Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Poem on the End of Patronage
Title
A Poem on the End of Patronage
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1999)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Maith an compánach an dán, ó fuair an mhaith bás ré a thaobh níor áil leis gan imtheacht dh'éag gé mór an sgéal iad araon. Síol mBriain agus Clanna Néill, ó fuair a maith go léir bás, ris an maith i n-éinfheacht d'éag créad as nach rachadh an dán? Mág Uidhir is Brian Ó Ruairc, a maith ó do chuaidh mar chách dís ó bhfaghmaois ar mbreath féin dá n-éis níor anta don dán. Triúr mac Shéamais ó Thráigh Lí, do bhrígh dá chur ina mbás ag éigsibh Éirionn fa seach nach ní leó teacht thar an dán.
An rísi Bhéarra go nua, ó tharla ar ndul uaim anos madh beag mór a mair don dán ní ón mbás is dócha a dhol. Ó Súilleabháin Mór 's a bhean inghean Chormaic na n-each luath, tar éis na deisi do dhul don dán dobudh guth bheith buan. Rí Leamhna Mág Carthaigh Mór Domhnall Óg do chardaois mná, marthain dá éis gan dul d'éag ní bhia mar sgéal ar an dán. Níor chompánach cóir an dán muna bhfaghadh bás 'na ndiaidh; i dteampall Bhréanainn na gclog maith Mhuimhneach ar ndol fa chriaidh. Ceól agus imirt is ól, Mac Muiris do budh mór clú, cosmhail ris an dán a gcor, do chuadar d'éag dá dhol súd. Ceannach fíona, ceannach each leath ar leath maille ris an dán, ón taoibhsi adeirim dá ló ní mór nach bhfuaradar bás. Pádraigín a mhac dá éis ag seanLoch Léin gé fuair bás, atáthar dá aithris air a chion do dhul leis don dán. Dá mbeinnsi im chompánach chóir, an beagán glóir atá im chionn do rachuinn d'éag mar mo dhán, ga fearr dhamh cách dá chur riom.
Dáibhí mac an Bharraigh Mhóir ní cóir gan a chur le cách, do bhí an dán 'na ualach air, an gcéin do mhair tarla lán. Madh gearr madh fada mo ré, an méid adeirim ó nach mair is cuma liom cionnas bhias, m'anam acht go mbí go maith. MAITH
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services