Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Faoisdin a Bheatha
Title
Faoisdin a Bheatha
Author(s)
Ó hAllmhuráin, Tomás,
Composition Date
1844
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1928)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N IMN1928 75-77} {L 75} Faoisdin a Bheatha. AR DTÚIS DO'N CHOISREACAN. I n-ainm ró-árd an Athar atá i bhflaitheas go lán-chumhachtach, 'S an Mhic d'fhuiling páis is deacracha cneádhaibh gan fagháil fuascladh, Is an Spioraid thug grásta apstail an Árd-Mhic ó chathair na gnáth-ghlóire, A buil sinn fágtar anois is go bráth é, againn mar atá ar mór-neámh. AN FHAOISDIN. Admhuighim do Dhia go fonnmar fial atá i bhflaitheas go fíor- chumhachtach, Do Mhuire 'na dhiaidh ba bhanaltra ag Dia, is do sheasaimh 'na síor-óigh, Do'n Aingeal dá n-éis tá i bhflaitheas 'na mhaor, do'n Bhaistightheoir, an Naomh Eoin Bocht, Do na h-apstail go léir i bhfarradh na naomh, do Pheadar is do Phól fós; Gur peacach mé féin go malluighthe claon iomadach éagcórach, Tré chealg mo chléibh, tre mhonabar béil is gach obair nach cléir d'órduigh. Monuar! mo phudhair! is tríom' chionnta gan mhairg as fíor-mhórtas, Uabhar is drúis agus sainnt nach cumhang is fearg do shíor-bhreoidh mé. Formad, craos is an leisce go léir dom tharraing is dom shíor- sheoladh Ó oibreacha Dé go cealgaibh an tsaoghail mhalluighthe mhí-nósaigh; I n-aitheanta Mhaois níor chuireas-sa suím, a mbriseadh níor ghníomh bróin liom, Is mo pheannaid do shíor níor cheangal mé 'am chroidhe an aithne ba fíor-mhó dhíobh. Gach aithne as sin síos díobh, do phreabas-sa tríobhtha; d'eagla go n-innseochainn gó annso, Nior mharbhas puinn le h-arm i mbruighin; ba faiteach i gcoimhneascar gleodh mé: Scannal do bhíodh i n-ionad an chlaidhimh dá mbearradh go líomhtha 'am beol-sa, Is gach pearsa aca líonadh m'fhearg chun díoghaltais, do ghearrainn le cainnt a scórnach. Atá aicme eile dhaoine a bhfuil fala 'am chroidhe dhóibh, do ní tairbhe d'aimhleas cómharsan Ag sladaireacht oidhche, cuid díobh 'na spyna is na jobbers nach liaghasfadh bóirthe, Ag breabadh na saoithe, ag creachadh na tíre ag spalpadh a's ag smíochtadh móide; Is ceal againn nach scríobhtha stair ar a ngníomhartha is badh mhaith liom a gclaoidhe le tóirnigh.
Tá bastart dailtín ar Leacht na Leath-ínse nach taithneamach slighe is nach fóghantac, Nach stadann de mhíneadh rannaibh de'n Bhíobla go h-aindeis i scaoin éagcórach, Ar bhreab atá díolta le teachtaire ó Pheel ag mealladh na ndaoine sodhantach As creideamh a sinnsear; de dheascaibh an ghnímh sin beidh fala 'am chroidhe go deo dhó. Mo dhearmad cuimhne an eascainighe dhíbhlighthe, ag screadaigh mar aon lem'cómharsain, Do chanas do mhuinntir an Mhinister Chíordhuibh is mo cholpach bhuidhe'sa bpónta, Ar fheartaibh an Aoin-Mhic ag athchuinghe díoghaltais is maithmheachas guidhim-se óm' stórach, Má's í a fhearg do thuill mé is gairid gur shín sé marbh an dís i gcómhrainn. D'aitheanta cléir níor choinnibh mé acht aon le tafann is le tréan-fhórsa, Ní ceart dóibh bheith buidheach is le treise fóiréigin a baintear an t-aon sin fós díomh; Ag conairic le mnaoi is ag caismirt le clainn ag baile mo ghníomh gnótha, Ag athchuinghe ar Chríost, má fhreagrann mo ghuidhe, is go stadaidh ár síor-chómhrach; Sealad dem' shaoigheal do thabhairt scartha le daoine, singil i dtigheas nua dhom, A reacht is A dhlighe do cheangal am' chroidhe is a chaitheamh le crích fhóghanta; Cia mór é le suidheamh strócadh gach dlighe, thairis sin maoidhim-se dóchas As trócaire Chríost is gac sómpla dar scríobh, go maithfidh iad tríom' dheoraibh. Is geallaim ó chroidhe gan casadh ortha arís fad mhairfead 'sa tsaoigheal beo annso, Le teacht an Spioraid Naoimh ag sporadh mo chroidhe is ag tairgsin slighe nua dhom Is screadaim go fuigheach ar Mhuire, dá bhrígh sin, seasamh go binn- ghlórach. Ag athchuinge saoirse dom' anam ó Chríost is badh thaithneamhach liom guidhe Ióseif. Aitchim arís, gairim is guidhim an Baistightheoir Naomh Eoin bocht, I n-aice Mhíchíl, na n-abstal is na naoimh Peadar mo chroidhe is Pól fós, Athchuinghe ar Íosa go n-abradh d'aon-ghuth i n-aice na Síor Óighe Gach peacadh do scaoileadh gan tagairt ar dhíoghaltas lem' anam ach fóirthint. Ag seasamh 'sa nguidhe sin ag agallmha choidhche i n-amharc na Tríonóide Go ngealladh Sé saoirse dom' anam i n-aoibhneas i bhflaitheas na síor-ghlóire; is gairim gach n-aon dárab aithnid mo laoidh dhó ag tafann 's ag guidhe leol-san, A buil sinn bíodh ag spreagadh gach guidhe go rochtain an tslighe sin dómh- sa.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services