Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926
Foclóir Stairiúil na Gaeilge
Cuardaigh an Corpas
Cartlann Téacsanna 1600-1926
Glac de Dhánta Shéamais Mhic Cruitín
Teideal
Glac de Dhánta Shéamais Mhic Cruitín
Údar
Mac Cruitín, Séamas,
Bailitheoir/Eagarthóir
Ó Fiannachta, Pádraig
Dáta cumtha
1847
Foilsitheoir
(Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí, 1983)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Cuardaigh Téacsanna
Focal/Frása le cuardach
Cineál Cuardaigh
Ceannfhocal
Caighdeán
Meaitseáil Chruinn
Frása
Cineál Focail
Gach cineál
Aidiacht
Ainmfhocal
Réamhfhocal
Forainm
Briathar
Ainm Briathartha
Prós/Filíocht
Prós agus Filíocht
Prós
Filíocht
Socraigh Dátaí
1600
1926
Ag Maigh Uí Bhreacáin an 13 lá den mhí Márta 1847. A shaoi onóraigh, Ré fomós dod chomhairle mheastúil, agus re fonn díograiseach tú ' shásamh, do ghabhaim re m'ais tú ' dhíleagradh go hachomair i dteanga fíoruasal do shinsear. Do fuaireas ré-eolas ar an dteanga so i dtúis mo shaoil im dhúthaigh féin .i. i dTuadh-Mhumhan, eolas noch do mhéadaíos go suimiúil 'na dhiaidh sin i gcontae Chiarraí, an tan chuas ag iarraidh beagán foghlama don tír sin, chun slí bheatha do bhaint aisti. Is eolach dhamh ó shin anuas mórán leabhraibh lámhscríofa i nGaeilge, i bprós agus i ndán, roinnt díobh noch d'áireofad anso: I bprós: Stair na hÉireann agus oibreacha eile le Dochtúir Céitinn; Cogadh Chuailnge ó thúis, maille re Oidheadh Chlainn
Uisneach, Oidheadh Chú Chulainn, Dearg-Ruathar Chonaill Chearnaigh etc, Cath Mhaighe Mucraimhe, Cath Fionntrá etc., Eachtra Thoirlbh Mhic Stairn, Eachtra Cheallacháin Chaisil etc., Bruíon Chaorthainn, Bruíon Eochaidh Bhig Dheirg etc., agus mórán eile don tsórt so. I ndán: Agallamh Phádraig agus Oisín, maille re Cath Chnoc an Áir, Tuairiscbháil Catha Ghabhra, Laoi na Seilge, Laoi Mhánais Mhóir etc., agus iomadúlacht de shaothar ár bhfilí féin ó shin i leith.
Gidhea, do rugas faillítheach ar na nithibh seo uile - trí laghad na sochar do shíleas a bheith i ndán dóibh, nó go gcualas le haimsir ghairid go raibh cuid d'ollaimh na críche ag brath ar í mhúscailt ón dtromshuan do bhí uirthi le fada. Do thóg na dei-scéalta so mo mhian chum mo leordhícheall a chur mar chaondúthracht ar mo theanga dhílis dhúchais, agus do chromas ar chur síos le gardachas intinne:
Bhur bhfáilte arís don tseanoileán a dháimhe léannta bhí ar seachrán. ... Ba bíocach tráith ag spreagadh dréacht. Anois aithbheofam dréacht is duan, is beidh ar n-ainm go bithbhuan; beidh suagha 'gus seancha maíomh ar séin. ag cur tásg ar ccríche a nimigéin.
Do bhí tnúth agam san am céanna go dtóigfeadh duine mór cairdiúil éigin mo sheirbhís, óir do shíleas go raibh roinnt éilimh agam ar Ghaelaibh trí chuid dem phréimh a d'imthigh reomham noch do rinn iomad saothair chum teanga fíormhilis a sinsear d'aithbheochan ó dhearmad síoraí. Ba dhíobh so Aindrias Mac Cruitín agus Aodh Buí Mac Cruitín, dís d'fhilí oidhreachta na críche seo; agus ba fogas mo ghaolsa leis an dís chéanna, do réir an geinealach beag so síos, ag tosnú liom féin: Séamas mac Taidhg, mhic Críostóra, mhic Conchúir, mhic Thaidhg, mhic Sheáin. Ba dearbhráthair don tSéan so Aindrias file noch do chónaigh i Moghlas i bparáiste Chill Mhuire Uí Breacáin gus an mbliain 1743; agus ba bráthair fós insa dara glúin dósan Aodh Buí do chónaigh i gCill Mhac Chreiche. Ach tar éis sin uile, ní raibh tairbhe dhom ag cur mo ghaolta ná mo dhúthracht in umhail do chiní mínádúrtha na haimsire seo; dob éigean dom stríocadh le scoil iargúlta tuaithe gur rochtas an aois a bhfuilim anois .i. dhá bhliain déag ar fhichid; agus gidh gur mhinic do chuireas roinnt dom thréithe - pé mar bhádar - i bhfianaise mo thíre, rúnda agus poiblí, is beag díobh d'aontaigh fiú freagra a thabhairt orm, nó gur bhrús coidreamh ar d'onóirse. Anois glac iomchomhairc beatha agus sláinte ód searbhóntaí buíoch fomósach, Séamas Mac Cruitín.
Tuireamh ar n-éag Mhíchíl Uí Lochlainn aon d'ardbhreithiúin na hÉireann, 1842.
'Bhfuil leannán duan in Inis Fáil chois botha bláth nó srutha sí 'nar mhinic tréithe ciall is cáil is coinmhe dáimhe ag canadh laoi? 'Bhfuil ollamh beo do spreagfadh téad sa chláirsigh chaoin bhí in Eamhain seal, nó chaoinfeadh - is ba mhór an béad - ár dtaoisigh thréan' do dhul tar ceal? Dob' iomdha osna tréithlag tláith do thaithigh Éire ó iomad slad; acht 'nois do chaill an bile a bhláth dob ionmhain lena shíol ar fad. Monuar nach eol dom díle dréacht, mar ollamh sean do chur i gcló ar bhás Uí Lochlainn - siúd an t-éacht - d'fhág Clanna Gael faoi bhuairt go deo. Acht gidh go bhfuil ár dtréithe tláth is spré ár ndáimh' gan spreagadh croí, ár n-éigse lag gan bhrígh gan bhláth an uair is gá dhúinn bheith ag caoi. Gidhea, caoinfeam fós an planda cáidh, ba lonrach cáil ó phréimh na suadh; bíodh míle tuireamh is dréacht díomá ag foilsiú Chlár Loirc chráite trua. Uch, a thaibhse ba oirearc scáil, ní shosfaidh táin ó dheoraibh dian do chróchar 'gluaiseacht faoi mórdháil 'dir mhaithibh Fáil ó chríoch imchian. Dob fhiú do ghairm is do réim dei-iompar caomha chum do luí; gidhea, timpeall t'fheart cidh uaimhneach scéimh, is minic shléachtfeam seal ag caí. Níorbh ionadh linn dá ndalladh ciach fíorleathan na hiaithe 'nar hoileadh thú, nó frasa deor ag sileadh id dhiaidh do liathfadh Éirinn glas le cumha.
A shaoi na suáilce, a bhreitheamh tréan, a chiall cháidh nár smuainigh feall, b'fhéile croí, ba ghile méin, dá ndeachaidh riamh i ngéibheann ceall. A Chlann Gael, nach trua an cás an Chraobh Ruadh bhláth do bheith ar feo; 'Uí Lochlainn dhil, monuar do bhás, do bheith le háireamh againn leo. Ó, 'Éire is docht do thnúth ar lár; do raeltinn cairdis insan uaigh. Acht cionas mhairfios dúiche an Chláir noch d'oil go grách an bile bua? Cá bhfaigheam anois an caomhnadh cóir, an caradas comhachtach trí gach feacht, gan uall, gan easmail, gan éagóir, ar aon dá dtarla faoina reacht? An spiorad dhei-eolach do fuair ardréim, is thug dei-mhéin don uile dhream, nár thréig a dhúiche in aon chéim, ná an creidiomh saor dá dtug a ghreann. Acht scuireadh feasta a chóngas caomh dá dtuile géarghol, dá dtromchiach, óir éiríos gein den tseanphréimh do thógfas craobh a threibh 'na dhiaidh. Ó thug sé féin gach breith go fíor noch shaothraigh searc a thíre dhó, go bhfaighe ó neamh an bheatha shíor mar luaíocht ina ghníomhartha anso.
2. Páidín Thoirdhealbhaigh Mhic Mhathúna chun a chara ionúin .i. Mícheál Ó Raghallaigh. A Raghallaigh, go deimhin duit is atuirseach táim, ó chuala dá lua ag do chomharsain de ghnáth, gur fhuadaigh sin fuadach do chuid flainnín fíorbhreá, a d'fhág fuar thú faoi chruashíon cheal báinín bán. Tá mallachtaí na heagailse ar shíol Shiúrtán. An cholera faoi mhaidin ort dod chloí gan spás! An flainnín geal do cheannaigh an Gaeilgeoir breá, chuir tú daichead píosa bradach ina bháinín bán.
Ó chuir tú daichead píosa bradach ina bháinín ban, dob fhearra dhuit bheith marbh nó ag saothrú pá; do tharraingt idir chapaill 's é thuill tú d'fháil, nó t'anam do bheith damanta tar éis do bháis.
3. Do Sheán Mac hEil, Ard-Easpag Thuama, 1846 Beannacht séin chugat 'ardeaspaig, re grásta neimhe noch do ceapadh, chum stiúrú cléir Mhic Dé gan locht re milseacht méin is ceansacht. Ba mhór an díth mar chuaigh ar fán, ár ndáimh léannta ar seachrán, 's an chaint cheolmhar dob fhearr blas 'na mb'fhuras dán 'chur faoi shnas. B'fhada go docht i dtromnéal bhí teanga triatha clanna Gael gan seinm dán, gan cur mian, re hinsint seanchais imchian. Greasacht gaisce i dtúis maighe, laíomh na laoch in ionsaighe, guth na mbard ag maíomh móréacht táid uile in éag in éineacht. Aithbheochaidh tusa dréacht is duan, is mairfidh t'ainm go biothbhuan, beidh suadha is seanchaibh ag maíomh do shéan, 'cur tásc ár gcríche in imigéin. Molaim fós tú, a shárfhlaith shéimh, 'ardchinn chreideamh do dhei-phréimh'; sonas síor go raibh id dháil, beannacht, buanna is dea-cháil. Anois ní beag liom fad mo dháin. Seolaim chugat míle slán Go bhfeicfear Banba go binn faoi fhlatha is filí le do linn.
4. Chum Uilliam Uí Ghráda, noch a dúirt gur léigh sé féin an líne oghaim atá ar lic Chonáin i gCallann Is baoth an turas do thugais go Callann cíordhubh ag léamh na lice do cuireadh ar Chonán scríofa; 's ar éigean tugais trí focail den léirlíne, le héirim chugam - is furas do thréithe 'insin. Nach dána an gnó do chóbach mhursanta bhaoth, 'bhfuil áit a thóna fós le feiscin sa bhfraoch, gan dán, gan nod, gan eolas litir ná craobh, a rá go mb'eol dó scról na bhFéannaibh do léamh. Ach fiafraím fós don lómthach liosta gan reacht fios ainm an leomhain, nó ceóca tá curtha san bhfeart? Do réir do chló ba dhóigh leat gur tufaire an fear - is é mo mheoin gurb é sórt tú, prioslachán leamh.
5. Ar an Athair Mícheál Ó Lochlainn d'éag ... Is buartha tá cuallacht na nGeal idir chuanta Mhalbay 'gus Eachtaí. Tá Tuamhain go huaigneach ón scéal do luaimse go léanmhar im laoi. Ó d'fhágamar bláthscoth na laoch go tláthlag ina aonar san uaigh, an ráib geal dob áille den chléir d'fhúig dáimhe chlár Eibhir go trua. Is trua linn mar d'fhuadaigh an t-éag an Lochlannach léannta fó líog, sliocht uaisle na suadh 'gus na séad do ghluais ós na réacsaibh aníos; dob íogmhar ag coimhdeacht a thréad; ba charthanach caomh leis an dtír; ba chaomh-mhaiseach fíorghlan gan bhéim, an ríbhile séimh so do cloíodh. Is cloíte na fíorbhoicht go léir, gan coimhdeacht gan caomhnadh gan trua i ndiaidh an tsaoi ghlain d'fhíorscaipfeah déirc, is scaoilfeadh gach géibheann dá chruacht.
Na saoithibh dob airde ina réim, is díth leo mo laoch mear gan lua, óir b'aoibhinn ardintinneach a mhéin, nár smuainigh ar ghréithibh díomuan. Is buan do bhí tuairisc a phréimh' idir uaisle 'gus cléire na ríocht, 's i gcruatan ná 'mbuaireamh ná i mbaol, níor fuathaíodar tréad mhilis Chríost, a guaise agus ruagadh na nGael is cealla dá réabadh agus críoch; ba lonrach ag seoladh an tsoiscéil an pór maiseach tréan úd Mhíchíl. Mícheál ba shaor álainn 'na scéimh, gan cháim ina chaomhchruth le suíomh; ba shárfhear tar táinte é le glaoch; dob áigh is dob éachtmhar a ghníomh; ba lúfar i lúthchleasaibh laoigh; ina urláimh bhí faobhar is fíoch; mo phúir insan úir é go faon, an t-úirbhile phréimhigh ón gcraoibh. Fán gcraoibh úd do dhíon do na slóigh, bhí sinsear an leomhain do luaim; ó fhíorfhuil Fhearghaise mhic Róigh, do shíolraigh a phór sin go Tuamhain. Treibh Boirne ba chróga caithréim, do sheolfadh na meirligh sa ruaig; iad feoite cois feorainn i gcré, d'fhág brón fada ar Ghaelaibh is buairt. An Ceangal Mo thruagh mar thréig an chraobh ó thuaidh a bhláth; do bhuaigh do Ghaelaibh éagmais suadh agus bard. Craobh Ruadh na laoch go faon sa dún ar lár, d'fhág uaisle Gael, mo léan, fá smúit go brách.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Úsáid Fianáin
Website developed by Niall O'Leary Services