Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Choill / The Wood I
Title
An Choill / The Wood I
Author(s)
Mac Piarais, Pádraic,
Composition Date
1914
Publisher
Irish Review
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CHOILL. PÁDRAIC MAC PIARAIS do sgríobh. I. CLÁIRSEACH NA COILLE. Tá Coill i n-iarthar Chonnacht dá ngoirthear an Choill Mhór. Ainm eile atá uirthi, an tSean-Choill. Ní gan fáth do gairmeadh an t-ainm sin di, óir is í an Choill is sine i nÉirinn í. Níl ní i gcríochaibh Fáil, agus beo agus marbh d'áireamh, is sine ioná an Choill sin acht clocha glasa na gcnoc agus osnadh éagcaointeach na sean-mhara. Má tá meabhair agus cuimhne ag Beannaibh Beola is ar éigin is cuimhin leo saoghal nach raibh an Choill sin ann. Do bhí sí ann sul fuair na Beanna a n-ainm féin. Do bhí sí ann, ina fiodhbhaidh fhíor-dhoimhin fhíor-dhiamhair, nuair do ghabh Beola conair Chonnacht anoir ag druidim dhó le fód a bháis. Má bhí ainm ar bith ag Beola uirthi, ní dóichighe ainm do bheith aige uirthi ioná an tSean-Choill. Do bhí tráth ann agus ní raibh na Beanna féin ann. Do bhí Beann Bhán ina machaire, do bhí Beann Chorr ina clár cothromh comh-réidh, agus dob' fhéidir gurbh' ina gleann do Dhubh-Chruaich; nó dob' fhéidir gur grinneall agus geal-ghaineamh do bhí i n-áit na mBeann n-áluinn agus osnadh éag- caointeach na mara go síorraidhe os a gcionn. “Árduighthear na Beanna,” ar Ceard an Domhain, agus ar an bhfocal sin do bhrúcht teinnte ó bhruinn na talmhan agus do hárduigheadh cloigeann ceann-gharbh na Dubh-Chruaiche, agus maol-chliathán Ailt na gCaorach, agus mothar mór-ádhbhal na mBeann mbuan, leith ar leith. Ba lom iad na leacracha liatha i dtús aimsire agus ba gharbh gháibhtheach guailne na gcnoc, acht níorbh' fhada gur clúduigheadh a sleasracha le brat fiodhbhaidhe na foraighise fionnfhuaise. Cad as ar ghluaiseabhar, a shíolta bunudhais na Sean-Choille, nó ca raon nó conair do gabhadh libh? An iad éanlaith an aeir d'iomchuir ina mbronnaibh sibh, nó an iad na gaotha glóracha gáireacha do sgaip annso sibh le n-a lámhaibh do-fheicseana? Cia cheap dhíbh an fásach so mar ionad coinne agus comhdhála? Mo chion do'n Té sin, agus mo chion díbh-se, a shíolta ór fhás an Choill do charas! Anoir agus aniar agus adtuaidh agus andeas, ó gach áird as a séideann gaoth, ar gach raon aerdha dá leanann éan, thángadar ag freagairt na coinne: síol darach, síol beithe, siol iubhair, síol sailighe, síol caorthainn,
síol cuilinn, síol an ghiúis ghairbh Ghaedhealaigh. Agus d'fhás gach síol díobh ina chrann, agus do ghein gach crann de réir a chinéil, gur éirigh na homnaí ur-árda an-troma agus na beithe breaghtha breac-sholusmhara agus gur fhoirbhigh cruaidh-chuileann agus giús Gaedhealach agus gach crann de chrannaibh na Coille de réir a aimsire. Ba chlos annsin i n-uaigneas an fhásaigh ceol ur-nuadh ag freagairt sean-cheoil na fairrge, .i. Cláirseach na Coille ag seinnm go fíor-bhinn fíor-chumhach ar mbaint a dtéad do mhéaraibh do-fheicseana na gaoithe. Ba chlos an ceol sin ar fud na díthreibhe dhá fhuagairt d'il-chinidheachaibh an aeir agus na talmhan go raibh port dídin agus árus comhnaidhthe dhóibh fá sgáth duilleabhair na hóg-Choille. D'fhreagradar an chomhghairm. Tháinig an broc liath agus an dobhar-chú donn déid-gheal, an sionnach ruadh agus an faol-chú riabhach, an cat crainn agus an madadh crainn agus an t-iara beag ruadh, an fiadh ruadh agus an fhearbóg, an girrfhiadh agus an easóg agus an ghraineog dheilgneach, an tsean-luch dhubh agus an luichín liath, maille le gach aithid fhaitigh fhiadháin dá gcarann coill; tháinig an torc mór agus d'fhuagair cogadh ar threabhaibh na Coille gur umhluigheadar dhó agus gur ghairmeadar rí dhe! tháinig ealta éagsamhla iongantacha éan, agus dronga do-áirmhighthe piast, agus sgaotha líonmhara beach agus seangán agus ciaróg agus cuileog, ionnus nach raibh i ndeireadh aimsire poll ná cuas ná uachais, port abhann ná bruach locha, tonn uisge ná tulach talmhan, crann ná dos ná tom, gas ná duille ná caol-ribe féir ar fud na Coille nach raibh ina dhún-bhaile agus ina dhaingean-phort d'aithid éigin d'aithidíbh na Coille. Do ghluais aimsir imchian. Do chuir Éire a céad maol di. D'fhan an tSean-Choill ina Coill. Do ghluais aimsir eile, aimsir an-fhada. Do chuir Éire a dara maol di. D'fhan an tSean-Choill ina Coill. Do ghluais an treas suim aimsire. Lá dá dtáinig do cluineadh fuaim ur-nuadh uathmhar sa gCoill. Buillí tomhaiste troma tuaighe. Do cluineadh na buillí sin ar feadh na mbliadhanta. Do gearradh a lán d'adhmad na Sean-Choille. Do fágadh lom arís guailne na mBeann agus cúim na ngleann. Acht níor gearradh na crainn ar fad. D'fhan Dubh-Chruach ina Coill. Tá Éire ag cur a treas mhaoil di, acht tá an méid sin de'n tSean-Coill ina Coill i gcomhnaidhe. Dubh-Chruach agus an gleann atá fúithi agus imeall-bhuird an locha atá i lár an ghleanna: tá an méid sin ina Coill fós agus béidh ina Coill go Lá an Luain. Gidh beag í indiu, tá an tSean-Choill ann i ndeireadh na saoghal, í
féin agus a bhfuil innti de dhúilibh beodha amhail domhan beag innti féin. Mo chion díbh, a shíolta buana bith-bheodha na Sean-Coille! Céard fáth ar charas an Choill sin thar coilltibh na hÉireann? Tá, do chaitheas seal dem' óige im' chomhnaidhe i mbothán sléibhe ar a himeall. Ba le mnaoi dem' mhuinntir an bothán sléibhe sin, agus ba mise an giolla beag do bhí aici ag beathughadh a héanlaithe agus ag fosaidheacht a bó. Nuair nach mbíodh aon ghnó aici dhíom, dob' é mo chaitheamh aimsire imtheacht im' chadhan aonraic ar fud an fhásaigh nó síneadh siar fá sgáth crainn ag éisteacht le Cláirsigh na Coille agus le hil-ghlórthaibh mion-daoine na foraighise. Is mar sin do chuireas aithne ar a raibh de dhúilibh beodha fá fhosgadh na Coille, idir éan agus oll-phiast agus eile dhíobh. D'fhoghluimeas a raibh de sheanchus agus de bhéal-oideas ag rith leo le sinnsearacht. Do mheabhruigheas a raibh d'annálaibh agus d'irsibh ag seanóiríbh na dtreabh n-éigciallda. Is dócha go bhfuil rúindiamhra i gcroidhe gach Coille, acht ní i gcomhnaidhe is féidir a bhfagháil ná a bhfuasgailt; óir is i gcogar fíor-íseal labhartar i gcluais an duine iad, agus má's ag éisteacht le n-a chroidhe féin nó ag smuaineadh ar a ghnóthaibh féin nó ar ghnóthaibh an tsaoghail bhíos an duine ní thig leis an cogar úd do chlos. Nó má chluineann sé é, dob' fhéidir dhó gan a thuigsint acht é ag ceapadh nach bhfuil ann acht fead éin nó dordán ciaróige. Is eaglach dá gcaithfinn bliadhain i gcoill anois nach gcluinfinn, dhá airighe d'éistfinn, acht crónán na ngéag ar n-a luasgadh le gaoith agus glórtha baotha balbha eile nach dtuigfinn. Acht do bhí tuigsint agus creideamh agus croidhe leinbh agam nuair do thaithigheas an tSean-Choill, agus do b'fhéidir liom brígh agus ciall do bhaint as a gcualas ó lucht mo mhúinte sa gCoill. Dob' fhéidir dá mbadh i gcoill eile do bheinn nach dtiocfadh liom an sgéal do chlos chomh soiléir agus do chualas ná a bhrígh do thabhairt liom chomh cruinn agus thugas. Óir tá na coillte eile ur-nuadh láimh leis an gCoill ar a dtráchtaim, agus dá bhrígh sin is beag seanchus nó béal-oideas atá i measg a n-áitreabhach. Acht do bhí an tSean-Choill, mar adubhras romham, amhail domhan beag innti féin ó geineadh de'n chéad uair í, agus tháinig a seanchus agus a hirse anuas glún ar glúin leis na míltibh bliadhan. Cá hiongnadh, máiseadh, sgéalta éagsamhla do bheith ag seanchaidhthibh na Coille sin? Níorbh' fhada dhom ag gnáthughadh na Coille gur tuigeadh dhom nach mé féin an chéad mhac óg do thaithigh í. Do chualas annso is annsúd iomrádh ar
mhac beag do chaith a shaoghal innti na céadta bliadhan romham-sa. I ndiaidh a chéile d'fhoghluimeas eachtra iongantach an mhic bhig úd, ag bailiughadh an sgéil, mar adéarfá, thall is i bhfus, ainm tobair nó srutháin nó cuaise dom' chur ar an eolas annso nó focla éigin i gcainnt coróige nó i gceileabhar céirsighe dom' threorughadh annsúd. Amannta do thigeadh an sgéal chugam mar do thiocfadh glór easa nó boladh bláith le gaoith, nó do mhothuighinn im' chroidhe é gan aon ní dá mheabhrughadh dhom, acht mar do bheadh cuimhne sean-taidhbhrimh ag teacht ar ais chugam i ngan fhios dom nó im' aimhdheoin féin. Agus is amhlaidh do-chítí dhom ar uaireanntaibh gur dom féin do bhain an eachtra sin na céadta bliadhan ó shoin, nó gurab aon duine amháin mise agus an mac óg ar a dtráchtadh seanchaidhthe na Coille, nó nár bhain an eachtra d'aon duine riamh, acht mise ag cur snáithe sgéalaidheachta ar mo smuaintibh agus ar mo mhianaibh féin. Acht ar uaireanntaibh eile do thuiginn go soiléir go raibh an mac beag ina bheathaidh tráth dá raibh, ina fhuil agus ina fheoil, ina dhuine agus ina dhaonnaidhe, chomh corpordha liom féin nó le haon mhalrach dá dtéigheadh ar aon sgoil liom. Do-chítí dhom go n-aithneochainn é dá gcastaoi sa tslighe orm é, agus go dtuigfinn a urlabhra, agus go dtuigfeadh seisean mise, agus go ndéanfaimís bráithreachas le chéile, agus go dtiubhrainn gean dó ar mhéid a mheanman agus ar dhásacht a chroidhe, agus go maithfinn dhó a ndearna d'olc, agus go molfainn é ar a dhílse is do lean do'n raon do cheap dhó féin, nó do'n raon do cheap a dhéithe adhartha dhó, agus go bhfágfaimís caoin-cheileabhradh ag a chéile dá mbeadh orainn sgaradh le chéile arís. Agus do ghlaodhainn air i n-uaigneas na Coille, acht ní thigeadh chugam, agus do thuiginn go raibh sé marbh leis na céadtaibh bliadhan agus nach siubhlóchadh sé an Choill sin go deo arís, agus nach raibh beo ina dhiaidh ar an talamh acht beagán dá smuaintibh agus beagán dá bhriathraibh agus cuimhne éigin ar bheagán dá ghníomharthaibh. Do thiomsuigheas le chéile ar chnuasuigheas dá smuaintibh agus dá bhriathraibh agus dá imtheachtaibh ó lucht eolais na Coille. Ní abraim gur fhigheas an sgéal le chéile ina cheart. Do bhí cuid de nár thuigeas i gceart nuair dho chualas é. Do bhí cuid de, b'fhéidir, nach raibh ina fhíor-cheart ag na sgéalaidhthibh féin. Acht a gcualas agus ar thuigeas de, tá an méid sin fuaighte le chéile gan easbaidh gan iomarca san eachtra so im' dhiaidh. Ní Críoch
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services