Ag Maigh Uí Bhreacáin
an 13 lá den mhí Márta 1847.
A shaoi onóraigh,
Ré fomós dod chomhairle mheastúil, agus re fonn díograiseach
tú ' shásamh, do ghabhaim re m'ais tú ' dhíleagradh go hachomair i dteanga
fíoruasal do shinsear. Do fuaireas ré-eolas ar an dteanga so i dtúis mo
shaoil im dhúthaigh féin .i. i dTuadh-Mhumhan, eolas noch do mhéadaíos
go suimiúil 'na dhiaidh sin i gcontae Chiarraí, an tan chuas ag iarraidh
beagán foghlama don tír sin, chun slí bheatha do bhaint aisti. Is eolach
dhamh ó shin anuas mórán leabhraibh lámhscríofa i nGaeilge, i bprós
agus i ndán, roinnt díobh noch d'áireofad anso:
I bprós: Stair na hÉireann agus oibreacha eile le Dochtúir Céitinn;
Cogadh Chuailnge ó thúis, maille re Oidheadh Chlainn<e> Uisneach,
Oidheadh Chú Chulainn, Dearg-Ruathar Chonaill Chearnaigh etc, Cath
Mhaighe Mucraimhe, Cath Fionntrá etc., Eachtra Thoirlbh Mhic Stairn,
Eachtra Cheallacháin Chaisil etc., Bruíon Chaorthainn, Bruíon Eochaidh
Bhig Dheirg etc., agus mórán eile don tsórt so.
I ndán: Agallamh Phádraig agus Oisín, maille re Cath Chnoc an Áir,
Tuairiscbháil Catha Ghabhra, Laoi na Seilge, Laoi Mhánais Mhóir etc.,
agus iomadúlacht de shaothar ár bhfilí féin ó shin i leith.
Gidhea, do rugas faillítheach ar na nithibh seo uile - trí laghad na
sochar do shíleas a bheith i ndán dóibh, nó go gcualas le haimsir ghairid
go raibh cuid d'ollaimh na críche ag brath ar í mhúscailt ón dtromshuan
do bhí uirthi le fada.
Do thóg na dei-scéalta so mo mhian chum mo leordhícheall a chur mar
chaondúthracht ar mo theanga dhílis dhúchais, agus do chromas ar chur síos
le gardachas intinne:
CzzzzzFil.
Bhur bhfáilte arís don tseanoileán
a dháimhe léannta bhí ar seachrán. ...
Ba bíocach tráith ag spreagadh dréacht.
Anois aithbheofam dréacht is duan,
is beidh ar n-ainm go bithbhuan;
beidh suagha 'gus seancha maíomh ar séin.
ag cur tásg ar ccríche a nimigéin.
CzzzzzPrós
Do bhí tnúth agam san am céanna go dtóigfeadh duine mór cairdiúil éigin
mo sheirbhís, óir do shíleas go raibh roinnt éilimh agam ar Ghaelaibh trí
chuid dem phréimh a d'imthigh reomham noch do rinn iomad saothair chum teanga
fíormhilis a sinsear d'aithbheochan ó dhearmad síoraí. Ba dhíobh so
Aindrias Mac Cruitín agus Aodh Buí Mac Cruitín, dís d'fhilí
oidhreachta na críche seo; agus ba fogas mo ghaolsa leis an dís
chéanna, do réir an geinealach beag so síos, ag tosnú liom féin:
Séamas mac Taidhg, mhic Críostóra, mhic Conchúir, mhic Thaidhg,
mhic Sheáin. Ba dearbhráthair don tSéan so Aindrias file noch do
chónaigh i Moghlas i bparáiste Chill Mhuire Uí Breacáin gus an mbliain
1743; agus ba bráthair fós insa dara glúin dósan Aodh Buí do chónaigh i
gCill Mhac Chreiche. Ach tar éis sin uile, ní raibh tairbhe dhom
ag cur mo ghaolta ná mo dhúthracht in umhail do chiní mínádúrtha na
haimsire seo; dob éigean dom stríocadh le scoil iargúlta tuaithe gur
rochtas an aois a bhfuilim anois .i. dhá bhliain déag ar fhichid; agus
gidh gur mhinic do chuireas roinnt dom thréithe - pé mar bhádar - i
bhfianaise mo thíre, rúnda agus poiblí, is beag díobh d'aontaigh fiú
freagra a thabhairt orm, nó gur bhrús coidreamh ar d'onóirse. Anois glac
iomchomhairc beatha agus sláinte
ód searbhóntaí buíoch fomósach,
Séamas Mac Cruitín.
Bzzzzz1842 19L
Tuireamh ar n-éag Mhíchíl Uí Lochlainn aon d'ardbhreithiúin na
hÉireann,
1842.
CzzzzzFil.
'Bhfuil leannán duan in Inis Fáil
chois botha bláth nó srutha sí
'nar mhinic tréithe ciall is cáil
is coinmhe dáimhe ag canadh laoi?
'Bhfuil ollamh beo do spreagfadh téad
sa chláirsigh chaoin bhí in Eamhain seal,
nó chaoinfeadh - is ba mhór an béad -
ár dtaoisigh thréan' do dhul tar ceal?
Dob' iomdha osna tréithlag tláith
do thaithigh Éire ó iomad slad;
acht 'nois do chaill an bile a bhláth
dob ionmhain lena shíol ar fad.
Monuar nach eol dom díle dréacht,
mar ollamh sean do chur i gcló
ar bhás Uí Lochlainn - siúd an t-éacht -
d'fhág Clanna Gael faoi bhuairt go deo.
Acht gidh go bhfuil ár dtréithe tláth
is spré ár ndáimh' gan spreagadh croí,
ár n-éigse lag gan bhrígh gan bhláth
an uair is gá dhúinn bheith ag caoi.
Gidhea, caoinfeam fós an planda cáidh,
ba lonrach cáil ó phréimh na suadh;
bíodh míle tuireamh is dréacht díomá
ag foilsiú Chlár Loirc chráite trua.
Uch, a thaibhse ba oirearc scáil,
ní shosfaidh táin ó dheoraibh dian
do chróchar 'gluaiseacht faoi mórdháil
'dir mhaithibh Fáil ó chríoch imchian.
Dob fhiú do ghairm is do réim
dei-iompar caomha chum do luí;
gidhea, timpeall t'fheart cidh uaimhneach scéimh,
is minic shléachtfeam seal ag caí.
Níorbh ionadh linn dá ndalladh ciach
fíorleathan na hiaithe 'nar hoileadh thú,
nó frasa deor ag sileadh id dhiaidh
do liathfadh Éirinn glas le cumha.
A shaoi na suáilce, a bhreitheamh tréan,
a chiall cháidh nár smuainigh feall,
b'fhéile croí, ba ghile méin,
dá ndeachaidh riamh i ngéibheann ceall.
A Chlann Gael, nach trua an cás
an Chraobh Ruadh bhláth do bheith ar feo;
'Uí Lochlainn dhil, monuar do bhás,
do bheith le háireamh againn leo.
Ó, 'Éire is docht do thnúth ar lár;
do raeltinn cairdis insan uaigh.
Acht cionas mhairfios dúiche an Chláir
noch d'oil go grách an bile bua?
Cá bhfaigheam anois an caomhnadh cóir,
an caradas comhachtach trí gach feacht,
gan uall, gan easmail, gan éagóir,
ar aon dá dtarla faoina reacht?
An spiorad dhei-eolach do fuair ardréim,
is thug dei-mhéin don uile dhream,
nár thréig a dhúiche in aon chéim,
ná an creidiomh saor dá dtug a ghreann.
Acht scuireadh feasta a chóngas caomh
dá dtuile géarghol, dá dtromchiach,
óir éiríos gein den tseanphréimh
do thógfas craobh a threibh 'na dhiaidh.
Ó thug sé féin gach breith go fíor
noch shaothraigh searc a thíre dhó,
go bhfaighe ó neamh an bheatha shíor
mar luaíocht ina ghníomhartha anso.
Bzzzzz1850lsc 19L
2.
Páidín Thoirdhealbhaigh Mhic Mhathúna chun a chara ionúin .i. Mícheál
Ó Raghallaigh.
A Raghallaigh, go deimhin duit is atuirseach táim,
ó chuala dá lua ag do chomharsain de ghnáth,
gur fhuadaigh sin fuadach do chuid flainnín fíorbhreá,
a d'fhág fuar thú faoi chruashíon cheal báinín bán.
Tá mallachtaí na heagailse ar shíol Shiúrtán.
An cholera faoi mhaidin ort dod chloí gan spás!
An flainnín geal do cheannaigh an Gaeilgeoir breá,
chuir tú daichead píosa bradach ina bháinín bán.
Ó chuir tú daichead píosa bradach ina bháinín ban,
dob fhearra dhuit bheith marbh nó ag saothrú pá;
do tharraingt idir chapaill 's é thuill tú d'fháil,
nó t'anam do bheith damanta tar éis do bháis.
Bzzzzz1846 19L
3.
Do Sheán Mac hEil, Ard-Easpag Thuama, 1846
Beannacht séin chugat 'ardeaspaig,
re grásta neimhe noch do ceapadh,
chum stiúrú cléir Mhic Dé gan locht
re milseacht méin is ceansacht.
Ba mhór an díth mar chuaigh ar fán,
ár ndáimh léannta ar seachrán,
's an chaint cheolmhar dob fhearr blas
'na mb'fhuras dán 'chur faoi shnas.
B'fhada go docht i dtromnéal
bhí teanga triatha clanna Gael
gan seinm dán, gan cur mian,
re hinsint seanchais imchian.
Greasacht gaisce i dtúis maighe,
laíomh na laoch in ionsaighe,
guth na mbard ag maíomh móréacht
táid uile in éag in éineacht.
Aithbheochaidh tusa dréacht is duan,
is mairfidh t'ainm go biothbhuan,
beidh suadha is seanchaibh ag maíomh do shéan,
'cur tásc ár gcríche in imigéin.
Molaim fós tú, a shárfhlaith shéimh,
'ardchinn chreideamh do dhei-phréimh';
sonas síor go raibh id dháil,
beannacht, buanna is dea-cháil.
Anois ní beag liom fad mo dháin.
Seolaim chugat míle slán
Go bhfeicfear Banba go binn
faoi fhlatha is filí le do linn.
Bzzzzz1836c 19L
4.
Chum Uilliam Uí Ghráda, noch a dúirt gur léigh sé féin an líne
oghaim atá ar lic Chonáin i gCallann
Is baoth an turas do thugais go Callann cíordhubh
ag léamh na lice do cuireadh ar Chonán scríofa;
's ar éigean tugais trí focail den léirlíne,
le héirim chugam - is furas do thréithe 'insin.
Nach dána an gnó do chóbach mhursanta bhaoth,
'bhfuil áit a thóna fós le feiscin sa bhfraoch,
gan dán, gan nod, gan eolas litir ná craobh,
a rá go mb'eol dó scról na bhFéannaibh do léamh.
Ach fiafraím fós don lómthach liosta gan reacht
fios ainm an leomhain, nó ceóca tá curtha san bhfeart?
Do réir do chló ba dhóigh leat gur tufaire an fear -
is é mo mheoin gurb é sórt tú, prioslachán leamh.
Bzzzzz1846c 19L
5.
Ar an Athair Mícheál Ó Lochlainn d'éag ...
Is buartha tá cuallacht na nGeal
idir chuanta Mhalbay 'gus Eachtaí.
Tá Tuamhain go huaigneach ón scéal
do luaimse go léanmhar im laoi.
Ó d'fhágamar bláthscoth na laoch
go tláthlag ina aonar san uaigh,
an ráib geal dob áille den chléir
d'fhúig dáimhe chlár Eibhir go trua.
Is trua linn mar d'fhuadaigh an t-éag
an Lochlannach léannta fó líog,
sliocht uaisle na suadh 'gus na séad
do ghluais ós na réacsaibh aníos;
dob íogmhar ag coimhdeacht a thréad;
ba charthanach caomh leis an dtír;
ba chaomh-mhaiseach fíorghlan gan bhéim,
an ríbhile séimh so do cloíodh.
Is cloíte na fíorbhoicht go léir,
gan coimhdeacht gan caomhnadh gan trua
i ndiaidh an tsaoi ghlain d'fhíorscaipfeah déirc,
is scaoilfeadh gach géibheann dá chruacht.
Na saoithibh dob airde ina réim,
is díth leo mo laoch mear gan lua,
óir b'aoibhinn ardintinneach a mhéin,
nár smuainigh ar ghréithibh díomuan.
Is buan do bhí tuairisc a phréimh'
idir uaisle 'gus cléire na ríocht,
's i gcruatan ná 'mbuaireamh ná i mbaol,
níor fuathaíodar tréad mhilis Chríost,
a guaise agus ruagadh na nGael
is cealla dá réabadh agus críoch;
ba lonrach ag seoladh an tsoiscéil
an pór maiseach tréan úd Mhíchíl.
Mícheál ba shaor álainn 'na scéimh,
gan cháim ina chaomhchruth le suíomh;
ba shárfhear tar táinte é le glaoch;
dob áigh is dob éachtmhar a ghníomh;
ba lúfar i lúthchleasaibh laoigh;
ina urláimh bhí faobhar is fíoch;
mo phúir insan úir é go faon,
an t-úirbhile phréimhigh ón gcraoibh.
Fán gcraoibh úd do dhíon do na slóigh,
bhí sinsear an leomhain do luaim;
ó fhíorfhuil Fhearghaise mhic Róigh,
do shíolraigh a phór sin go Tuamhain.
Treibh Boirne ba chróga caithréim,
do sheolfadh na meirligh sa ruaig;
iad feoite cois feorainn i gcré,
d'fhág brón fada ar Ghaelaibh is buairt.
An Ceangal
Mo thruagh mar thréig an chraobh ó thuaidh a bhláth;
do bhuaigh do Ghaelaibh éagmais suadh agus bard.
Craobh Ruadh na laoch go faon sa dún ar lár,
d'fhág uaisle Gael, mo léan, fá smúit go brách.