Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóin do Lá Nodlag, 1834
Title
Seanmóin do Lá Nodlag, 1834
Author(s)
Paodhar, Muiris,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1834
Publisher
(B.Á.C.: Browne and Nolan Limited, 1945)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEANMÓIN DO LÁ NODLAG, 1834. “Evangelizo vobis gaudium magnum, quod erit omni populo; quia natus est vobis hodie Salvator, qui est Christus Dominus.” Innisim nídh dhíbh dobheidh 'na áthas mhór don uile phobal: go rugadh dhaoibh indiu Slánathóir, Críost an Tighearna. Focail an aingil ag Naomh Lúcás, 2 Caib., 10 bh. Dob é seo, a Chríostaidhthe, an nuadhacht séanmhar lena raibh an saoghal ag feitheamh ar feadh cheithre mhíle bliadhain. Dob é seo an nídh iongantach ar n-ar labhradar na fáidhí. Leis seo dobhíodar na fíoraein ag tnúth agus an domhan ag osnaighil le cíocras. Dob é seo an tabharthas uasal do ullmhuig trócaire Dé don chine daonna, ó an am 'nar daoradh iad uile chun báis agus chun ifrinn tré pheaca na préimhe úd as n-ar fhásadar, Ádhamh ár sinnsear. Do teaspánadh fé dheire, i gcóimhreamh an lae bheannuighthe seo, an Slánathóir, an Críost, an Tighearna síorraidhe, don domhan. Do hoscluigheadh na flaithis agus do thúirlic Rí na glóire i bhfuirm dhaonna ar an dtalamh. Do lonnruig fé dheire grian an solais gan traochadh ar an saoghal ndorcha. Do chuir an Mhaighdean a Mac di, agus amach as a broinn beannuighthe dotháinig Rí na n-aingeal agus fuasclóir na ndaoine. Ó, is ró-shéanmhar iad na scéaltha do 'niseann a bhreith seo do dhaoine; oir ní bheadh an saoghal ag feitheamh leis, ní bheidís na fíoraein ag tnúth leis, ní thráchtfaidís na fáidhí air, ní bheadh sé ina bhun creidimh ag pobal Dé, mura mbeadh gurbh é an comhartha ba mhó ar a ghrádh dhúinn do fhéadfadh ár nDia trócaireach do bhronnadh orainn. Ó, ba beannuighthe thar bárr an oidhche dobhí os cionn bhreith an Leinbh naomhtha so: dochonnairc sí solas na síorraidheachta ag briseadh amach i lár a dorchais! Le línn breith Chríost do léim an talamh le áthas agus do chrithnigheadar na flaithis le meidhir! Ach, a Chríostaidhthe, chun a bheith páirteach insa mheidhir bheannuighthe lenar líonadh neamh agus talamh agus cruithnidheacht Dé go léir i gcóimhreamh an lae naomhtha so, ní foláir dúinn a bheith páirteach insna tabharthaistí dothugann sí chughainn. Atá ár n-athas coitchean bunuighthe ar an slánú coitchean do tairiscthear dúinn. Agus tar éis na fuascaltha so do fhágháil, má rithimíd go ceanntréan chun
ár ndonais, goileann ár Máthair an naomh-eaglais os ár gcionn, agus cuirimíd deóra brónach ag rith léithi-sin ar measc an áthais dothagann chúichi ó mhistéir ghlórmhar an lae bheannuighthe seo. Ach cad iad na sochair do-labhartha so dothagann chughainne ó bhreith an tSlánathóra i gcóimhreamh an lae indiu? Do 'niseadar na haingil do na haodhairí a bhí ag faire na hoidche os cionn a dtréada cad iad féin. Adubhradar leó: “Gloria in excelsis Deo, et in terra pax hominibus”: “Glóire do Dhia ar neamh, agus síothcháin do dhaoine ar an dtalamh.” Hedé dhíbh bun agus crích agus toradh an mhistéir seo: do Dhia, an ghlóire sin do mheasadar na daoine do bhuaint de agus do dhaoine, an tsíothcháin sin do bhuaineadar go díchéilleach díobh fhéin. Iarraim go humhal do chongnamh-sa, a Bhaintighearna ghlórmhar, chun labhairt mar is cóir ar an mór-mhistéir seo led phobal-sa agus le pobal do Mhic-se, ag rádh ó mo chroidhe agus óm béal: Go mbeannuighthear duit, a Mhuire, etc. AN CHÉAD RANN Níor cuireadh an duine ar an dtalamh so ach a dfhonn go dtabharfadh sé dá Chruthóir an ghlóire agus an uirrim ba ceart do san do fhagháil uaidh. Do chuir gach nídh an dualgas san i gcuimhne dhon duine. Agus siúd is gur chuir gach nídh i gcuimhne dho é, do dhearmhaid sé go tubuisteach é. Do árd-cheannas agus do mhódhmharacht Dé ba ceart do adhradh agus ómós do theaspáint; a thrócaire atharamhail do ghrádhchaint; a thoil agus a thuigsint féin do umhlú do eagna Dé gan teórain - do scríobhadh na dualgaisí seo ar chlár croidhe an duine. Do análadh insan anam daonna iad an tan do análadh an t-anam san isteach ina cholainn ó bhéal Dé fein. Do fígheadh tréna nádúr iad. Do innis gach créatúir de chréatúirí Dé dho iad. Ní fhéadfadh sé éisteacht le fiú fuaim a ghotha féin gan iad do chloisint. Ach do dhearmhaid sé iad. Do scrios sé iad dá chroidhe. Ní fheacaig sé níos sia in oibreacha Dé an onóir agus an uirrim ba cheart do theaspáint do; ná insna tabharthaistí do chruach Dia air, an grádh ba chóir a bheith aige do bhronntóir na dtabharthaistí céadna; ná insa dorchas lena gclúduighthar, gach re seal, cruithnidheacht Dé, an doimhneas dorcha san atá leathta ar rúndiamhra an Tighearna, agus an dí-acfuinne atá i gciall daonna iad do thuisgint. Dotugadh do chréatúirí Dé an t-adhradh san nár ceart do theaspáint ach do Dhia amháin. Do onóruig, go deimhin, an pobal Eabhra é lena mbéal, ach dobhí a gcroidhe i bhfad uaidh. Dochuadar daoine eagnach an domhain amudha ina gciall. Do mheasadar solas Dé do thomhas le soíllsí an réasúin, agus nárbh inchreidte éan nídh ach na neithe do thuigfidís. In aon fhocal, níor aithnigheadh Dia, agus níor onóradh é. Agus níor aithnigheadar daoine iad féin. - Féachaidh chomh fada agus n-a ndeachaig díth céille dhaonna. Do fhaghadh caraid grádhach bás. Do loiscthí a chorpán truaillighthe. Agus na cnámha bochta
dóighthe sin, ar a mbíodh an neamh-nídheacht scríobhta, ba teideal iad chun dia do dhéanamh de! Do tógadh althóirí, do ceapadh sagairt, agus do cinneadh íodhbairt in onóir dhrúise is mheisce, in onóir shainte agus uabhair. Do déithigheadh adhalltharnas agus fuath agus gach aon ainmhian eile do thruailligheann agus do shailigheann agus do ísligheann nádúr uasal an duine. Dobhídís déithe cnoc agus déithe bánta ann, déithe tíre agus déithe mara, déithe crann agus déithe luibhneacha. In aon fhocal - mar adeir an file Gaedhealach
Do ghabhadh Jupiter an iomad géilleadh Mar dia flaitheas is talaimh in éanfheacht; Neptune 'na dhia ar an muir mbraonach, Pluto in ifreann, agus ní in' aonar. Do adhradh cuid díobh dia na gréine, Agus cuid eile aca rae agus réilthe; Mars, Bacchus, Cupid, Phoebus; Apollo glic, dia na céille; Dia na ngaibhne, Vulcan béal-dubh; Pan, dia bhuachaillí na gcaorach; Juno, Pallas, Venus, Thetis; Agus Aoibheall, ban-fháidh Charraige Léithe!
Dobhí iomadamhlacht na ndéithe bréagacha so do réir iomadamhlacht na ndroch-chlaon a bhí i gcroidhe an duine. Dobhí, nách mór, an oiread déithe ann is dobhíodar daoine. Dorinn an duine dia de gach nídh; ach níor aithin sé agus níor adhair sé an t-aonDia cóir do chúm agus do chruithnig é. - Dobhí an domhan, nách mór ó thosach aimsire, báithte insan ainbhfios eaglach so. Dobhí an mhalluightheacht iongantach so ag méadú gach aon lá, agus na daoine ag fás ar an olcas agus ag breisiú i gcuirpeacht fé mar do dhruideadar le ceann an téarma ina raibh an Slánathóir chun iad do fhiosrú ina thrócaire. Cathair na Rómha féin, ba banríoghan an tan san ar an ndomhan, do bhí sí múchta i bhfallsacht creidimh gach cine ar n-ar bhuaig sí; agus dobhíodar déithe bodhra balbha gach náisiúin ar n-a rinn sí cúnncas le faiscint i dtaobh istig dá múraibh - ní mar chomharthaí ar a cródhacht ceannaiseach, ach mar chomharthaí seasmhach ar a díth céille leamh agus ar a hainbhfios damanta. Ach siúd agus gur “thruaillig an uile fheóil a slighe,” siúd agus gur bhréan an talamh ó chuirpeacht na ndaoine, níor thoil le Dia a fhearg do fhearadh ortha. Níor bháig sé le dílinn nua iad. Dob fhonn leis iad do shlánú; iad do níghe, le dílinn a thrócaire do scaoileadh ortha. Do chuir sé insna flaithis comhartha a chonnradh leis an ndhomhan ná báidhfeadh sé choidhche arís in' fheirg í; agus dob é comhartha é sin, ní an bogha leachta úd do-chímíd ag lonnradh go míorbhúiltheach insa spéir, ach Íosa Críost, a Aon-mhac féin, an Focal do ghlac colann daonna, fíor-chomhartha a charadais shíorraidhe leis an ndomhan, agus an t-aon solas do scaipeann dorchas gach anama. Do teaspáineadh i gcóimhreamh an lae seo é ar an dtalamh, agus dothug sé dá athair
an ghlóire sin do mheas cuirpeacht daonna do bhaint de. Cúitigheann an t-anam beannuighthe daonna dobhí ceangailthe de phearsa Mhic Dé gach tarcaisne dá dtug malluightheacht na ndaoine do Dhia. Tugann an Duine Dia, Íosa Críost, níos mó onóra, glóire, agus ómósa don Tighearna uile-chomhachtach ná dhiúlthuigheadar daoine dho. Do thaithn an t-ómós so thar bárr le Dia; oir is tríthi do scriosadh fallsacht déithe den talamh. Is í do chuir deire le diablaidheacht chreidimh. Is í do leag althóireacha na ndeamhan; do bhalbhuig a n-íomháigí; is do ionntuig na teampaill oireirice sin ina adharthaí an diabhal, chun bheith ina n-árais onóracha ina n-adhraid daoine an fíor-Dhia le creideamh, le dóchas, le grádh naomhtha, le húrnaighthe, agus le híodhbairt an Aifreann bheannuighthe. Is mar seo do atharruigheadh aghaidh na talmhan; do cuireadh aithne ar an AonDia; do ghéill an domhan dá Chruthóir; do shealbhuig Dia a cheart fhéin arís; do bunuigheadh cráibhe oireamhnach do ar an dtalamh tréna n-onóraid daoine é i spioraid agus i bhfírinne. Dob é seo an chéad shochar do fhás as breith Chríost, agus dob í seo an chéad ghlóire dothug sé dá Athair. Ach, a Chríostaidhthe, an bhfuilimíd-ne páirteach insa tsochar san? Ar scrios breith Chríost gach Dia bréagach amach as ár gcraitheacha-na? Ar múchadh ionnta fós Jupiter, dia na poímpe agus an uabhair? Ar básuigheadh ionnta fós Venus, bandia na drúise? Ar marbhuigheadh Mars fíochmhar, dia na ceannairge agus na bruighne? Ar claoidheadh fós ionainn Bacchus craosach, dia na meisce agus na póite? - Siúd is ná adhraimíd anois, mar dorinneadar ár sinnsir, íomháigí bodhara balbha na ndéithe bréagacha so, is eagla liom go n-adhraimíd na hainmhianta cuirpeach ba cúis agus ba adhbhar dhóibh: feall agus uabhar agus drúis agus saint, an saoghal meallthach agus a bhréag- aoibhneas, an cholainn agus a claonta salacha. Oir pé nídh do ghrádhaimíd níos mó 'ná Dia, adhraimíd é. Pé nídh is annsa lenár gcroidhe 'na Dia, is dia dhúinn é. Pé nídh do thairigeann sinn chun dlighe ár gCrunathóra do shárú, gan amhras is dia bréagach é do chuirimíd suas i dteampall an chroidhe sin do chúm Dia chun go n-adharfaí i gcomhnaidhe é fein amháin ann. Fóríor, is iomarca dia bréagach den tsórd so indiu ar measc Chríostaidhthe! - A fhir dhrúiseamhail, an mhéirdreach úd do thaithigheann tú - an bhean tubuisteach úd chun n-ar thugais do ghrádh, do neart, do airgead, do shláinte, do chreideamhaint, agus do shuaimhneas - an stiúrsaidhe úd ná féadann do chreideamh, ná fós do shochar saoghaltha, a chuir fhiachaibh ort scaramhaint léithi - is í Dia dhuit-se; agus cad do theastuighean uait ach í adhradh, an tan do ghlaodhann tú do shearc, do rún, annsacht do shúile, compórd do anama, agus grádh do chroidhe uirthi? Tusa, a dhuine shaintamhail, do chailleann do aimsir, do shaothar, gloine t'anama, agus suaimhneas do choinsias a dfhonn go gcruinneofá ina chárnaibh lóchán an tsaoghail seo, cré bhuidhe agus bhán na
talmhan, airgead n-a n-íosfaidh meirg ina dhiaidh seo é, agus n-a scaipfidh daoine eile gan bhuidheachas duit-se - is é an saidhbhreas saoghaltha is dia dhuit-se. A dhrúncéir thubuistig, do ísligheann thu féin níos íslí 'ná an beithidheach alltha; tusa do chailleann do shláinte, do chlú, agus do chreideamhaint le ólachán; tusa do fhágann cuid do mhná bochte agus substainnt do leanbhaí dealbha ag lucht tábhairne; tusa do chreachann agus do chuireann thu féin le fán an tsaoghail - is é is dia dhuit-se an bolg bréan san, an méadal gránna san do líonann tu le biotáille nó go gcuireann tu as do cheann an chiall san do chuir Dia inntí Múchann tu do thuisgint, cailleann tu do mheabhair, agus bíonn tu ullamh i gcóir gach aon olc do chuireann do chaptaoin chrúbach, áirseoir ifrinn, in do shlighe. Do scrios Íosa Críost amach as an dtalamh íomháigí na ndéithe mbréagach, tré na hainmhianta truaillighthe, do chuir suas na híomháigí gránna san, do bhású i gcraitheacha na ndaoine. Cad é an tairbhe dhuitse mar sin, a Chríostaidhe, aithne a bheith agat ar Dhia má thugann tu a onóir sin do éan nídh eile? Agus murab é an Dia fírinneach is Dia ar do chroidhe, cuireann tu, mar do chuir na págánaig insa tseanaimsir, créatúir táir éigin eile insan ionad a bhí ceaptha dho san, agus ní thugann tu dod Chrunathóir an ghlóire is ceart do theaspáint do. Fós ní raibh Críost sásta le hainm Dé go fhoillsiú don domhan agus le creideamh a Athar do árdú ar measc daoine. Níorbh fholáir do adhrathóirí do chumadh do mhórfadh agus do naomhóchadh a ainm agus do ofrálfadh do na tabharthaistí is taithneamhla leis - is iad san, trócaire agus ceart agus fíoraentacht. Dob é seo an tara sochar dothug breith Chríost chughainn, agus an tara sórd glóire do íodhbair sé dá Athair. Do aithin go deimhin an cine Iúdach Dia. Ní raibh íodhal ná íomháig bhréig-dhia le faiscint eatortha. Níor onóradh cosmhalacht éan deamhain in Iácob agus ní fuaradh fear piseóg in Israel. Dob é seo an t-aon pháirt amháin den domhan a bhí saor ó an pláig choitchean so. Dobhí teampall oireiric álainn tógaithe in onóir Dé aca. Dobhí íodhbairt uasal agus saoire sholamanta ghlan ghlórmhar aca, agus deas-ghnáis mhódhmharacha, eatortha, ag teaspáint uirrime agus onóra don Tighearna chomhachtach. Ach ní dheachaig a gcráibhe thar na neithe fóirimealacha so. Dobhíodar a mbéasa truaillighthe go leór. Do faiceadh agus dofuaradh éigceart agus feall, bréaga agus barbraitheacht, craos agus drúis, adhalltranas agus bitheamhantas, agus gach aon pheaca scannramhail eile, chomh fairsing agus chomh faiseantamhail ina measc agus dofuaradh ar measc na bpágánach fhéin. Do onóradar Dia lena mbéal; amhthaig dobhí croidhe an phobail mhí-chumannaig seo i bhfad uaidh.
Dotháinig Íosa Críost chun an earráid dainséarach so do chur ar gcúl. Do mhúin sé dhóibh gur chun an chroidhe agus chun na híntinne is mó do fhéachann Dia; gur beag an maitheas an taobh amuigh den árthach a bheith glan má bhíonn an taobh istig líonta le salachar agus le bréantas an pheaca; agus ná adharthar Dia go fírinneach mura ngrádhthar go fírinneach é. Ach a Chríostaidhthe, ná fuil an earráid chontabharthach so, do chas Críost go minic leis an bpobal Eabhra, le fagháil fós eadrainne? Oir cad é bunús ár gcráibhe-ne? Beagán dualgaisí corpora do chólíonadh, diúitéthe áirithe fóirimeallach do cheanglann dlighe ár gcreidimh orainn do chuir dinn - is é seo cráibhe an dream is eagnaighe ar ár measc. Tigid go póinnteáltha chun Aifrinn do éisteacht. Coiméadaid dlighthe na hEaglaise. Deirid a n-úrnaighthe. Solamnuighid gach saoire fógartha agus méaduighid na táinte dothigeann go dtí ár dteampaill-ne. Atá an taobh amuigh den árthach glan, ach cionnas atá an taobh istigh de? An bhfuil ann croidhe glan, creideamh beó, agus fíor-ghrádh Dé agus na comhursa? Ná fuil gach ainmhian le fagháil ann in éanfheacht le na dualgaisí naomhtha? Ná fuil uabhar, agus sainnt, agus drúis, agus fuath, agus formad ar maireachtain ann? - A, a Chríostaidhthe, ní he seo an chráibhe do bhunuig Íosa Críost, ach cráibhe an chroidhe, na spioraide, agus na beatha; agus an té ná fuil so aige, siúd is go bhfuil a bheatha riaghaltha go leór, atá sé i bhfad ó Dhia, ní onórann sé é ach lena bhéal, amhthaig atá 'anam truaillighthe le peaca agus míle droch-mhian 'na máighistrí ar a chroidhe. AN DARA RANN. Dobhí síothcháin choitchean ins gach críoch den domhan an tan do thúirling Íosa Críost, prionnsa na síothchána síorraidhe, ar an dtalamh so. Do iomchair go suaimhneasach gach náisiún do umhluig do smacht na Rómhánach cuing chruaidh na máighistrí uaibhreacha so. Cathair na Rómha féin, n-ar díscigheadh a daoine agus n-ar deargadh a sráidí le srotha fola tré cheannairg a huaisle agus tré chogadh a taoiseach, do luig sí síos an deire fé ughdarás Augustus Chaesair, agus dofuair sí, fé cheannas éinne amháin, an suaimhneas san ná fuair sí riamh an tan a bhí sí ar a toil féin gan ceannas éinne uirthi. Dobhí saoghal, mar sin, síothchánta, ach ba shíothcháin fhallsa í. An duine, stracaithe le ainmhianta tréana, do mhothuig sé cogadh cruaidh agus ceannairg fhíochmhar istig ann fhéin. Scartha le Dia, ag géilleadh do gach droch-chlaon do éirigheadh suas ina chroidhe, do loirg se síothcháin; ach ní raibh fagháil aige uirthi, oir níor loirg sé insan ionad chóir í. I gcúis a bhuartha, i dtobar an mhí-shuaimhnis - is é sin, i sásamh a ainmhianta - do mheas sé go bhfuigheadh sé í; ach ní bhfuair ann ach breis bhuartha agus méadú ar a dho-shástacht. Do ghealladar na daoine foghlamtha eagna do mhúineadh don lucht do leanfadh a dteagasc; ach an ciúineas do ghealladar agus do mholadar go hárd, do fhág sé nimh na bpaisiún insa chroidhe agus cogadh na n-ainmhian insan anam. Síothcháin dhíomais agus phoímpe dob eadh í; do tástáladh
agus dofuaradh folamh í; agus do chas an duine le breis bhuartha ar a chroidhe bhrónach fhéin. Túirliceann Críost indiu ar an dtalamh chun na síothchána san do thabhairt do dhaoine ná féadfadh an saoghal do bhronnadh ortha. Tugann sé leis leigheas gach uile uilc. Ní bhíonn sé sásta le teagasc poímpamhail do thabhairt uaidh do thaithnigheann le réasún daonna, ach na leighiseann aicídí an chroidhe. Agus ó ba ó uabhar, ó dhrúis, ó rún díoghalthais agus ó fhormad do ghluais gach luascadh do bhuairig an croidhe daonna, tugann Críost síothcháin chun an chroidhe sin le gach aon droch-chlaon do scrios amach aisti tré chomhachta a ghrása agus tré fhórsa a theagaisc agus a shampla. Adeirim gurbh é an t-uabhar príomh-chúis gach trioblóid do strac an croidhe daonna. Cá liacht cogadh, ceannairg, agus gleó do las sí suas ar an dtalamh! Cá liacht srotha fola lenar dhearg sí aghaidh an domhain! Stair ach cine agus gach ímpireacht, cúnntas gach prionnsa agus gach gaiscidhig chródha, seandála gach aimsire agus gach náisiúin - cad eile iad uile ach cúnntais ar na iliomad aindeisí do tairigeadh de dhruím dhíomais ar an gcine daonna. Stage leathan dob eadh an talamh so go léir ar n-a n-imrigheadh an t-ainmhian díchéilleach so go laethamhail na cluichí ba dheirge agus ba dhoilgheasaighe. Ach ní raibh insna gníomhartha fuilteach tubuisteacha dodéantaí go ró-mhinic ar an dtalamh ach comhartha, nó íomháig, ar na trioblóidí do mhothuig an duine uaibhreach ina chroidhe féin. Do ba thogha subháilce an fonn a bheith os cionn chách eile. Meas duine mheáthta a bhíodh ar an bhfear ceannsa. Déanann aon fhear amháin cúnncas ar thír a dhúthchais. Réabann sé gach dlighe. Briseann sé tré chóir agus tré cheart. Milleann agus marbhuigheann na mílthe aindeiseóirí bochta. Agus so go léir chun go mbeadh sé ina thíoránacha cheannasach os cionn a dhúthaig féin. Agus tairigeann ádh a chlaon-chortha árd-mholadh air. Scríobhtar a ainm, a bhí sailighthe agus dearg le fuil a chomhbhraithreacha, go honórach insna hannálaibh poiblidhe; agus an mallathóir gránna do ghaibh, tré mhurdar agus éigceart, ceannas aindleaghthach ar thír a dhúthchais, cóimhrighthar é ar measc na ndaoine ba mhó dár mhair riamh. Cé ná raibh an t-ainmhian so chomh nótáltha ar measc an dream úirísil, ba comh-fhairsing agus ba comh-bhuartha eatortha í; níor shuaimhneasaighe é an fear íseal ná an duine poiblighe. Dob fhonn le gach éinne é féin do árdú os cionn cáich eile. Tré neart uabhair do loirgeadar uile onóir agus glóire ó dhaoine, agus do chailleadar uile tríthi a síothcháin agus a suaimhneas. Ach tré bhreith Chríost do saoradh an domhan ón bpláig seo, agus do bunuigheadh ar talamh an tsíothcháin sin do dhíbir uabhar aisti. Do fhéadfadh Críost é féin do fhoillsiú don domhan clúduighthe le glóire. Do fhéadfadh sé gairm rí agus prionnsa agus cúnncasóra do ghlacadh air féin. Do fhéadfadh sé righthibh agus náisiúin an domhain do chnósach ina thimcheall ag umhlú dho, agus glóire an tsaoghail seo,
agus glóire na síorraidheachta do chur air féin. Ach ní hamhla dorinn. Do ba mhaith leis go dtuigfidís daoine gur i naomhthacht agus i neithe spioradáltha dobhí a séan le fagháil, agus ná raibh ach breis aindeise agus méadú buartha dhóibh i nglóire, in aoibhneas, agus i bpoímp an tsaoghail seo. Is dá bhrígh sin dorugadh é i mBeithlehem, i staid uiríseal táir, gan poímp shaoghaltha, cé go rabhadar sluaighte na n-aingeal á mholadh go hárd. Dobhí gan teideal ar bith do nótálfadh é i measc daoine. Cé go raibh sé os cionn na comhachta ba aoirde i bhflaitheas, do cheaduig sé 'ainm do scríobhadh ar measc ainmneacha na n-íochtarán ba shuaraighe dobhí ag Caesar - eisean n-a raibh ainm aige os cionn gach ainm, do ainmnighthar ar neamh, ar talamh, nó in ifreann - eisean do scríobhann ainm gacha fíoraein i leabhar na beatha atá thuas aige ar neamh. Tigid aodhairí bochta dealbha chun é onórú - eisean n-a gcaithfidh gach glún lubadh in onóir do. In aon fhocal, cnósuighthar i mbreith Chríost gach nídh is tarcaisneamhla le díomas daonna. Dá ndéanfaidís teidil chaithréimneach agus mórdháil agus aoibhneas na beatha so sinne séanmhar annso thíos, dá dtugaidís síothcháin fhírinneach don chroidhe dhaonna, dobheadh Mac Dé clúduighthe leó, agus dothabharfad sé iad don dream do chreideann ann. Ach tré iad do dhímheasú tugann sé síothcháin chughainne; agus múineann sé dhúinn gan éan bheann a bheith ortha ná éan chaitheamh ina ndiaidh má's maith linn suaimhneas fírinneach do fhagháil; oir is cúis buartha iad don uile dhuine do chuireann dúil ionnta. Theaspáin sé dhúinn maitheas is substainnteamhla, is buaine i bhfad 'ná iad, maitheas do líonfaidh ár n-uile mhian, dothabharfaidh sólás do ár n-anam agus compord do ár gcroidhe, saidhbhreas ná féadfaidh fóirneart an tsaoghail do bhaint dinn; agus chun an tsaidhbhris seo do fhagháil, nách riachtanach éan nídh eile ach é ghrádhchaint. Ach cé hé do bhlais an tsíothcháin fhírinneach so? An bhfuilid cogaidhe agus ceannairgí níos fánaighe insa tsaoghal ó rugadh é? An bhfuilid na ríoghachta do chreideann ann níos síothchánta? An gcuireann an t-uabhar san, n-a dtáinig sé do aon toisce chun é dhísciú, níos lugha buartha idir dhaoine? Loirg ar measc Chríostaidhthe an tsíothcháin sin do bronnadh mar oidhreacht ortha, agus cá bhfuighir í? Insna cathracha? Ionnta san beódhann uabhar gach croidhe. Is fonn le gach n-aon é féin do árdú os cionn a shinnsear. Déineann éinne amháin do árduig go cinneamhnach le fortún míle donán do-shásta: leanaid le cíocras a shlighe, ach ní shroisid a chéim siúd. An bhfuighir istig fé mhúraibh tighe phríomháidig í? Do-gheobhair cúraim agus buairt ann. Do-chífir an ceann urraid síor-thógaithe suas, ní le oideachas críostamhail do thabhairt dá leanbhaí, ach cúramach go léir chun iad do árdú insa tsaoghal; agus le línn báis do, fágann sé mar oidhreacht agá chlainn, ní beatha dheagh-shamplach, ach na cúraim agus na trioblóidí céadna do fhágfaid siúd fós mar oidhreacht aga sliocht dá n-éis. Ach b'éidir go lonnuigheann sí i bpálás na righthibh? Is
annsúd do itheann árd-mhian gan teórain an uile chroidhe Is annsúd do riaghlann uabhar gach anam. Sealbhuigheann an t-ainmhian is fíochmhaire, is tréine, is doimhne, is duibhe, an uile chúirtóir; agus fé amhlachas an tséin agus an áthais clúduighthar craitheacha briste le brón agus líonta le doilgheas. Ach gan dearmad do-gheóbhair insan Eaglais í? Ba ceart go bhfuighfí ann í, oir ba í sin an t-ionad ceaptha chun go gcomhnóchadh síothcháin Dé go deó ann. Ach do bhris spioraid na poímpe saoghaltha isteach fós insan áit naomhtha. Loirigthear céim onórach insan Eaglais - ní chun sochair ár gcomh-dhriotháracha, ach chun ár dtairbhe fhéin - le cíocras agus le saothar; agus go minic le slighthe eile mí-dhlisteanach do loirgithear é. Agus má mí-phoínntéalthar sinn, bíonn an oiread cathuighthe agus doilghis orainn is dobhíonn ar ghrádhthóirí an tsaoghail seo an tan ná faghaid an nídh so shanntuig a gcroidhe. Cúram nár cheart do ghlacadh ach le crith agus le mór-eagla, iarrthar é go dána agus loirigthear é go ceann-tréan. Suidheann an sagart peacamhail i dteampall an Tighearna gan láimh Dé dá chur ann. Cuireann sé é féin mar cheann ar phobal an tSlánathóra gan béal Chríost a rádh leis, mar adubhairt sé le Naomh Peadar: “Pasce oves meas”: “Beathuig mo chaoire-se.” Agus fé mar do ghlac sé an oific throm so air féin gan Dia dá ghlaodhach chuige, agus gan tréithibh ná acfuinní oireamhnach dho, seolthar an tréada gan chráibhe gan naomhthacht, agus go minic, fóríor, le scannal féin. Ó a shíothcháin bheannuighthe Chríost, do sháruigheann an uile smaoineamh, agus do leighseann gach buaireamh do éirigheann inár gcroidhe, cé thabharfaidh dhúinne tu? Cá bhfuighimíd-na ar éanchor thu? Ach siúd is gur dhíbir uabhar síothcháin Dé ón dtalamh, agus gur thug sí dílinn bhuartha ar an gcine daonna, do fhás a chomh-oiread aindeisí chúcha de dhruím drúise. An tan do dhearmhaid an duine uaisleacht a staid agus naomhthacht a nádúr álainn, dothug sé suas é féin gan scrupall, mar bheithidhig na talmhan, do fhórsa an ainmhiain táir seo. Ó fuair sé gurab é an claon ba treise agus ba coitchinne ina chroidhe, do mheas sé nárbh éan pheaca, ach gur dhleaghthach, géilleadh dho. Agus chun breis ughdaráis do thabhairt do, dorinn sé ina phoínnte cráibhe é. Do cheap sé déithe drúiseamhla dho féin, agus ina dteampaill ní onórthaí iad ach leis an ndubháilce salach so. Ollamh mór féin - Plátó, an duine do ba mhó léigheann agus eagna agus foghlaim ar measc na bpágánach - ar eagla gur shrian ar an gclaon doilgheasach so an pósadh, do mheas sé a chuibhreach naomhtha san do bhriseadh ar fad, ceadú do na daoine coidreamhadh le chéile ar nós na mbeithidheach alltha, agus go raghadh an cine daonna in iomadamhlacht lena bpeacaí do mhéadú. Dobhí an peaca so chomh coitcheann san gur saoileadh nár pheaca ar éanchor é. Agus a Thighearna Dia! cé áireómhaidh na haindeisí lenar líon sé an domhan! Do chuir sé pobal i gcoinnibh pobail, rí i gcoinnibh rí, fuil i gcoinnibh fola, dritháir i gcoinnibh drithár. Do síoluigheadh
cogaidhe, agus bruigheanta, achrann, agus namhdachas, agus ár, agus léirscrios, agus marbhú dá dhruím tríd an saoghal go léir. Atáid catharacha oireirice réabtha, ríoghachta rathamhla díscighthe, coróineacha ceannaiseach briste, mar fhiadhnithe againn ar na mí-fhortúin troma dothug an peaca so ar an gcine daonna. Ba cúis bróin gan tomhas é don uile dhuine dothug é fein suas do. Do gheall sé sásamh agus aoibhneas do, ach do lean ar a choiscéimí éad, agus droch-amhras, ráig, formad, fuath, gráin, déistean, agus doilgheas dubh. Ní raibh leigeas le fagháil air, ná teitheamh uaidh. Do órduighdar dlighthe é. Do neartuig nós é. Do chomhairlig an saoghal é. Níorbh fholáir, mar sin, oideachas éigin comhachtach chun an teine thréan so do mhúchadh i gcroidhe an duine. Dotugadh so don domhan tré bhreith an Fhuasclóra san dotháinig chun na daoine do tharrac ó an uaimh dhoimhinn chuirpe seo, chun iad do ghlanadh ó an salachar so, chun na géibhinn náireacha dobhí ortha do bhriseadh, agus saoirseacht agus fuascailt do thabhairt dóibh ó an sclábhaidheacht agus ó an dtíoránacht ina rabhadar múchta. Dorugadh é ó Mháthair ba mhaighdean, ba gloine de chréatuirí Dé. Agus tríd sin sin do onóradh an subháilce sin, an maighdeanas, nárbh aithne riamh roimhis sin don domhan, agus n-ar mheas pobal Dé fein gurbh aspachán mór é le casadh le héan bhaineannach. Agus fós, tré ár nádúr bocht-na do ghlacadh air féin, dodearnadh ina Cheann orainne é, agus sinne inár mbaill dá cholainn siúd, inár ngéaga den cholainn fáth-rúnda úd do ghlacann beatha agus gluaiseacht uaidh siúd n-a bhfuil gach oific dá cholainn, naomhtha, agus n-arb é a cheart suidhe ar dheas-láimh Dé, ag fagháil ghlóire le saoghal na saoghal. Féachaidh mar sin, a Chríostaidhe, chun cad é an ghlóire n-a n-árduigheann Íosa Críost, tré mhistéir an lae seo, ár bhfeóil-ne. Dorinn sé í ina teampall ag Dia, 'n-áit chomhnuidhthe ag an Spioraid Naomh, 'na cuid de cholainn ina n-áitreabhuigheann líonmhaireacht na Diadhacht féin, agus ina naoidhe ghrádha ag an Athair síorraidhe. - Ach ná truaillighimíd-ne an teampall beannuighthe sin? Ná déanaimíd úsáid táir den cholainn sin atá 'na géaga de cholainn Chríost? An bhfuil meas ceart againne ar uaislidheacht ár gcuid feóla féin ó dearnadh í ina páirt de fheóil bheannuighthe Mhic Dé? An é ná fuil ainmhian salach na drúise fós 'na mháighistir orainne atá inár gclainn an tsolais agus an naomhthacht. Ná buairigheann sé fós síothcháin an domhain, suaimhneas ríoghachta, maitheas muíntire, naomhthacht an phósta, agus sochar gach nduine? Cad as n-ar fhás gach aindeise agus gach tubuiste chughat-sa, a dhuine dhrúiseamhail atá ag éisteacht liom? Nách é an peaca so do chuir buairt agus achrann ar measc do mhuíntire? Nách leis do scaipis do chuid, do tharcaisnighis do ainm, do bhrisis do shláinte, agus nách tríd do chaitheann tu beatha náireach dhoilgheasach ar an dtalamh? Cad atá le fagháil istig id chroidhe ach síor-eagla, buairt, droch-mhian, éad, amhras, gráin, doilgheas, fuath, crádh, agus cathú. Ar bhlaisis síothcháin nóimeanta
ó shailighis do anam leis an bpeaca so? Nách é do chuir gach buairt tré do bheatha go léir? Déin, in ainm Dé, do uile dhícheall chun go mbéarfaí Íosa Críost id anam. Oir is é sin amháin dothabharfaidh suaimhneas fírinneach do chroidhe. Is é do dhibreóchaidh na spioraidí salacha aisti. Agus annsan beidh áras do anama síothchánta. Beir id mhac na ngrás. Agus do-gheóbhair an nídh ná fuarais fós agus ná fuighir go brágh ón bpeaca, sólás anama agus compórd croidhe. Fé dheire, dorinn breith Chríost síothcháin idir Dhia agus daoine. Do mhúch sí gach namhdachas. Dorinn sí aon chine amháin de na huile chinidheacha. Dothug sí aon chroidhe agus aon anam amháin do na huile chreidimhig. Roimhis sin, ní raibh muíntearas creidimh, ná ceangal dóchais, ná caradas ar bith eatortha. Do mheasadar nách mór, gur aithearrach nádúra a bhí ag gach cine aca: aithearrach tíre, deifir béasa, malairt teangtha - do shóinseáil sé an nádúr céadna ionnta, agus ní raibh éan chomhartha lena n-aithineófaí gurab ó aon phréimh amháin do fhásadar ach an chuma chéadna dobhí ar a gcolainn. Do mharbhuighidís a chéile fé mar bheithidhig alltha iad; agus gan amhras ba bheithidhig alltha i bhfuirm dhaonna iad. Dob é a nglóire a gcómh-chréatúirí do dhísciú ó aghaidh na talmhan, agus cinn fhuilteach a chéile do chuir ar bharra spéiceacha mar chomharthaí caithréimeacha ar a mbuaidh agus ar a gcródhacht. Do samhlófaí nárbh éan neithe eile iad ach créatúirí namhdacha do cumadh chun a bheith ag síor-chogadh lena chéile, agus ná raibh de ghnó aca ar an dtalamh so ach léirscrios agus ár do thabhairt ar a chéile. Do chuir gach nídh ceannairg eatortha, agus ní raibh cosmhalacht charadais aca lena chéile in éan nídh ach insna droch-chlaoin ónar fhás a n-eascaradas go léir. Ach préamh ár síothchána Íosa Críost. Cúis ár gcaradais é. An chloch chúinneach shnoídhte do cheanglann an dá fhalla lena chéile. An t-aon Cheann beannuighthe do chuibhrigheann géaga an chuirp lena chéile agus do-níonn aon cholainn bheó dhíobh uile. Ceanglann gach nídh sinn leis; agus gach nídh do cheanglann sinn do san, ceanglann sé sinne dá chéile. Aon Spioraid amháin do bheódhann sinn. Aon dóchas amháin do chothuigheann sinn. As aon bhroinn amháin - ó thobar bhaistidhe Chríost - do rugadh go spioradáltha sinn. Aon chró amháin, an Naomh-Eaglais, do chnósuigheann sinn, agus aon árd-aodhaire amháin, Pápa Dé, do sheólann sinn. Clainn sinn uile den Athair chéadna, Dia na n-uilechomhacht. Oidhrí sinn ar an tsonas céadna, ríoghacht na glóire. Agus aon tír amháin dúthchais atá againn, flaitheas na naomh! Ach, a Chríostaidhthe, an gceanglaid na cuibhreacha beannuighthe seo go léir bhur gcraitheacha i gcaradas lena chéile? An dteaspáinid bhur mbéasa grástamhail gur clainn fhírinneach do Dhia na síothchána sibh? - sibhse do baisteadh in aon tobar amháin baistidhe; sibhse n-ar doirteadh an Spioraid Naomhtha céadna in bhur n-anam; sibhse do ghlacann an Slánathóir céadna san, Prionnsa na síothchána Íosa Críost, ó láimh shagairt Chríost, ag althóir Chríost; sibhse n-a bhfuil an creideamh céadna agaibh, na sácraimintí céadna dotháinig
ó thaobh agus ó chroidhe an Chríost chéadna le línn báis do ar an gcrois - an ngrádhann sibh a chéile? An bhfuil muíntearas agus caradas agus síothcháin agaibh dá chéile? Fóríor dóighte! agus fóríor cráidhte! Glaodhaim in bhur gcoinnibh gach aon lá Domhnaig do thruailligheann sibh len bhur mbruigheanta meisceamhail. Glaodhaim in bhur gcoinnibh gach aon lá margaidh agus aonaig ina mbíonn sibh ag réabadh plaosc agus ag dortadh fola a chéile. Glaodhaim in bhur gcoinnibh na gártha fíochmhaire do chuireann sibh asaibh an tan, ar buile le biotáille agus ar lasadh le feirg diabhlaidhe, do ionnsaigheann sibh a chéile, cosmhail le scata deamhan, chun a chéile a mharbhú. Glaodhaim suas in bhur gcoinnibh cúirt na ngiúisdísí eiricideach ar n-a gcuireann sibh árd-áthas len bhur leabhartha éithigh agus le spalpadh Bíobla Dé go bréagach i gcoinnibh a chéile. Glaodhaim in bhur gcoinnibh an spídeadh, an tarcaisne bhréagach, an scobhlaeracht sceimhleamhail, dothugann sibh go laethamhail dá chéile nuair do éirigheann éan deifir shuarach eadraibh. Agus fiafruighim, nách go díomhaoin do tháinig Íosa Críost ar an dtalamh chun síothcháin do bhunú in bhur measc! Dotháinig an t-Uan geal gan spota anuas óna shuaimhneas shíorraidhe chun suaimhneas do dhéanamh eadrainn. Do fhág Sé mar oidhreacht againn í; agus níl éan nídh is annsa lena chroidhe 'ná go ngrádhfaimís a chéile. Agus níl grádh ná caradas, cion ná muíntearas, le fagháil ná le faicsint eadrainn; ach fuath, agus formad, agus feall leathta go fairsion ar an ndomhan; láimh gach éinne árduighthe i gcoinnibh a chomh-chréatúra; teanga gach éinne géaruighthe chun tromaidheacht agus cúl-chainnt is éitheach do dhéanamh ar a gcomh-chríostaidhthe. - Arú! a lucht leanta na ndubháilcí seo, is go díomhaoin dorugadh Críost daoibh, oir ní Slánathóir daoibh é ach sciúirseóir feargach! Ach má eirigheann sibh díobh, agus grádh Dé agus na comhursa a bheith ar maireachtain in bhur gcraitheacha, tabharfaidh sé páirt daoibh ar an dtalamh ina shíothcháin bheannuighthe; agus tabharfaidh, i ndiaidh an bheatha só, seilbh dhíbh i ríoghacht na síothchána síorraidhe. - Go dtugair sin dúinn go léir, a Thighearna thrócairig. Amen. Risteárd Ó Foghludha do chuir in eagar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services