Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
The Legend of Dún Briste, Co. Mayo
Title
The Legend of Dún Briste, Co. Mayo
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1838
Publisher
(B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ó áird-chéim ós cionn na slighe d'éist le comhrádh an naoimh, agus d'fhreagair do: "Ní fhuil fios agamsa cia an Dia air a bhfuil tú trácht, ná eagla roimh énneach le fághail, faiceálach ná gan faiceál. Má éirigheann liom mo shódh d'fhághail anseo, ní misde liom god é rod éireóghas dam annsiúd, óir is aimideach an mhaith láithreach chur air cáirde ag súil le farasbár maitheasa a ndeíghidh éaga. Óir is é mo mheas tar éis báis gur suan síorruidhe ar gcodhladh. Air an adhbhar sin coinneóghadsa an mhaoin atá agam, agus béarthad liom gach a bhféudfaidh mé lé neart mo lámh agus béal mo chloidhimh, gan eagla romhadsa ná do Dhia anois ná go brách. Agus mara dteithidh tusa agus do chomhluadar an t-árd so go tapaidh, tligthead thusa agus iadsan tar aill sa muir." Agus leis sin do chaith carraig ó bhárr an bhádhbhdhúin a n-aghaidh an naoimh, acht níor shroichidh sí é, acht thuit ós cionn na haille annsa tuinn bhorbach shíos, agus gach léim dá dtug ó charraig go carraig gur bhain béim stéige as a' talamh. Ag feiceál go mba feithide dosmachtuighe míriaghalta an fear so, do thiompoigh Naomh Pádruig ó n-a dhorus, agus a ndeighidh imtheacht as sroicheadh na gcloch, do thlig é féin air a ghlúinibh air an gcarraig, a bhfogus don áit sin ionna bhfuil lorg a ghlúine fós, agus do ghuibh Dia ós árd eidirdhealughadh chur eidir bunadh na tíre agus an robálaidhe seo; agus thárluigh gur éist Dia le n-a ghlór agus go dtug toradh ar a achunaidhe, óir an oidhche chédna sin do sgaradh caisleán Deódruisc ó'n gceann tíre amach sa bhfarraige níos fuide ná urchur méurthóige, agus tá mar sin go soiléir ó'n lá sin go dtí niumh 'na leachta laethamhail air dhíoghaltas Dé air mhíchneastacht Deódruisg. Agus ní dheachaidh neach go fóil suas orthaidh, agus 'sé is dóich nach rachaidh go brách; óir is oirde í go mór os cionn farraige ná crann néulta luinge cogaidh, agus is gnáthach an fharraige ionna timpioll bheith chomh borb sin nach féidir acht go hannamh le bád ná currach díonamh orthaidh. 'Sé fad na carraige timpioll trí nó ceathair do phéursaidhe, agus a leithiod beagán faoi sin. Tá cuid do bhalla an tighe agus giall a dhorais le feiceál fós, agus ní fhuil sé a bhfad ó d'fhuaduigh an stoirm an t-ádhmad a bhí 'na sheasamh ann leis na cianta, agus bhí chomh geal le sneachta ó'n aimsir. 'Sé a bhfeicthear air anois go gnáthach, ós cionn a ndubhramar, na
mílte agus na mílte faoileóg, crosán, giúróg agus cailleacha dubha bhidheas mar rangcaidhe saighiodóiridhe tarranta suas ann. Is fada feiceál ar a' gcarraig seo ó mhuir 's ó thír, agus 'sé a cosamhlacht tor nó caisleán ceithre gcorra. Anns a' gceann tíre ós comhair na carraige seo tá, siar a bhfad faoi thalamh, uaigh ionna ritheann an fharraige, agus thimpioll leath-mhíle asteach tá béal fosgailtidh orthaidh ar bh'ainm Poll na Seantuine, ionad ionna mbídheann mórán cuilm fiadháine agus énlaidhe eile éigciallta ag seadachan. Agus is uathfásach amharc síos anns a' bpoll úthfialta so air a' bhfarraige ag oibriughadh ann; agus a naimsir séine tiomáinter an t-uisce chomh teann sin go sceartann sé suas anns a' spéir fríd a' bhfosgladh seo a bhfad asteach ós cionn talmhana, agus is uaidh sin is dóich a thugthar Poll na Seantuine air. Le cuimhne choinneáil air an mhór-mhíorbhúilte si do rinne Dia air ghuibhe a shearbhfoghantaidhe, do bheannuigh naomh Pádraig an dún agus do chuir turas le mór-logha air bun ann, agus tá mar sin go fóil. Agus isé is ainm do'n áit ó shoin Dún Pádruig, agus do'n charraig sgarthaidh air a raibh an caisleán teach Deódruisg, Dún Bristidh. Sgríobhtha síos ó bheól an Athar Seon Lyons, Dochtúir Diadhachta, sagart paráiste Cille Móire a nIorras.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services