Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéal ar Mhíorbhaillibh Iordanus annso
Title
Sgéal ar Mhíorbhaillibh Iordanus annso
Compiler/Editor
P. Ó C.
Composition Date
1817
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1910)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉAL AR MHÍORBHAILLIBH. IORDANUS ANNSO. Neach naomhtha robhí san domhan roimhe seo, darbh ainm Iordanus. Badh dheigh-bhéasach geanmnuidhe an fear sin, budh sheanmhórtuidhe ró-mhaith é, agus lá áirithe dá raibh ag dul chum na heaglaise ag déanamh seanmóra thárlaidh bean dásachtach dhithchéillidhe dhó agus bheannaigheas an bhean go héaduathmhar dhó as teangaidh nachar labhair aon fhocal agus nach ar fhoghluim gus an uair sin. Ní tú do bheannaigh, ar Iordanus, acht an diabhal fil ad' chorp, óir níor shaothraighis 'san teangaidh sin gus anois, agus a dhiabhail, ar sé, cuirim d'fhiachaibh ort freagradh do thabhairt orm ar son Dé do chruthaigh sinn araon. Freagras an deamhan dó a meadhon na mná agus as eadh do ráidh, créad as áil leat d'fhiafraighe dhíom? Innis dom, ar Iordanus, cread thug san mnaoi sin thú. Mo Athair féin agus mo Chruthuightheóir, ar an diabhal, ro aontaigh dhom gach a meall- fainn de'n chine daonna do bheith for mo sheilbh, agus fós droich-inntinn agus droich- chreideamh na mná so gus indiu thug orm a hamus. An bhfuil, ar Iordanus, aon ionad eile i n-ar bhfearr leat bheith ioná an t-ionad sin? Truagh sin, ar an diabhal, dar liomsa as éigcialldha, a Iordánuis, an cheist sin do chuiris orm. Créad an t-ádhbhar, ar Iordánus? Freagras an deamhan dó agus as eadh adubhairt, an bhfuil ionad eile i n-ar bhfearr leatsa bheith, a Iordanus, ioná an t-ionad sin a bhfuile? Atá, ar Iordanus, óir do b'fhearr liom a bheith a bhfaraidh an Athar neamhdha ar neamh ioná san ionad seo. Maise, ar an deamhan, as mar sin domhsa, ní bhfuil, ní raibh, agus ní bhéidh aon nidh d'á mbudh liom nách tiubhrainn ar dheallradh aighthe mo Chruthuigh- theora d'fheicsint aon uair amháin. Créad an méad peannaide nó péine d'aontóchthá do chur ort, ar Iordanus, ar radharc aon uaire do bheith agat ar dheallradh an Choimhdhe. Truagh sin, ar an deamhan, a bhfuil do phianaibh agus do phlághaibh for dheamhnaibh agus for anam- naibh ifrinn agus for chréatúiribh na cruinne, d'aontóchuinnse sin uile do bheith for mo chorp i n-éinfheacht ó'n ló dorinseam an tiomarbhas ar neamh go lá an bhrátha dá ro fhéad liom radharc beag do bhreith for aghaidh an Choimhdhe. Iarn-a chlos sin do Iordanus tháinic néall báis chuige, agus ar n-éirghe as an néall sin dó as eadh adubhairt, Measaim, ar sé, an t-an robhádhaisse for neamh go rabhais ann onóir mhóir ag an Coimhdhe ós iomad d'ainglibh an t-an ba follas duit deallradh A aighthe d'fheicsint ionnus gur ghrádhais chomh mór sin í. Fíor sin, ar an deamhan, óir dobhádhas ann onóir mhóir os ainglibh, agus atá oiread gach a raibh d' onóir agam ar neamh do bhárr péine orm ann ifrionn thar an ccuid eile d'aingllibh an iomarbhais. Innis domhsa, ar Iordanus, ó dochonnarcais aghaidh an Choimhdhe, a tuarasgabháil amhail fhéadfair. Truagh sin, ar an deamhan, a bhfuil d'ainglibh ar neamh ar amharc an Choimhdhe do ghnáth ó thánagsa anuas agus roimhe sin, ní fhéadfadaois ó thosach go deire an domhain deallradh aighthe an Choimhdhé d'fhaisnéis ná d'innsint, gidheadh inneósadsa dhuitse beagán d'á tuaras- gabhail. A bhfuil de dhuille for fhiodhbhuidh, agus d'fhéar for thalmhain, do réaltannaibh for aer, agus do ghainimh i muir, dá gcurthaoi deallradh gréine agus éasga ann gach aon fá leith dhíobh, agus an deallradh as lugha d'á ttig d'aghaidh an Choimhdhe gach uair tré bheathaidh shíor as mó é ioná iad sin uile. Ro chaoidh Iordanus iar sin agus do ráidh, as mairg d'aon neach, ar sé, thuilleas tré n-a bheathaidh féin gan dul d'fheicsin an ionaid in-a bhfuil an deallradh sin agus an t-soillse. Tusa iomorro, ar Iordanus, a dheamhain, fágaibh an t-ionad sin a bhfuile, agus ná buadhair an bhean níos mó. Fágbhas an deamhan í annsin. Ro bheannuigh agus ro choisrigh Iordanus an bhean as a haithle agus dorinne sí aithrighe dhúthrachtach in-a coirthibh agus ba shaoi cráibhtheach í ó shin amach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services