Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sochar na Faoisdine
Title
Sochar na Faoisdine
Author(s)
Paodhar, Muiris,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1836
Publisher
(B.Á.C.: Browne and Nolan Limited, 1945)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SOCHAR NA FAOISDINE Risteard Ó Foghludha, D. Litt. Celt. Quos ut vidit, dixit: Ite, ostendite vos sacerdotibus. An tráth dochonnairc sé iad adubhairt sé leo: “Imthighidh, teaspáinidh sibh fhéin do na sagairt” - Soíscéal Naomh Lúcáis, 17 caib. 14. Is é seo an órdú dothug Slánathóir an domhain do na deich lobhair do athchuinghig air iad do shaoradh ó an aicíd ghráineamhail mharbhthach dobhí ortha; agus is é seo an leigheas comhachtach do thairisceann an Eaglais, in ainm Íosa Críost, dúinn-na, chun ár nglanta ó aicíd míle uair níos gráineamhla agus níos contabharthaighe 'ná an lobhraisí, 'sé sin, an peaca marbhthach. Chun ár leighiste uaidh, adeir sí linn i bhfocail Chríost, triall ar liaig ár n-anama, ar na sagairt, agus ár n-aicídí spioradáltha do nochtadh dhóibh. Sa tseannreacht, adeir Naomh Criosostom, níor fhéadadar na sagairt an lobhraisí do leigheas: ní raibh de chomhachta aca ach breith do thabhairt go raibh an duine glan uaidh. Ach sa dlighe nuadh, tré Shácraimint na hAithrighe, féadaid seirbhísig an Tighearna, le hughdarás Mhic Dé, an peacach do scaoileadh, do shaoradh, agus do ghlanadh óna pheacaí go léir. Ach nách iongantach agus nách dólásach an nídh, a Chríostaidhthe, go bhfuilid a lán peacach le fagháil agus ná déinid úsáid ar bith den tabharthas trócaireach so, den leigheas chomhachtach so do bhronn Críost ortha agus do fhág sé aca chun beatha agus sláinte do thabhairt dá n-anam! In áit géilleadh do chuireadh ghrádhach Íosa Críost do shíneann amach chúcha a láimh líonta de bheannachtaí, diúlthuighid go ceann-tréan teacht chuige, agus fanaid go huaibhreach i bhfad uaidh. Atá an n-anam bocht loiscithe le fiabhras teintidhe an pheaca, í scóltha le tart na cuirpeachta; ní thagann siad chun tobar uisce na beatha dothabharfadh fuarthain, agus sláinte, agus neart dóibh. Cosmhail díreach leó so dothéigheann ar buile ó ghreim mhadra uilc, pianann síor-thart iad; loirgid an t-uisce; agus nuair a tugtar chúcha é diúlthuighid é ól, oir líonann a radharc le cuthach, le ráig, agus le buile craorac iad. Is fonn liom indiu, a Chríostaidhthe, an sochair agus an tairbhe do fhaghann daoine ó dheagh-fhaoisdin do chur in bhur láthair, chun gur móide dodhéanfadh sibh taithighe den sácraimint sláinteamhail do fhág Críost againn. Do labhradh go minic libh, is dóigh liom, ar na coinghill nách foláir do bheith agaibh chun deagh-fhaoisdin do dhéanamh; ach b'éidir nár cuireadh fós in bhur láthair an mór-shochar do fhaghtar aisti. Gabhaim-se sin orm do teaspáint díbh le congnamh an Spioraid Naoimh, do iarraim go humhal tré ímpidhe na Maighdine Muire, ag rádh: Go mbeannuighthar duit, agus c..
AN CHÉAD RANN. Ní hé mo íntinn riachtanas agus oibliogáid na faoisdine do phrobháil daoibh; oir, ó's cloinn don Eaglais sibh, géilleann sibh gan amhras dá hughdarás; agus atá fhios agaibh gur ceann dá aitheantaibh sin faoisdin do dhéanamh, an chuid is lugha dhe, uair sa bhliain. Aithne í seo atá bunuighthe ar fhocal Íosa Críost. Is é an bharántacht atá léi, gnáthchuímhne na sínsear. Neartuighid Comhairleacha Coitchean na hEaglaise í. Do glacadh í i ngach am ó thúis chreidimh; agus do chólíonadar na Críostaidhthe i ngach náisiún fé an ngréin í. Nílim in ainbhfios cad é an breitheamhnas dothugaid eiricidí na haimsire seo uirthi. Atá fhios agam go measaid gur cuing chruaidh dho-fhulaing í; go ndiúlthuighid í ghabháil ortha féin; go ndeirid go bhfuil sí ró-throm; agus go bhfágaid ina ndiaidh í. Ach, gan mé féin do cheangal i gconspóid ná hoireann don am ná don áit ina bhfuilim, adeirim, agus teaspánfad daoibh, ar measc na nós Críostamhla, ná fuil ceann is mó tairbhe do ár n-anam 'na faoisdin. Chun a bheith deimhneach go bhfuil so fíor, is féidir an duine do thabhairt fé deara ar dhá staid, 'sé sin, ar staid an pheaca nó ar staid na ngrás. An tráth dobhíonn sé ar staid an pheaca, teastuigheann leigheas uaidh, chun sláinte 'anama do chasadh air; agus ar staid na ngrás, is éigean neart do chun a shláinte spioradáltha do choimeád aige. Anois, deirim go ndéanann an fhaoisdin an dá nídh seo. Oir, is í an leigheas is bríoghmhara ar gach aon pheaca í; agus is í cosaint is fearr dá dtug Dia dhúinn ar shláinte spioradáltha ár n-anam í. Is teagasc coitcheann sa diadhacht ná fuil brígh ar bith in éan mhéodhan do úsáidimíd chun maitheamhnas ár bpeacaí do fhagháil, muna dtaithneóchaidh an meódhan san le Dia agus muna gceanglóchaidh sé sin grása an mhaitheamhnais de. Is fíor go deimhin ná toghann Dia éan mheódhan ach ceann atá oireamhnach. Má fhiafruighthar díom: Cad as n-a bhfuil brígh ag an bhfaoisdin peaca do mhaitheamh? adeirim gurab ó thoil Dé ar dtúis, agus annsan óna nádúir féin, atá an brígh beannuighthe sin aici. Ba thoil le Dia, a Chríostaidhthe, maitheamh an pheaca do cheangailt den fhaoisdin; agus cé go samhlóchaidh sé gur coingheall cruaidh í, is ó thrócaire Dé fhéin do ghluaiseann sí. Oir nách mór an trócaire agus an daonnacht do dhuine do thuill damaint shíorraidhe, é shaoradh uaidh tré a choir do admhú don Dia sin ar nách féidir éan nídh do cheilt? Is sórd breitheamhnais nuadh é seo - adeir ceann de na haithreacha - go saorfaí an duine ciontach le hé féin do chiontú, agus go ndaorfar é má leathscéalann é féin! I gceart daonna, ní mar seo do thárluigheann: ní smachtuighidh daoine ach an nídh do fhaghaid amach. Ach i gceart Dé, ní smachtuighthar ach an nídh do ceilthar. Má fhoillsigheann tu do pheaca, adeir Dia, leagfaidh sé óm radharc; agus má chiontuigheann tu thu féin im láthair, ní me do bhreitheamh níos sia. As so leanann - adeir Easpog Bheróna - an gearán do dhéanaimíd orainn féin, do réir dlighe na
Críostamhlachta, ag cathaoir na faoisdine, nach admhú í dogheibhtear uainn inár n-aindeóin, ná le neart peannaid; ach go ngluaiseann sí ón-ár saorthoil féin, le haithrighe, le grádh do Dhia. Ní féidir di, mar sin, gan a bheith tairbheach dúinn. Agus ní loirgeann ár nDia uainn í le híntinn í ionntáil inár gcoinnibh, ach chun cae a bheith aige a thabharthaistí raidhseamhail do bhronnadh orainn. Hedé an fáth - adeir Naomh Crisostom - n-a bhfaoisdinímíd na peacaí is príobháidighe inár gcroidhe. Ni thugaid breithimh shaoghaltha, adeir an t-athair céadna, breith ach ar na gníomhartha do probhálthar ina láthair agus dobhíonn poiblidhe. Ach sinne, do leanann a mhalairt de nós agus do choimeádann dlighe ionnraic naomhtha, cuirimíd go fiú ár smaointe uaigneacha fé bhreitheamhnas na hEaglaise; oir múineann ár gcreideamh dúinn, an t-admhú so do dhéanaimid ar ár bpeacaí príobháideacha, ar na smaointe atá coigilthe inár n-íntinn, i bhfad ó bhreith damanta do tharrac orainn, gurab é amháin do chosnuigheann sinn ó an mbreith daortha do thabharfadh cruaidh-cheart Dé orainn mara ndéanfaimís é. Dob é an nídh seo dochonnairc rí Dáth, dob é seo do thuig sé, an tráth, thar éis athchuinghe ar Dhia truagh do ghlacadh dho, agus mór-thrócaire do theaspáint do, agus 'anam do nighe níos mó agus níos mó ó shalachar a pheacaí, adubhairt sé leis: Do-chíonn tu, a Thighearna, go n-admhuighim mo pheacaí. Is fíor gur éadtrom an cúiteamh é seo i dtaobh mo chlaon-bhearta; ach ó atáir-se sásta léi, ó dhéanann tu í ghlacadh mar shásamh, tugaim go fáilteach duit í, atá mo mhuinighean go ndéanfaidh sí mo shíothcháin leat. Maithfir-se mo mhalluightheacht dam de bhrígh gur admhuigheas id láthair í. - Is mar seo, a Chríostaidhthe, do déighleáileann Dia linn: teaspáineann sé a mhaitheas agus a mhórthacht tré ár bpeacaí do mhaitheamh dúinn gan dul ar fad do cruadas an chirt linn. Annso cuímhnighim ar an teastas dothugann Naomh Ambrós ar an ímpire oiriric Teodosius mór. Ínseann sé dhúinn gur ghnáth leis an ímpire mhaith seo ar uairibh suidhe i mbreitheamhnas ar thréatúirí; agus, an tráth do fhaghtaí ciontach le neart fiadhnithe iad agus go gcaithfidís a dtréatúireacht do admhú, ar an nóimeant n-a saoilidís go mbíodh breith báis le tabhairt orra, do bhronnfadh seisean a mbeatha dhóibh agus do scaoilfeadh saor iad. Do-niodh sé so, de bhrígh nár mhaith leis na truaillíní mí-fhortúnach do bhású, agus chun go dteaspáinfeadh sé gur threise i bhfad a thrócaire ríoghamhail 'ná a mailís siúd. - Is mar seo díreach do-néann Dia linn-ne; oir ní shanntuigheann sé ár mbás. Níl uaidh leathscéal chun sinn do shaoradh; do-fhaghann sé sin tré ár bpeacaí do fhaoisdiniú. Ní chuireann sé a cheart i bhfórsa orainn, cé go bhféadfadh sé sin do dhéanamh go dlightheach; ach trén-a thrócaire ghlórmhar maitheann sé dhúinn iad. Hedé an fath n-a ndubhairt an fáidh ríoghamhail le Dia: “Tibi soli peccavi et malum coram te feci, ut justificeris in sermonibus tuis, et vincas cum judicaris”: Do pheacuigheas id choinnibh-se, a Thighearna, agus dorinneas malluightheacht id aghaidh-se: admhuighim duit é, chun go dteaspánfá do ghlóire tré
mhaitheamhnas do thabhairt dam, agus go mbeadh fios ag an domhan go sáruigheann do thrócaire mailís mo chroidh-se agus go mbuadhann sí uirthi. Is í an trócaire chaithréimeach so do phoínnteálann an Spiorad Naomh amach dúinn an uair do ghlaodhann sé orainn faoisdin do dhéanamh insna focail seo: “Confitemini Domino quoniam bonus”: “Admhuighidh do Dhia, oir atá sé trócaireach.” “A dhearbhráthair”, adeir Naomh Auguistín, “cad é an dochar san ort do pheacaí do admhú don Dia so atá chomh trócaireach san leis an ndream do fhaoisdinigheas go fírinneach agus go fearamhail a gclaon-chortha? Nách fearra dhuit, tré iad do admhú, Dia do dhéanamh fabhrach duit, 'ná, tré iad do cheilt, é dhéanamh feargach leat?” Ach adéarfair liom nách i láthair Dé amháin atá 'fhiachaibh ort do pheacaí do admhú, ach nách duit rún do dhroch-bhearta do leigean le duine, agus gur deacair duit san do dhéanamh. Lualaim gur le duine atá 'fhiachaibh ort do pheacaí do fhaoisdiniú; ach is duine é ag n-a bhfuil ughdarás agus baránacht ó Dhia féin - duine clúduighthe le comhachta Chríost chun a thrócaire do roinneamhaint leat-sa - duine ceapaithe chun salachar do anama do nighe le uisce na beatha - liaig ag n-a bhfuil órdú ó Íosa Críost cneádha agus aicídí do choinsiasa do leigheas le Fuil beannuighthe an tSlánathóra chéadna san. Pé peaca é, ní fhaicim cad é an cheist ná náire ná dochar is ceart do dhuine a bheith air, dá mb'éigean do é admhú os comhair an domhain mhóir, an tráth atá sé deimhneach go maithfidh Dia dho é, an tráth atá sé siúráltha go bhfuighidh sé muíntearas a Thighearna thar n-ais agus go saorfaidh sé ó bhás shíorraidhe an péarla uasal san, 'anam féin. - Caith dhíot, a Chríostaidhe, an leamh-náire sin ort, agus lean an deagh-chomhairle dothugann aspol an tSlánathóra dhúinn go léir insna focail seo: “Adeamus ergo cum fiducia ad thronum gratiae, ut veniam consequamur et gratiam inveniamus in tempore opportuno”: “Teighmís,” adeir se, “go dóchasach go cathaoir na ngrása - 'sé sin go cathaoir na faoisdine do bhunuig Dia ina Eaglais - chun go bhfuighimís maitheamhnas agus go ngreamóchaimís trócaire in uain tráthamhail.” Is i láimh shagart Chríost atá scaipeadh na trócaire sin orainn; oir is leó san amháin adubhairt Íosa Críost: “Pé nidh do cheanglóchaidh sibh ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus pé nídh do scaoilfidh sibh ar talamh beidh sé scaoilte i bhflaitheamhnas.” Hed iad a fhocail agus hed é a gheallamhaint: ní féidir dóibh a bheith níos poínnteáltha ná níos foirlíonta: nách namhaid dúinn féin sinne muna dtairbhímíd asta? Ná bíodh, a Chríostaidhthe, éan iongantas oraibh go ngrádhann Dia an fhaoisdín agus go ngéilleann sé, mar adéarfainn, di; oir atá sí ana-oireamhnach chun croidhe Dé do bhogadh agus chun spioraid na haithrighe de chorruighe suas in anam an pheacaig. Umhluigheann ar dtúis faoisdín an peacach, agus mar seo oireamhnuigheann sí é i gcóir aithrighe. Níl éan nós inár gcreideamh do umhluigheann anam an duine chomh éifeachtamhail le faoisdine. Ní chialluigheann an t-admhú
coitcheann san do-nímíd i láthair daoine, le n-a ndeirimíd gur peacaig sinn, ach gan áireamh ná ainmniú cad ann ná cionnas do pheacuighmair. Ní chialluigheann fós an fhaoisdine do-nímíd istig inár gcroidhe le Dia, trén-a n-ínsimíd do-san na neithe atá fhios go maith cheana aige agus nách féidir linn do cheilt air sin. Ach cialluigheann an fhaoisdin do chuir Íosa Críost ar bun agus do ghnáthuighean an Eaglais, in ná bíonn an duine sásta le rádh gur pheacuig sé ach cionntuigheann sé é féin fé leith i ngach droch-ghníomh dá ndearnaidh sé, agus oscluigheann sé a choínsias i láthair an tsagairt sa tslighe chéadna ina n-osclóchaidh Dia é i láthair daoine ar lá an bhreitheamhnais. - An fhaoisdine sin ina leathaimíd os comhair súile ár gcomh-dhuine gach aon smaoineamh claon dobhí inár gcroidhe, gach aon ghníomh truaillighthe do bhí inár mbeatha, gach aon phoínnte lag dobhí inár n-iomchar, agus ina n-éistimíd lena chomhairle, ina nglacaimíd go toiltheannach an pionós do chuireann sé orainn, agus ina ndéanaimíd dícheall na riaghlacha do cheapann sé dhúinn do leanamhaint - cad eile é seo ach síorghnáith den nós diadha san ar n-a dtugaid na haithreacha mar ainm disciplina humilificandi hominis? is é nídh an aithrighe, adeirid siad, nós ar an nduine do umhlú. Annso, a Chríostaidhe, tugaidh fé deara an mhór-dheifir atá idir spioraid an chreidimh fhírinnig seo atá againne agus spioraid an chreidimh fhallsa atá ag eiricidí na haimsire seo. Ó's ó spioraid an díomais agus ó rí an uabhair dotháinig creideamh na n-eiriceach, ní fhéadfadh sí an fhaoisdine ná an aithrighe, do umhluigheann croidhe an duine agus anam an pheacaig, do fhulang ar éanchor. Do chaith sí dhi an chuing Chríostamhail seo do chuireann 'fhiachaibh ar an bpeacach a chlaon-chortha do ínsint ina choinnibh fhéin do shagairt na hEaglaise; agus 'na ionad níor choinnibh sí ach scáil na faoisdine, in ná fuil éan nídh dócamhail don duine ná éan nídh do umhluigheann an peacach. Oir cad é an dochar do éinne a rádh gur peacach é? Cad é an umhlaidheacht do éinne a pheacaí do fhaoisdiniú le Dia amháin? - “leat-sa, a Thighearna,” adeir Naomh Auguistín, “n-a bhfuil fios gach nídh agat, agus n-ar díth céille dham a mheas go bhféadfainn dul i bhfoladh ód shúil-se.” Ach is é spioraid Eaglaise Chríost gnáth-úsáid do dhéanamh de shácraimint na humhlaidheachta do fhág an Slánathóir ina oidhreacht aici. Agus mar seo cólíonn sí íntinn Chríost ag bunú an tsácraimint bheanuighthe; oir do fhág seisean ina Eaglais é chun spioraid na haithrighe do chorruighe suas i gcroidhe a cloinne féin. Agus ó's compánaig do-scartha lena chéile an umhlaidheacht agus an aithrighe, ní féidir an aithrighe fhírinneach do fhagháil ach san áit 'na bhfuil an umhlaidheacht iomlán, 'sé sin, san Eaglais Chaitlicidhe. As so tuigidh, a Chríostaidhthe, an mhuíntir seo do fhanann ó Shácraimint na hAithrighe tré náire a bpeacaí do fhaoisdiniú ann - an té do-níonn so measann sé gur tairbheach do é féin do mhealladh! Teitheann tu ó an fhaoisdin agus tréigeann tu í, a Chríostaidhe, de bhrígh gur peannaideach leat agus gur náireach duit í dhéanamh. Ach hené díreach an fáth n-ar ceart duit í thaithighe. Oir umhluigheann an náire sin thu
i láthair Dé, agus is é an nídh do umhluigheann do anam i radharc Dé ba ceart duit do lorg san aithrighe. Dob é an nidh do chaill thu, a pheacaig bhoicht - adeir Naomh Criosostom dob é cúis an dhonais easba náire; oir do chuiris éadan striapaighe, 'sé sin, éadan gan eagla gan náire, ort fhéin chun an peaca do dhéanamh. Ní foláir duit an náire do chaillis do fhagháil arís thar n-ais, má's méin leat casadh i ndáiríribh ar do Dhia. Agus cá bhfughir níos cinnte í sin 'ná i bhfaoisdiniú do pheacaí? An tráth dochloisim sagairt ad iarraidh peacaig do tharraint chun faoisdin, ag rádh leó nách ceart dóibh éan cheist ná náire do bheith orra a gclaon-bhearta do ínsint, admhuighim daoibh-se, a phobal Chríostamhail, cé go molaim a ndíogras, go measaim iad do chontráil. Oir canathaobh go mbainfeá de pheacaig an brat le n-ar ceart iad do bheith clúduighthe? In ionad a náire do bhaint díobh, is amhla ba cóir í thabhairt dóibh. Ar measc na ndroich-fheidhm eile do-níthear den fhaoisdin níl ceann is mó 'ná daoine áirithe do fhaiscint ag triall uirthi gan náire ar bith ortha i dtaobh tuitim insna cortha do bhainfeadh, dá mb'fhéidir, lasadh as an gcloich nglas féin. Fé mar do dhéanadar na peacaí scannramhla so le croidhe iarainn agus le aghaidh phráis, admhuighid iad gan lasadh 'na ngruadh, gan deargadh ar a n-éadan, agus gan osna ina gcroidhe. Is comhartha follas é seo ar chruadas croidhe agus ar neamh-aithrighe, nó is neamh-aithrighe fhírinneach é. Atá fhios go maith agam go dtéigheann an náire seo go minic thar chóir agus thar cheart -- mar do-néann sí an tráth do oibrigheann sí ar pheacach chomh mór san go gceileann sé tríthi a pheacaí ag cathaoir na faoisdine. Is olc mór gan amhras é seo; ach is chomh olc leis, nó b'éidir níos measa, peaca do fhaoisdiniú gan náire anama agus gan umhlaidheacht croidhe. Adeirim fós go gcorruigheann admhú ár bpeacaí doilgheas i dtaobh na bpeacaí céadna san suas inár n-anam. Agus ag seo réasún maith leis an nídh adeirim: oir cumthar doilgheas inár n-anam, agus éirigheann cathú inár gcroidhe, le smaoineamh ar mhailís agus le mothú go beómhar malluightheacht agus gráineamhlacht an pheaca. Anois is cinnte ná fuil éan am i n-a mothuighmíd níos beómhaire mailís an pheaca, agus 'n-a dtuigimíd níos fearr méid a ghráineamhlacht, 'ná an tráth i n-a dtéighimíd chun é ínsint ag cathair na faoisdine. Hené an t-am 'n-a dteaspáineann sé ina fhoirm uaigseach fhéin; hené an tráth i n-a mbíonn scannradh agus déistin agus cathú ar ár gcroidhe i dtaobh tuitim ann, agus i n-a ndeirimíd, leis an bhfáidh ríoghamhail: Non est pax ossibus meis a facie peccatorum meorum “Níl suaimhneas im aigne, ná síothcháin im anam, ag radharc mo pheacaí.” Roimhe sin ní leath-smaoinimíd ar mhailís an pheaca; agus cé go mbíonn sé ina ualach ar ár n-aigne agus ina chnoc ar ár gcroidhe, ní mhothuighmíd ar éanchor é chun go dtagaimíd i láthair teachtaire an tSlánathóra chun é fhaoisdiniú agus chun é ínsint. Is annsan do fhaghaimíd radharc glan air. Annsan do ghruigeann sé, do chrádhann, do loisceann se ár croidhe. Tairigeann sé gráin orainn fhéin i dtaobh é dhéanamh. Bíonn searbhas inár n-anam agus an deór guirt lenár súil. Adeirimíd, leis an rí
bheannuighthe Ezechias: “Recogitabo tibi annos meos in amaritudine animae meae” “Cuímhneóchadh, agus cóimhreóchad, agus leathfad id láthair-se, a Thighearna, blianta mo bheatha i searbhas mo chroidhe.” Ag seo mar do thárluigheann go laethamhail do mhórán peacach. Cé go mbíonn a gcroidhe calcuighthe, bogann sé agus leigheann sé chomh luaith is do thosnuigheann a dteanga ar a bpeacaí do fhaoisdiniú. Go dtí san do bhí a n-aigne dúnta, dobhí a n-anam cosanta i gcoinnibh grása Dé; níorbh'fhéidir é pholladh le saighid na haithrighe ná le claidheamh an doilghis. Ach is ar éigean do thosnuigheadar ar iad féin do chiontú - ní maith do bhí a n-anam loiscthe leathta i láthair Dé ag cathaoir na faoisdine - nuair do thúirling fearthain a ghrása ortha agus do fliuchadh le drúcht ó neamh iad. Do pheacuig Rí Dáth go trom thar bárr i gcoinnibh Dé, mar inneósad daoibh. - Lá áirithe dochonnairc sé bean bhreágh dá nighe féin, agus do ghlac sé dúil innti agus do chiontuig sé léi. Beagán 'laethibh 'na dhiaidh san do chuir sí teachtaireacht chuige dá ínsint do go raibh sí trom uaidh, agus ó ba bean phósta í, agus ná raibh a fear sa bhaile, go bhfuighfí amach uirthi é agus go gcurfaí chun báis í. Oir dob é sin an pionós do chuirtí ar lucht adhaltarnais ar measc na nIúdach. Ba captaoin a fear i sluagh Rí Dábhí. Fear cródha calma dob eadh é, agus dobhí sé an tráth san i gcampa chogaidh an rí. Do chuir an rí fios air, agus thar éis é cheistiú tímcheall an chogaidh, do chuir se 'fhiachaibh air ithe agus ól 'na láthair fhéin, agus adubhairt sé leis dul abhaile an oidhche sin agus teacht chuige amáireach. In ionad dul abhaile, is amhla do fhan an fear i bhfochair na saighdiúirí eile ag faireachán ag dóirsíbh pháláis an rí. Do 'iniseadh don rí ná deachaidh sé abhaile, agus an lá arn-a mháireach adubhairt an rí leis: “O bhís tar éis mórán siubhail agus tuirse, canathaobh nár chuais abhaile agus codladh agus suan do dhéanamh id thig féin, in ionad fuireach suas i bhfochair mo shaighdiúirí-se?” “Dar do bheatha agus do shláinte -se, a rí,” adubhairt an captaoin, “ní fhéadfainn-se codladh ná suan do dhéanamh an fhaid is atáid mo thaoiseach, agus sluagh Dé atá fé, amuigh ar an machaire, gan clúdach ortha ach an spéir atá os a gcionn. Cad é an gnó dhamh-sa dul dom thig féin agus déanamh go sóghach i bhfochair mo mhná. agus mo mhuíntir, an fhaid is atáid prionnsaí agus tighearnaí mo rí ag fulang anacraí agus cruadas an chogaidh?” Do choimeád an rí moíll trí lá air, agus gach lá aca-san do chaitheadh sé dínnéar ina fhochair féin. Do chuireadh an rí ar bog-mheisce é, agus do órduig sé dho dul chun codalta ina thig fhéin. Ach do fhanadh sé sin i bhfochair gárda an rí. Do scríobhaidh an rí leitir leis go dtí an general ag rádh leis an fear san do chuir sa chuid sa chuid ba thréine den chath agus a leigean do mhilleadh ann. Dorinn an general órdú an ríogh, agus do marbhuigheadh an fear cródha so. Tamall ina dhiaidh san dotháinig fáidh, naomhtha go dtí an rí agus adubhairt sé leis: “Atá,” ar seisean, “duine saidhbhir áirithe ina leithéid seo de áit - ba agus caoire, muilt agus bolláin thar chóimhreamh aige; agus 'na chomhursanacht atá duine bocht ag ná raibh ach aon chaoirín
amháin. An lá fé dheire dotháinig stróinséir éigin chun tigh an fhir shaidhbhir seo, agus, cé go raibh a lán-dóthain aige féin níorbhfoláir leis caoirín an fhir bhoicht do mharbhú mar féasta don stróinséir.” Ar chlos an chomhráidh seo don rí do las sé le fearg agus adubhairt: “Mar a mhaireann Dia, is mac don chroich an fear saidhbhir seo, agus caithfidh sé a sheacht n-oiread déag do dhíol leis an nduine mbocht!” “Breith do bhéil fhéin ort, a rí,” arsa an fáidh, “is tú féin an fear san! Dobhí mná do dhóthain agat, agus ní rabhais sásta; leó-san: níorbhfoláir leat a bhean do thógaint óna leithéid seo de chaptaoin, agus é féin do bhású le cloidheamh a namhaid; do chuiris murdar le hadhaltharnas”. “Á,” arsa an rí, “do pheacuigheas go cruaidh i láthair Dé. “De bhrígh go rinnis an t-adhmú san,” arsa an fáidh, “do mhaith Dia coir do pheacaí dhuit; amhfaig ní mhaithfidh sé an pionós aimsearach duit. Atáim-se dá fhógairt duit ná scarfaidh sciúirse ná claidheamh led thig ná led shliocht go brách i dtaobh an fhir sin do mharbhú agus a bhean do thógaint uaidh.” Féachaidh, a Chríostaidhe - adeir Naomh Ambrós - cad é an bhrígh mhór, cad é an fórsa iongantach, atá insa bhfocal so “do pheacuigheas.” Do shóinseáil sí croidhe Dé; oir ó bheith ina Dhia fheargach, dorinn sí Dia trócaireach de; agus do shóinseáil sí croidhe Rí Dáth; oir, o bheith ina adhaltrannach agus 'na mhurdraeir, dorinn sí fíor-aithrigheach agus naomh mór de. Agus ó bhí sí chomh bríoghmhar 'na chás san, is bríoghmhara i bhfad í inár gcásna. O shin do dearnadh í ina páirt riachtanach de shácraimint le n-ar cheangal Íosa Críost grása an mhaitheamhnais; agus ó an tráth san i leith, atá brígh naomhtha aici ná raibh riamh cheana. Téighim níos sia: adeirim gur trén-ár gcionta féin do thárluigheann ná scriosann an fhaoisdin pian an pheaca amach; adeirim gur cúiteamh sa pheaca í. Oir, ó's peannaideach linn í dhéanamh, ó's deacair linn í thaithighe, ó's oibliogáid shaothrach den chráibhe Chríostamhail í, créad é an fáth ná rachadh sí 'na díolaidheacht i láthair Dé ar ár son? Créad é an fáth ná déarfaí an nídh céadna inár dtaobh-na adubhairt Naomh Gregorí do thaobh an tseirbhísig ainmnighthe sa tsoíscéal, do chaith é féin ag cosa a mháistre ag admhú dho ná féadfadh sé díolaidheacht do dhéanamh leis; agus, 'tré an admhú san, dofuair sé maitheamh iomlán ina throm-fhiacha: “Cum poenitentiam ageret, absolutionem debiti a Domino accepit.” Is é seo an fáth n-a ndubhairt Naomh Ambrós gurab í an fhaoisdin aithghearr gach pionóis do cheap Dia don pheaca; agus cé go saoilfí go dtéighid na focail seo thar cheart agus thar fírinne, atá barántacht dian-mhaith leó. Is cinnte ná maithfidh agus ná caillfidh Dia éan phioc dá cheart féin, insa tsaoghal so ná insa cheann thall. Bainfidh sé lán-shásamh, bainfidh sé díolaidheacht iomlán as gach peaca do-níthear ina choinnibh. Anois, is poínnte den chreideamh go dtuilleann an peaca pianta síorraidhe insa tsaoghal thall; agus is poínnte eile creidimh go maithtear na pianta san tré an peaca do fhaoisdiniú
annso i bhfus. Ní foláir, mar sin, nó go bhfuil sa bhfaoisdin nídh éigin atá, láthair Dé, cothrom agus comh-ionann le síorraidheacht phianta; agus go bhfuil brígh na bpianta san insa ghéar-dhoilgheas le bhfaoisdínigheann anam aithrigheach a claon-chorthá. “Omnium poenarum compendium”: “Is aithghearr de an uile phionós é.” Do chaitheamair dínn, mar sin, gach uile dhíograis agus cúram i dtaobh ár slánú síorraidhe, mara ndéanfam taithighe den nós naomhtha so atá tuilthe le togha gach sochair spioradáltha. An t-easpog Naomh Auguistín, ag míniú na bhfocal so den fháid: “Confessio et pulchritudo in conspectu ejus”: “Atá faoisdin agus breághthacht ina láthair” - “Tabhair fá do dheara,” adeir sé, 'ná scarfaidh an dá nídh seo le chéile i láthair Dé - admhú an pheaca, agus breághthacht an anama do admhuigheas é; agus as na focail seo fhoghlamóchair in éinfheacht cé leis n-a taithneóchair agus cionnas do thaithneóchair leis. Cé leis n-a dtaithneóchair ach led Dhia? Agus cionnas do thaithneóchair leis ach tré fhaoisdiniú do pheacaí? Má ghrádhann tu, mar sin, do anam, má's fonn leat í dhéanamh breágh i radharc Dé, taithig go dícheallach, gnáthuig go minic, an fhaoisdin.” - Hed iad focail an easpuig bheannuighthe seo. Á, a Chríostaidhthe, dá mbeadh sibh chomh imnidheach, dá ba chomh saotharach sibh chun caradas bhur nDé do sholáthar agus do lorg is do sholáthruigheann sibh agus do loirgeann sibh caradas neamhbhuan agus muintearas fallsa an tsaoghail seo - agus sibh-se, a mhná, dá bhféachadh sibh chomh géar chun órnáid, chun scéimh, agus chun breághthacht bhur n-anmnacha do-mharbhtha is do fhéachann sibh chun órnáid, chun scéimh, agus chun áille urchóideach bhur gcolainn thruaillighthe dobheidh ina dhiaidh so mar bhiadh ag piastaí -is dícheallach agus is díobhóideach agus is minic dochífí sibh ag bhur bhfaoisdin; níor ghátar a bheith bhur mealladh, a bheith ag tathant oraibh teacht chuige; chomh luath is do mhothóchadh sibh sibh fhéin i namhadacht lenbhur nDia, chomh tapaidh is dochífeadh sibh bhur n-anam clúduighthe le lobhraisí spioradáltha an pheaca, do thriallfadh sibh gan mhoíll ar liaig bhur n-anamnacha, do níghfeadh sibh cneádha bhur gcoínsias i dtoibreacha an tSlánathóra; ní fhanfadh sibh le cianta ag dróghadh in bhur bpeacaí, le blianta ag lobhadh i salachar bhur gclaon-chortha - mar an ainmhidhe alltha úd ar a dtráchtann an fáidh insna focail seo: “Computruit jumentum in stercore suo”: “Do dhreoig an beithidheach ina ghoir.” AN DARA RANN Gidh - do réir teagasc na n-aithreacha naomhtha - ná fuil, idir oibreacha Dé, gníomh níos mó 'ná an peacach do shaoradh ó choir agus ó chionta a pheacaí; gidh gur deacra do Dhia é dhéanamh 'ná na mairbh do aithbheodhú nó an domhan do chruthnú, is féidir linn do rádh le fírinne gur beag an tairbhe don pheacach grása na haithrighe do bhronnadh
air mura mbeadh meódhain éigin aige do choinneóchadh an grása san ar marthain ina chroidhe. Oir, fé mar adeir Naomh Ierom, a bheith leighiste chun tuitim arís in aicíd níos contabharthaighe, agus a bheith aithbheódhtha chun bás níos peannaidighe do fhulang, is tubuiste agus ní trócaire, is donas agus ní daonnacht san. As so tuairimighidh agus tuigidh brígh agus feabhas na faoisdine; oir, in éinfheacht, síothcháineann sí ár n-anam le Dia, agus coimeádann sí sinn ar staid bheannuighthe na ngrás agus cosnuighean sí sinn i gcoinnibh an pheaca. Is féidir an fhaoisdin, nó sácraimint na haithrighe, do bhreithniú ar dtúis fé mar do bhaineann sí lena hughdar, 'sé sin Íosa Críost; insa dara háit, fé mar bhaineann sí le fear a friothálamh, 'sé sin an sagart; agus insa tríomhadh háit, fé mar do bhaineann sí linn féin. Anois, adeirim, má thugaimíd an fhaoisdin fé deara insna trí poínntí seo, dochífeann gur duine do dhearmhadann leas 'anama ar fad an Críostaidhe dobhíonn faillightheach innti. Oir cad é an nídh an fhaoisdin, insa mhéid do bhaineann sí le hÍosa Críost? Risteard Ó Foghludha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services