Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Tract on MacMahon's Prerogatives
Title
A Tract on MacMahon's Prerogatives
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Pender, Séamas
Composition Date
1687
Publisher
(Páras: J.Vendryes, 1936)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
a ionadh 'g-a oighre 'n-a dhíaigh .i. fer chuig mbliadhan. Do bhí oide maith ac an oighre sin .i. Mairtimeruc a ainm, agus do b'é sin iarla ó Mairsi, agus do bhí coimhéd Sagsan, agus urmór na Fraingce agus Gall Ereann uile acc an íarla sin. Agus tainig d'fhechoin na h-Érionn, agus d'a cuartughadh, agus tangadar móran do mhaithibh na h-Érionn, d'a thigh, agus do filleadar úadha go n-aoibh, agus co n-onóir mhóir, agus tainic mhag Mhathghamhna ann mar an ccétna .i. Ardghal mac Bríain mhóir. Agus do dhéonuigh an t-íarla a chíos d'ó Néill, agus do mhag Mhathghamhna amhuil do bhí re linn rícch Saxan roimhe do dhruim na síthchana do rinne re Gaoidhealuibh Erionn. Brían mór mhag Mathghamhna airdri Oirghiall is é do chuir an chíos gnathach so ar Ghalluibh ar son a dhuithche do bheith aca. Ag so bladh don chíos sin: Atá dhá fhichit slat d'édach úasal ar an mBíatach, agus dhá uinge d'airgid le gach slait díobh isin mbliadhain. Dhá shlait dég d'edach agus ceithre pheice bracha gacha samhna ar an t-Shíodhain. Dhá shlait dég d'édach úasal, agus dha pheiche deag bracha ar Dhroim chonnrach ísin mbliaghain. Ceithre pheice dhég bracha, agus biathadh cheithre neach cona ghiollaíbh, agus chon cona ghiollaibh ar chraoib Martain. Dhá pheice dhég bracha, agus biathadh choingreach each cona ghiollaibh, agus con gona ghiollaibh ar Raith nidhsdin. Freastal mheig Mhathmhaghmna agus a mná d'édach uasal, agus biathadh cheithre n-each cona ghiollaibh ar Mhainisdeir mhóir isin mblíagain. Ceithre pheice dhéag bracha, agus dhá shlait dég d'edach uasal ar Bhaile ath fir dhia san mbliadhain. Dha pheice dhécc bracha, agus biathadh shé n-each cona ghiollaibh, agus con, agus ghiollaibh, agus seabhac ar Lughmhagh isin mbliaghuin. Cíos mheig Mhathghamhna ar Thátha bhaile brágain .i. ocht slata d'edach úasal, agus ocht pheice bracha, agus cuicc maircc d'airgead san mbliadhain.
Cíos mheig Mhathghamhna ar an mBábach ó Dhoire iubhair .i. ocht pheice bracha, agus dha shlait dég d'édach - do chéirsi. Cíos mheg Mhathghamhna ar an bFhaoiteach o Bhaile riosteird .i. ceithre pheice bracha agus ocht slata do chorrleathad. Cíos mheg Mhathghamhna ar Ghleanntunach na h-abhann .i. ceithre pheice bracha agus ceithre slata d'edach úasal. Cíos mheg Mhathghamhna ar Dhruim bhaile na rúaighe .i. ceithre peice bracha, agus ceithre slata d'edach úasal. Cíos mic Mathghamhna ar a Mudharach o Bhern meada .i. sé pheice bracha, agus ocht slata do leathad mhór, agus da ghédh dheg gach Nodluic. Cíos mheg Mathghamhna ar an t-Shrád bhaile .i. ocht pheice bracha, agus dha shlait dég d'édach úasal isin mbliadhain. Cíos mheg Mhathghamhna ar Bhaile an t-shagairt ceithre peice bracha agus dhá shlait dég d'édach úasal ísin mbliadhain. Agus ní bfuil gnomh no táite o Bhoinn isteach ac Pluincedachaibh no ac Gerlunacaibh no ag Beilleogacaibh, no ag Tathachaibh no acc Dudalacaibh no acc Faoiteachaibh, no acc giolla óg ar bioth nach bhfuil dha uinge do chíos cosanta ag meg Mhathgamhna san mbliadhain do bharr ar andubhramar thúas roimhe so. Agus do Bhrían mhór mac Ardghail tuccadh an cíos sin artús, agus do lean gach righ da ttáinic na dhíaigh anúas an cíos sin ar Ghallaibh mar ata Rudhrech mac Ardghail, agus Maghnus mór acca rabhadar braighde Gall a ngioll a chiosa aicce ina bhaile féin .i. san Lurgain do ttucc orra badhún na Lurgan do dhéanamh maille a chíos go h-iomlan do bhuain díobh, agus Eoghan mac Rughraidhe, agus Feidhlim in fhióna, agus as uime derthar Feidhlimidh an fhiona leis oir ní ghabadh ar son na bracha acht fion, agus án t-airgead, agus in t-édach úasal ina ccruth féin, agus fós gach rígh da ttáinic ó Fheidlimidh go Ros buidhe, agus go Brian mac Aodha óicc fa dheoigh. Trí h-ardtaoisigh Oirgiall a-n-aimsir Briain móir mic
Ardghail .i.o Buidhellan dartruighe, agus MacCenaith san triucha, agus Duth- ? Duthach a ttellaigh Gealagain, agus is íad na taoisigh sin is máoir n-a nduthaigh féin ó chórthach, Agus as é o Connalaigh ardmharusgal Oirghiall uile go h-iomlan agus a-n-aimser riogha meg Mhathghamhna mheg Mathghamhna sic Ms atá culaith mharcaigh úadha do gach taoisech dhiobh sin no dha fhichid marcc sean-airgid ar a son. Agus is íad na taoisegh sin, agus o Connalaigh agus comharba cluana h-Éois an cuigear dligheas comhairle Oirghiall do beith aca. Ata bladh do dochar meg Mhathghamhna a-n-aghaidh gach socair dar h-airmhead dhíobh romhuinn .i. gach uile dhocar ticc don tír is orra ata a íoc no thabhach, agus atá coisir dá lo go n-oidche isin gheimhreadh a ndiaigh Nodluic ar gac taoiseach dhiobh so, agus ló go n-óiche tar éis Chasg mar an ccétna ar o Cconnalaigh. Agus is leis o Cconnalaigh in teach maith an seaca an claidhiomh in ceinnbrat, agus an ga mór a-n-aimsir a rioghdha. Agus ní cóir sarughadh tearmainn enduine d'fearuibh Orghiall go brath. Acc so bladh do shochar na ttaoiseach atá n-Oirghíallaibh ar mhag Mathgamhna: Do gach taoiseach dhíobh .i. culaith mharcaigh o mhag Mathghamhna do gach taoiseach dhiobh sin, agus culaith ona mhnaoí do mhnaoí gacha táoisigh diobh. Asé tucc na sochair si uadha .i. Brian mór, agus do mhedaigh na taosegh onoir do mac Mhatghamhna a-n-aghaidh sin .i. uinge d'ór as an táite d'a nduthaigh gacha bliadhna mar onóir, agus mar comartha tighernuis agus umhla agus as uime dertar an t-airgead do beith ar na tuathaibh o sin anúas go h-aimser Rughraidhe mic Ardghuil, agus isé an Rughraidh sin do mhaith leath a chíosa dona taoisechaibh ar son a ttuarastail, agus an leith aile do beith aicce féin, agus ga shíol orra, agus rl.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services