Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha St. Tomás Chantarbuiri sonn
Title
Beatha St. Tomás Chantarbuiri sonn
Compiler/Editor
Ó Fuaighne, S.
Composition Date
1827
Publisher
(B.Á.C.: Cuallacht Chuilm Cille, 1912)/B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Le Tadhg Ó Conaill cois Laoi, láimh re Tobar Rígh an Domhnaicc an 15 lá do dheasrán 1827. Beatha St. Tomás Chantarvuiri sonn. Feacht naon dá raibh Bruigéiseach a Lúndain, dárba chomhainim Geilbert Becet noch do rugadh ann san áit ina bhfuil an teampoll dárab ainim S. Tomás Ofacers, agus ba duine fínéalta cráibhtheach an Geilbeart sin agus ro ghabh cros chuige agus ro ghluais do dhéanamh oilithre go cathair Ierusaleim chum tuamba an Tighearna neamhda; agus dobhí aon óglaoch ina fhochair darab comhainim Risdéard; agus dobhí beagán do chuideachtain eile aige agus mar do chriochnuigh sé a thuras agus é ag teacht thar a ais do ghabhadar muinntir phrionnsa Ameront é, agus do cuireadh a bpríosún dorcha uaigneach é féin agus a chuideachta, agus dobhí aimsir d'áirighthe ann fá dhochar mhór, agus do líon taithneamh agus gean ag an bprionnsa ar Gheilbeart, agus ba ghnáth cómhrádh eatortha .i. an prionnsa ag fiafruighe sgéal agus creidhimh críche na Sagsan do Gheilbeart. Dobhí aon inghíon óg aontúmha ag an bprionnsa dárab comhainim Esnéra, agus tug an inghíon sin toil agus tromghrádh iomarcach do Gheilbeart agus d'innis dó dá dtugadh a mhóide agus a ghealladh dhi fá na posadh go dtréigfeadh a caraid agus a dúthaigh, a fonn agus a fearann agus go ngeabhadh baisde agus an creidiomh do bhí aige fein chúice, agus tug san a ghealladh dhí air an gconnradh sin, agus d'inns dí a áit bhunaidh .i. Lúndain, agus níor chian as a h-aithle sin gur éaluigh an inghíon na h-uathadh agus na h-aonar agus is iomdha slíghe uaigneach aimhréidh ionar ghabh sí, agus níor túrnadh lé go ráinig cathair Lúndain, agus dobhí ag rádh Becet, Becet do ghnáth, óir ní raibh aon fhocal Béarla aice acht becet, agus dobhadar mórán d'ógaibh na cathrach ina timchioll ag deunamh ionganntais agus fonomhuid fuithe mar nachar thuigheadar í agus ar son a culaith; agus dobhí ag siubhal na cathrach ar an ordúghadh sin nó go ráinig doras tíghe Gheilbeart, agus do sheasaimh sí ag an ndoras agus do aithin Risdeárd óglaoch Gheilbeart í agus d'innis do Gheilbeart inghíon an phrionnsa do bheith san doras amuich agus ar dteacht amach do Gheilbert mar dochonnairc Easnéra é, do thuit sí chum na talmhan agus dochum anbhfainne le lúthgháir eision d'fhaicsin, agus do thógaibh Geilbeart í agus rug leis asteach í, agus dochuaidh Geilbeart as a h-aithle sin go follas mar a rabhadar na sé heasboig dobhí ann do ghnáth an tan sin, agus d'innis a sgéala ó thosach go deiridh dhóibh, agus do baisteadh an inghíon, agus do pósadh le Geilbeart í as a h-aithle, agus níorbh'fhada dóibh go dtarlaidh an inghíon taobhtrom torrach agus mar tháinig aimsear tuismighthe a cloinne dorug sí gein mailleathan mhic, Tomas Becet a ainim. Agus ní cian as a h-aithle gur ghabh mian Geilbeart dul d'oilithre arís, agus dobhí amuich trí bliaghna. Agus níorbh'fhada don leanbh gur cuireadh go teagh-sgoile é agus robhí ag fóghluim léighinn go maith agus an aois a 24 bliaghan do éag a mhathair, agus do bhí an leanbh .i. Tomás Becet n-a phríntíseach ag ceannaidhe a Lúndain ag coiméad a shiopa agus a chúntais, agus ro imthigh ón gceannaidhe go h-árdeasbog Canterbuiri .i. Sdeiuin a ainim agus dobhí an Tomás sin a gcion agus a lúthgháir romhór go ndearnaidh an t-árdeasbog oirchinneach dhe, agus fós
dobhí sé n-a phríomh-chomhairleach ar an árdeasbog, agus is ro-bhuidheach dobhí an t-árdeasbog dá ghníomharthaibh ag smachtughadh na gcionntach, agus ag déanamh buidheachais na ndeagh-dhaoine, agus is minic dothéigheadh don Róimh do mhéadughadh ceart na h-eaglaise agus níor chian as a h-aithle sin go ndearnadh rígh Sagsan don dara Henrí .i. Mach na Banímpire, agus dorin an Righ Sóinsilléir na Sagsan don Tomás so, agus fá mór a chomhachta agus dobhí an rioghacht saidhbhir siothcháinteach re a linn, agus dobhí an righ buidheach do gach gníomh dá ndeineadh Tomás: agus gach uair dá ndeachaidh an Rígh go Normoint d'fhágadh curam a mhic agus na rioghachta ar Thomás, agus is maith d'iomcharadh Tomás an cúram sin go teacht an righ tar a ais, agus nior chian n-a dhiaigh sin gur éag Airdeasbiog Chanterbuirí, Tibald a ainm, agus dorin an righ ardeasbog a gCantearbuirí do Thomás Becet, maille re toil chléire na Rioghachta uile, agus is é dobadh aois dó an tan sin .i. cheithre bliaghna agus dá fhithchid, agus dobadh leasg leis an cúram sin do ghabháil le h-ais; agus iar bhfagháil an bhulla ó'n Róimh, do sácráladh é, agus dobhí na dhuine naomhta, ag tabhairt pianta móra dhó féin, agus dobhíodh léine róin lán do chnapánaibh agus do shnaidhmannaibh móra uime, agus brísdighe don tsord céadna go dtí a ghlúine. Agus Domhnach na Tríonóide so sácráladh é agus dobhí an righ agus móran do thighearnaibh na Sagsan agus sé easboig déag ann, aimsir na sácrála, agus do cuireadh Ab Ephersui agus cléirigh eile do'n Róimh ar cheann chomhaicht an Phápa chuige agus dofuair iad agus do ghabh-san chuige go h-úmhal iad, agus dobhí culaith Mannaigh taobh istigh uime agus culaith easboig ar a h-uachtar sin agus do chleachtadh sé troisgthe móra do dhéanamh a chuirp truagh agus a anma ramhar agus do cleacht sé bórd maith a bheith aige, agus beagán do chaitheamh do féin ag tabhairt eisiomplara maith uaidh do chach. Agus gach uair da dtéigheadh an Righ go Normoint d'fágadh sé ceannas a mhic agus na rioghachta ag St. Tomás. Ba mhaith an mhaise do-san sin, ór dobhíodh an Righ agus an rioghacht buidheach de fein agus d'á ghniomharthaibh. Agus dobhí sé aimsir imchian mar sin. Agus an uair do-ghniodh an Righ aon rud a n-aghaidh toile na hEaglaise do bhíodh S. Tomás d'á thoirmeasg uime fá n-a dhíthchill. As a h-aithle sin tarla Easbogoideacht Lúndain agus Winchester do bheith Sedevacante .i. folamh, agus do chongaimh (i.e. chongabh) an Righ aimsear fhada iad ar a láimh féin do grádh an tsochair do bheith aige fein. Agus dobhí St. Tomás tuirseach uime sin agus d'iarr mar athchuingidhe agus mar ghrása ar an Righ an dá Easbogóideacht sin do thabhairt do mhacaibh léighinn maithe agus tug an righ a thoil dó uime sin agus dorin Ardeasbog Winchester do mhac léighinn mhaith .i. Maighistir Roger a ainm agus Árdeasbog Lúndain do Mhac Iarla Gloucester .i. Ribeárd a ainim. Agus as a h-aithle sin do bheannaigh St. Tomás Mainisdir Seding, noch do thógaibh an chéad Henrí dobhí n-a righ ar Sagsaibh, agus an bhliaghain sin do thógaibh sé an Righ darbh comhainim Eadbhárd noch dobhí n-a Righ agus n-a chonfeasóir as an dtuamba fa ionar cuireadh é agus ro h-adhlaiceadh go honóireach é a Westminister a dtuamba ro-bhréagha. Agus niar chian n-a dhiaigh sin go dtárla maille le timptáisiún an spioraid dheamhnuidhe imreasán agus eisiothcháin ro-mhór idir an Righ agus S. Tomas agus do chuir an rígh teachta ar ceann easbog na Rioghachta uile lá d'áirighthe go Westminister láimh re Lúndain, chum teacht dá láthair fein agus tángadar uile ann agus do chuir an righ fáilte rompa uile agus ro innis dóibh S. Tomas a (i.e. do) sgrios a dhlighe, agus nach raibh sé toilteanach ar gach stáidiúd dá raibh ag a shinnsearaibh do choiméad. Do fhreagair S. Tomás an Righ agus aseadh adubhairt, nachair mhian leis aoinídh do dhéanamh an-aghaidh an Righ acht nach luighfeadh sé air aitheanta na h-eaglaise do chur air gcúl. Is annsin d'innis an Righ nachair thoil le S. Tomás, dá ndeineadh Cléireach goid, moladh dlíghe an Righ do thabhairt ann; agus adubhairt Tomás nach do'n Righ badh chóir smacht do dhéanamh ar na cléirichibh acht don Eagluis, agus ar mhórán do stadiuidibh eile fós. Agus adubhairt an Righ: Aithnighim go bhfuil tú ar tí dlíghe na rioghachta noch atá ag mo shinnsearaibh san aimsear anall do sgrios agus ní bhiaidh siúd ar t'iocht. Agus d'imthigh an righ go feargach agus tugadar na h-easboig uile do chomhairle do S. Tomás comhairle an Righe do dheunamh no go mbiadh an rioghacht buaidheartha agus tugadar tíghearnaí na tuaithe an chomhairle ceudna dó. D'fhreagair S. Tomás iad agus
iseadh adubhairt: Cuirim a bhfiaghnaise ar Dhia nár mhian liom riamh ná anois aon rud badh olc ris an righ do dhéanamh ná éinidh dá cheart do bhuain de. Ba luthgháireach na tighearnaí idir thuaith agus eaglais don fhreagra sin agus rugadar S. Tomás leó go dtigh an Righ go Hocsanfort, agus níor labhair an righ aon fhocal re St. Tomás agus do ghair sé na tighearnaí chuige idir thuaith agus eaglais, agus adubhairt go gcaithfidhe gach dlíghe d'á raibh ag a shinnsearaibh roimhe d'athnuadha, agus do críochnúigheadh sin leis na Tighearnaibh idir thuaith agus eaglais. Na dhiaigh sin d'fhogair an righ do na tighearnaoibh uile teacht i na choinne féin, go Clarington chum an pharlament a bpéin a dtighearnais lá d'áirighthe: ro imthigh an righ uatha an lá sin. Agus así aimsear in-a raibh an parlament sin a gClarington .i. an naomhad bliaghain do fhlaitheas an righ agus an bliaghain d'anáil an Tighearna, 1104 ( 1164). Agus do bhí morán do thighearnaibh annsa pharlament sin agus dobhíodar uile an-aghaidh S. Tomás. Agus adubhairt an righ a bhfiaghnaise na dtighearnaoi agus é ina shuighe san bparlament: An gcoimeadtar libh-se gach dlighe dá raibh ag mo shinnsearaibh romhaim. Do labhair St. Tomás ar son na h-eaglaise agus aseadh adubhairt, gach uile dhlíghe mhaith atá ceart agus nách fuil an-aghaidh na h-eaglaise .i. ár Máthar Naomhtha, do-bheirim mo thoil ar a chongbháil ó chroidhe mhaith. Acht annsin adubhairt an Righ nach fuigfeadh aon phúngc do gach dlighe d'á raibh ag a shinnsearaibh roimhe gan a chongbháil, agus ro ghabh fearg mhór an Righ le S. Tomás toil an rígh do dheunamh agus d'iarr S. Tomás fios an dlíghe agus cáirde chum freagartha do thabhairt ar an Righ, agus mar dochonnairc sé an dlighe tug sé a thoil do chuid dhe, agus diúlta do mhorán de, agus adubhairt nach tiubhradh a thoil go lá an bhrátha do'n chuid eile sin, agus do ghabh fearg mhór an Righ agus adubhairt nach maithfeadh aon chuid de. As annsin adubhairt S. Tomás leis an Righ maille re tromchroidheacht mhóir: A thighearna mhaith agus a Righ ghrásamhuil gabhadh truagh dhúinne thú, an Eaglais bheannaighte, agus do'n lucht atá ag guidhe ort do ghnáth, agus tabhair cáirde dhuinn ar feadh tamaill, agus d'imthig Tomás go Winchester agus do chuir a ghuidhe go dúthrachtach ar son na h-Eaglaise agus neart do thabhairt dó féin agus cúmhdach agus do léig ar a ghlúinibh é féin agus adubhairt; Ó a Thighearna mhór trocaraigh, atá a fhios agam go ndearna mé cionnta, agus gurab ar son mo chionnta fein atá an dochar so ag teacht chum na h-eaglaise agus breathnuighim, a thighearna, dul don Róimh go bhfaghainn absolóid ó'n bpápa; agus dochuaidh annsin go Cantarbuiri agus as annsin do chuir an righ a dhaoine féin go mainearuibh St. Tomas agus rugadar a raibh do mhaitheas saoghalta ionnta leó, ar son nár úmhlaigh sé agus nach tug a thoil chum dlighe an Righ do chongbháil, agus adubhairt an righ a dhuthaigh uile do thógbháil chuige féin. Agus d'imthigheadar a mhuinntir uile ó St. Tomás agus ro imthigh féin go bruach an chuain chum na rioghachta d'fhágbháil agus ní fhuair cóir gaoithe; agus dochuaidh in-a loing trí h-uaire agus dobhí an ghaoth in-a aghaidh gach aon uair díobh-sin. Agus ro aithin St. Tomás nach raibh tóil Dé aige chum na tíre d'fhágbháil agus ro ionntaidh thar ais go Canterburí. Fá luthgháireach a mhuinntir féin roimhe, agus a moch an laoi airna mháireoch, tángadar muinntir an Righ do bhreith a bhfaighdís do mhaitheas saoghalta a gcúirt Chanterbuirí leó agus mar a fuaradar St. Tomás ar a gcionn ann, ní rugadar aoinidh leó agus d'innseadar don Righ St. Tomás do bheith a gCanterbuirí. Agus asa h-aithle sin táinig S. Tomás do lathair an Righ go Woodstock dá iarraidh air bheith go maith don Eaglais Catoilice. Adubhairt an Righ ag fochmhaideadh fá S. Tomás: nach feidir dúinn araon bheith i n-aon rioghacht, agus do chroidhe annsa chruadhas agus annsa daingne sin. D'fhreagar St. Tomás an righ agus adubhairt: Níor smuaineas-sa riamh gan do thóil do dheunamh acht nach luigheadocha (laghdocha) tú ceart na h-Eaglaise, óir seasochaidh mé an ceart do chongbháil dí an gcéin mhairfios me fá am dhithcheall. Agus ro ghabh fearg ro-adhbhal an Righ agus tug a mhóide go gcoimhlíonfadh sé a dlighe, agus go speisialta dá ndéineadh Cleireach goid go gcaithfeadh sé bás d'fhulang do mholadh dlighe an Righ agus nach é dlighe na h-Eaglaise do-bhéaradh bás dó agus adubhairt an Righ nach biadh cleireach 'na mhaighistir ar na Rioghacht fein, agus tug mar aithne do S. Tomás teacht n-a láthair fein go Northampton agus easboig na Rioghachta uile do thabhairt leis ann. Agus ro imthigheadar, agus ro sgaradar re chéile mar sin agus do ghuidh
S. Tomás Dia na n-uilecomhacht fá cabhar do thabhairt dó, agus dobhadar na h-easboig d'ar chóir congnaimh leis ina aghaidh leis an Righ. As a h-aithle sin dochuaidh St. Tomás go Northampton mar a raibh an Righ, gus tighearnaí na Sagsan na thimpcheall ann, agus mar tháinig St. Tomás do láthair an Righ adubhairt sé: Thainigh mé do dheunamh do thoile do réir h-aithne, gidheadh ní feacathas Airdeasbog Canterbuirí annsa chruith ina bhfuilim riamh, óir as me t-athair faoisdineach, agus ní h-é dlighe Dé riamh an mac do dhíbirt an athar ar a bhfuil cúram h-anma; agus do chuir do bhuadhreadh-sa na h-easboig darba choir bheith leis an Eagluis n-a h-aghaidh agus am aghaidh-si agus atá a fhios agad nách fuilim-si ionchomhraic agus ó nach fuilim, atáim ollamh chum báis d'fhulang thar cheann ceart na h-eaglaise. Acht annsin do labhair an Righ agus adubhairt; as cosmhuil re cléireach ceanamhail air fein mar labharas tú agus ísleochaidh mise h-árdinntinn óir caithfimid araon cúntais do dheunamh re aroile. Atá a fhios agad go rabhais ad tsóinsilleir agamsa, agus go dtug mé cúig céad pont ar airleacadh dhuit agus nar íocais fós iad agus anois dob'áil liom tú dhá n-íoc nó caithfidh tú dul don phríosún. As annsin do labhair S. Tomás agus aseadh adubhairt; Do bhronn tú na cúig céad pont san dam; ní cóir an nidh do bronnadh d'iarraidh tar ais. Gidheadh tug S. Tomás urra re díol na gcúig céad pont. Agus as a h-aithle sin d'iarr an Righ trí mhíle pont ar S. Tomás, noch do haithriseadh do ghoid S. Tomás an uair dobhí sé n-a Shóinsilleir, agus d'iarr S. Tomás cáirde chum freagartha do thabhairt air sin, agus asé freagradh tug sé air sin an uair dorin sé Easbog de, gur chuir se saor annsan easbogóideacht é a bhfiaghnaise tighearnaoi tuaithe agus eaglaise na Rioghachta, agus ar an adhbhar sin nár chóir dó freagra do thabhairt ar an gcúis sin. Agus d'iarradar na h-easboig uile air S. Tomás a thoil do thabhairt a n-aghaidh na h-eaglaise. Acht annsin tángadar na h-easboig chum an Righ, agus tugadar a dtoil chum an uile neith do réir toile an Rígh, agus do thréigeadar S. Tomás agus ro thréigeadar muinntear dhíleas S. Tomás fein é. Acht as annsin tángadar daoine bochta do dheunamh cuideachtain do S. Tomas agus tángadar an oidhche sin féin, dias tighearnaí do mhuinntear an Righ agus adubhradar le S. Tomás Sagsa d'fhágbháil nó go gcaithfeadh sé bás d'fhulang, agus an oidhche na dhiaigh sin ro éaluigh S. Tomás a gculaith bráthar agus dochuaidh tar farraighe do'n Fraingc, agus do chuir Righ Sagsan litreacha n-a dhiaigh go righ Fraingc dá rádh sin gan S. Tomás do ghabháil chuige, agus do chuir an Righ dias easbog do ghearán ar S. Tomás ris an bpápa. Mar tháinig S. Tomás mar a raibh Righ Fraingc do chuir an righ fáilte roimhe agus adubhairt, gibé cionnta dodhéanfadh duine a Sagsana go mbiadh sé saor san bhFraingc, agus adubhairt re S. Tomás gach nídh ba mhaith leis do dhéanamh. Is annsin do chuir Rígh Sagsan tighearnaí do dheunamh gearáin ar S. Tomás chum an phápa agus dorinneadar an gearán go trom agus mar dochualaidh an pápa an gearán adubhairt nach tiubhradh freagra ortha go bhfaiceadh an t-Áirdeasbog féin, agus go dtiocfadh sé go h-athghairid, agus níorbh'áil leis na tighearnaí fanmhain le S. Tomás, agus dochuadar thar a n-ais go Righ Sagsan gan freagra ó'n bpápa, agus as a h-aithle sin táinig S. Tomas go cathair na Rómha la S. Marcas suibhsgéaluidhe, tar éis mheadhoin laoí agus ní fhuaradar a mhuinntear iasg ré a cheannach chum a ndinnéir, mar dobhí an lá sin n-a chathaoir, agus d'innseadar sin do S. Tomás agus adubhairt leó gibé beatha do-gheabhadaois a cheannach agus do cheannaigheadar feóil agus do bhruithigheadar í agus do friotháladh S. Tomás maille re cábún róstaigthe agus a mhuinntear maille ré feóil ó phota. Agus dochualaidh an pápa S. Tomás do theacht do'n chathair, do chuir cairdionál do chur fáilte roimhe, agus fuair an cairdionál S. Tomás ar dinnear ag ithe feóla agus do chuir an fháilte roimhe agus do innis do'n phápa go raibh S. Tomás ag ithe feóla, agus nachar dhuine mar adúbhradh é agus níor chreid an pápa an cairdionál agus do chuir cáirdional eile dá fheachain sin agus adubhairt ris part do'n bhiadh do thabhairt chuige, agus do chuir an cairdionál ceathramha don chábún iona naipchin agus rug leis chum an phápa í, agus adubhairt gurbh'fhior do'n chéad chairdionál a ndúbhairt. Agus ro sgaoil an naipchin a bhfiaghnaise an phápa, agus fuair an cheathramha chábúin iarna h-iompoghadh na
hiasg darbh'ainim carp. Ar bhfaicsin na míorbhuille sin do'n phápa, adubhairt nachar daoine fírinneach iad tré bhréig do chur ar an Árd-Easbog naomhtha sin. Agus adubhradar san gurbh fhírinneach dóibh féin a ndubhradar. Agus níor chian as a h-aithle sin go dtáinig S. Tomás chum an phápa, agus d'fhear an pápa fior-chaoine fáilte ris, agus tar éis beagáin briathar do rádh dhóibh d'fhiafruigh an pápa do S. Tomás créad an dínnéar dobhí aige an lá sin, agus adubhairt S. Tomas gurbh' fheóil dobhí aige mar nach fuair sé iasg. Do thuig an pápa annsin gur míorbhuille dorin S. Tomás, mar do h-iompuígheadh an cheathramha cábúin chum bheith n-a h-iasg, agus air son na míorbhuille sin do fhoillsigh Dia, tug an pápa cead feóla d'ithe do gach aoinneach a ndeósus Chantarbuirí lá St. Marcus más ar lá cathaoireach bhias; agus an párdún san do thabhairt dóibh ó sin amach, agus atá san dá chongbháil gus aniúgh. Agus annsin do innis S. Tomás do'n Phápa mar dobhí righ Sagsan dá iarraidh air thoil do thabhairt ar mhórán do staidiúdaibh do bhí a n-aghaidh na h-Eaglaise, agus gach éagcóir dá ndearnaidh an Righ air fein go nuige sin, agus dá bhfághadh sé bás air a shon nách tiubhradh a thoil chuige sin choídhche. Mar dochuala an Pápa sgéala St. Tomás do ghuil sé le truaighe agus rug a bhuidheachas re Dia a dtaobh a leithéid sin do easbog. Agus do chuir an Pápa bulladha agus litreacha d'á sgriobh chum Easboig na gcríoch dá ordughadh dhóibh a dheunamh mar dorin St. Tomás. Agus as a h-aithle sin, d'fhogar St. Tomás a Easbogóideacht agus a bharaoin (bairín) agus a chros agus a fháinne don phápa. Agus tug an pápa d'aithne dhó-san a gcongbháil aige fein do shíor, agus nárbh' aithne dhó féin duine arbh'fearr an díol iad ná é féin. As a h-aithle sin adubhairt Aifrionn a bhfiaghnase an phápa a gculaidh ghil agus andiaigh an Aifrinn adubhairt ris an bpápa go raibh a fhios aige maille re taidhbhse oidhche go gcaithfeadh sé féin bás d'fulang air son chirt na h-eaglaise agas gibe tráth do-gheabhadh sé bás go n-iompochadh dath an chochaill ó bhán go dearg, agas ar sgaradh ris an bpápa dó, táinig anuas do'n Frainngc go mainnistir Pontnéi, agus fuair sgéala mar thángadar teachta an Righ ón bPápa .i. tighearnaoi tuaithe agus Eaglaise agus ro inniseadar do'n Righ nach fuaireadar a ngnóithe agus go raibh fearg ró-mhór ar an Rígh agus gur dhíbir sé caraid agus gaol S. Tomás agus go ndubhairt riú an Rioghacht uile d'fhágbháil agus gur bhain mionna dhíobh dul mar a raibh S. Tomás agus a innsin dó gurab ar a shon do díbreadh iad féin; agus d'imthigheadar go mainistir Pontneí lán do thromchroidheacht air a shon sin. Agus as a h-aithle sin dobhí órd manach do na Fistians .i. an sord manach dobhí a bPontneí a Sagsana agus adubhairt an righ riú litreacha do sgríobh go Pontneí d'á rádh riú S. Tomás do dhíbirt uatha no go sgriosfadh sé féin iad sin; agus ar eagla go ndéanfadh an Righ sin do sgríobhadar leitreacha go Pontnei dá innsin sin agus dobadh éigion do S. Tomas agus a mhuintir uile Pontnei d'fhágbháil. Agus dobhí S. Tomás bocht trom-chroidheach agus tug an chúis uile do Dhia agus gach éagcóir dá ndearnadh air. Agus as a h-aithle sin do chuir Righ Frainngc sgéala chum S. Tomás dá rádh ris anmhuin san bhFranngc agus go n-íocfadh sé fein a chostas féin agus a mhuinntire. Agus dochuaidh St. Tomás agus a mhuinntear go Semes, agas táinig Ab Semes in-a choinne agas d'innis S. Tomás do'n Ab gur foillsigheadh do féin go gcaithfeadh sé féin bás d'fhulang tar cheann cheart na h-eaglaise agus do iarr mar athchuinghidhe ar an ab rún do dhéunamh air sin an feadh dobhiadh sé féin beó. Na dhiaigh sin táinig Righ Sagsan do'n Fhraingc an tan sin agus ro innis do Righ Fraingc go raibh St. Tomás ag sgrios a dhlighthe féin. Do chuir Righ Franngc fios ar cheann S. Tomás agus dorinn Righ Fraingc réidhteach eatortha fa n-a dhithcheall, agas níor fhéad óir ní léigfeadh an Rígh aon rud dá dhlighthe ar gcúl, agus ní mó do leigfeadh S. Tomás aon rud do cheart na heaglaise air gcúl. Agus do ghabh rígh Frangc párt Rígh Sagsan an-aghaidh St. Tomás agus tug fógra dó féin agus dá mhuinntear an Fhraingc d'fhagbháil agus ní raibh a fhios ag S. Tomás cá rachadh sé, agus dobhí sé ag cur intinne iona mhuinntir mar dob'fhéidir leis. Agus dobhí sé ar tí dul ag iarra déirce, agus mar dobhí sé ag imtheacht do chuir righ Fraingc sgéala ar a chionn, agus adubhairt ris anmhuin san bhFraingc agus go n-íocfadh sé fein a chosdas agus d'iarr maithfeachais (maitheamhnas) air tré mar adubhairt sé ris an tír d'fhágbháil. As a h-aithle sin dorin Righ Sagsan Rígh
dá mhac agus do chuir Árd-easbog Sorcf (York) agus easbog eile an choróin air agus níor cheart dóibh sin do dheunamh óir as do Ardeasbog Chanterbuirí badh dual a cur air, agus fuair S. Tomás Bulladha an Phápa do choinneall-bháthadh na muinntire dorin sin, agus a n-aghaidh gach duine dá raibh ag congbháil mhaithis tsaoghalta S. Tomás, Agus is gairid do mhair an tsíothcháin sin dóibh óir do éirigh an righ ó'n tsíothcháin go h-athghairid tar éise sin agus táinig S Tomás as muinghin na siothchána do mharthain eadtortha go Canterbuirí, agus dobhí gach aoineach ró-bhúidheach agus ró-lúthgháireach roimhe. Agus maille re cómhachta an Phápa do chuir fios ar gach aoineach dorin éagcóir air agus do chuir coinneal-lbháthadh ós árd ortha, nó go ndéanfaidís aithreachas ann san eagcóir dorinneadar air féin agus ar an Eaglais. Agus mar dochualadar lucht na gcionnta sin tángadar chuige agus dob'áil leó a chur fá deara air maitheamh dóibh dá aimhdheóin, agus do chuireadar sgéala chum an Rígh do'n Fhraingc ar gach nidh dá ndearna S. Tomás agus do ghabh fearg ró-mhór an Righ uime sin agus adubhairt dá mbeith daoine aige lérbh'ionmhuine é, ná fuilingeóchaidís a leithéid sin do thréatúir beó n-a dhúithigh, agus mar chualadar ceathrar ridireadha d'á mhuinntir sin dorinneadar comhairle le chéile agus do bhreithnigheadar go bhfaghaidís féin buidheachas mór ó'n Righ ar son S. Tomás do mharbhadh. A ndiaigh na drochómhairle sin do ghluaisigheadar go deifreach chum cuain, agus fuaradar long ar a gcionn ann, agus níor chomhnuigheadar leó go rángadar cathair Chanterbuirí, agus mar dochualaidh an Righ a n-imtheacht do ghabh aithreachas é, agus do chuir teachta in a ndiaigh agus ní rugadar na teachta ortha. Agus rángadar an ceathrar ridireacha sin go Canterbuirí. Agus dorin S. Tomás seanmóir a gCanterbuirí lá Nodlag, agas do bhí ag déanamh na seanmóra, oir ba dhearbh leis an bás d'fhulang, agus dorin an coinneall-bháthadh ar gach néach a raibh a n-aghaidh chirt na h-Eaglaise. Agus an lá san féin an uair dobhí an Righ ar an mbórd ann sa bhFraingc gach aon do ghlacadh an t-arán níorbh'fheidir leó aon ghreidhim do chaitheamh dhe, óir do liaith agus do mhorgaidh an t-arán, agus an t-arán náchar ghlacadar, ní raibh locht air. Agus tángadar an ceathrar ridireadha go Canterbuirí Dia Máirt .i. an cúigmheadh lá do'n Nodlaig ann aimsir Easbartha do ló agus tángadar mar a raibh S. Tomás, agus adubhradar gur chuir an Righ mar aithne chuige leasúghadh do thabhairt do ghach neach dá ndearna sé do choinneall-bháthadh nó go gcaillfeadh sé a anam. Adubhairt St. Tomás: gach uile nidh as cóir dham do dhéanamh, maille re ceart, do dhéanfaidh mé é; agus ar son na h-aithne do fritheóladh ní bhfuil a sgaoile agam-sa, muna ndearnaidh siad aithreachas do'n Eaglais óir as é an Pápa do chuir amach í agus ní mise. Adubhairt Ridire dhíobh; Muna dtuga tú absolóid do'n Righ agus do chách uile coiseónaidh sé do bhás duit. Atá a fhios agat, ar S. Tomás, go ndearna an Rígh agus mise réidhteach ré chéile, lá féile Muire Maigdeleán, agus rachaidh an coinneall-bháthadh amach ar na daoinibh dorin éagcóir ar an Eaglais. Is annsin do bhuail Ridire dhíobh ann a cheann St. Tomás agus é ar a ghlúinibh a bhfiaghnaise na h-altórach. Agus do chuir Sír Eadbhard Grém .i. fear iomchair na croise, an chros idir St. Tomas agus an buille; agus do ghearr an buille an cros agas lámh Sár Eadbhard, gur theith sé fein agus na manaigh eile uile. Agus do bhuail gach aoinneach do'n cheathrar díobh sin buille ar St. Tomás, gur bhaineadar mullach an chloiginn de gur thuit a inchinn ar na clochaibh n-a bhfiaghnaise agus do bhris fear díobh deas a chloidhimh ar na clochaibh. Agus is mar sin do martradh St. Tomás .i. Árd-Easbog Chanterbuirí in a theampoll mór féin, agus is e dob aois dó an tan san .i. 44 bliaghna agus aois an tighearna an tan san .i. Mile bliaghain agus céad agus aon bhliaghain déag agus fithche. Agus an lá do básuigheadh S. Tomás, do iompuighh an chochall annsa Róimh, ó bhán go dearg agus do aithin an Pápa ar an gcochall gur martradh St. Tomás agus do chuir aifrionn d'á rádh ar a anmhuin (anam) agus táinig an t-ainghiol os cionn na manach agus do chan sé Laetabitur Justus, etc., agus do thionnsgain oifig an Aifrinn agus rug an Pápa buidheachas mór re Dhia na miorbhúillídhe sin dfhoillsiughadh ó Dhia air St. Tomas. Finis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services