Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéal ar Mhíorbhailtibh Mhuire
Title
Sgéal ar Mhíorbhailtibh Mhuire
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1796
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1907)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉAL AR MHÍORBHAILTIBH MHUIRE. Dobhí lánamha shuairc, sho-chinéalach 'san domhan tsoir agus dobhí grádh mór aca do'n Choimhdhidh chomhachtach agus dá Mháthair bhuidh .i. do Mhuire Óigh naomhtha, agus do smuaineadar in-a meanmain séipéal do dhéanamh 'n-a n-onóir agus deilbh agus íomháigh Mhuire agus a Mic do chur ann, ionnas go mbéidís féin ag guidhe Dé agus Muire ann de ghnáth. Do críochnui- gheadh an smuaineadh sin leo agus do ghlacadar féin seomra láimh leis an séipéal agus do chuireadar a leaba ins an seomra sin agus dothigidís gach aon lá ar maidin agus um thráthnóna agus i meadhón-lae ag déanamh urnaighthe 'san tséipéal; agus ar ndéanamh na bpaidreacha sin ann dothigidís chum a seomra tar ais. Agus ar mbeith dhóibh mar sin aimsir fhada thárla dhóibh gur thoil le Dia an bhean do ghlacadh torrachais ón-a compánach pósta agus ní lughaide thigeadh chum an tséipéil gach tráth mar aon len-a fear pósta ag déanamh na h-oifige mar badh ghnáth leo nó gur luigh an torrachas go mór uirrese i gcás nach mó 'ná gach re lá dothigeadh chum an tséipéil. Agus ní fhanadh an fear aon lá, agus an lá nach dtigeadh a chompánach mar aon leis chum an tséipéil do ghabhadh sin i láimh a gcuid araon de na h-urnaighthe badh ghnáth leo do dhéanamh. Gidheadh, níor chian dóibh amhlaidh sin gur luigh an torrachas uirre go mór ionnas gur bh'éigean dí gan a leaba d'fhágbháil amach ná fós dul tar dhoras a seomra, agus dothigeadh an fear gach aon lá agus is fada dobhíodh amuigh uaithe óir do ghabhadh a gcuid araon de na h-urnaighthe do dhéanamh mar adubhramar. Ar mbeith dhóibh ar an órdughadh sin aon de laethibh dá raibh an fear 'san tséipéal ag guidhe Dé agus i bhfad amuigh gabhas an diabhal formad le deagh-bheatha na lána- mhan sin, mar is gnáth leis toirmeasg do chur ar an maith, go dtáinig an lá sin isteach 'san tseomra agus an bhean torrach 'na leabaidh 'na h-aonar, óir ní raibh siubhal ag daoinibh ar an áit acht ag an lánamha féin, agus is amhlaidh tháinig i riocht cail- lighe duibhe dobhí do chompánach ag an mnaoi mhaith ar an saoghal amuigh, agus ar dteacht isteach dí d'fháiltigh a croidhe sin ar fheicsin a compánaigh caillilghe duibhe, agus do shuigh ar cholbha a leabadh láimh leis an mnaoi tinn agus do ghabhadar ag teacht tar dhíogras rúin agus comhráidh len-a chéile, agus ar mbeith ar na h-iomráidh- tibh sin dóibh adubhairt an diabhal a bhí i riocht na caillighe duibhe: “A chompánaigh ionmhain,” ar sí, “is trom agus is tréith atá tusa ag an dtor- rachas sin agat.” “'Seadh, go deimhin,” ar sí. “Maiseadh,” ar an diabhal, “is truagh agus is doilbh liomsa tusa bheith mar sin ó'n té a bhfuilir amhlaidh.” “Créad é sin, a chompánaigh?” ar sí. “Atá, gan amhras, méad na mí-ghníomha do-ghnídh sé tar do cheann gach aon lá, óir an tan as dóigh leatsa agus shíleas tú gur 'san tséipéal bhíos ag guidhe Dé, ní mar sin do chaitheas seisean aimsir acht ag aoibhneas agus ag ól i measg ban eile agus ag caitheamh a choda eatorra agus ag imtheacht orra tar do cheannsa.” D'éist an bhean torrach leis sin agus ní thug freagra ar bith uirre agus níor chreid aon nídh dá ndubhairt, agus arn-a mheas do'n chailligh dhuibh nach fada go dtiocfadh an fear ó'n tséipéal, chum gan bheith roimhe istigh gabhas a cead an uair sin agus d'imthigh. Níor chian iar sin go dtáinig an fear ó'n tséipéal agus go dtáinig mar a raibh a chompánach roimhe ar a leabaidh, agus fáiltigheas roimhe go ró-mhór, agus
dobhí de mhéad de ghrádh aice dhó nár chreid aon nídh dá ndubhairt an chailleach dubh léithe agus do chaith amach an oidhche sin, agus ar n-éirghe dósan arn-a mhárach do thriall chum an tséipéil mar badh ghnáth leis agus dobhí ag déanamh oifige ann, agus tháinig an chailleach dubh chéadna an dara lá agus do ghabh ag innsin na sgéal gcéadna agus níor chreid an bhean mhaith aon sgéal dár innis dí. Gidheadh, tháinig an treas lá agus do labhair go truagh, tuirseach agus adubhairt gur crádh croidhe agus doilgheas ró-mhór léithe ise do bheith in-a chomh mór sin de ghéibheann agus de ghuasacht ó'n té dobhéadh ag síor-dhéanamh iomad mí-ghníomha le mnáibh eile gach aon lá tar a ceann ar sgáth bheith ag guidhe Dé 'san tséipéal. Gabhas tocht mór an bhean torrach agus adubhairt. “Is deacair liom,” ar sí, “mí-sgéal ar bith do ghlacadh ar mo chompánach pósta agus is ró-dheacair liom gan mo chompánach caillighe duibhe do chreideamhaint, agus ní dhéanfaidh mé de dhíoghaltas ar an té do-ghnídh na mí-ghníomha sin tar mo cheann acht mé féin agus an ghein atá im' bhroinn do lot air. Agus d'éis na mbriathar do rádh do ghabh altán sgeine sgoth-ghéire in-a láimh agus do thug sracadh dhí ó ubhall a brághad go sioch a h-imleacáin agus do leig a h-abhach agus a h-ionathair agus an leanbh dobhí in-a broinn in-a fiadhnaise. Mar dochonnaic an chailleach dubh .i. an diabhal an gníomh sin, mar ní raibh ar iarraidh aige acht é, d'imthigh féin 'n-a spiorad mhalluighthe mar badh ghnáth leis trés an bhfuinneoig ngloine dobhí ar an seomra. Ar gcríochnughadh a urnaighthe do'n fhear 'san tséipéal tháinig do bhaile, agus ar ndul dó isteach 'san tseomra dofuair a bhean ar an órdughadh sin marbh ar a chionn agus a leanbh agus a h-iona- thair in-a fiadhnaise. Agus arn-a bhfeic- sin mar sin dó coisreacas é féin agus gabhas bíodhgadh agus crith-eagla mhór é agus d'iarr ar Dhia agus ar Mhuire é féin do shaoradh ó'n mí-ghníomh sin, óir do smuain aige féin nach raibh siubhal ag duine ar bith orra agus gurab fán-a chomhair féin do cuirfidhe an gníomh si do dhéanamh, agus do ghuidh Dia agus Muire go dúth- rachtach fá é féin do shaoradh uaidh, agus tar éis sin 'sé comhairle ar a dtáinig, sul do leathfaidhe an sgéal amach an tír uile d'fhágbháil agus dul go crích éigin eile i gcéin uaidh. Agus dá dhruim sin do ghluais roimhe agus ní dhearna acht an doras do dhúnadh in-a dhiaidh, agus ar mbeith ag imtheacht na sligheadh agus é ag gabháil tar an séipéal sin do-rinne sé féin do chuimh- neamh go mbadh chóir dó a chead do ghabháil le h-íomháigh Mhuire agus a Mic roimh imtheacht dó. Agus dorinne sé sin agus feacas a ghlúine faoi agus do chrom sé ar a ghuidhe go dúthrachtach agus d'iarr ar Dhia é féin do shaoradh ar an ngníomh sin. Agus arn-a gcríochnughadh dhó agus é ag imtheacht, do chuimhnigh aige féin gurab olc dorinne nár chuir folach ar an gcorp idir é agus truailliughadh an aeir nó go mbeiridís daoine air. D'fhill sé chum brait éigin do leathadh ar an gcorp agus ar dteacht isteach dó is amhlaidh fuair an bhean roimhe agus í sleamhain, slán-chréachtach, agus mar dochonnaic sí é d'fháiltigh a croidhe roimhe. “A chompánaigh ionmhain agus a aon- ghrádh tar mhnáibh na beathadh,” ar sé, “nó cionnas thárla dhuit nó créad é sin d'imthigh ort?” D'innis agus d'aithris dó amhail mar tháinig an diabhal i riocht na caillighe duibhe dobhí 'na compánach aice ar an dtuaith agus mar do mealladh leis í, “agus níor chreideas an céad lá dó ná an dara lá aon fhocal dár labhair ortsa dá líomhnadh gurab ag déanamh mí-ghníomh tar mo cheannsa dobhí tusa le mnáibh eile gach uair badh dhóigh liomsa tú bheith 'san tséi- péal ag guidhe Dé agus Muire. Gidheadh, tháinig an treas lá agus do ghearán chomh mór sin ort dá rádh gur ró-dhoilg leis féin mise do bheith ins na reachtaibh sin ó'n té do-ghnídh na mí-ghníomha sin tar mo cheann, agus is é adubhartsa nach ndéan- fainn do dhíol tríd sin acht mé féin agus an ghein dobhí im' bhroinn do lot ar an té do-ghníodh na bearta sin tar mo cheann. Air sin gabhaim altán sgeine sgoth-ghéire chugam agus thug mé sracadh dhí ar mo bhroinn gur leig mé mo leanbh agus m'ionathair fá lár im' fhiadhnaise mar dochonnaic tú féin an tan tháinig tú isteach.” “Maiseadh, a chompánaigh ionmhain,” ar sé, “aithris dom anois cionnas thángais id' chéad riocht mar atá tú anois.”
“Ag so mar thángas,” ar sí. “An tan thángais im' cheannsa agus mé mar chon- naicis féin, gabhas eagla tusa roimh an ngníomh do chur id' leith féin óir ní raibh siubhal daoine ar bith ormsa acht agat féin, agus do chuiris romhat an tír d'fhág- bháil ar teicheadh roimhe sin; agus ag imtheacht duit tar an séipéal dochuaidh tú isteach ag gabháil do cheada le h-íomháigh Mhuire agus a Mic agus dobhí de ghéire do ghuidhe gur thoil len-ár mbain-tighear- nain Muire teacht chugamsa agus bréid gheal i láimh léithe agus snáthad agus snáth i láimh eile léithe, agus do chuir mo leanbh agus m'ionathair isteach ionnamsa arís mar dobhí roimhe agus d'fhuaigh suas mo bhroinn leis an snáthaid agus leis an snáith go bhfuilim arís slán-chréachtach mar do-chídh tusa.” Agus ar rádh na mbriathar sin díse do leigeadar araon ar a nglúinibh iad féin ag tabhairt buidheachais do Dhia agus do Mhuire agus gluaisid araon chum an tséipéil agus ar ndul dóibh ann is amhlaidh fuaireadar ann deilbh Mhuire ar a gcionn agus an bhréid gheal sin in-a láimh agus an tsnáthad agus an tsnáth in-a láimh eile, agus len-a chois sin do bhaineadar cloig cheoil-bhinne 'san tséipéal; agus mar dochualadar a gcomharsain a chomh mór sin de cheol neamh-ghnáthach thángadar dá fhios; agus do thaisbeánadar na míorbhailte sn dóibh agus d'éis sin dóibh thug siad moladh do'n Tríonóid agus do Mhuire Bheannuighthe gan chrích, gan foircheann. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services