfhearra dá ndóbradh, A trí is trí fichid go bhfeiceadh dá chómhaireamh - Ós bliadhain ciorrbhuighthe ar iomadaibh slógh soin. Sé an feall do shanntuigh is d'órduigh Le huiscíbh gur chiorrbhuighis mar bhreóidhteacht, A theacht ar mhachaire is arm n-a dhóid ghil Bhíodh ar mfhallaing a threascairt nár dhóigh dhuit. A dhia m'aindeise, a bhradaire bheólduibh, 'S a bheartuidhe mhalluighthe do threascair mo leógan, Do rinnis an feall, a chlamhaire chóirnigh, Do rugais aganfhios leat anam gan fógairt. A chladhaire an tarta 's a dhealbh mar ghósta, Dá bhfionnadh na déithe baoghal dá shórt ort, Is tréan do shéidfeadh séilteann cómet Ag déanamh soluis i bhfochair gach cósta. Do bheadh fraochnimh ar an spéir ag tóirnigh, Is na réilte go léir as óirdin; Do ghlaodhfadh go héigneach Tonn Tóime, Is Tonn Clíodhna do chaoifeadh go glórach. Do bheadh an dá Mhuisire ag tuitim n-a n-óistibh, Is Carraig an Truisc ag rith thar teórainn; Loch Blárnann n-a thráigh gan deóir ann, Nó, do bheadh in' fhuil go bhfios don chóige. Do shloigfeadh an talamh Mangarta is mórchnuic, Is na Cruacha bhíos buan gan tóramh, An Dá Chích nach íseal do tóiseadh, Is do sloigfidhe Torc san loch n-a chomharsan.
Do scéithfeadh Loch Léin tar Tóimibh, Le méala do thaobh th'éaga 's nach beó sibh; Is ann do glacadh chun tailimh ar dtóis sibh, 'S it bhéal binn an chéad chígh do dheólais. An chúilfhionn ó Dhúrlas ór thóismhis, Cuntaois do bfhiú í dhul thórsa, Badh dhathamhla 'ná baindiúic da ndóbradh 'S badh flaitheamhla 'ná bainphrionnsa i mórdhacht. Síodhmhná an locha ler foilceadh thu i dtóirrcheas Thug tabharthais is bronntais go leór duit: Gan scáth roimh arm gan eagla cómhraic, Acht bheith go fial is ciall do dhóithin. Tug Mars it leanbh dhuit arm it dhóid ghil, d'iomchuiris fé chlú go fódchur, Gan dul ar gcúl i dtúis na tóra, Acht buadh nó tuitim let fhuirinn san gcómhrac. Na hiongantuis seo dar chirte bheith romhatsa, Gan cheist it dhiaidh tig siad go róghrod: Iompódh tíre, taoide is bóchna, Cailleamhaint righthe nó nidhthe chomh mór leis. Tá clár na Niall it dhiaidh go tóirseach, Is do thuit bruit ar sruith na Bóinne, Ar an Sionainn do thuiteadar ceóbhruit, Ar sruith mallagheal Bearbha is Feóire. An Laoi do chuaidh i ndísc is ba chóir dhi 'S an ribhéar glan soin Abhainn Móire, An Bhannda 's an Leamhain fán gceó soin, An Mhaing 's an Fhéil is Loch Léin na lóchrann.
Amhráin Dhiarmada, Mac Sheáin Bhuidhe, Mhac Cárrthaigh. II. SAERBHREATHACH MAC CÁRRTHAIGH, .i. TIGHEARNA CHNUIC CAISIL. Na scéala soin t'éaga sdo thórraimh Tug déarach faoi mhéala lem ló me, A phéarla bhfear nÉireann i gcródhacht, A phoénix dfhuil Éibhir na seólta. Do léirscrios tuatha Déan tar bóchna, Is do chuir Fir Bholg ó chothrom gach cósta; Fuair len arm an talamh gan teóra, 'S do chuir na danair gan seasamh gan sóghchas. Bíodh gur chaillisse scata glan óigfhear Dem chloinn, dá mbfhíor, is dem chómhfhoguis, A n-éag súd uile níor chiorrbhuigh mo dhóchus, Nó gur ghlacassa dearbh do sceólsa.
Do chíos i gCaisiol do gheallais go dtógfainn, 'S i dtuathaibh ba dhual duit n-a chómhgar; Dá dtigeadh leatsa leath do dhóchuis, Mo thuirsese ní tusa ná cómhallfadh. Dar liom do thuillis níos fuide bheith beó againn, Do chiall do ghliocas do mhiotail do mhórdhacht, Is gan dul d'éag i gcré go fóill duit, Acht díoghaltas Dé atá ar Éirinn fhódghluis. Fáidh ná fisige ní thuigim gurab eól dóibh Leath a dtubaiste d'innisint fós dam, Ón neamhágh síor do chím gach ló ortha, Is maithim choidhche do shíol Eógain. I gceann gach tubaiste d'imthigh ar ógaibh Inis Fáil na n-árdfhlaith nósmhar, A ndeachaidh thar lear den ghasraidh i móirchion, A dtabhairt tar ais níor bhfheas dá bhfódchur. A Chaisiol na gceall is fann do dhóchus; Taoi dubhach, is dar liúm badh chóir dhuit; Do léanuigh do chlaochluigh gach gleó thu, Is do scaraisse le flaitheas tsíol Eóghain. Gan scor each ag teacht it thómus, Gan guth laoch let thaobh am nóna, Le hár daoine chím go mór ort, Do dhubh do ghnaoi gan suim i gceólta. Ní bheidh Carrathach paitint go deó oraibh, Tar éis gur fada dhá n-aicme leat pósta, Do thogha Mont Cashell bíodh agat it chomhairle Do threibh na ngall tá teann san bhfód so.
Cuir do shúil don chrú badh chóir dhuit, D'éis tSaerbhreathaigh éachtaigh do leónadh, Mo chrann bagair ar ghallaibh na Fódla, Mo churadh caomh mo laoch mo leógan. Oighre Chuirc, an ursa chródha, Óna n-abarthar Caiseal Chuirc reómhainn; Oighre díleas ar Eógan Mhór thu, Is oighre cirt ar Oileall Óluim. Do Cheallachán Chaisil ba ghairid tu i gcómhfhogus, Do chuir Lochlainn ó chosnamh gach móta; Oighre Lughaidh Láimhdheirg mhóir thu, Éibhir na gciabh is na srian órdha. Oighre Mhíleadh Easpáinne chóir thu, Oighre i gcumus tu ar Bhile mac Breógain, Ar Ghaodhal Ghlas, na scabal órdha - Tar a n-éis siúd ní thiubhar gaol níos mó dhuit. Is leó ba chosmhail tu i gcogadh 's i gcómhlann, Is leó ba chosmhail tu i n-oifig 's i gcródhacht; Ba leó do phearsa do dhealbh do mhórdhacht, Is níl a n-aithghin againn beó anois. Fuairis gradam i n-arm 's i nglóire, Idir na righthe, níor bh'iongnadh dhóibh sin; Do chuir do mhiotail tu i n-iomaidh leósan, A mhic Dhonnchadh do rin cogadh go cóthrom; I gcrích Bhanba do bhí i gceannus gach comhairle, I gCill Choinne, is má bhí ionad ba mhó againn; I n-intleacht ní raibh puinn dá shórt ann, I ngéarsmacht i n-éifeacht s i n-eólus.
Cíos Muimhneach ba dhlighe do thóg sin, S ag riar an airm fuair ceannus na cóige; An uair dob éigin dó géilleadh dhon fhórsa Do fuair coinghíoll nár coimhlíonadh dóibh sin. Gach mná sidhe dar dhlighe bheith ag ceólghol It dhiaidhse, a mhic Iarla na móirchreach, Dar an leabhar so do bodhradh a gcómhachta, S do balbhadh a dteanga 's a nglórtha. Gan suim i ngaol ag aon don chóip sin, Gan súil go bráth le lá aca ar fóghnamh, Mar d'imthigh bunscionn gach dúthchas deónach Isiad laochra gall is annsa leósan. Is na mná saoghalta féin ba dhóigh liom Níor chlos a scread ar dteacht an sceóil sin; Míle gráin ar mhnáibh na Fódla Ná tug gártha is gáir go neólaibh; Ná deárnaidh uaill magcuaird is geóin ghuil, Nár stath a gciabh, nár stiall a ndóide; Is na mná dúthchais mo chonntracht beó ortha San gcumhadh so mura dtugaid congnamh damhsa. A mhná Muscraighe bheith dubhach dhíbh is deórach, Is bheith i ndiaidh bhur dtriaith ag ceólghol, Bheith ag screadaigh sag stathadh bhur n-órfholt, Is dul d'éag de bhíodhg is díbh is córa. Nó an tinn libh ceann feadhna na n-óigfhear, A leógan uasal 's a gcuaille cómhraic, A n-inneóin chogaidh, fear cosnaimh a gcóra, A saoi chabhra 's a nGoll mac Móirne.
I gcéill 's i gceannus, i bpearsain 's i gclódh chirt, I bhfoghluim airm, i ngradam 's i gcómhachta, Ní raibh Gaedheal i gcéim chomh mór leat, A mhairsel na gcampaí is na lann órdha. Ní raibh Ó Néill ná Ó Domhnaill, Ná an tIarla Ó Súilleabháin, Domhnall, Ná Cárrthach dá dtáinig dá móraibh, I bhfabhar na righthe ná i gcumus chomh mór leis. Ag rígh Séarlus do bhís tréimhse i móirchion; Ag rígh Séamus ba thu féin ba chómhairleach; Ó rígh Lochlann do bhí an oifig ba mhó agat; Is do Laoiseach do chuiris tíortha fé mhórsmacht. Ar phrionnsa Báidein dfhágais beólot; Do bhainis an pas amach fé dhó dhe; Do bhainis an machaire fairis ar ló dhe, 'S do chuiris na mílte dá mhuinntir ar feódhchain. Marcus de Boniard na sróllbhrat Do rugais ar chúl as cúil an phóirt leat; Do bhainis an baile i n-aisiog dá bhródchath 'S do rugais an t-airgead fairis an ór leat. Do bhí it aigne tarrraing go Gósia Is don Sceithia ina raibh do shinsear reómhat, Ina raibh an oiread sin righthe dhet phórfhuil Insan líne dhírigh ór thóismhis. Cibé chífeadh suidheachan do shlóighte Ag teacht ón ár um thráth nóna - Do bhataille cogaidh go clogadach clóchach, Anntúrach, galltrúmpach, cóisteach.
Tá Inis Fáil it dheáidh n-a ródaibh, Gan lá ceannais ag ceallaibh ná ag órdaibh; Is ní mairg bliadhna ár dtriatha ar feóchadh, Acht mairg bhías druim ar druim go deó orainn. Truagh ghéar liom mar éachtaibh san gcóige, Is ar th'éagsa is léan liom mar chómhartha, Go bhfuilid do bhailte sdo bheatha dhá bhfógairt Don té sin do bheir réal níos mó ortha. Mo shíleassa de dhruim an chósta Tú theacht le luingeas go n-iomad do sheólta, Le gasra laoch go héasca ar bhórdaibh Ag teacht chun tailimh, gan seasamh let fhórsa. Anoir nó adtuaidh chun cuain ba dhóigh linn Go raibh do theacht le neart do dhóithin, I gcuan Chinn Mara, nó ar cheannaibh Tighe Móire, I gcuan an Daingin nó ar shleasaibh Trágh Móire. Uch mo chreach, do mheath mo dhóchus, Tar éis ar chan lucht feasa de ghlórthaibh, Ní fheicfead ag teacht tar ais go deó thu, Sársfield, ná Seán Mhóna Móire. A Dhia, gan dochar leig Donnchadh beó dham 'S a theacht fé chothrom ó chlochaibh mar chóta, Laoch oiordhearc dfhuil Chormaic Óig sin, 'S go raibh deaghmhac an oighre pósta air. A bhaindéithe do léirigh gach tórramh, Le ráidhtear na fáistinidhe móra, Do shníomhas, do thairngeas is ghearras an córda, Snáithe beatha gach pearsan i gclódh ghlan; Mar adéarainn Lachésis is Clótho, S an treas ainnir dar bh'ainm Atrópos, Lucht fill sibh tá de shíor im chómhairse, 'S is minic liom chleachtaim bhur n-ainm do chomhaireamh.
Do chuir gan biseach im shionach gan snódh me, Do chuir mo chroidhese im chlí istigh breóidhte, Gan suim i n-aoibhneas ná i gceólta, Ná i gcuideachtain mar ar mhinic mo shórtsa. Créad an mhioscais do chumais fám chómhairse; Nó an díoghaltus do bhí agaibh im chomhairle? Créad an bhinib do thuilleas, badh dhóigh libh, Do bhásuigh na cáirde ba mhó agam? Do creachadh libh is do hairgeadh beó me, Mar tá sibh riamh im dhiaidh ag feólmhadh; Ó chuireabhair dúil ionnúm chomh mór soin, Bíodh mo shlán fán mbás mar stócach! Rachadsa gonuig na fearaibh badh dhóigh liom Do bheith fé scíos ag caoi go brónach; Rachad ar cuaird, ár n-uaill bheith leósan - Is gol na bhfear ní maith an ceól sin. Uaisle an chine do chuiris fá mhóircheast, An fuigheall beag mhaireas den Charrathfhuil chródha; Do bhráithre foirtille fola agus feóla, Táid trét chumhadhsa brúidhte breóidhte. Sé an treas truagh sin uaill na n-óigfear Do lean tu féin i gcéin tar bóchna, 'S do lean go doimhin tu i bhfeidhm gach mórchath, Ní mhairfid tar th'éis táid créachtach crólag. A bhfear cúil tú, a gcúirt 's a gcomhairle, A n-aonshúil tú, a lúth 's a lóchrann, A n-urradh thighe thú, a ndíon tóra, A ndíoghbháil 's a ndíothláithrigh go deó thu!
Mo mhuclach laoch de thréanfhuil Eógain, Do chuiris i bhfolach is maide ar a ndoirsibh; Dá gcaoi níos fuide ní furusa dhamhsa - Is mithid dam codladh, do ghoileas mo dhóithin. A fhir chalma den Charrathfhuil ba chródha Dot leagadhsa do leagadh gach cóige; Go dtéighe th'anamsa go Flaithis na glóire. 'S a Shaerbhreathaigh éachtaigh mo bhrón tu. Phoénix na hÉireann is posta na Mumhan, Péarla de shliocht Éibhir do bfhoirtille clú, Atá in' aonar san chré seo fé chlochaibh i n-úir, Saerbhreathach éachtach, mac Dhonnchadh an Chúil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services