Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dhá phighinn.
Title
Dhá phighinn.
Author(s)
Albanach,
Pen Name
Albanach
Composition Date
1913
Publisher
Irish Review (Dublin)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DHÁ PHIGHINN. Bhí an Cumann ar aeridheacht ag Ceann Loch Laggain, cuid ag píobaireacht, cuid ag rinnce i bpáirc, agus cuid eile ag comhradh le dhá spealadóir a bhí i mbun a ngnó shíos ar bhruach an locha. “Caidé do bharamhail do na gaisgidhibh breaghtha Gaedhealacha seo?” ar mise leis an t-sean-spealadóir tráthnóna. Bhí sé 'na shuidhe ar shop féir, a dhruim le balla an tigh-ósda aige, cupan bláiche aige 'na láimh, agus é ag amharc anonn trasna'n bhóthair ar an gcleasaidheacht agus ar an phoc-léimnigh bhí ag muinntir an Chumainn thall san bpáirc. “Bhí mo speal-se,” ar seisean, “'na lámhaibh ag seachtar ar cheithre fhichid de na gaisgidhibh breaghtha sin indiu, agus is ro-mhór atáim amhrasach,” ar seisean. “ma tá fear, no fiú adhbhar fir, 'na measg.” Tamaillín 'na dhiaidh sin thainic muinntir an Chumainn ag brughadh anall orainn ar nós na taoide. Chaitheadar a seire fa sholus na Reiltóige Deirge, agus ar an t-seire a bheith caithte acu d'innis Duncan Cheann Giúise sgeul — sgeul beag suarach gan bhrigh gan bhlas nach mbidhim ag cur an t-saothair orm féin a bheith 'gha ath-aithris san lathair seo. Ach dá bhoichte é sgeul Dhuncain, ba mhór a thaitin sé leis an gCumann. Mar adubhras cheana, bhí ithte agus ólta ag an g-Cumann. Bhí an gloine thar mhaoil lán os a gcomhair. Bhí an ghealach ag éirigh thar Chliathan Chúl Chuinneóig, agus ciúineas na h-oidhche ag tuitim ar ghleann agus ar loch agus ar shliabh. Ar chríoch a bheith curtha ag Duncan le na sgeul, d'éirigh gáir mhór ameasg an t-sluaigh. Ath-líonadh gach soitheach dá robh falamh, h-óladh sláinte Dhuncain go domhain, agus moladh do'n Chumann nar bhfeárr gníomh dá ndeanfaidís na bonn dhá phighinne a bhronnadh ar an sgeulaidhe — bonn óir no bonn leathair, cia acu ba taitneamhaighe leis féin. Chuir an t-Uachdaran an cheist ar Dhuncan. D'admhuigh Duncan gur bonn óir a bfearr leis, ach gur lán-mhór leis bonn óir dhá phighinne le h-iomchur, agus ar an adhbhar seo go mbféidir go ndeanfadh bonn pighinne cúis. Chuir an Cumann d'aon ghuth rún na pighinne i bhfeidhm agus thug ordughad do'n Chisteóir an phighinn a chur i bhfiadhnaise. Bhog an Cisteóir leis síos an t-sráid, eochair mhór iarainn 'na láimh aige, agus é ag tarraingt ar sgiobol éigin ann a robh Sporran an Chumainn go cúramach faoi ghlas aige ó mhaidin. Och, och, och! Mo leun agus mo sheacht leathtrom! Ar bpilleadh do'n Chisteóir, is eadh a bhí le cur i n-iúil aige do'n Chumann no nach robh ar fághail aige san sporran fiú oiread agus dath na feórlinge. Ba mhór a ghoill an droch-thuairisg seo ar an gCumann, agus char lugha na sin a ghoill sí ar Dhuncan Cheann Giúise. Ath-líonadh na soithigh, agus thoisigh muinntir an Chumainn ag amharc anonn agus anall go brónach ar a chéile. Fa dheireadh chuireadar a gcloigne i gcomhairle thar dhá cheist: (a, an gleus a bfearr a chur i bhfeidhm le sporran an Chumainn a líonadh le h-ór lán go beul; agus (b) an tír ann ar bhfearr fichead de theachtairibh a sheóladh le h-aghaidh dhá phighinn a bhailiughadh ar shon duaise éigin a bhí ceaptha a bhronnadh ar sgeulaidhe an Chumainn. B'eadh Alasdair Chat-taoibh an chead fhear ag a robh a shoitheach falamh, agus mar sin de an chéad chomharlightheóir a bhí ar a bhonnaibh. “Is fada an lá,” ar Alasdair, “muinntir Thíre-fo-Thoinn ag cur cuiridh orainn a bheith ag dul anonn 'na measg. Daoine macanta, daoine díbhirceacha, daoine
ag a bhfuil a lán de mhaoin shaoghalta agus nach gcrionneóchadh dhá phighinn,” ar Alasdair cóir, ag árdughadh soithigh (a bhí falamh) go dearmadach i n-aice a bhéil. “Is maith is eól dhaoibh go léir,” ar seisean, “an dochar a ghnidh an mhaoin shaoghalta seo go minic do'n chorp agus do'n anam. Seólamaois anonn na teachtairí. Nar chuir Righ na tíre,” ar seisean, “i n-iúil dhamh féin, an uair dheireannach a bhíos ag comhradh leis, nach robh rud ann a bfearr a thaitin le muinntir Thíre-fo-Thoinn na daoine iasachta a bheith ag triall go síor ag bailiughadh airgid 'na measg?” “Ós mar sin atá an chúis,” ar Ian Bháideannach, “mholfainn-se dhaoibh na teachtairí a sgaoileadh anonn, agus a bhfágail thall no go dtigidh Lá Sheón Dic, ionnus,” ar seisean, “go bhfeudfaidís le na gcuid bailiughadh agus le na gcuid draoidheacht a bheith ag cur aoibhneis go síor ar chroidhe mhuinntir na tíre sin.” “Ma's rud é,” ar Domhnall Sgiathanach, “go bhfuil dhá phighinn ag muinntir Thíre-Fo-Thoinn le bronnadh orainn-ne, nar chóir,” ar seisean, “gur dá seóladh chugainn gan iarraidh a bhéidís, agus gan a bheith ag cur an t-siubhail, agus bféidir costas chúig bpúnnt, orainn-ne anonn ar a lorg?” Mhínigh Alasdair do'n Chumann go seólfaidhe anall chugainn gan iarraidh an dá phighinn; ach nar mhó fáilte bhí ag muinntir Thíre-fo-Thuinn roimh an gcuaich Lá Bealtaine no mar bhí acu roimh ár dteachtairibh, agus gur mheas sé féin nar bhfada saoghal dhóibh san tír íosal leunmhar úd da mba rud é nach mbeidheadh guth croidheamhail ar dteachtairí ar cluinnstin acu 'na measg uair san bhliadhain ar a laghadh. “Fad agus ta'n giolla beag úsaideach seo ag freasdal orm,” ar Alasdair, ag síneadh an t-soithigh chuig an ngiolla, “agus ar eagal go ndeanfainn dearmad de ar ball, is eadh mo bharamhail gur cheart poll beag a chur trid an bhonn, ionnus,” ar seisean, “gur bhféidir do Dhuncan sreang a chur san bpoll agus an bonn a chrochad fa na mhuineal. Is maith is feasach dhó féin,” ar Alasdair, “nach deacair bonn óir a chailleadh as póca.” “Seo, seo!” ar Duncan, ag éirigh sul a bhfuair Alasdair an oraid bheag seo shuas glan as a bheul, “nach bhfuil déistean orm ag éisteacht libh féin agus le bhur gcuid bladair! Sin agaibh leith-phighinn as mo phóca-sa ar an gclár. Má tá triúr eile san mhór-chruinnughadh seo atá fonnmhar an cleas ceudna a dheanamh, dúnaidís an beul agus fosgladís an sporran, agus bféidir go rachadh agaibh an bonn a bhronnadh orm-sa anocht — ma's rud é,” ar seisean, ag amharc anonn go dána idir an dá shúil ar Alasdair Chat-taoibh, “ma's rud é go bhfuil fonn chomh mór sin orraibh go léir luach dhá phighinne a bhronnadh orm-sa as ucht mo sgéil. Agus dá gcuirtidhe ceist orm,” ar seisean, “an dian-obair a dfhág an aghaidh mhór sin chomh dearg séidhte ag Alasdair Chath-taoibh is eadh an freagar,” ar seisean, “a bhearfinn ar an gceist: Bidheadh a bharamhail féin ag gach aoinne.” Le seo d'éirigh Uachdaran an Chumainn agus neul dubh na toirnighe ar a mhalaidh; bhagair sé go feargach ar Dhuncan a bheith 'na thost agus dubhairt nach gcualaidh sé a léitheid seo de chainnt gan chéill as beul glafaire ó cuireadh an chead chumann ar bun. Bhí a thuilleadh 'gha rádh ag an Uachdaran, ach ma bhí ba bheag a thug cluas dhó. I rith oraide an Uachdarain bhí glór garg ag brughadh anall trid an g-cruinnughadh ag iarraidh a bheith ag cur bac air. Is eadh a bhí 'gha rádh ag an nglór no nar tógadh i mBáideannach aon spailpín ariamh nach ndeanfadh fear an ghlóir asair faoi na chosaibh dhe. Bhí Duncan Cheann Giúise ag brughadh amach ar lorg a chúil i n-aice an chnuic. Nuair a shroich Duncan an réidhteach, bhuail Ian Mór mac Gruadair buille neamh- thrócaireach de chuaille darach air i mball éigin i n-aice lár an chúil, agus chuir Duncan faoi throm-gheasaibh gan a bheul a fhosgladh, no oiread agus a theanga a luasgadh go cionn leith-bhliadhna. Dar ndóigh bféidir gur le slaitín draoidheacht a bualladh an buille úd i lár
an chúil ar Dhuncan, agus gur ceó draoidheacht a bhí ar na shúilibh agam-sa nuair a shaoileas gur cuaille darach a chonnaich mé ag Ian Mór 'na ghlaic. Tar éis seo d'éirigh gleó beag i lár na sráide ann a robh Ian Mór mac Gruadair agus gaisgidheach eile darab ainm Mac-an-t-Saoir aniar ó Choire Loch Arcaig i gcionn a mbata, ag cur i gcéil os comhair an t-sluaigh gurab eadh comhrac an chlaidhimh mhóir a bhí eatorra. “Ma's rud é,” ar Duncan Cheann Giúise, ag éirigh arís go h-iomarcach gan aon chead ó'n g-cruinnughadh, “ma's rud é go bhfuil fonn orraibh luach dhá phighinne a bhronnadh orm-sa, cuiridhidh trí leith-phighinní le mo leith-phighinn-se atá 'na luighe annseo ar an gclár, agus cha bhidheann aon chall agaibh a bheith ag dul ag bacaidheacht agus ag deanamh béil bhoicht i dTír-fo-Thoinn — no i dtír os cionn tuinne,” ar seisean, “ach chomh beag.” Le seo bhog Ian Mór agus a chuaille anall i n-aice Dhuncain agus bhog Duncan siar beagan i n-aice an chnuic. D'orduigh an t-Uachdaran an Leabhar Mór agus Claidheamh Bhalas a chur i bhfiadhnaise. I gcionn leath-uaire bhí fiche gaisgidheach ag bogadh go socair aníos ó'n sgiobol, na h-ioscadaí ag lúbadh fútha, dhá phíobaire ag seinm rompa, agus an Leabhar Mór ar iomchar ar a nguailnibh acu. Bhí tonna meadhchain san Leabhar Mhór an lá cheannuigh an Cumann é, agus is mó na sin arís a bhfuil de mheadhchan 'na chuid sgríbhinn ó shoin. Is minic agus iad 'gha leigheadh a thuiteann an Cumann i dtrom-shuan seachtmhaine. Go gearr ar lorg na baicle seo thainic an Cisteóir, an Rúnaidhe, agus Ian Mór, agus Claidheamh Bhalas ar thrucaill láimhe acu. Bhí eochair an sgioboil 'na phóca ag an gCisteóir. D'fhosgail cúigear de na gaisgidhibh an Leabhar Mór ag leathanach 97,689. Síneadh Claidheamh Bhalas chuig an Uachdaran. Dar ndóigh cha'n ro-lonnrach a bhí an claidheamh seo, nidh nach iongnadh, ach mar sin féin char bhfada a bhí an sean-spealadóir ag cur béil i n-áit na meirge air. Rug an t-Uachdaran greim ar an gclaidheamh, chuaidh suas dréimire, agus bhí ag sgríobadh agus ag sgríobadh shuas no gur sgríob sé ainm Dhuncain Cheann Giúise glan amach as leabhar Mór an Chumainn. Ach ó ba rud é gur gealladh an bonn do Dhuncan, cha rachadh an Cumann ar ais ar a rún san méid seo. “I gcead do bhur gCumann omosach,” ars' an t-Ósdóir, ag bogadh anall ó na dhoras (a chúmhdach-cinn 'na láimh aige) agus ag umhlughadh go talamh, go díreach mar d'umhlóchfadh i lathair Shagairt na Paroiste, “i gcead do bhur gCumann omosach, is eadh a mholfainn sé dhíbh no na teachtairí a sheóladh anonn go h-Éirinn ar lorg an dá phighinn seo; no táim cinnte dearbhtha,” ar seisean, “gur b'olc a ghlacfadh ár gcáirde dílse i n-Inis na Naomh é, dá gcluinfidís go robh easpaidh airgid orainn, gan sinn an chead chuireadh a sheóladh chuca-san. “Ma's amhlaidh ag dul a thógail na gcreach sibh,” ar Duncan Cheann Giúise, “nar chóir gur ameasg bhur náimhdibh, agus nach ameasg bhur gcáirdibh dilse, a rachadh sibh 'ghá dtógail?” “Cist agam orraibh,” ar Ian Bháideannach: “Ma thugann muinntir Thíre- fo-Thoinn cuireadh dhúinn a bheith ag dul anonn ag bailiughadh airgid 'na measg, agus nach gcuireann muinntir na hÉireann aon chuireadh orainn ó cheann ceann na bliadhna, cé h-iad na cáirde agus cé h-iad na náimhde?” ar seisean go cabanta. Tar éis cheathradh-uaire de dhomhain-mhachtnamh, dubhairt an t-Uachdaran, do réir a bharamhla-san, gurab iad muinntir Thíre-fo-Thuinn na cáirde, gidh nar mhó no go maith a bfeasach dhó cé h-iad na náimhde. D'aontuigh an Cumann leis an Uachdaran,
agus dubhairt Alasdair Chath-taoibh go mbféidir go mbeidheadh sé féin i n-innibh an dara cuid do'n cheist a fhuasgladh lá-thar-na-mhárach. Ó cuireadh an giolla beag i luighe 'na leabaidh, bhí Alasdair ag freasdal air féin, agus ma bhí char dhona an fear-freasdail é Alasdair — air féin. Leanadh do'n díospoireacht go lá. Bhidheadh glórtha ag éirigh go h-árd ann ar uairibh. B'í an chomhairle ar ar shocruigheadh fa dheireadh no na teachtairí a sgaoileadh anonn go h-Éirinn. Ar an deich ó chlog, máidin bhreagh Dhomhnaigh, bhog sé carbaid amach as Ceann- Loch-Laggain. San gcarbad dheireannach bhí an Leabhar Mór, an Sporran, agus Claidheamh Bhalas, agus Ian Mór mac Gruadair, an Cisteóir agus an Rúnaidhe mar chosantóirí 'na measg. Fágadh Duncan Cheann Giúise 'na sheasadh 'na aonar i lár na sráide, agus cead aige o'in gCumann na trí mhíle dheug de bhóthar abhaile a chur de ar a bhonnaibh chomh maith agus a b'eól dhó. Rinne an Cumann moill bheag chúig uaire i gClachan Loch Abair (gidh gur ghann leis an gClachan a bheith na trí mhíle ó cheann Loch Laggain). Sul ar fhágadar an Clachan tráthnóna chuir an Cumann d'aon ghuth rún i bhfeidhm. B'í an chiall a bhí leis an rún seo no a chur i n-iúil do'n t-saoghal Ghaedhealach nach robh ar aghaidh na cruinne aon neach ariamh comh beadaigh, chomh h-iomarcach, agus chomh beag dhe náire le Duncan Cheann Giúise. Ag seo shuas an tuairisg a sgríobh Rúnaidhe an Chumainn ar an aeridheacht a bhí ag Ceann-Loch-Laggain. Bidheann de dhualgas ar an Rúnaidhe an tuairisg a bheith i nglan-sgríbhinn aige i g-cionn cheithre h-uaire fichead tar éis gach aeridheacht; no muna robh dhá phighinn de cháin a íoc as gach focal a bhidheann gan sgríobh aige. Bainntear an cháin seo as a thuarasdal. Gidh gur mór agus gur millteach ainm thuarasdail an Rúnaidhe, is iomdha sin bliadhain nach mbidheann pighinn ar bith le fághail aige, ach gurab amhlaidh a bhidheann tuarasdal beag le fághail uadh ag an gCumann. Ma's do réir an t-sean-ghnáis a dhíolann Connradh na Gaedhilge tuarasdal le na Rúnaidhe-san, mholfainn dhóibh mion-sgrúdughadh agus machtnamh a dheanamh ar nuadh-ghnás an Chumainn. Mar adubhras cheana, is í tuairisg an Rúnaidhe a sgríobhas-sa síos, focal ar fhocal, as Leabhar Mór an Chumainn, chomh maith agus bféidir liom a deanamh amach. Cha bhidheadh an tuairisg chomh fada seo acu san t-sean-aimsir. Faoi mhí na Lughnasa san bhliadhain 1867 léighim mar a leanas: “Chuaidh an Cumann indiu ar aeridheacht go Gleann Eilid — gleann mór fiadhain, uaigneach, tirm, tartmhar. Buidheachas do'n Righ, bhainneamar go léir an baile amach gan taisme.” Ag seo bun agus bárr na tuairisge, agus go deimin féin cha'n ro-fhada í mar thuairisg. Dar ndóigh is ri-annamh indiu a théid an Cumann ar aeridheacht go Gleann Eilid — no go gleann “tirim tartmhar” ar bith eile da léitheid.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services