Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Don Fhaoisdin
Title
Don Fhaoisdin
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1826
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1934)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DON FHAOISDIN “Gabhaidh chúghaibh an Spiorad Naomh; gach n-aon go maithfidh sibh a pheacaidh dó beidh siad maithte aige, agus gach n-aon n-a gceangalfaidh sibh a pheacaidh air beidh siad ceangailte.” Uair dos na h-uairibh dár theasbáin ár Slánuightheoir É féin dá lucht leanamhna tar éis aiséirighe, dubhairt Sé leo “Síothcháin Dé chughaibh, mar ar chuir an t-Athair Mise Uaidh Táim-se 'bhúr gcur-se Uaim.” Agus tar éis na bhfocal so do labhairt, do shéid Sé anál ortha agus dubhairt “an mhuinntear n-a maithfidh sibh a bpeacaidh dhóibh tá siad maithte acu agus an mhuinntear nách mbeid i gcoinghioll a maithte dhóibh, fanfaid fé chuing a bpeacaidh.” An t-am do chríocnuigh Íosa Críost, Fuascaltóir na cine daondha, an gnó mór chum a dtáinig sé, agus go raibh Sé le triall go lh-athchoimir ar neamh chum suidhe ar dheasláimh an Athar Uile-chómhachtaigh, mar a bhí fhios aige cé naomhtha an creideamh do chraobsgaoil Sé, do chómh-neartuigh Sé le míorbhuiltibh agus ar ar chuir Sé séala A chuid fola - (thuig Sé an t-am san) nár bhfoláir i gcaitheamh na h-aimsire go leigfí i léic é. Chun é choiméad go buan seasamhac go deire an domhain do thoigh Sé drong áirighthe daoine mar stiobhaird, chum A ionad féin do dhéanamh. Agus leis na cómhachta dothug Sé dhóibh, dorinne Sé a bhfriotháileamh ní h-é amháin tairbheach ach fós cómh riachtanach san do lucht an chreidimh nár bhféidir do réir cúrsa coitcheann an t-saoghail iad do shábháil dá n-éaghmais. Mar is peacaidh sinn go léir, agus gan trócaire agus maitheamhnas ár dTighearna ní fhuil dul ó dhamantacht againn. Anois tá an maitheamhnas so le riar orainn ag an muinntir do thoigh ár Slánuightheóir chuige sin. Má scaoilid táimíd sgaoilte; má cheangalaid sinn táimíd ceangailte, agus geobhfar le ais ar neamh an breitheamhnas a bheirid orainn. Anois cum ár bhfuascailte ó heaca a n-éaghmas croidhebrúghadh - sé sin, doilghios fírinneac ceanntuitim ionnta - tá coinghioll eile riachtanach, sé sin faoisdin do dhéanadh go h-iomlán nár bhpeacaidh, nó iad admháil do dhuine ag a bhfuil cómhacta chun a maithte dhúinn. Teasbáineann na comhachta thug Críost d'á dheisciobuil, agus do'n Eaglais a bhí le teacht na dhiaidh, an riachtanas atá ag an aithrigheach faoisdin do dhéanamh cómh soiléir sin gur mór an iongnadh aoinne do chreideas gurb é an soiscéal focal Dé dá shéanadh. Mar, leis na cómhachta dotugadh dóibh, do ceapadh iad mar liagha anmnacha daoine chum na gcneadha dorinn' an peaca do leigheas; agus mar bhreithimh chum staid a gcoinnsias do briethniú, a gcortha agus a neamhchionta do tabhairt fé ndeara; chum saor-bhreith do thabhairt ar chuid, agus daor-bhreith ar chuid eile acu. Ach dar ndóigh is soiléir ná gheobhadh aon liagh ann féin, 'na chéill nadúrtha, leigheas éifeachtamhail do thairgsnt d'othar ar nár chuir sé ceist ar bith agus ná chuala sé cad iad comharthaí a ghalair. Dar ndóigh, ní fhuil aon bhreitheamh ar talamh dogheobhadh d'ughdarás air féin duine do dhaoradh agus duine do shaoradh agus gan fhios aige cé acu dobhí sé ciontach nó neamhchiontach. An t-am, mar sin, do cheap Críosd 'A dheisciobuil mar liagha agus mar bhreithimh ar anmnachaibh daoine, dothug sé le tuisgint sul a gcuiridís chum a leigheasta go mbeadh fhios acu cad í an aicíd a bheadh ortha, agus sul a ghabhadaís ortha a mbreitheamhnas do thabhairt go bhfuighfidís amach cad iad na cortha 'n-a rabhadar ciontach chum pionós a chur d'á réir. Ach cé tá le fios do thabhairt dóibh ar na neithe seo go léir - níor gheall Críosd go gcraobhscaoilfeadh Sé iad; ní fhuil fhios ar domhan ag an oide faoisdine ortha. Ní fhuil sé i gcumas aoinne, le feiscint
ar aghaidh duine eile, fhios do bheith aige cad iad na cortha 'na raibh sé ciontachnó cá mhéid uair. Agus mar is lia do pheacaidh a déantar le smaointe ná le gníomhartha, ní fhuil sé ar chumas éinne beó fhios do bheith aige conus nó cá mhéid uair do pheacaidh duine eile sa tslighe seo. Níl aonnidh mar sin chun na neithe seo do thabhairt chum soluis ach an peacadh féin. Caithfidh sé é féin an coir 'na bhfuil a anam do nochtadh d'á liaigh agus d'á bhreitheamh, sé sin le rádh nach foláir dó faoisdinúmhal iomlán a pheacaidh a dhéanadh nó bheith fé ualacha (cúcha) agus a bheith caillte. 'Sé an (fáth) é: dá bhféadfaí do réir riaghlaca coitcheana an chreidimh maitheamhnas d'fagháil 'na pheacaidh ach le faoisdin, ba diamhaoin do Chríost a rádh le na dheisciobuil “gach n-aon na gceangal- faidh sibh a pheacaidh air beidh siad ceangailte.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services