Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Poem by Cathaoir Mac Cába
Title
A Poem by Cathaoir Mac Cába
Compiler/Editor
Ó Cléirigh, Tomás
Composition Date
1736
Publisher
(B.Á.C.: Comhartha na dTrí gCoinneal, 1940)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Níor bhainntreabhach Éire gus anocht, ní raibh sí tréithlag tárrnocht gan fear caomhna is chosnadh a clúidh gur cosgradh ríghmhac Rúghraidh. Gidh mór a d'imidh tar sáile dá síol uasal don Easpáinne, ní raibh gan céile Clár Cuinn go héag Mhághnuis Uí Dhomhnuill. Ó éag Mhághnuis d'ísligh neart is cródhacht Gaoidheal i n-éinfheacht, d'imidh an fhéile gan fios a sgéul 's an tí a ghéubhadh a leithsgeul. Och! is cruaidh ár ccás anois, is páirt romhór dár n-ainnis tréangheall Banbha i ccómhra chláir, a h-éanghrádh, h-anum 's a h-éadáil. Mac Rúghraidhe, searc na sgol d'fhíorchrú Chonuill Golban, 's é a bhás a d'aistrigh gach cruth is d'fhág gan aithne fir Uladh. Tá Dún na nGall, dar leam, faoi cheas is Beul Áth Seanaidh gan chádhus, dá sgreuchadh an dá chuan le racht is pleusgadh, dob é a n-oighreacht. A Chlár Banbha, guil go trom, níl 'n-án furtach dot leatrom; ní bhfuighir cobhair le do ló, ní bhfuil leighios ar h'iargnó. Dob uras ria fada a tuiccsi, gur ag caoineadh th'aoin-mhicsi nach raibh do rosg gan braon trom is osnadh 'n-a dhiaidh a ccomhthrom.
Och! is tú do thairrngir olc, mo lot anocht don fhíorbhocht, do thuaith, do chléir is do chill tá buarrtha i ccéill 'sa n-inntinn. Cá rachaidh cliar, cá rachaidh dáimh, cia dhéanfus riar gach macáimh? cá ngéabhaidh an dall gan tsúilidh anois is cia éisdfios greann dá aithris? Cá bhfuighthear fíon, cá bhfuighthear ceol, cá bhfuighthear cuirm is cómhól? cá bhfuighthear críonnacht, dísleacht is maith chaoidhche mar bhí 'san árdfhlaith? Fóill dom' fhios, is feasach mé triúr macaomh mín réidh don shréimh ón tuinn-bháite, theacht ón Mághnus reamhráidhte. Calbhach ainm an mhic, oighre oirdheirc ionruic, geug ghlan is gile bláth agus seud is sine comhrádh. Tóigfidh ár n-uaill, gan gó, an fear feasach ó thromcheódh; ní bhiam feasda lán do cheas 's biaidh an Calbhach 'n-a Mhághnus. Dar leamsa, ní beag sin, sgeula is maith re n-innsin go bhfuil ár ccaruid arís beodh dár ndídion ar gach iargnó. Deo gratias, a shaoith gan locht, gidh táim tinn fad hoighreacht, gur tú amháin tar chach uile, an fear ceanna dúbhramairne Go saoghlaidh Dia gan locht an dias eile don chómhlucht, Aodh agus Mághnus i nglóir i ccéim, i n-uaisle 's an onóir.
Do loit mo dheor mo rosg, ní léir dhamh leus gan én chosg, tá mo shúile ag sileadh 'ghnáth le cúmhaidh tuirsi 's tromchrádh. Sochar do Pháisi, a Mhic Muire, iarrmaoid uile is trócaire d'anam Mhághnuis nar dhiúlt neach 's dob úire lámh 'san eineach. Seacht ccéad déag bliadhain beacht sé is triocad dá ccoimhideacht ó theacht Chríost go bás Mhághnuis, sgrios tíorrtha is dúnárus. NA hABHRÁIN Ón ló sin Mhághnuis, fágbhuim Éire ar druim, gan ceol, gan dáimh, gan dán, gan spéis i bhfonn, ach brón ar mhnáibh, ar bháidhbh 's ar éisg na ttonn 's gach nós dá ndearnaidh árd-fhuil Ghaedheal gan suim. tá gach óigbhean bhráighdgheal, mhánla, mhéirlag, dhonn gan sódh, gan árus, cráite, créachtach, lom, ó leon an bás le spairnn an té do bhronn ór 'na mhámaibh dhaibh is céile coim. Cia thógfus lámh le bárd, cá ngéabhaidh an drong 's cia fhóirfeas cás gach brághad i ngéibhionn throm? cá seolfaid a mbárc atá dá ccéasadh ar luing ón Róimh, ón Spáinn tar sáile ár ccléir bhocht chrom. Ochón! mar táim, dá bhfághainnsi sléibhte Cuinn, 's coróin na Spáinne ar ball 'n-a dhiaidh gan mhuill, go ló mo bháis, na táinte ag éirghe leam, dar nDomhnach, do b'fhearr leam Mághnus féin mar roinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services