Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sciath Mhuire
Title
Sciath Mhuire
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1844
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1927)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sciath Mhuire. Stiúraigh mé dod' mholadh, cídh nach ollamh mé 'am éigeas, A ghnúis ainglidhe gan locht, thug súgh a h-uchta dom shaoradh. Tiomnaim mé féin fád' choimirce, a Bhuime mhúirneach an Aon-Mhic, Fád' dhíon sciath mo chuirp, mo chroidhe, mo thoil, m'inntleacht. Peacach mé tá líonta d'olc. Síoraim ort a dhéanamh, A bhean-liaigh na n-othar n-anacra, ar dhall-chiach m'anama d'fhéachaint, Teampall na dTrí bPearsanaibh, Athair, Mac agus Naomh-Spioraid. Guidhim thú dom fhortacht, ar uair mo bhreithe agus m' éaga, A Ríoghain, dá dtug an Rígh, an t-Athair Síor re buidheachas Oighreacht is bheith ad' mháthair, guidhim do páirt dom' réidhteach, Soightheach iomchur an Lóchrainn, is í ró-shoillse ós cionn gréine, Taraing mé fád 'dhíon i gcuan as long díombuan an t-saogail. Ar dtuitim 'san gcasán sleamhnuighthe, maide láimhe chun lúith do dhéanamh. A Mhaighdean ó'n dtaobh andeas, go dtéighead ar neamh dod' fhéachaint. Níl cion ar luas ná ar rith, gaoith adtuaidh ná sruith dá thréine Ag ríomh luais re Máthair Chríost, do aicme dhlígheas a buidheachas. Croidhe gan chionnta, cliabh gan choir, bean-óigh lé'r toghadh naomhthacht, Is ort do chuirim mo chuing anois, ó ghuais shíorraidhe na péine. A Mhuire mhódhamhail, mhaiseach, 'sa cheannsa chneasda mhaorgadh Ní tursach mé fád' ghairm, is tú mo chrann cabharthach i mbaogal. Féach led shúile ar lucht na bpian, má táid ar easbadh réightigh, Aisiog dóibh a sláinte, 's a dteinneas trom go dtraochair. Fuasgail iad ó gach peacadh, is faigh ó'n Athair Naomhtha Do chabhair dóibh siúd, a Mhuire, is abair amen a chléirigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services